Kies de experimentele functies die u wilt uitproberen

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 32023R2441

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2441 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú

    C/2023/7298

    IO L, 2023/2441, 3.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Juridische status van het document Van kracht

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2441

    3.11.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2441 ÓN gCOIMISIÚN

    an 31 Deireadh Fómhair 2023

    lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta is gá chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a dheonú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír agus Airteagal 10b(4), an cúigiú fomhír de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Treoir 2003/87/CE, ceanglaítear ar oibreoirí áirithe pleananna aeráidneodrachta a bhunú. Tá pleananna aeráidneodrachta le dréachtú chun leithdháileadh saor in aisce coinníollach a fháil ó oibreoirí suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde ná an 80ú peircintíl de leibhéil astaíochtaí le haghaidh na dtagarmharcanna táirge ábhartha. Déanfaidh oibreoirí téimh ceantair pleananna aeráidneodrachta a dhréachtú freisin agus iad ag cur isteach ar leithdháileadh saor in aisce breise roghnach do shuiteálacha téimh ceantair i mBallstáit áirithe.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, tá pleananna aeráidneodrachta le dréachtú ar leibhéal na suiteála agus tá na heilimintí a shonraítear in Airteagal 10b(4) den Treoir sin le bheith iontu. Ar bhonn roghnach, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann tuilleadh sonraí agus bearta sonracha a sholáthar ar leibhéal na foshuiteála, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go mór d’fhonn rannchuidiú le haeráidneodracht. Maidir le suiteálacha téimh ceantair sna Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE, tá na pleananna aeráidneodrachta le dréachtú ar leibhéal na cuideachta nó ar leibhéal na suiteála i gcomhréir le hAirteagal 10b(4), an tríú fomhír, den Treoir sin.

    (3)

    De bhun Threoir 2003/87/CE, tá an Coimisiún le gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun ábhar agus formáid íosta na bpleananna aeráidneodrachta a shonrú agus sineirgí á lorg ag an am céanna le pleananna comhchosúla dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. I bhfianaise sineirgí a ghiniúint agus an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, eilimintí a áirítear i bpleananna faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe na cinn dá dtagraítear i dTreoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart iad a chur san áireamh agus na pleananna aeráidneodrachta á ndréachtú.

    (4)

    I gcomhthéacs na bpleananna aeráidneodrachta, tuigfear aeráidneodracht mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (5)

    Chun comhleanúnachas reachtaíocht an Aontais a áirithiú, ba cheart na garspriocanna agus na spriocanna a shainiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 (4) agus Rialachán (AE) 2023/955 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe ábhartha uile de ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí i dtreo na haeráidneodrachta agus chun trédhearcacht agus inchomparáideacht a áirithiú, ní mór idirdhealú a dhéanamh sna pleananna aeráidneodrachta idir an faireachán ar an dul chun cinn i dtreo gnóthachtálacha cáilíochtúla (‘garspriocanna’) agus an faireachán ar an dul chun cinn i dtreo gnóthachtálacha cainníochtúla maidir le laghdú astaíochtaí (‘spriocanna’). Chun comhsheasmhacht leis an gcóras trádála astaíochtaí atá ann cheana a áirithiú, ba cheart garspriocanna agus spriocanna a shloinneadh agus a thuairisciú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (6) agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (7).

    (6)

    Chun a bheith comhsheasmhach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, ba cheart spriocanna a shainiú a bhaineann go sonrach leis na leibhéil gníomhaíochta le haghaidh foshuiteálacha le tagarmharc táirge nó le haghaidh foshuiteálacha cúltaca a shloinneadh mar thonaí de choibhéis CO2 in aghaidh an aonaid ábhartha táirgthe. Ba cheart spriocanna i gcoibhneas leis na luachanna tagarmhairc i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (8) a shloinneadh mar chéatadán an laghdaithe. Anuas air sin, chun níos mó solúbthachta a cheadú agus chun infhíoraitheacht bhaint amach na spriocanna a mhéadú, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na spriocanna a shloinneadh i ndearbhthéarmaí freisin.

    (7)

    Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a laghdú agus sonraí á mbailiú acu le haghaidh na bpleananna aeráidneodrachta, ba cheart na pleananna a chomhtháthú sna nósanna imeachta atá ann cheana le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a bhunaítear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse thagartha d’astaíochtaí stairiúla a bheith comhsheasmhach leis an tréimhse bhonnlíne ábhartha mar a shainítear in Airteagal 2(14) den Rialachán sin agus ba cheart raon feidhme na n-astaíochtaí a bheith comhsheasmhach le teorainneacha córais na bhfoshuiteálacha ábhartha de bhun an Rialacháin sin. Ba cheart raon feidhme na n-astaíochtaí atá le tuairisciú a bheith comhsheasmhach le raon feidhme na n-astaíochtaí sa chead astaíochtaí gás ceaptha teasa atá ag an tsuiteáil lena mbaineann agus leis na ceanglais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos clár agus formáid na bpleananna aeráidneodrachta dá dtagraítear in Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír, agus in Airteagal 10b(4) de Threoir 2003/87/CE.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘cuideachta téimh ceantair’ cuideachta a oibríonn suiteálacha a n-aicmítear a bpríomhghníomhaíochtaí eacnamaíocha de réir chóid NACE dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) mar sholáthar gaile agus aerchóiriúcháin, nó mar tháirgeadh leictreachais in éineacht le honnmhairiú téimh ceantair;

    (2)

    ciallaíonn ‘garspriocanna’ táscairí cáilíochtúla maidir leis an dul chun cinn i dtreo beart nó infheistíocht a bhaint amach chun cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 mar a thuairiscítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 ar leibhéal na suiteála nó, go roghnach, ar leibhéal na cuideachta le haghaidh oibreoirí téimh ceantair, de bhun Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír agus Airteagal 10b(4), an tríú fomhír de Threoir 2003/87/CE, gan úsáid creidmheasanna fritháirimh carbóin a chur san áireamh;

    (3)

    ciallaíonn ‘spriocanna’ táscairí cainníochtúla maidir leis an dul chun cinn i dtreo beart nó infheistíocht a bhaint amach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mar a thuairiscítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 ar leibhéal na suiteála nó, go roghnach, ar leibhéal na cuideachta le haghaidh oibreoirí téimh ceantair, de bhun Airteagal 10a(1), an cúigiú fomhír agus Airteagal 10b(4), an tríú fomhír de Threoir 2003/87/CE, gan úsáid creidmheasanna fritháirimh carbóin a chur san áireamh;

    (4)

    ciallaíonn ‘spriocanna agus garspriocanna idirmheánacha’ spriocanna agus garspriocanna a shocraítear don 31 Nollaig 2025 agus don 31 Nollaig gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

    Airteagal 3

    Clár na bpleananna aeráidneodrachta

    1.   Beidh na heilimintí a liostaítear san Iarscríbhinn sna pleananna aeráidneodrachta. Beidh réasúnú agus bunús cuí leis na pleananna sin.

    2.   Na bearta, na garspriocanna agus na spriocanna, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna idirmheánacha, beidh siad sonrach, intomhaiste, indéanta, ábhartha agus faoi cheangal ama.

    Airteagal 4

    Formáid leictreonach an phlean aeráidneodrachta

    1.   Cuirfidh an Coimisiún teimpléad leictreonach nó formáid chomhaid shonrach ar fáil chun an fhaisnéis a sholáthar mar a shonraítear san Iarscríbhinn.

    2.   Úsáidfidh oibreoirí an teimpléad leictreonach nó an fhormáid chomhaid shonrach dá dtagraítear i mír 1 chun an plean aeráidneodrachta a bhunú agus a chur isteach.

    3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar oibreoirí teimpléid leictreonacha nó formáidí comhaid sonracha arna bhforbairt ag na Ballstáit sin a úsáid chun pleananna aeráidneodrachta a bhunú agus a chur isteach i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10a(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2003/87/CE.

    Airteagal 5

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

    (2)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

    (3)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (5)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060,(IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).

    (6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

    (7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí comhchuibhithe saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

    (8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2021, lch. 32).

    (9)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Clár na bpleananna aeráidneodrachta

    1.   

    Faisnéis ghinearálta maidir leis an tsuiteáil

    (a)

    ainm agus seoladh na suiteála;

    (b)

    an t-aitheantóir suiteála a úsáidtear i gClárlann an Aontais;

    (c)

    aitheantas ceada agus dáta eisiúna an chéad cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa a eisíodh don tsuiteáil de bhun Airteagal 6 de Threoir 2003/87/CE;

    (d)

    aitheantas ceada agus dáta an cheada astaíochtaí gás ceaptha teasa is déanaí a eisíodh don tsuiteáil de bhun Airteagal 6 de Threoir 2003/87/CE;

    (e)

    ainm agus seoladh an oibreora, faisnéis teagmhálaí ionadaí údaraithe agus príomhdhuine teagmhála, murab ionann iad;

    (f)

    i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta téimh ceantair an plean aeráidneodrachta a chur isteach ar leibhéal na cuideachta, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) maidir le gach suiteáil atá nasctha leis an gcuideachta sin agus atá á oibriú aici agus a chumhdaítear leis an bplean aeráidneodrachta, lena n-áirítear tuairisc ar na naisc leis an gcuideachta téimh ceantair.

    2.   

    Astaíochtaí stairiúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    astaíochtaí stairiúla sonracha le haghaidh gach bliain den tréimhse bhonnlíne ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas:

    (i)

    astaíochtaí stairiúla a bhaineann go sonrach le leibhéil gníomhaíochta gach bliana maidir le foshuiteáil le tagarmharc táirge nó le foshuiteáil chúltaca, i gcoibhneas le leibhéil eile táirgthe, arna sloinneadh mar thonaí de choibhéis CO2 in aghaidh aonad ábhartha táirgthe gach foshuiteála, nó aon aonad táirgthe eile, i gcás inarb iomchuí;

    (ii)

    i gcás inarb infheidhme, astaíochtaí stairiúla a bhaineann go sonrach leis na luachanna tagarmhairc mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 le haghaidh gach foshuiteála ábhartha a bhfuil feidhm acu maidir leis an tréimhse bhonnlíne ábhartha.

    (b)

    Ar bhonn roghnach, dearbhastaíochtaí stairiúla, arna sloinneadh mar thonaí de choibhéis CO2, le haghaidh gach bliain den tréimhse bhonnlíne ábhartha mar a shainmhínítear in Airteagal 2(14) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

    3.   

    Na hastaíochtaí stairiúla dá dtagraítear i bpointe 2 agus na leibhéil astaíochtaí a bhaineann leis na spriocanna dá dtagraítear i bpointe 4(b), comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    beidh teorainneacha córais agus cineálacha na ngás ceaptha teasa a chumhdaítear leis na hastaíochtaí stairiúla agus leis na leibhéil astaíochtaí sin comhsheasmhach le cead astaíochtaí gás ceaptha teasa na suiteála lena mbaineann agus leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331;

    (b)

    ní áireofar i raon feidhme na n-astaíochtaí aon aistriú dé-ocsaíde carbóin ná aon laghdú ar astaíochtaí lasmuigh de theorainneacha córais na suiteála lena mbaineann agus a fhaightear trí chreidmheasanna fritháirithe carbóin;

    (c)

    sloinnfear na hastaíochtaí i gcoibhneas le leibhéil gníomhaíochta gach bliana de na foshuiteálacha uile nó, mura bhfuil sé indéanta, i gcoibhneas le leibhéil táirgthe eile na suiteála lena mbaineann.

    4.   

    Garspriocanna agus spriocanna, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna idirmheánacha:

    (a)

    tuairisc mhionsonraithe ar na garspriocanna do 2025 agus do gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis na spriocanna dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

    (b)

    spriocanna astaíochtaí sonracha do 2025 agus do gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas:

    (i)

    spriocanna a bhaineann go sonrach le leibhéil gníomhaíochta gach bliana maidir le foshuiteáil le tagarmharc táirge nó le foshuiteáil chúltaca, i gcoibhneas le leibhéil eile táirgthe na foshuiteála, arna sloinneadh mar thonaí de choibhéis CO2 in aghaidh aonad ábhartha táirgthe gach foshuiteála, nó aon aonad táirgthe eile, i gcás inarb iomchuí, agus céatadán an laghdaithe;

    (ii)

    i gcás inarb infheidhme, spriocanna i gcoibhneas leis na luachanna tagarmhairc mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 le haghaidh gach foshuiteála ábhartha a bhfuil feidhm aici maidir leis an tréimhse bhonnlíne ábhartha mar a shainítear in Airteagal 2(14) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, arna sloinneadh mar chéatadán an laghdaithe;

    (c)

    ar bhonn roghnach, spriocanna dearbhastaíochtaí le haghaidh 2025 agus le haghaidh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, lena n-áiritheofar comhsheasmhacht leis na hastaíochtaí stairiúla dá dtagraítear i bpointe 2 agus leis na garspriocanna dá dtagraítear i bpointe (a) den phointe seo.

    5.   

    Garspriocanna agus spriocanna, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna idirmheánacha, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    beidh siad comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119;

    (b)

    déanfar iad a shloinneadh agus a shainiú i gcomhréir leis na rialacha agus na teorainneacha córais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

    6.   

    Bearta agus infheistíochtaí:

    (a)

    tuairisc mhionsonraithe ar gach beart atá beartaithe le linn gach tréimhse 5 bliana chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 4 a bhaint amach, agus chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;

    (b)

    tuairisc mhionsonraithe agus cainníochtú ar na hinfheistíochtaí a bhaineann leis na bearta, arna sloinneadh mar EUR a infheistíodh i mbliain áirithe, chomh maith le EUR bliantúlaithe in aghaidh na bliana le haghaidh gach tréimhse 5 bliana;

    (c)

    tuairisc mhionsonraithe ar na coinníollacha cumasúcháin agus ar na riachtanais bonneagair le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointí (a) agus (b);

    (d)

    ar bhonn roghnach, liosta beart agus infheistíochtaí a cuireadh chun feidhme sular cuireadh an plean aeráidneodrachta isteach.

    7.   

    Tionchair mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí:

    (a)

    measúnú cainníochtúil agus cáilíochtúil ar na tionchair mheasta ar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le gach beart agus infheistíocht dá dtagraítear i bpointe 6 le haghaidh gach tréimhse 5 bliana, dá dtagraítear in Airteagal 10b(4), an ceathrú fomhír de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, na tionchair fhoriomlána a roinnt sna catagóirí seo a leanas:

    (i)

    athrú chuig teicneolaíochtaí astaíochtaí ísle nó teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha;

    (ii)

    éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh;

    (iii)

    athrú ó bhreoslaí iontaise go dtí:

    (1)

    hidrigin;

    (2)

    leictreachas;

    (3)

    bithmhais lena gcomhlíontar na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar gháis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 38(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066;

    (4)

    breoslaí malartacha ó shruthanna dramhaíola;

    (5)

    foinsí fuinnimh in-athnuaite eile;

    (iv)

    éifeachtúlacht acmhainne, lena n-áirítear tomhaltas laghdaithe ar ábhar agus athchúrsáil;

    (v)

    gabháil, úsáid agus stóráil carbóin.

    (b)

    tuairisc ar na cúiseanna ar roghnaíodh na bearta a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 6 seachas bearta eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh dícharbónú, maidir lena dtionchair mheasta ar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2441/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Naar boven