This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2468
Commission Regulation (EU) 2023/2468 of 8 November 2023 amending Regulation (EU) 2023/1803 as regards International Accounting Standard 12
Rialachán (AE) 2023/2468 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12
Rialachán (AE) 2023/2468 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12
C/2023/7457
IO L, 2023/2468, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2468/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2468 |
9.11.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2468 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Samhain 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1803 (2) ón gCoimisiún, glacadh caighdeáin agus léirmhínithe cuntasaíochta idirnáisiúnta áirithe a bhí ann an 8 Meán Fómhair 2022. |
(2) |
An 23 Bealtaine 2023, d’eisigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (‘IASB’) leasuithe áirithe ar Chaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12 Cánacha Ioncaim (‘IAS 12’). Tugadh isteach leis na leasuithe eisceacht shealadach ó chuntasaíocht a dhéanamh ar chánacha iarchurtha a eascraíonn as cur chun feidhme rialacha samhla Cholún a Dó de chuid ECFE, chomh maith le nochtaí spriocdhírithe le haghaidh eintitis a ndéantar difear dóibh. |
(3) |
Tá an eisceacht shealadach le cur i bhfeidhm láithreach ar eisiúint na leasuithe sin ag IASB agus go cúlghabhálach i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta (‘IAS 8’). Tá na ceanglais maidir le nochtadh le cur i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ní cheanglaítear ar chuideachta na ceanglais maidir le nochtadh a chur i bhfeidhm i dtuarascálacha airgeadais eatramhacha le haghaidh tréimhsí eatramhacha dar críoch an 31 Nollaig 2023 nó roimhe. |
(4) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún maidir leis na leasuithe ar IAS 12 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le glacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. |
(5) |
Tá rialacha samhla Cholún a Dó de chuid ECFE curtha chun feidhme cheana féin ag roinnt tríú tíortha i mbliana. Mura ndéantar cinneadh maidir le hinfheidhmeacht na leasuithe ar IAS 12, beidh ar ghrúpaí de chuid an Aontais aitheantas a thabhairt do na méaduithe sin ar an dara colún de réir mar a thagann méadú ar chánacha iarchurtha ina ráitis airgeadais chomhdhlúite eatramhacha. Chun é sin a chosc, tá gá leis an gcinneadh seo a ghlacadh go práinneach i gcás grúpaí atá bunaithe san Aontas. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1803 a leasú dá réir sin. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1803, leasaítear Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 12 Cánacha Ioncaim mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Déanfaidh gach cuideachta an méid seo a leanas
(a) |
míreanna 4A agus 88A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a luaithe a eiseofar na leasuithe sin agus go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8; agus |
(b) |
míreanna 88B-88D den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ní cheanglaítear ar chuideachta an fhaisnéis a cheanglaítear leis na míreanna sin a nochtadh le haghaidh aon tréimhse eatramhach dar críoch an 31 Nollaig 2023 nó roimhe sin. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
ATHCHÓIRIÚ IDIRNÁISIÚNTA CÁNACH—RIALACHA SAMHLA CHOLÚN A DÓ
Leasuithe ar IAS 12
Leasuithe ar IAS 12 Cánacha Ioncaim
Cuirtear isteach míreanna 4A, 88A-88D (lena n-áirítear a gceannteideal gaolmhar agus an bosca i ndiaidh mhír 88D) agus 98M. |
Raon feidhme
...
4A |
Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le cánacha ioncaim a eascraíonn as an dlí cánach a achtaítear nó a achtaítear go substainteach chun rialacha samhla Cholún a Dó arna bhfoilsiú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chur chun feidhme, lena n-áirítear dlí cánach lena gcuirtear chun feidhme íoschánacha breisiúcháin náisiúnta cáilithe a bhfuil tuairisc orthu sna rialacha sin. Maidir leis an dlí cánach sin, agus na cánacha ioncaim a eascraíonn as, tugtar ‘reachtaíocht Cholún a Dó’ agus ‘cánacha ioncaim Cholún a Dó’ orthu anseo feasta. Mar eisceacht ar na ceanglais sa Chaighdeán seo, ní dhéanfaidh eintiteas faisnéis faoi shócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a bhaineann le cánacha ioncaim Cholún a Dó a aithint ná a nochtadh.
... |
Nochtadh
...
Athchóiriú idirnáisiúnta cánach—rialacha samhla Cholún a Dó
88A |
Nochtfaidh eintiteas gur chuir sé an eisceacht i bhfeidhm maidir le faisnéis faoi shócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a bhaineann le cánacha ioncaim Cholún a Dó a aithint agus a nochtadh (féach mír 4A). |
88B |
Nochtfaidh eintiteas ar leithligh a chostas (ioncam) cánach reatha a bhaineann le cánacha ioncaim Cholún a Dó. |
88C |
Le linn tréimhsí ina n-achtaítear nó ina n-achtaítear go substainteach reachtaíocht Cholún a Dó, ach nach bhfuil feidhm aici go fóill, nochtfaidh eintiteas faisnéis is eol nó is féidir a mheas go réasúnta a chuidíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais neamhchosaint an eintitis ar chánacha ioncaim Cholún a Dó a eascraíonn as an reachtaíocht sin a thuiscint. |
88D |
Chun an cuspóir maidir le nochtadh i mír 88C a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoina neamhchosaint ar chánacha ioncaim Cholún a Dó ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Ní gá ceanglais shonracha uile reachtaíocht Cholún a Dó a léiriú san fhaisnéis sin agus is féidir í a sholáthar i bhfoirm raon táscach. A mhéid nach eol faisnéis nó nach féidir í a mheas go réasúnta, nochtfaidh eintiteas ráiteas chuige sin agus nochtfaidh sé faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta ag an eintiteas maidir le measúnú a dhéanamh ar a neamhchosaint.
... |
Dáta éifeachtach
...
98M |
Le Athchóiriú Idirnáisiúnta Cánach—Rialacha Samhla Cholún a Dó, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2023, cuireadh míreanna 4A agus 88A–88D isteach. Déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2468/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)