This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2444
Commission Delegated Regulation (EU) 2023/2444 of 20 July 2023 amending Delegated Regulation (EU) 2022/30 as regards the date of application of the essential requirements for radio equipment and correcting that Regulation
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2444 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas sár-riachtanacha maidir le trealamh raidió agus lena gceartaítear an Rialachán sin
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2444 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas sár-riachtanacha maidir le trealamh raidió agus lena gceartaítear an Rialachán sin
C/2023/4823
IO L, 2023/2444, 27.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2444/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2444 |
27.10.2023 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2444 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas sár-riachtanacha maidir le trealamh raidió agus lena gceartaítear an Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (1), agus go háirithe Airteagal 3(3), an dara fomhír, i gcomhar le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointí (d), (e) agus (f) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Bunaítear le Treoir 2014/53/AE creat rialúála chun trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus a chur i seirbhís san Aontas. Tá na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le trealamh den sórt sin leagtha síos in Airteagal 3 den Treoir sin. |
(2) |
Maidir le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(3), pointe (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 (2), lena sonraítear na catagóirí nó na haicmí trealaimh raidió a bhaineann le gach ceann de na ceanglais fhíor-riachtanacha sin, agus beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2024. |
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5637 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar an gCoiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) chun caighdeáin chomhchuibhithe nua a dhréachtú chun tacú le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE, faoin 30 Meán Fómhair 2023 maidir le catagóirí agus aicmí an trealaimh raidió a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30. |
(4) |
Na hábhair ar gá aghaidh a thabhairt orthu leis na caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhaítear chun tacú leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bheidh feidhm leo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, tá siad an-chasta. Baineann siad le cibearshlándáil, mar atá cosaint líonra, sonraí pearsanta agus príobháideacht agus cosaint ar chalaois, chun tacú le hAirteagal 3(3), an chéad fhomhír, pointe (d), (e) agus (f), de Threoir 2014/53/AE. Ina theannta sin, is é seo an chéad uair a bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe á bhforbairt maidir le cosaint líonra, sonraí pearsanta agus príobháideachas agus cosaint ar chalaois agus maidir le catagóirí agus aicmí an trealaimh raidió a shonraítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30. D’iarr CEN agus Cenelec go ndéanfaí an tréimhse a shonraítear san iarraidh a shíneadh, go ceann naoi mí ar a laghad, chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta agus ar na fadhbanna a tháinig chun solais maidir le hullmhú na gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha agus chun caighdeáin chomhchuibhithe a sholáthar ar ardchaighdeán. |
(5) |
Cé nach bhfuil sé éigeantach caighdeáin chomhchuibhithe a úsáid faoi na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Threoir 2014/53/AE, fágann easpa caighdeán comhchuibhithe go bhfuil comhlíonadh cheanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE an-liopasta. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an tréimhse chun ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(3), pointe (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm, ionas gur féidir am leodhóthanach a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú chun caighdeáin ardcháilíochta a fhorbairt. |
(6) |
Braitheadh earráid in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, maidir leis an gcur síos ar shonraí nach mór don trealamh raidió a bheith in ann iad a phróiseáil. Ba cheart an earráid sin a cheartú. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 a leasú agus a cheartú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30
In Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara míre:
‘Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2025.’
Airteagal 2
Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30
In Airteagal 1(2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘2. An buncheanglas a leagtar amach in Airteagal 3(3), pointe (e) de Threoir 2014/53/AE, beidh feidhm aige maidir le haon chineál trealaimh raidió díobh seo a leanas, i gcás inarb acmhainn don trealamh sin próiseáil a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2016/679, i leith sonraí pearsanta, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó i leith sonraí tráchta agus sonraí suímh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (b) agus (c), de Threoir 2002/58/CE:’.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 153, 22.5.2014, lch. 62.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na mbuncheanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointí (d), (e) agus (f), den Treoir sin (IO L 7, 12.1.2022, lch. 6).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 5637 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 maidir le hiarratas ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil maidir le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/30 ón gCoimisiún.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2444/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)