This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2194
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2194 of 19 October 2023 amending Regulation (EU) No 37/2010 as regards the classification of the substance ketoprofen with respect to its maximum residue limit in foodstuffs of animal origin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2194 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
C/2023/6952
IO L, 2023/2194, 20.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2194/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2194 |
20.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2194 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte céatapróifein i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe. |
(2) |
Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
(3) |
Áirítear an tsubstaint céatapróifein cheana féin sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe i gcás bó-ainmhithe, muc-ainmhithe agus eachainmhithe. Tá an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ ag an iontráil atá ann cheana. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, an 14 Nollaig 2020 chuir Huvepharma nv iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) chun an iontráil atá ann cheana maidir le céatapróifein a leathnú chun sicín a chumhdach. |
(5) |
An 12 Bealtaine 2022, trí thuairim ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ a bhunú le haghaidh na substainte céatapróifein i sicín. |
(6) |
An 1 Márta 2023 d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim uaithi an 12 Bealtaine 2022 chun scrúdú breise a dhéanamh ar na cúiseanna imní sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le meitibilítí áirithe agus, i gcás inarb iomchuí, MRLanna uimhriúla a mholadh le haghaidh céatapróifeine i bhfíocháin sicíní. |
(7) |
An 16 Bealtaine 2023 is é a mhol an Ghníomhaireacht, bunaithe ar thuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, agus tar éis breithniú a dhéanamh ar iarratas Huvepharma nv agus ar iarraidh an Choimisiúin, MRLanna uimhriúla a bhunú le haghaidh úsáid céatapróifeine i sicín, rud b’infheidhme maidir le matán, le craiceann agus le saill i gcoibhneas nádúrtha, leis an ae agus leis an duán, ach gan é a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine. |
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile. Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí MRLanna a eachtarshuí le haghaidh céatapróifeine ó fhíocháin sicíní chuig fíocháin speiceas éanlaithe clóis eile, ach nach iomchuí é a eachtarshuí chuig uibheacha éanlaithe clóis toisc nár soláthraíodh aon sonraí maidir le hídiú iarmhair le haghaidh na substainte céatapróifein in uibheacha. |
(9) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí an MRL le haghaidh céatapróifeine i bhfíocháin sicíní a bhunú agus é a eachtarshuí i gcás speicis éanlaithe clóis eile, ach nach iomchuí é a dhéanamh i gcás uibheacha éanlaithe clóis. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Táirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘céatapróifein’:
Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas Ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha Eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme Theiripeach |
‘Céatapróifein |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Bó-ainmhithe, Muc-ainmhithe, Eachainmhithe |
Níl gá le huasteorainn iarmhar |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
GAN IONTRÁIL |
GAN IONTRÁIL |
Céatapróifein |
Éanlaith chlóis |
10 μg/kg 30 μg/kg 10 μg/kg 10 μg/kg |
Matán Craiceann agus saill i gcoibhneas nádúrtha An t-ae An duán |
Níor cheart é seo a úsáid in ainmhithe as a dtáirgtear uibheacha lena gcaitheamh ag an duine |
GAN IONTRÁIL’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2194/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)