This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2438
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2438 of 24 October 2023 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (Huile d’olive du Languedoc (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2438 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Huile d’olive du Languedoc (ATFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2438 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (Huile d’olive du Languedoc (ATFC))
C/2023/7362
IO L, 2023/2438, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2438/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2438 |
31.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2438 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2023
lena gcláraítear ainm i gclár na n-ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint (‘Huile d’olive du Languedoc’ (ATFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm ‘Huile d’olive du Languedoc’, a thíolaic an Fhrainc, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, rinneadh an t-ainm ‘Huile d’olive du Languedoc’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm ‘Huile d’olive du Languedoc’ (ATFC) cláraithe leis seo.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.5. Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 226, 28.6.2023, lch. 12.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2438/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)