Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2148

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2148 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2023 lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm Terras da Beira (TGFC)

    C/2023/6864

    IO L, 2023/2148, 13.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2148/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2148/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2148

    13.10.2023

    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2148 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Deireadh Fómhair 2023

    lena mbronnfar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm ‘Terras da Beira’ (TGFC)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Phortaingéil ar aghaidh an t-ainm ‘Terras da Beira’ a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (3)

    I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm ‘Terras da Beira’ a chosaint agus a chlárú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin.

    (4)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cosnaítear leis seo an t-ainm ‘Terras da Beira’ (TGFC).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)   IO C 116, 31.3.2023, lch. 34.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2148/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top