Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2060

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2060 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Stáit bhrataí soithí iascaireachta a liostú, ar soithí iascaireachta iad a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fheadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/6511

    IO L 238, 27.9.2023, p. 108–113 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2060/oj

    27.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 238/108


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2060 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Meán Fómhair 2023

    lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Stáit bhrataí soithí iascaireachta a liostú, ar soithí iascaireachta iad a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fheadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), agus go háirithe Airteagail 9(4), pointe (b), de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, inter alia, teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola áirithe, lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh.

    (2)

    Go háirithe, le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha maidir le coinsíneachtaí earraí miondíola de thionscnamh na coda eile den domhan. Le hAirteagal 9(2), pointe (b) den Rialachán sin, foráiltear maidir le táirgí iascaigh a ghabhann soitheach iascaireachta a bhfuil bratach tríú tír cé is moite den Ríocht Aontaithe ar foluain aige (‘an Stát brataí’), agus a allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, nach bhféadfaidh siad teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe mar earraí miondíola, agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin ach amháin má liostaítear Stát brataí an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le le hAirteagal 9(4) den Rialachán sin.

    (3)

    Ina theannta sin, le hAirteagal 9(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2023/1231 foráiltear maidir le táirgí iascaigh a ghabhann soitheach de chuid an Stáit brataí, agus a allmhairítear isteach i gcodanna den Ríocht Aontaithe cé is moite de Thuaisceart Éireann, nach bhféadfaidh siad dul isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe mar earraí miondíola, agus nach bhféadfar iad a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin, ach amháin má déanann an Ríocht Aontaithe fianaise i scríbhinn a sholáthar go bhfuil feidhm ag coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin faoina dlí náisiúnta, agus áirithítear leis sin nach n-allmhairítear isteach sa Ríocht Aontaithe táirgí a fhaightear ón iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (‘iascaireacht NNN’) mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (2) agus i ngníomhartha de chuid an Aontais de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus go bhfuil na coinníollacha allmhairiúcháin, na rialuithe oifigiúla agus na ceanglais fíorúcháin sin á gcur chun feidhme go héifeachtach sa Ríocht Aontaithe(‘an fhianaise i scríbhinn’).

    (4)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, agus le hAirteagal 12(1) de, toirmeasctar táirgí iascaigh a fhaightear ó iascaireacht NNN a allmhairiú isteach san Aontas. Ina theannta sin, le hAirteagal 20 den Rialachán leagtar síos rialacha maidir le fógra á thabhairt don Choimisiún ag Stáit bhrataí tríú tír chun críoch deimhnithe gabhála arna mbailíochtú ag na Stáit bhrataí sin a ghlacadh chun a áirithiú, inter alia, go ndéanann coinsíneachtaí táirgí iascaigh a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha an toirmeasc sin a chomhlíonadh.

    (5)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE ón gComhairle (3) bunaítear liosta de thríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008.

    (6)

    Foráiltear le hAirteagal 9(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2023/1231, i gcás ina bhfaigheann an Coimisiún an fhianaise i scríbhinn, go bhféadfaidh sé gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina liostófar Stáit bhrataí na soitheach iascaireachta a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann.

    (7)

    Le litir dar dáta an 4 Meán Fómhair 2023, déanann an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn a sholáthar go bhfuil feidhm ag coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin faoi dhlí náisiúnta na Ríochta Aontaithe agus go bhfuil coinníollacha allmhairiúcháin, rialuithe oifigiúla agus ceanglais fíorúcháin á gcur chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe.

    (8)

    Ós rud é gur sholáthair an Ríocht Aontaithe an fhianaise i scríbhinn is gá a cheanglaítear le hAirteagal 9(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231, is iomchuí liosta a bhunú de Stáit bhrataí soithí iascaireachta a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola, tar éis dóibh a bheith allmhairithe isteach i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe. Ba cheart a chur san áireamh sa liosta sin an ceanglas maidir le fógra a thabhairt a leagtar síos in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, agus liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE.

    (9)

    Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith ag an Rialachán seo mar ábhar práinne.

    (10)

    Beidh feidhm ag an oibleagáid earraí miondíola a mharcáil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1231 ón 1 Deireadh Fómhair 2023. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023 chun comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun cur isteach míchuí ar thrádáil a sheachaint.

    (11)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leis an Rialachán seo bunaítear liosta na tríú tíortha, cé is moite den Ríocht Aontaithe, ar Stáit bhrataí soithí iascaireachta iad a ghabhann táirgí iascaigh a fhéadfaidh teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe agus a fhéadfar a chur ar an margadh i dTuaisceart Éireann mar earraí miondíola i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1231, tar éis dóibh a bheith allmhairithe isteach i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe (‘liosta na Stát brataí’).

    Airteagal 2

    Liosta na Stát brataí

    Leagtar amach liosta na Stát brataí san Iarscríbhinn.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 165, 29.6.2023, lch. 103.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 agus Rialachán (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1093/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).


    IARSCRÍBHINN

    AN ALBÁIN

    AN AILGÉIR

    ANGÓLA

    ANTIGUA AGUS BARBÚDA

    AN AIRGINTÍN

    AN ASTRÁIL

    NA BAHÁMAÍ

    AN BHANGLAIDÉIS

    AN BHEILÍS

    BEININ

    AN BHRASAÍL

    CEANADA

    CABO VERDE

    AN tSILE

    AN tSÍN

    AN CHOLÓIM

    CÓSTA RÍCE

    AN CÓSTA EABHAIR

    CÚBA

    CÚRASÓ

    EACUADÓR

    AN ÉIGIPT

    AN tSALVADÓIR

    AN EIRITRÉ

    OILEÁIN FHÁCLAINNE

    OILEÁIN FHARÓ

    FIDSÍ

    POLAINÉIS NA FRAINCE

    CRÍOCHA AN DEISCIRT AGUS AN ANTARTAIGH DE CHUID NA FRAINCE

    AN GHABÚIN

    GÁNA

    AN GHRAONLAINN

    GREANÁDA

    GUATAMALA

    AN GHUINE

    AN GHUÁIN

    AN ÍOSLAINN

    AN INDIA

    AN INDINÉIS

    IAMÁICE

    AN tSEAPÁIN

    AN CHÉINIA

    CIREABAITÍ

    MADAGASCAR

    AN MHALAEISIA

    OILEÁIN MHAILDÍVE

    AN MHÁRATÁIN

    OILEÁN MHUIRÍS

    MEICSICEO

    MONTAINÉAGRÓ

    MARACÓ

    MÓSAIMBÍC

    MAENMAR/BURMA

    AN NAMAIB

    AN NUA-CHALADÓIN

    AN NUA-SHÉALAINN

    NICEARAGUA

    AN NIGÉIR

    AN IORUA

    ÓMAN

    AN PHACASTÁIN

    PANAMA

    NUA-GHUINE PHAPUA

    PEIRIÚ

    NA hOILEÁIN FHILIPÍNEACHA

    AN RÚIS

    SAN HÉILIN

    SAN PIERRE AGUS MIQUELON

    AN tSEINEAGÁIL

    NA SÉISÉIL

    OILEÁIN SHOLAIMH

    AN AFRAIC THEAS

    AN CHÓIRÉ THEAS

    SRÍ LANCA

    SURANAM

    AN TÉAVÁIN

    AN TANSÁIN

    AN TÉALAINN

    AN GHAIMBIA

    TRISTAN DA CUNHA

    AN TÚINÉIS

    AN TUIRC

    AN ÚCRÁIN

    AONTAS NA nÉIMÍRÍOCHTAÍ ARABACHA

    STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

    URAGUA

    VEINISÉALA

    VÍTNEAM

    VAILÍS AGUS FUTÚNA

    ÉIMIN


    Top