Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2456

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2456 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2023 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí clóifeintisín, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

    C/2023/7408

    IO L, 2023/2456, 8.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2456/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2456/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2456

    8.11.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2456 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Samhain 2023

    maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí clóifeintisín, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2010/39/CE ón gCoimisiún (2) áirítear clóifeintisín mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

    (2)

    Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

    (3)

    Formheas na substainte gníomhaí clóifeintisín, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2023.

    (4)

    Cuireadh iarratas faoi bhráid na Spáinne, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hÍsiltíre, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí clóifeintisín a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

    (5)

    Chuir an t-iarratasóir na sainchomhaid fhorlíontacha is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

    (6)

    D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 6 Márta 2018. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir nach bhféadfaí formheas clóifeintisín a athnuachan ach amháin i gcás ina gcuirfeadh an t-iarratasóir sonraí breise isteach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe le linn an phróisis athbhreithnithe piaraí ina dhiaidh sin.

    (7)

    Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

    (8)

    I gcomhréir le hAirteagal 13(3a), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, tugadh an deis don iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar na critéir formheasa maidir le hairíonna suaite inchrínigh a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (9)

    An 29 Iúil 2021, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh clóifeintisín na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (10)

    Sa chonclúid uaidh, shainaithin an tÚdarás roinnt ábhair imní. Go háirithe, tháinig sé ar an gconclúid, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil a cuireadh isteach sa sainchomhad, go bhfuil airíonna suaite inchrínigh ag clóifeintisín a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar dhaoine, mar a leagtar amach i bpointe 3.6.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. De réir an Údaráis, meastar go mbeidh iarmhair clóifeintisín os cionn an luacha a leagtar amach i bpointe 3.6.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, an ceanglas a leagtar amach i bpointe 3.6.5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní chomhlíontar é.

    (11)

    Ina theannta sin, shainaithin an tÚdarás ardriosca fadtéarmach d’éin agus do mhamaigh fhiáine le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha ar bharra nach bhfástar i dtithe gloine buana. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach bhféadfaí an measúnú riosca do thomhaltóirí a dhéanamh agus nach bhféadfaí uasleibhéil iarmhar a mholadh ar bonn na sonraí a bhí ar fáil agus nach bhféadfaí an measúnú riosca d’artrapóid nach spriocthrapóid iad a thabhairt chun críche ach oiread le haghaidh na n-úsáidí ionadaíocha ar bharra nach bhfástar i dtithe gloine buana.

    (12)

    Sa mheastóireacht a rinne an tÚdarás ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le clóifeintisín chun baol tromchúiseach do shláinte plandaí a rialú, baol nach féidir a shrianadh trí mhodhanna eile atá ar fáil lena n-áirítear modhanna neamhcheimiceacha i gcomhréir le hAirteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, in ainneoin go bhféadfadh líon neamhleor roghanna malartacha ceimiceacha a bheith ar fáil le haghaidh roinnt úsáidí a bhaintear as clóifeintisín agus i roinnt Ballstát, go bhfuil roinnt modhanna neamhcheimiceacha ar fáil freisin, agus go bhféadfadh teaglaim de mhodhanna ceimiceacha agus neamhcheimiceacha a bheith in ann na lotnaidí a rialú i roinnt barr. Ina theannta sin, níor sainaithníodh aon bhaol tromchúiseach do shláinte plandaí. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis an maolú in Airteagal 4(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a chur i bhfeidhm.

    (13)

    An 24 Bealtaine 2023 agus an 12 Iúil 2023 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo, faoi seach, faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

    (14)

    D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

    (15)

    D’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh.

    (16)

    Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí clóifeintisín a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b), den Rialachán sin.

    (17)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin.

    (18)

    Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóifeintisín a tharraingt siar.

    (19)

    Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóifeintisín, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 12 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1480 ón gCoimisiún (7), cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa ar clóifeintisín go dtí an 31 Nollaig 2023 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag.

    (20)

    Ós rud é go rachaidh an formheas reatha maidir le clóifeintisín in éag an 31 Nollaig 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

    (21)

    Leis an Rialachán seo ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach clóifeintisín a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

    (22)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí

    Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí clóifeintisín a athnuachan.

    Airteagal 2

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

    I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 171 maidir le clóifeintisín.

    Airteagal 3

    Forálacha idirthréimhseacha

    Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil clóifeintisín mar shubstaint ghníomhach faoin 11 Bealtaine 2024.

    Airteagal 4

    Tréimhse cairde

    Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 11 Samhain 2024.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Samhain 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Treoir 2010/39/AE ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2010 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na forálacha sonracha maidir leis na substaintí gníomhacha clóifeintisín, défhluibeansúrón, leanacail, ocsaidé-asón, pioclóram agus pireaprocsaifein (IO L 156, 23.6.2010, lch. 7).

    (3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26), ar Rialachán é a leanann d’fheidhm a bheith aige maidir leis an nós imeachta chun na substaintí gníomhacha sin a athnuachan de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).

    (6)   Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance clofentezine [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí clóifeintisín] EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6817; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6817).

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1480 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 5-nítreaguaidheacóláit sóidiam, 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, beansulfúrón, clóifeintisín, clóirmeacuat, clómasón, clóratolúrón, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, daimínisíd, défheanaconasól, défheanocs, défhluifeineacan, deiltemheitrin, démhéiteaclór, díceamba, eatafeanprocs, eisfeanvailéaráit, feanocsapróp-P, feanpróipidín, feinpiorasaimín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, fluimeitrilin, foistiasáit, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, ola phairifín, olaí pairifín, o-nítrifeanóláit sóidiam, peanconasól, pioclóram, p-nítrifeanóláit sóidiam, próiheicseaidé-ón, própacuiseafop, prósulfacarb, sulfar, teabúifeinpiorad, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (IO L 233, 8.9.2022, lch. 43).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2456/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top