This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2496
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/2496 of 15 November 2023 amending Directive 2014/25/EU of the European Parliament and of the Council in respect of the thresholds for supply, service and works contracts, and design contests
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2496 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2496 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2023 lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha
C/2023/7647
IO L, 2023/2496, 16.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2496/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2496 |
16.11.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2496 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Samhain 2023
lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe Airteagal 17(4), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ionstraim ilpháirtí is ea an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid páirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann nó a sháraíonn na méideanna a leagtar amach ann (‘tairseacha’) agus a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta. |
(2) |
Ceann de chuspóirí Threoir 2014/25/AE is ea cead a thabhairt do na heintitis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh ag an am céanna. Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha a leagtar síos sa Treoir sin chun a áirithiú go mbíonn na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha agus le haghaidh comórtais deartha a leagtar síos in Airteagal 15, pointí (a) agus (b) de Threoir 2014/25/AE ag comhfhreagairt do na tairseacha a bunaíodh sa Chomhaontú. |
(3) |
Le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE ceanglaítear ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach dhá bhliain ar na tairseacha le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2024-2025 ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. |
(4) |
Ní féidir tús a chur le ríomh na dtairseach tráth níos luaithe ná an 1 Meán Fómhair mar gheall ar infhaighteacht sonraí. De réir Airteagal 17(3) den Treoir, ní mór don Choimisiún na tairseacha athbhreithnithe (in euro) agus a luachanna comhfhreagracha in airgeadraí náisiúnta na mBallstát den Aontas Eorpach a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tús mhí na Samhna. I bhfianaise an mhéid thuas, agus chun an sprioc-am thuasluaite a bhaint amach, tá an Coimisiún chun dul i muinín an nós imeachta práinne chun an rialachán seo a ghlacadh. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/25/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE mar a leanas:
(1) |
i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 443 000’ in ionad ‘EUR 431 000’; |
(2) |
i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 5 538 000’ in ionad ‘EUR 5 382 000’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.
(2) Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2496/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)