EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R2178
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/2178 of 10 October 2023 conferring protection under Article 99 of Regulation (EU) No 1308/2013 of the European Parliament and of the Council on the name Sable de Camargue (PDO)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2178 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Sable de Camargue (ATFC)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2178 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2023 lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Sable de Camargue (ATFC)
C/2023/6919
IO L, 2023/2178, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2178/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2178 |
18.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2178 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Deireadh Fómhair 2023
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Sable de Camargue’ (ATFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas a chuir an Fhrainc ar aghaidh an t-ainm ‘Sable de Camargue’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Sable de Camargue’ a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Sable de Camargue’ (ATFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2178/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)