Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1803

    Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/6067

    IO L 237, 26.9.2023, p. 1–992 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 09/01/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1803/oj

    26.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 237/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/1803 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Lúnasa 2023

    lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, i gcás gach bliana airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin, go n-ullmhóidh cuideachtaí liostaithe arna rialú ag dlí Ballstáit a gcuntais chomhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Rialachán sin, a bheidh le glacadh trí bhíthin Rialacháin ón gCoimisiún.

    (2)

    Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (2) glacadh caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus léirmhínithe gaolmhara arna n-eisiúint nó arna nglacadh ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB) go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2008. Leasaíodh an Rialachán sin chun na caighdeáin agus na léirmhínithe gaolmhara a d’eisigh nó a ghlac IASB agus a ghlac an Coimisiún go dtí an 8 Meán Fómhair 2022 a chur san áireamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

    (3)

    An 18 Bealtaine 2017, d’fhoilsigh IASB Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 17 Conarthaí Árachais (“IFRS 17”), agus an 25 Meitheamh 2020 d’fhoilsigh sé leasuithe ar IFRS 17 sin.

    (4)

    Le IFRS 17, cuirtear cur chuige cuimsitheach ar fáil maidir le cuntasaíocht conarthaí árachais. Is é is cuspóir do IFRS 17 a áirithiú go soláthraíonn cuideachta faisnéis ábhartha ina ráitis airgeadais lena léirítear na conarthaí árachais go dílis. Tugann an fhaisnéis sin bunús stóinseach d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí árachais ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhadh airgid na cuideachta.

    (5)

    Tá feidhm ag IFRS 17 maidir le conarthaí árachais, conarthaí athárachais chomh maith le conarthaí infheistíochta ag a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta lánroghnaí. Laistigh den Aontas, is iomaí conradh éagsúil árachais saoil agus coigiltis saoil atá ann a bhfuil garmheastachán dliteanais de EUR 5,9 trilliún ar an meastachán iomlán (gan conarthaí atá nasctha le haonaid a áireamh). I roinnt Ballstát, tá gnéithe rannpháirtíochta dírí agus lánroghnaí ag roinnt de na conarthaí sin, rud a fhágann gur féidir rioscaí agus sreafaí airgid a roinnt idir glúine difriúla de shealbhóirí polasaithe.

    (6)

    I roinnt Ballstát, bainistítear conarthaí árachais saoil thar ghlúine freisin chun neamhchosaint ar rioscaí ráta úis agus fad saoil a mhaolú agus chun comhthiomsú tiomnaithe sócmhainní a bheith acu is bunús leis an dliteanas árachais, ach níl gnéithe rannpháirtíochta dírí ag na conarthaí sin faoi mar a shainítear le IFRS 17. I gcás ina mbeidh ceanglais Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) á gcomhlíonadh, agus ar fhormheas na maoirseoirí árachais, féadfaidh cuid de na conarthaí sin an coigeartú meaitseála a chur i bhfeidhm chun a gcóimheas Shócmhainneacht II a ríomh.

    (7)

    Sa chomhairle maidir le formhuiniú a fuarthas ón nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, ba é an chonclúid a baineadh go gcomhlíonann IFRS 17 na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Níor tháinig EFRAG ar chomhthoil, áfach, maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann grúpáil de chonarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid i gcohóirt bhliantúla, na critéir maidir le formhuiniú teicniúil, nó an bhfuil sé ag cabhrú le leas poiblí na hEorpa. Tá an méid sin i gcomhréir leis na tuairimí a chuir na páirtithe leasmhara in iúl maidir le maidir le formhuiniú ó EFRAG agus tuairimí shaineolaithe na mBallstát sa Choiste Rialála Cuntasaíochta.

    (8)

    Ba cheart do chuideachtaí an Aontais a bheith in ann IFRS 17, arna eisiúint ag IASB, a chur i bhfeidhm chun liostú i dtríú tíortha a éascú, nó chun ionchais infheisteoirí domhanda a chomhlíonadh.

    (9)

    Mar sin féin, an ceanglas maidir le cohórt bliantúil mar aonad cuntais le haghaidh grúpaí conarthaí árachais agus infheistíochta, ní léiriú i gcónaí é ar an tsamhail ghnó, ná ar na gnéithe dlíthiúla agus conarthacha a bhaineann le conarthaí frithpháirtithe idirghlúine atá meaitseáilte de réir an tsreabhaidh airgid dá dtagraítear in Aithrisí (5) agus (6). Breis agus 70 % d’iomlán na ndliteanas árachais saoil san Aontas atá sna conarthaí sin. An ceanglas maidir le cohórt bliantúil a chuirtear i bhfeidhm maidir le conarthaí den sórt sin, ní i gcónaí a bhíonn cothromaíocht fhabhrach costais is tairbhe ag baint leis.

    (10)

    I bhfianaise chomhthéacs mhargadh caipitil domhanda IFRS, ba cheart dialltaí ó IFRS a theorannú d’imthosca eisceachtúla agus ba cheart iad a bheith cúng ó thaobh an raoin feidhme de.

    (11)

    Dá bhrí sin, d’ainneoin an tsainmhínithe maidir le grúpa conarthaí árachais a leagtar amach i bhFoscríbhinn A de IFRS 17 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an rogha a bheith ag cuideachtaí de chuid an Aontais conarthaí frithpháirtithe idirghlúine atá meaitseáilte de réir an tsreabhaidh airgid a dhíolmhú ó cheanglas maidir le cohórt bliantúil IFRS 17.

    (12)

    Ba cheart go mbeadh infheisteoirí in ann a thuiscint ar chuir cuideachta an díolúine ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil le haghaidh grúpaí conarthaí i bhfeidhm. Ba cheart do chuideachta, dá bhrí sin, úsáid na díolúine mar bheartas cuntasaíochta mór a nochtadh i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, sna nótaí a ghabhann lena ráitis airgeadais agus faisnéis mhíniúcháin eile a sholáthar mar shampla i dtaca leis na punanna ar chuir sí an díolúine i bhfeidhm ina leith. Níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go ndéanfaí measúnú cainníochtúil ar an tionchar a bheadh ag úsáid na díolúine roghnaí ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil.

    (13)

    Faoin 31 Nollaig 2027, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil le haghaidh conarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid, agus an t-athbhreithniú iar-chur chun feidhme IASB ar IFRS 17 á chur san áireamh.

    (14)

    Tá an cóipcheart, na cearta bunachair sonraí, agus aon cheart maoine intleachtúla eile in IFRS agus léirmhínithe gaolmhara arna n-eisiúint ag Coiste Léirmhíniúcháin IFRS faoi úinéireacht Fhondúireacht IFRS. Ba cheart, dá bhrí sin, fógra cóipchirt a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    (15)

    Is iomaí uair a rinneadh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008. Chun reachtaíocht an Aontais maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a shimpliú, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, rud a chur in ionad an Rialacháin sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a aisghairm.

    (16)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Glactar na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a leagtar amach san Iarscríbhinn.

    Airteagal 2

    Féadfaidh cuideachta a roghnú gan an ceanglas a leagtar síos i mír 22 de Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 17 Conarthaí Árachais (“IFRS 17”) san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    grúpaí conarthaí árachais a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta díreacha acu agus grúpaí conarthaí infheistíochta a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta lánroghnacha acu mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A de IFRS 17 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a bhfuil sreabhadh airgid acu a dhéanann difear do shreabhadh airgid chuig sealbhóirí polasaithe conarthaí eile mar a leagtar síos i míreanna B67 agus B68 d’Fhoscríbhinn B de IFRS 17 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, nó ndéanann an sreabhadh airgid sin difear dóibh;

    (b)

    grúpaí conarthaí árachais a bhainistítear thar ghlúine conarthaí agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 77b de Threoir 2009/138/CE agus atá formheasta ag údaráis mhaoirseachta chun an coigeartú meaitseála a chur i bhfeidhm.

    Nuair nach gcuireann cuideachta an ceanglas a leagtar síos i mír 22 de IFRS 17 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (a) nó (b), nochtfaidh sí é sin i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais sna nótaí mar bheartas cuntasaíochta mór agus soláthróidh sí faisnéis mhíniúcháin eile ar nós punanna ar chuir an chuideachta an díolúine sin i bhfeidhm ina leith.

    Airteagal 3

    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an rogha a leagtar síos in Airteagal 2 faoin 31 Nollaig 2027 agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé an rogha sin a leasú nó deireadh a chur léi.

    Airteagal 4

    Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008.

    Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

    Airteagal 5

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 13 Lúnasa 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).

    (3)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA CUNTASAÍOCHTA

    IAS 1

    Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 2

    Fardail

    IAS 7

    Ráiteas ar Shreafaí Airgid

    IAS 8

    Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 10

    Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe

    IAS 12

    Cánacha Ioncaim

    IAS 16

    Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

    IAS 19

    Sochair Fostaithe

    IAS 20

    Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais

    IAS 21

    Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí

    IAS 23

    Costais Iasachtaíochta

    IAS 24

    Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara

    IAS 26

    Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir

    IAS 27

    Ráitis Airgeadais ar Leithligh

    IAS 28

    Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair

    IAS 29

    Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha

    IAS 32

    Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair

    IAS 33

    Tuilleamh in aghaidh na scaire

    IAS 34

    Tuairisciú Airgeadais Eatramhach

    IAS 36

    Lagú Sócmhainní

    IAS 37

    Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    IAS 38

    Sócmhainní Doláimhsithe

    IAS 39

    Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas

    IAS 40

    Réadmhaoin Infheistíochta

    IAS 41

    Talmhaíocht

    IFRS 1

    Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a Ghlacadh den Chéad Uair

    IFRS 2

    Íocaíocht Scairbhunaithe

    IFRS 3

    Comhcheangail Ghnó

    IFRS 5

    Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha

    IFRS 6

    Taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha

    IFRS 7

    Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

    IFRS 8

    Deighleoga Oibriúcháin

    IFRS 9

    Ionstraimí airgeadais

    IFRS 10

    Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite

    IFRS 11

    Comhshocruithe

    IFRS 12

    Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile

    IFRS 13

    Tomhas Cóirluacha

    IFRS 15

    Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí

    IFRS 16

    Léasanna

    IFRS 17

    Conarthaí Árachais

    IFRIC 1

    Athruithe ar Dhíchoimisiúnú, Athbhunú agus Dliteanais Chomhchosúla atá ann cheana

    IFRIC 2

    Scaireanna Comhaltaí in Eintitis Chomharchumainn agus Ionstraimí Comhchosúla

    IFRIC 5

    Cearta chun Leasanna a eascraíonn as Cistí a bhaineann le Díchoimisiúnú, le hAthchóiriú agus le hAthshlánú Comhshaoil

    IFRIC 6

    Dliteanais de bharr Rannpháirtíocht i Margadh Sonrach — Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

    IFRIC 7

    An Cur Chuige Athshonrúcháin a chur i bhfeidhm faoi IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha

    IFRIC 10

    Tuairisciú Airgeadais Eatramhach agus Lagú

    IFRIC 12

    Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse

    IFRIC 14

    IAS 19 — An Teorainn ar Shócmhainn Sochair Shainithe, na hÍoscheanglais Chistiúcháin agus a nIdirghníomhaíocht

    IFRIC 16

    Fáluithe de Ghlaninfheistíocht in Oibríocht Eachtrach

    IFRIC 17

    Dáiltí Sócmhainní Neamhairgid ar Úinéirí

    IFRIC 19

    Dliteanais Airgeadais a Mhúchadh le hIonstraimí Cothromais

    IFRIC 20

    Costais Scafa i gCéim Táirgthe Mianaigh Dromchla

    IFRIC 21

    Tobhaigh

    IFRIC 22

    Idirbheart in Airgeadra Eachtrach agus Comaoin Réamhíocaíochta

    IFRIC 23

    Éiginnteacht maidir le Láimhseálacha Cánach Ioncaim

    SIC-7

    An Euro a thabhairt isteach

    SIC-10

    Cúnamh Rialtais—Gan Aon Choibhneas Sonrach aige le Gníomhaíochtaí Oibriúcháin

    SIC-25

    Cánacha Ioncaim — Athruithe ar Stádas Cánach Eintitis nó a Scairshealbhóirí

    SIC-29

    Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse: Nochtaí

    SIC-32

    Sócmhainní Doláimhsithe — Costais Láithreáin Gréasáin

    Reproduction allowed within the European Economic Area. All existing rights reserved outside the EEA, with the exception of the right to reproduce for the purposes of personal use or other fair dealing. Further information can be obtained from the IASB at www.iasb.org

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA CUNTASAÍOCHTA 1

    Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    CUSPÓIR

    1

    Forordaítear leis an gCaighdeán seo an bonn le cur i láthair ráiteas airgeadais ilfhóinteach chun inchomparáideacht le ráitis airgeadais an eintitis ó thréimhsí roimhe seo agus le ráitis airgeadais eintiteas eile araon a áirithiú. Leagtar amach ann ceanglais fhoriomlána maidir le cur i láthair ráiteas airgeadais, treoirlínte maidir lena struchtúr agus íoscheanglais maidir lena n-ábhar.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm agus ráitis airgeadais ilfhóinteacha á n-ullmhú agus á gcur i láthair aige i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna).

    3

    Le IFRSanna eile, leagtar amach na ceanglais maidir le haitheantas agus tomhas idirbheart sonrach agus teagmhas eile agus maidir lena nochtadh.

    4

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le struchtúr ná ábhar ráiteas airgeadais eatramhach comhdhlúite arna n-ullmhú i gcomhréir le IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach. Tá feidhm ag míreanna 15–35 maidir le ráitis airgeadais den sórt sin, áfach. Tá feidhm chomhionann ag an gCaighdeán seo maidir le gach eintiteas, lena n-áirítear iad siúd a chuireann ráitis airgeadais chomhdhlúite i láthair i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus iad siúd a chuireann ráitis airgeadais ar leithligh i láthair i gcomhréir le IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh.

    5

    Úsáidtear téarmaíocht sa Chaighdeán seo atá oiriúnach d’eintitis atá dírithe ar bhrabús, lena n-áirítear eintitis ghnó na hearnála poiblí. Má chuireann eintitis a bhfuil gníomhaíochtaí neamhbhrabúsacha acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí an Caighdeán seo i bhfeidhm, féadfar go mbeidh orthu na tuairiscí a úsáidtear le haghaidh míreanna líne áirithe sna ráitis airgeadais agus le haghaidh na ráiteas airgeadais iad féin a leasú.

    6

    Ar an gcuma chéanna, eintitis nach bhfuil cothromas acu mar a shainmhínítear in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair (e.g. roinnt cistí frithpháirteacha) agus eintitis nach cothromas é a scairchaipiteal (e.g. roinnt eintitis chomharchumainn), féadfar go mbeidh orthu cur i láthair ráiteas airgeadais leasanna comhaltaí nó sealbhóirí aonad a oiriúnú.

    SAINMHÍNITHE

    7

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Sainmhínítear beartais chuntasaíochta i mír 5 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin agus Earráidí Cuntasaíochta, agus úsáidtear an téarma sa Chaighdeán seo leis an mbrí chéanna.

     

    Is éard atá i ráitis airgeadais ilfhóinteacha ghinearálta (dá ngairtear ráitis airgeadais) iad siúd atá beartaithe freastal ar riachtanais úsáideoirí nach bhfuil in ann a cheangal ar eintiteas tuarascálacha a ullmhú a bheadh curtha in oiriúint dá sainriachtanais faisnéise.

     

    Dofheidhmithe Nuair nach féidir le heintiteas ceanglas a chur i bhfeidhm i ndiaidh dó gach iarracht réasúnta a dhéanamh é a chur i bhfeidhm, tá cur i bhfeidhm an cheanglais sin dofheidhmithe.

     

    Is é is Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna) ann Caighdeáin agus Léirmhínithe arna n-eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB). Is éard atá iontu:

    (a)

    Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

    (b)

    Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta;

    (c)

    Léirmhínithe IFRIC; agus

    (d)

    Léirmhínithe SIC. (1)

     

    Ábhar:

    Is faisnéis ábhartha atá ann más rud é, mar gheall ar an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár, míráiteas a dhéanamh ina taobh nó í a dhoiléiriú, go bhféadfadh coinne réasúnta a bheith leis go n-imreofaí tionchar ar na cinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilfhóinteach ar bhonn na ráiteas airgeadais sin, lena soláthraítear faisnéis airgeadais maidir le heintiteas tuairiscithe áirithe.

    Braitheann ábharthacht ar chineál nó ar mhéid na faisnéise, nó ar an dá rud sin. Déanann eintiteas measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil faisnéis, ina haonar nó in éineacht le faisnéis eile, ábhartha i gcomhthéacs a ráiteas airgeadais san iomlán.

    Déantar faisnéis a dhoiléiriú má chuirtear in iúl í ar bhealach a mbeadh iarmhairt aige ar úsáideoirí príomhúla ráiteas airgeadais a bheadh comhchosúil leis an bhfaisnéis sin a fhágáil ar lár nó le míráiteas a dhéanamh ina taobh. Is samplaí iad seo a leanas d’imthosca a bhféadfadh doiléiriú faisnéise ábhartha a bheith mar thoradh orthu:

    (a)

    nochtar faisnéis maidir le hítim ábhartha, idirbheart ábhartha nó teagmhas ábhartha eile sna ráitis airgeadais ach is éiginnte nó doiléir an teanga a úsáidtear lena haghaidh;

    (b)

    déantar faisnéis maidir le hítim ábhartha, idirbheart ábhartha nó teagmhas ábhartha eile a scaipeadh ar fud na ráiteas airgeadais;

    (c)

    déantar míreanna, idirbhearta nó teagmhais eile nach bhfuil comhchosúil a chomhiomlánú go míchuí;

    (d)

    déantar míreanna, idirbhearta nó teagmhais eile atá comhchosúil a dhí-chomhiomlánú go míchuí; agus

    (e)

    déantar sothuigtheacht na ráiteas airgeadais a laghdú de thoradh faisnéis ábhartha a bheith á ceilt ag faisnéis neamhábhartha a mhéid nach bhfuil príomhúsáideoir in ann a chinneadh cén fhaisnéis atá ábhartha.

    Chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh coinne réasúnta a bheith leis go n-imreodh faisnéis tionchar ar chinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilfhóinteach ar le heintiteas tuairiscithe sonrach iad, ní mór d’eintiteas saintréithe na n-úsáideoirí sin mar aon le himthosca dílse an eintitis a bhreithniú.

    Is iomaí infheisteoir, iasachtóir agus creidiúnaí, idir iad atá ann cheana agus iad a d'fhéadfadh a bheith ann, nach féidir a cheangal ar eintitis tuairiscithe faisnéis a sholáthair go díreach dóibhsean agus ní mór dóibh brath ar ráitis airgeadais ilfhóinteacha chun cuid mhór den fhaisnéis airgeadais a theastaíonn uathu a fháil. Dá dhroim sin, is iad sin na príomhúsáideoirí a ndírítear ráitis airgeadais ilfhóinteacha orthu. Ullmhaítear ráitis airgeadais le haghaidh úsáideoirí a bhfuil eolas réasúnta acu ar ghníomhaíochtaí gnó agus eacnamaíocha agus a dhéanann athbhreithniú agus anailís ar an bhfaisnéis go dícheallach. Ar uairibh, féadfar go mbeidh ar úsáideoirí atá feasach dícheallach, fiú, cabhair a lorg ó chomhairleoir chun tuiscint a fháil ar fhaisnéis maidir le feiniméin chasta eacnamaíocha.

     

    Faisnéis bhreise atá sna nótaí i dteannta na faisnéise a chuirtear i láthair sa ráiteas maidir le staid airgeadais, sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, sa ráiteas ar athruithe sa chothromas agus sa ráiteas ar shreafaí airgid. Soláthraítear tuairiscí insinte nó dí-chomhiomlánaithe sna nótaí ar mhíreanna a chuirtear i láthair sna ráitis sin agus faisnéis maidir le míreanna nach bhfuil i dteideal aitheantais sna ráitis sin.

     

    Le hioncam cuimsitheach eile cuimsítear míreanna ioncaim agus costais (lena n-áirítear coigeartuithe athaicmiúcháin) nach n-aithnítear mar bhrabús ná mar chaillteanas mar a éilítear nó mar a cheadaítear le IFRSanna eile.

    Sna comhchodanna d’ioncam cuimsitheach eile áirítear:

    (a)

    athruithe ar bharrachas athluachála (féach IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh agus IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe);

    (b)

    atomhais ar phleananna sochair shainithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (c)

    gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as ráitis airgeadais oibríochta eachtraí a aistriú (féach IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí);

    (d)

    gnóthachain agus caillteanais ó infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a ainmnítear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (da)

    gnóthachain agus caillteanais ar shócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9;

    (e)

    an sciar éifeachtach de ghnóthachain agus de chaillteanais ar ionstraimí fálúcháin i bhfálú ar an sreabhadh airgid agus na gnóthachain agus na caillteanais ar ionstraimí fálúcháin a fhálaíonn infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9 (féach Caibidil 6 de IFRS 9);

    (f)

    i gcás dliteanais áirithe a ainmnítear mar thomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, méid an athraithe ar luach cóir atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais (féach mír 5.7.7 de IFRS 9);

    (g)

    athruithe ar luach amluacha scair-roghanna nuair a scartar luach intreach agus amluach scair-rogha ó chéile agus nach n-ainmnítear ach na hathruithe ar an luach intreach mar an ionstraim fálúcháin (féach Caibidil 6 de IFRS 9);

    (h)

    athruithe ar luach eilimintí réamhcheaptha de chonarthaí réamhcheaptha nuair a scartar an réamhghné agus an spotghné de chonradh réamhcheaptha ó chéile agus nuair nach n-ainmnítear ach na hathruithe ar an spotghné mar an ionstraim fálúcháin, agus athruithe ar luach bhonn airgeadra eachtraigh an raoin difríochta ionstraime airgeadais nuair a eisiatar ó ainmniú na hionstraime airgeadais sin é mar an ionstraim fálúcháin (féach Caibidil 6 de IFRS 9);

    (i)

    ioncam maoiniúcháin árachais agus costais maoiniúcháin árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais atá eisiata ó bhrabús nó ó chaillteanas nuair atá an t-ioncam maoiniúcháin árachais iomlán nó na costais maoinúcháin árachais iomlána dí-chomhiomlánaithe chun méid arna chinneadh le leithdháileadh córasach agus mír 88(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm a áireamh mar bhrabús nó mar chaillteanas, nó le méid lena gcuirtear deireadh le neamhréireanna cuntasaíochta leis an ioncam maoiniúcháin airgeadais nó leis na costais maoiniúcháin airgeadais a eascraíonn ar na míreanna forluiteacha, agus mír 89(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm; agus

    (j)

    ioncam maoiniúcháin agus costais mhaoiniúcháin ó chonarthaí athárachais arna sealbhú eisiata ó bhrabús nó ó chaillteanas nuair atá an t-ioncam maoiniúcháin athárachais iomlán nó na costais maoiniúcháin athárachais iomlána dí-chomhiomlánaithe chun méid arna chinneadh le leithdháileadh córasach agus mír 88(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm a áireamh mar bhrabús nó mar chaillteanas.

     

    Is úinéirí iad sealbhóirí ionstraimí a aicmítear mar chothromas.

     

    Is éard is brabús nó caillteanas ann iomlán an ioncaim lúide speansais, gan comhpháirteanna d’ioncam cuimsitheach eile a bheith san áireamh.

     

    Is éard is coigeartuithe athaicmiúcháin ann méideanna a athaicmítear chuig brabús nó caillteanas sa tréimhse reatha agus a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile sa tréimhse reatha nó i dtréimhsí roimhe sin.

     

    Is éard is ioncam cuimsitheach iomlán ann an t-athrú ar chothromas le linn tréimhse a leanann as idirbhearta agus teagmhais eile, seachas na hathruithe sin a leanann as idirbhearta le húinéirí ina gcáil mar úinéirí.

    Gach comhpháirt de ‘bhrabús nó caillteanas’ agus de ‘ioncam cuimsitheach eile’ atá san ioncam cuimsitheach iomlán.

    8

    Cé go n-úsáidtear na téarmaí ‘ioncam cuimsitheach eile’, ‘brabús nó caillteanas’ agus ‘ioncam cuimsitheach iomlán’ sa Chaighdeán seo, féadfaidh eintiteas téarmaí eile a úsáid chun tuairisc a thabhairt ar na méideanna iomlána sin fad a bheidh an bhrí soiléir. Féadfaidh eintiteas an téarma ‘glanioncam’ a úsáid, mar shampla, chun tuairisc a thabhairt ar bhrabús nó ar chaillteanas.

    8A

    Tugtar tuairisc ar na téarmaí a leanas in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair agus úsáidtear sa Chaighdeán seo iad leis an mbrí a shonraítear in IAS 32:

    (a)

    ionstraim airgeadais indíola a aicmítear mar ionstraim chothromais (ar a dtugtar tuairisc i míreanna 16A agus 16B de IAS 32)

    (b)

    ionstraim lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthair do pháirtí eile ar leachtú amháin, agus a aicmítear mar ionstraim chothromais (ar a dtugtar tuairisc i míreanna 16C agus 16D de IAS 32).

    RÁITIS AIRGEADAIS

    Cuspóir ráiteas airgeadais

    9

    Tá ráitis airgeadais ina léiriú struchtúrtha ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais eintitis. Is é is cuspóir do ráitis airgeadais faisnéis a sholáthar maidir le staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid eintitis atá úsáideach do réimse leathan úsáideoirí agus cinntí eacnamaíocha á ndéanamh acu. Léirítear freisin i ráitis airgeadais na torthaí atá ar mhaoirseacht na bainistíochta ar na hacmhainní a chuirtear ar a hiontaoibh. Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, soláthraítear faisnéis i ráitis airgeadais maidir leis na nithe a leanas a bhaineann le heintiteas:

    (a)

    sócmhainní;

    (b)

    dliteanais;

    (c)

    cothromas;

    (d)

    ioncam agus speansais, lena n-áirítear gnóthachain agus caillteanais;

    (e)

    ranníocaíochtaí ag úinéirí ina gcáil mar úinéirí agus dáileacháin orthu; agus

    (f)

    sreafaí airgid.

    Leis an bhfaisnéis sin, mar aon le faisnéis eile sna nótaí, tugtar cúnamh d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun sreafaí airgid todhchaí an eintitis, agus uainiú agus cinnteacht na sreafaí sin go háirithe, a thuar.

    Tacar iomlán de ráitis airgeadais

    10

    Cuimsítear an méid seo a leanas i dtacar iomlán de ráitis airgeadais:

    (a)

    ráiteas maidir le staid airgeadais ag deireadh na tréimhse;

    (b)

    ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na tréimhse;

    (c)

    ráiteas ar athruithe sa chothromas le haghaidh na tréimhse;

    (d)

    ráiteas ar shreafaí airgid le haghaidh na tréimhse;

    (e)

    nótaí, ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta agus faisnéis eile mhíniúcháin;

    (ea)

    faisnéis chomparáideach i leith na tréimhse roimhe sin mar a shonraítear i míreanna 38 agus 38A; agus

    (f)

    ráiteas maidir le staid airgeadais ag tús na tréimhse roimhe sin i gcás ina gcuireann eintiteas beartas cuntasaíochta i bhfeidhm go cúlghabhálach nó ina ndéanann sé athráiteas cúlghabhálach ar mhíreanna ina ráitis airgeadais, nó i gcás ina n-athaicmíonn sé míreanna ina ráitis airgeadais i gcomhréir le míreanna 40A–40D.

    Féadfaidh eintiteas teidil a úsáid le haghaidh na ráiteas nach iad na teidil a úsáidtear sa Chaighdeán seo. Mar shampla, féadfaidh eintiteas an teideal ‘ráiteas ar ioncam cuimsitheach’ a úsáid in ionad ‘ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile’.

    10A

    Féadfaidh eintiteas ráiteas amháin ar bhrabús nó ar chaillteanais agus ar ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair, agus brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair in dhá roinn ann. Cuirfear na ranna i láthair in éineacht le chéile, agus cuirfear an roinn brabúis nó caillteanais i láthair ar dtús agus an roinn ioncaim chuimsithigh eile go díreach ina diaidh. Féadfaidh eintiteas an roinn brabúis nó caillteanais a chur i láthair i ráiteas ar leithligh ar bhrabús nó ar chaillteanas. Má chuireann, tiocfaidh an ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas ar leithligh go díreach roimh an ráiteas ina gcuirtear ioncam cuimsitheach i láthair, a thosóidh le brabús nó caillteanas.

    11

    Cuirfidh eintiteas gach ráiteas airgeadais i láthair i dtacar iomlán de ráitis airgeadais ar bhealach ina dtugtar an tsuntasacht chéanna dóibh.

    12

    [Scriosta]

    13

    Lasmuigh de na ráitis airgeadais, is iomaí eintiteas a chuireann athbhreithniú airgeadais i láthair a dhéanann an lucht bainistíochta ina mínítear agus ina dtugtar tuairisc ar phríomhghnéithe fheidhmíocht airgeadais agus staid airgeadais an eintitis, agus ar na príomhéiginnteachtaí a bhfuil aghaidh le tabhairt aige orthu. D’fhéadfadh athbhreithniú ar na nithe a leanas a áireamh i dtuarascáil den sórt sin:

    (a)

    na príomhfhachtóirí agus na príomhthionchair lena gcinntear feidhmíocht airgeadais, lena n-áirítear athruithe ar an timpeallacht ina n-oibríonn an t-eintiteas, freagairt an eintitis ar na hathruithe sin agus ar a n-iarmhairt, agus beartas an eintitis i leith infheistíocht chun feidhmíocht airgeadais a choinneáil ar bun agus feabhas a chur uirthi, lena n-áirítear a bheartas díbhinne;

    (b)

    foinsí cistithe an eintitis agus a chóimheas spriocdhírithe idir dliteanais agus cothromas; agus

    (c)

    acmhainní an eintitis nach n-aithnítear sa ráiteas maidir le staid airgeadais i gcomhréir le IFRSanna.

    14

    Lasmuigh de na ráitis airgeadais, is iomaí eintiteas a chuireann tuarascálacha agus ráitis i láthair freisin amhail tuarascálacha comhshaoil agus ráitis bhreisluacha, go háirithe i dtionscail dá bhfuil fachtóirí timpeallachta suntasach agus nuair a mheastar gur grúpa úsáideoirí tábhachtach iad fostaithe. Tuarascálacha agus ráitis a chuirtear i láthair lasmuigh de ráitis airgeadais, ní thagann siad faoi raon feidhme IFRSanna.

    Gnéithe ginearálta

    Cur i láthair cothrom agus comhlíontacht le IFRSanna

    15

    Cuirfear staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid eintitis i láthair go cothrom sna ráitis airgeadais. Ceanglaítear le cur i láthair cothrom go ndéantar iarmhairtí idirbheart, teagmhas eile agus dálaí a léiriú go dílis i gcomhréir leis na sainmhínithe agus na critéir aitheantais le haghaidh sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus speansais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais (Creat Coincheapúil). Glactar leis go mbaineann ráitis airgeadais cur i láthair cothrom amach trí IFRSanna a chur i bhfeidhm agus trí nochtadh breise a dhéanamh nuair is gá.

    16

    Eintiteas a gcomhlíonann a ráitis airgeadais IFRSanna, déanfaidh sé ráiteas sainráite agus gan chuntar maidir leis an gcomhlíontacht sin sna nótaí. Ní thabharfar de thuairisc ar thuarascáil airgeadais eatramhach go gcomhlíonann sí IFRSanna mura gcomhlíonann sí ceanglais uile IFRSanna.

    17

    I ngach cás, nach mór, baineann eintiteas cur i láthair cothrom amach trí chomhlíontacht le IFRSanna is infheidhme. Ceanglaítear le cur i láthair cothrom freisin go ndéanfaidh eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    beartais chuntasaíochta a roghnú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Leagtar amach le IAS 8 ordlathas treoraíochta údarásaí a bhreithníonn an lucht bainistíochta in éagmais IFRS a bhaineann go sonrach le hítim.

    (b)

    faisnéis, lena n-áirítear beartais chuntasaíochta, a chur i láthair ar bhealach ina soláthraítear faisnéis ábhartha, iontaofa, inchomparáide agus intuigthe.

    (c)

    nochtaí breise a sholáthar nuair nach bhfuil comhlíontacht leis na ceanglais shonracha in IFRSanna leordhóthanach chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí an tionchar atá ag idirbhearta áirithe, teagmhais áirithe eile agus dálaí áirithe ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis a thuiscint.

    18

    Ní féidir le heintiteas beartais chuntasaíochta a cheartú trí nochtadh a dhéanamh ar na beartais chuntasaíochta a úsáideadh ná trí nótaí ná ábhar míniúcháin.

    19

    Sna himthosca, nach dtarlaíonn ach go fíor-annamh, ina dtagann an lucht bainistíochta ar an gconclúid go mbeadh comhlíontacht le ceanglas in IFRS chomh míthreorach sin go mbeadh sí i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil, imeoidh an t-eintiteas ón gceanglas sin ar an mbealach a leagtar amach i mír 20 má cheanglaítear leis an gcreat rialála ábhartha, nó mura dtoirmisctear leis, imeacht den sórt sin.

    20

    Nuair a imíonn eintiteas ó cheanglas IFRS i gcomhréir le mír 19, nochtfaidh sé:

    (a)

    gur tháinig an lucht bainistíochta ar an gconclúid go gcuirtear staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an eintitis i láthair go cothrom sna ráitis airgeadais;

    (b)

    gur tháinig an lucht bainistíochta ar an gconclúid go gcuirtear staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an eintitis i láthair go cothrom sna ráitis airgeadais;

    (c)

    teideal an IFRS ónar imigh an t-eintiteas, cineál na himeachta, lena n-áirítear an chóireáil a mbeadh gá léi de réir an IFRS, an fáth a mbeadh an chóireáil sin chomh míthreorach sin sna himthosca go mbeadh sí i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil, agus leis an gcóireáil a ghlactar; agus

    (d)

    i gcás gach tréimhse a chuirtear i láthair, iarmhairt airgeadais an imeachta ar gach mír sna ráitis airgeadais a thuairisceofaí dá mbeifí ag comhlíonadh an cheanglais.

    21

    Nuair a d’imigh eintiteas ó cheanglas IFRS i dtréimhse roimhe sin, agus nuair a dhéanann an t-imeacht sin difear do na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais le haghaidh na tréimhse reatha, déanfaidh sé na nochtaí a leagtar amach i mír 20(c) agus (d).

    22

    Tá feidhm ag mír 21, mar shampla, nuair a d’imigh eintiteas i dtréimhse roimhe sin ó cheanglas in IFRS maidir le tomhas sócmhainní nó dliteanas agus nuair a dhéanann an t-imeacht sin difear don tomhas ar athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais a aithnítear i ráitis airgeadais na tréimhse reatha.

    23

    Sna himthosca, nach dtarlaíonn ach go fíor-annamh, ina dtagann an lucht bainistíochta ar an gconclúid go mbeadh comhlíontacht le ceanglas in IFRS chomh míthreorach sin go mbeadh sí i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil, ach ina dtoirmisctear leis an gcreat rialála ábhartha go n-imeofaí ón gceanglas, déanfaidh an t-eintiteas na gnéithe míthreoracha comhlíontachta a bhraitear a bheith ann a laghdú, a mhéid is mó is féidir, trí na nithe a leanas a nochtadh:

    (a)

    teideal an IFRS i gceist, cineál an cheanglais agus an fáth gur chinn an bhainistíocht go bhfuil comhlíonadh an cheanglais sin chomh míthreorach sin sna himthosca sa mhéid is go bhfuil sé i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil; agus

    (b)

    i gcás gach tréimhse a chuirtear i láthair, na coigeartuithe ar gach mír sna ráitis airgeadais ar tháinig an lucht bainistíochta ar an gconclúid ina leith go mbeadh gá leo chun cur i láthair cothrom a bhaint amach.

    24

    Chun críoch mhíreanna 19–23, bheadh mír faisnéise i gcoinbhleacht le cuspóir ráiteas airgeadais nuair nach léiriú dílis í ar na hidirbhearta, na teagmhais eile agus na dálaí a n-airbheartaíonn sí a bheith ina léiriú orthu nó a bhféadfadh coinne réasúnta a bheith leis go mbeadh sí ina léiriú orthu agus, dá thoradh sin, gur dhócha go mbeadh tionchar aici ar chinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí ráiteas airgeadais. Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh comhlíontacht le ceanglas sonrach in IFRS chomh míthreorach sin go mbeadh sí i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil, breithníonn an lucht bainistíochta na nithe a leanas:

    (a)

    an fáth nach mbaintear cuspóir na ráiteas airgeadais amach sna himthosca áirithe sin; agus

    (b)

    conas atá imthosca an eintitis difriúil le himthosca eintiteas eile a chomhlíonann an ceanglas. Má dhéanann eintitis eile, atá in imthosca comhchosúla, an ceanglas a chomhlíonadh, tá toimhde infhrisnéise ann nach mbeadh comhlíontacht an eintitis leis an gceanglas chomh míthreorach sin go mbeadh sí i gcoinbhleacht le cuspóir na ráiteas airgeadais a leagtar amach sa Chreat Coincheapúil.

    Gnóthas leantach

    25

    Agus ráitis airgeadais á n-ullmhú aige, déanfaidh an lucht bainistíochta measúnú ar chumas eintitis leanúint de bheith ina ghnóthas leantach. Ullmhóidh eintiteas ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh ach amháin má bheartaíonn an lucht bainistíochta an t-eintiteas a leachtú nó scor den trádáil, nó mura bhfuil aon rogha mhalartach réalaíoch aige ach é sin a dhéanamh. Nuair atá an lucht bainistíochta ar an eolas, agus an measúnú á dhéanamh aige, faoi éiginnteachtaí ábhartha a bhaineann le teagmhais nó dálaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna móra amhrais maidir le cumas an eintitis leanúint de bheith ina ghnóthas leantach, nochtfaidh an t-eintiteas na héiginnteachtaí sin. Nuair nach n-ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh, nochtfaidh sé an méid sin, in éineacht leis an mbonn ar ar ullmhaigh sé na ráitis airgeadais agus an chúis nach meastar an t-eintiteas a bheith ina ghnóthas leantach.

    26

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé acu atá nó nach bhfuil an toimhde gnóthais leantaigh iomchuí, déanann an lucht bainistíochta gach faisnéis atá ar fáil maidir leis an todhchaí a chur san áireamh, ar tréimhse 12 mhí ar a laghad ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe í, ach gan bheith teoranta di sin. Braitheann méid an bhreithnithe ar fhíorais gach cáis. Nuair atá stair oibríochtaí brabúsacha ag eintiteas agus rochtain éasca ar acmhainní airgeadais aige, féadfaidh an t-eintiteas teacht ar an gconclúid go bhfuil an bonn cuntasaíochta gnóthais leantaigh iomchuí gan anailís mhionsonraithe. I gcásanna eile, féadfar go mbeidh ar an lucht bainistíochta réimse leathan fachtóirí a bhreithniú a bhaineann leis an mbrabúsacht atá ann faoi láthair agus leis an mbrabúsacht ionchasach, le sceidil aisíocaíochtaí fiachais agus le foinsí féideartha maoiniúcháin athsholáthair sula mbeidh sé sásta gurb iomchuí é an bonn gnóthais leantaigh.

    Bonn fabhraithe cuntasaíochta

    27

    Ullmhóidh eintiteas a ráitis airgeadais, seachas faisnéis maidir le sreabhadh airgid, ag úsáid an bhoinn fabhraithe cuntasaíochta.

    28

    Nuair a úsáidtear an bonn fabhraithe cuntasaíochta, aithníonn eintiteas míreanna amhail sócmhainní, dliteanais, cothromas, ioncam agus speansais (na heilimintí de ráitis airgeadais) nuair a chomhlíonann siad na sainmhínithe agus na critéir aitheantais le haghaidh na ngnéithe sin sa Chreat Coincheapúil.

    Ábharthacht agus comhiomlánú

    29

    Déanfaidh eintiteas gach aicme ábhartha de mhíreanna comhchosúla a chur i láthair ar leithligh. Míreanna nach bhfuil comhchosúil le chéile ó thaobh cineáil nó feidhme, déanfaidh eintiteas iad a chur i láthair ar leithligh ach amháin i gcás ina bhfuil siad neamhábhartha.

    30

    Leanann ráitis airgeadais as próiseáil líonta móra idirbheart nó teagmhas eile a chomhiomlánaítear ina n-aicmí de réir a gcineáil nó a bhfeidhme. Is é céim dheiridh an phróisis comhiomlánaithe agus aicmithe é cur i láthair sonraí comhdhlúite aicmithe, ar mhíreanna líne sna ráitis airgeadais iad. Mura bhfuil mír líne ábhartha aisti féin, comhiomlánaítear le míreanna eile í sna ráitis sin nó sna nótaí. Ítim nach bhfuil ábhartha go leordhóthanach chun go gcuirfí i láthair ar leithligh sna ráitis sin í, féadfar go mbeidh gá lena cur i láthair ar leithligh sna nótaí.

    30A

    Nuair a chuireann eintiteas an IFRS seo agus IFRSanna eile i bhfeidhm, cuirfidh sé na fíorais agus na himthosca ábhartha uile san áireamh chun cinneadh a dhéanamh maidir le conas a chomhiomlánaíonn sé faisnéis sna ráitis airgeadais. Ní laghdóidh eintiteas sothuigtheacht a ráiteas airgeadais trí fhaisnéis ábhartha a dhoiléiriú le faisnéis neamhábhartha ná trí mhíreanna neamhábhartha a chomhiomlánú ar de chineálacha éagsúla iad nó a bhfuil feidhmeanna éagsúla acu.

    31

    Sonraítear i roinnt IFRSanna faisnéis is gá a áireamh leis na ráitis airgeadais, lena n-áirítear na nótaí. Ní gá d’eintiteas nochtadh sonrach a cheanglaítear le IFRS a sholáthar mura bhfuil an fhaisnéis a leanann as an nochtadh sin ábhartha. Is amhlaidh sin fiú má tá liosta ceanglas sonrach in IFRS nó má thugtar tuairisc orthu ann mar íoscheanglais. Breithneoidh eintiteas freisin cibé acu a sholáthróidh nó nach soláthróidh sé nochtaí breise nuair nach bhfuil comhlíontacht leis na ceanglais shonracha in IFRS leordhóthanach chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an tionchar atá ag idirbhearta áirithe, teagmhais áirithe eile agus dálaí áirithe ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis.

    Fritháireamh

    32

    Ní dhéanfaidh eintiteas sócmhainní agus dliteanais ná ioncam agus speansais a fhritháireamh, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear sin le IFRS.

    33

    Déanann eintiteas idir shócmhainní agus dliteanais, agus ioncam agus speansais, a thuairisciú ar leithligh. Fritháireamh sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile nó staid airgeadais, seachas nuair a léiríonn an fritháireamh substaint an idirbhirt nó teagmhais eile, baineann an fritháireamh sin de chumas úsáideoirí tuiscint a fháil ar na hidirbhearta, na teagmhais eile agus na dálaí a tharla agus dá gcumas measúnú a dhéanamh ar shreafaí airgid todhchaí an eintitis. Ní fritháireamh é sócmhainní a thomhais glan ó lamháltais luachála — lamháltais dífheidhmeachta ar fhardail agus lamháltais fiach amhrasach ar infháltais, mar shampla.

    34

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí ceanglaítear ar eintiteas ioncam ó chonarthaí le custaiméirí a thomhais mar an méid comaoine a bhfuil coinne ag an eintiteas lena bheith ina teideal mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí geallta a aistriú. Tá an méid ioncaim a aithnítear ina léiriú ar aon lascaine thrádála agus aon lacáiste toirte a cheadaíonn an t-eintiteas, mar shampla. Gabhann eintiteas d’idirbhearta eile, i gcaitheamh a ghnáthghníomhaíochtaí, nach ngineann ioncam ach atá teagmhasach leis na príomhghníomhaíochtaí ginte ioncaim. Cuireann eintiteas torthaí idirbheart den sórt sin i láthair, nuair a léiríonn an cur i láthair sin substaint an idirbhirt nó teagmhais eile, trí aon ioncam a ghlanluacháil le speansais ghaolmhara a eascraíonn as an idirbheart céanna. Mar shampla:

    (a)

    cuireann eintiteas gnóthachain agus caillteanais ar dhiúscairt sócmhainní neamhreatha i láthair, lena n-áirítear infheistíochtaí agus sócmhainní oibriúcháin, trí shuim ghlanluacha na sócmhainne agus na speansais díola ghaolmhara a asbhaint as an méid comaoine ar dhiúscairt; agus

    (b)

    féadfaidh eintiteas glanluacháil a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann le foráil a aithnítear i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha agus a aisíoctar faoi shocrú conarthach le tríú páirtí (socrú baránta soláthróra, mar shampla) in aghaidh na haisíocaíochta gaolmhaire.

    35

    Ina theannta sin, déanann eintiteas gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as grúpa idirbheart comhchosúil, gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí nó gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as ionstraimí airgeadais arna sealbhú lena dtrádáil, mar shampla, a chur i láthair ar ghlanbhonn. Má tá gnóthachain agus caillteanais den sórt sin ábhartha, áfach, cuireann eintiteas iad i láthair ar leithligh.

    Minicíocht an tuairiscithe

    36

    Cuirfidh eintiteas tacar iomlán de ráitis airgeadais (lena n-áirítear faisnéis chomparáideach) i láthair go bliantúil ar a laghad. Nuair a athraíonn eintiteas deireadh a thréimhse tuairiscithe agus nuair a chuireann sé ráitis airgeadais i láthair le haghaidh tréimhse níos faide nó níos giorra ná 1 bhliain amháin, nochtfaidh eintiteas, i dteannta na tréimhse a chumhdaítear leis na ráitis airgeadais, na nithe a leanas:

    (a)

    an chúis le tréimhse níos faide nó níos giorra a úsáid, agus

    (b)

    ní méideanna go hiomlán inchomparáide iad méideanna a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais.

    37

    De ghnáth, ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais go comhsheasmhach le haghaidh thréimhse 1 bhliain amháin. Ar chúiseanna praiticiúla, áfach, is fearr le roinnt eintiteas tuairisciú a dhéanamh le haghaidh tréimhse 52 sheachtain, mar shampla. Ní chuirtear bac ar an gcleachtas sin leis an gCaighdeán seo.

    Faisnéis chomparáideach

    Faisnéis chomparáideach íosta

    38

    Seachas nuair a cheadaítear nó a cheanglaítear a mhalairt le IFRSanna, cuirfidh eintiteas faisnéis chomparáideach i leith na tréimhse roimhe sin i láthair le haghaidh na méideanna uile a thuairiscítear i ráitis airgeadais na tréimhse reatha. Déanfaidh eintiteas faisnéis chomparáideach maidir le faisnéis insinte agus thuairisciúil a áireamh leis sin má tá sí ábhartha chun ráitis airgeadais na tréimhse reatha a thuiscint.

    38A

    Cuirfidh eintiteas na nithe a leanas, ar a laghad, i láthair: dhá ráiteas maidir le staid airgeadais, dhá ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, dhá ráiteas ar leithligh ar bhrabús nó ar chaillteanais (má chuirtear i láthair iad), dhá ráiteas ar shreafaí airgid agus dhá ráiteas ar athruithe sa chothromas, agus nótaí a bhaineann leo.

    38B

    I gcásanna áirithe, leanann faisnéis insinte a sholáthraítear sna ráitis airgeadais le haghaidh na tréimhse (na dtréimhsí) roimhe sin de bheith ábhartha sa tréimhse reatha. Cuir i gcás go ndéanann eintiteas mionsonraí maidir le díospóid dhlíthiúil a nochtadh sa tréimhse reatha, a raibh toradh na díospóide sin éiginnte ag deireadh na tréimhse roimhe sin agus fós le réiteach. Féadfaidh úsáideoirí tairbhiú den fhaisnéis a nochtar gurbh ann don éiginnteacht ag deireadh na tréimhse roimhe sin agus den fhaisnéis a nochtar maidir leis na bearta a rinneadh le linn na tréimhse chun an éiginnteacht sin a réiteach.

    Faisnéis chomparáideach bhreise

    38C

    Féadfaidh eintiteas faisnéis chomparáideach de bhreis ar na ráitis airgeadais chomparáideacha íosta a cheanglaítear le IFRSanna a chur i láthair, fad a ullmhaítear an fhaisnéis sin i gcomhréir le IFRSanna. Féadfaidh ceann amháin, nó níos mó, de na ráitis dá dtagraítear i mír 10 a bheith san fhaisnéis chomparáideach sin, ach ní gá tacar iomlán de ráitis airgeadais a bheith inti. Nuair is amhlaidh sin, cuirfidh an t-eintiteas faisnéis ó nótaí gaolmhara i láthair le haghaidh na ráiteas breise sin.

    38D

    Cuir i gcás go bhféadfaidh eintiteas an tríú ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair (lena gcuirtear i láthair an tréimhse reatha, an tréimhse roimhe sin agus aon tréimhse chomparáideach bhreise amháin). Ní cheanglaítear ar an eintiteas, áfach, an tríú ráiteas maidir le staid airgeadais, an tríú ráiteas ar shreafaí airgid ná an tríú ráiteas ar athruithe sa chothromas a chur i láthair (i.e. ráiteas airgeadais comparáideach breise). Ceanglaítear ar an eintiteas an fhaisnéis chomparáideach a bhaineann leis an ráiteas breise sin ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

    39-40

    [Scriosta]

    Athrú ar bheartas cuntasaíochta, athráiteas cúlghabhálach nó athaicmiú

    40A

    Cuirfidh eintiteas an tríú ráiteas maidir le staid airgeadais ag tús na tréimhse roimhe sin i láthair i dteannta na ráiteas airgeadais comparáideach íosta a cheanglaítear le mír 38A más rud é:

    (a)

    go gcuireann sé beartas cuntasaíochta i bhfeidhm go cúlghabhálach, go ndéanann sé athráiteas cúlghabhálach ar mhíreanna ina ráitis airgeadais nó athaicmiú ar mhíreanna ina ráitis airgeadais; agus

    (b)

    go bhfuil iarmhairt ábhartha ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach, ag an athráiteas cúlghabhálach nó ag an athaicmiú ar an bhfaisnéis sa ráiteas maidir le staid airgeadais ag tús na tréimhse roimhe sin.

    40B

    Sna himthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 40A, cuirfidh eintiteas trí ráiteas maidir le staid airgeadais ag na pointí ama a leanas i láthair:

    (a)

    deireadh na tréimhse reatha;

    (b)

    deireadh na tréimhse roimhe sin; agus

    (c)

    tús na tréimhse roimhe sin.

    40C

    Nuair cheanglaítear ar eintiteas ráiteas breise maidir le staid airgeadais a chur i láthair i gcomhréir le mír 40A, ní mór dó an fhaisnéis a cheanglaítear le míreanna 41–44 agus IAS 8 a nochtadh. Ní gá dó, áfach, na nótaí gaolmhara a ghabhann leis an ráiteas tosaigh maidir le staid airgeadais ag tús na tréimhse roimhe sin a chur i láthair.

    40D

    Is é tús na tréimhse roimhe sin a bheidh ina dháta don ráiteas tosaigh sin maidir le staid airgeadais, gan beann ar cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear faisnéis chomparáideach le haghaidh tréimhsí roimhe sin i láthair i ráitis airgeadais eintitis (mar a cheadaítear i mír 38C).

    41

    Má athraíonn eintiteas cur i láthair nó aicmiú míreanna ina ráitis airgeadais, athaicmeoidh sé méideanna comparáideacha ach amháin i gcás ina bhfuil an t-athaicmiú dofheidhmithe. Nuair a athaicmíonn eintiteas méideanna comparáideacha, nochtfaidh sé na nithe a leanas (lena n-áirítear ag tús na tréimhse roimhe sin):

    (a)

    cineál an athaicmithe;

    (b)

    méid gach míre nó gach aicme míreanna a athaicmítear; agus

    (c)

    an chúis atá leis an athaicmiú.

    42

    Nuair atá sé dofheidhmithe méideanna comparáideacha a athaicmiú, nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    an chúis nach n-athaicmítear na méideanna, agus

    (b)

    cineál na gcoigeartuithe a dhéanfaí dá n-athaicmeofaí na méideanna.

    43

    Trí inchomparáideacht idirthréimhse na faisnéise a fheabhsú, tugtar cúnamh d’úsáideoirí cinntí eacnamaíocha a dhéanamh, go háirithe trí chaoi a thabhairt don mheasúnú ar threochtaí i bhfaisnéis airgeadais chun críoch réamhaisnéise. In imthosca áirithe, tá sé dofheidhmithe faisnéis chomparáideach a athaicmiú le haghaidh tréimhse áirithe roimhe sin chun comparáideacht leis an tréimhse reatha a bhaint amach. Cuir i gcás go bhféadfaí nár bhailigh eintiteas sonraí sa tréimhse (sna tréimhsí) roimhe sin ar bhealach a thugann caoi don athaicmiú, agus féadfar go mbeidh sé dofheidhmithe an fhaisnéis sin a athchruthú.

    44

    Leagtar amach le IAS 8 na coigeartuithe ar fhaisnéis chomparáideach a cheanglaítear nuair a athraíonn eintiteas beartas cuntasaíochta nó nuair a cheartaíonn sé earráid.

    Comhsheasmhacht cur i láthair

    45

    Coinneoidh eintiteas cur i láthair agus aicmiú míreanna sna ráitis airgeadais comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse ach amháin i gcás inarb amhlaidh:

    (a)

    gur léir, i ndiaidh athrú suntasach ar chineál oibríochtaí an eintitis nó athbhreithniú ar a ráitis airgeadais, go mbeadh cur i láthair nó aicmiú eile níos iomchuí ag féachaint do na critéir in IAS 8 maidir le beartais chuntasaíochta a roghnú agus a chur i bhfeidhm; nó

    (b)

    go gceanglaítear le IFRS go ndéanfaí athrú ar an gcur i láthair.

    46

    D’fhéadfadh fáil nó diúscairt shuntasach, mar shampla, nó athbhreithniú ar chur i láthair na ráiteas airgeadais a thabhairt le fios gur gá na ráitis airgeadais a chur i láthair ar bhealach difriúil. Ní athraíonn eintiteas cur i láthair a ráiteas airgeadais ach amháin má sholáthraíonn an cur i láthair athraithe faisnéis atá níos iontaofa agus níos ábhartha d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais agus más dócha go leanfar den struchtúr athraithe, ionas nach gcuirfear isteach ar an inchomparáideacht. Nuair a dhéanann eintiteas athruithe den sórt sin ar an gcur i láthair, athaicmíonn sé a chuid faisnéise comparáidí i gcomhréir le míreanna 41 agus 42.

    STRUCHTÚR AGUS ÁBHAR

    Réamhrá

    47

    Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo nochtaí áirithe sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, nó sa ráiteas ar athruithe sa chothromas agus ceanglaítear leis nochtadh ar mhíreanna líne eile sna ráitis sin nó sna nótaí. Le IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid leagtar amach ceanglais maidir le cur i láthair faisnéise maidir le sreabhadh airgid.

    48

    Úsáidtear ciall leathan an téarma ‘nochtadh’ sa Chaighdeán seo uaireanta, lena gcuimsítear míreanna a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais. Ceanglaítear nochtaí le IFRSanna eile freisin. Mura sonraítear a mhalairt in áit éigin eile sa Chaighdeán seo nó in IFRS eile, féadfar nochtaí den sórt sin a dhéanamh sna ráitis airgeadais.

    Sainaithint na ráiteas airgeadais

    49

    Sainaithneoidh eintiteas na ráitis airgeadais go soiléir agus dealóidh sé iad ó fhaisnéis eile sa doiciméad foilsithe céanna sin.

    50

    Níl feidhm ag IFRSanna ach maidir le ráitis airgeadais, agus ní gá go bhfuil feidhm acu maidir le faisnéis eile a chuirtear i láthair i dtuarascáil bhliantúil, i gcomhdú rialála ná i ndoiciméad eile. Is tábhachtach, dá bhrí sin, go bhféadann úsáideoirí faisnéis a ullmhaítear ag úsáid IFRSanna a dhealú ó fhaisnéis eile a d’fhéadfaidh a bheith úsáideach d’úsáideoirí ach nach bhfuil faoi réir na gceanglas sin.

    51

    Sainaithneoidh eintiteas gach ráiteas airgeadais agus na nótaí go soiléir. Ina theannta sin, déanfaidh eintiteas an fhaisnéis a leanas a thaispeáint go feiceálach agus a chur in iúl arís nuair is gá sin chun go mbeidh an fhaisnéis a chuirtear i láthair intuigthe:

    (a)

    ainm an eintitis tuairiscithe nó modh eile sainaitheantais, agus aon athrú ar an bhfaisnéis sin ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin;

    (b)

    cibé acu is le heintiteas aonair nó le grúpa eintiteas iad na ráitis airgeadais;

    (c)

    dáta dheireadh na tréimhse tuairiscithe nó na tréimhse a chumhdaítear leis an tacar de ráitis airgeadais nó na nótaí;

    (d)

    an t-airgeadra tuairiscithe, mar a shainmhínítear in IAS 21; agus

    (e)

    an leibhéal slánaithe a úsáideadh chun méideanna a chur i láthair sna ráitis airgeadais.

    52

    Comhlíonann eintiteas na ceanglais i mír 51 trí cheannteidil iomchuí a chur i láthair le haghaidh leathanach, ráiteas, nótaí, colún agus a leithéide sin. Tá gá le breithiúnas chun a chinneadh cén bealach is fearr faisnéis den sórt sin a chur i láthair. Nuair a chuireann eintiteas na ráitis airgeadais i láthair go leictreonach, mar shampla, ní bhaintear úsáid i gcónaí as leathanaigh ar leithligh; cuireann eintiteas na míreanna thuas i láthair ansin chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a áirítear sna ráitis airgeadais a thuiscint.

    53

    Is minic a dhéanann eintiteas ráitis airgeadais níos éasca a thuiscint trí fhaisnéis a chur i láthair ina mílte nó ina milliúin d’aonaid airgeadra thuairiscithe. Is inghlactha sin fad a nochtann an t-eintiteas an leibhéal slánaithe agus nach bhfágann sé faisnéis ábhartha ar lár.

    Ráiteas ar an Staid Airgeadais

    Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais

    54

    Sa ráiteas ar an staid airgeadais áireofar míreanna líne lena gcuirtear na méideanna seo a leanas i láthair:

    (a)

    réadmhaoin, gléasra agus trealamh;

    (b)

    maoin infheistíochta;

    (c)

    sócmhainní doláimhsithe;

    (d)

    sócmhainní airgeadais (gan méideanna a thaispeántar faoi (e), (h) agus (i) bheith san áireamh);

    (da)

    punanna conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ar sócmhainní iad, arna ndí-chomhlánú mar a éilítear le mír 78 de IFRS 17;

    (e)

    infheistíochtaí a dtugtar cuntas orthu agus modh an chothromais á úsáid;

    (f)

    sócmhainní bitheolaíochta a thagann faoi raon feidhme IAS 41 Talmhaíocht;

    (g)

    fardail;

    (h)

    infháltais trádála agus infháltais eile;

    (i)

    airgead tirim agus coibhéisí airgid;

    (j)

    iomlán na sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol agus sócmhainní a áirítear i ngrúpaí diúscartha a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha;

    (k)

    suimeanna iníoctha trádála agus eile;

    (l)

    forálacha;

    (m)

    dliteanais airgeadais (gan méideanna a thaispeántar faoi (k) agus (l) bheith san áireamh);

    (ma)

    punanna conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ar dliteanais iad, arna ndí-chomhlánú mar a éilítear le mír 78 de IFRS 17;

    (n)

    dliteanais agus sócmhainní le haghaidh cáin reatha, mar a shainmhínítear in IAS 12 Cánacha Ioncaim;

    (o)

    dliteanais chánach iarchurtha agus sócmhainní cánach iarchurtha, mar a shainmhínítear in IAS 12;

    (p)

    dliteanais a áirítear i ngrúpaí diúscartha a aicmítear mar dhliteanais arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IFRS 5;

    (q)

    leasanna neamh-urlámhais, arna gcur i láthair laistigh de chothromas; agus

    (r)

    caipiteal eisithe agus cúlchistí is inchurtha i leith úinéirí na máthairchuideachta.

    55

    Déanfaidh eintiteas míreanna líne breise (lena n-áirítear trí dhí-chomhiomlánú na míreanna líne a liostaítear i mír 54), ceannteidil agus fo-iomláin a chur i láthair sa ráiteas maidir le staid airgeadais nuair atá cur i láthair den sórt sin ábhartha don tuiscint ar staid airgeadais an eintitis.

    55A

    Nuair a chuireann eintiteas fo-iomláin i láthair i gcomhréir le mír 55, beidh na fo-iomláin sin:

    (a)

    comhdhéanta de mhíreanna líne ina bhfuil méideanna a aithnítear agus a thomhaistear i gcomhréir le IFRS;

    (b)

    curtha i láthair agus lipéadaithe ar bhealach a fhágann gur soiléir intuigthe iad na míreanna líne arb é atá iontu an fo-iomlán;

    (c)

    comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse, i gcomhréir le mír 45; agus

    (d)

    ní thaispeánfar na fo-iomláin sin ar bhealach atá níos suntasaí ná na fo-iomláin agus na hiomláin a cheanglaítear in IFRS le haghaidh an ráitis maidir le staid airgeadais.

    56

    Nuair a chuireann eintiteas sócmhainní reatha agus neamhreatha, agus dliteanais reatha agus neamhreatha, i láthair mar aicmithe ar leithligh ina ráiteas maidir le staid airgeadais, ní aicmeoidh sé sócmhainní cánach (dliteanais chánach) iarchurtha mar shócmhainní (dhliteanais) reatha.

    57

    Ní fhorordaítear leis an gCaighdeán seo an t-ord ná an fhormáid ina gcuireann eintiteas míreanna i láthair. Níl ann ach go liostaítear i mír 54 na míreanna atá éagsúil go leordhóthanach le chéile ó thaobh cineáil nó feidhme gur gá iad a chur i láthair ar leithligh sa ráiteas maidir le staid airgeadais. Anuas air sin:

    (a)

    áirítear leis míreanna líne nuair atá sé ábhartha don tuiscint ar staid airgeadais an eintitis míreanna nó comhiomlánú de mhíreanna comhchosúla a chur i láthair ar leithligh de bharr a méide, a gcineáil nó a bhfeidhme; agus

    (b)

    féadfar na tuairiscí a úsáidtear agus ord na míreanna nó an chomhiomlánaithe de mhíreanna comhchosúla a leasú de réir chineál an eintitis agus a idirbheart, chun faisnéis a sholáthar atá ábhartha don tuiscint ar staid airgeadais an eintitis. Féadfaidh institiúid airgeadais na tuairiscí thuas a leasú chun faisnéis a sholáthar atá ábhartha d’oibríochtaí institiúide airgeadais, mar shampla.

    58

    Is ar bhonn measúnaithe ar na nithe a leanas a dhéanann eintiteas breithiúnas an gcuirfidh sé míreanna breise i láthair ar leithligh:

    (a)

    cineál agus leachtacht sócmhainní;

    (b)

    feidhm sócmhainní laistigh den eintiteas; agus

    (c)

    méideanna, cineál agus uainiú dliteanas.

    59

    Boinn éagsúla tomhais a bheith á n-úsáid le haghaidh aicmí éagsúla sócmhainní, tugann sé sin le fios go bhfuil a gcineál nó a bhfeidhm éagsúil le chéile agus, dá bhrí sin, go gcuireann eintiteas i láthair mar mhíreanna líne ar leithligh iad. Is féidir aicmí éagsúla réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a thabhairt ar aghaidh ar costas nó ar méideanna athluacháilte i gcomhréir le IAS 16, mar shampla.

    Idirdhealú idir reatha agus neamhreatha

    60

    Cuirfidh eintiteas sócmhainní reatha agus neamhreatha, agus dliteanais reatha agus neamhreatha, i láthair mar aicmithe ar leithligh ina ráiteas maidir le staid airgeadais i gcomhréir le míreanna 66–76 seachas nuair a sholáthraítear le cur i láthair atá bunaithe ar leachtacht faisnéis atá níos iontaofa agus níos ábhartha. Nuair atá feidhm ag an eisceacht sin, cuirfidh eintiteas gach sócmhainn agus dliteanas i láthair in ord leachtachta.

    61

    Cibé modh cur i láthair a ghlactar, nochtfaidh eintiteas an méid a bhfuil coinne lena aisghabháil nó lena shocrú i ndiaidh tráth is faide ná 12 mhí le haghaidh gach mír líne sócmhainne agus dliteanais ina dtugtar le chéile méideanna a bhfuil coinne lena n-aisghabháil nó lena socrú:

    (a)

    tráth nach faide ná 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe, agus

    (b)

    tráth is faide ná 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    62

    Nuair a sholáthraíonn eintiteas earraí nó seirbhísí laistigh de thimthriall oibriúcháin atá inaitheanta go soiléir, ina ndéantar sócmhainní agus dliteanais reatha agus neamhreatha a aicmiú ar leithligh sa ráiteas maidir le staid airgeadais, tugann an t-aicmiú sin faisnéis úsáideach trí idirdhealú a dhéanamh idir na glansócmhainní a bhíonn i gcúrsaíocht leanúnach mar chaipiteal oibre agus iad siúd a úsáidtear in oibríochtaí fadtéarmacha an eintitis. Cuirtear i dtábhacht leis sin freisin na sócmhainní a bhfuil coinne lena réadú laistigh den timthriall oibriúcháin reatha, agus na dliteanais atá le socrú laistigh den tréimhse chéanna.

    63

    I gcás eintiteas áirithe, amhail institiúidí airgeadais, ina gcuirtear sócmhainní agus dliteanais i láthair in ord méadaitheach nó laghdaitheach leachtachta, soláthraítear leis an gcur i láthair sin faisnéis atá iontaofa agus níos ábhartha ná cur i láthair reatha/neamhreatha toisc nach soláthraíonn an t-eintiteas earraí nó seirbhísí laistigh de thimthriall oibriúcháin atá inaitheanta go soiléir.

    64

    Agus mír 60 á cur i bhfeidhm ag eintiteas, ceadaítear dó cuid dá shócmhainní agus dá dhliteanais a chur i láthair ag úsáid aicmiú reatha/neamhreatha agus cuid eile a chur i láthair in ord leachtachta nuair a sholáthraíonn sé sin faisnéis atá iontaofa agus níos ábhartha. D’fhéadfadh gá a bheith le bonn measctha cur i láthair nuair atá oibríochtaí ilghnéitheacha ag eintiteas.

    65

    Faisnéis maidir le dátaí a bhfuil coinne leo le haghaidh réadú sócmhainní agus dliteanas, tá sí úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar leachtacht agus ar shócmhainneacht eintitis. IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Le nochtaí ceanglaítear nochtadh dátaí aibíochta sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais. Áirítear le sócmhainní airgeadais infháltais trádála agus infháltais eile, agus áirítear le dliteanais airgeadais suimeanna iníoctha trádála agus eile. Is úsáideach freisin í faisnéis maidir le dáta ionchasach aisghabhála sócmhainní neamhairgeadaíochta amhail fardail agus dáta ionchasach socraíochta dliteanas amhail forálacha, bíodh sócmhainní agus dliteanais aicmithe mar shócmhainní agus mar dhliteanais reatha nó neamhreatha. Nochtann eintiteas, mar shampla, méid na bhfardal a bhfuil coinne lena n-aisghabháil tráth is faide ná 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    Sócmhainní reatha

    66

    Aicmeoidh eintiteas sócmhainn mar shócmhainn reatha nuair is amhlaidh:

    (a)

    go bhfuil coinne aige le réadú na sócmhainne, nó go mbeartaíonn sé í a dhíol nó a ídiú, ina ghnáth-thimthriall oibriúcháin;

    (b)

    go bhfuil an tsócmhainn ina sheilbh aige go príomha chun críche trádála;

    (c)

    go bhfuil coinne aige leis go réadófar an tsócmhainn laistigh de 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe; nó

    (d)

    gur airgead tirim nó coibhéis airgid í an tsócmhainn (mar a shainmhínítear in IAS 7) ach amháin i gcás ina mbaineann srian leis an tsócmhainn nach féidir í a mhalartú nó a úsáid chun dliteanas a shocrú ar feadh 12 mhí ar a laghad i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    Aicmeoidh eintiteas gach sócmhainn eile mar shócmhainní neamhreatha.

    67

    Úsáidtear an téarma ‘neamhreatha’ sa Chaighdeán seo chun sócmhainní inláimhsithe, doláimhsithe agus airgeadais de chineál fadtéarmach a chur san áireamh. Ní thoirmeasctar leis úsáid tuairiscí malartacha fad a bheidh an bhrí soiléir.

    68

    Is é timthriall oibriúcháin eintitis é an méid ama idir sócmhainní a fháil le haghaidh a bpróiseála agus réadú na sócmhainní i bhfoirm airgid thirim nó i gcoibhéisí airgid thirim. Nuair nach bhfuil gnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis inaitheanta go soiléir, glactar leis gur 12 mhí atá ann. Áirítear le sócmhainní reatha sócmhainní (amhail fardail agus infháltais trádála) a dhíoltar, a ídítear nó a réadaítear mar chuid den ghnáth-thimthriall oibriúcháin fiú nuair nach bhfuil coinne leis go réadófar iad laistigh de 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe. Áirítear freisin le sócmhainní reatha sócmhainní arna sealbhú go príomha chun críche trádála (is samplaí díobh sin iad roinnt sócmhainní airgeadais a chomhlíonann an sainmhíniú in IFRS 9 ar shócmhainn arna sealbhú lena trádáil) agus an chuid reatha de shócmhainní airgeadais neamhreatha.

    Dliteanais reatha

    69

    Aicmeoidh eintiteas dliteanas mar dhliteanas reatha sna cásanna a leanas:

    (a)

    tá súil aige go socróidh sé an dliteanas ina ghnáth-thimthriall oibriúcháin;

    (b)

    tá an dliteanas ina sheilbh aige go príomha chun críche trádála;

    (c)

    tá an dliteanas le socrú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis na tréimhse tuairiscithe; nó

    (d)

    níl sé de cheart neamhchoinníollach aige socrú an dliteanais a chur siar ar feadh 12 mhí ar a laghad i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe (féach mír 73). Téarmaí dliteanais a bhféadfadh a shocrú, faoi rogha an chontrapháirtí, trí ionstraimí cothromais a eisiúint a bheith mar thoradh orthu, ní dhéanann siad difear dá aicmiú.

    Aicmeoidh eintiteas gach dliteanas eile mar dhliteanais neamh-reatha.

    70

    Tá roinnt dliteanas reatha, amhail suimeanna iníoctha trádála agus roinnt fabhruithe le haghaidh fostaithe agus costais oibriúcháin eile, mar chuid den chaipiteal oibre a úsáidtear i ngnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis. Aicmíonn eintiteas míreanna oibriúcháin den sórt sin mar dhliteanais reatha fiú má tá siad le socrú laistigh de 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe. Tá feidhm ag an ngnáth-thimthriall oibriúcháin céanna maidir le haicmiú sócmhainní agus dliteanas eintitis. Nuair nach bhfuil gnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis inaitheanta go soiléir, glactar leis gur 12 mhí atá ann.

    71

    Ní shocraítear dliteanais reatha eile mar chuid den ghnáth-thimthriall oibriúcháin, ach tá siad le socrú laistigh de 12 mhí tar éis na tréimhse tuairiscithe nó sealbhaítear iad go príomha chun críche trádála. Is samplaí iad roinnt dliteanas airgeadais a chomhlíonann an sainmhíniú ar arna sealbhú lena dtrádáil in IFRS 9, rótharraingtí bainc, agus an chuid reatha de dhliteanais airgeadais neamh-reatha, díbhinní iníoctha, cánacha ioncaim agus suimeanna iníoctha eile nach mbaineann le trádáil. Maidir le dliteanais airgeadais lena soláthraítear maoiniú ar bhonn fadtéarmach (i.e. ní cuid den chaipiteal oibre a mbaintear úsáid i ngnáth-thimthriall oibriúcháin an eintitis é) agus nach bhfuil le socrú laistigh de 12 mhí tar éis na tréimhse tuairiscithe, ní dliteanais neamh-reatha iad, faoi réir mhíreanna 74 agus 75.

    72

    Aicmíonn eintiteas a dhliteanais airgeadais mar dhliteanais reatha nuair atá siad le socrú laistigh de 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe, fiú sna cásanna a leanas:

    (a)

    ba thréimhse níos faide ná dhá mhí dhéag é an téarma bunaidh, agus

    (b)

    cuirtear i gcrích comhaontú chun íocaíochtaí a athmhaoiniú, nó chun íocaíochtaí a athsceidealú, ar bhonn fadtéarmach tar éis na tréimhse tuairiscithe agus sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint.

    73

    Má tá coinne ag eintiteas leis, agus é faoi rogha aige, go ndéanfar oibleagáid a athmhaoiniú nó a thar-rolladh ar feadh 12 mhí ar a laghad i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe faoi shaoráid iasachta atá ann cheana, aicmíonn sé an oibleagáid mar oibleagáid neamhreatha, fiú dá mbeadh sí dlite laistigh de thréimhse níos giorra ina mhalairt de chás. Nuair nach bhfuil athmhaoiniú nó thar-rolladh na hoibleagáide faoi rogha an eintitis, áfach (nuair nach bhfuil socrú ann le haghaidh athmhaoinithe, mar shampla), ní bhreithníonn an t-eintiteas athmhaoiniú féideartha na hoibleagáide agus aicmíonn sé an oibleagáid mar oibleagáid reatha.

    74

    Nuair a sháraíonn eintiteas foráil a bhaineann le socrú iasachta fadtéarmach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nó roimpi, agus gurb é an iarmhairt a bheidh leis go mbeidh an dliteanas iníoctha ar éileamh, aicmíonn sé an dliteanas mar dhliteanas reatha, fiú más rud é gur aontaigh an t-iasachtóir, tar éis na tréimhse tuairiscithe agus roimh údarú na ráiteas airgeadais lena n-eisiúint, gan íocaíocht a éileamh mar thoradh ar an sárú. Aicmíonn eintiteas dliteanas mar dhliteanas reatha toisc nach bhfuil sé de cheart neamhchoinníollach aige, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, a shocraíocht a chur siar go ceann dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis an dáta sin.

    75

    Aicmíonn eintiteas dliteanas mar dhliteanas neamh-reatha, áfach, má chomhaontaigh an t-iasachtóir faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe tréimhse chairde a chur ar fáil a rachaidh in éag dhá mhí dhéag ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe, is féidir leis an eintiteas an sárú a chur ina cheart agus nach féidir leis an iasachtóir aisíocaíocht láithreach a éileamh lena linn.

    76

    I leith iasachtaí a aicmítear mar dhliteanais reatha, má tharlaíonn na teagmhais a leanas idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, nochtar na teagmhais sin mar theagmhais neamhchoigeartúcháin i gcomhréir le IAS 10 Teagmhais i ndiaidh na Tréimhse Tuairiscithe:

    (a)

    athmhaoiniú ar bhonn fadtéarmach;

    (b)

    ceartú sáraithe ar shocrú iasachta fadtéarmaí; agus

    (c)

    deonú tréimhse cairde ag an iasachtóir chun sárú ar shocrú iasachta fadtéarmaí a cheartú a rachaidh in éag 12 mhí ar a laghad i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sna nótaí

    77

    Nochtfaidh eintiteas, sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sna nótaí, fo-aicmithe breise de na míreanna líne a chuirtear i láthair, arna n-aicmiú ar bhealach is iomchuí d’oibríochtaí an eintitis.

    78

    Braitheann na mionsonraí a chuirtear i láthair i bhfo-aicmithe ar cheanglais IFRSanna agus ar mhéid, ar chineál agus ar fheidhm na méideanna lena mbaineann. Baineann eintiteas úsáid freisin as na fachtóirí a leagtar amach i mír 58 chun an bonn fo-aicmithe a chinneadh. Is éagsúil iad na nochtaí i gcás gach míre, mar shampla:

    (a)

    dí-chomhiomlánaítear míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ina n-aicmí i gcomhréir le IAS 16;

    (b)

    dí-chomhiomlánaítear infháltais ina méideanna infhaighte ó chustaiméirí trádála, ina n-infháltais ó pháirtithe gaolmhara, ina réamhíocaíochtaí agus ina méideanna eile;

    (c)

    díchomhiomlánaítear fardail, i gcomhréir le IAS 2 Fardail, ina n-aicmithe amhail earraí ar díol, soláthairtí táirgthe, ábhair, obair idir lámha agus earraí críochnaithe;

    (d)

    dí-chomhiomlánaítear forálacha ina bhforálacha le haghaidh sochair fostaithe agus míreanna eile; agus

    (e)

    dí-chomhiomlánaítear caipiteal cothromais agus cúlchistí ina n-aicmí éagsúla, amhail caipiteal íoctha, scairbhiseach agus cúlchistí.

    79

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas, sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sa ráiteas ar athruithe sa chothromas, nó sna nótaí:

    (a)

    le haghaidh gach aicme scairchaipitil:

    (i)

    an méid scaireanna atá údaraithe;

    (ii)

    an líon scaireanna atá eisithe agus láníoctha, agus eisithe ach gan bheith láníoctha;

    (iii)

    parluach in aghaidh na scaire, nó nach bhfuil parluach ag na scaireanna;

    (iv)

    réiteach ar an líon scaireanna gan íoc ag tús agus ag deireadh na tréimhse;

    (v)

    na cearta, fabhair agus srianta a ghabhann leis an aicme sin, lena n-áirítear srianta ar íocaíocht amach díbhinní agus aisíocaíocht caipitil;

    (vi)

    an líon scaireanna san eintiteas arna sealbhú ag an eintiteas nó ag a fhochuideachtaí nó a ghnólachtaí comhlachaithe; agus

    (vii)

    scaireanna forchoimeádta lena n-eisiúint faoi roghanna agus conarthaí maidir le díolachán scaireanna, lena n-áirítear téarmaí agus méideanna; agus

    (b)

    tuairisc ar chineál agus ar chuspóir gach cúlchiste laistigh de chothromas.

    80

    Nochtfaidh eintiteas nach bhfuil scairchaipiteal aige, amhail comhpháirtíocht nó iontaobhas, faisnéis atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis cheanglaítear le mír 79(a), a thaispeánann athruithe le linn na tréimhse ar gach catagóir úis cothromais, agus na cearta, fabhair agus srianta a bhaineann le gach catagóir úis cothromais.

    80A

    Má athaicmíodh eintiteas

    (a)

    ionstraim airgeadais indíola a aicmítear mar ionstraim chothromais, nó

    (b)

    ionstraim lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthair do pháirtí eile ar leachtú amháin, agus a aicmítear mar ionstraim chothromais

    idir dliteanais airgeadais agus cothromas, nochtfaidh an t-eintiteas an méid a athaicmítear isteach i ngach catagóir (dliteanais airgeadais nó cothromas) agus amach astu, mar aon le huainiú an athaicmithe sin agus an chúis atá leis.

    Ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile

    81A

    Cuirfear i láthair sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile (ráiteas ar ioncam cuimsitheach), i dteannta na ranna brabúis nó caillteanais agus ioncaim chuimsithigh eile:

    (a)

    brabús nó caillteanas;

    (b)

    iomlán an ioncaim chuimsithigh eile;

    (c)

    ioncam cuimsitheach le haghaidh na tréimhse, arb é iomlán an bhrabúis nó an chaillteanais agus ioncaim chuimsithigh eile é.

    Má dhéanann eintiteas ráiteas ar leithligh ar bhrabús nó ar chaillteanas a chur i láthair, ní chuireann sé an roinn brabúis nó caillteanais i láthair sa ráiteas ina gcuirtear ioncam cuimsitheach i láthair.

    81B

    Cuirfidh eintiteas na míreanna a leanas i láthair, i dteannta na ranna brabúis nó caillteanais agus ioncaim chuimsithigh eile, mar leithdháileadh brabúis nó caillteanais agus ioncaim chuimsithigh eile le haghaidh na tréimhse:

    (a)

    brabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse is inchurtha i leith:

    (i)

    leasanna neamh-urlámhais, agus

    (ii)

    úinéirí na máthairchuideachta.

    (b)

    ioncam cuimsitheach le haghaidh na tréimhse is inchurtha i leith:

    (i)

    leasanna neamh-urlámhais, agus

    (ii)

    úinéirí na máthairchuideachta.

    Má chuireann eintiteas brabús nó caillteanas i láthair i ráiteas ar leithligh, cuirfidh sé (a) i láthair sa ráiteas sin.

    Faisnéis atá le cur i láthair sa roinn brabúis nó caillteanais nó sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais

    81

    [Scriosta]

    82

    I dteannta míreanna a éilítear le IFRSanna eile, sa roinn brabúis nó caillteanais nó sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais áireofar míreanna líne lena gcuirtear na méideanna seo a leanas i láthair le haghaidh na tréimhse:

    (a)

    ioncam, arna chur i láthair ar leithligh:

    (i)

    ioncam úis arna ríomh ag úsáid an mhodha úis éifeachtaigh; agus

    (ii)

    ioncam árachais (féach IFRS 17);

    (aa)

    gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as dí-aithint sócmhainní airgeadais arna dtomhas de réir costais amúchta;

    (ab)

    costais seirbhíse árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 (féach IFRS 17);

    (ac)

    ioncam nó costais ó chonarthaí athárachais arna sealbhú (féach IFRS 17);

    (b)

    costais airgeadais;

    (ba)

    caillteanais lagaithe (lena n-áirítear cealuithe caillteanas lagaithe nó gnóthachain lagaithe) arna gcinneadh i gcomhréir le Roinn 5.5 de IFRS 9;

    (bb)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 (féach IFRS 17);

    (bc)

    ioncam maoiniúcháin nó costais mhaoiniúcháin ó chonarthaí athárachais arna sealbhú (féach IFRS 17);

    (c)

    sciar den bhrabús nó den chaillteanas ag gnólachtaí comhlachaithe agus comhfhiontair arna gcur san áireamh ag úsáid mhodh an chothromais;

    (ca)

    má dhéantar sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as an gcatagóir tomhais trí chostas amúchta ionas go dtomhaistear ar luach cóir í trí bhrabús nó trí chaillteanas, aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a eascraíonn as difríocht idir costas amúchta na sócmhainne airgeadais roimhe sin agus a luach cóir ar dháta an athaicmithe (mar a shainmhínítear in IFRS 9);

    (cb)

    má dhéantar sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as catagóir tomhais an luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile ionas go dtomhaistear ar luach cóir í trí bhrabús nó trí chaillteanas, aon ghnóthachan nó aon chaillteanas carnach a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmítear chuig brabús nó caillteanas;

    (d)

    speansas cánach;

    (e)

    [scriosta]

    (ea)

    méid amháin le haghaidh iomlán na n-oibríochtaí scortha (féach IFRS 5).

    (f)–(i)

    [scriosta]

    Faisnéis atá le cur i láthair sa roinn ioncaim chuimsithigh eile

    82A

    Sa roinn ioncaim chuimsithigh eile, cuirfear míreanna líne i láthair i gcomhair na méideanna le haghaidh thréimhse na nithe a leanas:

    (a)

    míreanna ioncaim chuimsithigh eile (gan méideanna i mír (b) bheith san áireamh), arna n-aicmiú de réir cineáil agus arna ngrúpáil ina míreanna dá réir seo a leanas, i gcomhréir le IFRSanna eile:

    (i)

    míreanna nach n-athaicmeofar chuig brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin; agus

    (ii)

    míreanna nach n-athaicmeofar chuig brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin nuair a chomhlíontar coinníollacha sonracha.

    (b)

    sciar den ioncam cuimsitheach eile ag gnólachtaí comhlachaithe agus comhfhiontair a chuirtear san áireamh ag úsáid mhodh an chothromais, arna ndeighilt ina scair míreanna dá réir seo a leanas, i gcomhréir le IFRSanna eile:

    (i)

    míreanna nach n-athaicmeofar chuig brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin; agus

    (ii)

    míreanna nach n-athaicmeofar chuig brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin nuair a chomhlíontar coinníollacha sonracha.

    83-84 bliana

    [Scriosta]

    85

    Déanfaidh eintiteas míreanna líne breise (lena n-áirítear trí dhí-chomhiomlánú na míreanna líne a liostaítear i mír 82), ceannteidil agus fo-iomláin a chur i láthair sa ráiteas (sna ráitis) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair nuair atá cur i láthair den sórt sin ábhartha don tuiscint ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis.

    85A

    Nuair a chuireann eintiteas fo-iomláin i láthair i gcomhréir le mír 85, beidh na fo-iomláin sin:

    (a)

    comhdhéanta de mhíreanna líne ina bhfuil méideanna a aithnítear agus a thomhaistear i gcomhréir le IFRS;

    (b)

    curtha i láthair agus lipéadaithe ar bhealach a fhágann gur soiléir intuigthe iad na míreanna líne arb é atá iontu an fo-iomlán;

    (c)

    comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse, i gcomhréir le mír 45; agus

    (d)

    ní thaispeánfar na fo-iomláin sin ar bhealach atá níos suntasaí ná na fo-iomláin agus na hiomláin a cheanglaítear in IFRS le haghaidh an ráitis (na ráiteas) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair.

    85B

    Na míreanna líne a réitíonn aon fho-iomlán a chuirtear i láthair i gcomhréir le mír 85 leis na fo-iomláin nó na hiomláin a cheanglaítear in IFRS le haghaidh ráiteas (ráitis) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair, cuirfidh eintiteas na hmíreanna líne sin i láthair sa ráiteas (sna ráitis) sin.

    86

    Ós rud é go bhfuil iarmhairtí na ngníomhaíochtaí agus na n-idirbheart éagsúil a dhéanann eintiteas agus iarmhairtí teagmhas eile éagsúil ó thaobh minicíochta, intuarthachta agus na féidearthachta go mbeidh gnóthachan nó caillteanas ann dá ndroim, tá nochtadh comhpháirteanna feidhmíochta airgeadais ina chuidiú d’úsáideoirí an fheidhmíocht airgeadais a bhaintear amach a thuiscint agus réamh-mheastacháin a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht airgeadais amach anseo. Áiríonn eintiteas míreanna líne breise sa ráiteas (sna ráitis) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair agus leasaíonn sé na tuairiscí a úsáidtear agus ord na míreanna nuair is gá sin chun eilimintí na feidhmíochta airgeadais a mhíniú. Breithníonn eintiteas fachtóirí lena n-áirítear ábharthacht agus cineál agus feidhm na míreanna ioncaim agus speansais. Féadfaidh institiúid airgeadais na tuairiscí a leasú chun faisnéis a sholáthar atá ábhartha d’oibríochtaí institiúide airgeadais, mar shampla. Ní dhéanann eintiteas míreanna ioncaim agus speansais a fhritháireamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na critéir i mír 32.

    87

    Ní chuirfidh eintiteas aon mhír ioncaim ná speansais i láthair mar mhíreanna urghnácha sa ráiteas (sna ráitis) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair ná sna nótaí.

    Brabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse

    88

    Déanfaidh eintiteas gach mír ioncaim nó speansais i dtréimhse a aithint i mbrabús nó caillteanas ach amháin i gcás ina gceanglaítear nó ina gceadaítear a mhalairt le IFRS.

    89

    Sonraítear le roinnt IFRSanna imthosca ina n-aithníonn eintiteas míreanna áirithe lasmuigh de bhrabús nó de chaillteanas le linn na tréimhse reatha. Sonraítear dhá imthoisc den sórt sin le IAS 8: ceartú earráidí agus iarmhairt athruithe ar bheartais chuntasaíochta. Ceanglaítear nó ceadaítear le IFRSanna eile go ndéantar comhpháirteanna d’ioncam cuimsitheach eile a chomhlíonann sainmhíniú an Chreata Choincheapúil ar ioncam nó ar speansas a eisiamh ó bhrabús nó caillteanas (féach mír 7).

    Ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na tréimhse

    90

    Nochtfaidh eintiteas an méid cánach ioncaim a bhaineann le gach mír ioncaim chuimsithigh eile, lena n-áirítear coigeartuithe athaicmithe, sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile nó sna nótaí.

    91

    Féadfaidh eintiteas míreanna ioncaim chuimsithigh eile a chur i láthair:

    (a)

    glan ó iarmhairtí cánach gaolmhara, nó

    (b)

    roimh iarmhairtí cánach ina dtaispeántar méid amháin le haghaidh an mhéid chomhiomláin cánach ioncaim a bhaineann leis na míreanna sin.

    Má roghnaíonn eintiteas rogha mhalartach (b), leithdháilfidh sé an cháin idir na míreanna a bhféadfaí a athaicmiú ina dhiaidh sin chuig an roinn brabúis nó caillteanais agus na míreanna nach n-athaicmeofar ina dhiaidh sin chuig an roinn brabúis nó caillteanais.

    92

    Nochtfaidh eintiteas coigeartuithe athaicmithe a bhaineann le comhpháirteanna d’ioncam cuimsitheach eile.

    93

    Sonraítear le IFRSanna eile cibé acu agus cén uair a athaicmítear nó nach n-athaicmítear méideanna a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile roimhe sin. Tagraítear sa Chaighdeán seo d’athaicmithe den sórt sin mar choigeartuithe athaicmithe. Áirítear coigeartú athaicmithe leis an gcomhpháirt ghaolmhar d’ioncam cuimsitheach eile sa tréimhse ina n-athaicmítear an coigeartú chuig brabús nó caillteanas. D’fhéadfadh sé gur aithníodh na méideanna sin in ioncam cuimsitheach eile mar ghnóthachain neamhréadaithe sa tréimhse reatha nó i dtréimhsí roimhe sin. Ní mór na gnóthachain neamhréadaithe sin a asbhaint ó ioncam cuimsitheach eile sa tréimhse ina n-athaicmítear na gnóthachain neamhréadaithe chuig brabús nó caillteanas ionas nach n-áireofar faoi dhó iad in ioncam cuimsitheach iomlán.

    94

    Féadfaidh eintiteas coigeartuithe athaicmithe a chur i láthair sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile nó sna nótaí. Eintiteas a chuireann coigeartuithe athaicmithe i láthair sna nótaí, cuireann sé na míreanna ioncaim chuimsithigh eile i láthair i ndiaidh aon choigeartú athaicmithe a bhaineann leo.

    95

    Eascraíonn coigeartuithe athaicmithe as diúscairt oibríochta eachtraí (féach IAS 21), mar shampla, agus nuair a dhéanann roinnt sreafaí airgid réamhaisnéise fálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas (féach mír 6.5.11(d) de IFRS 9 i ndáil le fáluithe ar an sreabhadh airgid).

    96

    Ní eascraíonn coigeartuithe athaicmithe as athruithe ar bharrachas athluachála a aithnítear i gcomhréir le IAS 16 nó IAS 38 ná as atomhais ar phleananna sochar sainithe a aithnítear i gcomhréir le IAS 19. Aithnítear na comhpháirteanna sin in ioncam cuimsitheach eile agus ní athaicmítear iad chuig brabús nó caillteanas i dtréimhsí ina dhiaidh sin. Féadfar athruithe ar bharrachas athluachála a aistriú chuig tuilleamh coimeádta i dtréimhsí ina dhiaidh sin de réir mar a úsáidtear an tsócmhainn nó nuair a dhí-aithnítear í (féach IAS 16 agus IAS 38). I gcomhréir le IFRS 9, ní thagann coigeartuithe athaicmithe chun cinn más é an toradh atá ar an sreabhadh airgid a bheith á fhálú nó ar amluach scair-rogha a bheith á chur san áireamh (nó eilimint réamhcheaptha de chonradh réamhcheaptha a bheith á cur san áireamh nó bonn airgeadra eachtraigh an raoin difríochta ionstraime airgeadais a bheith á chur san áireamh) go bhfuil méideanna ann a bhaintear den chúlchiste fálaithe ar an sreabhadh airgid nó de ghné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna, faoi seach, agus go n-áirítear go díreach iad leis an gcostas tosaigh nó le suim eile ghlanluacha sócmhainne nó dliteanais. Aistrítear na méideanna sin go díreach chuig sócmhainní nó dliteanais.

    Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile nó sna nótaí

    97

    Nuair atá míreanna ioncaim nó speansais ábhartha, nochtfaidh eintiteas a gcineál agus a méid ar leithligh.

    98

    Áirítear na nithe a leanas le himthosca as a n-eascraíonn nochtadh míreanna ioncaim agus speansais ar leithligh:

    (a)

    díluachálacha ar fhardail go dtí an glanluach inréadaithe, nó díluachálacha ar réadmhaoin, ar ghléasra agus ar threalamh go dtí an méid in-aisghabhála, chomh maith le cealuithe díluachálacha den sórt sin;

    (b)

    athstruchtúruithe gníomhaíochtaí eintitis agus cealuithe aon fhorála maidir le costais athstruchtúraithe;

    (c)

    diúscairtí míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh;

    (d)

    diúscairtí infheistíochtaí;

    (e)

    oibríochtaí scortha;

    (f)

    socraíochtaí dlíthíochta; agus

    (g)

    cealuithe eile forálacha.

    99

    Déanfaidh eintiteas anailís ar speansais a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas a chur i láthair ag úsáid aicmiú bunaithe ar a gcineál nó a bhfeidhm laistigh den eintiteas, cibé ceann acu a sholáthraíonn faisnéis atá iontaofa agus níos ábhartha.

    100

    Moltar d’eintitis an anailís i mír 99 a chur i láthair sa ráiteas (sna ráitis) ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair.

    101

    Fo-aicmítear speansais chun comhpháirteanna feidhmíochta airgeadais a d’fhéadfaidh a bheith éagsúil i dtéarmaí minicíochta, intuarthachta agus na féidearthachta go mbeidh gnóthachan nó caillteanas ann dá ndroim a chur i dtábhacht. Soláthraítear an anailís sin i gceann amháin de dhá fhoirm.

    102

    Is é an chéad fhoirm anailíse é modh an ‘chineál speansais’. Comhiomlánaíonn eintiteas speansais laistigh de bhrabús nó de chaillteanas de réir a gcineáil (dímheas, ceannacháin ábhar, costais iompair, sochair fostaithe agus costais fógraíochta, mar shampla), agus ní leithdháileann sé iad i measc feidhmeanna laistigh den eintiteas. D’fhéadfadh an modh sin a bheith éasca a chur i bhfeidhm toisc nach gá aon speansas a leithdháileadh ar aicmithe feidhmiúla. Seo a leanas sampla d’aicmiú ina n-úsáidtear modh an chineál speansais:

    Ioncam

     

    X

    Ioncam eile

     

    X

    Athruithe ar fhardail earraí críochnaithe agus oibre idir lámha

    X

     

    Amhábhair agus earraí inchaite a úsáidtear

    X

     

    Speansas maidir le sochair fostaí

    X

     

    Dímheas agus speansas amúchta

    X

     

    Speansais eile

    X

     

    Speansais iomlána

     

    (X)

    Brabús roimh cháin

     

    X

    103

    Is é an dara foirm anailíse é an modh ‘feidhme speansais’ nó modh an ‘chostais díolachán’ ina n-aicmítear speansais de réir a bhfeidhme mar chuid den chostas díolachán nó de chostais gníomhaíochtaí dáileacháin nó riaracháin, mar shampla. Ar a laghad, nochtann eintiteas a chostas díolachán ar leithligh ó speansais eile faoin modh sin. Féadann an modh sin faisnéis níos ábhartha a sholáthar d’úsáideoirí ná an fhaisnéis a sholáthraítear le haicmiú speansas de réir cineáil, ach féadfar gurb éigean leithdháiltí treallacha a dhéanamh chun costais a leithdháileadh ar fheidhmeanna agus go mbeidh breithiúnas suntasach i gceist leis. Seo a leanas sampla d’aicmiú ina n-úsáidtear an modh feidhme speansais:

    Ioncam

    X

    Costas díolachán

    (X)

    Ollbhrabús

    X

    Ioncam eile

    X

    Costais dáileacháin

    (X)

    Speansais riaracháin

    (X)

    Speansais eile

    (X)

    Brabús roimh cháin

    X

    104

    Déanfaidh eintiteas a aicmíonn speansais de réir feidhme faisnéis bhreise a nochtadh maidir le cineál na speansas, lena n-áirítear speansas dímheasa agus amúchta agus speansas sochar fostaithe.

    105

    Is ar fhachtóirí stairiúla agus tionscail agus ar chineál an eintitis a bhraitheann sé cé acu ceann a roghnaítear, an modh feidhme speansais nó modh an chineál speansais. Tugann an dá mhodh léiriú ar na costais sin a d’fhéadfadh athrú, go díreach nó go hindíreach, de réir leibhéal díolacháin nó táirgeachta an eintitis. Ós rud é go bhfuil fiúntas sa dá mhodh cur i láthair le haghaidh cineálacha éagsúla eintiteas, ceanglaítear leis an gCaighdeán seo go roghnaíonn an lucht bainistíochta an cur i láthair atá iontaofa agus níos ábhartha. De bhrí go bhfuil faisnéis maidir le cineál na speansas úsáideach, áfach, chun sreafaí airgid todhchaí a thuar, ceanglaítear nochtadh breise nuair a úsáidtear an t-aicmiú feidhme speansais. I mír 104, tá an bhrí chéanna le ‘sochair fostaithe’ agus atá leis in IAS 19.

    Ráiteas ar athruithe sa chothromas

    Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas ar athruithe sa chothromas

    106

    Cuirfidh eintiteas ráiteas ar athruithe sa chothromas i láthair mar a cheanglaítear le mír 10. Áirítear an fhaisnéis a leanas sa ráiteas ar athruithe sa chothromas:

    (a)

    ioncam cuimsitheach iomlán le haghaidh na tréimhse, ina léirítear ar leithligh na méideanna iomlána is inchurtha i leith úinéirí na máthairchuideachta agus leasanna neamh-urlámhais;

    (b)

    i gcás gach gné den chaipiteal gnáthscaireanna, na hiarmhairtí ag cur i bhfeidhm cúlghabhálach nó ag athráiteas cúlghabhálach a aithnítear i gcomhréir le IAS 8; agus

    (c)

    [scriosta]

    (d)

    i gcás gach gné den chaipiteal gnáthscaireanna, réiteach idir an tsuim ghlanluacha ag tús agus deireadh na tréimhse, ina nochtar ar leithligh (ar a laghad) na hathruithe atá de thoradh na nithe a leanas:

    (i)

    brabús nó caillteanas;

    (ii)

    ioncam cuimsitheach eile; agus

    (iii)

    idirbhearta le húinéirí ina gcáil mar úinéirí, a thaispeánann ranníocaíochtaí ag úinéirí agus dáileacháin orthu ar leithligh agus athruithe ar leasanna úinéireachta i bhfochuideachtaí nach mbíonn caillteanas i rialú mar thoradh orthu.

    Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas ar athruithe sa chothromas nó sna nótaí

    106A

    I gcás gach gné den chaipiteal gnáthscaireanna, cuirfidh eintiteas anailís ar ioncam cuimsitheach eile i láthair de réir míre sa ráiteas ar athruithe sa chothromas nó sna nótaí (féach mír 106(d)(ii)).

    107

    Déanfaidh eintiteas an méid díbhinní a aithnítear mar dháileacháin ar úinéirí le linn na tréimhse, agus an méid gaolmhar díbhinní in aghaidh na scaire, a chur i láthair sa ráiteas ar athruithe sa chothromas nó sna nótaí.

    108

    I mír 106, áirítear leis na gnéithe den chaipiteal gnáthscaireanna, mar shampla, gach aicme de chothromas ranníoctha, iarmhéid carnach gach aicme d’ioncam cuimsitheach eile agus tuilleamh coimeádta.

    109

    Tá athruithe ar chothromas eintitis idir tús agus deireadh na tréimhse tuairiscithe ina léiriú ar an méadú nó ar an laghdú ar a ghlansócmhainní le linn na tréimhse. Ach amháin i gcás athruithe a leanann as idirbhearta le húinéirí ina gcáil mar úinéirí (amhail ranníocaíochtaí cothromais, athfháil ionstraimí cothromais dílse an eintitis agus díbhinní) agus as costais idirbhirt a bhaineann go díreach le hidirbhearta den sórt sin, léirítear leis an athrú foriomlán ar chothromas le linn tréimhse an méid iomlán ioncaim agus speansais, lena n-áirítear gnóthachain agus caillteanais, arna nginiúint ag gníomhaíochtaí an eintitis le linn na tréimhse sin.

    110

    Ceanglaítear le IAS 8 go ndéanann coigeartuithe athaicmithe athruithe ar bheartais chuntasaíochta, a mhéid is infheidhmithe, seachas nuair a cheanglaítear a mhalairt leis na forálacha aistrithe in IFRS eile. Ceanglaítear le IAS 8 freisin go ndéantar athráitis go cúlghabhálach chun earráidí a cheartú, a mhéid is infheidhmithe. Níl coigeartuithe cúlghabhálacha ná athráitis chúlghabhálacha ina n-athruithe ar chothromas ach ina gcoigeartuithe ar iarmhéid tuillimh choimeádta atá le tabhairt ar aghaidh, seachas nuair a cheanglaítear le IFRS go ndéantar coigeartú cúlghabhálach ar ghné eile den chaipiteal gnáthscaireanna. Ceanglaítear le mír 106(b) go nochtar sa ráiteas ar athruithe sa chothromas an coigeartú iomlán ar gach gné den chaipiteal gnáthscaireanna atá de thoradh athruithe ar bheartais chuntasaíochta agus, ar leithligh uaidh sin, de thoradh ceartuithe earráidí. Nochtar na coigeartuithe sin le haghaidh gach tréimhse roimhe sin agus le haghaidh thús na tréimhse.

    Ráiteas ar shreafaí airgid

    111

    Tugann faisnéis maidir le sreabhadh airgid bonn d’úsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar chumas an eintitis airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim a ghiniúint agus ar an ngá atá ag an eintiteas na sreafaí airgid sin a úsáid. Leagtar amach le IAS 7 ceanglais maidir le cur i láthair agus nochtadh faisnéise maidir le sreabhadh airgid.

    Nótaí

    Struchtúr

    112

    Sna nótaí sin:

    (a)

    cuirfear faisnéis i láthair maidir le bonn ullmhúcháin na ráiteas airgeadais agus maidir leis na beartais shonracha chuntasaíochta a úsáidtear i gcomhréir le míreanna 117–124;

    (b)

    nochtfar an fhaisnéis a cheanglaítear le IFRSanna ach nach gcuirtear i láthair áit ar bith eile sna ráitis airgeadais; agus

    (c)

    soláthrófar faisnéis nach gcuirtear i láthair áit ar bith eile sna ráitis airgeadais, ach atá ábhartha chun tuiscint a fháil ar aon cheann díobh.

    113

    Cuirfidh eintiteas nótaí i láthair ar bhealach córasach, a mhéid is infheidhmithe. Agus bealach córasach á chinneadh, breithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt ar shothuigtheacht agus inchomparáideacht a ráiteas airgeadais. Gach ítim sna ráitis maidir le staid airgeadais agus sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, agus sna ráitis ar athruithe sa chothromas agus ar shreafaí airgid, déanfaidh eintiteas crostagairt d’aon fhaisnéis sna nótaí a bhaineann leo.

    114

    Áirítear an méid a leanas ar shamplaí d’ordú nó de ghrúpáil chórasach na nótaí:

    (a)

    suntasacht a thabhairt do réimsí gníomhaíochtaí an eintitis is ábhartha, dar leis, do thuiscint a fháil ar a fheidhmíocht airgeadais agus ar a staid airgeadais, amhail faisnéis maidir le gníomhaíochtaí oibriúcháin áirithe a ghrúpáil le chéile;

    (b)

    faisnéis maidir le míreanna a thomhaistear ar bhealach comhchosúil, amhail sócmhainní a thomhaistear ar luach cóir, a ghrúpáil le chéile; nó

    (c)

    ord na míreanna líne sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile agus sa ráiteas maidir le staid airgeadais a leanúint, amhail an méid a leanas:

    (i)

    ráiteas comhlíontachta le IFRSanna (féach mír 16);

    (ii)

    faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta (féach mír 117);

    (iii)

    faisnéis tacaíochta le haghaidh míreanna a chuirtear i láthair sna ráitis maidir le staid airgeadais agus sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, agus sna ráitis ar athruithe sa chothromas agus ar shreafaí airgid, san ord ina gcuirtear gach ráiteas agus gach mír líne i láthair; agus

    (iv)

    nochtaí eile, lena n-áirítear

    (1)

    dliteanais theagmhasacha (féach IAS 37) agus gealltanais chonarthacha neamhaitheanta; agus

    (2)

    nochtaí neamhairgeadais, e.g. maidir le cuspóirí agus beartais an eintitis um bainistiú riosca airgeadais (féach IFRS 7).

    115

    [Scriosta]

    116

    Féadfaidh eintiteas nótaí ina soláthraítear faisnéis maidir le bonn ullmhúcháin na ráiteas airgeadais agus maidir leis na beartais shonracha chuntasaíochta a chur i láthair mar roinn ar leithligh sna ráitis airgeadais.

    Nochtadh beartas cuntasaíochta

    117

    Déanfaidh eintiteas faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta (féach mír 7) a nochtadh. Tá faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ábhartha más féidir coinne a bheith leis go réasúnta, nuair a bhreithnítear an fhaisnéis in éineacht le faisnéis eile atá san áireamh i ráitis airgeadais eintitis, go bhféadfaidh sí tionchar a imirt ar chinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilchuspóireach ar bhonn na ráiteas airgeadais sin.

    117A

    Is faisnéis neamhábhartha faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta a bhaineann le hidirbhearta neamhábhartha nó le himeachtaí nó coinníollacha eile agus ní gá an fhaisnéis sin a nochtadh. D’fhéadfadh faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta a bheith ábhartha mar sin féin i ngeall ar chineál na n-idirbheart gaolmhar nó ar imeachtaí nó coinníollacha eile, fiú más méideanna neamhábhartha iad na méideanna. Ní faisnéis ábhartha í an fhaisnéis uile maidir le beartas cuntasaíochta a bhaineann le hidirbhearta ábhartha le himeachtaí nó coinníollacha eile, áfach.

    117B

    Meastar gur faisnéis ábhartha atá san fhaisnéis maidir le beartas cuntasaíochta más rud é go mbeadh gá ag úsáideoirí ráiteas airgeadais de chuid eintitis léi chun faisnéis ábhartha eile sna ráitis airgeadais a thuiscint. Mar shampla, is dócha go mbreithneoidh eintiteas go bhfuil faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ábhartha dá ráitis airgeadais má bhaineann an fhaisnéis sin le hidirbhearta ábhartha nó le himeachtaí nó coinníollacha eile agus sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    gur athraigh an t-eintiteas a bheartas cuntasaíochta le linn na tréimhse tuairiscithe agus gur tháinig athrú ábhartha ar an bhfaisnéis sna ráitis airgeadais mar thoradh ar an athrú sin;

    (b)

    gur roghnaigh an t-eintiteas an beartas cuntasaíochta ó rogha amháin nó níos mó a cheadaítear le IFRSanna—d’fhéadfadh cás den sórt sin teacht chun cinn dá roghnódh an t-eintiteas réadmhaoin infheistíochta a thomhas ar chostas stairiúil seachas ar luach cóir;

    (c)

    gur forbraíodh an beartas cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 in éagmais IFRS a bhfuil feidhm shonrach aige;

    (d)

    go mbaineann an beartas cuntasaíochta le réimse a bhfuil gá le heintiteas ina leith chun breithiúnais nó toimhdí suntasacha a dhéanamh maidir le beartas cuntasaíochta a chur i bhfeidhm, agus go nochtann an t-eintiteas na breithiúnais nó na toimhdí sin i gcomhréir le míreanna 122 agus 125; nó

    (e)

    go bhfuil an chuntasaíocht a bhfuil gá léi ina leith casta agus nach dtuigfeadh úsáideoirí ráitis airgeadais an eintitis na hidirbhearta ábhartha sin ná na himeachtaí ná na coinníollacha eile sin—d’fhéadfadh cás den sórt sin teacht chun cinn dá gcuirfeadh eintiteas níos mó ná IFRS amháin i bhfeidhm maidir le haicme idirbheart ábhartha.

    117C

    Le faisnéis maidir le beartas cuntasaíochta lena ndírítear ar an gcaoi ar chuir eintiteas ceanglais IFRSanna i bhfeidhm ar a chúinsí féin, soláthraítear faisnéis eintiteas-shonrach atá níos úsáidí d’úsáideoirí ráiteas airgeadais ná faisnéis chaighdeánaithe, nó faisnéis nach ndéanann ach ceanglais IFRSanna a dhúbailt nó a achoimriú.

    117D

    Má nochtann eintiteas faisnéis neamhábhartha maidir le beartas cuntasaíochta, ní dhéanfar faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a theimhliú leis an bhfaisnéis sin.

    117E

    Le conclúid ó eintiteas gur faisnéis neamhábhartha atá i bhfaisnéis maidir le beartas cuntasaíochta ní dhéanfar difear do na ceanglais ghaolmhara maidir le nochtadh a leagtar amach in IFRSanna eile.

    118

    [Scriosta]

    119

    [Scriosta]

    120

    [Scriosta]

    121

    [Scriosta]

    122

    Nochtfaidh eintiteas, in éineacht le faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta nó nótaí eile, na breithiúnais, seachas iad sin a mbaineann meastacháin leo (féach mír 125), atá déanta ag an lucht bainistíochta agus beartais chuntasaíochta an eintitis á gcur i bhfeidhm acu, agus a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais.

    123

    Agus beartais chuntasaíochta an eintitis á gcur i bhfeidhm aige, déanann an lucht bainistíochta breithiúnais áirithe, seachas iad siúd lena mbaineann meastacháin, a fhéadann difear suntasach a dhéanamh do na méideanna a aithníonn sé ina ráitis airgeadais. Déanann an lucht bainistíochta breithiúnais agus na nithe a leanas á gcinneadh aige, mar shampla:

    (a)

    [scriosta]

    (b)

    nuair a aistrítear chuig eintitis eile, go substaintiúil, gach riosca agus luaíocht úinéireachta ar shócmhainní airgeadais agus, i gcás léasóirí, sócmhainní atá faoi réir léasanna;

    (c)

    cibé acu is socruithe maoiniúcháin, ó thaobh substainte, iad díolacháin áirithe earraí nó nach iad agus nach n-eascraíonn ioncam astu más ea; agus

    (d)

    cibé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn sreafaí airgid ar dhátaí sonraithe as téarmaí conarthacha sócmhainne airgeadais ar íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc amháin atá iontu.

    124

    Ceanglaítear le IFRSanna eile roinnt de na nochtaí a dhéantar i gcomhréir le mír 122. Ceanglaítear le IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile, mar shampla, go nochtfaidh eintiteas na breithiúnais a rinne sé agus é á chinneadh cibé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé eintiteas eile. Ceanglaítear le IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta go nochtfar na critéir a d’fhorbair an t-eintiteas chun idirdhealú a dhéanamh idir réadmhaoin infheistíochta agus réadmhaoin úinéir-áitithe, agus idir sin agus réadmhaoin arna sealbhú lena díol i ngnáthchúrsa gnó, nuair is deacair réadmhaoin a aicmiú.

    Foinsí éiginnteachta meastacháin

    125

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir leis na toimhdí a dhéanann sé faoin todhchaí, agus foinsí móra eile éiginnteachta meastacháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena mbaineann riosca suntasach go ndéanfar coigeartú ábhartha dá dtoradh ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas sa chéad bhliain airgeadais eile. I leith na sócmhainní agus na ndliteanas sin, áireofar leis na nótaí mionsonraí maidir leis na nithe a leanas:

    (a)

    a gcineál, agus

    (b)

    a suim ghlanluacha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    126

    Chun suimeanna glanluacha roinnt sócmhainní agus dliteanas a chinneadh, is gá meastachán a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheadh ag teagmhais éiginnte sa todhchaí ar na sócmhainní agus na dliteanais sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. In éagmais margadhphraghsanna a breithníodh le déanaí, mar shampla, tá gá le meastacháin atá dírithe ar an todhchaí chun tomhas a dhéanamh ar an méid in-aisghabhála d’aicmí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, ar an iarmhairt ag dífheidhmeacht teicneolaíochta ar fhardail, ar fhorálacha faoi réir an toraidh a bheidh ann amach anseo ar dhlíthíocht atá idir lámha agus ar dhliteanais sochar fostaithe fhadtéarmacha amhail oibleagáidí pinsin. Bainteach leis na meastacháin sin tá toimhdí maidir le míreanna amhail an coigeartú riosca ar shreafaí airgid nó rátaí lascaine, athruithe amach anseo ar thuarastail agus athruithe amach anseo ar phraghsanna a dhéanann difear do chostais eile.

    127

    Baineann na toimhdí agus na foinsí eile éiginnteachta meastacháin a nochtar i gcomhréir le mír 125 leis na meastacháin lena gceanglaítear na breithiúnais is deacra, is suibiachtúla nó is casta a dhéanfaidh an lucht bainistíochta. Dá líonmhaire na hathraithigh agus na toimhdí a dhéanann difear don réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann amach seo ar na héiginnteachtaí, is ea is suibiachtúla agus is casta na breithiúnais sin, agus méadaíonn dá réir, de ghnáth, ar an bhféidearthacht go ndéanfar coigeartú ábhartha iarmhartach ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas.

    128

    Ní cheanglaítear na nochtaí i mír 125 le haghaidh sócmhainní ná dliteanais a mbaineann riosca suntasach leo go n-athrófar a suimeanna glanluacha go hábhartha laistigh den chéad bhliain airgeadais eile más amhlaidh, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, go dtomhaistear ar luach cóir iad bunaithe ar phraghas arna lua i margadh gníomhach le sócmhainn nó le dliteanas atá comhionann leo. D’fhéadfadh athrú ábhartha teacht ar luachanna córa den sórt sin laistigh den chéad bhliain airgeadais eile, ach ní eascródh na hathruithe sin as toimhdí ná as foinsí eile éiginnteachta meastacháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    129

    Cuireann eintiteas na nochtaí i mír 125 i láthair ar bhealach a chuidíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar na breithiúnais a dhéanann an lucht bainistíochta maidir leis an todhchaí agus maidir le foinsí eile éiginnteachta meastacháin. Bíonn cineál agus méid na faisnéise a sholáthraítear éagsúil de réir chineál na toimhde agus imthosca eile. Is samplaí iad seo a leanas de na cineálacha nochta a dhéanann eintiteas:

    (a)

    cineál na toimhde nó na héiginnteachta meastacháin eile;

    (b)

    a íogaire atá suimeanna glanluacha i leith na modhanna, na dtoimhdí agus na meastachán is bonn lena ríomh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis an íogaireacht;

    (c)

    an réiteach ionchasach ar éiginnteacht agus raon na dtorthaí a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnta laistigh den chéad bhliain airgeadais eile i leith shuimeanna glanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas dá ndéantar difear; agus

    (d)

    míniú ar athruithe a rinneadh ar thoimhdí san am a chuaigh thart maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais sin, má fhanann an éiginnteacht gan réiteach.

    130

    Ní cheanglaítear leis an gCaighdeán seo go nochtfaidh eintiteas faisnéis bhuiséid ná réamhaisnéisí buiséid agus na nochtaí i mír 125 á ndéanamh aige.

    131

    Bíonn sé dofheidhmithe uaireanta nochtadh a dhéanamh ar mhéid na n-iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag toimhde nó ag foinse eile éiginnteachta meastacháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. I gcásanna den sórt sin, nochtann an t-eintiteas go bhféadfadh sé tarlú go réasúnta, ar bhonn an eolais atá ann faoi láthair, go mbeadh gá le coigeartú ábhartha ar shuim ghlanluacha na sócmhainne nó an dliteanais dá ndéantar difear mar gheall ar thorthaí laistigh den chéad bhliain airgeadais eile a bheith éagsúil leis an toimhde. I ngach cás, nochtann an t-eintiteas cineál agus suim ghlanluacha na sócmhainne sonraí nó an dliteanais shonraigh (nó aicme sócmhainní nó dliteanas) dá ndéanann an toimhde difear.

    132

    Na nochtaí i mír 122 ar bhreithiúnais áirithe a rinne an lucht bainistíochta le linn dó beartais chuntasaíochta an eintitis a chur i bhfeidhm, ní bhaineann siad leis na nochtaí ar fhoinsí éiginnteachta meastacháin i mír 125.

    133

    Ceanglaítear le IFRSanna eile go nochtfar roinnt de na toimhdí a cheanglófaí i gcomhréir le mír 125 ina mhalairt de chás. Ceanglaítear le IAS 37, mar shampla, in imthosca sonraithe, go nochtfar toimhdí móra maidir le teagmhais sa todhchaí a dhéanann difear d’aicmí forálacha. Ceanglaítear le IFRS 13 Tomhas Luach Cóir go nochtfar toimhdí suntasacha (lena n-áirítear an teicníc (na teicnící) luachála agus na hionchuir) a úsáideann an t-eintiteas nuair a thomhaiseann sé luacha córa sócmhainní agus dliteanas arna sealbhú ar luach cóir.

    Caipiteal

    134

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chuspóirí, ar bheartais agus ar phróisis an eintitis chun caipiteal a bhainistiú.

    135

    Chun mír 134 a chomhlíonadh, nochtann an t-eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    faisnéis cháilíochtúil maidir lena chuspóirí, a bheartais agus a phróisis chun caipiteal a bhainistiú, lena n-áirítear:

    (i)

    tuairisc ar a mbainistíonn sé mar chaipiteal;

    (ii)

    nuair atá eintiteas faoi réir ceanglais chaipitil arna bhforchur go seachtrach, cineál na gceanglas sin agus conas a ionchorpraítear na ceanglais sin sa bhainistiú ar chaipiteal; agus

    (iii)

    conas a chomhlíonann sé a chuspóirí chun caipiteal a bhainistiú.

    (b)

    sonraí cainníochtúla achoimre faoi na nithe a bhainistíonn sé mar chaipiteal. Measann roinnt eintiteas gur cuid de chaipiteal é roinnt dliteanais airgeadais (e.g. roinnt cineálacha fiachais fho-ordaithe). Measann eintitis eile nach bhfuil roinnt gnéithe den chaipiteal gnáthscaireanna (e.g. comhpháirteanna a eascraíonn as fáluithe ar an sreabhadh airgid) san áireamh i gcaipiteal.

    (c)

    aon athrú ar (a) agus ar (b) ón tréimhse roimhe sin.

    (d)

    cibé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an t-eintiteas le linn na tréimhse aon cheanglas caipitil arna fhorchur go seachtrach a bhfuil sé faoina réir.

    (e)

    nuair nár chomhlíon an t-eintiteas ceanglais chaipitil den sórt sin arna bhforchur go seachtrach, iarmhairtí na neamhchomhlíontachta sin.

    Déanfaidh an t-eintiteas na nochtaí sin a bhunú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta.

    136

    Féadfaidh eintiteas caipiteal a bhainistiú ar roinnt bealaí agus a bheith faoi réir roinnt ceanglais chaipitil éagsúla. Féadfar eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí árachais agus baincéireachta a áireamh in ilchuideachta, mar shampla, agus féadfaidh na heintitis sin oibriú i roinnt dlínsí. I gcás nochtadh comhiomlán ar cheanglais chaipitil agus ar conas a bhainistítear caipiteal, nuair nach soláthródh sé sin faisnéis úsáideach nó nuair a shaobhann sé an tuiscint atá ag úsáideoir ráitis airgeadais ar acmhainní caipitil eintitis, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis ar leithligh le haghaidh gach ceanglais chaipitil a bhfuil an t-eintiteas faoina réir.

    Ionstraimí airgeadais indíola a aicmítear mar chothromas

    136A

    I gcás ionstraimí airgeadais indíola a aicmítear mar ionstraimí cothromais, nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas (a mhéid nach nochtar in áit éigin eile iad):

    (a)

    sonraí cainníochtúla achoimre maidir leis an méid a aicmítear mar chothromas;

    (b)

    a chuspóirí, a bheartais, agus a phróisis chun bainistíocht a dhéanamh ar a oibleagáid maidir le hathcheannach nó fuascailt na n-ionstraimí nuair a cheanglaíonn sealbhóirí na n-ionstraimí air sin a dhéanamh, lena n-áirítear aon athrú ón tréimhse roimhe sin;

    (c)

    eis-sreabhadh ionchasach ar fhuascailt nó athcheannach na haicme ionstraimí airgeadais sin; agus

    (d)

    faisnéis maidir leis an gcaoi ar cinneadh an t-eis-sreabhadh ionchasach ar fhuascailt nó athcheannach.

    Nochtaí eile

    137

    Nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas sna nótaí:

    (a)

    an méid díbhinní a beartaíodh nó a dearbhaíodh sular údaraíodh na ráitis airgeadais lena n-eisiúint ach nach n-aithnítear mar dháileachán ar úinéirí le linn na tréimhse, agus an méid gaolmhar in aghaidh na scaire; agus

    (b)

    méid aon díbhinne tosaíochta carnaí nach n-aithnítear.

    138

    Nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas, mura nochtar in áit éigin eile iad i bhfaisnéis a fhoilsítear in éineacht leis na ráitis airgeadais:

    (a)

    sainchónaí agus foirm dhlíthiúil an eintitis, tír a ionchorpraithe agus seoladh a oifige cláraithe (nó a phríomháite gnó i gcás nach ionann sin agus an oifig chláraithe);

    (b)

    tuairisc ar chineál oibríochtaí agus ar phríomhghníomhaíochtaí an eintitis;

    (c)

    ainm na máthairchuideachta agus ainm mháthairchuideachta deiridh an ghrúpa; agus

    (d)

    más eintiteas le saolré theoranta é, faisnéis maidir lena shaolré.

    AISTRIÚ AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    139

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má ghlacann eintiteas an Caighdeán seo maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139A

    Leasaíodh mír 106 le IAS 27 (arna leasú in 2008). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin. Cuirfear an leasú i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    139B

    Le hIonstraimí Airgeadais Indíola agus Oibleagáidí a Eascraíonn as Leachtú (Leasuithe ar IAS 32 agus IAS 1), arna eisiúint i mí Feabhra 2008, leasaíodh mír 138 agus cuireadh míreanna 8A, 80A agus 136A inti. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé na leasuithe gaolmhara ar IAS 32, IAS 39, IFRS 7 agus IFRIC 2 Scaireanna Comhaltaí in Eintitis Chomharchumainn agus Ionstraimí Comhchosúla i bhfeidhm an tráth céanna.

    139C

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh míreanna 68 agus 71. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139D

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 69. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139E

    [Scriosta]

    139F

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh míreanna 106 agus 107 agus cuireadh mír 106A leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    139G

    [Scriosta]

    139H

    Le IFRS 10 agus IFRS 12, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 4, 119, 123 agus 124. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 12 i bhfeidhm.

    139I

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 128 agus 133. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    139J

    Le Cur i láthair míreanna ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh míreanna 7, 10, 82, 85–87, 90, 91, 94, 100 agus 115, cuireadh míreanna 10A, 81A, 81B agus 82A leis, agus scriosadh míreanna 12, 81, 83 agus 84. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2012 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139K

    Le IAS 19 Sochair Fostaithe (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) leasaíodh an sainmhíniú ar ‘ioncam cuimsitheach eile’ i mír 7 agus mír 96. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 19 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    139L

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh míreanna 10, 38 agus 41, scriosadh míreanna 39–40 agus cuireadh míreanna 38A–38D agus 40A–40D leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139M

    [Scriosta]

    139N

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 34. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    139O

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 7, 68, 71, 82, 93, 95, 96, 106 agus 123 agus scriosadh míreanna 139E, 139G agus 139M. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    139P

    Le Tionscnamh Nochta (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh míreanna 10, 31, 54–55, 82A, 85, 113–114, 117, 119 agus 122, cuireadh míreanna 30A, 55A agus 85A–85B leis agus scriosadh míreanna 115 agus 120. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní cheanglaítear ar eintitis an fhaisnéis a nochtadh cheanglaítear le míreanna 28–30 de IAS 8 i ndáil leis na leasuithe sin.

    139Q

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 123. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    139R

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 7, 54 agus 82. Le Leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i mí an Mheithimh 2020, leasaíodh mír 54 tuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    139S

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, arna eisiúint in 2018, leasaíodh míreanna 7, 15, 19–20, 23–24, 28 agus 89. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin ar IAS 1 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Má chinneann eintiteas, áfach, go mbeadh an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin dofheidhmithe nó go mbainfeadh costas nó iarracht mhíchuí leis, cuirfidh sé na leasuithe ar IAS 1 i bhfeidhm faoi threoir mhíreanna 23–28, 50–53 agus 54F de IAS 8.

    139T

    Leis an Sainmhíniú ar ‘Ábhartha’ (Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8), a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh mír 7 de IAS 1 agus mír 5 de IAS 8, agus scriosadh mír 6 de IAS 8. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    139V

    Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 7, 10, 114, 117 agus 122, cuireadh míreanna 117A-117E isteach agus scriosadh míreanna 118, 119 agus 121. Leasaíodh Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt freisin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar IAS 1 i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    AISTARRAINGT IAS 1 (ARNA ATHBHREITHNIÚ IN 2003)

    140

    Cuirtear an Caighdeán seo in ionad IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, arna athbhreithniú in 2003, arna leasú in 2005.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 2

    Fardail

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta a fhorordú le haghaidh fardal. Príomh-shaincheist cuntasaíochta fardal is ea méid an chostais atá le haithint mar shócmhainn agus le tabhairt ar aghaidh go dtí go n-aithneofar na hioncaim ghaolmhara. Leis an gCaighdeán seo, soláthraítear treoraíocht maidir le costas a chinneadh agus a aithint ina dhiaidh sin mar speansas, lena n-áirítear aon díluacháil go dtí an glanluach inréadaithe. Soláthraítear treoraíocht leis freisin maidir leis na foirmlí costais a úsáidtear chun costais a shannadh d’fhardail.

    RAON FEIDHME

    2

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le gach fardal, seachas:

    (a)

    [scriosta]

    (b)

    ionstraimí airgeadais (féach IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais); agus

    (c)

    sócmhainní bitheolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta ag pointe a mbuaine (féach IAS 41 Talmhaíocht).

    3

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an tomhas ar fhardail arna sealbhú ag:

    (a)

    táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus foraoiseachta, táirgí talmhaíochta tar éis na buana, agus mianraí agus táirgí mianraí, a mhéid a thomhaistear ag glanluach inréadaithe iad i gcomhréir le cleachtais sheanbhunaithe sna tionscail sin. Nuair a thomhaistear fardail den sórt sin ag glanluach inréadaithe, aithnítear athruithe ar an luach sin i mbrabús nó i gcaillteanas i dtréimhse an athraithe;;

    (b)

    bróicéirí-trádálaithe tráchtearraí a thomhaiseann a bhfardail ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol. Nuair a thomhaistear fardail den sórt sin ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, déantar athruithe ar an luach cóir lúide costais a bhaineann le díol a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas i dtréimhse an athraithe.

    4

    Déantar na fardail dá dtagraítear i mír 3(a) a thomhas ag glanluach inréadaithe ag céimeanna áirithe den táirgeadh. Tarlaíonn sin, mar shampla, nuair a dhéantar barra talmhaíochta a bhuain nó mianraí a eastóscadh agus nuair atá a ndíol cinnte faoi chonradh réamhcheaptha nó faoi ráthaíocht rialtais, nó nuair atá margadh gníomhach ann agus gan ach riosca diomaibhseach go mainneofar ar a ndíol. Eisiatar na fardail sin ó cheanglais tomhais an chaighdeáin seo agus uathu sin amháin.

    5

    Is iad bróicéirí-trádálaithe iad siúd a cheannaíonn nó a dhíolann tráchtearraí ar son páirtithe eile nó ar a son féin. Faightear na fardail dá dtagraítear i mír 3(b) go príomha chun iad a dhíol go luath amach anseo agus brabús a ghiniúint as luaineachtaí sa phraghas nó i gcorrlach bróicéirí-trádálaithe. Nuair a thomhaistear na fardail sin ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, is ó cheanglais tomhais an chaighdeáin seo amháin a eisiatar iad.

    SAINMHÍNITHE

    6

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    fardail ina sócmhainní:

    (a)

    á sealbhú le díol sa ghnáthchúrsa gnó;

    (b)

    i bpróiseas táirgthe le haghaidh an díolacháin sin; nó

    (c)

    i bhfoirm ábhar nó soláthairtí lena n-ídiú le linn an phróisis táirgthe nó le linn seirbhísí a thabhairt.

     

    Is éard is glanluach inréadaithe ann an praghas díola measta i ngnáthchúrsa an ghnó lúide costais mheasta an chomhlánaithe agus na costais mheasta is gá chun an díolachán a dhéanamh.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

    7

    Tagraíonn glanluach inréadaithe don ghlanmhéid a bhfuil coinne ag eintiteas lena réadú ó fhardal a dhíol i ngnáthchúrsa an ghnó. Léirítear le luach cóir an praghas ag a ndéanfaí idirbheart ordúil chun an fardal céanna a dhíol sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) le haghaidh an fhardail sin idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. Baineann an chéad luach sin go sonrach le heintiteas; ní bhaineann an dara luach go sonrach le heintiteas. Féadfar nach mbeidh glanluach inréadaithe le haghaidh fardal cothrom le luach cóir lúide costais a bhaineann le díol.

    8

    Cuimsíonn fardail freisin earraí a cheannaítear agus a shealbhaítear lena n-athdhíol lena n-áirítear, mar shampla, marsantacht a cheannaíonn agus a shealbhaíonn an miondíoltóir lena n-athdhíol, nó talamh agus maoin eile arna sealbhú lena athdhíol. Cuimsíonn fardail freisin earraí críochnaithe a táirgeadh, nó obair idir lámha atá á táirgeadh, ag an eintiteas agus áirítear iontu ábhair agus soláthairtí ar feitheamh úsáid sa phróiseas táirgeachta. Costais a tabhaíodh chun conradh le custaiméir a chomhlíonadh nach siocair le fardail iad (ná sócmhainní faoi raon feidhme Caighdeáin eile), cuirtear san áireamh iad i gcomhréir le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí.

    TOMHAS FARDAL

    9

    Cibé acu is ísle, costas nó glanluach inréadaithe, is aige sin a thomhaisfear fardail.

    Costas fardal

    10

    Cuimseofar i gcostas fardal costais cheannaigh, costais chlaochlúcháin agus na costais eile uile a tabhaíodh chun na fardail a thabhairt chomh fada leis an suíomh agus an riocht ina bhfuil siad faoi láthair.

    Costais cheannaigh

    11

    Is éard atá i gcostais cheannaigh fardal an praghas ceannaigh, dleachtanna ar allmhairithe agus cánacha eile (seachas iad siúd atá in-aisghabhála ag an eintiteas ó na húdaráis chánach ina dhiaidh sin), agus costais iompair, láimhseála agus costais eile is inchurtha go díreach i leith táirgí críochnaithe, ábhair agus seirbhísí a fháil. Asbhaintear lascainí trádála, lacáistí agus míreanna comhchosúla eile agus na costais cheannaigh á gcinneadh.

    Costais chlaochlúcháin

    12

    Áirítear le costais chlaochlúcháin fardal costais a bhaineann go díreach leis na haonaid táirgthe, amhail saothar díreach. Áirítear leo freisin leithdháileadh córasach forchostas táirgthe seasta agus athraitheach a thabhaítear agus ábhair á gclaochlú ina n-earraí críochnaithe. Is éard is forchostais táirgthe sheasta ann na costais indíreacha táirgthe sin a fhanann réasúnta tairiseach gan beann ar an méid táirgeachta, amhail dímheas agus cothabháil ar fhoirgnimh mhonarchan, ar threalamh agus ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, agus an costas bainistíochta agus riaracháin monarchan. Is éard is forchostais táirgthe athraitheacha ann na costais indíreacha táirgthe sin a athraíonn, go díreach, nó nach mór go díreach, de réir an mhéid táirgeachta, amhail ábhair indíreacha agus saothar indíreach.

    13

    Is ar ghnáthacmhainn na saoráidí táirgthe a bhunaítear leithdháileadh forchostas táirgthe seasta ar chostais chlaochlúcháin. Is éard is gnáthacmhainn ann an táirgeacht a bhfuil coinne lena baint amach thar roinnt tréimhsí nó séasúr faoi ghnáthdhálaí, agus an caillteanas acmhainneachta a leanann as cothabháil phleanáilte á chur san áireamh. Féadfar leibhéal iarbhír an táirgthe a úsáid más neastachán ar an ngnáthacmhainn é. Ní dhéantar an méid forchostais sheasta a leithdháiltear ar gach aonad a mhéadú de thoradh táirgeachta ísle nó gléasra dhíomhaoin. Aithnítear forchostais neamh-leithdháilte mar speansais sa tréimhse ina dtabhaítear iad. I dtréimhsí táirgeachta thar a bheith ard, déantar an méid forchostais sheasta a leithdháiltear ar gach aonad a laghdú ionas nach dtomhaistear fardail os cionn an chostais. Léithdháiltear forchostais táirgthe athraitheacha ar gach aonad táirgthe ar bhonn úsáid iarbhír na saoráidí táirgthe.

    14

    Féadfar níos mó ná táirge amháin a tháirgeadh i gcomhthráth de thoradh próisis tháirgthe. Is amhlaidh an cás, mar shampla, nuair a tháirgtear táirgí comhpháirteacha nó nuair atá príomhtháirge agus fotháirge ann. Nuair nach bhfuil costais chlaochlúcháin gach táirge inaitheanta ar leithligh, leithdháiltear idir na táirgí iad ar bhonn réasúnaíoch comhsheasmhach. D’fhéadfadh an leithdháileadh a bheith bunaithe, mar shampla, ar luach díolachán coibhneasta gach táirge ag céim an phróisis tháirgthe nó nuair a thagann na táirgí chun bheith inaitheanta ar leithligh, nó ar thabhairt i gcrích an táirgthe. Tá an chuid is mó d’fhotháirgí neamhábhartha mar gheall ar a gcineál. Nuair is amhlaidh an cás, tomhaistear go minic ag glanluach inréadaithe iad agus asbhaintear an luach sin ó chostas an phríomhtháirge. Dá thoradh sin, níl suim ghlanluacha an phríomhtháirge éagsúil lena chostas ó thaobh ábharthachta.

    Costais eile

    15

    Ní áirítear costais eile i gcostas fardal ach amháin a mhéid a thabhaítear iad chun na fardail a thabhairt chomh fada leis an suíomh agus an riocht ina bhfuil siad faoi láthair. D’fhéadfadh sé a bheith iomchuí, mar shampla, forchostais neamhtháirgthe nó costais as táirgí a dhearadh do chustaiméirí sonracha a áireamh sa chostas fardal.

    16

    Is samplaí de chostais a eisiatar ó chostas fardal agus a aithnítear mar speansais sa tréimhse ina thabhaítear iad na nithe a leanas:

    (a)

    méideanna neamhghnácha ábhar a chuirtear amú, costais saothair nó costais táirgthe eile;

    (b)

    costais stórála, mura bhfuil gá leis na costais sin sa phróiseas táirgthe roimh chéim bhreise táirgthe;

    (c)

    forchostais riaracháin nach rannchuidíonn le fardail a thabhairt chomh fada leis an suíomh agus an riocht ina bhfuil siad faoi láthair; agus

    (d)

    costais a bhaineann le díol.

    17

    Sainaithnítear in IAS 23 Costais Iasachtaíochta imthosca teoranta ina n-áirítear costais iasachtaíochta sa chostas fardal.

    18

    Féadfaidh eintiteas fardail a cheannach ar théarmaí socraíochta iarchurtha. Nuair atá eilimint mhaoiniúcháin sa socrú, go héifeachtach, is mar speansas úis thar thréimhse an mhaoiniúcháin a aithnítear an eilimint sin, mar shampla an difríocht idir an praghas ceannaigh le haghaidh gnáth-théarmaí creidmheasa agus an méid a íocadh.

    19

    [Scriosta]

    Costas táirgí talmhaíochta a bhuaintear ó shócmhainní bitheolaíocha

    20

    Fardail ina bhfuil táirgí talmhaíochta a bhuain eintiteas óna shócmhainní bitheolaíocha, tomhaistear iad ag a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol nuair a aithnítear ar dtús iad ag pointe a mbuaine i gcomhréir le IAS 41 Talmhaíocht. Sin é costas na bhfardal ar an dáta sin le haghaidh chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo.

    Teicnící chun costas a thomhas

    21

    Féadfar teicnící chun costas fardal a thomhas, amhail an modh costais chaighdeánaigh nó an modh miondíola, a úsáid ar mhaithe le háisiúlacht más neastachán ar chostas iad na torthaí. Cuirtear gnáthleibhéil ábhar agus soláthairtí, saothar, éifeachtúlacht agus úsáid an chumais táirgthe san áireamh i gcostais chaighdeánacha. Déantar athbhreithniú go tráthrialta orthu agus leasaítear iad, más gá, i bhfianaise dálaí reatha.

    22

    Is minic a úsáidtear an modh miondíola sa tionscal miondíola chun fardail a thomhas ina bhfuil líonta móra míreanna de chorrlaigh chomhchosúla a athraíonn go tapa agus a bhfuil sé dofheidhmithe modhanna eile costála a úsáid lena n-aghaidh. Cinntear costas an fhardail tríd an gcéatadán ollchorrlaigh iomchuí a dhealú ó luach díolachán an fhardail. Cuirtear fardal a marcáladh síos faoi bhun a phraghais díola bhunaidh san áireamh sa chéatadán a úsáidtear. Úsáidtear meánchéatadán go minic le haghaidh gach roinne miondíola.

    Foirmlí costais

    23

    Costas fardal míreanna nach mbíonn idirmhalartaithe de ghnáth agus earraí nó seirbhísí a tháirgtear agus a dheighltear le haghaidh tionscadail shonracha, sannfar é ag úsáid sainaithint shonrach ar a gcostais aonair.

    24

    Ciallaíonn sainaithint shonrach ar chostas go gcuirtear costais shonracha i leith míreanna sainaitheanta fardail. Is é sin an cur chuige iomchuí le haghaidh míreanna a dheighltear le haghaidh tionscadail shonracha, gan beann ar cibé acu ar ceannaíodh nó ar táirgeadh iad. Ní iomchuí é sainaithint shonrach ar chostais, áfach, nuair atá líonta móra míreanna fardail ann a bhíonn idirmhalartaithe de ghnáth. In imthosca den sórt sin, d’fhéadfaí modh ina roghnaítear na míreanna sin a fhanann i bhfardail a úsáid chun iarmhairtí réamhchinnte ar bhrabús nó ar chaillteanas a fháil.

    25

    Déanfar costas fardal, seachas iad siúd a ndéileáiltear i mír 23 leo, a shannadh tríd an bhfoirmle is túisce isteach is túisce amach (FIFO) nó trí fhoirmle an mheánchostais ualaithe a úsáid. Bainfidh eintiteas úsáid as an bhfoirmle costais chéanna le haghaidh gach fardail atá comhchosúil leis an eintiteas ó thaobh cineáil agus úsáide de. I gcás fardal a bhfuil cineál nó úsáid éagsúil acu, d’fhéadfadh údar a bheith le foirmlí éagsúla costais.

    26

    Fardail a úsáidtear i ndeighleog oibriúcháin amháin, mar shampla, d’fhéadfadh an úsáid a bhaineann an t-eintiteas astu a bheith éagsúil leis an gcineál céanna fardal a úsáidtear i ndeighleog oibriúcháin eile. Ní leordhóthanach ann féin, áfach, fardail a bheith i suíomhanna geografacha éagsúla (nó rialacha cánach na suíomhanna sin faoi seach a bheith éagsúil) chun údar a thabhairt le húsáid foirmlí éagsúla costais.

    27

    Toimhdítear leis an bhfoirmle FIFO gurb iad na míreanna fardail is túisce a ceannaíodh nó a táirgeadh is túisce a dhíoltar, agus dá bhrí sin gurb iad na míreanna a fhanann i bhfardal ag deireadh na tréimhse iad na cinn is déanaí a ceannaíodh nó a táirgeadh. Faoi fhoirmle an mheánchostais ualaithe, déantar costas gach míre a chinneadh ó mheánchostas ualaithe míreanna comhchosúla ag tús tréimhse agus ó chostas míreanna comhchosúla a ceannaíodh nó a táirgeadh le linn na tréimhse. Féadfar an meánchostas a ríomh ar bhonn tréimhsiúil, nó de réir mar a fhaightear gach lastas breise, ag brath ar imthosca an eintitis.

    Glanluach inréadaithe

    28

    Féadfar nach mbeidh costas fardal in-aisghabhála má rinneadh damáiste d’fhardail, má chuaigh siad as feidhm go hiomlán nó go páirteach, nó má tháinig laghdú ar a bpraghsanna díola. Féadfar nach mbeidh costas fardal in-aisghabhála ach an oiread má tháinig méadú ar chostais mheasta an tabhairt i gcrích nó ar na costais a mheastar a thabhófar chun an díolachán a dhéanamh. An cleachtas ina ndéantar fardail a dhíluacháil faoi bhun an chostais go dtí an glanluach inréadaithe, tá sé comhsheasmhach leis an dearcadh nár cheart sócmhainní a shealbhú ina méideanna de bhreis orthu siúd a bhfuil coinne lena réadú ó dhíol nó ó úsáid na sócmhainní sin.

    29

    Is de réir míre de ghnáth a dhíluacháiltear fardail go dtí an glanluach inréadaithe. In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh sé a bheith iomchuí míreanna comhchosúla nó gaolmhara a ghrúpáil. Féadfaidh sé sin a bheith amhlaidh i gcás míreanna fardail a bhaineann leis an líne táirgí chéanna a bhfuil cuspóirí nó úsáidí deiridh comhchosúla acu, a tháirgtear agus a mhargaítear sa limistéar geografach céanna, agus nach féidir meastóireacht ar leithligh ó mhíreanna eile sa líne táirgí sin a dhéanamh orthu i gcleachtas. Ní iomchuí fardail a dhíluacháil ar bhonn aicmithe fardail, mar shampla, earraí críochnaithe, nó na fardail uile i ndeighleog oibriúcháin áirithe.

    30

    Tá meastacháin ar ghlanluach inréadaithe bunaithe ar an bhfianaise is iontaofa atá ar fáil tráth a dhéantar na meastacháin ar an méid a bhfuil coinne leis go réadófar na fardail. Cuirtear san áireamh leis na meastacháin sin luaineachtaí praghais nó costais a bhaineann go díreach le teagmhais a tharlaíonn i ndiaidh dheireadh na tréimhse a mhéid a dheimhníonn teagmhais den sórt sin na dálaí a bhí ann ag deireadh na tréimhse.

    31

    Cuirtear san áireamh i meastacháin ar ghlanluach inréadaithe freisin an cuspóir atá le sealbhú an fhardail. Glanluach inréadaithe na cainníochta fardail arna sealbhú chun conarthaí daingne díolacháin nó seirbhíse a chomhlíonadh, mar shampla, tá sé bunaithe ar an bpraghas conartha. Más lú luach na gconarthaí díolacháin ná luach na gcainníochtaí fardail arna sealbhú, tá glanluach inréadaithe an bharrachais bunaithe ar phraghsanna ginearálta díola. D’fhéadfadh forálacha eascairt as conarthaí daingne díolacháin de bhreis ar chainníochtaí fardail arna sealbhú nó as conarthaí daingne ceannaigh. Déileáiltear le forálacha den sórt sin faoi IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.

    32

    Ábhair agus soláthairtí eile arna sealbhú lena n-úsáid chun fardail a tháirgeadh, ní dhíluacháiltear faoi bhun an chostais iad má tá coinne leis go ndéanfar na táirgí críochnaithe ina mbeidh siad ionchorpraithe a dhíol de réir an chostais nó os cionn an chostais. Nuair a léirítear le laghdú ar phraghas ábhar go bhfuil costas na dtáirgí críochnaithe níos mó ná an glanluach inréadaithe, áfach, díluacháiltear na hábhair go dtí an glanluach inréadaithe. In imthosca den sórt sin, féadfar gurb é costas athsholáthair na n-ábhar an tomhas is fearr atá ar fáil ar a nglanluach inréadaithe.

    33

    Déantar measúnú nua ar ghlanluach inréadaithe gach tréimhse ina dhiaidh sin. Nuair nach ann a thuilleadh do na himthosca ba chúis roimhe sin le díluacháil fardal faoi bhun an chostais, nó nuair atá fianaise shoiléir ann gur tháinig méadú ar ghlanluach inréadaithe mar gheall ar athruithe ar imthosca eacnamaíocha, cealaítear méid na díluachála (i.e. tá an cealú teoranta do mhéid na díluachála bunaidh) ionas gurb í an tsuim ghlanluacha í cibé ceann is ísle, an costas nó an glanluach inréadaithe athbhreithnithe. Tarlaíonn sin, mar shampla, nuair atá mír fardail arna sealbhú ag a glanluach inréadaithe, de bhrí gur tháinig laghdú ar a praghas díola, fós ar láimh i dtréimhse ina dhiaidh sin agus méadú tagtha ar a praghas díola.

    AITHEANTAS MAR SPEANSAS

    34

    Nuair a dhíoltar fardail, aithneofar suim ghlanluacha na bhfardal sin mar speansas sa tréimhse ina n-aithneofar an t-ioncam gaolmhar. Méid aon díluacháil fardal go dtí an glanluach inréadaithe agus gach caillteanas fardal, aithneofar mar speansas iad sa tréimhse ina dtarlaíonn an díluacháil nó an caillteanas. Méid aon chealú ar aon díluacháil fardal, a eascraíonn as méadú ar an nglanluach inréadaithe, is mar laghdú ar mhéid na bhfardal a aithnítear mar speansas sa tréimhse ina dtarlaíonn an cealú sin a aithneofar é.

    35

    D’fhéadfaí roinnt fardal a leithdháileadh ar chuntais sócmhainne eile, mar shampla, fardal a úsáidtear mar chomhpháirt réadmhaoine, gléasra nó trealaimh fhéin-chomhdhéanta. Fardail a leithdháiltear ar shócmhainn eile ar an mbealach sin, aithnítear mar speansas le linn shaolré úsáide na sócmhainne sin iad.

    NOCHTADH

    36

    Nochtfar sna ráitis airgeadais:

    (a)

    na beartais chuntasaíochta a ghlactar chun fardail a thomhas, lena n-áirítear an fhoirmle chostais a úsáidtear;

    (b)

    an tsuim ghlanluacha fardal san iomlán agus an tsuim ghlanluacha in aicmithe is iomchuí don eintiteas;

    (c)

    an tsuim ghlanluacha fardal arna sealbhú ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol;

    (d)

    an méid fardal a aithnítear mar speansas le linn na tréimhse;

    (e)

    méid aon díluacháil fardal a aithnítear mar speansas sa tréimhse i gcomhréir le mír 34;

    (f)

    méid aon chealú ar aon díluacháil a aithnítear mar laghdú ar mhéid na bhfardal a aithnítear mar speansas sa tréimhse i gcomhréir le mír 34;

    (g)

    na himthosca nó na teagmhais as ar eascair cealú díluachála fardal i gcomhréir le mír 34; agus

    (h)

    an tsuim ghlanluacha fardal a ghealltar mar urrús le haghaidh dliteanas.

    37

    An faisnéis maidir leis na suimeanna glanluacha arna sealbhú in aicmithe éagsúla fardal agus méid na n-athruithe ar na sócmhainní sin, tá sí úsáideach d’úsáideoirí ráiteas airgeadais. Is aicmithe coitianta fardal iad earraí ar díol, soláthairtí táirgthe, ábhair, obair idir lámha agus earraí críochnaithe.

    38

    Is éard atá i méid na bhfardal a aithnítear mar speansas sa tréimhse, dá ngairtear costas díolachán go minic, na costais sin a áiríodh roimhe sin i dtomhas an fhardail atá díolta anois agus forchostais táirgthe neamh-leithdháilte agus méideanna neamhghnácha costas táirgthe fardal. Féadfar gur gá méideanna eile, amhail costais dáileacháin, a áireamh leo mar gheall ar imthosca an eintitis.

    39

    Glacann roinnt eintiteas formáid le haghaidh brabúis nó caillteanais a bhfuil sé mar thoradh uirthi go nochtar méideanna seachas an costas fardal a aithnítear mar speansas le linn na tréimhse. Faoin bhformáid sin, cuireann eintiteas anailís ar speansais i láthair ag úsáid aicmiú bunaithe ar chineál na speansas. Sa chás sin, nochtann an t-eintiteas costais a aithnítear mar speansas le haghaidh amhábhar agus tomhaltán, costais saothair agus costais eile in éineacht le méid an ghlanathraithe ar fhardail le haghaidh na tréimhse.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    40

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    40A

    [Scriosta]

    40B

    [Scriosta]

    40C

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 6 agus leasaíodh mír 7. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    40D

    [Scriosta]

    40E

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 2, 8, 29 agus 37 agus scriosadh mír 19. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    40F

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 2 agus scriosadh míreanna 40A, 40B agus 40D. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    40G

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2016, leasaíodh mír 12. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    41

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 2 Fardail (arna athbhreithniú in 1993).

    42

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad SIC-1 Comhsheasmhacht — Foirmlí Éagsúla Costais le haghaidh Fardal.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 7

    Ráiteas ar Shreafaí Airgid  (2)

    CUSPÓIR

    Faisnéis maidir le sreafaí airgid thirim de chuid eintitis, tá sí úsáideach chun bonn a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar chumas an eintitis airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim a ghiniúint agus ar an ngá atá ag an eintiteas na sreafaí airgid sin a úsáid. Is gá meastóireacht ar chumas eintitis airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim a ghiniúint, agus ar uainiú agus ar chinnteacht a nginiúna, le haghaidh na gcinntí eacnamaíocha a dhéanann úsáideoirí.

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo é a chur de cheangal ar eintiteas faisnéis maidir leis na hathruithe stairiúla ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid thirim a sholáthar trí bhíthin ráitis ar shreafaí airgid ina n-aicmítear sreafaí airgid le linn na tréimhse ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin.

    RAON FEIDHME

    1

    Ullmhóidh eintiteas ráiteas ar shreafaí airgid i gcomhréir le riachtanais an chaighdeáin seo agus cuirfidh sé i láthair mar dhlúthchuid dá ráitis airgeadais é le haghaidh gach tréimhse a gcuirtear ráitis airgeadais i láthair lena n-aghaidh.

    2

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 7 Ráiteas ar Athruithe sa staid airgeadais, arna fhormheas i mí Iúil 1977.

    3

    Tá leas ag úsáideoirí ráiteas airgeadais eintitis sa chaoi a ngineann agus a n-úsáideann an t-eintiteas airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim. Is amhlaidh sin gan beann ar chineál gníomhaíochtaí an eintitis agus gan beann ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas gurb é táirge an eintitis é airgead tirim, rud a d’fhéadfaidh a bheith amhlaidh i gcás institiúide airgeadais. Tá airgead tirim de dhíth ar eintitis ar na cúiseanna céanna, go bunúsach, dá éagsúla iad a bpríomhghníomhaíochtaí táirgthe ioncaim. Tá airgead tirim de dhíth orthu chun a n-oibríochtaí a dhéanamh, a n-oibleagáidí a íoc agus torthaí a sholáthar dá n-infheisteoirí. Dá réir sin, ceanglaítear leis an gcaighdeán seo ar gach eintiteas ráiteas ar shreafaí airgid a chur i láthair.

    TAIRBHÍ AS FAISNÉIS MAIDIR LE SREABHADH AIRGID

    4

    Nuair a úsáidtear ráiteas ar shreafaí airgid in éineacht leis an gcuid eile de na ráitis airgeadais, soláthraítear faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí meastóireacht a dhéanamh ar na hathruithe ar ghlansócmhainní eintitis, ar a struchtúr airgeadais (lena n-áirítear a leachtacht agus a shócmhainneacht) agus ar a chumas difear a dhéanamh do mhéideanna agus d’uainiú sreafaí airgid chun oiriúnú do luainiú imthosca agus deiseanna. Tá faisnéis maidir le sreabhadh airgid thirim úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar chumas an eintitis airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim a ghiniúint agus cuireann sí ar a gcumas d’úsáideoirí samhlacha a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar luach reatha sreafaí airgid todhchaí eintiteas éagsúil agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Cuirtear feabhas freisin ar inchomparáideacht na tuairiscithe a dhéanann eintitis éagsúla ar fheidhmíocht oibriúcháin toisc go gcuireann sé deireadh leis na hiarmhairtí a bhaineann le cineálacha éagsúla cur chuige cuntasaíochta a úsáid le haghaidh na n-idirbheart agus na dteagmhas céanna.

    5

    Is minic a úsáidtear faisnéis stairiúil maidir le sreabhadh airgid mar tháscaire ar mhéid, ar uainiú agus ar chinnteacht sreafaí airgid todhchaí. Tá sé úsáideach freisin chun seiceáil a dhéanamh ar a chruinne a bhí measúnuithe a rinneadh san am a chuaigh thart ar shreafaí airgid todhchaí agus chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir brabúsacht agus sreabhadh airgid glan agus ar thionchar an luainithe praghsanna.

    SAINMHÍNITHE

    6

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is airgead tirim ann airgead ar láimh agus taiscí prapéilimh.

     

    Is éard is coibhéisí airgid thirim ann infheistíochtaí gearrthéarmacha, fíorleachtacha atá in-chomhshóite go héasca ina méideanna airgid is eol agus atá faoi réir riosca neamhshuntasach maidir le hathruithe ar a luach.

     

    Is éard is sreafaí airgid thirim ann insreafaí agus eis-sreafaí airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim.

     

    Is éard is gníomhaíochtaí oibriúcháin ann príomhghníomhaíochtaí táirgthe ioncaim an eintitis agus gníomhaíochtaí eile nach gníomhaíochtaí infheistíochta ná maoiniúcháin iad.

     

    Is éard is gníomhaíochtaí infheistíochta ann fáil agus diúscairt sócmhainní fadtéarmacha agus infheistíochtaí eile nach n-áirítear i gcoibhéisí airgid thirim.

     

    Is éard is gníomhaíochtaí maoiniúcháin ann gníomhaíochtaí a leanann athruithe ar mhéid agus ar chomhdhéanamh chothromas agus iasachtaí ranníoctha an eintitis astu.

    Airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim

    7

    Sealbhaítear coibhéisí airgid thirim chun gealltanais ghearrthéarmacha i leith airgead tirim a chomhlíonadh seachas chun críche infheistíochta nó chun críoch eile. Chun go gcáileoidh infheistíocht mar choibhéis airgid, ní mór di a bheith in-chomhshóite go héasca ina méid airgid is eol agus faoi réir riosca neamhshuntasach maidir le hathruithe ar a luach. Dá bhrí sin, cáilítear infheistíocht mar choibhéis airgid de ghnáth nuair atá tréimhse ghearr aibíochta aici, 3 mhí ón dáta fála nó níos lú ná sin, cuir i gcás. Tá infheistíochtaí cothromais eisiata ó choibhéisí airgid ach amháin i gcás gur coibhéisí airgid thirim ó thaobh substainte iad, stoic tosaíochta a fhaightear laistigh de thréimhse ghearr dá n-aibíocht agus le dáta fuascailte sonraithe, mar shampla.

    8

    Meastar go ginearálta gur gníomhaíochtaí maoiniúcháin iad iasachtaí bainc. I roinnt tíortha, áfach, is dlúthchuid den bhainistíocht a dhéanann eintiteas ar airgead tirim iad rótharraingtí bainc atá inaisíoctha arna éileamh sin. Sna himthosca sin, áirítear rótharraingtí bainc mar chomhpháirt d’airgead tirim agus de choibhéisí airgid. Is saintréith de shocruithe baincéireachta den sórt sin é go luainítear go minic idir iarmhéid deimhneach bainc agus iarmhéid rótharraingthe a bheith ann.

    9

    Eisiatar ó shreafaí airgid gluaiseachtaí idir míreanna arb é atá iontu airgead tirim nó coibhéisí airgid thirim toisc gur cuid den bhainistíocht a dhéanann eintiteas ar airgead tirim iad na comhpháirteanna sin seachas cuid dá ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin. Áirítear leis an mbainistíocht a dhéantar ar airgead tirim barrachas airgid thirim a infheistiú i gcoibhéisí airgid thirim.

    CUR I LÁTHAIR RÁITEAS AR SHREAFAÍ AIRGID

    10

    Sa ráiteas ar shreafaí airgid, tuairisceofar sreafaí airgid le linn na tréimhse a aicmítear de réir gníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin.

    11

    Cuireann eintiteas a shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin i láthair ar an mbealach is iomchuí dá ghnó. Soláthraíonn an t-aicmiú de réir gníomhaíochta faisnéis a thugann caoi d’úsáideoirí measúnú a dhéanamh ar thionchar na ngníomhaíochtaí sin ar staid airgeadais an eintitis agus ar mhéid a airgid thirim agus a choibhéisí airgid. Féadfar an fhaisnéis sin a úsáid freisin chun meastóireacht a dhéanamh ar chaidrimh i measc na ngníomhaíochtaí sin.

    12

    D’fhéadfadh sreafaí airgid nach bhfuil aicmithe mar an gcéanna a bheith san áireamh in aon idirbheart amháin. Nuair a áirítear ús agus caipiteal araon le haisíocaíocht iasachta in airgead tirim, mar shampla, féadfar an eilimint infheistíochta a aicmiú mar ghníomhaíocht oibriúcháin agus an ghné chaipitil mar ghníomhaíocht maoiniúcháin.

    Gníomhaíochtaí oibriúcháin

    13

    Tá an méid sreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí oibriúcháin ina phríomhtháscaire ar a mhéid atá oibríochtaí an eintitis tar éis sreafaí airgid leordhóthanacha a ghiniúint chun iasachtaí a aisíoc, cumas oibriúcháin an eintitis a choinneáil ar bun, díbhinní a íoc agus infheistíochtaí nua a dhéanamh gan dul in iontaoibh foinsí seachtracha maoiniúcháin. I dteannta faisnéise eile, tá faisnéis maidir le comhpháirteanna sonracha sreafaí airgid oibriúcháin stairiúla úsáideach chun sreafaí airgid oibriúcháin todhchaí a thuar.

    14

    Tá sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin díorthaithe go príomha ó phríomhghníomhaíochtaí gnóthaithe ioncaim an eintitis. Dá bhrí sin, tagann siad go ginearálta as na hidirbhearta agus as imeachtaí eile lena mbaineann agus brabús nó caillteanas á chinneadh. Seo a leanas samplaí de shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin:

    (a)

    fáltais airgid ó dhíol earraí agus ó sheirbhísí a thabhairt;

    (b)

    fáltais airgid ó ríchíosanna, táillí, coimisiúin agus ioncam eile;

    (c)

    íocaíochtaí in airgead tirim le soláthróirí as earraí agus seirbhísí;

    (d)

    íocaíochtaí in airgead tirim le fostaithe agus thar a gceann;

    (e)

    [scriosta]

    (f)

    íocaíochtaí in airgead tirim nó aisíocaíochtaí cánacha ioncaim ach amháin más féidir iad a shainaithint go sonrach le gníomhaíochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta; agus

    (g)

    fáltais airgid agus íocaíochtaí in airgead tirim ó chonarthaí arna sealbhú chun críche déileála nó trádála.

    Féadfaidh gnóthachan nó caillteanas a áirítear i mbrabús nó i gcaillteanas aitheanta a eascairt as roinnt idirbheart, amhail díol míre gléasra. Is sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí infheistíochta iad na sreafaí airgid a bhaineann le hidirbhearta den sórt sin. Is sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin iad íocaíochtaí in airgead tirim chun sócmhainní a mhonarú nó a fháil, ar sócmhainní iad arna sealbhú lena ligean ar cíos le páirtithe eile agus arna sealbhú ina dhiaidh sin lena ndíol, mar a thuairiscítear i mír 68A de IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh. Is sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin freisin iad na fáltais airgid ó shócmhainní den sórt sin a ligean ar cíos agus a dhíol ina dhiaidh sin.

    15

    Féadfaidh eintiteas urrúis agus iasachtaí a shealbhú chun críocha déileála nó trádála, ach sa chás sin tá siad comhchosúil le fardal arna fháil go sonrach lena athdhíol. Dá bhrí sin, is mar ghníomhaíochtaí oibriúcháin a aicmítear sreafaí airgid a eascraíonn as urrúis déileála nó trádála a cheannach agus a dhíol. Ar an gcuma chéanna, is mar ghníomhaíochtaí oibriúcháin, de ghnáth, a aicmítear airleacain agus iasachtaí airgid a dhéanann institiúidí airgeadais ós rud é go mbaineann siad le príomhghníomhaíocht táirgthe ioncaim an eintitis sin.

    Gníomhaíochtaí infheistíochta

    16

    Tá sé tábhachtach sreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí infheistíochta a nochtadh ar leithligh toisc go léirítear leis na sreafaí airgid a mhéid a rinneadh caiteachais ar acmhainní atá beartaithe ioncam agus sreafaí airgid todhchaí a ghiniúint. Níl ach caiteachais as a leanann sócmhainn a aithnítear sa ráiteas maidir le staid airgeadais incháilithe dá n-aicmiú mar ghníomhaíochtaí infheistíochta. Is samplaí iad seo de shreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí infheistíochta:

    (a)

    íocaíochtaí in airgead tirim chun réadmhaoin, gléasra agus trealamh, sócmhainní doláimhsithe agus sócmhainní fadtéarmacha eile a fháil. Áirítear leis na híocaíochtaí sin iad siúd a bhaineann le costais forbartha chaipitlithe agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh féin-chomhdhéanta;

    (b)

    fáltais airgid ó dhíol réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, sócmhainní doláimhsithe agus sócmhainní fadtéarmacha eile;

    (c)

    íocaíochtaí in airgead tirim chun cothrom nó ionstraimí fiachais eintiteas eile agus leasanna i gcomhfhiontair a fháil (seachas íocaíochtaí ar na hionstraimí sin a mheastar a bheith ina gcoibhéisí airgid thirim nó iad sin arna sealbhú chun críocha déileála nó trádála);

    (d)

    fáltais airgid ó dhíol cothromais nó ionstraimí fiachais eintiteas eile agus leasanna i gcomhfhiontair (seachas fáltais ó na hionstraimí sin a mheastar a bheith ina gcoibhéisí airgid thirim agus iad sin arna sealbhú chun críocha déileála nó trádála);

    (e)

    airleacain agus iasachtaí airgid a thugtar do pháirtithe eile (seachas airleacain agus iasachtaí a thugann institiúid airgeadais);

    (f)

    fáltais airgid ó aisíocaíocht airleacan agus iasachtaí a thugtar do pháirtithe eile (seachas airleacain agus iasachtaí a thugann institiúid airgeadais);

    (g)

    íocaíochtaí in airgead tirim le haghaidh conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha, conarthaí céadrogha agus conarthaí babhtála seachas i gcás ina mbeidh na conarthaí á sealbhú chun críocha déileála nó trádála, nó ina n-aicmeofar na híocaíochtaí mar ghníomhaíochtaí maoiniúcháin; agus

    (h)

    fáltais airgid ó chonarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha, conarthaí céadrogha agus conarthaí babhtála seachas ina mbeidh na conarthaí á sealbhú chun críocha déileála nó trádála, nó ina n-aicmeofar na fáltais mar ghníomhaíochtaí maoiniúcháin.

    Nuair a dhéantar cuntasaíocht ar chonradh mar fhálú ar shuíomh inaitheanta, aicmítear sreafaí airgid an chonartha ar an mbealach céanna a n-aicmítear sreafaí airgid an tsuímh atá á fhálú.

    Gníomhaíochtaí maoiniúcháin

    17

    Tá sé tábhachtach sreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin a nochtadh ar leithligh toisc go bhfuil an nochtadh sin úsáideach chun éilimh soláthraithe caipitil don eintiteas ar shreafaí airgid todhchaí a thuar. Is samplaí iad seo de shreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin:

    (a)

    fáltais airgid ó eisiúint scaireanna nó ionstraimí cothromais eile;

    (b)

    íocaíochtaí in airgead tirim le húinéirí chun scaireanna an eintitis a fháil nó a fhuascailt;

    (c)

    fáltais airgid ó eisiúint bintiúr, iasachtaí, nótaí, bannaí, morgáistí agus iasachtaí gearrthéarmacha nó fadtéarmacha eile;

    (d)

    aisíocaíochtaí in airgead tirim ar mhéideanna arna bhfáil ar iasacht; agus

    (e)

    íocaíochtaí airgid arna ndéanamh ag léasaí ar an dliteanas amuigh a bhaineann le léas a laghdú.

    SREAFAÍ AIRGID Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRIÚCHÁIN A THUAIRISCIÚ

    18

    Déanfaidh eintiteas sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin a thuairisciú ag úsáid ceann de na modhanna a leanas:

    (a)

    an modh díreach, ina nochtar móraicmí ollfháltas airgid agus ollíocaíochtaí in airgead tirim; nó

    (b)

    an modh indíreach, ina ndéantar brabús nó caillteanas a choigeartú i leith iarmhairtí idirbheart de chineál neamhairgid, aon chur siar nó aon fhabhrú ar fháltais airgid oibriúcháin nó íocaíochtaí oibriúcháin in airgead tirim a rinneadh roimhe seo nó a dhéanfar sa todhchaí, agus míreanna ioncaim nó speansais a bhaineann le sreafaí airgid infheistíochta nó maoiniúcháin.

    19

    Moltar d’eintitis sreafaí airgid a thuairisciú ar leithligh ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin ag úsáid an mhodha dhírigh. Leis an modh díreach, soláthraítear faisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun meastachán a dhéanamh ar shreafaí airgid todhchaí agus nach bhfuil ar fáil faoin modh indíreach. Faoin modh díreach, féadfar faisnéis maidir le móraicmí ollfháltas airgid agus ollíocaíochtaí in airgead tirim a fháil:

    (a)

    ó thaifid chuntasaíochta an eintitis; nó

    (b)

    ó choigeartú a dhéanamh ar dhíolacháin, ar chostas díolachán (ús agus ioncam comhchosúil agus speansas úis agus táillí comhchosúla d’institiúid airgeadais) agus ar mhíreanna eile sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach le haghaidh na nithe a leanas:

    (i)

    athruithe le linn na tréimhse ar fhardail agus ar shuimeanna oibriúcháin infhaighte agus iníoctha;

    (ii)

    míreanna neamhairgid eile; agus

    (iii)

    míreanna eile arb iad a n-iarmhairtí airgid iad sreafaí airgid a infheistiú nó a mhaoiniú.

    20

    Faoin modh indíreach, déantar an sreabhadh airgid glan ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin a chinneadh trí bhrabús nó trí chaillteanas a choigeartú i leith iarmhairtí na nithe a leanas:

    (a)

    athruithe le linn na tréimhse ar fhardail agus ar shuimeanna oibriúcháin infhaighte agus iníoctha;

    (b)

    míreanna neamhairgid amhail dímheas sócmhainní, forálacha, cáin iarchurtha, gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh neamhréadaithe, agus brabúis choimeádta ar idirbhearta le comhlaigh; agus

    (c)

    gach mír eile arb iad a n-iarmhairtí airgid iad sreafaí airgid a infheistiú nó a mhaoiniú.

    De mhalairt air sin, féadfar an sreabhadh airgid glan ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin a chur i láthair faoin modh indíreach trí na hioncaim agus na speansais a nochtar sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach agus na hathruithe le linn na tréimhse ar fhardail agus ar shuimeanna oibriúcháin infhaighte agus iníoctha a thaispeáint.

    SREAFAÍ AIRGID Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ INFHEISTÍOCHTA AGUS MAOINIÚCHÁIN A THUAIRISCIÚ

    21

    Déanfaidh eintiteas móraicmí ollfháltas airgid agus ollíocaíochtaí in airgead tirim a eascraíonn as gníomhaíochtaí infheistíochta agus maoiniúcháin a thuairisciú ar leithligh, seachas a mhéid a dhéantar sreafaí airgid a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 22 agus 24 a thuairisciú ar ghlanbhonn.

    SREAFAÍ AIRGID A THUAIRISCIÚ AR GHLANBHONN

    22

    Féadfar sreafaí airgid a eascraíonn as na gníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta nó maoiniúcháin a leanas a thuairisciú ar ghlanbhonn:

    (a)

    fáltais airgid agus íocaíochtaí in airgead tirim thar ceann custaiméirí nuair a léirítear leis na sreafaí airgid gníomhaíochtaí an chustaiméara seachas gníomhaíochtaí an eintitis; agus

    (b)

    fáltais airgid agus íocaíochtaí in airgead tirim as míreanna a bhfuil láimhdeachas mear agus tréimhsí gearra aibíochta acu agus a bhfuil méideanna móra díobh ann.

    23

    Is samplaí iad seo d’fháltais airgid agus d’íocaíochtaí in airgead tirim dá dtagraítear i mír 22(a):

    (a)

    glacadh agus aisíoc taiscí bainc ar éileamh;

    (b)

    cistí arna sealbhú ag eintiteas infheistíochta le haghaidh custaiméirí; agus

    (c)

    cíosanna arna mbailiú thar ceann úinéirí réadmhaoine agus arna n-íoc leo.

    23A

    Is samplaí d’fháltais airgid agus d’íocaíochtaí in airgead tirim dá dtagraítear i mír 22(b) iad airleacain arna ndéanamh le haghaidh na nithe a leanas, agus aisíoc na nithe seo:

    (a)

    príomhshuimeanna a bhaineann le custaiméirí cárta creidmheasa;

    (b)

    ceannach agus díol infheistíochtaí; agus

    (c)

    iasachtaí gearrthéarmacha eile, mar shampla iad siúd a bhfuil tréimhse aibíochta 3 mhí nó níos lú ná sin acu.

    24

    Féadfar sreafaí airgid a eascraíonn as gach ceann de na gníomhaíochtaí a leanas ag institiúid airgeadais a thuairisciú ar ghlanbhonn:

    (a)

    fáltais airgid agus íocaíochtaí in airgead tirim as glacadh agus aisíoc taiscí a bhfuil dáta aibíochta seasta acu;

    (b)

    láithriú taiscí in institiúidí airgeadais eile agus aistarraingt taiscí uathu; agus

    (c)

    airleacain airgid agus iasachtaí arna dtabhairt do chustaiméirí agus aisíoc na n-airleacan agus na n-iasachtaí sin.

    SREAFAÍ AIRGID IN AIRGEADRA EACHTRAIGH

    25

    Sreafaí airgid a eascraíonn as idirbhearta in airgeadra eachtrach, taifeadfar in airgeadra feidhmiúil eintitis iad tríd an ráta malairte idir an t-airgeadra feidhmiúil agus an t-airgeadra eachtrach ar dháta an tsreafa airgid a chur i bhfeidhm ar mhéid an airgeadra eachtraigh.

    26

    Aistreofar sreafaí airgid fochuideachta eachtraí de réir na rátaí malairte idir an t-airgeadra feidhmiúil agus an t-airgeadra eachtrach ar dhátaí na sreafaí airgid.

    27

    Sreafaí airgid a ainmnítear in airgeadra eachtrach, tuairiscítear iad ar bhealach atá comhsheasmhach le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí. Leis sin, ceadaítear úsáid ráta malairte atá ina neastachán ar an ráta iarbhír. Féadfar meánráta malairte ualaithe do thréimhse a úsáid chun idirbhearta in airgeadra eachtrach nó aistriú sreafaí airgid fochuideachta eachtraí a thaifeadadh, mar shampla. Ní cheadaítear le IAS 21, áfach, go n-úsáidfí an ráta malairte ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nuair a aistrítear sreafaí airgid fochuideachta eachtraí.

    28

    Ní sreafaí airgid iad gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe a eascraíonn as athruithe ar rátaí malairte airgeadra eachtraigh. Tuairiscítear iarmhairt athruithe ar rátaí malairte ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid arna sealbhú nó dlite in airgead eachtrach, áfach, sa ráiteas ar shreafaí airgid chun airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim ag tús agus deireadh na tréimhse a réiteach. Cuirtear an méid sin i láthair ar leithligh ó shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin agus áirítear leis na difríochtaí, más ann dóibh, dá dtuairisceofaí na sreafaí airgid sin ag rátaí malairte dheireadh na tréimhse.

    29

    [Scriosta]

    30

    [Scriosta]

    ÚS AGUS DÍBHINNÍ

    31

    Déanfar sreafaí airgid ó ús agus ó dhíbhinní arna bhfáil agus arna n-íoc a nochtadh ar leithligh. Aicmeofar an dá cheann go comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse mar ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta nó maoiniúcháin.

    32

    Déantar an méid úis a íocadh le linn tréimhse a nochtadh sa ráiteas ar shreafaí airgid cibé ar aithníodh mar speansas i mbrabús nó i gcaillteanas nó ar caipitlíodh é i gcomhréir le IAS 23 Costais Iasachtaíochta.

    33

    Is mar shreafaí airgid oibriúcháin de ghnáth a aicmítear ús a íocadh agus ús agus díbhinní arna bhfáil le haghaidh institiúid airgeadais. Níl comhdhearcadh ann, áfach, maidir le haicmiú na sreafaí airgid sin le haghaidh eintiteas eile. Féadfar ús a íocadh agus ús agus díbhinní arna bhfáil a aicmiú mar shreafaí airgid oibriúcháin toisc go gcuirtear san áireamh iad agus brabús nó caillteanas á chinneadh. De mhalairt air sin, féadfar ús a íocadh agus ús agus díbhinní arna bhfáil a aicmiú mar shreafaí airgid maoiniúcháin agus mar shreafaí airgid infheistíochta faoi seach toisc gur costais iad as acmhainní airgeadais nó as torthaí ar infheistíochtaí a fháil.

    34

    Féadfar díbhinní arna n-íoc a aicmiú mar shreabhadh airgid maoiniúcháin toisc gur costais iad as acmhainní airgeadais a fháil. De mhalairt air sin, féadfar díbhinní arna n-íoc a aicmiú mar chomhpháirt sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí cumas eintitis díbhinní a íoc as sreafaí airgid oibriúcháin a chinneadh.

    CÁNACHA AR IONCAM

    35

    Déanfar sreafaí airgid a eascraíonn as cánacha ar ioncam a nochtadh ar leithligh agus a aicmiú mar shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin ach amháin más féidir iad a shainaithint go sonrach le gníomhaíochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta.

    36

    Eascraíonn cánacha ar ioncam as idirbhearta is siocair le sreafaí airgid a aicmítear mar ghníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta nó maoiniúcháin i ráiteas ar shreafaí airgid. Cé go bhféadfaí speansas cánach a shainaithint go héasca le gníomhaíochtaí infheistíochta nó maoiniúcháin, is minic is dofheidhmithe na sreafaí airgid cánach gaolmhara a shainaithint agus féadfaidh siad teacht chun cinn i dtréimhse atá éagsúil le sreafaí airgid an idirbhirt fholuitigh. Dá bhrí sin, is mar shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin, de ghnáth, a aicmítear cánacha a íocadh. Nuair is féidir an sreabhadh airgid cánach a shainaithint i gcleachtas le hidirbheart aonair as a n-eascraíonn sreafaí airgid a aicmítear mar ghníomhaíochtaí infheistíochta nó maoiniúcháin, áfach, is mar ghníomhaíocht infheistíochta nó maoiniúcháin a aicmítear an sreabhadh airgid cánach mar is iomchuí. Nuair a leithdháiltear sreafaí airgid cánach ar níos mó ná aicme amháin gníomhaíochta, nochtar an méid iomlán cánacha a íocadh.

    INFHEISTÍOCHTAÍ I BHFOCHUIDEACHTAÍ, I GCOMHLAIGH AGUS I GCOMHFHIONTAIR

    37

    Nuair atá cuntasaíocht á déanamh ar infheistíocht i gcomhlach, i gcomhfhiontar nó i bhfochuideachta ar a ndearnadh cuntasaíocht trí bhíthin mhodh an chothromais nó an chostais, déanann infheisteoir a thuairisciú sa ráiteas ar shreafaí airgid a theorannú do na sreafaí airgid idir é féin agus an institiúid infheistiúcháin, do dhíbhinní agus d’airleacain, mar shampla.

    38

    Eintiteas a úsáideann modh an chothromais chun a leas i gcomhlach nó i gcomhfhiontar a thuairisciú, áiríonn sé ina ráiteas ar shreafaí airgid na sreafaí airgid i leith a chuid infheistíochtaí sa chomhlach nó sa chomhfhiontar, agus dáileacháin agus íocaíochtaí nó fáltais eile idir é féin agus an comhlach nó an comhfhiontar.

    ATHRUITHE AR LEASANNA ÚINÉIREACHTA I BHFOCHUIDEACHTAÍ AGUS I NGNÓLACHTAÍ EILE

    39

    Na sreafaí airgid comhiomlána a eascraíonn as fáil nó cailleadh rialaithe ar fhochuideachtaí nó ar ghnólachtaí eile, cuirfear i láthair ar leithligh agus aicmeofar mar ghníomhaíochtaí infheistíochta iad.

    40

    I ndáil leis an dá rud seo araon, fáil agus cailleadh rialaithe ar fhochuideachtaí nó ar ghnólachtaí eile le linn na tréimhse, nochtfaidh eintiteas gach ceann de na nithe a leanas ar bhonn comhiomlán:

    (a)

    an méid iomlán comaoine arna íoc nó arna fháil;

    (b)

    an sciar den chomaoin ina bhfuil airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim;

    (c)

    an méid airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim sna fochuideachtaí nó i ngnóthaí eile ar a bhfaightear nó ar a gcailltear rialú; agus

    (d)

    an méid sócmhainní agus dliteanas seachas airgead tirim nó coibhéisí airgid thirim sna fochuideachtaí nó sna gnólachtaí eile ar a bhfaightear nó ar a gcailltear rialú, arna n-achoimriú de réir gach mórchatagóire.

    40A

    Ní gá d’eintiteas infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, míreanna 40(c) ná 40(d) a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht i bhfochuideachta is gá a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    41

    Na hiarmhairtí ar shreafaí airgid a bhaineann le fáil nó cailleadh rialaithe ar fhochuideachtaí nó ar ghnólachtaí eile, nuair a chuirtear na hiarmhairtí sin i láthair ar leithligh mar mhíreanna líne aonair, in éineacht le nochtadh ar leithligh ar na méideanna sócmhainní agus dliteanas a fhaightear nó a dhiúscraítear, is cuidiú é chun idirdhealú a dhéanamh idir na sreafaí airgid sin agus na sreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin eile. Ní dhéantar na hiarmhairtí ar shreafaí airgid a bhaineann le rialú a chailleadh a asbhaint astu sin a bhaineann le rialú a fháil.

    42

    Méid comhiomlán an airgid thirim arna íoc nó arna fháil mar chomaoin as fáil nó cailleadh rialaithe ar fhochuideachtaí nó ar ghnólachtaí eile, tuairiscítear sa ráiteas ar shreafaí airgid é glan ó airgead tirim agus ó choibhéisí airgid arna bhfáil nó arna ndiúscairt mar chuid d’idirbhearta, de theagmhais nó d’athruithe den sórt sin ar imthosca.

    42A

    Sreafaí airgid a eascraíonn as athruithe ar leasanna úinéireachta i bhfochuideachta nach leanann caillteanas i rialú astu, aicmeofar mar shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin iad, ach amháin má tá fochuideachta arna sealbhú ag eintiteas infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10, agus más gá í a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    42B

    Athruithe ar leasanna úinéireachta i bhfochuideachta nach leanann caillteanas i rialú astu, amhail ionstraimí cothromais fochuideachta arna gceannach nó arna ndíol ag máthairchuideachta ina dhiaidh sin, déantar cuntasaíocht orthu mar idirbhearta cothromais (féach IFRS 10), ach amháin má tá an fhochuideachta arna sealbhú ag eintiteas infheistíochta agus más gá í a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. Dá réir sin, aicmítear na sreafaí airgid a leanann astu ar an mbealach céanna a n-aicmítear idirbhearta eile le húinéirí a dtugtar tuairisc orthu i mír 17.

    IDIRBHEARTA NEAMHAIRGID

    43

    Beidh idirbhearta infheistíochta agus maoiniúcháin nach gá airgead tirim ná coibhéisí airgid thirim a úsáid lena n-aghaidh eisiata ó ráiteas ar shreafaí airgid. Nochtfar idirbhearta den sórt sin in áit éigin eile sna ráitis airgeadais ar bhealach ina soláthraítear an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na gníomhaíochtaí infheistíochta agus maoiniúcháin sin.

    44

    Níl tionchar díreach ag go leor gníomhaíochtaí infheistíochta agus maoiniúcháin ar shreafaí airgid reatha cé go ndéanann siad difear do struchtúr caipitil agus sócmhainní eintitis. Is comhsheasmhach leis an rud is cuspóir do ráiteas ar shreafaí airgid é idirbhearta neamhairgid a eisiamh ón ráiteas ar shreafaí airgid, ós rud é nach bhfuil sreafaí airgid sa tréimhse reatha i gceist leis na míreanna sin. Is samplaí iad seo d’idirbhearta neamhairgid:

    (a)

    sócmhainní a fháil trí dhliteanais a bhaineann go díreach leo a ghabháil nó trí léas;

    (b)

    eintiteas a fháil trí eisiúint chothromais; agus

    (c)

    tiontú fiachais ina chothromas.

    ATHRUITHE AR DHLITEANAIS A EASCRAÍONN AS GNÍOMHAÍOCHTAÍ MAOINIÚCHÁIN

    44A

    Soláthróidh eintiteas nochtaí a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar athruithe ar dhliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin, lena n-áirítear athruithe a eascraíonn as sreafaí airgid agus as athruithe neamhairgid.

    44B

    A mhéid a bhfuil gá leis chun an ceanglas i mír 44A a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas na hathruithe a leanas ar dhliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin:

    (a)

    athruithe ó shreafaí airgid maoiniúcháin;

    (b)

    athruithe a eascraíonn as fáil nó cailleadh rialaithe ar fhochuideachtaí nó ar ghnólachtaí eile;

    (c)

    iarmhairt athruithe ar rátaí malairte eachtraí;

    (d)

    athruithe ar luachanna córa; agus

    (e)

    athruithe eile.

    44C

    Dliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin, is dliteanais iad a bhfuil a sreafaí airgid, nó a mbeidh a sreafaí airgid todhchaí, arna n-aicmiú sa ráiteas ar shreafaí airgid mar shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin. Ina theannta sin, tá feidhm ag an gceanglas nochta i mír 44 maidir le hathruithe ar shócmhainní airgeadais freisin (sócmhainní a fhálaíonn dliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin, mar shampla) má áiríodh sreafaí airgid ó na sócmhainní airgeadais sin, nó má tharlaíonn go n-áireofar sreafaí airgid todhchaí uathu, le sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin.

    44D

    Bealach amháin is féidir an ceanglas nochta i mír 44 a chomhlíonadh is ea réiteach idir na hiarmhéideanna tosaigh agus deiridh a sholáthar sa ráiteas maidir le staid airgeadais le haghaidh dliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin, lena n-áirítear na hathruithe a shainaithnítear i mír 44B. I gcás ina nochtann eintiteas réiteach den sórt sin, soláthróidh sé faisnéis leordhóthanach chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais míreanna a áirítear sa réiteach a nascadh leis an ráiteas maidir le staid airgeadais agus leis an ráiteas ar shreafaí airgid.

    44E

    Má sholáthraíonn eintiteas an nochtadh a cheanglaítear le mír 44A in éineacht le nochtaí maidir le hathruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais eile, déanfaidh sé na hathruithe ar dhliteanais a eascraíonn as gníomhaíochtaí maoiniúcháin a nochtadh ar leithligh ó athruithe ar na sócmhainní agus na dliteanais eile sin.

    COMHPHÁIRTEANNA AIRGID THIRIM AGUS COIBHÉISÍ AIRGID THIRIM

    45

    Nochtfaidh eintiteas na comhpháirteanna airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim agus déanfaidh sé réiteach ar na méideanna a chur i láthair ina ráiteas ar shreafaí airgid agus tuairisceofar na míreanna coibhéiseacha sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

    46

    I bhfianaise a liacht cleachtas bainistithe airgid thirim agus socrú baincéireachta atá ann ar fud an domhain agus chun IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais a chomhlíonadh, nochtann eintiteas an beartas a ghlacann sé chun comhdhéanamh airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim a chinneadh.

    47

    Iarmhairt aon athrú ar an mbeartas chun comhpháirteanna airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim a chinneadh, athrú ar aicmiú ionstraimí airgeadais a measadh roimhe seo a bheith mar chuid de phunann infheistíochta eintitis, mar shampla, tuairiscítear sin i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    NOCHTAÍ EILE

    48

    Nochtfaidh eintiteas méid na n-iarmhéideanna suntasacha airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim arna sealbhú ag an eintiteas nach bhfuil ar fáil le haghaidh a n-úsáide ag an ngrúpa, mar aon le tráchtaireacht bhainistíochta.

    49

    Tá imthosca éagsúla ann ina bhfuil iarmhéideanna airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim arna sealbhú ag eintiteas gan bheith ar fáil le haghaidh a n-úsáide ag an ngrúpa. Is samplaí díobh sin iad iarmhéideanna airgid thirim agus coibhéisí airgid thirim arna sealbhú ag fochuideachta a oibríonn i dtír ina bhfuil rialuithe malairte nó srianta dlíthiúla eile i bhfeidhm nuair nach bhfuil na hiarmhéideanna ar fáil le haghaidh a n-úsáide ginearálta ag an máthairchuideachta ná ag fochuideachtaí eile.

    50

    D’fhéadfadh faisnéis bhreise a bheith ábhartha d’úsáideoirí chun tuiscint a fháil ar staid airgeadais agus leachtacht eintitis. Moltar an fhaisnéis sin a nochtadh, mar aon le tráchtaireacht bhainistíochta, agus d’fhéadfaí na nithe a leanas a áireamh léi:

    (a)

    an méid saoráidí iasachta neamhtharraingthe a d’fhéadfaidh a bheith ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibriúcháin amach anseo agus chun gealltanais chaipitil a shocrú, lena léirítear aon srian ar úsáid na saoráidí sin;

    (c)

    an méid comhiomlán sreafaí airgid atá ina méaduithe ar acmhainn oibríochtúil, ach iad a nochtadh ar leithligh ó na sreafaí airgid sin a bhfuil gá leo chun acmhainn oibríochtúil a choinneáil ar bun; agus

    (d)

    an méid sreafaí airgid a eascraíonn as gníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin gach deighleoige intuarascála (féach IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin).

    51

    Nochtadh sreafaí airgid atá ina méaduithe ar acmhainn oibríochtúil ar leithligh ó shreafaí airgid a bhfuil gá leo chun acmhainn oibríochtúil a choinneáil ar bun, is úsáideach sin chun é a chur ar a chumas don úsáideoir a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas ag déanamh infheistíocht leordhóthanach chun a acmhainn oibríochtúil a choinneáil ar bun. Mura ndéanann eintiteas infheistíocht leordhóthanach chun a acmhainn oibríochtúil a choinneáil ar bun, d’fhéadfaidh sé a bheith ag déanamh dochar dá bhrabúsacht amach anseo ar mhaithe lena leachtacht faoi láthair agus le dáileacháin ar úinéirí.

    52

    Cuireann nochtadh sreafaí airgid de réir deighleoige ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaidreamh idir sreafaí airgid na gnólachta ar an iomlán agus sreafaí airgid a comhpháirteanna agus ar infhaighteacht agus éagsúlacht sreafaí airgid de réir deighleoige.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    53

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1994 nó ina dhiaidh sin.

    54

    Le IAS 27 (arna leasú in 2008) leasaíodh míreanna 39-42 agus cuireadh míreanna 42A agus 42B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin. Cuirfear na leasuithe i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    55

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír 14. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé mír 68A de IAS 16 i bhfeidhm.

    56

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 16. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    57

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 37, 38 agus 42B agus scriosadh mír 50(b). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    58

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 42A agus 42B agus cuireadh mír 40A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe uile a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    59

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 17 agus 44. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    60

    Le Tionscnamh Nochta (Leasuithe ar IAS 7), arna eisiúint i mí Eanáir 2016, cuireadh míreanna 44A–44E leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2017 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Nuair a chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair, ní cheanglaítear air faisnéis chomparáideach a sholáthar le haghaidh na dtréimhsí roimhe sin.

    61

    Le IFRS 17 Conarthaí Árachais, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 14. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 8

    Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo na critéir a fhorordú chun beartais chuntasaíochta a roghnú agus a athrú, mar aon leis an gcur chuige cuntasaíochta agus an nochtadh maidir le hathruithe ar bheartais chuntasaíochta, athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta agus ceartuithe earráidí. Leis an gcaighdeán, tá sé beartaithe feabhas a chur ar ábharthacht agus iontaofacht ráiteas airgeadais eintitis, agus ar inchomparáideacht na ráiteas airgeadais sin thar thréimhse ama agus le ráitis airgeadais eintiteas eile.

    2

    Leagtar amach in IAS 1 Ráitis Airgeadais a Chur i Láthair ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh beartais chuntasaíochta, seachas na ceanglais a bhaineann le hathruithe ar bheartais chuntasaíochta.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm agus beartais chuntasaíochta á roghnú agus á gcur i bhfeidhm, agus cuirfear san áireamh ann athruithe ar bheartais chuntasaíochta, athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta agus ceartuithe ar earráidí réamhthréimhse.

    4

    Na hiarmhairtí cánach atá ag ceartuithe ar earráidí réamhthréimhse agus ag coigeartuithe cúlghabhálacha a rinneadh chun athruithe a chur i bhfeidhm ar bheartais chuntasaíochta, cuirtear iad san áireamh agus nochtar iad i gcomhréir le IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    SAINMHÍNITHE

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is é is beartais chuntasaíochta ann na prionsabail shonracha, na boinn shonracha, na coinbhinsiúin shonracha, na rialacha sonracha agus na cleachtais shonracha a chuireann eintiteas i bhfeidhm agus ráitis airgeadais á n-ullmhú agus á gcur i láthair.

     

    Is é atá i meastacháin chuntasaíochta méideanna airgeadaíochta i ráitis airgeadais atá faoi réir neamhchinnteacht tomhais.

     

    Is é is Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna) ann Caighdeáin agus Léirmhínithe arna n-eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB). Is éard atá iontu:

    (a)

    Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

    (b)

    Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta;

    (c)

    Léirmhínithe IFRIC; agus

    (d)

    Léirmhínithe SIC (3).

     

    Tugtar sainmhíniú ar ‘ Ábhartha ’ i mír 7 de IAS 1 agus úsáidtear é sa Chaighdeán seo leis an mbrí chéanna.

     

    Is é is earráidí réamhthréimhse ann easnaimh agus míráitis i ráitis airgeadais an eintitis le haghaidh tréimhse amháin roimhe sin nó níos mó a thagann chun cinn toisc nár baineadh úsáid as faisnéis iontaofa nó gur baineadh mí-úsáid as faisnéis iontaofa, ar faisnéis í a raibh an méid seo a leanas fíor ina leith:

    (a)

    bhí sí ar fáil nuair a údaraíodh ráitis airgeadais le haghaidh na dtréimhsí sin lena n-eisiúint; agus

    (b)

    d’fhéadfaí a bheith ag súil leis le réasún go bhfuarthas í agus gur gcuireadh san áireamh í agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú agus á gcur i láthair.

     

    Áirítear sna hearráidí sin na héifeachtaí a bhíonn ag botúin mhatamaiticiúla, botúin maidir le cur i bhfeidhm beartas cuntasaíochta, dearmaid nó míthuiscintí fíoras, agus calaois.

     

    Is é is cur i bhfeidhm cúlghabhálach ann beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta, le teagmhais eile agus le coinníollacha amhail agus gur cuireadh an beartas sin i bhfeidhm riamh.

     

    Is é is athráiteas cúlghabhálach ann méideanna eilimintí de ráitis airgeadais a aithint, a thomhas agus a nochtadh amhail agus nár tharla earráid réamhthréimhse riamh.

     

    Dofheidhmithe Tá sé dofheidhmithe ceanglas a chur i bhfeidhm i gcás nach féidir leis an eintiteas é a chur i bhfeidhm tar éis dó gach iarracht réasúnach a dhéanamh é sin a dhéanamh. Le haghaidh tréimhse áirithe roimhe sin, tá sé dofheidhmithe athrú a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ar bheartas cuntasaíochta nó athráiteas cúlghabhálach a dhéanamh chun earráid a cheartú sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach féidir na héifeachtaí a bhaineann leis an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach nó leis an athráiteas cúlghabhálach a chinneadh;

    (b)

    i gcás ina bhfuil gá le toimhdí faoina mbeadh ar intinn ag an lucht bainistíochta sa tréimhse sin le haghaidh an chur i bhfeidhm chúlghabhálaigh nó an athráitis chúlghabhálaigh; nó

    (c)

    i gcás ina bhfuil gá le meastacháin shuntasacha ar mhéideanna le haghaidh an chur i bhfeidhm chúlghabhálaigh nó an athráitis chúlghabhálaigh, agus nach féidir idirdhealú oibiachtúil a dhéanamh idir an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na meastacháin sin:

    (i)

    faisnéis ina soláthraítear fianaise ar imthosca a bhí ann ar an dáta nó ar na dátaí ar a ndearnadh na méideanna sin a aithint, a thomhas nó a nochtadh; agus

    (ii)

    faisnéis a bheadh ar fáil nuair a údaraíodh ráitis airgeadais le haghaidh na dtréimhsí sin lena n-eisiúint;

    idir an fhaisnéis sin agus faisnéis eile.

     

    Is é atá i gceist le cur i bhfeidhm ionchasach athraithe ar bheartas cuntasaíochta agus le héifeacht athraithe ar mheastachán cuntasaíochta a aithint, faoi seach, an méid seo a leanas:

    (a)

    an beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta, le teagmhais eile agus le coinníollacha a tharlaíonn tar éis an dáta ar a n-athraítear an beartas; agus

    (b)

    éifeacht an athraithe ar an meastachán cuntasaíochta a aithint sa tréimhse reatha agus i dtréimhsí amach anseo a ndéanfar difear dóibh de bharr an athraithe.

    6

    [Scriosta]

    BEARTAIS CHUNTASAÍOCHTA

    Beartais chuntasaíochta a roghnú agus a chur i bhfeidhm

    7

    I gcás ina bhfuil feidhm shonrach ag IFRS maidir le hidirbheart, le teagmhas eile nó le coinníoll, cinnfear an beartas cuntasaíochta nó na beartais chuntasaíochta a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an ítim sin tríd an gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a chur i bhfeidhm.

    8

    Leagtar amach in IFRSanna beartais chuntasaíochta ar tháinig IASB ar an gconclúid go dtagann ráitis airgeadais astu, ar ráitis airgeadais iad ina bhfuil faisnéis ábhartha agus iontaofa maidir leis na hidirbhearta, na teagmhais eile agus na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir leo. Ní gá na beartais sin a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil an éifeacht a bhaineann lena gcur i bhfeidhm ábhartha. Mar sin féin, níl sé iomchuí imeachtaí neamhábhartha ó IFRSanna a dhéanamh, ná iad a fhágáil neamhcheartaithe, chun cur i láthair ar leith a bhaint amach maidir le staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais nó sreafaí airgid eintitis.

    9

    Tá treoraíocht ag gabháil le IFRSanna chun cúnamh a thabhairt d’eintitis a gceanglais a chur i bhfeidhm. Luaitear i ngach treoraíocht den sórt cé acu atá nó nach bhfuil sí ina dlúthchuid de IFRSanna. Tá treoraíocht atá ina dlúthchuid de IFRSanna éigeantach. Treoraíocht nach bhfuil ina dlúthchuid de IFRSanna, ní bhíonn ceanglais maidir le ráitis airgeadais inti.

    10

    In éagmais IFRS a bhfuil feidhm shonrach aige maidir le hidirbheart, le teagmhas eile nó le coinníoll, bainfidh an lucht bainistíochta úsáid as a bhreithiúnas agus beartas cuntasaíochta á fhorbairt agus á chur i bhfeidhm aige, ar beartas cuntasaíochta é as a dtagann faisnéis a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

    (a)

    faisnéis atá ábhartha maidir le riachtanais na n-úsáideoirí i ndéanamh cinntí eacnamaíocha; agus

    (b)

    faisnéis atá iontaofa, sa chaoi agus go bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith na ráiteas airgeadais:

    (i)

    is léiriú dílis iad ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais agus ar shreafaí airgid an eintitis;

    (ii)

    is léiriú iad ar an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann le hidirbhearta, le teagmhais eile agus le coinníollacha, agus ní ar an bhfoirm dhlíthiúil amháin;

    (iii)

    tá siad neodrach, i.e. saor ó laofacht;

    (iv)

    tá siad stuama; agus

    (v)

    tá siad comhlánaithe ar gach slí ábhartha.

    11

    Agus an breithiúnas ar a dtugtar tuairisc i mír 10 á dhéanamh ag an lucht bainistíochta, déanfaidh sé tagairt do na foinsí seo a leanas, agus breithneoidh siad infheidhmeacht na bhfoinsí sin, in ord íslitheach:

    (a)

    na ceanglais in IFRSanna lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhchosúla agus gaolmhara; agus

    (b)

    na sainmhínithe, na critéir aitheantais agus na coincheapa tomhais le haghaidh sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus costas sa Chreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais (Creat Coincheapúil) (4).

    12

    Agus an breithiúnas ar a dtugtar tuairisc i mír 10 á dhéanamh ag an lucht bainistíochta, féadfaidh sé breithniú a dhéanamh freisin ar na fógairtí is déanaí ó chomhlachtaí socraithe caighdeán eile a úsáideann creat coincheapúil comhchosúil chun caighdeáin chuntasaíochta, litríocht chuntasaíochta eile agus cleachtais tionscail a bhfuil glacadh leo a fhorbairt, a mhéid nach dtagann siad sin salach ar na foinsí i mír 11.

    Comhsheasmhacht beartas cuntasaíochta

    13

    Déanfaidh eintiteas a bheartais chuntasaíochta a roghnú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le haghaidh idirbhearta comhchosúla, teagmhais eile chomhchosúla agus coinníollacha comhchosúla, seachas i gcás ina gceanglaítear go sonrach le IFRS, nó ina gceadaítear le IFRS, ítimí a chatagóiriú, rud a bhféadfadh beartais éagsúla a bheith iomchuí lena aghaidh. Má cheanglaítear nó má cheadaítear catagóiriú den sórt sin le IFRS, déanfar beartas cuntasaíochta iomchuí a roghnú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach catagóir.

    Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

    14

    Ní dhéanfaidh eintiteas athrú ar bheartas cuntasaíochta ach amháin más fíor an méid seo a leanas i leith an athraithe:

    (a)

    ceanglaítear an t-athrú le IFRS; nó

    (b)

    mar thoradh ar an athrú, soláthraítear faisnéis iontaofa agus níos ábhartha maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le hidirbhearta, le teagmhais eile nó le coinníollacha ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais nó ar shreafaí airgid an eintitis.

    15

    Ní mór d’úsáideoirí ráiteas airgeadais a bheith in ann comparáid a dhéanamh idir na ráitis airgeadais de chuid eintitis thar thréimhse ama chun treochtaí ina staid airgeadais, ina fheidhmíocht airgeadais agus ina shreafaí airgid a shainaithint. Dá bhrí sin, cuirtear na beartais chuntasaíochta chéanna i bhfeidhm laistigh de gach tréimhse agus ó thréimhse amháin go tréimhse eile, seachas i gcás ina bhfuil athrú ar bheartas cuntasaíochta i gcomhréir le ceann amháin de na critéir i mír 14.

    16

    Ní athruithe ar bheartais chuntasaíochta iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    beartas cuntasaíochta a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta, le teagmhais eile nó le coinníollacha atá éagsúil ó thaobh substainte de leis na cinn a tharla roimhe sin; agus

    (b)

    beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta, le teagmhais eile nó le coinníollacha nár tharla roimhe sin nó a bhí neamhábhartha.

    17

    Is éard atá i gceist le cur i bhfeidhm tosaigh beartais chun sócmhainní a athluacháil de réir IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh nó le IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe athrú ar bheartas cuntasaíochta a ndéileálfar leis mar athluacháil i gcomhréir le IAS 16 nó le IAS 38, seachas i gcomhréir leis an gCaighdeán seo.

    18

    Níl feidhm ag míreanna 19 go 31 maidir leis an athrú ar bheartas cuntasaíochta ar a dtugtar tuairisc i mír 17.

    Athruithe ar bheartais chuntasaíochta a chur i bhfeidhm

    19

    Faoi réir mhír 23:

    (a)

    tabharfaidh eintiteas cuntas ar athrú ar bheartas cuntasaíochta a eascraíonn as cur i bhfeidhm tosaigh Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i gcomhréir leis na forálacha idirthréimhseacha sonracha, más ann dóibh, sa Chaighdeán sin; agus

    (b)

    i gcás ina ndéanann eintiteas athrú ar bheartas cuntasaíochta tráth a chuirtear Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais i bhfeidhm i dtosach, ar caighdeán é nach bhfuil forálacha idirthréimhseacha sonracha ann a bhfuil feidhm acu maidir leis an athrú sin, nó i gcás ina ndéanann sé athrú ar bheartas cuntasaíochta go deonach, cuirfidh sé an t-athrú i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    20

    Chun críoch an chaighdeáin seo, ní athrú deonach ar bheartas cuntasaíochta é cur i bhfeidhm luath Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    21

    In éagmais IFRS a bhfuil feidhm shonrach aige maidir le hidirbheart, le teagmhas eile nó le coinníoll, féadfaidh an lucht bainistíochta, i gcomhréir le mír 12, beartas cuntasaíochta as na fógairtí is déanaí ó chomhlachtaí socraithe caighdeán eile a chur i bhfeidhm, ar comhlachtaí iad a úsáideann creat coincheapúil comhchosúil chun caighdeáin chuntasaíochta a fhorbairt. Más rud é, tar éis leasú a dhéanamh ar fhógairt den sórt sin, go roghnaíonn an t-eintiteas athrú a dhéanamh ar bheartas cuntasaíochta, tugtar cuntas ar an athrú sin agus nochtar é mar athrú deonach ar bheartas cuntasaíochta.

    Cur i bhfeidhm cúlghabhálach

    22

    Faoi réir mhír 23, i gcás ina gcuirtear athrú ar bheartas cuntasaíochta i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír 19(a) nó (b), déanfaidh an t-eintiteas iarmhéid tosaigh gach comhpháirte cothromais le haghaidh na réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair mar aon leis na méideanna comparáideacha a nochtar le haghaidh gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair a choigeartú amhail agus dá gcuirfí an beartas cuntasaíochta nua i bhfeidhm riamh.

    Teorainneacha le cur i bhfeidhm cúlghabhálach

    23

    I gcás ina gceanglaítear le mír 19(a) nó (b) cur i bhfeidhm cúlghabhálach, cuirfear athrú ar bheartas cuntasaíochta i bhfeidhm go cúlghabhálach ach amháin a mhéid atá sé dofheidhmithe iarmhairtí tréimhse-shonracha ná iarmhairt charnach an athraithe a chinneadh.

    24

    Maidir leis na hiarmhairtí tréimhse-shonracha a bhaineann le beartas cuntasaíochta a athrú ar fhaisnéis chomparáideach le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó a chuirtear i láthair, i gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe na hiarmhairtí sin a chinneadh, cuirfidh an t-eintiteas an beartas cuntasaíochta nua i bhfeidhm maidir le méideanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas mar a bhí ag tús na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm cúlghabhálach infheidhmithe ina leith - d’fhéadfadh sé gurb í an tréimhse reatha atá i gceist leis sin - agus déanfaidh sé coigeartú comhfhreagrach ar iarmhéid tosaigh gach comhpháirte cothromais dá ndéantar difear le haghaidh na tréimhse sin.

    25

    Maidir leis an iarmhairt charnach a bhaineann le beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm maidir le gach réamhthréimhse, i gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe an iarmhairt sin a chinneadh ag tús na tréimhse reatha, déanfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis chomparáideach a choigeartú chun an beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm go hionchasach ón dáta is luaithe is infheidhmithe.

    26

    I gcás ina gcuireann eintiteas beartas cuntasaíochta nua i bhfeidhm go cúlghabhálach, cuireann sé an beartas cuntasaíochta nua i bhfeidhm maidir le faisnéis chomparáideach le haghaidh réamhthréimhsí chomh fada siar agus is infheidhmithe. Níl cur i bhfeidhm cúlghabhálach maidir le réamhthréimhse infheidhmithe, seachas i gcás ina bhfuil sé infheidhmithe an iarmhairt charnach ar na méideanna sa ráiteas tosaigh agus sa ráiteas staide airgeadais deiridh le haghaidh na tréimhse sin a chinneadh. Maidir le méid an athraithe a eascraíonn as sin, a bhaineann le tréimhsí roimh na tréimhsí sin a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais, cuimsítear an méid sin in iarmhéid tosaigh gach comhpháirte cothromais dá ndéantar difear den réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair. De ghnáth, déantar an coigeartú ar thuilleamh coimeádta. Mar sin féin, féadfar an coigeartú a dhéanamh ar chomhpháirt chothromais eile (mar shampla, chun IFRS a chomhlíonadh). Aon fhaisnéis eile maidir le réamhthréimhsí, cuir i gcás achoimrí stairiúla ar shonraí airgeadais, déantar iad a choigeartú freisin chomh fada siar agus is féidir.

    27

    I gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe d’eintiteas beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, toisc nach féidir leis an iarmhairt charnach a chinneadh, arb í an iarmhairt charnach a bhaineann leis an mbeartas a chur i bhfeidhm maidir le gach réamhthréimhse, cuireann an t-eintiteas an beartas nua i bhfeidhm, i gcomhréir le mír 25, go hionchasach ó thús na tréimhse is luaithe is infheidhmithe. Dá bhrí sin, tugann sé neamhaird ar an gcuid den choigeartú carnach ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar chothromas a tháinig chun cinn roimh an dáta sin. Ceadaítear beartas cuntasaíochta a athrú fiú má tá sé dofheidhmithe an beartas a chur i bhfeidhm go hionchasach maidir le haon réamhthréimhse. Tugtar treoraíocht i míreanna 50-53 maidir leis na cásanna ina bhfuil sé dofheidhmithe beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm maidir le réamhthréimhse amháin nó níos mó.

    Nochtadh

    28

    I gcás ina bhfuil éifeacht ag cur i bhfeidhm tosaigh IFRS ar an tréimhse reatha nó ar aon réamhthréimhse, i gcás ina mbeadh éifeacht den sórt sin aige ach amháin go mbeadh sé dofheidhmithe méid an choigeartaithe a chinneadh, nó i gcás ina bhféadfadh éifeacht a bheith aige ar thréimhsí sa todhchaí, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    teideal an Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

    (b)

    i gcás inarb infheidhme, go ndéantar an t-athrú ar bheartas cuntasaíochta i gcomhréir lena fhorálacha idirthréimhseacha;

    (c)

    cineál an athraithe ar bheartas cuntasaíochta;

    (d)

    i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na forálacha idirthréimhseacha;

    (e)

    i gcás inarb infheidhme, na forálacha idirthréimhseacha a bhféadfadh éifeacht a bheith acu ar thréimhsí sa todhchaí;

    (f)

    le haghaidh na tréimhse reatha agus gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair, a mhéid is infheidhmithe, méid an choigeartaithe:

    (i)

    le haghaidh gach míre líne den ráiteas airgeadais dá ndéantar difear; agus

    (ii)

    má tá feidhm ag IAS 33 Tuilleamh in aghaidh na Scaire maidir leis an eintiteas, le haghaidh tuilleamh bunúsach agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire;

    (g)

    méid an choigeartaithe a bhaineann le tréimhsí roimh na tréimhsí sin a chuirtear i láthair, a mhéid is infheidhmithe; agus

    (h)

    i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm cúlghabhálach a cheanglaítear le mír 19(a) nó (b) dofheidhmithe le haghaidh réamhthréimhse ar leith, nó le haghaidh tréimhsí roimh na tréimhsí sin a chuirtear i láthair, na himthosca as ar eascair an coinníoll sin agus tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh an t-athrú ar bheartas cuntasaíochta i bhfeidhm agus ar an bpointe ama ónar cuireadh i bhfeidhm é.

    Ní gá na nochtaí sin a dhéanamh arís i ráitis airgeadais a bhaineann le tréimhsí ina dhiaidh sin.

    29

    I gcás ina bhfuil éifeacht ag athrú deonach ar bheartas cuntasaíochta ar an tréimhse reatha nó ar aon réamhthréimhse, i gcás ina mbeadh éifeacht aige ar an tréimhse sin ach amháin go mbeadh sé dofheidhmithe méid an choigeartaithe a chinneadh, nó i gcás ina bhféadfadh éifeacht a bheith aige ar thréimhsí sa todhchaí, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál an athraithe ar bheartas cuntasaíochta;

    (b)

    na cúiseanna a gcuirtear faisnéis níos iontaofa agus níos ábhartha ar fáil tríd an mbeartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm;

    (c)

    le haghaidh na tréimhse reatha agus gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair, a mhéid is infheidhmithe, méid an choigeartaithe:

    (i)

    le haghaidh gach míre líne den ráiteas airgeadais dá ndéantar difear; agus

    (ii)

    má tá feidhm ag IAS 33 maidir leis an eintiteas, le haghaidh tuilleamh bunúsach agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire;

    (d)

    méid an choigeartaithe a bhaineann le tréimhsí roimh na tréimhsí sin a chuirtear i láthair, a mhéid is infheidhmithe; agus

    (e)

    i gcás ina bhfuil cur i bhfeidhm cúlghabhálach dofheidhmithe le haghaidh réamhthréimhse ar leith, nó le haghaidh tréimhsí roimh na tréimhsí sin a chuirtear i láthair, na himthosca as ar eascair an coinníoll sin agus tuairisc ar an gcaoi ar cuireadh an t-athrú ar bheartas cuntasaíochta i bhfeidhm agus ar an bpointe ama ónar cuireadh i bhfeidhm é.

    Ní gá na nochtaí sin a dhéanamh arís i ráitis airgeadais a bhaineann le tréimhsí ina dhiaidh sin.

    30

    I gcás nach bhfuil IFRS nua a eisíodh ach nach bhfuil éifeachtach go fóill curtha i bhfeidhm ag eintiteas, nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    an fíoras sin; agus

    (b)

    faisnéis is eol nó is féidir a mheas go réasúnta atá ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm IFRS nua ar ráitis airgeadais an eintitis le linn thréimhse an chur i bhfeidhm tosaigh.

    31

    Agus mír 30 á comhlíonadh ag eintiteas, déanann sé breithniú ar an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    teideal an Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais nua;

    (b)

    cineál an athraithe nó na n-athruithe ar bheartas cuntasaíochta atá le tarlú;

    (c)

    an dáta faoina gceanglaítear IFRS nua a chur i bhfeidhm;

    (d)

    an dáta ar a bhfuil sé beartaithe ag eintiteas IFRS nua a chur i bhfeidhm i dtosach; agus

    (e)

    cibé acu:

    (i)

    plé ar an tionchar a mheastar a bheidh ag cur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais nua ar ráitis airgeadais an eintitis; nó

    (ii)

    i gcás nach eol an tionchar sin nó i gcás nach féidir é a mheas go réasúnta, ráiteas ina luaitear an méid sin.

    MEASTACHÁIN CHUNTASAÍOCHTA

    32

    D’fhéadfaí a cheangal le beartas cuntasaíochta míreanna i ráitis airgeadais a thomhas ar bhealach lena mbaineann neamhchinnteacht tomhais—is é sin, d’fhéadfaí a cheangal leis an mbeartas cuntasaíochta míreanna den sórt sin a thomhas ag méideanna airgeadaíochta nach féidir a bhreathnú go díreach agus nach mór meastachán a dhéanamh ina leith ina ionad sin. I gcás den sórt sin, forbraíonn eintiteas meastachán cuntasaíochta chun an cuspóir a leagadh amach leis an mbeartas cuntasaíochta a bhaint amach. Úsáidtear breithiúnais nó toimhdí atá bunaithe ar an bhfaisnéis iontaofa is déanaí atá ar fáil chun meastacháin chuntasaíochta a fhorbairt. Is samplaí de mheastacháin chuntasaíochta iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    lamháltas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha, trína gcuirtear i bhfeidhm IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (b)

    glanluach inréadaithe míre fardail, trína gcuirtear i bhfeidhm IAS 2 Fardail;

    (c)

    luach cóir sócmhainne nó dliteanais, trína gcuirtear i bhfeidhm IFRS 13 Tomhas ar Luach Cóir;

    (d)

    an costas dímheasa le haghaidh mír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, trína gcuirtear i bhfeidhm IAS 16; agus

    (e)

    foráil maidir le hoibleagáidí baránta, trína gcuirtear i bhfeidhm IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.

    32A

    Úsáideann eintiteas teicnící tomhais agus ionchuir chun meastachán cuntasaíochta a fhorbairt. Áirítear ar theicnící tomhais teicnící meastacháin (mar shampla, teicnící a úsáidtear chun lamháltas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas trína gcuirtear IFRS 9 i bhfeidhm) agus teicnící luachála (mar shampla, teicnící a úsáidtear chun luach cóir sócmhainne nó dliteanais a thomhas trína gcuirtear IFRS 13 i bhfeidhm).

    32B

    Uaireanta, tagraíonn an téarma ‘meastachán’ in IFRSanna do mheastachán nach bhfuil ina mheastachán cuntasaíochta mar a shainmhínítear sa Chaighdeán seo. Mar shampla, tagraíonn sé uaireanta d’ionchur a úsáidtear chun meastacháin chuntasaíochta a fhorbairt.

    33

    Cuid fhíor-riachtanach d’ullmhú ráiteas airgeadais is ea an úsáid a bhaintear as meastacháin réasúnacha agus ní bhaineann sé an bonn dá n-iontaofacht.

    Athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta

    34

    D’fhéadfadh sé go mbeadh ar eintiteas meastachán cuntasaíochta a athrú má thagann athruithe ar na cúinsí a raibh an meastachán cuntasaíochta bunaithe orthu nó mar thoradh ar fhaisnéis nua, forbairtí nua nó níos mó taithí. De bharr a chineáil, níl baint ag athrú ar mheastachán cuntasaíochta le tréimhsí roimhe ná ní ceartú earráide atá ann.

    34A

    Mura n-eascraíonn siad as ceartú earráidí réamhthréimhse, athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta atá sna héifeachtaí ar mheastachán cuntasaíochta a bhíonn ag athrú ionchuir nó athrú teicníce tomhais.

    35

    Is athrú ar bheartas cuntasaíochta é athrú ar an mbonn tomhais a chuirtear i bhfeidhm, agus ní athrú ar mheastachán cuntasaíochta é. I gcás ina bhfuil sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir athrú ar bheartas cuntasaíochta agus athrú ar mheastachán cuntasaíochta, déileáiltear leis an athrú mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta.

    Athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta a chur i bhfeidhm

    36

    Aithneofar go hionchasach an éifeacht atá ag athrú ar mheastachán cuntasaíochta, seachas athrú a bhfuil feidhm ag mír 37 maidir leis, trína áireamh i mbrabús nó caillteanas sna tréimhsí seo a leanas:

    (a)

    tréimhse an athraithe, más rud é nach ndéanann an t-athrú difear ach don tréimhse sin amháin; nó

    (b)

    tréimhse an athraithe agus tréimhsí sa todhchaí, más rud é go ndéanann an t-athrú difear dóibh araon.

    37

    A mhéid a thagann athruithe ar shócmhainní agus ar dhliteanais as athrú ar mheastachán cuntasaíochta, nó a mhéid a bhaineann sé le hítim chothromais, aithneofar é trí choigeartú a dhéanamh ar mhéid glanluacha na sócmhainne, an dliteanais nó na hítime cothromais lena mbaineann i dtréimhse an athraithe.

    38

    Ciallaíonn aitheantas ionchasach ar an éifeacht a bhíonn ag athrú ar mheastachán cuntasaíochta go gcuirtear an t-athrú i bhfeidhm ar idirbhearta agus ar imeachtaí agus coinníollacha eile ó dháta an athraithe sin. D’fhéadfadh sé nach ndéanfadh athrú ar mheastachán cuntasaíochta difear ach amháin do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha, nó d’fhéadfadh sé go ndéanfadh sé difear do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha agus na dtréimhsí sa todhchaí araon. Mar shampla, ní dhéanann athrú ar lamháltas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha difear ach do bhrabús nó caillteanas na tréimhse reatha agus dá bhrí sin ní aithnítear é sa tréimhse reatha. Mar sin féin, i gcás athrú ar shaolré ionchais úsáide sócmhainne in-dímheasa, nó ar phatrún ionchasach tomhaltais na leasanna eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá cuimsithe i sócmhainn in-dímheasa, déantar difear don chostas dímheasa le haghaidh na tréimhse reatha agus le haghaidh gach tréimhse sa todhchaí le linn shaolré úsáide na sócmhainne atá fágtha. Sa dá chás sin, aithnítear mar ioncam nó mar chostas sa tréimhse reatha éifeacht an athraithe a bhaineann leis an tréimhse reatha. Aithnítear an éifeacht ar thréimhsí a bheidh ann amach anseo, más ann di, mar ioncam nó mar chostas sna tréimhsí sin a bheidh ann amach anseo.

    Nochtadh

    39

    Nochtfaidh eintiteas cineál agus méid athraithe ar mheastachán cuntasaíochta a bhfuil éifeacht aige sa tréimhse reatha nó a mheastar go mbeidh éifeacht aige i dtréimhsí sa todhchaí, ach amháin i cás nochtadh na héifeachta ar thréimhsí sa todhchaí nuair nach mbeidh sé infheidhmithe an éifeacht sin a mheas.

    40

    I gcás nach nochtar méid na héifeachta ar thréimhsí sa todhchaí toisc go bhfuil sé dofheidhmithe meastachán a dhéanamh air sin, nochtfaidh eintiteas an fíoras sin.

    EARRÁIDÍ

    41

    Is féidir earráidí a theacht chun cinn maidir le heilimintí de ráitis airgeadais a aithint, a thomhas, a chur i láthair nó a nochtadh. Níl ráitis airgeadais i gcomhréir le IFRSanna má tá earráidí ábhartha nó earráidí neamhábhartha iontu a rinneadh d’aon ghnó chun cur i láthair ar leith ar staid airgeadais, ar fheidhmíocht airgeadais nó ar shreafaí airgid eintitis a bhaint amach. Earráidí a d’fhéadfadh a bheith ann sa tréimhse reatha a aimsítear sa tréimhse sin, ceartaítear iad sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint. Mar sin féin, uaireanta ní aimsítear earráidí ábhartha go dtí tréimhse ina dhiaidh sin, agus ceartaítear na hearráidí réamhthréimhse sin san fhaisnéis chomparáideach a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais le haghaidh na tréimhse sin a thagann ina diaidh sin (féach míreanna 42-47).

    42

    Faoi réir mhír 43, ceartóidh eintiteas earráidí réamhthréimhse ábhartha go cúlghabhálach sa chéad tacar de ráitis airgeadais a údaraítear lena n-eisiúint tar éis iad a aimsiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na méideanna comparáideacha a athshonrú le haghaidh na réamhthréimhse/réamhthréimhsí a chuirtear i láthair inar tharla an earráid; nó

    (b)

    má tharla an earráid roimh an réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, iarmhéideanna tosaigh sócmhainní, dliteanas agus cothromais a athshonrú le haghaidh na réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair.

    Teorainneacha le hathshonrú cúlghabhálach

    43

    Ceartófar earráid réamhthréimhse trí athshonrú cúlghabhálach seachas a mhéid nach bhfuil sé infheidhmithe iarmhairtí tréimhse-shonracha ná iarmhairt charnach na hearráide a chinneadh.

    44

    Maidir leis na hiarmhairtí tréimhse-shonracha a bhaineann le hearráid ar fhaisnéis chomparáideach le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó a chuirtear i láthair, i gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe na hiarmhairtí sin a chinneadh, déanfaidh an t-eintiteas iarmhéideanna tosaigh sócmhainní, dliteanas agus cothromais a athshonrú le haghaidh na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm cúlghabhálach infheidhmithe ina leith (d’fhéadfadh sé gurb í an tréimhse reatha atá i gceist leis sin).

    45

    Maidir leis an iarmhairt charnach a bhaineann le hearráid, i gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe an iarmhairt sin ar gach réamhthréimhse a chinneadh ag tús na tréimhse reatha, déanfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis chomparáideach a athshonrú chun an earráid a cheartú go hionchasach ón dáta is luaithe is infheidhmithe.

    46

    Déantar ceartú earráide réamhthréimhse a eisiamh ó bhrabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse ina n-aimsítear an earráid. Aon fhaisnéis maidir le réamhthréimhsí a chuirtear i láthair, lena n-áirítear aon achoimre stairiúil ar shonraí airgeadais, déantar í a athshonrú chomh fada siar agus is infheidhmithe.

    47

    I gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe méid earráide a chinneadh (e.g. botún a dhéantar agus beartas cuntasaíochta á chur i bhfeidhm) le haghaidh gach réamhthréimhse, déanann an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 45, an fhaisnéis chomparáideach a athshonrú go hionchasach ón dáta is luaithe is infheidhmithe. Dá bhrí sin, tugann sé neamhaird ar an gcuid d’athshonrú carnach sócmhainní, dliteanas agus cothromais a thagann chun cinn roimh an dáta sin. Tugtar treoraíocht i míreanna 50-53 maidir leis na cásanna ina bhfuil sé dofheidhmithe earráid a cheartú le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó.

    48

    Déantar ceartuithe earráidí a idirdhealú ó athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta. Neastacháin atá i meastacháin chuntasaíochta, de bharr a gcineáil, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá iad a athrú de réir mar a bhíonn faisnéis bhreise ar eolas. Mar shampla, an gnóthachan nó an caillteanas a aithnítear de thoradh teagmhais, ní ceartú earráide é sin.

    Earráidí réamhthréimhse a nochtadh

    49

    Agus mír 42 á cur i bhfeidhm ag eintiteas, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál na hearráide réamhthréimhse;

    (b)

    le haghaidh gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair, a mhéid is infheidhmithe, méid an cheartaithe:

    (i)

    le haghaidh gach míre líne den ráiteas airgeadais dá ndéantar difear; agus

    (ii)

    má tá feidhm ag IAS 33 maidir leis an eintiteas, le haghaidh tuilleamh bunúsach agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire;

    (c)

    méid an cheartaithe ag tús na réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair; agus

    (d)

    i gcás ina bhfuil athshonrú cúlghabhálach dofheidhmithe le haghaidh réamhthréimhse ar leith, na himthosca as ar eascair an coinníoll sin agus tuairisc ar an gcaoi ar ceartaíodh an earráid agus ar an bpointe ama ónar ceartaíodh í.

    Ní gá na nochtaí sin a dhéanamh arís i ráitis airgeadais a bhaineann le tréimhsí ina dhiaidh sin.

    DOFHEIDHMITHEACHT MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM CÚLGHABHÁLACH AGUS ATHSHONRÚ CÚLGHABHÁLACH

    50

    In imthosca áirithe, tá sé dofheidhmithe faisnéis chomparáideach a choigeartú le haghaidh réamhthréimhse amháin nó níos mó chun inchomparáideacht leis an tréimhse reatha a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nár bailíodh sonraí sa réamhthréimhse nó sna réamhthréimhsí ar bhealach lenar féidir beartas cuntasaíochta a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach (lena n-áirítear, chun críocha mhíreanna 51-53, é a chur i bhfeidhm go hionchasach maidir le réamhthréimhsí) nó athshonrú cúlghabhálach a dhéanamh chun earráidí réamhthréimhse a cheartú, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé dofheidhmithe an fhaisnéis a athchruthú.

    51

    Is minic gur gá meastacháin a dhéanamh agus beartas cuntasaíochta á chur i bhfeidhm maidir le heilimintí de ráitis airgeadais a aithnítear nó a nochtar i leith idirbheart, teagmhais eile nó coinníollacha. Tá an meastachán suibiachtúil go bunúsach, agus féadfar meastacháin a fhorbairt tar éis na tréimhse tuairiscithe. D’fhéadfadh sé a bheith níos deacra meastacháin a fhorbairt agus beartas cuntasaíochta á chur i bhfeidhm go cúlghabhálach nó agus athshonrú cúlghabhálach á dhéanamh chun earráid réamhthréimhse a cheartú, mar gheall ar an tréimhse ama níos faide a d’fhéadfadh a bheith caite ó tharla an t-idirbheart, an teagmhas eile nó an coinníoll a ndearnadh difear dó. Mar sin féin, is ionann cuspóir na meastachán a bhaineann le réamhthréimhsí agus cuspóir na meastachán a dhéantar sa tréimhse reatha, is é sin go mbeadh an meastachán ina léiriú ar na himthosca a bhí ann tráth a tharla an t-idirbheart, an teagmhas eile nó an coinníoll.

    52

    Dá bhrí sin, chun beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach nó chun earráid réamhthréimhse a cheartú is gá idirdhealú a dhéanamh idir an dá chineál faisnéise seo a leanas

    (a)

    faisnéis ina soláthraítear fianaise ar imthosca a bhí ann ar an dáta nó ar na dátaí a tharla an t-idirbheart, an teagmhas eile nó an coinníoll, agus

    (b)

    faisnéis a bheadh ar fáil nuair a údaraíodh ráitis airgeadais le haghaidh na dtréimhsí sin lena n-eisiúint;

    idir an fhaisnéis sin agus faisnéis eile. I gcás cineálacha meastachán áirithe (e.g. tomhas cóirluacha ina n-úsáidtear ionchuir dhobhraite shuntasacha), tá sé dofheidhmithe idirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha faisnéise sin. I gcás ina mbeadh gá le meastachán suntasach chun cur i bhfeidhm cúlghabhálach nó athshonrú cúlghabhálach a dhéanamh, ar meastachán é nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an dá chineál faisnéise sin lena aghaidh, tá sé dofheidhmithe an beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm nó an earráid réamhthréimhse a cheartú go cúlghabhálach.

    53

    Níor cheart breathnú siar agus beartas cuntasaíochta nua á chur i bhfeidhm maidir le réamhthréimhse, nó agus méideanna á gceartú le haghaidh réamhthréimhse, bíodh sin trí thoimhdí a dhéanamh faoina mbeadh beartaithe ag an lucht bainistíochta i réamhthréimhse nó trí mheastachán a dhéanamh ar na méideanna arna n-aithint, arna dtomhas nó arna nochtadh i réamhthréimhse. Mar shampla, i gcás ina gceartaíonn eintiteas earráid réamhthréimhse agus a dhliteanais á ríomh aige maidir le saoire bhreoiteachta charntha fostaithe i gcomhréir le IAS 19 Sochair Fostaithe, tugann sé neamhaird ar fhaisnéis maidir le séasúr fliú atá neamhghnách dian le linn na chéad tréimhse eile a bhí ar fáil tar éis na ráitis airgeadais le haghaidh na réamhthréimhse a bheith údaraithe lena n-eisiúint. Ós rud é go mbíonn gá le meastacháin shuntasacha go minic agus leasú á dhéanamh ar fhaisnéis chomparáideach a chuirtear i láthair le haghaidh réamhthréimhsí, ní chuirtear cosc ar choigeartú iontaofa ná ar cheartú iontaofa a dhéanamh ar an bhfaisnéis chomparáideach.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    54

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    54A

    [Scriosta]

    54B

    [Scriosta]

    54C

    Le IFRS 13 Tomhas Cóirluacha, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 52. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    54D

    [Scriosta]

    54E

    Le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, mar a eisíodh i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 53 agus scriosadh míreanna 54A, 54B agus 54D. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    54F

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, a eisíodh in 2018, leasaíodh míreanna 6 agus 11(b). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar mhíreanna 6 agus 11(b) i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir leis an gCaighdeán seo. Mar sin féin, má chinneann eintiteas go mbeadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach dofheidhmithe nó go mbeadh costas míchuí nó iarracht mhíchuí ag baint leis, cuirfidh sé na leasuithe ar mhíreanna 6 agus 11(b) i bhfeidhm faoi threoir mhíreanna 23-28 den Chaighdeán seo. I gcás ina mbeadh costas míchuí nó iarracht mhíchuí ag baint le cur i bhfeidhm cúlghabhálach aon leasaithe i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, déanfaidh eintiteas, agus míreanna 23–28 den Chaighdeán seo á gcur i bhfeidhm aige, aon tagairt do ‘dofheidhmithe’, seachas san abairt dheireanach de mhír 27, a léamh mar ‘costas míchuí nó iarracht mhíchuí ag baint leis’ agus aon tagairt do ‘infheidhmithe’ a léamh mar ‘indéanta gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí’.

    54G

    I gcás nach gcuireann eintiteas IFRS 14 Cuntais Iarchurtha Rialála i bhfeidhm, leanfaidh an t-eintiteas, agus mír 11(b) á cur i bhfeidhm aige maidir le hiarmhéideanna cuntas rialála, de thagairt a dhéanamh do na sainmhínithe, do na critéir aitheantais agus do na coincheapa tomhais sa Chreat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais (5), seachas iad siúd sa Chreat Coincheapúil, agus déanfaidh sé infheidhmeacht na sainmhínithe, na gcritéar aitheantais agus na gcoincheap tomhais sin a mheas. Is éard is iarmhéid cuntais rialála ann iarmhéid aon chuntais costais (nó cuntas ioncaim) nach n-aithnítear mar shócmhainn ná mar dhliteanas i gcomhréir le Caighdeáin IFRS eile is infheidhme ach a chuireann an rialtóir rátaí san áireamh, nó a mheastar go gcuirfidh sé san áireamh é, agus an ráta nó na rátaí is féidir a ghearradh ar chustaiméirí á shuíomh nó á suíomh aige. Is éard is rialtóir rátaí ann comhlacht údaraithe atá cumhachtaithe ag reacht nó rialachán chun an ráta nó an raon rátaí a shuíomh a chuireann ceangal ar eintiteas. D’fhéadfadh an rialtóir rátaí a bheith ina chomhlacht tríú páirtí nó ina pháirtí a bhfuil gaol aige leis an eintiteas, lena n-áirítear bord rialála an eintitis féin, i gcas ina gceanglaítear ar an gcomhlacht sin, le reacht nó rialachán, rátaí a shocrú ar mhaithe leis na custaiméirí agus chun inmharthanacht airgeadais fhoriomlán an eintitis a áirithiú.

    54H

    Leis an Sainmhíniú ar ‘Ábhartha’ (Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8), a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh mír 7 de IAS 1 agus mír 5 de IAS 8, agus scriosadh mír 6 de IAS 8. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    54I

    Le Sainmhíniú Meastachán Cuntasaíochta, a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 5, 32, 34, 38 agus 48 agus cuireadh isteach míreanna 32A, 32B agus 34A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Cuirfidh eintiteas na leasuithe i bhfeidhm ar athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta agus ar athruithe ar bheartais chuntasaíochta a dhéanfar ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm nó ina dhiaidh sin.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    55

    Leis an gCaighdeán seo, déantar IAS 8 Glanbhrabús nó Glanchaillteanas le haghaidh na Tréimhse, Bunearráidí agus Athruithe ar Bheartais Chuntasaíochta, a athbhreithníodh in 1993, a fhoshuíomh.

    56

    Leis an gCaighdeán seo, déantar na léirmhínithe seo a leanas a fhorshuíomh:

    (a)

    SIC-2 Comhsheasmhacht — Costais Iasachtaíochta a Chaipitliú; agus

    (b)

    SIC-18 Comhsheasmhacht — Modhanna Malartacha.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 10

    Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don Chaighdeán seo an méid seo a leanas a fhorordú:

    (a)

    cásanna inar cheart d’eintiteas a ráitis airgeadais a choigeartú le haghaidh teagmhas tar éis na tréimhse tuairiscithe; agus

    (b)

    na nochtaí ba cheart d’eintiteas a thabhairt faoin dáta a údaraíodh na ráitis airgeadais lena n-eisiúint agus faoi theagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    Ceanglaítear leis an gcaighdeán freisin nár cheart d’eintiteas a ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh má léirítear le teagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe nach bhfuil toimhde an ghnóthais leantaigh iomchuí.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le cuntas a thabhairt ar theagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe agus maidir le nochtadh na dteagmhas sin.

    SAINMHÍNITHE

    3

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is teagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe ann na teagmhais sin, atá fabhrach agus neamhfhabhrach, a tharlaíonn idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint. Is féidir dhá chineál teagmhas a aithint:

    (a)

    teagmhais lena dtugtar fianaise ar imthosca a bhí ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe (teagmhais choigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe); agus

    (b)

    teagmhais lena dtugtar tásc ar imthosca a tháinig chun cinn tar éis na tréimhse tuairiscithe (teagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe).

    4

    Beidh éagsúlacht ann idir na próisis a bhaineann le húdarú na ráiteas airgeadais lena n-eisiúint ag brath ar an struchtúr bainistíochta, ar cheanglais reachtúla agus ar na nósanna imeachta a leantar agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú agus á dtabhairt chun críche.

    5

    I gcásanna áirithe, ceanglaítear ar eintiteas a ráitis airgeadais a chur faoi bhráid a scairshealbhóirí lena bhformheas tar éis na ráitis airgeadais a eisiúint. I gcásanna den sórt sin, údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint ar an dáta eisiúna, seachas an dáta a fhormheasann na scairshealbhóirí na ráitis airgeadais.

    Sampla

    Críochnaíonn lucht bainistíochta eintitis dréacht-ráitis airgeadais le haghaidh na bliana go dtí an 31 Nollaig 20X1 an 28 Feabhra 20X2. An 18 Márta 20X2, déanann an bord stiúrthóirí athbhreithniú ar na ráitis airgeadais agus údaraíonn sé iad lena n-eisiúint. Fógraíonn an t-eintiteas a bhrabús agus faisnéis airgeadais roghnaithe eile an 19 Márta 20X2. Cuirtear na ráitis airgeadais ar fáil do scairshealbhóirí agus do dhaoine eile an 1 Aibreán 20X2. Formheasann na scairshealbhóirí na ráitis airgeadais ag a gcruinniú bliantúil an 15 Bealtaine 20X2 agus comhdaítear na ráitis airgeadais fhormheasta le comhlacht rialála an 17 Bealtaine 20X2.

    Údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint an 18 Márta 20X2 (an dáta a fhormheasann an bord iad lena n-eisiúint).

    6

    I gcásanna áirithe, ceanglaítear ar lucht bainistíochta eintitis a ráitis airgeadais a eisiúint chuig bord maoirseachta (atá comhdhéanta de neamhfheidhmeannaigh) lena bhformheas. I gcásanna den sórt sin, údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint tráth a údaraíonn an lucht bainistíocha iad lena n-eisiúint chuig an mbord maoirseachta.

    Sampla

    An 18 Márta 20X2, údaraíonn lucht bainistíochta eintitis ráitis airgeadais lena n-eisiúint chuig a bhord maoirseachta. Tá an bord maoirseachta comhdhéanta de neamhfheidhmeannaigh agus d’fhéadfadh ionadaithe fostaithe agus ionadaithe leasanna seachtracha eile a bheith ar an mbord freisin. Formheasann an bord maoirseachta na ráitis airgeadais an 26 Márta 20X2. Cuirtear na ráitis airgeadais ar fáil do scairshealbhóirí agus do dhaoine eile an 1 Aibreán 20X2. Formheasann na scairshealbhóirí na ráitis airgeadais ag a gcruinniú bliantúil an 15 Bealtaine 20X2 agus comhdaítear na ráitis airgeadais le comhlacht rialála an 17 Bealtaine 20X2.

    Údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint an 18 Márta 20X2 (an dáta a fhormheasann an lucht bainistíochta iad lena n-eisiúint chuig an mbord maoirseachta).

    7

    Áirítear leis na teagmhais tar éis na tréimhse tuairiscithe na teagmhais uile suas go dtí an dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, fiú má tharlaíonn na teagmhais sin tar éis an fhógra phoiblí maidir le brabús nó maidir le faisnéis airgeadais roghnaithe eile.

    AITHEANTAS AGUS TOMHAS

    Teagmhais choigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe

    8

    Déanfaidh eintiteas na méideanna a aithnítear ina ráitis airgeadais a choigeartú chun teagmhais choigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe a léiriú.

    9

    Is samplaí iad seo a leanas de theagmhais choigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe lena gceanglaítear ar eintiteas na méideanna a aithnítear ina ráitis airgeadais a choigeartú, nó ítimí a aithint nár aithníodh roimhe sin:

    (a)

    cás cúirte a shocrú tar éis na tréimhse tuairiscithe, ar cás cúirte é lena ndeimhnítear go raibh oibleagáid láithreach ar an eintiteas ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Déanann an t-eintiteas aon fhoráil a aithníodh roimhe sin agus a bhaineann leis an gcás cúirte sin a choigeartú i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, nó aithníonn sé foráil nua. Ní hé go nochtann an t-eintiteas dliteanas teagmhasach toisc go soláthraítear fianaise bhreise mar gheall ar an tsocraíocht, fianaise a mheasfaí i gcomhréir le mír 16 de IAS 37;

    (b)

    faisnéis a fháil tar éis na tréimhse tuairiscithe lena léirítear gur lagaíodh sócmhainn ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nó gur gá méid caillteanais lagaithe a aithníodh roimhe sin le haghaidh na sócmhainne sin a choigeartú. Mar shampla:

    (i)

    de ghnáth, deimhnítear le féimheacht custaiméara a tharlaíonn tar éis na tréimhse tuairiscithe go raibh fadhbanna creidmheasa ag an gcustaiméir ag deireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (ii)

    trí fhardail a dhíol tar éis na tréimhse tuairiscithe, d’fhéadfaí fianaise a thabhairt faoina nglanluach inréadaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

    (c)

    costas na sócmhainní a ceannaíodh, nó na fáltais ó shócmhainní a díoladh, a chinneadh tar éis na tréimhse tuairiscithe roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe;

    (d)

    an méid íocaíochtaí comhroinnte brabúis nó íocaíochtaí bónais a chinneadh tar éis na tréimhse tuairiscithe, i gcás ina raibh oibleagáid láithreach dhlíthiúil nó inchiallaithe ar an eintiteas ag deireadh na tréimhse tuairiscithe chun íocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh de thoradh teagmhas roimh an dáta sin (féach IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (e)

    calaois nó earráidí a aimsiú lena léirítear go bhfuil na ráitis airgeadais mícheart.

    Teagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe

    10

    Ní dhéanfaidh eintiteas na méideanna a aithnítear ina ráitis airgeadais a choigeartú chun teagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe a léiriú.

    11

    Sampla de theagmhas neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe is ea laghdú ar chóirluach infheistíochtaí idir deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint. Ní bhaineann an laghdú ar chóirluach de ghnáth le staid na n-infheistíochtaí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, ach léirítear leis imthosca a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ní dhéanann eintiteas na méideanna a aithnítear ina ráitis airgeadais a choigeartú le haghaidh na n-infheistíochtaí. Ar an gcaoi chéanna, ní dhéanann an t-eintiteas na méideanna a nochtadh le haghaidh na n-infheistíochtaí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a thabhairt cothrom le dáta, cé go bhféadfadh sé go mbeadh air nochtadh breise a thabhairt faoi mhír 21.

    Díbhinní

    12

    Má dhearbhaíonn eintiteas díbhinní do shealbhóirí ionstraimí cothromais (mar a shainmhínítear in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair) tar éis na tréimhse tuairiscithe, ní aithneoidh an t-eintiteas na díbhinní sin mar dhliteanas ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    13

    Má dhearbhaítear díbhinní tar éis na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, ní aithnítear na díbhinní mar dhliteanas ag deireadh na tréimhse tuairiscithe toisc nach ann d’aon oibleagáid ag an am sin. Nochtar díbhinní den sórt sin sna nótaí i gcomhréir le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais.

    GNÓTHAS LEANTACH

    14

    Ní ullmhóidh eintiteas a ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh má chinneann an lucht bainistíochta tar éis na tréimhse tuairiscithe go bhfuil sé beartaithe aige an t-eintiteas a leachtú nó scor de thrádáil, nó nach bhfuil aon rogha mhalartach réalaíoch aige ach é sin a dhéanamh.

    15

    Maidir le meath ar thorthaí oibriúcháin agus ar an staid airgeadais tar éis na tréimhse tuairiscithe, d’fhéadfadh sé go léireofaí le meath den sórt sin gur gá a mheas an bhfuil toimhde an ghnóthais leantaigh iomchuí fós. Mura bhfuil toimhde an ghnóthais leantaigh iomchuí fós, tá an éifeacht chomh forleathan sin go n-éilítear leis an gcaighdeán seo athrú ó bhonn a dhéanamh ar an mbonn cuntasaíochta, seachas coigeartú a dhéanamh ar na méideanna a aithnítear laistigh den bhonn cuntasaíochta bunaidh.

    16

    Sonraítear le IAS 1 go bhfuil gá le nochtaí sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach n-ullmhaítear na ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh; nó

    (b)

    i gcás ina bhfuil an lucht bainistíochta ar an eolas faoi neamhchinnteachtaí ábhartha a bhaineann le teagmhais nó coinníollacha a d’fhéadfadh bheith ina gcúiseanna amhrais ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh na teagmhais nó na coinníollacha lena n-éilítear nochtadh chun cinn tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    NOCHTADH

    An dáta údaraithe chun eisiúint

    17

    Nochtfaidh eintiteas an dáta a údaraíodh na ráitis airgeadais lena n-eisiúint agus cé a thug an t-údarú sin. Má tá sé de chumhacht ag úinéirí an eintitis nó ag daoine eile leasú a dhéanamh ar na ráitis airgeadais tar éis iad a eisiúint, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin.

    18

    Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag úsáideoirí cathain a údaraíodh na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, toisc nach léirítear teagmhais tar éis an dáta sin sna ráitis airgeadais.

    Nochtadh faoi imthosca a thabhairt cothrom le dáta ag deireadh na tréimhse tuairiscithe

    19

    Má fhaigheann eintiteas faisnéis tar éis na tréimhse tuairiscithe maidir le himthosca a bhí ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, tabharfaidh sé nochtaí a bhaineann leis na himthosca sin cothrom le dáta, i bhfianaise na faisnéise nua.

    20

    I gcásanna áirithe, ní mór d’eintiteas na nochtaí a thabhairt cothrom le dáta ina ráitis airgeadais chun faisnéis a fuarthas tar éis na tréimhse tuairiscithe a léiriú, fiú i gcás nach ndéanann an fhaisnéis difear do na méideanna a aithníonn sé ina ráitis airgeadais. Sampla amháin den ghá le nochtaí a thabhairt cothrom le dáta is ea i gcás ina mbíonn faisnéis ar fáil tar éis na tréimhse tuairiscithe maidir le dliteanas teagmhasach a bhí ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Mar aon le breithniú a dhéanamh ar cé acu ba cheart dó foráil a aithint nó foráil a athrú faoi IAS 37, tugann eintiteas a nochtaí maidir leis an dliteanas teagmhasach cothrom le dáta i bhfianaise na fianaise sin.

    Teagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe

    21

    Maidir le teagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe, i gcás ina bhfuil siad ábhartha, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh tionchar ag neamhnochtadh ar chinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilchuspóireach ar bhonn na ráiteas airgeadais sin, ráitis ina soláthraítear faisnéis airgeadais maidir le heintiteas tuairiscithe sonrach. Dá réir sin, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas le haghaidh gach catagóire ábhartha de theagmhas neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    cineál an teagmhais; agus

    (b)

    meastachán ar a éifeacht airgeadais, nó ráiteas ina sonraítear nach féidir meastachán den sórt sin a dhéanamh.

    22

    Seo a leanas samplaí de theagmhais neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe a mbeadh nochtadh mar thoradh orthu go ginearálta:

    (a)

    comhcheangal tábhachtach gnó tar éis na tréimhse tuairiscithe (Le IFRS 3 Comhcheangail ghnó, ceanglaítear nochtaí sonracha a dhéanamh i gcásanna den sórt sin) nó diúscairt fochuideachta móire;

    (b)

    plean chun scor d’oibríocht a fhógairt;

    (c)

    mórcheannacháin sócmhainní, sócmhainní a aicmiú mar shócmhainní atá á sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha, diúscairtí eile sócmhainní, nó díshealbhú mórshócmhainní ag an rialtas;

    (d)

    mórmhonarcha táirgthe a scriosadh de dheasca dóiteáin tar éis na tréimhse tuairiscithe;

    (e)

    mór-athstruchtúrú a fhógairt nó tús a chur lena chur chun feidhme (féach IAS 37);

    (f)

    mór-idirbhearta gnáthscaireanna agus idirbhearta gnáthscaireanna a d’fhéadfadh a bheith ann tar éis na tréimhse tuairiscithe (Le IAS 33 Tuilleamh in aghaidh na Scaire, ceanglaítear ar eintiteas tuairisc ar idirbhearta den sórt sin a nochtadh, seachas i gcás ina bhfuil caipitliú nó eisiúintí bónais, scairscoilteanna nó athscoilteanna scaireanna ag baint leis na hidirbhearta sin, ar nithe iad nach mór a choigeartú faoi IAS 33);

    (g)

    athruithe thar a bheith mór tar éis na tréimhse tuairiscithe ar phraghsanna sócmhainní nó ar rátaí malairte eachtraí;

    (h)

    athruithe ar rátaí cánach nó ar dhlíthe cánach arna n-achtú nó arna bhfógairt tar éis na tréimhse tuairiscithe a bhfuil éifeacht mhór acu ar shócmhainní agus ar dliteanais cánach reatha agus iarchurtha (féach IAS 12 Cánacha Ioncaim);

    (i)

    gealltanais shuntasacha nó dliteanais theagmhasacha a dhéanamh, mar shampla, trí ráthaíochtaí suntasacha a eisiúint; agus

    (j)

    tús a chur le mórdhlíthíocht a eascraíonn as teagmhais a tharla tar éis na tréimhse tuairiscithe, agus as na teagmhais sin amháin.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    23

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    23A

    Le IFRS 13 Tomhas Cóirluacha, a eisíodh i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 11. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    23B

    Le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, a eisíodh i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 9. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    23C

    Leis an Sainmhíniú ar ‘Ábhartha’ (Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8), a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh mír 21. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus na leasuithe ar an sainmhíniú ar ‘ábhartha’ i mír 7 de IAS 1 agus i míreanna 5 agus 6 de IAS 8 á gcur i bhfeidhm aige.

    TARRAINGT SIAR IAS 10 (ATHBHREITHNITHE 1999)

    24

    Leis an gcaighdeán seo, déantar IAS 10 Teagmhais i ndiaidh Dháta an Chláir Comhardaithe (athbhreithnithe in 1999) a fhorshuíomh.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 12

    Cánacha Ioncaim

    CUSPÓIR

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta a fhorordú le haghaidh cánacha ioncaim. Is í an phríomh-shaincheist maidir le cuntasaíocht ar chánacha ioncaim conas iarmhairtí cánach reatha agus todhchaí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    aisghabháil (socraíocht) todhchaí mhéid glanluacha na sócmhainní (dliteanais) a aithnítear i ráiteas staide airgeadais an eintitis; agus

    (b)

    idirbhearta agus teagmhais eile den tréimhse reatha a aithnítear i ráitis airgeadais eintitis.

    Is gné dhílis de shócmhainn nó dliteanas a aithint go bhfuil coinne ag an eintiteas tuairiscithe go ndéanfaidh sé méid glanluacha na sócmhainne nó an dliteanais sin a aisghabháil nó a shocrú. Más dócha go mbeidh íocaíochtaí cánach sa todhchaí níos mó (níos lú) mar gheall ar aisghabháil nó socrú an mhéid ghlanluacha sin ná mar a bheadh mura mbeadh aon iarmhairtí cánach ag an aisghabháil sin nó ag an tsocraíocht sin, ceanglaítear leis an gcaighdeán seo ar eintiteas dliteanas cánach iarchurtha (sócmhainn cánach iarchurtha) a aithint, seachas i gcásanna eisceachtúla áirithe teoranta.

    Leis an gcaighdeán seo, ceanglaítear ar eintiteas iarmhairtí cánach idirbheart agus teagmhas eile a chur san áireamh ar an gcaoi chéanna a gcuireann sé na hidirbhearta féin agus na teagmhais eile féin san áireamh. Dá bhrí sin, i gcás idirbhearta agus teagmhais eile a aithnítear i mbrabús nó caillteanas, aithnítear aon iarmhairtí cánach gaolmhara i mbrabús nó caillteanas freisin. I gcás idirbhearta agus teagmhais eile a aithnítear lasmuigh de bhrabús nó caillteanas (bíodh sin in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas), aithnítear aon iarmhairtí cánach gaolmhara lasmuigh de bhrabús nó caillteanas freisin (bíodh sin in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas, faoi seach). Ar an gcaoi chéanna, trí shócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a aithint i gcomhcheangal gnó, déantar difear don mhéid cáilmheasa a eascraíonn as an gcomhcheangal gnó sin nó do mhéid an ghnóthachain ar cheannach sladmhargaidh a aithnítear.

    Baineann an caighdeán seo freisin le haitheantas a thabhairt do shócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as caillteanais chánach nó as creidmheasanna cánach neamhúsáidte, le cánacha ioncaim a chur i láthair sna ráitis airgeadais agus le faisnéis a nochtadh a bhaineann le cánacha ioncaim.

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le cuntasaíocht ar chánacha ioncaim.

    2

    Chun críocha an chaighdeáin seo, áirítear le cánacha ioncaim gach cáin intíre agus eachtrach atá bunaithe ar bhrabúis inchánach. Áirítear le cánacha ioncaim freisin cánacha, amhail cánacha siarchoinneálacha, atá iníoctha ag fochuideachta, gnólacht comhlachaithe nó comhshocrú maidir le dáileacháin chuig an eintiteas tuairiscithe.

    3

    [Scriosta]

    4

    Ní bhaineann an caighdeán seo leis na modhanna cuntasaíochta le haghaidh deontais rialtais (féach IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais) nó le haghaidh creidmheasanna cánach infheistíochta. Mar sin féin, baineann an caighdeán seo leis an gcuntasaíocht ar dhifríochtaí sealadacha a d’fhéadfadh eascairt as deontais nó as creidmheasanna cánach infheistíochta den sórt sin.

    SAINMHÍNITHE

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is brabús cuntasaíochta ann brabús nó caillteanas le haghaidh tréimhse sula n-asbhaintear costas cánach.

     

    Is éard is brabús inchánach (caillteanas cánach) ann an brabús (caillteanas) le haghaidh tréimhse, a chinntear i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag na húdaráis chánach, ar a bhfuil cánacha ioncaim iníoctha (in-aisghabhála).

     

    Is éard is costas cánach (ioncam cánach) ann an méid comhiomlán a áirítear chun brabús nó caillteanas a chinneadh le haghaidh na tréimhse i leith cáin reatha agus cáin iarchurtha.

     

    Is éard is cáin reatha ann an méid cánacha ioncaim is iníoctha (in-aisghabhála) i leith an bhrabúis inchánach (caillteanas cánach) le haghaidh tréimhse áirithe.

     

    Is éard is dliteanais cánach iarchurtha ann na méideanna cánacha ioncaim is iníoctha i dtréimhsí sa todhchaí i leith difríochtaí sealadacha inchánach.

     

    Is éard is sócmhainní cánach iarchurtha ann na méideanna cánacha ioncaim is in-aisghabhála i dtréimhsí sa todhchaí i leith na nithe seo a leanas:

    (a)

    difríochtaí sealadacha in-asbhainte;

    (b)

    caillteanais chánach neamhúsáidte a thugtar ar aghaidh; agus

    (c)

    creidmheasanna cánach neamhúsáidte a thugtar ar aghaidh.

     

    Is éard is difríochtaí sealadacha ann difríochtaí idir méid glanluacha sócmhainne nó dliteanais sa ráiteas staide airgeadais agus a bhonn cánach. D'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le difríochtaí sealadacha:

    (a)

    difríochtaí sealadacha inchánach, ar difríochtaí sealadacha iad as a dtiocfaidh méideanna inchánach chun brabús inchánach (caillteanas cánach) tréimhsí sa todhchaí a chinneadh tráth a dhéantar méid glanluacha na sócmhainne nó an dliteanais a aisghabháil nó a shocrú; nó

    (b)

    difríochtaí sealadacha in-asbhainte, ar difríochtaí sealadacha iad as a dtiocfaidh méideanna atá in-asbhainte chun brabús inchánach (caillteanas cánach) tréimhsí sa todhchaí a chinneadh tráth a dhéantar méid glanluacha na sócmhainne nó an dliteanais a aisghabháil nó a shocrú.

    Is éard is bonn cánach sócmhainne nó dliteanais ann an méid atá inchurtha i leith na sócmhainne sin nó an dliteanais sin chun críoch cánach.

    6

    Is é atá sa chostas cánach (ioncam cánach) an costas cánach reatha (ioncam cánach reatha) agus an costas cánach iarchurtha (ioncam cánach iarchurtha).

    Bonn cánach

    7

    Is é atá i mbonn cánach sócmhainne an méid a bheidh in-asbhainte chun críoch cánach in aghaidh aon sochair eacnamaíoch inchánach a shreabhfaidh chuig eintiteas tráth a dhéanann sé méid glanluacha na sócmhainne a aisghabháil. I gcás nach mbeidh na sochair eacnamaíocha sin inchánach, beidh bonn cánach na sócmhainne cothrom lena méid glanluacha.

    Samplaí

    1.

    Bhí costas 100 ar mheaisín. Chun críoch cánach, rinneadh dímheas dar luach 30 a asbhaint cheana sa tréimhse reatha agus sna réamhthréimhsí agus beidh an costas atá fágtha in-asbhainte sna tréimhsí sa todhchaí, bíodh sin mar dhímheas nó trí asbhaint ar dhiúscairt. Tá aon ioncam a ghintear tríd an meaisín a úsáid inchánach, beidh aon ghnóthachan ar dhiúscairt an mheaisín inchánach agus beidh aon chaillteanas ar dhiúscairt in-asbhainte chun críoch cánach. Is é 70 bonn cánach an mheaisín.

    2.

    Tá méid glanluacha dar luach 100 ag an ús infhaighte. Gearrfar cáin ar an ioncam úis gaolmhar ar bhonn airgid. Is é nialas bonn cánach an úis infhaighte.

    3.

    Tá méid glanluacha dar luach 100 ag infháltais trádála. Áiríodh an t-ioncam gaolmhar cheana sa bhrabús inchánach (caillteanas cánach). Is é 100 bonn cánach na n-infháltas trádála.

    4.

    Tá méid glanluacha dar luach 100 ag díbhinní is infhaighte ó fhochuideachta. Níl na díbhinní inchánach. Go substaintiúil, tá méid glanluacha iomlán na sócmhainne in-asbhainte in aghaidh na sochar eacnamaíoch. Dá réir sin, is é 100 bonn cánach na ndíbhinní infhaighte (1).

    5.

    Tá méid glanluacha dar luach 100 ag iasacht infhála. Ní bheidh aon iarmhairtí cánach ag baint le haisíocaíocht na hiasachta. Is é 100 bonn cánach na hiasachta.

    8

    Is é atá i mbonn cánach dliteanais méid glanluacha an dliteanais sin, lúide aon mhéid a bheidh in-asbhainte chun críoch cánach i leith an dliteanais sin i dtréimhsí sa todhchaí. I gcás ioncam a fhaightear roimh ré, is é atá i mbonn cánach an dliteanais a eascraíonn as sin méid glanluacha an ioncaim, lúide aon mhéid den ioncam nach mbeidh inchánach i dtréimhsí sa todhchaí.

    Samplaí

    1.

    Áirítear le dliteanais reatha costais fhabhraithe ag a bhfuil méid glanluacha dar luach 100. Asbhainfear an costas gaolmhar chun críoch cánach ar bhonn airgid. Is é nialas bonn cánach na gcostas fabhraithe.

    2.

    Áirítear le dliteanais reatha ioncam a fhaightear roimh ré, ag a bhfuil méid glanluacha dar luach 100. Gearradh cáin ar an ioncam úis gaolmhar ar bhonn airgid. Is é nialas bonn cánach an ioncaim a fhaightear roimh ré.

    3.

    Áirítear le dliteanais reatha costais fhabhraithe ag a bhfuil méid glanluacha dar luach 100. Rinneadh an costas gaolmhar a asbhaint cheana chun críoch cánach. Is é 100 bonn cánach na gcostas fabhraithe.

    4.

    Áirítear le dliteanais reatha fíneálacha fabhraithe agus pionóis fhabhraithe ag a bhfuil méid glanluacha dar luach 100. Níl fíneálacha agus pionóis in-asbhainte chun críoch cánach. Is é 100 bonn cánach na bhfíneálacha fabhraithe agus na bpionós fabhraithe (2).

    5.

    Tá méid glanluacha dar luach 100 ag iasacht iníoctha. Ní bheidh aon iarmhairtí cánach ag baint le haisíocaíocht na hiasachta. Is é 100 bonn cánach na hiasachta.

    9

    Tá bonn cánach ag roinnt ítimí ach ní aithnítear iad mar shócmhainní agus mar dhliteanais sa ráiteas staide airgeadais. Mar shampla, aithnítear costais taighde mar chostas chun brabús cuntasaíochta a chinneadh sa tréimhse ina dtabhaítear iad ach ní fhéadfar iad a cheadú mar asbhaint chun brabús inchánach (caillteanas cánach) a chinneadh go dtí tréimhse níos déanaí. Maidir leis an difríocht idir bonn cánach na gcostas taighde, is é sin an méid a cheadóidh na húdaráis chánachais mar asbhaint i dtréimhsí sa todhchaí, agus an méid glanluacha nialasach, is difríocht shealadach in-asbhainte í a mbíonn sócmhainn cánach iarchurtha mar thoradh uirthi.

    10

    I gcás nach léir bonn cánach sócmhainne nó dliteanais ar an gcéad amharc, is cabhair é an bunphrionsabal ar a bhfuil an Caighdeán bunaithe a chur san áireamh: go ndéanfaidh eintiteas, seachas i gcásanna eisceachtúla áirithe teoranta, dliteanas (sócmhainn) cánach iarchurtha a aithint i gcásanna ina mbeadh íocaíochtaí cánach níos mó (níos lú) mar gheall ar mhéid glanluacha sócmhainne nó dliteanais a aisghabháil nó a shocrú, ná mar a bheidís i gcás nach mbeadh aon iarmhairtí cánach ag an aisghabháil nó ag an socrú sin. Léirítear le sampla C a thagann i ndiaidh mhír 51A imthosca ina bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú an bunphrionsabal sin a chur san áireamh, mar shampla, i gcás ina bhfuil bonn cánach sócmhainne nó dliteanais ag brath ar an modh aisghabhála nó socraíochta a bhfuiltear ag súil leis.

    11

    I ráitis airgeadais chomhdhlúite, cinntear difríochtaí sealadacha trí mhéideanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas sna ráitis airgeadais chomhdhlúite a chur i gcomparáid leis an mbonn cánach iomchuí. Cinntear an bonn cánach faoi threoir tuairisceán cánach comhdhlúite sna dlínsí sin ina gcuirtear isteach tuairisceán den sórt sin. I ndlínsí eile, cinntear an bonn cánach faoi threoir thuairisceáin chánach gach eintitis sa ghrúpa.

    DLITEANAIS AGUS SÓCMHAINNÍ CÁNACH IARCHURTHA A AITHINT

    12

    Aithneofar cáin reatha le haghaidh tréimhsí reatha agus réamhthréimhsí a aithint, a mhéid atá sí neamhíoctha, mar dhliteanas. Más mó an méid a íocadh cheana i leith tréimhsí reatha agus réamhthréimhsí ná an méid atá dlite le haghaidh na dtréimhsí sin, aithneofar an barrachas mar shócmhainn.

    13

    An sochar a bhaineann le caillteanas cánach is féidir a thabhairt siar chun cáin reatha réamhthréimhse a aisghabháil, aithneofar é mar shócmhainn.

    14

    I gcás ina n-úsáidtear caillteanas cánach chun cáin reatha réamhthréimhse a aisghabháil, aithníonn eintiteas an sochar mar shócmhainn sa tréimhse ina dtarlaíonn an caillteanas cánach toisc gur dócha go sreabhfaidh an sochar chuig an eintiteas agus gur féidir an sochar a thomhas go hiontaofa.

    DLITEANAIS AGUS SÓCMHAINNÍ CÁNACH IARCHURTHA A AITHINT

    DIFRÍOCHTAÍ SEALADACHA INCHÁNACH

    15

    Déanfar dliteanas cánach iarchurtha a aithint i ndáil le gach difríocht shealadach inchánach, ach amháin a mhéid a thagann an dliteanas cánach iarchurtha as na nithe seo a leanas:

    (a)

    aitheantas tosaigh cáilmheasa; nó

    (b)

    aitheantas tosaigh sócmhainne nó dliteanais in idirbheart sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    ní comhcheangal gnó é an t-idirbheart sin;

    (ii)

    tráth an idirbhirt, nach ndéanann sé difear do bhrabús cuntasaíochta ná do bhrabús inchánach (caillteanas cánach); agus

    (iii)

    nach dtagann, tráth an idirbhirt, difríochtaí sealadacha inchánach agus inasbhainte astu.

    Mar sin féin, i gcás difríochtaí sealadacha inchánach a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe, agus i gcás leasanna i gcomhshocruithe, aithneofar dliteanas cánach iarchurtha i gcomhréir le mír 39.

    16

    Is gné dhílis de shócmhainn a aithint go ndéanfar a méid glanluacha a aisghabháil i bhfoirm sochair eacnamaíocha a shreabhfaidh chuig an eintiteas i dtréimhsí sa todhchaí. I gcás inar mó méid glanluacha na sócmhainne ná a bonn cánach, beidh an méid sochar eacnamaíoch inchánach níos mó ná an méid a cheadófar mar asbhaint chun críoch cánach. Is difríocht shealadach inchánach í an difríocht sin agus is dliteanas cánach iarchurtha í an oibleagáid maidir leis na cánacha ioncaim a eascraíonn aisti i dtréimhsí sa todhchaí a íoc. De réir mar a dhéanann an t-eintiteas méid glanluacha na sócmhainne a aisghabháil, tiocfaidh aisiompú ar an difríocht shealadach inchánach agus beidh brabús inchánach ag an eintiteas. Fágann sé sin gur dócha go sreabhfaidh sochair eacnamaíocha ón eintiteas i bhfoirm íocaíochtaí cánach. Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an gcaighdeán seo go n-aithneofar gach dliteanas cánach iarchurtha, seachas in imthosca áirithe a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 15 agus 39.

    Sampla

    Tá méid glanluacha dar luach 100 agus sócmhainn a chosain 150. Is é 90 an dímheas carnach chun críoch cánach agus is é 25 % an ráta cánach.

    Is é 60 bonn cánach na sócmhainne (costas 150 lúide dímheas 90). Chun an méid glanluacha dar luach 100 a aisghabháil, ní mór don eintiteas ioncam inchánach dar luach 100 a thuilleamh, ach ní bheidh sé in ann ach dímheas cánach dar luach 60 a asbhaint. Dá réir sin, íocfaidh an t-eintiteas cánacha ioncaim dar luach 10 (40 ag 25 %) tráth a dhéanann sé méid glanluacha na sócmhainne a aisghabháil. Is í an difríocht idir an méid glanluacha dar luach 100 agus an bonn cánach dar luach 60 difríocht shealadach inchánach dar luach 40. Dá bhrí sin, aithníonn an t-eintiteas dliteanas cánach iarchurtha dar luach 10 (40 ag 25 %) lena léirítear na cánacha ioncaim a íocfaidh sé tráth a dhéanfaidh sé méid glanluacha na sócmhainne a aisghabháil.

    17

    Tagann roinnt difríochtaí sealadacha chun cinn i gcásanna ina n-áirítear ioncam nó costas i mbrabús cuntasaíochta le haghaidh aon tréimhse ach ina n-áirítear é i mbrabús inchánach i dtréimhse eile. Is minic a thugtar difríochtaí uainiúcháin ar dhifríochtaí sealadacha den sórt sin. Seo a leanas samplaí de dhifríochtaí sealadacha den chineál sin ar difríochtaí sealadacha inchánach iad agus, dá bhrí sin, as a dtagann dliteanais cánach iarchurtha:

    (a)

    áirítear ioncam úis i mbrabús cuntasaíochta ar bhonn cion ama ach d’fhéadfaí é a áireamh, i ndlínsí áirithe, i mbrabús inchánach i gcás ina mbailítear airgead tirim. Bíonn bonn cánach nialasach ag aon infháltas a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais i ndáil leis na hioncaim sin toisc nach ndéantar difear don bhrabús inchánach mar gheall ar na hioncaim sin go dtí go mbailítear airgead tirim;

    (b)

    d’fhéadfadh sé go mbeadh an dímheas a úsáidtear chun brabús inchánach (caillteanas cánach) a chinneadh éagsúil leis an dímheas a úsáidtear chun brabús cuntasaíochta a chinneadh. Is í an difríocht shealadach an difríocht idir méid glanluacha na sócmhainne agus a bonn cánach, is é sin costas bunaidh na sócmhainne lúide gach asbhaint i leith na sócmhainne sin arna gceadú ag na húdaráis chánachais chun brabús inchánach na tréimhse reatha agus na réamhthréimhsí a chinneadh. Tagann difríocht shealadach inchánach chun cinn, agus bíonn dliteanas cánach iarchurtha mar thoradh uirthi sin, i gcás ina gcuirtear dlús le dímheas cánach (i gcás ina bhfuil dímheas cánach níos moille ná dímheas cuntasaíochta, tagann difríocht shealadach in-asbhainte chun cinn, agus bíonn sócmhainn cánach iarchurtha mar thoradh uirthi sin); agus

    (c)

    féadfar costais forbartha a chaipitliú agus a amúchadh thar thréimhsí sa todhchaí chun brabús cuntasaíochta a chinneadh, ach iad a asbhaint chun brabús inchánach a chinneadh sa tréimhse ina dtabhaítear iad. Tá bonn cánach nialasach ag costais forbartha den sórt sin toisc go ndearnadh iad a asbhaint cheana as brabús inchánach. Is í an difríocht shealadach an difríocht idir méid glanluacha na gcostas forbartha agus a mbonn cánach nialasach.

    18

    Tagann difríochtaí sealadacha chun cinn sna cásanna seo a leanas freisin:

    (a)

    aithnítear na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa i gcomhcheangal gnó ag a gcóirluach i gcomhréir le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, ach ní dhéantar aon choigeartú chun críoch cánach (féach mír 19);

    (b)

    déantar sócmhainní a athluacháil agus ní dhéantar aon choigeartú coibhéiseach chun críoch cánach (féach mír 20);

    (c)

    tagann cáilmheas chun cinn i gcomhcheangal gnó (féach mír 21);

    (d)

    tá difríocht ann idir bonn cánach sócmhainne nó dliteanais tráth an aitheantais tosaigh agus méid glanluacha na sócmhainne sin nó an dliteanais sin, mar shampla, i gcás ina mbaineann eintiteas tairbhe as deontais rialtais neamh-inchánach a bhaineann le sócmhainní (féach míreanna 22 agus 33); nó

    (e)

    tagann difríocht chun cinn idir méid glanluacha infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe nó idir leasanna i gcomhshocruithe agus bonn cánach na hinfheistíochta nó an leasa (féach míreanna 38-45).

    Comhcheangail ghnó

    19

    Seachas i gcásanna eisceachtúla teoranta, aithnítear na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa i gcomhcheangal gnó ar a gcóirluach ar an dáta éadála. Tagann difríochtaí sealadacha chun cinn i gcás nach ndéantar difear do bhoinn chánach na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na ndliteanas gafa mar gheall ar an gcomhcheangal gnó nó i gcás ina ndéantar difear dóibh ar bhealaí éagsúla. Mar shampla, i gcás ina méadaítear méid glanluacha sócmhainne go cóirluach ach ina bhfanann bonn cánach na sócmhainne ar chostas an úinéara roimhe sin, tagann difríocht shealadach inchánach chun cinn a mbíonn dliteanas cánach iarchurtha mar thoradh uirthi. Déantar difear do cháilmheas mar gheall ar an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin (féach mír 66).

    Sócmhainní arna sealbhú ar chóirluach

    20

    Le IFRSanna, ceadaítear nó ceanglaítear sócmhainní áirithe a shealbhú ar chóirluach nó iad a athluacháil (féach, mar shampla, IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta, IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IFRS 16 Léasanna). I ndlínsí áirithe, déantar difear do bhrabús inchánach (caillteanas cánach) le haghaidh na tréimhse reatha mar gheall ar athluacháil nó athshonrú eile sócmhainne go cóirluach. Dá thoradh sin, déantar bonn cánach na sócmhainne a choigeartú agus ní thagann aon difríocht shealadach chun cinn. I ndlínsí eile, ní dhéantar difear do bhrabús inchánach i dtréimhse na hathluachála nó an athshonraithe mar gheall ar athluacháil nó athshonrú sócmhainne agus, dá réir sin, ní dhéantar bonn cánach na sócmhainne a choigeartú. Mar sin féin, tiocfaidh sreabhadh inchánach sochar eacnamaíoch chuig an eintiteas as aisghabháil an mhéid ghlanluacha sa todhchaí, agus beidh difríocht ann idir an méid a bheidh in-asbhainte chun críoch cánach agus méid na sochar eacnamaíoch sin. Maidir leis an difríocht idir méid glanluacha sócmhainne athluacháilte agus a bonn cánach, is difríocht shealadach í agus eascraíonn dliteanas nó sócmhainn cánach iarchurtha aisti. Is fíor an méid sin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    níl sé beartaithe ag an eintiteas an tsócmhainn a dhiúscairt. I gcásanna den sórt sin, déanfar méid glanluacha athluacháilte na sócmhainne a aisghabháil trí úsáid agus ginfear leis sin ioncam inchánach a bheidh níos mó ná an dímheas a bheidh incheadaithe chun críoch cánach i dtréimhsí sa todhchaí; nó

    (b)

    déantar cáin ar ghnóthachain chaipitiúla a iarchur má infheistítear na fáltais ó dhiúscairt na sócmhainne i sócmhainní comhchosúla. I gcásanna den sórt sin, beidh an cháin iníoctha sa deireadh tráth a dhíoltar nó a úsáidtear na sócmhainní comhchosúla.

    Cáilmheas

    21

    Déantar cáilmheas a eascraíonn i gcomhcheangal gnó a thomhas mar an barrachas de (a) thar (b) thíos:

    (a)

    comhiomlán na nithe seo a leanas:

    (i)

    an chomaoin a aistríodh arna tomhas i gcomhréir le IFRS 3, lena gceanglaítear go ginearálta cóirluach ar an dáta éadála;

    (ii)

    méid aon leasa neamh-urlámhais san eintiteas arna fháil a aithnítear i gcomhréir le IFRS 3; agus

    (iii)

    i gcomhcheangal gnó a bhaintear amach i gcéimeanna, cóirluach leas cothromais an fhaighteora san eintiteas arna fháil ar an dáta éadála.

    (b)

    glanmhéideanna na sócmhainní inaitheanta agus na ndliteanas gafa ar an dáta éadála, arna dtomhas i gcomhréir le IFRS 3.

    Ní cheadaíonn roinnt mhaith údarás cánachais laghduithe ar mhéid glanluacha an cháilmheasa a úsáid mar chostas in-asbhainte chun brabús inchánach a chinneadh. Thairis sin, i ndlínsí den sórt sin, is minic nach féidir costas an cháilmheasa a asbhaint i gcás ina ndéanann fochuideachta a gnólacht foluiteach a dhiúscairt. Sna dlínsí sin, tá bonn cánach nialasach ag cáilmheas. Aon difríocht idir méid glanluacha an cháilmheasa agus a bhonn cánach nialasach, is difríocht shealadach inchánach í. Mar sin féin, ní cheadaítear leis an gcaighdeán seo an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin a aithint toisc go dtomhaistear cáilmheas mar iarmhairt agus go méadófaí méid glanluacha an cháilmheasa mar gheall ar aithint an dliteanais cánach iarchurtha.

    21A

    Maidir le laghduithe a dhéantar ina dhiaidh sin ar dhliteanas cánach iarchurtha nach n-aithnítear toisc go n-eascraíonn sé as aitheantas tosaigh cáilmheasa, meastar freisin go n-eascraíonn siad as an aitheantas tosaigh cáilmheasa agus, dá bhrí sin, ní aithnítear iad faoi mhír 15(a). Mar shampla, má aithníonn eintiteas i gcomhcheangal gnó cáilmheas CU100 a bhfuil bonn cánach nialasach aige, le mír 15(a) cuirtear toirmeasc ar an eintiteas an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin a aithint. Má aithníonn an t-eintiteas ina dhiaidh sin caillteanas lagaithe CU20 i leith an cháilmheasa sin, laghdaítear méid na difríochta sealadaí inchánach a bhaineann leis an gcáilmheas ó CU100 go CU80 agus, dá thoradh sin, laghdaítear luach an dliteanais cánach iarchurtha neamhaitheanta. Maidir leis an laghdú sin ar luach an dliteanais cánach iarchurtha neamhaitheanta, meastar freisin go mbaineann sé le haitheantas tosaigh an cháilmheasa agus, dá bhrí sin, cuirtear toirmeasc ar iad a aithint faoi mhír 15(a).

    21B

    Mar sin féin, aithnítear dliteanais cánach iarchurtha le haghaidh difríochtaí sealadacha inchánach a bhaineann le cáilmheas a mhéid nach n-eascraíonn siad as an aitheantas tosaigh cáilmheasa. Mar shampla, má aithníonn eintiteas i gcomhcheangal gnó cáilmheas CU100 atá in-asbhainte chun críoch cánach ag ráta 20 faoin gcéad in aghaidh na bliana dar tús i mbliain na héadála, is é CU100 bonn cánach an cháilmheasa tráth an aitheantais tosaigh agus CU80 ag deireadh bhliain na héadála. Más é CU100 fós méid glanluacha an cháilmheasa ag deireadh bhliain na héadála gan athrú, tagann difríocht shealadach inchánach dar luach CU20 chun cinn ag deireadh na bliana sin. Ós rud é nach mbaineann an difríocht shealadach inchánach sin le haitheantas tosaigh an cháilmheasa, aithnítear an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin.

    Aitheantas tosaigh sócmhainne nó dliteanais

    22

    D’fhéadfadh difríocht shealadach a theacht chun cinn tráth aitheantais tosaigh sócmhainne nó dliteanais, mar shampla, mura mbeidh cuid de chostas sócmhainne nó costas iomlán sócmhainne in-asbhainte chun críoch cánach. Braitheann an modh cuntasaíochta le haghaidh difríocht shealadach den sórt sin ar chineál an idirbhirt as ar tháinig aitheantas tosaigh na sócmhainne nó an dliteanais:

    (a)

    i gcomhcheangal gnó, aithníonn eintiteas aon dliteanas nó sócmhainn cánach iarchurtha agus déanann sé sin difear do mhéid an cháilmheasa nó an ghnóthachain ar cheannach sladmhargaidh a aithníonn sé (féach mír 19);

    (b)

    má dhéanann an t-idirbheart difear do bhrabús cuntasaíochta nó do bhrabús inchánach, nó más é is cúis le difríochtaí sealadacha inchánach comhionanna, aithníonn eintiteas aon dliteanas cánach iarchurtha nó aon sócmhainn chánach iarchurtha agus aithníonn sé an caiteachas cánach iarchurtha nó an t-ioncam i mbrabús nó i gcaillteanas dá bharr (féach mír 59);

    (c)

    más rud é nach comhcheangal gnó an t-idirbheart, nach ndéanann an t-idirbheart difear do bhrabús cuntasaíochta ná do bhrabús inchánach agus nach eascraíonn difríochtaí sealadacha inasbhainte as, d'uireasa na díolúine dá bhforáiltear le míreanna 15 agus 24, d'aithneodh eintiteas an dliteanas cánach iarchurtha nó an tsócmhainn a thagann as a aithint agus dhéanfadh sé suim ghlanluacha na sócmhainne nó an dliteanais a choigeartú den mhéid céanna. D’fhágfadh coigeartuithe den sórt sin nach mbeadh na ráitis airgeadais chomh trédhearcach céanna. Dá bhrí sin, ní cheadaítear leis an gcaighdeán seo d’eintiteas an dliteanas nó an tsócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as sin a aithint, bíodh sin tráth an aitheantais tosaigh nó ina dhiaidh sin (féach an sampla thíos). Ina theannta sin, ní aithníonn eintiteas athruithe a dhéantar ina dhiaidh sin ar an dliteanas cánach iarchurtha neamhaitheanta nó ar an tsócmhainn cánach iarchurtha neamhaitheanta toisc go bhfuil an tsócmhainn dímheasta.

    Sampla lena léirítear mír 22(c)

    Tá sé beartaithe ag eintiteas úsáid a bhaint as sócmhainn a chosain 1 000 ar feadh a saolré úsáide a mhaireann 5 bliana agus ansin í a dhiúscairt ar luach iarmharach nialasach. Is é 40 % an ráta cánach. Níl dímheas na sócmhainne in-asbhainte chun críoch cánach. Tráth na diúscartha, ní bheadh aon ghóthachan caipitiúil inchánach agus ní bheadh aon chaillteanas caipitiúil in-asbhainte.

    Ós rud é go ndéanann an t-eintiteas méid glanluacha na sócmhainne a aisghabháil, gnóthóidh sé ioncam inchánach dar luach 1 000 agus íocfaidh sé cáin dar luach 400. Ní aithníonn an t-eintiteas an dliteanas cánach iarchurtha dar luach 400 a eascraíonn as sin toisc go n-eascraíonn sé as aitheantas tosaigh na sócmhainne.

    Sa bhliain ina dhiaidh sin, is é 800 méid glanluacha na sócmhainne. Trí ioncam inchánach dar luach 800 a thuilleamh, íocfaidh an t-eintiteas cáin dar luach 320. Ní aithníonn an t-eintiteas an dliteanas cánach iarchurtha dar luach 320 toisc go n-eascraíonn sé as aitheantas tosaigh na sócmhainne.

    22A

    22 A D’fhéadfadh sé go mbeadh aitheantas tosaigh sócmhainne agus dliteanais ann mar thoradh ar idirbheart nach comhcheangal gnó é agus, tráth an idirbhirt, ní dhéanfaidh sé difear do bhrabús cuntasaíochta ná ar bhrabús inchánach. Mar shampla, ar dháta tosaithe léasa, go hiondúil aithníonn léasaí dliteanas léasa agus an tsuim chomhfhreagrach mar chuid de chostas sócmhainne éasúinte. Ag brath ar an dlí cánach is infheidhme, d’fhéadfadh difríochtaí sealadacha comhionanna inchánach agus inasbhainte teacht chun cinn ar aithint tosaigh na sócmhainne agus an dliteanais in idirbheart den sórt sin. Níl feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i míreanna 15 agus 24 maidir le difríochtaí sealadacha den sórt sin agus aithníonn eintiteas aon dliteanas cánach iarchurtha agus sócmhainn a eascraíonn astu.

    23

    I gcomhréir le IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair, déanann eisitheoir ionstraime cumaisc airgeadais (mar shampla, banna in-chomhshóite) comhpháirt dliteanais na hionstraime a aicmiú mar dhliteanas agus an chomhpháirt chothromais mar chothromas. I ndlínsí áirithe, bíonn bonn cánach na comhpháirte dliteanais tráth an aitheantais tosaigh cothrom le méid glanluacha tosaigh shuim na gcomhpháirteanna dliteanais agus cothromais. Maidir leis an difríocht shealadach inchánach a eascraíonn as sin, eascraíonn sí as aitheantas tosaigh na comhpháirte cothromais ar leithligh ón gcomhpháirt dliteanais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an eisceacht a leagtar amach i mír 15(b). Dá réir sin, aithníonn eintiteas an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin. I gcomhréir le mír 61A, muirearaítear an cháin iarchurtha go díreach ar mhéid glanluacha na comhpháirte cothromais. I gcomhréir le mír 58, aithnítear athruithe a dhéantar ina dhiaidh sin ar an dliteanas cánach iarchurtha i mbrabús nó caillteanas mar chostas (ioncam) cánach iarchurtha.

    Difríochtaí sealadacha in-asbhainte

    24

    Aithneofar sócmhainn cánach iarchurtha le haghaidh na ndifríochtaí sealadacha in-asbhainte go léir a mhéid is dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir an difríocht shealadach in-asbhainte a úsáid ina n-aghaidh, seachas i gcás ina n-eascraíonn an tsócmhainn cánach iarchurtha as aitheantas tosaigh sócmhainne nó dliteanais in idirbheart a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

    (a)

    ní comhcheangal gnó é an t-idirbheart sin;

    (b)

    tráth an idirbhirt, nach ndéanann sé difear do bhrabús cuntasaíochta ná do bhrabús inchánach (caillteanas cánach); agus

    (c)

    nach dtagann, tráth an idirbhirt, difríochtaí sealadacha inchánach agus inasbhainte astu.

    Mar sin féin, i gcás difríochtaí sealadacha inchánach a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe, agus i gcás leasanna i gcomhshocruithe, aithneofar sócmhainn cánach iarchurtha i gcomhréir le mír 44.

    25

    Is gné dhílis de dhliteanas a aithint go socrófar an méid glanluacha i dtréimhsí sa todhchaí trí eis-sreabhadh acmhainní lena mbaineann sochair eacnamaíocha ón eintiteas. I gcásanna ina dtagann acmhainní ón eintiteas, d’fhéadfadh sé go mbeadh cuid dá méideanna nó a méideanna ina n-iomláine in-asbhainte chun brabús inchánach tréimhse a chinneadh tráth níos déanaí ná an tréimhse ina n-aithnítear an dliteanas. I gcásanna den sórt sin, is ann do dhifríocht shealadach idir méid glanluacha an dliteanais agus a bhonn cánach. Dá réir sin, tagann sócmhainn cánach iarchurtha chun cinn i leith na gcánacha ioncaim a bheidh in-aisghabhála i dtréimhsí sa todhchaí i gcásanna ina gceadaítear an chuid sin den dliteanas mar asbhaint chun brabús inchánach a chinneadh. Ar an gcaoi chéanna, má tá méid glanluacha sócmhainne níos lú ná a bonn cánach, is éard a eascraíonn as an difríocht sócmhainn cánach iarchurtha i leith na gcánacha ioncaim a bheith in-aisghabhála i dtréimhsí sa todhchaí.

    Sampla

    Aithníonn eintiteas dliteanas dar luach 100 le haghaidh costais baránta táirge fabhraithe. Chun críoch cánach, ní bheidh na costais baránta táirge in-asbhaint go dtí go n-íocann an t-eintiteas éilimh. Is é 25 % an ráta cánach.

    Tá bonn cánach nialasach ag an dliteanas (méid glanluacha 100, lúide an méid a bheidh in-asbhainte chun críoch cánach i leith an dliteanais sin i dtréimhsí sa todhchaí). Agus an dliteanas sin á shocrú ag an eintiteas le haghaidh a mhéid ghlanluacha, laghdóidh sé a bhrabús inchánach sa todhchaí faoi mhéid 100 agus, dá réir sin, laghdóidh sé a íocaíochtaí cánach sa todhchaí faoi mhéid 25 (100 ag 25 %). Is í an difríocht idir an méid glanluacha dar luach 100 agus an bonn cánach nialasach difríocht shealadach inchánach dar luach 100. Dá bhrí sin, aithníonn an t-eintiteas sócmhainn cánach iarchurtha dar luach 25 (100 ag 25 %), ar choinníoll gur dócha go ngnóthóidh an t-eintiteas brabús inchánach leordhóthanach i dtréimhsí sa todhchaí chun tairbhiú de laghdú ar íocaíochtaí cánach.

    26

    Seo a leanas samplaí de dhifríochtaí sealadacha in-asbhainte as a n-eascraíonn sócmhainní cánach iarchurtha:

    (a)

    féadfar costais maidir le sochair scoir a asbhaint chun brabús cuntasaíochta a chinneadh toisc go soláthraíonn fostaí an tseirbhís, ach asbhaintear iad chun brabús inchánach a chinneadh i gcás ina n-íocann an t-eintiteas ranníocaíochtaí le ciste nó i gcás ina n-íocann an t-eintiteas sochair scoir. Is ann do dhifríocht shealadach idir méid glanluacha an dliteanais agus a bhonn cánach; de ghnáth, is é nialas bonn cánach an dliteanais. Eascraíonn sócmhainn cánach iarchurtha as difríocht shealadach in-asbhainte den sórt sin ós rud é go sreabhfaidh sochair eacnamaíocha chuig an eintiteas i bhfoirm asbhainte as brabúis inchánach i gcás ina n-íoctar ranníocaíochtaí nó sochair scoir;

    (b)

    Aithnítear costais taighde mar chostas chun brabús cuntasaíochta a chinneadh sa tréimhse ina dtabhaítear iad ach ní fhéadfar iad a cheadú mar asbhaint chun brabús inchánach (caillteanas cánach) a chinneadh go dtí tréimhse níos déanaí. Maidir leis an difríocht idir bonn cánach na gcostas taighde, is é sin an méid a cheadóidh na húdaráis chánachais mar asbhaint i dtréimhsí sa todhchaí, agus an méid glanluacha nialasach, is difríocht shealadach in-asbhainte í a mbíonn sócmhainn cánach iarchurtha mar thoradh uirthi;

    (c)

    seachas i gcásanna eisceachtúla teoranta, aithníonn eintiteas na sócmhainní inaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa i gcomhcheangal gnó ar a gcóirluach ar an dáta éadála. I gcás ina n-aithnítear dliteanas gafa ar an dáta éadála ach nach n-asbhaintear na costais ghaolmhara chun brabúis inchánach a chinneadh go dtí tréimhse níos déanaí, tagann difríocht shealadach in-asbhainte chun cinn a mbíonn sócmhainn cánach iarchurtha mar thoradh uirthi. Tagann sócmhainní cánach iarchurtha chun cinn freisin i gcás inar lú cóirluach sócmhainne inaitheanta ná a bonn cánach. Sa dá chás sin, déantar difear do cháilmheas mar gheall ar an tsócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as sin (féach mír 66); agus

    (d)

    féadfar sócmhainní áirithe a shealbhú ar chóirluach, nó iad a athluacháil, gan coigeartú coibhéiseach a dhéanamh chun críoch cánach (féach mír 20). Tagann difríocht shealadach inchánach chun cinn más rud é gur mó bonn cánach na sócmhainne ná a méid glanluacha.

    Sampla lena léirítear mír 26(d)

    Difríocht shealadach in-asbhainte a shainaithint ag deireadh Bhliain 2:

     

    Ceannaíonn Eintiteas A ionstraim fiachais ar chostas CU 1 000 ag tús Bhliain 1, ar ionstraim fiachais í a bhfuil luach ainmniúil CU 1 000 aici atá iníoctha ar aibíocht i gceann 5 bliana agus a bhfuil ráta úis 2 % ag baint léi atá iníoctha ag deireadh gach bliana. Is é 2 % an glanráta úis. Tomhaistear an ionstraim fiachais ar chóirluach.

     

    Ag deireadh Bhliain 2, tá laghdú tagtha ar chóirluach na hionstraime fiachais go CU 918 mar thoradh ar mhéadú ar rátaí úis an mhargaidh go 5 %. Is dócha go mbaileoidh Eintiteas A na sreafaí airgid conarthacha uile má leanann sé den ionstraim fiachais a shealbhú.

     

    Níl aon ghnóthachan (caillteanais) ar an ionstraim fiachais inchánach (in-asbhainte) ach amháin nuair a réadaítear iad. Déantar na gnóthachain (caillteanais) a eascraíonn as díol nó aibíocht na hionstraime fiachais a ríomh chun críoch cánach mar an difríocht idir an méid a bailíodh agus costas bunaidh na hionstraime fiachais.

     

    Dá réir sin, is é bonn cánach na hionstraime fiachais a costas bunaidh.

     

    Eascraíonn difríocht shealadach in-asbhainte dar luach CU 82 ag deireadh Bhliain 2 as an difríocht idir méid glanluacha na hionstraime fiachais i ráiteas staide airgeadais Eintiteas A, is é sin CU 918, agus a bonn cánach dar luach CU 1 000 (féach míreanna 20 agus 26(d)), gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil coinne ag Eintiteas A le méid glanluacha na hionstraime fiachais a aisghabháil trína díol nó trína húsáid, i.e. trína sealbhú agus trí shreafaí airgid conarthacha a bhailiú, nó meascán den dá rud.

     

    Is amhlaidh atá toisc gur difríochtaí sealadacha in-asbhainte iad difríochtaí idir méid glanluacha sócmhainne nó dliteanais sa ráiteas staide airgeadais agus bonn cánach na sócmhainne nó an dliteanais sin, difríochtaí as a dtiocfaidh méideanna atá in-asbhainte chun brabús inchánach (caillteanas cánach) tréimhsí sa todhchaí a chinneadh, tráth a dhéantar méid glanluacha na sócmhainne nó an dliteanais a aisghabháil nó a shocrú (féach mír 5). Faigheann Eintiteas A asbhaint atá coibhéiseach le bonn cánach na sócmhainne, is é sin CU 1 000, agus brabús inchánach (caillteanas cánach) á chinneadh tráth díola na sócmhainne nó tráth a haibíochta.

    27

    Is éard a eascraíonn as difríochtaí sealadacha in-asbhainte a aisiompú, asbhaintí maidir le brabúis inchánach tréimhse sa todhchaí a chinneadh. Mar sin féin, ní shreabhfaidh sochair eacnamaíocha i bhfoirm laghduithe ar íocaíochtaí cánach chuig an eintiteas ach amháin má thuilleann sé brabúis inchánach leordhóthanacha ar féidir na hasbhaintí a fhritháireamh ina n-aghaidh. Dá bhrí sin, ní aithníonn eintiteas sócmhainní cánach iarchurtha ach amháin i gcás inar dócha go mbeidh brabúis inchánach ar fáil ar féidir na difríochtaí sealadacha in-asbhainte a úsáid ina n-aghaidh.

    27A

    Agus measúnú á dhéanamh ag eintiteas ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh brabúis inchánach ar fáil ar féidir na difríochtaí sealadacha in-asbhainte a úsáid ina n-aghaidh, measann sé an gcuireann an dlí cánach srian ar fhoinsí brabús inchánach ar féidir leis asbhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh i gcás ina ndéantar an difríocht shealadach in-asbhainte a aisiompú. Mura bhforchuirtear aon srian den sórt sin leis an dlí cánach, déanann eintiteas measúnú ar dhifríocht shealadach in-asbhainte in éineacht lena chuid difríochtaí sealadacha in-asbhainte eile. Mar sin féin, má chuirtear srian leis an dlí cánach ar úsáid caillteanas le haghaidh asbhaintí in aghaidh ioncam de chineál sonrach, ní dhéantar measúnú ar dhifríocht shealadach in-asbhainte ach amháin in éineacht le difríochtaí sealadacha in-asbhainte eile den chineál iomchuí.

    28

    Is dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir difríocht shealadach in-asbhainte a úsáid ina aghaidh i gcás ina bhfuil difríochtaí sealadacha inchánach leordhóthanacha ann a bhaineann leis an údarás cánachais céanna agus leis an eintiteas inchánach céanna a bhfuil coinne ann go n-aisiompófar iad:

    (a)

    sa tréimhse chéanna le haisiompú na difríochta sealadaí in-asbhainte a bhfuil coinne leis; nó

    (b)

    i dtréimhsí inar féidir caillteanas cánach a eascraíonn as an tsócmhainn cánach iarchurtha a thabhairt siar nó a thabhairt ar aghaidh.

    Sna himthosca sin, aithnítear an tsócmhainn cánach iarchurtha sa tréimhse ina dtagann na difríochtaí sealadacha in-asbhainte chun cinn.

    29

    I gcás nach bhfuil difríochtaí sealadacha inchánach leordhóthanacha ann a bhaineann leis an údarás cánachais céanna agus leis an eintiteas inchánach céanna, aithnítear an tsócmhainn cánach iarchurtha a mhéid is amhlaidh an méid seo a leanas:

    (a)

    is dócha go mbeidh brabús inchánach leordhóthanach ag an eintiteas a bhaineann leis an údarás cánachais céanna agus leis an eintiteas inchánach céanna sa tréimhse chéanna le haisiompú na difríochta sealadaí in-asbhainte (nó sna tréimhsí inar féidir caillteanas cánach a eascraíonn as an tsócmhainn cánach iarchurtha a thabhairt siar nó a thabhairt ar aghaidh). Agus measúnú á dhéanamh ag eintiteas ar cé acu a bheidh nó nach mbeidh brabús inchánach leordhóthanach aige i dtréimhsí sa todhchaí, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (i)

    comparáid a dhéanamh idir na difríochtaí sealadacha in-asbhainte agus brabús inchánach sa todhchaí nach bhfuil asbhaintí cánach a eascraíonn as aisiompú na ndifríochtaí sealadacha in-asbhainte sin san áireamh ann. Léirítear leis an gcomparáid sin a mhéid is leordhóthanach an brabús inchánach sa todhchaí chun go bhféadfaidh an t-eintiteas na méideanna a eascraíonn as aisiompú na ndifríochtaí sealadacha in-asbhainte sin a asbhaint; agus

    (ii)

    neamhaird a thabhairt ar mhéideanna a eascraíonn as difríochtaí sealadacha in-asbhainte a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh siad chun cinn i dtréimhsí sa todhchaí, toisc go mbeidh gá le brabús inchánach sa todhchaí chun an tsócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as na difríochtaí sealadacha in-asbhainte sin a úsáid; nó

    (b)

    tá deiseanna pleanála cánach ar fáil don eintiteas lena gcruthófar brabús inchánach i dtréimhsí iomchuí.

    29A

    Sa mheastachán ar bhrabús inchánach is dócha a bheidh ann sa todhchaí, féadfar a áireamh cuid de shócmhainní eintitis a aisghabháil le haghaidh méid níos mó ná a méideanna glanluacha má tá fianaise leordhóthanach ann gur dócha go mbainfidh an t-eintiteas é sin amach. Mar shampla, i gcás ina dtomhaistear sócmhainn ar chóirluach, measfaidh an t-eintiteas an bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun a chinneadh gur dócha go ndéanfaidh an t-eintiteas an tsócmhainn a aisghabháil le haghaidh méid níos mó ná a méid glanluacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil coinne ag eintiteas ionstraim fiachais ar ráta seasta a shealbhú agus na sreafaí airgid conarthacha a bhailiú.

    30

    Is éard is deiseanna pleanála cánach ann gníomhaíochtaí a dhéanfadh an t-eintiteas chun ioncam inchánach a chruthú nó a mhéadú i dtréimhse ar leith sula dtéann tabhairt ar aghaidh caillteanais cánach nó creidmheasa cánach in éag. Mar shampla, i ndlínsí áirithe, féadfar brabús inchánach a chruthú nó a mhéadú mar seo a leanas:

    (a)

    trína roghnú go ngearrfaí cáin ar ioncam úis ar bhonn faighte nó ar bhonn infhaighte;

    (b)

    tríd an éileamh a chur siar i gcás asbhaintí áirithe as brabús inchánach;

    (c)

    trí shócmhainní a dhíol, agus a léasú ar ais, b’fhéidir, ar sócmhainní iad ar tháinig luachmhéadú orthu ach nár coigeartaíodh an bonn cánach lena n-aghaidh chun an luachmhéadú sin a léiriú; agus

    (d)

    trí shócmhainn a dhíol, ar sócmhainn í lena ngintear ioncam neamh-inchánach (cuir i gcás, i ndlínsí áirithe, banna rialtais), chun infheistíocht eile a cheannach lena ngintear ioncam inchánach.

    I gcás ina dtugtar brabús inchánach chun tosaigh ó thréimhse níos déanaí go tréimhse níos luaithe mar gheall ar dheiseanna pleanála cánach, braitheann an úsáid a bhaintear as tabhairt ar aghaidh caillteanais chánach nó creidmheasa cánach fós ar bhrabús inchánach a bheith ann sa todhchaí ó fhoinsí eile seachas difríochtaí sealadacha a thiocfaidh chun cinn sa todhchaí.

    31

    I gcás ina bhfuil stair ag eintiteas maidir le caillteanais a tharla le déanaí, cuireann an t-eintiteas an treoraíocht i míreanna 35 agus 36 san áireamh.

    32

    [Scriosta]

    Cáilmheas

    32A

    Más rud é gur lú méid glanluacha an cháilmheasa a eascraíonn i gcomhcheangal gnó ná a bhonn cánach, eascraíonn sócmhainn cánach iarchurtha as an difríocht. Déanfar an tsócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as an aitheantas tosaigh cáilmheasa a aithint mar chuid den chuntasaíocht le haghaidh comhcheangal gnó a mhéid is dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil a bhféadfaí an difríocht shealadach in-asbhainte a úsáid ina aghaidh.

    Aitheantas tosaigh sócmhainne nó dliteanais

    33

    Cás amháin ina n-eascraíonn sócmhainn cánach iarchurtha tráth aitheantais tosaigh sócmhainne is ea i gcás ina n-asbhaintear deontas rialtais neamh-inchánach a bhaineann le sócmhainn agus méid glanluacha na sócmhainne á ríomh ach, chun críoch cánach, nach n-asbhaintear é as méid in-dímheasa na sócmhainne (is é sin le rá a bonn cánach); is lú méid glanluacha na sócmhainne ná a bonn cánach agus tagann difríocht shealadach in-asbhainte chun cinn dá bharr sin. Féadfar deontais rialtais a áireamh freisin mar ioncam iarchurtha agus sa chás sin is difríocht shealadach in-asbhainte í an difríocht idir an t-ioncam iarchurtha agus a bhonn cánach nialasach. Cibé modh cur i láthair a ghlacann eintiteas, ní aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as sin, ar an gcúis a thugtar i mír 22.

    Caillteanais chánach neamhúsáidte agus creidmheasanna cánach neamhúsáidte

    34

    Aithneofar sócmhainn cánach iarchurtha le haghaidh thabhairt ar aghaidh na gcaillteanas cánach neamhúsáidte agus na gcreidmheasanna cánach neamhúsáidte a mhéid is dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil sa todhchaí ar féidir na caillteanais chánach neamhúsáidte agus na creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid ina aghaidh.

    35

    Maidir leis na critéir chun sócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as tabhairt ar aghaidh caillteanas cánach agus creidmheasanna cánach a aithint, is ionann iad agus na critéir chun sócmhainní cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha in-asbhainte a aithint. Mar sin féin, más ann do chaillteanais chánach neamhúsáidte, is fianaise láidir é sin go bhféadfadh sé nach mbeadh brabús inchánach sa todhchaí ar fáil. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil stair ag eintiteas maidir le caillteanais a tharla le déanaí, ní aithníonn an t-eintiteas sócmhainn cánach iarchurtha a eascraíonn as caillteanais chánach neamhúsáidte nó as creidmheasanna cánach neamhúsáidte ach amháin a mhéid atá difríochtaí sealadacha inchánach leordhóthanacha ag an eintiteas nó a mhéid atá fianaise áititheach eile ann go mbeidh brabús inchánach leordhóthanach ar fáil ar féidir leis an eintiteas na caillteanais chánach neamhúsáidte nó creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid ina aghaidh. Sna himthosca sin, ceanglaítear le mír 82 go nochtfar méid na sócmhainne cánach iarchurtha agus cineál na fianaise a thacaíonn lena haitheantas.

    36

    Cuireann eintiteas na critéir seo a leanas san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar an dóchúlacht go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir na caillteanais chánach neamhúsáidte nó na creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid ina aghaidh:

    (a)

    cé acu atá nó nach bhfuil difríochtaí sealadacha inchánach leordhóthanacha ag an eintiteas a bhaineann leis an údarás cánachais céanna agus leis an eintiteas inchánach céanna, as a dtiocfaidh méideanna inchánach ar féidir na caillteanais chánach neamhúsáidte nó na creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid ina n-aghaidh sula rachaidh siad in éag;

    (b)

    cé acu is dócha nó nach dócha go mbeidh brabúis inchánach ag an eintiteas sula rachaidh na caillteanais chánach neamhúsáidte nó na creidmheasanna cánach neamhúsáidte in éag;

    (c)

    cé acu a thagann nó nach dtagann na caillteanais chánach neamhúsáidte as cúiseanna inaitheanta nach dócha go dtarlóidh siad arís; agus

    (d)

    cé acu atá nó nach bhfuil deiseanna pleanála cánach (féach mír 30) ar fáil don eintiteas lena gcruthófar brabús inchánach sa tréimhse inar féidir na caillteanais chánach neamhúsáidte nó creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid.

    A mhéid nach dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir na caillteanais chánach neamhúsáidte nó na creidmheasanna cánach neamhúsáidte a úsáid ina aghaidh, ní aithnítear an tsócmhainn cánach iarchurtha.

    Athmheasúnú ar shócmhainní cánach iarchurtha neamhaitheanta

    37

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanann eintiteas athmheasúnú ar shócmhainní cánach iarchurtha neamhaitheanta. Aithníonn an t-eintiteas sócmhainn cánach iarchurtha a bhí neamhaitheanta roimhe seo a mhéid is dócha anois go mbeifear in ann an tsócmhainn cánach iarchurtha a aisghabháil mar gheall ar bhrabús inchánach sa todhchaí. Mar shampla, má thagann feabhas ar choinníollacha trádála, d'fhéadfadh sé gur dócha go mbeidh an t-eintiteas in ann brabús inchánach leordhóthanach a ghiniúint sa todhchaí ionas go mbeidh an tsócmhainn cánach iarchurtha i gcomhréir leis na critéir aitheantais a leagtar amach i míreanna 24 nó 34. Sampla eile is ea i gcás ina ndéanann eintiteas athmheasúnú ar shócmhainní cánach iarchurtha ar dháta comhcheangail ghnó nó ina dhiaidh sin (féach míreanna 67 agus 68).

    Infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe agus leasanna i gcomhshocruithe

    38

    Tagann difríochtaí sealadacha chun cinn i gcás ina dtagann difríocht chun cinn idir an méid glanluacha infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe nó an méid glanluacha leasanna i gcomhshocruithe (is é sin sciar na máthairchuideachta nó an infheisteora de ghlansócmhainní na fochuideachta, an bhrainse, an ghnólachta chomhlachaithe nó na hinstitiúide infheistiúcháin, lena n-áirítear an méid glanluacha cáilmheasa) agus bonn cánach (ar minic gurb é an costas) na hinfheistíochta nó an leasa. D’fhéadfadh difríochtaí den sórt sin a theacht chun cinn i roinnt imthosca éagsúla, mar shampla:

    (a)

    i gcás inar ann do thuilleamh coimeádta fochuideachtaí, brainsí, gnólachtaí comhlachaithe agus comhshocruithe;

    (b)

    athruithe ar rátaí malairte eachtraí i gcás ina bhfuil máthairchuideachta agus a fochuideachta bunaithe i dtíortha éagsúla; agus

    (c)

    laghdú ar mhéid glanluacha infheistíochta i ngnólacht comhlachaithe go dtí a méid in-aisghabhála.

    I ráitis airgeadais chomhdhlúite, d’fhéadfadh an difríocht shealadach a bheith éagsúil leis an difríocht shealadach a bhaineann leis an infheistíocht sin i ráitis airgeadais ar leith de chuid na máthairchuideachta má thugann an mháthairchuideachta an infheistíocht ar aghaidh ina ráitis airgeadais ar leith ar costas nó ar mhéid athluacháilte.

    39

    Aithneoidh eintiteas dliteanas cánach iarchurtha le haghaidh na ndifríochtaí sealadacha inchánach uile a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe agus leasanna i gcomhshocruithe, seachas a mhéid a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    tá an máthairchuideachta, an t-infheisteoir, an comhfhiontar nó an comhoibreoir in ann uainiú aisiompú na difríochta sealadaí a rialú; agus

    (b)

    is dócha nach n-aisiompófar an difríocht shealadach sa todhchaí is intuartha.

    40

    Ós rud é go rialaíonn máthairchuideachta beartas díbhinní a fochuideachta, is féidir léi uainiú aisiompú na ndifríochtaí sealadacha a bhaineann leis an infheistíocht sin a rialú (lena n-áirítear na difríochtaí sealadacha a eascraíonn ní hamháin as tuilleamh coimeádta ach as aon difríocht aistriúcháin malairte eachtraí freisin). Thairis sin, is minic a bheadh sé dodhéanta an méid cánacha ioncaim a bheadh iníoctha tráth a aisiompaítear an difríocht shealadach. Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an máthairchuideachta nach ndéanfar na brabúis sin a dháileadh sa todhchaí is intuartha, ní aithníonn an mháthairchuideachta dliteanas cánach iarchurtha. Tá feidhm ag na breithnithe céanna maidir le hinfheistíochtaí i mbrainsí.

    41

    Déantar sócmhainní agus dliteanais neamhairgeadaíochta eintitis a thomhas ina airgeadra feidhmiúil (féach IAS 21 Iarmhairtí Athruithe Ar Rátaí Malairte Eachtraí). Más in airgeadra eile a chinntear brabús inchánach nó caillteanas cánach an eintitis (agus, dá bhrí sin, bonn cánach a shócmhainní agus a dhliteanas neamhairgeadaíochta), eascraíonn difríochtaí sealadacha as athruithe ar an ráta malairte, ar difríochtaí sealadacha iad as a dtagann dliteanas cánach iarchurtha aitheanta nó (faoi réir mhír 24) sócmhainn cánach iarchurtha aitheanta. Déantar an cháin iarchurtha a eascraíonn as sin a mhuirearú ar bhrabús nó caillteanas, nó cuirtear chun sochair do bhrabús nó caillteanas í (féach mír 58).

    42

    Ní rialaíonn infheisteoir i ngnólacht comhlachaithe an t-eintiteas sin agus, de ghnáth, ní bhíonn sé in ann a bheartas díbhinní a chinneadh. Dá bhrí sin, in éagmais comhaontú lena gceanglaítear nach ndáilfear brabúis an ghnólachta chomhlachaithe sa todhchaí is intuartha, aithníonn infheisteoir dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as difríochtaí sealadacha inchánach a bhaineann lena infheistíocht sa ghnólacht comhlachaithe. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh infheisteoir in ann a chinneadh an méid cánach a bheadh iníoctha dá ndéanfadh sé costas a infheistíochta i ngnólacht comhlachaithe a aisghabháil, ach is féidir leis a chinneadh go mbeidh sé cothrom le híosmhéid nó níos mó ná sin. Sna cásanna sin, tomhaistear an dliteanas cánach iarchurtha ag an méid sin.

    43

    De ghnáth, sa socrú idir na páirtithe i gcomhshocrú, déileáiltear le dáileadh na mbrabús agus sainaithnítear cé is gá toiliú a fháil ó na páirtithe uile nó ó ghrúpa de na páirtithe chun cinntí a dhéanamh maidir leis na nithe sin. I gcás inar féidir leis an gcomhfhiontar nó leis an gcomhoibreoir uainiú dháileadh a sciar de bhrabúis an chomhshocraithe a rialú agus inar dócha nach ndáilfear a sciar de na brabúis sa todhchaí is intuartha, ní aithnítear dliteanas cánach iarchurtha.

    44

    Aithneoidh eintiteas sócmhainn cánach iarchurtha le haghaidh na ndifríochtaí sealadacha in-asbhainte uile a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe, agus leasanna i gcomhshocruithe, a mhéid is dócha an méid seo a leanas, agus a mhéid sin amháin:

    (a)

    aisiompófar an difríocht shealadach sa todhchaí is intuartha; agus

    (b)

    beidh brabús inchánach ar fáil ar féidir an difríocht shealadach a úsáid ina aghaidh.

    45

    Agus cinneadh á dhéanamh ag eintiteas maidir le cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear sócmhainn cánach iarchurtha le haghaidh difríochtaí sealadacha in-asbhainte a bhaineann lena infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe, agus le haghaidh a leasanna i gcomhshocruithe, cuireann sé an treoraíocht a leagtar amach i míreanna 28 go 31 san áireamh.

    TOMHAS

    46

    Déanfar dliteanais (sócmhainní) chánach reatha le haghaidh na tréimhse reatha agus réamhthréimhsí a thomhas ag an méid a mheastar a íocfar (a aisghabhálfar ó) leis na húdaráis chánachais, trí úsáid a bhaint as na rátaí cánach (agus na dlíthe cánach) a achtófar nó a ghlacfar sa tsubstaint faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

    47

    Déanfar sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a thomhas ag na rátaí cánach a mheastar a mbeidh feidhm acu maidir leis an tréimhse ina réadaítear an tsócmhainn nó ina socraítear an dliteanas, bunaithe ar rátaí cánach (agus ar dhlíthe cánach) a achtófar nó a ghlacfar sa tsubstaint faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

    48

    De ghnáth, déantar sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a thomhas trí úsáid a bhaint as na rátaí cánach (agus dlíthe cánach) a achtaíodh. Mar sin féin, i ndlínsí áirithe, nuair a fhógraíonn an rialtas rátaí cánach (agus dlíthe cánach), bíonn éifeacht shubstainteach an achtaithe iarbhír aige sin, achtú a d’fhéadfadh teacht roinnt míonna i ndiaidh an fhógra. Sna himthosca sin, déantar sócmhainní cánach agus dliteanais chánach a thomhas trí úsáid a bhaint as an ráta cánach fógartha (agus na dlíthe cánach).

    49

    I gcás ina bhfuil feidhm ag rátaí cánach éagsúla maidir le leibhéil éagsúla ioncaim inchánach, tomhaistear sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha trí úsáid a bhaint as na meánrátaí a mheastar a bheidh i bhfeidhm maidir le brabús inchánach (caillteanas cánach) na dtréimhsí ina bhfuil coinne leis go n-aisiompófar na difríochtaí sealadacha.

    50

    [Scriosta]

    51

    Leis an tomhas ar dhliteanais cánach iarchurtha agus ar shócmhainní cánach iarchurtha, léireofar na hiarmhairtí cánach a thiocfadh as an gcaoi a bhfuil coinne ag an eintiteas le méid glanluacha a shócmhainní agus a dhliteanas a aisghabháil nó a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    51A

    I ndlínsí áirithe, d’fhéadfadh an chaoi a ndéanann eintiteas méid glanluacha sócmhainne (dliteanais) a aisghabháil (a shocrú) difear a dhéanamh do cheachtar díobh seo a leanas, nó don dá cheann acu:

    (a)

    an ráta cánach is infheidhme tráth a dhéanann an t-eintiteas méid glanluacha na sócmhainne (an dliteanais) a aisghabháil (a shocrú); agus

    (b)

    bonn cánach na sócmhainne (an dliteanais).

    Sna cásanna sin, déanann eintiteas dliteanais cánach iarchurtha agus sócmhainní cánach iarchurtha a thomhas trí úsáid a bhaint as an ráta cánach agus as an mbonn cánach atá comhsheasmhach leis an modh aisghabhála nó socraíochta a bhfuil coinne leis.

    Sampla A

    Tá méid glanluacha dar luach 100 agus bonn cánach dar luach 60 ag ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh. Bheadh feidhm ag ráta cánach 20 % dá ndíolfaí an ítim agus bheadh feidhm ag ráta cánach 30 % maidir le hioncam eile.

    Aithníonn an t-eintiteas dliteanas cánach iarchurtha dar luach 8 (40 ag 20 %) má tá coinne aige leis an ítim a dhíol gan úsáid bhreise a bhaint aisti agus aithníonn sé dliteanas cánach iarchurtha dar luach 12 (40 ag 30 %) má tá coinne aige leis an ítim a choinneáil agus a méid glanluacha a aisghabháil trína húsáid.

    Sampla B

    Déantar ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar a bhfuil costas 100 agus ag a bhfuil méid glanluacha dar luach 80, a athluacháil go 150. Ní dhéantar aon choigeartú coibhéiseach chun críoch cánach. Is é 30 an dímheas carnach chun críoch cánach agus is é 30 % an ráta cánach. Má dhíoltar an ítim le haghaidh méid níos mó ná an costas, áireofar an dímheas cánach carnach dar luach 30 san ioncam inchánach, ach maidir le fáltais ó dhíol atá de bhreis ar an gcostas, ní bheidh siad inchánach.

    Is é 70 bonn cánach na hítime agus tá difríocht shealadach inchánach dar luach 80 ann. Má tá coinne ag an eintiteas leis an méid glanluacha a aisghabháil tríd an ítim a úsáid, ní mór dó ioncam inchánach dar luach 150 a ghiniúint, ach ní bheidh sé in ann ach dímheas dar luach 70 a asbhaint. Ar an mbonn sin, is ann do dhliteanas cánach iarchurtha dar luach 24 (80 ag 30 %). Má tá coinne ag an eintiteas leis an méid glanluacha a aisghabháil tríd an ítim a dhíol láithreach le haghaidh fáltais dar luach 150, is mar seo a leanas a ríomhtar an dliteanas cánach iarchurtha:

     

    Difríocht Shealadach Inchánach

    Ráta Cánach

    Dliteanas Cánach Iarchurtha

    Dímheas cánach carnach

    30

    30 %

    9

    Fáltais de bhreis ar an gcostas

    50

    nialas

    Iomlán

    80

     

    9

    (nóta: i gcomhréir le mír 61A, aithnítear an cháin iarchurtha bhreise a eascraíonn as an athluacháil in ioncam cuimsitheach eile)

    Sampla C

    Is ionann na fíorais sa sampla seo agus na fíorais i sampla B, ach amháin má dhíoltar an ítim le haghaidh méid níos mó ná an costas, áireofar an dímheas cánach carnach in ioncam inchánach (agus cáin á gearradh ag 30 %) agus gearrfar cáin ar na fáltais ó dhíol ag 40 % tar éis costas 110 arna choigeartú ó thaobh boilscithe a asbhaint.

    Má tá coinne ag an eintiteas leis an méid glanluacha a aisghabháil tríd an ítim a úsáid, ní mór dó ioncam inchánach dar luach 150 a ghiniúint, ach ní bheidh sé in ann ach dímheas dar luach 70 a asbhaint. Ar an mbonn sin, is é 70 an bonn chánach, is ann do dhifríocht shealadach inchánach dar luach 80 agus is ann do dhliteanas cánach iarchurtha dar luach 24 (80 ag 30 %), mar atá i sampla B.

    Má tá coinne ag an eintiteas leis an méid glanluacha a aisghabháil tríd an ítim a dhíol láithreach le haghaidh fáltais dar luach 150, beidh an t-eintiteas in ann an costas innéacsaithe dar luach 110 a asbhaint. Gearrfar cáin ar na glanfháltais dar luach 40 ag ráta 40 %. Thairis sin, áireofar an dímheas cánach carnach dar luach 30 in ioncam inchánach agus gearrfar cáin air ag ráta 30 %. Ar an mbonn sin, is é 80 an bonn chánach (110 lúide 30), is ann do dhifríocht shealadach inchánach dar luach 70 agus is ann do dhliteanas cánach iarchurtha dar luach 25 (40 ag 40 % móide 30 ag 30 %). Mura bhfuil an bonn cánach le feiceáil láithreach sa sampla seo, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú an bunphrionsabal a leagtar amach i mír 10 a chur san áireamh.

    (nóta: i gcomhréir le mír 61A, aithnítear an cháin iarchurtha bhreise a eascraíonn as an athluacháil in ioncam cuimsitheach eile)

    51B

    Má eascraíonn dliteanas cánach iarchurtha nó sócmhainn cánach iarchurtha as sócmhainn nach féidir a dhímheas a thomhaistear trí úsáid a bhaint as an tsamhail athluachála in IAS 16, léireofar leis an tomhas ar an dliteanas cánach iarchurtha nó ar an tsócmhainn cánach iarchurtha na hiarmhairtí cánach a bhaineann le méid glanluacha na sócmhainne nach féidir a dhímheas a aisghabháil trína díol, gan beann ar an mbonn a úsáidtear chun méid glanluacha na sócmhainne sin a thomhas. Dá réir sin, má shonraítear sa dlí cánach ráta cánach is infheidhme maidir leis an méid inchánach a thagann as sócmhainn a dhíol, ar ráta cánach é atá éagsúil leis an ráta cánach is infheidhme maidir leis an méid inchánach a thagann as sócmhainn a úsáid, cuirtear an chéad ráta sin i bhfeidhm chun an dliteanas nó an tsócmhainn cánach iarchurtha a bhaineann le sócmhainn nach féidir a dhímheas a thomhas.

    51C

    Má eascraíonn dliteanas nó sócmhainn cánach iarchurtha as réadmhaoin infheistíochta a thomhaistear trí úsáid a bhaint as an tsamhail chóirluacha in IAS 40, tá toimhde infhrisnéise ann go ndéanfar méid glanluacha na réadmhaoine infheistíochta a aisghabháil trína díol. Dá réir sin, mura ndéantar an toimhde a fhrisnéis, léireofar leis an tomhas ar an dliteanas cánach iarchurtha nó ar an tsócmhainn cánach iarchurtha na hiarmhairtí cánach a bhaineann le méid glanluacha na réadmhaoine infheistíochta a aisghabháil go hiomlán trína díol. Déantar an toimhde sin a fhrisnéis más rud é gur féidir an réadmhaoin infheistíochta a dhímheas agus má shealbhaítear í laistigh de shamhail ghnó a bhfuil sé de chuspóir aici na sochair eacnamaíocha ar fad atá cuimsithe sa réadmhaoin infheistíochta a thomhailt go substaintiúil le himeacht ama, seachas trína díol. Má fhrisnéistear an toimhde, leanfar ceanglais mhíreanna 51 agus 51A.

    Sampla lena léirítear mír 51C

    Tá costas 100 agus cóirluach 150 ar réadmhaoin infheistíochta. Tomhaistear í trí úsáid a bhaint as an tsamhail chóirluacha in IAS 40. Cuimsítear léi talamh a bhfuil costas 40 agus cóirluach 60 air agus foirgneamh a bhfuil costas 60 agus cóirluach 90 air. Tá saolré úsáide neamhtheoranta ag an talamh.

    Is é 30 dímheas carnach an fhoirgnimh chun críoch cánach. Ní dhéantar difear do bhrabús inchánach mar gheall ar athruithe neamhréadaithe ar chóirluach na réadmhaoine infheistíochta. Má dhíoltar an réadmhaoin infheistíochta le haghaidh méid níos mó ná an costas, áireofar aisiompú an dímheasa cánach charnaigh dar luach 30 i mbrabús inchánach agus gearrfar cáin air ag gnáthráta cánach 30 %. Maidir le fáltais ó dhíol atá de bhreis ar an gcostas, sonraítear sa dlí cánach ráta cánach 25 % le haghaidh sócmhainní a shealbhaítear ar feadh níos lú ná dhá bhliain agus ráta cánach 20 % le haghaidh sócmhainní a shealbhaítear ar feadh dhá bhliain nó níos mó.

    Ós rud é go ndéantar an réadmhaoin infheistíochta a thomhas trí úsáid a bhaint as an tsamhail chóirluacha in IAS 40, tá toimhde infhrisnéise ann go ndéanfaidh an t-eintiteas méid glanluacha na réadmhaoine infheistíochta a aisghabháil go hiomlán trína díol. Mura ndéantar an toimhde sin a fhrisnéis, léirítear leis an gcáin iarchurtha na hiarmhairtí cánach a bhaineann leis an méid glanluacha a aisghabháil go hiomlán trína díol, fiú má tá coinne ag an eintiteas le hioncam cíosa a thuilleamh ón réadmhaoin sula ndíolfar í.

    Is é 40 bonn cánach na talún má dhíoltar é agus tá difríocht shealadach inchánach dar luach 20 ann (60 – 40). Is é 30 (60 – 30) bonn cánach an fhoirgnimh má dhíoltar é agus tá difríocht shealadach inchánach dar luach 60 ann (90 – 30). Mar thoradh air sin, is é 80 (20 + 60) an difríocht shealadach inchánach iomlán a bhaineann leis an réadmhaoin infheistíochta.

    I gcomhréir le mír 47, is é an ráta cánach an ráta a mheastar a bheidh i bhfeidhm maidir leis an tréimhse ina réadófar an réadmhaoin infheistíochta. Dá bhrí sin, ríomhtar an dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as sin mar seo a leanas, má tá coinne ag an eintiteas leis an réadmhaoin a dhíol tar éis í a shealbhú ar feadh níos mó ná dhá bhliain:

     

    Difríocht Shealadach Inchánach

    Ráta Cánach

    Dliteanas Cánach Iarchurtha

    Dímheas cánach carnach

    30

    30 %

    9

    Fáltais de bhreis ar an gcostas

    50

    20 %

    10

    Iomlán

    80

     

    19

    Má tá coinne ag an eintiteas leis an réadmhaoin a dhíol tar éis í a shealbhú ar feadh níos lú ná dhá bhliain, leasófaí an ríomh thuasluaite chun ráta cánach 25 % a chur i bhfeidhm, in ionad ráta 20 % maidir leis na fáltais de bhreis ar an gcostas.

    Más rud é, ina ionad sin, go sealbhaíonn an t-eintiteas an foirgneamh laistigh de shamhail ghnó a bhfuil sé de chuspóir aici na sochair eacnamaíocha ar fad atá cuimsithe san fhoirgneamh a thomhailt go substaintiúil le himeacht ama, seachas trína dhíol, dhéanfaí an toimhde sin a fhrisnéis i gcás an fhoirgnimh. Mar sin féin, ní féidir an talamh a dhímheas. Dá bhrí sin, ní dhéanfaí an toimhde maidir le haisghabháil trí dhíolachán a fhrisnéis i gcás na talún. Fágann sé sin go léireofaí leis an dliteanas cánach iarchurtha na hiarmhairtí cánach a bhaineann le méid glanluacha an fhoirgnimh a aisghabháil trína úsáid agus le méid glanluacha na talún a aisghabháil trína dhíol.

    Is é 30 (60 – 30) bonn cánach an fhoirgnimh má úsáidtear é agus tá difríocht shealadach inchánach dar luach 60 ann (90 – 30), as a dtagann dliteanas cánach iarchurtha dar luach 18 (60 ag 30 %).

    Is é 40 bonn cánach na talún má dhíoltar é agus tá difríocht shealadach inchánach dar luach 20 ann (60 – 40), as a dtagann dliteanas cánach iarchurtha dar luach 4 (20 ag 20 %).

    Mar thoradh air sin, má dhéantar an toimhde maidir le haisghabháil trí dhíolachán a fhrisnéis i gcás an fhoirgnimh, is é 22 (18 + 4) an dliteanas cánach iarchurtha a bhaineann leis an réadmhaoin infheistíochta.

    51D

    Tá feidhm ag an toimhde infhrisnéise i mír 51C freisin i gcás ina n-eascraíonn dliteanas cánach iarchurtha nó sócmhainn cánach iarchurtha as réadmhaoin infheistíochta i gcomhcheangal gnó a thomhas más rud é go mbainfidh an t-eintiteas úsáid as an tsamhail chóirluacha agus an réadmhaoin infheistíochta sin á tomhas aige ina dhiaidh sin.

    51E

    Le míreanna 51B-51D, ní athraítear na ceanglais chun na prionsabail i míreanna 24–33 (difríochtaí sealadacha in-asbhainte) agus i míreanna 34-36 (caillteanais chánach neamhúsáidte agus creidmheasanna cánach neamhúsáidte) den Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm agus sócmhainní cánach iarchurtha á n-aithint agus á dtomhas.

    52

    [bogtha agus athuimhrithe 51A]

    52A

    I ndlínsí áirithe, bíonn cánacha ioncaim iníoctha ag ráta níos airde nó ag ráta níos ísle má íoctar cuid den ghlanbhrabús nó cuid den tuilleamh coimeádta, nó an glanbhrabús iomlán nó an tuilleamh coimeádta iomlán, le scairshealbhóirí de chuid an eintitis mar dhíbhinn. I ndlínsí áirithe eile, d’fhéadfadh cánacha ioncaim a bheith in-aisíoctha nó iníoctha má íoctar cuid den ghlanbhrabús nó cuid den tuilleamh coimeádta, nó an glanbhrabús iomlán nó an tuilleamh coimeádta iomlán, le scairshealbhóirí de chuid an eintitis mar dhíbhinn. Sna himthosca sin, déantar sócmhainní agus dliteanais cánach reatha agus iarchurtha a thomhas ag an ráta cánach is infheidhme maidir le tuilleamh coimeádta.

    52B

    [Scriosta]

    Sampla lena léirítear míreanna 52A agus 57A

    Leis an sampla seo a leanas, déileáltar le sócmhainní agus dliteanais cánach reatha agus iarchurtha a thomhas i gcás eintitis i ndlínse ina mbíonn cánacha ioncaim iníoctha ag ráta níos airde ar thuilleamh coimeádta (50 %) agus ina mbíonn méid in-aisíoctha i gcásanna ina ndáiltear brabúis. Is é 35 % an ráta cánach ar bhrabús dáilte. Ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, an 31 Nollaig 20X1, ní aithníonn an t-eintiteas dliteanas i leith díbhinní a moladh nó a dearbhaíodh tar éis na tréimhse tuairiscithe. Mar thoradh air sin, ní aithnítear aon díbhinní sa bhliain 20X1. Is é 100 000 an t-ioncam inchánach le haghaidh 20X1. Is é 40 000 an ghlandifríocht shealadach inchánach le haghaidh 20X1.

    Aithníonn an t-eintiteas dliteanas cánach reatha agus costas cánach ioncaim reatha dar luach 50 000. Ní aithnítear aon sócmhainn i leith an mhéid a d’fhéadfadh a bheith in-aisghabhála mar thoradh ar dhíbhinní sa todhchaí. Aithníonn an t-eintiteas freisin dliteanas cánach iarchurtha gus costas cánach iarchurtha dar luach 20 000 (40 000 ag 50 %), arb é atá ann na cánacha ioncaim a íocfaidh an t-eintiteas tráth a dhéanfaidh sé méideanna glanluacha a shócmhainní agus a dhliteanas a aisghabháil nó a shocrú bunaithe ar an ráta cánach is infheidhme maidir le tuilleamh coimeádta.

    Ina dhiaidh sin, an 15 Márta 20X2 aithníonn an t-eintiteas díbhinní dar luach 10000 ó bhrabúis oibriúcháin roimhe sin mar dhliteanas.

    An 15 Márta 20X2, aithníonn an t-eintiteas aisghabháil cánacha ioncaim dar luach 1 500 (15 % de na díbhinní a aithníodh mar dhliteanas) mar shócmhainn cánach reatha agus mar laghdú ar chostas cánach ioncaim reatha le haghaidh 20X2.

    53

    Ní dhéanfar sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a lascainiú.

    54

    Chun sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a chinneadh go hiontaofa ar bhonn lascainithe, ní mór sceidealú mionsonraithe a dhéanamh ar uainiú aisiompú gach difríochta sealadaí. I roinnt cásanna tá sceidealú den sórt sin dodhéanta nó an-chasta. Dá bhrí sin, níl sé iomchuí a cheangal go ndéanfar sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a lascainiú. Trí lascainiú a cheadú, ach gan é sin a cheangal, is éard a thiocfadh as sin sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha nach mbeadh inchomparáide idir eintitis. Dá bhrí sin, ní cheanglaítear agus ní cheadaítear leis an gcaighdeán seo sócmhainní agus dliteanais cánach iarchurtha a lascainiú.

    55

    Cinntear difríochtaí sealadacha faoi threoir méid glanluach sócmhainne nó dliteanais. Tá feidhm aige sin fiú i gcás ina ndéantar an méid glanluacha sin féin a chinneadh ar bhonn lascainithe, mar shampla i gcás oibleagáidí sochair scoir (féach IAS 19 Sochair Fostaithe).

    56

    Déanfar athbhreithniú ar mhéid glanluacha sócmhainne cánach iarchurtha ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe. Laghdóidh eintiteas méid glanluacha sócmhainne cánach iarchurtha a mhéid nach dócha a thuilleadh go mbeidh brabús inchánach leordhóthanach ar fáil chun gur féidir an sochar a bhaineann le cuid den tsócmhainn cánach iarchurtha sin nó leis an tsócmhainn cánach iarchurtha ina hiomláine a úsáid. Déanfar aon laghdú den sórt sin a fhreaschur a mhéid a éiríonn sé dóchúil go mbeidh brabús inchánach leordhóthanach ar fáil.

    CÁIN REATHA AGUS IARCHURTHA A AITHINT

    57

    An chuntasaíocht a dhéantar ar iarmhairtí cánach reatha agus ar iarmhairtí cánach iarchurtha idirbhirt nó teagmhais eile, tá sí comhsheasmhach leis an gcuntasaíocht a dhéantar ar an idirbheart nó ar an teagmhas féin. Cuirtear an prionsabal sin chun feidhme le míreanna 58 go 68C.

    57A

    Aithneoidh eintiteas na hiarmhairtí cánach ioncaim a bhaineann le díbhinní mar a shainmhínítear in IFRS 9 i gcás ina n-aithníonn sé dliteanas maidir le díbhinn a íoc. Tá na hiarmhairtí cánach ioncaim a bhaineann le díbhinní nasctha ar bhealach níos dírí le hidirbhearta nó teagmhais a tharla roimhe seo lenar gineadh brabúis atá ar fáil lena ndáileadh, ná mar atá siad le dáileacháin ar úinéirí. Dá bhrí sin, aithneoidh eintiteas na hiarmhairtí cánach ioncaim a bhaineann le díbhinní i mbrabús nó caillteanas, in ioncam cuimsitheach eile nó i gcothromas, de réir na háite ar aithin an t-eintiteas na hidirbhearta nó na teagmhais sin a tharla roimhe sin i dtosach.

    Ítimí a aithnítear i mbrabús nó caillteanas

    58

    Aithneofar cáin reatha agus cáin iarchurtha mar ioncam nó mar chostas agus áireofar iad i mbrabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse, seachas a mhéid a eascraíonn an cháin sin as na nithe seo a leanas:

    (a)

    idirbheart nó teagmhas a aithnítear, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse eile, lasmuigh de bhrabús nó caillteanas, bíodh sin in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas (féach míreanna 61A–65);

    (b)

    comhcheangal gnó (seachas éadáil arna déanamh ag eintiteas infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, ar fhochuideachta, éadáil nach mór a thomhas ar chóirluach trí bhrabús nó caillteanas) (féach míreanna 66–68).

    59

    Tagann an chuid is mó de dhliteanais cánach iarchurtha agus de shócmhainní cánach iarchurtha chun cinn i gcásanna ina n-áirítear ioncam nó costas i mbrabús cuntasaíochta le haghaidh tréimhse amháin, ach ina n-áirítear é i mbrabús inchánach (caillteanas cánach) i dtréimhse eile. Aithnítear an cháin iarchurtha a eascraíonn as sin i mbrabús nó caillteanas. Seo a leanas samplaí ina dtarlaíonn a leithéid:

    (a)

    faightear ioncam úis, ríchíosa nó díbhinne i riaráiste agus áirítear é i mbrabús cuntasaíochta i gcomhréir le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, le IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aithint agus Tomhas nó le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, de réir mar is ábhartha, ach áirítear é i mbrabús inchánach (caillteanas cánach) ar bhonn airgid; agus

    (b)

    rinneadh costais sócmhainní doláimhsithe a chaipitliú i gcomhréir le IAS 38 agus tá siad á n-amúchadh i mbrabús nó caillteanas, ach rinneadh iad a asbhaint chun críoch cánach tráth a tabhaíodh iad.

    60

    D’fhéadfadh athrú teacht ar mhéid glanluacha sócmhainní agus dliteanas cánach iarchurtha cé nach dtagann athrú ar mhéid na ndifríochtaí sealadacha gaolmhara. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin teacht as aon cheann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    athrú ar rátaí cánach nó ar dhlíthe cánach;

    (b)

    athmheasúnú ar in-aisghabhálacht sócmhainní cánach iarchurtha; nó

    (c)

    athrú ar mhodh aisghabhála sócmhainne a bhfuil coinne leis.

    Aithnítear an cháin iarchurtha a eascraíonn as sin i mbrabús nó caillteanas, seachas a mhéid a bhaineann sí le hítimí a aithníodh roimhe sin lasmuigh de bhrabús nó caillteanas (féach mír 63).

    Ítimí a aithnítear i mbrabús nó caillteanas

    61

    [Scriosta]

    61A

    Aithneofar cáin reatha agus cáin iarchurtha lasmuigh de bhrabús nó caillteanas má bhaineann an cháin le hítimí a aithníodh, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse eile, lasmuigh de bhrabús nó caillteanas. Dá bhrí sin, i gcás cáin reatha agus cáin iarchurtha a bhaineann le hítimí a aithníodh, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse eile:

    (a)

    in ioncam cuimsitheach eile, aithneofar in ioncam cuimsitheach eile í (féach mír 62).

    (b)

    go díreach i gcothromas, aithneofar go díreach i gcothromas í (féach mír 62A).

    62

    Le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, ceanglaítear nó ceadaítear ítimí áirithe a aithint in ioncam cuimsitheach eile. Is iad seo a leanas samplaí d’ítimí den sórt sin:

    (a)

    athrú ar mhéid glanluacha a eascraíonn as athluacháil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh (féach IAS 16); agus

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    difríochtaí sna rátaí malairte a eascraíonn as aistriú na ráiteas airgeadais a bhaineann le hoibríocht eachtrach (féach IAS 21).

    (d)

    [scriosta]

    62A

    Le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, ceanglaítear nó ceadaítear ítimí áirithe a chur chun sochair go díreach do chothromas nó iad a mhuirearú go díreach ar chothromas. Is iad seo a leanas samplaí d’ítimí den sórt sin:

    (a)

    coigeartú ar iarmhéid tuillimh choimeádta mar thoradh ar athrú ar bheartas cuntasaíochta a chuirtear i bhfeidhm go cúlghabhálach nó mar thoradh ar cheartú earráide (féach IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí); agus

    (b)

    méideanna a eascraíonn as aitheantas tosaigh na comhpháirte cothromais d’ionstraim chumaisc airgeadais (féach mír 23).

    63

    In imthosca eisceachtúla, d’fhéadfadh sé a bheith deacair an méid cánach reatha agus an méid cánach iarchurtha a bhaineann le hítimí a aithint lasmuigh de bhrabús nó caillteanas (bíodh sin in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas). D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina bhfuil rátaí grádaithe cánach ioncaim ann agus ní féidir an ráta ag a ngearrtar cáin ar chomhpháirt shonrach de bhrabús inchánach (caillteanas cánach) a chinneadh;

    (b)

    i gcás ina ndéantar difear do shócmhainn nó do dhliteanas cánach iarchurtha a bhaineann (go hiomlán nó go páirteach) le hítim a aithníodh roimhe sin lasmuigh de bhrabús nó caillteanas mar gheall ar athrú ar an ráta cánach nó mar gheall ar rialacha cánach eile; nó

    (c)

    i gcás ina gcinneann eintiteas gur cheart sócmhainn cánach iarchurtha a aithint, nó nár cheart í a aithint ina hiomláine a thuilleadh, agus baineann an tsócmhainn cánach iarchurtha (go hiomlán nó go páirteach) le hítim a aithníodh roimhe sin lasmuigh de bhrabús nó caillteanas.

    Sna cásanna sin, an cháin reatha agus an cháin iarchurtha a bhaineann le hítimí a aithnítear lasmuigh de bhrabús nó caillteanas, tá sí bunaithe ar leithdháileadh réasúnta pro rata de cháin reatha agus de cháin iarchurtha an eintitis sa dlínse chánach lena mbaineann, nó ar mhodh eile lena mbaintear amach leithdháileadh níos iomchuí sna himthosca.

    64

    Ní shonraítear in IAS 16 cé acu ba cheart nó nár cheart d’eintiteas méid atá cothrom leis an difríocht idir an dímheas nó an t-amúchadh ar shócmhainn athluacháilte agus an dímheas nó an t-amúchadh bunaithe ar chostas na sócmhainne sin a aistriú gach bliain ó bharrachas athluachála go tuilleamh coimeádta. Má dhéanann eintiteas aistriú den sórt sin, tá an méid a aistrítear glan ar aon cháin iarchurtha ghaolmhar. Tá feidhm ag breithnithe comhchosúla maidir le haistrithe a dhéantar ar dhiúscairt ítime réadmhaoine, gléasra nó trealaimh.

    65

    I gcás ina ndéantar sócmhainn a athluacháil chun críoch cánach agus ina mbaineann an athluacháil sin le hathluacháil chuntasaíochta tréimhse níos luaithe, nó le hathluacháil a mheastar a dhéanfar i dtréimhse sa todhchaí, aithnítear iarmhairtí cánach na hathluachála sócmhainne agus iarmhairtí cánach an choigeartaithe ar an mbonn cánach araon in ioncam cuimsitheach eile sna tréimhsí ina dtarlaíonn siad. Mar sin féin, mura mbaineann an athluacháil chun críoch cánach le hathluacháil chuntasaíochta tréimhse níos luaithe, nó le hathluacháil a mheastar a dhéanfar i dtréimhse sa todhchaí, aithnítear iarmhairtí cánach an choigeartaithe ar an mbonn cánach i mbrabús nó caillteanas.

    65A

    I gcás ina n-íocann eintiteas díbhinní lena scairshealbhóirí, d’fhéadfadh sé go gceanglófar air cuid de na díbhinní a íoc le húdaráis chánachais thar ceann scairshealbhóirí. I roinnt dlínsí, tugtar cáin iarchoimeádta ar an méid sin. Déantar an méid sin a íocadh nó atá iníoctha le húdaráis chánachais a mhuirearú ar chothromas mar chuid de na díbhinní.

    Cáin iarchurtha a eascraíonn as comhcheangal gnó

    66

    Mar a mhínítear i míreanna 19 agus 26(c), d’fhéadfadh difríochtaí sealadacha teacht chun cinn i gcomhcheangal gnó. I gcomhréir le IFRS 3, aithníonn eintiteas aon sócmhainní cánach iarchurtha (a mhéid atá siad i gcomhréir leis na critéir aitheantais i mír 24) nó dliteanais cánach iarchurtha a eascraíonn as sin mar shócmhainní agus dliteanais inaitheanta ar an dáta éadála. Dá réir sin, déanann na sócmhainní cánach iarchurtha agus na dliteanais cánach iarchurtha sin difear don mhéid cáilmheasa nó do mhéid an ghnóthachain ar cheannach sladmhargaidh a aithníonn eintiteas. Mar sin féin, i gcomhréir le mír 15(a), ní aithníonn eintiteas dliteanais cánach iarchurtha a eascraíonn as aitheantas tosaigh an cháilmheasa.

    67

    Mar thoradh ar chomhcheangal gnó, d’fhéadfadh athrú teacht ar an dóchúlacht go réadófar sócmhainn cánach iarchurtha réamhéadála de chuid an fhaighteora. Féadfaidh faighteoir a mheas gur dócha go ndéanfaidh sé a shócmhainn cánach iarchurtha féin nár aithníodh roimh an gcomhcheangal gnó a aisghabháil. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh an faighteoir in ann úsáid a bhaint as sochar a gcaillteanas cánach neamhúsáidte in aghaidh bhrabús inchánach sa todhchaí de chuid an fhaighteora. De rogha air sin, mar thoradh ar an gcomhcheangal gnó, d’fhéadfadh sé nár dócha a thuilleadh go mbeifí in ann an tsócmhainn cánach iarchurtha a aisghabháil mar gheall ar bhrabús inchánach sa todhchaí. I gcásanna den sórt sin, aithníonn an faighteoir athrú ar an tsócmhainn cánach iarchurtha i dtréimhse an chomhcheangail ghnó, ach ní áiríonn sé é mar chuid den chuntasaíocht a bhaineann leis an gcomhcheangal gnó. Dá bhrí sin, ní chuireann an faighteoir é san áireamh agus tomhas á dhéanamh ar an gcáilmheas nó ar an ngnóthachan ar cheannach sladmhargaidh a aithníonn sé sa chomhcheangal gnó.

    68

    Maidir leis an sochar féideartha a bhaineann le caillteanais cánach ioncaim an fhaighteora a thugtar ar aghaidh nó sócmhainní cánach iarchurtha eile, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfadh sé na critéir maidir le haitheantas ar leithligh tráth a thugtar cuntas ar chomhcheangal gnó ar dtús ach d’fhéadfaí é a réadú ina dhiaidh sin.

    Aithneoidh eintiteas sochair cánach iarchurtha faighte a réadaíonn sé tar éis an chomhcheangail ghnó mar seo a leanas:

    (a)

    Sochair cánach iarchurtha faighte a aithnítear laistigh den tréimhse tomhais agus a eascraíonn as faisnéis nua maidir le fíorais agus imthosca a bhí ann ar an dáta éadála, cuirfear i bhfeidhm iad chun méid glanluacha aon cháilmheasa a bhaineann leis an éadáil sin a laghdú. Má tá méid glanluacha nialasach ag baint leis an gcáilmheas sin, aithneofar aon sochar cánach iarchurtha atá fágtha mar bhrabús nó caillteanas.

    (b)

    Aithneofar gach sochar cánach iarchurtha faighte eile arna réadú mar bhrabús nó caillteanas (nó, má cheanglaítear amhlaidh leis an gCaighdeán seo, lasmuigh de bhrabús nó caillteanas).

    Cáin reatha agus cáin iarchurtha a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe

    68A

    I ndlínsí cánach áirithe, faigheann eintiteas asbhaint chánach (i.e. méid atá in-asbhainte chun brabús inchánach a chinneadh) a bhaineann le luach saothair arna íoc i bhfoirm scaireanna, scair-roghanna nó ionstraimí cothromais eile de chuid an eintitis. D’fhéadfadh sé go mbeadh méid na hasbhainte cánach sin éagsúil leis an gcostas carnach gaolmhar ar an luach saothair, agus d’fhéadfadh sé teacht chun cinn i dtréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Mar shampla, i ndlínsí áirithe, féadfaidh eintiteas costas ar thomhaltas seirbhísí fostaithe a fuarthas a aithint mar chomaoin i leith scair -roghanna arna ndeonú, i gcomhréir le IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe, agus ní bhfaighidh sé asbhaint chánach go dtí go bhfeidhmeofar na scair-roghanna, agus is ar phraghsanna scaireanna an eintitis ar dháta an fheidhmithe atá an tomhas ar an asbhaint chánach bunaithe.

    68B

    Mar is amhlaidh i gcás costais taighde a phléitear i míreanna 9 agus 26(b) den chaighdeán seo, an difríocht idir bonn cánach na seirbhísí fostaithe a fuarthas go dtí seo (is é sin an méid a cheadóidh na húdaráis chánachais mar asbhaint i dtréimhsí sa todhchaí) agus an méid glanluacha nialasach, is difríocht shealadach in-asbhainte í a mbíonn sócmhainn cánach iarchurtha mar thoradh uirthi. Más rud é nach eol ag deireadh na tréimhse an méid a cheadóidh na húdaráis chánachais mar asbhaint i dtréimhsí sa todhchaí, déanfar meastachán air, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ag deireadh na tréimhse. Mar shampla, más rud é go bhfuil an méid a cheadóidh na húdaráis chánachais mar asbhaint i dtréimhsí sa todhchaí ag brath ar phraghas scaireanna an eintitis ar dháta sa todhchaí, ba cheart tomhas na difríochta sealadaí in-asbhainte a bheith bunaithe ar phraghas scaireanna an eintitis ag deireadh na tréimhse.

    68C

    Mar a luaitear i mír 68A, d’fhéadfadh méid na hasbhainte cánach (nó an asbhaint chánach mheasta sa todhchaí, arna tomhas i gcomhréir le mír 68B) a bheith éagsúil leis an gcostas carnach gaolmhar ar an luach saothair. Ceanglaítear le mír 58 den Chaighdeán gur cheart cáin reatha agus cáin iarchurtha a aithint mar ioncam nó mar chostas agus í a áireamh i mbrabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse, seachas a mhéid a eascraíonn an cháin as (a) idirbheart nó teagmhas a aithnítear, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse eile, lasmuigh de bhrabús nó caillteanas, nó (b) comhcheangal gnó (seachas éadáil a dhéanann eintiteas infheistíochta ar fhochuideachta nach mór a thomhas ar chóirluach trí bhrabús nó caillteanas). I gcás inar mó méid na hasbhainte cánach (nó an asbhaint chánach mheasta sa todhchaí) ná méid an chostais charnaigh ghaolmhair ar an luach saothair, léiríonn sé sin go mbaineann an asbhaint chánach ní hamháin le costas luacha saothair ach le hítim chothromais freisin. Sa chás sin, ba cheart barrachas na cánach reatha gaolmhaire nó na cánach iarchurtha gaolmhaire a aithint go díreach i gcothromas.

    CUR I LÁTHAIR

    Sócmhainní cánach agus dliteanais cánach

    69

    [Scriosta]

    70

    [Scriosta]

    Fritháireamh

    71

    Déanfaidh eintiteas sócmhainní cánach reatha agus dliteanais cánach reatha a fhritháireamh sna cásanna seo a leanas, agus sna cásanna sin amháin:

    (a)

    tá ceart infheidhmithe le dlí ag an eintiteas chun na méideanna aitheanta a fhritháireamh; agus

    (b)

    tá sé beartaithe aige an tsócmhainn a shocrú ar ghlanbhonn, nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a shocrú go comhuaineach.

    72

    Cé go ndéantar sócmhainní agus dliteanais cánach reatha a aithint agus a thomhas ar leithligh, déantar iad a fhritháireamh sa ráiteas staide airgeadais faoi réir critéir atá comhchosúil leis na critéir a bhunaítear le haghaidh ionstraimí airgeadais in IAS 32. De ghnáth, beidh ceart infheidhmithe le dlí ag eintiteas chun sócmhainn cánach reatha a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha i gcás ina mbaineann siad le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna agus ceadaíonn an t-údarás cánachais don eintiteas glaníocaíocht aonair a dhéanamh nó a fháil.

    73

    I ráitis airgeadais chomhdhlúite, déantar sócmhainn cánach reatha eintitis amháin i ngrúpa a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach reatha eintitis eile sa ghrúpa más rud é, agus sa chás sin amháin, go bhfuil ceart infheidhmithe le dlí ag na heintitis lena mbaineann chun glaníocaíocht aonair a dhéanamh nó a fháil agus go bhfuil sé beartaithe ag na heintitis glaníocaíocht den sórt sin a dhéanamh nó a fháil nó an tsócmhainn a aisghabháil agus an dliteanas a shocrú go comhuaineach.

    74

    Déanfaidh eintiteas sócmhainní cánach iarchurtha agus dliteanais cánach iarchurtha a fhritháireamh sna cásanna seo a leanas, agus sna cásanna sin amháin:

    (a)

    tá ceart infheidhmithe le dlí ag an eintiteas sócmhainní cánach reatha a fhritháireamh in aghaidh dliteanais cánach reatha; agus

    (b)

    baineann na sócmhainní cánach iarchurtha agus na dliteanais cánach iarchurtha le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna ar cheann díobh seo a leanas:

    (i)

    an t-eintiteas inchánach céanna; nó

    (ii)

    eintiteas inchánach éagsúla a bhfuil sé beartaithe acu dliteanais agus sócmhainní cánach reatha a shocrú ar ghlanbhonn, nó na sócmhainní a réadú agus na dliteanais a shocrú go comhuaineach, i ngach tréimhse sa todhchaí a mheastar a ndéanfar méideanna nach beag de dhliteanais nó sócmhainní cánach iarchurtha a shocrú nó a aisghabháil inti.

    75

    Ionas nach gá sceidealú mionsonraithe a dhéanamh ar uainiú aisiompú gach difríochta sealadaí, ceanglaítear leis an gcaighdeán seo ar eintiteas sócmhainn cánach iarchurtha a fhritháireamh in aghaidh dliteanas cánach iarchurtha de chuid an eintitis inchánach chéanna más rud é, agus sa chás sin amháin, go mbaineann siad le cánacha ioncaim a ghearrann an t-údarás cánachais céanna agus go bhfuil ceart infheidhmithe le dlí ag an eintiteas sócmhainní cánach reatha a fhritháireamh in aghaidh dliteanais cánach reatha.

    76

    In imthosca neamhchoitianta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ceart infheidhmithe le dlí ag eintiteas chun fritháireamh a dhéanamh, agus go mbeadh sé beartaithe aige socrú ar ghlanbhonn, le haghaidh tréimhsí áirithe ach ní le haghaidh gach tréimhse. In imthosca neamhchoitianta den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sceidealú mionsonraithe chun a shuíomh go hiontaofa an mbeidh íocaíochtaí cánach méadaithe mar thoradh ar dhliteanas cánach iarchurtha eintitis inchánach amháin sa tréimhse chéanna ina mbeidh íocaíochtaí laghdaithe don dara heintiteas inchánach sin mar thoradh ar shócmhainn cánach iarchurtha eintitis inchánach eile.

    Costas cánach

    Costas (ioncam) cánach a bhaineann le brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí

    77

    An costas (ioncam) cánach a bhaineann le brabús nó caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí, cuirfear i láthair é mar chuid de bhrabús nó caillteanas sa ráiteas/sna ráitis maidir le brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile.

    77A

    [Scriosta]

    Difríochtaí ráta malairte ar dhliteanais nó sócmhainní cánach iarchurtha eachtracha

    78

    Ceanglaítear le IAS 21 go n-aithneofaí difríochtaí ráta malairte áirithe mar ioncam nó mar chostas ach ní shonraítear an áit ar cheart na difríochtaí sin a chur i láthair sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach. Dá réir sin, i gcás ina n-aithnítear difríochtaí ráta malairte ar dhliteanais nó sócmhainní cánach iarchurtha eachtracha sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, féadfar difríochtaí den sórt sin a aicmiú mar chaiteachas (ioncam) cánach iarchurtha má mheastar gurb é sin an bealach is úsáidí d’úsáideoirí ráiteas airgeadais lena gcur i láthair.

    NOCHTADH

    79

    Déanfar mór-chomhpháirteanna de chostas (ioncam) cánach a nochtadh ar leithligh.

    80

    Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh i gcomhpháirteanna de chostas (ioncam) cánach:

    (a)

    costas (ioncam) cánach reatha;

    (b)

    aon choigeartú a aithnítear sa tréimhse le haghaidh cáin reatha réamhthréimhsí;

    (c)

    an méid costais (ioncam) cánach iarchurtha a bhaineann le bunús agus aisiompú difríochtaí sealadacha;

    (d)

    an méid costais (ioncam) cánach iarchurtha a bhaineann le hathruithe ar rátaí cánach nó le forchur cánacha nua;

    (e)

    an méid sochair a eascraíonn as caillteanas cánach nár aithníodh roimhe, creidmheas cánach nó difríocht shealadach réamhthréimhse a úsáidtear chun costas cánach reatha a laghdú;

    (f)

    an méid sochair a eascraíonn as caillteanas cánach nár aithníodh roimhe, creidmheas cánach nó difríocht shealadach réamhthréimhse a úsáidtear chun costas cánach iarchurtha a laghdú;

    (g)

    costas cánach iarchurtha a eascraíonn as díluacháil, nó as aisiompú díluachála a rinneadh roimhe sin, sócmhainne cánach iarchurtha i gcomhréir le mír 56; agus

    (h)

    an méid costais (ioncam) cánach a bhaineann leis na hathruithe sin ar bheartais chuntasaíochta agus earráidí a chuirtear san áireamh i mbrabús nó caillteanas i gcomhréir le IAS 8, mar ní féidir iad a chur san áireamh go cúlghabhálach.

    81

    Déanfar an méid seo a leanas a nochtadh ar leithligh:

    (a)

    an cháin reatha agus iarchurtha chomhiomlán a bhaineann le míreanna a mhuirearaítear nó a chuirtear chun sochair do chothromas go díreach (féach mír 62A);

    (ab)

    an méid cánach ioncaim a bhaineann le gach comhpháirt d’ioncam cuimsitheach eile (féach mír 62 agus IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007));

    (b)

    [scriosta];

    (c)

    míniú ar an ngaol atá ann idir costas (ioncam) cánach agus brabús cuntasaíochta i gceachtar den dá fhoirm seo a leanas nó sa dá fhoirm:

    (i)

    réiteach uimhriúil idir costas (ioncam) cánach agus toradh an bhrabúis chuntasaíochta arna iolrú faoin ráta cánach nó faoi na rátaí cánach is infheidhme, lena nochtar freisin an bonn ar a ríomhtar an ráta cánach nó na rátaí cánach is infheidhme; nó

    (ii)

    réiteach uimhriúil idir an meánráta cánach iarbhír agus an ráta cánach is infheidhme, lena nochtar freisin an bonn ar a ríomhtar an ráta cánach is infheidhme;

    (d)

    míniú ar athruithe ar an ráta cánach nó na rátaí cánach is infheidhme i gcomparáid leis an tréimhse chuntasaíochta roimhe sin;

    (e)

    an méid (agus dáta éaga, más ann dó) difríochtaí sealadacha in-asbhainte, caillteanas cánach neamhúsáidte agus creidmheasanna cánach neamhúsáidte nach n-aithnítear aon sócmhainn cánach iarchurtha ina leith sa ráiteas staide airgeadais;

    (f)

    an méid comhiomlán difríochtaí sealadacha a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe agus leasanna i gcomhshocruithe, nach n-aithnítear dliteanais cánach iarchurtha ina leith (féach mír 39);

    (g)

    maidir le gach cineál difríochta sealadaí, agus maidir le gach cineál caillteanais cánach neamhúsáidte agus creidmheasanna cánach neamhúsáidte:

    (i)

    an méid sócmhainní agus dliteanas cánach iarchurtha a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais le haghaidh gach tréimhse a chuirtear i láthair;

    (ii)

    an méid ioncaim nó costais cánach iarchurtha a aithnítear i mbrabús nó caillteanas mura léir sin ó na hathruithe ar na méideanna a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais;

    (h)

    maidir le hoibríochtaí scortha, an costas cánach a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (i)

    an gnóthachan nó an caillteanas tráth an scoir; agus

    (ii)

    an brabús nó an caillteanas ó ghnáthghníomhaíochtaí na hoibríochta scortha le haghaidh na tréimhse, mar aon leis na méideanna comhfhreagracha le haghaidh gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair;

    (i)

    An méid iarmhairtí cánach ioncaim a bhaineann le díbhinní chuig scairshealbhóirí an eintitis a bhí beartaithe nó dearbhaithe sular údaraíodh na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, agus nach n-aithnítear mar dhliteanas sna ráitis airgeadais;

    (j)

    má thagann athrú ar an méid a aithníodh i leith shócmhainn cánach iarchurtha réamhéadála an eintitis mar gheall ar chomhcheangal gnó ina bhfuil an t-eintiteas ina fhaighteoir (féach mír 67), méid an athraithe sin; agus

    (k)

    i gcás nach n-aithnítear na sochair cánach iarchurtha a fuarthas i gcomhcheangal gnó ar an dáta éadála, ach ina n-aithnítear iad tar éis an dáta éadála (féach mír 68), tuairisc ar an teagmhas nó ar an athrú sna himthosca ba chúis leis na sochair cánach iarchurtha a aithint.

    82

    Nochtfaidh eintiteas méid sócmhainne cánach iarchurtha agus cineál na fianaise a thacaíonn lena haitheantas, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn cánach iarchurtha ag brath ar bhrabúis inchánach sa todhchaí de bhreis ar na brabúis a eascraíonn as aisiompú na ndifríochtaí sealadacha inchánach atá ann cheana féin; agus

    (b)

    bhain caillteanas don eintiteas sa tréimhse reatha nó sa tréimhse roimhe sin sa dlínse chánach lena mbaineann an tsócmhainn cánach iarchurtha.

    82A

    Sna himthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 52A, nochtfaidh eintiteas cineál na n-iarmhairtí cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhíbhinní a íoc lena scairshealbhóirí. Ina theannta sin, nochtfaidh an t-eintiteas méideanna na n-iarmhairtí cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann ar féidir iad a chinneadh go praiticiúil, agus cé acu atá nó nach bhfuil aon iarmhairtí féideartha cánach ioncaim ann nach féidir a chinneadh go praiticiúil.

    83

    [Scriosta]

    84

    Leis na nochtaí a cheanglaítear le mír 81(c), cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais a thuiscint an bhfuil an gaol idir costas (ioncam) cánach agus brabús cuntasaíochta neamhghnách agus tuiscint a fháil ar na tosca suntasacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don ghaol sin sa todhchaí. Tosca amhail ioncam atá díolmhaithe ó chánachas, costais nach bhfuil in-asbhainte chun brabús inchánach (caillteanas cánach) a chinneadh, an éifeacht a bhaineann le caillteanais cánach agus an éifeacht a bhaineann le rátaí cánach eachtracha, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh don ghaol idir costas (ioncam) cánach agus brabús cuntasaíochta.

    85

    Agus míniú á thabhairt ar an ngaol idir costas (ioncam) cánach agus brabús cuntasaíochta, baineann eintiteas úsáid as ráta cánach is infheidhme lena dtugtar an fhaisnéis is fóintí d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais. I bhformhór cásanna, is é an ráta is fóintí an ráta cánach intíre sa tír ina bhfuil sainchónaí ar an eintiteas, agus an ráta cánach a chuirtear i bhfeidhm maidir le cánacha náisiúnta á chomhiomlánú leis na rátaí a chuirtear i bhfeidhm maidir le haon cháin áitiúil a ríomhtar ar leibhéal brabúis inchánach (caillteanas cánach) atá an-chosúil le chéile. Mar sin féin, i gcás eintiteas atá ag feidhmiú i roinnt dlínsí, d’fhéadfadh sé a bheith níos fóintí réitigh ar leithligh arna n-ullmhú trí úsáid a bhaint as an ráta intíre i ngach dlínse aonair a chomhiomlánú. Léiríonn an sampla seo a leanas an tionchar a bhíonn ag roghnú an ráta cánach is infheidhme ar chur i láthair an réitigh uimhriúil.

    Sampla lena léirítear mír 85

    In 19X2, tá brabús cuntasaíochta ar fiú 1 500 é (19X1:2 000) ag eintiteas ina dhlínse féin (tír A): agus brabús cuntasaíochta ar fiú 1 500 é i dtír B (19X1: 500. Is é 30 % an ráta cánach i dtír A agus is é 20 % an ráta cánach i dtír B. I dtír A, níl costais ar fiú 100 iad (19X1: in-asbhainte chun críoch cánach.

    Seo a leanas sampla de réiteach ar an ráta cánach intíre.

     

    19X1

    19X2

    Brabús cuntasaíochta

    2 500

    3 000

    Cáin ag an ráta intíre 30 %

    750

    900

    Iarmhairt chánach na gcostas nach bhfuil in-asbhainte chun críoch cánach

    60

    30

    Éifeacht rátaí cánach níos ísle i dtír B

    (50)

    (150)

    Costas cánach

    760

    780

    Seo a leanas sampla de réiteach a ullmhaíodh trí réitigh ar leithligh a chomhiomlánú le haghaidh gach dlínse náisiúnta. Faoin modh sin, ní léirítear éifeacht na ndifríochtaí idir ráta cánach intíre an eintitis tuairiscithe féin agus an ráta cánach intíre i ndlínsí eile mar mhír ar leithligh sa réiteach. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar eintiteas plé a dhéanamh ar éifeacht athruithe suntasacha ar cheachtar de na rátaí cánach, nó ar an meascán de bhrabúis arna dtuilleamh i ndlínsí éagsúla, chun míniú a thabhairt ar athruithe ar an ráta cánach nó na rátaí cánach is infheidhme, mar a cheanglaítear le mír 81(d).

    Brabús cuntasaíochta

    2 500

    3 000

    Cáin ag na rátaí intíre is infheidhme maidir le brabúis sa tír lena mbaineann

    700

    750

    Iarmhairt chánach na gcostas nach bhfuil in-asbhainte chun críoch cánach

    60

    30

    Costas cánach

    760

    780

    86

    Is éard atá sa mheánráta cánach iarbhír an costas (ioncam) cánach roinnte ar an mbrabús cuntasaíochta.

    87

    Is minic a bheadh sé dodhéanta an méid dliteanas cánach iarchurtha neamhaitheanta a eascraíonn as infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe agus leasanna i gcomhshocruithe a ríomh (féach mír 39). Dá bhrí sin, ceanglaítear leis an gcaighdeán seo ar eintiteas méid comhiomlán na ndifríochtaí sealadacha foluiteacha a nochtadh, ach ní cheanglaítear leis na dliteanais cánach iarchurtha a nochtadh. Mar sin féin, i gcás inarb indéanta, moltar d’eintitis méideanna na ndliteanas cánach iarchurtha neamhaitheanta a nochtadh toisc go bhféadfadh sé go mbeadh an fhaisnéis sin úsáideach d’úsáideoirí ráiteas airgeadais.

    87A

    Le mír 82A, ceanglaítear ar eintitis cineál na n-iarmhairtí cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhíbhinní a íoc lena scairshealbhóirí a nochtadh. Nochtann eintiteas na gnéithe tábhachtacha den chóras cánach ioncaim agus na tosca a dhéanfaidh difear do mhéid na n-iarmhairtí féideartha cánach ioncaim a bhaineann le díbhinní.

    87B

    I gcásanna áirithe, ní bheadh sé indéanta méid iomlán na n-iarmhairtí cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar dhíbhinní a íoc le scairshealbhóirí a ríomh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina bhfuil líon mór fochuideachtaí eachtracha ag eintiteas. Mar sin féin, fiú in imthosca den sórt sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt codanna den mhéid iomlán so-chinntithe. Mar shampla, i ngrúpa comhdhlúite, d’fhéadfadh sé gur íoc máthairchuideachta agus roinnt dá fochuideachtaí cánacha ioncaim ag ráta níos airde ar bhrabúis neamhdháilte agus go bhfuil siad ar an eolas faoin méid a d’aisíocfaí tráth a d’íocfaí díbhinní sa todhchaí le scairshealbhóirí ó thuilleamh coimeádta comhdhlúite. Sa chás sin, nochtar an méid in-aisíoctha sin. Más infheidhme, nochtann an t-eintiteas gur ann d’iarmhairtí féideartha cánach ioncaim breise nach féidir a chinneadh go praiticiúil. I ráitis airgeadais ar leithligh na máthairchuideachta, más ann dóibh, baineann nochtadh na n-iarmhairtí féideartha cánach ioncaim le tuilleamh coimeádta na máthairchuideachta.

    87C

    Maidir le heintiteas a gceanglaítear air na nochtaí i mír 82A a sholáthar, féadfar a cheangal air nochtaí a sholáthar a bhaineann le difríochtaí sealadacha a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i mbrainsí agus i ngnólachtaí comhlachaithe nó leasanna i gcomhshocruithe. I gcásanna den sórt sin, measann eintiteas an méid sin agus an fhaisnéis atá le nochtadh faoi mhír 82A á cinneadh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar eintiteas méid comhiomlán na ndifríochtaí sealadacha a bhaineann le hinfheistíochtaí i bhfochuideachtaí nár aithníodh aon dliteanas cánach iarchurtha ina leith a nochtadh (féach mír 81(f)). I gcás ina bhfuil sé dodhéanta méideanna na ndliteanas cánach iarchurtha neamhaitheanta a ríomh (féach mír 87), d’fhéadfadh sé gurbh ann do mhéideanna d’iarmhairtí féideartha cánach ioncaim díbhinní nach féidir a chinneadh go praiticiúil a bhaineann leis na fochuideachtaí sin.

    88

    Nochtann eintiteas aon dliteanas teagmhasach agus aon sócmhainn theagmhasach a bhaineann le cáin i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha. D’fhéadfadh dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha teach chun cinn, mar shampla, as díospóidí neamhréitithe leis na húdaráis chánachais. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina ndéantar athruithe ar rátaí cánach nó ar dhlíthe cánach a achtú nó a fhógairt tar éis na tréimhse tuairiscithe, nochtann eintiteas aon éifeacht shuntasach a bhaineann leis na hathruithe sin ar a shócmhainní agus dliteanais cánach reatha agus iarchurtha (féach IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe).

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    89

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1998 nó ina dhiaidh sin, seachas mar a shonraítear i mír 91. Má chuireann eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús roimh an 1 Eanáir 1998, nochtfaidh an t-eintiteas gur chuir sé an caighdeán seo i bhfeidhm in ionad IAS 12 Cuntasaíocht le haghaidh Cánacha ar Ioncam, arna fhormheas in 1979.

    90

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 12 Cuntasaíocht le haghaidh Cánacha ar Ioncam, arna fhormheas in 1979.

    91

    Tiocfaidh míreanna 52A, 52B, 65A, 81(i), 82A, 87A, 87B, 87C agus scriosadh mhíreanna 3 agus 50 i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais bhliantúla (6) lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 2001 nó ina dhiaidh sin. Moltar iad a ghlacadh níos luaithe. Má dhéantar difear do na ráitis airgeadais mar gheall ar ghlacadh níos luaithe, nochtfaidh eintiteas an méid sin.

    92

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leis an gcaighdeán sin, leasaíodh míreanna 23, 52, 58, 60, 62, 63, 65, 68C, 77 agus 81, scriosadh mír 61 agus cuireadh míreanna 61A, 62A agus 77A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    93

    Cuirfear mír 68 i bhfeidhm go hionchasach ó dháta éifeachtach IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) maidir le haitheantas sócmhainní cánach iarchurtha a fuarthas i gcomhcheangail ghnó.

    94

    Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh eintitis an chuntasaíocht maidir le comhcheangail ghnó roimhe sin a choigeartú mura bhfuil sochair chánach i gcomhréir leis na critéir maidir le haitheantas ar leithligh amhail ón dáta éadála agus má aithnítear iad tar éis an dáta éadála, seachas i gcás ina n-aithnítear na sochair laistigh den tréimhse tomhais agus ina n-eascraíonn siad as faisnéis nua faoi fhíorais agus imthosca a bhí ann ar an dáta éadála. Aithneofar sochair chánach eile i mbrabús nó caillteanas (nó, má cheanglaítear amhlaidh leis an gCaighdeán seo, lasmuigh de bhrabús nó caillteanas).

    95

    Le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008), leasaíodh míreanna 21 agus 67 agus cuireadh míreanna 32A agus 81(j) agus (k) leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin freisin.

    96

    [Scriosta]

    97

    [Scriosta]

    98

    Athuimhríodh mír 52 mar 51A, leasaíodh mír 10 agus na samplaí a leanann mír 51A, agus cuireadh isteach míreanna 51B agus 51C agus an sampla a leanann í mar aon le míreanna 51D, 51E agus 99 le Cáin iarchurtha: Aisghabháil Sócmhainní Foluiteacha, a eisíodh i mí na Nollag 2010. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2012 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    98A

    Le IFRS 11 Comhshocruithe, a eisíodh i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 2, 15, 18(e), 24, 38, 39, 43–45, 81(f), 87 agus 87C. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 11 á chur i bhfeidhm aige.

    98B

    Le Cur i Láthair Míreanna d’Ioncam Cuimsitheach eile (Leasuithe ar IAS 1), a eisíodh i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 77 agus scriosadh mír 77A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    98C

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), a eisíodh i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 58 agus 68C. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe uile a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    98D

    [Scriosta]

    98E

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 59. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    98F

    Le IFRS 9, a eisíodh i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 20 agus scriosadh míreanna 96, 97 agus 98D. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    98G

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 20. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    98H

    Le Sócmhainní Cánach Iarchurtha a Aithint le haghaidh Caillteanais Neamhréadaithe (Leasuithe ar IAS 12), arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 29 agus cuireadh isteach míreanna 27A, 29A agus an sampla a leanann mír 26. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2017 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Mar sin féin, tráth a chuirtear an leasú i bhfeidhm ar dtús, féadfar an t-athrú ar chothromas tosaigh na tréimhse inchomparáide is luaithe a aithint i dtuilleamh coimeádta tosaigh (nó i gcomhpháirt eile de chothromas, de réir mar is iomchuí), gan an t-athrú idir tuilleamh coimeádta tosaigh agus comhpháirteanna eile de chothromas a leithdháileadh. Má chuireann eintiteas an faoiseamh sin i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid sin.

    98I

    Le Feabhsuithe Bliantúla ar Chaighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2015-2017, a eisíodh i mí na Nollag 2017, cuireadh isteach mír 57A agus scriosadh mír 52B. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Tráth a chuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar dtús, cuirfidh sé i bhfeidhm iad maidir le hiarmhairtí cánach ioncaim díbhinní a aithnítear ag tús na tréimhse inchomparáide is luaithe nó ina dhiaidh sin.

    98J

    Cáin Iarchurtha a bhaineann le Sócmhainní agus Dliteanais a eascraíonn as Idirbheart Aonair, arna heisiúint i mBealtaine 2021, leasaíodh míreanna 15, 22 agus 24 agus cuireadh isteach mír 22A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna 98K go 98L le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    98K

    Cuirfidh eintiteas Cáin Iarchurtha i bhfeidhm a bhaineann le Sócmhainní agus Dliteanais a eascraíonn as Idirbheart Aonair maidir le hidirbhearta a tharlaíonn ag tús na tréimhse comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair nó ina dhiaidh.

    98L

    Eintiteas a chuireann Cáin Iarchurtha i bhfeidhm maidir le Sócmhainní agus Dliteanais a eascraíonn as Idirbheart Aonair, déanfaidh sé freisin, ag tús na tréimhse comparáideacha is luaithe a chuirfear i láthair, an méid seo a leanas:

    (a)

    sócmhainn chánach iarchurtha a aithint—a mhéid is dóigh go mbeidh brabús inchánach ar fáil a bhféadfar an difríocht shealadach inasbhainte a úsáid ina n-aghaidh—agus dliteanas cánach iarchurtha i leith na ndifríochtaí sealadacha inasbhainte go léir a bhaineann le:

    (i)

    sócmhainní éasúinte agus dliteanais léasa; agus

    (ii)

    díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla agus na méideanna comhfhreagracha a aithnítear mar chuid de chostas na sócmhainne a bhaineann leis; agus

    (b)

    aitheantas a thabhairt don éifeacht charnach a bheadh ag na leasuithe a chur chun feidhme i dtosach báire mar choigeartú ar an gcomhardú tosaigh den tuilleamh coimeádta (nó ar chomhchuid eile de chothromas, de réir mar is cuí) ar an dáta sin.

    TARRAINGT SIAR SIC-21

    99

    Na leasuithe a rinneadh le Cáin Iarchurtha: Aisghabháil Sócmhainní Foluiteacha, a eisíodh i mí na Nollag 2010, cuirtear iad in ionad Léirmhíniú SIC 21 Cánacha Ioncaim—Aisghabháil na Sócmhainní Athluacháilte Nach Féidir a Dhímheas.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 16

    Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta maidir le réadmhaoin, gléasra agus trealamh a fhorordú chun gur féidir le húsáideoirí ráiteas airgeadais faisnéis faoi infheistíocht eintitis ina réadmhaoin, a ghléasra agus a threalamh, agus faoi athruithe ar infheistíocht den sórt sin, a aithint. Is iad na príomh-shaincheisteanna cuntasaíochta maidir le réadmhaoin, gléasra agus trealamh na sócmhainní a aithint, a suimeanna glanluacha a chinneadh agus muirir dímheasa na sócmhainní agus na caillteanais lagaithe atá le haithint i ndáil leo.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le cuntasaíocht i dtaca le réadmhaoin, gléasra agus trealamh ach amháin nuair a éilítear nó a cheadaítear cur chuige cuntasaíochta éagsúil le caighdeán eile.

    3

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    réadmhaoin, gléasra agus trealamh a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha.

    (b)

    sócmhainní bitheolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta seachas plandaí iompair (féach IAS 41 Talmhaíocht). Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le plandaí iompair ach níl feidhm aige maidir le táirgí na bplandaí iompair sin.

    (c)

    aithint agus tomhas ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta (féach IFRS 6 Taiscéalaíocht agus Meastóireacht a Dhéanamh ar Acmhainní Mianracha).

    (d)

    cearta mianraí agus cúltaiscí mianraí amhail ola, gás nádúrtha agus acmhainní neamh-athghiniúnacha comhchosúla.

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo, áfach, maidir le réadmhaoin, gléasra agus trealamh a úsáidtear chun na sócmhainní a dtugtar tuairisc orthu in (b)-(d) a fhorbairt nó a choinneáil ar bun.

    4

    [Scriosta]

    5

    Eintiteas a úsáideann an tsamhail chostais maidir le réadmhaoin infheistíochta i gcomhréir le IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta, úsáidfidh sé an tsamhail chostais sa Chaighdeán seo maidir le réadmhaoin infheistíochta faoi úinéireacht.

    SAINMHÍNITHE

    6

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

    Is éard is planda iompair ann planda beo:

    (a)

    a úsáidtear chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh nó a sholáthar;

    (b)

    a bhfuil coinne leis go n-iompróidh sé táirgí ar feadh níos mó ná aon tréimhse amháin; agus

    (c)

    agus gur beag dóchúlacht atá ann go ndíolfar é mar tháirge talmhaíochta, ach amháin i gcás díolacháin draimh theagmhasaigh.

    (Déantar mionsaothrú i míreanna 5A–5B de IAS 41 ar an sainmhíniú sin ar phlanda iompair.)

    Is éard is suim ghlanluacha ann an méid ar a aithnítear sócmhainn i ndiaidh aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha a asbhaint.

    Is é costas an méid airgid thirim nó coibhéisí airgid thirim a íocadh nó luach cóir na comaoine eile a thugtar chun sócmhainn a fháil tráth a héadála nó a ríofa, nó, i gcás inarb infheidhme, an méid atá inchurtha i leith na sócmhainne sin nuair a aithnítear ar dtús í i gcomhréir le ceanglais shonracha IFRSanna eile, e.g. Íocaíocht Scair-bhunaithe IFRS2.

    Is éard is méid in-dímheasa ann costas sócmhainne, nó méid eile a chuirtear in ionad costais, lúide a luach iarmharach.

    Is éard is dímheas sócmhainní ann leithdháileadh córasach méid in-dímheasa sócmhainne thar a saolré úsáide.

    Is éard is luach eintiteas-sonrach ann luach láithreach na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag eintiteas leis go n-eascróidh siad as úsáid leanúnach sócmhainne agus as a diúscairt ag deireadh a saolré úsáide nó a bhfuil coinne aige leis go dtabhóidh sé nuair a shocróidh sé dliteanas.

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

    Is éard is caillteanas lagaithe an méid a sháraíonn suim ghlanluacha sócmhainne a méid in-aisghabhála.

    Is ítimí inláimhsithe iad réadmhaoin, gléasra agus trealamh:

    (a)

    atá á sealbhú le húsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí, le ligean ar cíos le daoine eile, nó chun críocha riaracháin; agus

    (b)

    a bhfuil coinne lena n-úsáid le linn níos mó ná tréimhse amháin.

    Is éard is méid in-aisghabhála ann an méid is airde de luach cóir sócmhainne lúide costais diúscartha agus a luach úsáide.

    Is éard is luach iarmharach sócmhainne ann an méid measta a gheobhadh eintiteas faoi láthair as diúscairt na sócmhainne, i ndiaidh chostais mheasta na diúscartha a asbhaint, dá mbeadh aois agus bail na sócmhainne mar a mbeadh coinne leo ag deireadh a saolré úsáide.

    Is éard is saolré úsáide ann:

    (a)

    An tréimhse ar lena linn a mheastar sócmhainn a bheith ar fáil lena húsáid ag eintiteas; nó

    (b)

    an líon aonad táirgeachta nó aonad comhchosúil a bhfuil coinne lena bhfáil ag eintiteas ón tsócmhainn.

    AITHINT

    7

    Is mar shócmhainn a aithneofar costas ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh sa chás seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    is dóchúil gur chuig an eintiteas a shreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá bainteach leis an ítim; agus

    (b)

    is féidir costas na hítime a thomhas go hiontaofa.

    8

    Déantar ítimí amhail páirteanna spártha, trealamh cúltaca agus trealamh seirbhísithe a aithint i gcomhréir leis an IFRS seo nuair a chomhlíonann siad an sainmhíniú ar réadmhaoin, gléasra agus trealamh. Ina mhalairt de chás, is mar fhardal a aicmítear ítimí den sórt sin.

    9

    Ní fhorordaítear leis an gcaighdeán seo an t-aonad tomhais le haghaidh aitheantais, i.e. an rud is ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ann. Teastaíonn breithiúnas, dá réir sin, chun na critéir aitheantais a chur i bhfeidhm maidir le himthosca sonracha eintitis. D’fhéadfadh sé a bheith iomchuí ítimí nach ítimí suntasacha astu féin iad a chomhiomlánú, amhail múnlaí, uirlisí agus díslí, agus na critéir a chur i bhfeidhm maidir leis an luach comhiomlán.

    10

    Faoi phrionsabal an aitheantais sin, déanann eintiteas meastóireacht ar a chostais réadmhaoine, gléasra agus trealaimh uile tráth a thabhaítear iad. Áirítear sna costais sin costais a thabhaítear ar dtús chun ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a fháil nó a dhéanamh agus costais a thabhaítear ina dhiaidh sin chun cur léi, chun cuid di a athsholáthar, nó chun í a sheirbhísiú. D’fhéadfaí a áireamh i gcostas ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh costais a thabhaítear a bhaineann le léasanna sócmhainní a úsáidtear chun ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a dhéanamh, chun cur léi, chun cuid di a athsholáthar nó chun í a sheirbhísiú, amhail dímheas sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide.

    Costais tosaigh

    11

    D’fhéadfaí ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a fháil ar chúiseanna sábháilteachta nó comhshaoil. D’fhéadfadh gá a bheith le héadáil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh den sórt sin chun go bhfaighidh eintiteas na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo as a shócmhainní eile, cé nach gcuireann an éadáil sin go díreach leis na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo as aon ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar leith atá ann cheana. Tá ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh den sórt sin i dteideal aitheantais mar shócmhainní toisc go gcuireann siad ar a chumas d’eintiteas tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a dhíorthú ó shócmhainní gaolmhara de bhreis ar a bhféadfaí a dhíorthú mura bhfaighfí na hítimí sin. Féadfaidh monaróir ceimiceán, mar shampla, próisis nua láimhseála ceimiceán a chur ar bun chun ceanglais chomhshaoil maidir le táirgeadh agus stóráil ceimiceán contúirteach a chomhlíonadh; is mar shócmhainn a aithnítear feabhsuithe gaolmhara ar ghléasra toisc nach féidir leis an eintiteas ceimiceáin a mhonarú agus a dhíol ina n-éagmais. Suim ghlanluacha sócmhainne den sórt sin agus sócmhainní gaolmhara atá ann dá thoradh sin, áfach, déantar í a athbhreithniú i gcomhair lagaithe i gcomhréir le IAS 36 Lagú Sócmhainní.

    Costais ina dhiaidh sin

    12

    Faoi phrionsabal an aitheantais i mír 7, ní aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh na costais a bhaineann le seirbhísiú na hítime sin ó lá go lá. Ina ionad sin, aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas mar a thabhaítear iad. Costais saothair agus tomhaltán go príomha atá i gcostais seirbhísithe ó lá go lá, agus d’fhéadfaí costas páirteanna beaga a áireamh iontu. Tugtar tuairisc go minic ar an gcaiteachas sin mar chaiteachas chun críoch ‘deisithe agus cothabhála’ ar an ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh.

    13

    D’fhéadfadh sé gur ghá codanna d’ítimí áirithe réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a athsholáthar ar eatraimh thráthrialta. D’fhéadfadh sé gur ghá foirnéis a athlíneáil, mar shampla, tar éis líon sonraithe uaireanta an chloig úsáide, nó d’fhéadfadh sé gur ghá feistis inmheánacha eitleán amhail suíocháin agus cocúis a athsholáthar roinnt uaireanta le linn shaolré an aerfhráma. D’fhéadfaí ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a fháil freisin chun athsholáthar a dhéanamh nach dtarlaíonn chomh minic céanna, amhail ballaí inmheánacha foirgnimh a athsholáthar, nó chun athsholáthar a dhéanamh nach dtarlaíonn arís. Faoi phrionsabal an aitheantais i mír 7, aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh an costas as cuid d’ítim den sórt sin a athsholáthar nuair a thabhaítear an costas sin má chomhlíontar na critéir aitheantais. Déantar suim ghlanluacha na gcodanna sin a athsholáthraítear a dhí-aithint i gcomhréir le forálacha dí-aitheanta an chaighdeáin seo (féach míreanna 67-72).

    14

    D’fhéadfadh sé a bheith ina choinníoll chun leanúint de bheith ag oibriú ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh (eitleán, mar shampla) mór-iniúchadh tráthrialta a dhéanamh uirthi i gcomhair fabhtanna gan beann ar cé acu a athsholáthraítear nó nach n-athsholáthraítear codanna den ítim. Nuair a dhéantar gach mór-iniúchadh, aithnítear a chostas i suim ghlanluacha na hítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh mar athsholáthar má chomhlíontar na critéir aitheantais. Dí-aithnítear aon suim ghlanluacha de chostas an iniúchta roimhe sin a mhaireann (seachas páirteanna fisiciúla). Tarlaíonn sin gan beann ar cé acu a aithníodh nó nár aithníodh costas an iniúchta roimhe sin san idirbheart ina bhfuarthas nó ina ndearnadh an ítim. Más gá, d’fhéadfaí costas measta as iniúchadh comhchosúil amach anseo a úsáid mar tháscaire den chostas a bhí ar chomhchuid an iniúchta atá ann cheana nuair a fuarthas nó nuair a rinneadh an ítim.

    TOMHAS AG CÉIM AN AITHEANTAIS

    15

    Ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh atá i dteideal aitheantais mar shócmhainn, déanfar í a thomhas ar a costas.

    Eilimintí costais

    16

    Is iad na nithe seo a leanas atá i gcostas ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh:

    (a)

    a praghas ceannaigh, lena n-áirítear dleachtanna ar allmhairí agus cánacha ceannaigh neamh-in-aisíoctha, tar éis lascainí agus lacáistí trádála a asbhaint;

    (b)

    aon chostas is inchurtha go díreach i leith na sócmhainne a thabhairt chuig an suíomh is gá, agus an bhail is gá a chur uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht;

    (c)

    an meastachán tosaigh ar chostais díchuir agus aistrithe na hítime agus ar chostais athchóirithe an láithreáin ar a bhfuil sí lonnaithe, rud a dtabhaíonn eintiteas oibleagáid ina leith nuair a fhaightear an ítim nó mar thoradh ar an ítim a bheith úsáidte aige le linn tréimhse ar leith chun críoch nach críocha táirgthe fardal le linn na tréimhse sin iad.

    17

    Ar shamplaí de chostais atá inchurtha go díreach ina leith sin tá:

    (a)

    costais sochar fostaithe (mar a shainmhínítear in IAS 19 Sochair Fostaithe) a eascraíonn go díreach as déanamh nó éadáil na hítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh;

    (b)

    costais ullmhaithe láithreáin;

    (c)

    costais a bhaineann leis an seachadadh tosaigh agus costais láimhseála;

    (d)

    costais suiteála agus cóimeála;

    (e)

    costais a bhaineann le tástáil a dhéanamh ar cé acu atá an tsócmhainn ag feidhmiú i gceart nó nach bhfuil (i.e. measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil feidhmíocht theicniúil agus fhisiciúil na sócmhainne de chineál a fhágann gur féidir í a úsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí, chun a cur ar cíos le comhlachtaí eile, nó chun críoch riaracháin); agus

    (f)

    táillí gairmiúla.

    18

    Cuireann eintiteas IAS 2 Fardail i bhfeidhm maidir leis na costais as oibleagáidí díchuir, aistrithe agus athchóirithe an láithreáin ar a bhfuil ítim lonnaithe a thabhaítear le linn tréimhse ar leith mar thoradh ar an ítim a bheith úsáidte chun fardail a tháirgeadh le linn na tréimhse sin. Na hoibleagáidí i leith costais a ndéantar cuntasaíocht orthu i gcomhréir le IAS 2 nó IAS 16, aithnítear agus tomhaistear iad i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.

    19

    Is samplaí iad seo a leanas de chostais nach costais ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh iad:

    (a)

    costais a bhaineann le saoráid nua a oscailt;

    (b)

    costais a bhaineann le táirge nó seirbhís nua a thabhairt isteach (lena n-áirítear costais fógraíochta agus gníomhaíochtaí cur chun cinn);

    (c)

    costais a bhaineann le gnó a dhéanamh i suíomh nua nó le haicme nua custaiméirí (lena n-áirítear costais oiliúna foirne); agus

    (d)

    costais riaracháin agus forchostais ghinearálta eile.

    20

    Scortar de bheith ag aithint costas i suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh nuair atá an ítim sa suíomh is gá, agus an bhail is gá uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Dá bhrí sin, ní áirítear i suim ghlanluacha ítime na costais a thabhaítear ina húsáid ná ina himscaradh. Ní áirítear na costais seo a leanas, mar shampla, i suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh:

    (a)

    costais a thabhaítear nuair atá ítim in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht ach nuair nár cuireadh chun úsáide go fóill í nó nach n-oibrítear ag iomlán a hacmhainne í;

    (b)

    caillteanais oibriúcháin tosaigh, amhail iad siúd a thabhaítear agus éileamh ar aschur na hítime ag dul i méid; agus

    (c)

    na costais a bhaineann le cuid d’oibríochtaí eintitis, nó na hoibríochtaí sin uile, a athlonnú nó a atheagrú.

    20A

    D’fhéadfaí ítimí a tháirgeadh agus ítim réadmhaoine, gléasra nó trealaimh á tabhairt chuig an suíomh is gá, agus an bhail is gá á cur uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht (amhail samplaí a tháirgtear le linn tástála ar fheidhmiú cuí na sócmhainne). Aithníonn eintiteas na fáltais ó na hítimí sin a dhíol, agus costas na n-ítimí sin, i mbrabús nó i gcaillteanas i gcomhréir leis na Caighdeáin is infheidhme. Tomhaiseann an t-eintiteas costas na n-earraí sin agus ceanglais tomhais IAS 2 á gcur i bhfeidhm.

    21

    Is i ndáil le déanamh nó forbairt ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a tharlaíonn roinnt oibríochtaí nach bhfuil gá leo chun an ítim a thabhairt chuig an suíomh is gá, agus an bhail is gá a chur uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. D’fhéadfadh na hoibríochtaí teagmhasacha sin tarlú roimh na gníomhaíochtaí déanta nó forbartha nó ina ndiaidh. D’fhéadfaí ioncam a thuilleamh, mar shampla, trí úsáid a bhaint as láithreán foirgníochta mar charrchlós go dtí go dtosaíonn an tógáil. Ós rud é nach bhfuil gá le hoibríochtaí teagmhasacha chun ítim a thabhairt chuig an suíomh is gá, agus an bhail is gá a chur uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht, aithnítear ioncam agus speansais ghaolmhara oibríochtaí teagmhasacha i mbrabús nó i gcaillteanas agus áirítear ina n-aicmithe ioncaim agus speansais faoi seach iad.

    22

    Déantar costas sócmhainne féindéanta a chinneadh ag úsáid na bprionsabal céanna a úsáidtear le haghaidh sócmhainn a fhaightear. Má dhéanann eintiteas sócmhainní comhchosúla lena ndíol i ngnáthchúrsa gnó, is ionann costas na sócmhainne de ghnáth agus costas déanta na sócmhainne lena díol (féach IAS 2). Dá bhrí sin, cuirtear aon bhrabús inmheánach as an áireamh agus costais den sórt sin á ríomh. Ar an gcuma chéanna, ní áirítear i gcostas na sócmhainne an costas a ghabhann le méideanna neamhghnácha ábhair amú, saothair nó acmhainní eile a thabhaítear agus féindéanamh sócmhainne ar siúl. Leagtar síos le IAS 23 Costais Iasachtaíochta critéir chun ús a aithint mar chomhchuid de shuim ghlanluacha ítime féindéanta réadmhaoine, gléasra agus trealaimh.

    22A

    Déantar cuntasaíocht ar phlandaí iompair ar an mbealach céanna a ndéantar cuntasaíocht ar ítimí féindéanta réadmhaoine, gléasra agus trealaimh sula mbeidh siad sa suíomh is gá, agus sula mbeidh an bhail is gá orthu, chun go mbeidh siad in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Dá thoradh sin, ba cheart a thuiscint le tagairtí do ‘dhéanamh’ sa Chaighdeán seo go gcumhdaítear leo gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun na plandaí iompair a shaothrú sula mbeidh siad sa suíomh is gá, agus sula mbeidh an bhail is gá orthu, chun go mbeidh siad in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht.

    Costas a thomhas

    23

    Is éard is costas ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ann coibhéis an phraghais ar airgead tirim ar dháta an aitheantais. Má chuirtear íocaíocht siar thar ghnáth-théarmaí creidmheasa, is mar ús thar thréimhse an chreidmheasa a aithnítear an difríocht idir coibhéis an phraghais ar airgead tirim agus an íocaíocht iomlán ach amháin má dhéantar ús den sórt sin a chaipitliú i gcomhréir le IAS 23.

    24

    D’fhéadfaí ítim amháin réadmhaoine, gléasra agus trealaimh nó níos mó díobh a fháil mar mhalairt ar shócmhainn nó ar shócmhainní neamhairgeadaíochta, nó ar chomhcheangal de shócmhainní airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta. Tagraítear go simplí sa phlé seo a leanas do chás ina malartaítear sócmhainn neamhairgeadaíochta amháin ar shócmhainn neamhairgeadaíochta eile, ach tá feidhm aige freisin maidir leis na malartuithe uile a dtugtar tuairisc orthu san abairt roimhe seo. Is ar luach cóir a thomhaistear costas ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh den sórt sin ach amháin (a) mura bhfuil substaint tráchtála ag an idirbheart malairte nó (b) mura féidir an dá cheann, luach cóir na sócmhainne a fuarthas ná luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh, a thomhas go hiontaofa. Is ar an mbealach sin a thomhaistear an ítim a fuarthas fiú mura féidir le heintiteas dí-aithint a dhéanamh láithreach ar an tsócmhainn a tarscaoileadh. Mura ndéantar an ítim a fuarthas a thomhas ar luach cóir, tomhaistear a costas ar shuim ghlanluacha na sócmhainne a tarscaoileadh.

    25

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, breithníonn eintiteas a mhéid a bhfuil coinne leis go n-athróidh a shreafaí airgid todhchaí de thoradh an idirbhirt. Tá substaint tráchtála ag idirbheart malairte más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá cumraíocht (riosca, uainiú agus méid) shreafaí airgid na sócmhainne a fuarthas éagsúil le cumraíocht shreafaí airgid na sócmhainne a aistríodh; nó

    (b)

    tagann athrú, de thoradh na malairte, ar luach eintiteas-sonrach na coda sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear; agus

    (c)

    tá an difríocht in (a) nó (b) suntasach i gcoibhneas le luach cóir na sócmhainní a mhalartaítear.

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, beidh luach eintiteas-sonrach an sciar sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear ina léiriú ar shreafaí airgid iarchánach. D’fhéadfadh torthaí na n-anailísí sin a bheith soiléir gan gá a bheith ag an eintiteas le ríomhanna mionsonraithe a dhéanamh.

    26

    Is féidir luach cóir sócmhainne a thomhas go hiontaofa (a) mura suntasach le haghaidh na sócmhainne sin í an athraitheacht sa raon tomhas réasúnta ar luach cóir nó (b) más féidir measúnú a dhéanamh go réasúnta ar dhóchúlachtaí na meastachán éagsúil laistigh den raon agus úsáid a bhaint astu agus luach cóir á thomhas. Más féidir le heintiteas luach cóir na sócmhainne a fuarthas nó luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh a thomhas go hiontaofa, is é luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh a úsáidtear chun costas na sócmhainne a fuarthas a thomhas ach amháin más soiléire luach cóir na sócmhainne a fuarthas.

    27

    [Scriosta]

    28

    D’fhéadfaí suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a laghdú le deontais rialtais i gcomhréir le IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais.

    TOMHAS TAR ÉIS AITHEANTAIS

    29

    Roghnóidh eintiteas an tsamhail chostais i mír 30 nó an tsamhail athluachála i mír 31 mar bheartas cuntasaíochta aige agus cuirfidh sé an beartas sin i bhfeidhm maidir le haicme iomlán réadmhaoine, gléasra agus trealaimh.

    29A

    Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste. Mar an gcéanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn siad na hítimí forluiteacha. Áirítear réadmhaoin úinéir-áitithe i gcistí nó in ítimí foluiteacha áirithe den sórt sin. Cuireann an t-eintiteas IAS 16 i bhfeidhm maidir le maoine úinéir-áitithe a áirítear i gciste den sórt sin nó ar ítimí forluiteacha iad. D’ainneoin mhír 29, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú na maoine sin a thomhas ag úsáid na samhla cóirluacha i gcomhréir le IAS 40. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin).

    29B

    Láimhseálfaidh eintiteas maoin úinéir-áitithe arna tomhas ag úsáid na samhla cóirluacha le haghaidh réadmhaoin infheistíochta agus mír 29A á cur i bhfeidhm mar aicme ar leithligh de réadmhaoin, gléasra agus trealamh.

    Samhail chostais

    30

    Tar éis aitheantais mar shócmhainn, tabharfar ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar aghaidh ar a costas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha.

    Samhail athluachála

    31

    Tar éis aitheantais mar shócmhainn, déanfar ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa a thabhairt ar aghaidh ar mhéid athluacháilte, arb é a bheidh ann a luach cóir ar dháta na hathluachála lúide aon dímheas carntha ina dhiaidh sin agus aon chaillteanas lagaithe carntha ina dhiaidh sin. Déanfar athluachálacha sách tráthrialta chun a áirithiú nach mbíonn difríocht ábhartha idir an tsuim ghlanluacha agus an tsuim a chinnfí ag úsáid luach cóir ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    32

    [Scriosta]

    33

    [Scriosta]

    34

    Braitheann minicíocht athluachálacha ar na hathruithe a thagann ar luachanna córa na n-ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh atá á n-athluacháil. Nuair atá difríocht ábhartha idir luach cóir sócmhainne athluacháilte agus a suim ghlanluacha, is gá athluacháil bhreise a dhéanamh. Tagann athruithe suntasacha luaineacha ar luach cóir roinnt ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh agus is gá athluacháil bhliantúil a dhéanamh orthu dá bhrí sin. Ní gá athluachálacha a dhéanamh chomh minic sin i gcás ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh nach dtagann ach athruithe neamhshuntasacha ar a luach cóir. Ina ionad sin, d’fhéadfadh sé nár ghá an ítim a athluacháil ach gach 3 nó 5 bliana.

    35

    Nuair a athluacháiltear ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, déantar suim ghlanluacha na sócmhainne sin a choigeartú go dtí an méid athluacháilte. Ar dháta na hathluachála, caitear leis an tsócmhainn ar cheann de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    déantar an t-oll-luach de réir na leabhar a choigeartú ar bhealach atá comhsheasmhach le hathluacháil shuim ghlanluacha na sócmhainne. D’fhéadfaí an t-oll-luach de réir na leabhar a athshonrú faoi threoir sonraí margaidh inbhraite nó i gcomhréir leis an athrú ar an tsuim ghlanluacha, mar shampla. Déantar an dímheas carntha ar dháta na hathluachála a choigeartú chun go mbeidh sé cothrom leis an difríocht idir oll-luach na sócmhainne de réir na leabhar agus suim ghlanluacha na sócmhainne i ndiaidh caillteanais lagaithe charntha a chur san áireamh; nó

    (b)

    díorthaítear an dímheas carntha in aghaidh oll-luach na sócmhainne de réir na leabhar.

    Méid an choigeartaithe ar dhímheas carntha, is cuid den mhéadú nó den laghdú é ar an tsuim ghlanluacha a ndéantar cuntasaíocht uirthi i gcomhréir le míreanna 39 agus 40.

    36

    Má athluacháiltear ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, déanfar athluacháil ar an aicme iomlán réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ina bhfuil an tsócmhainn sin.

    37

    Is éard is aicme réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ann grúpáil sócmhainní de chineál comhchosúil agus d’úsáid chomhchosúil in oibríochtaí eintitis. Is samplaí iad seo a leanas d’aicmí ar leithligh:

    (a)

    talamh;

    (b)

    talamh agus foirgnimh;

    (c)

    innealra;

    (d)

    longa;

    (e)

    aerárthaí;

    (f)

    mótarfheithiclí;

    (g)

    troscán agus feistis;

    (h)

    trealamh oifige; agus

    (i)

    plandaí iompair.

    38

    Déantar ítimí laistigh d’aicme réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a athluacháil go comhuaineach chun go seachnófar an athluacháil roghnaitheach ar shócmhainní agus an tuairisciú ar mhéideanna sna ráitis airgeadais a bhfuil meascán costas agus luachanna ar dhátaí éagsúla ann. Féadfar aicme sócmhainní a athluacháil ar bhonn atrátha, áfach, ar choinníoll go dtugtar athluacháil na haicme sócmhainní i gcrích laistigh de thréimhse ghearr agus go gcoimeádtar na hathluachálacha cothrom le dáta.

    39

    Má mhéadaítear suim ghlanluacha sócmhainne de thoradh athluachála, aithneofar an méadú in ioncam cuimsitheach eile agus carnfar i gcothromas é faoin gceannteideal ‘Barrachas athluachála’. Aithneofar an méadú i mbrabús nó i gcaillteanas, áfach, a mhéid a aisiompaíonn sé laghdú athluachála ar an tsócmhainn chéanna a aithníodh roimhe sin i mbrabús nó i gcaillteanas.

    40

    Má laghdaítear suim ghlanluacha sócmhainne de thoradh athluachála, aithneofar an laghdú i mbrabús nó i gcaillteanas. Aithneofar an laghdú in ioncam cuimsitheach eile, áfach, a mhéid arb ann d’aon iarmhéid creidmheasa sa bharrachas athluachála i leith na sócmhainne sin. An laghdú a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, laghdaíonn sé an méid carntha i gcothromas faoin gceannteideal ‘Barrachas athluachála’.

    41

    An barrachas athluachála a áirítear i gcothromas i leith ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, féadfar é a aistriú go díreach chuig tuilleamh coimeádta nuair a dhí-aithnítear an tsócmhainn. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis sin iomlán an bharrachais a aistriú nuair a aistarraingítear nó a dhiúscraítear an tsócmhainn. Féadfar cuid den bharrachas a aistriú le linn don tsócmhainn a bheith á húsáid ag an eintiteas, áfach. I gcás den sórt sin, ba í an difríocht idir an dímheas bunaithe ar shuim ghlanluacha athluacháilte na sócmhainne agus an dímheas bunaithe ar chostas bunaidh na sócmhainne a bheadh sa mhéid barrachais a d’aistreofaí. Ní trí bhrabús ná trí chaillteanas a dhéantar aistrithe ó bharrachas athluachála go tuilleamh coimeádta.

    42

    Iarmhairtí cánach ar ioncam, más ann dóibh, a eascraíonn as athluacháil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, aithnítear agus nochtar iad i gcomhréir le IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    Dímheas

    43

    Dímheasfar ar leithligh gach cuid d’ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh lena ngabhann costas atá suntasach i ndáil le costas iomlán na hítime.

    44

    Leithdháileann eintiteas an méid a aithníodh i dtosach i ndáil le hítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar a codanna suntasacha agus dímheasann gach cuid den sórt sin ar leithligh. D’fhéadfadh sé a bheith iomchuí, mar shampla, aerfhráma agus innill aerárthaigh a dhímheas ar leithligh. Ar an gcuma chéanna, má fhaigheann eintiteas réadmhaoin, gléasra agus trealamh faoi réir léas oibriúcháin inarb é an t-eintiteas an léasóir, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí dímheas ar leithligh a dhéanamh ar mhéideanna a léirítear i gcostas na hítime sin atá inchurtha i leith téarmaí léasa atá fabhrach nó neamhfhabhrach i gcoibhneas le téarmaí margaidh.

    45

    D’fhéadfadh saolré úsáide agus modh dímheasa a bheith ag cuid shuntasach d’ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh atá mar an gcéanna leis an saolré úsáide agus an modh dímheasa atá ag cuid shuntasach eile den ítim chéanna sin. D’fhéadfaí codanna den sórt sin a ghrúpáil agus an muirear dímheasa á chinneadh.

    46

    A mhéid a dhéanann eintiteas codanna áirithe d’ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a dhímheas ar leithligh, déanann sé a bhfuil fágtha den ítim a dhímheas ar leithligh freisin. Na codanna den ítim nach bhfuil suntasach astu féin, sin a bhfuil fágtha den ítim. Má tá ionchais éagsúla ag eintiteas i leith na bpáirteanna sin, d’fhéadfadh gá a bheith le teicnící neastacháin chun a bhfuil fágtha den ítim a dhímheas ar bhealach a léiríonn patrún tomhaltais agus/nó saolré úsáide a páirteanna go dílis.

    47

    Féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh na codanna den ítim nach ngabhann costas leo atá suntasach i ndáil le costas iomlán na hítime a dhímheas ar leithligh.

    48

    Aithneofar an muirear dímheasa le haghaidh gach tréimhse i mbrabús nó i gcaillteanas ach amháin má áirítear i suim ghlanluacha sócmhainne eile é.

    49

    Is i mbrabús nó i gcaillteanas de ghnáth a aithnítear an muirear dímheasa le haghaidh tréimhse. Uaireanta, áfach, na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe i sócmhainn, maolaítear iad nuair a tháirgtear sócmhainní eile. Sa chás sin, is cuid de chostas na sócmhainne eile é an muirear dímheasa agus áirítear ina suim ghlanluacha é. Áirítear dímheas gléasra agus trealamh monaraíochta i gcostais tiontaithe fardal, mar shampla (féach IAS 2). Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfaí dímheas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha a áireamh i gcostas sócmhainne doláimhsithe a aithnítear i gcomhréir le IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe.

    Méid in-dímheasa agus tréimhse dímheasa

    50

    Leithdháilfear méid in-dímheasa sócmhainne ar bhonn córasach thar a saolré úsáide.

    51

    Déanfar athbhreithniú ar luach iarmharach agus ar shaolré úsáide sócmhainne ag deireadh gach bliana airgeadais ar a laghad agus, má bhíonn na hionchais éagsúil leis na meastacháin roimhe sin, déanfar cuntasaíocht ar an athrú (na hathruithe) mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    52

    Aithnítear dímheas sócmhainní fiú má tá luach cóir na sócmhainne níos mó ná a suim ghlanluacha, fad nach bhfuil luach iarmharach na sócmhainne níos mó ná a suim ghlanluacha. Ní bhréagnaíonn deisiú agus cothabháil sócmhainne an gá lena dímheas.

    53

    Cinntear méid in-dímheasa sócmhainne tar éis a luach iarmharach a bhaint. Sa chleachtas, is minic a bhíonn luach iarmharach sócmhainne neamhshuntasach agus neamhábhartha dá réir agus an méid in-dímheasa á ríomh.

    54

    D’fhéadfadh méadú teacht ar luach iarmharach sócmhainne chuig méid atá níos mó ná suim ghlanluacha na sócmhainne nó cothrom léi. Má thagann, tá muirear dímheasa na sócmhainne nialasach mura laghdaíonn, agus go dtí go laghdaíonn, a luach iarmharach ina dhiaidh sin chuig méid atá faoi bhun shuim ghlanluacha na sócmhainne.

    55

    Tosaíonn dímheas sócmhainne nuair atá sí ar fáil le húsáid, i.e. nuair atá sí sa suíomh is gá, agus nuair atá an bhail is gá uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Scortar de dhímheas sócmhainne ar cibé acu dáta is túisce, an dáta a aicmítear an tsócmhainn mar shócmhainn arna sealbhú lena díol (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha í a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) i gcomhréir le IFRS 5 nó an dáta a dhí-aithnítear an tsócmhainn. Dá bhrí sin, ní scortar den dímheas nuair a thagann an tsócmhainn chun bheith díomhaoin ná nuair a aistarraingítear ó úsáid ghníomhach í ach amháin má tá an tsócmhainn go hiomlán dímheasta. Faoi mhodhanna úsáide dímheasa, áfach, féadann an muirear dímheasa a bheith nialasach agus gan aon táirgeadh ar siúl.

    56

    Na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá corpraithe i sócmhainn, tomhlaíonn eintiteas go príomha iad trí úsáid na sócmhainne sin. Is minic a fhágann fachtóirí eile, áfach, amhail dífheidhmeacht theicniúil nó tráchtála agus caitheamh agus cuimilt le linn do shócmhainn a bheith díomhaoin, go laghdaítear ar na tairbhí eacnamaíocha a d’fhéadfaí a fháil ón tsócmhainn. Dá thoradh sin, breithnítear na fachtóirí uile seo a leanas agus saolré úsáide sócmhainne á cinneadh:

    (a)

    úsáid ionchasach na sócmhainne. Déantar measúnú ar úsáid faoi threoir acmhainn ionchasach nó aschur fisiciúil ionchasach na sócmhainne;

    (b)

    an caitheamh agus an chuimilt fhisiciúil ionchasach, rud a bhraitheann ar fhachtóirí oibriúcháin amhail an líon sealanna oibre ina bhfuil an tsócmhainn le húsáid agus an clár deisiúcháin agus cothabhála, agus an cúram a dhéantar den tsócmhainn agus an chothabháil a dhéantar uirthi agus í díomhaoin;

    (c)

    dífheidhmeacht theicniúil nó tráchtála a eascraíonn as athruithe nó feabhsuithe ar tháirgeadh, nó as athrú in éileamh an mhargaidh ar tháirge nó aschur seirbhíse na sócmhainne. Laghduithe a bhfuil coinne leo amach anseo ar phraghas díola ítime a táirgeadh ag úsáid sócmhainne, d’fhéadfaidís a bheith ina léiriú ar an ionchas go mbeidh an tsócmhainn ag dul chun dífheidhmeacht theicniúil nó tráchtála, rud a d’fhéadfadh, ar a sheal, a bheith ina léiriú ar laghdú ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe sa tsócmhainn.

    (d)

    teorainneacha dlíthiúla nó comhchosúla ar úsáid na sócmhainne, amhail dátaí éaga léasanna gaolmhara.

    57

    Sainmhínítear saolré úsáide sócmhainne i dtéarmaí na húsáide a bhfuil coinne leis go mbainfidh an t-eintiteas as an tsócmhainn. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí i mbeartas bainistíochta sócmhainní an eintitis diúscairt sócmhainní tar éis tréimhse shonraithe nó tar éis cion sonraithe de na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe sa tsócmhainn a bheith ídithe. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh saolré úsáide sócmhainne a bheith níos giorra ná a saolré eacnamaíoch. Is ceist bhreithiúnais é an meastachán ar shaolré úsáide na sócmhainne atá bunaithe ar thaithí an eintitis le sócmhainní comhchosúla.

    58

    Is sócmhainní indeighilte iad talamh agus foirgnimh agus déantar cuntasaíocht orthu ar leithligh, fiú nuair a fhaightear in éineacht iad. Cé is moite de roinnt eisceachtaí, amhail cairéil agus láithreáin a úsáidtear le haghaidh líonta talún, tá saolré úsáide gan teorainn ag talamh agus ní dhímheastar dá bhrí sin í. Ó tharla go bhfuil saolré úsáide theoranta ag foirgnimh, is sócmhainní in-dímheasa iad. Ní dhéanann méadú ar luach na talún ar a bhfuil foirgneamh lonnaithe difear do chinneadh mhéid in-dímheasa an fhoirgnimh.

    59

    Má áirítear i gcostas talún na costais a ghabhann le láithreán a dhíchur, a aistriú agus a athchóiriú, déantar an sciar sin den tsócmhainn talún a dhímheas thar an tréimhse tairbhí a fhaightear trí na costais sin a thabhú. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh saolré úsáide theoranta a bheith ag an talamh féin, agus sa chás sin dímheastar í ar bhealach a léiríonn na tairbhí atá le baint aisti.

    Modh dímheasa

    60

    Beidh an modh dímheasa a úsáidtear ina léiriú ar an bpatrún ina bhfuil coinne leis go dtomhlóidh an t-eintiteas na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo de bharr na sócmhainne.

    61

    Déanfar athbhreithniú ag deireadh gach bliana airgeadais ar a laghad ar an modh dímheasa a chuirtear i bhfeidhm maidir le sócmhainn agus, má tháinig athrú suntasach ar an bpatrún ina bhfuil coinne leis go dtairbheofar de na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe sa tsócmhainn, athrófar an modh chun go mbeidh sé ina léiriú ar an bpatrún athraithe. Déanfar cuntasaíocht ar athrú den sórt sin mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8.

    62

    Tá modhanna dímheasa éagsúla ann is féidir a úsáid chun méid in-dímheasa sócmhainne a leithdháileadh ar bhonn córasach thar a saolré úsáide. Ar na modhanna sin tá modh an mhéid chothroim, modh an iarmhéid laghdaithigh agus modh na n-aonad táirgthe. Muirear tairiseach thar an tsaolré úsáide atá mar thoradh ar dhímheas de réir méid chothroim mura n-athraíonn luach iarmharach na sócmhainne. Muirear laghdaitheach thar an tsaolré úsáide atá mar thoradh ar mhodh an iarmhéid laghdaithigh. Is é an toradh atá ar mhodh na n-aonad táirgthe muirear atá bunaithe ar an úsáid nó ar an aschur lena bhfuil coinne. Roghnaíonn an t-eintiteas an modh is fearr a léiríonn patrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá corpraithe sa tsócmhainn. Cuirtear an modh sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse ach amháin má thagann athrú ar phatrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha sin a bheidh ann amach anseo.

    62A

    Ní iomchuí é modh dímheasa bunaithe ar ioncam arna ghiniúint ag gníomhaíocht ina n-áirítear úsáid sócmhainne. Ioncam arna ghiniúint ag gníomhaíocht ina n-áirítear úsáid sócmhainne, bíonn sé ina léiriú de ghnáth ar fhachtóirí nach tomhaltas tairbhí eacnamaíocha na sócmhainne iad. Déanann ionchuir agus próisis eile, gníomhaíochtaí díolachán agus athruithe ar mhéideanna díolachán agus ar phraghsanna díola, mar shampla, difear d’ioncam. D’fhéadfadh boilsciú, nach n-imríonn aon tionchar ar an mbealach a n-úsáidtear sócmhainn, difear a dhéanamh do chomhchuid phraghais an ioncaim.

    Lagú

    63

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh lagaithe, cuireann eintiteas IAS 36 Lagú Sócmhainní i bhfeidhm. Mínítear leis an gcaighdeán sin conas a dhéanann eintiteas athbhreithniú ar shuim ghlanluacha a shócmhainní, conas a chinneann sé méid in-aisghabhála sócmhainne agus an cás ina n-aithníonn sé caillteanas lagaithe nó ina n-aisiompaíonn sé an t-aitheantas sin.

    64

    [Scriosta]

    Cúiteamh i leith lagaithe

    65

    Cúiteamh ó thríú páirtithe as ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a lagaíodh, a cailleadh nó a tarscaoileadh, áireofar i mbrabús nó i gcaillteanas iad nuair a thiocfaidh an cúiteamh sin chun bheith infhála.

    66

    Laguithe nó caillteanais ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, éilimh ghaolmhara ar chúiteamh nó íocaíochtaí cúitimh ó thríú páirtithe agus ceannach nó déanamh aon sócmhainn athsholáthair, is teagmhais eacnamaíocha ar leithligh iad agus déantar cuntasaíocht orthu ar leithligh mar a leanas:

    (a)

    aithnítear laguithe ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh i gcomhréir le IAS 36;

    (b)

    is i gcomhréir leis an gcaighdeán seo a chinntear dí-aithint ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a aistarraingítear nó a dhiúscraítear;

    (c)

    cúiteamh ó thríú páirtithe as ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a lagaíodh, a cailleadh nó a tarscaoileadh, cuirtear san áireamh iad agus brabús nó caillteanas á chinneadh nuair a thiocfaidh an cúiteamh sin chun bheith infhála; agus

    (d)

    is i gcomhréir leis an gcaighdeán seo a chinntear costas ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a athchóirítear, a cheannaítear nó a dhéantar mar athsholáthairtí.

    DÍ-AITHINT

    67

    Dí-aithneofar suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh:

    (a)

    ar a diúscairt; nó

    (b)

    nuair nach bhfuil coinne le tairbhí eacnamaíocha amach anseo óna húsáid ná óna diúscairt.

    68

    An gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as dí-aithint ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, áireofar i mbrabús nó i gcaillteanas é nuair a dhí-aithnítear an ítim (ach amháin má éilítear a mhalairt le IFRS 16 Léasanna ar dhíolachán agus ar aisléasú). Ní aicmeofar gnóthachain mar ioncam.

    68A

    Eintiteas a dhíolann ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh arna sealbhú aige lena ligean ar cíos le páirtithe eile i gcúrsa a ghnáthimeachtaí, áfach, aistreoidh sé sócmhainní den sórt sin chuig fardail ar a suim ghlanluacha nuair a scoireann siad de bheith ar cíos agus a thagann chun bheith sealbhaithe lena ndíol. Is mar ioncam a aithneofar na fáltais as díol sócmhainní den sórt sin i gcomhréir le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí. Níl feidhm ag IFRS 5 nuair a dhéantar sócmhainní arna sealbhú lena ndíol i ngnáthchúrsa gnó a aistriú chuig fardail.

    69

    D’fhéadfadh diúscairt ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh tarlú ar roinnt bealaí éagsúla (e.g. trí dhíolachán, trí theacht isteach i léas airgeadais nó trí dheonachán). Is é dáta diúscartha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh an dáta a fhaigheann an faighteoir rialú ar an ítim sin i gcomhréir leis na ceanglais chun a chinneadh cathain a chomhlíontar oibleagáid feidhmíochta in IFRS 15. Tá feidhm ag IFRS 16 le diúscairt trí dhíolachán agus aisléasú.

    70

    Más amhlaidh, faoi phrionsabal an aitheantais i mír 7, go n-aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh an costas as cuid den ítim a athsholáthar, dí-aithníonn sé suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe sin gan beann ar cé acu a dímheasadh nó nár dímheasadh an chuid athsholáthraithe ar leithligh. Mura bhfuil sé infheidhmithe ag eintiteas suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe a chinneadh, féadfaidh sé costas an athsholáthair a úsáid mar thásc ar an gcostas a bhí ar an gcuid athsholáthraithe tráth a fuarthas nó a rinneadh í.

    71

    An gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as dí-aithint ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, cinnfear é mar an difríocht idir na glanfháltais diúscartha, más ann dóibh, agus suim ghlanluacha na hítime.

    72

    An méid comaoine atá le háireamh sa ghnóthachan nó sa chaillteanas a eascraíonn as dí-aithint ítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, cinntear é i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an bpraghas idirbhirt a chinneadh i míreanna 47–72 de IFRS 15. Is i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hathruithe ar an bpraghas idirbhirt in IFRS 15 a choinneofar cuntas ar athruithe ina dhiaidh sin ar an méid measta comaoine a áirítear sa ghnóthachan nó sa chaillteanas.

    NOCHTADH

    73

    Nochtfar sna ráitis airgeadais na nithe seo a leanas le haghaidh gach aicme réadmhaoine, gléasra agus trealaimh:

    (a)

    na boinn tomhais a úsáidtear chun an t-oll-luach de réir na leabhar a chinneadh;

    (b)

    na modhanna dímheasa a úsáidtear;

    (c)

    na saolréanna úsáide nó na rátaí dímheasa a úsáidtear;

    (d)

    an t-oll-luach de réir na leabhar agus an dímheas carntha (arna chomhiomlánú le caillteanais lagaithe charntha) ag tús agus ag deireadh na tréimhse; agus

    (e)

    réiteach ar an tsuim ghlanluacha ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena léirítear na nithe seo a leanas:

    (i)

    breiseanna;

    (ii)

    sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 agus diúscairtí eile;

    (iii)

    éadálacha trí chomhcheangail ghnó;

    (iv)

    méaduithe nó laghduithe a leanann as athluachálacha faoi mhíreanna 31, 39 agus 40 agus as caillteanais lagaithe a aithnítear nó a aisiompaítear in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le IAS 36;

    (v)

    caillteanais lagaithe a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas i gcomhréir le IAS 36;

    (vi)

    caillteanais lagaithe a aisiompaítear i mbrabús nó i gcaillteanas i gcomhréir le IAS 36;

    (vii)

    dímheas;

    (viii)

    na glandifríochtaí ráta malairte a eascraíonn as na ráitis airgeadais a aistriú ón airgeadra feidhmiúil go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil, lena n-áirítear oibríocht eachtrach a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe an eintitis tuairiscithe; agus

    (ix)

    athruithe eile.

    74

    Nochtfar freisin sna ráitis airgeadais:

    (a)

    srianta a bheith ar theideal agus méideanna na srianta sin, agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh atá curtha i ngeall mar urrús i leith dliteanas;

    (b)

    méid an chaiteachais arna shainaithint i nglanluach na hítime réadmhaoine, gléasra agus trealaimh le linn déanamh na hítime; agus

    (c)

    méid na ngealltanas conarthach le haghaidh éadálacha réadmhaoine, gléasra agus trealaimh.

    74A

    Nochtfar na nithe seo a leanas freisin sna ráitis airgeadais, mura léirítear ar leithligh iad sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach:

    (a)

    méid an chúitimh ó thríú páirtithe i leith ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a lagaíodh, a cailleadh nó a tarscaoileadh a áirítear i mbrabús nó i gcaillteanas; agus

    (b)

    méideanna na bhfáltas agus an chostais a áirítear i mbrabús nó i gcaillteanas i gcomhréir le mír 20A a bhaineann le hítimí a táirgeadh nach aschur as gnáthghníomhaíochtaí an eintitis iad, agus cén ítim (cé na hítimí) líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach lena n-áirítear fáltais agus costas den chineál sin.

    75

    Is ceisteanna breithiúnais iad modh dímheasa agus meastachán saolré úsáide na sócmhainní a roghnú. Dá bhrí sin, leis an nochtadh ar na modhanna a ghlactar agus ar na saolréanna úsáide measta nó ar na rátaí dímheasa, soláthraítear faisnéis d’úsáideoirí ráiteas airgeadais a thugann caoi dóibh na beartais a roghnaíonn an bhainistíocht a athbhreithniú agus comparáid a dhéanamh le heintitis eile. Ar chúiseanna comhchosúla, is gá na nithe seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    dímheas sócmhainní, cibé an n-aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas nó mar chuid de chostas sócmhainní eile iad, le linn tréimhse; agus

    (b)

    dímheas carntha ag deireadh na tréimhse.

    76

    I gcomhréir le IAS 2, nochtann eintiteas cineál agus éifeacht athraithe ar mheastachán cuntasaíochta agus an éifeacht atá aige sin sa tréimhse reatha nó a bhfuil coinne léi sna tréimhsí ina dhiaidh sin. I gcás réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, d’fhéadfadh nochtadh den sórt sin eascairt as athruithe ar mheastacháin i leith na nithe seo a leanas:

    (a)

    luachanna iarmharacha;

    (b)

    na costais mheasta a ghabhann le hítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a dhíchur, a aistriú nó a athchóiriú;

    (c)

    saolréanna úsáide; agus

    (d)

    modhanna dímheasa.

    77

    Má luaitear ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar mhéideanna athluacháilte, nochtfar na nithe seo a leanas i dteannta na nochtaí a cheanglaítear le IFRS 13:

    (a)

    dáta éifeachtach na hathluachála;

    (b)

    cé acu a bhí nó nach raibh luachálaí neamhspleách rannpháirteach;

    (c)

    [scriosta]

    (d)

    [scriosta]

    (e)

    i gcás gach aicme athluacháilte réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, an tsuim ghlanluacha a d’aithneofaí dá ndéanfaí na sócmhainní a thabhairt ar aghaidh faoin tsamhail chostais; agus

    (f)

    an barrachas athluachála, lena léirítear an t-athrú le haghaidh na tréimhse agus aon srian ar dháileadh an iarmhéid ar scairshealbhóirí.

    78

    I gcomhréir le IAS 36, nochtann eintiteas faisnéis maidir le réadmhaoin, gléasra agus trealamh lagaithe i dteannta na faisnéise a cheanglaítear le mír 73(e)(iv)-(vi).

    79

    D’fhéadfadh an fhaisnéis seo a leanas a bheith úsáideach d’úsáideoirí ráiteas airgeadais freisin:

    (a)

    suim ghlanluacha réadmhaoine, gléasra agus trealaimh atá díomhaoin go sealadach;

    (b)

    suim ghlanluacha chomhlán réadmhaoine, gléasra agus trealaimh atá dímheasta ina n-iomláine agus atá fós in úsáid;

    (c)

    an méid réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a aistarraingíodh ó úsáid ghníomhach agus nach bhfuil aicmithe mar mhaoin, gléasra agus trealamh atá á sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IRFS 5; agus

    (d)

    nuair a úsáidtear an tsamhail chostais, luach cóir réadmhaoine, gléasra agus trealaimh i gcás ina bhfuil difríocht ábhartha idir sin agus an tsuim ghlanluacha.

    Dá bhrí sin, moltar d’eintitis na méideanna sin a nochtadh.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    80

    Ceanglais mhíreanna 24-26 maidir leis an tomhas tosaigh ar ítim réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a fhaightear in idirbheart malartú sócmhainní, ní chuirfear i bhfeidhm go hionchasach iad ach maidir le hidirbhearta amach anseo.

    80A

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le IFRSanna le haghaidh na Tréimhse 2010–2012, leasaíodh mír 35. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir leis na hathluachálacha uile a aithnítear i dtréimhsí bliantúla dar tús dáta chur i bhfeidhm tosaigh an leasaithe sin, nó ina dhiaidh sin, agus sa tréimhse bhliantúil a tháinig díreach roimhe. Féadfaidh eintiteas faisnéis chomparáideach choigeartaithe a chur i láthair maidir le haon tréimhse níos luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air sin a dhéanamh. Má chuireann eintiteas faisnéis chomparáideach neamhchoigeartaithe i láthair maidir le haon tréimhse níos luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir cén fhaisnéis nár coigeartaíodh, luafaidh sé gur cuireadh i láthair ar bhonn difriúil í agus míneoidh sé an bonn sin.

    80B

    Sa tréimhse tuairiscithe nuair a chuirtear Talmhaíocht: Plandaí Iompair (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 41) i bhfeidhm den chéad uair, ní gá d’eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 maidir leis an tréimhse reatha a nochtadh. An fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 maidir le gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair, áfach, cuirfidh eintiteas an fhaisnéis sin i láthair.

    80C

    Féadfaidh eintiteas a roghnú ítim plandaí iompair a thomhas ar a luach cóir ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ina gcuirtear Talmhaíocht: Plandaí Iompair (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 41) i bhfeidhm den chéad uair, agus an luach cóir sin a úsáid mar a chostas measta ar an dáta sin. Aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an luach cóir, aithneofar i dtuilleamh coimeádta tosaigh í ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair.

    80D

    Le Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh—Fáltais roimh an úsáid atá beartaithe, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 17 agus 74 agus cuireadh míreanna 20A agus 74A leis. Ní chuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach ach maidir le hítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a thugtar chuig an suíomh is gá, agus a gcuirtear an bhail is gá orthu, chun go mbeidh siad in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht roimh thús nó ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais ina gcuirfidh an t-eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair. Aithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt charnach a bhaineann leis na leasuithe a chur i bhfeidhm ar dtús mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse is luaithe sin a chuirtear i láthair.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    81

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    81A

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i mír 3 i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh. Má chuireann eintiteas IFRS 6 i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    81B

    Le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáidtear ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh leis míreanna 39, 40 agus 73(e)(iv). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    81C

    Le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó (arna athbhreithniú in 2008) leasaíodh mír 44. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin freisin.

    81D

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh míreanna 6 agus 69 agus cuireadh mír 68A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus, an tráth céanna, cuirfidh sé na leasuithe gaolmhara ar IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid i bhfeidhm.

    81E

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann eintiteas na leasuithe ar mhíreanna 8, 9, 22, 48, 53, 53A, 53B, 54, 57 agus 85B de IAS 40 i bhfeidhm an tráth céanna. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    81F

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir agus an sainmhíniú ar mhéid in-aisghabhála i mír 6, leasaíodh míreanna 26, 35 agus 77 agus scriosadh míreanna 32 agus 33. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    81G

    Le Feabhsuithe Bliantúla le haghaidh na Tréimhse 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír 8. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    81H

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le IFRSanna le haghaidh na Tréimhse 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 35 agus cuireadh mír 80A leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    81I

    Le Soiléiriú ar Mhodhanna Inghlactha Dímheasa agus Amúchta (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 38), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 56 agus cuireadh mír 62A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    81J

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 68A, 69 agus 72. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    81K

    Talmhaíocht: Le Plandaí Iompair (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 41), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2014, leasaíodh míreanna 3, 6 agus 37 agus cuireadh míreanna 22A agus 80B–80C leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i mír 80C.

    81L

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, scriosadh míreanna 4 agus 27 agus leasaíodh míreanna 5, 10, 44 agus 68–69. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    81M

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2017, cuireadh míreanna 29A agus 29B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    81N

    Le Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh—Fáltais roimh an úsáid atá beartaithe, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 17 agus 74 agus cuireadh míreanna 20A, 74A agus 80D leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    82

    Leis an gcaighdeán seo, dímholtar IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (arna athbhreithniú in 1998).

    83

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad na léirmhínithe seo a leanas:

    (a)

    SIC-6 Costais um Mionathrú Bogearraí Reatha;

    (b)

    SIC-14 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh — Cúiteamh i leith Lagú nó Caillteanas Ítimí; agus

    (c)

    SIC-23 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh — Mór-iniúchadh nó Costais Ollchóiriúcháin.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 19

    Sochair Fostaithe

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta agus nochta a fhorordú le haghaidh sochair fostaithe. Leis an gcaighdeán seo, éilítear ar eintiteas na nithe seo a leanas a aithint:

    (a)

    dliteanas nuair a sholáthraíonn fostaí seirbhís mar mhalairt ar shochair fostaithe atá le híoc amach anseo; agus

    (b)

    speansas nuair a thomhlaíonn an t-eintiteas an tairbhe eacnamaíoch a eascraíonn as an tseirbhís a sholáthair fostaí mar mhalairt ar shochair fostaithe.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh fostóir an Caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntasaíocht á déanamh ar gach sochar fostaithe, seachas iad siúd a bhfuil IFRS 2Íocaíocht Scairbhunaithe infheidhme ina leith.

    3

    Ní bhaineann an Caighdeán seo le tuairisciú na bpleananna sochair scoir (féach IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir).

    4

    Áirítear na sochair fostaithe a sholáthraítear ar na bealaí seo a leanas leo siúd a bhfuil feidhm ag an gCaighdeán seo ina leith:

    (a)

    faoi phleananna foirmiúla nó faoi chomhaontuithe foirmiúla eile idir eintiteas agus fostaithe aonair, grúpaí fostaithe nó a n-ionadaithe;

    (b)

    faoi cheanglais reachtacha, nó trí shocruithe tionsclaíocha, lena n-éilítear ar eintitis rannchuidiú le pleananna náisiúnta, stáit, tionscail nó ilfhostóirí eile; nó

    (c)

    trí bhíthin na gcleachtas neamhfhoirmiúil sin as a n-eascraíonn oibleagáid inchiallaithe. Eascraíonn oibleagáid inchiallaithe as cleachtais neamhfhoirmiúla i gcás nach bhfuil aon mhalairt réalaíoch ag an eintiteas ach sochair fostaithe a íoc. Is sampla d’oibleagáid inchiallaithe é cás ina bhfágfadh athrú ar chleachtais neamhfhoirmiúla eintitis go ndéanfaí damáiste doghlactha dá chaidreamh le fostaithe.

    5

    Áirítear le sochair fostaithe:

    (a)

    sochair ghearrthéarmacha fostaithe, amhail na nithe seo a leanas, má tá coinne leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe na seirbhísí gaolmhara:

    (i)

    pá, tuarastail agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta;

    (ii)

    saoire bhliantúil íoctha agus saoire bhreoiteachta íoctha;

    (iii)

    roinnt an bhrabúis agus bónais; agus

    (iv)

    sochair neamhairgeadaíochta (amhail cúram leighis, tithíocht, carranna agus earraí nó seirbhísí saor in aisce nó fóirdheonaithe) le haghaidh fostaithe reatha;

    (b)

    sochair iarfhostaíochta, amhail na nithe seo a leanas:

    (i)

    sochair scoir (e.g. pinsin agus íocaíochtaí cnapshuime ar scor); agus

    (ii)

    sochair iarfhostaíochta eile, amhail árachas saoil iarfhostaíochta agus cúram leighis iarfhostaíochta;

    (c)

    sochair fhadtéarmacha eile fostaithe, amhail na nithe seo a leanas:

    (i)

    neamhláithreachtaí fadtéarmacha íoctha, amhail saoire fadseirbhíse nó saoire shabóideach;

    (ii)

    iubhaile nó sochair fadseirbhíse eile; agus

    (iii)

    sochair fhadtéarmacha mhíchumais; agus

    (d)

    sochair i dtaca le foirceannadh.

    6

    Áirítear le sochair fostaithe sochair a sholáthraítear d’fhostaithe nó dá gcleithiúnaithe nó dá dtairbhithe agus féadfar iad a shocrú trí bhíthin íocaíochtaí a dhéantar go díreach le fostaithe, lena gcéilí, lena leanaí nó le cleithiúnaithe eile, nó le páirtithe eile, amhail cuideachtaí árachais.

    7

    Féadfaidh fostaí seirbhísí a sholáthar d’eintiteas ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha, buan, ócáideach nó sealadach. Chun críoch an Chaighdeáin seo, áirítear stiúrthóirí agus pearsanra bainistíochta eile le fostaithe.

    SAINMHÍNITHE

    8

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Sainmhínithe ar shochair fostaithe

     

    Is éard is sochair fostaithe ann gach cineál comaoine a thugann eintiteas mar mhalairt ar sheirbhísí arna soláthar ag fostaithe nó ar fhoirceannadh fostaíochta.

     

    Is éard is sochair ghearrthéarmacha fostaithe ann sochair fostaithe (seachas sochair i dtaca le foirceannadh) a bhfuil coinne leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar.

     

    Is éard is sochair iarfhostaíochta ann sochair fostaithe (seachas sochair i dtaca le foirceannadh agus sochair ghearrthéarmacha fostaithe) is iníoctha tar éis críoch a bheith curtha le fostaíocht.

     

    Is éard is sochair fhad-téarmacha eile fostaithe ann gach sochar fostaithe seachas sochair ghearr-théarmacha fostaithe, sochair iarfhostaíochta agus sochair i dtaca le foirceannadh.

     

    Is sochair fostaithe iad sochair i dtaca le foirceannadh a sholáthraítear mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta fostaí mar thoradh ar cheann den dá chás seo a leanas:

    (a)

    cinneadh eintitis le fostaíocht fostaí a fhoirceannadh roimh an ngnáthdháta scoir; nó

    (b)

    cinneadh fostaí tairiscint ar shochair a ghlacadh mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta.

     

    Sainmhínithe a bhaineann le haicmiú pleananna

     

    Is éard is pleananna sochair iarfhostaíochta ann socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla faoina soláthraíonn eintiteas sochair iarfhostaíochta le haghaidh fostaí amháin nó níos mó.

     

    Is éard is pleananna ranníocaíochtaí sainithe ann pleananna sochair iarfhostaíochta faoina n-íocann eintiteas ranníocaíochtaí seasta le heintiteas ar leithligh (ciste) agus nach mbeidh aon oibleagáid inchiallaithe ná dhlíthiúil air chun ranníocaíochtaí breise a íoc mura mbeidh sócmhainní leordhóthanacha sa chiste chun na sochair fostaithe uile a bhaineann le seirbhís fostaithe sa tréimhse reatha agus i dtréimhsí roimhe sin a íoc.

     

    Is éard is pleananna sochar sainithe ann pleananna sochair iarfhostaíochta seachas pleananna ranníocaíochtaí sainithe.

     

    Is éard is pleananna ilfhostóirí ann pleananna ranníocaíochtaí sainithe (seachas pleananna stáit) nó pleananna sochar sainithe (seachas pleananna stáit):

    (a)

    lena gcomhthiomsaítear na sócmhainní a ranníoc eintitis éagsúla nach bhfuil faoi rialú comhchoiteann; agus

    (b)

    lena n-úsáidtear na sócmhainní sin chun sochair a sholáthar d’fhostaithe ó níos mó ná eintiteas amháin, ar an mbunús go gcinntear leibhéil ranníocaíochta agus sochair gan aird ar aitheantas an eintitis a fhostaíonn na fostaithe.

     

    Sainmhínithe a bhaineann leis an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn)

     

    Is éard is glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) ann an méid easnaimh nó barrachais, arna choigeartú ó thaobh aon iarmhairt a bhaineann le glansócmhainn sochair shainithe a theorannú chuig uasteorainn na sócmhainne.

     

    Is éard is easnamh nó barrachas ann:

    (a)

    luach láithreach oibleagáide sochar sainithe lúide

    (b)

    luach cóir shócmhainní an phlean (más ann dóibh).

     

    Is éard is uasteorainn sócmhainne ann luach láithreach aon tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil i bhfoirm aisíocaíochtaí ón bplean nó i bhfoirm laghduithe ar ranníocaíochtaí leis an bplean amach anseo.

     

    Is ionann luach láithreach oibleagáide sochar sainithe agus an luach láithreach, gan aon sócmhainn phlean a asbhaint, d’íocaíochtaí todhchaí a bhfuil coinne leo, a cheanglófar chun an oibleagáid a leanann as seirbhís fostaithe sna tréimhsí reatha agus i dtréimhsí roimhe a shocrú.

     

    Cuimsítear le sócmhainní plean:

    (a)

    sócmhainní atá i seilbh ag ciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe; agus

    (b)

    polasaithe cáilitheacha árachais.

     

    Sócmhainní atá i seilbh ag ciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe, is sócmhainní iad (seachas ionstraimí airgeadais neamh-inaistrithe arna n-eisiúint ag an eintiteas tuairiscithe):

    (a)

    atá i seilbh ag eintiteas (ciste) atá ar leithligh go dlíthiúil ón eintiteas tuairiscithe agus arb ann dó go heisiach chun sochair fostaithe a íoc nó a chistiú; agus

    (b)

    atá ar fáil chun sochair fostaithe a íoc nó a mhaoiniú agus chuige sin amháin, nach bhfuil ar fáil do chreidiúnaithe dílse an eintitis tuairiscithe (fiú i bhféimheacht), agus nach féidir a thabhairt ar ais don eintiteas tuairiscithe, ach amháin más amhlaidh ceachtar de na cásanna a leanas:

    (i)

    is leordhóthanach sócmhainní an chiste atá fágtha chun oibleagáidí gaolmhara uile an phlean nó an eintitis tuairiscithe i leith sochair fostaithe a chomhlíonadh; nó

    (ii)

    tugtar na sócmhainní ar ais don eintiteas tuairiscithe chun é a aisíoc as sochair fostaithe a íocadh cheana.

     

    Is éard is polasaí cáilitheach árachais ann polasaí árachais  (7) arna eisiúint ag árachóir nach páirtí gaolmhar leis an eintiteas tuairiscithe é (mar a shainmhínítear in IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara), más amhlaidh na nithe seo a leanas maidir le fáltais an pholasaí:

    (a)

    ní féidir iad a úsáid ach chun sochair fostaithe a íoc nó a mhaoiniú faoi phlean sochair shainithe; agus

    (b)

    níl siad ar fáil do chreidiúnaithe dílse an eintitis tuairiscithe (fiú i bhféimheacht) agus ní féidir iad a íoc leis an eintiteas tuairiscithe, ach amháin más amhlaidh ceachtar de na cásanna a leanas:

    (i)

    is sócmhainní barrachais atá sna fáltais nach bhfuil gá leo chun go gcomhlíonfaidh an polasaí na hoibleagáidí gaolmhara uile i leith sochair fostaithe; nó

    (ii)

    tugtar na fáltais ar ais don eintiteas tuairiscithe chun é a aisíoc as sochair fostaithe a íocadh cheana.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Sainmhínithe a bhaineann le costas sochair shainithe

     

    Cuimsítear le costas seirbhíse:

    (a)

    costas na seirbhíse reatha, arb é an méadú é ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a leanann as seirbhís fostaí sa tréimhse reatha;

    (b)

    is éard is costas seirbhíse roimhe seo ann an t-athrú ar luach reatha na hoibleagáide sochar sainithe le haghaidh seirbhís fostaí i dtréimhsí roimhe sin, athrú a eascraíonn as leasú ar phlean ( plean sochair shainithe a thabhairt isteach, a aistarraingt, nó athruithe a dhéanamh air) nó ciorrú (laghdú suntasach arna dhéanamh ag an eintiteas ar an líon fostaithe a chumhdaítear le plean); agus

    (c)

    aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar shocraíocht.

     

    Is éard is ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) ann an t-athrú a thagann le linn na tréimhse ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a eascraíonn as imeacht ama.

     

    Cuimsítear na nithe seo a leanas le hatomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn):

    (a)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha;

    (b)

    an toradh ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a chur san áireamh; agus

    (c)

    aon athrú ar éifeacht na huasteorann sócmhainne, gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a chur san áireamh.

     

    Is éard is gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ann athruithe ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a leanann as na nithe seo a leanas:

    (a)

    coigeartuithe taithí (iarmhairtí difríochtaí idir na toimhdí achtúireacha roimhe sin agus an méid a tharla iarbhír); agus

    (b)

    iarmhairtí na n-athruithe ar thoimhdí achtúireacha.

     

    Is éard is toradh ar shócmhainní plean ann ús, díbhinní agus ioncam eile a dhíorthaítear ó na sócmhainní plean, in éineacht le gnóthachain agus caillteanais réadaithe agus neamhréadaithe ar na sócmhainní plean, lúide:

    (a)

    aon chostas a bhaineann le sócmhainní plean a bhainistiú; agus

    (b)

    lúide aon cháin is iníoctha ag an bplean féin, seachas cáin a áirítear sna toimhdí achtúireacha a úsáidtear chun luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a thomhas.

     

    Is éard is socraíocht ann idirbhearta lena gcuirtear deireadh le gach oibleagáid dhlíthiúil nó oibleagáid inchiallaithe bhreise maidir le cuid de na sochair, nó na sochair uile, a ndéantar foráil maidir leo faoi phlean sochair shainithe, seachas sochair a íoc le fostaithe, nó iad a íoc thar a gceann, a leagtar amach i dtéarmaí an phlean agus a áirítear sna toimhdí achtúireacha.

    SOCHAIR GHEARRTHÉARMACHA FOSTAITHE

    9

    Áirítear ítimí amhail na nithe seo a leanas le sochair ghearrthéarmacha fostaithe, má tá coinne leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe na seirbhísí gaolmhara:

    (a)

    pá, tuarastail agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta;

    (b)

    saoire bhliantúil íoctha agus saoire bhreoiteachta íoctha;

    (c)

    roinnt an bhrabúis agus bónais; agus

    (d)

    sochair neamhairgeadaíochta (amhail cúram leighis, tithíocht, carranna agus earraí nó seirbhísí saor in aisce nó fóirdheonaithe) le haghaidh fostaithe reatha.

    10

    Ní gá d’eintiteas sochar gearrthéarmach fostaithe a athaicmiú má thagann athrú sealadach ar ionchais an eintitis i leith uainiú na socraíochta. Má thagann athrú ar shaintréithe an tsochair (amhail athrú ó shochar neamhcharnach go sochar carnach), áfach, nó murar sealadach é an t-athrú ionchais i leith uainiú na socraíochta, breithníonn an t-eintiteas sa chás sin cé acu atá nó nach bhfuil an sochar fós i gcomhréir leis an sainmhíniú ar shochair ghearrthéarmacha fostaithe.

    Aitheantas agus tomhas

    Sochair ghearrthéarmacha fostaithe uile

    11

    Nuair a sholáthraíonn fostaí seirbhís d’eintiteas le linn tréimhse chuntasaíochta, is ar na bealaí seo a leanas a aithneoidh an t-eintiteas an méid neamhlascainithe de shochair ghearrthéarmacha fostaithe a bhfuil coinne lena n-íoc mar mhalairt ar an tseirbhís sin:

    (a)

    mar dhliteanas (speansas fabhraithe), tar éis aon mhéid a íocadh cheana a asbhaint. Má tá an méid a íocadh cheana níos mó ná méid neamhlascainithe na sochar, aithneoidh eintiteas an méid farasbairr sin mar shócmhainn (speansas réamhíoctha) a mhéid a bheidh laghdú ar íocaíochtaí amach anseo nó aisíocaíocht airgid thirim, mar shampla, mar thoradh ar an réamhíocaíocht.

    (b)

    mar speansas, ach amháin má éilítear nó má cheadaítear le IFRS eile go gcuirfí na sochair san áireamh i gcostas sócmhainne (féach mar shampla IAS 2 Fardail agus IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh).

    12

    Mínítear le míreanna 13, 16 agus 19 conas a chuirfidh eintiteas mír 11 i bhfeidhm maidir le sochair ghearrthéarmacha fostaithe i bhfoirm neamhláithreachtaí íoctha agus pleananna roinnte brabúis agus bónais.

    Neamhláithreachtaí íoctha gearrthéarmacha

    13

    Déanfaidh eintiteas an costas ionchasach a bhaineann le sochair ghearrthéarmacha fostaithe i bhfoirm neamhláithreachtaí íoctha a aithint faoi mhír 11 mar a leanas:

    (a)

    i gcás neamhláithreachtaí íoctha carnacha, nuair a sholáthraíonn na fostaithe seirbhís a mhéadaíonn a dteidlíocht i leith neamhláithreachtaí íoctha amach anseo.

    (b)

    i gcás neamhláithreachtaí íoctha neamhcharnacha, nuair a tharlaíonn na neamhláithreachtaí.

    14

    Féadfaidh eintiteas fostaithe a íoc as neamhláithreacht ar chúiseanna éagsúla, amhail laethanta saoire, saoire bhreoiteachta agus míchumas gearrthéarmach, saoire mháithreachais nó atharthachta, seirbhís ghiúiré agus seirbhís mhíleata. Is in dhá chatagóir a roinntear teidlíocht i leith neamhláithreachtaí íoctha:

    (a)

    carnach; agus

    (b)

    neamhcharnach.

    15

    Is éard is neamhláithreachtaí íoctha carnacha ann iad siúd a thugtar ar aghaidh agus is féidir a úsáid i dtréimhsí amach anseo mura n-úsáidtear teidlíocht na tréimhse reatha ina hiomláine. D’fhéadfadh neamhláithreachtaí íoctha carnacha a bheith dílsithe (is é sin, go bhfuil fostaithe i dteideal íocaíochta in airgead tirim as teidlíocht gan úsáid ar fhágáil an eintitis dóibh) nó neamhdhílsithe (gan fostaithe a bheith i dteideal íocaíochta in airgead tirim as teidlíocht gan úsáid ar fhágáil dóibh). Tagann oibleagáid chun cinn mar a sholáthraíonn fostaithe seirbhís a mhéadaíonn ar a dteidlíocht i leith neamhláithreachtaí íoctha amach anseo. Is ann don oibleagáid, agus aithnítear í, fiú má tá na neamhláithreachtaí íoctha neamhdhílsithe, cé go n-imríonn an fhéidearthacht go n-imeoidh fostaithe sula n-úsáidfidh siad teidlíocht neamhdhílsithe charnach tionchar ar thomhas na hoibleagáide sin.

    16

    Tomhaisfidh eintiteas an costas ionchasach a bhaineann le neamhláithreachtaí íoctha carnacha mar an méid breise lena bhfuil coinne ag an eintiteas a íoc de thoradh teidlíochta gan úsáid a carnadh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    17

    Leis an modh a shonraítear sa mhír roimhe seo, tomhaistear an oibleagáid ar mhéid na n-íocaíochtaí breise a bhfuil coinne lena dteacht chun cinn de bharr go gcarnann an sochar agus dá bharr sin amháin. In go leor cásanna, d’fhéadfadh sé nár ghá d’eintiteas ríomhanna mionsonraithe a dhéanamh chun a mheas nach bhfuil aon oibleagáid ábhartha ann i leith neamhláithreachtaí íoctha gan úsáid. Is dócha, mar shampla, nach mbeidh oibleagáid i leith saoire bhreoiteachta ábhartha ach sa chás ina bhfuil tuiscint fhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil ann go bhféadfar saoire bhreoiteachta íoctha gan úsáid a thógáil mar shaoire bhliantúil íoctha.

    Sampla a léiríonn míreanna 16 agus 17

    Tá 100 fostaí ag eintiteas agus tá siad i dteideal 5 lá oibre de shaoire bhreoiteachta íoctha in aghaidh na bliana. Féadfar saoire bhreoiteachta gan úsáid a thabhairt ar aghaidh ar feadh 1 bhliain féilire amháin. Tógtar saoire bhreoiteachta as teidlíocht na bliana reatha ar dtús agus ansin as aon iarmhéid a thugtar ar aghaidh ón mbliain roimhe sin (bonn LIFO). 2 lá in aghaidh an fhostaí is ea an mheánteidlíocht gan úsáid an 31 Nollaig 20X1. Ar bhonn taithí a bhfuil coinne lena leanúint, tá coinne ag eintiteas leis go dtógfaidh 92 fhostaí méid nach mó ná 5 lá saoire breoiteachta in 20X2 agus go dtógfaidh an t-ochtar fostaithe eile 6.5 lá an duine.

    Tá coinne ag eintiteas leis go n-íocfaidh sé 12 lá bhreise d’íocaíocht bhreoiteachta de thoradh na teidlíochta gan úsáid a carnadh an 31 Nollaig 20X1 (1.5 lá an duine, i gcás ochtar fostaithe). Dá bhrí sin, aithníonn an t-eintiteas dliteanas atá cothrom le 12 lá íocaíochta breoiteachta.

    18

    Ní thugtar neamhláithreachtaí íoctha neamhcharnacha ar aghaidh: téann siad in éag mura n-úsáidtear teidlíocht na tréimhse reatha ina hiomláine agus ní bhíonn fostaithe i dteideal íocaíochta in airgead tirim dá mbarr as teidlíocht gan úsáid ar fhágáil an eintitis dóibh. Is amhlaidh an cás sin go coitianta maidir le híocaíocht bhreoiteachta (a mhéid nach méadaíonn teidlíocht nár úsáideadh roimhe seo ar theidlíocht amach anseo), saoire mháithreachais nó atharthachta agus neamhláithreachtaí íoctha le haghaidh seirbhís ghiúiré nó seirbhís mhíleata. Ní aithníonn eintiteas aon dliteanas ná aon speansas go dtí tráth na neamhláithreachta, toisc nach méadaíonn seirbhís an fhostaí méid an tsochair.

    Pleananna roinnte brabúis agus bónais

    19

    Aithneoidh eintiteas an costas ionchasach a ghabhann le híocaíochtaí roinnte brabúis agus bónais faoi mhír 11 i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    tá oibleagáid láithreach inchiallaithe nó dhlíthiúil ar an eintiteas íocaíochtaí den sórt sin a dhéanamh de thoradh teagmhas roimhe seo; agus

    (b)

    is féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar an oibleagáid.

    Is ann d’oibleagáid láithreach i gcás nach bhfuil aon mhalairt réalaíoch ag an eintiteas ach na híocaíochtaí a dhéanamh agus sa chás sin amháin.

    20

    Faoi roinnt pleananna roinnte brabúis, ní fhaigheann fostaithe sciar den bhrabús ach amháin má fhanann siad leis an eintiteas ar feadh tréimhse shonraithe. Cruthaítear oibleagáid inchiallaithe le pleananna den sórt sin, óir soláthraíonn fostaithe seirbhís a mhéadaíonn ar an méid atá le híoc leo má leanann siad den tseirbhís go dtí deireadh na tréimhse sonraithe. An tomhas ar oibleagáidí inchiallaithe den sórt sin, léiríonn sé go bhféadfadh roinnt fostaithe imeacht gan íocaíochtaí roinnte brabúis a fháil.

    Sampla a léiríonn mír 20

    Le plean roinnte brabúis, éilítear ar eintiteas cion sonraithe dá bhrabús don bhliain a íoc le fostaithe atá ar seirbhís ar feadh na bliana. Mura bhfágann aon fhostaí le linn na bliana, is é 3 faoin gcéad den bhrabús an méid iomlán íocaíochtaí roinnte brabúis a bheidh ann le haghaidh na bliana. Measann an t-eintiteas go dtiocfaidh laghdú ar na híocaíochtaí sin go 2.5 faoin gcéad den bhrabús mar gheall ar an ráta athraithe foirne.

    Aithníonn an t-eintiteas dliteanas agus speansas 2.5 faoin gcéad den bhrabús.

    21

    D’fhéadfadh sé nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ar eintiteas bónas a íoc. Mar sin féin, i roinnt cásanna, is é an cleachtas atá ag eintiteas bónais a íoc. Sna cásanna sin, tá oibleagáid inchiallaithe ar an eintiteas toisc nach bhfuil aon mhalairt réalaíoch ag an eintiteas ach an bónas a íoc. An tomhas ar an oibleagáid inchiallaithe, léiríonn sé go bhféadfadh roinnt fostaithe imeacht gan bónas a fháil.

    22

    Is féidir le heintiteas meastachán iontaofa a dhéanamh ar an oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe atá air faoi phlean roinnte brabúis nó bónais i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    tá foirmle i dtéarmaí foirmiúla an phlean chun méid an tsochair a chinneadh;

    (b)

    cinneann an t-eintiteas na méideanna atá le híoc sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint; nó

    (c)

    tá fianaise shoiléir ann mar gheall ar an gcleachtas roimhe seo ar mhéid na hoibleagáide inchiallaithe atá ar an eintiteas.

    23

    Is as seirbhís fostaí seachas idirbheart le húinéirí an eintitis a leanann oibleagáid faoi phleananna roinnte brabúis nó bónais. Dá bhrí sin, is mar speansas seachas mar dháileadh brabúis a aithníonn eintiteas an costas a ghabhann le pleananna roinnte brabúis nó bónais.

    24

    Mura bhfuil coinne leis go socrófar íocaíochtaí roinnte brabúis agus bónais go hiomlán roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar, is sochair fhadtréimhseacha eile fostaithe iad na híocaíochtaí sin (féach míreanna 153–158).

    Nochtadh

    25

    Cé nach n-éilítear leis an gCaighdeán seo nochtaí sonracha maidir le sochair ghearrthéarmacha fostaithe, d’fhéadfadh IFRSanna eile nochtaí a éileamh. Ceanglaítear le IAS 24, mar shampla, nochtaí maidir le sochair fostaithe le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta. Éilítear le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais nochtadh maidir le speansas sochar fostaithe.

    SOCHAIR IARFHOSTAÍOCHTA: IDIRDHEALÚ IDIR PLEANANNA RANNÍOCAÍOCHTAÍ SAINITHE AGUS PLEANANNA SOCHAR SAINITHE

    26

    Áirítear ítimí amhail na nithe seo a leanas le sochair iarfhostaíochta:

    (a)

    sochair scoir (e.g. pinsin agus íocaíochtaí cnapshuime ar scor); agus

    (b)

    sochair iarfhostaíochta eile, amhail árachas saoil iarfhostaíochta agus cúram leighis iarfhostaíochta.

    Is pleananna sochair iarfhostaíochta iad socruithe lena soláthraíonn eintiteas sochair iarfhostaíochta. Cuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le gach socrú den sórt sin, cé acu atá nó nach bhfuil bunú eintitis ar leithligh i gceist leo chun ranníocaíochtaí a fháil agus sochair a íoc.

    27

    Aicmítear pleananna sochair iarfhostaíochta mar phleananna ranníocaíochtaí sainithe nó mar phleananna sochar sainithe, ag brath ar shubstaint eacnamaíoch an phlean mar a dhíorthaítear óna phríomhthéarmaí agus coinníollacha í.

    28

    Faoi phleananna ranníocaíochtaí sainithe, tá oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe an eintitis teoranta don mhéid a chomhaontaíonn sé a ranníoc leis an gciste. Dá réir sin, is é an méid ranníocaíochtaí a íocann eintiteas (agus fostaí freisin, b’fhéidir) le plean sochair iarfhostaíochta nó le cuideachta árachais, in éineacht le torthaí infheistíochta a eascraíonn as na ranníocaíochtaí sin, a chinneann méid na sochar iarfhostaíochta a fhaigheann an fostaí. Dá thoradh sin, is ar an bhfostaí atá an riosca achtúireach (nach mbeidh sochair chomh mór agus a bhfuil coinne leis) agus an riosca infheistíochta (nach mbeidh sócmhainní infheistithe leordhóthanach chun na sochair a bhfuil coinne leo a chomhlíonadh) go substaintiúil.

    29

    Níl oibleagáid eintitis teoranta don mhéid a chomhaontaíonn sé a ranníoc leis an gciste i gcásanna ina bhfuil, mar shampla, oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe ar an eintiteas trí cheann de nithe seo a leanas:

    (a)

    foirmle sochair plean nach bhfuil nasctha go heisiach leis an méid ranníocaíochtaí agus lena n-éilítear ar an eintiteas ranníocaíochtaí breise a sholáthar mura bhfuil sócmhainní leordhóthanach chun na sochair i bhfoirmle sochair an phlean a chomhlíonadh;

    (b)

    ráthaíocht, bíodh sí indíreach nó díreach trí phlean, go mbeidh toradh sonraithe ann ar ranníocaíochtaí; nó

    (c)

    na cleachtais neamhfhoirmiúla sin as a n-eascraíonn oibleagáid inchiallaithe. D’fhéadfadh oibleagáid inchiallaithe teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina bhfuil stair ag eintiteas de bheith ag méadú sochar le haghaidh iarfhostaithe chun coinneáil suas leis an mboilsciú fiú i gcás nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil air sin a dhéanamh.

    30

    Faoi phleananna sochar sainithe:

    (a)

    is é oibleagáid an eintitis é na sochair chomhaontaithe a sholáthar d’fhostaithe reatha agus d’iarfhostaithe; agus

    (b)

    is ar an bhfostaí atá an riosca achtúireach (go gcosnóidh sochair níos mó ná a bhfuil coinne leis) agus an riosca infheistíochta go substaintiúil. Má bhíonn taithí achtúireach nó infheistíochta níos measa ná a bhfuil coinne leis, féadfar oibleagáid an eintitis a mhéadú.

    31

    Mínítear an t-idirdhealú i míreanna 32–49 idir pleananna ranníocaíochtaí sainithe agus pleananna sochar sainithe i gcomhthéacs pleananna ilfhostóirí, pleananna sochar sainithe a roinneann rioscaí idir eintitis faoi rialú comhchoiteann, pleananna stáit agus sochar árachaithe.

    Pleananna ilfhostóirí

    32

    Is faoi théarmaí an phlean a aicmeoidh eintiteas plean ilfhostóirí mar phlean ranníocaíochtaí sainithe nó mar phlean sochair shainithe (lena n-áirítear aon oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí foirmiúla).

    33

    Seachas i gcás inarb infheidhme mír 34, má bhíonn eintiteas rannpháirteach i bplean sochair shainithe ilfhostóirí:

    (a)

    déanfaidh sé cuntasaíocht ar a sciar cionmhar den oibleagáid sochar sainithe, de shócmhainní plean agus den chostas atá bainteach leis an bplean ar an mbealach céanna a dhéantar cuntasaíocht ar aon phlean sochair shainithe; agus

    (b)

    nochtfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear le míreanna 135–148 (cé is moite de mhír 148(d)).

    34

    Nuair nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil chun cuntasaíocht sochair shainithe a úsáid le haghaidh plean sochair shainithe ilfhostóirí:

    (a)

    déanfaidh eintiteas cuntasaíocht ar an bplean i gcomhréir le míreanna 51 agus 52 amhail is dá mba phlean ranníocaíochtaí sainithe é; agus

    (b)

    sonróidh eintiteas an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 148.

    35

    Sampla amháin de phlean sochair shainithe ilfhostóirí is ea ceann inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    maoinítear an plean ar bhonn ‘íoc mar a úsáidtear’: socraítear ranníocaíochtaí ar leibhéal a bhfuil coinne leis a bheith leordhóthanach chun na sochair uile a bheidh dlite sa tréimhse chéanna sin a íoc; agus is ó ranníocaíochtaí amach anseo a íocfar sochair amach anseo a thuilltear le linn na tréimhse reatha; agus

    (b)

    déantar sochair fostaithe a chinneadh de réir fhad a seirbhíse agus níl aon bhealach réalaíoch ag na heintitis rannpháirteacha tarraingt siar ón bplean gan ranníocaíocht a íoc i gcomhair na sochar arna dtuilleamh ag na fostaithe suas go dtí an dáta tarraingthe siar. Cruthaíonn plean den sórt sin riosca achtúireach don eintiteas: má bhíonn costas deiridh na sochar arna dtuilleamh cheana ag deireadh na tréimhse tuairiscithe níos mó ná an costas a bhfuil coinne leis, beidh ar an eintiteas a ranníocaíochtaí a mhéadú nó a chur ina luí ar fhostaithe glacadh le laghdú ar shochair. Dá bhrí sin, is plean sochair shainithe é plean den sórt sin.

    36

    I gcás ina bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le plean sochair shainithe ilfhostóirí, déanann eintiteas cuntasaíocht ar a sciar cionmhar den oibleagáid sochar sainithe, de shócmhainní plean agus den chostas iarfhostaíochta atá bainteach leis an bplean ar an mbealach céanna a dhéantar cuntasaíocht ar aon phlean sochair shainithe eile. D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh eintiteas in ann a sciar de staid airgeadais fholuiteach agus d’fheidhmíocht an phlean a shainaithint ar bhealach a bheadh iontaofa go leordhóthanach chun críocha cuntasaíochta. D’fhéadfadh sé sin tarlú más amhlaidh:

    (a)

    go ndéanann an plean na heintitis rannpháirteacha a nochtadh do rioscaí atá bainteach le fostaithe reatha agus le hiarfhostaithe eintiteas eile, agus go bhfágann sin nach bhfuil aon bhonn comhsheasmhach iontaofa ann chun an oibleagáid, sócmhainní an phlean ná an costas ar eintitis aonair atá rannpháirteach sa phlean a dháileadh; nó

    (b)

    nach bhfuil rochtain ag an eintiteas ar fhaisnéis leordhóthanach faoin bplean chun ceanglais an Chaighdeáin seo a chomhlíonadh.

    Sna cásanna sin, déanann eintiteas cuntasaíocht ar an bplean amhail is dá mba phlean ranníocaíochtaí sainithe é agus nochtann sé an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 148.

    37

    D’fhéadfadh comhaontú conarthach a bheith ann idir an plean ilfhostóirí agus a rannpháirtithe lena gcinntear conas a dháilfear an barrachas sa phlean ar a rannpháirtithe (nó conas a chisteofar an t-easnamh). Rannpháirtí i bplean ilfhostóirí ina bhfuil comhaontú den sórt sin a dhéanann cuntasaíocht ar an bplean mar phlean ranníocaíochtaí sainithe i gcomhréir le mír 34, is i mbrabús nó i gcaillteanas a aithneoidh sé an tsócmhainn nó an dliteanas a eascraíonn as an gcomhaontú conarthach agus an t-ioncam nó an speansas atá mar thoradh air.

    Sampla a léiríonn mír 37

    Tá eintiteas rannpháirteach i bplean sochair shainithe ilfhostóirí nach n-ullmhaíonn luachálacha plean ar bhonn IAS 19. Dá bhrí sin, déanann sé cuntasaíocht ar an bplean amhail is dá mba phlean ranníocaíochtaí sainithe é. Léirítear le luacháil cistiúcháin neamh-IAS 19 go bhfuil easnamh AA100 milliún (8) sa phlean. Sa phlean, rinneadh sceideal ranníocaíochtaí a chomhaontú faoi chonradh leis na fostóirí atá rannpháirteach sa phlean a chuirfidh deireadh leis an easnamh in imeacht na 5 bliana seo chugainn. Is é AA8 milliún méid iomlán ranníocaíochtaí an eintitis faoin gconradh.

    Aithníonn an t-eintiteas dliteanas i leith na ranníocaíochtaí arna gcoigeartú ó thaobh amluach airgid agus speansas cothrom i mbrabús nó i gcaillteanas.

    38

    Ní hionann pleananna ilfhostóirí agus pleananna grúpriartha. Níl i bplean grúpriartha ach comhiomlánú de phleananna aonfhostóra a chuirtear le chéile chun go mbeidh fostóirí rannpháirteacha in ann a gcuid sócmhainní a chomhthiomsú chun críoch infheistíochta agus a gcostais bhainistíochta agus riaracháin a laghdú, ach déantar éilimh na bhfostóirí éagsúla a dheighilt ó chéile ar mhaithe lena bhfostaithe féin agus leosan amháin. Ní bhaineann aon fhadhb chuntasaíochta ar leith le pleananna grúpriartha toisc go bhfuil faisnéis ar fáil go héasca chun an cur chuige céanna a ghlacadh ina leith agus a ghlactar i leith aon phlean aonfhostóra eile agus toisc nach ndéanann pleananna den sórt sin na heintitis rannpháirteacha a nochtadh do rioscaí achtúireacha atá bainteach le fostaithe reatha agus le hiarfhostaithe eintiteas eile. Leis na sainmhínithe sa Chaighdeán seo, éilítear ar eintiteas plean grúpriartha a aicmiú mar phlean ranníocaíochtaí sainithe nó mar phlean sochair shainithe i gcomhréir le téarmaí an phlean (lena n-áirítear aon oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí foirmiúla).

    39

    Chun a chinneadh cén uair a aithnítear, agus conas a thomhaistear, dliteanas a bhaineann le díscaoileadh plean sochair shainithe ilfhostóirí, nó le tarraingt siar an eintitis ó phlean sochair shainithe ilfhostóirí, cuirfidh eintiteas IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha i bhfeidhm.

    Pleananna sochar sainithe a roinneann rioscaí idir eintitis faoi rialú comhchoiteann

    40

    Ní pleananna ilfhostóirí iad pleananna sochar sainithe a roinneann rioscaí idir eintitis faoi rialú comhchoiteann, amhail máthairchuideachta agus a fochuideachtaí.

    41

    Gheobhaidh eintiteas atá rannpháirteach i bplean den sórt sin faisnéis maidir leis an bplean ina iomláine arna thomhas i gcomhréir leis an gCaighdeán seo ar bhonn toimhdí is infheidhme maidir leis an bplean ina iomláine. Má tá comhaontú conarthach ann nó beartas luaite lena ndéantar an glanchostas sochair shainithe le haghaidh an phlean ina iomláine arna thomhas i gcomhréir leis an gCaighdeán seo a mhuirearú ar ghrúpeintitis aonair, aithneoidh an t-eintiteas, ina ráitis airgeadais ar leithligh nó ina ráitis airgeadais aonair, an glanchostas sochair shainithe sin arna mhuirearú amhlaidh. Mura bhfuil aon chomhaontú nó aon bheartas den sórt sin ann, aithneofar an glanchostas sochair shainithe i ráitis airgeadais ar leithligh nó i ráitis airgeadais aonair an ghrúpeintitis arb é fostóir urraíochta an phlean é de réir dlí. Aithneoidh na grúpeintitis eile, ina ráitis airgeadais ar leithligh nó ina ráitis airgeadais aonair, costas atá cothrom leis an ranníocaíocht is iníoctha acu le haghaidh na tréimhse.

    42

    Idirbheart páirtithe gaolmhara is ea rannpháirtíocht i bplean den sórt sin i gcás gach grúpeintitis aonair. Dá bhrí sin, ina ráitis airgeadais ar leithligh nó ina ráitis airgeadais aonair, nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 149.

    Pleananna stáit

    43

    Déanfaidh eintiteas cuntasaíocht ar phlean stáit ar an mbealach céanna a ndéantar cuntasaíocht ar phlean ilfhostóirí (féach míreanna 32–39).

    44

    Is le reachtaíocht a bhunaítear pleananna stáit chun gach eintiteas (nó gach eintiteas i gcatagóir áirithe, mar shampla i dtionscal sonrach) a chumhdach agus is é rialtas náisiúnta nó áitiúil nó comhlacht eile a fheidhmíonn iad (gníomhaireacht neamhspleách arna cruthú go sonrach chun na críche sin, mar shampla) nach bhfuil faoi réir rialú ná tionchar an eintitis tuairiscithe. Roinnt pleananna arna mbunú ag eintiteas, soláthraítear leo sochair éigeantacha, in ionad sochar a chumhdófaí faoi phlean stáit ina mhalairt de chás, agus sochair dheonacha bhreise araon. Ní pleananna stáit iad pleananna den sórt sin.

    45

    Is saintréithe de phleananna stáit é go sainítear mar phleananna sochar sainithe nó mar phleananna ranníocaíochtaí sainithe iad, ag brath ar oibleagáid an eintitis faoin bplean. Is iomaí plean stáit a chistítear ar bhonn ‘íoc mar a úsáidtear’: socraítear ranníocaíochtaí ar leibhéal a bhfuil coinne leis a bheith leordhóthanach chun na sochair uile a éilítear a bheidh dlite sa tréimhse chéanna sin a íoc; is ó ranníocaíochtaí amach anseo a íocfar sochair amach anseo a thuilltear le linn na tréimhse reatha. Mar sin féin, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ná oibleagáid inchiallaithe ar an eintiteas faoin gcuid is mó de phleananna stáit na sochair sin amach anseo a íoc: níl d’oibleagáid air ach na ranníocaíochtaí a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite agus má scoireann an t-eintiteas de bheith ag fostú comhaltaí de chuid an phlean stáit, ní bheidh aon oibleagáid air na sochair a thuill a chuid fostaithe féin sna blianta roimhe sin a íoc. Ar an gcúis sin, is pleananna ranníocaíochtaí sainithe de ghnáth iad pleananna stáit. Nuair is plean sochair shainithe é plean stáit, áfach, cuireann eintiteas míreanna 32–39 i bhfeidhm.

    Sochair árachaithe

    46

    Féadfaidh eintiteas préimheanna árachais a íoc chun plean sochair iarfhostaíochta a mhaoiniú. Is mar phlean ranníocaíochtaí sainithe a dhéileálfaidh eintiteas le plean den sórt sin ach amháin má bhíonn oibleagáid dhlíthiúil nó oibleagáid inchiallaithe ar an eintiteas (go díreach, nó go hindíreach tríd an bplean) ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na sochair fostaithe a íoc go díreach nuair a thagann siad chun bheith dlite; nó

    (b)

    méideanna breise a íoc mura n-íocann an fostóir na sochair fostaithe uile amach anseo a bhaineann le seirbhís fostaithe sa tréimhse reatha agus i réamhthréimhsí.

    Is mar phlean sochair shainithe a dhéileálfaidh an t-eintiteas leis an bplean má choinníonn an t-eintiteas oibleagáid dhlíthiúil nó oibleagáid inchiallaithe den sórt sin.

    47

    Ní gá caidreamh díreach nó uathoibríoch a bheith idir na sochair a árachaítear faoi pholasaí árachais agus oibleagáid an eintitis i leith sochair fostaithe. Tá pleananna sochair iarfhostaíochta a mbaineann polasaithe árachais leo faoi réir an idirdhealaithe chéanna idir cuntasaíocht agus cistiúchán agus a dhéantar i gcás pleananna cistithe eile.

    48

    I gcás ina maoiníonn eintiteas oibleagáid sochair iarfhostaíochta trí bheith ag ranníoc le polasaí árachais faoina gcoinníonn an t-eintiteas (go díreach, nó go hindíreach tríd an bplean, tríd an sásra chun préimheanna amach anseo a shocrú nó trí chaidreamh páirtithe gaolmhara leis an árachóir) oibleagáid dhlíthiúil nó oibleagáid inchiallaithe, ní socrú ranníocaíochtaí sainithe é íoc na bpréimheanna. Fágann sé go ndéanann an t-eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    cuntasaíocht ar pholasaí cáilitheach árachais mar shócmhainn de chuid an phlean (féach mír 8); agus

    (b)

    aitheantas a thabhairt do pholasaithe árachais eile mar chearta aisíocaíochta (má chomhlíonann na polasaithe an critéar i mír 116).

    49

    I gcás ina bhfuil polasaí árachais faoi ainm rannpháirtí shonraithe sa phlean nó faoi ainm grúpa rannpháirtithe sa phlean agus nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ná oibleagáid inchiallaithe ar an eintiteas aon chaillteanas ar an bpolasaí a chumhdach, níl aon oibleagáid ar an eintiteas sochair a íoc leis na fostaithe agus is é an t-árachóir go heisiach atá freagrach as na sochair a íoc. Is éard atá in íoc préimheanna seasta faoi chonarthaí den sórt sin socraíocht na hoibleagáide i leith sochair fostaithe seachas infheistíocht chun an oibleagáid a chomhlíonadh. Dá thoradh sin, níl sócmhainn ná dliteanas ag an eintiteas a thuilleadh. Dá bhrí sin, is mar ranníocaíochtaí le plean ranníocaíochtaí sainithe a dhéileálann eintiteas le híocaíochtaí den sórt sin.

    SOCHAIR IARFHOSTAÍOCHTA: PLEANANNA RANNÍOCAÍOCHTAÍ SAINITHE

    50

    Tá sé simplí cuntasaíocht a dhéanamh ar phleananna ranníocaíochtaí sainithe toisc gurb iad na méideanna atá le ranníoc le haghaidh gach tréimhse a chinneann oibleagáid an eintitis tuairiscithe i leith na tréimhse sin. Dá thoradh sin, ní éilítear toimhdí achtúireacha chun an oibleagáid ná an speansas a thomhas agus ní féidir aon ghnóthachan ná aon chaillteanas achtúireach a bheith ann. Thairis sin, tomhaistear na hoibleagáidí ar bhonn neamhlascainithe, seachas i gcás nach bhfuil coinne leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar.

    Aitheantas agus tomhas

    51

    Nuair a sholáthraíonn fostaí seirbhís d’eintiteas le linn tréimhse, aithneoidh an t-eintiteas an ranníocaíocht is iníoctha le plean ranníocaíochtaí sainithe mar mhalairt ar an tseirbhís sin:

    (a)

    mar dhliteanas (speansas fabhraithe), tar éis aon ranníocaíocht a íocadh cheana a asbhaint. Má tá an ranníocaíocht a íocadh cheana níos mó ná an ranníocaíocht atá dlite le haghaidh seirbhíse roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe, aithneoidh eintiteas an méid farasbairr sin mar shócmhainn (speansas réamhíoctha) a mhéid a bheidh laghdú ar íocaíochtaí amach anseo nó aisíocaíocht airgid thirim, mar shampla, mar thoradh ar an réamhíocaíocht.

    (b)

    mar speansas, ach amháin má éilítear nó má cheadaítear le IFRS eile go n-áireofaí an ranníocaíocht i gcostas sócmhainne (féach mar shampla IAS 2 agus IAS 16).

    52

    Nuair nach bhfuil coinne leis go socrófar ranníocaíochtaí le plean ranníocaíochtaí sainithe go hiomlán roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar, lascaineofar iad ag úsáid an ráta lascaine a shonraítear i mír 83.

    Nochtadh

    53

    Nochtfaidh eintiteas an méid a aithnítear mar speansas le haghaidh pleananna ranníocaíochtaí sainithe.

    54

    I gcás ina n-éilítear le IAS 24 é, nochtann eintiteas faisnéis maidir le ranníocaíochtaí le pleananna ranníocaíochtaí sainithe le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta.

    SOCHAIR IARFHOSTAÍOCHTA: PLEANANNA SOCHAR SAINITHE

    55

    Tá sé casta cuntasaíocht a dhéanamh ar phleananna sochar sainithe toisc go bhfuil gá le toimhdí achtúireacha chun an oibleagáid agus an speansas a thomhas agus gur féidir go mbeidh gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ann. Thairis sin, is ar bhonn neamhlascainithe a thomhaistear na hoibleagáidí toisc go bhféadfaí iad a shocrú blianta fada tar éis do na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar a sholáthar.

    Aitheantas agus tomhas

    56

    D’fhéadfadh pleananna sochar sainithe a bheith neamhchistithe, nó d’fhéadfaidís a bheith cistithe go hiomlán nó go páirteach ag ranníocaíochtaí a dhéanann eintiteas, agus a chuid fostaithe uaireanta, le heintiteas, nó le ciste, a sheasann ar leithligh go dlíthiúil ón eintiteas tuairiscithe agus a n-íoctar sochair fostaithe as. Sochair chistithe a íoc nuair a thagann siad chun bheith dlite, is rud é sin a bhraitheann ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht infheistíochta an chiste, agus ar chumas agus ar thoilteanas eintitis aon easnamh i sócmhainní an chiste a shlánú. Dá bhrí sin, go substaintiúil, tá an t-eintiteas ag frithghealladh na rioscaí achtúireacha agus infheistíochta atá bainteach leis an bplean. Dá thoradh sin, ní gá gurb é an speansas a aithnítear le haghaidh plean sochair shainithe méid na ranníocaíochta atá dlite le haghaidh na tréimhse.

    57

    Áirítear na céimeanna seo a leanas leis an gcuntasaíocht a dhéanann eintiteas ar phleananna sochar sainithe:

    (a)

    an t-easnamh nó an barrachas a chinneadh. Áirítear leis sin:

    (i)

    teicníc achtúireach a úsáid, is é sin modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa, chun meastachán iontaofa a dhéanamh ar an gcostas deiridh don eintiteas a bhaineann leis an sochar atá tuillte ag fostaithe mar mhalairt ar a seirbhís sa tréimhse reatha agus i réamhthréimhsí (féach míreanna 67–69). Leis sin, éilítear ar eintiteas an méid sochair atá inchurtha i leith na tréimhse reatha agus réamhthréimhsí a chinneadh (féach míreanna 70–74) agus meastacháin (toimhdí achtúireacha) a dhéanamh ar athróga déimeagrafacha (amhail ráta athraithe fostaithe agus mortlaíocht) agus ar athróga airgeadais (amhail méaduithe amach anseo ar thuarastail agus ar chostais leighis) a dhéanfaidh difear do chostas an tsochair (féach míreanna 75–98).

    (ii)

    an sochar sin a lascainiú chun luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe agus costas na seirbhíse reatha a chinneadh (féach míreanna 67–69 agus 83–86).

    (iii)

    luach cóir aon sócmhainn phlean (féach míreanna 113–115) a asbhaint ó luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe.

    (b)

    méid an ghlandliteanais sochair shainithe (sócmhainn) a chinneadh mar an méid barrachais nó easnaimh arna chinneadh in (a), arna choigeartú ó thaobh aon iarmhairt a bhaineann le glansócmhainn sochair shainithe a theorannú chuig uasteorainn na sócmhainne (féach mír 64).

    (c)

    méideanna atá le haithint i mbrabús nó i gcaillteanas a chinneadh:

    (i)

    costas na seirbhíse reatha (féach míreanna 70–74 agus mír 122A).

    (ii)

    costas aon seirbhís roimhe seo agus gnóthachan nó caillteanas ar shocraíocht (féach míreanna 99–112).

    (iii)

    ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach míreanna 123–126).

    (d)

    atomhais an ghlandliteanais sochair shainithe (sócmhainn) atá le haithint in ioncam cuimsitheach eile a chinneadh, lena gcuimsítear:

    (i)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha (féach míreanna 128 agus 129);

    (ii)

    an toradh ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach mír 130) a chur san áireamh; agus

    (iii)

    aon athrú ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne (féach mír 64), gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a chur san áireamh.

    I gcás ina bhfuil níos mó ná aon phlean sochair shainithe amháin ag eintiteas, cuireann an t-eintiteas na nósanna imeachta sin i bhfeidhm maidir le gach plean ábhartha ar leithligh.

    58

    Déanfaidh eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a chinneadh sách tráthrialta chun nach mbeidh difríocht ábhartha idir na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais agus na méideanna a chinnfí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    59

    Moltar leis an gCaighdeán, ach ní cheanglaítear leis, go mbainfidh eintiteas leas as achtúire cáilithe chun na hoibleagáidí sochair iarfhostaíochta uile atá ábhartha a thomhas. Ar chúiseanna praiticiúla, féadfaidh eintiteas a iarraidh ar achtúire cáilithe luacháil mhionsonraithe a dhéanamh ar an oibleagáid roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe. Mar sin féin, tugtar torthaí na luachála sin cothrom le dáta i gcás aon idirbheart ábhartha agus aon athrú ábhartha eile ar imthosca (lena n-áirítear athruithe ar mhargadhphraghsanna agus ar rátaí úis) suas go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    60

    I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go soláthróidh meastacháin, meánluachanna agus aicearraí ríomhaireachtúla neastachán iontaofa ar na ríomhanna mionsonraithe a léirítear sa Chaighdeán seo.

    Cuntasaíocht a dhéanamh ar an oibleagáid inchiallaithe

    61

    Déanfaidh eintiteas cuntasaíocht ar a oibleagáid dhlíthiúil faoi théarmaí foirmiúla plean sochair shainithe agus ar aon oibleagáid inchiallaithe a eascraíonn as cleachtais neamhfhoirmiúla an eintitis chomh maith. Eascraíonn oibleagáid inchiallaithe as cleachtais neamhfhoirmiúla i gcás nach bhfuil aon mhalairt réalaíoch ag an eintiteas ach sochair fostaithe a íoc. Is sampla d’oibleagáid inchiallaithe é cás ina bhfágfadh athrú ar chleachtais neamhfhoirmiúla eintitis go ndéanfaí damáiste doghlactha dá chaidreamh le fostaithe.

    62

    D’fhéadfadh téarmaí foirmiúla plean sochair shainithe a cheadú d’eintiteas a oibleagáid faoin bplean a fhoirceannadh. Mar sin féin, de ghnáth, is deacair d’eintiteas a oibleagáid faoin bplean a fhoirceannadh (gan íoc) má tá fostaithe le coinneáil. Dá bhrí sin, in éagmais fianaise dá mhalairt, glactar leis sa chuntasaíocht ar shochair iarfhostaíochta go leanfaidh eintiteas atá ag gealladh sochair den sórt sin faoi láthair de bheith á ngealladh ar feadh a bhfuil fágtha de shaol oibre na bhfostaithe.

    Ráiteas ar an Staid Airgeadais

    63

    Aithneoidh eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) sa ráiteas staide airgeadais.

    64

    Nuair a bhíonn barrachas ag eintiteas i bplean sochair shainithe, tomhaisfidh sé an ghlansócmhainn sochair shainithe ar an gceann is ísle díobh seo a leanas:

    (a)

    an barrachas sa phlean sochair shainithe; agus

    (b)

    uasteorainn na sócmhainne, arna cinneadh ag úsáid an ráta lascaine a shonraítear i mír 83.

    65

    D’fhéadfadh glansócmhainn sochair shainithe teacht chun cinn i gcás ina róchistítear plean sochair shainithe nó i gcás ina dtagann gnóthachain achtúireacha chun cinn. Aithníonn eintiteas glansócmhainn sochair shainithe i gcásanna den sórt sin mar gheall ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    rialaíonn an t-eintiteas acmhainn, arb é an cumas úsáid a bhaint as an mbarrachas chun sochair a ghiniúint amach anseo;

    (b)

    tá an rialú sin mar thoradh ar theagmhais roimhe seo (ranníocaíochtaí arna n-íoc ag an eintiteas agus seirbhís arna soláthar ag an bhfostaí); agus

    (c)

    tá tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo ar fáil don eintiteas i bhfoirm laghdaithe ar ranníocaíochtaí amach anseo nó i bhfoirm aisíocaíochta in airgead tirim, go díreach nó go hindíreach chuig plean eile a bhfuil easnamh ann. Is é an uasteorainn sócmhainne luach láithreach na dtairbhí sin a bheidh ann amach anseo.

    Aithint agus tomhas: luach láithreach oibleagáidí sochar sainithe agus costas na seirbhíse reatha

    66

    Is iomaí athróg, amhail tuarastail deiridh, ráta athraithe fostaithe agus mortlaíocht, ranníocaíochtaí fostaithe agus treochtaí costais leighis, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chostas deiridh plean sochair shainithe. Tá costas deiridh an phlean éiginnte, agus is dócha go mairfidh an éiginnteacht sin ar feadh i bhfad. Chun luach láithreach na n-oibleagáidí sochar sainithe agus costas gaolmhar na seirbhíse reatha a thomhas, is gá:

    (a)

    modh luachála achtúirí a chur i bhfeidhm (féach míreanna 67–69);

    (b)

    sochair a chur i leith tréimhsí seirbhíse (féach míreanna 70–74); agus

    (c)

    toimhdí achtúireacha a dhéanamh (féach míreanna 75–98).

    Modh luachála achtúirí

    67

    Úsáidfidh eintiteas modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa chun luach láithreach a oibleagáidí sochar sainithe agus costas gaolmhar na seirbhíse reatha agus, i gcás inarb infheidhme, costas seirbhíse roimhe seo a chinneadh.

    68

    I modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa (dá ngairtear uaireanta an modh sochar fabhraithe arna ríomh pro rata de réir seirbhíse nó an modh sochair/blianta seirbhíse) meastar go dtagann aonad breise teidlíochta sochair chun cinn i ngach tréimhse seirbhíse (féach míreanna 70–74) agus tomhaistear gach aonad ar leithligh chun an oibleagáid deiridh a thiomsú (féach míreanna 75–98).

    Sampla a léiríonn mír 68

    Tá sochar cnapshuime iníoctha ar fhoirceannadh seirbhíse atá cothrom le 1 faoin gcéad den tuarastal deiridh le haghaidh gach bliana seirbhíse. Is é AA10 000 an tuarastal sa chéad bhliain agus glactar leis go dtiocfaidh méadú 7 faoin gcéad air (iolraithe) gach bliain. Is é 10 faoin gcéad in aghaidh na bliana an ráta lascaine a úsáidtear. Léirítear sa tábla seo a leanas conas a thiomsaítear an oibleagáid le haghaidh fostaí a bhfuil coinne leis go n-imeoidh sé ag deireadh bhliain 5, á ghlacadh leis nár tháinig aon athrú ar thoimhdí achtúireacha. Ar mhaithe leis an tsimplíocht, déantar neamhaird sa sampla seo den choigeartú breise ba ghá chun léiriú a thabhairt ar an dóchúlacht go bhféadfadh an fostaí imeacht ón eintiteas ar dháta níos túisce nó níos déanaí ná sin.

    Bliain

    1

    2

    3

    4

    5

     

    CU

    CU

    CU

    CU

    CU

    Sochar arna chur i leith:

     

     

     

     

     

    blianta roimhe seo

    0

    131

    262

    393

    524

    an bhliain reatha (1 % den tuarastal deiridh)

    131

    131

    131

    131

    131

    an bhliain reatha agus blianta roimhe seo

    131

    262

    393

    524

    655

    Oibleagáid tosaigh

    89

    196

    324

    476

    Ús 10 %

    9

    20

    33

    48

    Costas seirbhíse reatha

    89

    98

    108

    119

    131

    Oibleagáid deiridh

    89

    196

    324

    476

    655

    Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:

    1

    Is éard is oibleagáid tosaigh ann luach láithreach an tsochair a chuirtear i leith blianta roimhe seo.

    2

    Is éard is costas na seirbhíse reatha ann luach láithreach an tsochair a chuirtear i leith na bliana reatha.

    3

    Is éard is oibleagáid deiridh ann luach láithreach an tsochair a chuirtear i leith na bliana reatha agus blianta roimhe seo.

    69

    Lascainíonn eintiteas an oibleagáid sochair iarfhostaíochta ina hiomláine, fiú má tá coinne leis go socrófar cuid den oibleagáid roimh 12 mhí tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    Sochar a chur i leith tréimhsí seirbhíse

    70

    Agus luach reatha a oibleagáidí sochar sainithe agus costas gaolmhar na seirbhíse reatha agus, i gcás inarb infheidhme, costas seirbhíse roimhe seo á gcinneadh aige, déanfaidh eintiteas sochar a chur i leith tréimhsí seirbhíse de réir fhoirmle sochair an phlean. Más rud é, áfach, go bhfágfaidh seirbhís fostaí sna blianta níos déanaí go mbeidh leibhéal sochair ann a bheidh níos airde go hábhartha ná an leibhéal a bhí ann sna luathbhlianta, cuirfidh eintiteas sochar i leith na seirbhíse sin ar bhonn líne dírí:

    (a)

    ón dáta a leanfaidh sochair faoin bplean den chéad uair as seirbhís an fhostaí (bíodh na sochair sin coinníollach ar sheirbhís bhreise nó ná bíodh) go dtí

    (b)

    an dáta nach leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise faoin bplean as seirbhís bhreise an fhostaí, seachas ó mhéaduithe breise tuarastail.

    71

    Le modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa, éilítear ar eintiteas sochar a chur i leith na tréimhse reatha (chun costas na seirbhíse reatha a chinneadh) agus i leith na tréimhse reatha agus réamhthréimhsí (chun luach láithreach oibleagáidí sochar sainithe a chinneadh). Cuireann eintiteas sochar i leith tréimhsí ina dtagann an oibleagáid chun sochair iarfhostaíochta a sholáthar chun cinn. Tagann an oibleagáid sin chun cinn de réir mar a sholáthraíonn fostaithe seirbhísí mar mhalairt ar shochair iarfhostaíochta a bhfuil coinne ag eintiteas lena n-íoc i dtréimhsí tuairiscithe amach anseo. Tugann teicnící achtúireacha caoi d’eintiteas an oibleagáid sin a thomhas le leordhóthain iontaofachta chun údar maith a thabhairt le haitheantas dliteanais.

    Samplaí a léiríonn mír 71

    1

    Soláthraíonn plean sochair shainithe sochar cnapshuime AA100 atá iníoctha ar scor le haghaidh gach bliana seirbhíse.

    Cuirtear sochar AA100 i leith gach bliana. Is é costas na seirbhíse reatha an luach láithreach AA100. Is é luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe an luach láithreach AA100, arna iolrú faoin líon blianta seirbhíse suas go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    Má tá an sochar iníoctha láithreach ar imeacht an fhostaí ón eintiteas, léiríonn costas na seirbhíse reatha agus luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe an dáta a bhfuil coinne le himeacht an fhostaí. Dá réir sin, de bharr na hiarmharta lascainithe, is lú iad ná na méideanna a chinnfí dá n-imeodh an fostaí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    2

    Soláthraíonn plean pinsean míosúil 0.2 faoin gcéad den tuarastal deiridh le haghaidh gach bliana seirbhíse. Tá an pinsean iníoctha ag 65 bliana d’aois ar aghaidh.

    Sochar atá cothrom le luach láithreach (ar an dáta ionchasach scoir) pinsin mhíosúil 0.2 faoin gcéad den tuarastal deiridh measta is iníoctha ón dáta ionchasach scoir go dtí an dáta ionchasach báis, cuirtear sin i leith gach bliana seirbhíse. Is é costas na seirbhíse reatha luach láithreach an tsochair sin. Is é luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe luach láithreach íocaíochtaí míosúla pinsin 0.2 faoin gcéad den tuarastal deiridh, arna iolrú faoin líon blianta seirbhíse suas go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe. Tá costas na seirbhíse reatha agus luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe lascainithe toisc go dtosaíonn íocaíochtaí pinsin ag 65 bliana d’aois.

    72

    Eascraíonn oibleagáid faoi phlean sochair shainithe as seirbhís fostaí fiú má tá na sochair coinníollach ar fhostaíocht amach anseo (mura bhfuil na sochair dílsithe, lena chur i bhfocail eile). Eascraíonn oibleagáid inchiallaithe as seirbhís fostaí a thosaíonn roimh an dáta dílsithe óir, ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe as a chéile, laghdaítear ar mhéid na seirbhíse a bheidh ar fhostaí a sholáthar amach anseo sula mbeidh sé i dteideal an tsochair. Agus a oibleagáid sochar sainithe á tomhas aige, breithníonn eintiteas an dóchúlacht nach gcomhlíonfadh roinnt fostaithe aon cheann de na ceanglais dílsithe. Ar an gcuma chéanna, cé nach dtagann roinnt sochair iarfhostaíochta, amhail sochair leighis iarfhostaíochta, chun bheith iníoctha ach amháin má tharlaíonn teagmhas sonraithe nuair nach bhfuil fostaí fós fostaithe, cruthaítear oibleagáid nuair a sholáthraíonn an fostaí seirbhís a sholáthróidh teidlíocht i leith an tsochair má tharlaíonn an teagmhas sonraithe. Déanann an dóchúlacht go dtarlóidh an teagmhas sonraithe difear do thomhas na hoibleagáide, ach ní chinntear leis sin cé acu atá an oibleagáid ann nó nach bhfuil.

    Samplaí a léiríonn mír 72

    1

    Íocann plean sochar AA100 le haghaidh gach bliana seirbhíse. Dílsíonn na sochair tar éis 10 mbliana seirbhíse.

    Cuirtear sochar AA100 i leith gach bliana. I ngach ceann den chéad 10 mbliana, léiríonn costas na seirbhíse reatha agus luach láithreach na hoibleagáide an dóchúlacht nach dtabharfadh an fostaí 10 mbliana seirbhíse i gcrích.

    2

    Íocann plean sochar AA100 le haghaidh gach bliana seirbhíse, gan seirbhís roimh 25 bliana d’aois a chur san áireamh. Dílsíonn na sochair láithreach.

    Ní chuirtear aon sochar i leith seirbhíse roimh 25 bliana d’aois toisc nach leanann sochair (choinníollacha nó neamhchoinníollacha) as seirbhís roimh an dáta sin. Cuirtear sochar AA100 i leith gach bliana ina dhiaidh sin.

    73

    Méadaítear ar an oibleagáid go dtí an dáta nach leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís bhreise an fhostaí. Dá bhrí sin, cuirtear gach sochar i leith tréimhsí dar críoch an dáta sin nó roimhe. Cuirtear sochar i leith tréimhsí cuntasaíochta aonair de réir fhoirmle sochair an phlean. Más rud é, áfach, go bhfágfaidh seirbhís fostaí sna blianta níos déanaí go mbeidh leibhéal sochair ann a bheidh níos airde go hábhartha ná an leibhéal a bhí ann sna luathbhlianta, cuireann eintiteas sochar i leith na seirbhíse sin ar bhonn líne dírí go dtí an dáta nach leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís bhreise an fhostaí. Is amhlaidh sin toisc gurb éard a leanfaidh ar deireadh as seirbhís an fhostaí ar feadh na tréimhse sin ina hiomláine sochar ar an leibhéal níos airde sin.

    Samplaí a léiríonn mír 73

    1

    Íocann plean sochar cnapshuime AA1 000 a dhílsíonn tar éis 10 mbliana seirbhíse. Ní sholáthraíonn an plean aon sochar breise as seirbhís ina dhiaidh sin.

    Cuirtear sochar AA100 (AA1 000 arna roinnt ar a deich) i leith gach ceann den chéad 10 mbliana.

    Léiríonn costas na seirbhíse reatha i ngach ceann den chéad 10 mbliana an dóchúlacht nach dtabharfadh an fostaí 10 mbliana seirbhíse i gcrích. Ní chuirtear aon sochar i leith blianta ina dhiaidh sin.

    2

    Íocann plean sochar scoir cnapshuime AA2 000 le gach fostaí atá fós fostaithe ag 55 bliana d’aois i ndiaidh 20 bliain seirbhíse, nó atá fós fostaithe ag 65 bliana d’aois gan beann ar fhad a seirbhíse.

    I gcás fostaithe a thagann isteach roimh 35 bliana d’aois, is ag 35 bliana d’aois a leanann sochair faoin bplean den chéad uair as seirbhís (d’fhéadfadh fostaí imeacht ag 30 bliain d’aois agus filleadh ag 33 bliana d’aois gan aon éifeacht aige sin ar mhéid ná uainiú na sochar). Tá na sochair sin coinníollach ar sheirbhís bhreise. Chomh maith leis sin, ní leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís tar éis 55 bliana d’aois. I gcás na bhfostaithe sin, cuireann an t-eintiteas sochar AA100 (AA2 000 arna roinnt ar a fiche) i leith gach bliana ó 35 bliana d’aois go 55 bliana d’aois.

    I gcás fostaithe a thagann isteach roimh 35 bliana d’aois agus 45 bliana d’aois, ní leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís tar éis 20 bliain. I gcás na bhfostaithe sin, cuireann an t-eintiteas sochar AA100 (AA2 000 arna roinnt ar a fiche) i leith gach ceann den chéad 20 bliain.

    I gcás fostaí a thagann isteach ag 55 bliana d’aois, ní leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís tar éis 10 mbliana. I gcás an fhostaí sin, cuireann an t-eintiteas sochar AA200 (AA2 000 arna roinnt ar a deich) i leith gach ceann den chéad 10 mbliana.

    I gcás na bhfostaithe uile, léiríonn costas na seirbhíse reatha agus luach láithreach na hoibleagáide an dóchúlacht nach dtabharfadh an fostaí i gcrích an tréimhse seirbhíse is gá.

    3

    Aisíocann plean leighis iarfhostaíochta 40 faoin gcéad de chostais leighis iarfhostaíochta an fhostaí má imíonn an fostaí tar éis níos mó ná 10 mbliana seirbhíse agus níos lú ná 20 bliain seirbhíse, agus 50 faoin gcéad de na costais sin má imíonn an fostaí tar éis 20 bliain seirbhíse ar a laghad.

    De réir fhoirmle sochair an phlean, cuireann an t-eintiteas 4 faoin gcéad de luach láithreach na gcostas leighis ionchasach (40 faoin gcéad arna roinnt ar a deich) i leith gach ceann den chéad 10 mbliana agus 1 faoin gcéad (10 faoin gcéad arna roinnt ar a deich) i leith gach ceann den dara 10 mbliana. Léiríonn costas na seirbhíse reatha i ngach bliain an dóchúlacht nach dtabharfadh an fostaí i gcrích an tréimhse seirbhíse is gá chun cuid de na sochair, nó na sochair uile, a thuilleamh. I gcás fostaithe a bhfuil coinne lena n-imeacht laistigh de 10 mbliana, ní chuirtear aon sochar i leith a seirbhíse.

    4

    Aisíocann plean leighis iarfhostaíochta 10 faoin gcéad de chostais leighis iarfhostaíochta an fhostaí má imíonn an fostaí tar éis níos mó ná 10 mbliana seirbhíse agus níos lú ná 20 bliain seirbhíse, agus 50 faoin gcéad de na costais sin má imíonn an fostaí tar éis 20 bliain seirbhíse ar a laghad.

    De bharr seirbhíse sna blianta níos déanaí, beidh leibhéal sochair ann a bheidh níos airde go hábhartha ná an leibhéal a bhí ann sna luathbhlianta. Dá bhrí sin, i gcás fostaithe a bhfuil coinne lena n-imeacht tar éis 20 bliain ar a laghad, cuireann an t-eintiteas sochair i leith a seirbhíse ar bhonn líne dírí faoi mhír 71. Ní leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise as seirbhís tar éis 20 bliain. Dá bhrí sin, is é 2.5 faoin gcéad de luach láithreach na gcostas leighis ionchasach (50 faoin gcéad arna roinnt ar a fiche) an sochar a chuirtear i leith gach ceann den chéad 20 bliain.

    I gcás fostaithe a bhfuil coinne lena n-imeacht idir 10 mbliana agus 20 bliain, is é 1 faoin gcéad de luach láithreach na gcostas leighis ionchasach an sochar a chuirtear i leith gach ceann den chéad 10 mbliana.

    I gcás na bhfostaithe sin, ní chuirtear aon sochar i leith seirbhíse idir deireadh an deichiú bliain agus an dáta measta imeachta.

    I gcás fostaithe a bhfuil coinne lena n-imeacht laistigh de 10 mbliana, ní chuirtear aon sochar i leith a seirbhíse.

    74

    I gcás ina bhfuil méid sochair ina chion tairiseach den tuarastal deiridh le haghaidh gach bliana seirbhíse, déanfaidh méaduithe tuarastail amach anseo difear don mhéid is gá chun an oibleagáid atá ann i leith seirbhíse roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe a shocrú, ach ní chruthaítear oibleagáid bhreise leo. Dá bhrí sin:

    (a)

    chun críoch mhír 70(b), ní leanann sochair bhreise as méaduithe tuarastail, cé go mbraitheann méid na sochar ar an tuarastal deiridh; agus

    (b)

    tá an méid sochair a chuirtear i leith gach bliana seirbhíse ina chion tairiseach den tuarastal lena bhfuil an sochar nasctha.

    Sampla a léiríonn mír 74

    Tá fostaithe i dteideal sochar 3 faoin gcéad den tuarastal deiridh le haghaidh gach bliana seirbhíse roimh 55 bliana d’aois.

    Cuirtear sochar 3 faoin gcéad den tuarastal deiridh measta i leith gach bliana suas go dtí 55 bliana d’aois. Sin é an dáta nach leanfaidh aon mhéid ábhartha sochar breise faoin bplean as seirbhís bhreise an fhostaí. Ní chuirtear aon sochar i leith seirbhíse tar éis na haoise sin.

    Toimhdí achtúireacha

    75

    Beidh toimhdí achtúireacha gan laofacht agus comhoiriúnach go frithpháirteach.

    76

    Is éard is toimhdí achtúireacha ann na meastacháin is fearr a dhéanann eintiteas ar na hathróga lena gcinnfear an costas a bheidh i gceist le sochair iarfhostaíochta a sholáthar ar deireadh. Cuimsítear i dtoimhdí:

    (a)

    toimhdí déimeagrafacha maidir leis na saintréithe a bhainfidh amach anseo d’fhostaithe reatha agus d’iarfhostaithe (agus dá gcleithiúnaithe) atá incháilithe do shochair. Pléann toimhdí déimeagrafacha le hábhair amhail:

    (i)

    mortlaíocht (féach míreanna 81 agus 82);

    (ii)

    rátaí athraithe fostaithe, míchumais agus luathscoir;

    (iii)

    cion na gcomhaltaí den phlean a bhfuil cleithiúnaigh acu a bheidh incháilithe do shochair;

    (iv)

    cion na gcomhaltaí den phlean a roghnóidh gach cineál rogha íocaíochta atá ar fáil faoi théarmaí an phlean; agus

    (v)

    rátaí éilimh faoi phleananna leighis.

    (b)

    toimhdí airgeadais a phléann le hábhair amhail:

    (i)

    an ráta lascaine (féach míreanna 83–86);

    (ii)

    leibhéil sochair, seachas aon chostas sochar atá le híoc ag fostaithe, agus tuarastal amach anseo (féach míreanna 87–95);

    (iii)

    i gcás sochair leighis, costais leighis amach anseo, lena n-áirítear costais a bhaineann le héileamh a láimhseáil (i.e. na costais a thabhófar de bharr éilimh a phróiseáil agus a réiteach, lena n-áirítear táillí dlí agus táillí an choigeartóra) (féach míreanna 96–98); agus

    (iv)

    cánacha iníoctha ag an bplean ar ranníocaíochtaí a bhaineann le seirbhís roimh an dáta tuairiscithe nó ar shochair a eascraíonn as an tseirbhís sin.

    77

    Mura bhfuil toimhdí achtúireacha místuama ná coimeádach go hiomarcach, tá siad gan laofacht.

    78

    Tá toimhdí achtúireacha comhoiriúnach go frithpháirteach má léiríonn siad na caidrimh eacnamaíocha atá idir fachtóirí amhail boilsciú, rátaí méadaithe tuarastail agus rátaí lascaine. Gach toimhdí a bhraitheann ar leibhéal áirithe boilscithe (amhail boinn tuisceana maidir le rátaí úis agus méaduithe tuarastail agus sochair) in aon tréimhse ar leith amach anseo, is é an leibhéal céanna boilscithe sa tréimhse sin a thoimhdítear iontu uile.

    79

    Is i dtéarmaí ainmniúla (luaite) a chinneann eintiteas an ráta lascaine agus toimhdí airgeadais eile, ach amháin má tá meastacháin i dtéarmaí réadacha (arna gcoigeartú ó thaobh boilscithe) níos iontaofa, i ngeilleagar hipearbhoilscitheach (féach IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha), mar shampla, nó i gcás ina bhfuil an sochar innéacsnasctha agus ina bhfuil margadh domhain ann de bhannaí innéacsnasctha ar den airgeadra agus den téarma céanna iad.

    80

    Beidh toimhdí airgeadais bunaithe ar ionchais an mhargaidh, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, le haghaidh na tréimhse a bhfuil na hoibleagáidí le socrú ina leith.

    Toimhdí achtúireacha: mortlaíocht

    81

    Cinnfidh eintiteas a thoimhdí mortlaíochta faoi threoir an mheastacháin is fearr atá aige ar mhortlaíocht chomhaltaí plean le linn fostaíochta agus ina diaidh araon.

    82

    Chun meastachán a dhéanamh ar an gcostas a bheidh ar an sochar ar deireadh, cuireann eintiteas athruithe ionchasacha ar mhortlaíocht san áireamh, trí gnáth-tháblaí mortlaíochta a mhodhnú le meastacháin ar fheabhsuithe mortlaíochta, mar shampla.

    Toimhdí achtúireacha: ráta lascaine

    83

    An ráta a úsáidtear chun oibleagáidí sochair iarfhostaíochta a lascainiú (idir mhaoinithe agus neamh-mhaoinithe), cinnfear é faoi threoir thorthaí an mhargaidh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ar bhannaí corparáide ardcháilíochta. I gcás airgeadraí nach bhfuil aon mhargadh domhain i mbannaí corparáide ardcháilíochta den sórt sin ann dóibh, úsáidfear torthaí an mhargaidh (ag deireadh na tréimhse tuairiscithe) ar bhannaí rialtais arna n-ainmniú san airgeadra sin. Beidh airgeadra agus téarma na mbannaí corparáide nó na mbannaí rialtais comhsheasmhach le hairgeadra agus téarma measta na n-oibleagáidí sochair iarfhostaíochta.

    84

    Ceann de na toimhdí achtúireacha a bhfuil iarmhairt ábhartha aige is ea an ráta lascaine. Léiríonn an ráta lascaine an t-amluach airgid ach ní léiríonn sé an riosca achtúireach ná infheistíochta. Thairis sin, ní léiríonn an ráta lascaine an riosca creidmheasa eintiteas-sonrach a iompraíonn creidiúnaithe an eintitis, ná ní léiríonn sé an riosca go bhféadfadh an taithí amach anseo a bheith difriúil ó thoimhdí achtúireacha.

    85

    Léiríonn an ráta lascaine uainiú measta íocaíochtaí sochair. Sa chleachtas, is minic a bhaineann eintiteas an méid sin amach trí mheánráta lascaine ualaithe aonair a chur i bhfeidhm a léiríonn uainiú agus méid measta íocaíochtaí sochair agus an t-airgeadra ina bhfuil na sochair le híoc.

    86

    I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé nach bhfuil aon mhargadh domhain bannaí ann a bhfuil aibíocht sách fada acu chun aibíocht mheasta na n-íocaíochtaí sochair uile a mheaitseáil. I gcásanna den sórt sin, baineann eintiteas úsáid as rátaí reatha an mhargaidh ar den téarma iomchuí iad chun íocaíochtaí ar bhonn tréimhse níos giorra a lascainiú, agus déanann sé meastachán ar an ráta lascaine le haghaidh aibíochtaí níos faide trí rátaí reatha an mhargaidh a eachtarshuíomh feadh an chuair toraidh. Ní dócha go mbeidh luach láithreach oibleagáide sochar sainithe thar a bheith íogair ó thaobh an ráta lascaine a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an sciar sochar atá iníoctha níos faide amach ná aibíocht deiridh na mbannaí corparáide nó rialtais atá ar fáil.

    Toimhdí achtúireacha: tuarastail, sochair agus costais leighis

    87

    Tomhaisfidh eintiteas a oibleagáidí sochar sainithe ar bhonn a léiríonn na nithe seo a leanas:

    (a)

    na sochair a leagtar amach i dtéarmaí an phlean (nó a leanann as aon oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí sin) ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

    (b)

    aon mhéadú a mheastar a thiocfaidh amach anseo ar thuarastal a dhéanann difear do na sochair is iníoctha;

    (c)

    iarmhairt aon teorainn ar sciar an fhostóra de chostas na sochar a bheidh ann amach anseo;

    (d)

    ranníocaíochtaí ó fhostaithe nó ó thríú páirtithe a laghdaíonn ar chostas na sochar sin don eintiteas ar deireadh; agus

    (e)

    athruithe a mheastar a thiocfaidh amach anseo ar leibhéal aon sochar stáit a dhéanann difear do na sochair is iníoctha faoi phlean sochair shainithe, inarb amhlaidh ceann de na cásanna seo a leanas agus sna cásanna seo amháin:

    (i)

    rinneadh na hathruithe sin roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe; nó

    (ii)

    léiríonn sonraí stairiúla, nó fianaise iontaofa eile, go n-athróidh na sochair stáit sin ar bhealach éigin is féidir a thuar, i gcomhréir le hathruithe a bheidh ann amach anseo ar ghnáthleibhéil phraghais nó tuarastail mar shampla.

    88

    Tá toimhdí achtúireacha ina léiriú ar na hathruithe a bheidh ann amach anseo a leagtar amach i dtéarmaí foirmiúla plean (nó oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí sin) ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Is é sin an cás más amhlaidh, mar shampla:

    (a)

    go bhfuil stair ag an eintiteas de bheith ag méadú sochar, chun iarmhairtí boilscithe a mhaolú mar shampla, agus nach bhfuil aon tásc ann go n-athróidh an cleachtas sin amach anseo;

    (b)

    go bhfuil oibleagáid ar an eintiteas, de réir théarmaí foirmiúla plean (nó oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí sin) nó reachtaíochta, aon bharrachas sa phlean a úsáid chun leas rannpháirtithe an phlean (féach mír 108(c)); nó

    (c)

    go n-athraíonn na sochair de réir sprioc feidhmíochta nó critéir eile. D’fhéadfaí a lua i dtéarmaí an phlean, mar shampla, go n-íocfar sochair laghdaithe nó go n-éileofar ranníocaíochtaí breise ó fhostaithe mura bhfuil na sócmhainní plean leordhóthanach. Léiríonn tomhas na hoibleagáide an meastachán is fearr ar iarmhairt na sprice feidhmíochta nó na gcritéar eile.

    89

    Níl toimhdí achtúireacha ina léiriú ar hathruithe a bheidh ann amach anseo nach leagtar amach i dtéarmaí foirmiúla an phlean (ná oibleagáid inchiallaithe) ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Beidh na nithe seo a leanas mar thoradh ar athruithe den sórt sin:

    (a)

    costas seirbhíse roimhe seo, a mhéid a athraítear sochair i leith seirbhíse roimh an athrú; agus

    (b)

    costas na seirbhíse reatha le haghaidh tréimhsí tar éis an athraithe, a mhéid a athraítear sochair i leith seirbhíse tar éis an athraithe.

    90

    Cuirtear boilsciú, sinsearacht, ardú céime agus fachtóirí ábhartha eile amhail soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta, san áireamh i meastacháin ar mhéaduithe tuarastail amach anseo.

    91

    Le roinnt pleananna sochar sainithe, cuirtear teorainn leis na ranníocaíochtaí a cheanglaítear ar eintiteas a íoc. Má bhíonn teorainn ar ranníocaíochtaí, cuirtear a hiarmhairt san áireamh i gcostas na sochar ar deireadh. Déantar iarmhairt teorann ar ranníocaíochtaí a chinneadh thar an tréimhse is giorra díobh seo a leanas:

    (a)

    saolré mheasta an eintitis; agus

    (b)

    saolré mheasta an phlean.

    92

    Le roinnt pleananna sochar sainithe, éilítear ar fhostaithe nó ar thríú páirtithe ranníoc le costas an phlean. Laghdaíonn ranníocaíochtaí fostaithe ar chostas na sochar don eintiteas. Breithníonn eintiteas cé acu an laghdaíonn ranníocaíochtaí tríú páirtí ar chostas na sochar don eintiteas nó an bhfuil siad ina gceart aisíocaíochta mar a thuairiscítear i mír 116. Leagtar amach ranníocaíochtaí fostaithe nó tríú páirtithe i dtéarmaí foirmiúla an phlean (nó eascraíonn siad as oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí sin) nó is ranníocaíochtaí lánroghnacha iad. Ranníocaíochtaí lánroghnacha a dhéanann fostaithe nó tríú páirtithe, laghdaíonn siad ar an gcostas seirbhíse ar íoc na ranníocaíochtaí sin leis an bplean.

    93

    Ranníocaíochtaí fostaithe nó tríú páirtithe a leagtar amach i dtéarmaí foirmiúla an phlean, laghdaíonn siad ar an gcostas seirbhíse (má tá siad nasctha le seirbhís), nó déanann siad difear d’atomhais an ghlandliteanais sochair shainithe (sócmhainn) (mura bhfuil siad nasctha le seirbhís). Sampla de ranníocaíochtaí nach bhfuil nasctha le seirbhís is ea (a éilítear na ranníocaíochtaí chun an cás ina n-eascraíonn easnamh as caillteanais i leith sócmhainní plean nó as caillteanais achtúireacha a laghdú). Má tá ranníocaíochtaí fostaithe nó tríú páirtithe nasctha le seirbhís, laghdaíonn na ranníocaíochtaí sin ar an gcostas seirbhíse mar a leanas:

    (a)

    má bhraitheann méid na ranníocaíochtaí ar an líon blianta seirbhíse, cuirfidh eintiteas na ranníocaíochtaí i leith tréimhsí seirbhíse ag úsáid an modh céanna a cheanglaítear le mír 70 chun an t-ollsochar a chur i leith seirbhíse (i.e. foirmle ranníocaíochta an phlean a úsáid nó é a dhéanamh ar bhonn líne dírí); nó

    (b)

    má tá méid na ranníocaíochtaí neamhspleách ar an líon blianta seirbhíse, ceadaítear don eintiteas ranníocaíochtaí den sórt sin a aithint mar laghdú ar an gcostas seirbhíse sa tréimhse ina soláthraítear an tseirbhís ghaolmhar. Áirítear le samplaí de ranníocaíochtaí atá neamhspleách ar an líon blianta seirbhíse ranníocaíochtaí atá ina gcéatadán seasta de thuarastal an fhostaí, ina méid seasta ar feadh na tréimhse seirbhíse nó a bhraitheann ar aois an fhostaí.

    Le mír A1, soláthraítear treoraíocht ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    94

    I gcás ranníocaíochtaí a dhéanann fostaithe nó tríú páirtithe a chuirtear i leith tréimhsí seirbhíse i gcomhréir le mír 93(a), leanann na nithe seo a leanas as athruithe ar na ranníocaíochtaí:

    (a)

    costas na seirbhíse reatha agus seirbhíse roimhe seo (mura leagtar na hathruithe sin amach i dtéarmaí foirmiúla plean agus mura n-eascraíonn siad as oibleagáid inchiallaithe); nó

    (b)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha (má leagtar na hathruithe sin amach i dtéarmaí foirmiúla plean, nó má eascraíonn siad as oibleagáid inchiallaithe).

    95

    Tá roinnt sochair iarfhostaíochta nasctha le hathróga amhail an leibhéal sochar scoir nó cúraim leighis ón stát. Tá an tomhas ar shochair den sórt sin ina léiriú ar an meastachán is fearr ar athróga den sórt sin, bunaithe ar shonraí stairiúla agus ar fhianaise iontaofa eile.

    96

    Cuirfear athruithe a mheastar a thiocfaidh amach anseo ar chostas seirbhísí leighis, a leanann as boilsciú agus athruithe sonracha ar chostais leighis, san áireamh i dtoimhdí maidir le costais leighis.

    97

    Is gá toimhdí maidir le leibhéal agus minicíocht na n-éileamh amach anseo agus maidir leis an gcostas a bhaineann le comhlíonadh na n-éileamh sin chun sochair leighis iarfhostaíochta a thomhas. Is ar bhonn sonraí stairiúla maidir le heispéireas an eintitis féin, arna bhforlíonadh i gcás inar gá le sonraí stairiúla ó eintitis eile, ó chuideachtaí árachais, ó sholáthraithe leighis nó ó fhoinsí eile, a dhéanann eintiteas meastachán ar chostais leighis amach anseo. I meastacháin ar chostais leighis amach anseo, breithnítear an iarmhairt a bhíonn ag dul chun cinn teicneolaíoch, athruithe ar úsáid cúraim sláinte nó ar phatrúin soláthair agus athruithe ar stádas sláinte rannpháirtithe plean.

    98

    Tá leibhéal agus minicíocht na n-éileamh thar a bheith íogair ó thaobh aois, stádas sláinte agus gnéas fostaithe (agus a gcleithiúnaithe) agus d’fhéadfaidís a bheith íogair ó thaobh fachtóirí eile freisin amhail suíomh geografach. Dá bhrí sin, déantar sonraí stairiúla a choigeartú a mhéid atá difríocht idir meascán déimeagrafach an daonra agus meascán déimeagrafach an daonra a úsáidtear mar bhonn leis na sonraí. Coigeartaítear freisin iad i gcás ina bhfuil fianaise iontaofa ann nach leanfaidh na treochtaí stairiúla ar aghaidh.

    Costas seirbhíse roimhe seo agus gnóthachain agus caillteanais ar shocraíocht

    99

    Agus costas seirbhíse roimhe seo, nó gnóthachan nó caillteanas ar shocraíocht, á chinneadh ag eintiteas, atomhaisfidh sé an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) ag úsáid luach cóir reatha sócmhainní plean agus toimhdí achtúireacha reatha, (lena n-áirítear rátaí úis reatha an mhargaidh agus margadhphraghsanna reatha eile), lena léirítear:

    (a)

    na sochair a thairgtear faoin bplean agus na sócmhainní plean roimh leasú nó roimh chiorrú ar phlean nó roimh shocraíocht; agus

    (b)

    na sochair a thairgtear faoin bplean agus na sócmhainní plean tar éis leasú nó ciorrú ar phlean nó tar éis socraíochta.

    100

    % Ní gá d’eintiteas idirdhealú a dhéanamh idir costas seirbhíse roimhe seo a leanann as leasú ar phlean, costas seirbhíse roimhe seo a leanann as ciorrúchán agus gnóthachan nó caillteanas ar shocraíocht má tharlaíonn na hidirbhearta sin in éineacht. I roinnt cásanna, tarlaíonn leasú ar phlean roimh shocraíocht, nuair a athraíonn eintiteas na sochair faoin bplean agus a shocraíonn na sochair leasaithe ar ball, mar shampla. Sna cásanna sin, aithníonn eintiteas costas seirbhíse roimhe seo roimh aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar shocraíocht.

    101

    Tarlaíonn socraíocht in éineacht le leasú agus ciorrú ar phlean má dhéantar plean a fhoirceannadh agus má shocraítear an oibleagáid agus má scoireann an plean de bheith ann dá thoradh sin. Ní socraíocht é foirceannadh plean, áfach, má chuirtear plean nua a thairgeann na sochair chéanna, go substaintiúil, in ionad an phlean sin.

    101A

    Nuair a tharlaíonn leasú nó ciorrú ar phlean nó socraíocht, aithneoidh agus tomhaisfidh eintiteas aon chostas seirbhíse roimhe seo, nó gnóthachan nó caillteanas ar shocraíocht, i gcomhréir le míreanna 99–101 agus míreanna 102–112. Agus sin á dhéanamh, ní bhreithneoidh eintiteas iarmhairt na huasteorann sócmhainne. Ansin, déanfaidh eintiteas iarmhairt na huasteorann sócmhainne a chinneadh tar éis leasú nó ciorrú ar phlean, nó tar éis socraíochta, agus aithneoidh sé aon athrú ar an iarmhairt sin i gcomhréir le mír 57(d).

    Costas seirbhíse roimhe seo

    102

    Is éard is costas seirbhíse roimhe seo ann luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a leanann as leasú nó ciorrú ar phlean.

    103

    Aithneoidh eintiteas costas seirbhíse roimhe seo mar speansas ar an dáta is luaithe díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair a tharlaíonn an leasú nó ciorrú ar phlean; agus

    (b)

    nuair a aithníonn an t-eintiteas na costais athstruchtúraithe ghaolmhara (féach IAS 37) nó na sochair i dtaca le foirceannadh (féach mír 165).

    104

    Tarlaíonn leasú ar phlean nuair a dhéanann eintiteas plean sochair shainithe a thabhairt isteach nó a tharraingt siar, nó nuair a athraíonn sé na sochair is iníoctha faoi phlean sochair shainithe atá ann cheana.

    105

    Tarlaíonn ciorrúchán nuair a dhéanann eintiteas laghdú suntasach ar an líon fostaithe a chumhdaítear le plean. D’fhéadfadh ciorrúchán eascairt as teagmhas aonarach, amhail dúnadh monarchan, scor oibríochta nó foirceannadh nó fionraí plean.

    106

    D’fhéadfadh costas seirbhíse roimhe seo a bheith deimhneach (nuair a thugtar sochair isteach nó nuair a athraítear iad chun go dtiocfaidh méadú ar an oibleagáid sochar sainithe) nó diúltach (nuair a tharraingítear sochair siar nó nuair a athraítear iad chun go dtiocfaidh laghdú ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe).

    107

    I gcás ina laghdaíonn eintiteas na sochair is iníoctha faoi phlean sochair sainithe atá ann cheana agus, an tráth céanna, ina méadaíonn na sochair eile is iníoctha faoin bplean le haghaidh na bhfostaithe céanna, déileálann an t-eintiteas leis an athrú mar ghlanathrú aonair.

    108

    Ní áirítear le costas seirbhíse roimhe seo:

    (a)

    iarmhairt na ndifríochtaí idir méaduithe tuarastail iarbhír agus méaduithe a measadh roimhe seo ar an oibleagáid chun sochair a íoc as seirbhís a soláthraíodh i mblianta roimhe seo (níl aon chostas seirbhíse roimhe seo ann toisc go gceadaítear tuarastail réamh-mheasta le toimhdí achtúireacha);

    (b)

    gannmheastacháin agus rómheastacháin ar mhéaduithe pinsin lánroghnacha nuair atá oibleagáid inchiallaithe ag eintiteas méaduithe den sórt sin a dheonú (níl aon chostas seirbhíse roimhe seo ann toisc go gceadaítear méaduithe den sórt sin le toimhdí achtúireacha);

    (c)

    meastacháin ar fheabhsuithe sochair a leanann as gnóthachain achtúireacha nó as an toradh ar shócmhainní plean a aithníodh sna ráitis airgeadais má tá oibleagáid ar an eintiteas, de réir théarmaí foirmiúla plean (nó oibleagáid inchiallaithe a théann níos faide ná na téarmaí sin) nó reachtaíochta, aon bharrachas sa phlean a úsáid chun leas rannpháirtithe an phlean, fiú murar dámhadh an méadú sochair go foirmiúil go fóill (níl aon chostas seirbhíse roimhe seo ann toisc gur caillteanas achtúireach é an méadú oibleagáide a leanann as, féach mír 88); agus

    (d)

    an méadú ar shochair dhílsithe (i.e. sochair nach bhfuil coinníollach ar fhostaíocht amach anseo, féach mír 72) nuair a thugann fostaithe ceanglais dílsithe i gcrích gan sochair nua nó feabhsaithe a bheith ann (níl aon chostas seirbhíse roimhe seo ann toisc gur aithin an t-eintiteas an costas measta sochar mar chostas na seirbhíse reatha de réir mar a soláthraíodh an tseirbhís).

    Gnóthachain agus caillteanais ar shocraíocht

    109

    Is é an gnóthachan nó an caillteanas ar shocraíocht an difríocht idir:

    (a)

    luach cóir na hoibleagáide sochar sainithe atá á socrú, arna chinneadh ar dháta na socraíochta; agus

    (b)

    an praghas socraíochta, lena n-áirítear aon sócmhainn plean a aistrítear agus aon íocaíocht a dhéanann an t-eintiteas go díreach i ndáil leis an tsocraíocht.

    110

    Aithneoidh eintiteas gnóthachan nó caillteanas ar shocraíocht plean sochair shainithe nuair a tharlaíonn an tsocraíocht.

    111

    Tarlaíonn socraíocht nuair a dhéanann eintiteas idirbheart lena gcuirtear deireadh le gach oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe bhreise maidir le cuid de na sochair, nó na sochair uile, a sholáthraítear faoi phlean sochair shainithe (seachas íocaíocht sochar le fostaithe, nó sochair a íoc thar a gceann, i gcomhréir le téarmaí an phlean agus a áirítear sna toimhdí achtúireacha). Socraíocht atá ann, mar shampla, oibleagáidí suntasacha fostóra faoin bplean a aistriú aon uair amháin chuig cuideachta árachais trí pholasaí árachais a cheannach; ní socraíocht é, faoi théarmaí an phlean, íocaíocht chnapshuime in airgead tirim a dhéanamh le rannpháirtithe plean mar mhalairt ar a gcearta chun sochair iarfhostaíochta shonraithe a fháil.

    112

    I roinnt cásanna, faigheann eintiteas polasaí árachais chun cuid de na sochair fostaithe a bhaineann le seirbhís fostaí sa tréimhse reatha nó i réamhthréimhsí, nó chun na sochair sin uile, a mhaoiniú. Ní socraíocht é polasaí den sórt sin a fháil má choinníonn an t-eintiteas oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe (féach mír 46) chun méideanna breise a íoc mura n-íocann an t-árachóir na sochair fostaithe a shonraítear sa pholasaí árachais. Le míreanna 116–119, pléitear aithint agus tomhas ar chearta aisíocaíochta faoi pholasaithe árachais nach sócmhainní plean iad.

    Aithint agus tomhas: sócmhainní plean

    Luach cóir sócmhainní plean

    113

    Déantar luach cóir aon sócmhainn plean a asbhaint ó luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe chun an t-easnamh nó an barrachas a chinneadh.

    114

    Ní áirítear le sócmhainní plean ranníocaíochtaí atá dlite ón eintiteas tuairiscithe nach bhfuil íoctha leis an gciste, ná ní áirítear leo aon ionstraim airgeadais neamh-inaistrithe arna heisiúint ag an eintiteas agus arna sealbhú ag an gciste. Aon dliteanas de chuid an chiste nach mbaineann le sochair fostaithe, suimeanna iníoctha trádála agus eile agus dliteanais a leanann as ionstraimí airgeadais díorthacha, mar shampla, laghdaíonn siad ar shócmhainní plean.

    115

    Nuair a áirítear le sócmhainní plean polasaithe cáilitheacha árachais arb ionann go díreach a méid agus a n-uainiú agus méid agus uainiú chuid de na sochair, nó na sochair uile, atá iníoctha faoin bplean, meastar gurb é luach cóir na bpolasaithe árachais sin luach láithreach na n-oibleagáidí gaolmhara (faoi réir aon laghdú a éilítear mura bhfuil na méideanna is infhála faoi na polasaithe árachais in-aisghabhála ina n-iomláine).

    Aisíocaíochtaí

    116

    I gcás ina bhfuil sé nach mór cinnte, agus sa chás sin amháin, go n-aisíocfaidh páirtí amháin cuid den chaiteachas, nó an caiteachas uile, is gá chun oibleagáid sochar sainithe a shocrú, is éard a dhéanfaidh eintiteas:

    (a)

    a cheart chun aisíocaíochta a aithint mar shócmhainn ar leithligh. Tomhaisfidh an t-eintiteas an tsócmhainn ar a luach cóir.

    (b)

    athruithe ar luach cóir a chirt chun aisíocaíochta a dhí-chomhiomlánú agus a aithint ar an mbealach céanna a ndéantar sin i gcás athruithe ar luach cóir sócmhainní plean (féach míreanna 124 agus 125). Féadfar na comhpháirteanna costais sochair shainithe a aithnítear i gcomhréir le mír 120 a aithint glan ó mhéideanna a bhaineann le hathruithe ar shuim ghlanluacha an chirt chun aisíocaíochta.

    117

    Uaireanta, tá eintiteas in ann brath ar pháirtí eile, amhail árachóir, chun cuid den chaiteachas, nó an caiteachas uile, is gá chun oibleagáid sochar sainithe a shocrú a íoc. Is sócmhainní plean iad polasaithe cáilitheacha árachais, mar a shainmhínítear i mír 8. Déanann eintiteas cuntasaíocht ar pholasaithe cáilitheacha árachais ar an mbealach céanna a ndéantar cuntasaíocht ar gach sócmhainn plean eile agus ní bhaineann mír 116 le hábhar (féach míreanna 46–49 agus 115).

    118

    Nuair nach polasaí cáilitheach árachais é polasaí árachais arna shealbhú ag eintiteas, ní sócmhainn plean é an polasaí árachais sin. Baineann mír 116 le hábhar i gcásanna den sórt sin: is mar shócmhainn ar leithligh, seachas mar asbhaint chun easnamh nó barrachas an tsochair shainithe a chinneadh, a aithníonn an t-eintiteas a cheart chun aisíocaíochta faoin bpolasaí árachais. Le mír 140(b) éilítear ar an eintiteas tuairisc ghearr ar an nasc idir an ceart chun aisíocaíochta agus an oibleagáid ghaolmhar a nochtadh.

    119

    Má thagann an ceart chun aisíocaíochta chun cinn faoi pholasaí árachais arb ionann go díreach a mhéid agus a uainiú agus méid agus uainiú chuid de na sochair, nó na sochair uile, atá iníoctha faoi phlean sochair shainithe, meastar gurb é luach cóir an chirt chun aisíocaíochta é luach láithreach na hoibleagáide gaolmhaire (faoi réir aon laghdú a éilítear mura bhfuil an aisíocaíocht in-aisghabhála ina hiomláine).

    Comhpháirteanna costais sochair shainithe

    120

    Aithneoidh eintiteas comhpháirteanna an chostais sochair shainithe, seachas a mhéid a éilítear nó a cheadaítear le IFRS eile go n-áireofaí i gcostas sócmhainne iad, mar a leanas:

    (a)

    costas seirbhíse (féach míreanna 66–112 agus mír 122A) a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas;

    (b)

    ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach míreanna 123–126) a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas; agus

    (c)

    atomhais an ghlandliteanais sochair shainithe (sócmhainn) (féach míreanna 127–130) a aithint in ioncam cuimsitheach eile.

    121

    Éilítear le IFRSanna eile go n-áirítear roinnt costais sochair shainithe i gcostas sócmhainní, amhail fardail agus réadmhaoin, gléasra agus trealamh (féach IAS 2 agus IAS 16). Aon chostas sochair iarfhostaíochta a áirítear i gcostas sócmhainní den sórt sin, áirítear ann an cion iomchuí de na comhpháirteanna a liostaítear i mír 120.

    122

    Atomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, ní athaicmeofar chuig brabús ná chuig caillteanas i dtréimhse ina dhiaidh sin iad. Féadfaidh an t-eintiteas na méideanna sin a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile a aistriú laistigh de chothromas, áfach.

    Costas seirbhíse reatha

    122A

    Cinnfidh eintiteas costas na seirbhíse reatha ag úsáid toimhdí achtúireacha arna gcinneadh ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla. Má atomhaiseann eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) i gcomhréir le mír 99, áfach, cinnfidh sé costas na seirbhíse reatha le haghaidh an chuid den tréimhse tuairiscithe bhliantúil atá fágtha tar éis leasú nó ciorrú ar phlean nó tar éis socraíochta ag úsáid na dtoimhdí achtúireacha a úsáideadh chun an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a atomhas i gcomhréir le mír 99(b).

    Ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn)

    123

    Cinnfidh eintiteas ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) ach an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a iolrú faoin ráta lascaine a shonraítear i mír 83.

    123A

    Chun ús glan a chinneadh i gcomhréir le mír 123, úsáidfidh eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) agus an ráta lascaine arna gcinneadh ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla. Má atomhaiseann eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) i gcomhréir le mír 99, áfach, cinnfidh an t-eintiteas ús glan le haghaidh an chuid den tréimhse tuairiscithe bhliantúil atá fágtha tar éis leasú nó ciorrú ar phlean nó tar éis socraíochta ag úsáid:

    (a)

    an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) arna chinneadh i gcomhréir le mír 99(b); agus

    (b)

    an ráta lascaine a úsáideadh chun an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a atomhas i gcomhréir le mír 99(b).

    Agus mír 123A á cur i bhfeidhm ag an eintiteas, cuirfidh sé san áireamh freisin aon athrú ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) le linn na tréimhse a leanann as ranníocaíochtaí nó íocaíochtaí sochair.

    124

    D’fhéadfaí breathnú ar ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) mar rud a chuimsíonn ioncam úis ar shócmhainní plean, costas úis ar an oibleagáid sochar sainithe agus ús ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne a luaitear i mír 64.

    125

    Is comhpháirt den toradh ar shócmhainní plean é ioncam úis ar shócmhainní plean, agus cinntear é trí luach cóir na sócmhainní plean a iolrú faoin ráta lascaine a shonraítear i mír 123A. Cinnfidh eintiteas luach cóir na sócmhainní plean ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla. Má atomhaiseann eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) i gcomhréir le mír 99, áfach, cinnfidh an t-eintiteas ioncam úis le haghaidh an chuid den tréimhse tuairiscithe bhliantúil atá fágtha tar éis leasú nó ciorrú ar phlean nó tar éis socraíochta ag úsáid na sócmhainní plean a úsáideadh chun an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a atomhas i gcomhréir le mír 99(b). Agus mír 125 á cur i bhfeidhm ag an eintiteas, cuirfidh sé san áireamh freisin aon athrú ar na sócmhainní plean arna sealbhú le linn na tréimhse a leanann as ranníocaíochtaí nó íocaíochtaí sochair. Áirítear san atomhas ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) an difríocht idir ioncam úis ar shócmhainní plean agus an toradh ar shócmhainní plean.

    126

    Is cuid den athrú iomlán ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne é ús ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne, agus cinntear é trí iarmhairt na huasteorann sócmhainne a iolrú faoin ráta lascaine a shonraítear i mír 123A. Cinnfidh eintiteas iarmhairt na huasteorann sócmhainne ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla. Má atomhaiseann eintiteas an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) i gcomhréir le mír 99, áfach, cinnfidh an t-eintiteas ús ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne le haghaidh an chuid den tréimhse tuairiscithe bhliantúil atá fágtha tar éis leasú nó ciorrú ar phlean nó tar éis socraíochta agus aon athrú ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne arna chinneadh i gcomhréir le mír 101A á chur san áireamh. Áirítear san atomhas ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) an difríocht idir ús ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne agus an t-athrú iomlán ar iarmhairt na huasteorann sócmhainne.

    Atomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn)

    127

    Cuimsítear na nithe seo a leanas le hatomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn):

    (a)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha (féach míreanna 128 agus 129);

    (b)

    an toradh ar shócmhainní plean (féach mír 130), gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a áireamh (féach mír 125); agus

    (c)

    agus aon athrú ar éifeacht na huasteorann sócmhainne, gan méideanna a áirítear in ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach mír 126) a áireamh.

    128

    Leanann gnóthachain agus caillteanais achtúireacha as méaduithe nó laghduithe ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe mar gheall ar athruithe ar thoimhdí achtúireacha agus ar choigeartuithe taithí. Áirítear na nithe seo a leanas, mar shampla, le nithe is cúis le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha:

    (a)

    rátaí arda nó ísle athraithe fostaithe, luathscoir nó mortlaíochta nach bhfuil coinne leo nó méaduithe ar thuarastail, ar shochair (má dhéanann téarmaí foirmiúla nó inchiallaithe plean foráil maidir le méaduithe sochair boilscitheacha) nó ar chostais leighis;

    (b)

    iarmhairt athruithe ar thoimhdí a bhaineann le roghanna íocaíochta sochair;

    (c)

    iarmhairt athruithe ar mheastacháin ar an ráta athraithe fostaithe, luathscoir nó mortlaíochta amach anseo nó iarmhairt méaduithe ar thuarastail, ar shochair (má dhéanann téarmaí foirmiúla nó inchiallaithe plean foráil maidir le méaduithe sochair boilscitheacha) nó ar chostais leighis; agus

    (d)

    iarmhairt athruithe ar an ráta lascaine.

    129

    Ní áirítear le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha athruithe ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe mar gheall ar phlean sochair shainithe a thabhairt isteach, a leasú, a chiorrú nó a shocrú, ná athruithe ar na sochair is iníoctha faoin bplean sochair shainithe. Leanann costas seirbhíse roimhe seo nó gnóthachain nó caillteanais ar shocraíocht as athruithe den sórt sin.

    130

    Agus an toradh ar shócmhainní plean á chinneadh ag eintiteas, asbhaineann sé costais bainistíochta na sócmhainní plean agus aon cháin is iníoctha ag an bplean féin, seachas cáin a áirítear sna toimhdí achtúireacha a úsáidtear chun an oibleagáid sochar sainithe a thomhas (mír 76). Ní asbhaintear costais riaracháin eile ón toradh ar shócmhainní plean.

    Cur i Láthair

    Fritháireamh

    131

    Ní dhéanfaidh eintiteas sócmhainn a bhaineann le plean amháin a fhritháireamh in aghaidh dliteanas a bhaineann le plean eile ach amháin i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá ceart infheidhmithe le dlí ag an eintiteas úsáid a bhaint as barrachas i bplean amháin chun oibleagáidí faoin bplean eile a shocrú; agus

    (b)

    beartaíonn an t-eintiteas na hoibleagáidí a shocrú ar ghlanbhonn, nó an barrachas i bplean amháin a réadú agus a oibleagáid faoin bplean eile a shocrú go comhuaineach.

    132

    Tá na critéir fritháirimh comhchosúil leo sin a leagtar síos le haghaidh ionstraimí airgeadais in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair.

    Idirdhealú idir reatha agus neamhreatha

    133

    Déanann roinnt eintiteas idirdhealú idir sócmhainní agus dliteanais reatha agus sócmhainní agus dliteanais neamhreatha. Ní shonraítear leis an gCaighdeán seo cé acu ba cheart nó nár cheart d’eintiteas idirdhealú a dhéanamh idir codanna reatha agus neamhreatha de shócmhainní agus de dhliteanais a eascraíonn as sochair iarfhostaíochta.

    Comhpháirteanna costais sochair shainithe

    134

    Le mír 120 éilítear ar eintiteas costas seirbhíse agus ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas. Ní shonraítear leis an gCaighdeán seo conas ba cheart d’eintiteas costas seirbhíse agus ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) a chur i láthair. Cuireann eintiteas na comhpháirteanna sin i láthair i gcomhréir le IAS 1.

    Nochtadh

    135

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis:

    (a)

    lena mínítear saintréithe a phleananna sochar sainithe agus na rioscaí atá bainteach leo (féach mír 139);

    (b)

    lena sainaithnítear agus lena mínítear na méideanna ina ráitis airgeadais a eascraíonn as a phleananna sochar sainithe (féach míreanna 140–144); agus

    (c)

    lena dtugtar tuairisc ar conas a d’fhéadfadh a phleananna sochar sainithe difear a dhéanamh do mhéid, d’uainiú agus d’éiginnteacht shreafaí airgid todhchaí an eintitis (féach míreanna 145–147).

    136

    Déanfaidh eintiteas breithniú ar na nithe seo uile a leanas chun na cuspóirí i mír 135 a chomhlíonadh:

    (a)

    an méid mionsonraí a bhfuil gá leis chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh;

    (b)

    an méid béime is gá a chur ar gach ceann de na ceanglais éagsúla;

    (c)

    an méid comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe atá le déanamh; agus

    (d)

    cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn faisnéis bhreise ó úsáideoirí ráiteas airgeadais chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis chainníochtúil a nochtar.

    137

    Mura leordhóthanach iad na nochtaí a sholáthraítear i gcomhréir le ceanglais an Chaighdeáin seo agus IFRSanna eile chun na cuspóirí i mír 135 a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas faisnéis bhreise is gá chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh. Féadfaidh eintiteas anailís ar luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a chur i láthair, mar shampla, ina ndéantar idirdhealú idir cineál, saintréithe agus rioscaí na hoibleagáide. Le nochtadh den sórt sin, d’fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh:

    (a)

    idir mhéideanna dlite do bhaill ghníomhacha, do bhaill iarchurtha agus do phinsinéirí.

    (b)

    idir sochair dhílsithe agus sochair fhabhraithe nach sochair dhílsithe iad.

    (c)

    agus (c) idir sochair choinníollacha, méideanna atá inchurtha le méaduithe ar thuarastal amach anseo agus sochair eile.

    138

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar ar cheart roinnt nochtaí, nó na nochtaí uile, a dhí-chomhiomlánú chun idirdhealú a dhéanamh idir pleananna nó grúpaí pleananna a ngabhann rioscaí leo atá éagsúil lena chéile go hábhartha. Féadfaidh eintiteas, mar shampla, nochtadh maidir le pleananna lena dtaispeántar ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas a dhí-chomhiomlánú:

    (a)

    suíomhanna geografacha éagsúla.

    (b)

    saintréithe éagsúla amhail pleananna pinsin bunaithe ar thuarastal comhréidh, pleananna pinsin bunaithe ar thuarastal deiridh nó pleananna leighis iarfhostaíochta.

    (c)

    timpeallachtaí rialála éagsúla.

    (d)

    deighleoga tuairiscithe éagsúla.

    (e)

    socruithe cistiúcháin éagsúla (e.g. neamhchistithe go hiomlán, cistithe go hiomlán nó go páirteach).

    Saintréithe pleananna sochar sainithe agus na rioscaí atá bainteach leo

    139

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    faisnéis maidir le saintréithe a phleananna sochar sainithe, lena n-áirítear:

    (i)

    cineál na sochar a sholáthraíonn an plean (e.g. plean sochair shainithe bunaithe ar thuarastal deiridh nó plean le ráthaíocht bunaithe ar ranníocaíochtaí).

    (ii)

    tuairisc ar an gcreat rialála ina n-oibríonn an plean, leibhéal aon íoscheanglas cistiúcháin, mar shampla, agus aon iarmhairt a bhíonn ag an gcreat rialála ar an bplean, amhail an uasteorainn sócmhainne (féach mír 64).

    (iii)

    tuairisc ar fhreagrachtaí aon eintiteas eile as rialachas an phlean, freagrachtaí iontaobhaithe nó chomhaltaí boird an phlean, mar shampla.

    (b)

    tuairisc ar na rioscaí a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu de thoradh an phlean, ag díriú ar aon riosca neamhghnách agus aon riosca a bhaineann go sonrach leis an eintiteas nó leis an bplean, agus ar aon chomhchruinniú suntasach riosca. I gcás ina ndéantar sócmhainní plean a infheistiú go príomha in aicme amháin infheistíochtaí, amhail maoin, mar shampla, d’fhéadfadh an t-eintiteas a bheith neamhchosanta ar chomhchruinniú riosca sa mhargadh maoine de thoradh an phlean.

    (c)

    tuairisc ar aon leasú, aon chiorrú agus aon socraíocht maidir le plean.

    Míniú ar mhéideanna sna ráitis airgeadais

    140

    Déanfaidh eintiteas réiteach ón iarmhéid tosaigh go dtí an iarmhéid deiridh a sholáthar le haghaidh gach ceann díobh seo a leanas, más infheidhme:

    (a)

    an glandliteanas sochair shainithe (sócmhainn), lena dtaispeántar réitigh ar leithligh le haghaidh:

    (i)

    sócmhainní plean.

    (ii)

    luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe.

    (iii)

    éifeacht na huasteorann sócmhainne.

    (b)

    aon cheart chun aisíocaíochta. Tabharfaidh eintiteas tuairisc freisin ar an gcaidreamh idir aon cheart chun aisíocaíochta agus an oibleagáid ghaolmhar.

    141

    Le gach réiteach a liostaítear i mír 140 taispeánfar gach ceann díobh seo a leanas, más infheidhme:

    (a)

    costas seirbhíse reatha.

    (b)

    ioncam nó speansas úis.

    (c)

    atomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn), lena dtaispeántar ar leithligh na nithe seo a leanas:

    (i)

    an toradh ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear in ús in (b) a áireamh.

    (ii)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha a eascraíonn as athruithe ar thoimhdí déimeagrafacha (féach mír 76(a)).

    (iii)

    gnóthachain agus caillteanais achtúireacha a eascraíonn as athruithe ar thoimhdí airgeadais (féach mír 76(b)).

    (iv)

    athruithe ar an iarmhairt a bhíonn ag teorannú glansócmhainne sochair shainithe chuig uasteorainn na sócmhainne, gan méideanna a áirítear in ús in (b) a áireamh. Nochtfaidh eintiteas freisin conas a chinn sé an uastairbhe eacnamaíoch a bhí ar fáil, i.e. cé acu i bhfoirm aisíocaíochtaí, laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo, nó meascán den dá rud, a bheadh sna tairbhí sin.

    (d)

    costas seirbhíse roimhe seo agus gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as socraíochtaí. Mar a cheadaítear le mír 100, ní gá idirdhealú a dhéanamh idir costas seirbhíse roimhe seo agus gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as socraíochtaí má tharlaíonn siad in éineacht.

    (e)

    iarmhairt athruithe ar rátaí malairte eachtraí.

    (f)

    ranníocaíochtaí leis an bplean, lena dtaispeántar ar leithligh iad siúd a dhéanann an fostóir agus iad siúd a dhéanann rannpháirtithe plean.

    (g)

    íocaíochtaí ón bplean, lena dtaispeántar ar leithligh an méid a íocadh i leith aon socraíocht.

    (h)

    iarmhairtí comhcheangail ghnó agus diúscairtí gnó.

    142

    Déanfaidh eintiteas luach cóir na sócmhainní plean a dhí-chomhiomlánú ina n-aicmí lena ndéantar idirdhealú idir cineál agus rioscaí na sócmhainní sin, agus ina bhforoinntear gach aicme sócmhainne plean de réir sócmhainní a luaitear margadhphraghas i margadh gníomhach ina leith (mar a shainmhínítear in IFRS 13 Tomhas Luach Cóir) agus sócmhainní nach luaitear. D’fhéadfadh eintiteas idirdhealú a dhéanamh idir na nithe seo a leanas, mar shampla, i bhfianaise an leibhéil nochta a phléitear i mír 136:

    (a)

    airgead tirim agus coibhéisí airgid;

    (b)

    ionstraimí cothromais (arna ndeighilt de réir an chineáil tionscail, mhéid na cuideachta, limistéar geografach, etc.);

    (c)

    ionstraimí fiachais (arna ndeighilt de réir an chineáil eisitheora, cáilíocht creidmheasa, limistéar geografach, etc.);

    (d)

    maoin réadach (arna ndeighilt de réir limistéar geografach, etc.);

    (e)

    díorthaigh (arna ndeighilt de réir an chineáil riosca fholuitigh sa chonradh, mar shampla conarthaí ráta úis, conarthaí malairte eachtraí, conarthaí cothromais, conarthaí creidmheasa, babhtálacha fadsaolaí, etc.);

    (f)

    cistí infheistíochta (arna ndeighilt de réir an chineáil ciste);

    (g)

    urrúis sócmhainn-bhunaithe; agus

    (h)

    fiachas struchtúrtha.

    143

    Nochtfaidh eintiteas luach cóir ionstraimí airgeadais inaistrithe dílse an eintitis arna sealbhú mar shócmhainní plean agus luach cóir sócmhainní plean ar réadmhaoin iad ina n-áitíonn an t-eintiteas nó ar sócmhainní eile iad a úsáideann an t-eintiteas.

    144

    Nochtfaidh eintiteas na toimhdí achtúireacha shuntasacha a úsáidtear chun luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe a chinneadh (féach mír 76). Is i ndearbhthéarmaí a bheidh an nochtadh sin (e.g. mar dhearbhchéatadán, agus ní díreach mar raon difríochta idir céatadáin éagsúla agus athróga eile). Nuair a sholáthraíonn eintiteas nochtaí san iomlán maidir le grúpáil pleananna, soláthróidh sé nochtaí den sórt sin i bhfoirm meáin ualaithe nó i raonta sách cúng.

    Méid, uainiú agus éiginnteacht sreafaí airgid todhchaí

    145

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    anailís íogaireachta le haghaidh gach toimhde achtúireach suntasach (mar a nochtar faoi mhír 144) ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe, lena léireofar conas a dhéanfadh athruithe ar an toimhde achtúireach ábhartha, a raibh seans réasúnach ann go dtarlóidís ar an dáta sin, difear don oibleagáid sochar sainithe.

    (b)

    na modhanna agus na toimhdí a úsáidtear chun na hanailísí íogaireachta a cheanglaítear le (a) a ullmhú agus teorainneacha na modhanna sin.

    (c)

    athruithe ón tréimhse roimhe seo sna modhanna agus toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin.

    146

    Nochtfaidh eintiteas tuairisc ar aon straitéis meaitseála sócmhainní-dliteanas a úsáideann an plean nó an t-eintiteas, lena n-áirítear blianachtaí agus teicnící eile, amhail babhtálacha fadsaolaí, a úsáidtear chun riosca a bhainistiú.

    147

    Chun tásc ar iarmhairt an phlean sochair shainithe ar shreafaí airgid todhchaí an eintitis a sholáthar, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    tuairisc ar aon socrú cistiúcháin agus ar aon bheartas cistiúcháin a dhéanann difear do ranníocaíochtaí amach anseo.

    (b)

    na ranníocaíochtaí a bhfuil coinne lena n-íoc leis an bplean le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla eile.

    (c)

    faisnéis maidir le próifíl aibíochta na hoibleagáide sochar sainithe. Áireofar air sin fad meán ualaithe na hoibleagáide sochair shainithe agus d’fhéadfadh go n-áireofar air faisnéis eile faoin dáileadh um uainiú maidir le híocaíochtaí sochair, amhail anailís aibíochta ar na híocaíochtaí sochair.

    Pleananna ilfhostóirí

    148

    Má bhíonn eintiteas rannpháirteach i bplean sochair shainithe ilfhostóirí, nochtfaidh sé:

    (a)

    tuairisc ar na socruithe cistiúcháin, lena n-áirítear an modh a úsáidtear chun ráta ranníocaíochtaí an eintitis agus aon íoscheanglas cistiúcháin a chinneadh.

    (b)

    tuairisc ar a mhéid is féidir leis an eintiteas a bheith faoi dhliteanas don phlean as oibleagáidí de chuid eintiteas eile faoi théarmaí agus faoi choinníollacha an phlean ilfhostóirí.

    (c)

    tuairisc ar aon leithdháileadh comhaontaithe easnaimh nó barrachais:

    (i)

    ar fhoirceannadh an phlean; nó

    (ii)

    ar aistarraingt an eintitis ón bplean.

    (d)

    má dhéanann an t-eintiteas cuntasaíocht ar an bplean amhail is dá mba phlean ranníocaíochtaí sainithe é i gcomhréir le mír 34, nochtfaidh sé na nithe seo a leanas, i dteannta na faisnéise a cheanglaítear le (a)–(c) agus in ionad na faisnéise a cheanglaítear le míreanna 139–147:

    (i)

    an fíoras gur plean sochair shainithe é an plean.

    (ii)

    an chúis nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ar fáil chun é a chur ar a chumas don eintiteas cuntasaíocht a dhéanamh ar an bplean mar phlean sochair shainithe.

    (iii)

    na ranníocaíochtaí a bhfuil coinne lena n-íoc leis an bplean le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla eile.

    (iv)

    faisnéis faoi aon easnamh nó aon bharrachas sa phlean a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhéid na ranníocaíochtaí amach anseo, lena n-áirítear an bonn a úsáidtear chun an t-easnamh nó an barrachas sin agus na himpleachtaí atá ann don eintiteas, más ann dóibh, a chinneadh.

    (v)

    tásc ar leibhéal rannpháirtíochta an eintitis sa phlean i gcomparáid le heintitis rannpháirteacha eile. D’áireofaí ar shamplaí de bhearta a d’fhéadfadh tásc den sórt sin a sholáthar cion an eintitis de na ranníocaíochtaí iomlána leis an bplean nó cion an eintitis le líon iomlán na mball gníomhach, ball ar scor, agus iarbhall atá i dteideal sochair, má tá an fhaisnéis sin ar fáil.

    Pleananna sochar sainithe a roinneann rioscaí idir eintitis faoi rialú comhchoiteann

    149

    Má bhíonn eintiteas rannpháirteach i bplean sochair shainithe a roinneann rioscaí idir eintitis faoi rialú comhchoiteann, nochtfaidh sé:

    (a)

    an comhaontú conarthach nó an beartas luaite chun an glanchostas sochair shainithe a mhuirearú, nó an fíoras nach ann d’aon bheartas den sórt sin.

    (b)

    an beartas chun an ranníocaíocht atá le híoc ag an eintiteas a chinneadh.

    (c)

    má dhéanann an t-eintiteas cuntasaíocht ar leithdháileadh glanchostais sochair shainithe mar a thugtar ar aire i mír 41, an fhaisnéis uile maidir leis an bplean san iomlán a cheanglaítear le míreanna 135–147.

    (d)

    má dhéanann an t-eintiteas cuntasaíocht ar an ranníocaíocht is iníoctha le haghaidh na tréimhse mar a thugtar ar aire i mír 41, an fhaisnéis maidir leis an bplean san iomlán a cheanglaítear le míreanna 135–137, 139, 142–144 agus míreanna 147(a) agus (b).

    150

    Is féidir an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 149(c) agus (d) a nochtadh trí chrostagairt a dhéanamh do nochtaí i ráitis airgeadais grúpeintitis eile más amhlaidh:

    (a)

    go ndéantar an fhaisnéis a éilítear maidir leis an bplean a shainaithint agus a nochtadh ar leithligh i ráitis airgeadais an ghrúpeintitis sin; agus

    (b)

    go bhfuil ráitis airgeadais an ghrúpeintitis sin ar fáil d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais faoi na téarmaí céanna a bhfuil ráitis airgeadais an eintitis ar fáil dóibh agus an tráth céanna atá ráitis airgeadais an eintitis ar fáil dóibh nó níos luaithe ná sin.

    Ceanglais maidir le nochtadh in IFRSanna eile

    151

    I gcás ina gceanglaítear le IAS 24 é, nochtann eintiteas faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    idirbhearta páirtithe gaolmhara le pleananna sochair iarfhostaíochta; agus

    (b)

    sochair iarfhostaíochta le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta.

    152

    I gcás ina gceanglaítear le IAS 37 é, nochtann eintiteas faisnéis maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as oibleagáidí sochair iarfhostaíochta.

    SOCHAIR FHADTÉARMACHA EILE FOSTAITHE

    153

    Áirítear ítimí amhail na nithe seo a leanas le sochair fhadtéarmacha eile fostaithe, mura bhfuil coinne leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina soláthraíonn na fostaithe an tseirbhís ghaolmhar:

    (a)

    neamhláithreachtaí fadtéarmacha íoctha, amhail saoire fadseirbhíse nó saoire shabóideach;

    (b)

    iubhaile nó sochair fadseirbhíse eile;

    (c)

    sochair fhadtéarmacha mhíchumais;

    (d)

    roinnt an bhrabúis agus bónais; agus

    (e)

    luach saothair iarchurtha.

    154

    De ghnáth, ní bhíonn an tomhas ar shochair fhadtéarmacha eile fostaithe faoi réir an oiread éiginnteachta agus a bhaineann leis an tomhas ar shochair iarfhostaíochta. Ar an gcúis sin, éilítear leis an gCaighdeán seo modh simplithe cuntasaíochta ar shochair fhadtéarmacha eile fostaithe. Murab ionann agus an chuntasaíocht a éilítear le haghaidh sochair iarfhostaíochta, leis an modh seo ní aithnítear atomhais in ioncam cuimsitheach eile.

    Aitheantas agus tomhas

    155

    Agus an barrachas nó an t-easnamh i bplean eile sochair fhadtéarmaigh fostaithe á aithint agus á thomhas ag eintiteas, cuirfidh sé míreanna 56–98 agus 113–115 i bhfeidhm. Agus aon cheart chun aisíocaíochta á aithint agus á thomhas ag eintiteas, cuirfidh sé míreanna 116–119 i bhfeidhm.

    156

    I gcás sochair fhadtéarmacha eile fostaithe, aithneoidh eintiteas glanmhéid iomlán na méideanna seo a leanas i mbrabús nó i gcaillteanas, seachas a mhéid a éilítear nó a cheadaítear le IFRS eile go n-áireofaí i gcostas sócmhainne iad:

    (a)

    costas seirbhíse (féach míreanna 66–112 agus mír 122A);

    (b)

    ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach míreanna 123–126); agus

    (c)

    atomhais ar an nglandliteanas sochair shainithe (sócmhainn) (féach míreanna 127–130).

    157

    Foirm amháin de shochar fadtéarmach eile fostaithe is ea sochar fadtéarmach míchumais. Má bhraitheann an leibhéal sochair ar fhad na seirbhíse, tagann oibleagáid chun cinn nuair a sholáthraítear an tseirbhís. Léiríonn tomhas na hoibleagáide sin an dóchúlacht go n-éileofar an íocaíocht sin agus an fad ama a bhfuil coinne leis go ndéanfar an íocaíocht ina leith. Más ionann an leibhéal sochair le haghaidh aon fhostaí faoi mhíchumas gan beann ar bhlianta seirbhíse, aithnítear costas ionchasach na sochar sin nuair a tharlaíonn teagmhas is cúis le míchumas fadtéarmach.

    Nochtadh

    158

    Cé nach gceanglaítear leis an gCaighdeán seo nochtaí sonracha maidir le sochair fhadtéarmacha eile fostaithe, d’fhéadfadh IFRSanna eile nochtaí a éileamh. Ceanglaítear le IAS 24, mar shampla, nochtaí maidir le sochair fostaithe le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta. Ceanglaítear le IAS 1 nochtadh maidir le speansas sochar fostaithe.

    SOCHAIR I dTACA LE FOIRCEANNADH

    159

    Baineann an Caighdeán seo le sochair i dtaca le foirceannadh ar leithligh ó shochair eile fostaithe ós rud é gurb é foirceannadh fostaíochta seachas seirbhís fostaí an teagmhas as a n-eascraíonn oibleagáid. Eascraíonn sochair i dtaca le foirceannadh as cinneadh eintitis an fhostaíocht a fhoirceannadh nó as cinneadh fostaí tairiscint sochar a ghlacadh mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta.

    160

    Ní áirítear le sochair i dtaca le foirceannadh sochair fostaithe a leanann as foirceannadh fostaíochta arna iarraidh sin don fhostaí gan tairiscint ó eintiteas, nó de thoradh ceanglas éigeantach scoir, mar is sochair iarfhostaíochta iad na sochair sin. Soláthraíonn roinnt eintiteas leibhéal sochair níos ísle le haghaidh foirceannadh fostaíochta arna iarraidh sin ag an bhfostaí (go substaintiúil, sochar iarfhostaíochta) ná mar a sholáthraíonn siad le haghaidh foirceannadh fostaíochta arna iarraidh sin ag an eintiteas. Is sochar i dtaca le foirceannadh é an difríocht idir an sochar a sholáthraítear le haghaidh foirceannadh fostaíochta arna iarraidh sin ag an bhfostaí agus sochar níos airde a sholáthraítear arna iarraidh sin ag an eintiteas.

    161

    Ní hé cineál an tsochair fostaíochta a chinneann cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear ar fáil é mar mhalairt ar sheirbhís nó mar mhalairt ar fhoirceannadh fhostaíocht an fhostaí. Is íocaíochtaí cnapshuime iad sochair i dtaca le foirceannadh, de ghnáth, ach uaireanta bíonn na nithe seo a leanas i gceist leo chomh maith:

    (a)

    feabhas ar shochair iarfhostaíochta, go hindíreach trí phlean sochair fostaithe nó go díreach.

    (b)

    tuarastal go dtí deireadh thréimhse fógra sonraithe i gcás nach soláthraíonn an fostaí seirbhís a sholáthróidh tairbhí eacnamaíocha don eintiteas níos mó.

    162

    Áirítear na nithe seo a leanas le táscairí go soláthraítear sochar fostaíochta mar mhalairt ar sheirbhísí:

    (a)

    braitheann an sochar ar sheirbhís a bheith á soláthar amach anseo (lena n-áirítear sochair a mhéadaítear i gcás ina soláthraítear tuilleadh seirbhíse).

    (b)

    soláthraítear an sochar i gcomhréir le téarmaí phlean sochair fostaithe.

    163

    Soláthraítear roinnt sochar i dtaca le foirceannadh i gcomhréir le téarmaí phlean sochair fostaithe atá ann cheana féin. Mar shampla, féadtar iad a shonrú le reacht, conradh fostaíochta nó comhaontú ceardchumainn, nó féadtar iad a thabhairt le tuiscint de thoradh chleachtas an fhostóra roimhe sin maidir le sochair chomhchosúla a sholáthar. Mar shampla eile, i gcás ina dtairgeann eintiteas sochar a sholáthar ar feadh níos mó ná tréimhse ghearr, nó i gcás ina bhfuil níos mó ná tréimhse ghearr idir an tairiscint agus an dáta foirceanta iarbhír lena bhfuil coinne, breithníonn an t-eintiteas cibé a bhfuil nó nach bhfuil plean sochair fostaithe nua bunaithe aige agus dá réir sin cé acu an sochair i dtaca le foirceannadh nó sochair iarfhostaíochta iad na sochair arna dtairiscint faoin bplean sin. Maidir le sochair fostaithe a sholáthraítear i gcomhréir le téarmaí phlean sochair fostaithe, is sochair i dtaca le foirceannadh iad i gcás ina n-eascraíonn an dá cheann as cinneadh eintitis fostaíocht fostaí a fhoirceannadh agus nach mbraitheann siad ar sheirbhís a bheith á soláthar amach anseo.

    164

    Cuirtear sochair fostaithe áirithe ar fáil gan beann ar an gcúis le himeacht fostaí. Is cinnte go n-íocfar sochair den sórt sin (faoi réir aon cheanglas dílsithe nó aon íoscheanglas seirbhíse) ach níl uainiú na híocaíochta cinnte. Cé go dtugtar tuairisc ar shochair den sórt sin mar shlánaíochtaí foirceanta nó mar aiscí foirceanta i roinnt dlínsí, is sochair iarfhostaíochta seachas sochair i dtaca le foirceannadh iad, agus déanann eintiteas cuntasaíocht orthu mar shochair iarfhostaíochta.

    Aitheantas

    165

    Aithneoidh eintiteas dliteanas agus speansas le haghaidh sochar i dtaca le foirceannadh ón gceann is luaithe de na dátaí seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach bhféadfaidh an t-eintiteas tairiscint na sochar sin a tharraingt siar a thuilleadh; agus

    (b)

    i gcás ina n-aithníonn an t-eintiteas costais le haghaidh athstruchtúrú atá laistigh de raon feidhme IAS 37 agus a bhaineann le sochair i dtaca le foirceannadh a íoc.

    166

    Maidir le sochair i dtaca le foirceannadh atá iníoctha de thoradh chinneadh fostaí tairiscint sochar a ghlacadh mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta, is é an t-am nach bhféadfaidh eintiteas an tairiscint sochair i dtaca le foirceannadh a tharraingt siar a thuilleadh ná an ceann is luaithe de na dátaí a leanas:

    (a)

    an dáta a ghlacann fostaí leis an tairiscint; agus

    (b)

    an dáta ar a dtagann éifeacht le srian (e.g. srian dlíthiúil, rialaitheach nó conarthach nó srian eile) maidir le cumas an eintitis an tairiscint a tharraingt siar. An dáta ar a ndéantar an tairiscint a bheadh i gceist leis sin, i gcás gurbh ann don srian tráth na tairisceana.

    167

    Maidir le sochair i dtaca le foirceannadh atá iníoctha de thoradh chinneadh eintitis fostaíocht fostaí a fhoirceannadh, ní fhéadann an t-eintiteas an tairiscint a tharraingt siar a thuilleadh i gcás inar chuir an t-eintiteas in iúl do na fostaithe dá ndéantar difear plean foirceanta a chomhlíonann na critéir seo a leanas go léir:

    (a)

    Tugann na gníomhaíochtaí a éilítear chun an plean a chur i gcrích le tuiscint nach dócha go ndéanfar athruithe suntasacha ar an bplean.

    (b)

    Leis an plean, sainaithnítear an líon fostaithe a bhfuil a bhfostaíocht le foirceannadh, aicmiú a bpost nó a bhfeidhmeanna agus a suíomhanna (ach ní gá don phlean gach fostaí a shainaithint ar leithligh) agus an dáta críochnaithe lena bhfuil coinne.

    (c)

    Leis an bplean, suitear na sochair i dtaca le foirceannadh a gheobhaidh fostaithe agus iad mionsonraithe go leordhóthanach le go bhféadfaidh fostaithe an cineál agus an méid sochar a gheobhaidh siad nuair a fhoirceannfar a bhfostaíocht a dhéanamh amach.

    168

    I gcás ina n-aithníonn eintiteas sochair i dtaca le foirceannadh, seans go gcaithfidh an t-eintiteas cuntasaíocht a dhéanamh ar leasú ar an bplean nó ciorrúchán ar shochair eile fostaithe (féach mír 103).

    Tomhas

    169

    Déanfaidh eintiteas sochair i dtaca le foirceannadh a thomhas tráth na haitheanta tosaigh, agus déanfaidh sé athruithe ina dhiaidh sin a thomhas agus a aithint, i gcomhréir le cineál an tsochair fostaí, ar choinníoll go gcuirfidh an t-eintiteas na ceanglais le haghaidh sochair iarfhostaíochta i bhfeidhm i gcás inar feabhsúchán ar shochair iarfhostaíochta iad na sochair i dtaca le foirceannadh. I gcás eile:

    (a)

    i gcás ina bhfuil coinne leis go socrófar na sochair i dtaca le foirceannadh go hiomlán roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina n-aithnítear an sochar i dtaca le foirceannadh, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais le haghaidh sochair ghearrthéarmacha fostaithe i bhfeidhm.

    (b)

    i gcás nach bhfuil coinne leis go socrófar na sochair i dtaca le foirceannadh go hiomlán roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais le haghaidh sochair fhadtéarmacha eile fostaithe i bhfeidhm.

    170

    Ó tharla nach gcuirtear sochair i dtaca le foirceannadh ar fáil mar mhalairt ar sheirbhís, ní bhaineann míreanna 70–74 maidir le sannadh an tsochair le tréimhsí seirbhíse.

    Sampla a léiríonn míreanna 159–170

    Cúlra

    De thoradh éadáil le déanaí, beartaíonn eintiteas monarcha a dhúnadh i gceann 10 mí agus, fostaíocht na bhfostaithe go léir atá fanta sa mhonarcha a fhoirceannadh an tráth sin. Ós rud é go bhfuil gá ag an eintiteas le saineolas na bhfostaithe sa mhonarcha chun roinnt conarthaí a thabhairt chun críche, fógraíonn sé plean foirceanta mar a leanas.

    Gach fostaí a fhanann agus a thugann seirbhís go dtí dúnadh na monarchan, gheobhaidh sé CU30 000 mar íocaíocht in airgead tirim ar dháta an fhoirceanta. Fostaithe a fhágann roimh dhúnadh na monarchan, gheobhaidh siad CU10 000.

    Tá 120 fostaí sa mhonarcha. Tá coinne ag an eintiteas leis, tráth fógartha an phlean, go bhfágfaidh 20 fostaí roimh an dúnadh. Dá bhrí sin, is é an t-eis-sreabhadh airgid foriomlán a bhfuil coinne leis, CU3 200 000 (i.e. 20 × CU10 000 + 100 × CU30 000). Mar a cheanglaítear le mír 160, déanann an t-eintiteas cuntasaíocht ar shochair a sholáthraítear mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta mar shochair i dtaca le foirceannadh agus déanann sé cuntasaíocht ar shochair a sholáthraítear mar mhalairt ar sheirbhísí mar shochair ghearrthéarmacha fostaithe.

    Sochair i dtaca le foirceannadh

    Is CU10 000 é an sochar a sholáthraítear mar mhalairt ar fhoirceannadh fostaíochta. Is é sin an méid a bheadh ar eintiteas a íoc as an bhfostaíocht a fhoirceannadh gan beann ar cé acu a fhanann na fostaithe agus a thugann siad seirbhís go dtí dúnadh na monarchan nó a fhágann siad roimh an dúnadh. Cé go bhféadfaidh na fostaithe fágáil roimh an dúnadh, is toradh é foirceannadh fostaíochta na bhfostaithe go léir ar chinneadh an eintitis an mhonarcha a dhúnadh agus a bhfostaíocht a fhoirceannadh (i.e. fágfaidh na fostaithe go léir an fhostaíocht tráth a dhúnfar an mhonarcha). Dá bhrí sin, aithníonn an t-eintiteas dliteanas CU1 200 000 (i.e. 120 × CU10 000) le haghaidh na sochair i dtaca le foirceannadh a sholáthraítear i gcomhréir leis an bplean sochair fostaithe amhail an ceann is túisce de na dátaí a leanas: an dáta a fhógraítear an plean foirceanta agus an dáta a aithníonn an t-eintiteas na costais athstruchtúraithe a bhaineann le dúnadh na monarchan.

    Sochair a sholáthraítear mar mhalairt ar sheirbhís

    Na sochair incriminteacha a gheobhaidh fostaithe i gcás ina gcuireann siad seirbhísí ar fáil ar feadh na tréimhse 10 mí iomlán, is mar mhalairt ar sheirbhísí arna soláthar sa tréimhse sin iad. Déanann an t-eintiteas cuntasaíocht orthu mar shochair ghearrthéarmacha fostaithe ós rud é go bhfuil coinne ag an eintiteas leis go socrófar go hiomlán iad roimh 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla. Sa sampla seo, ní éilítear ríomh an luacha láithrigh, mar sin aithnítear speansas CU200 000 (i.e. CU2 000 000 ÷ 10) i ngach mí i rith na tréimhse seirbhíse 10 mí, agus tagann méadú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha an dliteanais.

    Nochtadh

    171

    Cé nach gceanglaítear leis an gCaighdeán seo nochtaí sonracha faoi shochair foirceanta, d’fhéadfadh IFRSanna eile nochtaí a éileamh. Ceanglaítear le IAS 24, mar shampla, nochtaí maidir le sochair fostaithe le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta. Ceanglaítear le IAS 1 nochtadh maidir le speansas sochar fostaithe.

    AISTRIÚ AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    172

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin.

    173

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta, ach amháin:

    (a)

    nach gá d’eintiteas suim ghlanluacha sócmhainní a choigeartú lasmuigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo le haghaidh athruithe ar chostais sochar fostaithe a bhí san áireamh sa tsuim ghlanluacha roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na réamhthréimhse a chuirtear i láthair sna chéad ráitis airgeadais ina nglacann an t-eintiteas an Caighdeán seo.

    (b)

    i ráitis airgeadais le haghaidh tréimhsí roimh 1 Eanáir 2014, ní gá d’eintiteas faisnéis chomparáideach a chur i láthair le haghaidh na nochtaí a cheanglaítear le mír 145 maidir le híogaireacht na hoibleagáide sochar sainithe.

    174

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 8 agus leasaíodh mír 113. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    175

    Pleananna Sochar Sainithe: Le Ranníocaíochtaí Fostaí (Leasuithe ar IAS 19), a eisíodh i mí na Samhna 2013, míreanna leasaithe 93–94. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    176

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le IFRSanna le haghaidh na Tréimhse 2012–2014, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 83 agus cuireadh mír 177 leis. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    177

    Cuirfidh eintiteas an leasú i mír 176 i bhfeidhm ó thús na tréimhse comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair sna chéad ráitis airgeadais ina gcuireann an t-eintiteas an leasú i bhfeidhm. Aon choigeartú tosaigh a eascraíonn as cur i bhfeidhm an leasaithe, aithneofar é i dtuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse sin.

    178

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2017, leasaíodh an fonóta a ghabhann le mír 8. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    179

    Le Leasú, Ciorrúchán nó Socraíocht Plean (Leasuithe ar IAS 19), arna eisiúint i mí Feabhra 2018, cuireadh míreanna 101A, 122A agus 123A leis, agus leasaíodh míreanna 57, 99, 120, 123, 125, 126 agus 156. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le leasuithe, ciorruithe nó socraíochtaí a tharlaíonn ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin, nó maidir le leasuithe, ciorruithe nó socraíochtaí a tharlaíonn ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin.

    Aguisín A

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 92–93 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile de IFRS.

    A1

    Léirítear na ceanglais chuntasaíochta le haghaidh ranníocaíochtaí ó fhostaithe nó ó thríú páirtithe sa léaráid thíos.
    Image 1

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 20

    Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais  (9)

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm nuair a dhéantar cuntasaíocht ar dheontais rialtais agus nuair a nochtar iad, agus nuair a nochtar cineálacha eile cúnaimh rialtais.

    2

    Ní bhaineann an Caighdeán seo le:

    (a)

    na fadhbanna speisialta a eascraíonn as cuntasaíocht a dhéanamh ar dheontais rialtais i ráitis airgeadais a léiríonn éifeachtaí luainiú praghsanna nó i bhfaisnéis fhorlíontach de chineál comhchosúil;

    (b)

    cúnamh rialtais a chuirtear ar fáil d’eintiteas i bhfoirm sochar atá ar fáil agus brabús incháinithe nó caillteanas cánach a chinneadh, nó a chinntear nó a theorannaítear ar bhonn dliteanas cánach ioncaim. Is samplaí de shochair den sórt sin iad saoire chánach ioncaim, creidmheasanna cánach infheistíochta, liúntas dímheasa luathaithe agus rátaí cánach ioncaim laghdaithe;

    (c)

    rannpháirtíocht rialtais in úinéireacht an eintitis;

    (d)

    deontais rialtais arna gcumhdach le IAS 41 Talmhaíocht.

    SAINMHÍNITHE

    3

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Tagraíonn rialtas do rialtas, do ghníomhaireachtaí rialtais agus do chomhlachtaí comhchosúla cibé acu atá siad áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó nach bhfuil.

     

    Is é atá i gcúnamh rialtais gníomhaíocht ag rialtas atá ceaptha sochar eacnamaíoch a sholáthar d’eintiteas nó do raon eintiteas a cháilíonn faoi chritéir áirithe. Ní áirítear le cúnamh rialtais chun críche an chaighdeáin seo sochair nach soláthraítear ach go hindíreach trí ghníomhaíocht a dhéanann difear do choinníollacha trádála ginearálta, amhail bonneagar a sholáthar i limistéir forbartha nó srianta trádála a fhorchur ar iomaitheoirí.

     

    Is éard iad deontais rialtais cúnamh rialtais i bhfoirm aistrithe acmhainní go dtí eintiteas mar chúiteamh ar chomhlíontacht roimhe seo nó amach anseo le dálaí áirithe a bhaineann le gníomhaíochtaí oibriúcháin an eintitis. Eisiatar leo sin na cineálacha sin de chúnamh rialtais nach féidir luach a chur orthu go réasúnach agus idirbhearta le rialtas nach féidir a idirdhealú ó ghnáthidirbhearta trádála an eintitis  (10).

     

    Is éard iad deontais a bhaineann le sócmhainní deontais rialtais arb é an coinníoll príomhúil a bhaineann leo gur cheart d’eintiteas a cháilíonn dóibh sócmhainní fadtéarmacha a cheannach, a dhéanamh nó a fháil ar shlí eile. Féadtar coinníollacha tánaisteacha a chur i gceangal leo lena gcuirtear srian ar chineál nó ar shuíomh na sócmhainní nó na tréimhsí a bhfuil siad le fáil nó le sealbhú lena linn.

     

    Is éard iad deontais a bhaineann le hioncam deontais rialtais seachas na deontais sin a bhaineann le sócmhainní.

     

    Is éard iad iasachtaí inmhaite iasachtaí a bhfuil an t-iasachtóir sásta aisíocaíocht ina leith a tharscaoileadh faoi choinníollacha forordaithe áirithe.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

    4

    Is iomaí foirm ina mbíonn cúnamh rialtais agus baineann éagsúlacht le cineál an chúnaimh a thugtar agus sna coinníollacha a chuirtear i gceangal leis, de ghnáth. D’fhéadfadh sé a bheith de chuspóir ag an gcúnamh eintiteas a spreagadh chun tabhairt faoi chúrsa gníomhaíochta nach ndéanfadh sé de ghnáth murach gur soláthraíodh an cúnamh.

    5

    D’fhéadfadh cúnamh rialtais a fhaigheann eintiteas a bheith suntasach chun ráitis airgeadais a ullmhú ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, i gcás inar aistríodh acmhainní, ní mór teacht ar mhodh iomchuí cuntasaíochta don aistriú. Ar an dara dul síos, is inmhianaithe an méid tairbhe a bhain an t-eintiteas as cúnamh den sórt sin a chur in iúl le linn na tréimhse tuairiscithe. Éascaíonn sin comparáid a dhéanamh idir ráitis airgeadais eintiteas agus ráitis airgeadais i réamhthréimhsí agus ráitis airgeadais eintiteas eile.

    6

    Tugtar ainmneacha eile ar dheontais rialtais uaireanta, amhail fóirdheontais nó préimheanna.

    DEONTAIS RIALTAIS

    7

    Ní aithneofar deontais rialtais, lena n-áirítear deontais neamhairgeadais ar luach cóir, go dtí go mbeidh dearbhú réasúnach ann maidir leis na nithe a leanas:

    (a)

    déanfaidh an t-eintiteas na coinníollacha a chuirtear i gceangal leo a chomhlíonadh; agus

    (b)

    gheofar na deontais.

    8

    Ní aithnítear deontas rialtais go dtí go mbíonn dearbhú réasúnach ann go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas na coinníollacha a chuirtear i gceangal leis, agus go bhfaighfear an deontas. Ní hionann deontas a fháil agus fianaise dhochloíte gur comhlíonadh nó go gcomhlíonfar na coinníollacha a chuirtear i gceangal leis an deontas.

    9

    Ní dhéanann an bealach a fhaightear deontas difear don mhodh cuntasaíochta atá le glacadh i leith an deontais. Dá réir sin, déantar cuntasaíocht ar dheontas ar an mbealach céanna cé acu a fhaightear mar airgead é nó mar laghdú ar dhliteanas don rialtas.

    10

    Caitear le hiasacht inmhaite ón rialtas mar dheontas rialtais i gcás ina bhfuil dearbhú réasúnach ann go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas na téarmaí maidir le maitheamh na hiasachta.

    10A

    Caitear le sochar ó iasacht rialtais ar ráta úis faoi bhun ráta an mhargaidh mar dheontas rialtais. Aithneofar an iasacht agus déanfar í a thomhas i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais. Déanfar an sochar ón ráta úis faoi bhun ráta an mhargaidh a thomhas mar an difríocht idir luach tosaigh de réir leabhar na hiasachta arna chinneadh i gcomhréir le IFRS 9 agus na fáltais a fhaightear. Déantar cuntasaíocht ar an sochar i gcomhréir leis an gCaighdeán seo. Breithneoidh an t-eintiteas na coinníollacha agus na hoibleagáidí a comhlíonadh, nó nach mór iad a chomhlíonadh, agus na costais dá bhfuil sochar na hiasachta beartaithe a chúiteamh á sainaithint.

    11

    Ar dheontas rialtais a aithint, caitear le haon dliteanas teagmhasach nó sócmhainn theagmhasach i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.

    12

    Aithneofar deontais rialtais i mbrabús nó caillteanas ar bhonn córasach le linn na dtréimhsí ina n-aithníonn an t-eintiteas mar chostais na costais ghaolmhara dá bhfuil na deontais beartaithe a chúiteamh.

    13

    Tá dhá chur chuige leathana ann i dtaca le cuntasaíocht deontas rialtais: an cur chuige caipitil, faoina n-aithnítear deontas lasmuigh de bhrabús nó caillteanas, agus an cur chuige ioncaim, faoina n-aithnítear deontas i mbrabús nó caillteanas le linn tréimhse amháin nó níos mó.

    14

    Áitíonn na daoine a thacaíonn leis an gcur chuige caipitil mar a leanas:

    (a)

    is gléas maoiniúcháin iad deontais rialtais agus ba cheart caitheamh leo amhlaidh sa ráiteas staide airgeadais seachas iad a aithint i mbrabús nó caillteanas chun na hítimí speansais a mhaoiníonn siad a fhritháireamh. Ós rud é nach bhfuil coinne le haon aisíocaíocht, ba cheart deontais den sórt sin a aithint lasmuigh de bhrabús nó caillteanas;

    (b)

    is míchuí é deontais rialtais a aithint i mbrabús nó caillteanas, mar gheall nach dtuilltear iad ach gur léiriú iad ar dhreasacht arna cur ar fáil ag an rialtas gan costais ghaolmhara.

    15

    Is mar a leanas iad na hargóintí a thacaíonn leis an gcur chuige ioncaim:

    (a)

    ós rud é gur fáltais iad deontais rialtais ó fhoinse seachas scairshealbhóirí, níor cheart iad a aithint go díreach i gcothromas ach ba cheart iad a aithint i mbrabús nó caillteanas i dtréimhsí iomchuí;

    (b)

    is annamh a bhíonn deontais rialtais saor in aisce. Tuilleann an t-eintiteas iad trí bhíthin na gcoinníollacha a ghabhann leo agus na hoibleagáidí a bheartaítear a chomhlíonadh. Ba cheart iad a aithint i mbrabús nó caillteanas, mar sin, le linn na dtréimhsí ina n-aithníonn an t-eintiteas mar chostais na costais ghaolmhara dá bhfuil an deontas beartaithe a chúiteamh;

    (c)

    ós rud é gur speansais iad ioncam agus cánacha eile, is loighciúil plé le deontais rialtais, ar síneadh ar bheartais fhioscacha iad, i mbrabús nó caillteanas.

    16

    Rud bunúsach don chur chuige ioncaim é gur cheart deontais rialtais a aithint i mbrabús nó caillteanas ar bhonn córasach le linn na dtréimhsí ina n-aithníonn an t-eintiteas mar speansais na costais ghaolmhara dá bhfuil na deontais beartaithe a chúiteamh. Maidir le deontais rialtais a aithint i mbrabús nó caillteanas ar bhonn fáltas, níl sin i gcomhréir leis an toimhde cuntasaíochta fabhraithe (féach IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais) agus ní bheadh sé inghlactha ach amháin i gcás nárbh ann do bhonn chun deontas a leithdháileadh do thréimhsí seachas an tréimhse ina bhfuarthas é.

    17

    Maidir leis na tréimhsí ar lena linn a aithníonn eintiteas na costais nó na speansais a bhaineann le deontas rialtais, is furasta iad a chinneadh sa chuid is mó de chásanna. Dá réir sin, aithnítear deontais lena n-aithnítear speansais shonracha i mbrabús nó caillteanas sa tréimhse chéanna leis na speansais ábhartha. Mar an gcéanna, aithnítear deontais a bhaineann le sócmhainní in-dímheasa i mbrabús nó caillteanas de ghnáth le linn na dtréimhsí agus sna comhréireanna ina n-aithnítear dímheas ar na sócmhainní sin.

    18

    Féadfaidh deontais a bhaineann le sócmhainní nach féidir a dhímheas a cheangal go gcomhlíontar oibleagáidí áirithe agus ansin d’aithneofaí iad i mbrabús nó caillteanas le linn na dtréimhsí ina n-íoctar an costas chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh. Mar shampla, d’fhéadfadh deontas talún a bheith ag brath ar fhoirgneamh a thógáil ar an suíomh agus d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí an deontas a aithint i mbrabús nó caillteanas le linn shaolré an fhoirgnimh.

    19

    Faightear deontais mar chuid de phacáiste cúnaimh airgeadais nó fhioscaigh a gcuirtear roinnt coinníollacha i gceangal leo. Sna cásanna sin, ní mór a bheith cúramach agus na coinníollacha as a leanann costais agus speansais lena gcinntear na tréimhsí a dtuillfear an deontas lena linn a shainaithint. D’fhéadfadh sé a bheith iomchuí cuid de dheontas a leithdháileadh ar bhonn amháin agus cuid ar bhonn eile.

    20

    Deontas rialtais a thagann chun bheith infhála mar chúiteamh ar speansais nó caillteanais a tabhaíodh cheana féin chun críche tacaíocht airgeadais láithreach a thabhairt don eintiteas gan aon chostas gaolmhar sa todhchaí ag baint léi, aithneofar é i mbrabús nó caillteanas na tréimhse ina dtagann sé chun bheith infhála.

    21

    In imthosca áirithe, féadtar deontas rialtais a dheonú chun críche tacaíocht airgeadais láithreach a thabhairt d’eintiteas seachas mar dhreasacht chun tabhairt faoi chaiteachas sonrach. Féadtar deontais den sórt sin a theorannú d’eintiteas sonrach agus féadfar nach mbeidh siad ar fáil d’aicme iomlán tairbhithe. D’fhéadfadh, de bharr na n-imthosca sin, go mbeadh gá le deontas a aithint i mbrabús nó caillteanas sa tréimhse ina gcáilíonn an t-eintiteas chun an deontas sin a fháil, agus é a nochtadh lena áirithiú go dtuigfear go soiléir an éifeacht a bhí aige.

    22

    Féadfaidh deontas rialtais teacht chun bheith infhála ag eintiteas mar chúiteamh ar speansais nó caillteanais a tabhaíodh i dtréimhse roimhe sin. Aithnítear deontas den sórt sin i mbrabús nó caillteanas don tréimhse ina dtagann sé chun bheith infhála, agus nochtar é lena áirithiú go dtuigfear go soiléir an éifeacht a bhí aige.

    Deontais rialtais neamhairgeadaíochta

    23

    Féadfaidh deontas rialtais a bheith i bhfoirm aistriú sócmhainne neamhairgeadaíochta, amhail talamh nó acmhainní eile, le húsáid ag an eintiteas. Sna himthosca sin, is gnách measúnú a dhéanamh ar luach cóir na sócmhainne neamhairgeadaíochta agus cuntasaíocht a dhéanamh ar an deontas agus ar an tsócmhainn ar an luach cóir sin. Gnás eile a leantar uaireanta is ea an tsócmhainn agus an deontas a thaifeadadh ar mhéid ainmniúil.

    Cur i láthair deontas a bhaineann le sócmhainní

    24

    Deontais rialtais a bhaineann le sócmhainní, lena n-áirítear deontais neamhairgeadaíochta ar luach cóir, cuirfear i láthair iad sa ráiteas staide airgeadais trí bhíthin an deontas a shocrú mar ioncam iarchurtha nó trí bhíthin an deontas a asbhaint ar theacht ar shuim ghlanluacha na sócmhainne.

    25

    Meastar gur roghanna malartacha inghlactha iad dhá mhodh chun deontais (nó na sciartha iomchuí de dheontais) a bhaineann le sócmhainní a chur i láthair i ráitis airgeadais.

    26

    Le modh amháin, aithnítear an deontas mar ioncam iarchurtha arna aithint i mbrabús nó caillteanas ar bhonn córasach thar shaolré fhóinteach na sócmhainne.

    27

    Leis an modh eile, asbhaintear an deontas agus suim ghlanluacha na sócmhainne á ríomh. Aithnítear an deontas i mbrabús nó caillteanas thar shaolré sócmhainne in-dímheasa mar speansas dímheasa laghdaithe.

    28

    Féadfaidh ceannach sócmhainní agus fáltas deontas gaolmhar a bheith ina gcúis le gluaiseachtaí ollmhóra i sreabhadh airgid eintitis. Ar an gcúis sin agus chun an oll-infheistíocht i sócmhainní a thaispeáint, is minic a nochtar gluaiseachtaí den sórt sin mar ítimí ar leithligh sa ráiteas ar shreafaí airgid gan beann ar cibé a asbhaintear an deontas ón tsócmhainn ghaolmhar chun críche cur i láthair sa ráiteas maidir le staid airgeadais, nó nach n-asbhaintear.

    Cur i láthair deontas a bhaineann le hioncam

    29

    Déantar deontais a bhaineann le hioncam a chur i láthair mar chuid de bhrabús nó caillteanas, ar leithligh nó faoi cheannteideal ginearálta amhail ‘Ioncam eile’; de rogha air sin, asbhaintear iad agus an speansas gaolmhar á thuairisciú.

    29A

    [Scriosta]

    30

    Maíonn lucht tacaíochta na chéad mhodha gur míchuí é maidir le glanioncam agus ítimí speansais agus, trí bhíthin an deontas a dheighilt ón speansas, go n-éascaítear comparáid le speansais eile nach ndéanann deontas difear dóibh. Maidir leis an dara modh, áitítear gur seans maith nach mbeadh na speansais tabhaithe ag an eintiteas mura mbeadh an deontas ar fáil agus dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a bheith míthreorach an speansas a chur i láthair gan an deontas a fhritháireamh.

    31

    Meastar an dá mhodh a bheith inghlactha chun deontais a bhaineann le hioncam a chur i láthair. D’fhéadfadh sé gur gá an deontas a nochtadh chun tuiscint cheart a fháil ar na ráitis airgeadais. De ghnáth, is iomchuí é an difear a dhéanann na deontais d’aon ítim ioncaim nó speansais is gá a nochtadh ar leithligh a nochtadh.

    Aisíocaíocht deontas rialtais

    32

    Déanfar cuntasaíocht ar dheontas rialtais a thagann chun bheith in-aisíoctha mar athrú ar an meastachán cuntasaíochta (féach IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta). Déanfar aisíocaíocht deontas a bhaineann le hioncam a chur i bhfeidhm in aghaidh aon chreidmheas iarchurtha gan amúchadh i leith an deontais. A mhéid a sháraíonn an aisíocaíocht aon chreidmheas iarchurtha den sórt sin nó i gcás nach ann d’aon chreidmheas iarchurtha, aithneofar an aisíocaíocht láithreach i mbrabús nó caillteanas. Aithneofar aisíocaíocht deontas a bhaineann le sócmhainn trí bhíthin suim ghlanluacha na sócmhainne a mhéadú nó iarmhéid an ioncaim iarchurtha a laghdú faoin méid in-aisíoctha. An dímheas breise carnach a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas go dtí seo d’uireasa an deontais, aithneofar láithreach é i mbrabús nó caillteanas.

    33

    Is féidir go gceanglófar leis na himthosca as a leanann aisíocaíocht deontas a bhaineann le sócmhainn go gcaithfí lagú féideartha suim ghlanluacha nua na sócmhainne a bhreithniú.

    CÚNAMH RIALTAIS

    34

    Eisiatar ón sainmhíniú ar dheontais rialtais i mír 3 cineálacha áirithe cúnaimh rialtais nach féidir luach a chur orthu go réasúnach agus idirbhearta le rialtas nach féidir a idirdhealú ó ghnáthidirbhearta trádála an eintitis.

    35

    Is samplaí de chúnamh nach féidir luach a chur orthu go réasúnach iad comhairle theicniúil nó margaíochta saor in aisce agus soláthar ráthaíochtaí. Is sampla de chúnamh nach féidir a idirdhealú ó ghnáthidirbhearta trádála an eintitis é beartas soláthair rialtais atá freagrach as sciar de dhíolacháin an eintitis. D’fhéadfadh láithreacht an tsochair a bheith gan cheist ach d’fhéadfadh aon iarracht na gníomhaíochtaí trádála a dheighilt ó chúnamh rialtais a bheith treallach.

    36

    D’fhéadfadh suntas an tsochair sna samplaí thuas a bheith amhail gur gá cineál, méid agus fad an chúnaimh a nochtadh le nach mbeidh na ráitis airgeadais míthreorach.

    37

    [Scriosta]

    38

    Sa chaighdeán seo, ní áirítear le cúnamh rialtais bonneagar a sholáthar trí bhíthin feabhas a chur ar an ngréasán ginearálta iompair agus cumarsáide agus saoráidí feabhsaithe a sholáthar amhail uisciú agus líontánú uisce atá ar fáil ar bhonn leanúnach neamhchinntithe chun tairbhe phobal áitiúil iomlán.

    NOCHTADH

    39

    Nochtfar na hábhair a leanas:

    (a)

    an beartas cuntasaíochta a ghlactar le haghaidh deontas rialtais, lena n-áirítear na modhanna a ghlactar chun na ráitis airgeadais a chur i láthair;

    (b)

    cineál agus méid na ndeontas rialtais a aithnítear sna ráitis airgeadais agus léiriú ar chineálacha eile cúnaimh rialtais ar thairbhigh an t-eintiteas go díreach díobh; agus

    (c)

    coinníollacha neamhchomhlíonta agus teagmhais eile atá i gceangal le cúnamh rialtais atá aitheanta.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    40

    Déanfaidh eintiteas a ghlacann an caighdeán den chéad uair na nithe a leanas:

    (a)

    na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh, i gcás inarb iomchuí; agus

    (b)

    cibé acu:

    (i)

    a ráitis airgeadais a choigeartú don athrú ar bheartas cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8; nó

    (ii)

    forálacha cuntasaíochta an chaighdeáin a chur i bhfeidhm maidir le deontais nó sciartha de dheontais a thagann chun bheith infhála nó iníoctha i ndiaidh dháta éifeachtach an chaighdeáin, agus maidir leo sin amháin.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    41

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1984 nó ina dhiaidh sin.

    42

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Sa bhreis air sin, cuireadh mír 29A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    43

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, scriosadh mír 377 agus cuireadh mír 10A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le hiasachtaí rialtais a fuarthas i dtréimhsí dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44

    [Scriosta]

    45

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 3. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    46

    Le Cur i Láthair Ítimí Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 29 agus scriosadh mír 29A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    47

    [Scriosta]

    48

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 10A agus scriosadh míreanna 44 agus 47. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 21

    Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí

    CUSPÓIR

    1

    Féadfaidh eintiteas gníomhaíochtaí eachtracha a dhéanamh ar dhá bhealach. Féadfaidh sé idirbhearta a dhéanamh in airgeadraí eachtracha nó féadfaidh sé oibríochtaí eachtracha a bheith aige. Sa bhreis air sin, féadfaidh eintiteas a ráitis airgeadais a chur i láthair in airgeadra eachtrach. Is é is cuspóir don chaighdeán seo forordú a thabhairt maidir leis an tslí le hidirbhearta in airgeadra eachtrach agus oibríochtaí eachtracha a chur san áireamh i ráitis airgeadais eintitis agus an tslí le ráitis airgeadais a aistriú ina airgeadra tuairiscithe.

    2

    Cén ráta(í) malairte atá le húsáid agus cén tslí leis na héifeachtaí a bhí ag athruithe ar ráta malairte sna ráitis airgeadais a thuairisciú, sin iad na saincheisteanna príomhúla.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm (11):

    (a)

    agus cuntasaíocht á déanamh ar idirbhearta agus iarmhéideanna in airgeadraí eachtracha, seachas i gcás na n-idirbheart díorthach agus na n-iarmhéideanna a thagann faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (b)

    agus torthaí agus staid airgeadais na n-oibríochtaí eachtracha atá san áireamh i ráitis airgeadais an eintitis trí chomhdhlúthú nó trí mhodh an chothromais á n-aistriú; agus

    (c)

    agus torthaí agus staid airgeadais eintitis á n-aistriú ina airgeadra tuairiscithe.

    4

    Tá feidhm ag IFRS 9 maidir le go leor díorthach airgeadra eachtraigh agus, dá réir sin, tá sin eisiata ó raon feidhme an Chaighdeáin seo. Mar sin féin, na díorthaigh airgeadra eachtraigh sin nach bhfuil faoi raon feidhme IFRS 9 (e.g. díorthaigh airgeadra eachtraigh áirithe atá leabaithe i gconarthaí eile), tá siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo. Sa bhreis air sin, níl feidhm ag an gCaighdeán seo ach amháin i gcás ina n-aistríonn eintiteas méideanna a bhaineann le hionstraimí díorthacha óna airgeadra feidhmiúil go dtí a airgeadra tuairiscithe.

    5

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le cuntasaíocht fálaithe le haghaidh ítimí airgeadra eachtraigh, lena n-áirítear fálú ar ghlaninfheistíocht in oibríocht eachtrach. Tá feidhm ag IFRS 9 maidir le cuntasaíocht fálaithe.

    6

    Tá feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le cur i láthair ráiteas airgeadais eintitis in airgeadra eachtrach agus leagtar amach ceanglais chun tuairisc a thabhairt ar na ráitis airgeadais sin mar chinn a chomhlíonann na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna). Maidir le faisnéis airgeadais a aistriú ina airgeadra eachtrach nach gcomhlíonann na ceanglais sin, sonraítear an fhaisnéis atá le nochtadh sa chaighdeán seo.

    7

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis na sreafaí airgid a eascraíonn as idirbhearta in airgeadra eachtrach a chur i láthair i ráiteas ar shreafaí airgid, ná maidir le haistriú sreafaí airgid oibríochta eachtraí (féach IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid).

    SAINMHÍNITHE

    8

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is ráta reatha ann, an spotráta malairte ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

     

    Is éard is Difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte ann, an difríocht a leanann as líon ar leith aonad airgeadra amháin a aistriú go hairgeadra eile ag rátaí malairte difriúla.

     

    Is éard is ráta malairte ann an cóimheas malairte le haghaidh dhá airgeadra.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Is éard is airgeadra eachtrach ann, airgeadra seachas airgeadra feidhmiúil an eintitis.

     

    Is ionann oibríocht eachtrach agus eintiteas atá ina fhochuideachta, ina ghnólacht comhlachaithe, ina chomhfhiontar nó ina bhrainse d’eintiteas tuairiscithe, a bhfuil na gníomhaíochtaí ina leith lonnaithe nó curtha i gcrích i dtír nó in airgeadra seachas tír nó airgeadra an eintitis tuairiscithe.

     

    Is éard atá san airgeadra feidhmiúil, airgeadra na príomhthimpeallachta eacnamaíche ina bhfeidhmíonn an t-eintiteas.

     

    Is éard is grúpa ann, máthairchuideachta agus a fochuideachtaí go léir.

     

    Is éard is míreanna airgeadaíochta ann, aonaid airgeadra arna sealbhú agus sócmhainní agus dliteanais atá le fáil nó le híoc i líon seasta nó inchinntithe aonad airgeadra.

     

    Is éard is glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach ann, méid leasa eintiteas tuairiscithe i nglansócmhainní na hoibríochta sin.

     

    Is éard is airgeadra tuairiscithe ann, an t-airgeadra ina gcuirtear na ráitis airgeadais i láthair.

     

    Is é an spotráta malairte an ráta malairte atá le seachadadh láithreach.

    Tuilleadh sonraí maidir leis na sainmhínithe

    Airgeadra feidhmiúil

    9

    Is gnách gurb í an phríomhthimpeallacht eacnamaíoch ina n-oibríonn eintiteas an ceann ina ngineann agus ina gcaitheann sé airgead, go príomha. Breithníonn eintiteas na fachtóirí a leanas agus a airgeadra feidhmiúil á chinneadh:

    (a)

    an t-airgeadra:

    (i)

    arb é is mó a imríonn tionchar ar phraghsanna díolacháin le haghaidh earraí agus seirbhísí (is minic gurb é an t-airgeadra ina n-ainmnítear agus ina socraítear praghsanna díolacháin le haghaidh a earraí agus seirbhísí a bheidh i gceist leis sin); agus

    (ii)

    an tír arb iad a bhfórsaí iomaíocha agus a rialacháin is mó a chinneann praghsanna díolacháin a earraí agus seirbhísí;

    (b)

    an t-airgeadra arb é is mó a imríonn tionchar ar chostais saothair, ábhair, agus eile maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar (is minic gurb é an t-airgeadra ina n-ainmnítear agus ina socraítear costais den sórt sin a bheidh i gceist leis sin).

    10

    Féadfaidh na fachtóirí a leanas fianaise ar airgeadra feidhmiúil eintitis a sholáthar freisin:

    (a)

    an t-airgeadra ina ngintear cistí ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin (i.e. fiachas agus ionstraimí cothromais a eisiúint);

    (b)

    an t-airgeadra ina gcoinnítear fáltais ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin de ghnáth.

    11

    Breithnítear na fachtóirí breise seo agus airgeadra feidhmiúil oibríochta eachtraí á chinneadh, agus cibé atá nó nach bhfuil a airgeadra feidhmiúil mar an gcéanna le hairgeadra feidhmiúil an eintitis tuairiscithe (sa chomhthéacs seo, is é an t-eintiteas tuairiscithe an t-eintiteas a bhfuil an oibríocht eachtrach mar fhochuideachta, brainse, comhlach nó comhshocrú aige):

    (a)

    cibé a dhéantar nó nach ndéantar gníomhaíochtaí na hoibríochta eachtraí mar shíneadh ar an eintiteas tuairiscithe, seachas iad a dhéanamh le méid suntasach neamhspleáchais. Sampla den chéad cheann thuasluaite is ea nuair nach ndíolann an oibríocht eachtrach ach earraí a allmhairítear ón eintiteas tuairiscithe agus nuair a sheolann sí na fáltais chuige. Sampla den cheann deireanach thuasluaite is ea nuair a charnann an oibríocht airgead agus míreanna airgeadaíochta eile, nuair a thabhaíonn sí speansais, nuair a ghineann sí ioncam agus nuair a shocraíonn sí iasachtaí, ina hairgeadra áitiúil, go substaintiúil;

    (b)

    cibé an sciar ard nó sciar íseal de ghníomhaíochtaí na hoibríochta eachtraí iad idirbhearta leis an eintiteas tuairiscithe;

    (c)

    cé acu a dhéanann nó nach ndéanann sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí na hoibríochta eachtraí difear go díreach do shreafaí airgid an eintitis tuairiscithe agus cibé atá nó nach bhfuil siad ar fáil go héasca lena seoladh chuige;

    (d)

    cé acu atá nó nach bhfuil sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí na hoibríochta eachtraí leordhóthanach chun freastal ar oibleagáidí fiachais atá ann cheana féin agus arb iondúil a mbíonn coinne leo gan cistí á gcur ar fáil ag an eintiteas tuairiscithe.

    12

    Nuair a mheasctar na táscairí thuas agus nach léir an t-airgeadra feidhmiúil, úsáideann an bhainistíocht a breithiúnas chun an t-airgeadra feidhmiúil is mó a thugann léiriú dílis ar éifeachtaí eacnamaíocha na n-idirbheart, na dteagmhas agus na gcoinníollacha foluiteacha. Mar chuid den chur chuige sin, tugann an bhainistíocht tosaíocht do na táscairí príomhúla i mír 9 sula mbreithníonn sí na táscairí i míreanna 10 agus 11, atá ceaptha chun fianaise tacaíochta bhreise a sholáthar chun airgeadra feidhmiúil eintitis a chinneadh.

    13

    Tugann airgeadra feidhmiúil eintitis léiriú ar na hidirbhearta, na teagmhais agus na coinníollacha foluiteacha atá ábhartha dó. Dá réir sin, ach é a chinneadh, ní athraítear an t-airgeadra feidhmiúil ach amháin sa chás go dtagann athrú ar na hidirbhearta, na teagmhais agus na coinníollacha foluiteacha sin.

    14

    I gcás inar airgeadra gheilleagar hipearbhoilscitheach é an t-airgeadra feidhmiúil, déantar ráitis airgeadais an eintitis a athshonrú i gcomhréir le IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha. Ní fhéadfaidh eintiteas athshonrú i gcomhréir le IAS 29 a sheachaint trí, mar shampla, airgeadra seachas an t-airgeadra feidhmiúil arna chinneadh i gcomhréir leis an gcaighdeán seo a ghlacadh mar a airgeadra feidhmiúil (amhail airgeadra feidhmiúil a mháthairchuideachta).

    Glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach

    15

    Féadfaidh eintiteas mír airgeadaíochta a bheith aige atá infhála ó oibríocht eachtrach nó iníoctha léi. Ítim nach bhfuil socrú pleanáilte di nó nach dócha go dtarlóidh socrú ina leith sa todhchaí intuartha, is cuid de ghlaninfheistíocht an eintitis san oibríocht eachtrach sin í, go substaintiúil, agus déantar cuntasaíocht uirthi i gcomhréir le míreanna 32 agus 33. D’fhéadfadh earraí nó iasachtaí fadtéarmacha infhála a bheith i gceist le míreanna airgeadaíochta den sórt sin. Ní áirítear leo earraí trádála infhála ná suimeanna trádála iníoctha.

    15A

    Féadfaidh aon fhochuideachta den ghrúpa a bheith i gceist leis an eintiteas a bhfuil mír airgeadaíochta aige atá infhála ó oibríocht eachtrach nó iníoctha léi, mar a thuairiscítear i mír 15. Tá dhá fhochuideachta ag eintiteas, A agus B, mar shampla. Oibríocht eachtrach is ea fochuideachta B. Deonaíonn Fochuideachta A iasacht do Fhochuideachta B. Bheadh iasacht Fhochuideachta A atá infhála ó Fhochuideachta B mar chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis i bhFochuideachta B sa chás nach mbeadh socrú na hiasachta pleanáilte nó nár dócha go dtarlódh socrú ina leith sa todhchaí intuartha. Bheadh sin fíor freisin i gcás gur oibríocht eachtrach a bheadh i bhFochuideachta A í féin.

    Míreanna airgeadaíochta

    16

    Is é an ghné fíor-riachtanach a bhaineann le mír airgeadaíochta, an ceart chun líon seasta nó inchinntithe aonad airgeadra a fháil (nó oibleagáid maidir leis sin a sholáthar). Ar shamplaí tá: pinsin agus sochair eile fostaithe atá le híoc in airgead; forálacha atá le socrú in airgead; dliteanais léasa; agus díbhinní airgid a aithnítear mar dhliteanas. Mar an gcéanna, is mír airgeadaíochta é conradh chun líon athraitheach d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil (nó a sholáthar) nó líon athraitheach sócmhainní ina bhfuil an luach cóir atá le fáil (nó le soláthar) cothrom le líon seasta nó inchinntithe aonad airgeadra. Ar an taobh eile, is é an ghné fíor-riachtanach a bhaineann le mír neamhairgeadaíochta, an ceart chun líon seasta nó inchinntithe aonad airgeadra a fháil (nó oibleagáid maidir leis sin a sholáthar) a bheith in easnamh. Ar shamplaí tá: méideanna réamhíoctha as earraí agus seirbhísí; cáilmheas; sócmhainní doláimhsithe; fardail; réadmhaoin, gléasra agus trealamh; sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide; agus forálacha atá le socrú trí bhíthin sócmhainn neamhairgeadaíochta a sholáthar.

    ACHOIMRE AR AN gCUR CHUIGE A CHEANGLAÍTEAR LEIS AN gCAIGHDEÁN SEO

    17

    Agus ráitis airgeadais á n-ullmhú, gach eintiteas — cibé acu eintiteas saorsheasaimh, eintiteas a bhfuil oibríochtaí eachtracha aige (amhail máthairchuideachta) nó oibríocht eachtrach (amhail fochuideachta nó brainse) — cinneann sé a airgeadra feidhmiúil i gcomhréir le míreanna 9-14. Aistríonn an t-eintiteas ítimí airgeadra eachtraigh go dtí a airgeadra feidhmiúil agus tuairiscíonn éifeachtaí aistriú den sórt sin i gcomhréir le míreanna 20-37 agus 50.

    18

    Is iomaí eintiteas tuairiscithe atá comhdhéanta de roinnt eintiteas aonair (e.g. tá grúpa comhdhéanta de mháthairchuideachta agus fochuideachta amháin nó níos mó). D’fhéadfadh infheistíochtaí in eintitis chomhlachaithe nó comhshocruithe a bheith ag cineálacha éagsúla eintiteas, bídís ina gcomhaltaí de ghrúpa nó nach bíodh. Féadfaidh siad brainsí a bheith acu freisin. Is gá torthaí agus staid airgeadais gach eintitis aonair atá mar chuid den eintiteas tuairiscithe a aistriú go dtí an t-airgeadra ina gcuireann an t-eintiteas tuairiscithe a ráitis airgeadais i láthair. Leis an gcaighdeán seo, ceadaítear aon airgeadra (nó airgeadraí) a úsáid chun airgeadra tuairiscithe eintitis tuairiscithe a chur i láthair. Torthaí agus staid airgeadais aon eintitis aonair laistigh den eintiteas tuairiscithe a bhfuil a airgeadra feidhmiúil difriúil ón airgeadra tuairiscithe, déantar iad a aistriú i gcomhréir le míreanna 38-50.

    19

    Leis an gCaighdeán seo, ceadaítear d’eintiteas saorsheasaimh a bhfuil ráitis airgeadais á n-ullmhú aige, nó d’eintiteas a bhfuil ráitis airgeadais ar leithligh á n-ullmhú aige i gcomhréir le IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh, a ráitis airgeadais a chur i láthair in aon airgeadra (nó airgeadraí). I gcás ina bhfuil airgeadra tuairiscithe an eintitis difriúil óna airgeadra feidhmiúil, déantar a thorthaí agus a staid airgeadais a aistriú go dtí an t-airgeadra tuairiscithe i gcomhréir le míreanna 38-50.

    IDIRBHEARTA IN AIRGEADRA EACHTRACH A THUAIRISCIÚ SAN AIRGEADRA FEIDHMIÚIL

    Aitheantas tosaigh

    20

    Is éard is idirbheart in airgeadra eachtrach ann, idirbheart a ainmnítear nó nach mór a shocrú in airgeadra eachtrach, lena n-áirítear idirbhearta a eascraíonn nuair a dhéanann eintiteas:

    (a)

    earraí nó seirbhísí a n-ainmnítear a bpraghas in airgeadra eachtrach a cheannach nó a dhíol;

    (b)

    cistí a fháil nó a thabhairt ar iasacht nuair a ainmnítear na méideanna iníoctha nó infhála in airgeadra eachtrach; nó

    (c)

    sócmhainní a ainmnítear in airgeadra eachtrach a fháil nó a dhiúscairt ar bhealach eile, nó dliteanais, a ainmnítear in airgeadra eachtrach, a thabhú nó a shocrú.

    21

    Taifeadfar idirbheart in airgeadra eachtrach, ar aitheantas tosaigh san airgeadra feidhmiúil, tríd an spotráta malairte idir an t-airgeadra feidhmiúil agus an t-airgeadra eachtrach ar dháta an idirbhirt a chur i bhfeidhm ar mhéid an airgeadra eachtraigh.

    22

    Is éard is dáta idirbhirt ann, an dáta a cháilíonn an t-idirbheart le haghaidh aitheantais den chéad uair i gcomhréir le IFRSanna. Ar chúiseanna praiticiúla, is minic a úsáidtear ráta atá ina neastachán ar an ráta iarbhír ar dháta an idirbhirt, mar shampla, d’fhéadfaí meánráta seachtaine nó míosa a úsáid le haghaidh gach idirbhirt i ngach airgeadra eachtrach a tharlaíonn i rith na tréimhse sin. Má thagann luaineacht shuntasach ar rátaí malairte, áfach, is míchuí é meánráta a úsáid le haghaidh tréimhse.

    Tuairisciú ag deireadh tréimhsí tuairiscithe ina dhiaidh sin

    23

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    aistreofar míreanna airgeadaíochta in airgeadra eachtrach ag úsáid an ráta reatha;

    (b)

    míreanna neamhairgeadaíochtaa thomhaistear i dtéarmaí costais stairiúil in airgeadra eachtrach, aistreofar iad ag úsáid an ráta malairte amhail ar dháta an idirbhirt; agus

    (c)

    míreanna neamhairgeadaíochta a thomhaistear ar luach cóir in airgeadra eachtrach, aistreofar iad ag úsáid na rátaí malairte amhail ar an dáta ar tomhaiseadh an luach cóir.

    24

    Déantar suim ghlanluacha míre a chinneadh i gcomhar le caighdeáin ábhartha eile. Is féidir réadmhaoin, gléasra agus trealamh a thomhas mar shampla, i dtéarmaí luach cóir nó costas stairiúil i gcomhréir le IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh. Cibé acu a chinntear an tsuim ghlanluacha ar bhonn costais stairiúil nó ar bhonn luacha cóir, i gcás ina gcinntear an méid in airgeadra eachtrach, aistrítear ansin é go dtí an t-airgeadra feidhmiúil i gcomhréir leis an gcaighdeán seo.

    25

    Déantar suimeanna glanluacha roinnt míreanna a chinneadh trí bhíthin comparáid a dhéanamh idir dhá mhéid nó níos mó. Is é suim ghlanluacha fardal mar shampla an ceann is ísle idir costas agus glanluach inréadaithe i gcomhréir le IAS 2 Fardail. Mar an gcéanna, i gcomhréir le IAS 36 Lagú Sócmhainní, is é suim ghlanluacha sócmhainne a bhfuil tásc ar lagú ann ina leith an ceann is ísle idir a suim ghlanluacha sula mbreithnítear caillteanais lagaithe fhéideartha agus a méid in-aisghabhála. I gcás inar sócmhainn neamhairgeadaíochta í an tsócmhainn sin agus ina dtomhaistear í in airgeadra eachtrach, cinntear an tsuim ghlanluacha trí bhíthin comparáid a dhéanamh idir:

    (a)

    an costas nó an tsuim ghlanluacha, de réir mar is iomchuí, arna aistriú ag an ráta malairte amhail ar an dáta a cinneadh an tsuim sin (i.e. an ráta amhail ar dháta an idirbhirt do mhír a thomhaistear i dtéarmaí costais stairiúil); agus

    (b)

    an glanluach inréadaithe nó an méid in-aisghabhála, de réir mar is iomchuí, arna aistriú ag an ráta malairte amhail ar an dáta a cinneadh an luach sin (e.g. an ráta reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe).

    D’fhéadfadh sé a bheith mar éifeacht ag an gcomparáid seo go n-aithnítear caillteanas lagaithe san airgeadra feidhmiúil ach nach n-aithneofá é san airgeadra eachtrach, nó vice versa.

    26

    I gcás ina bhfuil roinnt rátaí malairte ar fáil, is é an ráta a úsáidtear ná an ráta ar a bhféadfaí na sreafaí airgid todhchaí, a léirítear leis an idirbheart nó an iarmhéid, a shocrú dá dtarlódh na sreafaí airgid sin ar dháta an tomhais. I gcás ina bhfuil inmhalartaitheacht idir dhá airgeadra in easnamh go sealadach, is é an ráta a úsáidtear ná an chéad ráta ina dhiaidh sin ar a bhféadfaí malartú a dhéanamh.

    Difríochtaí ráta malairte a aithint

    27

    Mar a tugadh ar aird i mír 3(a) agus i mír 5, tá feidhm ag IFRS 9 maidir le cuntasaíocht fálaithe le haghaidh míreanna in airgeadra eachtrach. Chun cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm, éilítear ar eintiteas cuntasaíocht a dhéanamh ar roinnt difríochtaí ráta malairte ar bhealach difriúil ón mbealach a chaitear le difríochtaí ráta malairte a cheanglaítear leis an gCaighdeán seo. Ceanglaítear le IFRS 9 mar shampla go ndéantar difríochtaí ráta malairte ar mhíreanna airgeadaíochta a cháilíonn mar ionstraimí fálúcháin i bhfálú sreabhaidh airgid a aithint ar dtús in ioncam cuimsitheach eile a mhéid atá an fálú éifeachtach.

    28

    Difríochtaí ráta malairte a eascraíonn as míreanna airgeadaíochta a shocrú nó míreanna airgeadaíochta a aistriú ag rátaí atá difriúil ó na rátaí ar ar aistríodh iad amhail ag aitheantas tosaigh le linn na tréimhse nó i ráitis airgeadais roimhe, déanfar iad a aithint i mbrabús nó caillteanas sa tréimhse ina n-eascraíonn siad, ach amháin mar a thuairiscítear i mír 32.

    29

    I gcás ina n-eascraíonn míreanna airgeadaíochta ó idirbheart in airgeadra eachtrach agus go dtagann athrú ar an ráta malairte idir dáta an idirbhirt agus dáta na socraíochta, is difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte an toradh air sin. I gcás ina socraítear an t-idirbheart laistigh den tréimhse chuntasaíochta chéanna leis an tréimhse inar tharla sé, aithnítear an difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte go léir sa tréimhse sin. Mar sin féin, i gcás ina socraítear an t-idirbheart i dtréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin, déantar an difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte a aithnítear i ngach tréimhse suas go dtí dáta na socraíochta a chinneadh leis an athrú ar rátaí malairte i rith gach tréimhse.

    30

    I gcás ina ndéantar gnóthachan nó caillteanas maidir le mír neamhairgeadaíochta a aithint in ioncam cuimsitheach eile, déanfar aon chomhpháirt malartaithe den ghnóthachan nó caillteanas sin a aithint in ioncam cuimsitheach eile. Ar an taobh eile, i gcás ina ndéantar gnóthachan nó caillteanas maidir le mír neamhairgeadaíochta a aithint i mbrabús nó caillteanas, déanfar aon chomhpháirt malartaithe den ghnóthachan nó caillteanas sin a aithint i mbrabús nó caillteanas.

    31

    Le IFRSanna eile, ceanglaítear go ndéantar roinnt gnóthachan agus caillteanas a aithint in ioncam cuimsitheach eile. Le IAS 16, ceanglaítear go ndéantar roinnt gnóthachan agus caillteanas a eascraíonn as athluacháil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a aithint in ioncam cuimsitheach eile, mar shampla. Nuair a thomhaistear sócmhainn den sórt sin in airgeadra eachtrach, ceanglaítear le mír 23(c) den chaighdeán seo go ndéantar an méid athluacháilte a aistriú ag úsáid an ráta amhail ar an dáta a chinntear an luach, as a leanann difríocht ráta malairte a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile freisin.

    32

    Difríochtaí ráta malairte a eascraíonn as mír airgeadaíochta atá mar chuid de ghlaninfheistíocht eintitis tuairiscithe in oibríocht eachtrach (féach mír 15), déanfar iad a aithint i mbrabús nó caillteanas i ráitis airgeadais ar leithligh an eintitis tuairiscithe nó i ráitis airgeadais ar leithligh na hoibríochta eachtraí, de réir mar is iomchuí. Sna ráitis airgeadais a áiríonn an oibríocht eachtrach agus an t-eintiteas tuairiscithe (e.g. ráitis airgeadais chomhdhlúite i gcás gur fochuideachta í an oibríocht eachtrach), déanfar difríochtaí ráta malairte den sórt sin a aithint in ioncam cuimsitheach eile ar dtús agus déanfar iad a athaicmiú ó chothromas go dtí brabús nó caillteanas ar dhiúscairt na glaninfheistíochta i gcomhréir le mír 48.

    33

    Nuair is cuid de ghlaninfheistíocht eintitis tuairiscithe in oibríocht eachtrach í mír airgeadaíochta agus go n-ainmnítear í in airgeadra feidhmiúil an eintitis tuairiscithe, eascraíonn difríocht ráta malairte i ráitis airgeadais aonair na hoibríochta eachtraí i gcomhréir le mír 28. Má ainmnítear mír den sórt sin in airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí, eascraíonn difríocht ráta malairte i ráitis airgeadais ar leithligh an eintitis tuairiscithe i gcomhréir le mír 28. Má ainmnítear mír den sórt sin in airgeadra seachas airgeadra feidhmiúil an eintitis tuairiscithe nó na hoibríochta eachtraí, eascraíonn difríocht ráta malairte i ráitis airgeadais aonair an eintitis tuairiscithe agus i ráitis airgeadais aonair na hoibríochta eachtraí i gcomhréir le mír 28. Déantar difríochtaí ráta malairte den sórt sin a aithint in ioncam cuimsitheach eile sna ráitis airgeadais ina n-áirítear an oibríocht eachtrach agus an t-eintiteas tuairiscithe (i.e. ráitis airgeadais ina ndéantar an oibríocht eachtrach a chomhdhlúthú nó ina ndéantar cuntasaíocht uirthi ag úsáid mhodh an chothromais).

    34

    Nuair a choinníonn eintiteas a leabhair agus a thaifid in airgeadra seachas a airgeadra feidhmiúil, déantar gach méid a aistriú go dtí an t-airgeadra feidhmiúil an tráth a ullmhaíonn an t-eintiteas a ráitis airgeadais, i gcomhréir le míreanna 20-26. Leis sin, tugtar na méideanna céanna san airgeadra feidhmiúil agus a bheadh ann dá dtaifeadfaí na míreanna san airgeadra feidhmiúil ar dtús. Mar shampla, déantar míreanna airgeadaíochta a aistriú go dtí an t-airgeadra feidhmiúil ag úsáid an ráta reatha, agus déantar míreanna neamhairgeadaíochta a thomhaistear ar bhonn costais stairiúil a aistriú ag úsáid an ráta malairte amhail ar dháta an idirbhirt as a lean a n-aitheantas.

    Athrú ar an airgeadra feidhmiúil

    35

    Nuair a thagann athrú ar airgeadra feidhmiúil eintitis, cuirfidh an t-eintiteas na nósanna imeachta aistriúcháin is infheidhme maidir leis an airgeadra feidhmiúil nua i bhfeidhm go hionchasach ó dháta an athraithe.

    36

    Mar a tugadh ar aird i mír 13, léiríonn airgeadra feidhmiúil eintitis na hidirbhearta, teagmhais agus coinníollacha foluiteacha atá ábhartha don eintiteas. Dá réir sin, chomh luath agus a chinntear an t-airgeadra feidhmiúil, ní féidir é a athrú ach amháin má thagann athrú ar na hidirbhearta, teagmhais agus coinníollacha foluiteacha sin. D’fhéadfadh athrú teacht ar airgeadra feidhmiúil eintitis mar shampla de thoradh athrú ar an airgeadra a mbíonn tionchar aige, de ghnáth, ar phraghsanna díolacháin earraí agus seirbhísí.

    37

    Déantar cuntasaíocht chúlghabhálach ar an éifeacht atá ag athrú ar airgeadra feidhmiúil. I bhfocail eile, déanann eintiteas na míreanna go léir a aistriú go dtí an t-airgeadra feidhmiúil nua ag úsáid an ráta malairte amhail ar dháta an athraithe. Caitear leis na méideanna aistrithe le haghaidh míreanna airgeadaíochta de thoradh sin mar a gcostas stairiúil. Difríochtaí ráta malairte a eascraíonn as aistriú oibríochta eachtraí a aithníodh roimhe in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 32 agus le mír 39(c), ní dhéantar iad a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas go dtí go ndéantar an oibríocht a dhiúscairt.

    AIRGEADRA TUAIRISCITHE SEACHAS AN tAIRGEADRA FEIDHMIÚIL A ÚSÁID

    Aistriú go dtí an t-airgeadra tuairiscithe

    38

    Féadfaidh eintiteas a ráitis airgeadais a chur i láthair in aon airgeadra (nó airgeadraí). Má tá an t-airgeadra tuairiscithe difriúil ó airgeadra feidhmiúil an eintitis, aistríonn sé a thorthaí agus a staid airgeadais go dtí an t-airgeadra tuairiscithe. Mar shampla, nuair atá eintitis aonair i ngrúpa a bhfuil airgeadraí feidhmiúla difriúla acu, luaitear torthaí agus staid airgeadais gach eintitis in airgeadra coiteann le go bhféadtar na ráitis airgeadais chomhdhlúite a chur i láthair.

    39

    Torthaí agus staid airgeadais eintitis nach ionann a airgeadra feidhmiúil agus airgeadra gheilleagar hipearbhoilscitheach, déanfar iad a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil ag úsáid na nósanna imeachta a leanas:

    (a)

    sócmhainní agus dliteanais le haghaidh gach ráiteas staide airgeadais a chuirtear i láthair (i.e. lena n-áirítear ráitis chomparáideacha), déanfar iad a aistriú ag an ráta reatha amhail ar dháta an ráitis staide airgeadais sin;

    (b)

    ioncam agus speansais le haghaidh gach ráitis ina gcuirtear brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile i láthair (i.e. lena n-áirítear ráitis chomparáideacha), déanfar iad a aistriú ag rátaí malairte amhail ar dhátaí na n-idirbheart; agus

    (c)

    aithneofar na difríochtaí ráta malairte dá thoradh sin in ioncam cuimsitheach eile.

    40

    Ar chúiseanna praiticiúla, is minic a úsáidtear ráta atá ina neastachán ar na rátaí malairte amhail ar dhátaí na n-idirbheart, mar shampla, is minic a úsáidtear meánráta don tréimhse chun ioncam agus míreanna speansais a aistriú. Má thagann luaineacht shuntasach ar rátaí malairte, áfach, is míchuí é meánráta a úsáid le haghaidh tréimhse.

    41

    Eascraíonn na difríochtaí ráta malairte dá dtagraítear i mír 39(c) as:

    (a)

    ioncam agus speansais a aistriú ag na rátaí malairte amhail ar dhátaí na n-idirbheart agus sócmhainní agus dliteanais a aistriú ag an ráta reatha;

    (b)

    na glansócmhainní tosaigh a aistriú ag ráta reatha atá éagsúil ón ráta reatha roimhe sin.

    Ní aithnítear na difríochtaí ráta malairte sin i mbrabús nó caillteanas mar gheall nach bhfuil éifeacht dhíreach ag na hathruithe ar rátaí malairte, nó is beag éifeacht dhíreach atá acu, ar na sreafaí airgid reatha agus todhchaí ó oibríochtaí. Déantar méid carnach na ndifríochtaí ráta malairte a chur i láthair i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna go dtí go ndéantar an oibríocht eachtrach a dhiúscairt. Nuair a bhaineann na difríochtaí ráta malairte le hoibríocht eachtrach atá comhdhlúite ach nach bhfuil faoi úinéireacht iomlán, déantar difríochtaí ráta malairte carntha a eascraíonn as aistriú agus atá inchurtha le leasanna neamh-urlámhais a leithdháileadh ar leasanna neamh-urlámhais sa ráiteas staide airgeadais comhdhlúite agus déantar iad a aithint mar chuid díobh.

    42

    Torthaí agus staid airgeadais eintitis arb ionann a airgeadra feidhmiúil agus airgeadra gheilleagar hipearbhoilscitheach, déanfar iad a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil ag úsáid na nósanna imeachta a leanas:

    (a)

    déanfar na méideanna go léir (i.e. sócmhainní, dliteanais, míreanna cothromais, ioncam agus speansais, lena n-áirítear méideanna comparáideacha), déanfar iad a aistriú ag an ráta reatha amhail ar dháta an ráitis staide airgeadais is déanaí; ach amháin

    (b)

    nuair a aistrítear méideanna go dtí airgeadra gheilleagar neamh-hipearbhoilscitheach, is éard a bheidh sna méideanna comparáideacha ná na méideanna sin a cuireadh i láthair mar mhéideanna ón mbliain reatha sna ráitis airgeadais ábhartha ón mbliain roimhe (i.e. gan iad a choigeartú le haghaidh athruithe ina dhiaidh sin ar leibhéal praghais ná le haghaidh athruithe ina dhiaidh sin ar rátaí malairte).

    43

    I gcás inarb ionann airgeadra feidhmiúil eintitis agus airgeadra gheilleagar hipearbhoilscitheach, déanfaidh an t-eintiteas a ráitis airgeadais a athshonrú i gcomhréir le IAS 29 sula gcuireann sé an modh aistriúcháin a leagtar amach i mír 42 i bhfeidhm, ach amháin maidir le méideanna comparáideacha a aistrítear go dtí airgeadra gheilleagar neamh-hipearbhoilscitheach (féach mír 42(b)). Nuair a stopann an geilleagar de bheith hipearbhoilscitheach agus nuair nach ndéanann an t-eintiteas a ráitis airgeadais a athshonrú a thuilleadh i gcomhréir le IAS 29, úsáidfidh sé na méideanna athshonraithe go dtí an leibhéal praghais amhail ar an dáta a stop an t-eintiteas dá ráitis airgeadais a athshonrú mar chostais stairiúla lena n-aistriú go dtí an t-airgeadra tuairiscithe.

    Oibríocht eachtrach a aistriú

    44

    Tá feidhm ag míreanna 45-47, i dteannta míreanna 38-43, nuair a aistrítear torthaí agus staid airgeadais oibríochta eachtraí go dtí airgeadra tuairiscithe ionas go bhféadtar an oibríocht eachtrach a chur san áireamh i ráitis airgeadais an eintitis tuairiscithe trí chomhdhlúthú nó trí mhodh an chothromais.

    45

    Agus torthaí agus staid airgeadais oibríochta eachtraí á n-ionchorprú le torthaí agus staid airgeadais an eintitis tuairiscithe, leantar gnáthnósanna imeachta maidir le comhdhlúthú, amhail iarmhéideanna inghrúpa agus idirbhearta inghrúpa fochuideachta a dhíorthú (féach IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite). Mar sin féin, ní fhéadtar sócmhainn (nó dliteanas) airgeadais inghrúpa, cé acu gearrthéarmach nó fadtéarmach í (nó é) a dhíothú in aghaidh an dliteanais chomhfhreagraigh (nó na sócmhainne comhfhreagraí) inghrúpa gan torthaí luaineachtaí airgeadra a thaispeáint sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Is amhlaidh sin de bharr go léiríonn an mír airgeadaíochta gealltanas chun airgeadra amháin a thiontú go dtí airgeadra eile agus go nochtar an t-eintiteas tuairiscithe do ghnóthachan nó caillteanas trí luaineachtaí airgeadra. Dá réir sin, aithnítear difríocht ráta malairte den sórt sin i mbrabús nó caillteanas i ráitis airgeadais chomhdhlúite an eintitis tuairiscithe, nó, má eascraíonn sí as imthosca a dtugtar tuairisc orthu i mír 32, aithnítear í in ioncam cuimsitheach eile agus déantar í a charnadh i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna go dtí go ndéantar an oibríocht eachtrach a dhiúscairt.

    46

    Nuair atá ráitis airgeadais oibríochta eachtraí amhail ar dháta atá difriúil ó dháta an eintitis tuairiscithe, is minic a ullmhaíonn an oibríocht eachtrach ráitis bhreise amhail ar an dáta céanna le ráitis airgeadais an eintitis tuairiscithe. Nuair nach ndéantar sin, ceadaítear le IFRS 10 dáta difriúil a úsáid ar choinníoll nach mó ná 3 mhí an difríocht agus go ndéantar coigeartuithe le haghaidh éifeachtaí aon idirbhirt shuntasaigh nó teagmhas eile a tharlaíonn idir na dátaí difriúla. I gcás den sórt sin, déantar sócmhainní agus dliteanais na hoibríochta eachtraí a aistriú ag an ráta malairte ag deireadh thréimhse tuairiscithe na hoibríochta eachtraí. Déantar coigeartuithe le haghaidh athruithe suntasacha ar rátaí malairte suas go dtí deireadh thréimhse tuairiscithe an eintitis tuairiscithe i gcomhréir le IFRS 10. Úsáidtear an cur chuige céanna agus modh an chothromais á chur i bhfeidhm maidir le comhlaigh agus comhfhiontair i gcomhréir le IAS 28 (arna leasú in 2011).

    47

    Aon cháilmheas a eascraíonn as oibríocht eachtrach a éadáil agus aon choigeartú luacha chóir ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus dliteanas a eascraíonn as éadáil na hoibríochta eachtraí sin, caithfear leo mar shócmhainní agus dliteanais na hoibríochta eachtraí. Dá réir sin, sloinnfear iad in airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí agus déanfar iad a aistriú ag an ráta reatha i gcomhréir le míreanna 39 agus 42.

    Diúscairt nó diúscairt pháirteach oibríochta eachtraí

    48

    Ar oibríocht eachtrach a dhiúscairt, déanfar méid carnach na ndifríochtaí malairte a bhaineann leis an oibríocht eachtrach sin, arna aithint in ioncam cuimsitheach eile agus arna charnadh i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna, déanfar é a athaicmiú ó chothromas go dtí brabús nó caillteanas (mar choigeartú athaicmithe) nuair a aithnítear an gnóthachan nó caillteanas ar dhiúscairt (féach IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais (arna leasú in 2007)).

    48A

    I dteannta leas iomlán eintitis in oibríocht eachtrach a dhiúscairt, déantar cuntasaíocht ar na diúscairtí páirteacha a leanas mar dhiúscairtí:

    (a)

    nuair a bhaineann an diúscairt pháirteach le caillteanas i rialú fochuideachta lena n-áirítear oibríocht eachtrach, gan beann ar cé acu a choinníonn nó nach gcoinníonn an t-eintiteas leas neamh-urlámhais ina iar-fhochuideachta i ndiaidh na diúscartha páirtí; agus

    (b)

    nuair is sócmhainn airgeadais lena n-áirítear oibríocht eachtrach é an leas coinnithe i ndiaidh dhiúscairt pháirteach leasa i gcomhshocrú nó diúscairt pháirteach leasa i gcomhlach lena n-áirítear oibríocht eachtrach.

    48B

    Ar fochuideachta ina n-áirítear oibríocht eachtrach a dhiúscairt, déanfar méid carnach na ndifríochtaí malairte a bhaineann leis an oibríocht eachtrach sin a cuireadh i leith na leasanna neamh-urlámhais, déanfar iad a dhí-aithint ach ní dhéanfar iad a athaicmiú go dtí brabús nó caillteanas.

    48C

    Ar fochuideachta ina n-áirítear oibríocht eachtrach a dhiúscairt go páirteach, déanfaidh an t-eintiteas sciar comhréireach mhéid carnach na ndifríochtaí malairte a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, déanfaidh sé iad a athchur i leith na leasanna neamh-urlámhais san oibríocht eachtrach sin. Ar aon diúscairt pháirteach eile maidir le hoibríocht eachtrach, ní dhéanfaidh an t-eintiteas ach sciar comhréireach mhéid carnach na ndifríochtaí malairte a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú go dtí brabús nó caillteanas.

    48D

    Is éard is diúscairt pháirteach leas eintitis in oibríocht eachtrach ann, aon laghdú ar leas úinéireachta eintitis in oibríocht eachtrach, seachas na laghduithe sin i mír 48A a ndéantar cuntasaíocht orthu mar dhiúscairtí.

    49

    Féadfaidh eintiteas a leas in oibríocht eachtrach a dhiúscairt nó a dhiúscairt go páirteach trí bhíthin an t-eintiteas sin go léir, nó cuid de, a dhíol, a fhoirceannadh, a thréigean nó scairchaipiteal a aisíoc. Díluacháil ar shuim ghlanluacha oibríochta eachtraí, mar gheall ar a caillteanais dílse nó mar gheall ar lagú a aithníonn an t-infheisteoir, ní hionann sin agus diúscairt pháirteach. Dá réir sin, ní dhéantar aon chuid den ghnóthachan nó caillteanas malairte eachtraí a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú go dtí brabús nó caillteanas tráth na díluachála.

    IARMHAIRTÍ CÁNACH NA nDIFRÍOCHTAÍ RÁTA MALAIRTE GO LÉIR

    50

    Féadfaidh iarmhairtí cánach a bheith ag gnóthachain agus caillteanais ar idirbhearta in airgeadra eachtrach agus ag difríochtaí ráta malairte a eascraíonn as torthaí agus staid airgeadais eintitis (lena n-áirítear oibríocht eachtrach) a aistriú go dtí airgeadra difriúil. Tá feidhm ag IAS 12 Cánacha Ioncaim maidir leis na hiarmhairtí cánach sin.

    NOCHTADH

    51

    I míreanna 53 agus 55-57, tá feidhm ag tagairtí do ‘airgeadra feidhmiúil’, i gcás grúpa, maidir le hairgeadra feidhmiúil na máthairchuideachta.

    52

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    an líon difríochtaí ráta malairte a aithnítear i mbrabús nó caillteanas seachas na difríochtaí ráta malairte a eascraíonn as ionstraimí airgeadais arna dtomhas ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas i gcomhréir le IFRS 9; agus

    (b)

    glandifríochtaí ráta malairte arna n-aithint in ioncam cuimsitheach eile agus arna gcarnadh i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna, agus réiteach ar an méid difríochtaí ráta malairte den sórt sin ag tús agus ag deireadh na tréimhse.

    53

    Nuair atá an t-airgeadra tuairiscithe difriúil ón airgeadra feidhmiúil, luaitear é sin, in éineacht le nochtadh an airgeadra feidhmiúil agus an chúis atá le hairgeadra tuairiscithe difriúil a úsáid.

    54

    Nuair a thagann athrú ar airgeadra feidhmiúil an eintitis tuairiscithe nó ar airgeadra feidhmiúil oibríochta eachtraí suntasaí, nochtfar é sin agus an chúis atá leis an athrú ar airgeadra feidhmiúil.

    55

    Nuair a chuireann eintiteas a ráitis airgeadais i láthair in airgeadra atá difriúil óna airgeadra feidhmiúil, ní thabharfaidh sé tuairisc ar na ráitis airgeadais mar a bheith ag comhlíonadh na IFRSanna ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais uile na IFRSanna, lena n-áirítear an modh aistriúcháin a leagtar amach i míreanna 39 agus 42.

    56

    Uaireanta, cuireann eintiteas a ráitis airgeadais nó faisnéis airgeadais eile i láthair in airgeadra nach é a airgeadra feidhmiúil é gan ceanglais mhír 55 a chomhlíonadh. Ní fhéadfaidh eintiteas ach ítimí roghnaithe óna ráitis airgeadais a thiontú go dtí airgeadra eile, mar shampla. Nó, eintiteas nach ionann a airgeadra feidhmiúil agus airgeadra gheilleagar hipearbhoilscitheach, féadfaidh sé na ráitis airgeadais a thiontú go dtí airgeadra eile trí na hítimí go léir a aistriú ag an ráta reatha is déanaí. Níl tiontuithe den sórt sin i gcomhréir le IFRSanna agus ceanglaítear na nochtaí a leagtar amach i mír 57.

    57

    Nuair a thaispeánann eintiteas a ráitis airgeadais nó faisnéis airgeadais eile in airgeadra atá difriúil óna airgeadra feidhmiúil nó óna airgeadra tuairiscithe, agus nuair nach gcomhlíontar ceanglais mhír 55, déanfaidh sé na nithe a leanas:

    (a)

    an fhaisnéis a shainaithint go follasach mar fhaisnéis fhorlíontach chun í a idirdhealú ón bhfaisnéis a chomhlíonann IFRSanna;

    (b)

    an t-airgeadra ina dtaispeántar an fhaisnéis fhorlíontach a nochtadh; agus

    (c)

    airgeadra feidhmiúil an eintitis a nochtadh agus an modh aistriúcháin a úsáidtear chun an fhaisnéis fhorlíontach a chinneadh.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    58

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    58A

    Le Glaninfheistíocht in Oibríocht Eachtrach, (Leasú ar IAS 21), arna eisiúint i mí na Nollag 2005, cuireadh mír 15A leis agus leasaíodh mír 33. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2006 nó dá éis sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh.

    59

    Cuirfidh eintiteas mír 47 i bhfeidhm go hionchasach maidir le gach éadáil a tharlaíonn i ndiaidh thús na tréimhse tuairiscithe airgeadais ina gcuirtear an caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair. Ceadaítear cur i bhfeidhm cúlghabhálach mhír 47 maidir le héadálacha níos luaithe. Maidir le héadáil oibríochta eachtraí a gcaitear léi go hionchasach ach nár tharla roimh an dáta ar a gcuirtear an caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, ní dhéanfaidh an t-eintiteas blianta roimhe seo a athshonrú agus dá réir sin féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, caitheamh le cáilmheas agus coigeartuithe luacha chóir a eascraíonn as an éadáil sin mar shócmhainní agus dliteanais an eintitis seachas mar shócmhainní agus dliteanais na hoibríochta eachtraí. Dá bhrí sin, tá an cáilmheas agus na coigeartuithe luacha chóir sin sloinnte cheana féin in airgeadra feidhmiúil an eintitis nó is ítimí airgeadra eachtraigh neamhairgeadaíochta iad, a thuairiscítear ag úsáid an ráta malairte amhail ar dháta na héadála.

    60

    Déanfar cuntasaíocht ar gach athrú eile a leanann as cur i bhfeidhm an chaighdeáin seo i gcomhréir le ceanglais IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    60A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh leis míreanna 27, 30–33, 37, 39, 41, 45, 48 agus 52. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    60B

    Le IAS 27 (arna leasú in 2008), cuireadh míreanna 48A–48D leis agus leasaíodh mír 49. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    60C

    [Scriosta]

    60D

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh mír 60B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    60E

    [Scriosta]

    60F

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 3(b) agus míreanna 8, 11, 18, 19, 33, 44–46 agus mír 48A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    60G

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 8 agus leasaíodh mír 23. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    60H

    Le Cur i láthair Ítimí Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 39. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 arna leasú i mí an Mheithimh 2011 i bhfeidhm.

    60I

    [Scriosta]

    60J

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 3, 4, 5, 27 agus 52 agus scriosadh mír 60C, mír 60E agus mír 60I. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    60K

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 16. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    61

    Leis an gcaighdeán seo, dímholtar IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí (arna athbhreithniú in 1993).

    62

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad na léirmhínithe seo a leanas:

    (a)

    An Buanchoiste Léirmhíniúcháin-11 Malairt Eachtrach – Caipitliú Caillteanas de Dheasca Dian-Dhíluachálacha Airgeadra;

    (b)

    An Buanchoiste Léirmhíniúcháin-19 Airgeadra Tuairiscithe — Tomhas agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais faoi IAS 21 agus IAS 29; agus

    (c)

    An Buanchoiste Léirmhíniúcháin-30 Airgeadra Tuairiscithe — Aistriú ón Airgeadra Tomhais chuig an Airgeadra Tuairiscithe.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 23

    Costais Iasachtaíochta

    BUNPHRIONSABAIL

    1

    Costais iasachtaíochta atá inchurtha go díreach i leith éadáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainne cáilithí, cuirtear san áireamh le costas na sócmhainne sin iad. Aithnítear costais iasachtaíochta eile mar speansas.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntas á choinneáil ar chostais iasachtaíochta.

    3

    Ní bhaineann an Caighdeán le costas iarbhír nó intuigthe cothromais, lena n-áirítear caipiteal tosaíochta nach n-aicmítear mar dhliteanas é.

    4

    Ní cheanglaítear ar eintiteas an Caighdeán a chur i bhfeidhm maidir le costais iasachtaíochta atá inchurtha go díreach i leith éadáil, tógáil nó táirgeadh:

    (a)

    sócmhainn cháilitheach a thomhaistear ar luach cóir, mar shampla sócmhainn bhitheolaíoch faoi raon feidhme IAS 41 Talmhaíocht; nó

    (b)

    fardail a mhonaraítear, nó thairgtear ar shlí eile, i gcainníochtaí móra ar bhonn atriallach.

    SAINMHÍNITHE

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is costais iasachtaíochta ann an méid úis agus costais eile a thabhaíonn eintiteas i dtaca le cistí a fháil ar iasacht.

     

    Is éard is sócmhainn cháilitheach ann sócmhainn a bhfuil tréimhse shuntasach ama de dhíth chun í a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol.

    6

    D’fhéadfaí a áireamh le costais iasachtaíochta:

    (a)

    speansas úis arna ríomh ag úsáid an mhodha úis éifeachtaigh mar a dtugtar tuairisc air in IFRS 9;

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    [scriosta]

    (d)

    ús i leith dliteanais léasa a aithnítear i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna; agus

    (e)

    difríochtaí malairte a eascraíonn as iasachtaí airgeadra eachtraigh a mhéid a mheastar gur coigeartú ar chostais úis iad.

    7

    Ag brath ar na himthosca, féadfaidh aon cheann de na cineálacha seo a leanas a bheith i gceist le sócmhainní cáilitheacha:

    (a)

    fardail

    (b)

    gléasra monaraíochta

    (c)

    saoráidí giniúna cumhachta

    (d)

    sócmhainní doláimhsithe

    (e)

    maoine infheistíochta

    (f)

    plandaí iompair.

    Sócmhainní airgeadais agus fardail a mhonaraítear nó a thairgtear ar shlí eile iad thar thréimhse ama ghearr, ní sócmhainní cáilitheacha iad. Sócmhainní atá ullamh don úsáid atá beartaithe leo nó lena ndíol nuair a fhaightear iad, ní sócmhainní cáilitheacha iad.

    AITHINT

    8

    Costais iasachtaíochta atá inchurtha go díreach le héadáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainne cáilithí mar chuid de chostas na sócmhainne sin, déanfaidh eintiteas na costais iasachtaíochta sin a chaipitliú. Aithneoidh eintiteas costais iasachtaíochta eile mar speansas sa tréimhse ina dtabhaítear iad.

    9

    Costais iasachtaíochta atá inchurtha go díreach i leith éadáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainne cáilithí, cuirtear san áireamh le costas na sócmhainne sin iad. Déantar costais iasachtaíochta den sórt sin a chaipitliú mar chuid de chostas na sócmhainne nuair is dócha go mbeidh tairbhí eacnamaíocha don eintiteas amach anseo mar thoradh orthu agus nuair is féidir na costais a thomhas go hiontaofa. Nuair a chuireann eintiteas IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha i bhfeidhm, aithníonn sé mar speansas an chuid de chostais iasachtaíochta a chúitíonn as boilsciú le linn na tréimhse céanna i gcomhréir le mír 21 den Chaighdeán sin.

    Costais iasachtaíochta atá incháilithe do chaipitliú

    10

    Costais iasachtaíochta atá inchurtha go díreach i leith éadáil, tógáil nó táirgeadh sócmhainne cáilithí, is iad na costais iasachtaíochta sin a seachnófaí mura ndéanfaí an caiteachas ar an tsócmhainn cháilitheach. Nuair a fhaigheann eintiteas cistí ar iasacht go sonrach chun críche sócmhainn cháilitheach áirithe a fháil, is féidir na costais iasachtaíochta a bhaineann go díreach leis an sócmhainn cháilitheach sin a shainaithint go héasca.

    11

    D’fhéadfadh sé a bheith deacair gaolmhaireacht dhíreach a shainaithint idir iasachtaí áirithe agus sócmhainn cháilitheach agus chun na hiasachtaí a d’fhéadfaí a sheachaint seachas sin a shuí. Tarlaíonn deacracht den sórt sin, mar shampla, nuair a dhéantar gníomhaíocht mhaoinithe eintitis a chomhordú go lárnach. Féadfaidh deacrachtaí teacht chun cinn freisin nuair a úsáideann grúpa raon ionstraimí fiachais chun cistí a fháil ar iasacht ag rátaí éagsúla úis, agus nuair a thugann sé na cistí sin ar iasacht ar bhoinn éagsúla d’eintitis eile sa ghrúpa. Tagann castachtaí eile chun cinn trí bhíthin iasachtaí a ainmnítear in airgeadraí eachtracha nó atá nasctha leo a úsáid, nuair a oibríonn an grúpa i ngeilleagair ard-bhoilscitheacha, agus ó luaineachtaí i rátaí malairte. Dá thoradh sin, is deacair an méid costas iasachtaíochta atá inchurtha go díreach i leith éadáil sócmhainne cáilithí a shuí agus is gá breithiúnas a fheidhmiú ina leith.

    12

    A mhéid a fhaigheann eintiteas cistí ar iasacht go sonrach chun críche sócmhainn cháilitheach a fháil, cinnfidh an t-eintiteas gurb é an méid costas iasachtaíochta atá incháilithe do chaipitliú ná na costais iasachtaíochta iarbhír a tabhaíodh ar an iasacht sin le linn na tréimhse lúide aon ioncam infheistíochta ón infheistíocht shealadach sna hiasachtaí sin.

    13

    D’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar na socruithe maoinithe le haghaidh sócmhainn cháilitheach go bhfaigheadh eintiteas cistí a fuarthas ar iasacht agus go dtabhódh sé na costais iasachtaíochta ghaolmhara sula n-úsáidfí na cistí go léir nó cuid díobh le haghaidh caiteachas ar an tsócmhainn cháilitheach. In imthosca den sórt sin, is minic a ndéantar na cistí a infheistiú go sealadach ar feitheamh a gcaiteachas ar an tsócmhainn cháilitheach. Agus an méid costas iasachtaíochta a cháilíonn do chaipitliú le linn tréimhse á chinneadh, asbhaintear aon ioncam infheistíochta a tuilleadh ar chistí den sórt sin ó na costais iasachtaíochta a tabhaíodh.

    14

    A mhéid a fhaigheann eintiteas cistí ar iasacht go ginearálta agus a úsáideann sé iad chun críche sócmhainn cháilitheach a fháil, cinnfidh an t-eintiteas an méid costas iasachtaíochta atá incháilithe do chaipitliú trí bhíthin ráta caipitlithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas ar an tsócmhainn sin. Is éard a bheidh sa ráta caipitlithe ná meán ualaithe na gcostas iasachtaíochta atá infheidhme maidir le hiasachtaí uile an eintitis atá gan íoc le linn na tréimhse. Mar sin féin, eiseoidh eintiteas ón ríomh seo costais iasachtaíochta atá infheidhme maidir le hiasachtaí a fuarthas go sonrach chun críche sócmhainn cháilitheach a fháil go dtí go dtabharfar chun críche beagnach na gníomhaíochtaí go léir is gá chun an tsócmhainn sin a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol. An méid costas iasachtaíochta a chaipitlíonn eintiteas le linn tréimhse, ní rachaidh sé thar an méid costas iasachtaíochta a thabhaigh sé le linn na tréimhse sin.

    15

    In imthosca áirithe, is iomchuí iasachtaí uile na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí a chur san áireamh agus meán ualaithe na gcostas iasachtaíochta á ríomh; in imthosca eile, is iomchuí do gach fochuideachta meán ualaithe de na costais iasachtaíochta atá infheidhme maidir lena hiasachtaí dílse a úsáid.

    Farasbarr shuim ghlanluacha na sócmhainne cáilithí os cionn an mhéid in-aisghabhála

    16

    Nuair is mó suim ghlanluacha nó costas deiridh ionchasach na sócmhainne cháilithí ná an méid in-aisghabhála nó an glanluach inréadaithe ina leith, déantar an tsuim ghlanluacha a dhíluacháil nó a dhíscríobh i gcomhréir le ceanglais Chaighdeáin eile. In imthosca áirithe, déantar méid na díluachála nó an díscríofa a chúlscríobh i gcomhréir leis na Caighdeáin eile sin.

    Tús a chur le caipitliú

    17

    Cuirfidh eintiteas tús le costais iasachtaíochta a chaipitliú mar chuid de chostas sócmhainne cáilithí ar an dáta tosaigh. Is é an dáta tosaigh don chaipitliú ná an dáta ar a gcomhlíonann an t-eintiteas na coinníollacha uile seo a leanas den chéad uair:

    (a)

    tabhaíonn sé caiteachas don tsócmhainn;

    (b)

    tabhaíonn sé costais iasachtaíochta; agus

    (c)

    tugann sé faoi ghníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an tsócmhainn a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol.

    18

    Ní áirítear le caiteachas ar shócmhainn cháilitheach ach an caiteachas a raibh íocaíochtaí in airgead, aistrithe sócmhainní eile nó glacadh dliteanas úsmhar mar thoradh air, agus sin amháin. Laghdaítear caiteachas le haon íocaíocht de réir dul chun cinn a fhaightear agus le deontais a fhaightear i dtaca leis an tsócmhainn (féach IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais). Meánsuim ghlanluacha na sócmhainne le linn tréimhse, lena n-áirítear costais iasachtaíochta a caipitlíodh roimhe sin, is neastachán réasúnach í sin, de ghnáth, ar an gcaiteachas a gcuirtear an ráta caipitlithe i bhfeidhm maidir leis sa tréimhse sin.

    19

    Na gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun an tsócmhainn a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol, baineann siad le níos mó ná tógáil fhisiciúil na sócmhainne. Áirítear leo sin obair theicniúil agus riaracháin sula gcuirtear tús le tógáil fhisiciúil, amhail na gníomhaíochtaí atá bainteach le ceadanna a fháil sula gcuirtear tús leis an tógáil fhisiciúil. Eisiaitear ó na gníomhaíochtaí sin, áfach, sócmhainn a bheith i seilbh nuair nach bhfuil táirgeadh ná forbairt ar siúl a chuireann athrú ar riocht na sócmhainne. Mar shampla, déantar costais iasachtaíochta a thabhaítear nuair atá talamh á fhorbairt a chaipitliú le linn na tréimhse ina ndéantar gníomhaíochtaí a bhaineann leis an bhforbairt. Costais iasachtaíochta a thabhaítear nuair atá talamh a fuarthas chun críche tógála i seilbh gan aon ghníomhaíocht forbartha ghaolmhar ar bun ann, áfach, ní cháilíonn siad do chaipitliú.

    Caipitliú a chur ar fionraí

    20

    Cuirfidh eintiteas caipitliú costas iasachtaíochta ar fionraí le linn tréimhsí fada ina gcuireann sé forbairt ghníomhach sócmhainne cáilithí ar fionraí.

    21

    Féadfaidh eintiteas costais iasachtaíochta a thabhú le linn tréimhse fada ina gcuireann sé ar fionraí na gníomhaíochtaí is gá chun sócmhainn a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol. Is costais iad sin a bhaineann le sócmhainní nach bhfuil tugtha chun críche go hiomlán a bheith i seilbh agus ní cháilíonn siad do chaipitliú. Mar sin féin, ní ghnách d’eintiteas caipitliú costas iasachtaíochta a chur ar fionraí le linn tréimhse ina ndéanann sé obair shubstaintiúil theicniúil agus riaracháin. Ní chuireann eintiteas costais iasachtaíochta caipitlithe ar fionraí ach an oiread nuair is cuid riachtanach den phróiseas de shócmhainn a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol í moill shealadach. Mar shampla, leanann caipitliú ar aghaidh le linn na tréimhse fada ina gcuireann ardleibhéil uisce moill ar dhroichead a thógáil, más coitianta iad ardleibhéil uisce den sórt sin le linn na tréimhse tógála sa réigiún geofghrafach i gceist.

    Scor de chaipitliú

    22

    Scorfaidh eintiteas de chostais iasachtaíochta a chaipitliú nuair a bheidh beagnach gach ceann de na gníomhaíochtaí is gá chun an tsócmhainn cháilitheach a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol tugtha chun críche.

    23

    Is gnách go mbíonn sócmhainn ullamh don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol nuair atá tógáil fhisiciúil na sócmhainne tugtha chun críche cé go bhféadfadh an gnáth-obair riaracháin bheith ar siúl fós. I gcás nach bhfuil ach mion-mhodhnuithe fós le déanamh, amhail réadmhaoin a mhaisiú de réir sonraíocht an cheannaitheora nó an úsáideora, is léiriú é sin go bhfuil beagnach gach ceann de na gníomhaíochtaí tugtha chun críche.

    24

    I gcás go dtugann eintiteas tógáil sócmhainne cáilithí chun críche i bpáirteanna agus gur féidir gach páirt a úsáid fad a leantar ar aghaidh le tógáil ar pháirteanna eile, scorfaidh an t-eintiteas de chostais iasachtaíochta a chaipitliú nuair a bheidh beagnach gach ceann de na gníomhaíochtaí is gá chun an tsócmhainn cháilitheach a ullmhú don úsáid atá beartaithe léi nó lena díol tugtha chun críche.

    25

    Sampla de shócmhainn cháilitheach ar féidir gach páirt di a úsáid fad a leantar ar aghaidh le tógáil ar pháirteanna eile is ea páirc ghnó atá comhdhéanta de roinnt foirgneamh, ar féidir gach ceann díobh a úsáid go haonarach. Sampla de shócmhainn cháilitheach nach mór a bheith tugtha chun críche sular féidir aon pháirt a úsáid is ea gléasra tionscail lena mbaineann roinnt próiseas a dhéantar go seicheamhach i gcodanna difriúla den ghléasra laistigh den suíomh céanna, amhail muileann cruach.

    NOCHTADH

    26

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    an méid costas iasachtaíochta a caipitlíodh le linn na tréimhse; agus

    (b)

    an ráta caipitlithe a úsáideadh chun méid na gcostas iasachtaíochta atá incháilithe do chaipitliú a chinneadh.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    27

    Nuair atá athrú ar an mbeartas cuntasaíochta i gceist le cur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo, cuirfidh eintiteas an Caighdeán i bhfeidhm maidir le costais iasachtaíochta a bhaineann le sócmhainní cáilitheacha a bhfuil an dáta tosaigh dá gcaipitliú ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh.

    28

    Mar sin féin, féadfaidh eintiteas aon dáta roimh an dáta éifeachtach a ainmniú agus an Caighdeán a chur i bhfeidhm maidir le costais iasachtaíochta a bhaineann le sócmhainní cáilitheacha a bhfuil an dáta tosaigh dá gcaipitliú ar an dáta sin nó ina dhiaidh.

    28A

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2015–2017, arna eisiúint i mí na Nollag 2017, leasaíodh mír 14. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le costais iasachtaíochta a tabhaíodh ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar dtús, nó ina dhiaidh.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    29

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2009, nochtfaidh sé an méid sin.

    29A

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    29B

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    29C

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    29D

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2015–2017, arna eisiúint i mí na Nollag 2017, leasaíodh mír 14 agus cuireadh mír 28A leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    TARRAINGT SIAR IAS 23 (ATHBHREITHNITHE 1993)

    30

    Cuirtear an Caighdeán seo in ionad IAS 23 Costais Iasachtaíochta arna athbhreithniú in 1993.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 24

    Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo a áirithiú go mbeidh na nochtuithe is gá i ráitis airgeadais eintitis chun aird a tharraingt ar an bhféidearthacht go ndearna láithreacht pháirtithe gaolmhara agus idirbhearta agus suimeanna gan íoc, lena n-áirítear gealltanais, le páirtithe den sórt sin, difear do staid airgeadais agus do bhrabús nó caillteanas an eintitis.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    gaolmhaireachtaí agus idirbhearta le páirtithe gaolmhara a shainaithint;

    (b)

    suimeanna gan íoc, lena n-áirítear gealltanais, idir eintiteas agus páirtithe gaolmhara a shainaithint;

    (c)

    na himthosca ina n-éilítear na hítimí in (a) agus (b) a shainaithint; agus

    (d)

    na nochtuithe atá le déanamh faoi na hítimí sin a chinneadh.

    3

    Leis an gCaighdeán seo, ceanglaítear nochtadh maidir le gaolmhaireachtaí le páirtithe gaolmhara, idirbhearta agus suimeanna gan íoc lena n-áirítear gealltanais, sna ráitis airgeadais comhdhlúite agus sna ráitis airgeadais ar leithligh de chuid máthairchuideachta nó infheisteoirí a bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach acu air, arna chur i láthair i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite nó le IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh. Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le ráitis airgeadais aonair freisin.

    4

    Déantar idirbheart páirtithe gaolmhara agus suimeanna gan íoc le heintitis eile i ngrúpa a nochtadh i ráitis airgeadais eintitis. Cuirtear idirbheart páirtithe gaolmhara inghrúpa agus suimeanna gan íoc as an áireamh, seachas na cinn sin idir eintiteas infheistíochta agus a fochuideachtaí arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, agus ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa á n-ullmhú.

    CUSPÓIR NA NOCHTUITHE PÁIRTITHE GAOLMHARA

    5

    Is gnáthghné den tráchtáil agus den ghnó iad gaolmhaireachtaí páirtithe gaolmhara. Mar shampla, is minic a dhéanann eintitis codanna dá ngníomhaíochtaí trí fhochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh. Sna himthosca sin, bíonn an cumas ag an eintiteas difear a dhéanamh do bheartais airgeadais agus oibriúcháin na hinstitiúide infheistiúcháin trí bhíthin rialú, comhrialú nó tionchar suntasach a bheith ann.

    6

    D’fhéadfadh gaolmhaireacht pháirtí gaolmhar éifeacht a bheith aige ar bhrabús nó caillteanas agus ar staid airgeadais eintitis. Féadfaidh páirtithe gaolmhara tabhairt faoi idirbhearta nach ndéanfadh páirtithe neamhghaolmhara. Mar shampla, i gcás eintiteas a dhíolann earraí lena mháthairchuideachta ar costas, seans nach ndíolfadh sé earraí chuig custaiméir eile faoi na téarmaí sin. Chomh maith leis sin, féadfar nach ndéanfaí idirbhearta idir páirtithe gaolmhara ar na méideanna céanna agus a ndéanfaí iad le páirtithe neamhghaolmhara.

    7

    D’fhéadfadh gaolmhaireacht pháirtí gaolmhar difear a dhéanamh do bhrabús nó caillteanas agus do staid airgeadais eintitis, fiú sa chás nach dtarlaíonn idirbhearta páirtithe gaolmhara. D’fhéadfadh gur leordhóthanach gur ann don ghaolmhaireacht chun difear a dhéanamh d’idirbhearta an eintitis le páirtithe eile. Mar shampla, féadfaidh fochuideachta deireadh a chur le gaolmhaireacht le páirtí trádála i gcás go bhfaigheann an mháthairchuideachta fochuideachta eile a dhéanann an ghníomhaíocht chéanna agus a dhéanann an t-iar-pháirtí trádála. Nó, féadfaidh páirtí amháin staonadh ó ghníomhú mar gheall ar an tionchar suntasach atá ag páirtí eile—mar shampla, féadfaidh máthairchuideachta treoir a thabhairt d’fhochuideachta gan tabhairt faoi thaighde agus forbairt.

    8

    Ar na cúiseanna sin, d’fhéadfadh eolas faoi idirbhearta eintitis, suimeanna gan íoc, lena n-áirítear gealltanais, agus gaolmhaireachtaí le páirtithe gaolmhara, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do mheasúnuithe ar a oibríochtaí ag úsáideoirí ráiteas airgeadais, lena n-áirítear measúnuithe ar na rioscaí agus deiseanna roimh an eintiteas.

    SAINMHÍNITHE

    9

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is páirtí gaolmhar ann duine nó eintitis a bhaineann leis an eintiteas a bhfuil a ráitis airgeadais á n-ullmhú aige (dá dtagraítear sa Chaighdeán seo mar an ‘eintiteas tuairiscithe’).

    (a)

    Baineann duine nó duine muinteartha de mhuintir an duine sin le heintiteas tuairiscithe má tá an méid seo a leanas fíor maidir leis an duine sin:

    (i)

    rialaíonn nó comhrialaíonn an duine sin an t-eintiteas tuairiscithe;

    (ii)

    tá tionchar suntasach ag an duine ar an eintiteas tuairiscithe; nó

    (iii)

    is comhalta de phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis tuairiscithe nó máthairchuideachta an eintitis tuairiscithe an duine sin.

    (b)

    Baineann eintiteas le heintiteas tuairiscithe má tá feidhm ag aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    Is baill iad an t-eintiteas agus an t-eintiteas tuairiscithe den ghrúpa céanna (ciallaíonn sé sin go mbaineann gach máthairchuideachta, fochuideachta nó chomh-fhochuideachta lena chéile).

    (ii)

    Is comhlach nó comhfhiontar den eintiteas eile é eintiteas amháin (nó eintiteas comhlachaithe nó comhfhiontar de ghrúpa a bhfuil an t-eintiteas eile ina bhall de freisin).

    (iii)

    Is comhfhiontair den tríú páirtí céanna iad an dá eintiteas.

    (iv)

    Is comhfhiontar é eintiteas amháin de thríú eintiteas agus is eintiteas comhlachaithe é an t-eintiteas eile den tríú eintiteas.

    (v)

    Is plean sochair iarfhostaíochta chun leasa fostaithe de cheachtar den eintiteas tuairiscithe nó eintiteas a bhaineann leis an eintiteas tuairiscithe é an t-eintiteas. Más plean den sórt sin é an t-eintiteas tuairiscithe, baineann na fostóirí urraíochta leis an eintiteas tuairiscithe freisin.

    (vi)

    Tá an t-eintiteas rialaithe ag nó comhrialaithe ag duine a aithnítear in (a).

    (vii)

    Tá tionchar suntasach ag duine a aithnítear in (a)(i) ar eintiteas nó duine atá ina chomhalta de phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis (nó de mháthairchuideachta an eintitis).

    (viii)

    Cuireann an t-eintiteas, nó aon bhall de ghrúpa ina bhfuil sé, seirbhísí phríomhphearsanra bainistíochta ar fáil don eintiteas tuairiscithe nó do mháthairchuideachta an eintitis tuairiscithe.

     

    Is éard is idirbheart páirtí gaolmhar ann aistriú acmhainní, seirbhísí nó oibleagáidí idir eintiteas tuairiscithe agus páirtí gaolmhar, gan beann ar cibé an ngearrtar nó nach gearrtar praghas.

     

    Is éard is daoine muinteartha de mhuintir duine ann na daoine muinteartha sin is féidir a bheith ag súil leis go mbeadh tionchar acu ar an duine sin, nó mbeadh tionchar ag an duine sin orthu, maidir lena ngnóthaí leis an eintiteas, agus áirítear leo:

    (a)

    leanaí agus céile nó páirtí baile an duine sin;

    (b)

    leanaí chéile nó pháirtí baile an duine sin; agus

    (c)

    cleithiúnaithe an duine sin nó cleithiúnaithe chéile nó pháirtí baile an duine sin.

     

    Áirítear le pá gach sochar fostaithe (mar a shainmhínítear iad in IAS 19 Sochair Fostaithe) lena n-áirítear sochair fostaithe a bhfuil feidhm ag IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe maidir leo. Is éard is sochair fostaithe ann gach cineál comaoine a íocann an t-eintiteas, atá iníoctha ag an eintiteas nó a chuireann an t-eintiteas ar fáil, nó a íoctar, atá iníoctha nó a chuirtear ar fáil thar ceann an eintitis, mar mhalairt ar sheirbhísí arna soláthar don eintiteas. Áirítear leis sin freisin comaoin a íoctar thar ceann máthairchuideachta an eintitis i leith an eintitis. Áirítear le cúiteamh:

    (a)

    sochair ghearrthéarmacha fostaithe, amhail pá, tuarastail agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta, saoire bhliantúil íoctha agus saoire bhreoiteachta íoctha, roinnt an bhrabúis agus bónais (más iníoctha laistigh de 12 mhí ag deireadh na tréimhse) agus sochair neamhairgeadaíochta (amhail cúram leighis, tithíocht, carranna agus earraí nó seirbhísí saor in aisce nó fóirdheonaithe) le haghaidh fostaithe reatha;

    (b)

    sochair iarfhostaíochta amhail pinsin, sochair scoir eile, árachas saoil iarfhostaíochta agus cúram leighis iarfhostaíochta;

    (c)

    sochair fhadtéarmacha eile fostaithe, lena n-áirítear saoire fadseirbhíse nó saoire shabóideach, sochair iubhaile nó sochair fadseirbhíse eile, sochair fhadtéarmacha mhíchumais agus, i gcás nach bhfuil siad iníoctha go hiomlán laistigh de 12 mhí i ndiaidh dheireadh na tréimhse, roinnt an bhrabúis, bónais agus pá iarchurtha;

    (d)

    sochair i dtaca le foirceannadh; agus

    (e)

    íocaíocht scairbhunaithe.

     

    Is éard is príomhphearsanra bainistíochta ann na daoine sin a bhfuil údarás acu agus freagracht orthu as pleanáil, stiúradh agus rialú gníomhaíochtaí an eintitis, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear aon stiúrthóir (feidhmeannach nó eile) ar an eintiteas sin.

     

    Tagraíonn rialtas do rialtas, do ghníomhaireachtaí rialtais agus do chomhlachtaí comhchosúla cibé acu atá siad áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta nó nach bhfuil.

     

    Is éard is eintiteas a bhaineann leis an rialtas ann eintiteas a rialaítear nó a rialaítear i gcomhpháirt ag rialtas nó a bhfuil tionchar suntasach ag rialtas air.

     

    Sainmhínítear na téarmaí ‘rialú’ agus ‘eintiteas infheistíochta’, ‘comhrialú’ agus ‘tionchar suntasach’ in IFRS 10, IFRS 11 Comhshocruithe agus in IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair faoi seach agus úsáidtear iad sa Chaighdeán seo de réir na mbríonna a shonraítear sna IFRSanna sin.

    10

    Agus gach gaolmhaireacht pháirtí gaolmhar fhéideartha á breithniú, dírítear aird ar shubstaint na gaolmhaireachta agus ní ar an bhfoirm dhlíthiúil agus sin amháin.

    11

    I gcomhthéacs an Chaighdeáin seo, ní páirtithe gaolmhara iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    2 eintiteas díreach mar gheall go bhfuil stiúrthóir nó comhalta eile den phríomhphearsanra bainistíochta i bpáirtchoiteann acu nó mar gheall go bhfuil tionchar suntasach ag príomhphearsanra bainistíochta eintiteas amháin ar an eintiteas eile.

    (b)

    2 chomhfhiontraí díreach mar gheall go roinneann siad comhrialú ar chomhfhiontar.

    (c)

    (i)

    soláthraithe maoinithe,

    (ii)

    ceardchumainn,

    (iii)

    fóntais phoiblí, agus

    (iv)

    ranna agus gníomhaireachtaí rialtais nach rialaíonn, nach gcomhrialaíonn ná nach bhfuil tionchar suntasach acu ar an eintiteas tuairiscithe,

    de bhua a ngnáthghnóthaí le heintiteas agus sin amháin (cé go bhféadfaidh siad difear a dhéanamh do shaoirse ghníomhaíocht eintitis nó bheith rannpháirteach ina phróiseas cinnteoireachta).

    (d)

    custaiméir, soláthraí, saincheadúnóir, dáileoir nó gníomhaire ginearálta lena ndéanann eintiteas méid suntasach gnó, de bhua an spleáchais eacnamaíoch a bhíonn ann mar thoradh air sin, agus sin amháin.

    12

    Maidir leis an sainmhíniú ar pháirtí gaolmhar, áirítear le heintiteas comhlach fochuideachtaí an eintitis chomhlachaithe agus áirítear le comhfhiontar fochuideachtaí an chomhfhiontair. Dá bhrí sin, mar shampla, tá gaol idir fochuideachta eintitis chomhlaigh agus an t-infheisteoir a bhfuil tionchar suntasach aige ar an eintiteas comhlachaithe.

    NOCHTUITHE

    Gach eintiteas

    13

    Déanfar na gaolmhaireachtaí idir máthairchuideachta agus a fochuideachtaí a nochtadh gan beann ar cibé an raibh idirbhearta eatarthu nó nach raibh. Déanfaidh eintiteas ainm a mháthairchuideachta a nochtadh agus ainm an pháirtí rialaithe deiridh, más difriúil. I gcás nach dtairgeann máthairchuideachta an eintitis ná an páirtí rialaithe deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite atá ar fáil le húsáid ag an bpobal, déanfar ainm na chéad mháthairchuideachta eile is sinsearaí a dhéanann amhlaidh a nochtadh freisin.

    14

    Lena chur ar chumas úsáideoirí ráiteas airgeadais teacht ar thuairim faoi éifeachtaí ghaolmhaireachtaí páirtí ghaolmhair ar eintiteas, is iomchuí an ghaolmhaireacht páirtí ghaolmhair a nochtadh i gcás gur ann do rialú, gan beann ar cibé an raibh idirbhearta ann idir na páirtithe gaolmhara nó nach raibh.

    15

    An ceanglas maidir le gaolmhaireachtaí páirtí gaolmhar idir máthairchuideachta agus a fochuideachtaí a nochtadh, tá sin ann sa bhreis ar na ceanglais maidir le nochtadh in IAS 27 agus in IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile.

    16

    Déanann mír 13 tagairt don chéad mháthairchuideachta eile is sinsearaí. Is í sin an chéad mháthairchuideachta sa ghrúpa os cionn na neas-mháthairchuideachta a thairgeann ráitis airgeadais chomhdhlúite atá ar fáil le húsáid ag an bpobal.

    17

    Déanfaidh eintiteas pá phríomhphearsanra bainistíochta iomlán agus le haghaidh gach ceann de na catagóirí seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    sochair ghearrthéarmacha fostaithe;

    (b)

    sochair iarfhostaíochta;

    (c)

    sochair eile fadtéarmacha;

    (d)

    sochair i dtaca le foirceannadh; agus

    (e)

    íocaíocht scairbhunaithe.

    17A

    I gcás go bhfaigheann eintiteas seirbhísí príomhphearsanra bainistíochta ó eintiteas eile (‘an t-eintiteas bainistíochta’), ní cheanglaítear ar an eintiteas na ceanglais i mír 17 a chur i bhfeidhm maidir leis an bpá a íocadh nó atá iníoctha le fostaithe nó stiúrthóirí an eintitis bhainistíochta.

    18

    I gcás go raibh idirbhearta páirtithe gaolmhara ag eintiteas le linn na tréimhse arna cumhdach leis na ráitis airgeadais, nochtfaidh sé cineál na gaolmhaireachta páirtí gaolmhar chomh maith le faisnéis faoi na hidirbhearta agus suimeanna gan íoc sin, lena n-áirítear gealltanais, is gá le go dtuigfidh úsáideoirí éifeacht fhéideartha na gaolmhaireachta ar na ráitis airgeadais. Tá na ceanglais sin maidir le nochtadh sa bhreis ar na ceanglais i mír 17. Áireofar le nochtuithe ar a laghad:

    (a)

    méid na n-idirbheart;

    (b)

    méid na suimeanna gan íoc, lena n-áirítear gealltanais, agus:

    (i)

    na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leo, lena n-áirítear cibé an bhfuil siad urraithe nó nach bhfuil agus cineál na comaoine atá le soláthar mar réiteach; agus

    (ii)

    mionsonraí faoi aon ráthaíocht a tugadh nó a fuarthas;

    (c)

    soláthar in aghaidh fiach amhrasach a bhaineann le méid na suimeanna gan íoc; agus

    (d)

    an speansais a aithnítear i rith na tréimhse i ndáil le drochfhiacha nó fiacha amhrasacha atá dlite ó pháirtithe gaolmhara.

    18A

    Méideanna a thabhaigh an t-eintiteas chun príomhsheirbhísí bainistíochta pearsanra a sholáthar, arna soláthar ag eintiteas bainistíochta ar leithligh, déanfar iad a nochtadh.

    19

    Déanfar na nochtuithe a cheanglaítear le mír 18 ar leithligh le haghaidh gach ceann de na catagóirí seo a leanas:

    (a)

    an mháthairchuideachta;

    (b)

    eintitis ag a bhfuil comhrialú, nó tionchar suntasach ar an eintiteas;

    (c)

    fochuideachtaí;

    (d)

    gnólachtaí comhlachaithe;

    (e)

    comhfhiontair ina bhfuil an t-eintiteas ina chomhfiontraí;

    (f)

    príomhphearsanra bainistíochta an eintitis nó a mháthairchuideachta; agus

    (g)

    páirtithe gaolmhara eile.

    20

    Aicmiú na méideanna atá iníoctha le páirtithe gaolmhara sna catagóirí difriúla agus atá le fáil uathu, mar a cheanglaítear le mír 19, is síneadh é sin ar an gceanglas maidir le nochtadh in IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais go gcuirfí faisnéis i láthair sa ráiteas staide airgeadais nó sna nótaí. Cuirtear síneadh leis na catagóirí chun anailís níos cuimsithí ar shuimeanna páirtithe gaolmhara a chur ar fáil agus tá feidhm aige sin maidir le hidirbhearta páirtithe gaolmhara.

    21

    Is samplaí iad na nithe seo a leanas d’idirbhearta a nochtar más le páirtí gaolmhar a rinneadh iad:

    (a)

    earraí a cheannach nó a dhíol (críochnaithe nó neamhchríochnaithe);

    (b)

    maoin agus sócmhainní eile a cheannach nó a dhíol;

    (c)

    seirbhísí a sholáthar nó a fháil;

    (d)

    léasanna;

    (e)

    aistrithe taighde agus forbartha;

    (f)

    aistrithe faoi chomhaontuithe ceadúnais;

    (g)

    aistrithe faoi chomhaontuithe airgeadais (lena n-áirítear iasachtaí agus ranníocaíochtaí cothromais in airgead tirim nó cúiteamh comhchineáil);

    (h)

    soláthar ráthaíochtaí nó comhthaobhachta;

    (i)

    gealltanais chun rud éigin a dhéanamh má tharlaíonn nó mura dtarlaíonn teagmhas áirithe amach anseo, lena n-áirítear conarthaí le comhlíonadh (12) (aitheanta agus neamhaitheanta); agus

    (j)

    dliteanais arna réiteach thar ceann an eintitis nó ag an eintiteas thar ceann an pháirtí ghaolmhair sin.

    22

    Rannpháirtíocht ag máthairchuideachta nó ag fochuideachta i bplean sochair shainithe idir ghrúpeintitis, is idirbheart é sin idir pháirtithe gaolmhara (féach mír 42 de IAS 19 (arna leasú in 2011)).

    23

    Nochtuithe ina sonraítear go ndearnadh idirbhearta páirtithe gaolmhara ar théarmaí atá coibhéiseach leis na téarmaí sin atá ann in idirbhearta ar neamhthuilleamaí, ní dhéantar iad ach amháin i gcás gur féidir bunús a thabhairt le téarmaí den sórt sin.

    24

    Féadtar ítimí de chineál comhchosúil a nochtadh i bhformáid chomhiomlánaithe ach amháin i gcás gur gá nochtadh ar leithligh le go dtuigfear éifeachtaí idirbhearta páirtithe gaolmhara ar ráitis airgeadais an eintitis.

    Eintitis a bhaineann leis an rialtas

    25

    Tá eintiteas tuairiscithe díolmhaithe ó na ceanglais maidir le nochtadh i mír 18 i ndáil le hidirbhearta páirtithe gaolmhara agus suimeanna gan íoc, lena n-áirítear gealltanais, le:

    (a)

    rialtas a bhfuil rialú, comhrialú nó tionchar suntasach aige ar an eintiteas tuairiscithe; agus

    (b)

    eintiteas eile ar páirtí gaolmhar é de bharr go rialaíonn, go gcomhrialaíonn nó go bhfuil tionchar suntasach ag an rialtas céanna ar an eintiteas tuairiscithe agus ar an eintiteas eile.

    26

    I gcás go gcuireann eintiteas tuairiscithe an díolúine i mír 25 i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid seo a leanas faoi na hidirbhearta agus faoi na suimeanna gaolmhara gan íoc dá dtagraítear i mír 25:

    (a)

    ainm an rialtais agus cineál a ghaolmhaireachta leis an eintiteas tuairiscithe (i.e. rialú, comhrialú, nó tionchar suntasach);

    (b)

    an fhaisnéis seo a leanas mionsonraithe go leordhóthanach lena chur ar chumas úsáideoirí ráitis airgeadais an eintitis tuiscint a fháil ar éifeacht idirbhearta páirtithe gaolmhara ar a ráitis airgeadais:

    (i)

    cineál agus méid gach idirbheart atá suntasach go haonarach; agus

    (ii)

    maidir le hidirbhearta eile atá suntasach i dteannta a chéile ach ní go haonarach, tásc cáilíochtúil nó cainníochtúil ar a méid. Áirítear le cineálacha idirbhearta na cinn a liostaítear i mír 21.

    27

    Agus a bhreithiúnas á úsáid aige chun an méid mionsonraí atá le nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais i mír 26(b) a chinneadh, breithneoidh an t-eintiteas tuairiscithe dlúithe na gaolmhaireachta páirtí gaolmhaire agus fachtóirí eile atá ábhartha chun suntas an idirbhirt a shuí, amhail cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé:

    (a)

    suntasach i dtéarmaí méid;

    (b)

    déanta ar théarmaí neamh-mhargaidh;

    (c)

    lasmuigh de ghnáth-oibríochtaí gnó ó lá go lá, amhail ceannach agus díol gnólachtaí;

    (d)

    nochta d’údaráis rialála nó mhaoirseachta;

    (e)

    tuairiscithe chuig an ardbhainistíocht;

    (f)

    faoi réir formheas scairshealbhóirí.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    28

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe, maidir leis an gCaighdeán iomlán nó an díolúine i bpáirt i míreanna 25-27 le haghaidh eintitis a bhaineann leis an rialtas. Má chuireann eintiteas an Caighdeán iomlán nó an díolúine i bpáirt sin i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2011, nochtfaidh sé an méid sin.

    28A

    Le IFRS 10, IFRS 11 Comhshocruithe agus IFRS 12, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 3, mír 9, mír 11(b), mír 15, mír 19(b) agus (e) agus mír 25. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10, IFRS 11 agus IFRS 12 i bhfeidhm.

    28B

    Le hEintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna n-eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 4 agus 9. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe uile a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    28C

    Le Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna le haghaidh na tréimhse 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 9 agus cuireadh míreanna 17A agus 18A leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    AISTARRAINGT IAS 24 (2003)

    29

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara (arna athbhreithniú in 2003).

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 26

    Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm i ráitis airgeadais pleananna sochair scoir i gcás ina n-ullmhaítear ráitis airgeadais den sórt sin.

    2

    Déantar tagairt do phleananna sochair scoir le hainmneacha éagsúla eile uaireanta, amhail ‘scéimeanna pinsin’, ‘scéimeanna aoisliúntais’ nó ‘scéimeanna sochair scoir’. Leis an gcaighdeán seo, meastar gur eintiteas tuairiscithe ar leithligh ó fhostaithe na rannpháirtithe sa phlean é plean sochair scoir. Tá feidhm ag gach caighdeán eile maidir le ráitis airgeadais phleananna sochair scoir a mhéid nach dtagann an caighdeán seo ina n-ionad.

    3

    Baineann an Caighdeán seo le cuntasaíocht agus tuairisciú leis an bplean do na rannpháirtithe uile mar ghrúpa. Ní bhaineann sé le tuarascálacha do rannpháirtithe aonair faoina gcearta chun sochar scoir.

    4

    Baineann IAS 19 Sochair Fostaithe le costas na sochar scoir a chinneadh i ráitis airgeadais na bhfostóirí a bhfuil pleananna acu. Dá bhrí sin, comhlánaíonn an caighdeán seo IAS 19.

    5

    Féadtar pleananna sochair scoir a shainmhíniú mar phleananna ranníocaíochtaí sainithe nó mar phleananna sochar sainithe. Éilíonn go leor díobh go gcruthófaí cistí ar leithligh, a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh aitheantas dlíthiúil ar leithligh a bheith acu agus a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh iontaobhaithe a bheith acu, dá ndéantar ranníocaíochtaí agus a n-íoctar sochair scoir uathu. Tá feidhm ag an gcaighdeán seo gan beann ar cibé an gcruthaítear nó nach gcruthaítear ciste den sórt sin agus gan beann ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil iontaobhaithe i gceist.

    6

    Tá pleananna sochair scoir a bhfuil sócmhainní acu atá infheistithe le cuideachtaí árachais faoi réir ag na ceanglais chuntasaíochta agus chistithe chéanna agus atá ag socruithe arna n-infheistiú go príobháideach. Dá réir sin, tá siad laistigh de raon feidhme an chaighdeáin seo ach amháin i gcás ina bhfuil an conradh leis an gcuideachta árachais faoi ainm rannpháirtí sonraithe nó grúpa rannpháirtithe agus inarb í an chuideachta árachais amháin atá freagrach as an oibleagáid sochair scoir.

    7

    Ní bhaineann an caighdeán seo le cineálacha eile sochar fostaíochta amhail slánaíochtaí foirceanta fostaíochta, socruithe pá iarchurtha, sochair saoire fadseirbhíse, pleananna speisialta luathscoir nó pleananna speisialta iomarcaíochta, pleananna sláinte agus leasa ná pleananna bónais. Tá socruithe de chineál slándáil shóisialta rialtais eisiata ó raon feidhme an chaighdeáin seo freisin.

    SAINMHÍNITHE

    8

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is pleananna sochair scoir ann socruithe lena soláthraíonn eintiteas sochair d’fhostaithe ar fhoirceannadh seirbhíse nó ina dhiaidh sin (i bhfoirm ioncaim bhliantúil nó mar chnapshuim) i gcás ina bhféadtar sochair den sórt sin, nó na ranníocaíochtaí ina dtreo, a chinneadh nó a réamh-mheas trí fhorálacha doiciméid nó trí chleachtais an eintitis sula dtéann an fostaí ar scor.

     

    Is éard is pleananna ranníocaíochtaí sainithe ann pleananna sochair scoir faoina ndéantar méideanna atá le híoc mar shochair scoir a chinneadh trí ranníocaíochtaí chuig ciste in éineacht le tuilleamh infheistíochta ina leith.

     

    Is éard is pleananna sochar sainithe ann pleananna sochair scoir faoina ndéantar méideanna atá le híoc a chinneadh faoi threoir fhoirmle a bhunaítear, de ghnáth, ar phá fostaithe agus/nó ar bhlianta seirbhíse.

     

    Is éard is Cistiú ann sócmhainní a aistriú chuig eintiteas (an ciste) ar leithligh ó eintiteas an fhostóra chun oibleagáidí todhchaí a chomhlíonadh ó thaobh sochair scoir a íoc.

     

    Chun críocha an chaighdeáin seo, úsáidtear na téarmaí seo a leanas freisin:

     

    Is comhaltaí de phlean sochair scoir agus daoine eile atá i dteideal sochair faoin bplean iad rannpháirtithe.

     

    Is éard atá sna glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar, sócmhainní plean lúide dliteanais seachas an luach láithreach achtúireach ar shochair scoir arna ngealladh.

     

    Is éard atá i luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta ann, luach reatha na n-íocaíochtaí ionchasacha ó phlean sochair scoir le fostaithe atá ann cheana agus iarfhostaithe, atá inchurtha i leith na seirbhíse a tugadh cheana.

     

    Is éard is sochair dhílsithe ann sochair nach mbraitheann na cearta ina leith ar fhostaíocht leanúnach, faoi choinníollacha phlean sochair scoir.

    9

    Tá urraitheoirí seachas fostóirí ag roinnt pleananna sochair scoir; tá feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le ráitis airgeadais phleananna den sórt sin freisin.

    10

    Tá an chuid is mó de phleananna sochair scoir bunaithe ar chomhaontuithe foirmiúla. Tá roinnt pleananna neamhfhoirmiúil ach tá méid áirithe oibleagáide faighte acu de thoradh chleachtais bhunaithe fostóirí. Cé go gceadaíonn roinnt pleananna d’fhostóirí a n-oibleagáidí a theorannú faoi na pleananna, is deacair d’fhostóir plean a chealú, de ghnáth, má tá fostaithe le coinneáil. Tá feidhm ag an mbonn cuntasaíochta agus dearbhaithe céanna maidir le plean neamhfhoirmiúil agus atá maidir le plean foirmiúil.

    11

    Déanann go leor pleananna sochair scoir soláthar do chistí ar leithligh a bhunú a ndéantar ranníocaíochtaí chucu agus a n-íoctar sochair astu. Féadfaidh páirtithe a ghníomhaíonn go neamhspleách ó thaobh sócmhainní ciste a bhainistiú cistí den sórt sin a riar. Tugtar iontaobhaithe ar na páirtithe sin i dtíortha áirithe. Úsáidtear an téarma iontaobhaí sa chaighdeán seo chun tuairisc a thabhairt ar pháirtithe den sórt sin gan beann ar cibé ar cruthaíodh iontaobhas nó nár cruthaíodh.

    12

    De ghnáth, tugtar tuairisc ar phleananna sochair scoir mar phleananna ranníocaíochtaí sainithe nó mar phleananna sochar sainithe, agus tá a saintréithe dílse ag gach ceann. Uaireanta, bíonn pleananna ann a bhfuil saintréithe an dá chineál acu. Meastar gur pleananna sochar sainithe pleananna hibride den sórt sin chun críocha an chaighdeáin seo.

    PLEANANNA RANNÍOCAÍOCHTAÍ SAINITHE

    13

    Beidh ráiteas maidir le glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar agus tuairisc ar an mbeartas cistithe i ráitis airgeadais phlean ranníocaíochtaí sainithe.

    14

    Faoi phlean ranníocaíochtaí sainithe, cinntear méid sochar rannpháirtí sa todhchaí leis na ranníocaíochtaí a d’íoc an fostóir, an rannpháirtí nó an dá cheann sin, agus le héifeachtúlacht oibriúcháin agus tuilleamh infheistíochta an chiste. Déantar oibleagáid fostóra a urscaoileadh trí ranníocaíochtaí leis an gciste, de ghnáth. Ní éilítear comhairle ó achtúire, de ghnáth, cé go n-úsáidtear comhairle den sórt sin uaireanta chun sochar sa todhchaí a bhféadfaí a bhaint amach a réamh-mheas bunaithe ar ranníocaíochtaí reatha agus leibhéil éagsúla ranníocaíochtaí sa todhchaí agus tuilleamh infheistíochta.

    15

    Tá spéis ag rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an phlean mar gheall go ndéanann siad difear díreach don leibhéal sochar a bheidh acu sa todhchaí. Tá spéis ag rannpháirtithe a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuarthas nó nach bhfuarthas ranníocaíochtaí agus cibé ar feidhmíodh nó nár feidhmíodh rialú ceart chun cearta tairbhithe a chosaint. Tá spéis ag fostóir in oibriú éifeachtúil agus cóir an phlean.

    16

    Is é is cuspóir do thuairisciú ag plean ranníocaíochtaí sainithe, faisnéis faoin bplean agus faoi fheidhmíocht a infheistíochtaí a sholáthar go tréimhsiúil. Baintear an cuspóir sin amach, de ghnáth, trí ráitis airgeadais a chur ar fáil, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar ghníomhaíochtaí suntasacha don tréimhse agus éifeacht aon athrú a bhaineann leis an bplean, agus a chomhaltacht agus a théarmaí agus coinníollacha;

    (b)

    ráitis a thuairiscíonn ar na hidirbhearta agus ar fheidhmíocht na hinfheistíochta don tréimhse agus staid airgeadais an phlean ag deireadh na tréimhse; agus

    (c)

    tuairisc ar na beartais infheistíochta.

    PLEANANNA SOCHAR SAINITHE

    17

    Beidh ceann de na nithe seo a leanas san áireamh i ráitis airgeadais phlean sochar sainithe:

    (a)

    ráiteas lena dtaispeántar:

    (i)

    na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar;

    (ii)

    luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta, le hidirdhealú idir sochair dhílsithe agus sochair neamh-dhílsithe; agus

    (iii)

    an farasbarr nó easnamh de thoradh sin; nó

    (b)

    ráiteas ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar, lena n-áirítear ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (i)

    nóta lena nochtar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta, le hidirdhealú idir sochair dhílsithe agus sochair neamh-dhílsithe;

    (ii)

    tagairt don fhaisnéis sin i dtuarascáil achtúireach a ghabhann leis.

    I gcás nár ullmhaíodh luacháil achtúireach ar dháta na ráiteas airgeadais, úsáidfear an luacháil is déanaí mar bhonn agus nochtfar dáta na luachála.

    18

    Chun críocha mhír 17, bunófar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta ar na sochair arna ngealladh faoi théarmaí an phlean ar sheirbhís a tugadh go dtí seo ag úsáid leibhéal reatha tuarastail nó leibhéal réamh-mheasta tuarastail agus nochtfar an bonn a úsáidtear. Nochtfar éifeacht aon athrú ar bhoinn tuisceana achtúireacha a raibh éifeacht shuntasach acu ar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta freisin.

    19

    Míneofar sna ráitis airgeadais an ghaolmhaireacht idir luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta agus na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar, agus an beartas maidir le sochair gheallta a chistiú.

    20

    Faoi phlean sochair shainithe, braitheann íocaíocht shochair scoir gheallta ar staid airgeadais an phlean agus ar chumas ranníocóirí maidir le ranníocaíochtaí a dhéanamh leis an bplean sa todhchaí chomh maith le feidhmíocht infheistíochta agus éifeachtúlacht oibriúcháin an phlean.

    21

    Tá comhairle thréimhsiúil ó achtúire de dhíth ar phlean sochair shainithe chun measúnú a dhéanamh ar staid airgeadais an phlean, chun athbhreithniú a dhéanamh ar na toimhdí agus chun leibhéil ranníocaíochtaí sa todhchaí a mholadh.

    22

    Is é is cuspóir do thuairisciú le plean sochair shainithe, faisnéis a sholáthar go tréimhsiúil faoi acmhainní airgeadais agus gníomhaíochtaí an phlean, ar faisnéis áisiúil í chun measúnú a dhéanamh ar na gaolmhaireachtaí idir carnadh acmhainní agus sochair an phlean le himeacht ama. Baintear an cuspóir sin amach, de ghnáth, trí ráitis airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar ghníomhaíochtaí suntasacha don tréimhse agus éifeacht aon athrú a bhaineann leis an bplean, agus a chomhaltacht agus a théarmaí agus coinníollacha;

    (b)

    ráitis a thuairiscíonn ar na hidirbhearta agus ar fheidhmíocht na hinfheistíochta don tréimhse agus staid airgeadais an phlean ag deireadh na tréimhse;

    (c)

    faisnéis achtúireach, mar chuid de na ráitis nó trí bhíthin tuarascáil ar leithligh; agus

    (d)

    tuairisc ar na beartais infheistíochta.

    Luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta

    23

    Féadtar luach reatha na n-íocaíochtaí ionchasacha ó phlean sochair scoir a ríomh agus a thuairisciú ag úsáid leibhéal reatha tuarastail nó leibhéal réamh-mheasta tuarastail chomh fada le tráth scoir na rannpháirtithe.

    24

    Áirítear leis na cúiseanna a thugtar le cur chuige an tuarastail reatha a ghlacadh:

    (a)

    féadtar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta, arb é suim na méideanna atá inchurtha le gach rannpháirtí sa phlean faoi láthair, a ríomh ar bhealach níos oibiachtúla ná le leibhéal réamh-mheasta tuarastail mar tá níos lú toimhdí i gceist;

    (b)

    méaduithe ar shochair atá inchurtha le méadú ar thuarastal, tagann le bheith ina n-oibleagáid den phlean tráth an mhéadaithe ar thuarastal; agus

    (c)

    bíonn baint níos dlúithe ag méid an luacha láithrigh achtúirigh sochar scoir geallta ag úsáid leibhéal reatha tuarastail leis an méid is iníoctha i gcás foirceanta nó scor an phlean, de ghnáth.

    25

    Áirítear leis na cúiseanna a thugtar le cur chuige an tuarastail réamh-mheasta a ghlacadh:

    (a)

    ba cheart faisnéis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaigh, gan beann ar na toimhdí agus meastacháin nach mór a dhéanamh;

    (b)

    faoi phleananna pá deiridh cinntear sochair faoi threoir thuarastail ar an dáta scoir nó gar dó; dá bhrí sin, ní mór réamh-mheastachán a dhéanamh ar thuarastail, leibhéil ranníocaíochtaí agus rátaí toraidh; agus

    (c)

    d’fhéadfaí ró-chistiú dealraitheach a thuairisciú nuair nach bhfuil an plean ró-chistithe, nó cistiú leordhóthanach a thuairisciú nuair atá an plean tearc-chistithe, mar thoradh ar mhainneachtain réamh-mheastacháin tuarastal a chorprú, nuair a bhunaítear an chuid is mó den chistiú ar réamh-mheastacháin tuarastal.

    26

    Nochtar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta bunaithe ar thuarastail reatha i ráitis airgeadais plean chun an oibleagáid le haghaidh sochar tuillte go dtí dáta na ráiteas airgeadais a chur in iúl. Nochtar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta bunaithe ar thuarastail réamh-mheasta chun méid na hoibleagáide féideartha ar bhonn gnóthais leantaigh, arb é an bunús le cistiú de ghnáth, a chur in iúl. I dteannta luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta a nochtadh, d’fhéadfadh gur gá míniú leordhóthanach a thabhairt lena chur in iúl go soiléir an comhthéacs inar cheart an luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta a léamh. D’fhéadfadh míniú den sórt sin bheith i bhfoirm faisnéis faoi leordhóthanacht an chistithe atá beartaithe don todhchaí agus faoin mbeartas cistithe atá bunaithe ar réamh-mheastacháin tuarastal. D’fhéadfaí sin a chur san áireamh sna ráitis airgeadais nó i dtuarascáil an achtúire.

    Minicíocht luachálacha achtúireacha

    27

    In go leor tíortha, ní fhaightear luachálacha achtúireacha níos minice ná gach 3 bliana. I gcás nár ullmhaíodh luacháil achtúireach ar dháta na ráiteas airgeadais, úsáidtear an luacháil is déanaí mar bhonn agus nochtar dáta na luachála.

    Ábhar ráiteas airgeadais

    28

    I gcás pleananna sochar sainithe, cuirtear faisnéis i láthair i gceann de na formáidí seo a leanas, lena léirítear cleachtais dhifriúla maidir le faisnéis achtúireach a nochtadh agus a chur i láthair:

    (a)

    cuirtear ráiteas san áireamh sna ráitis airgeadais lena dtaispeántar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar, luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta agus an farasbarr nó easnamh de thoradh sin. Tá ráitis ar athruithe ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar agus athruithe ar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta i ráitis airgeadais an phlean freisin. Féadfaidh tuarascáil ar leithligh ó achtúire bheith ag gabháil leis na ráitis airgeadais, ag tacú le luach láithreach achtúireach sochair scoir geallta;

    (b)

    ráitis airgeadais ina bhfuil ráiteas ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar agus ráiteas ar athruithe ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar. Nochtar luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta i nóta leis na ráitis. Féadfaidh tuarascáil ó achtúire bheith ag gabháil leis na ráitis airgeadais freisin, ag tacú le luach láithreach achtúireach ar shochair scoir geallta; agus

    (c)

    ráitis airgeadais ina bhfuil ráiteas ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar agus ráiteas ar athruithe ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar agus luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta i dtuarascáil achtúireach ar leithligh.

    Féadfaidh tuarascáil iontaobhaithe de chineál tuarascála bainistíochta nó stiúrthóirí agus tuarascáil infheistíochta bheith ag gabháil leis na ráitis airgeadais freisin.

    29

    Na daoine sin atá i bhfabhar na bhformáidí a dtugtar tuairisc orthu i mír 28(a) agus (b), creideann siad, maidir le cainníochtú na sochar scoir geallta agus faisnéis eile a sholáthraítear faoi na cuir chuige sin, go gcuidíonn siad le húsáideoirí measúnú a dhéanamh ar stádas reatha an phlean agus ar an dóchúlacht go gcomhlíonfar oibleagáidí an phlean. Creideann siad freisin gur cheart do na ráitis airgeadais a bheith iomlán iontu féin agus nár cheart dóibh bheith ag brath ar ráitis a ghabhann leo. Mar sin féin, creideann roinnt díobh go bhféadfadh an fhormáid a dtugtar tuairisc uirthi i mír 28(a) a thabhairt le tuiscint go bhfuil dliteanas ann, cé nach bhfuil saintréithe uile dliteanais i luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta, ina dtuairim.

    30

    Na daoine sin atá i bhfabhar na formáide a dtugtar tuairisc uirthi i mír 28(c), creideann siad nár cheart luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta a chur san áireamh i ráiteas ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar, mar is amhlaidh san fhormáid a dtugtar tuairisc uirthi i mír 28(a), ná é a nochtadh i nóta mar is amhlaidh i mír 28(b), mar gheall go ndéanfar comparáid dhíreach idir é agus sócmhainní an phlean agus féadfar nach mbeadh comparáid den sórt sin a bheith bailí. Maíonn siad nach gá go ndéanann achtúirí comparáid idir luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta agus luachanna margaidh infheistíochtaí, ach go bhféadfaidh siad measúnú a dhéanamh ar luach láithreach na sreafaí airgid lena bhfuil coinne ó na hinfheistíochtaí. Dá bhrí sin, creideann na daoine sin atá i bhfabhar na formáide sin nach dócha go léireoidh comparáid den sórt sin measúnú foriomlán an achtúire ar an bplean agus go bhféadfaí míbhrí a bhaint aisti. Chomh maith leis sin, creideann daoine áirithe gur cheart an fhaisnéis faoi shochair scoir gheallta a choimeád sa tuarascáil achtúireach ar leithligh, agus sin amháin, áit ar féidir míniú ceart a thabhairt uirthi, gan beann ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil sí canníochtaithe.

    31

    Leis an gcaighdeán seo, glactar leis na tuairimí i bhfabhar nochtadh na faisnéise maidir le sochair scoir gheallta i dtuarascáil achtúireach ar leithligh a cheadú. Diúltaítear d’argóintí in aghaidh luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta a chainníochtú. Dá réir sin, meastar go bhfuil na formáidí a dtugtar tuairisc orthu i mír 28(a) agus (b) inghlactha faoin gcaighdeán seo, mar atá an fhormáid a dtugtar tuairisc uirthi i mír 28(c), fad atá tagairt do thuarascáil achtúireach ina n-áirítear luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta san áireamh sna ráitis airgeadais agus ag gabháil leo.

    GACH PLEAN

    Luacháil sócmhainní plean

    32

    Tabharfar infheistíochtaí phlean sochair scoir ar aghaidh ar luach cóir. I gcás urrús inmhargaidh, is é luach margaidh an luach cóir. I gcás ina sealbhaítear infheistíochtaí plean nach féidir meastachán ar luach cóir a thabhairt ina leith, nochtfar an chúis nach n-úsáidtear luach cóir.

    33

    I gcás urrús inmhargaidh, is é luach margaidh an luach cóir, de ghnáth, mar gheall go meastar gurb é sin an tomhas is áisiúla ar na hurrúis ar an dáta tuairiscithe agus ar fheidhmíocht na hinfheistíochta don tréimhse. Na hurrúis sin a bhfuil luach seasta fuascailte orthu agus a fuarthas chun oibleagáidí an phlean, nó codanna sonracha de, a mheaitseáil, féadtar iad a thabhairt ar aghaidh ar mhéideanna atá bunaithe ar a luach deiridh fuascailte ag glacadh le ráta toraidh tairiseach go dtí aibíocht. I gcás ina sealbhaítear infheistíochtaí plean nach féidir meastachán ar luach cóir a thabhairt ina leith, amhail úinéireacht iomlán ar eintiteas, nochtar an chúis nach n-úsáidtear luach cóir. A mhéid a thugtar infheistíochtaí ar aghaidh ar mhéideanna seachas luach margaidh nó luach cóir, nochtar luach cóir freisin, de ghnáth. Sócmhainní a úsáidtear in oibríochtaí an chiste, tugtar cuntas orthu i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme.

    Nochtadh

    34

    Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ráitis airgeadais phlean sochair scoir, cé acu an plean sochair shainaithe nó plean ranníocaíochtaí sainithe é:

    (a)

    ráiteas ar athruithe ar ghlansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar;

    (b)

    faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta; agus

    (c)

    tuairisc ar an bplean agus ar éifeacht aon athrú ar an bplean le linn na tréimhse.

    35

    Áirítear na nithe seo a leanas, más infheidhme, sna ráitis airgeadais a sholáthraíonn pleananna sochair scoir:

    (a)

    ráiteas ar na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochair lena nochtar:

    (i)

    sócmhainní ag deireadh na tréimhse agus iad aicmithe go hiomchuí;

    (ii)

    an bonn atá le luacháil sócmhainní;

    (iii)

    mionsonraí faoi aon infheistíocht aonair a sháraíonn 5 % de na glansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochar nó 5 % d’aon aicme nó cineál urrúis;

    (iv)

    mionsonraí faoi aon infheistíocht san fhostóir; agus

    (v)

    dliteanais seachas luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta;

    (b)

    ráiteas ar athruithe ar ghlansócmhainní atá ar fáil le haghaidh sochair lena dtaispeántar na nithe seo a leanas:

    (i)

    ranníocaíochtaí fostóra;

    (ii)

    ranníocaíochtaí fostaí;

    (iii)

    ioncam infheistíochta, amhail ús agus díbhinní;

    (iv)

    ioncam eile;

    (v)

    sochair íoctha nó iníoctha (arna n-anailísiú, mar shampla, mar shochair scoir, báis agus míchumais, agus íocaíochtaí cnapshuime);

    (vi)

    speansais riaracháin;

    (vii)

    speansais eile;

    (viii)

    cánacha ar ioncam;

    (ix)

    brabús agus caillteanas ar dhiúscairt infheistíochtaí agus athruithe ar luach infheistíochtaí; agus

    (x)

    aistrithe chuig pleananna eile agus uathu;

    (c)

    tuairisc ar an mbeartas cistiúcháin;

    (d)

    maidir le pleananna sochar sainithe, luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta (a d’fhéadfadh idirdhealú a dhéanamh idir sochair dhílsithe agus sochair neamh-dhílsithe) bunaithe ar na sochair arna ngealladh faoi théarmaí an phlean, ar sheirbhís a tugadh go dtí seo agus ag úsáid leibhéal reatha tuarastail nó leibhéal réamh-mheasta tuarastail; féadtar an fhaisnéis sin a chur san áireamh i dtuarascáil achtúireach a ghabhann leis na ráitis airgeadais ghaolmhara agus atá le léamh i dteannta leo; agus

    (e)

    maidir le pleananna sochar sainithe, tuairisc ar na toimhdí achtúireacha suntasacha a dhéantar agus ar an modh a úsáidtear chun luach láithreach achtúireach sochar scoir geallta a ríomh.

    36

    Tá tuairisc ar an bplean sa tuarascáil ar phlean sochair scoir, mar chuid de na ráitis airgeadais nó i dtuarascáil ar leithligh. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ann:

    (a)

    ainmneacha na bhfostóirí agus na ngrúpaí fostaithe faoi chumhdach;

    (b)

    an líon rannpháirtithe a bhfuil sochair á bhfáil acu agus an líon rannpháirtithe eile, arna n-aicmiú mar is iomchuí;

    (c)

    an cineál plean — ranníocaíochtaí sainithe nó sochar sainithe;

    (d)

    nóta faoi cé acu an ndéanann nó nach ndéanann rannpháirtithe ranníocaíochtaí leis an bplean;

    (e)

    tuairisc ar na sochair scoir a ghealltar do rannpháirtithe;

    (f)

    tuairisc ar théarmaí foirceanta aon phlean; agus

    (g)

    athruithe ar mhíreanna (a) go (f) le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil.

    Ní rud neamhchoitianta é tagairt a dhéanamh do dhoiciméid eile atá ar fáil go héasca d’úsáideoirí agus ina dtugtar tuairisc ar an bplean, agus gan ach faisnéis faoi athruithe ina dhiaidh sin a chur san áireamh.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    37

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais phleananna sochair scoir lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1988 nó ina dhiaidh sin.

    38

    Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh mír 34. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 27

    Ráitis Airgeadais ar Leithligh

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don Chaighdeán seo na ceanglais maidir le cuntasaíocht agus nochtadh a fhorordú le haghaidh infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh nuair a ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar leithligh.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le cuntasaíocht d’infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh nuair a roghnaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar leithligh a chur i láthair, nó i gcás ina n-éilítear air sin a dhéanamh le rialacháin áitiúla.

    3

    Ní thugtar sainordú leis an gCaighdeán seo faoi cén eintitis a thairgeann ráitis airgeadais ar leithligh. Tá feidhm aige nuair a ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar leithligh a chomhlíonann na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    SAINMHÍNITHE

    4

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite ann ráitis airgeadais grúpa ina gcuirtear na sócmhainní, dliteanais, cothromas, ioncam, speansais agus sreafaí airgid na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí i láthair mar nithe a bhaineann le haon eintiteas eacnamaíoch amháin.

     

    Is éard is ráitis airgeadais ar leithligh ann na ráitis airgeadais a chuireann eintiteas i láthair ina bhféadfadh an t-eintiteas roghnú, faoi réir na gceanglas sa Chaighdeán seo, cuntas a choinneáil ar a infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh, ar costas, i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, nó ag úsáid an mhodha chothromais dá dtugtar tuairisc in IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair.

    5

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas i bhFoscríbhinn A de IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, Foscríbhinn A de IFRS 11 Comhshocruithe agus mír 3 de IAS 28:

    comhlach

    rialú institiúid infheistiúcháin

    modh an chothromais

    grúpa

    eintiteas infheistíochta

    comhrialú

    comhfhiontar

    comhfhiontraí

    máthairchuideachta

    tionchar suntasach

    fochuideachta.

    6

    Is éard is ráitis airgeadais ar leithligh ann na ráitis airgeadais a chuirtear i láthair sa bhreis ar ráitis airgeadais chomhdhlúite nó sa bhreis ar ráitis airgeadais infheisteora nach bhfuil infheistíochtaí i bhfochuideachtaí aige ach a bhfuil infheistíochtaí in eintitis chomhlachaithe nó i gcomhfhiontair aige, ar infheistíochtaí in eintitis chomhlachaithe nó i gcomhfhiontair iad a éilítear le IAS 28 cuntas a thabhairt orthu ag úsáid mhodh an chothromais, seachas sna himthosca a leagtar amach i míreanna 8–8A.

    7

    Ní ráitis airgeadais ar leithligh iad ráitis airgeadais eintiteas nach bhfuil leas fochuideachta, eintitis chomhlachaithe ná comhfhiontraí aige i gcomhfhiontar.

    8

    Eintiteas atá díolmhaithe ó chomhdhlúthú i gcomhréir le mír 4(a) de IFRS 10 nó atá díolmhaithe ó mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 17 de IAS 28 (arna leasú in 2011), féadfaidh sé ráitis airgeadais ar leithligh a chur i láthair agus iad amháin mar a ráitis airgeadais.

    8A

    Eintiteas infheistíochta a éilítear air, le linn na tréimhse reatha agus le linn gach tréimhse comparáidí a chuirtear i láthair, an eisceacht um chomhdhlúthú a chur i bhfeidhm maidir lena fhochuideachtaí uile i gcomhréir le mír 31 de IFRS 10, cuireann sé ráitis airgeadais ar leithligh i láthair agus iad amháin mar a ráitis airgeadais.

    RÁITIS AIRGEADAIS AR LEITHLIGH A ULLMHÚ

    9

    Ullmhófar ráitis airgeadais ar leithligh i gcomhréir leis na IFRSanna uile is infheidhme, seachas mar a ndéantar foráil dó i mír 10.

    10

    Nuair a ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar leithligh, coinneoidh sé cuntas ar infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i gcomhfhiontair agus i gcomhlaigh:

    (a)

    ar chostas;

    (b)

    i gcomhréir le IFRS 9; nó

    (c)

    ag úsáid mhodh an chothromais mar a dtugtar tuairisc air in IAS 28.

    Cuirfidh an t-eintiteas an chuntasaíocht chéanna i bhfeidhm maidir le gach catagóir infheistíochtaí. Infheistíochtaí a dtugtar cuntas orthu ar costas nó ag úsáid mhodh an chothromais, tabharfar cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha nuair a aicmítear iad mar arna sealbhú le díol nó le dáileadh (nó nuair a áirítear iad i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú le díol nó le dáileadh). Ní athraítear an tomhas infheistíochtaí a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 9 in imthosca den sórt sin.

    11

    I gcás go roghnaíonn eintiteas, i gcomhréir le mír 18 de IAS 28 (arna leasú in 2011), a chuid infheistíochtaí i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontair a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9, coinneoidh sé cuntas ar na hinfheistíochtaí sin ar an mbealach céanna ina ráitis airgeadais ar leithligh.

    11A

    I gcás go gceanglaítear ar mháthairchuideachta, i gcomhréir le mír 31 de IFRS 10, a hinfheistíocht i bhfochuideachta a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9, coinneoidh sí cuntas ar a hinfheistíocht i bhfochuideachta ar an mbealach céanna ina ráitis airgeadais ar leithligh.

    11B

    Nuair a scoireann máthairchuideachta de bheith ina heintiteas infheistíochta, coinneoidh sí cuntas ar an athrú ón dáta a tharla an t-athrú ar stádas, mar seo a leanas:

    (a)

    nuair a scoireann eintiteas de bheith ina eintiteas infheistíochta, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar infheistíocht i bhfochuideachta i gcomhréir le mír 10. Meastar gurb é an dáta éadála dáta an athraithe ar stádas. Léireoidh luach cóir na fochuideachta ar an dáta éadála measta an chomaoin mheasta aistrithe agus cuntas á thabhairt ar an infheistíocht i gcomhréir le mír 10.

    (i)

    [scriosta]

    (ii)

    [scriosta]

    (b)

    nuair a éiríonn eintiteas ina eintiteas infheistíochta, coinneoidh sé cuntas ar infheistíocht i bhfochuideachta ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9. An difríocht idir suim ghlanluacha na fochuideachta roimhe sin agus a luach cóir ar dháta an athraithe ar stádas an infheisteora, aithneofar í mar ghnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas. Méid carnach aon ghnóthachan nó caillteanas a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile i leith na bhfochuideachtaí sin, caithfear leis amhail is dá mbeadh na fochuideachtaí sin diúscartha ag an eintiteas infheistíochta ar dháta an athraithe ar stádas.

    12

    Díbhinní ó fhochuideachta, ó chomhfhiontar nó ó eintiteas comhlach, aithnítear iad i ráitis airgeadais ar leithligh eintitis nuair a shuitear ceart an eintitis an díbhinn a fháil. Aithnítear an díbhinn i mbrabús nó caillteanas ach amháin i gcás go roghnaíonn an t-eintiteas modh an chothromais a úsáid, agus sa chás sin aithnítear an díbhinn mar laghdú ó shuim ghlanluacha na hinfheistíochta.

    13

    Nuair a dhéanann máthairchuideachta struchtúr a grúpa a atheagrú trí eintiteas nua a shuí mar a máthairchuideachta ar bhealach a shásaíonn na critéir seo a leanas:

    (a)

    faigheann an mháthairchuideachta nua rialú ar an máthairchuideachta bhunaidh trí ionstraimí cothromais a eisiúint mar mhalairt ar ionstraimí cothromais na máthairchuideachta bunaidh a bhí ann cheana;

    (b)

    tá sócmhainní agus dliteanais an ghrúpa nua agus an ghrúpa bhunaidh mar an gcéanna díreach roimh an atheagraithe agus ina dhiaidh; agus

    (c)

    tá na leasanna céanna absalóideacha agus coibhneasta ag úinéirí na máthairchuideachta bunaidh roimh an atheagrú i nglansócmhainní an ghrúpa bhunaidh agus an ghrúpa nua díreach roimh an atheagraithe agus ina dhiaidh,

    agus tugann an mháthairchuideachta nua cuntas ar a hinfheistíocht sa mháthairchuideachta bhunaidh i gcomhréir le mír 10(a) ina ráitis airgeadais ar leithligh, tomhaisfidh an mháthairchuideachta nua costas ar shuim ghlanluacha a sciar de na hítimí cothromais a thaispeántar i ráitis airgeadais ar leithligh na máthairchuideachta bunaidh ar dháta an atheagraithe.

    14

    Mar an gcéanna, d’fhéadfadh eintiteas nach máthairchuideachta é eintiteas nua a bhunú mar a mháthairchuideachta ar bhealach a shásaíonn na critéir i mír 13. Tá feidhm chomhionann ag na ceanglais i mír 13 maidir le hatheagruithe den sórt sin. Sna cásanna sin, tagairtí do ‘máthairchuideachta bhunaidh’ agus do ‘ghrúpa bunaidh’, is tagairtí don ‘eintiteas bunaidh’ iad.

    NOCHTADH

    15

    Cuirfidh eintiteas na IFRSanna uile is infheidhme i bhfeidhm agus nochtuithe á soláthar aige ina ráitis airgeadais ar leithligh, lena n-áirítear na ceanglais i míreanna 16 agus 17.

    16

    Nuair a roghnaíonn máthairchuideachta, i gcomhréir le mír 4(a) de IFRS 10, gan ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú agus go n-ullmhaíonn sí ráitis airgeadais ar leithligh ina n-ionad, nochtfaidh sí na nithe seo a leanas sna ráitis airgeadais ar leithligh sin:

    (a)

    gur ráitis airgeadais ar leithligh iad na ráitis airgeadais; gur úsáideadh an díolúine ó chomhdhlúthú; ainm agus príomháit ghnó (agus tír a ionchorpraithe, más éagsúil) an eintitis a bhfuil a ráitis airgeadais chomhdhlúite, a chomhlíonann na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, curtha i dtoll a chéile le haghaidh úsáid phoiblí; agus an seoladh ag a bhfuil na ráitis airgeadais chomhdhlúite sin le fáil.

    (b)

    liosta d’infheistíochtaí suntasacha i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh, lena n-áirítear:

    (i)

    ainm na n-institiúidí infheistiúcháin sin.

    (ii)

    príomháit ghnó (agus tír ionchorpraithe, más éagsúil) na n-institiúidí infheistiúcháin sin.

    (iii)

    a chion den leas úinéireachta (agus a chion de na cearta vótála, más éagsúil) arna sealbhú sna hinstitiúidí infheistiúcháin sin.

    (c)

    tuairisc ar an modh a úsáidtear chun cuntas a choinneáil ar infheistíochtaí a liostaítear faoi (b).

    16A

    Nuair a ullmhaíonn eintiteas infheistíochta ar máthairchuideachta é (seachas máthairchuideachta a chumhdaítear le mír 16), i gcomhréir le mír 8A, ráitis airgeadais ar leithligh agus iad amháin mar a ráitis airgeadais, nochtfaidh sé an méid sin. Déanfaidh an t-eintiteas infheistíochta na nochtuithe a bhaineann le heintitis infheistíochta a éilítear le IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile a chur i láthair.

    17

    Nuair a ullmhaíonn máthairchuideachta (seachas máthairchuideachta a chumhdaítear le míreanna 16–16A) nó infheisteoir a bhfuil comhrialú acu ar institiúid infheistiúcháin, nó a bhfuil tionchar suntasach acu uirthi, ráitis airgeadais ar leithligh, aithneoidh an mháthairchuideachta nó an t-infheisteoir na ráitis airgeadais a ullmhaíodh i gcomhréir le IFRS 10, IFRS 11 nó IAS 28 (arna leasú in 2011) lena mbaineann siad. Nochtfaidh an máthairchuideachta nó an t-infheisteoir na nithe seo a leanas ina ráitis airgeadais ar leithligh:

    (a)

    gur ráitis airgeadais ar leithligh iad na ráitis agus na cúiseanna go n-ullmhaítear ráitis airgeadais ar leithligh mura gceanglaítear sin de réir dlí.

    (b)

    liosta d’infheistíochtaí suntasacha i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh, lena n-áirítear:

    (i)

    ainm na n-institiúidí infheistiúcháin sin.

    (ii)

    príomháit ghnó (agus tír ionchorpraithe, más éagsúil) na n-institiúidí infheistiúcháin sin.

    (iii)

    a chion den leas úinéireachta (agus a chion de na cearta vótála, más éagsúil) arna sealbhú sna hinstitiúidí infheistiúcháin sin.

    (c)

    tuairisc ar an modh a úsáidtear chun cuntas a choinneáil ar infheistíochtaí a liostaítear faoi (b).

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    18

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 10, IFRS 11, IFRS 12 agus IAS 28 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm an tráth céanna.

    18A

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 5, 6, 17 agus 18 agus cuireadh míreanna 8A, 11A–11B, 16A agus 18B–18I leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    18B

    I gcás, ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe ar Eintitis Infheistíochta (arb é tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuirtear na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair, chun críche an IFRS seo), go measann máthairchuideachta gur eintiteas infheistíochta í, cuirfidh sí míreanna 18C–18I i bhfeidhm maidir lena hinfheistíocht i bhfochuideachta.

    18C

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, eintiteas a thomhais a infheistíocht i bhfochuideachta ar costas roimhe sin, tomhaisfidh sé an infheistíocht sin ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ina ionad sin amhail agus dá mbeadh éifeacht i gcónaí le ceanglais an IFRS seo. Déanfaidh an t-eintiteas infheistíochta an tréimhse bhliantúil a thagann díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach agus déanfaidh sé tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse díreach roimhe sin a choigeartú le haghaidh aon difríocht idir:

    (a)

    suim ghlanluacha na hinfheistíochta roimhe sin; agus

    (b)

    luach cóir infheistíocht an infheisteora san fhochuideachta.

    18D

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, eintiteas infheistíochta a thomhais a infheistíocht i bhfochuideachta ar luach cóir roimhe sin trí ioncam cuimsitheach eile, leanfaidh sé ar aghaidh den infheistíocht sin a thomhas ar luach cóir. Aistreofar méid carnach aon choigeartú ar luach cóir a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile chuig tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    18E

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ní dhéanfaidh eintiteas infheistíochta coigeartú ar an gcuntasaíocht roimhe sin le haghaidh leas i bhfochuideachta a roghnaigh sé a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas roimhe sin i gcomhréir le IFRS 9, mar a cheadaítear i mír 10.

    18F

    Roimh an dáta a nglactar le IFRS 13 Tomhas Luach Cóir, úsáidfidh eintiteas infheistíochta na méideanna luach cóir a tuairiscíodh roimhe sin d’infheisteoirí nó don bhainistíocht, i gcás go léiríonn na méideanna sin an méid dá bhféadfaí an infheistíocht a mhalartú idir pháirtithe eolasacha agus toilteanacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí ar dháta na luachála.

    18G

    I gcás gur dhofheidhmithe é an infheistíocht san fhochuideachta a thomhas i gcomhréir le míreanna 18C–18F (mar a shainmhínítear in IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta), cuirfidh eintiteas infheistíochta ceanglais an IFRS seo i bhfeidhm ag tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm mhíreanna 18C–18F infheidhmithe, a bhféadfadh an tréimhse reatha bheith i gceist léi. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe. Nuair atá an dáta atá infheidhmithe don eintiteas infheistíochta chun luach cóir na fochuideachta a thomhas níos luaithe ná tús na tréimhse díreach roimhe sin, déanfaidh an t-infheisteoir cothromas a choigeartú ag tús na tréimhse díreach roimhe sin le haghaidh aon difríocht idir:

    (a)

    suim ghlanluacha na hinfheistíochta roimhe sin; agus

    (b)

    luach cóir infheistíocht an infheisteora san fhochuideachta.

    Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe.

    18H

    I gcás ina ndearna eintiteas infheistíochta infheistíocht i bhfochuideachta a dhiúscairt, nó nach rialaíonn sé í a thuilleadh, roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe um Eintitis Infheistíochta, ní éilítear ar an eintiteas infheistíochta coigeartú a dhéanamh ar an gcuntasaíocht roimhe sin don infheistíocht sin.

    18I

    D’ainneoin na dtagairtí don tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh (an ‘tréimhse díreach roimhe’) i míreanna 18C–18G, féadfaidh eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach a chur i láthair freisin le haghaidh aon tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh. Más amhlaidh a chuireann eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, léifear na tagairtí uile do ‘tús na tréimhse díreach roimhe’ i míreanna 18C–18G mar ‘an tréimhse choigeartaithe chomparáideach is luaithe a chuirtear i láthair’. Má chuireann eintiteas faisnéis neamhchoigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir an fhaisnéis nár coigeartaíodh, luafaidh sé gur ullmhaíodh í ar bhonn difriúil, agus míneoidh sé an bonn sin.

    18J

    Le Modh an Chothromais i Ráitis Airgeadais ar Leithligh (Leasuithe ar IAS 27), arna eisiúint i mí Lúnasa 2014, leasaíodh míreanna 4–7, 10, 11B agus 12. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    Tagairtí do IFRS 9

    19

    Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, is mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais a thuigfear aon tagairt do IFRS 9: Aitheantas agus Tomhas.

    AISTARRAINGT IAS 27 (2008)

    20

    Eisítear an Caighdeán seo i gcomhthráth le IFRS 10. Leis an dá IFRS le chéile, dímholtar IAS 27 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus ar Leithligh (arna leasú in 2008).

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 28

    Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an chuntasaíocht le haghaidh infheistíochtaí i gcomhlaigh a fhorordú agus na ceanglais a leagan amach maidir le cur i bhfeidhm mhodh an chothromais agus cuntas á choinneáil ar infheistíochtaí i gcomhlaigh agus i gcomhfhiontair.

    RAON FEIDHME

    2

    Déanfaidh gach eintiteas ar infheisteoir é a bhfuil comhrialú tionchar suntasach aige ar institiúid infheistiúcháin an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm.

    SAINMHÍNITHE

    3

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is eintiteas comhlachaithe ann eintiteas a bhfuil tionchar suntasach ag an infheisteoir air.

     

    Is éard is Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite ann ráitis airgeadais grúpa ina gcuirtear sócmhainní, dliteanais, cothromas, ioncam, speansais agus sreafaí airgid na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí i láthair mar nithe a bhaineann le haon eintiteas eacnamaíoch amháin.

     

    Modh cuntasaíochta is ea modh an chothromais trína n-aithnítear an infheistíocht i dtosach ar costas agus trína gcoigeartaítear ina dhiaidh sin í don athrú iar-fhála i sciar an infheisteora de ghlansócmhainní na hinstitiúide infheistiúcháin. Áirítear le brabús nó caillteanas an infheisteora a sciar de bhrabús nó caillteanas na hinstitiúide infheistiúcháin agus áirítear le hioncam cuimsitheach eile an infheisteora a sciar d’ioncam cuimsitheach eile na hinstitiúide infheistiúcháin.

     

    Is éard is comhshocrú ann, socrú ina bhfuil comhrialú ag dhá pháirtí nó níos mó.

     

    Comhroinnt rialaithe comhaontaithe go conarthach ar shocrú is ea comhrialú, nach ann de ach nuair is gá toiliú d'aon toil na bpáirtithe a roinneann an rialú chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha.

     

    Is éard is comhfhiontar ann, comhshocrú ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na glansócmhainní a bhaineann leis an socrú.

     

    Is éard is comhfhiontraí ann páirtí i gcomhfhiontar a bhfuil comhrialú aige ar an gcomhfhiontar sin.

     

    Is é is tionchar suntasach an chumhacht le bheith rannpháirteach i gcinntí beartais airgeadais agus oibriúcháin na hinstitiúide infheistiúcháin, ach gan rialú ná comhrialú a bheith ar na beartais sin.

    4

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas i mír 4 de IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh agus i bhFoscríbhinn A de IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus úsáidtear iad sa Chaighdeán seo de réir na mbríonna a shonraítear sna IFRSanna sin ina shainmhínítear iad:

    rialú institiúid infheistiúcháin

    grúpa

    máthairchuideachta

    ráitis airgeadais ar leithligh

    fochuideachta.

    TIONCHAR SUNTASACH

    5

    Má shealbhaíonn eintiteas, go díreach nó go hindíreach (e.g. trí fhochuideachtaí), 20 faoin gcéad de chumhacht vótála na hinstitiúide infheistiúcháin, glactar leis go bhfuil tionchar suntasach ag an eintiteas, ach amháin i gcás go bhféadtar a thaispeáint go follasach nach amhlaidh an cás. Ar an taobh eile, má shealbhaíonn eintiteas, go díreach nó go hindíreach (e.g. trí fhochuideachtaí), níos lú ná 20 faoin gcéad de chumhacht vótála na hinstitiúide infheistiúcháin, glactar leis nach bhfuil tionchar suntasach ag an eintiteas, ach amháin i gcás go bhféadtar tionchar den sórt sin a thaispeáint go follasach. Ní gá go gcuireann úinéireacht shubstaintiúil nó tromlaigh ag infheisteoir eile bac ar eintiteas tionchar suntasach a bheith aige.

    6

    Léirítear fianaise ar thionchar suntasach a bheith ag eintiteas ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    ionadaíocht ar bhord stiúrthóirí nó i gcomhlacht rialaitheach coibhéiseach na hinstitiúide infheistiúcháin;

    (b)

    rannpháirtíocht i bpróisis ceaptha beartais, lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcinntí faoi dhíbhinní nó dáileacháin eile;

    (c)

    idirbhearta idir an t-eintiteas agus a institiúid infheistiúcháin;

    (d)

    idirmhalartú pearsanra bainistíochta; nó

    (e)

    soláthar faisnéise teicniúla fíor-riachtanaí.

    7

    Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith faoi úinéireacht eintitis; barántais scaireanna, céadroghanna ar cheannach scaireanna, ionstraimí fiachais nó cothromais atá in-chomhshóite ina ghnáthscaireanna, nó ionstraimí eile a d’fhéadfadh, dá bhfeidhmeofaí nó dá gcomhshófaí iad, cumhacht vótála bhreise a thabhairt don eintiteas nó cumhacht vótála pháirtí eile a laghdú, maidir le beartais airgeadais agus oibriúcháin eintiteas eile (i.e. cearta féideartha vótála). Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tionchar suntasach ag eintiteas, breithnítear cearta féideartha vótála atá infheidhmithe nó in-chomhshóite faoi láthair agus an éifeacht atá acu, más ann dóibh, lena n-áirítear cearta féideartha vótála arna sealbhú ag eintitis eile. Níl cearta féideartha vótála infheidhmithe nó in-chomhshóite faoi láthair, mar shampla, nuair nach féidir iad a fheidhmiú ná a in-chomhshó go dtí dáta sa todhchaí nó go dtí go dtarlaíonn teagmhas sa todhchaí.

    8

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu an gcuireann nó nach gcuireann cearta féideartha vótála le tionchar suntasach, scrúdaíonn an t-eintiteas na fíorais agus na himthosca uile (lena n-áirítear na téarmaí maidir le feidhmiú na gceart féideartha vótála agus aon socrú conarthach eile, cibé an mbreithnítear é go haonarach nó i dteannta a chéile) a ndéanann difear do chearta féideartha, seachas rún na bainistíochta agus an cumas, ó thaobh airgeadas de, na cearta féideartha sin a fheidhmiú nó a chomhshó.

    9

    Cailleann eintiteas tionchar suntasach ar institiúid infheistiúcháin nuair a chailleann sé an chumhacht le bheith rannpháirteach i gcinntí beartais airgeadais agus oibriúcháin na hinstitiúide infheistiúcháin sin. Féadfaidh caillteanas an tionchair shuntasaigh tarlú le hathrú ar leibhéil úinéireachta absalóidí nó coibhneasta, nó dá uireasa. D’fhéadfadh sé tarlú, mar shampla, nuair a thagann eintiteas comhlachaithe faoi réir rialú rialtais, cúirte, riarthóra nó rialtóra. D’fhéadfadh sé tarlú freisin de thoradh socraithe conarthaigh.

    MODH AN CHOTHROMAIS

    10

    Faoi mhodh an chothromais, ar aitheantas tosaigh, aithnítear an infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar ar costas, agus déantar an tsuim ghlanluacha a mhéadú nó a laghdú chun sciar an infheisteora de bhrabús nó caillteanas na hinstitiúide infheistiúcháin i ndiaidh an dáta éadála a aithint. Aithnítear sciar an infheisteora de bhrabús nó caillteanas na hinstitiúide infheistiúcháin i mbrabús nó caillteanas an infheisteora. Le dáileacháin a fuarthas ó institiúid infheistiúcháin, laghdaítear suim ghlanluacha na hinfheistíochta. Féadfaidh sé gur gá an tsuim ghlanluacha a choigeartú freisin chun athruithe a dhéanamh ar leas comhréireach an infheisteora san institiúid infheistiúcháin a eascraíonn as athruithe ar ioncam cuimsitheach eile na hinstitiúide infheistiúcháin. Áirítear le hathruithe den sórt sin athruithe a eascraíonn as athluacháil réadmhaoine, gléasra agus trealaimh agus as difríochtaí aistriúcháin malairte eachtraí. Aithnítear sciar an infheisteora de na hathruithe sin in ioncam cuimsitheach eile an infheisteora (féach IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais).

    11

    Féadfar nach tomhas leordhóthanach ar an ioncam arna thuilleamh ag infheisteoir ar infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar é ioncam a aithint ar bhonn dáileachán mar gheall go bhféadfadh nach mbainfeadh na dáileacháin a fhaightear mórán le feidhmiú an eintitis chomhlachaithe nó an chomhfhiontair. Ós rud é go bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin, tá leas ag an infheisteoir i bhfeidhmiú an chomhlaigh nó an chomhfhiontair agus, mar thoradh air sin, ar an toradh ar a infheistíocht. Coinníonn an t-infheisteoir cuntas ar an leas sin trí shíneadh a chur le raon feidhme a ráitis airgeadais chun a sciar de bhrabús nó caillteanas institiúid infheistiúcháin den sórt sin a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, soláthraítear tuairisciú níos eolasaí ar ghlansócmhainní agus ar bhrabús nó caillteanas an infheisteora le cur i bhfeidhm mhodh an chothromais.

    12

    Nuair is ann do chearta féideartha vótála nó do dhíorthaigh eile ina bhfuil cearta féideartha vótála, déantar leas eintitis in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar a chinneadh ar bhonn leasanna úinéireachta atá ann cheana féin agus sin amháin, agus ní léirítear feidhmiú ná comhshó féideartha cearta féideartha vótála agus ionstraimí díorthacha eile, ach amháin má tá feidhm ag mír 13.

    13

    In imthosca áirithe, tá úinéireacht atá ann cheana féin ag eintiteas, ó thaobh substainte de, de thoradh idirbheart lena dtugtar rochtain dó faoi láthair ar na torthaí a bhaineann le leas úinéireachta. In imthosca den sórt sin, cinntear an cion a leithdháiltear ar an eintiteas trí fheidhmiú na gceart féideartha vótála sin faoi dheireadh a chur san áireamh agus ionstraimí díorthacha eile lena dtugtar rochtain don eintiteas faoi láthair ar na torthaí.

    14

    Níl feidhm ag IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais maidir le leasanna i gcomhlaigh agus i gcomhfhiontair a gcoinnítear cuntas orthu agus modh an chothromais á úsáid. I gcás go dtugann ionstraimí ina bhfuil cearta féideartha vótála ó thaobh substainte de rochtain faoi láthair ar na torthaí a bhaineann le leas úinéireachta in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar, níl na hionstraimí faoi réir IFRS 9. I ngach cás eile, coinnítear cuntas ar ionstraimí ina bhfuil cearta féideartha vótála in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar i gcomhréir le IFRS 9.

    14A

    Cuireann eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm freisin maidir le hionstraimí airgeadais eile in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar nach gcuirtear modh an chothromais i bhfeidhm maidir leis. Áirítear leo sin leasanna fadtéarmacha atá mar chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis, ó thaobh substainte de, in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar (féach mír 38). Cuireann eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir le leasanna fadtéarmacha den sórt sin sula gcuireann sé mír 38 agus míreanna 40-43 den Chaighdeán seo i bhfeidhm. Agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige, ní dhéanann an t-eintiteas aon choigeartú ar shuim ghlanluacha leasanna fadtéarmacha a eascraíonn as an gCaighdeán seo a chur i bhfeidhm a chur san áireamh.

    15

    Ach amháin i gcás go n-aicmítear infheistíocht nó sciar d’infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar mar arna sealbhú le díol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha, an infheistíocht, nó aon leas coinnithe san infheistíocht nach bhfuil aicmithe mar arna sealbhú le díol, déanfar í nó é a aicmiú mar shócmhainn neamhreatha.

    MODH AN CHOTHROMAIS A CHUR I BHFEIDHM

    16

    Eintiteas a bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach aige ar institiúid infheistiúcháin, coinneoidh sé cuntas ar a infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar ag úsáid mhodh an chothromais ach amháin nuair a cháilíonn an infheistíocht sin do dhíolúine i gcomhréir le míreanna 17–19.

    Díolúintí ó mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm

    17

    Ní gá d’eintiteas modh an chothromais a chur i bhfeidhm ar a infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar i gcás inar máthairchuideachta é an t-eintiteas atá díolmhaithe ó ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú leis an eisceacht raon feidhme i mír 4(a) de IFRS 10 nó má tá feidhm le gach ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    Is fochuideachta faoi úinéireacht iomlán é an t-eintiteas, nó is fochuideachta faoi úinéireacht pháirteach é d’eintiteas eile agus dá úinéirí eile, lena n-áirítear iad sin nach bhfuil i dteidil vótála ar shlí eile, ar cuireadh ar an eolas iad nach bhfuil modh an chothromais á chur i bhfeidhm ag an eintiteas agus nach ndéanann agóid ina choinne sin.

    (b)

    Ní thrádáiltear ionstraimí fiachais nó cothromais an eintitis ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha).

    (c)

    Níor chomhdaigh an t-eintiteas a ráitis airgeadais le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, ná níl sé i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh, chun críche aon aicme ionstraimí a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí.

    (d)

    Tairgeann máthaireintiteas idirmheánach nó deiridh an eintitis ráitis airgeadais atá ar fáil le húsáid phoiblí agus a chomhlíonann IFRSanna, ina ndéantar fochuideachtaí a chomhdhlúthú nó a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 10.

    18

    Nuair atá infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar arna sealbhú ag eintiteas, nó arna sealbhú go hindíreach trí eintiteas, ar eagraíocht caipitil fiontair é, nó ciste frithpháirteach, iontaobhas aonad agus eintitis chomhchosúla lena n-áirítear cistí árachais atá nasctha le hinfheistíocht, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú an infheistíocht sin a thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9. Sampla de chiste árachais atá nasctha le hinfheistíocht is ea ciste arna shealbhú ag eintiteas mar na hítimí forluiteacha le haghaidh grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. Déanfaidh eintiteas an rogha sin ar leithligh le haghaidh gach eintitis chomhlachaithe nó comhfhiontair tráth a thugtar aitheantas tosaigh don eintiteas comhlachaithe nó don chomhfhiontar. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

    19

    Nuair atá infheistíocht in eintiteas comhlachaithe ag eintiteas, a bhfuil sciar di arna sealbhú go hindíreach trí eagraíocht caipitil fiontair, nó trí chiste frithpháirteach, iontaobhas aonad agus eintitis chomhchosúla lena n-áirítear cistí árachais atá nasctha le hinfheistíocht, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú an sciar sin den infheistíocht san eintiteas comhlachaithe a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil tionchar suntasach ag an eagraíocht caipitil fiontair, nó an ciste frithpháirteach, iontaobhas aonad agus eintitis chomhchosúla lena n-áirítear cistí árachais atá nasctha le hinfheistíocht, ar an sciar sin den infheistíocht. Má roghnaíonn an t-eintiteas déanamh amhlaidh, cuirfidh an t-eintiteas modh an chothromais i bhfeidhm maidir le haon sciar atá fanta dá infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nach bhfuil á shealbhú trí eagraíocht caipitil fiontair, nó ciste frithpháirteach, iontaobhas aonad agus eintitis chomhchosúla lena n-áirítear cistí árachais atá nasctha le hinfheistíocht.

    Aicmiú mar arna sealbhú le díol

    20

    Cuirfidh eintiteas IFRS 5 i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht, nó sciar d’infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar a chomhlíonann na critéir le bheith aicmithe mar arna sealbhú le díol. Aon sciar coinnithe d’infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar nár aicmíodh mar arna sealbhú le díol, coinneofar cuntas air ag úsáid mhodh an chothromais go dtí go ndéanfar an sciar atá aicmithe mar arna sealbhú le díol a dhiúscairt. I ndiaidh an diúscairt a dhéanamh, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar aon leas coinnithe san eintiteas comhlachaithe nó sa chomhfhiontar i gcomhréir le IFRS 9 ach amháin i gcás go leanann an leas coinnithe ar aghaidh de bheith mar eintiteas comhlachaithe nó comhfhiontar, agus sa chás sin úsáidfidh an t-eintiteas modh an chothromais.

    21

    Infheistíocht, nó sciar d’infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar a aicmíodh roimhe sin mar arna sealbhú le díol, nuair nach gcomhlíonann sí na critéir a thuilleadh le bheith aicmithe amhlaidh, coinneoidh cuntas uirthi ag úsáid mhodh an chothromais go cúlghabhálach amach ón dáta ar aicmíodh í mar arna sealbhú le díol. Déanfar ráitis airgeadais do na tréimhsí ón aicmiú mar arna sealbhú le díol a leasú dá réir sin.

    Scor de mhodh an chothromais a úsáid

    22

    Scorfaidh eintiteas de mhodh an chothromais a úsáid ón dáta a stopann a infheistíocht de bheith ina heintiteas comhlachaithe nó ina comhfhiontar mar seo a leanas:

    (a)

    I gcás ina dtagann an t-eintiteas le bheith ina fhochuideachta, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar a infheistíocht i gcomhréir le IFRS 3Comhcheangail Ghnó agus le IFRS 10.

    (b)

    I gcás inar sócmhainn airgeadais é an leas coinnithe san iar-eintiteas comhlachaithe nó iar -chomhfhiontar, tomhaisfidh an t-eintiteas an leas coinnithe ar luach cóir. Measfar luach cóir an leasa choinnithe mar a luach cóir ar aitheantas tosaigh mar shócmhainn airgeadais i gcomhréir le IFRS 9. Aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir na nithe seo a leanas i mbrabús nó caillteanas:

    (i)

    luach cóir aon leasa choinnithe agus aon fháltas ó leas páirteach san eintiteas comhlachaithe nó sa chomhfhiontar a dhiúscairt; agus

    (ii)

    suim ghlanluacha na hinfheistíochta ar an dáta ar scoradh de mhodh an chothromais.

    (c)

    Nuair a scoireann eintiteas de mhodh an chothromais a úsáid, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar na méideanna uile a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile i ndáil leis an infheistíocht sin ar an mbonn céanna agus a d’éileofaí dá mbeadh na sócmhainní gaolmhara nó na dliteanais ghaolmhara diúscartha go díreach ag an institiúid infheistiúcháin.

    23

    Dá bhrí sin, i gcás go ndéanfaí gnóthachan nó caillteanas a d’aithin an institiúid infheistiúcháin roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas ar dhiúscairt na sócmhainní gaolmhara nó na ndliteanas gaolmhar, déanann an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas (mar choigeartú athaicmithe) nuair a scortar de mhodh an chothromais. Mar shampla, i gcás go bhfuil difríochtaí malartaithe carnacha ag eintiteas comhlachaithe nó comhfhiontar a bhaineann le hoibríocht eachtrach agus i gcás go scoireann an t-eintiteas de mhodh an chothromais a úsáid, déanfaidh an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile i ndáil leis an oibríocht eachtrach roimhe sin, a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas.

    24

    I gcás go dtagann infheistíocht in eintiteas comhlachaithe le bheith ina hinfheistíocht i gcomhfhiontar nó i gcás go dtagann infheistíocht i gcomhfhiontar le bheith ina hinfheistíocht i gcomhlach, leanann an t-eintiteas ar aghaidh de mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm agus ní atomhaiseann sé an leas coinnithe.

    Athruithe ar leas úinéireachta

    25

    I gcás go laghdaítear leas úinéireachta eintitis in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar, ach go leanann an infheistíocht de bheith aicmithe mar eintiteas comhlachaithe nó mar chomhfhiontar faoi seach, athaicmeoidh an t-eintiteas chuig brabús nó caillteanas an sciar den ghnóthachan nó caillteanas a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile roimhe sin a bhaineann leis an laghdú sin ar leas úinéireachta i gcás go n-éileofaí an gnóthachan nó caillteanas sin a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas ar na sócmhainní gaolmhara nó na dliteanais ghaolmhara a dhiúscairt.

    Nósanna imeachta mhodh an chothromais

    26

    Tá go leor de na nósanna imeachta atá ábhartha chun modh an chothromais a chur i bhfeidhm cosúil leis na nósanna imeachta um chomhdhlúthú a dtugtar tuairisc orthu in IFRS 10. Thairis sin, na coincheapa is bonn leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun cuntas a choinneáil ar éadáil fochuideachta, glactar leo freisin chun cuntas a choinneáil ar éadáil infheistíocht in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar.

    27

    Is éard atá i sciar grúpa in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar comhiomlán na sealúchas san eintiteas comhlachaithe nó sa chomhfhiontar sin atá ag an máthairchuideachta agus a fochuideachtaí. Déantar neamhaird ar shealúchais eintitis chomhlachaithe nó chomhfhiontair eile an ghrúpa chun na críche sin. Nuair atá fochuideachtaí, eintitis chomhlachaithe nó comhfhiontair ag eintiteas comhlachaithe nó ag comhfhiontar, cuirtear ioncam cuimsitheach eile agus glansócmhainní san áireamh agus modh an chothromais á chur i bhfeidhm i ráitis airgeadais an eintitis chomhlachaithe nó an chomhfhiontair (lena n-áirítear sciar an eintitis chomhlachaithe nó an chomhfhiontair de bhrabús nó caillteanas, ioncam cuimsitheach eile agus glansócmhainní a n-eintiteas comhlachaithe agus a gcomhfhiontar), i ndiaidh aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt do bheartais aonfhoirmeacha chuntasaíochta (féach míreanna 35–36A).

    28

    Gnóthachain agus caillteanais a leanann as idirbhearta ‘réamhtheachtacha’ agus ‘iartheachtacha’ idir eintiteas (lena n-áirítear a fhochuideachtaí comhdhlúite) agus a eintiteas comhlachaithe nó a chomhfhiontar, ní aithnítear iad i ráitis airgeadais an eintitis ach amháin a mhéid a bhaineann le leasanna infheisteoirí neamhghaolmhara san eintiteas comhlachaithe nó sa chomhfhiontar. Is éard atá in idirbhearta ‘réamhtheachtacha’ mar shampla, díolacháin sócmhainní ó eintiteas comhlachaithe nó ó chomhfhiontar leis an infheisteoir. Is éard atá in idirbhearta ‘iartheachtacha’ mar shampla, díolacháin nó ranníocaíochtaí sócmhainní ón infheisteoir go dtí a eintiteas comhlachaithe nó a chomhfhiontar. Déantar sciar an infheisteora i ngnóthachain nó caillteanais an chomhlaigh nó an chomhfhiontair a leanann as na hidirbhearta sin a dhíothú.

    29

    Nuair a sholáthraíonn idirbhearta iartheachtacha fianaise ar laghdú ar ghlanluach inréadaithe na sócmhainní atá le díol nó le ranníoc, nó ar chaillteanas lagaithe na sócmhainní sin, aithneoidh an t-infheisteoir na caillteanais sin go hiomlán. Nuair a sholáthraíonn idirbhearta réamhtheachtacha fianaise ar laghdú ar ghlanluach inréadaithe na sócmhainní atá le ceannach, nó ar chaillteanas lagaithe na sócmhainní sin, aithneoidh an t-infheisteoir a sciar sna caillteanais sin.

    30

    Ranníocaíocht sócmhainne neamhairgeadaíochta le heintiteas comhlachaithe nó le comhfhiontar mar mhalairt ar leas cothromais san eintiteas comhlachaithe nó sa chomhfhiontar sin, coinneofar cuntas uirthi i gcomhréir le mír 28, ach amháin nuair nach bhfuil substaint tráchtála ag an ranníocaíocht, mar a sainmhínítear an téarma sin in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh. I gcás nach bhfuil substaint tráchtála ag ranníocaíocht den sórt sin, meastar an gnóthachan nó caillteanas mar neamhréadaithe agus ní aithnítear é ach amháin má tá feidhm ag mír 31 freisin. Déanfar gnóthachain agus caillteanais neamhréadaithe den sórt sin a dhíothú in aghaidh na hinfheistíochta a gcoinnítear cuntas uirthi ag úsáid mhodh an chothromais agus ní chuirfear i láthair iad mar ghnóthachain nó caillteanais iarchurtha i ráiteas comhdhlúite staide airgeadais an eintitis ná i ráiteas staide airgeadais an eintitis ina gcoinnítear cuntas ar infheistíochtaí ag úsáid mhodh an chothromais.

    31

    I gcás go bhfaigheann eintiteas sócmhainní airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta sa bhreis ar leas cothromais i gcomhlach nó i gcomhfhiontar, aithníonn an t-eintiteas go hiomlán i mbrabús nó caillteanas an sciar den ghnóthachan nó caillteanas ar an ranníocaíocht neamhairgeadaíochta a bhaineann leis na sócmhainní airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta a fhaightear.

    32

    Coinnítear cuntas ar infheistíocht ag úsáid mhodh an chothromais ón dáta a thagann sí le bheith ina comhlach nó ina comhfhiontar. Ar éadáil na hinfheistíochta, coinnítear cuntas ar aon difríocht idir costas na hinfheistíochta agus sciar an eintitis de ghlanluach cóir shócmhainní agus dliteanais inaitheanta na hinstitiúide infheistiúcháin mar seo a leanas:

    (a)

    Cuirtear cáilmheas a bhaineann le comhlach nó comhfhiontar san áireamh i suim ghlanluacha na hinfheistíochta. Ní cheadaítear amúchadh an cháilmheasa sin.

    (b)

    Aon fharasbarr i sciar an eintitis de ghlanluach cóir shócmhainní agus dliteanais inaitheanta na hinstitiúide infheistiúcháin os cionn chostas na hinfheistíochta, cuirtear san áireamh é mar ioncam agus sciar an eintitis de bhrabús nó caillteanas an chomhlaigh nó an chomhfhiontair sa tréimhse ina bhfaightear an infheistíocht á chinneadh.

    Déantar coigeartuithe iomchuí ar sciar an eintitis de bhrabús nó caillteanas an chomhlaigh nó an chomhfhiontair i ndiaidh éadála chun cuntas a choinneáil ar, mar shampla, dímheas na sócmhainní in-dímheasa bunaithe ar a luachanna cóir ar an dáta éadála. Mar an gcéanna, déantar coigeartuithe iomchuí ar sciar an eintitis de bhrabús nó caillteanas an chomhlaigh nó an chomhfhiontair i ndiaidh éadála le haghaidh caillteanas lagaithe amhail cáilmheas nó réadmhaoin, gléasra agus trealamh.

    33

    Úsáideann an t-eintiteas na ráitis airgeadais is déanaí ón gcomhlach nó comhfhiontar a bhfuil fáil orthu agus modh an chothromais á chur i bhfeidhm. Nuair atá deireadh thréimhse tuairiscithe an eintitis éagsúil ó dheireadh thréimhse tuairiscithe an chomhlaigh nó an chomhfhiontair, ullmhaíonn an comhlach nó an comhfhiontar ráitis airgeadais le húsáid ag an eintiteas amhail ar an dáta céanna de ráitis airgeadais an eintitis ach amháin i gcás gur dhofheidhmithe amhlaidh a dhéanamh.

    34

    I gcomhréir le mír 33, nuair a ullmhaítear ráitis airgeadais chomhlaigh nó comhfhiontair a úsáidtear chun modh an chothromais a chur i bhfeidhm amhail ar dháta atá éagsúil ón dáta a úsáideann an t-eintiteas, déanfar coigeartuithe le haghaidh éifeachtaí idirbheart suntasach nó teagmhais shuntasacha a tharlaíonn idir an dáta sin agus dáta ráitis airgeadais an eintitis. In aon chás, ní mó ná 3 mhí a bheidh sa difríocht idir deireadh thréimhse tuairiscithe an chomhlaigh nó an chomhfhiontair agus deireadh thréimhse tuairiscithe an eintitis. Beidh fad na dtréimhsí tuairiscithe agus aon difríocht idir deirí na dtréimhsí tuairiscithe mar an gcéanna ó thréimhse go tréimhse.

    35

    Ullmhófar ráitis airgeadais an eintitis ag úsáid beartas aonfhoirmeach cuntasaíochta le haghaidh idirbheart comhchosúil agus teagmhas comhchosúil in imthosca comhchosúla.

    36

    Ach amháin mar a dtugtar tuairisc air i mír 36A, i gcás go n-úsáideann comhlach nó comhfhiontar beartais chuntasaíochta seachas beartais chuntasaíochta an einititis le haghaidh idirbheart comhchosúil agus teagmhas comhchosúil in imthosca comhchosúla, déanfar coigeartuithe le go mbeidh beartais chuntasaíochta an chomhlaigh nó an chomhfhiontair i gcomhréir le beartais chuntasaíochta an eintitis nuair a úsáideann an t-eintiteas ráitis airgeadais an chomhlaigh nó an chomhfhiontair agus modh an chothromais á chur i bhfeidhm.

    36A

    D'ainneoin an cheanglais i mír 36, i gcás go bhfuil leas ag eintiteas nach eintiteas infheistíochta é i gcomhlach nó i gcomhfhiontar ar eintiteas infheistíochta é, féadfaidh an t-eintiteas, agus modh an chothromais á chur i bhfeidhm aige, roghnú an tomhas luach cóir a chuir comhlach nó comhfhiontar an eintitis sin i bhfeidhm maidir le leasanna chomhlach nó chomhfhiontar an eintitis infheistíochta sin i bhfochuideachtaí a choinneáil. Déantar an rogha sin ar leithligh le haghaidh gach comhlaigh nó comhfhiontair de chuid eintiteas infheistíochta ar an dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas: (a) an dáta a aithnítear comhlach nó comhfhiontar an eintitis infheistíochta i dtosach; (b) an dáta a thagann an comhlach nó an comhfhiontar le bheith ina eintiteas infheistíochta; agus (c) an dáta a thagann comhlach nó comhfhiontar an eintitis infheistíochta le bheith ina máthairchuideachta den chéad uair.

    37

    I gcás go bhfuil scaireanna tosaíochta ag comhlach nó comhfhiontar arna sealbhú ag páirtí seachas an t-eintiteas agus arna n-aicmiú mar chothromas, ríomhann an t-eintiteas a sciar den bhrabús nó caillteanas i ndiaidh coigeartú a dhéanamh do na díbhinní ar scaireanna den sórt sin, cé acu an dearbhaíodh nó níor dearbhaíodh na díbhinní.

    38

    I gcás go bhfuil sciar eintitis de chaillteanais chomhlaigh nó chomhfhiontair comhionann lena leas sa chomhlach nó sa chomhfhiontar nó níos mó ná sin, scoireann an t-eintiteas dá sciar de bhreis caillteanas a aithint. Is éard is leas i gcomhlach nó i gcomhfhiontar ann suim ghlanluacha na hinfheistíochta sa chomhlach nó sa chomhfhiontar arna chinneadh ag úsáid mhodh an chothromais in éineacht le haon leas fadtéarmach atá mar chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis sa chomhlach nó sa chomhfhiontar, ó thaobh substainte de. Mar shampla, ítim nach bhfuil socrú pleanáilte di nó nach dócha go dtarlóidh socrú ina leith sa todhchaí intuartha, is síneadh ar ghlaninfheistíocht an eintitis sa chomhlach nó sa chomhfhiontar sin í, ó thaobh substainte de. D’fhéadfadh scaireanna tosaíochta agus earraí infhaighte nó iasachtaí fadtéarmacha a bheith san áireamh le hítimí den sórt sin, ach níl trádáil infhála, suimeanna iníoctha trádála ná aon earra infhaighte fadtéarmach a bhfuil chomhthaobhacht leordhóthanach ann ina leith, amhail iasachtaí urraithe, san áireamh leo. Caillteanais a aithnítear ag úsáid mhodh an chothromais de bhreis ar infheistíocht an eintitis i ngnáthscaireanna, cuirtear i bhfeidhm iad maidir leis na comhpháirteanna eile d’infheistíocht an eintitis i gcomhlach nó i gcomhfhiontar in ord droim ar ais a sinsearachta (i.e. tosaíocht i leachtú).

    39

    I ndiaidh leas an eintitis a laghdú go nialas, ní dhéantar soláthar do chaillteanais bhreise agus ní aithnítear dliteanas ach amháin a mhéid a bhfuil oibleagáidí inchiallaithe nó dlíthiúla tabhaithe ag an eintiteas, nó íocaíochtaí déanta ag eintiteas thar ceann an chomhlaigh nó an chomhfhiontair. I gcás go dtuairiscíonn comhlach nó comhfhiontar brabús ina dhiaidh sin, ní atosóidh an t-eintiteas dá sciar den bhrabús sin a aithint go dtí go mbeidh a sciar den bhrabús cothrom le sciar na gcaillteanas nach n-aithnítear.

    Caillteanas lagaithe

    40

    I ndiaidh mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear caillteanais an chomhlaigh nó an chomhfhiontair a aithint i gcomhréir le mír 38, cuireann an t-eintiteas míreanna 41A–41C i bhfeidhm lena chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil ann go bhfuil a ghlaninfheistíocht sa chomhlach nó sa chomhfhiontar lagaithe.

    41

    [Scriosta]

    41A

    Tá an ghlaninfheistíocht i gcomhlach nó i gcomhfhiontar lagaithe agus tabhaíodh caillteanas lagaithe sa chás go bhfuil fianaise oibiachtúil ann ar lagú de thoradh teagmhais amháin nó níos mó a tharla i ndiaidh aitheantas tosaigh na glaninfheistíochta (‘teagmhas caillteanais’) agus go bhfuil tionchar ag an teagmhas caillteanais sin (nó na teagmhais chaillteanais sin) ar an sreabhadh airgid todhchaí measta ón nglaninfheistíocht is féidir a réamh-mheas go hiontaofa, agus sa chás sin amháin. Féadfar nach mbeidh sé indéanta aon teagmhas scoite amháin ba cúis leis an lagú a shainaithint. Seachas sin, d’fhéadfadh sé gur éifeacht chomhcheangailte roinnt teagmhas ba chúis leis an lagú. Ní aithnítear caillteanais lena bhfuil coinne de thoradh theagmhais sa todhchaí, is cuma cé chomh dóchúil atá siad. Áirítear le fianaise oibiachtúil go bhfuil an ghlaninfheistíocht lagaithe, sonraí inbhraite a thagann faoi bhráid an eintitis faoi na teagmhais chaillteanais seo a leanas:

    (a)

    deacracht airgeadais shuntasach a bheith ag an eintiteas comhlachaithe nó ag an gcomhfhiontar;

    (b)

    sárú conartha, amhail mainneachtain nó faillí íocaíochta ag an eintiteas comhlachaithe nó ag an gcomhfhiontar;

    (c)

    lamháltas á dheonú ag an eintiteas don eintiteas comhlachaithe nó don chomhfhiontar, ar chúiseanna eacnamaíocha nó dlíthiúla a bhaineann le deacracht airgeadais a eintitis chomhlachaithe nó a chomhfhiontair, nach mbreithneodh an t-eintiteas murach sin;

    (d)

    gur dhóchúil go rachadh an t-eintiteas comhlachaithe nó an comhfhiontar faoi fhéimheacht nó faoi atheagrú airgeadais eile; nó

    (e)

    go rachadh an margadh gníomhach don ghlaninfheistíocht i léig mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais an eintitis chomhlachaithe nó an chomhfhiontair.

    41B

    Dul i léig mhargadh gníomhach mar gheall nach ndéantar cothromas nó ionstraimí airgeadais an chomhlaigh nó an chomhfhiontair a thrádáil go poiblí a thuilleadh, ní fianaise ar lagú é sin. Íosghrádú ar rátáil chreidmheasa comhlaigh nó an comhfhiontair, nó meath ar luach cóir an chomhlaigh nó an chomhfhiontair, ní fianaise ar lagú ann féin é sin, cé go bhféadtar gur fhianaise ar lagú é nuair a bhreithnítear é in éineacht le faisnéis eile atá ar fáil.

    41C

    Sa bhreis ar na cineálacha teagmhas i mír 41A, áirítear le fianaise oibiachtúil ar lagú don ghlan-infheistíocht in ionstraimí cothromais an eintitis chomhlachaithe nó an chomhfhiontair faisnéis faoi athruithe suntasacha a raibh droch-éifeacht acu agus a tharla sa timpeallacht teicneolaíochta, margaidh, eacnamaíoch nó dlíthiúil ina n-oibríonn an t-eintiteas comhlachaithe nó an comhfhiontar, agus a thugann le tuiscint go bhféadfar nach n-aisghabhfar costas na hinfheistíochta san ionstraim chothromais. Is fianaise oibiachtúil ar lagú freisin é meath fada ar luach cóir infheistíocht in ionstraim chothromais faoina costas.

    42

    Ós rud é nach ndéantar cáilmheas ar cuid de shuim ghlanluacha na glaninfheistíochta i gcomhlach nó i gcomhfhiontar é a aithint ar leithligh, ní dhéantar é a thástáil ar leithligh le haghaidh lagaithe trí na ceanglais um cháilmheas a thástáil le haghaidh lagaithe in IAS 36 Lagú Sócmhainní. Ina ionad sin, déantar suim ghlanluacha uile na hinfheistíochta a thástáil le haghaidh lagaithe i gcomhréir le IAS 36 mar shócmhainn aonair, trí chomparáid a dhéanamh idir a méid in-aisghabhála (an méid is airde idir luach úsáide agus luach cóir lúide costais diúscartha) agus a suim ghlanluacha nuair a thugann cur i bhfeidhm mhíreanna 41A–41C le tuiscint go bhféadfadh an ghlaninfheistíocht a bheith lagaithe. Ní leithdháiltear caillteanas lagaithe a aithnítear sna himthosca sin ar aon tsócmhainn, lena n-áirítear cáilmheas, ar cuid de shuim ghlanluacha na glaninfheistíochta sa chomhlach nó sa chomhfhiontar é. Dá réir sin, aithnítear aon chealú ar an gcaillteanas lagaithe sin i gcomhréir le IAS 36 a mhéid a thagann méadú ina dhiaidh sin ar mhéid in-aisghabhála na glaninfheistíochta. Agus luach úsáide na glaninfheistíochta á chinneadh aige, déanann eintiteas meastachán ar:

    (a)

    a sciar de luach láithreach na sreafaí airgid todhchaí measta lena bhfuil coinne go nginfidh an comhlach nó an comhfhiontar iad, lena n-áirítear na sreafaí airgid ó oibríochtaí an chomhlaigh nó an chomhfhiontair agus na fáltais ó dhiúscairt na hinfheistíochta ar deireadh; nó

    (b)

    luach láithreach na sreafaí airgid todhchaí measta lena bhfuil coinne go n-eascróidh siad as díbhinní atá le fáil ón infheistíocht agus óna diúscairt ar deireadh.

    Agus toimhdí iomchuí á n-úsáid, faightear an toradh céanna.

    43

    Déanfar méid in-aisghabhála infheistíochta i gcomhlach nó i gcomhfhiontar a mheasúnú le haghaidh gach comhlach nó comhfhiontar, ach amháin i gcás nach ngineann an comhlach nó an comhfhiontar insreabhadh airgid ó úsáid leanúnach atá neamhspleách go mór ó insreabhadh airgid ó shócmhainní eile an eintitis.

    RÁITIS AIRGEADAIS AR LEITHLIGH

    44

    Is i ráitis airgeadais ar leithligh an eintitis i gcomhréir le mír 10 de IAS 27 (arna leasú in 2011) a dhéanfar cuntasaíocht ar infheistíocht i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontar.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    45

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 10, IFRS 11 Comhshocruithe, IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile agus IAS 27 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm an tráth céanna.

    45A

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 40–42 agus cuireadh míreanna 41A–41C leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    45B

    Le Modh an Chothromais i Ráitis Airgeadais ar Leithligh (Leasuithe le IAS 27), arna eisiúint i mí Lúnasa 2014, leasaíodh mír 25. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    45D

    Eintitis Infheistíochta: Le Cur i bhFeidhm Eisceacht an Chomhdhlúthaithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 28), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh míreanna 17, 27 agus 36 agus cuireadh mír 36A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    45E

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS le haghaidh na tréimhse 2014–2016, arna eisiúint i mí na Nollag 2016, leasaíodh míreanna 18 agus 36A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    45F

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 18. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    45G

    Le Leasanna Fadtéarmacha i gComhlaigh agus i gComhfhiontair, arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2017, cuireadh mír 14A leis agus scriosadh mír 41. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin, seachas mar a shonraítear le míreanna 45H-45K. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    45H

    Eintiteas a chuireann na leasuithe i mír 45G i bhfeidhm den chéad uair an tráth céanna a chuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé na ceanglais aistrithe in IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis na leasanna fadtéarmacha a dtugtar tuairisc orthu i mír 14A.

    45I

    Eintiteas a chuireann na leasuithe i mír 45G i bhfeidhm den chéad uair i ndiaidh dó IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé i bhfeidhm na ceanglais aistrithe in IFRS 9 is gá chun na ceanglais a leagtar amach i mír 14A a chur i bhfeidhm maidir le leasanna fadtéarmacha. Chun na críche sin, léifear tagairtí do dháta an chur i bhfeidhm tosaigh in IFRS 9 mar thagairt do thús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin). Ní éilítear ar an eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe a léiriú. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar.

    45J

    Agus na leasuithe i mír 45G á gcur i bhfeidhm den chéad uair, ní éilítear ar eintiteas a chuireann díolúine shealadach ó IFRS 9 i bhfeidhm i gcomhréir le IFRS 4 Conarthaí Árachais réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe a léiriú. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar.

    45K

    Mura gcuireann eintiteas mír 45I nó mír 45J i bhfeidhm agus réamhthréimhsí á n-athshonrú aige, aithneoidh sé, sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó i ngné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, mar is iomchuí), ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe, aon difríocht idir:

    (a)

    suim ghlanluacha roimhe sin na leasanna fadtéarmacha a dtugtar tuairisc orthu i mír 14A ar an dáta sin; agus

    (b)

    suim ghlanluacha na leasanna fadtéarmacha sin ar an dáta sin.

    Tagairtí do IFRS 9

    46

    Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, is mar thagairt do IAS 39 a thuigfear aon tagairt do IFRS 9.

    AISTARRAINGT IAS 28 (2003)

    47

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 28 Infheistíochtaí in Eintitis Chomhlachtaithe (arna athbhreithniú in 2003).

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 29

    Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha  (13)

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais, lena n-áirítear ráitis airgeadais chomhdhlúite, aon eintiteas arb é a airgeadra feidhmiúil é an t-airgeadra i ngeilleagar hipearbhoilscitheach.

    2

    I ngeilleagar hipearbhoilscitheach, ní úsáideach an rud é torthaí oibriúcháin agus staid airgeadais a thuairisciú san airgeadra áitiúil gan athshonrú. Cailleann airgead a chumhacht cheannaigh ar ráta a fhágann go bhfuil sé míthreorach comparáid a dhéanamh idir méideanna ó idirbhearta agus ó theagmhais eile a tharla ag amanna éagsúla, fiú laistigh den tréimhse chuntasaíochta chéanna.

    3

    Ní dhéantar, leis an gCaighdeán seo, dearbhráta a leagan síos ag a meastar go dtagann hipearbhoilsciú chun cinn. Is ábhar breithiúnais é cén uair is gá ráitis airgeadais a athshonrú i gcomhréir leis an gcaighdeán seo. Is iad saintréithe na timpeallachta eacnamaíche i dtír a léiríonn hipearbhoilsciú, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    is fearr leis an bpobal i gcoitinne a shaibhreas a choimeád i sócmhainní neamhairgeadaíochta nó in airgeadra eachtrach atá cobhsaí i gcoibhneas leis an airgeadra áitiúil. Déantar méideanna airgeadra áitiúil arna sealbhú a infheistiú láithreach chun cumhacht cheannaigh a choimeád;

    (b)

    ní fhéachann an pobal i gcoitinne ar mhéideanna airgeadaíochta i dtéarmaí an airgeadra áitiúil ach i dtéarmaí airgeadra eachtraigh atá cobhsaí i gcoibhneas leis. D’fhéadfadh sé go luafaí praghsanna san airgeadra sin;

    (c)

    bíonn díolacháin agus ceannaigh ar creidmheas ag tarlú ar phraghsanna a chúitíonn as an gcaillteanas cumhachta ceannaigh a bhfuil coinne leis le linn na tréimhse creidmheasa, fiú má tá an tréimhse gearr;

    (d)

    tá rátaí úis, pá agus praghsanna nasctha le hinnéacs praghsanna; agus

    (e)

    tá an ráta boilscithe charnaigh thar 3 bliana ag teannadh le 100 %, nó níos mó ná sin.

    4

    Is fearr do gach eintiteas a thuairiscíonn in airgeadra arb é airgeadra an gheilleagair hipearbhoilscithigh chéanna é, an caighdeán seo a chur i bhfeidhm ón dáta céanna sin. Mar sin féin, tá feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le ráitis airgeadais aon eintiteas ó thús na tréimhse tuairiscithe ina sainaithníonn sé gurb ann do hipearbhoilsciú sa tír a dtuairiscíonn sé ina hairgeadra.

    ATHSHONRÚ RÁITEAS AIRGEADAIS

    5

    Tagann athrú le himeacht ama ar phraghsanna mar thoradh ar fhórsaí éagsúla polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta sonracha nó ginearálta. Fórsaí sonracha amhail athruithe ar sholáthar agus éileamh agus athruithe teicneolaíochta, d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis le praghsanna aonair a bheith ag méadú nó ag laghdú go suntasach agus go neamhspleách ar a chéile. Ina theannta sin, d’fhéadfadh fórsaí ginearálta a bheith ina gcúis le hathruithe ar an leibhéal ginearálta praghsanna agus ar chumhacht cheannaigh ghinearálta an airgid dá bhrí sin.

    6

    Eintitis a ullmhaíonn ráitis airgeadais ar bhonn costais stairiúil na cuntasaíochta, déanann siad amhlaidh gan aird a thabhairt ar athruithe ar an leibhéal ginearálta praghsanna ná ar mhéaduithe ar phraghsanna sonracha sócmhainní ná dliteanas aitheanta. Is iad na heisceachtaí air sin na sócmhainní agus dliteanais sin a éilítear ar an eintiteas a thomhas ar luach cóir, nó a roghnaíonn sé a thomhas amhlaidh. Féadfar réadmhaoin, gléasra agus trealamh a athluacháil ar luach cóir, mar shampla, agus éilítear de ghnáth go dtomhaistear sócmhainní bitheolaíocha ar luach cóir. Cuireann roinnt eintiteas, áfach, ráitis airgeadais i láthair atá bunaithe ar chur chuige costais reatha a léiríonn iarmhairtí athruithe ar phraghsanna sonracha na sócmhainní arna sealbhú.

    7

    I ngeilleagar hipearbhoilscitheach, ní bhíonn ráitis airgeadais úsáideach, bídís bunaithe ar chur chuige costais stairiúil nó ar chur chuige costais reatha, ach amháin má shloinntear iad i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Dá thoradh sin, tá feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le ráitis airgeadais eintiteas a thuairiscíonn in airgeadra ar le geilleagar hipearbhoilscitheach é. Ní ceadmhach an fhaisnéis a éilítear leis an gcaighdeán seo a chur i láthair mar fhorlíonadh le ráitis airgeadais nár athshonraíodh. Ina theannta sin, ní mholtar na ráitis airgeadais a chur i láthair ar leithligh sula n-athshonraítear iad.

    8

    Ráitis airgeadais eintitis arb é a airgeadra feidhmiúil é an t-airgeadra i ngeilleagar hipearbhoilscitheach, bídís bunaithe ar chur chuige costais stairiúil nó ar chur chuige costais reatha, luafar iad i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Na figiúirí comhfhreagracha le haghaidh na tréimhse roimhe sin a éilítear le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007) agus aon fhaisnéis i leith tréimhsí níos luaithe ná sin, luafar iad sin freisin i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Chun méideanna comparáideacha a chur i láthair in airgeadra tuairiscithe éagsúil, tá feidhm ag míreanna 42(b) agus 43 de IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí.

    9

    An gnóthachan nó an caillteanas ar an suíomh glan airgeadaíochta, áireofar i mbrabús nó i gcaillteanas agus nochtfar ar leithligh é.

    10

    Is gá nósanna imeachta áirithe agus breithiúnas a chur i bhfeidhm chun ráitis airgeadais a athshonrú i gcomhréir leis an gcaighdeán seo. Tá cur i bhfeidhm comhsheasmhach na nósanna imeachta agus na mbreithiúnas sin ó thréimhse go tréimhse níos tábhachtaí ná cruinneas beacht na méideanna a leanann astu a áirítear sna ráitis airgeadais athshonraithe.

    Ráitis airgeadais costais stairiúil

    Ráiteas ar an Staid Airgeadais

    11

    Méideanna i ráitis maidir le staid airgeadais nach sloinntear cheana i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, athshonraítear iad trí innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm.

    12

    Ní athshonraítear míreanna airgeadaíochta toisc go sloinntear iad cheana i dtéarmaí an aonaid airgeadaíochta reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Is éard is míreanna airgeadaíochta ann airgead arna shealbhú agus ítimí atá le fáil nó le híoc in airgead.

    13

    Sócmhainní agus dliteanais atá nasctha trí chomhaontú le hathruithe ar phraghsanna, amhail bannaí agus iasachtaí innéacsnasctha, coigeartaítear iad i gcomhréir leis an gcomhaontú chun an méid gan íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a fháil amach. Tugtar na hítimí sin ar aghaidh ag an méid coigeartaithe sin sa ráiteas athshonraithe maidir le staid airgeadais.

    14

    Is míreanna neamhairgeadaíochta iad gach sócmhainn agus dliteanas eile. Tugtar roinnt míreanna neamhairgeadaíochta ar aghaidh ag méideanna reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, amhail glanluach inréadaithe agus luach cóir, mar sin ní athshonraítear iad. Athshonraítear gach sócmhainn agus dliteanas neamhairgeadaíochta eile.

    15

    Tugtar an chuid is mó de mhíreanna neamhairgeadaíochta ar aghaidh ar costas nó ar costas lúide dímheas; sloinntear iad mar sin ina méideanna reatha ar dháta a n-éadála. Déantar costas athshonraithe, nó costas lúide dímheas, gach ítime a chinneadh tríd an t-athrú ar innéacs praghsanna ginearálta ón dáta éadála go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe a chur i bhfeidhm maidir lena costas stairiúil agus a dímheas carntha. Is ón dáta a cheannaítear iad, mar shampla, a athshonraítear réadmhaoin, gléasra agus trealamh, fardail amhábhar agus marsantacht, cáilmheas, paitinní, trádmharcanna agus sócmhainní comhchosúla. Déantar fardail earraí leathchríochnaithe agus críochnaithe a athshonrú ó na dátaí ar ar tabhaíodh na costais cheannaigh agus chlaochlúcháin.

    16

    D’fhéadfadh sé nach mbeadh taifid mhionsonraithe de dhátaí éadála ítimí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh ar fáil nó nach bhféadfaí meastachán a dhéanamh orthu. Sna himthosca annamha sin, d’fhéadfadh sé gur ghá measúnú gairmiúil neamhspleách ar luach na n-ítimí a úsáid mar bhonn lena n-athshonrú sa chéad tréimhse ina gcuirtear an caighdeán seo i bhfeidhm.

    17

    D’fhéadfadh sé nach mbeadh innéacs praghsanna ginearálta ar fáil i gcomhair tréimhsí a n-éilítear leis an gcaighdeán seo athshonrú réadmhaoine, gléasra agus trealaimh lena n-aghaidh. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé gur ghá úsáid a bhaint as meastachán atá bunaithe, mar shampla, ar ghluaiseachtaí sa ráta malairte idir an t-airgeadra feidhmiúil agus airgeadra eachtrach atá cobhsaí i gcoibhneas leis.

    18

    Tugtar roinnt míreanna neamhairgeadaíochta ar aghaidh ag méideanna reatha ar dhátaí nach iad na dátaí éadála iad ná dáta an ráitis maidir le staid airgeadais, amhail réadmhaoin, gléasra agus trealamh arna n-athluacháil ar dháta éigin níos luaithe ná sin. Sna cásanna sin, athshonraítear na suimeanna glanluacha ó dháta na hathluachála.

    19

    Déantar méid athshonraithe míre neamhairgeadaíochta a laghdú, i gcomhréir le IFRSanna iomchuí, nuair is mó é sin ná a suim in-aisghabhála. Laghdaítear méideanna athshonraithe réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, cáilmheasa, paitinní agus trádmharcanna go dtí a méid in-aisghabhála, mar shampla, agus laghdaítear méideanna athshonraithe fardal go dtí a nglanluach inréadaithe.

    20

    Féadfaidh institiúid infheistiúcháin a ndéantar cuntasaíocht uirthi faoi mhodh an chothromais tuairisciú a dhéanamh in airgeadra ar le geilleagar hipearbhoilscitheach é. An ráiteas maidir le staid airgeadais agus an ráiteas ar ioncam cuimsitheach atá ag institiúid infheistiúcháin den sórt sin, athshonraítear i gcomhréir leis an gCaighdeán seo iad chun sciar an infheisteora dá glansócmhainní agus dá brabús nó dá caillteanas a ríomh. Nuair a shloinntear ráitis airgeadais athshonraithe na hinstitiúide infheistiúcháin in airgeadra eachtrach, aistrítear ar rátaí reatha iad.

    21

    Aithnítear tionchar an bhoilscithe i gcostais iasachtaíochta de ghnáth. Ní iomchuí é athshonrú a dhéanamh ar an gcaiteachas caipitiúil arna mhaoiniú trí iasachtaíocht agus caipitliú a dhéanamh ar an gcuid sin de na costais iasachtaíochta a chúitíonn as an mboilsciú le linn na tréimhse céanna. Aithnítear an chuid sin de na costais iasachtaíochta mar speansas sa tréimhse ina dtabhaítear na costais.

    22

    Féadfaidh eintiteas sócmhainní a fháil faoi chomhshocrú a cheadaíonn dó íocaíocht a chur siar gan muirear úis sainráite a thabhú. I gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe an méid úis a bharúil, athshonraítear sócmhainní den sórt sin ón dáta íocaíochta seachas ón dáta ceannaigh.

    23

    [Scriosta]

    24

    Ag tús na chéad tréimhse ina gcuirtear an caighdeán seo i bhfeidhm, athshonraítear na gnéithe de chaipiteal gnáthscaireanna úinéirí, seachas tuilleamh coimeádta agus aon bharrachas athluachála, trí innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm ó na dátaí a ranníocadh na gnéithe sin nó ó na dátaí a tháinig siad chun cinn ina mhalairt de chás. Cuirtear deireadh le haon bharrachas athluachála a tháinig chun cinn i dtréimhsí roimhe sin. Díorthaítear tuilleamh coimeádta athshonraithe ó na méideanna eile go léir sa ráiteas athshonraithe maidir le staid airgeadais.

    25

    Ag tús na chéad tréimhse agus i dtréimhsí ina diaidh sin, athshonraítear gach gné de chaipiteal gnáthscaireanna úinéirí trí innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm ó thús na tréimhse nó ón dáta ranníocaíochta, más déanaí é. Déantar na gluaiseachtaí i gcaipiteal gnáthscaireanna úinéirí le haghaidh na tréimhse a nochtadh i gcomhréir le IAS 1.

    Ráiteas ar ioncam cuimsitheach

    26

    Éilítear leis an gcaighdeán seo go sloinntear gach ítim sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Is gá, dá bhrí sin, na méideanna uile a athshonrú tríd an athrú ar an innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm ó na dátaí a taifeadadh na hítimí ioncaim agus speansais sna ráitis airgeadais ar dtús.

    Gnóthachan nó caillteanas ar an suíomh glan airgeadaíochta

    27

    Eintiteas a bhfuil barrachas sócmhainní airgeadaíochta ina sheilbh aige thar dhliteanais airgeadaíochta, cailleann sé cumhacht cheannaigh i dtréimhse boilscithe, agus eintiteas a bhfuil barrachas dliteanas airgeadaíochta aige thar shócmhainní airgeadaíochta, gnóthaíonn sé cumhacht cheannaigh i dtréimhse boilscithe a mhéid nach bhfuil na sócmhainní agus na dliteanais nasctha le leibhéal praghais. An gnóthachan nó an caillteanas sin ar an suíomh glan airgeadaíochta, d’fhéadfaí é a dhíorthú mar an difríocht a eascraíonn as athshonrú sócmhainní neamhairgeadaíochta, caipiteal gnáthscaireanna úinéirí agus ítimí sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach agus an coigeartú ar shócmhainní agus ar dhliteanais innéacsnasctha. Féadfar meastachán a dhéanamh ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas ach an t-athrú ar innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm maidir le meán ualaithe na difríochta idir sócmhainní airgeadaíochta agus dliteanais airgeadaíochta le haghaidh na tréimhse.

    28

    Is i mbrabús nó i gcaillteanas a áirítear an gnóthachan nó an caillteanas ar an suíomh glan airgeadaíochta. An coigeartú ar na sócmhainní agus na dliteanais sin atá nasctha trí chomhaontú le hathruithe ar phraghsanna arna ndéanamh i gcomhréir le mír 13, fritháirítear in aghaidh an ghnóthachain nó an chaillteanais ar shuíomh glan airgeadaíochta iad. Ítimí eile ioncaim agus speansais, amhail ioncam agus speansas úis, agus difríochtaí ráta malairte eachtraí a bhaineann le cistí a infheistíodh nó a fuarthas ar iasacht, tá siad sin bainteach freisin leis an suíomh glan airgeadaíochta. Cé go nochtar ítimí den sórt sin ar leithligh, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach dá gcuirfí i láthair iad in éineacht leis an ngnóthachan nó leis an gcaillteanas ar shuíomh glan airgeadaíochta sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach.

    Ráitis airgeadais costais reatha

    Ráiteas ar an Staid Airgeadais

    29

    Ní athshonraítear ítimí a luaitear ar costas reatha óir sloinntear iad cheana i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Athshonraítear ítimí eile sa ráiteas maidir le staid airgeadais i gcomhréir le míreanna 11 go 25.

    Ráiteas ar ioncam cuimsitheach

    30

    Is éard a thuairiscítear go ginearálta sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ar costas reatha, roimh athshonrú, na costais reatha tráth a tharla na hidirbhearta nó na teagmhais fholuiteacha. Déantar costas díolachán agus dímheas a thaifeadadh ar costais reatha tráth an tomhaltais; déantar díolacháin agus speansais eile a thaifeadadh ar a méideanna airgid tráth a tharla siad. Is gá, dá bhrí sin, na méideanna uile a athshonrú isteach san aonad tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe trí innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm.

    Gnóthachan nó caillteanas ar an suíomh glan airgeadaíochta

    31

    Is i gcomhréir le míreanna 27 agus 28 a dhéantar cuntasaíocht ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas ar an suíomh glan airgeadaíochta.

    Cánacha

    32

    D’fhéadfadh sé go n-eascródh difríochtaí idir suim ghlanluacha sócmhainní agus dliteanas aonair sa ráiteas maidir le staid airgeadais agus a mboinn chánach as athshonrú ráiteas airgeadais i gcomhréir leis an gcaighdeán seo. Déantar cuntasaíocht ar na difríochtaí sin i gcomhréir le IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    Ráiteas ar shreafaí airgid

    33

    Éilítear leis an gcaighdeán seo go sloinntear gach ítim sa ráiteas ar shreafaí airgid i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    Figiúirí comhfhreagracha

    34

    Figiúirí comhfhreagracha le haghaidh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin, bídís bunaithe ar chur chuige costais stairiúil nó ar chur chuige costais reatha, athshonraítear iad trí innéacs praghsanna ginearálta a chur i bhfeidhm ionas go gcuirtear na ráitis airgeadais chomparáideacha i láthair i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Faisnéis a nochtar i leith tréimhse níos luaithe ná sin, sloinntear í sin freisin i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Chun méideanna comparáideacha a chur i láthair in airgeadra tuairiscithe éagsúil, tá feidhm ag míreanna 42(b) agus 43 de IAS 21.

    Ráitis airgeadais chomhdhlúite

    35

    Máthairchuideachta a thuairiscíonn in airgeadra ar le geilleagar hipearbhoilscitheach é, d’fhéadfadh fochuideachtaí a bheith aici a thuairiscíonn freisin in airgeadraí ar le geilleagair hipearbhoilscitheacha iad. Is gá ráitis airgeadais aon fhochuideachta den sórt sin a a athshonrú trí innéacs praghsanna ginearálta na tíre ar ina hairgeadra a thuairiscíonn sí a chur i bhfeidhm sula n-áirítear iad sna ráitis airgeadais chomhdhlúite a eisíonn a máthairchuideachta. I gcás inar fochuideachta eachtrach í fochuideachta den sórt sin, aistrítear a ráitis airgeadais athshonraithe ar rátaí reatha. Is i gcomhréir le IAS 21 a dhéileáiltear le ráitis airgeadais fochuideachtaí nach dtuairiscíonn in airgeadraí ar le geilleagair hipearbhoilscitheacha iad.

    36

    Má chomhdhlúthaítear ráitis airgeadais a gcríochnaíonn a dtréimhsí tuairiscithe ag amanna éagsúla, is gá gach ítim, bídís ina n-ítimí neamhairgeadaíochta nó airgeadaíochta, a athshonrú isteach san aonad tomhais reatha ar dháta na ráiteas airgeadais comhdhlúite.

    An t-innéacs praghsanna ginearálta a roghnú agus a úsáid

    37

    Leis an athshonrú ar ráitis airgeadais i gcomhréir leis an gcaighdeán seo, éilítear go n-úsáidtear innéacs praghsanna ginearálta a léiríonn athruithe ar chumhacht cheannaigh ghinearálta. Is fearr do gach eintiteas a thuairiscíonn in airgeadra an gheilleagair chéanna an t-innéacs céanna a úsáid.

    GEILLEAGAIR A SCOIREANN DE BHEITH INA nGEILLEAGAIR HIPEARBHOILSCITHEACHA

    38

    Nuair a scoireann geilleagar de bheith ina gheilleagar hipearbhoilscitheach agus nuair a scoireann eintiteas de bheith ag ullmhú ráiteas airgeadais agus á gcur i láthair i gcomhréir leis an gcaighdeán seo, is iad na méideanna a shloinntear san aonad tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin a úsáidfidh sé mar bhonn leis na suimeanna glanluacha ina ráitis airgeadais ina dhiaidh sin.

    NOCHTUITHE

    39

    Déanfar na nochtaí seo a leanas:

    (a)

    an fíoras gur athshonraíodh na ráitis airgeadais agus na figiúirí comhfhreagracha le haghaidh tréimhsí roimhe seo i ngeall ar athruithe ar chumhacht cheannaigh ghinearálta an airgeadra fheidhmiúil agus, dá thoradh sin, go sonraítear iad i dtéarmaí an aonaid tomhais reatha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

    (b)

    cé acu atá na ráitis airgeadais bunaithe ar chur chuige costais stairiúil nó ar chur chuige costais reatha; agus

    (c)

    aitheantas agus leibhéal an innéacs praghsanna ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an ghluaiseacht san innéacs le linn na tréimhse tuairiscithe reatha agus na tréimhse tuairiscithe roimhe sin.

    40

    Tá gá leis na nochtaí a éilítear leis an gcaighdeán seo chun an bonn déileála le hiarmhairtí boilscithe sna ráitis airgeadais a shoiléiriú. Beartaítear leo freisin faisnéis eile a sholáthar a bhfuil gá léi chun an bonn sin agus na méideanna a leanann as a thuiscint.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    41

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1990 nó ina dhiaidh sin.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 32

    Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair

    CUSPÓIR

    1

    [Scriosta]

    2

    Is é is cuspóir don chaighdeán sin na prionsabail a leagan síos chun ionstraimí airgeadais a chur i láthair mar dhliteanais nó mar chothromas agus chun sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh. Tá feidhm aige maidir le haicmiú ionstraimí airgeadais, ó pheirspictíocht an eisitheora, ina sócmhainní airgeadais, ina ndliteanais airgeadais agus ina n-ionstraimí cothromais; aicmiú úis, díbhinní, caillteanas agus gnóthachan a bhaineann leo; agus na himthosca inar cheart sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh.

    3

    Comhlánaíonn na prionsabail sa Chaighdeán seo na prionsabail le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a aithint agus a thomhas in IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, agus le haghaidh faisnéis maidir le hiad a nochtadh in IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe.

    RAON FEIDHME

    4

    Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais seachas:

    (a)

    na leasanna sin i bhfochuideachtaí, i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontair a ndéantar cuntasaíocht orthu i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh nó IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair. I roinnt cásanna, áfach, éilítear nó ceadaítear le IFRS 10, IAS 27 nó IAS 28 go n-úsáidfidh eintiteas IFRS 9 chun cuntasaíocht a dhéanamh ar leas i bhfochuideachta, i gcomhlach nó i gcomhfhiontar; sna cásanna sin, cuirfidh eintitis ceanglais an Chaighdeáin seo i bhfeidhm. Cuirfidh eintitis an Caighdeán seo i bhfeidhm freisin maidir le gach díorthach atá nasctha le leasanna i bhfochuideachtaí, i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontair.

    (b)

    cearta agus oibleagáidí fostóirí faoi phleananna sochair fostaithe, a bhfuil feidhm ag IAS 19 Sochair Fostaithe maidir leo;

    (c)

    [deleted]

    (d)

    conarthaí árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17 Conarthaí Árachais nó conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear ar an eintiteas le IFRS 9 cuntas a choinneáil orthu ar leithligh;

    (ii)

    comhchodanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhchuid infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17;

    (iii)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora a eascraíonn faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais, má chuireann an t-eisitheoir IFRS 9 i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas. Mar sin féin, cuirfidh an t-eisitheoir IFRS 17 i bhfeidhm má roghnaíonn an t-eisitheoir, i gcomhréir le mír 7(e) de IFRS 17, IFRS 17 a chur i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas;

    (iv)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais má chuireann an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin i gcomhréir le mír 7(h) de IFRS 17 agus le mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9;

    (v)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a éilítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis gconradh a shocrú, má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin..

    (e)

    [scriosta]

    (f)

    ionstraimí airgeadais, conarthaí agus oibleagáidí faoi idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe a bhfuil feidhm ag IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe maidir leo, seachas:

    (i)

    conarthaí faoi raon feidhme mhíreanna 8-10 den chaighdeán seo, a bhfuil feidhm ag an gcaighdeán seo maidir leo;

    (ii)

    míreanna 33 agus 34 den chaighdeán seo, a chuirfear i bhfeidhm maidir le scaireanna cisteáin arna gceannach, arna n-eisiúint nó arna gcealú i gceangal le pleananna scair-rogha d’fhostaithe, pleananna ceannaithe scaireanna d’fhostaithe, agus gach socrú íocaíochta scairbhunaithe eile.

    5-7 bliana

    [Scriosta]

    8

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a nglanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, amhail is dá mba ionstraimí airgeadais iad na conarthaí, cé is moite de chonarthaí a rinneadh agus a leantar de bheith arna sealbhú chun ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo. Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm, áfach, maidir leis na conarthaí a ainmníonn eintiteas a bheith arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    9

    Tá bealaí éagsúla ann inar féidir conradh chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol a shocrú in airgead tirim glan nó in ionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú. Áirítear orthu sin:

    (a)

    nuair a cheadaíonn téarmaí an chonartha do cheachtar páirtí an glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú;

    (b)

    nuair nach bhfuil sé sainráite i dtéarmaí an chonartha gur féidir an glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, ach nuair atá cleachtas ag an eintiteas de bheith ag socrú glanluach conarthaí comhchosúla in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú (bíodh sin leis an gcontrapháirtí, trí chonarthaí fritháirimh a dhéanamh, nó tríd an gconradh a dhíol sula bhfeidhmítear é nó sula dtéann sé i léig);

    (c)

    nuair atá sé de chleachtas ag an eintiteas, i gcás conarthaí comhchosúla, a bheith ag glacadh le seachadadh na sócmhainne foluití agus á díol laistigh de thréimhse ghearr tar éis a soláthair chun brabús a ghiniúint as luaineachtaí gearrthéarmacha sa phraghas nó i gcorrlach an déileálaí; agus

    (d)

    nuair is féidir an mhír neamhairgeadais atá faoi réir an chonartha a chomhshó go héasca ina hairgead tirim.

    Conradh a bhfuil feidhm ag (b) nó (c) maidir leis, ní dhéantar é chun an ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo agus tagann sé faoi raon feidhme an chaighdeáin seo dá réir sin. Conarthaí eile a bhfuil feidhm ag mír 8 maidir leo, déantar meastóireacht orthu chun a chinneadh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a rinneadh iad agus a leantar de bheith arna sealbhú chun an ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo agus, dá réir sin, cé acu a thagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme an chaighdeáin seo.

    10

    Céadrogha gheallta chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, i gcomhréir le mír 9(a) nó (d), tagann sí faoi raon feidhme an chaighdeáin seo. Ní féidir conradh den sórt sin a dhéanamh chun an mhír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo.

    SAINMHÍNITHE (FÉACH FREISIN MÍREANNA AG3-AG23)

    11

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is ionstraim airgeadais ann aon chonradh as a n-eascraíonn sócmhainn airgeadais de chuid eintitis amháin agus dliteanas airgeadais nó ionstraim chothromais de chuid eintitis eile.

     

    Is éard is sócmhainn airgeadais ann aon sócmhainn atá:

    (a)

    airgead tirim;

    (b)

    ina hionstraim chothromais le heintiteas eile;

    (c)

    ina ceart conarthach:

    (i)

    chun airgead nó sócmhainn airgeadais eile a fháil ó eintiteas eile; nó

    (ii)

    chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le heintiteas eile de réir coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith fabhrach don eintiteas;

    (d)

    ina conradh a shocrófar nó a d’fhéadfaí a shocrú in ionstraimí cothromais dílse an eintitis agus atá:

    (i)

    ina neamhdhíorthach dá bhfuil an t-eintiteas, nó dá bhféadfadh an t-eintiteas a bheith, faoi oibleagáid líon athraitheach d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil ina leith;

    (ii)

    díorthach a shocrófar nó a d’fhéadfaí a shocrú, seachas trí bhíthin méid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile a mhalartú le haghaidh líon socraithe d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis. Chun na críche sin ní áirítear le hionstraimí cothromais dílse an eintitis ionstraimí airgeadais indíola a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B, ionstraimí lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas sciar pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin, agus a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16C agus 16D, nó ionstraimí atá ina gconarthaí i ndáil le hionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil nó a sholáthar amach anseo.

     

    Is éard is dliteanas airgeadais ann aon dliteanas atá:

    (a)

    ina oibleagáid chonarthach:

    (i)

    chun airgead nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar chuig eintiteas eile;

    (ii)

    chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le heintiteas eile de réir coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach don eintiteas;

    (b)

    atá ina gconradh a ghlanfar, nó a d’fhéadfaí a ghlanadh, in ionstraimí cothromais dílse an eintitis agus atá ina:

    (i)

    neamhdhíorthach dá bhfuil, nó dá bhféadfadh, an t-eintiteas a bheith faoi oibleagáid líon athraitheach d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis a sholáthar;

    (ii)

    díorthach a shocrófar nó a d’fhéadfaí a shocrú, seachas trí bhíthin méid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile a mhalartú le haghaidh líon socraithe d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis. Chun na críche sin, is ionstraimí cothromais iad na roghanna nó barántaí chun líon seasta d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil ar mhéid seasta d’airgeadra ar bith más rud é go dtairgeann an t-eintiteas na cearta, roghanna nó barántaí pro rata do na húinéirí uile atá aige faoi láthair den aicme chéanna dá ionstraimí cothromais neamhdhíorthacha féin. Thairis sin, chun na gcríoch sin ní áirítear le hionstraimí cothromais dílse an eintitis ionstraimí airgeadais indíola a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B, ionstraimí lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin, agus a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16C agus 16D, nó ionstraimí atá ina gconarthaí i ndáil le hionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil nó a sholáthar amach anseo.

     

    Mar eisceacht, aicmítear ionstraim a chomhlíonann an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais mar ionstraim chothromais má tá gnéithe uile aici agus má chomhlíonann sí na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D.

     

    Is éard is ionstraim chothromais ann aon chonradh lena soláthraítear fianaise ar leas iarmharach i sócmhainní eintitis tar éis a chuid dliteanas uile a asbhaint.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Is éard is ionstraim indíola ann ionstraim airgeadais a thugann don sealbhóir an ceart chun an ionstraim a dhíol ar ais leis an eisitheoir ar airgead tirim nó ar shócmhainn airgeadais eile nó a dhíoltar ar ais go huathoibríoch leis an eisitheoir nuair a tharlaíonn teagmhas éiginnte amach anseo nó nuair a fhaigheann an sealbhóir ionstraime bás nó nuair a théann sé ar scor.

    12

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas i bhFoscríbhinn A de IFRS 9 nó mír 9 de IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aithint agus Tomhas agus úsáidtear sa Chaighdeán seo iad leis an mbrí a shonraítear in IAS 39 agus IFRS 9.

    costas amúchta sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais

    dí-aithint

    díorthach

    modh an úis ghlain

    conradh ráthaíochta airgeadais

    dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas

    ceangaltas daingean

    idirbheart réamhaisnéise

    éifeachtacht fálaithe

    mír fhálaithe

    ionstraim fálaithe

    arna shealbhú le trádáil

    gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán

    costais idirbheart.

    13

    Sa chaighdeán seo, tagraíonn ‘conradh’ agus ‘conarthach’ do chomhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó a bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha soiléire aige nach bhfuil ach beagán discréide ag na páirtithe a sheachaint, má tá discréid ar bith acu chuige sin, toisc gur comhaontú é a bhíonn infhorfheidhmithe le dlí de ghnáth. D’fhéadfadh conarthaí, agus ionstraimí airgeadais dá réir sin, a bheith i bhfoirmeacha éagsúla agus ní gá go mbeidís i scríbhinn.

    14

    Sa chaighdeán seo, áirítear in ‘eintiteas’ daoine aonair, comhpháirtíochtaí, comhlachtaí corpraithe, iontaobhais agus gníomhaireachtaí rialtais.

    CUR I LÁTHAIR

    Dliteanais agus cothromas (féach freisin míreanna AG13-AG14J agus AG25-AG29A)

    15

    Aicmeoidh eisitheoir ionstraime airgeadais an ionstraim, nó a comhpháirteanna, nuair a aithnítear i dtosach í mar dhliteanas airgeadais, mar shócmhainn airgeadais nó mar ionstraim chothromais i gcomhréir le substaint an chomhshocraithe chonarthaigh agus leis na sainmhínithe ar dhliteanas airgeadais, ar shócmhainn airgeadais agus ar ionstraim chothromais.

    16

    Nuair a chuireann eisitheoir na sainmhínithe i mír 11 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ionstraim airgeadais ina hionstraim chothromais seachas ina dliteanas airgeadais, ní ionstraim chothromais í an ionstraim ach sa chás ina gcomhlíontar an dá choinníoll (a) agus (b) thíos agus sa chás sin amháin.

    (a)

    Ní áirítear san ionstraim aon oibleagáid chonarthach:

    (i)

    chun airgead nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar chuig eintiteas eile; nó

    (ii)

    chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le heintiteas eile de réir coinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach don eisitheoir.

    (b)

    Má shocrófar an ionstraim, nó dá bhféadfaí í a shocrú, in ionstraimí cothromais dílse an eisitheora, is éard atá inti:

    (i)

    neamhdhíorthach nach n-áirítear ann aon oibleagáid chonarthach ar an eisitheoir líon athraitheach dá ionstraimí cothromais dílse a sholáthar; nó

    (ii)

    díorthach nach socrófar ach tríd an eisitheoir a bheith ag malartú méid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile ar líon socraithe dá ionstraimí cothromais dílse. Chun na críche sin, is ionstraimí cothromais iad na roghanna nó barántaí chun líon seasta d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil ar mhéid seasta d’airgeadra ar bith más rud é go dtairgeann an t-eintiteas na cearta, roghanna nó barántaí pro rata do na húinéirí uile atá aige faoi láthair den aicme chéanna dá ionstraimí cothromais neamhdhíorthacha féin. Chun na gcríoch sin, freisin, ní áirítear le hionstraimí cothromais dílse an eisitheora ionstraimí a bhfuil na gnéithe uile acu agus a chomhlíonann na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D, ná ionstraimí ar conarthaí iad chun ionstraimí cothromais dílse an eisitheora a fháil nó a sholáthar amach anseo.

    Ní ionstraim chothromais í oibleagáid chonarthach, lena n-áirítear ceann a eascraíonn as ionstraim airgeadais dhíorthach, a mbeidh nó a bhféadfadh sé go mbeadh fáil nó soláthar ionstraimí cothromais dílse an eisitheora mar thoradh uirthi, ach nach gcomhlíonann coinníollacha (a) agus (b) thuas. Mar eisceacht, aicmítear ionstraim a chomhlíonann an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais mar ionstraim chothromais má tá gnéithe uile aici agus má chomhlíonann sí na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D.

    Ionstraimí indíola

    16A

    Áirítear in ionstraim airgeadais indíola oibleagáid chonarthach ar an eisitheoir an ionstraim sin a athcheannach nó a fhuascailt ar airgead tirim nó ar shócmhainn airgeadais eile ar fheidhmiú na céadrogha ar dhíol. Mar eisceacht ar an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais, is mar ionstraim chothromais a aicmítear ionstraim a n-áirítear oibleagáid den sórt sin inti má tá na gnéithe seo a leanas uile aici:

    (a)

    Bíonn an sealbhóir i dteideal scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis sa chás go leachtaítear an t-eintiteas. Is iad glansócmhainní an eintitis iad na sócmhainní sin a atá fágtha tar éis gach éileamh eile ar a shócmhainní a asbhaint. Cinntear scair pro rata mar seo a leanas:

    (i)

    déantar glansócmhainní an eintitis ar leachtú a roinnt ina n-aonaid ar cóimhéid; agus

    (ii)

    iolraítear an méid sin faoin líon aonad arna sealbhú ag sealbhóir na hionstraime airgeadais.

    (b)

    Tá an ionstraim san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile. Chun go mbeadh ionstraim in aicme den sórt sin:

    (i)

    níl aon tosaíocht ag an ionstraim ar éilimh eile ar shócmhainní an eintitis ar leachtú, agus

    (ii)

    ní gá an ionstraim a chomhshó ina hionstraim eile sula mbeidh sí san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile.

    (c)

    Beidh gnéithe comhionanna ag gach ionstraim airgeadais san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile. Ní mór dóibh uile a bheith indíola, mar shampla, agus ní mór don fhoirmle nó don mhodh eile a úsáidtear chun an t-athcheannach nó an fhuascailt a ríomh a bheith mar an gcéanna le haghaidh gach ionstraime san aicme sin.

    (d)

    Cé is moite den oibleagáid chonarthach ar an eisitheoir an ionstraim a athcheannach nó a fhuascailt ar airgead tirim nó ar shócmhainn airgeadais eile, ní áirítear san ionstraim aon oibleagáid chonarthach chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar d’eintiteas eile, ná chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le heintiteas eile faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach don eintiteas, agus ní conradh í a shocrófar nó a bhféadfaí a shocrú in ionstraimí cothromais dílse an eintitis mar a leagtar amach i bhfomhír (b) den sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais.

    (e)

    Na sreafaí airgid ionchasacha san iomlán is inchurtha i leith na hionstraime le linn shaolré na hionstraime, tá siad bunaithe go substaintiúil ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, ar an athrú ar na glansócmhainní aitheanta nó ar an athrú ar luach cóir ghlansócmhainní aitheanta agus neamhaitheanta an eintitis le linn shaolré na hionstraime (gan aon iarmhairt ag an ionstraim a áireamh).

    16B

    Chun go n-aicmeofaí ionstraim mar ionstraim chothromais, anuas ar na gnéithe uile sin thuas a bheith ag an ionstraim, ní mór gan aon ionstraim airgeadais eile ná aon chonradh eile a bhfuil an méid seo a leanas acu a bheith ag an eisitheoir:

    (a)

    sreafaí airgid san iomlán atá bunaithe go substaintiúil ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, ar an athrú ar na glansócmhainní aitheanta nó ar an athrú ar luach cóir ghlansócmhainní aitheanta agus neamhaitheanta an eintitis le linn shaolré na hionstraime (gan aon iarmhairt ag ionstraim nó conradh den sórt sin a áireamh) agus

    (b)

    an iarmhairt a bhaineann le bheith ag srianadh nó ag socrú go substaintiúil an toradh iarmharach ag sealbhóirí na hionstraime indíola.

    Chun an coinníoll sin a chur i bhfeidhm, ní bhreithneoidh an t-eintiteas conarthaí neamhairgeadais a dhéantar le sealbhóir ionstraime ar a dtugtar tuairisc i mír 16A a bhfuil téarmaí agus coinníollacha conarthacha acu atá comhchosúil le téarmaí agus coinníollacha conarthacha conartha choibhéisigh a d’fhéadfadh sealbhóir neamhionstraime agus an t-eintiteas eisiúna a dhéanamh. Murar féidir leis an eintiteas a chinneadh go gcomhlíontar an coinníoll sin, ní aicmeoidh sé an ionstraim indíola mar ionstraim chothromais.

    Ionstraimí, nó comhpháirteanna ionstraimí, lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin

    16C

    Áirítear i roinnt ionstraimí airgeadais oibleagáid chonarthach ar an eintiteas eisiúna scair pro rata dá ghlansócmhainní a sholáthar d’eintiteas eile ar leachtú amháin. Tagann an oibleagáid chun cinn toisc go bhfuil sé cinnte go dtarlóidh an leachtú agus nach mbeidh sé faoi rialú an eintitis (eintiteas le saolré teoranta, mar shampla) nó nach bhfuil sé cinnte go dtarlóidh sé ach gur de rogha an tsealbhóra ionstraime é. Mar eisceacht ar an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais, is mar ionstraim chothromais a aicmítear ionstraim a n-áirítear oibleagáid den sórt sin inti má tá na gnéithe seo a leanas uile aici:

    (a)

    Bíonn an sealbhóir i dteideal scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis sa chás go leachtaítear an t-eintiteas. Is iad glansócmhainní an eintitis iad na sócmhainní sin a atá fágtha tar éis gach éileamh eile ar a shócmhainní a asbhaint. Cinntear scair pro rata mar seo a leanas:

    (i)

    déantar glansócmhainní an eintitis ar leachtú a roinnt ina n-aonaid ar cóimhéid; agus

    (ii)

    iolraítear an méid sin faoin líon aonad arna sealbhú ag sealbhóir na hionstraime airgeadais.

    (b)

    Tá an ionstraim san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile. Chun go mbeadh ionstraim in aicme den sórt sin:

    (i)

    níl aon tosaíocht ag an ionstraim ar éilimh eile ar shócmhainní an eintitis ar leachtú, agus

    (ii)

    ní gá an ionstraim a chomhshó ina hionstraim eile sula mbeidh sí san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile.

    (c)

    Oibleagáid chonarthach ar an eintiteas eisiúna scair pro rata dá ghlansócmhainní a sholáthar ar leachtú, ní mór di sin a bheith comhionann i ngach ionstraim airgeadais san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile.

    16D

    Chun go n-aicmeofaí ionstraim mar ionstraim chothromais, anuas ar na gnéithe uile sin thuas a bheith ag an ionstraim, ní mór gan aon ionstraim airgeadais eile ná aon chonradh eile a bhfuil an méid seo a leanas acu a bheith ag an eisitheoir:

    (a)

    sreafaí airgid san iomlán atá bunaithe go substaintiúil ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, ar an athrú ar na glansócmhainní aitheanta nó ar an athrú ar luach cóir ghlansócmhainní aitheanta agus neamhaitheanta an eintitis le linn shaolré na hionstraime (gan aon iarmhairt ag ionstraim nó conradh den sórt sin a áireamh) agus

    (b)

    an iarmhairt a bhaineann le bheith ag srianadh nó ag socrú go substaintiúil an toradh iarmharach ag sealbhóirí na hionstraime.

    Chun an coinníoll sin a chur i bhfeidhm, ní bhreithneoidh an t-eintiteas conarthaí neamhairgeadais a dhéantar le sealbhóir ionstraime ar a dtugtar tuairisc i mír 16C a bhfuil téarmaí agus coinníollacha conarthacha acu atá comhchosúil le téarmaí agus coinníollacha conarthacha conartha choibhéisigh a d’fhéadfadh sealbhóir neamhionstraime agus an t-eintiteas eisiúna a dhéanamh. Murar féidir leis an eintiteas a chinneadh go gcomhlíontar an coinníoll sin, ní aicmeoidh sé an ionstraim mar ionstraim chothromais.

    Athaicmiú ionstraimí indíola agus ionstraimí lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin

    16E

    Aicmeoidh eintiteas ionstraim airgeadais mar ionstraim chothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D ón dáta a bheidh na gnéithe uile ag an ionstraim agus a chomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar amach sna míreanna sin. Athaicmeoidh eintiteas ionstraim airgeadais ón dáta a scoirfidh na gnéithe uile de bheith ag an ionstraim nó a scoirfidh an ionstraim de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha uile a leagtar amach sna míreanna sin. Má fhuasclaíonn eintiteas na hionstraimí neamh-indíola eisithe uile atá aige agus má tá na gnéithe uile ag aon ionstraim indíola atá fós ann agus má chomhlíonann siad na coinníollacha uile i míreanna 16A agus 16B, athaicmeoidh an t-eintiteas na hionstraimí indíola mar ionstraimí cothromais ón dáta a fhuasclóidh sé na hionstraimí neamh-indíola.

    16F

    Déanfaidh eintiteas cuntasaíocht mar seo a leanas ar athaicmiú ionstraime i gcomhréir le mír 16E:

    (a)

    Athaicmeoidh eintiteas ionstraim chothromais mar dhliteanas airgeadais ón dáta a scoirfidh na gnéithe uile de bheith ag an ionstraim nó a scoirfidh an ionstraim de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Tomhaisfear an dliteanas airgeadais ar luach cóir na hionstraime ar dháta an athaicmithe. Is i gcothromas a aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir suim ghlanluacha na hionstraime cothromais agus luach cóir an dliteanais airgeadais ar dháta an athaicmithe.

    (b)

    Athaicmeoidh sé dliteanas airgeadais mar chothromas ón dáta a bheidh na gnéithe uile ag an ionstraim agus a chomhlíonfaidh sí na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Tomhaisfear ionstraim chothromais ar shuim ghlanluacha an dliteanais airgeadais ar dháta an ath-aicmithe.

    Gan aon oibleagáid chonarthach airgead tirim ná sócmhainn airgeadais eile a sholáthar (mír 16(a))

    17

    Cé is moite de na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D, gné ríthábhachtach a dhéanann idirdhealú idir dliteanas airgeadais agus ionstraim chothromais is ea oibleagáid chonarthach a bheith ar pháirtí amháin i leith na hionstraime airgeadais (an t-eisitheoir) chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar don pháirtí eile (an sealbhóir) nó chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú leis an sealbhóir faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach don eisitheoir. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh sealbhóir ionstraime cothromais i dteideal scair pro rata d’aon díbhinn nó d’aon dáileachán cothromais eile a fháil, níl oibleagáid chonarthach ar an eisitheoir dáileacháin den sórt sin a dhéanamh toisc nach féidir a éileamh air airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar do pháirtí eile.

    18

    Is é substaint ionstraime airgeadais seachas a foirm dhlíthiúil a rialaíonn a hathaicmiú i ráiteas an eintitis maidir lena staid airgeadais. Is gnách go mbíonn substaint agus foirm dhlíthiúil comhsheasmhach, ach ní i gcónaí. Cothromas is ea an fhoirm dhlíthiúil atá ar roinnt ionstraimí airgeadais cé gur dliteanais ó thaobh substainte iad, agus d’fhéadfadh cinn eile a bheith ina gcomhcheangal de ghnéithe atá bainteach le hionstraimí cothromais agus gnéithe atá bainteach le dliteanais airgeadais. Mar shampla:

    (a)

    is dliteanas airgeadais é stoc tosaíochta lena ndéantar foráil maidir le fuascailt shainordaitheach ag an eisitheoir de mhéid socraithe nó athraitheach ar dháta socraithe nó athraitheach amach anseo, nó lena dtugtar don sealbhóir an ceart chun éileamh ar an eisitheoir an ionstraim a fhuascailt ar dháta áirithe, nó ina dhiaidh, de mhéid socraithe nó athraitheach;

    (b)

    is dliteanas airgeadais í ionstraim airgeadais lena dtugtar an ceart don sealbhóir í a dhíol ar ais leis an eisitheoir ar airgead tirim nó ar shócmhainn airgeadais eile (ionstraim indíola), cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó le míreanna 16C agus 16D. Is dliteanas airgeadais í an ionstraim airgeadais fiú nuair a chinntear méid an airgid thirim nó na sócmhainní airgeadais eile ar bhonn innéacs nó ítim eile a d’fhéadfadh méadú nó laghdú teacht uirthi. Ós rud é gur ann do rogha don sealbhóir an ionstraim a chur ar ais chuig an eisitheoir le haghaidh airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile, ciallaíonn sé sin go gcomhlíonann an ionstraim indíolta an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais, cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. D’fhéadfadh cistí frithpháirteacha neamhiata, iontaobhais aonad, comhpháirtíochtaí agus roinnt eintitis chomharchumainn, mar shampla, an ceart a thabhairt dá sealbhóirí aonad nó dá gcomhaltaí a leasanna san eisitheoir a fhuascailt tráth ar bith ar airgead tirim, agus dá thoradh sin aicmítear leasanna na sealbhóirí aonad nó na gcomhaltaí mar dhliteanais airgeadais, cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Leis an aicmiú mar dhliteanas airgeadais, áfach, ní chuirtear bac ar thuairisceoirí amhail ‘glanluach sócmhainne is inchurtha i leith sealbhóirí aonad’ nó ‘athrú ar an nglanluach sócmhainne is inchurtha i leith sealbhóirí aonad’ a úsáid i ráitis airgeadais eintitis nach bhfuil aon chothromas ranníoctha aige (amhail roinnt cistí frithpháirteacha agus iontaobhais aonad, féach Sampla Léiritheach 7) ná ar nochtadh breise a úsáid chun a léiriú gurb éard atá i leasanna comhaltaí san iomlán ítimí amhail cúlchistí a chomhlíonann an sainmhíniú ar chothromas agus ionstraimí indíola nach gcomhlíonann (féach Sampla Léiritheach 8).

    19

    Mura bhfuil ceart neamhchoinníollach ag eintiteas gan airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar chun oibleagáid chonarthach a shocrú, comhlíonann an oibleagáid an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais, cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Mar shampla:

    (a)

    srian ar chumas an eintitis oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh, amhail easpa rochtana ar airgeadra eachtrach nó an gá le formheas a fháil ó údarás rialála le haghaidh íocaíochta, ní chuireann sin oibleagáid chonarthach an eintitis ná ceart conarthach an tsealbhóra faoin ionstraim ar neamhní;

    (b)

    is dliteanas airgeadais í oibleagáid chonarthach atá coinníollach ar chontrapháirtí a bheith ag feidhmiú a cheart chun fuascailte toisc nach bhfuil an ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas gan airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar.

    20

    Ionstraim airgeadais nach leagtar síos léi oibleagáid chonarthach chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar, féadfar oibleagáid a leagan síos go hindíreach léi trína cuid téarmaí agus coinníollacha. Mar shampla:

    (a)

    d’fhéadfadh sé go n-áireofaí in ionstraim airgeadais oibleagáid neamhairgeadais nach mór a shocrú sa chás go dteipeann ar an eintiteas dáileacháin a dhéanamh nó an ionstraim a fhuascailt agus sa chás sin amháin. Más féidir leis an eintiteas aistriú airgid thirim nó sócmhainne airgeadais eile a sheachaint ach amháin tríd an oibleagáid neamhairgeadais a shocrú, is dliteanas airgeadais í an ionstraim airgeadais;

    (b)

    is dliteanas airgeadais í ionstraim airgeadais má fhoráiltear leis go soláthróidh an t-eintiteas ar shocraíocht:

    (i)

    airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile; nó

    (ii)

    a scaireanna dílse, a gcinntear a luach a bheith níos mó go substaintiúil ná luach an airgid thirim nó na sócmhainne airgeadais eile.

    Cé nach bhfuil oibleagáid chonarthach shainráite ar an eintiteas airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar, fágann an luach scaire sa rogha mhalartach socraíochta go socróidh an t-eintiteas in airgead tirim. Ráthaíodh ó thaobh substainte de, i gcás ar bith, go bhfaighidh an sealbhóir méid atá cothrom ar a laghad leis an rogha socraíochta in airgead tirim (féach mír 21).

    Socraíocht in ionstraimí cothromais dílse an eintitis (mír 16(b))

    21

    D’fhéadfaí ionstraimí cothromais dílse an eintitis a fháil nó a sholáthar mar thoradh ar chonradh, ach ní hé sin amháin is cúis le conradh a bheith ina ionstraim chothromais. D’fhéadfadh ceart conarthach a bheith ag eintiteas nó oibleagáid chonarthach a bheith air chun líon athraitheach dá scaireanna dílse nó ionstraimí cothromais eile a fháil nó a sholáthar ionas go mbeidh luach cóir ionstraimí cothromais dílse an eintitis atá le fáil nó le soláthar cothrom le méid an chirt chonarthaigh nó na hoibleagáide conarthaí. D’fhéadfadh ceart conarthach nó oibleagáid chonarthach den sórt sin a bheith de mhéid socraithe nó de mhéid a luainíonn go páirteach nó go hiomlán mar fhreagairt ar athruithe ar athróg nach í margadhphraghas ionstraimí cothromais dílse an eintitis í (e.g. ráta úis, praghas tráchtearraí nó praghas ionstraime airgeadais). Dhá shampla de sin is ea (a) conradh chun a oiread d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis atá cothrom le luach AA100 (14) a sholáthar, agus (b) conradh chun a oiread d’ionstraimí cothromais dílse an eintitis atá cothrom ina luach le luach 100 unsa óir a sholáthar. Is dliteanas airgeadais de chuid an eintitis é conradh den sórt sin fiú cé nach mór don eintiteas, nó cé gur féidir leis an eintiteas, é a shocrú trína ionstraimí cothromais dílse a sholáthar. Ní ionstraim chothromais é toisc go n-úsáideann an t-eintiteas líon athraitheach dá ionstraimí cothromais dílse chun an conradh a shocrú. Dá réir sin, ní sholáthraítear fianaise leis an gconradh ar leas iarmharach i sócmhainní an eintitis tar éis a chuid dliteanas uile a asbhaint.

    22

    Seachas mar a luaitear i mír 22A, is ionstraim chothromais é conradh a shocróidh an t-eintiteas (a fhaigheann nó) a sholáthraíonn líon socraithe dá ionstraimí cothromais dílse mar mhalairt ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile. Is ionstraim chothromais í scair-rogha eisithe lena dtugtar ceart don chontrapháirtí líon socraithe de scaireanna an eintitis a cheannach ar phraghas socraithe nó ar phríomhshuim luaite socraithe banna. Athruithe ar luach cóir conartha a eascraíonn as luaineachtaí i rátaí úis an mhargaidh nach ndéanann difear don mhéid airgid thirim nó do shócmhainní airgeadais eile atá le híoc nó le fáil, nó don líon ionstraimí cothromais atá le fáil nó le soláthar, ní chuirtear bac leo sin ar an gconradh a bheith ina ionstraim chothromais ar shocraíocht an chonartha. Aon chomaoin a fuarthas (amhail an phréimh a fuarthas as céadrogha gheallta nó barántas ar scaireanna dílse an eintitis), cuirtear go díreach le cothromas í. Aon chomaoin a íocadh (amhail an phréimh a íocadh as céadrogha cheannaithe), asbhaintear go díreach as cothromas í. Ní aithnítear athruithe ar luach cóir ionstraime cothromais sna ráitis airgeadais.

    22A

    Más ionstraimí airgeadais indíola iad ionstraimí cothromais dílse an eintitis atá le fáil, nó le soláthar, ag an eintiteas ar shocraíocht an chonartha, agus má tá na gnéithe uile acu agus má chomhlíonann siad na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 16A agus 16B, nó más ionstraimí iad lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas sciar pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin a bhfuil na gnéithe uile acu agus a chomhlíonann na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 16C agus 16D, is sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais é an conradh. Áirítear leis sin conradh a shocróidh an t-eintiteas a fhaigheann nó a sholáthraíonn líon socraithe ionstraimí den sórt sin mar mhalairt ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile.

    23

    Cé is moite de na himthosca a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D, as conradh ina bhfuil oibleagáid ar eintiteas a ionstraimí cothromais dílse a cheannach ar airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile eascraíonn dliteanas airgeadais i leith luach láithreach an mhéid fuascailte (i leith luach láithreach an réamhphraghais athcheannaigh, an phraghais feidhmithe céadrogha nó méid fuascailte eile, mar shampla). Is amhlaidh sin fiú más ionstraim chothromais é an conradh féin. Sampla amháin de sin is ea oibleagáid eintitis faoi réamhchonradh a ionstraimí cothromais dílse a cheannach ar airgead tirim. Aithnítear an dliteanas airgeadais ar dtús ag luach láithreach an mhéid fuascailte, agus athaicmítear ó chothromas é. Ina dhiaidh sin, tomhaistear an dliteanas airgeadais i gcomhréir le IFRS 9. Má théann an conradh in éag gan soláthar, déantar suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais a athaicmiú chuig cothromas. As oibleagáid chonarthach eintitis a ionstraimí cothromais dílse a cheannach eascraíonn dliteanas airgeadais i leith luach láithreach an mhéid fuascailte fiú má tá an oibleagáid cheannaigh coinníollach ar an gcontrapháirtí ag feidhmiú ceart chun fuascailte (e.g. céadrogha ar dhíol i scríbhinn lena dtugtar an ceart don chontrapháirtí ionstraimí cothromais dílse an eintitis a dhíol leis an eintiteas ar phraghas socraithe).

    24

    Is sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais é conradh a shocróidh an t-eintiteas a sholáthraíonn nó a fhaigheann líon socraithe dá ionstraimí cothromais dílse mar mhalairt ar mhéid athraitheach airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile. Sampla de sin is ea conradh faoina soláthróidh an t-eintiteas 100 ceann dá ionstraimí cothromais dílse mar mhalairt ar mhéid airgid thirim a ríomhtar a bheith cothrom le luach 100 unsa óir.

    Forálacha socraíochta teagmhasacha

    25

    Le hionstraim airgeadais, féadfar go n-éileofar ar an eintiteas airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar, nó í a shocrú ar bhealach éigin eile sa chaoi go mbeadh sí ina dliteanas airgeadais, sa chás go dtarlóidh nó nach dtarlóidh teagmhais éiginnte amach anseo (nó ar thoradh imthosca éiginnte) nach bhfuil neart ag eisitheoir ná sealbhóir na hionstraime orthu, amhail athrú ar innéacs stocmhargaidh, praghasinnéacs tomhaltóirí, ráta úis nó ceanglais chánachais, nó ioncaim, glanioncam nó cóimheas fiachais/cothromais an eisitheora amach anseo. Níl an ceart neamhchoinníollach ag eisitheoir ionstraime den sórt sin gan airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar (ná chun í a shocrú ar bhealach éigin eile sa chaoi go mbeadh sí ina dliteanas airgeadais). Is dliteanas airgeadais de chuid an eisitheora í, dá bhrí sin, ach amháin más amhlaidh:

    (a)

    nach fíorfhoráil í an chuid den fhoráil socraíochta theagmhasach lena bhféadfaí socraíocht in airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile (nó ar bhealach éigin eile sa chaoi go mbeadh sí ina dliteanas airgeadais) a éileamh;

    (b)

    nach féidir a éileamh ar an eisitheoir an oibleagáid a shocrú in airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile (nó í a shocrú ar bhealach éigin eile sa chaoi go mbeadh sí ina dliteanas airgeadais) ach amháin i gcás leachtú an eisitheora; nó

    (c)

    go bhfuil na gnéithe uile ag an ionstraim agus go gcomhlíonann sí na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B.

    Roghanna socraíochta

    26

    Is sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais í ionstraim airgeadais dhíorthach a thugann rogha do pháirtí amháin maidir leis an mbealach a socrófar í (e.g. féadann an t-eisitheoir nó an sealbhóir a roghnú a glanluach a shocrú in airgead tirim nó í a shocrú trí scaireanna a mhalartú ar airgead tirim), ach amháin dá mbeadh mar thoradh ar na roghanna malartacha socraíochta uile go mbeadh sí ina hionstraim chothromais.

    27

    Is sampla d’ionstraim airgeadais dhíorthach a bhfuil rogha socraíochta aici atá ina dliteanas airgeadais í scair-rogha ar féidir leis an eisitheoir a glanluach a shocrú in airgead tirim nó í a shocrú trína scaireanna dílse a mhalartú ar airgead tirim. Ar an gcuma chéanna, is faoi raon feidhme an chaighdeáin seo a thagann roinnt conarthaí chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol mar mhalairt ar ionstraimí cothromais dílse an eintitis toisc gur féidir iad a shocrú tríd an ítim neamhairgeadais a sholáthar nó trína glanluach a shocrú in airgead tirim nó trí ionstraim airgeadais eile (féach míreanna 8-10). Is sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais iad conarthaí den sórt sin agus ní ionstraimí cothromais.

    Ionstraimí airgeadais cumaisc (féach freisin míreanna AG30-AG35 Samplaí Léiritheacha 9-12)

    28

    Déanfaidh eisitheoir ionstraime airgeadais neamhdhíorthaí meastóireacht ar théarmaí na hionstraime airgeadais chun a chinneadh cé acu atá gné dliteanais agus cuidí cothromais araon inti nó nach bhfuil. Aicmeofar comhpháirteanna den sórt sin ar leithligh mar dhliteanais airgeadais, mar shócmhainní airgeadais nó mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le mír 15.

    29

    Na comhpháirteanna d’ionstraim airgeadais (a) a chruthaíonn dliteanas airgeadais de chuid an eintitis agus (b) a dheonaíonn rogha do shealbhóir na hionstraime í a chomhshó ina hionstraim chothromais de chuid an eintitis, aithníonn eintiteas iad ar leithligh. Is ionstraim airgeadais chumaisc é banna nó ionstraim chomhchosúil atá in-chomhshóite ag an sealbhóir ina líon socraithe gnáthscaireanna de chuid an eintitis. Ó thaobh an eintitis, tá dhá chomhpháirt in ionstraim den sórt sin: dliteanas airgeadais (socrú conarthach chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar) agus ionstraim chothromais (céadrogha ar cheannach lena ndeonaítear an ceart don sealbhóir, ar feadh tréimhse shonraithe, í a chomhshó ina líon socraithe gnáthscaireanna de chuid an eintitis). An iarmhairt eacnamaíoch a bhaineann le hionstraim den sórt sin a eisiúint, tá sí mar an gcéanna, go substaintiúil, le heisiúint chomhuaineach ionstraime fiachais a bhfuil foráil socraíochta agus barántais inti chun gnáthscaireanna a cheannach, nó le heisiúint ionstraime fiachais a bhfuil barántais ceannaithe stoc inbhainte inti. I ngach cás, dá réir sin, cuireann an t-eintiteas an ghné dliteanais agus an cuidí cothromais i láthair ar leithligh ina ráiteas maidir le staid airgeadais.

    30

    Ní dhéantar athbhreithniú ar aicmiú gné dliteanais agus cuidí cothromais ionstraime in-chomhshóite mar thoradh ar athrú ar an dóchúlacht go bhfeidhmeofar rogha comhshó, fiú más cosúil gur tháinig feidhmiú na rogha chun bheith ina bhuntáiste eacnamaíoch do roinnt sealbhóirí. D’fhéadfadh sé nach ngníomhóidh sealbhóirí i gcónaí ar bhealach a mbeadh coinne leis mar d’fhéadfadh na hiarmhairtí cánach a eascraíonn as comhshó, mar shampla, a bheith difriúil idir sealbhóirí. Ina theannta sin, tiocfaidh athrú ó am go ham ar dhóchúlacht an chomhshó. Tá oibleagáid chonarthach an eintitis íocaíochtaí a dhéanamh amach anseo fós ann go dtí go gcuirtear ar ceal í trí chomhshó, aibíocht na hionstraime nó idirbheart éigin eile.

    31

    Pléann IFRS 9 le tomhas sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais. Is éard is ionstraimí cothromais ann ionstraimí lena soláthraítear fianaise ar leas iarmharach i sócmhainní eintitis tar éis a chuid dliteanas uile a asbhaint. Dá bhrí sin, nuair a leithdháiltear suim ghlanluacha ionstraime airgeadais cumaisc ar a cuidí cothromais agus ar a gné dliteanas, sanntar don chuidí cothromais an méid iarmharach tar éis an méid a chinntear ar leithligh le haghaidh na gné dliteanais a asbhaint ó luach cóir na hionstraime. Áirítear sa ghné dliteanais luach aon ghné dhíorthach (amhail céadrogha ar cheannach) atá leabaithe san ionstraim airgeadais chumaisc seachas an cuidí cothromais (amhail an rogha comhshó cothromais). Suim na suimeanna glanluacha a shanntar don ghné dliteanais agus don chuidí cothromais ar aitheantas tosaigh, bíonn sí cothrom i gcónaí leis an luach cóir a chuirfí i leith na hionstraime ina hiomláine. Ní eascraíonn aon ghnóthachan ná aon chaillteanas as comhpháirteanna na hionstraime a aithint ar leithligh i dtosach.

    32

    Faoin gcur chuige ar a dtugtar tuairisc i mír 31, is é an chéad rud a chinneann eisitheoir banna atá in-chomhshóite ina ghnáthscaireanna suim ghlanluacha na gné dliteanais trí luach cóir dliteanais chomhchosúil a thomhas (lena n-áirítear aon ghné dhíorthach neamhchothromais atá leabaithe ann) nach bhfuil cuidí cothromais bainteach leis. Suim ghlanluacha na hionstraime cothromais dá ndéantar ionadaíocht leis an rogha chun an ionstraim a chomhshó ina gnáthscaireanna, is í a chinntear ansin trí luach cóir an dliteanais airgeadais a asbhaint ó luach cóir na hionstraime airgeadais cumaisc ina hiomláine.

    Scaireanna cisteáin (féach mír AG36 freisin)

    33

    Má athfhaigheann eintiteas a ionstraimí cothromais dílse, asbhainfear na hionstraimí sin (scaireanna cisteáin) ó chothromas. Ní aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar ionstraimí cothromais dílse an eintitis a cheannach, a dhíol, a eisiúint nó a chealú. Féadfaidh an t-eintiteas nó comhaltaí eile den ghrúpa comhdhlúite scaireanna cisteáin den sórt sin a fháil agus a shealbhú. Is go díreach i gcothromas a aithneofar comaoin arna íoc nó arna fáil.

    33A

    Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste agus aithníonn siad dliteanais airgeadais i leith na méideanna atá le híoc leis na hinfheisteoirí sin. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn na heintitis sin na hítimí forluiteacha. I gcistí nó in ítimí forluiteacha áirithe den sórt sin áirítear scaireanna cisteáin an eintitis. D’ainneoin mhír 33, féadfaidh eintiteas a roghnú gan scair chisteáin a áirítear i gciste den sórt sin nó ar ítim fhorluiteach í a bhaint as cothromas nuair a athfhaigheann eintiteas a ionstraim chothromais dhílis chun na gcríoch sin, agus sa chás sin amháin. Ina ionad sin, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú leanúint de chuntas a choinneáil ar an scair chisteáin sin mar chothromas agus cuntas a choinneáil ar an ionstraim athfhaighte amhail is dá mba rud é gur sócmhainn airgeadais an ionstraim, agus féadfaidh sé í a thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9. Is rogha neamh-inchúlghairthe an rogha sin agus déantar ar bhonn ionstraim ar ionstraim í. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

    34

    Déantar an méid scaireanna cisteáin arna shealbhú a nochtadh ar leithligh sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sna nótaí, i gcomhréir le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais. Soláthraíonn eintiteas nochtadh i gcomhréir le IAS 24 Nochtaí Páirtithe Gaolmhara má athfhaigheann an t-eintiteas a ionstraimí cothromais dílse ó pháirtithe gaolmhara.

    Ús, díbhinní, caillteanais agus gnóthachain (féach freisin mír AG37)

    35

    Is mar ioncam nó speansas i mbrabús nó i gcaillteanas a aithneofar ús, díbhinní, caillteanais agus gnóthachain a bhaineann le hionstraim airgeadais nó le comhpháirt ar dliteanas airgeadais í. Is go díreach i gcothromas a aithneoidh an t-eintiteas dáileacháin ar shealbhóirí ionstraime cothromais. Is mar asbhaint ó chothromas a dhéanfar cuntasaíocht ar chostais idirbhirt a ghabhann le hidirbheart cothromais.

    35A

    Cáin ioncaim a bhaineann le dáileacháin ar shealbhóirí ionstraime cothromais agus le costais idirbhirt a ghabhann le hidirbheart cothromais, déanfar cuntasaíocht orthu i gcomhréir le IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    36

    Is é aicmiú ionstraime airgeadais mar dhliteanas airgeadais nó mar ionstraim chothromais a chinneann cé acu mar ioncam nó mar speansas i mbrabús nó i gcaillteanas a aithnítear ús, díbhinní, caillteanais agus gnóthachain a bhaineann leis an ionstraim sin. Dá réir sin, is mar speansais a aithnítear íocaíochtaí díbhinne ar scaireanna a aithnítear mar dhliteanais ina n-iomláine, ar an mbealach céanna a aithnítear ús ar bhanna. Ar an gcuma chéanna, is i mbrabús nó i gcaillteanas a aithnítear gnóthachain agus caillteanais atá bainteach le fuascailtí nó athmhaoinithe ar dhliteanais airgeadais, agus is mar athruithe ar chothromas a aithnítear fuascailtí nó athmhaoinithe ar ionstraimí cothromais. Ní aithnítear athruithe ar luach cóir ionstraime cothromais sna ráitis airgeadais.

    37

    Tabhaíonn eintiteas costais éagsúla de ghnáth agus a ionstraimí cothromais dílse á n-eisiúint nó a bhfáil aige. Is féidir a áireamh leis na costais sin táillí clárúcháin agus rialála eile, méideanna arna n-íoc le comhairleoirí gairmiúla dlí, cuntasaíochta agus eile, costais phriontála agus dleachtanna stampála. Déantar cuntasaíocht ar na costais idirbhirt a ghabhann le hidirbheart cothromais mar asbhaint ó chothromas a mhéid atá siad ina gcostais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith an idirbhirt chothromais a sheachnófaí ina mhalairt de chás. Is mar speansas a aithnítear costais idirbhirt chothromais a thréigtear.

    38

    Costais idirbhirt a bhaineann le saincheist ionstraime airgeadais cumaisc, leithdháiltear ar ghné dliteanais agus ar chuidí cothromais na hionstraime iad i gcomhréir leis an leithdháileadh fáltas. Costais idirbhirt a bhaineann go comhpháirteach le níos níos mó ná idirbheart amháin (costais a ghabhann le tairiscint roinnt scaireanna i gcomhthráth le liostú stocmhalartáin de scaireanna eile, mar shampla), leithdháiltear iad ar na hidirbhearta sin ag úsáid bonn leithdháilte atá réasúnaíoch agus comhsheasmhach le hidirbhearta comhchosúla.

    39

    An méid costas idirbhirt a ndéantar cuntasaíocht air mar asbhaint ó chothromas sa tréimhse, nochtar ar leithligh é i gcomhréir le IAS 1.

    40

    Féadfar díbhinní a aicmítear mar speansas a chur i láthair sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile in éineacht le hús nó mar ítim ar leithligh. I dteannta cheanglais an Chaighdeáin seo, tá nochtadh úis agus díbhinní faoi réir cheanglais IAS 1 agus IFRS 7. In imthosca áirithe, mar gheall ar na difríochtaí idir ús agus díbhinní i ndáil le hin-asbhainteacht cánach agus a leithéid, tá sé inmhianaithe iad a nochtadh ar leithligh sa ráiteas (sna ráitis) ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile. Nochtar iarmhairtí cánach i gcomhréir le IAS 12.

    41

    Is mar ioncam nó speansas i mbrabús nó i gcaillteanas a aithnítear gnóthachain agus caillteanais a bhaineann le hathruithe ar shuim ghlanluacha dliteanais airgeadais fiú nuair a bhaineann siad le hionstraim ina n-áirítear ceart chun leas iarmharach i sócmhainní an eintitis a fháil mar mhalairt ar airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile (féach mír 18(b)). Faoi IAS 1, cuireann an t-eintiteas aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a eascraíonn as atomhas ionstraime den sórt sin i láthair ar leithligh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach nuair atá sé sin ábhartha chun feidhmíocht an eintitis a mhíniú.

    Sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a fhritháireamh (féach freisin míreanna AG38A–AG38F agus AG39)

    42

    Déanfar sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a fhritháireamh agus an glanmhéid a chur i láthair sa ráiteas maidir le staid airgeadais i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    tá ceart in-fhorfheidhmithe le dlí ag an eintiteas faoi láthair chun na méideanna aitheanta a fhritháireamh; agus

    (b)

    tá sé beartaithe aige an tsócmhainn a shocrú ar ghlanbhonn, nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a shocrú go comhuaineach.

    Agus cuntas á choinneáil ar aistriú sócmhainne airgeadais nach bhfuil i dteideal dí-aitheantais, ní dhéanfaidh an t-eintiteas an tsócmhainn aistrithe ná an dliteanas a bhaineann léi a fhritháireamh (féach IFRS 9, mír 3.2.22).

    43

    Éilítear leis an gCaighdeán seo go gcuirtear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais i láthair ar ghlanbhonn nuair a léiríonn sé sin sreafaí airgid todhchaí ionchasacha an eintitis as a bheith ag socrú dhá ionstraim airgeadais ar leithligh nó níos mó. Nuair atá an ceart ag eintiteas glanmhéid aonair a fháil nó a íoc agus nuair a bheartaíonn sé amhlaidh a dhéanamh, níl aige, dáiríre, ach aon sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais amháin. In imthosca eile, cuirtear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais i láthair ar leithligh ó chéile go comhsheasmhach lena saintréithe mar acmhainní nó oibleagáidí de chuid an eintitis. Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a éilítear air le míreanna 3B–13E de IFRS 7 maidir le hionstraimí airgeadais aitheanta a thagann faoi raon feidhme mhíreanna 13A de IFRS 7.

    44

    Sócmhainn airgeadais aitheanta agus dliteanas airgeadais aitheanta a fhritháireamh agus an glanmhéid a chur i láthair, ní hionann sin agus sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a dhí-aithint. Cé nach n-eascraíonn aitheantas ar ghnóthachan nó ar chaillteanas as fritháireamh, tá sé mar thoradh ar ionstraim airgeadais a dhí-aithint go mbaintear an ítim a aithníodh roimhe sin den ráiteas maidir le staid airgeadais agus d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh air sin go n-aithneofaí gnóthachan nó caillteanas.

    45

    Is éard is ceart fritháirimh ann ceart dlíthiúil féichiúnaí, trí chonradh nó ar bhealach eile, an méid uile atá dlite do chreidiúnaí, nó cuid de, a shocrú nó deireadh a chur leis ar bhealach eile trí mhéid atá dlite ón gcreidiúnaí a chur i bhfeidhm in aghaidh an mhéid sin. In imthosca neamhghnácha, d’fhéadfadh ceart dlíthiúil a bheith ag féichiúnaí chun méid atá dlite ó thríú páirtí a chur i bhfeidhm in aghaidh an mhéid atá dlite do chreidiúnaí ar choinníoll go bhfuil comhaontú ann idir na trí pháirtí lena leagtar síos go soiléir ceart fritháirimh an fhéichiúnaí. Ós ceart dlíthiúil é an ceart fritháirimh, d’fhéadfadh na coinníollacha a thacaíonn leis an gceart a bheith éagsúil ó dhlínse dhlíthiúil amháin go dlínse eile agus is gá na dlíthe is infheidhme maidir leis na caidrimh idir na páirtithe a bhreithniú.

    46

    Ceart in-fhorfheidhmithe a bheith ann chun sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a fhritháireamh, déanann sin difear do na cearta agus na hoibleagáidí atá bainteach le sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais agus d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do neamhchosaint eintitis ar riosca creidmheasa agus leachtachta. Ní bonn leordhóthanach fritháirimh é, áfach, an ceart a bheith ann agus sin amháin. In éagmais rún a bheith ag eintiteas an ceart a fheidhmiú nó socraíocht a dhéanamh go comhuaineach, ní dhéantar difear do mhéideanna ná d’uainiú sreafaí airgid todhchaí eintitis. Nuair atá rún ag eintiteas an ceart a fheidhmiú nó socraíocht a dhéanamh go comhuaineach, tá cur i láthair na sócmhainne agus an dliteanais ar ghlanbhonn ina léiriú níos iomchuí ar mhéideanna agus uainiú na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne leo, agus ar na rioscaí a bhfuil na sreafaí airgid sin neamhchosanta orthu. Rún a bheith ag páirtí amháin nó ag an dá pháirtí socraíocht a dhéanamh ar ghlanbhonn gan an ceart dlíthiúil a bheith acu amhlaidh a dhéanamh, ní rud é a thugann údar leordhóthanach leis an bhfritháireamh toisc go bhfanann na cearta agus na hoibleagáidí atá bainteach leis an tsócmhainn airgeadais agus an dliteanas airgeadais aonair gan athrú.

    47

    Gnáthchleachtais ghnó eintitis, ceanglais na margaí airgeadais agus imthosca eile lena bhféadfaí teorainn a chur ar chumas eintitis glanluach a shocrú nó socraíocht a dhéanamh go comhuaineach, d’fhéadfaidís tionchar a imirt ar rúin eintitis maidir le sócmhainní agus dliteanais áirithe a shocrú. Nuair atá ceart fritháirimh ag eintiteas, ach nach mbeartaíonn sé an glanluach a shocrú nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a shocrú go comhuaineach, déantar iarmhairt an chirt ar neamhchosaint an eintitis ar riosca creidmheasa a nochtadh i gcomhréir le mír 36 de IFRS 7.

    48

    D’fhéadfadh sé go dtarlódh socraíocht chomhuaineach dhá ionstraim airgeadais trí theach imréitigh a oibriú i margadh airgeadais eagraithe, mar shampla, nó trí mhalartú aghaidh ar aghaidh. Sna himthosca sin tá na sreafaí airgid coibhéiseach, dáiríre, le glanmhéid aonair agus níl aon neamhchosaint ann ar riosca creidmheasa ná leachtachta. In imthosca eile, féadfaidh eintiteas dhá ionstraim a shocrú trí mhéideanna ar leithligh a fháil agus a íoc, agus é ag teacht chun bheith neamhchosanta ar riosca creidmheasa maidir le méid iomlán na sócmhainne nó ar riosca leachtachta maidir le méid iomlán an dliteanais. D’fhéadfadh neamhchosaintí den sórt sin ar riosca a bheith suntasach cé nach mairfidís ach tamall réasúnta gearr. Dá réir sin, ní láimhseáiltear réadú sócmhainne airgeadais nó socraíocht dliteanais airgeadais mar réadú comhuaineach nó mar shocraíocht chomhuaineach ach amháin nuair a tharlaíonn na hidirbhearta an tráth céanna.

    49

    Ní chomhlíontar go ginearálta na coinníollacha a leagtar amach i mír 42 agus ní hiomchuí é fritháireamh de ghnáth:

    (a)

    nuair a úsáidtear roinnt ionstraimí airgeadais éagsúla chun aithris a dhéanamh ar ghnéithe ionstraime airgeadais aonair (‘ionstraim shintéiseach’);

    (b)

    nuair a eascraíonn sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais as an neamhchosaint phríomhúil chéanna ar riosca a bheith ag ionstraimí airgeadais (sócmhainní agus dliteanais laistigh de phunann réamhchonarthaí nó ionstraimí díorthacha eile, mar shampla) ach contrapháirtithe éagsúla a bheith bainteach leo;

    (c)

    a chuirtear sócmhainní airgeadais nó eile i ngeall mar chomhthaobhacht le haghaidh dliteanais airgeadais neamhiontaofa;

    (d)

    nuair a chuireann féichiúnaí sócmhainní airgeadais i leataobh ar iontaobhas chun oibleagáid a urscaoileadh gan an creidiúnaí a bheith tar éis glacadh leis na sócmhainní sin i socraíocht na hoibleagáide (comhshocrú ciste fiachmhúchta, mar shampla); nó

    (e)

    nuair a bhíonn coinne leis go ndéanfar oibleagáidí a thabhaítear mar thoradh ar theagmhais as a n-eascraíonn caillteanais a aisghabháil ó thríú páirtí de bhua éilimh a dhéantar faoi chonradh árachais.

    50

    Féadfaidh eintiteas a ghabhann de roinnt idirbhearta ionstraime airgeadais le contrapháirtí aonair ‘máistirshocrú glanluachála’ a dhéanamh leis an gcontrapháirtí sin. Le comhshocrú den sórt sin, déantar foráil maidir le glansocraíocht aonair gach ionstraime airgeadais a chumhdaítear leis an gcomhshocrú i gcás mainneachtana, nó ar fhoirceannadh, aon cheann de na conarthaí. Úsáideann institiúidí airgeadais na comhshocruithe sin go coitianta chun cosaint ar chaillteanas a sholáthar i gcás féimheachta nó imthosca eile a bhfuil sé mar thoradh orthu nach féidir le contrapháirtí a oibleagáidí a chomhlíonadh. Is gnách go gcruthaítear le máistirshocrú glanluachála ceart fritháirimh nach dtagann chun bheith in-fhorfheidhmithe agus nach ndéanann difear do réadú ná do shocraíocht sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais aonair ach tar éis teagmhas sonraithe mainneachtana nó in imthosca eile nach bhfuil coinne lena dteacht chun cinn i ngnáthchúrsa an ghnó. Ní sholáthraítear bonn fritháirimh le máistirshocrú glanluachála ach amháin má chomhlíontar an dá chritéar i mír 42. Nuair nach bhfritháirítear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais atá faoi réir máistirshocrú glanluachála, déantar iarmhairt an chomhshocraithe ar neamhchosaint eintitis ar riosca creidmheasa a nochtadh i gcomhréir le mír 36 de IFRS 7.

    51-95 bliana

    [Scriosta]

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    96

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús dáta roimh an 1 Eanáir 2005 mura gcuireann sé IAS 39 (arna eisiúint i mí na Nollag 2003), lena n-áirítear na leasuithe arna n-eisiúint i mí an Mhárta 2004, i bhfeidhm freisin. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    96A

    Le hIonstraimí Airgeadais Indíola agus Oibleagáidí a Eascraíonn as Leachtú (Leasuithe ar IAS 32 agus IAS 1), arna eisiúint i mí Feabhra 2008, ceanglaíodh go ndéanfar ionstraimí airgeadais a bhfuil na gnéithe uile iontu agus a chomhlíonann na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D a aicmiú mar ionstraim chothromais, leasaíodh míreanna 11, 16, 17–19, 22, 23, 25, AG13, AG14 agus AG27, agus cuireadh isteach míreanna 16A–16F, 22A, 96B, 96C, 97C, AG14A–AG14J agus AG29A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na hathruithe i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé na leasuithe gaolmhara ar IAS 1, IAS 39, IFRS 7 agus IFRIC 2 i bhfeidhm an tráth céanna.

    96B

    Le Ionstraimí Airgeadais Indíola agus Oibleagáidí a Eascraíonn as Leachtú, tugadh isteach eisceacht maidir le raon feidhme teoranta; dá bhrí sin, ní chuirfidh eintiteas an eisceacht i bhfeidhm de réir analaí.

    96C

    Beidh an t-aicmiú ionstraimí faoin eisceacht sin teoranta don chuntasaíocht ar ionstraim den sórt sin faoi IAS 1, IAS 32, IAS 39, IFRS 7 agus IFRS 9. Ní mheasfar an ionstraim a bheith ina hionstraim chothromais faoi threoraíocht eile, IFRS 2 mar shampla.

    97

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    97A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 40 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    97B

    Le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó (arna athbhreithniú in 2008) scriosadh mír 4(c). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin freisin. Níl feidhm ag an leasú, áfach, maidir le comaoin theagmhasach a d’eascair as comhcheangal gnó ar tháinig a dháta éadála roimh chur i bhfeidhm IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008). Ina ionad sin, déanfaidh eintiteas cuntasaíocht ar chomaoin den sórt sin i gcomhréir le míreanna 65A–65E de IFRS 3 (arna leasú in 2010).

    97C

    Nuair a chuireann eintiteas na leasuithe a dtugtar tuairisc orthu i mír 96A i bhfeidhm, éilítear air ionstraim airgeadais chumaisc, ina bhfuil oibleagáid scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin, a dheighilt ina gné dliteanais agus ina cuidí cothromais ar leithligh. Mura bhfuil an ghné dliteanais fós ann, dheighlfí dhá chuidí cothromais chun na leasuithe sin ar IAS 32 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach. Bheadh an chéad chomhpháirt i dtuilleamh coimeádta agus sheasfadh sí don ús carnach arna fhuilleamh ar an ngné dliteanais. Sheasfadh an chomhpháirt eile don chuidí cothromais bunaidh. Dá bhrí sin, ní gá d’eintiteas an dá chomhpháirt sin a chur ar leithligh mura bhfuil an ghné dliteanais fós ann ar dháta chur i bhfeidhm na leasuithe.

    97D

    Le Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír 4. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé i bhfeidhm na leasuithe ar mhír 3 de IFRS 7, ar mhír 1 de IAS 28 agus ar mhír 1 de IAS 31, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008. Ceadaítear don eintiteas an leasú a chur i bhfeidhm go hionchasach.

    97E

    Le hAicmiú Eisiúintí de Cheart, arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2009, leasaíodh míreanna 11 agus 16. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Feabhra 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    97F

    [Scriosta]

    97G

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh mír 97B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    97H

    [Scriosta]

    97I

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 4(a) agus AG29. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    97J

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 11 agus leasaíodh míreanna 23 agus AG31. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    97K

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 40. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 arna leasú i mí an Mheithimh 2011 i bhfeidhm.

    97L

    Le Sócmhainní Airgeadais agus Dliteanais Airgeadais a Fhritháireamh (Leasuithe ar IAS 32), arna eisiúint i mí na Nollag 2011, scriosadh mír AG38 agus cuireadh míreanna AG38A–AG38F leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ó dháta níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus déanfaidh sé freisin na nochtaí a éilítear le Nochtaí—Sócmhainní Airgeadais agus Dliteanais Airgeadais a Fhritháireamh (Leasuithe ar IFRS 7), arna eisiúint i mí na Nollag 2011.

    97M

    Le Nochtaí—Sócmhainní Airgeadais agus Dliteanais Airgeadais a Fhritháireamh (Leasuithe ar IFRS 7), arna eisiúint i mí na Nollag 2011, leasaíodh mír 43 trí cheangal a chur ar eintiteas an fhaisnéis a éilítear le míreanna 13B–13E de IFRS 7 a nochtadh maidir le sócmhainní airgeadais a thagann faoi raon feidhme mhír 13A de IFRS 7. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin agus le haghaidh idirthréimhsí laistigh de na tréimhsí bliantúla sin. Is go cúlghabhálach a sholáthróidh eintiteas na nochtaí a éilítear leis an leasú seo.

    97N

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh míreanna 35, 37 agus 39 agus cuireadh mír 35A leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    97O

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh mír 4. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    97P

    [Scriosta]

    97Q

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír AG21. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    97R

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 3, 4, 8, 12, 23, 31, 42, 96C, AG2 agus AG30 agus scriosadh míreanna 97F, 97H agus 97P. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    97S

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna AG9 agus AG10. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    97T

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 4, AG8 agus AG36, agus cuireadh mír 33A isteach. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 4 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    98

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Nochtadh agus Cur i láthair arna athbhreithniú in 2000 (15).

    99

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad na léirmhínithe seo a leanas:

    (a)

    SIC-5 Aicmiú Ionstraimí Airgeadais — Forálacha Socraíochta Teagmhasacha;

    (b)

    SIC-16 Scairchaipiteal — Ionstraimí Cothromais Dílse (Scaireanna Cisteáin) arna nAthfháil; agus

    (c)

    SIC-17 Cothromas — Costais Idirbhirt Cothromais.

    100

    % Leis an gcaighdeán seo, tarraingítear siar dréacht-léirmhíniú SIC D34 Ionstraimí Airgeadais — Ionstraimí nó Cearta atá Infhuascailte ag an Sealbhóir.

    Aguisín

    TREORAÍOCHT MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM

    IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair

    Is dlúthchuid den chaighdeán í an fhoscríbhinn seo.

    AG1

    Mínítear sa Treoraíocht seo maidir le Cur i bhFeidhm an bealach ina gcuirtear gnéithe áirithe den chaighdeán seo i bhfeidhm.

    AG2

    Ní phléitear sa Chaighdeán seo ionstraimí airgeadais a aithint ná a thomhas. Leagtar amach ceanglais in IFRS 9 maidir le haitheantas agus tomhas sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais.

    SAINMHÍNITHE (MÍREANNA 11-14)

    Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais

    AG3

    Is sócmhainn airgeadais é airgeadra (airgead tirim) toisc gurb é atá ann an modh malartaithe agus an bonn dá bhrí sin ar a dtomhaistear agus a n-aithnítear gach idirbheart i ráitis airgeadais. Is sócmhainn airgeadais é taisceadh airgid thirim le banc nó le hinstitiúid airgeadais chomhchosúil toisc gurb é atá ann ceart conarthach an taisceora chun airgead tirim a fháil ón institiúid nó seic nó ionstraim chomhchosúil a tharraingt in aghaidh an iarmhéid i bhfabhar creidiúnaí mar íocaíocht ar dhliteanas airgeadais.

    AG4

    Is iad seo a leanas samplaí coitianta de shócmhainní airgeadais atá ina gceart conarthach chun airgead tirim a fháil amach anseo agus de dhliteanais airgeadais chomhfhreagracha atá ina n-oibleagáid chonarthach chun airgead tirim a sholáthar amach anseo:

    (a)

    cuntais trádála infhála agus iníoctha;

    (b)

    nótaí infhála agus iníoctha;

    (c)

    iasachtaí infhála agus iníoctha; agus

    (d)

    bannaí infhála agus iníoctha.

    I ngach cás, meaitseálann ceart conarthach páirtí amháin chun airgead tirim a fháil (nó an oibleagáid atá air é a íoc) oibleagáid chomhfhreagrach an pháirtí eile airgead tirim a íoc (nó ceart an pháirtí eile é a fháil).

    AG5

    Cineál eile ionstraime airgeadais is ea ceann ar sócmhainn airgeadais seachas airgead tirim í an tairbhe eacnamaíoch atá le fáil nó le tarscaoileadh ina leith. Nóta atá iníoctha i mbannaí rialtais, mar shampla, tugann sé an ceart conarthach don sealbhóir bannaí rialtais, seachas airgead tirim, a fháil agus an oibleagáid chonarthach don eisitheoir bannaí rialtais, seachas airgead tirim, a sholáthar. Is sócmhainní airgeadais iad na bannaí toisc gurb é atá iontu oibleagáidí de chuid an rialtais eisiúna airgead tirim a íoc. Dá bhrí sin, tá an nóta ina shócmhainn airgeadais de chuid shealbhóir an nóta agus ina dhliteanas airgeadais de chuid eisitheoir an nóta.

    AG6

    Le hionstraimí fiachais ‘shuthain’ (amhail bannaí ‘suthain’, bintiúir agus nótaí caipitil) soláthraítear don sealbhóir de ghnáth an ceart conarthach chun íocaíochtaí mar gheall ar ús a fháil ar dhátaí socraithe a leanann ar aghaidh amach anseo gan deireadh cinnte, gan ceart toradh ar phríomhshuim a fháil nó le ceart toradh ar phríomhshuim a fháil ach faoi théarmaí a fhágann nach móide in aon chor go dtarlóidh sé nó nach dtarlóidh sé ach an-fhada amach anseo. Féadfaidh eintiteas, mar shampla, ionstraim airgeadais a eisiúint lena n-éilítear air íocaíochtaí bliantúla a dhéanamh go brách i méideanna atá cothrom le ráta úis luaite 8 faoin gcéad arna chur i bhfeidhm maidir le parluach luaite nó príomhshuim AA1000 (16). Á ghlacadh leis gurb é 8 faoin gcéad ráta úis an mhargaidh le haghaidh na hionstraime nuair a eisítear í, gabhann an t-eisitheoir oibleagáid chonarthach chuige féin sraith íocaíochtaí úis a dhéanamh amach anseo arb é AA1000 a luach cóir (a luach láithreach) ar aitheantas tosaigh. Tá sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais ag sealbhóir agus eisitheoir na hionstraime faoi seach.

    AG7

    Is ionstraim airgeadais ann féin é ceart conarthach nó oibleagáid chonarthach chun ionstraimí airgeadais a fháil, a sholáthar nó a mhalartú. Comhlíonann slabhra ceart conarthach nó oibleagáidí conarthacha an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais más é a leanfaidh astu ar deireadh go bhfaighfear nó go n-íocfar airgead tirim nó go bhfaighfear nó go n-eiseofar ionstraim chothromais.

    AG8

    Féadfaidh an cumas chun ceart conarthach a fheidhmiú nó an ceanglas chun oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh a bheith absalóideach, nó féadfaidh sé a bheith ag brath ar tharlú imeacht sa todhchaí. Mar shampla, is éard atá i gceist le ráthaíocht airgeadais ceart conarthach de chuid an iasachtóra airgead tirim a fháil ón ráthóir, agus oibleagáid chonarthach chomhfhreagrach ar an ráthóir an t-iasachtóir a íoc, i gcás mhainneachtain an iasachtaí. Is ann don cheart agus don oibleagáid chonarthach mar gheall ar idirbheart nó ar imeacht roimhe sin (toimhde maidir leis an ráthaíocht), cé go bhfuil cumas an iasachtóra a cheart a fheidhmiú agus an ceanglas atá ar an ráthóir feidhmiú faoina oibleagáid araon ag brath ar ghníomh mainneachtana de chuid an iasachtaí. Le ceart agus oibleagáid theagmhasach comhlíontar an sainmhíniú ar shócmhainn airgeadais agus ar dhliteanas airgeadais, cé nach n-aithnítear na sócmhainní ná na dliteanais sin i gcónaí sna ráitis airgeadais. Is féidir go mbeidh cuid de na cearta agus de na hoibleagáidí teagmhasacha sin ina gconarthaí árachais faoi raon feidhme IFRS 17.

    AG9

    Le léas, cruthaítear de ghnáth teidlíocht de chuid an léasóra sraith íocaíochtaí a fháil, agus oibleagáid de chuid an léasaí sraith íocaíochtaí a íoc, atá mar an gcéanna go substaintiúil le híocaíochtaí measctha príomhshuime agus úis faoi chomhaontú iasachta. Déanann an léasóir cuntasaíocht ar a infheistíocht sa mhéid is infhaighte faoi léas airgeadais seachas ar an tsócmhainn fholuiteach féin atá faoi réir an léasa airgeadais. Dá réir sin, breathnaíonn léasóir ar léas airgeadais mar ionstraim airgeadais. Faoi IFRS 16, ní aithníonn léasóir a theidlíocht i leith íocaíochtaí léasa a fháil faoi léas oibriúcháin. Leanann an léasóir de chuntasaíocht a dhéanamh ar an tsócmhainn fholuiteach féin seachas ar aon mhéid is infhaighte amach anseo faoin gconradh. Dá réir sin, ní bhreathnaíonn léasóir ar léas oibriúcháin mar ionstraim airgeadais, ach amháin a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí aonair atá dlite faoi láthair agus iníoctha ag an léasaí.

    AG10

    Ní sócmhainní airgeadais iad sócmhainní fisiciúla (amhail fardail, réadmhaoin, gléasra agus trealamh), sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ná sócmhainní doláimhsithe (amhail paitinní agus trádmharcanna). Le rialú ar shócmhainní fisiciúla, ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide agus ar shócmhainní doláimhsithe den sórt sin, cruthaítear deis chun insreabhadh airgid thirim nó sócmhainne airgeadais eile a ghiniúint, ach ní eascraíonn ceart láithreach as an rialú sin chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a fháil.

    AG11

    Ní sócmhainní airgeadais iad sócmhainní (amhail speansais réamhíoctha) arb é an tairbhe eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo ina leith é earraí nó seirbhísí a fháil seachas an ceart chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a fháil. Ar an gcuma chéanna, ní dliteanais airgeadais iad ítimí amhail ioncam iarchurtha agus an chuid is mó d’oibleagáidí barántais toisc gur soláthar earraí agus seirbhísí seachas oibleagáid chonarthach chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a íoc atá san eis-sreabhadh tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leo.

    AG12

    Ní dliteanais airgeadais nó sócmhainní airgeadais iad dliteanais nó sócmhainní nach conarthach iad (amhail cánacha ioncaim a chruthaítear de thoradh ceanglais reachtúla arna bhforchur ag rialtais). Pléitear in IAS 12 le cuntasaíocht ar chánacha ioncaim. Ar an gcuma chéanna, ní eascraíonn oibleagáidí inchiallaithe, mar a shainmhínítear in IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, as conarthaí agus ní dliteanais airgeadais iad.

    Ionstraimí cothromais

    AG13

    Le samplaí d’ionstraimí cothromais áirítear gnáthscaireanna neamh-indíola, roinnt ionstraimí indíola (féach míreanna 16A agus 16B), roinnt ionstraimí lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin (féach míreanna 16C agus 16D), roinnt cineálacha scaireanna tosaíochta (féach míreanna AG25 agus AG26), agus barántais nó céadroghanna ar cheannach i scríbhinn lena gceadaítear don sealbhóir líon socraithe de ghnáthscaireanna neamh-indíola san eintiteas eisiúna a shuibscríobh nó a cheannach mar mhalairt ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile. Is ionstraim chothromais de chuid an eintitis í (seachas mar a luaitear i mír 22A) oibleagáid eintitis líon socraithe dá ionstraimí cothromais dílse a eisiúint nó a cheannach mar mhalairt ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile. Má tá oibleagáid ar an eintiteas i gconradh den sórt sin airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a íoc (seachas conradh a aicmítear mar chothromas i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó le míreanna 16C agus 16D), áfach, eascraíonn dliteanas as freisin i leith luach láithreach an mhéid fuascailte (féach mír AG27(a)). Eisitheoir gnáthscaireanna neamh-indíola, gabhann sé dliteanas air féin nuair a ghníomhaíonn sé go foirmiúil chun dáileachán a dhéanamh agus nuair a thagann sé chun bheith faoi oibleagáid dhlíthiúil ag na scairshealbhóirí amhlaidh a dhéanamh. D’fhéadfadh an cás sin a bheith amhlaidh tar éis díbhinn a dhearbhú nó nuair atá an t-eintiteas á fhoirceannadh agus nuair a thagann aon sócmhainn atá fós ann tar éis dliteanais a chomhlíonadh chun bheith indáilte ar scairshealbhóirí.

    AG14

    Ní sócmhainn airgeadais de chuid an eintitis í (seachas mar a luaitear i mír 22A) céadrogha ar cheannach a ceannaíodh nó conradh comhchosúil eile arna fháil ag an eintiteas lena dtugtar an ceart dó líon socraithe dá ionstraimí cothromais dílse a athfháil mar mhalairt ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar. Ina ionad sin, asbhaintear ó chothromas aon chomaoin a íoctar as conradh den sórt sin.

    An aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme eile (míreanna 16A(b) agus 16C(b))

    AG14A

    Ceann de ghnéithe mhíreanna 16A agus 16C is ea go bhfuil an ionstraim airgeadais san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme eile.

    AG14B

    Agus eintiteas á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ionstraim san aicme fho-ordaithe, déanann sé meastóireacht ar éileamh na hionstraime ar a leachtú amhail is dá leachtófaí í ar an dáta a aicmíonn sé an ionstraim. Déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar an aicmiú má thagann athrú ar imthosca ábhartha. Má eisíonn nó má fhuasclaíonn an t-eintiteas ionstraim airgeadais eile, mar shampla, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do cé acu atá nó nach bhfuil an ionstraim i gceist san aicme ionstraimí atá fo-ordaithe do gach aicme eile.

    AG14C

    Ionstraim a bhfuil ceart tosaíochta aici ar leachtú an eintitis, ní ionstraim í lena ngabhann teidlíocht i leith scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis. Tá ceart tosaíochta ag ionstraim ar leachtú, mar shampla, má thugtar léi teidlíocht don sealbhóir i leith díbhinn shocraithe ar leachtú, agus i leith scair de ghlansócmhainní an eintitis ina teannta, nuair nach bhfuil an ceart céanna sin ar leachtú ag ionstraimí eile san aicme fho-ordaithe lena ngabhann ceart chun scair pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a fháil.

    AG14D

    Mura bhfuil ach aon aicme ionstraimí airgeadais amháin ag eintiteas, déileálfar leis an aicme sin amhail is dá mbeadh sí fo-ordaithe do gach aicme eile.

    Sreafaí airgid ionchasacha san iomlán is inchurtha i leith na hionstraime le linn shaolré na hionstraime (mír 16A(e))

    AG14E

    Na sreafaí airgid ionchasacha san iomlán atá ag an ionstraim le linn shaolré na hionstraime, ní mór dóibh a bheith bunaithe go substaintiúil ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas, ar an athrú ar na glansócmhainní aitheanta nó ar an athrú ar luach cóir ghlansócmhainní aitheanta agus neamhaitheanta an eintitis le linn shaolré na hionstraime. Déanfar brabús nó caillteanas agus an t-athrú ar na glansócmhainní aitheanta a thomhas i gcomhréir le IFRSanna ábhartha.

    Idirbhearta arna ndéanamh ag sealbhóir ionstraime seachas mar úinéir an eintitis (míreanna 16A agus 16C)

    AG14F

    Sealbhóir ionstraime airgeadais indíola nó ionstraime lena bhforchuirtear oibleagáid ar an eintiteas sciar pro rata de ghlansócmhainní an eintitis a sholáthar do pháirtí eile ar leachtú amháin, féadfaidh sé idirbhearta a dhéanamh leis an eintiteas i ról seachas mar úinéir. Féadfaidh sealbhóir ionstraime a bheith ina fhostaí de chuid an eintitis freisin, mar shampla. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart an ionstraim a aicmiú mar chothromas faoi mhír 16A nó faoi mhír 16C, ní bhreithneofar ach sreafaí airgid agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha na hionstraime a bhaineann leis an sealbhóir ionstraime mar úinéir de chuid an eintitis.

    AG14G

    Sampla de sin is ea comhpháirtíocht theoranta ina bhfuil comhpháirtithe teoranta agus ginearálta. Féadfaidh roinnt comhpháirtithe ginearálta ráthaíocht a sholáthar don eintiteas agus féadfar luach saothair a thabhairt dóibh as an ráthaíocht sin a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, baineann an ráthaíocht agus na sreafaí airgid bainteacha leis na sealbhóirí ionstraime ina ról mar ráthóirí, ní ina ról mar úinéirí an eintitis. Ní bheadh mar thoradh, dá bhrí sin, ar ráthaíocht den sórt sin ná ar na sreafaí airgid a bhaineann léi go mbreithneofaí na comhpháirtithe ginearálta a bheith fo-ordaithe do na comhpháirtithe teoranta, agus thabharfaí neamhaird orthu nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu is ionann nó nach ionann téarmaí conarthacha na n-ionstraimí comhpháirtíochta teoranta agus na n-ionstraimí comhpháirtíochta ginearálta.

    AG14H

    Sampla eile is ea comhshocrú roinnte brabúis nó caillteanais faoina leithdháiltear brabús nó caillteanas ar na sealbhóirí ionstraime ar bhonn seirbhísí arna soláthar nó gnó arna ghiniúint le linn na bliana reatha agus na mblianta roimhe sin. Is idirbhearta le sealbhóirí ionstraime ina ról mar neamhúinéirí iad comhshocruithe den sórt sin agus níor cheart iad a bhreithniú nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na gnéithe a liostaítear i mír 16A nó mír 16C. Is idirbhearta leis na sealbhóirí ionstraime ina ról mar úinéirí iad, áfach, comhshocruithe roinnte brabúis nó caillteanais faoina leithdháiltear brabús nó caillteanas ar shealbhóirí ionstraime bunaithe ar mhéid ainmniúil a n-ionstraimí i gcoibhneas le cinn eile san aicme agus ba cheart iad a bhreithniú nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar na gnéithe a liostaítear i mír 16A nó mír 16C.

    AG14I

    Ní mór na sreafaí airgid agus na téarmaí agus coinníollacha conarthacha a ghabhann le hidirbheart idir an sealbhóir ionstraime (ina ról mar neamhúinéir) agus an t-eintiteas eisiúna a bheith comhchosúil le hidirbheart coibhéiseach a d’fhéadfaí a dhéanamh idir sealbhóir neamhionstraime agus an t-eintiteas eisiúna.

    Gan aon ionstraim airgeadais nó aon chonradh eile ag a bhfuil sreafaí airgid a shocraíonn nó a shrianann go substaintiúil an toradh iarmharach ar an sealbhóir ionstraime (míreanna 16B agus 16D)

    AG14J

    Coinníoll chun ionstraim airgeadais a aicmiú mar chothromas, ar ionstraim í a chomhlíonann na critéir i mír 16A nó mír 16C ar aon bhealach eile, is ea nach bhfuil aon ionstraim airgeadais nó aon chonradh eile ag an eintiteas ag a bhfuil (a) sreafaí airgid san iomlán atá bunaithe go substaintiúil ar bhrabús nó ar chaillteanas, ar an athrú ar na glansócmhainní aitheanta nó ar an athrú ar luach cóir ghlansócmhainní aitheanta agus neamhaitheanta an eintitis agus (b) an iarmhairt a bhaineann le bheith ag srianadh nó ag socrú an toradh iarmharach go substaintiúil. Leis na hionstraimí seo a leanas, nuair a thugtar i gcrích ar ghnáth-théarmaí tráchtála le páirtithe neamhghaolmhara iad, ní móide go gcuirfear cosc ar ionstraimí a chomhlíonann na critéir i mír 16A nó mír 16C ar aon bhealach eile ó bheith aicmithe mar chothromas:

    (a)

    ionstraimí ag a bhfuil sreafaí airgid san iomlán atá bunaithe go substaintiúil ar shócmhainní sonracha de chuid an eintitis.

    (b)

    ionstraimí ag a bhfuil sreafaí airgid atá bunaithe ar chéatadán den ioncam.

    (c)

    conarthaí atá ceaptha fostaithe aonair a chúiteamh as seirbhísí a sholáthar don eintiteas.

    (d)

    conarthaí lena n-éilítear go n-íocfar mionchéatadán den bhrabús as seirbhísí nó earraí a sholáthraítear.

    Ionstraimí airgeadais díorthacha

    AG15

    Áirítear le hionstraimí airgeadais ionstraimí príomhúla (amhail suimeanna infhaighte agus iníoctha agus ionstraimí cothromais) agus ionstraimí airgeadais díorthacha (amhail roghanna airgeadais, todhchaíochtaí agus conarthaí réamhcheaptha, babhtálacha ráta úis agus babhtálacha airgeadra). Comhlíonann ionstraimí airgeadais díorthacha an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais agus tagann siad dá réir sin faoi raon feidhme an chaighdeáin seo.

    AG16

    Le hionstraimí airgeadais díorthacha, cruthaítear cearta agus oibleagáidí a fhágann go n-aistrítear idir na páirtithe san ionstraim ceann amháin nó níos mó de na rioscaí airgeadais is gné dhílis d’ionstraim airgeadais phríomhúil fholuiteach iad. Ar a dtionscnamh, tugann ionstraimí airgeadais díorthacha ceart conarthach do pháirtí amháin sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le páirtí eile faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith fabhrach, nó oibleagáid chonarthach chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú le páirtí eile faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach. De ghnáth (17), áfach, ní bhíonn mar thoradh orthu go n-aistrítear an ionstraim airgeadais dhíorthach fholuiteach ar thionscnamh an chonartha, ná ní gá go dtarlaíonn aistriú den sórt sin ar aibíocht an chonartha. Tá ceart agus oibleagáid araon i roinnt ionstraimí chun malartú a dhéanamh. Ós rud é go gcinntear téarmaí an mhalartaithe ar thionscnamh na hionstraime díorthaí, d’fhéadfadh na téarmaí sin teacht chun bheith fabhrach nó neamhfhabhrach de réir mar a athraíonn praghsanna i margaí airgeadais.

    AG17

    Le céadrogha ar dhíol nó ar cheannach chun sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a mhalartú (i.e. ionstraimí airgeadais seachas ionstraimí cothromais dílse eintitis), tugtar ceart don sealbhóir tairbhí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a fháil a bhaineann le hathruithe ar luach cóir na hionstraime airgeadais a fholuíonn an conradh. Os a choinne sin, gabhann scríbhneoir céadrogha oibleagáid air féin tairbhí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a ligean uaidh nó caillteanais tairbhí eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a bhaineann le hathruithe ar luach cóir na hionstraime airgeadais foluití a fhulaingt. Comhlíonann ceart conarthach an tsealbhóra agus oibleagáid an scríbhneora an sainmhíniú ar shócmhainn airgeadais agus ar dhliteanas airgeadais faoi seach. An ionstraim airgeadais a fholuíonn conradh céadrogha, féadfaidh aon sócmhainn airgeadais a bheith inti, lena n-áirítear scaireanna in eintitis eile agus ionstraimí úsmhara. Le céadrogha, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí ar an scríbhneoir ionstraim fiachais a eisiúint in áit sócmhainn airgeadais a aistriú, ach is sócmhainn airgeadais de chuid an tsealbhóra a bheadh san ionstraim a fholuíonn an chéadrogha dá bhfeidhmeofaí an chéadrogha. Ceart an tsealbhóra céadrogha chun an tsócmhainn airgeadais a mhalartú faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith fabhrach agus oibleagáid an scríbhneora chun an tsócmhainn airgeadais a mhalartú faoi choinníollacha a d’fhéadfadh a bheith neamhfhabhrach, ní hionann iad agus an tsócmhainn airgeadais fholuiteach atá le malartú ar fheidhmiú na céadrogha. Ní dhéanann an dóchúlacht go bhfeidhmeofar an chéadrogha difear do chineál cheart an tsealbhóra ná oibleagáid an scríbhneora.

    AG18

    Sampla eile d’ionstraim airgeadais dhíorthach is ea conradh réamhcheaptha atá le socrú i gceann 6 mhí ina ngeallann páirtí amháin (an ceannaitheoir) AA1 000 000 d’airgead tirim a sholáthar mar mhalairt ar aghaidhmhéid AA1 000 000 de bhannaí rialtais ar ráta seasta, agus ina ngeallann an páirtí eile (an díoltóir) aghaidhmhéid AA1 000 000 de bhannaí rialtais ar ráta seasta a sholáthar mar mhalairt ar AA1 000 000 d’airgead tirim. Le linn na 6 mhí, tá ceart conarthach agus oibleagáid chonarthach ag an dá pháirtí ionstraimí airgeadais a mhalartú. Má ardaíonn margadhphraghas na mbannaí rialtais os cionn AA1 000 000, beidh na coinníollacha fabhrach don cheannaitheoir agus neamhfhabhrach don díoltóir; má thiteann an margadhphraghas faoi bhun AA1 000 000, is é a mhalairt éifeachta a bheidh ann. Tá ceart conarthach ag an gceannaitheoir (sócmhainn airgeadais) atá comhchosúil leis an gceart faoi chéadrogha ar cheannach arna sealbhú agus tá oibleagáid chonarthach air (dliteanas airgeadais) atá comhchosúil leis an oibleagáid faoi chéadrogha ar dhíol i scríbhinn; tá ceart conarthach ag an díoltóir (sócmhainn airgeadais) atá comhchosúil leis an gceart faoi chéadrogha ar dhíol arna sealbhú agus tá oibleagáid chonarthach air (dliteanas airgeadais) atá comhchosúil leis an oibleagáid faoi chéadrogha ar cheannach i scríbhinn. Mar atá i gcás céadroghanna, tá na cearta agus na hoibleagáidí conarthacha sin ina sócmhainní airgeadais agus ina ndliteanais airgeadais atá ar leithligh ó na hionstraimí airgeadais foluiteacha (na bannaí agus an t-airgead tirim atá le malartú) agus éagsúil leo. Tá oibleagáid ar an dá pháirtí i gconradh réamhcheaptha chun feidhmiú ag an tráth comhaontaithe, ach ní tharlaíonn feidhmíocht faoi chonradh céadrogha ach amháin sa chás ina roghnaíonn sealbhóir na céadrogha í a fheidhmiú agus nuair a roghnaíonn sé amhlaidh.

    AG19

    Tá ceart nó oibleagáid chun malartú a dhéanamh amach anseo in go leor cineálacha ionstraimí díorthacha eile, lena n-áirítear babhtálacha ráta úis agus airgeadra, caidhpeanna ráta úis, coiléir agus íosrátaí, gealltanais iasachta, saoráidí eisiúna nótaí agus litreacha creidmheasa. D’fhéadfaí breathnú ar chonradh babhtála ráta úis mar athrú ar chonradh réamhcheaptha ina gcomhaontaíonn na páirtithe sraith malartuithe de mhéideanna airgid thirim a dhéanamh amach anseo, méid amháin a ríomhtar faoi threoir ráta chomhlúthaigh agus an méid eile faoi threoir ráta sheasta úis. Is athrú eile ar chonarthaí réamhcheaptha iad conarthaí todhchaíochtaí, arb í a bpríomhdhifríocht í go ndéantar na conarthaí sin a chaighdeánú agus a thrádáil ar mhalartán.

    Conarthaí chun ítimí neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol (míreanna 8-10)

    AG20

    Conarthaí chun ítimí neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol, ní chomhlíonann siad an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais mar, le ceart conarthach páirtí amháin chun sócmhainn nó seirbhís neamhairgeadais a fháil agus oibleagáid chomhfhreagrach an pháirtí eile, ní leagtar síos ceart láithreach ag ceachtar páirtí ná oibleagáid láithreach orthu sócmhainn airgeadais a fháil, a sholáthar nó a mhalartú. Ní ionstraimí airgeadais iad, mar shampla, conarthaí lena bhforáiltear socraíocht trí ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar agus tríd sin amháin (e.g. céadrogha, todhchaíochtaí nó conradh réamhcheaptha maidir le hairgead). Is iomaí conradh tráchtearraí atá den chineál sin. Déantar roinnt díobh a chaighdeánú ina bhfoirm agus a thrádáil ar mhargaí eagraithe mórán mar a dhéantar i gcás roinnt ionstraimí airgeadais díorthacha. Féadfar conradh todhchaíochtaí tráchtearraí a cheannach agus a dhíol go héasca ar airgead tirim, mar shampla, toisc go bhfuil sé liostaithe le haghaidh trádála ar mhalartán agus gur iomaí uair a fhéadfaidh sé dul ó pháirtí go páirtí. Na páirtithe a cheannaíonn agus a dhíolann an conradh, áfach, is ag trádáil an tráchtearra fholuitigh atá siad, dáiríre. An cumas conradh tráchtearraí a cheannach nó a dhíol ar airgead tirim, a éasca atá sé é a cheannach nó a dhíol agus an fhéidearthacht go ndéanfar caibidlíocht chun socraíocht in airgead tirim a dhéanamh ar an oibleagáid chun an tráchtearra a fháil nó a sholáthar, ní athraíonn siad sin saintréith bhunúsach an chonartha ar bhealach a chruthaíonn ionstraim airgeadais. Mar sin féin, roinnt conarthaí chun ítimí neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a nglanluach a shocrú nó ionstraimí airgeadais a mhalartú lena socrú, nó ina bhfuil an ítim neamhairgeadais in-chomhshóite go héasca ina hairgead tirim, tagann siad faoi raon feidhme an chaighdeáin seo amhail is dá mba ionstraimí airgeadais iad (féach mír 8).

    AG21

    Seachas mar a éilítear le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, ní eascraíonn sócmhainn airgeadais pháirtí amháin ná dliteanas airgeadais an pháirtí eile as conradh lena mbaineann fáil nó soláthair sócmhainní fisiciúla ach amháin má chuirtear aon íocaíocht chomhfhreagrach níos faide siar ná an dáta a aistrítear na sócmhainní fisiciúla. Is amhlaidh an cás maidir le ceannach nó díol earraí ar creidmheas trádála.

    AG22

    Tá roinnt conarthaí nasctha le tráchtearraí, ach gan socraíocht trí bhíthin tráchtearra a fháil nó a sholáthar go fisiciúil a bheith bainteach leo. Sonraítear leo socraíocht trí íocaíochtaí in airgead tirim a chinntear de réir foirmle sa chonradh seachas trí mhéideanna socraithe a íoc. Féadfar príomhshuim banna a ríomh, mar shampla, tríd an margadhphraghas ar ola atá i réim ar aibíocht an bhanna a chur i bhfeidhm maidir le cainníocht shocraithe ola. Déantar an phríomhshuim a innéacsú faoi threoir praghas tráchtearraí, ach ní shocraítear ach in airgead tirim í. Is ionstraim airgeadais é conradh den sórt sin.

    AG23

    Cuimsítear freisin leis an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais conradh as a n-eascraíonn sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais i dteannta sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais. Le hionstraimí airgeadais den sórt sin, is minic a thugtar rogha do pháirtí amháin sócmhainn airgeadais a mhalartú ar shócmhainn neamhairgeadais. Le banna atá nasctha le hola, mar shampla, féadfar an ceart a thabhairt don sealbhóir sraith íocaíochtaí tréimhsiúla úis ar ráta seasta agus méid socraithe airgid thirim ar aibíocht a fháil agus an rogha ann an phríomhshuim a mhalartú ar chainníocht shocraithe ola. Beidh éagsúlacht ag baint ó am go ham leis an bhfonn a bheidh ar shealbhóir an rogha sin a fheidhmiú ag brath ar chóirluach na hola i gcoibhneas leis an gcóimheas malairte airgid ar ola (an praghas malairte) is bunús don bhanna. Rúin an tsealbhóra bannaí maidir le feidhmiú na rogha, ní dhéanann sé difear do shubstaint na sócmhainní comhpháirte. Fágann sócmhainn airgeadais an tsealbhóra agus dliteanas airgeadais an eisitheora gur ionstraim airgeadais é an banna, gan beann ar chineálacha eile sócmhainní agus dliteanas a cruthaíodh freisin.

    AG24

    [Scriosta]

    CUR I LÁTHAIR

    Dliteanais agus cothromas (míreanna 15-27)

    Gan oibleagáid chonarthach chun airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a sholáthar (míreanna 17-20)

    AG25

    Féadfar scaireanna tosaíochta a eisiúint le cearta éagsúla. Agus cinneadh á dhéanamh ag eisitheoir an dliteanas airgeadais nó ionstraim chothromais í scair tosaíochta, déanann eisitheoir measúnú ar na cearta ar leith a ghabhann leis an scair chun a chinneadh cé acu a léiríonn nó nach léiríonn sí saintréith bhunúsach dliteanais airgeadais. Mar shampla, tá dliteanas airgeadais i scair thosaíochta lena ndéantar foráil maidir le fuascailt ar dháta sonrach nó de rogha an tsealbhóra toisc go bhfuil oibleagáid ar an eisitheoir sócmhainní airgeadais a aistriú chuig sealbhóir na scaire. Maidir le neamhábaltacht fhéideartha eisitheora oibleagáid a chomhlíonadh scair thosaíochta a fhuascailt nuair a cheanglaítear go conarthach air é sin a dhéanamh, bíodh sin mar gheall ar easpa cistí, srian reachtúil nó brabúis nó cúlchistí neamhleora, ní chealaítear an oibleagáid. Ní chomhlíontar an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais le rogha an eisitheora na scaireanna a fhuascailt ar airgead tirim toisc nach bhfuil oibleagáid láithreach ar an eisitheoir sócmhainní airgeadais a aistriú chuig na scairshealbhóirí. Sa chás seo, is faoi dhiscréid an eisitheora amháin a bhíonn fuascailt na scaireanna. D’fhéadfadh oibleagáid eascairt, áfach, nuair a fheidhmíonn eisitheoir na scaireanna a rogha, trí fhógra foirmiúil a thabhairt de ghnáth do na scairshealbhóirí maidir le rún na scaireanna a fhuascailt.

    AG26

    Nuair atá scaireanna tosaíochta neamh-infhuascailte, cinntear an t-aicmiú iomchuí de réir na gceart eile a ghabhann leo. Tá an t-aicmiú bunaithe ar mheasúnú ar shubstaint na socruithe conarthacha agus ar na sainmhínithe ar dhliteanas airgeadais agus ar ionstraim chothromais. Nuair atá dáileacháin ar shealbhóirí na scaireanna tosaíochta, bídís carnach nó neamhcharnach, faoi rogha an eisitheora, is ionstraimí cothromais iad na scaireanna. Ní dhéanann na nithe seo a leanas, mar shampla, difear d’aicmiú scaire tosaíochta mar ionstraim chothromais nó mar dhliteanas airgeadais:

    (a)

    dáileacháin a bheith déanta roimhe sin;

    (b)

    rún dáileacháin a dhéanamh amach anseo;

    (c)

    tionchar diúltach féideartha ar phraghas ghnáthscaireanna an eisitheora mura ndéantar dáileacháin (mar gheall ar shrianta ar dhíbhinní a íoc ar na gnáthscaireanna mura n-íoctar díbhinní ar na scaireanna tosaíochta);

    (d)

    méid chúlchistí an eisitheora;

    (e)

    an t-ionchas atá ag eisitheoir le brabús nó caillteanas le haghaidh tréimhse; nó

    (f)

    cumas nó neamhchumas an eisitheora tionchar a imirt ar mhéid a bhrabúis nó a chaillteanais le haghaidh na tréimhse.

    Socraíocht in ionstraimí cothromais dílse an eintitis (míreanna 21-24)

    AG27

    Léiríonn na samplaí seo a leanas conas cineálacha difriúla conarthaí a aicmiú ar ionstraimí cothromais dílse eintitis:

    (a)

    Conradh a shocróidh an t-eintiteas a bheidh ag fáil nó ag soláthar líon seasta dá chuid scaireanna dílse gan aon chomaoin todhchaíochta, nó ag malartú líon seasta dá chuid scaireanna dílse ar mhéid socraithe airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile, is ionann é agus ionstraim chothromais (cé is moite den méid a luaitear i mír 22A). Dá réir sin, aon chomaoin arna fáil nó arna híoc maidir le conradh den sórt sin, cuirtear í go díreach le cothromas nó asbhaintear í go díreach uaithi. Sampla amháin is ea scair-rogha eisithe a thugann an ceart don chontrapháirtí méid socraithe de scaireanna an eintitis a cheannach ar mhéid socraithe airgid thirim. Má cheanglaítear leis an gconradh áfach ar an eintiteas a scaireanna dílse a cheannach (a fhuascailt) ar airgead tirim nó ar shócmhainn airgeadais eile ar dháta socraithe seasta nó inchinntithe nó ar éileamh, aithníonn an t-eintiteas dliteanas airgeadais freisin le haghaidh luach láithreach mhéid na fuascailte (cé is moite d’ionstraimí ag a bhfuil na gnéithe uile agus a chomhlíonann na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D). Sampla amháin is ea an oibleagáid atá ar eintiteas faoi chonradh réamhcheaptha líon socraithe dá scaireanna dílse a athcheannach ar mhéid socraithe airgid thirim.

    (b)

    As oibleagáid eintitis a chuid scaireanna dílse a cheannach ar airgead tirim eascraíonn dliteanas airgeadais maidir le luach láithreach mhéid na fuascailte fiú mura bhfuil an líon scaireanna a bhfuil oibleagáid ar an eintiteas a athcheannach socraithe nó fiú má tá an oibleagáid coinníollach ar an gcontrapháirtí ag feidhmiú ceart chun fuascailte (cé is moite den méid a luaitear i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D). Sampla amháin d’oibleagáid choinníollach is ea rogha eisithe a cheanglaíonn ar an eintiteas a scaireanna dílse a athcheannach ar airgead tirim má fheidhmíonn an contrapháirtí an rogha.

    (c)

    Conradh a shocrófar in airgead tirim nó i sócmhainn airgeadais eile is ionann é agus sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais fiú má tá an méid airgid thirim nó sócmhainn airgeadais eile a gheofar nó a sheachadfar bunaithe ar athruithe i margadhphraghas cothromas dílis an eintitis (cé is moite den méid atá luaite i míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D). Sampla amháin is ea glan-scair-rogha airgeadsocraithe.

    (d)

    Conradh a shocrófar i líon athraitheach de scaireanna dílse an eintitis arb ionann a luach agus méid socraithe nó méid atá bunaithe ar athruithe in urrús foluiteach (e.g. praghas tráchtearraí) is ionann é agus sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais. Sampla is ea céadrogha gheallta chun ór a cheannach a shocraíonn an t-eintiteas, ach é a fheidhmiú, glan in ionstraimí dílse an eintitis ag seachadadh an oiread de na hionstraimí sin agus atá comhionann le luach an chonartha chéadrogha. Is ionann conradh den sórt sin agus sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais fiú más ionann an t-urrús foluiteach agus praghas scaireanna dílse an eintitis in ionad óir. Mar an gcéanna, conradh a shocrófar i líon socraithe de scaireanna dílse an eintitis, ach a mbeidh éagsúlacht ag baint leis na cearta atá i gceangal leis na scaireanna sin ionas go mbeidh an tsocraíocht cothrom le méid socraithe nó méid bunaithe ar athruithe in urrús foluiteach, is ionann é agus sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais.

    Forálacha socraíochta teagmhasaí (mír 25)

    AG28

    Ceanglaítear le mír 25 mura bhfuil cuid d’fhoráil socraíochta teagmhasaí lena bhféadfaí socraíocht a éileamh in airgead tirim nó i sócmhainn airgeadais eile (nó ar bhealach eile a d’fhágfadh gur dliteanas airgeadais a bheadh san ionstraim) dílis, nach ndéanfaidh an fhoráil socraíochta difear d’aicmiú ionstraime airgeadais. Dá réir sin, conradh nach gceanglaítear socraíocht leis in airgead tirim nó líon athraitheach de scaireanna dílse an eintitis ar tharlú teagmhais atá an-annamh go deo, an-neamhghnách agus nach dóigh go dtarlóidh sé, is ionann é agus ionstraim chothromais. Mar an gcéanna, féadfar socraíocht i líon socraithe de scaireanna dílse eintitis a chosc ar bhonn conarthach in imthosca atá lasmuigh de smacht an eintitis, ach mura bhfuil aon fhéidearthacht ann i ndáiríre go dtarlóidh na himthosca sin, is iomchuí an t-aicmiú mar ionstraim chothromais.

    Láimhseáil i ráitis airgeadais chomhdhlúite

    AG29

    I ráitis airgeadais chomhdhlúite, cuireann eintiteas leasanna neamh-urlámhais i láthair–i.e. leasanna páirtithe eile san eintiteas agus ioncam a fhochuideachtaí–i gcomhréir le IAS 1 agus IFRS 10. Agus ionstraim airgeadais á haicmiú (nó comhpháirt de) i ráitis airgeadais chomhdhlúite, breithníonn eintiteas na téarmaí agus coinníollacha uile a comhaontaíodh idir comhaltaí an ghrúpa agus sealbhóirí na hionstraime chun a chinneadh cé acu atá oibleagáid ar an ngrúpa ina iomláine airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a chur ar fáil i ndáil leis an ionstraim nó í a shocrú ar bhealach a leanann aicmiú dliteanais aisti. Nuair a eisíonn fochuideachta i ngrúpa ionstraim airgeadais agus aontaíonn máthairchuideachta nó grúpeintiteas eile téarmaí breise go díreach le sealbhóirí na hionstraime (e.g. ráthaíocht), d’fhéadfadh sé nach mbeadh discréid ag an ngrúpa maidir le dáileacháin nó fuascailt. Cé go bhféadfadh an fhochuideachta an ionstraim a aicmiú go hiomchuí gan aird ar na téarmaí breise sin ina ráitis airgeadais aonair, breithnítear an éifeacht a bhíonn ag comhaontuithe eile idir comhaltaí an ghrúpa agus sealbhóirí na hionstraime chun a áirithiú go dtugann na ráitis airgeadais chomhdhlúite léiriú ar na conarthaí agus ar na hidirbhearta atá ag an ngrúpa ina iomláine. A mhéid atá oibleagáid den sórt sin nó foráil socraíochta ann, déantar an ionstraim (nó comhpháirt de atá faoi réir na hoibleagáide) a aicmiú mar dhliteanas airgeadais i ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    AG29A

    Déantar roinnt cineálacha ionstraimí lena bhforchuirtear oibleagáid chonarthach ar an eintiteas a aicmiú mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Is eisceacht é an t-aicmiú i gcomhréir leis na míreanna sin maidir leis na prionsabail atá i bhfeidhm murach sin sa Chaighdeán seo ar aicmiú ionstraime. Ní shíntear an eisceacht sin chuig an aicmiú maidir le leasanna neamh-urlámhais sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Dá bhrí sin, ionstraimí arna n-aicmiú mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D sna ráitis airgeadais ar leithligh nó sna ráitis airgeadais aonair ar leasanna neamh-urlámhais iad, aicmítear iad mar dhliteanais i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa.

    Ionstraimí airgeadais cumaisc (míreanna 28-32)

    AG30

    Níl feidhm ag mír 28 ach amháin maidir le heisitheoirí ionstraimí airgeadais cumaisc neamhdhíorthacha. Ní dhéileáiltear i mír 28 le hionstraimí airgeadais cumaisc ó pheirspictíocht sealbhóirí de. Láimhseáiltear le haicmiú agus le tomhas sócmhainní airgeadais ar ionstraimí airgeadais cumaisc iad ó pheirspictíocht an tsealbhóra in IFRS 9.

    AG31

    Foirm choiteann d’ionstraim airgeadais chumaisc is ea ionstraim fiachais lena ngabhann rogha comhshó leabaithe, amhail banna in-chomhshóite i ngnáthscaireanna an eisitheora, agus gan aon ghné eile de dhíorthach leabaithe. Ceanglaítear le mír 28 ar eisitheoir ionstraime airgeadais den sórt sin an ghné dliteanais agus an cuidí cothromais a chur i láthair ar leithligh sa ráiteas staide airgeadais, mar seo a leanas:

    (a)

    An oibleagáid atá ar an eisitheoir íocaíochtaí sceidealaithe úis agus príomhshuimeanna a dhéanamh, is dliteanas airgeadais é a mhairfidh a fhad is nach ndéantar an ionstraim a chomhshó. Ar aitheantas tosaigh, is ionann cóirluach na gné dliteanais agus luach láithreach an tsreabhaidh de shreafaí airgid todhchaí a chinntear ar bhonn conarthach arna lascainiú ag an ráta úis a bhí i bhfeidhm ag an am ag an margadh maidir le hionstraimí ag a bhfuil stádas creidmheasa inchomparáide agus a sholáthraíonn na sreafaí airgid chéanna go substaintiúil, ar na téarmaí céanna, ach gan an rogha tiontaithe.

    (b)

    Is rogha leabaithe é an ionstraim chothromais chun dliteanas an eisitheora a bhabhtáil ar chothromas. Tá luach ag gabháil leis an rogha seo ar aitheantas tosaigh fiú nuair a bhíonn sé as an airgead.

    AG32

    Ar chomhshó ionstraime in-chomhshóite ar dhul in aibíocht di, dí-aithníonn an t-eintiteas an ghné dliteanais agus aithníonn sé í mar chothromas. Fanann an cuidí cothromais bhunaidh ina chothromas (cé go bhféadfaí é a aistriú ó mhír líne amháin laistigh de chothromas chuig ceann eile). Níl aon ghnóthachan nó caillteanas ar chomhshó tráth na haibíochta.

    AG33

    Nuair a mhúchann eintiteas ionstraim in-chomhshóite roimh aibíocht trí fhuascailt luath nó athcheannach ina bhfágtar na pribhléidí tiontaithe bunaidh mar a bhí, leithdháileann an t-eintiteas an chomaoin arna híoc agus aon chostas idirbhirt as athcheannach nó fuascailt an dliteanais agus cuidí cothromais na hionstraime ar dháta an idirbhirt. Tá an modh a úsáideadh chun an chomaoin a íocadh agus na costais idirbhirt a leithdháileadh ar na comhpháirteanna ar leithligh comhsheasmhach leo sin a úsáideadh sa leithdháileadh bunaidh leis na comhpháirteanna ar leithligh de na fáltais arna bhfáil ag an eintiteas tráth ar eisíodh an ionstraim in-chomhshóite, i gcomhréir le míreanna 28-32.

    AG34

    A luaithe is a dhéantar leithdháileadh na comaoine, caitear le haon ghnóthachan nó caillteanas a tharlaíonn dá bharr i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta is infheidhme maidir leis an gcomhpháirt ghaolmhar, mar seo a leanas:

    (a)

    aithnítear an méid gnóthachain nó caillteanais a bhaineann leis an ngné dliteanais i mbrabús nó caillteanas; agus

    (b)

    aithnítear an méid comaoine a bhaineann leis an gcuidí cothromais i gcothromas.

    AG35

    Féadfaidh eintiteas téarmaí ionstraime in-chomhshóite a leasú chun luath-chomhshó a spreagadh, trí chóimheas tiontaithe níos fabhraí a thairiscint mar shampla nó trí chomaoin bhreise eile a íoc i gcás ina ndéantar tiontú roimh dháta sonraithe. An difríocht, ar an dáta a leasaítear na téarmaí, idir cóirluach na comaoine a fhaigheann an sealbhóir ar chomhsó na hionstraime faoi na téarmaí athbhreithnithe agus cóirluach na comaoine a gheobhadh an sealbhóir faoi na téarmaí bunaidh, aithnítear í mar chaillteanas i mbrabús nó caillteanas.

    Scaireanna cisteáin (míreanna 33 agus 34)

    AG36

    Ní aithnítear ionstraimí cothromais dílse eintitis mar shócmhainn airgeadais gan beann ar an gcúis a dhéantar iad a athfháil. Ceanglaítear le mír 33 ar eintiteas a fhaigheann a ionstraimí cothromais dílse ar ais na hionstraimí cothromais sin a asbhaint as cothromas (ach féach mír 33A freisin). Nuair a shealbhaíonn eintiteas a chothromas féin thar ceann dreamanna eile áfach, e.g. institiúid airgeadais a shealbhaíonn a cothromas féin thar ceann cliaint, is ann do chaidreamh gníomhaireachta agus mar gheall air sin ní áirítear na sealúchais sin i ráiteas staide airgeadais an eintitis.

    Ús, díbhinní, caillteanais agus gnóthachain (míreanna 35-41)

    AG37

    Léiríonn an sampla seo a leanas cur i bhfeidhm mhír 35 ar ionstraim airgeadais chumaisc. Má ghlacaimid leis go bhfuil scair thosaíochta neamhcharnach infhuascailte go héigeantach ar airgead tirim faoi cheann 5 bliana, ach go bhfuil díbhinní iníoctha faoi dhiscréid an eintitis roimh an dáta fuascailte. Is ionstraim airgeadais chumaisc ionstraim den sórt sin, agus an ghné dliteanais ionann le luach láithreach mhéid na fuascailte. Aithnítear leachtú na lascaine ar an gcomhpháirt sin i mbrabús nó caillteanas agus aicmítear é mar speansas úis. Baineann aon díbhinn arna híoc leis an gcuidí cothromais agus, dá réir sin, aithnítear iad mar dháileadh brabúis nó caillteanais. Bheadh feidhm ag láimhseáil den chineál céanna dá mba rud é nach raibh an fhuascailt éigeantach ach faoi rogha an tsealbhóra, nó dá mba rud é go bhféadfaí an scair a chomhshó go héigeantach i líon athraitheach gnáthscaireanna arna ríomh chun bheith cothrom le méid socraithe nó méid bunaithe ar athruithe ar athróg fholuiteach (e.g. tráchtearra). Má chuirtear aon díbhinn gan íoc leis an méid fuascailte áfach, is dliteanas í an ionstraim iomlán. I gcás den sórt sin, aicmítear aon díbhinn mar speansas úis.

    Sócmhainn airgeadais agus dliteanas airgeadais a fhritháireamh (míreanna 42-50)

    AG 38

    [Scriosta]

    An critéar ‘go bhfuil ceart in-fhorfheidhmithe le dlí faoi láthair ag eintiteas chun na méideanna aitheanta a fhritháireamh’ (mír 42(a))

    AG38A

    D’fhéadfadh ceart maidir le fritháireamh a bheith ar fáil faoi láthair nó d’fhéadfadh sé a bheith ag brath ar theagmhas sa todhchaí (d’fhéadfaí gan an ceart a spreagadh nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé infheidhmithe ach amháin trí tharlú teagmhais éigin sa todhchaí, amhail mainneachtain, dócmhainneacht nó féimheacht ceann de na contrapháirtithe). Fiú mura bhfuil an ceart maidir le fritháireamh ag brath ar theagmhas amach anseo, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé infhorfheidhmithe le dlí le linn an ghnáthchúrsa gnó, nó i gcás mainneachtana, nó i gcás dócmhainneachta nó féimheachta, ceann de na contrapháirtithe nó iad ar fad.

    AG38B

    Chun an critéar i mír 42(a) a chomhlíonadh, ní mór d’eintiteas ceart fritháirimh is infhorfheidhmithe le dlí a bheith aige faoi láthair. Ciallaíonn sé sin nach mór don cheart fritháirimh:

    (a)

    gan a bheith ag brath ar theagmhas sa todhchaí; agus

    (b)

    a bheith infhorfheidhmithe le dlí i ngach ceann de na himthosca seo a leanas:

    (i)

    le linn an ghnáthchúrsa gnó;

    (ii)

    i gcás mainneachtana; agus

    (iii)

    i gcás dhócmhainneacht nó fhéimheacht

    an eintitis agus gach ceann de na contrapháirtithe.

    AG38C

    Cineál agus méid an chirt fritháirimh, lena n-áirítear aon choinníoll atá i gceangal lena fheidhmiú agus cé acu an mbeadh feidhm fós leis i gcás mainneachtana nó dócmhainneachta nó féimheachta, d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ag baint leis ó dhlínse dlíthiúil amháin go dlínse eile. Dá dheasca sin, ní féidir glacadh leis go mbeidh fáil go huathoibríoch ar an gceart fritháirimh lasmuigh den ghnáthchúrsa gnó. D’fhéadfadh dlíthe féimheachta nó dócmhainneachta dlínse cosc a chur, nó srian a chur, mar shampla, ar an gceart fritháirimh i gcás féimheachta nó dócmhainneachta i roinnt imthosca.

    AG38D

    Na dlíthe is infheidhme maidir leis na caidrimh idir na páirtithe (forálacha conarthacha, na dlíthe lena rialaítear an conradh, nó mainneachtain, dócmhainneacht nó na dlíthe féimheachta is infheidhme maidir leis na páirtithe mar shampla), is gá iad a bhreithniú chun a dheimhniú cé acu atá an ceart fritháirimh in-fhorfheidhmithe sa ghnáthchúrsa gnó, i gcás mainneachtana, agus i gcás dócmhainneachta nó féimheachta, an eintitis agus gach ceann de na contrapháirtithe (mar a shonraítear i mír AG38B(b)).

    An critéar ‘go bhfuil sé beartaithe ag eintiteas socrú ar ghlanbhonn, nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a réiteach go comhuaineach’ (mír 42(b))

    AG38E

    Chun an critéar i mír 42(b) a chomhlíonadh ní mór d’eintiteas socrú ar ghlanbhonn nó an tsócmhainn a réadú agus an dliteanas a réiteach go comhuaineach. Cé go bhféadfadh ceart a bheith ag an eintiteas socrú ar ghlanbhonn, d’fhéadfadh sé an tsócmhainn a réadú fós agus an dliteanas a shocrú ar leithligh.

    AG38F

    Más féidir le heintiteas méideanna a shocrú ar bhealach a fhágann go bhfuil an toradh, go bunúsach, coibhéiseach le glansocraíocht, comhlíonfaidh an t-eintiteas an critéar glansocraíochta i mír 42(b). Beidh sé sin amhlaidh má, agus amháin má tharlaíonn sé, go bhfuil gnéithe ag baint leis an sásra ollsocraíochta lena ndíothaítear nó lena bhfágtar creidmheas neamhshuntasach agus riosca leachtachta ann, agus go bpróiseálfar earraí infhaighte agus suimeanna iníoctha i bpróiseas nó i dtimthriall socraíochta aonair. Chomhlíonfadh córas ollsocraíochta mar shampla ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas ar fad na critéir glansocraíochta i mír 42(b):

    (a)

    cuirtear sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais atá incháilithe i gcomhair fritháirimh isteach ag an bpointe céanna ama i gcomhair próiseála;

    (b)

    a luaithe is a chuirtear na sócmhainní airgeadais agus na dliteanais airgeadais isteach i gcomhair próiseála, bíonn na páirtithe tiomanta an oibleagáid socraíochta a chomhlíonadh;

    (c)

    ní ann d’aon ionchas go n-athróidh na sreafaí airgid a eascraíonn as na sócmhainní agus dliteanais a luaithe agus a bheidh siad curtha isteach lena bpróiseáil (mura dteipeann ar an bpróiseáil—féach (d) thíos);

    (d)

    déanfar sócmhainní agus dliteanais a chomhthaobhaítear le hurrúis a shocrú ar aistriú urrús nó le córas comhchosúil (seachadadh versus íocaíocht mar shampla), ionas má theipeann ar aistriú na n-urrús, teipfidh freisin ar phróiseáil an earra infhaighte ghaolmhar nó ar an tsuim iníoctha dá bhfuil na hurrúis comhthaobhaithe (agus vice versa);

    (e)

    aon idirbheart a dteipeann air, mar a imlínítear in (d), cuirfear isteach in athuair i gcomhair próiseála é go dtí go socraítear é;

    (f)

    déantar socraíocht tríd an institiúid socraíochta chéanna (banc socraíochta, banc ceannais nó taisclann urrús lárnach, mar shampla); agus

    (g)

    tá saoráid chreidmheasa ionlae i bhfeidhm a sholáthróidh méideanna rótharraingte leordhóthanacha chun próiseáil íocaíochtaí a chumasú ar an dáta socraíochta le haghaidh gach ceann de na páirtithe, agus tá sé beagnach cinnte go seasfar leis an tsaoráid chreidmheasa ionlae más gá í a úsáid.

    AG39

    Ní sholáthraíonn an caighdeán láimhseáil speisialta le haghaidh ‘ionstraimí sintéiseacha’ mar a thugtar orthu, ar grúpaí ionstraimí airgeadais ar leithligh iad a fhaightear agus a shealbhaítear chun aithris a dhéanamh ar shaintréithe ionstraime eile. Mar shampla, fiachas fadtéarmach ar ráta comhlúthach i gcomhcheangal le babhtáil ráta úis ina bhfaightear íocaíochtaí comhlúthacha agus ina ndéantar íocaíochtaí socraithe, déantar sintéisiú leis sin ar fhiachas fadtéarmach ar ráta comhlúthach. Gach ceann de na hionstraimí airgeadais aonair lena gcuimsítear le chéile ‘ionstraim shintéiseach’, léiríonn sí ceart conarthach nó oibleagáid chonarthach lena téarmaí agus coinníollacha féin agus féadfar gach ceann a aistriú nó a shocrú ar leithligh. Nochtar gach ionstraim airgeadais do rioscaí a d’fhéadfadh a bheith difriúil ó na rioscaí dá nochtar ionstraimí airgeadais eile. Dá réir sin, nuair is sócmhainn ionstraim airgeadais amháin in ‘ionstraim shintéiseach’ agus nuair is dliteanas ceann eile, ní dhéantar iad a fhritháireamh agus cuirtear i láthair iad i ráiteas staide airgeadais eintitis ar ghlanbhonn mura gcomhlíonann siad na critéir maidir le fritháireamh i mír 42.

    AG40

    [Scriosta]

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 33

    Tuilleamh in aghaidh na scaire

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo prionsabail a fhorordú chun tuilleamh in aghaidh na scaire a chinneadh agus a chur i láthair, chun feabhas a chur ar chomparáidí feidhmíochta idir eintitis éagsúla sa tréimhse tuairiscithe chéanna agus idir tréimhsí tuairiscithe éagsúla le haghaidh an eintitis chéanna. Cé go bhfuil teorainneacha ag sonraí maidir le tuilleamh in aghaidh na scaire mar gheall ar na beartais chuntasaíochta dhifriúla a d’fhéadfaí a úsáid chun ‘tuilleamh’ a chinneadh, cuireann ainmneoir a chinntear go comhsheasmhach feabhas ar thuairisciú airgeadais. Dírítear sa chaighdeán seo ar ainmneoir an ríomha um thuilleamh in aghaidh na scaire.

    RAON FEIDHME

    2

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    ráitis airgeadais aonair nó ráitis airgeadais ar leithligh maidir le heintiteas:

    (i)

    a thrádáiltear a ghnáthscaireanna nó a ghnáthscaireanna féideartha ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha);

    (ii)

    a chomhdaíonn a ráiteas airgeadais le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, nó atá i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh, chun gnáthscaireanna a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí; agus

    (b)

    ráitis airgeadais chomhdhlúite grúpa le máthairchuideachta:

    (i)

    a thrádáiltear a ghnáthscaireanna nó a ghnáthscaireanna féideartha ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha);

    (ii)

    a chomhdaíonn a ráitis airgeadais le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, nó atá i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh, chun gnáthscaireanna a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí.

    3

    Déanfaidh eintiteas a nochtann tuilleamh in aghaidh na scaire an tuilleamh in aghaidh na scaire a ríomh agus a nochtadh i gcomhréir leis an gcaighdeán seo.

    4

    Nuair a chuireann eintiteas ráitis airgeadais chomhdhlúite agus ráitis airgeadais ar leithligh i láthair a ullmhaíodh i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus le IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh, faoi seach, ní gá na nochtaí a éilítear leis an gCaighdeán seo a chur i láthair ach amháin ar bhonn na faisnéise comhdhlúite. Eintiteas a roghnaíonn tuilleamh in aghaidh na scaire a nochtadh bunaithe ar a ráitis airgeadais ar leithligh, ní chuirfidh sé faisnéis faoi thuilleamh in aghaidh na scaire den sórt sin i láthair ach amháin ina ráiteas ar ioncam cuimsitheach. Ní chuirfidh eintiteas faisnéis faoi thuilleamh in aghaidh na scaire den sórt sin i láthair sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    4A

    I gcás ina gcuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna leasú in 2011), ní chuireann sé tuilleamh in aghaidh na scaire i láthair ach amháin sa ráiteas ar leithligh sin.

    SAINMHÍNITHE

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is frithchaolú ann, méadú ar thuilleamh in aghaidh na scaire nó laghdú ar chaillteanas in aghaidh na scaire a leanann as an toimhde go ndéantar ionstraimí in-chomhshóite a chomhshó, go bhfeidhmítear roghanna nó barántais, nó go n-eisítear gnáthscaireanna ar choinníollacha sonraithe a shásamh.

     

    Is éard is comhaontú teagmhasach scaireanna ann comhaontú maidir le scaireanna a eisiúint a bhraitheann ar choinníollacha sonraithe a shásamh.

     

    Is éard is gnáthscaireanna ineistithe go teagmhasach ann gnáthscaireanna atá ineistithe ar bheagán airgid nó gan airgead ná comaoin eile ar choinníollacha sonraithe i gcomhaontú teagmhasach scaireanna a shásamh.

     

    Is éard is caolú ann laghdú ar thuilleamh in aghaidh na scaire nó méadú ar chaillteanas in aghaidh na scaire a leanann as an toimhde go ndéantar ionstraimí in-chomhshóite a chomhshó, go bhfeidhmítear roghanna nó barántais, nó go n-eisítear gnáthscaireanna ar choinníollacha sonraithe a shásamh.

     

    Is éard is roghanna, barántais agus a gcoibhéis ann ionstraimí airgeadais lena dtugtar don sealbhóir an ceart chun gnáthscaireanna a cheannach.

     

    Is éard is gnáthscair ann ionstraim chothromais atá fo-ordaithe do gach aicme ionstraimí eile.

     

    Is éard is gnáthscair fhéideartha ann ionstraim airgeadais nó conradh eile a d’fhéadfadh teidlíocht a thabhairt dá sealbhóir i leith gnáthscaireanna.

     

    Is éard is céadrogha ar dhíol maidir le gnáthscaireanna ann conarthaí lena dtugtar an ceart don sealbhóir gnáthscaireanna a dhíol ar phraghas sonraithe ar feadh tréimhse ar leith.

    6

    Ní bhíonn gnáthscaireanna rannpháirteach i mbrabús le haghaidh na tréimhse ach amháin i ndiaidh do chineálacha eile scaireanna, amhail scaireanna tosaíochta, a bheith rannpháirteach. Féadfaidh eintiteas níos mó ná aicme amháin gnáthscaireanna a bheith aige. Tá na cearta céanna ag gnáthscaireanna san aicme chéanna chun díbhinní a fháil.

    7

    Is samplaí de ghnáthscaireanna féideartha iad na nithe a leanas:

    (a)

    dliteanais airgeadais nó ionstraimí cothromais, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta, atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna;

    (b)

    roghanna agus barántais;

    (c)

    scaireanna a d’eiseofaí ar choinníollacha a shásamh a leanann as socruithe conarthacha, amhail gnó nó sócmhainní eile a cheannach.

    8

    Úsáidtear téarmaí a shainmhínítear in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair sa Chaighdeán seo leis an mbrí a shonraítear i mír 11 de IAS 32, ach amháin má shonraítear a mhalairt. Tugtar sainmhíniú in IAS 32 ar ionstraim airgeadais, sócmhainn airgeadais, dliteanas airgeadais agus ionstraim chothromais, agus soláthraítear treoraíocht maidir leis na sainmhínithe sin a chur i bhfeidhm. Tugtar sainmhíniú in IFRS 13 Tomhas Luach Cóir ar luach cóir agus leagtar amach ann na ceanglais maidir leis an sainmhíniú sin a chur i bhfeidhm.

    TOMHAS

    Tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire

    9

    Ríomhfaidh eintiteas méideanna tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire le haghaidh brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais agus, má chuirtear i láthair iad, brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leithis na sealbhóirí cothromais sin.

    10

    Ríomhfar an tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire tríd an mbrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais (an t-uimhreoir) a roinnt ar mheánmhéid ualaithe na ngnáthscaireanna gan íoc (an t-ainmneoir) le linn na tréimhse.

    11

    Is é is cuspóir d’fhaisnéis faoi thuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire tomhas a dhéanamh ar leasanna gach gnáthscaire de mháthairghnóthas i bhfeidhmíocht an eintitis le linn na tréimhse tuairiscithe.

    Tuilleamh

    12

    Chun tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire a ríomh, is éard a bheidh sna méideanna atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais i ndáil le:

    (a)

    brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leithis an máthairghnóthas; agus

    (b)

    brabús nó caillteanas atá inchurtha i leithis an máthairghnóthas;

    na méideanna in (a) agus (b) arna gcoigeartú le haghaidh méideanna iarchánach díbhinní tosaíochta, difríochtaí a thagann chun cinn ar scaireanna tosaíochta a shocrú, agus iarmhairtí comhchosúla eile de scaireanna tosaíochta a aicmítear mar chothromas.

    13

    Gach mír ioncaim agus chostais atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais a aithnítear i dtréimhse, lena n-áirítear costas cánach agus díbhinní ar scaireanna tosaíochta a aicmítear mar dhliteanais, cuirtear san áireamh iad agus brabús nó caillteanas á chinneadh le haghaidh na tréimhse atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais (féach IAS 1).

    14

    Is éard atá sa mhéid díbhinní tosaíochta iarchánach a asbhaintear ó bhrabús nó caillteanas:

    (a)

    méid iarchánach aon díbhinn tosaíochta ar scaireanna tosaíochta neamhcharnacha a dhearbhaítear i leith na tréimhse; agus

    (b)

    méid iarchánach na ndíbhinní tosaíochta le haghaidh scaireanna tosaíochta carnacha a éilítear le haghaidh na tréimhse, cé acu a dearbhaíodh nó nár dearbhaíodh na díbhinní. Ní áirítear leis an méid díbhinní tosaíochta le haghaidh na tréimhse méid aon díbhinn tosaíochta le haghaidh scaireanna tosaíochta carnacha a íocadh nó a dearbhaíodh le linn na tréimhse reatha i leith tréimhsí roimhe sin.

    15

    Scaireanna tosaíochta lena ndéantar foráil maidir le díbhinn tosaigh íseal chun eintiteas a chúiteamh as na scaireanna tosaíochta a íoc ar lascaine, nó díbhinn os cionn an mhargaidh i dtréimhsí níos déanaí chun eintiteas a chúiteamh as scaireanna tosaíochta a cheannach ar biseach, déantar tagairt dóibh uaireanta mar scaireanna tosaíochta ráta mhéadaithigh. Déantar aon lascaine buneisiúna nó préimh ar scaireanna tosaíochta ráta mhéadaithigh a amúchadh chuig tuilleamh coimeádta ag úsáid mhodh an úis ghlain agus caitear léi mar dhíbhinn tosaíochta chun tuilleamh in aghaidh na scaire a ríomh.

    16

    Féadtar scaireanna tosaíochta a athcheannach faoi fhorthairiscint eintitis do na sealbhóirí. Féadtar scaireanna tosaíochta a athcheannach faoi fhorthairiscint eintitis do na sealbhóirí. Farasbarr luach cóir na comaoine a íocadh leis na scairsealbhóirí tosaíochta os cionn shuim ghlanluacha na scaireanna tosaíochta, is léiriú é sin ar thoradh do shealbhóirí na scaireanna tosaíochta agus ar mhuirear chuig tuilleamh coimeádta don eintiteas. Asbhaintear an méid sin agus brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthaireintitis á ríomh.

    17

    Féadfaidh eintiteas tiontú luath scaireanna tosaíochta in-chomhshóite a spreagadh trí athruithe fabhracha ar na téarmaí comhshó bunaidh nó trí chomaoin bhreise a íoc. Farasbarr luach cóir na ngnáthscaireanna nó comaoine eile a íocadh os cionn luach cóir na ngnáthscaireanna ineistithe faoi na téarmaí comhshóite bunaidh, is toradh é sin do na scairshealbhóirí tosaíochta, agus asbhaintear é nuair a ríomhtar brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthaireintitis.

    18

    Aon fharasbarr de shuim ghlanluacha scaireanna tosaíochta os cionn luach cóir na comaoine a íocadh chun iad a shocrú, cuirtear é sin leis agus brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthaireintitis á ríomh.

    Scaireanna

    19

    Chun tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire a ríomh, is éard a bheidh sa líon gnáthscaireanna meánmhéid ualaithe na ngnáthscaireanna gan íoc le linn na tréimhse.

    20

    Trí mheánlíon ualaithe na ngnáthscaireanna gan íoc le linn na tréimhse, léirítear an fhéidearthacht gur tháinig éagsúlacht ar mhéid caipitil na scairshealbhóirí le linn na tréimhse de thoradh líon níos mó nó níos lú scaireanna a bheith gan íoc tráth ar bith. Is éard atá sa mheánlíon ualaithe gnáthscaireanna atá gan íoc le linn na tréimhse an líon gnáthscaireanna atá gan íoc ag tús na tréimhse, arna gcoigeartú ag an líon gnáthscaireanna a ceannaíodh ar ais nó a eisíodh le linn na tréimhse arna n-iolrú ag fachtóir ualúcháin ama. Is éard atá san fhachtóir ualúcháin ama an líon laethanta atá na scaireanna gan íoc mar chion den líon iomlán laethanta sa tréimhse; tá comhfhogasú réasúnach ar an meán ualaithe oiriúnach in go leor imthosca.

    21

    De ghnáth, cuirtear scaireanna san áireamh sa mheánlíon ualaithe scaireanna ón dáta a bhfuil comaoin infhaighte (dáta a n-eisiúna, de ghnáth), mar shampla:

    (a)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint mar mhalairt ar airgead nuair atá airgead infhaighte;

    (b)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint ar athinfheistíocht dheonach díbhinní ar ghnáthscaireanna nó ar scaireanna tosaíochta nuair a athinfheistítear díbhinní;

    (c)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint de thoradh ionstraim fiachais a chomhshó chuig gnáthscaireanna ón dáta a scoireann an t-ús sin d’fhabhrú;

    (d)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint in ionad úis nó príomhshuime ar ionstraimí airgeadais eile ón dáta a scoireann an t-ús sin d’fhabhrú;

    (e)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint mar mhalairt ar dhliteanas an eintitis a shocrú ón dáta socraíochta;

    (f)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint mar chomaoin as sócmhainn seachas airgead a éadáil ón dáta a aithnítear an éadáil; agus

    (g)

    áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint as seirbhísí arna soláthar don eintiteas de réir mar a sholáthraítear na seirbhísí.

    Cinntítear an t-am a chuirtear gnáthscaireanna san áireamh de réir na dtéarmaí agus coinníollacha a ghabhann lena n-eisiúint. Tugtar aird chuí ar shubstaint aon chonradh atá bainteach leis an eisiúint.

    22

    Áirítear gnáthscaireanna arna n-eisiúint mar chuid den chomaoin a aistrítear i gcomhcheangal gnó sa mheánlíon ualaithe scaireanna ón dáta éadála. Is amhlaidh sin mar gheall go gcorpraíonn an faighteoir ina ráiteas ar ioncam cuimsitheach brabúis agus caillteanais an fhaighteáin ón dáta sin.

    23

    Áirítear gnáthscaireanna a eiseofar ar ionstraim atá in-chomhshóite go héigeantach a chomhshó i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire ón dáta a dhéantar an conradh.

    24

    Caitear le scaireanna atá ineistithe go teagmhasach mar scaireanna gan íoc agus áirítear iad i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire ón dáta a shásaítear na coinníollacha uile is gá (i.e. tharla na teagmhais) agus ón dáta sin amháin. Ní scaireanna atá ineistithe go teagmhasach iad scaireanna atá ineistithe i ndiaidh imeacht ama agus sin amháin, mar is cinnteacht é imeacht ama. Gnáthscaireanna atá gan íoc agus atá in-aischurtha go teagmhasach (i.e. faoi réir aisghairme), ní chaitear leo mar ghnáthscaireanna gan íoc agus eisiatar iad ó ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire go dtí an dáta nach bhfuil na scaireanna faoi réir aisghairme a thuilleadh.

    25

    [Scriosta]

    26

    Déanfar meánmhéid ualaithe na ngnáthscaireanna gan íoc le linn na tréimhse agus le haghaidh gach tréimhse a chuirtear i láthair choigeartú le haghaidh teagmhas, seachas comhshó gnáthscaireanna féideartha, a chur athrú ar an líon gnáthscaireanna gan íoc gan athrú comhfhreagrach a chur ar acmhainní.

    27

    Féadtar gnáthscaireanna a eisiúint, nó féadtar an líon gnáthscaireanna gan íoc a laghdú, gan athrú comhfhreagrach ar acmhainní. Ar shamplaí tá:

    (a)

    eisiúint chaipitlithe nó bónaseisiúint (dá dtagraítear uaireanta mar dhíbhinn stoic);

    (b)

    gné bhónais in aon eisiúint eile, mar shampla gné bhónais in eisiúint ceart chuig scairshealbhóirí atá ann cheana;

    (c)

    scoilteadh scaireanna; agus

    (d)

    ais-scoilteadh scaireanna (comhdhlúthú scaireanna).

    28

    In eisiúint chaipitlithe nó bónaseisiúint nó i scoilteadh scaireanna, eisítear gnáthscaireanna ar scairshealbhóirí atá ann cheana gan aon chomaoin bhreise. Dá bhrí sin, méadaítear an líon gnáthscaireanna gan íoc gan méadú ar acmhainní. Déantar coigeartú ar an líon gnáthscaireanna gan íoc sula ndéantar coigeartú ar an teagmhas le haghaidh an athraithe chomhréirigh ar an líon gnáthscaireanna gan íoc amhail is gur tharla an teagmhas ag tús na tréimhse is luaithe arna cur i láthair. Mar shampla, maidir le bónaseisiúint péire ar leathphraghas, déantar an líon gnáthscaireanna a bhí gan íoc roimh an eisiúint a iolrú faoi thrí chun an líon nua gnáthscaireanna a fháil, nó faoi dhó chun an líon gnáthscaireanna breise a fháil.

    29

    De ghnáth, laghdaítear an líon gnáthscaireanna atá gan íoc gan laghdú comhfhreagrach a dhéanamh ar acmhainní trí na gnáthscaireanna a chomhdhlúthú. Mar sin féin, nuair is athcheannach scaireanna ar luach cóir atá san éifeacht fhoriomlán, tagann laghdú ar an líon gnáthscaireanna atá gan íoc de thoradh laghdú comhfhreagrach ar acmhainní. Is sampla de sin é comhdhlúthú scaireanna i gcomhcheangal le díbhinn speisialta. Déantar an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna atá gan íoc le haghaidh na tréimhse ina ndéantar an t-idirbheart comhcheangailte a choigeartú le haghaidh an laghdaithe ar an líon gnáthscaireanna ón dáta a aithnítear an díbhinn speisialta.

    Tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire

    30

    Ríomhfaidh eintiteas méideanna tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire le haghaidh brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais agus, má chuirtear i láthair iad, brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leithis na sealbhóirí cothromais sin.

    31

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, déanfaidh eintiteas coigeartú ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais, le haghaidh iarmhairtí na ngnáthscaireanna féideartha caolúcháin ar fad.

    32

    Tá an cuspóir atá le tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire comhsheasmhach leis an gcuspóir atá le tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire — chun tomhas a dhéanamh ar leas gach gnáthscaire i bhfeidhmíocht an eintitis — fad a thugtar éifeacht do na gnáthscaireanna féideartha caolúcháin uile atá gan íoc le linn na tréimhse. Dá thoradh sin:

    (a)

    déantar brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí cothromais an mháthairghnóthais a mhéadú faoin méid iarchánach díbhinní agus úis a aithnítear sa tréimhse i leith na ngnáthscaireanna féideartha caolúcháin agus déantar é a choigeartú le haghaidh aon athrú eile ar ioncam nó costas a bheadh ann de thoradh na gnáthscaireanna féideartha caolúcháin a chomhshó; agus

    (b)

    déantar an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna atá gan íoc a mhéadú faoin meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna a bheadh gan íoc ag glacadh leis go ndéanfaí na gnáthscaireanna féideartha caolúcháin ar fad a chomhshó.

    Tuilleamh

    33

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, déanfaidh eintiteas coigeartú ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha le sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais, arna ríomh i gcomhréir le mír 12, faoin iarmhairt iarchánach maidir le:

    (a)

    aon díbhinn nó aon mhír eile a bhaineann le gnáthscaireanna féideartha caolúcháin a asbhaintear ar theacht ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais arna ríomh i gcomhréir le mír 12;

    (b)

    aon ús a aithnítear sa tréimhse a bhaineann le gnáthscaireanna féideartha caolúcháin; agus

    (c)

    aon athrú eile ar ioncam nó costas a bheadh ann de thoradh comhshó na ngnáthscaireanna féideartha caolúcháin.

    34

    I ndiaidh na gnáthscaireanna féideartha a chomhshó ina ngnáthscaireanna, ní thagann na míreanna a shainmhínítear i mír 33(a)–(c) chun cinn a thuilleadh. Ina ionad sin, tá na gnáthscaireanna nua i dteideal a bheith rannpháirteach i mbrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthaireintitis. Dá bhrí sin, déantar brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais arna ríomh i gcomhréir le mír 12 a choigeartú le haghaidh na míreanna a sainmhínítear i mír 33(a)–(c) agus aon cháin ghaolmhar. Áirítear leis na costais atá bainteach le gnáthscaireanna féideartha costais idirbheart agus lascainí a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le modh an úis ghlain (féach IFRS 9).

    35

    D’fhéadfadh athruithe iarmhartacha ar ioncam nó costais eascairt as comhshó gnáthscaireanna féideartha. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú ar an gcostas a bhaineann le plean neamhroghnach d’fhostaithe maidir le roinnt brabúis eascairt as laghdú ar an gcostas úis a bhaineann le gnáthscaireanna féideartha agus an méadú iarmhartach ar bhrabús nó an laghdú ar chaillteanas. Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, déantar coigeartú ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais le haghaidh aon athrú iarmhartach den sórt sin ar ioncam nó costas.

    Scaireanna

    36

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, is é a bheidh sa mhéid gnáthscaireanna an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna arna ríomh i gcomhréir le míreanna 19 agus 26, móide an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna a d’eiseofaí ar na gnáthscaireanna féideartha caolúcháin uile a chomhshó ina ngnáthscaireanna. Measfar go ndearnadh gnáthscaireanna féideartha caolúcháin a chomhshó ina ngnáthscaireanna ag tús na tréimhse nó, más níos déanaí, ar an dáta a eisíodh na gnáthscaireanna féideartha caolúcháin.

    37

    Cinnfear gnáthscaireanna féideartha caolúcháin go neamhspleách le haghaidh gach tréimhse a chuirtear i láthair. Ní meán ualaithe na ngnáthscaireanna féideartha caolúcháin a áirítear i ngach ríomh eatramhach é an líon gnáthscaireanna féideartha caolúcháin a áirítear sa tréimhse bliana go dáta.

    38

    Déantar gnáthscaireanna féideartha a ualú le haghaidh na tréimhse atá siad gan íoc. Ní áirítear gnáthscaireanna féideartha a chealaítear nó a ligtear dóibh dul as feidhm le linn na tréimhse sa ríomh ar thuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire ach amháin le haghaidh an sciar den tréimhse ina bhfuil siad gan íoc. Áirítear gnáthscaireanna féideartha a ndéantar a chomhshó ina ngnáthscaireanna le linn na tréimhse sa ríomh ar thuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire ó thús na tréimhse go dtí dáta an chomhshó; ó dháta an chomhshó, áirítear na gnáthscaireanna dá thoradh sin i dtuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire.

    39

    Cinntear an méid gnáthscaireanna a d’eiseofaí ar chomhshó na ngnáthscaireanna féideartha caolúcháin de réir théarmaí na ngnáthscaireanna féideartha. Nuair atá níos mó ná aon bhunús comhshó amháin ann, glacann an ríomh an ráta comhshó nó an praghas feidhmithe is buntáistí ó thaobh shealbhóir na ngnáthscaireanna féideartha de.

    40

    Féadfaidh fochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe gnáthscaireanna féideartha atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna den fhochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe, nó ina ngnáthscaireanna den mháthairchuideachta nó de na hinfheisteoirí a bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach acu ar an institiúid infheistiúcháin, a eisiúint chuig páirtithe seachas an mháthairchuideachta nó na hinfheisteoirí a bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach acu ar an institiúid infheistiúcháin. I gcás ina bhfuil iarmhairt chaolúcháin ag na gnáthscaireanna féideartha sin den fhochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe ar thuilleamh bunúsach an eintitis thuairiscithe in aghaidh na scaire, áirítear iad i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire.

    Gnáthscaireanna féideartha caolúcháin

    41

    Caithfear le gnáthscaireanna féideartha mar scaireanna caolacha i gcás ina laghdófaí tuilleamh in aghaidh na scaire nó ina méadófaí caillteanas in aghaidh na scaire ó oibríochtaí leanúnacha de thoradh a gcomhshó ina ngnáthscaireanna agus sna cásanna sin amháin.

    42

    Úsáideann eintiteas brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leith an mháthairghnóthais mar an uimhir rialúcháin chun a shuí cé acu caolach nó frithchaolach atá gnáthscaireanna féideartha. Déantar brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leith an mháthairghnóthais a choigeartú i gcomhréir le mír 12 agus eisiatar míreanna a bhaineann le hoibríochtaí scortha.

    43

    Tá gnáthscaireanna féideartha frithchaolach nuair a chuirfeadh a gcomhshó ina ngnáthscaireanna méadú ar thuilleamh in aghaidh na scaire nó laghdú ar chaillteanas in aghaidh na scaire ó oibríochtaí leanúnacha. Ní ghlacann ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire comhshó, feidhmiú ná aon eisiúint eile gnáthscaireanna féideartha a mbeadh iarmhairt fhrithchaolach acu ar thuilleamh in aghaidh na scaire.

    44

    Chun a chinntiú cé acu caolach nó frithchaolach atá gnáthscaireanna féideartha, breithnítear gach eisiúint nó sraith gnáthscaireanna féideartha ar leithligh seachas go comhiomlán. Féadfaidh an seicheamh ina mbreithnítear gnáthscaireanna féideartha difear a dhéanamh do cé acu atá nó nach bhfuil siad caolach. Dá bhrí sin, chun caolú an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire a uasmhéadú, breithnítear gach eisiúint nó gach sraith gnáthscaireanna féideartha go seicheamhach ón gceann is mó go dtí an ceann is lú caolach, i.e. áirítear gnáthscaireanna féideartha caolúcháin ag a bhfuil an ‘tuilleamh in aghaidh na scaire incrimintí’ is ísle sa ríomh um thuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire sula n-áirítear na cinn ag a bhfuil tuilleamh in aghaidh na scaire incrimintí níos airde. Áirítear roghanna agus barántais ar dtús, de ghnáth, mar gheall nach ndéanann siad difear d’uimhreoir an ríomha.

    Roghanna, barántais agus a gcoibhéis

    45

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, feidhmeoidh eintiteas roghanna agus barántais caolúcháin an eintitis. Measfar fáltais thoimhdithe ó na hionstraimí sin a bheith faighte ar ghnáthscaireanna a eisiúint ar mheánphraghas margaidh gnáthscaireanna le linn na tréimhse. Caithfear leis an difríocht idir an líon gnáthscaireanna arna n-eisiúint agus an líon gnáthscaireanna a d’eiseofaí ar mheánphraghas margaidh gnáthscaireanna le linn na tréimhse, mar eisiúint gnáthscaireanna gan chomaoin.

    46

    Tá roghanna agus barántais caolach i gcás ina mbeadh de thoradh orthu gnáthscaireanna a eisiúint ar phraghas níos lú ná meánphraghas margaidh gnáthscaireanna le linn na tréimhse. Is éard atá i méid an chaolúcháin meánphraghas margaidh gnáthscaireanna le linn na tréimhse lúide an praghas eisiúna. Dá bhrí sin, chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, caitear le gnáthscaireanna féideartha amhail agus go bhfuil an dá cheann díobh seo a leanas i gceist leo:

    (a)

    conradh chun líon áirithe de na gnáthscaireanna a eisiúint ar a meánphraghas margaidh le linn na tréimhse. Toimhdítear go bhfuil praghas cóir ar ghnáthscaireanna den sórt sin agus nach caolach ná frithchaolach iad. Tugtar neamhaird orthu agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh;

    (b)

    conradh chun na gnáthscaireanna atá fanta a eisiúint gan chomaoin. Ní ghineann gnáthscaireanna den sórt sin aon fháltas agus níl aon éifeacht acu ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith gnáthscaireanna atá gan íoc. Dá bhrí sin, tá scaireanna den sórt sin caolach agus cuirtear iad leis an líon gnáthscaireanna atá gan íoc agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh.

    47

    Níl iarmhairt chaolúcháin ag roghanna agus barántais ach amháin i gcás inar mó an meánphraghas margaidh gnáthscaireanna le linn na tréimhse ná praghas feidhmithe na roghanna nó na mbarántas (i.e. tá siad ‘san airgead’). Ní dhéantar tuilleamh in aghaidh na scaire a tuairiscíodh roimhe sin a choigeartú go cúlghabhálach chun athruithe ar phraghsanna gnáthscaireanna a léiriú.

    47A

    Maidir le scair-roghanna agus socruithe íocaíochta scairbhunaithe eile a bhfuil feidhm ag IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe maidir leo, áireofar leis an bpraghas eisiúna dá dtagraítear i mír 46 agus leis an bpraghas feidhmithe dá dtagraítear i mír 47, luach cóir (arna thomhas i gcomhréir le IFRS 2) aon earra nó seirbhís atá le soláthar don eintiteas sa todhchaí faoin scair-rogha nó faoi shocrú íocaíochta scairbhunaithe eile.

    48

    Caitear le scair-roghanna fostaithe ag a bhfuil téarmaí socraithe nó inchinntithe agus le gnáthscaireanna neamhdhílsithe mar roghanna agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh, cé go bhféadfaidh siad a bheith ag brath ar dhílsiú. Caitear leo amhail agus go bhfuil siad gan íoc ar an dáta deontais. Caitear le scair-roghanna fostaithe feidhmíocht-bhunaithe mar scaireanna atá ineistithe go teagmhasach mar gheall go mbraitheann a n-eisiúint ar choinníollacha sonraithe a shásamh, sa bhreis ar imeacht ama.

    Ionstraimí in-chomhshóite

    49

    Léireofar iarmhairt chaolúcháin ionstraimí in-chomhshóite i dtuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire i gcomhréir le míreanna 33 agus 36.

    50

    Bíonn scaireanna tosaíochta in-chomhshóite frithchaolach aon uair a bhíonn méid na díbhinne ar scaireanna den sórt sin arna ndearbhú nó arna gcarnadh le haghaidh tréimhse reatha in aghaidh na gnáthscaire atá le fáil ar chomhshó níos mó ná tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire. Mar an gcéanna, bíonn fiachas in-chomhshóite frithchaolach aon uair a bhíonn a ús (glan ó cháin agus athruithe eile ar ioncam nó costas) in aghaidh na gnáthscaire atá le fáil ar chomhshó níos mó ná tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire.

    51

    D’fhéadfadh sé nach mbeadh iarmhairt ag fuascailt scaireanna tosaíochta in-chomhshóite nó ag comhshó scaireanna tosaíochta in-chomhshóite a spreagadh ach ar sciar de na scaireanna tosaíochta in-chomhshóite a bhí gan íoc roimhe sin. Sna cásanna sin, aon fharasbarr comaoine dá dtagraítear i mír 17 beidh sé inchurtha leis na scaireanna sin a dhéantar a fhuascailt nó a chomhshó chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na scaireanna tosaíochta atá fanta gan íoc caolach. Na scaireanna a dhéantar a fhuascailt nó a chomhshó, breithnítear ar leithligh iad ó na scaireanna sin nach ndéantar a fhuascailt nó a chomhshó.

    Scaireanna atá ineistithe go teagmhasach

    52

    Mar a dhéantar i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire, caitear le gnáthscaireanna amhail agus go bhfuil siad gan íoc agus áirítear iad i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire má chomhlíontar na coinníollacha (i.e. gur tharla na teagmhais). Áirítear scaireanna atá ineistithe go teagmhasach ó thús na tréimhse (nó ó dháta an chomhaontaithe maidir le scaireanna teagmhasacha, más níos déanaí é). Mura gcomhlíontar na coinníollacha, bunaítear an líon scaireanna atá ineistithe go teagmhasach agus a áirítear i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ar an líon scaireanna a bheadh ineistithe i gcás gurb ionann deireadh na tréimhse agus deireadh na tréimhse teagmhasaí. Ní cheadaítear athshonrú mura gcomhlíontar na coinníollacha nuair a théann an tréimhse theagmhasach in éag.

    53

    Más é méid sonraithe tuillimh a bhaint amach nó a choimeád ar feadh tréimhse é an coinníoll maidir le heisiúint theagmhasach, agus má tá an méid sin bainte amach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ach más gá é a choimeád ar feadh tréimhse breise thar dheireadh na tréimhse tuairiscithe, caitear leis na gnáthscaireanna breise amhail agus go bhfuil siad gan íoc, má tá iarmhairt chaolúcháin acu, agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh. Sa chás sin, bunaítear ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ar an líon gnáthscaireanna a d’eiseofaí i gcás gurb ionann an méid tuillimh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an méid tuillimh ag deireadh na tréimhse teagmhasaí. Ós rud é go bhféadfaidh tuilleamh athrú i dtréimhse amach anseo, ní áirítear gnáthscaireanna den sórt sin atá ineistithe go teagmhasach i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire go dtí deireadh na tréimhse teagmhasaí, mar gheall nár comhlíonadh na coinníollacha ar fad is gá.

    54

    D’fhéadfadh an líon gnáthscaireanna atá ineistithe go teagmhasach brath ar phraghas margaidh na ngnáthscaireanna amach anseo. Sa chás sin, má tá iarmhairt chaolúcháin acu, bunaítear ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ar an líon gnáthscaireanna a d’eiseofaí i gcás gurb ionann an méid tuillimh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus an méid tuillimh ag deireadh na tréimhse teagmhasaí. I gcás ina mbunaítear an coinníoll ar mheánphraghsanna margaidh thar thréimhse ama a théann thar dheireadh na tréimhse tuairiscithe, úsáidtear an meán le haghaidh na tréimhse ama atá imithe in éag. Ós rud é go bhféadfaidh an praghas margaidh athrú i dtréimhse amach anseo, ní áirítear gnáthscaireanna den sórt sin atá ineistithe go teagmhasach i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire go dtí deireadh na tréimhse teagmhasaí, mar gheall nár comhlíonadh na coinníollacha ar fad is gá.

    55

    D’fhéadfadh an líon gnáthscaireanna atá ineistithe go teagmhasach brath ar thuilleamh sa todhchaí agus ar phraghsanna na ngnáthscaireanna amach anseo. Sna cásanna sin, bunaítear an líon gnáthscaireanna a áirítear i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ar choinníollacha (i.e. pá go dáta agus an praghas margaidh atá ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe). Ní áirítear gnáthscaireanna atá ineistithe go teagmhasach i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll.

    56

    I gcásanna eile, braitheann an líon gnáthscaireanna atá ineistithe go teagmhasach ar choinníoll eile seachas tuilleamh nó praghas margaidh (oscailt líon sonrach siopaí miondíola, mar shampla). Sna cásanna sin, ag glacadh leis nach dtiocfaidh athrú ar stádas reatha an choinníll go dtí deireadh na tréimhse teagmhasaí, áirítear na gnáthscaireanna atá ineistithe go teagmhasach i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire de réir an stádais ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    57

    Áirítear gnáthscaireanna féideartha atá ineistithe go teagmhasach (seachas na cinn sin a chuimsítear le comhaontú maidir le scaireanna teagmhasacha, amhail ionstraimí in-chomhshóite atá ineistithe go teagmhasach) i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire mar a leanas:

    (a)

    cinneann eintiteas cé acu is féidir nó nach féidir a thoimhdiú go bhfuil na gnáthscaireanna féideartha ineistithe ar bhonn na gcoinníollacha a shonraítear dá n-eisiúint i gcomhréir leis na forálacha maidir le gnáthscaireanna teagmhasacha i míreanna 52-56; agus

    (b)

    i gcás gur cheart na gnáthscaireanna féideartha sin a léiriú i dtuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire, cinneann eintiteas an tionchar atá acu ar ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire ag cloí leis na forálacha maidir le roghanna agus barántais i míreanna 45-48, na forálacha maidir le hionstraimí in-chomhshóite i míreanna 49-51, na forálacha maidir le conarthaí a fhéadtar a shocrú i ngnáthscaireanna nó in airgead i míreanna 58-61, nó forálacha eile, de réir mar is iomchuí.

    Ní thoimhdítear feidhmiú ná comhshó chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, áfach, ach amháin i gcás ina dtoimhdítear feidhmiú nó comhshó gnáthscaireanna féideartha comhchosúla atá gan íoc agus nach bhfuil ineistithe go teagmhasach.

    Conarthaí a fhéadtar a shocrú i ngnáthscaireanna nó in airgead tirim

    58

    Nuair atá conradh eisithe ag eintiteas a fhéadtar a shocrú i ngnáthscaireanna nó in airgead de rogha an eintitis, glacfaidh an t-eintiteas leis go socrófar an conradh i ngnáthscaireanna, agus áireofar na gnáthscaireanna féideartha dá thoradh sin sa tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire, má tá iarmhairt chaolúcháin acu.

    59

    Nuair a chuirtear conradh den sórt sin i láthair chun críche cuntasaíochta mar shócmhainn nó mar dhliteanas, nó nuair atá gné chothromais nó gné dhliteanais aige, déanfaidh an t-eintiteas an t-uimhreoir a choigeartú le haghaidh aon athrú ar bhrabús nó caillteanas a tharlódh le linn na tréimhse de thoradh an conradh a aicmiú go hiomlán mar ionstraim chothromais. Tá an coigeartú sin cosúil leis na coigeartuithe a éilítear le mír 33.

    60

    Maidir le conarthaí a fhéadtar a shocrú i ngnáthscaireanna nó in airgead de rogha an tsealbhóra, úsáidfear an socrú is caolaí idir socrú in airgead agus socrú i scaireanna chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh.

    61

    Is sampla de chonradh a fhéadtar a shocrú i ngnáthscaireanna nó in airgead í ionstraim fiachais a thugann an ceart neamhshrianta don eintiteas, ar aibíocht, an phríomhshuim a shocrú in airgead nó ina gnáthscaireanna dílse. Sampla eile is ea céadrogha gheallta ar dhíol lena dtugtar rogha don sealbhóir socrú i ngnáthscaireanna nó in airgead.

    Céadroghanna ceannaithe

    62

    Ní áirítear conarthaí amhail céadroghanna ceannaithe agus céadroghanna ar cheannach ceannaithe (i.e. roghanna arna sealbhú ag an eintiteas ar a ghnáthscaireanna dílse) i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire mar gheall go mbeadh sé frithchaolach iad a chur san áireamh. Ní fheidhmeofaí an chéadrogha ar dhíol ach amháin i gcás ina mbeadh an praghas feidhmithe níos airde ná an praghas margaidh agus ní fheidhmeofaí an chéadrogha ar cheannach ach amháin i gcás ina mbeadh an praghas feidhmithe níos ísle ná an praghas margaidh.

    Céadroghanna geallta ar dhíol

    63

    Conarthaí lena gceanglaítear ar an eintiteas a scaireanna dílse a athcheannach, amhail céadroghanna geallta ar dhíol agus conarthaí réamhcheannaigh, léirítear iad i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire má tá iarmhairt chaolúcháin acu. I gcás ina bhfuil na conarthaí sin ‘san airgead’ le linn na tréimhse (i.e. tá an praghas feidhmithe nó an praghas margaidh os cionn an mheánphraghais mhargaidh le haghaidh na tréimhse sin), ríomhfar an iarmhairt chaolúcháin féideartha ar thuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire mar a leanas:

    (a)

    toimhdeofar go n-eiseofar líon leordhóthanach gnáthscaireanna ag tús na tréimhse (ar an meánphraghas margaidh le linn na tréimhse) chun fáltais a thiomsú chun an conradh a chomhlíonadh;

    (b)

    toimhdeofar go n-úsáidtear na fáltais ón eisiúint chun an conradh a chomhlíonadh (i.e. chun gnáthscaireanna a athcheannach); agus

    (c)

    na gnáthscaireanna incriminteacha (an difríocht idir an líon gnáthscaireanna a dtoimhdítear arna n-eisiúint agus an líon gnáthscaireanna a fuarthas ón gconradh a chomhlíonadh), áireofar iad i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire.

    COIGEARTUITHE CÚLGHABHÁLACHA

    64

    I gcás ina dtagann méadú ar an líon gnáthscaireanna nó gnáthscaireanna féideartha atá gan íoc de thoradh caipitliú, bónaseisiúint nó scoilteadh scaireanna, nó i gcás ina dtagann laghdú orthu de thoradh ais-scoilteadh scaireanna, déanfar coigeartú cúlghabhálach ar ríomh an tuillimh bhunúsaigh agus chaolaithe in aghaidh na scaire le haghaidh gach tréimhse a chuirtear i láthair. I gcás ina dtarlaíonn na hathruithe sin i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, bunófar na ríomhanna in aghaidh na scaire le haghaidh na ráiteas airgeadais sin agus aon ráiteas airgeadais réamhthréimhse a chuirtear i láthair ar an líon nua scaireanna. Nochtfar go léiríonn ríomhanna in aghaidh na scaire athruithe den sórt sin ar an líon scaireanna. Sa bhreis air sin, déanfar tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire sna tréimhsí uile a chuirtear i láthair a choigeartú i leith iarmhairtí earráidí agus coigeartuithe a leanann as athruithe ar bheartais chuntasaíochta a gcoinnítear cuntas orthu go cúlghabhálach.

    65

    Ní athshonraíonn eintiteas tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire in aon réamhthréimhse a chuirtear i láthair le haghaidh athruithe sna toimhdí a úsáidtear i ríomhanna tuillimh in aghaidh na scaire ná chun gnáthscaireanna féideartha a chomhshó ina ngnáthscaireanna.

    CUR I LÁTHAIR

    66

    Cuirfidh eintiteas i láthair sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire le haghaidh brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais agus le haghaidh brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais le haghaidh na tréimhse i gcomhair gach aicme gnáthscaireanna ag a bhfuil ceart difriúil chun roinnte brabúis le haghaidh na tréimhse. Cuirfidh eintiteas an tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire i láthair ar bhealach ina dtugtar an tsuntasacht chéanna dóibh le haghaidh gach tréimhse arna cur i láthair.

    67

    Cuirtear tuilleamh in aghaidh na scaire i láthair le haghaidh gach tréimhse ina gcuirtear ráiteas ar ioncam cuimsitheach i láthair. I gcás ina gcuirtear tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire i láthair le haghaidh tréimhse amháin ar a laghad, tuairisceofar é le haghaidh gach tréimhse arna cur i láthair, fiú má tá sé cothrom le tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire. I gcás inar comhionann an tuilleamh bunúsach agus an tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire, is féidir cur i láthair déach a dhéanamh in aon líne amháin sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach.

    67A

    I gcás ina gcuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 (arna leasú in 2011), cuireann sé tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire i láthair, mar a éilítear le míreanna 66 agus 67, sa ráiteas ar leithligh sin.

    68

    Eintiteas a thuairiscíonn oibríocht scortha, nochtfaidh sé na méideanna bunúsacha agus caolaithe in aghaidh na scaire le haghaidh na hoibríochta scortha sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach nó sna nótaí.

    68A

    I gcás ina gcuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 (arna leasú in 2011), cuireann sé tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire i láthair le haghaidh na hoibríochta scortha, mar a éilítear le mír 68, sa ráiteas ar leithligh sin nó sna nótaí.

    69

    Cuirfidh eintiteas an tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire i láthair, fiú más diúltach iad na méideanna (i.e. caillteanas in aghaidh na scaire).

    NOCHTADH

    70

    Nochtfaidh institiúidí an méid a leanas:

    (a)

    na méideanna a úsáidtear mar uimhreoirí agus tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh, agus réiteach de na méideanna sin chuig brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith an mháthairghnóthais le haghaidh na tréimhse. Áireofar leis an réiteach éifeacht aonair gach aicme ionstraimí a dhéanann difear do thuilleamh in aghaidh na scaire;

    (b)

    an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna a úsáidtear mar ainmneoir agus tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh, agus réiteach na n-ainmneoirí sin lena chéile. Áireofar leis an réiteach éifeacht aonair gach aicme ionstraimí a dhéanann difear do thuilleamh in aghaidh na scaire;

    (c)

    ionstraimí (lena n-áirítear scaireanna ineistithe go teagmhasach) a d’fhéadfadh tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire a chaolú amach anseo, ach nár áiríodh i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire iad toisc go bhfuil siad frithchaolach le haghaidh na tréimhse/na dtréimhsí a chuirtear i láthair;

    (d)

    tuairisc ar idirbhearta gnáthscaireanna nó idirbhearta gnáthscaireanna féideartha, seachas idirbhearta a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le mír 64, a tharlaíonn i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe agus a chuirfeadh athrú suntasach ar an méid gnáthscaireanna nó gnáthscaireanna féideartha gan íoc ag deireadh na tréimhse i gcás inar tharla na hidirbhearta sin roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

    71

    Áirítear le samplaí d’idirbhearta i mír 70(d):

    (a)

    eisiúint scaireanna ar airgead;

    (b)

    eisiúint scaireanna nuair a úsáidtear na fáltais chun fiachas nó scaireanna tosaíochta atá gan íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a aisíoc;

    (c)

    fuascailt gnáthscaireanna gan íoc;

    (d)

    gnáthscaireanna féideartha atá gan íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a chomhshó nó a fheidhmiú ina ngnáthscaireanna;

    (e)

    eisiúint roghanna, barántas, nó ionstraimí in-chomhshóite; agus

    (f)

    coinníollacha a bhaint amach as a leanfadh eisiúint scaireanna atá ineistithe go teagmhasach.

    Ní dhéantar coigeartú ar mhéideanna tuillimh in aghaidh na scaire le haghaidh idirbhearta den sórt sin a tharlaíonn i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe mar gheall nach ndéanann idirbhearta den sórt sin difear don mhéid caipitil a úsáidtear chun brabús nó caillteanas a ghnóthú le haghaidh na tréimhse.

    72

    Féadfaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí eile a ghineann gnáthscaireanna féideartha téarmaí agus coinníollacha a chorprú a dhéanann difear do thomhas tuillimh bhunúsaigh agus chaolaithe in aghaidh na scaire. Féadtar a chinneadh leis na téarmaí agus coinníollacha sin an bhfuil aon ghnáthscair fhéideartha caolach agus, má tá, an éifeacht ar an meánlíon ualaithe scaireanna gan íoc agus aon choigeartú dá réir sin ar bhrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais. Spreagtar téarmaí agus coinníollacha ionstraimí airgeadais den sórt sin agus de chonarthaí eile a nochtadh, mura n-éilítear é sin ar bhealach eile (féach IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe).

    73

    I gcás ina nochtann eintiteas, sa bhreis ar thuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire, méideanna in aghaidh na scaire agus comhpháirt thuairiscithe den ráiteas ar ioncam cuimsitheach seachas an chomhpháirt a éilítear leis an gcaighdeán seo á húsáid aige, ríomhfar méideanna den sórt sin agus an meánmhéid ualaithe gnáthscaireanna arna chinneadh i gcomhréir leis an gcaighdeán seo á úsáid. Nochtfar méideanna bunúsacha agus caolaithe in aghaidh na scaire a bhaineann le comhpháirt den sórt sin ar bhealach ina dtugtar an tsuntasacht chéanna dóibh agus cuirfear i láthair sna nótaí iad. Tabharfaidh eintiteas an bonn ar a gcinntear an t-uimhreoir/na huimhreoirí le tuiscint, lena n-áirítear cé acu roimh cháin nó i ndiaidh cánach atá na méideanna in aghaidh na scaire. I gcás ina n-úsáidtear comhpháirt den ráiteas ar ioncam cuimsitheach nach dtuairiscítear mar mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, cuirfear réiteach ar fáil idir an chomhpháirt a úsáidtear agus mír líne a thuairiscítear sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach.

    73A

    Tá feidhm ag mír 73 freisin maidir le heintiteas a nochtann, sa bhreis ar thuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire, méideanna in aghaidh na scaire agus mír thuairiscithe bhrabúis nó chaillteanais seachas ceann a éilítear leis an gCaighdeán seo á húsáid aige.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    74

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    74A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Sa bhreis air sin, cuireadh míreanna 4A, 67A, 68A agus 73A isteach. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    74B

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 4, 40 agus A11. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    74C

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 8, 47A agus A2. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    74D

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh míreanna 4A, 67A, 68A agus 73A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    74E

    Le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 34. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    75

    Leis an gcaighdeán seo, dímholtar IAS 33 Tuilleamh in aghaidh na Scaire (arna eisiúint in 1997).

    76

    Leis an gcaighdeán seo, dímholtar SIC-24 Tuilleamh in aghaidh na Scaire — Ionstraimí Airgeadais agus Conarthaí Eile is Féidir a Shocrú i Scaireanna.

    Aguisín A

    TREORAÍOCHT MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM

    Is dlúthchuid den chaighdeán í an fhoscríbhinn seo.

    Brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith an mháthairghnóthais

    A1

    Chun tuilleamh in aghaidh na scaire a ríomh bunaithe ar na ráitis airgeadais chomhdhlúite, déanann brabús nó caillteanas atá inchurtha i leithis an máthairghnóthas tagairt do bhrabús nó caillteanas an eintitis chomhdhlúite i ndiaidh coigeartú a dhéanamh le haghaidh leasanna neamh-urlámhais.

    Eisiúintí de cheart

    A2

    Ní eascraíonn gné bhónais as gnáthscaireanna a eisiúint an tráth a fheidhmítear nó a chomhshóitear gnáthscaireanna féideartha, de ghnáth. Is amhlaidh sin mar gheall go n-eisítear na gnáthscaireanna féideartha ar luach cóir, de ghnáth, as a leanann athrú comhréireach ar na hacmhainní atá ar fáil don eintiteas. Is minic a bhíonn an praghas feidhmithe níos lú ná luach cóir na scaireanna in eisiúint de cheart, áfach. Dá bhrí sin, mar a thugtar ar aird i mír 27(b), áirítear gné bhónais in eisiúint de cheart den sórt sin. I gcás ina dtairgtear eisiúint de cheart do na scairshealbhóirí ar fad atá ann, is ionann an líon gnáthscaireanna atá le húsáid chun tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh le haghaidh gach tréimhse roimh an eisiúint de cheart, an líon gnáthscaireanna gan íoc roimh an eisiúint, á iolrú faoin bhfachtóir a leanas:

    Formula

    Ríomhtar an luach cóir teoiriciúil ex-cearta in aghaidh na scaire trí luach cóir comhiomlán na scaireanna díreach roimh fheidhmiú na gceart a chur leis na fáltais ó fheidhmiú na gceart agus sin a roinnt ar an líon scaireanna gan íoc i ndiaidh fheidhmiú na gceart. I gcás ina bhfuil na cearta le trádáil go poiblí ar leithligh ó na scaireanna roimh an dáta feidhmithe, tomhaistear luach cóir ag deireadh an lae dheireanaigh a thrádáiltear na scaireanna in éineacht leis na cearta.

    Uimhir rialúcháin

    A3

    Chun cur i bhfeidhm nóisean na huimhreach rialúcháin a dtugtar tuairisc air i míreanna 42 agus 43 a léiriú, glactar leis go bhfuil brabús ag eintiteas ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leith mháthairghnóthas AA4800 (18), caillteanas ó oibríochtaí scortha atá inchurtha i leith mháthairghnóthas (AA7200), caillteanas atá inchurtha i leith mháthairghnóthas (AA2400), agus 2000 gnáthscair agus 400 gnáthscair féideartha atá gan íoc. Is éard atá i dtuilleamh bunúsach an eintitis in aghaidh na scaire, AA2.40 le haghaidh oibríochtaí leanúnacha, (AA3.60) le haghaidh oibríochtaí scortha agus (AA1.20) le haghaidh an chaillteanais. Áirítear na 400 gnáthscair fhéideartha i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire mar gheall gur caolach é an tuilleamh in aghaidh na scaire de AA2.00 le haghaidh oibríochtaí leanúnacha dá thoradh sin, ag glacadh leis nach bhfuil aon tionchar maidir le brabús nó caillteanas ag na 400 gnáthscair fhéideartha sin. Mar gheall gurb é brabús ó oibríochtaí leanúnacha atá inchurtha i leithis an máthairghnóthas an uimhir rialúcháin, áiríonn an t-eintiteas na 400 gnáthscair fhéideartha sin i ríomh na méideanna eile tuillimh in aghaidh na scaire, cé gur frithchaolach iad na méideanna tuillimh in aghaidh na scaire dá thoradh sin maidir lena méideanna tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire inchomparáide, i.e. tá an caillteanas in aghaidh na scaire níos lú [(AA3.00) in aghaidh na scaire le haghaidh an chaillteanais ó oibríochtaí scortha agus (AA1.00) in aghaidh na scaire le haghaidh an chaillteanais].

    Meánphraghas margaidh gnáthscaireanna

    A4

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, ríomhtar an meánphraghas margaidh gnáthscaireanna a dtoimhdítear arna n-eisiúint ar bhonn mheánphraghas margaidh na ngnáthscaireanna le linn na tréimhse. Go teoiriciúil, d’fhéadfaí gach idirbheart margaidh le haghaidh gnáthscaireanna eintitis a chur san áireamh agus an meánphraghas margaidh á chinneadh. Go praiticiúil, áfach, is leordhóthanach meán simplí de phraghsanna seachtainiúla nó míosúla.

    A5

    Go ginearálta, is leordhóthanach praghsanna margaidh scoir chun an meánphraghas margaidh a ríomh. Nuair a bhíonn luaineacht mhór ar phraghsanna, áfach, tugann meán na bpraghsanna arda agus ísle praghas níos ionadaíche, de ghnáth. Baintear úsáid chomhsheasmhach as an modh a úsáidtear chun an meánphraghas margaidh a ríomh ach amháin i gcás nach bhfuil sé ionadaíoch níos mó mar gheall gur tháinig athrú ar choinníollacha. Mar shampla, eintiteas a úsáideann praghsanna margaidh scoir chun an meánphraghas margaidh a ríomh maidir le roinnt blianta ina raibh praghsanna sách cobhsaí, d’fhéadfadh sé athrú chuig meán na bpraghsanna arda agus ísle i gcás ina dtagann luaineacht mhór ar phraghsanna agus nach dtugann na praghsanna margaidh scoir meánphraghas ionadaíoch a thuilleadh.

    Roghanna, barántais agus a gcoibhéis

    A6

    Toimhdítear go ndéantar roghanna nó barántais chun ionstraimí in-chomhshóite a cheannach a fheidhmiú chun an ionstraim in-chomhshóite a cheannach aon uair a bhíonn meánphraghsanna na hionstraime in-chomhshóite agus na ngnáthscaireanna atá infhaighte ar chomhshó os cionn phraghas feidhmithe na roghanna nó na mbarántas. Ní thoimhdítear feidhmiú, áfach, ach amháin i gcás ina nglactar freisin le comhshó ionstraimí in-chomhshóite comhchosúla atá gan íoc, más ann dóibh.

    A7

    Féadann roghanna nó barántais tairiscint fiachais nó ionstraimí eile an eintitis (nó a mháthairchuideachta nó a fhochuideachta) a cheadú nó a éileamh, mar íocaíocht ar an bpraghas feidhmithe ar fad nó cuid de. I ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire, tá iarmhairt chaolúcháin ag na roghanna nó na barántais sin i gcás (a) inar mó meánphraghas margaidh na ngnáthscaireanna gaolmhara le linn na tréimhse ná an praghas feidhmithe, nó (b) ina bhfuil praghas díola na hionstraime atá le tairiscint faoi bhun an phraghais ar a bhféadtar an ionstraim a thairiscint faoin gcomhaontú rogha nó barántais agus i gcás ina mbunaíonn an lascaine dá thoradh sin praghas feidhmithe éifeachtach faoi bhun phraghas margaidh na ngnáthscaireanna atá infhaighte ar fheidhmiú. I ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire, toimhdítear go bhfeidhmítear na roghanna nó barántais sin agus toimhdítear go dtairgtear an fiachas nó na hionstraimí eile. I gcás ina bhfuil sé níos tairbhí don sealbhóir rogha nó barántais airgead a thairiscint agus i gcás ina gceadaítear airgead a thairiscint faoin gconradh, toimhdítear tairiscint airgid. Déantar ús (glan ó cháin) ar aon fhiachas a ghlactar lena thairiscint a aischur leis an uimhreoir mar choigeartú.

    A8

    Caitear ar bhealach comhchosúil le scaireanna tosaíochta ag a bhfuil forálacha comhchosúla nó le hionstraimí eile a bhfuil roghanna comhshó acu lena gceadaítear don infheisteoir íoc in airgead chun ráta comhshó níos fabhraí a fháil.

    A9

    Féadann téarmaí foluiteacha roghanna nó barántas a éileamh go gcuirtear na fáltais a fhaightear ó fheidhmiú na n-ionstraimí sin i bhfeidhm chun fiachas nó ionstraimí eile an eintitis (nó a mháthairchuideachta nó fochuideachta) a fhuascailt. I ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire, toimhdítear go bhfeidhmítear na roghanna nó barántais sin agus go gcuirtear na fáltais i bhfeidhm chun an fiachas a cheannach ar a mheánphraghas margaidh seachas chun gnáthscaireanna a cheannach. Maidir leis an bhfarasbarr fáltas a fhaightear ón bhfeidhmiú toimhdithe os cionn an mhéid a úsáidtear le haghaidh ceannach toimhdithe fiachais áfach, breithnítear iad (i.e. toimhdítear go n-úsáidtear iad chun gnáthscaireanna a athcheannach) i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire. Déantar ús (glan ó cháin) ar aon fhiachas a thoimhdítear a ceannaíodh a aischur leis an uimhreoir mar choigeartú.

    Céadroghanna geallta ar dhíol

    A10

    Chun cur i bhfeidhm mhír 63 a léiriú, toimhdítear go bhfuil 120 céadrogha gheallta ar dhíol atá gan íoc ar a ghnáthscaireanna ag eintiteas agus gurb é AA35 an praghas feidhmithe. Is é AA28 meánphraghas margaidh a ghnáthscaireanna le haghaidh na tréimhse. Agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh aige, toimhdíonn an t-eintiteas gur eisigh sé 150 scair ag AA28 in aghaidh na scaire ag tús na tréimhse chun a oibleagáid um chéadrogha ar dhíol AA4200 a chomhlíonadh. An difríocht idir an 150 gnáthscair a eisíodh agus an 120 gnáthscair a fuarthas tríd an gcéadrogha ar dhíol a shásamh (30 gnáthscair incriminteacha), cuirtear í leis an ainmneoir agus tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire á ríomh.

    Ionstraimí fochuideachtaí, comhfhiontar nó eintitis chomhlachaithe

    A11

    Gnáthscaireanna féideartha fochuideachta, comhfhiontair nó eintitis chomhlachaithe atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna den fhochuideachta, den chomhfhiontar nó den eintiteas comhlachaithe, nó gnáthscaireanna na máthairchuideachta, nó infheisteoirí a bhfuil comhrialú agus tionchar suntasach acu (an t-eintiteas tuairiscithe) ar an institiúid infheistiúcháin, áirítear iad i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire mar a leanas:

    (a)

    ionstraimí arna n-eisiúint ag fochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe a chuireann ar chumas a sealbhóirí gnáthscaireanna na fochuideachta, an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe a fháil, áirítear iad agus sonraí maidir le tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire de chuid na fochuideachta, an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe á ríomh. Áirítear an tuilleamh in aghaidh na scaire sin i ríomhanna an eintitis thuairiscithe um thuilleamh in aghaidh na scaire bunaithe ar ionstraimí na fochuideachta, an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe a bheith i seilbh an eintitis thuairiscithe;

    (b)

    ionstraimí fochuideachta, comhfhiontair nó eintitis chomhlachaithe atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna de chuid an eintitis thuairiscithe, breithnítear iad i measc gnáthscaireanna féideartha an eintitis thuairiscithe chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh. Ar an mbealach céanna, roghanna nó barántais arna n-eisiúint ag fochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe chun gnáthscaireanna an eintitis thuairiscithe a cheannach, breithnítear iad i measc gnáthscaireanna féideartha an eintitis thuairiscithe agus tuilleamh caolaithe comhdhlúite in aghaidh na scaire á ríomh.

    A12

    Chun an iarmhairt ó thaobh tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire de atá ag ionstraimí arna n-eisiúint ag eintiteas tuairiscithe atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna de chuid fochuideachta, comhfhiontair nó eintitis chomhlachaithe a chinneadh, toimhdítear go bhfuil na hionstraimí comhshóite agus déantar an t-uimhreoir (brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith shealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais) a choigeartú de réir mar is gá i gcomhréir le mír 33. Sa bhreis ar na coigeartuithe sin, déantar an t-uimhreoir a choigeartú le haghaidh aon athrú ar an mbrabús nó caillteanas a thaifead an t-eintiteas tuairiscithe (amhail ioncam ó dhíbhinní nó ioncam ó mhodh an chothromais) atá inchurtha i leithis an méadú ar líon gnáthscaireanna na fochuideachta, an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe atá gan íoc de thoradh an chomhshó thoimhdithe. Ní dhéantar difear d’ainmneoir ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire mar gheall nach n-athródh líon gnáthscaireanna an eintitis thuairiscithe gan íoc ar chomhshó toimhdithe.

    Ionstraimí cothromais rannpháirteacha agus gnáthscaireanna dhá-aicme

    A13

    Áirítear le cothromas roinnt eintiteas:

    (a)

    ionstraimí atá rannpháirteach i ndíbhinní le gnáthscaireanna de réir foirmle réamhchinntithe (mar shampla, péire ar leathphraghas) agus a mbíonn uasteorainn, uaireanta, ar an méid rannpháirtíochta (mar shampla, chomh hard le méid sonraithe in aghaidh na scaire ach gan bheith níos airde ná sin);

    (b)

    aicme gnáthscaireanna ag a bhfuil ráta díbhinne atá éagsúil ó ráta aicme eile gnáthscaireanna ach nach bhfuil réamhchearta ná cearta sinsearacha aici.

    A14

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, toimhdítear comhshó do na hionstraimí ar a dtugtar tuairisc i mír A13 atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna má tá iarmhairt chaolúcháin i gceist. Maidir leis na hionstraimí sin nach bhfuil in-chomhshóite chuig aicme gnáthscaireanna, leithdháiltear brabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse chuig na haicmí éagsúla scaireanna agus chuig na hionstraimí cothromais rannpháirteacha i gcomhréir lena gcearta díbhinní nó lena gcearta chun bheith rannpháirteach i dtuilleamh coimeádta. Chun tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh:

    (a)

    déantar brabús nó caillteanas atá inchurtha i leith sealbhóirí gnáthchothromais an mháthairghnóthais a choigeartú (laghdaítear brabús agus méadaítear caillteanas) faoin méid díbhinní a dhearbhaítear sa tréimhse le haghaidh gach aicme scaireanna agus faoin méid conarthach díbhinní (nó ús ar bhannaí rannpháirteacha) nach mór a íoc le haghaidh na tréimhse (mar shampla, díbhinní carnacha neamhíoctha);

    (b)

    leithdháiltear an brabús nó caillteanas atá fanta ar ghnáthscaireanna agus ar ionstraimí cothromais rannpháirteacha a mhéid a roinneann gach ionstraim sa tuilleamh amhail agus gur leithdháileadh an brabús nó caillteanas ar fad le haghaidh na tréimhse. Cinntear an méid iomlán brabúis nó caillteanais a leithdháiltear ar gach aicme ionstraime cothromais tríd an méid a leithdháiltear le haghaidh díbhinní agus an méid a leithdháiltear le haghaidh gné rannpháirtíochta a shuimiú le chéile;

    (c)

    roinntear an méid iomlán brabúis nó caillteanais a leithdháiltear ar gach aicme ionstraime cothromais faoin líon ionstraimí gan íoc a leithdháiltear an tuilleamh orthu chun tuilleamh in aghaidh na scaire a chinneadh le haghaidh na hionstraime.

    Chun tuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire a ríomh, áirítear na gnáthscaireanna féideartha ar fad a thoimhdítear a eisíodh le gnáthscaireanna gan íoc.

    Scaireanna páirtíoctha

    A15

    I gcás ina n-eisítear gnáthscaireanna ach nach n-íoctar go hiomlán iad, caitear leo i ríomh an tuillimh bhunúsaigh in aghaidh na scaire mar chodán de ghnáthscair a mhéid a bhí siad i dteideal a bheith rannpháirteach i ndíbhinní le linn na tréimhse i gcoibhneas le gnáthscair láníoctha.

    A16

    A mhéid nach bhfuil scaireanna páirtíoctha i dteideal a bheith rannpháirteach i ndíbhinní le linn na tréimhse, caitear leo mar choibhéiseach le barántais nó roghanna i ríomh an tuillimh chaolaithe in aghaidh na scaire. Toimhdítear gurb ionann an t-iarmhéid neamhíoctha agus fáltais a úsáidtear chun gnáthscaireanna a cheannach. Is éard atá sa líon scaireanna a áirítear i dtuilleamh caolaithe in aghaidh na scaire an difríocht idir an líon scaireanna suibscríofa agus an líon scaireanna a thoimhdítear a ceannaíodh.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 34

    Tuairisciú Airgeadais Eatramhach

    CUSPÓIR

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo inneachar íosta tuarascála airgeadais eatramhaí a fhorordú agus na prionsabail maidir le haitheantas agus tomhas i ráitis airgeadais chomhiomlána nó chomhdhlúite le haghaidh idirthréimhse a fhorordú. Le tuairisciú airgeadais eatramhach atá tráthúil agus iontaofa, cuirtear feabhas ar chumas infheisteoirí, creidiúnaithe agus eile tuiscint a fháil ar inniúlachtaí eintitis chun tuilleamh agus sreafaí airgid a ghiniúint agus ar a staid airgeadais agus leachtachta.

    RAON FEIDHME

    1

    Ní thugtar sainordú leis an gCaighdeán seo faoi cén eintitis ba cheart a cheangal orthu tuarascálacha airgeadais eatramhacha a fhoilsiú, cé chomh minic nó cé chomh luath i ndiaidh deireadh idirthréimhse. Mar sin féin, is minic a cheanglaíonn rialtais, rialtóirí urrús, stocmhalartáin agus comhlachtaí cuntasaíochta ar eintitis a dhéantar a bhfiachas nó a n-urrúis chothromais a thrádáil go poiblí, tuarascálacha airgeadais eatramhacha a fhoilsiú. Tá feidhm ag an gcaighdeán seo i gcás ina gceanglaítear ar eintiteas tuarascáil airgeadais eatramhach a fhoilsiú, nó go roghnaíonn sé tuarascáil airgeadais eatramhach a fhoilsiú, i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna). Spreagann an Coiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (19) eintitis arna liostú ar stocmhalartán chun tuarascálacha airgeadais eatramhacha a sholáthar a chomhlíonann na prionsabail um aitheantas, tomhas agus nochtadh a leagtar amach sa chaighdeán seo. Go sonrach, spreagtar eintitis arna liostú ar stocmhalartán:

    (a)

    tuarascálacha airgeadais eatramhacha a sholáthar ar a laghad ó dheireadh na chéad leithe dá mbliain airgeadais; agus

    (b)

    a dtuarascálacha airgeadais eatramhacha a chur ar fáil tráth nach déanaí ná 60 lá i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse.

    2

    Déantar meastóireacht ar gach tuarascáil airgeadais, bíodh sí bliantúil nó eatramhach, aisti féin maidir le comhlíonadh na IFRSanna. An fíoras go bhféadfaí nár sholáthair eintiteas tuarascálacha airgeadais eatramhacha le linn bliain airgeadais áirithe, nó go bhféadfaí gur sholáthair sé tuarascálacha airgeadais eatramhacha nach gcomhlíonann an caighdeán seo, ní chuireann sin cosc ar ráitis airgeadais bhliantúla an eintitis IFRSanna a chomhlíonadh, i gcás ina gcomhlíonann siad ina mhalairt de chás iad.

    3

    I gcás ina dtugtar tuairisc ar thuarascáil airgeadais eatramhach eintitis mar thuarascáil a chomhlíonann IFRSanna, ní mór di ceanglais uile an chaighdeáin seo a chomhlíonadh. Le mír 19, éilítear nochtaí áirithe i ndáil leis sin.

    SAINMHÍNITHE

    4

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is idirthréimhse ann tréimhse tuairiscithe airgeadais atá níos giorra ná bliain airgeadais iomlán.

     

    Ciallaíonn tuarascáil airgeadais eatramhach tuarascáil airgeadais ina bhfuil tacar iomlán de ráitis airgeadais (mar a dtugtar tuairisc air in IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)) nó tacar ráiteas airgeadais comhdhlúite (mar a dtugtar tuairisc air sa Chaighdeán seo) le haghaidh idirthréimhse.

    INNEACHAR TUARASCÁLA AIRGEADAIS EATRAMHAÍ

    5

    Cuimsítear an méid a leanas i dtacar iomlán de ráitis airgeadais, de réir an tsainmhínithe a thugtar orthu in IAS 1:

    (a)

    ráiteas maidir le staid airgeadais ag deireadh na tréimhse;

    (b)

    ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na tréimhse;

    (c)

    ráiteas ar athruithe sa chothromas le haghaidh na tréimhse;

    (d)

    ráiteas ar shreafaí airgid le haghaidh na tréimhse;

    (e)

    nótaí, ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta agus faisnéis eile mhíniúcháin;

    (ea)

    faisnéis chomparáideach i leith na tréimhse roimhe sin mar a shonraítear i míreanna 38 agus 38A de IAS 1; agus

    (f)

    ráiteas maidir le staid airgeadais ag tús na tréimhse roimhe sin i gcás ina gcuireann eintiteas beartas cuntasaíochta i bhfeidhm go cúlghabhálach nó ina ndéanann sé athráiteas cúlghabhálach ar mhíreanna ina ráitis airgeadais, nó i gcás ina n-athaicmíonn sé míreanna ina ráitis airgeadais i gcomhréir le míreanna 40A–40D de IAS 1.

    Féadfaidh eintiteas teidil a úsáid le haghaidh na ráiteas nach iad na teidil a úsáidtear sa Chaighdeán seo. Mar shampla, féadfaidh eintiteas an teideal ‘ráiteas ar ioncam cuimsitheach’ a úsáid in ionad ‘ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile’.

    6

    Ar mhaithe le tráthúlacht agus cúinsí costais agus chun athshonrú ar fhaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin a chosc, d’fhéadfaí a éileamh ar eintiteas, nó féadfaidh eintiteas roghnú, níos lú faisnéise a sholáthar ar dhátaí eatramhacha, i gcomparáid lena ráitis airgeadais bhliantúla. Tugtar sainmhíniú sa chaighdeán seo ar inneachar íosta tuarascála airgeadais eatramhaí mar ráitis airgeadais chomhdhlúite agus nótaí míniúcháin roghnaithe a bheith san áireamh ann. Tá an tuarascáil airgeadais eatramhach beartaithe nuashonrú ar an tacar iomlán is déanaí de ráitis airgeadais bhliantúla a sholáthar. Dá réir sin, díríonn sé ar ghníomhaíochtaí, ar theagmhais agus ar imthosca nua agus ní dhéanann sé faisnéis a tuairiscíodh roimhe sin a dhúbláil.

    7

    Níl aon rud sa chaighdeán seo beartaithe eintiteas a chosc nó a dhíspreagadh maidir le tacar iomlán de ráitis airgeadais a fhoilsiú (mar a dtugtar tuairisc air in IAS 1) ina thuarascáil airgeadais eatramhach, seachas ráitis airgeadais chomhdhlúite agus nótaí míniúcháin roghnaithe. Ní chuireann an caighdeán seo cosc ar eintiteas níos mó ná na míreanna líne íosta nó na nótaí míniúcháin roghnaithe mar a leagtar amach sa chaighdeán seo iad, a chur san áireamh i ráitis airgeadais eatramhacha chomhdhlúite, ná ní thugann an caighdeán seo díspreagadh d’eintiteas amhlaidh a dhéanamh. Tá feidhm freisin ag an treoraíocht um aitheantas agus tomhas sa chaighdeán seo maidir le ráitis airgeadais chomhiomlána le haghaidh idirthréimhse, agus d’áireofaí i ráitis den sórt sin na nochtaí ar fad a éilítear leis an gcaighdeán seo (go háirithe na nochtaí nóta roghnaithe i mír 16A) chomh maith leis na nochtaí a éilítear le IFRSanna eile.

    Comhpháirteanna íosta de thuarascáil airgeadais eatramhach

    8

    Áireofar i dtuarascáil airgeadais eatramhach, ar a laghad, na comhpháirteanna a leanas:

    (a)

    ráiteas comhdhlúite maidir le staid airgeadais;

    (b)

    ráiteas comhdhlúite nó ráitis chomhdhlúite maidir le brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile;

    (c)

    ráiteas comhdhlúite ar athruithe sa chothromas;

    (d)

    ráiteas comhdhlúite ar shreafaí airgid; agus

    (e)

    nótaí míniúcháin roghnaithe.

    8A

    Má chuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 (arna leasú in 2011), cuireann sé faisnéis eatramhach chomhdhlúite ón ráiteas sin i láthair.

    Foirm agus inneachar ráiteas airgeadais eatramhach

    9

    Má fhoilsíonn eintiteas tacar iomlán de ráitis airgeadais ina thuarascáil airgeadais eatramhach, comhlíonfaidh foirm agus inneachar na ráiteas sin le ceanglais IAS 1 maidir le tacar iomlán de ráitis airgeadais.

    10

    Má fhoilsíonn eintiteas tacar comhdhlúite de ráitis airgeadais ina thuarascáil airgeadais eatramhach, áireofar sna ráitis chomhdhlúite sin, ar a laghad, gach ceann de na ceannteidil agus na fo-iomláin a áiríodh ina ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí agus na nótaí míniúcháin roghnaithe a éilítear leis an gcaighdeán seo. Áireofar míreanna líne nó nótaí breise i gcás ina mbeadh na ráitis airgeadais eatramhacha míthreorach dá bhfágfaí ar lár iad.

    11

    Sa ráiteas ina gcuirtear na comhpháirteanna brabúis nó caillteanais le haghaidh idirthréimhse i láthair, cuirfidh eintiteas tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire le haghaidh na tréimhse sin i láthair, nuair atá an t-eintiteas faoi raon feidhme IAS 33 Tuilleamh in aghaidh na Scaire (20).

    11A

    Má chuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 (arna leasú in 2011), cuireann sé tuilleamh bunúsach agus caolaithe in aghaidh na scaire i láthair sa ráiteas sin.

    12

    Tugtar treoraíocht in IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) faoi struchtúr ráiteas airgeadais. Sa Treoraíocht maidir le Cur Chun Feidhme IAS 1, léirítear bealaí ina bhféadtar an ráiteas maidir le staid airgeadais, an ráiteas ar ioncam cuimsitheach agus an ráiteas ar athruithe sa chothromas a chur i láthair.

    14

    Ullmhaítear tuarascáil airgeadais eatramhach ar bhonn comhdhlúite i gcás gur ráitis chomhdhlúite a bhí i ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí an eintitis. Níl ráitis airgeadais ar leithligh an mháthairghnóthais comhsheasmhach nó inchomparáide leis na ráitis chomhdhlúite sa tuarascáil airgeadais bhliantúil is déanaí. Má áiríodh ráitis airgeadais ar leithligh an mháthairghnóthais i dtuarascáil airgeadais bhliantúil eintitis, sa bhreis ar ráitis airgeadais chomhdhlúite, ní éilítear leis an gcaighdeán seo ráitis airgeadais ar leithligh an mháthairghnóthais a chur san áireamh i dtuarascáil airgeadais eatramhach an eintitis, ná ní chuireann an caighdeán cosc air sin.

    Teagmhais agus idirbhearta suntasacha

    15

    Cuirfidh eintiteas san áireamh ina thuarascáil airgeadais eatramhach míniú ar imeachtaí agus idirbhearta atá suntasach chun tuiscint a fháil ar na hathruithe ar an staid airgeadais agus ar fheidhmíocht an eintitis ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla deireanaí. Leis an bhfaisnéis a nochtar i ndáil leis na himeachtaí agus idirbhearta sin, tabharfar an fhaisnéis ábhartha a chuirtear i láthair sa tuarascáil airgeadais bhliantúil is déanaí cothrom le dáta.

    15A

    Beidh rochtain ag an té a úsáideann tuarascáil airgeadais eatramhach eintitis ar an tuarascáil airgeadais bhliantúil is déanaí de chuid an eintitis sin. Dá bhrí sin, ní gá nuashonruithe atá réasúnta neamhshuntasach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh sa tuarascáil airgeadais bhliantúil is déanaí a sholáthar sna nótaí le tuarascáil airgeadais eatramhach.

    15B

    Seo a leanas liosta teagmhas agus idirbheart a d’eileofaí nochtaí ina leith dá mbeidís suntasach: ní liosta uileghabhálach é.

    (a)

    díluacháil fardal chuig glanluach inréadaithe agus cealú díluachála den sórt sin;

    (b)

    caillteanas ó lagú sócmhainní airgeadais, réadmhaoin, gléasra agus trealamh, sócmhainní doláimhsithe, sócmhainní a eascraíonn as conarthaí le custaiméirí, nó aitheantas sócmhainní eile, agus cealú caillteanais lagaithe den sórt sin;

    (c)

    cealú aon fhoráil maidir le costais athstruchtúraithe;

    (d)

    éadálacha agus diúscairtí míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh;

    (e)

    gealltanais maidir le réadmhaoin, gléasra agus trealamh a cheannach;

    (f)

    socraíochtaí dlíthíochta;

    (g)

    ceartúcháin ar earráidí réamhthréimhse;

    (h)

    athruithe ar imthosca gnó nó eacnamaíocha a dhéanann difear do luach cóir shócmhainní airgeadais agus dhliteanais airgeadais an eintitis, cibé acu ar luach cóir nó ar chostas amúchta a aithnítear na sócmhainní nó dliteanais sin;

    (i)

    aon iasacht ar mainneachtain nó sárú ar chomhaontú iasachta nár réitíodh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nó roimhe sin;

    (j)

    idirbhearta páirtithe gaolmhara;

    (k)

    aistrithe idir leibhéil den ordlathas luacha chóir a úsáidtear chun luach cóir ionstraimí airgeadais a thomhas;

    (l)

    athruithe ar aicmiú sócmhainní airgeadais de thoradh athrú ar chuspóir nó ar úsáid na sócmhainní sin; agus

    (m)

    athruithe ar dhliteanais theagmhasacha nó ar shócmhainní teagmhasacha.

    15C

    Tugann IFRSanna aonair treoraíocht i dtaca le ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh go leor de na míreanna atá liostaithe i mír 15B. Nuair atá teagmhas nó idirbheart suntasach chun na hathruithe ar staid airgeadais nó ar fheidhmíocht eintitis ón tréimhse tuairiscithe bhliantúil dheireanach a thuiscint, ba cheart dá thuarascáil airgeadais eatramhach míniú agus nuashonrú ar an bhfaisnéis ábhartha a chur san áireamh i ráitis airgeadais na tréimhse tuairiscithe bliantúla deireanaí.

    16

    [Scriosta]

    Nochtaí eile

    16A

    Sa bhreis ar theagmhais agus idirbhearta suntasacha a nochtadh i gcomhréir le míreanna 15–15C, cuirfidh eintiteas an fhaisnéis seo a leanas san áireamh sna nótaí lena ráitis airgeadais eatramhacha nó áit éigin eile sa tuarascáil airgeadais eatramhach. Tabharfar na nochtaí a leanas sna ráitis airgeadais eatramhacha nó corprófar iad trí chrostagairt ó na ráitis airgeadais eatramhacha go dtí ráiteas éigin eile (amhail tráchtaireacht bhainistíochta nó tuairisc ar rioscaí) atá ar fáil d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais ar na téarmaí céanna agus atá na ráitis airgeadais eatramhacha ar fáil dóibh agus an tráth céanna. I gcás nach bhfuil rochtain ag úsáideoirí na ráiteas airgeadais ar an bhfaisnéis atá corpraithe trí chrostagairt ar na téarmaí céanna agus an tráth céanna, tá an tuarascáil airgeadais eatramhach neamhiomlán. Ba cheart an fhaisnéis a thuairisciú ar bhonn airgeadais bliain go dáta, de ghnáth.

    (a)

    ráiteas go leantar na beartais chuntasaíochta agus na modhanna ríomha céanna sna ráitis airgeadais eatramhacha i gcomparáid leis na ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí nó, má athraíodh na beartais nó na modhanna sin, tuairisc ar chineál agus éifeacht na n-athruithe.

    (b)

    barúlacha mínitheacha maidir le séasúracht nó timthriallacht na n-oibríochtaí eatramhacha.

    (c)

    cineál agus méid na míreanna a dhéanann difear do shócmhainní, dliteanais, cothromas, glanioncam nó sreafaí airgid ar neamhghnách iad de bharr a gcineáil, a méide nó a minicíochta.

    (d)

    cineál agus méid na n-athruithe i meastacháin ar mhéideanna a tuairiscíodh in idirthréimhsí na bliana airgeadais reatha nó athruithe ar mheastacháin ar mhéideanna a tuairiscíodh i mblianta roimhe sin.

    (e)

    eisiúintí, athcheannaigh agus aisíocaíochtaí fiach agus urrúis chothromais.

    (f)

    díbhinní arna n-íoc (comhiomlán nó in aghaidh na scaire) ar leithligh le haghaidh gnáthscaireanna agus scaireanna eile.

    (g)

    an fhaisnéis deighleoige a leanas (ní éilítear nochtadh faisnéise deighleoige i dtuarascáil airgeadais eatramhach eintitis ach amháin i gcás ina n-éilítear le IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin ar an eintiteas faisnéis deighleoige a nochtadh ina ráitis airgeadais bhliantúla):

    (i)

    ioncam ó chustaiméirí seachtracha, i gcás ina n-áirítear é sa tomhas ar bhrabús nó caillteanas deighleoige arna athbhreithniú ag an bpríomhchinneadóir oibriúcháin nó arna chur ar fáil go tráthrialta don phríomhchinneadóir oibriúcháin.

    (ii)

    ioncam idirdheighleoige, i gcás ina n-áirítear iad sa tomhas ar bhrabús nó caillteanas deighleoige arna athbhreithniú ag an bpríomhchinneadóir oibriúcháin nó arna chur ar fáil go tráthrialta don phríomhchinneadóir oibriúcháin.

    (iii)

    tomhas ar bhrabús nó caillteanas deighleoige.

    (iv)

    tomhas ar shócmhainní agus dliteanais iomlána le haghaidh deighleog intuarascála áirithe i gcás ina soláthraítear méideanna den sórt sin don phríomhchinneadóir oibriúcháin go tráthrialta agus i gcás ina raibh athrú ábhartha ón méid a nochtadh sna ráitis airgeadais bhliantúla dheireanacha le haghaidh na deighleoige intuarascála sin.

    (v)

    tuairisc ar dhifríochtaí ó na ráitis airgeadais bhliantúla dheireanacha sa bhonn deighilte nó sa bhonn tomhais ar bhrabús nó caillteanas deighleoige.

    (vi)

    iomlán thomhais na ndeighleog intuarascála ar bhrabús nó caillteanas a réiteach le brabús nó caillteanas an eintitis roimh chaiteachas cánach (ioncam cánach) agus oibríochtaí scortha. I gcás ina leithdháileann eintiteas míreanna amhail caiteachas cánach (ioncam cánach) ar dheighleoga intuarascála, áfach, féadfaidh an t-eintiteas iomlán thomhais na ndeighleog ar bhrabús nó caillteanas a réiteach le brabús nó caillteanas i ndiaidh na míreanna sin. Aithneofar míreanna réitigh ábhair ar leithligh agus tabharfar tuairisc orthu sa réiteach sin.

    (h)

    imeachtaí i ndiaidh na hidirthréimhse nár léiríodh sna ráitis airgeadais don idirthréimhse iad.

    (i)

    éifeacht na n-athruithe i gcomhdhéanamh an eintitis i rith na hidirthréimhse, lena n-áirítear comhcheangail ghnó, rialú ar fhochuideachtaí, ar infheistíochtaí fadtéarmacha, ar athstruchtúruithe agus ar oibríochtaí lascainithe a fháil nó a chailleadh. I gcás comhcheangal gnó, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis a éilítear le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó.

    (j)

    maidir le hionstraimí airgeadais, na nochtaí maidir le luach cóir a éilítear le míreanna 91–93(h), 94–96, 98 agus 99 de IFRS 13 Tomhas Luach Cóir agus le míreanna 25, 26 agus 28–30 de IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe.

    (k)

    maidir le heintitis atá ag teacht chun bheith ina n-eintitis infheistíochta, nó ag scor de bheith ina n-eintitis infheistíochta, mar a shonraítear in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, na nochtaí in IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile mír 9B.

    (l)

    dí-chomhiomlánú ioncam ó chonarthaí le custaiméirí a éilítear le míreanna 114–115 de IFRS 15 Ioncam ó chonarthaí le custaiméirí.

    17-18 bliana

    [Scriosta]

    Comhlíontacht le IFRSanna a nochtadh

    19

    Má chomhlíonann tuarascáil airgeadais eatramhach eintitis an caighdeán seo, nochtfar an méid sin. Ní thabharfar de thuairisc ar thuarascáil airgeadais eatramhach go gcomhlíonann sí IFRSanna mura gcomhlíonann sí ceanglais uile IFRSanna.

    Tréimhsí ar ina leith a éilítear ráitis airgeadais eatramhacha a chur i láthair

    20

    Áireofar i dtuarascálacha eatramhacha ráitis airgeadais eatramhacha (comhdhlúite nó comhiomlán) le haghaidh tréimhsí mar a leanas:

    (a)

    ráiteas maidir le staid airgeadais ó dheireadh na hidirthréimhse reatha agus ráiteas comparáideach maidir le staid airgeadais ó dheireadh na bliana airgeadais díreach roimhe sin.

    (b)

    ráitis ar bhrabús nó caillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na hidirthréimhse reatha agus go carnach le haghaidh na bliana airgeadais go dáta, le ráitis chomparáideacha ar bhrabús nó caillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na n-idirthréimhsí inchomparáide (reatha agus bliain go dáta) den bhliain airgeadais díreach roimhe sin. Mar a cheadaítear le IAS 1 (arna leasú in 2011), féadfaidh tuarascáil eatramhach ráiteas nó ráitis ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair le haghaidh gach tréimhse.

    (c)

    ráiteas ar athruithe sa chothromas go carnach le haghaidh na bliana airgeadais reatha go dáta, agus ráiteas comparáideach le haghaidh na tréimhse inchomparáide den bhliain go dáta sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin.

    (d)

    ráiteas ar shreafaí airgid go carnach le haghaidh na bliana airgeadais reatha go dáta, agus ráiteas comparáideach le haghaidh na tréimhse inchomparáide den bhliain go dáta sa bhliain airgeadais díreach roimhe sin.

    21

    Maidir le heintiteas a bhfuil a ghnó thar a bheith séasúrach, d’fhéadfadh faisnéis airgeadais le haghaidh na 12 mí go dtí deireadh na hidirthréimhse agus faisnéis chomparáideach le haghaidh na tréimhse 12 mí roimhe sin a bheith áisiúil. Dá réir sin, moltar d’eintitis a bhfuil a ngnó thar a bheith séasúrach machnamh a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt sin a thuairisciú sa bhreis ar an bhfaisnéis a iarrtar sa mhír roimhe seo.

    22

    Léirítear i gCuid A de na samplaí léiriúcháin a ghabhann leis an gCaighdeán seo na tréimhsí a cheanglaítear ar eintiteas a thuairiscíonn go leathbhliantúil a chur i láthair, agus na tréimhsí a cheanglaítear ar eintiteas a thuairiscíonn go ráithiúil a chur i láthair.

    Ábharthacht

    23

    Agus cinneadh á dhéanamh faoin mbealach le mír a aithint, a thomhas, a aicmiú nó a nochtadh chun críche tuairisciú airgeadais eatramhach, déanfar measúnú ar ábharthacht i ndáil le sonraí airgeadais na hidirthréimhse. Agus measúnuithe ar ábharthacht á ndéanamh, aithneofar go bhféadfaidh tomhais idirthréimhse brath ar mheastacháin níos mó ná tomhais sonraí airgeadais bliantúla.

    24

    Le IAS 1, sainmhínítear faisnéis ábhartha agus éilítear nochtadh ar leithligh ar mhíreanna ábhartha, lena n-áirítear (mar shampla) oibríochtaí scortha, agus le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta éilítear nochtadh athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta, earráidí agus athruithe ar bheartais chuntasaíochta. Níl treoraíocht chainníochtaithe maidir le hábharthacht.

    25

    Cé gur gá breithiúnas a úsáid i gcónaí chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht, leis an gcaighdeán seo, bunaítear an cinneadh um aitheantas agus nochtadh ar shonraí le haghaidh na hidirthréimhse léi féin chun go bhféadfaí na figiúirí eatramhacha a thuiscint. Dá réir sin, mar shampla, aithnítear agus nochtar míreanna neamhghnácha, athruithe ar bheartais chuntasaíochta nó ar mheastacháin, agus earráidí ar bhonn ábharthachta i ndáil le sonraí idirthréimhse chun tátail mhíthreoracha a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh neamhnochta a sheachaint. Is é an sprioc fhoriomlán a áirithiú go n-áirítear sa tuarascáil airgeadais eatramhach an fhaisnéis go léir atá ábhartha chun staid airgeadais agus feidhmíocht eintitis le linn na hidirthréimhse a thuiscint.

    NOCHTADH I RÁITIS AIRGEADAIS BHLIANTÚLA

    26

    Má chuirtear athrú suntasach ar mheastachán de mhéid arna thuairisciú in idirthréimhse a athraítear go suntasach i rith na hidirthréimhse deiridh den bhliain airgeadais ach nach bhfoilsítear tuarascáil airgeadais ar leithligh le haghaidh na hidirthréimhse deiridh sin, nochtfar cineál agus méid an athraithe sin ar an meastachán i nóta leis na ráitis airgeadais bhliantúla le haghaidh na bliana airgeadais sin.

    27

    Le IAS 8, ceanglaítear ar eintiteas cineál agus (más indéanta) méid an athraithe ar mheastachán a bhfuil éifeacht ábhartha aige sa tréimhse reatha nó a bhfuil coinne leis go mbeidh éifeacht ábhartha aige i dtréimhsí dá éis sin a nochtadh. Le mír 16A(d) den chaighdeán seo, éilítear nochtadh comhchosúil i dtuarascáil airgeadais eatramhach. Ar shamplaí de sin tá athruithe ar mheastachán san idirthréimhse deiridh a bhaineann le díluacháil fardail, athstruchtúrú, nó caillteanais lagaithe a tuairiscíodh in idirthréimhse níos luaithe den bhliain airgeadais. Tá an nochtadh a éilítear leis an mír roimhe seo comhsheasmhach leis an gceanglas in IAS 8 agus tá sé beartaithe raon feidhme cúng a bheith aige — nach mbaineann ach leis an athrú ar an meastachán. Ní cheanglaítear ar eintiteas faisnéis airgeadais bhreise maidir le hidirthréimhse a chur san áireamh ina ráitis airgeadais bhliantúla.

    AITHEANTAS AGUS TOMHAS

    Beartais chuntasaíochta atá mar an gcéanna le beartais bhliantúla

    28

    Cuirfidh eintiteas na beartais chuntasaíochta chéanna i bhfeidhm ina ráitis airgeadais eatramhacha agus a chuireann sé i bhfeidhm ina ráitis airgeadais bhliantúla, ach amháin i gcás athruithe ar bheartais chuntasaíochta a dhéantar i ndiaidh dháta na ráiteas airgeadais bliantúil is déanaí atá le léiriú sna chéad ráitis airgeadais bhliantúla eile. Ní dhéanfaidh minicíocht tuairiscithe eintitis (bliantúil, leathbhliantúil nó ráithiúil) difear do thomhas a thorthaí bliantúla, áfach. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, is ar bhonn bliain go dáta a dhéanfar tomhais chun críoch tuairiscithe bliantúla.

    29

    D’fhéadfaí a cheapadh go dtugtar le fios leis an gceanglas go gcuirfidh eintiteas na beartais chuntasaíochta chéanna i bhfeidhm ina ráitis airgeadais eatramhacha agus a chuireann sé i bhfeidhm ina ráitis bhliantúla, go ndéantar tomhais idirthréimhse amhail agus go seasann gach idirthréimhse léi féin mar thréimhse tuairiscithe neamhspleách. Tríd an bhforáil nach ndéanfaidh minicíocht tuairiscithe eintitis difear do thomhas a thorthaí bliantúla, áfach, admhaítear le mír 28 gur chuid de bhliain airgeadais níos mó í idirthréimhse. Féadfaidh athruithe ar mheastacháin de mhéideanna a tuairiscíodh in idirthréimhsí roimhe sin den bhliain airgeadais reatha a bheith i gceist le tomhais bliain go dáta. Ach is iad na prionsabail chéanna a úsáidtear chun sócmhainní, dliteanais, ioncam, agus speansais a aithint in idirthréimhsí agus i gcuntais bhliantúla.

    30

    Chun na nithe a leanas a léiriú:

    (a)

    tá na prionsabail chun caillteanais ó dhíluacháil fardail, athstruchtúrú nó lagaithe in idirthréimhse a aithint agus a thomhas mar an gcéanna leis na prionsabail a leanfadh eintiteas i gcás nach n-ullmhódh sé ach ráitis airgeadais bhliantúla. I gcás ina n-aithnítear agus ina dtomhaistear míreanna den sórt sin in idirthréimhse amháin agus ina n-athraíonn an meastachán in idirthréimhse dá éis sin den bhliain airgeadais sin, áfach, athraítear an meastachán bunaidh san idirthréimhse ina dhiaidh sin trí fhabhrú méid breise caillteanais nó trí chealú an mhéid a aithníodh roimhe sin;

    (b)

    costas nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar shócmhainn ag deireadh idirthréimhse, ní chuirtear siar é sa ráiteas maidir le staid airgeadais chun fanacht ar fhaisnéis sa todhchaí maidir le cé acu ar chomhlíon sé nó nár chomhlíon sé an sainmhíniú ar shócmhainn ná chun tuilleamh a dhéanamh níos réidhe thar idirthréimhsí laistigh de bhliain airgeadais; agus

    (c)

    aithnítear speansas cánach ioncaim i ngach idirthréimhse bunaithe ar an meastachán is fearr ar mheán ualaithe an ráta cánach ioncaim a bhfuil coinne leis le haghaidh na bliana airgeadais ina hiomláine. Féadfaidh sé gur gá méideanna fabhraithe le haghaidh speansas cánach ioncaim in idirthréimhse amháin a choigeartú in idirthréimhse den bhliain airgeadais sin dá éis sin i gcás ina n-athraíonn an meastachán ar an ráta cánach ioncaim bliantúil.

    31

    Faoin gCreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais (Creat Coincheapúil), is éard is aitheantas ann an próiseas ina ngabhtar mír a chomhlíonann an sainmhíniú ar cheann de ghnéithe na ráiteas airgeadais, chun í a chur san áireamh sa ráiteas maidir le staid airgeadais nó sa ráiteas (nó sna ráitis) ar fheidhmíocht airgeadais. Tá na sainmhínithe ar shócmhainní, dliteanais, ioncam agus speansais bunúsach le haghaidh aitheantais, ag deireadh na dtréimhsí tuairiscithe airgeadais eatramhaí agus bliantúla araon.

    32

    Maidir le sócmhainní, tá feidhm ag na tástálacha céanna um thairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo ar dhátaí eatramhacha agus ag deireadh bliana airgeadais eintitis. Costais nach gcáileodh mar shócmhainní ag deireadh bliana airgeadais, de bharr a gcineáil, ní cháileoidís ar dhátaí eatramhacha ach oiread. Mar an gcéanna, ní mór do dhliteanas ag deireadh tréimhse tuairiscithe eatramhaí oibleagáid a bhí ann cheana ar an dáta sin a léiriú, ar an mbealach céanna nach mór dó amhlaidh a dhéanamh ag deireadh tréimhse tuairiscithe bliantúla.

    33

    Saintréith fhíor-riachtanach d’ioncam agus de speansais is ea gur tharla na hinsreafaí agus na heis-sreafaí sócmhainní agus dliteanas cheana féin. Má tharla na hinsreafaí agus na heis-sreafaí sin cheana féin, aithnítear an t-ioncam agus an speansas gaolmhar; ní aithnítear iad ina mhalairt de chás. Ní cheadaíonn an Creat Coincheapúil míreanna nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar aitheantas sócmhainní nó dliteanas sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

    34

    Agus na sócmhainní, an t-ioncam, na speansais agus na sreafaí airgid a thuairiscíonn sé ina ráitis airgeadais a thomhas, féadfaidh eintiteas nach dtuairiscíonn ach ar bhonn bliantúil faisnéis a thagann chun cinn le linn na bliana airgeadais a chur san áireamh. Is ar bhonn bliain go dáta atá a thomhais i ndáiríre.

    35

    Baineann eintiteas a thuairiscíonn ar bhonn leathbhliantúil úsáid as faisnéis atá ar fáil faoi lár na bliana nó beagán ina dhiaidh sin chun na tomhais a dhéanamh ina ráitis airgeadais le haghaidh na chéad tréimhse 6 mhí agus faisnéis atá ar fáil faoi dheireadh na bliana nó beagán ina dhiaidh sin le haghaidh na tréimhse 12 mhí. Léireoidh na tomhais 12 mhí athruithe féideartha ar mheastacháin de mhéideanna arna dtuairisciú le haghaidh na chéad tréimhse 6 mhí. Ní dhéantar na méideanna arna dtuairisciú sa tuarascáil airgeadais eatramhach le haghaidh na chéad tréimhse 6 mhí a choigeartú go cúlghabhálach. Le míreanna 16A(d) agus 26, áfach, éilítear cineál agus méid aon athrú suntasach ar mheastacháin a nochtadh.

    36

    Eintiteas a thuairiscíonn níos minice ná ar bhonn leathbhliantúil, tomhaiseann sé ioncam agus speansais ar bhonn bliain go dáta le haghaidh gach idirthréimhse ag úsáid na faisnéise atá ar fáil an tráth a ullmhaítear gach tacar de ráitis airgeadais. Léireoidh méideanna ioncaim agus speansas a thuairiscítear san idirthréimhse reatha aon athrú ar mheastacháin de mhéideanna a tuairiscíodh in idirthréimhsí roimhe sin den bhliain airgeadais. Ní dhéantar na méideanna a thuairiscítear in idirthréimhsí roimhe sin a choigeartú go cúlghabhálach. Le míreanna 16A(d) agus 26, áfach, éilítear cineál agus méid aon athrú suntasach ar mheastacháin a nochtadh.

    Ioncam a fhaightear go séasúrach, go timthriallach nó go hócáideach

    37

    Ní dhéanfar ioncam a fhaightear go séasúrach, go timthriallach nó go hócáideach a thuar roimh ré nó a chur siar ó dháta eatramhach más rud é nach mbeadh tuar ná iarchur iomchuí ag deireadh bhliain airgeadais an eintitis.

    38

    Ar shamplaí de sin tá ioncam ó dhíbhinní, dleachtanna agus deontais rialtais. Sa bhreis air sin, tuilleann roinnt eintiteas níos mó ioncaim in idirthréimhsí áirithe de bhliain airgeadais seachas in idirthréimhsí eile go comhsheasmhach, mar shampla, ioncam séasúrach miondíoltóirí. Aithnítear ioncaim den sórt sin nuair a tharlaíonn siad.

    Costais a tabhaíodh go míchothrom le linn na bliana airgeadais

    39

    Déanfar costais a tabhaíodh go míchothrom le linn bliain airgeadais eintitis a thuar nó a chur siar chun críoch tuairiscithe bliantúla i gcás gurb iomchuí an cineál sin costais a thuar nó a chur siar ag deireadh na bliana airgeadais agus sa chás sin amháin.

    Prionsabail aitheantais agus tomhais a chur i bhfeidhm

    40

    I gCuid B de na samplaí léiriúcháin a ghabhann leis an gCaighdeán seo, tugtar samplaí de na prionsabail aitheantais agus tomhais a leagtar amach i míreanna 28-39 a chur i bhfeidhm.

    Úsáid a bhaint as meastacháin

    41

    Dearfar na nósanna imeachta tomhais atá le leanúint i dtuarascáil airgeadais eatramhach lena áirithiú go mbeidh an fhaisnéis mar thoradh air sin iontaofa agus go nochtfar go hiomchuí an fhaisnéis ábhartha ar fad atá ábhartha chun thuiscint a fháil ar staid airgeadais nó feidhmíocht an eintitis. Cé go mbunaítear tomhais ar thuarascálacha airgeadais eatramhacha agus bliantúla ar mheastacháin go réasúnta minic, éilítear úsáid níos mó a bhaint as modhanna meastacháin chun tuarascálacha airgeadais eatramhacha a ullmhú ná mar a éilítear i gcás tuarascálacha airgeadais bliantúla, de ghnáth.

    42

    I gCuid C de na samplaí léiriúcháin a ghabhann leis an gCaighdeán seo, tugtar samplaí de mheastacháin a úsáid in idirthréimhsí.

    ATHSHONRÚ IDIRTHRÉIMHSÍ A TUAIRISCÍODH ROIMHE

    43

    Athrú ar bheartas cuntasaíochta, seachas ceann a sonraítear an t-aistriú ina leith in IFRS, léireofar é mar a leanas:

    (a)

    ráitis airgeadais idirthréimhsí roimhe sin sa bhliain airgeadais reatha a athshonrú agus na hidirthréimhsí inchomparáide in aon bhliain airgeadais roimhe sin a athshonrófar sna ráitis airgeadais bhliantúla i gcomhréir le IAS 8;

    (b)

    nuair atá sé dofheidhmithe a chinneadh ag tús na bliana airgeadais an éifeacht charnach a bheadh ag beartas cuntasaíochta nua ar gach réamhthréimhse, ráitis airgeadais idirthréimhsí roimhe sin sa bhliain airgeadais reatha agus idirthréimhsí inchomparáide i mblianta airgeadais roimhe sin a choigeartú chun an beartas cuntasaíochta nua a chur i bhfeidhm go hionchasach ón dáta infheidhmithe is luaithe.

    44

    Is cuspóir amháin den phrionsabal roimhe seo a áirithiú go gcuirfí aon bheartas cuntasaíochta amháin i bhfeidhm maidir le haicme áirithe idirbheart le linn bliain airgeadais iomlán. Faoi IAS 8, léirítear athrú ar bheartas cuntasaíochta le cur i bhfeidhm cúlghabhálach agus le hathshonrú sonraí airgeadais réamhthréimhse chomh fada siar agus is infheidhmithe. I gcás ina bhfuil sé dofheidhmithe méid carnach an choigeartaithe a bhaineann le blianta airgeadais roimhe a shuí, áfach, ansin faoi IAS 8, cuirtear an beartas nua i bhfeidhm go hionchasach ón dáta infheidhmithe is luaithe. Is é an éifeacht atá ag an bprionsabal i mír 43 a éileamh go gcuirfí aon athrú ar bheartas cuntasaíochta i bhfeidhm laistigh den bhliain airgeadais reatha go cúlghabhálach, nó murar infheidhmithe sin, go hionchasach, ó thráth nach déanaí ná tús na bliana airgeadais.

    45

    Ach cead a thabhairt athruithe cuntasaíochta a léiriú ó dháta eatramhach laistigh den bhliain airgeadais, thabharfaí cead dhá bheartas cuntasaíochta dhifriúla a chur i bhfeidhm maidir le haicme áirithe idirbheart laistigh d’aon bhliain airgeadais amháin. Mar thoradh air sin bheadh deacrachtaí eatramhacha leithdháilte, torthaí oibriúcháin doiléirithe, agus anailís agus sothuigtheacht chasta maidir le faisnéis idirthréimhse.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    46

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 1999 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh.

    47

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Sa bhreis air sin, leasaíodh míreanna 4, 5, 8, 11, 12 agus 20, scriosadh mír 13 agus cuireadh míreanna 8A agus 11A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    48

    Le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) leasaíodh mír 16(i). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin freisin.

    49

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh míreanna 15, 27, 35 agus 36, cuireadh míreanna 15A–15C agus 16A leis, agus scriosadh míreanna 16–18. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    50

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, cuireadh mír 16A(j) leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    51

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh míreanna 8, 8A, 11A, agus 20. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    52

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír 5 mar leasú iarmhartach díorthaithe ón leasú ar IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    53

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír 16A. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    54

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh mír 16A. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    55

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 15B agus 16A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    56

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2012–2014, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2014, leasaíodh mír 16A. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    57

    Le Tionscnamh Nochta (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh mír 5. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear an leasú sin a chur i bhfeidhm níos luaithe.

    58

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, arna eisiúint in 2018, leasaíodh míreanna 31 agus 33. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin ar IAS 34 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Má chinneann eintiteas, áfach, go mbeadh an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin dofheidhmithe nó go mbainfeadh costas nó iarracht mhíchuí leis, cuirfidh sé na leasuithe ar IAS 34 i bhfeidhm faoi threoir mhíreanna 43–45 den Chaighdeán seo agus míreanna 23–28, 50–53 agus 54F de IAS 8.

    59

    Le Sainmhíniú ar Ábhartha (Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh mír 24. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus na leasuithe ar an sainmhíniú ar ‘ábhartha’ i mír 7 de IAS 1 agus i míreanna 5 agus 6 de IAS 8 á gcur i bhfeidhm aige.

    60

    Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh mír 5. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 36

    Lagú Sócmhainní

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo na nósanna imeachta a fhorordú a chuireann eintiteas i bhfeidhm lena áirithiú nach dtugtar a shócmhainní ar aghaidh ag luach is mó ná a méid in-aisghabhála. Tugtar sócmhainn ar aghaidh ag méid is mó ná a méid in-aisghabhála i gcás ina sáraíonn a glanluach an méid atá le haisghabháil tríd an tsócmhainn a úsáid nó a dhíol. Más amhlaidh an cás, tugtar de thuairisc ar an tsócmhainn go bhfuil sí lagaithe agus ceanglaítear ar an eintiteas leis an gcaighdeán caillteanas lagaithe a aithint. Sonraíonn an caighdeán cén cás inar cheart d’eintiteas caillteanas lagaithe a chealú agus forordaíonn sé nochtaí.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntas á choinneáil ar lagú na sócmhainní uile, seachas:

    (a)

    fardail (féach IAS 2 Fardail);

    (b)

    sócmhainní conartha agus sócmhainní a eascraíonn as costais chun conradh a fháil nó a chomhlíonadh agus a aithnítear i gcomhréir le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí;

    (c)

    sócmhainní cánach iarchurtha (féach IAS 12 Cánacha Ioncaim);

    (d)

    sócmhainní a eascraíonn as sochair fostaithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (e)

    sócmhainní airgeadais atá faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (f)

    réadmhaoin infheistíochta arna tomhas ar luach cóir (féach IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta);

    (g)

    sócmhainní bitheolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta faoi raon feidhme IAS 41 Talmhaíocht a thomhaistear ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol;

    (h)

    conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais ar sócmhainní iad agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17; agus

    (i)

    sócmhainní neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a n-aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha.

    3

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le fardail, sócmhainní a eascraíonn as conarthaí foirgníochta, sócmhainní cánach iarchurtha, sócmhainní a eascraíonn as sochair fostaithe, nó sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) mar gheall go bhfuil ceanglais chun na sócmhainní sin a aithint agus a thomhas sna IFRSanna atá ann cheana agus a bhfuil feidhm acu maidir leis na sócmhainní sin.

    4

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le sócmhainní airgeadais a aicmítear mar:

    (a)

    fochuideachtaí, mar a shainmhínítear iad in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite;

    (b)

    eintitis chomhlachaithe, mar a shainmhínítear in IAS 28 Infheistíochtaí in Eintitis Chomhlachaithe agus i gComhfhiontair; agus

    (c)

    comhfhiontair, mar a shainmhínítear in IFRS 11 Comhshocruithe.

    Maidir le lagú sócmhainní airgeadais eile, féach IFRS 9.

    5

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le sócmhainní airgeadais faoi raon feidhme IFRS 9, réadmhaoin infheistíochta a thomhaistear ar luach cóir faoi raon feidhme IAS 40, ná sócmhainní bitheolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta a thomhaistear ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol faoi raon feidhme IAS 41. Tá feidhm ag an gCaighdeán seo, áfach, maidir le sócmhainní arna sealbhú ag méid athluacháilte (i.e. luach cóir ar dháta na hathluachála lúide aon dímheas carntha dá éis sin agus caillteanais lagaithe carntha dá éis sin) i gcomhréir le IFRSanna eile, amhail an tsamhail athluachála in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh agus IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe. An t-aon difríocht idir luach cóir sócmhainne agus a luach cóir lúide costais diúscartha ná na costais incriminteacha dhíreacha atá inchurtha i leith diúscairt na sócmhainne.

    (a)

    (i)

    I gcás ina bhfuil na costais diúscartha diomaibhseach, is gá go mbeidh méid in-aisghabhála na sócmhainne athluacháilte gar dá méid athluacháilte, nó níos mó ná sin. Sa chás sin, i ndiaidh na ceanglais athluachála a bheith curtha i bhfeidhm, ní dócha go mbeidh an tsócmhainn athluacháilte lagaithe agus ní gá meastachán a dhéanamh ar an méid in-aisghabhála.

    (ii)

    [scriosta]

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    I gcás nach bhfuil na costais diúscartha diomaibhseach, is gá go mbeidh an luach cóir lúide costais diúscartha na sócmhainne athluacháilte níos lú ná a luach cóir. Dá bhrí sin, beidh an tsócmhainn athluacháilte lagaithe má tá a luach úsáide níos lú ná a méid athluacháilte. Sa chás sin, i ndiaidh na ceanglais athluachála a bheith curtha i bhfeidhm, cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an tsócmhainn a bheith lagaithe.

    SAINMHÍNITHE

    6

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is suim ghlanluacha ann an méid ag a aithnítear sócmhainn i ndiaidh aon dímheas carntha (amúchadh) agus aon chaillteanas lagaithe carntha ina leith a asbhaint.

     

    Is éard is aonad giniúna airgid ann an grúpa sócmhainní inaitheanta is lú a ghineann insreabhadh airgid atá neamhspleách, den chuid is mó, ón insreabhadh airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní.

     

    Is éard is sócmhainní corparáideacha ann sócmhainní seachas cáilmheas a rannchuidíonn le sreabhadh airgid todhchaí an aonaid ghiniúna airgid faoi athbhreithniú agus aonaid ghiniúna airgid eile.

     

    Is éard is costais diúscartha ann costais incriminteacha atá inchurtha go díreach le diúscairt sócmhainne nó aonad giniúna airgid, gan costais maoiniúcháin agus speansas cánach ioncaim san áireamh.

     

    Is éard is méid in-dímheasa ann costas sócmhainne, nó méid eile a chuirtear in ionad costais sna ráitis airgeadais, lúide a luach iarmharach.

     

    Is éard is dímheas sócmhainní (amúchadh) ann leithdháileadh córasach méid in-dímheasa sócmhainne thar a saolré úsáide (21).

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Is éard is caillteanas lagaithe ann an méid a sháraíonn suim ghlanluacha sócmhainne nó aonad giniúna airgid a méid in-aisghabhála.

     

    Is éard is méid in-aisghabhála sócmhainne nó aonad giniúna airgid ann an méid is airde de luach cóir sócmhainne lúide costais diúscartha agus a luach úsáide.

     

    Is éard is saolré úsáide ann:

    (a)

    an tréimhse ama a bhfuil coinne leis go mbeidh sócmhainn á húsáid ag an eintiteas; nó

    (b)

    an líon aonad táirgeachta nó aonad comhchosúil a bhfuil coinne lena bhfáil ag an eintiteas ón tsócmhainn.

     

    Is éard is luach úsáide ann luach láithreach na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne lena ndíorthú ó shócmhainn nó ó aonad giniúna airgid.

    SÓCMHAINN A D’FHÉADFADH A BHEITH LAGAITHE A SHAINAITHINT

    7

    Sonraítear le míreanna 8-17 an cás ina gcinnfear méid in-aisghabhála. Úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ sna ceanglais sin ach tá feidhm chomhionann acu maidir le sócmhainn aonair nó aonad giniúna airgid. Tá an chuid eile den chaighdeán seo struchtúrtha mar a leanas:

    (a)

    leagtar amach i míreanna 18-57 na ceanglais maidir le méid in-aisghabhála a thomhas. Úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ leis na ceanglais sin freisin ach tá feidhm chomhionann acu maidir le sócmhainn aonair nó aonad giniúna airgid;

    (b)

    leagtar amach i míreanna 58-108 na ceanglais maidir le caillteanais lagaithe a aithint agus a thomhas. Pléitear le haitheantas agus tomhas caillteanas lagaithe le haghaidh sócmhainní aonair seachas cáilmheas i míreanna 58-64. Pléitear le haitheantas agus tomhas caillteanas lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid agus cáilmheas i míreanna 65-108;

    (c)

    i míreanna 109-116, leagtar amach na ceanglais maidir le caillteanas lagaithe a aithníodh i réamhthréimhsí le haghaidh sócmhainne nó aonad giniúna airgid a chealú. Arís, úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ sna ceanglais sin ach tá feidhm chomhionann acu maidir le sócmhainn aonair nó aonad giniúna airgid. Leagtar amach ceanglais bhreise maidir le sócmhainn aonair i míreanna 117-121, maidir le haonad giniúna airgid i míreanna 122 agus 123, agus maidir le cáilmheas i míreanna 124 agus 125;

    (d)

    i míreanna 126-133, sonraítear an fhaisnéis atá le nochtadh maidir le caillteanais lagaithe agus cealuithe ar chaillteanais lagaithe le haghaidh sócmhainní agus aonaid giniúna airgid. I míreanna 134-137, sonraítear ceanglais bhreise maidir le nochtadh le haghaidh aonaid giniúna airgid dár leithdháileadh cáilmheas nó sócmhainní doláimhsithe ag a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte chun críoch tástála lagaithe.

    8

    Tá sócmhainn lagaithe nuair is mó a suim ghlanluacha ná a méid in-aisghabhála. I míreanna 12-14, tugtar tuairisc ar roinnt táscairí go bhféadfadh sé gur tharla caillteanas lagaithe. I gcás ina bhfuil aon cheann de na táscairí sin ann, ceanglaítear ar eintiteas meastachán foirmiúil a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála. Seachas mar a thuairiscítear i mír 10, leis an gcaighdeán seo, ní cheanglaítear ar eintiteas meastachán foirmiúil a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála i gcás nach bhfuil aon táscaire ar chaillteanas lagaithe ann.

    9

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil aon táscaire ann go bhféadfaidh sócmhainn a bheith lagaithe. I gcás gurb ann d’aon táscaire den sórt sin, déanfaidh an t-eintiteas meastachán ar mhéid in-aisghabhála na sócmhainne.

    10

    Gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil aon táscaire ar lagú ann, déanfaidh eintiteas an méid a leanas freisin:

    (a)

    tástáil ar shócmhainn dholáimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte nó ar shócmhainn nach bhfuil fós ar fáil le húsáid le haghaidh lagú ar bhonn bliantúil trína méid in-aisghabhála a chur i gcomparáid lena suim ghlanluacha. Féadtar an tástáil lagaithe sin a dhéanamh am ar bith le linn tréimhse bhliantúil, ar choinníoll go ndéantar í an tráth céanna gach bliain. Féadtar sócmhainní doláimhsithe éagsúla a thástáil le haghaidh lagú ag tráthanna éagsúla. I gcás gur aithníodh sócmhainn dholáimhsithe den sórt sin le linn na tréimhse bliantúla reatha, áfach, déanfar an tsócmhainn dholáimhsithe sin a thástáil le haghaidh lagú roimh dheireadh na tréimhse bliantúla reatha;

    (b)

    tástáil a dhéanamh ar cháilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó le haghaidh lagú ar bhonn bliantúil i gcomhréir le míreanna 80-99.

    11

    Cumas sócmhainne doláimhsithe chun tairbhí eacnamaíocha amach anseo a ghiniúint a bheidh leordhóthanach chun a suim ghlanluacha a aisghabháil, sula mbíonn an tsócmhainn ar fáil le húsáid, is gnách gur mó an éiginnteacht a mbíonn sé faoina réir ná mar a bhíonn i ndiaidh di a bheith ar fáil le húsáid. Dá bhrí sin, leis an gcaighdeán seo, ceanglaítear ar eintiteas tástáil lagaithe a dhéanamh ar shuim ghlanluacha sócmhainne doláimhsithe nach bhfuil fós ar fáil le húsáid, ar bhonn bliantúil ar a laghad.

    12

    Agus measúnú á dhéanamh ag eintiteas ar cé acu atá nó nach bhfuil aon táscaire ann go bhféadfadh sócmhainn a bheith lagaithe, breithneoidh eintiteas na táscairí a leanas ar a laghad:

     

    Foinsí faisnéise seachtracha

    (a)

    tá táscairí inbhraite ann gur tháinig laghdú ar luach na sócmhainne le linn na tréimhse, laghdú ar mó go mór é ná mar a mbeadh coinne leis de thoradh imeacht ama nó gnáthúsáide;

    (b)

    tharla athruithe suntasacha a raibh iarmhairt dhíobhálach acu ar an eintiteas le linn na tréimhse, nó tarlóidh siad go luath amach anseo, sa timpeallacht teicneolaíochta, margaidh, eacnamaíoch nó dlíthiúil ina n-oibríonn an t-eintiteas nó sa mhargadh dá bhfuil an tsócmhainn tiomnaithe;

    (c)

    tháinig méadú ar rátaí úis an mhargaidh nó ar rátaí eile an mhargaidh maidir le toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse, agus is dócha go ndéanfaidh na méaduithe sin difear don ráta lascaine a úsáidtear chun luach úsáide sócmhainne a ríomh agus go laghdóidh siad méid in-aisghabhála na sócmhainne go hábhartha;

    (d)

    is mó suim ghlanluacha ghlansócmhainní an eintitis ná a chaipitliú margaidh.

     

    Foinsí faisnéise inmheánacha

    (e)

    tá fianaise ann ar dhífheidhmeacht sócmhainne nó ar dhochar fisiceach do shócmhainn;

    (f)

    tharla athruithe suntasacha a raibh iarmhairt dhíobhálach acu ar an eintiteas le linn na tréimhse, nó tá coinne leis go dtarlóidh siad go luath amach anseo, maidir leis an méid nó leis an mbealach a úsáidtear sócmhainn nó a bhfuil coinne leis go n-úsáidfear sócmhainn. Áirítear leis na hathruithe sin an tsócmhainn a theacht chun bheith díomhaoin, pleananna chun scor den oibríocht lena mbaineann sócmhainn nó chun an oibríocht sin a athstruchtúrú, pleananna chun sócmhainn a dhiúscairt roimh an dáta a raibh coinne leis roimhe sin, agus athmheasúnú ar shaolré úsáide sócmhainne mar shaolré úsáide chríochta seachas mar cheann éiginnte (22);

    (g)

    tá fianaise ar fáil ó thuairisciú inmheánach lena dtugtar le tuiscint go bhfuil nó go mbeidh feidhmíocht eacnamaíoch sócmhainne níos measa ná a raibh coinne leis.

     

    Díbhinn ó fhochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe

    (h)

    maidir le hinfheistíocht i bhfochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe, aithníonn an t-infheisteoir díbhinn ón infheistíocht agus tá fianaise ann:

    (i)

    go bhfuil suim ghlanluacha na hinfheistíochta i ráitis airgeadais ar leithligh níos mó ná na suimeanna glanluacha i ráitis airgeadais chomhdhlúite ghlansócmhainní an infheisteora, lena n-áirítear cáilmheas gaolmhar; nó

    (ii)

    go sáraíonn an díbhinn ioncam cuimsitheach iomlán na fochuideachta, an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe sa tréimhse ina ndearbhaítear an díbhinn.

    13

    Ní liosta uileghabhálach é an liosta i mír 12. Féadfaidh eintiteas táscairí eile go bhféadfaidh sócmhainn a bheith lagaithe a shainaithint agus cheanglóidís sin ar an eintiteas freisin méid in-aisghabhála na sócmhainne a chinneadh nó, i gcás cáilmheasa, tástáil le haghaidh lagú a dhéanamh i gcomhréir le míreanna 80-99.

    14

    Áirítear le fianaise ó thuairisciú inmheánach a thugann le tuiscint go bhféadfaidh sócmhainn a bheith lagaithe na nithe a leanas a bheith ann:

    (a)

    sreafaí airgid chun an tsócmhainn a fháil, nó riachtanais airgid dá éis sin chun í a oibriú nó a chothabháil, atá níos airde go suntasach ná mar atá na riachtanais a bhí sa bhuiséad bunaidh;

    (b)

    glansreafaí airgid iarmhír nó brabús nó caillteanas oibriúcháin a shreabhann ón tsócmhainn atá níos measa go suntasach ná na cinn a bhí buiséadaithe;

    (c)

    laghdú suntasach ar ghlansreafaí airgid buiséadaithe nó ar bhrabús oibriúcháin, nó méadú suntasach ar chaillteanas buiséadaithe, a shreabhann ón tsócmhainn; nó

    (d)

    caillteanais oibriúcháin nó glansreafaí airgid le haghaidh na sócmhainne, nuair a comhiomlánaítear na méideanna le haghaidh na tréimhse reatha le méideanna buiséadaithe le haghaidh na todhchaí.

    15

    Mar a léirítear i mír 10, éilítear leis an gcaighdeán seo go ndéanfaí tástáil le haghaidh lagú ar shócmhainn dholáimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte nó nach bhfuil ar fáil fós le húsáid ná le haghaidh cáilmheasa, ar bhonn bliantúil ar a laghad. Seachas nuair atá feidhm ag na ceanglais i mír 10, tá feidhm ag coincheap na hábharthachta maidir lena shainaithint cé acu is gá nó nach gá meastachán a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála sócmhainne. Mar shampla, má thaispeánann ríomhanna roimhe seo go bhfuil méid in-aisghabhála sócmhainne níos mó go suntasach ná a suim ghlanluacha, ní gá don eintiteas athmheastachán a dhéanamh ar méid in-aisghabhála na sócmhainne mura tharla aon teagmhas a chuirfeadh deireadh leis an difríocht sin. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh anailís roimhe seo a thaispeáint nach bhfuil méid in-aisghabhála sócmhainne íogair do cheann amháin (nó níos mó) de na táscairí atá liostaithe i mír 12.

    16

    Mar léiriú ar mhír 15, i gcás gur tháinig méadú ar ráta úis an mhargaidh nó ar rátaí eile an mhargaidh maidir le toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse, ní cheanglaítear ar eintiteas meastachán foirmiúil a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála sócmhainne sna cásanna a leanas:

    (a)

    i gcás nach dócha go ndéanfaidh an méadú sin ar na rátaí margaidh difear don ráta lascaine a úsáidtear chun luach úsáide na sócmhainne a ríomh. Mar shampla, seans nach mbeidh éifeacht ábhartha ag rátaí úis gearrthéarmacha ar an ráta lascaine a úsáidtear le haghaidh sócmhainn a bhfuil saolré úsáide fhada fágtha aici;

    (b)

    i gcás gur dócha go ndéanfaidh an méadú sin ar na rátaí margaidh difear don ráta lascaine a úsáidtear chun luach úsáide na sócmhainne a ríomh, ach go dtaispeánann anailís íogaireachta roimhe sin maidir leis an méid in-aisghabhála na nithe a leanas:

    (i)

    ní dócha go dtiocfaidh laghdú ábhartha ar an méid in-aisghabhála mar gheall gur dócha go dtiocfaidh méadú ar shreabhadh airgid todhchaí freisin (e.g. i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh eintiteas a bheith in ann a léiriú go ndéanann sé coigeartú ar a ioncaim mar chúiteamh ar aon mhéadú ar rátaí an mhargaidh); nó

    (ii)

    ní dócha go dtarlóidh caillteanas lagaithe ábhartha mar thoradh ar an laghdú ar an méid in-aisghabhála.

    17

    I gcás ina bhfuil táscaire ann go bhféadfaidh sócmhainn a bheith lagaithe, d’fhéadfadh sin a thabhairt le tuiscint nach mór an saolré úsáide atá fágtha, an modh dímheasa (amúchta) nó an luach iarmharach le haghaidh na sócmhainne a athbhreithniú agus a choigeartú i gcomhréir leis an gcaighdeán is infheidhme maidir leis an tsócmhainn, fiú mura n-aithnítear aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne.

    MÉID IN-AISGHABHÁLA A THOMHAS

    18

    Tugtar sainmhíniú sa chaighdeán seo ar mhéid in-aisghabhála mar an méid is airde de luach cóir sócmhainne nó aonaid giniúna airgid lúide costais diúscartha agus a luach úsáide. Leagtar amach i míreanna 19-57 na ceanglais maidir le méid in-aisghabhála a thomhas. Úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ sna ceanglais sin ach tá feidhm chomhionann acu maidir le sócmhainn aonair nó aonad giniúna airgid.

    19

    Ní gá luach cóir sócmhainne lúide costais diúscartha agus a luach úsáide a chinneadh i gcónaí. Má tá ceachtar den dá mhéid sin níos mó ná suim ghlanluacha na sócmhainne, níl an tsócmhainn lagaithe agus ní gá meastachán a dhéanamh ar an méid eile.

    20

    D’fhéadfadh sé go mbeifí in ann luach cóir lúide costais diúscartha a thomhas, fiú mura mbeadh praghas arna lua i margadh gníomhach le haghaidh sócmhainn chomhionann. Ní bheifí in ann luach cóir lúide costais diúscartha a thomhas uaireanta, áfach, mar gheall nach bhfuil aon bhunús ann chun meastachán iontaofa a dhéanamh ar an bpraghas ar a ndéanfaí idirbheart ordúil chun an tsócmhainn a dhíol idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Sa chás sin, féadfaidh an t-eintiteas luach úsáide na sócmhainne a úsáid mar a méid in-aisghabhála.

    21

    I gcás nach bhfuil aon chúis ann lena chreidiúint go bhfuil luach úsáide sócmhainne níos mó go hábhartha ná a luach cóir lúide costais diúscartha, féadtar luach cóir lúide costais diúscartha na sócmhainne a úsáid mar a méid in-aisghabhála. Is mar sin a bheidh an cás go minic maidir le sócmhainn arna sealbhú lena diúscairt. Is amhlaidh sin mar gheall go mbeidh luach úsáide sócmhainne arna sealbhú lena diúscairt comhdhéanta de na glanfháltais diúscartha, go príomha, óir is dócha go mbeidh an sreabhadh airgid todhchaí ó úsáid leanúnach a bheith á baint as an tsócmhainn go dtí tráth a diúscartha diomaibhseach.

    22

    Déantar méid in-aisghabhála a chinneadh le haghaidh sócmhainn aonair, ach amháin i gcás nach ngineann an tsócmhainn insreabhadh airgid atá neamhspleách ar insreabhadh airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní, den chuid is mó. Más amhlaidh an cás, cinntear méid in-aisghabhála le haghaidh an aonaid giniúna airgid lena mbaineann an tsócmhainn (féach míreanna 65-103), ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    tá luach cóir lúide costais diúscartha na sócmhainne níos airde ná a suim glanluacha; nó

    (b)

    is féidir luach úsáide na sócmhainne a mheas a bheith gar dá luach cóir lúide costais diúscartha agus is féidir luach cóir lúide costais diúscartha a thomhas.

    23

    I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go soláthróidh meastacháin, meánluachanna agus aicearraí ríomhaireachtúla neastacháin iontaofa ar na ríomhanna mionsonraithe a léirítear sa chaighdeán seo chun luach cóir lúide costais diúscartha nó luach úsáide a chinneadh.

    Méid in-aisghabhála sócmhainne doláimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte a thomhas

    24

    Le mír 10, éilítear go ndéanfaí tástáil le haghaidh lagú ar shócmhainn dholáimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte ar bhonn bliantúil trína suim ghlanluacha a chur i gcomparáid lena méid in-aisghabhála, gan beann ar cibé atá nó nach bhfuil aon táscaire ann go bhféadfaidh sí a bheith lagaithe. Mar sin féin, an ríomh mionsonraithe is déanaí a rinneadh i dtréimhse roimhe sin maidir le méid in-aisghabhála sócmhainne den sórt sin, féadtar é a úsáid sa tástáil le haghaidh lagú i gcomhair na sócmhainne sin sa tréimhse reatha, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir uile a leanas:

    (a)

    i gcás nach ngineann an tsócmhainn dholáimhsithe insreabhadh airgid ó úsáid leanúnach atá neamhspleách, den chuid is mó, ón insreabhadh airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní agus i gcás ina ndéantar tástáil le haghaidh lagú uirthi dá bhrí sin mar chuid den aonad giniúna airgid lena mbaineann sí, níl athrú suntasach tagtha ar na sócmhainní agus dliteanais a chomhdhéanann an t-aonad sin ón ríomh is déanaí ar mhéid in-aisghabhála;

    (b)

    an toradh ar an ríomh is déanaí ar mhéid in-aisghabhála ná méid a bhí níos mó go suntasach ná suim ghlanluacha na sócmhainne; agus

    (c)

    bunaithe ar anailís ar na teagmhais a tharla agus ar na himthosca ar tháinig athrú orthu ón ríomh is déanaí ar mhéid in-aisghabhála, is beag an dóchúlacht go gcinnfí go mbeadh méid in-aisghabhála reatha níos lú ná suim ghlanluacha na sócmhainne.

    Luach cóir lúide costais diúscartha

    25-27 bliana

    [Scriosta]

    28

    Déantar costais diúscartha, seachas na cinn sin a aithníodh mar dhliteanais, a asbhaint agus luach cóir lúide costais diúscartha á thomhas. Ar shamplaí de chostais den sórt sin tá costais dlí, dleacht stampála agus cánacha idirbheart comhchosúla, costais maidir leis an tsócmhainn a bhaint, agus costais incriminteacha dhíreacha chun sócmhainn a chur i riocht lena díol. Ní costais incriminteacha dhíreacha maidir leis an tsócmhainn a dhiúscairt iad sochair foirceanta (mar a shainmhínítear in IAS 19) agus costais a bhaineann le gnó a laghdú nó a atheagrú i ndiaidh sócmhainn a dhiúscairt.

    29

    Uaireanta, ach sócmhainn a dhiúscairt, cheanglófaí ar an gceannaitheoir dliteanas a ghlacadh agus ní bheadh ach luach cóir amháin lúide costais diúscartha ar fáil le haghaidh na sócmhainne agus an dliteanais araon. Mínítear i mír 78 conas plé le cásanna den sórt sin.

    Luach úsáide

    30

    Léireofar na gnéithe a leanas agus luach úsáide sócmhainne á ríomh:

    (a)

    meastachán ar na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne ag an eintiteas lena ndíorthú ón tsócmhainn;

    (b)

    ionchais faoi éagsúlachtaí féideartha i méid nó uainiú na sreafaí airgid todhchaí sin;

    (c)

    amluach airgid, arna léiriú ag ráta úis reatha an mhargaidh atá saor ó riosca;

    (d)

    an praghas ar an neamhchinnteacht ar ghné dhílis den tsócmhainn é a sheasamh; agus

    (e)

    fachtóirí eile, amhail neamhleachtacht, a léireodh rannpháirtithe an mhargaidh agus iad ag praghsáil na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne ag an eintiteas lena ndíorthú ón tsócmhainn.

    31

    Baineann na céimeanna a leanas le meastachán a dhéanamh ar luach úsáide sócmhainne:

    (a)

    meastachán a dhéanamh ar na hinsreafaí agus ar na heis-sreafaí airgid atá le díorthú ó úsáid leanúnach a bhaint as an tsócmhainn agus óna diúscairt ar deireadh; agus

    (b)

    an ráta lascaine iomchuí a chur i bhfeidhm maidir leis na sreafaí airgid todhchaí sin.

    32

    Féadtar na gnéithe arna sainaithint i mír 30(b), (d) agus (e) a léiriú mar choigeartuithe ar na sreafaí airgid todhchaí nó mar choigeartuithe ar an ráta lascaine. Pé cur chuige a ghlacann eintiteas chun ionchais faoi éagsúlachtaí féideartha i méid nó in uainiú sreafaí airgid todhchaí a léiriú, is é an toradh a bheidh air sin luach láithreach ionchasach na sreafaí airgid todhchaí a léiriú, i.e. meán ualaithe na dtorthaí féideartha ar fad. Soláthraítear treoraíocht bhreise i bhFoscríbhinn A faoi úsáid a bhaint as teicnící maidir le luach láithreach agus luach úsáide sócmhainne a thomhas.

    An bunús le meastacháin maidir le sreafaí airgid todhchaí

    33

    Agus luach úsáide á thomhas aige, déanfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid a bhunú ar thoimhdí réasúnacha ar féidir tacú leo a léiríonn an meastachán is fearr ag na mbainistíocht ar an raon dálaí eacnamaíocha a bheidh ann thar shaolré úsáide na sócmhainne. Leagfar béim níos mó ar fhianaise sheachtrach;

    (b)

    réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid a bhunú ar na buiséid/réamhaisnéisí airgeadais is déanaí a d’fhormheas an bhainistíocht, ach eisiafar aon insreabhadh nó eis-sreabhadh airgid todhchaí réamh-mheasta a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as athstruchtúrú sa todhchaí nó as feabhas ar fheidhmíocht na sócmhainne. Cuimseoidh réamh-mheastacháin a bhunaítear ar na buiséid/réamhaisnéisí sin tréimhse uasta 5 bliana, ach amháin i gcás gur féidir údar a thabhairt le tréimhse níos faide;

    (c)

    réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid níos faide ná an tréimhse a chumhdaítear leis na buiséid/réamhaisnéisí is déanaí a mheas trí na réamh-mheastacháin a eachtarshuí bunaithe ar bhuiséid/réamhaisnéisí agus ráta fáis cobhsaí nó laghdaitheach a úsáid le haghaidh na mblianta dá éis sin, ach amháin i gcás gur féidir údar a thabhairt le ráta méadaitheach. Ní sháróidh an ráta fáis seo an meánráta fáis fadtéarmach do na táirgí, tionscail, nó tír nó tíortha ina n-oibríonn an t-eintiteas, ná don mhargadh ina n-úsáidtear an tsócmhainn, ach amháin i gcás gur féidir údar a thabhairt le ráta níos airde.

    34

    Déanann an bhainistíocht measúnú ar réasúntacht na dtoimhdí ar a mbunaítear a réamh-mheastacháin reatha ar shreabhadh airgid trí bhíthin scrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna leis na difríochtaí idir réamh-mheastacháin ar shreafaí airgid san am atá caite agus sreafaí airgid iarbhír. Áiritheoidh an bhainistíocht go bhfuil na toimhdí ar a mbunaítear a réamh-mheastacháin reatha ar shreabhadh airgid comhsheasmhach le torthaí iarbhír san am atá caite, ar choinníoll gur iomchuí déanamh amhlaidh i bhfianaise iarmhairtí teagmhas nó imthosca nárbh ann dóibh nuair a gineadh na sreafaí airgid iarbhír sin.

    35

    Nach bhfuil fáil ar bhuiséid/réamhaisnéisí airgeadais atá mionsonraithe, sainráite agus iontaofa ar shreafaí airgid todhchaí le haghaidh tréimhsí níos faide ná 5 bliana. Ar an gcúis sin, bunaítear réamh-mheastachán na bainistíochta ar shreafaí airgid todhchaí ar na buiséid/réamhaisnéisí is déanaí ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Féadfaidh an bhainistíocht úsáid a bhaint as réamhaisnéisí ar shreafaí airgid a bhunaítear ar bhuiséid/réamhaisnéisí airgeadais thar thréimhse níos faide ná 5 bliana i gcás ina bhfuil sí muiníneach gur iontaofa iad na réamh-mheastacháin sin agus go bhféadfaidh sí a cumas a léiriú, bunaithe ar thaithí roimhe sin, chun sreafaí airgid a réamh-mheas go cruinn thar na tréimhse níos faide sin.

    36

    Déantar réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid go dtí deireadh shaolré úsáide sócmhainne trí na réamh-mheastacháin ar shreabhadh airgid a bhunaítear ar na buiséid/réamhaisnéisí airgeadais a eachtarshuí ag úsáid ráta fáis le haghaidh na mblianta dá éis sin. Is ráta cobhsaí nó laghdaitheach é sin, ach amháin i gcás ina meaitseálann an ráta faisnéis oibiachtúil faoi phatrúin thar shaolré táirge nó tionscail. Más iomchuí, is nialas nó diúltach é an ráta fáis.

    37

    Nuair atá dálaí fabhracha ann, is dócha go rachaidh iomaitheoirí isteach sa mhargadh agus go gcuirfidh siad srian ar fhás. Dá bhrí sin, beidh deacracht ag eintitis an meánráta fáis stairiúil a shárú san fhadtéarma (mar shampla, 20 bliain) do na táirgí, tionscal, nó tír nó tíortha ina n-oibríonn an t-eintiteas, nó don mhargadh ina n-úsáidtear an tsócmhainn.

    38

    Agus faisnéis ó bhuiséid/réamhaisnéisí airgeadais á húsáid aige, breithníonn eintiteas cé acu an léiríonn nó nach léiríonn an fhaisnéis toimhdí réasúnacha ar féidir tacú leo a léiríonn an meastachán is fearr ag an mbainistíocht maidir leis an tacar dálaí eacnamaíocha a bheidh ann thar an tsaolré úsáide atá fágtha ag an tsócmhainn.

    Comhdhéanamh meastachán ar shreafaí airgid todhchaí

    39

    Áireofar an méid seo a leanas leis na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí:

    (a)

    réamh-mheastacháin ar shreafaí airgid ó úsáid leanúnach a bhaint as an tsócmhainn;

    (b)

    réamh-mheastacháin ar eis-sreafaí airgid a thabhaítear de riachtanas chun na hinsreafaí airgid ó úsáid leanúnach a bhaint as an tsócmhainn a ghiniúint (lena n-áirítear eis-sreafaí airgid chun an tsócmhainn a ullmhú lena húsáid) agus a fhéadtar a chur go díreach leis an tsócmhainn nó a leithdháileadh ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach ar an tsócmhainn; agus

    (c)

    glansreafaí airgid, más ann dóibh, atá le fáil (nó le híoc) chun an tsócmhainn a dhiúscairt ag deireadh a saolré úsáide.

    40

    Léiríonn meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí agus an ráta lascaine toimhdí comhsheasmhacha maidir le méaduithe ar phraghsanna atá inchurtha i leith boilsciú ginearálta. Dá bhrí sin, i gcás ina n-áirítear éifeacht na méaduithe ar phraghsanna atá inchurtha i leith boilsciú ginearálta sa ráta lascaine, meastar sreafaí airgid todhchaí i dtéarmaí ainmniúla. I gcás ina n-eisiatar éifeacht na méaduithe ar phraghsanna atá inchurtha i leith boilsciú ginearálta sa ráta lascaine, meastar sreafaí airgid todhchaí i dtéarmaí réadacha (ach áirítear leo méaduithe nó laghduithe sonracha ar phraghsanna amach anseo).

    41

    Áirítear le réamh-mheastacháin ar eis-sreafaí airgid na cinn chun an tsócmhainn a sheirbhísiú ó lá go lá chomh maith le forchostais amach anseo a fhéadtar a chur go díreach i leith úsáid a bheith á baint as an tsócmhainn nó a leithdháileadh ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach ar úsáid a bheith á baint as an tsócmhainn.

    42

    I gcás nach n-áirítear fós le suim ghlanluacha sócmhainne na heis-sreafaí airgid uile atá le tabhú sula mbeidh sí réidh le húsáid nó le díol, áirítear leis an meastachán ar eis-sreafaí airgid todhchaí meastachán ar aon eis-sreabhadh airgid breise a bhfuil coinne lena thabhú sula mbeidh an tsócmhainn réidh le húsáid nó le díol. Mar shampla, is amhlaidh an cás maidir le foirgneamh faoi thógáil nó tionscadal forbartha nach bhfuil tugtha chun críche fós.

    43

    Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, ní áirítear le sreafaí airgid todhchaí:

    (a)

    insreafaí airgid ó shócmhainní a ghineann insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ón tsócmhainn faoi athbhreithniú (mar shampla, sócmhainní airgeadais amhail earraí infhaighte); agus

    (b)

    eis-sreafaí airgid a bhaineann le hoibleagáidí a aithníodh mar dhliteanais (mar shampla, suimeanna iníoctha, pinsin nó soláthairtí).

    44

    Déanfar meastachán ar shreafaí airgid todhchaí le haghaidh na sócmhainne sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair. Ní áireofar le meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí insreafaí nó eis-sreafaí airgid todhchaí measta a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as:

    (a)

    athstruchtúrú amach anseo nach bhfuil eintiteas tiomanta dó fós; nó

    (b)

    feabhas nó méadú ar fheidhmíocht na sócmhainne.

    45

    Ós rud é go meastar sreafaí airgid todhchaí le haghaidh na sócmhainne sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair, ní léirítear an méid a leanas le luach úsáide:

    (a)

    eis-sreafaí airgid todhchaí nó coigilteas costais ghaolmhair (mar shampla laghduithe ar chostais foirne) nó sochair a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as athstruchtúrú amach anseo nach bhfuil eintiteas tiomanta dó fós; nó

    (b)

    eis-sreafaí airgid a chuirfidh feabhas nó méadú ar fheidhmíocht na sócmhainne nó na hinsreafaí airgid gaolmhara a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as eis-sreafaí den sórt sin.

    46

    Is éard atá in athstruchtúrú clár a phleanálann agus a rialaíonn an bhainistíocht agus lena n-athraítear go bunúsach raon feidhme gnó a dhéanann eintiteas nó an bealach ina ndéantar an gnó sin. Tá treoraíocht in IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha lena soiléirítear an cás ina bhfuil eintiteas tiomanta d’athstruchtúrú.

    47

    Nuair a thagann eintiteas chun bheith tiomanta d’athstruchtúrú, is dócha go ndéanfaidh an t-athstruchtúrú sin difear do roinnt sócmhainní. Chomh luath agus atá an t-eintiteas tiomanta d’athstruchtúrú:

    (a)

    a mheastacháin ar insreafaí agus eis-sreafaí airgid todhchaí chun a luach úsáide a chinneadh, léiríonn siad an coigilteas costais agus tairbhí eile ón athstruchtúrú (bunaithe ar na buiséid/réamhaisnéisí airgeadais is déanaí a d’fhormheas an bhainistíocht); agus

    (b)

    áirítear a mheastacháin ar eis-sreafaí airgid todhchaí le haghaidh an athstruchtúraithe i bhforáil maidir le hathstruchtúrú i gcomhréir le IAS 37.

    Le Sampla Léiriúcháin 5, léirítear an éifeacht atá ag athstruchtúrú amach anseo ar ríomh luach úsáide.

    48

    Go dtí go dtabhaíonn eintiteas eis-sreafaí airgid a chuireann feabhas nó méadú ar fheidhmíocht na sócmhainne, ní áirítear le meastacháin ar eis-sreafaí airgid todhchaí na hinsreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as an méadú ar thairbhí eacnamaíocha atá bainteach leis an eis-sreabhadh airgid (féach Sampla Léiriúcháin 6).

    49

    Áirítear le meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí eis-sreafaí airgid todhchaí a bhfuil gá leo chun an leibhéal tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as an tsócmhainn sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair a chothabháil. Nuair atá aonad giniúna airgid comhdhéanta de shócmhainní ag a bhfuil saolréanna úsáide measta éagsúla, a bhfuil gach ceann díobh fíor-riachtanach le d’oibriú leanúnach an aonaid, breithnítear gur cuid de sheirbhísiú an aonaid ó lá go lá é sócmhainní a bhfuil saolréanna níos gaire acu a athsholáthar, agus na sreafaí airgid todhchaí atá bainteach leis an aonad á meas. Ar an gcuma chéanna, nuair atá sócmhainn aonair comhdhéanta de chomhpháirteanna ag a bhfuil saolréanna úsáide measta éagsúla, breithnítear gur cuid de sheirbhísiú na sócmhainne ó lá go lá é comhpháirteanna a bhfuil saolréanna níos gaire acu a athsholáthar, agus na sreafaí airgid todhchaí arna nginiúint ag an tsócmhainn á meas.

    50

    Ní áireofar an méid a leanas leis na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí:

    (a)

    insreafaí nó eis-sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin; nó

    (b)

    fáltais nó íocaíochtaí cánach ioncaim.

    51

    Léiríonn sreafaí airgid todhchaí measta toimhdí atá comhsheasmhach leis an mbealach a chinntear an ráta lascaine. Mura ndéantar sin, déanfar éifeacht toimhdí áirithe a chomhaireamh faoi dhó nó tabharfar neamhaird orthu. Ós rud é go mbreithnítear amluach airgid trí bhíthin na sreafaí airgid todhchaí measta a lascainiú, eisiatar insreafaí nó eis-sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí maoiniúcháin sna sreafaí airgid sin. Ar an gcuma chéanna, ós rud é go gcinntear an ráta lascaine roimh cháin, meastar sreafaí airgid todhchaí roimh cháin freisin.

    52

    Is éard a bheidh sa mheastachán ar ghlansreafaí airgid atá le fáil (nó le híoc) chun sócmhainn a dhiúscairt ag deireadh a saolré úsáide, an méid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena fháil ó dhiúscairt na sócmhainne in idirbheart ar neamhthuilleamaí idir páirtithe eolasacha agus toilteanacha, i ndiaidh costais diúscartha mheasta a asbhaint.

    53

    Cinntear an meastachán ar ghlansreafaí airgid atá le fáil (nó le híoc) chun sócmhainn a dhiúscairt ag deireadh a saolré úsáide ar bhealach atá comhchosúil le luach cóir lúide costais diúscartha sócmhainne, seachas go ndéantar na rudaí a leanas agus na glansreafaí airgid sin á meas:

    (a)

    úsáideann eintiteas na praghsanna atá i réim ar dháta an mheastacháin le haghaidh sócmhainní comhchosúla a bhfuil deireadh a saolré úsáide bainte amach acu agus a d’oibrigh faoi dhálaí atá comhchosúil leis na dálaí ina n-úsáidfear an tsócmhainn;

    (b)

    déanann an t-eintiteas coigeartú ar na praghsanna sin le haghaidh an éifeacht a bheidh ag méaduithe ar phraghsanna amach anseo mar gheall ar bhoilsciú ginearálta agus le haghaidh méaduithe/laghduithe sonracha ar phraghsanna amach anseo. Mar sin féin, i gcás ina n-eisiatar éifeacht an bhoilscithe ghinearálta ó mheastacháin ar shreafaí airgid todhchaí ó úsáid leanúnach a bheith á baint as an tsócmhainn agus an ráta lascaine, eisíonn an t-eintiteas an éifeacht sin ón meastachán ar ghlansreafaí airgid ar dhiúscairt freisin.

    53A

    Tá luach cóir difriúil ó luach úsáide. Léiríonn luach cóir na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn á praghsáil acu. I gcodarsnacht leis sin, léiríonn luach úsáide éifeachtaí fachtóirí a d’fhéadfadh a bheith ag baint go sonrach leis an eintiteas agus nach bhfuil feidhm acu maidir le heintitis go ginearálta. Mar shampla, ní léiríonn luach cóir aon cheann de na fachtóirí a leanas a mhéid nach mbeidís ar fáil go ginearálta do rannpháirtithe sa mhargadh:

    (a)

    luach breise arna dhíorthú ón ngrúpáil sócmhainní (amhail punann réadmhaoine infheistíochta a chruthú i suíomhanna éagsúla);

    (b)

    sineirgí idir an tsócmhainn atá á tomhas agus sócmhainní eile;

    (c)

    cearta dlíthiúla nó srianta dlí a bhaineann go sonrach le húinéir reatha na sócmhainne agus leis an úinéir sin amháin; agus

    (d)

    sochair chánach nó muirir chánach a bhaineann go sonrach le húinéir reatha na sócmhainne.

    Sreafaí airgid todhchaí airgeadra eachtraigh

    54

    Déantar sreafaí airgid todhchaí a mheas san airgeadra ina nginfear iad agus ansin déantar iad a lascainiú ag úsáid ráta lascaine atá iomchuí le haghaidh an airgeadra sin. Aistríonn eintiteas an luach reatha ag úsáid an spotráta malartaithe ar an dáta a ríomhtar an luach úsáide.

    Ráta lascaine

    55

    Is éard a bheidh sa ráta (rátaí) lascaine ráta (rátaí) roimh cháin a léiríonn measúnuithe reatha an mhargaidh ar:

    (a)

    amluach airgid; agus

    (b)

    na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nach bhfuil coigeartú ina leith déanta ar na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí.

    56

    Is éard atá i ráta a léiríonn measúnuithe reatha an mhargaidh ar amluach airgid agus ar na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn an toradh a bheadh de dhíth ó infheisteoirí i gcás ina roghnóidís infheistíocht a ghinfeadh sreafaí airgid ar mhéideanna, uainiú agus próifíl riosca coibhéiseach leis na cinn a bhfuil coinne ag an eintiteas lena ndíorthú ón tsócmhainn. Déantar an ráta sin a mheas ón ráta atá intuigthe in idirbhearta margaidh reatha le haghaidh sócmhainní comhchosúla nó ón meánchostas ualaithe ar chaipiteal eintitis liostaithe ag a bhfuil sócmhainn aonair (nó punann sócmhainní) atá comhchosúil i dtéarmaí poitéinseal seirbhíse agus rioscaí leis an tsócmhainn faoi athbhreithniú. Maidir leis an ráta (na rátaí) lascaine a úsáidtear chun luach úsáide sócmhainne a thomhas, áfach, ní léireoidh sé (siad) rioscaí a bhfuil coigeartú ina leith déanta ar na meastacháin ar shreabhadh airgid todhchaí. Ina mhalairt de chás, déanfar éifeacht toimhdí áirithe a chomhaireamh faoi dhó.

    57

    Nuair nach bhfuil ráta sainsócmhainne ar fáil go díreach ón margadh, úsáideann eintiteas rátaí ionaid chun meastachán a dhéanamh ar an ráta lascaine. Soláthraítear treoraíocht bhreise i bhFoscríbhinn A maidir le meastachán a dhéanamh ar an ráta lascaine in imthosca den sórt sin.

    CAILLTEANAS LAGAITHE A AITHINT AGUS A THOMHAS

    58

    I míreanna 59-64, leagtar amach na ceanglais chun caillteanais lagaithe le haghaidh sócmhainn aonair seachas cáilmheas a aithint agus a thomhas. Pléitear le haitheantas agus tomhas caillteanas lagaithe le haghaidh aonaid giniúna airgid agus cáilmheas i míreanna 65-108.

    59

    I gcás ina bhfuil méid in-aisghabhála sócmhainne níos lú ná a suim ghlanluacha, agus sa chás sin amháin, laghdófar suim ghlanluacha na sócmhainne go dtí a méid in-aisghabhála. Is caillteanas lagaithe é an laghdú sin.

    60

    Aithneofar caillteanas lagaithe láithreach i mbrabús nó caillteanas, ach amháin i gcás ina sealbhaítear an tsócmhainn ag an méid athluacháilte i gcomhréir le caighdeán eile (mar shampla, i gcomhréir leis an tsamhail athluachála in IAS 16). Caithfear le haon chaillteanas lagaithe de shócmhainn athluacháilte mar laghdú athluachála i gcomhréir leis an gcaighdeán eile sin.

    61

    Aithnítear caillteanas lagaithe ar shócmhainn athluacháilte i mbrabús nó caillteanas. Aithnítear caillteanas lagaithe ar shócmhainn athluacháilte, áfach, in ioncam cuimsitheach eile a mhéid nach mó an caillteanas lagaithe ná an méid atá sa bharrachas athluachála maidir leis an tsócmhainn chéanna sin. Laghdaítear an barrachas athluachála le haghaidh na sócmhainne sin de bharr caillteanas lagaithe den sórt sin ar shócmhainn athluacháilte.

    62

    Nuair atá an méid a mheastar le haghaidh caillteanas lagaithe níos mó ná suim ghlanluacha na sócmhainne lena mbaineann sé, aithneofar eintiteas dliteanas, i gcás ina n-éilítear sin le caighdeán eile agus sa chás sin amháin.

    63

    I ndiaidh caillteanas lagaithe a aithint, déanfar an muirear dímheasa (amúchadh) le haghaidh na sócmhainne a choigeartú i dtréimhsí amach anseo chun suim ghlanluacha athbhreithnithe na sócmhainne, lúide a luach iarmharach (más ann dó), a leithdháileadh ar bhonn córasach thar an tsaolré úsáide atá fágtha aici.

    64

    I gcás ina n-aithnítear caillteanas lagaithe, déantar aon tsócmhainn chánach iarchurtha nó dliteanas a chinneadh i gcomhréir le IAS 12 trí bhíthin suim ghlanluacha athbhreithnithe na sócmhainne a chur i gcomparáid lena bonn cánach (féach Sampla Léiriúcháin 3).

    AONAID GINIÚNA AIRGID AGUS CÁILMHEAS

    65

    I míreanna 66–108 agus i bhFoscríbhinn C, leagtar amach na ceanglais maidir leis an aonad giniúna airgid lena mbaineann sócmhainn a shainaithint, maidir le suim ghlanluacha aonaid giniúna airgid agus cáilmheasa a chinneadh, agus maidir le caillteanais lagaithe aonaid giniúna airgid agus cáilmheasa a aithint.

    An t-aonad giniúna airgid lena mbaineann an tsócmhainn a shainaithint

    66

    I gcás ina bhfuil aon táscaire ann go bhféadfaidh sócmhainn a bheith lagaithe, déanfar meastachán ar mhéid in-aisghabhála le haghaidh na sócmhainne aonair. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta meastachán a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála na sócmhainne aonair, déanfaidh eintiteas méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid lena mbaineann an tsócmhainn a chinneadh (aonad giniúna airgid na sócmhainne).

    67

    Ní féidir méid in-aisghabhála sócmhainne aonair a chinneadh sna cásanna a leanas:

    (a)

    ní féidir a mheas go bhfuil luach úsáide na sócmhainne gar dá luach cóir lúide costais diúscartha (mar shampla, nuair nach féidir a mheas go bhfuil na sreafaí airgid todhchaí ó úsáid leanúnach a bheith á baint as an tsócmhainn diomaibhseach); agus

    (b)

    ní ghineann an tsócmhainn insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile.

    Sna cásanna sin, ní féidir an luach úsáide agus, dá bhrí sin, an méid in-aisghabhála, a chinneadh ach amháin le haghaidh aonad giniúna airgid na sócmhainne.

    Sampla

    Tá eintiteas mianadóireachta ina úinéir ar iarnród príobháideach chun tacú lena ghníomhaíochtaí mianadóireachta. Ní fhéadfaí an t-iarnród príobháideach a dhíol ach amháin ar dhramhluach agus ní ghineann sé insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile an mhianaigh.

    Ní féidir meastachán a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála an iarnróid phríobháidigh mar ní féidir a luach úsáide a chinneadh agus is dócha go mbeadh sé difriúil ón dramhluach. Dá bhrí sin, déanann an t-eintiteas meastachán ar mhéid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid lena mbaineann an t-iarnród príobháideach i.e. an mianach ina iomláine.

    68

    Mar a shainmhínítear i mír 6 is é aonad giniúna airgid sócmhainne an grúpa sócmhainní inaitheanta is lú lena n-áirítear an tsócmhainn agus lena ngintear insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní. Tá breithiúnas i gceist le haonad giniúna airgid sócmhainne a shainaithint. I gcás nach féidir méid in-aisghabhála a chinneadh le haghaidh sócmhainn aonair, sainaithníonn eintiteas an comhiomlánú sócmhainní is ísle a ghineann insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó.

    Sampla

    Soláthraíonn cuideachta bus seirbhísí ar conradh le bardas a éilíonn seirbhís íosta ar gach ceann de chúig bhealach ar leithligh. Is féidir sócmhainní atá dírithe ar gach bealach agus na sreafaí airgid ó gach bealach a shainaithint ar leithligh. Tá caillteanas suntasach oibriúcháin i gceist le ceann de na bealaí.

    Ós rud é nach bhfuil de rogha ag an eintiteas aon bhealach bus amháin a chiorrú, is iad na hinsreafaí airgid a ghineann na cúig bhealach le chéile é an leibhéal is ísle insreafaí airgid inaitheanta atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní. Is é an chuideachta bus ina hiomláine an t-aonad giniúna airgid le haghaidh gach bealaigh.

    69

    Is éard is insreafaí airgid ann insreafaí airgid thirim agus coibhéisí airgid a fhaightear ó pháirtithe atá seachtrach don eintiteas. Agus é ag sainaithint cé acu atá nó nach bhfuil insreafaí airgid ó shócmhainn (nó ó ghrúpa sócmhainní) neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile (nó ó ghrúpaí sócmhainní eile), breithníonn eintiteas fachtóirí éagsúla, lena n-áirítear an bealach a ndéanann an bhainistíocht faireachán ar oibríochtaí an eintitis (amhail trí línte táirgí, gnólachtaí, suíomhanna aonair, ceantair nó limistéir réigiúnacha) nó an bealach a ndéanann an bhainistíocht cinntí faoi leanúint ar aghaidh le sócmhainní agus le hoibríochtaí an eintitis nó faoina ndiúscairt. Tugtar samplaí d’aonad giniúna airgid a shainaithint i Sampla Léiriúcháin 1.

    70

    I gcás gurb ann do mhargadh gníomhach le haghaidh an aschuir arna tháirgeadh ag sócmhainn nó ag grúpa sócmhainní, sainaithneofar an tsócmhainn nó an grúpa sócmhainní sin mar aonad giniúna airgid, fiú i gcás ina n-úsáidtear cuid den aschur nó an t-aschur ar fad go hinmheánach. I gcás ina ndéanann praghsáil aistrithe inmheánach difear do na hinsreafaí airgid a ghineann aon tsócmhainn nó aonad giniúna airgid, úsáidfidh eintiteas an meastachán is fearr ón mbainistíocht ar an bpraghas (na praghsanna) amach anseo a d’fhéadfaí a bhaint amach in idirbheart ar neamhthuilleamaí agus meastachán á dhéanamh aige ar:

    (a)

    na hinsreafaí airgid todhchaí a úsáidtear chun luach úsáide na sócmhainne nó an aonaid giniúna airgid a chinneadh; agus

    (b)

    na heis-sreafaí airgid todhchaí a úsáidtear chun luach úsáide aon sócmhainn nó aonad giniúna airgid eile a ndéanann an phraghsáil aistrithe inmheánach difear dóibh a chinneadh.

    71

    Fiú i gcás ina n-úsáideann aonaid eile de chuid an eintitis cuid den aschur arna tháirgeadh ag sócmhainn nó ag grúpa sócmhainní, nó an t-aschur uile (mar shampla, táirgí atá ag céim idirmheánach de phróiseas táirgthe), is aonad giniúna airgid ar leithligh í an tsócmhainn nó an grúpa sócmhainní sin dá bhféadfadh an t-eintiteas an t-aschur a dhíol ar mhargadh gníomhach. Is amhlaidh sin toisc go bhféadfadh an tsócmhainn nó an grúpa sócmhainní sin insreafaí airgid a ghineadh a bheadh neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní. Agus faisnéis á húsáid aige atá bunaithe ar bhuiséid/réamhaisnéisí a bhaineann le haonad giniúna airgid den sórt sin, nó le haon sócmhainn nó aonad giniúna airgid eile a ndéanann praghsáil aistrithe inmheánach difear dóibh, déanann eintiteas coigeartú ar an bhfaisnéis sin i gcás nach léiríonn praghsanna aistrithe inmheánacha an meastachán is fearr ón mbainistíocht ar phraghsanna amach anseo a d’fhéadfaí a bhaint amach in idirbheart ar neamhthuilleamaí.

    72

    Sainaithneofar aonaid giniúna airgid go comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse le haghaidh na sócmhainne céanna nó le haghaidh na gcineálacha céanna sócmhainní, ach amháin i gcás ina bhfuil údar le hathrú.

    73

    I gcás ina gcinneann eintiteas go mbaineann sócmhainn le haonad giniúna airgid atá difriúil ón aonad giniúna airgid i dtréimhsí roimhe sin, nó go bhfuil athrú tagtha ar na cineálacha sócmhainní arna gcomhiomlánú le haghaidh aonad giniúna airgid na sócmhainne, éilítear le mír 130 nochtaí maidir leis an aonad giniúna airgid, i gcás ina n-aithnítear nó go gcealaítear caillteanas lagaithe le haghaidh an aonaid giniúna airgid.

    Méid in-aisghabhála agus suimeanna glanluacha aonaid giniúna airgid

    74

    Is éard is méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid ann an méid is airde de luach cóir an aonaid giniúna airgid lúide costais diúscartha agus a luach úsáide. Chun méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid a chinneadh, léitear aon tagairt do ‘sócmhainn’ i míreanna 19-57 mar thagairt do ‘aonad giniúna airgid’.

    75

    Cinnfear suim ghlanluacha aonaid giniúna airgid ar bhonn a bheidh comhsheasmhach leis an mbealach a gcinntear méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid.

    76

    Maidir le méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid:

    (a)

    ní áirítear leis ach suim ghlanluacha na sócmhainní a fhéadtar a chur go díreach leis an aonad giniúna airgid, nó a leithdháileadh air, ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach, agus a ghinfidh na hinsreafaí airgid todhchaí a úsáidtear chun luach úsáide an aonaid giniúna airgid a chinneadh; agus

    (b)

    ní áirítear leis méid in-aisghabhála aon dliteanas aitheanta, ach amháin i gcás nach féidir méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid a chinneadh gan an dliteanas sin a chur san áireamh.

    Is amhlaidh sin toisc go ndéantar luach cóir aonaid giniúna airgid lúide costais diúscartha agus luach úsáide aonaid giniúna airgid a chinneadh gan sreafaí airgid a bhaineann le sócmhainní nach cuid den aonad giniúna airgid iad ná dliteanais atá aitheanta a chur san áireamh (féach míreanna 28 agus 43).

    77

    Nuair a ghrúpáiltear sócmhainní le haghaidh measúnuithe in-aisghabhálachta, is tábhachtach gach sócmhainn a ghineann an sreabhadh ábhartha insreafaí airgid nó, a mbaintear úsáid acu chun na críche sin, a chur san áireamh san aonad giniúna airgid. Ina mhalairt de chás, d’fhéadfadh sé go ndealródh sé go mbeadh an t-aonad giniúna airgid in-aisghabhála go hiomlán i gcás ina dtarlaíonn caillteanas lagaithe i ndáiríre. I gcásanna áirithe, cé go gcuireann roinnt sócmhainní le sreafaí airgid todhchaí measta aonaid giniúna airgid, ní fhéadtar iad a leithdháileadh ar an aonad giniúna airgid ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach. D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh maidir le sócmhainní corparáideacha nó cáilmheas amhail sócmhainní na ceannoifige. Le míreanna 80-103, mínítear conas plé leis na sócmhainní sin agus tástáil le haghaidh lagú a dhéanamh ar aonad giniúna airgid.

    78

    D’fhéadfadh sé gur ghá roinnt dliteanais aitheanta a chur san áireamh chun méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid a chinneadh. D’fhéadfadh sé sin tarlú i gcás ina gceanglódh diúscairt aonaid giniúna airgid ar an gceannaitheoir an dliteanas a ghabháil. Sa chás sin, is é luach cóir lúide costais diúscartha an aonaid giniúna airgid (nó an sreabhadh airgid measta ón diúscairt ar deireadh) an praghas chun sócmhainní an aonaid giniúna airgid agus an dliteanas le chéile a dhíol, lúide costais diúscartha. Chun comparáid bhríoch a dhéanamh idir suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid agus a mhéid in-aisghabhála, asbhaintear suim ghlanluacha an dliteanais agus luach úsáide agus suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid araon á gcinneadh.

    Sampla

    Oibríonn cuideachta mianach i dtír ina n-éilítear leis an reachtaíocht nach mór don úinéir an suíomh a athchóiriú ar thabhairt i gcrích a chuid oibríochtaí mianadóireachta. Áirítear le costas athchóirithe athsholáthar na scraithe uachtair, nach mór a bhaint sula dtosaíonn na hoibríochtaí mianadóireachta. Aithníodh soláthar le haghaidh na gcostas chun an scraith uachtair a athsholáthar chomh luath agus a baineadh an scraith uachtair. Aithníodh an méid a soláthraíodh mar chuid de chostas an mhianaigh agus tá sé á dhímheas thar shaolré úsáide an mhianaigh. AA500 (3) a atá i suim ghlanluacha an tsoláthair le haghaidh costais athchóirithe, méid atá cothrom le luach láithreach na gcostas athchóirithe.

    Tá tástáil le haghaidh lagú á déanamh ag an eintiteas ar an mianach. Is é an mianach ina iomláine an t-aonad giniúna airgid le haghaidh an mhianaigh. Tá roinnt tairiscintí faighte ag an eintiteas chun an mianach a cheannach ar phraghas thart ar AA800. Léirítear leis an bpraghas an fíoras go nglacfaidh an ceannaitheoir air féin an oibleagáid maidir leis an scraith uachtair a athchóiriú. Is diomaibhseach iad na costais diúscartha le haghaidh an mhianaigh. Thart ar AA1200 atá i luach úsáide an mhianaigh, gan costais athchóirithe san áireamh. atá i suim ghlanluacha an mhianaigh.

    atá i luach cóir lúide costais diúscartha an aonaid giniúna airgid. Tá costais athchóirithe a bhfuil soláthar déanta dóibh cheana féin san áireamh sa mhéid sin. Dá thoradh sin, cinntear an luach úsáide le haghaidh an aonaid giniúna airgid i ndiaidh na costais athchóirithe a chur san áireamh agus meastar gur AA700 é (AA1200 lúide AA500). Is AA500a atá i suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid, arb é suim ghlanluacha an mhianaigh (AA1000) lúide suim ghlanluacha an tsoláthair le haghaidh na gcostas athchóirithe (AA500) é. Dá bhrí sin, is mó méid in-aisghabhála an aonaid ghiniúna airgid ná a shuim ghlanluacha.

    79

    Ar chúiseanna praiticiúla, cinntear méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid uaireanta i ndiaidh sócmhainní nach cuid den aonad giniúna airgid iad (mar shampla, earraí infhaighte nó sócmhainní airgeadais eile) nó dliteanais atá aitheanta (mar shampla, earraí infhaighte, pinsin agus forálacha eile) a chur san áireamh. Sna cásanna sin, méadaítear suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid faoi shuim ghlanluacha na sócmhainní sin agus laghdaítear é faoi shuim ghlanluacha na ndliteanas sin.

    Cáilmheas

    Cáilmheas a leithdháileadh ar aonaid giniúna airgid

    80

    Chun críche na tástála le haghaidh lagú, déanfar cáilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó a leithdháileadh, ón dáta a fuarthas é, ar gach ceann d’aonaid giniúna airgid an fhaighteora, nó ar ghrúpaí aonad giniúna airgid, a bhfuil coinne leis go dtairbheoidh siad de shineirgí an chomhcheangail, gan beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar sócmhainní eile nó dliteanais an fhaighteora a leithdháileadh ar na haonaid nó na grúpaí aonad sin. Déanfaidh gach aonad nó grúpa aonad ar a leithdháilfear cáilmheas na nithe a leanas:

    (a)

    beidh sé in ionannas leis an leibhéal is ísle laistigh den eintiteas ar a ndéantar faireachán ar an gcáilmheas chun críoch bainistíochta inmheánaí; agus

    (b)

    ní bheidh sé níos mó ná deighleoga oibriúcháin mar a sainmhínítear i mír 5 de IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin roimh chomhiomlánú.

    81

    Is sócmhainn í cáilmheas a aithnítear i gcomhcheangal gnó lena léirítear na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a eascraíonn as sócmhainní eile a fuarthas i gcomhcheangal gnó nach sainaithnítear ina n-aonar agus nach n-aithnítear ar leithligh. Ní ghineann cáilmheas insreafaí airgid go neamhspleách ar shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní, agus is minic a chuireann sé le sreafaí airgid aonad giniúna airgid iomadúil. Uaireanta, ní féidir cáilmheas a leithdháileadh ar bhonn neamhthreallach ar aonaid giniúna airgid aonair, ach ar ghrúpaí aonad giniúna airgid agus orthu sin amháin. Mar thoradh air sin, bíonn an leibhéal is ísle laistigh den eintiteas ar a ndéantar faireachán ar an gcáilmheas chun críoch bainistíochta inmheánaí comhdhéanta uaireanta d’aonaid giniúna airgid lena mbaineann an cáilmheas, ach nach féidir é a leithdháileadh orthu. Ba cheart tagairtí d’aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air i míreanna 83–99 agus i bhFoscríbhinn C a léamh mar thagairtí do ghrúpa aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air freisin.

    82

    Mar thoradh ar na ceanglais i mír 80 a chur i bhfeidhm, déantar tástáil le haghaidh lagaithe ar cháilmheas ar leibhéal a léiríonn conas a bhainistíonn eintiteas a oibríochtaí agus lena mbainfeadh an cáilmheas go nádúrtha. Dá bhrí sin, ní gá córais tuairiscithe bhreise a fhorbairt.

    83

    Ní fhéadfaidh aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air chun críche tástála le haghaidh lagaithe a bheith ag teacht leis an leibhéal ar a leithdháiltear cáilmheas i gcomhréir le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí chun gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh a thomhas. Mar shampla, i gcás ina n-éilítear ar eintiteas le IAS 21 cáilmheas a leithdháileadh ar leibhéil réasúnta íseal chun gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh a thomhas, ní éilítear air tástáil lagaithe a dhéanamh ar an gcáilmheas ar an leibhéal céanna sin ach amháin i gcás ina ndéanann sé faireachán ar an gcáilmheas ar an leibhéal sin freisin chun críoch bainistíochta inmheánaí.

    84

    I gcás nach féidir an leithdháileadh tosaigh de cháilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó a thabhairt chun críche roimh dheireadh na tréimhse bliantúla ina ndéantar an comhcheangal gnó, tabharfar an leithdháileadh tosaigh sin chun críche roimh dheireadh na chéad tréimhse bliantúla a thosaíonn i ndiaidh an dáta éadála.

    85

    I gcomhréir le IFRS 3 Comhcheangail idir Ghnó, i gcás nach féidir an chuntasaíocht thosaigh ar chomhcheangal gnó a dhéanamh ach ar bhonn sealadach faoi dheireadh na tréimhse ina ndéantar an comhcheangal, déanfaidh an faighteoir na nithe a leanas:

    (a)

    cuntas a choinneáil ar an gcomhcheangal agus na luachanna sealadacha sin á n-úsáid; agus

    (b)

    aon choigeartú ar na luachanna sealadacha sin de thoradh thabhairt chun críche na cuntasaíochta tosaigh laistigh den tréimhse tomhais, nach rachaidh thar 12 mhí ón dáta éadála, a aithint.

    In imthosca den sórt sin, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí leithdháileadh tosaigh an cháilmheasa arna aithint sa chomhcheangal a thabhairt chun críche roimh dheireadh na tréimhse bliantúla ina ndéantar an comhcheangal. Nuair is amhlaidh an cás, nochtann an t-eintiteas an fhaisnéis a éilítear le mír 133.

    86

    I gcás gur leithdháileadh cáilmheas ar aonad giniúna airgid agus go ndéanann an t-eintiteas oibríocht laistigh den aonad sin a dhiúscairt, déanfar an méid a leanas leis an gcáilmheas a bhaineann leis an oibríocht a diúscraíodh:

    (a)

    é a chur san áireamh i suim ghlanluacha na hoibríochta agus an gnóthachan nó caillteanas ar dhiúscairt á chinneadh; agus

    (b)

    é a thomhas ar bhonn luachanna coibhneasta na hoibríochta a diúscraíodh agus an sciar den aonad giniúna airgid a coinníodh, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an t-eintiteas a thaispeáint go dtugann modh éigin eile léiriú níos fearr ar an gcáilmheas a bhaineann leis an oibríocht a diúscraíodh.

    Sampla

    Díolann eintiteas oibríocht a bhí mar chuid d’aonad giniúna airgid a leithdháileadh cáilmheas air ar AA100. Ní féidir an cáilmheas a leithdháileadh ar an aonad a shainaithint ná a cheangal le grúpa sócmhainní ar leibhéal atá níos ísle ná an t-aonad, ach amháin ar bhonn treallach. atá i méid in-aisghabhála an sciar den aonad giniúna airgid a coinníodh.

    Ós rud é nach féidir an cáilmheas arna leithdháileadh ar an aonad giniúna airgid a shainaithint go neamhthreallach ná a cheangal le grúpa sócmhainní ar leibhéal atá níos ísle ná an t-aonad, tomhaistear an cáilmheas a bhaineann leis an oibríocht a diúscraíodh ar bhonn luachanna coibhneasta na hoibríochta a diúscraíodh agus sciar an aonaid a coinníodh. Dá bhrí sin, áirítear 25 faoin gcéad den cháilmheas arna leithdháileadh ar an aonad giniúna airgid i suim ghlanluacha na hoibríochta arna díol.

    87

    I gcás ina n-atheagraíonn eintiteas a struchtúr tuairiscithe ar bhealach a athraíonn comhdhéanamh aonad giniúna airgid amháin nó níos mó a bhfuil cáilmheas leithdháilte air, déanfar an cáilmheas a ath-leithdháileadh ar na haonaid dá ndéantar difear. Déanfar an t-ath-leithdháileadh sin ag úsáid cur chuige um luach coibhneasta atá cosúil leis an gcur chuige a úsáidtear nuair a dhéanann eintiteas oibríocht atá laistigh d’aonad giniúna airgid a dhiúscairt, ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an t-eintiteas a thaispeáint go dtugann modh éigin eile léiriú níos fearr ar an gcáilmheas a bhaineann leis na haonaid atheagraithe.

    Sampla

    Leithdháileadh cáilmheas ar aonad giniúna airgid A roimhe seo. Ní féidir an cáilmheas arna leithdháileadh ar A a shainaithint ná a cheangal le grúpa sócmhainní ar leibhéal atá níos ísle ná A, ach amháin ar bhonn treallach. Tá A le roinnt agus le comhtháthú i dtrí aonad giniúna airgid eile, B, C agus D.

    Ós rud é nach féidir an cáilmheas arna leithdháileadh ar A a shainaithint go neamhthreallach ná a cheangal le grúpa sócmhainní ar leibhéal atá níos ísle ná A, déantar é a ath-leithdháileadh ar aonaid B, C agus D ar bhonn luachanna coibhneasta na dtrí sciar de A sula ndéantar na sciartha sin a chomhtháthú le B, C agus D.

    Tástáil lagaithe a dhéanamh ar aonaid giniúna airgid ag a bhfuil cáilmheas

    88

    Nuair a bhaineann cáilmheas le haonad giniúna airgid ach nár leithdháileadh é ar an aonad sin, mar a thuairiscítear i mír 81, déanfar tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad, tráth ar bith atá táscaire ann go bhféadfadh an t-aonad a bheith lagaithe, trí bhíthin suim ghlanluacha an aonaid, gan aon cháilmheas san áireamh, a chur i gcomparáid lena mhéid in-aisghabhála. Aithneofar aon chaillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104.

    89

    I gcás ina n-áirítear i suim ghlanluacha aonaid giniúna airgid mar a thuairiscítear i mír 88, sócmhainn dholáimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte nó nach bhfuil ar fáil le húsáid fós, agus i gcás nach féidir tástáil le haghaidh lagaithe a dhéanamh ar an tsócmhainn sin ach amháin mar chuid den aonad giniúna airgid, éilítear le mír 10 go ndéantar tástáil bhliantúil le haghaidh lagaithe ar an aonad freisin.

    90

    Déanfar tástáil bhliantúil le haghaidh lagaithe ar aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air, agus tráth ar bith atá táscaire ann go bhféadfadh an t-aonad a bheith lagaithe, trí bhíthin suim ghlanluacha an aonaid, gan aon cháilmheas san áireamh, a chur i gcomparáid le méid in-aisghabhála an aonaid. I gcás gur mó méid in-aisghabhála an aonaid ná suim ghlanluacha an aonaid, measfar nach lagaithe iad an t-aonad ná an cáilmheas arna leithdháileadh ar an aonad sin. I gcás gur mó suim ghlanluacha an aonaid ná méid in-aisghabhála an aonaid, aithneoidh an t-eintiteas an caillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104.

    91–95

    [Scriosta]

    Uainiú tástálacha le haghaidh lagaithe

    96

    Féadtar an tástáil bhliantúil le haghaidh lagaithe ar aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air a dhéanamh tráth ar bith le linn tréimhse bliantúil, ar choinníoll go ndéantar an tástáil an tráth céanna gach bliain. Féadtar aonaid giniúna airgid éagsúla a thástáil le haghaidh lagaithe ag tráthanna éagsúla. I gcás ina bhfuarthas cuid den cháilmheas arna leithdháileadh ar aonad giniúna airgid, nó an cáilmheas sin ar fad, i gcomhcheangal idir gnólachtaí, áfach, déanfar tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad sin roimh dheireadh na tréimhse bliantúla reatha.

    97

    I gcás ina ndéantar tástáil le haghaidh lagaithe ar na sócmhainní a chomhdhéanann an t-aonad giniúna airgid ar a leithdháileadh cáilmheas an tráth céanna agus a dhéantar tástáil ar an aonad ina bhfuil an cáilmheas, déanfar tástáil le haghaidh lagaithe orthu sula ndéanfar tástáil ar an aonad ina bhfuil an cáilmheas. Ar an gcuma chéanna, i gcás ina ndéantar tástáil le haghaidh lagaithe ar na haonaid giniúna airgid a chomhdhéanann grúpa aonad giniúna airgid ar a leithdháileadh cáilmheas an tráth céanna agus a dhéantar tástáil ar an ngrúpa aonad ina bhfuil an cáilmheas, déanfar tástáil le haghaidh lagaithe ar na haonaid aonair sula ndéanfar tástáil ar an ngrúpa aonad ina bhfuil an cáilmheas.

    98

    An tráth a dhéantar tástáil le haghaidh lagaithe ar aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air, d’fhéadfadh táscaire a bheith ann maidir le lagú sócmhainne laistigh den aonad ina bhfuil an cáilmheas. In imthosca den sórt sin, déanann an t-eintiteas tástáil le haghaidh lagaithe ar an tsócmhainn ar dtús, agus aithníonn sé aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne sin sula ndéanann sé tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad giniúna airgid ina bhfuil an cáilmheas. Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh táscaire a bheith ann maidir le lagú aonaid giniúna airgid laistigh de ghrúpa aonad ina bhfuil an cáilmheas. In imthosca den sórt sin, déanann an t-eintiteas tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad giniúna airgid ar dtús, agus aithníonn sé aon chaillteanas lagaithe le haghaidh an aonaid sin sula ndéanann sé tástáil le haghaidh lagaithe ar an ngrúpa aonad a bhfuil an cáilmheas leithdháilte air.

    99

    An ríomh mionsonraithe is déanaí a rinneadh i dtréimhse roimhe sin maidir le méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte air, féadtar é a úsáid sa tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad sin sa tréimhse reatha ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir uile a leanas:

    (a)

    níor tháinig athrú suntasach ar na sócmhainní agus dliteanais a chomhdhéanann an t-aonad ón ríomh is déanaí maidir le méid in-aisghabhála;

    (b)

    an toradh ar an ríomh is déanaí ar mhéid in-aisghabhála ná méid a bhí níos mó go suntasach ná suim ghlanluacha aon aonad; agus

    (c)

    bunaithe ar anailís ar theagmhais a tharla agus ar imthosca ar tháinig athrú orthu ón ríomh is déanaí ar mhéid in-aisghabhála, is beag an dóchúlacht go mbeadh cinneadh maidir le méid in-aisghabhála reatha níos lú ná suim ghlanluacha reatha an aonaid.

    Sócmhainní corparáideacha

    100

    % Áirítear le sócmhainní corparáideacha sócmhainní grúpa nó roinne amhail ceanncheathrú nó roinn den eintiteas a thógáil, trealamh ríomhphróiseála sonraí nó lárionaid taighde. Is é struchtúr eintitis a chinneann cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sócmhainn sainmhíniú an chaighdeáin seo ar shócmhainní corparáideacha le haghaidh aonad giniúna airgid áirithe. Is iad saintréithe sócmhainní corparáideacha nach ngineann siad insreafaí airgid go neamhspleách ar shócmhainní eile ná ar ghrúpaí sócmhainní agus nach féidir a suim ghlanluacha a chur go hiomlán i leith an aonaid giniúna airgid faoi athbhreithniú.

    101

    Ós rud é nach ngineann sócmhainní corparáideacha insreafaí airgid ar leithligh, ní féidir méid in-aisghabhála sócmhainne corparáidí aonair a chinneadh ach amháin i gcás inar chinn an bhainistíocht an tsócmhainn a dhiúscairt. Dá thoradh sin, i gcás ina bhfuil táscaire ann go bhféadfadh sócmhainn chorparáideach a bheith lagaithe, cinntear an méid in-aisghabhála le haghaidh an aonaid giniúna airgid nó le haghaidh an ghrúpa aonad giniúna airgid lena mbaineann an tsócmhainn chorparáideach, agus cuirtear é i gcomparáid le suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid sin nó leis an ngrúpa aonad giniúna airgid sin. Aithnítear aon chaillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104.

    102

    Agus tástáil le haghaidh lagaithe á déanamh aige ar aonad giniúna airgid, aithneoidh eintiteas na sócmhainní corparáideacha ar fad a bhaineann leis an aonad giniúna airgid faoi athbhreithniú. Maidir le sciar de shuim ghlanluacha sócmhainne corparáidí:

    (a)

    i gcás inar féidir é a leithdháileadh ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach ar an aonad sin, déanfaidh an t-eintiteas comparáid idir suim ghlanluacha an aonaid, lena n-áirítear sciar de shuim ghlanluacha na sócmhainne corparáidí arna leithdháileadh ar an aonad, agus a mhéid in-aisghabhála. Aithneofar aon chaillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104;

    (b)

    i gcás nach féidir é a leithdháileadh ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach ar an aonad sin, déanfaidh an t-eintiteas:

    (i)

    comparáid idir suim ghlanluacha an aonaid, gan an tsócmhainn chorparáideach san áireamh, agus a méid in-aisghabhála, agus aithneoidh sé aon chaillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104;

    (ii)

    an grúpa aonad giniúna airgid is lú ina n-áirítear an t-aonad giniúna airgid faoi athbhreithniú agus ar féidir sciar de shuim ghlanluacha na sócmhainne corparáidí a leithdháileadh ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach a shainaithint; agus

    (iii)

    comparáid a dhéanamh idir suim ghlanluacha an ghrúpa aonad giniúna airgid sin, lena n-áirítear an sciar de shuim ghlanluacha na sócmhainne corparáidí arna leithdháileadh ar an ngrúpa aonad sin, agus méid in-aisghabhála an ghrúpa aonad sin. Aithneofar aon chaillteanas lagaithe i gcomhréir le mír 104.

    103

    Le Sampla Léiriúcháin 8, léirítear cur i bhfeidhm na gceanglas sin ar shócmhainní corparáideacha.

    Caillteanas lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid

    104

    Aithneofar caillteanas lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid (an grúpa aonad giniúna airgid is lú a bhfuil cáilmheas nó sócmhainn chorparáideach leithdháilte air) i gcás ina bhfuil méid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) níos lú ná suim ghlanluacha an aonaid (an ghrúpa aonad), agus sa chás sin amháin. Déanfar an caillteanas lagaithe a leithdháileadh chun suim ghlanluacha shócmhainní an aonaid (an ghrúpa aonad) a laghdú san ord a leanas:

    (a)

    ar dtús, chun suim ghlanluacha aon cháilmheas arna leithdháileadh ar an aonad giniúna airgid (ar an ngrúpa aonad) a laghdú; agus

    (b)

    ansin ar shócmhainní eile an aonaid (an ghrúpa aonad) pro rata ar bhonn shuim ghlanluacha gach sócmhainne san aonad (sa ghrúpa aonad).

    Caithfear leis na laghduithe sin ar shuimeanna glanluacha mar chaillteanais lagaithe ar shócmhainní aonair agus aithneofar iad i gcomhréir le mír 60.

    105

    Agus caillteanas lagaithe á leithdháileadh aige i gcomhréir le mír 104, ní laghdóidh eintiteas suim ghlanluacha sócmhainne faoin gceann is airde de na nithe a leanas:

    (a)

    a luach cóir lúide costais diúscartha (más intomhaiste);

    (b)

    a luach úsáide (más inchinntithe); agus

    (c)

    nialas.

    An méid den chaillteanas lagaithe a leithdháilfí ar an tsócmhainn ina mhalairt de chás, leithdháilfear é pro rata ar shócmhainní eile an aonaid (an ghrúpa aonad).

    106

    I gcás nach infheidhmithe é meastachán a dhéanamh ar mhéid in-aisghabhála gach sócmhainne aonair in aonad giniúna airgid, éilítear leis an gcaighdeán seo go ndéanfaí caillteanas lagaithe a leithdháileadh go treallach ar shócmhainní an aonaid sin, seachas cáilmheas, ós rud é go n-oibríonn sócmhainní uile aonaid giniúna airgid le chéile.

    107

    I gcás nach féidir méid in-aisghabhála sócmhainne aonair a chinneadh (féach mír 67):

    (a)

    aithnítear caillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne i gcás ina bhfuil a suim ghlanluacha níos mó ná an ceann is airde idir a luach cóir lúide costais diúscartha agus torthaí na nósanna imeachta leithdháilte a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 104 agus 105; agus

    (b)

    ní aithnítear aon lagú caillteanais le haghaidh na sócmhainne i gcás nach bhfuil an t-aonad giniúna airgid gaolmhar lagaithe. Tá feidhm aige sin fiú i gcás ina bhfuil luach cóir lúide costais diúscartha na sócmhainne níos lú ná a suim ghlanluacha.

    Sampla

    Tá damáiste fisiceach déanta do mheaisín ach tá sé fós ag obair, cé nach bhfuil sé ag obair chomh maith agus a bhí sé sula ndearnadh an damáiste dó. Tá luach cóir lúide costais diúscartha an mheaisín níos lú ná a shuim ghlanluacha. Ní ghineann an meaisín insreafaí airgid neamhspleácha. Is é an grúpa sócmhainní inaitheanta is lú lena n-áirítear an meaisín agus a ghineann insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile an líne táirgeachta lena mbaineann an meaisín. Taispeánann méid in-aisghabhála na líne táirgeachta nach bhfuil an líne táirgeachta ina hiomláine lagaithe.

    Toimhde 1: ní léiríonn buiséid/réamhaisnéisí formheasta ag an mbainistíocht aon ghealltanas ón mbainistíocht chun an meaisín a athsholáthar.

    Ní féidir méid in-aisghabhála an mheaisín ina aonar a mheas ós rud é:

    (a)

    go bhféadfaidh luach úsáide an mheaisín a bheith difriúil óna luach cóir lúide costais diúscartha; agus

    (b)

    nach féidir luach úsáide an mheaisín a chinneadh ach amháin le aghaidh an aonaid giniúna airgid lena mbaineann an meaisín (an líne táirgeachta).

    Níl an líne táirgeachta lagaithe. Dá bhrí sin, ní aithnítear aon chaillteanas lagaithe le haghaidh an mheaisín. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá don eintiteas athmheasúnú a dhéanamh ar an tréimhse dímheasa nó ar an modh dímheasa le haghaidh an mheaisín. Seans go dteastaíonn tréimhse dímheasa níos giorra nó modh dímheasa níos tapúla chun an tsaolré úsáide a bhfuil coinne leis go bhfuil sí fágtha ag an meaisín a léiriú nó chun an patrún ina bhfuil coinne leis go dtomhlóidh an t-eintiteas na tairbhí eacnamaíocha a léiriú.

    Toimhde 2: léiríonn buiséid/réamhaisnéisí formheasta ag an mbainistíocht gealltanas ón mbainistíocht chun an meaisín a athsholáthar agus a dhíol go luath amach anseo. Meastar gur diomaibhseach iad sreafaí airgid ó úsáid leanúnach a bheith á baint as an meaisín go dtí a dhiúscairt.

    Is féidir luach úsáide an mheaisín a mheas a bheith gar dá luach cóir lúide costais diúscartha. Dá bhrí sin, is féidir méid in-aisghabhála an mheaisín a chinneadh agus ní thugtar aon aird ar an aonad giniúna airgid lena mbaineann an meaisín (i.e. an líne táirgeachta). Ós rud é go bhfuil luach cóir lúide costais diúscartha an mheaisín níos lú ná a shuim ghlanluacha, aithnítear caillteanas lagaithe le haghaidh an mheaisín.

    108

    I ndiaidh na ceanglais i míreanna 104 agus 105 a bheith curtha i bhfeidhm, aithneofar dliteanas le haghaidh aon mhéid atá fágtha de chaillteanas lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid, i gcás ina n-éilítear sin le IFRS eile, agus sa chás sin amháin.

    CAILLTEANAS LAGAITHE A CHEALÚ

    109

    I míreanna 110-116, leagtar amach na ceanglais maidir le caillteanas lagaithe a aithníodh i réamhthréimhsí le haghaidh sócmhainn nó aonad giniúna airgid a chealú. Úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ sna ceanglais sin ach tá feidhm chomhionann acu maidir le sócmhainn aonair nó aonad giniúna airgid. Leagtar amach ceanglais bhreise maidir le sócmhainn aonair i míreanna 117-121, maidir le haonad giniúna airgid i míreanna 122 agus 123, agus maidir le cáilmheas i míreanna 124 agus 125.

    110

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas measúnú an ann níos mó d’aon táscaire go bhféadfadh sé nach bhfuil caillteanas lagaithe a aithníodh i réamhthréimhsí le haghaidh sócmhainn seachas cáilmheas nó ar tháinig laghdú air. I gcás gurb ann d’aon táscaire den sórt sin, déanfaidh an t-eintiteas meastachán ar mhéid in-aisghabhála na sócmhainne sin.

    111

    Agus measúnú á dhéanamh aige an ann níos mó d’aon táscaire go bhféadfadh sé nach bhfuil caillteanas lagaithe a aithníodh i réamhthréimhsí le haghaidh sócmhainne seachas cáilmheas ann nó ar tháinig laghdú air, breithneoidh eintiteas na táscairí a leanas ar a laghad:

     

    Foinsí faisnéise seachtracha

    (a)

    tá táscairí inbhraite ann gur tháinig méadú suntasach ar luach na sócmhainne le linn na tréimhse;

    (b)

    tharla athruithe suntasacha a raibh iarmhairt fhabhrach acu ar an eintiteas le linn na tréimhse, nó tarlóidh siad go luath amach anseo, sa timpeallacht teicneolaíochta, margaidh, eacnamaíoch nó dlíthiúil ina n-oibríonn an t-eintiteas nó sa mhargadh dá bhfuil an tsócmhainn tiomnaithe;

    (c)

    tháinig laghdú ar rátaí úis an mhargaidh nó ar rátaí eile an mhargaidh maidir le toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse, agus is dócha go ndéanfaidh na laghduithe sin difear don ráta lascaine a úsáidtear chun luach úsáide sócmhainne a ríomh agus go méadóidh siad méid in-aisghabhála na sócmhainne go hábhartha.

     

    Foinsí faisnéise inmheánacha

    (d)

    tháinig athruithe suntasacha a bhfuil éifeacht fhabhrach acu ar an eintiteas le linn na tréimhse, nó tá coinne leis go dtarlóidh siad go luath amach anseo, maidir leis an méid nó leis an mbealach a úsáidtear an tsócmhainn nó a bhfuil coinne leis go n-úsáidfear an tsócmhainn. Áirítear leis na hathruithe sin costais a tabhaíodh le linn na tréimhse chun feidhmíocht na sócmhainne a fheabhsú nó a mhéadú, nó chun an oibríocht lena mbaineann an tsócmhainn a athstruchtúrú;

    (e)

    tá fianaise ar fáil ó thuairisciú inmheánach a thugann le tuiscint go bhfuil nó go mbeidh feidhmíocht eacnamaíoch na sócmhainne níos fearr ná a raibh coinne leis.

    112

    Tugann táscairí maidir le laghdú féideartha ar chaillteanas lagaithe i mír 111 léiriú, den chuid is mó, ar na táscairí maidir le caillteanas lagaithe féideartha i mír 12.

    113

    I gcás ina bhfuil táscaire ann nach ann a thuilleadh do chaillteanas lagaithe a aithníodh le haghaidh sócmhainne seachas cáilmheas, nó go bhféadfadh laghdú a bheith tagtha uirthi, d’fhéadfadh sin tabhairt le fios gur ghá athbhreithniú agus coigeartú a dhéanamh ar an tsaolré úsáide atá fágtha, ar an modh dímheasa (amúchadh) nó ar an luach iarmharach, i gcomhréir leis an IFRS a bhfuil feidhm leis maidir leis an tsócmhainn, fiú i gcás nach gcealaítear aon chaillteanas lagaithe maidir leis an tsócmhainn.

    114

    Déanfar caillteanas lagaithe a aithníodh le haghaidh sócmhainne seachas cáilmheas i réamhthréimhsí a chealú i gcás inar tháinig athrú ar na meastacháin a úsáideadh chun méid in-aisghabhála na sócmhainne a chinneadh, ón dáta ar aithníodh an caillteanas lagaithe deireanach, agus sa chás sin amháin. Más amhlaidh an cás, méadófar suim ghlanluacha na sócmhainne chuig a méid in-aisghabhála, seachas mar a shainmhínítear i mír 117. Is cealú caillteanais lagaithe é an méadú sin.

    115

    Léiríonn cealú caillteanais lagaithe méadú ar phoitéinseal seirbhíse measta sócmhainne, de bharr a húsáide nó a díol, ón dáta deireanach ar aithin eintiteas caillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne sin. Le mír 130, ceanglaítear ar eintiteas an t-athrú ar mheastacháin is cúis leis an méadú ar phoitéinseal seirbhíse a shainaithint. Áirítear ar shamplaí d’athruithe ar mheastacháin:

    (a)

    athrú ar an mbonn le méid in-aisghabhála (i.e. cé acu ar luach cóir lúide costais diúscartha nó ar luach úsáide a bhunaítear méid in-aisghabhála);

    (b)

    i gcás inar bunaíodh méid in-aisghabhála ar luach úsáide, athrú ar mhéid nó ar uainiú sreafaí airgid todhchaí measta nó ar an ráta lascaine; nó

    (c)

    i gcás inar bunaíodh méid in-aisghabhála ar luach cóir lúide costais diúscartha, athrú ar mheastachán ar na comhpháirteanna de luach cóir lúide costais diúscartha.

    116

    Féadfaidh luach úsáide sócmhainne teacht chun bheith níos mó ná suim ghlanluacha na sócmhainne, díreach mar gheall go dtagann méadú ar luach láithreach insreafaí airgid todhchaí de réir mar a thagann siad chun bheith níos gaire. Níor tháinig méadú ar phoitéinseal seirbhísí na sócmhainne, áfach. Dá bhrí sin, ní chealaítear caillteanas lagaithe díreach mar gheall ar imeacht ama (ar a dtugtar ‘leachtú’ na lascaine uaireanta), fiú má thagann méid in-aisghabhála na sócmhainne chun bheith níos airde ná a suim ghlanluacha.

    Caillteanas lagaithe a chealú le haghaidh sócmhainne aonair

    117

    Suim ghlanluacha mhéadaithe sócmhainne seachas cáilmheas atá inchurtha i leith cealú caillteanais lagaithe, ní rachaidh sí thar an tsuim ghlanluacha a chinnfí (glan ó amúchadh nó dímheas) i gcás nár aithníodh aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne i mblianta roimhe sin.

    118

    Is athluacháil é aon mhéadú ar shuim ghlanluacha sócmhainne seachas cáilmheas os cionn na suime glanluacha a chinnfí (glan ó amúchadh nó dímheas) i gcás nár aithníodh aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne i mblianta roimhe sin. Agus cuntas á choinneáil aige ar athluacháil den sórt sin, cuireann eintiteas an IFRS is infheidhme maidir leis an tsócmhainn i bhfeidhm.

    119

    Cealú caillteanais lagaithe le haghaidh sócmhainne seachas cáilmheas, aithneofar láithreach i mbrabús nó caillteanas é, ach amháin i gcás ina sealbhaítear an tsócmhainn ag méid athluacháilte i gcomhréir le IFRS eile (mar shampla, an tsamhail athluachála in IAS 16). Caithfear le haon chaillteanas lagaithe de shócmhainn athluacháilte mar laghdú athluachála i gcomhréir leis an IFRS eile sin.

    120

    Aithnítear cealú caillteanais lagaithe ar shócmhainn athluacháilte in ioncam cuimsitheach eile agus méadaíonn sé an barrachas athluachála le haghaidh na sócmhainne sin. A mhéid a aithníodh caillteanas lagaithe ar an tsócmhainn athluacháilte chéanna i mbrabús nó caillteanas roimhe sin, áfach, aithnítear cealú an chaillteanais lagaithe sin i mbrabús nó caillteanas freisin.

    121

    I ndiaidh cealú caillteanais lagaithe a aithint, déanfar an muirear dímheasa (amúchadh) le haghaidh na sócmhainne a choigeartú i dtréimhsí amach anseo chun suim ghlanluacha athbhreithnithe na sócmhainne, lúide a luach iarmharach (más ann dó), a leithdháileadh ar bhonn córasach thar an tsaolré úsáide atá fágtha aici.

    Caillteanas lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid a chealú

    122

    Déanfar cealú caillteanais lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid a leithdháileadh ar shócmhainní an aonaid, seachas cáilmheas, pro rata le suimeanna glanluacha na sócmhainní sin. Caithfear leis na méaduithe sin ar shuimeanna glanluacha mar chealuithe ar chaillteanais lagaithe le haghaidh sócmhainní aonair agus aithneofar iad i gcomhréir le mír 119.

    123

    Agus cealú caillteanais lagaithe le haghaidh aonad giniúna airgid á leithdháileadh aige i gcomhréir le mír 122, ní mhéadófar suim ghlanluacha sócmhainne os cionn an ceann is ísle de na nithe a leanas:

    (a)

    a méid in-aisghabhála (más inchinntithe); agus

    (b)

    an tsuim ghlanluacha a chinnfí (glan ó amúchadh nó dímheas) i gcás nár aithníodh aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na sócmhainne i réamhthréimhsí.

    An méid den chealú ar an gcaillteanas lagaithe a leithdháilfí ar an tsócmhainn ina mhalairt de chás, leithdháilfear é pro rata ar shócmhainní eile an aonaid, seachas cáilmheas.

    Caillteanas lagaithe a chealú le haghaidh cáilmheasa

    124

    Ní chealófar caillteanas lagaithe a aithnítear le haghaidh cáilmheasa i dtréimhse dá éis sin.

    125

    Le IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, toirmeasctar aitheantas ar cháilmheas a ghintear go hinmheánach. Aon mhéadú ar an méid in-aisghabhála cáilmheasa sna tréimhsí i ndiaidh caillteanas lagaithe a aithint le haghaidh an cháilmheasa sin, is dócha gurb é a bheidh ann méadú ar cháilmheas a ghintear go hinmheánach, seachas an cealú caillteanais lagaithe a aithníodh le haghaidh an cháilmheasa a fuarthas.

    NOCHTADH

    126

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas le haghaidh gach aicme sócmhainní:

    (a)

    méid na gcaillteanas lagaithe a aithníodh i mbrabús nó caillteanas le linn na tréimhse agus an mhír (na míreanna) líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-áirítear na caillteanais lagaithe sin;

    (b)

    méid na gcealuithe ar chaillteanais lagaithe a aithníodh i mbrabús nó caillteanas le linn na tréimhse agus mír (míreanna) líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina gcealaítear na caillteanais lagaithe sin;

    (c)

    méid na gcaillteanas lagaithe ar shócmhainní athluacháilte a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse;

    (d)

    méid na gcealuithe ar chaillteanais lagaithe ar shócmhainní athluacháilte a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse.

    127

    Is éard is aicme sócmhainní ann grúpáil sócmhainní de chineál comhchosúil agus d’úsáid chomhchosúil in oibríochtaí eintitis.

    128

    Féadtar an fhaisnéis a éilítear i mír 126 a chur i láthair le faisnéis eile a nochtar le haghaidh na haicme sócmhainní. Mar shampla, féadtar an fhaisnéis sin a chur san áireamh i réiteach ar shuim ghlanluacha réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, ag tús agus ag deireadh na tréimhse, mar a éilítear le IAS 16.

    129

    Eintiteas a thuairiscíonn faisnéis deighleoige i gcomhréir le IFRS 8, nochtfaidh sé an méid a leanas le haghaidh gach deighleoige intuarascála:

    (a)

    méid na gcaillteanas lagaithe a aithníodh i mbrabús nó caillteanas agus in ioncam cuimsitheach eile. le linn na tréimhse;

    (b)

    méid na gcealaithe ar chaillteanais lagaithe a aithníodh i mbrabús nó caillteanas agus in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse.

    130

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas le haghaidh sócmhainn aonair (lena n-áirítear cáilmheas) nó le haghaidh aonad giniúna airgid, ar aithníodh nó ar cealaíodh caillteanas lagaithe ina leith le linn na tréimhse:

    (a)

    na teagmhais agus na himthosca ónar tháinig aitheantas nó cealú an chaillteanais lagaithe;

    (b)

    méid an chaillteanais lagaithe a aithníodh nó a cealaíodh;

    (c)

    le haghaidh sócmhainn aonair:

    (i)

    cineál na sócmhainne; agus

    (ii)

    i gcás ina dtuairiscíonn an t-eintiteas faisnéis deighleoige i gcomhréir le IFRS 8, an deighleog intuarascála lena mbaineann an tsócmhainn;

    (d)

    le haghaidh aonad giniúna airgid:

    (i)

    ituairisc ar an aonad giniúna airgid (amhail cibé acu líne táirgí, gléasra, oibriú gnó, limistéar geografach nó deighleog intuairiscithe é mar a shainítear in IFRS 8);

    (ii)

    méid an chaillteanais lagaithe a aithníodh nó a cealaíodh de réir aicme sócmhainní agus, i gcás ina dtuairiscíonn an t-eintiteas faisnéis deighleoige i gcomhréir le IFRS 8, de réir na deighleoige intuarascála; agus

    (iii)

    i gcás ina bhfuil athrú tagtha ar chomhiomlánú na sócmhainní ar mhaithe leis an aonad giniúna airgid a shainaithint, ón tráth a rinneadh an meastachán roimhe faoi mhéid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid (más ann dó), tuairisc ar an mbealach roimhe agus ar an mbealach reatha chun sócmhainní a chomhiomlánú agus na cúiseanna leis an mbealach a shainaithnítear an t-aonad giniúna airgid a athrú;

    (e)

    méid in-aisghabhála na sócmhainne (aonad giniúna airgid) agus arb ionann méid in-aisghabhála na sócmhainne (aonad giniúna airgid) agus a luach cóir lúide costais diúscartha nó a luach úsáide;

    (f)

    i gcás inarb ionann an méid in-aisghabhála agus luach cóir lúide costais diúscartha, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis a leanas:

    (i)

    an leibhéal den ordlathas luach cóir (féach IFRS 13) ar laistigh de a dhéantar tomhas luach cóir na sócmhainne (aonad giniúna airgid) a chatagóiriú ina iomláine (gan aird a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil ‘costas diúscartha’ inbhraite);

    (ii)

    maidir le tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 den ordlathas luach cóir, tuairisc ar an teicníc luachála (ar na teicnící luachála) a úsáidtear chun luach cóir lúide costais diúscartha a thomhas. I gcás inar tháinig athrú ar an teicníc luachála, nochtfaidh eintiteas an t-athrú sin agus an chúis (na cúiseanna) lena dhéanamh; agus

    (iii)

    maidir le tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 den ordlathas luach cóir, gach príomhthoimhde ar a bhfuil a cinneadh maidir le luach cóir lúide costais diúscartha bunaithe ag an mbainistíocht aige. Is iad na príomhthoimhdí na cinn is mó dá bhfuil méid in-aisghabhála na sócmhainne (an aonaid ghiniúna airgid) íogair. Nochtfaidh an t-eintiteas an ráta (na rátaí) lascaine a úsáidtear sa tomhas reatha agus sa tomhas roimhe sin i gcás ina dtomhaistear luach cóir lúide costais diúscartha ag úsáid teicníc maidir le luach láithreach;

    (g)

    i gcás gurb ionann méid in-aisghabhála agus luach úsáide, an ráta (na rátaí) lascaine a úsáidtear sa mheastachán reatha agus sa mheastachán roimhe sin (más ann dó) ar luach úsáide.

    131

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a leanas maidir leis na caillteanais lagaithe chomhiomlána agus na cealuithe ar chaillteanais lagaithe a aithníodh le linn na tréimhse nár nochtadh aon fhaisnéis ina leith i gcomhréir le mír 130:

    (a)

    na príomhaicmí sócmhainní a ndéanann caillteanais lagaithe nó cealuithe caillteanas lagaithe difear dóibh;

    (b)

    na príomhtheagmhais agus na príomhimthosca ónar tháinig aitheantas agus cealuithe na gcaillteanas lagaithe sin.

    132

    Moltar d’eintiteas na toimhdí a úsáideadh chun méid in-aisghabhála sócmhainní (aonad giniúna airgid) a chinneadh le linn na tréimhse a nochtadh. Mar sin féin, éilítear le mír 134 ar eintiteas faisnéis a nochtadh faoi na meastacháin a úsáidtear chun méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid a thomhas nuair a áirítear cáilmheas nó sócmhainn dholáimhsithe ag a bhfuil saolré úsáide éiginnte i suim ghlanluacha an aonaid sin.

    133

    I gcás, i gcomhréir le mír 84, nár leithdháileadh aon sciar den cháilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó le linn na tréimhse ar aonad giniúna airgid (grúpa aonad) ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nochtfar méid an cháilmheasa neamhleithdháilte chomh maith leis na cúiseanna a bhfuil an méid sin fós gan leithdháileadh.

    Meastacháin a úsáidtear chun méideanna in-aisghabhála aonad giniúna airgid ina bhfuil cáilmheas nó sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu a thomhas

    134

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a éilítear le (a)–(f) le haghaidh gach aonaid giniúna airgid (grúpa aonad) ar suntasach í suim ghlanluacha an cháilmheasa nó na sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu arna leithdháileadh chuig an aonad (grúpa aonad) sin, i gcomparáid le suim ghlanluacha iomlán cáilmheasa nó sócmhainní doláimhsithe an eintitis, ar sócmhainní iad a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu:

    (a)

    suim ghlanluacha an cháilmheasa arna leithdháileadh ar an aonad (grúpa aonad);

    (b)

    suim ghlanluacha na sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu arna leithdháileadh ar an aonad (grúpa aonad);

    (c)

    an bunús ar ar cinneadh méid in-aisghabhála an aonaid (grúpa aonad) (i.e. luach úsáide nó luach cóir lúide costais diúscartha);

    (d)

    cé acu atá nó nach bhfuil méid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) bunaithe ar luach úsáide:

    (i)

    gach príomhthoimhde ar a bhfuil a réamh-mheastacháin sreabhaidh airgid bunaithe ag an mbainistíocht le haghaidh na tréimhse a chumhdaítear leis na buiséid/réamhaisnéisí is déanaí. Is iad na príomhthoimhdí na cinn is mó dá bhfuil méid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) íogair;

    (ii)

    tuairisc ar chur chuige na bainistíochta chun an luach (nó na luachanna) a shanntar do gach príomhthoimhde a chinneadh, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an luach (na luachanna) sin taithí roimhe seo nó, más iomchuí, cé acu atá nó nach bhfuil siad comhsheasmhach le foinsí seachtracha faisnéise, agus sa chás nach bhfuil, conas agus cén fáth a bhfuil siad éagsúil le taithí roimhe seo nó ó fhoinsí seachtracha faisnéise;

    (iii)

    an tréimhse dá bhfuil réamh-mheastacháin déanta ag an lucht bainistíochta ar shreafaí airgid, bunaithe ar bhuiséid/réamhaisnéisí airgeadais arna bhformheas ag an mbainistíocht agus, nuair a úsáidtear tréimhse níos faide ná 5 bliana le haghaidh aonad giniúna airgid (grúpa aonad), míniú ar an údar gur cheart an tréimhse níos faide sin a úsáid;

    (iv)

    an ráta fáis a úsáidtear chun réamh-mheastacháin sreabhaidh airgid a eachtarshuí thar na tréimhsí a chumhdaítear ag na buiséid/réamhaisnéisí is déanaí, agus an t-údar le ráta fáis a úsáid a sháraíonn an meánráta fáis fadtéarmach le haghaidh na dtáirgí, na dtionscal, na tíre nó na dtíortha ina n-oibríonn an t-eintiteas, nó le haghaidh an mhargaidh dá bhfuil an t-aonad (grúpa aonad) tiomnaithe;

    (v)

    an ráta (na rátaí) lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar na réamh-mheastacháin sreabhaidh airgid;

    (e)

    i gcás ina bhfuil méid in-aisghabhála an aonaid (grúpa aonad) bunaithe ar luach cóir lúide costais diúscartha, an teicníc (na teicnící) luachála a úsáidtear chun luach cóir lúide costais diúscartha a thomhas. Ní éilítear ar eintiteas na nochtaí sin a éilítear le IFRS 13 a sholáthar. I gcás nach dtomhaistear luach cóir lúide costais diúscartha ag úsáid praghas luaite le haghaidh aonad (grúpa aonad) comhionann, nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a leanas:

    (i)

    gach príomhthoimhde ar a mbunaíonn an bhainistíocht a cinneadh maidir le luach cóir lúide costais diúscartha. Is iad na príomhthoimhdí na cinn is mó dá bhfuil méid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) íogair;

    (ii)

    tuairisc ar chur chuige na bainistíochta chun an luach (nó na luachanna) a shanntar do gach príomhthoimhde a chinneadh, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn na luachanna sin taithí roimhe seo nó, más iomchuí, cé acu atá nó nach bhfuil siad comhsheasmhach le foinsí seachtracha faisnéise, agus sa chás nach bhfuil, conas agus cén fáth a bhfuil siad éagsúil ó thaithí roimhe seo nó ó fhoinsí seachtracha faisnéise;

    (iiA)

    an leibhéal den ordlathas luach cóir (féach IFRS 13) ar laistigh de a dhéantar tomhas luach cóir a chatagóiriú ina iomláine (gan aird a thabhairt ar inbhreathnaitheacht ‘costas diúscartha’);

    (iiB)

    i gcás inar tháinig athrú ar an teicníc luachála, an t-athrú sin agus an chúis (na cúiseanna) lena dhéanamh.

    I gcás ina dtomhaistear luach cóir lúide costais diúscartha ag úsáid réamh-mheastacháin lascainithe sreabhaidh airgid, nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a leanas:

    (iii)

    an tréimhse dá bhfuil réamh-mheas tugtha ag an mbainistíocht ar shreafaí airgid;

    (iv)

    an ráta fáis a úsáidtear chun réamh-mheastacháin sreabhaidh airgid a eachtarshuí;

    (v)

    an ráta (na rátaí) lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar na réamh-mheastacháin sreabhaidh airgid;

    (f)

    i gcás ina mbeadh athrú a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnach ar phríomhthoimhde ar ar bhunaigh an bhainistíocht a cinneadh faoi mhéid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) ina chúis le suim ghlanluacha an aonaid (an ghrúpa aonad) a bheith níos mó ná a mhéid in-aisghabhála:

    (i)

    an méid ar mó méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid (grúpa aonad) ná a shuim ghlanluacha;

    (ii)

    an luach a shanntar don phríomhthoimhde;

    (iii)

    an méid nach mór an luach a sannadh ar an bpríomhthoimhde a athrú, i ndiaidh aon éifeacht iarmhartach a bhí ag an athrú sin ar athróga eile arna n-úsáid chun méid in-aisghabhála a thomhas, chun go mbeidh méid in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) comhionann lena shuim ghlanluacha.

    135

    I gcás ina bhfuil cuid de shuim ghlanluacha cáilmheasa nó sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu, nó an tsuim ghlanluacha sin uile, leithdháilte thar aonaid giniúna airgid (grúpaí aonad) iomadúla, agus nach suntasach é an méid arna leithdháileadh ar an mbealach sin ar gach aonad (grúpa aonad) i gcomparáid le suim ghlanluacha iomlán cáilmheasa nó sócmhainní doláimhsithe an eintitis a bhfuil saolré úsáide éiginnte acu, nochtfar an méid sin, in éineacht leis an tsuim ghlanluacha chomhiomlán cáilmheasa nó sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu arna leithdháileadh ar na haonaid (grúpaí aonad) sin. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil méideanna in-aisghabhála aon cheann de na haonaid (grúpaí aonad) sin bunaithe ar an bpríomhthoimhde (na príomhthoimhdí) chéanna agus inar suntasach í suim ghlanluacha chomhiomlán an cháilmheasa nó na sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu arna leithdháileadh orthu i gcomparáid le suim ghlanluacha iomlán cáilmheasa nó sócmhainní doláimhsithe an eintitis a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin, in éineacht leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    suim ghlanluacha chomhiomlán an cháilmheasa arna leithdháileadh ar na haonaid (grúpaí aonad) sin;

    (b)

    suim ghlanluacha na sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolréanna úsáide éiginnte acu arna leithdháileadh ar na haonaid (grúpaí aonad) sin;

    (c)

    tuairisc ar an bpríomhthoimhde (na príomhthoimhdí);

    (d)

    tuairisc ar chur chuige na bainistíochta chun an luach (nó na luachanna) a shanntar don phríomhthoimhde (do na príomhthoimhdí) a chinneadh, cé acu a léiríonn nó nach léiríonn an luach (na luachanna) sin taithí roimhe seo nó, más iomchuí, cé acu atá nó nach bhfuil siad comhsheasmhach le foinsí seachtracha faisnéise, agus sa chás nach bhfuil, conas agus cén fáth a bhfuil siad éagsúil ó thaithí roimhe seo nó ó fhoinsí seachtracha faisnéise;

    (e)

    i gcás ina mbeadh athrú a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnach ar an bpríomhthoimhde (na príomhthoimhdí) ina chúis le suimeanna glanluacha an aonaid (na ngrúpaí aonad) a bheith níos mó ná a méideanna in-aisghabhála:

    (i)

    an méid ar mó comhiomlán mhéideanna in-aisghabhála na n-aonad (na ngrúpaí aonad) ná comhiomlán a méideanna in-aisghabhála;

    (ii)

    an luach (na luachanna) arna sannadh ar an bpríomhthoimhde (na príomhthoimhdí);

    (iii)

    an méid nach mór an luach (na luachanna) a sannadh ar an bpríomhthoimhde (na príomhthoimhdí) a athrú, i ndiaidh aon éifeacht iarmhartach a bhí ag an athrú sin ar athróga eile arna n-úsáid chun méid in-aisghabhála a thomhas, chun go mbeidh comhiomlán mhéideanna in-aisghabhála an aonaid (an ghrúpa aonad) comhionann le comhiomlán a suimeanna glanluacha.

    136

    An ríomh mionsonraithe is déanaí a rinneadh i dtréimhse roimhe sin maidir le méid in-aisghabhála aonad giniúna airgid (grúpa aonad), i gcomhréir le mír 24 nó le mír 99, féadtar é a thabhairt ar aghaidh agus a úsáid sa tástáil le haghaidh lagaithe ar an aonad (grúpa aonad) sin sa tréimhse reatha ar choinníoll go gcomhlíontar critéir shonraithe. Nuair is amhlaidh an cás, baineann an fhaisnéis a ionchorpraítear sna nochtaí a éilítear le míreanna 134 agus 135 leis an ríomh maidir le méid in-aisghabhála arna thabhairt ar aghaidh.

    137

    Le Sampla Léiriúcháin 9, léirítear na nochtaí a éilítear le míreanna 134 agus 135.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    138

    [Scriosta]

    139

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm:

    (a)

    maidir le cáilmheas agus le sócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangail ghnó arb é an 31 Márta 2004, nó ina dhiaidh sin, an dáta comhaontaithe lena n-aghaidh; agus

    (b)

    maidir leis na sócmhainní ar fad eile go hionchasach ó thús na chéad tréimhse bliantúla dar tús an 31 Márta 2004 nó ina dhiaidh sin.

    140

    Moltar d’eintitis a bhfuil mír 139 infheidhme ina leith ceanglais an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm roimh na dátaí éifeachtacha a shonraítear i mír 139. Má chuireann eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm roimh na dátaí éifeachtacha sin, áfach, cuirfidh sé IFRS 3 agus IAS 38 (arna athbhreithniú in 2004) i bhfeidhm an tráth céanna freisin.

    140A

    Le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáidtear ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh míreanna 61, 120, 126 agus 129. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    140B

    Le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008), leasaíodh míreanna 65, 81, 85 agus 139, scriosadh míreanna 91–95 agus mír 138 agus cuireadh Foscríbhinn C leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin freisin.

    140C

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír 134(e). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    140D

    Le Costas Infheistíochta i bhFochuideachta, in Eintiteas Comhrialaithe nó in Eintiteas Comhlachaithe (Leasuithe ar IFRS 1 Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a Ghlacadh den Chéad Uair agus le IAS 27), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, cuireadh mír 12(h) leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe gaolmhara i míreanna 4 agus 38A de IAS 27 i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé an leasú gaolmhar i mír 12(h) i bhfeidhm an tráth céanna.

    140E

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 80(b). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2010 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    140F

    [Scriosta]

    140G

    [Scriosta]

    140H

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 4, an ceannteideal os cionn mhír 12(h) agus mír 12(h). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    140I

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 5, 6, 12, 20, 22, 28, 78, 105, 111, 130 agus 134, scriosadh míreanna 25–27, agus cuireadh mír 53A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    140J

    I mí na Bealtaine 2013, leasaíodh míreanna 130 agus 134 agus an ceannteideal os cionn mhír 138. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm i dtréimhsí (lena n-áirítear tréimhsí comparáideacha) nach gcuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm iontu freisin.

    140K

    [Scriosta]

    140L

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 2. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    140M

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 2, 4 agus 5 agus scriosadh míreanna 140F, 140G agus 140K. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    140N

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2017, leasaíodh mír 2. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i mí an Mheithimh 2020, leasaíodh mír 2 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    AISTARRAINGT IAS 36 (ARNA EISIÚINT IN 1998)

    141

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 36 Lagú Sócmhainní (arna eisiúint in 1998).

    Aguisín A

    TEICNÍCÍ MAIDIR LE LUACH LÁITHREACH CHUN LUACH ÚSÁIDE A THOMHAS

    Is dlúthchuid den chaighdeán í an fhoscríbhinn seo. Soláthraítear treoraíocht bhreise inti faoi úsáid a bhaint as teicnící maidir le luach láithreach chun luach úsáide a thomhas. Cé go n-úsáidtear an téarma ‘sócmhainn’ sa treoraíocht, baineann sí go comhchothrom le grúpa sócmhainní a chomhdhéanann aonad giniúna airgid.

    Comhpháirteanna de thomhas luach láithreach

    A1

    Tugann na gnéithe a leanas, le chéile, léiriú ar na difríochtaí eacnamaíocha idir sócmhainní:

    (a)

    meastachán ar an sreabhadh airgid todhchaí, nó i gcásanna níos casta, ar an tsraith de shreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne ag an eintiteas lena ndíorthú ón tsócmhainn;

    (b)

    ionchais faoi éagsúlachtaí féideartha i méid nó uainiú na sreafaí airgid sin;

    (c)

    amluach airgid, arna léiriú ag ráta úis reatha an mhargaidh atá saor ó riosca;

    (d)

    an praghas ar an neamhchinnteacht ar ghné dhílis den tsócmhainn é a sheasamh; agus

    (e)

    fachtóirí eile, a bhíonn neamh-inaitheanta uaireanta (amhail neamhleachtacht), a léireodh na rannpháirtithe sa mhargaidh agus iad ag praghsáil na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne ag an eintiteas lena ndíorthú ón tsócmhainn.

    A2

    San fhoscríbhinn seo, déantar dhá chur chuige ar luach láithreach a ríomh, ar féidir ceachtar acu a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar luach úsáide sócmhainne, ag brath ar na himthosca, a chur i gcodarsnacht. Faoin gcur chuige ‘traidisiúnta’, tá coigeartuithe maidir le fachtóirí (b)-(e), a dtugtar tuairisc orthu i mír A1, leabaithe sa ráta lascaine. Faoin gcur chuige ‘sreabhadh airgid ionchasach’, tá fachtóirí (b), (d) agus (e) ina gcúis le coigeartuithe chun teacht ar shreafaí airgid ionchasacha riosca-choigeartaithe. Pé cur chuige a ghlacann eintiteas chun ionchais faoi éagsúlachtaí féideartha i méid nó in uainiú sreafaí airgid todhchaí a léiriú, is é an toradh ba cheart a bheith air sin, luach láithreach ionchasach na sreafaí airgid todhchaí a léiriú, i.e. meán ualaithe na dtorthaí féideartha ar fad.

    Prionsabail ghinearálta

    A3

    Beidh éagsúlacht i gceist leis na teicnící a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar shreafaí airgid todhchaí ag brath ar na himthosca maidir leis an tsócmhainn i gceist. Mar sin féin, is iad na prionsabail ghinearálta a leanas a rialaíonn aon chur i bhfeidhm teicnící maidir le luach láithreach chun sócmhainní a thomhas:

    (a)

    ba cheart do na rátaí úis a úsáidtear chun sreafaí airgid a lascainiú léiriú a thabhairt ar thoimhdí atá comhsheasmhach leis na cinn ar gnéithe dílse iad de na sreafaí airgid measta. Mura ndéantar sin, déanfar éifeacht toimhdí áirithe a chomhaireamh faoi dhó nó déanfar neamhaird orthu. Mar shampla, d’fhéadfaí ráta lascaine 12 faoin gcéad a chur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid conarthacha d’iasacht infhála. Leis an ráta sin, léirítear ionchais faoi mhainneachtain amach anseo maidir le hiasachtaí ag a bhfuil saintréithe áirithe. Níor cheart an ráta 12 faoin gcéad céanna a úsáid chun sreafaí airgid a bhfuil coinne leo a lascainiú toisc go léiríonn na sreafaí airgid sin toimhdí faoi mhainneachtain amach anseo a léiriú cheana féin;

    (b)

    ba cheart sreafaí airgid measta agus rátaí lascaine a bheith saor ó chlaonadh agus ó fhachtóirí nach mbaineann leis an tsócmhainn i gceist. Mar shampla, trí bhíthin glansreafaí airgid measta a ghanniontráil chun an bhrabúsacht a dhealraítear a bheidh ag sócmhainn amach anseo a mhéadú, tugtar claonadh isteach sa tomhas;

    (c)

    ba cheart sreafaí airgid measta nó rátaí lascaine léiriú a thabhairt ar an raon torthaí féideartha seachas ar aon mhéid féideartha íosta nó uasta amháin is dóchúla a bheidh ann.

    Cur chuige traidisiúnta agus cur chuige um shreabhadh airgid ionchasach maidir le luach láithreach

    Cur chuige traidisiúnta

    A4

    Go traidisiúnta, chun luach láithreach a chur i bhfeidhm sa chuntasaíocht, úsáidtear tacar sreafaí airgid amháin agus ráta lascaine amháin, ar a dtugtar tuairisc go minic mar ‘an ráta atá i gcomhréir leis an riosca’. Go héifeachtach, glactar leis, agus an cur chuige traidisiúnta á úsáid, go bhféadfaidh gnás um ráta lascaine aonair na hionchais ar fad faoi na sreafaí airgid todhchaí agus faoin bpréimh riosca iomchuí a ionchorprú. Dá bhrí sin, cuirtear an chuid is mó den bhéim ar an ráta lascaine a roghnú, agus an cur chuige traidisiúnta á úsáid.

    A5

    In imthosca áirithe, amhail imthosca ina bhféadtar sócmhainní inchomparáide a bhreathnú sa mhargadh, tá sé sách éasca cur chuige traidisiúnta a chur i bhfeidhm. Maidir le sócmhainní a bhfuil sreafaí airgid conarthacha, acu tá sé comhsheasmhach leis an mbealach ina dtugann rannpháirtithe sa mhargadh tuairisc ar shócmhainní, amhail ‘banna 12 faoin gcéad’.

    A6

    D’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an cur chuige traidisiúnta aghaidh go hiomchuí ar fhadhbanna casta áirithe maidir le tomhas, áfach, amhail tomhas sócmhainní neamhairgeadais nach ann d’aon mhargadh le haghaidh na míre nó le haghaidh mír inchomparáide. Chun cuardach ceart a dhéanamh ar ‘an ráta atá i gcomhréir leis an riosca’, ní mór anailís a dhéanamh ar dhá mhír ar a laghad — sócmhainn arb ann di sa mhargadh agus a bhfuil ráta úis breathnaithe aici, agus an tsócmhainn atá á tomhas. Ní mór an ráta úis iomchuí le haghaidh na sreafaí airgid atá á dtomhas a ghlacadh mar thátal ón ráta úis inbhraite sa tsócmhainn eile sin. Chun teacht ar an tátal sin, ní mór saintréithe shreafaí airgid na sócmhainne eile a bheith comhchosúil le sreafaí airgid na sócmhainne atá á tomhas. Dá bhrí sin, ní mór don té a dhéanann an tomhas an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    an tacar sreafaí airgid a dhéanfar a lascainiú a shainaithint;

    (b)

    sócmhainn eile sa mhargadh a shainaithint a ndealraíonn sé go bhfuil saintréithe sreabhaidh airgid comhchosúla aici;

    (c)

    comparáid a dhéanamh idir na tacair sreafaí airgid ón dá mhír chun a áirithiú go bhfuil siad comhchosúil le chéile (mar shampla, an sreafaí airgid conarthacha iad an dá thacar, nó an sreabhadh airgid conarthach ceann amháin agus sreabhadh airgid measta an ceann eile?);

    (d)

    meastóireacht a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gné i mír amháin nach bhfuil ann sa mhír eile (mar shampla, an bhfuil ceann amháin níos leachtaí ná an ceann eile?); agus

    (e)

    meastóireacht a dhéanamh ar cé acu is dócha nó nach dócha go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach comhchosúil (i.e. éagsúil) faoi dhálaí eacnamaíocha athraitheacha.

    Cur chuige um shreabhadh airgid ionchasach

    A7

    I gcásanna áirithe, is uirlis tomhais é an cur chuige um shreabhadh airgid ionchasach atá níos éifeachtaí ná an cur chuige traidisiúnta. Agus tomhas á fhorbairt, úsáidtear gach ionchas faoi shreafaí airgid féideartha, seachas an t-aon sreabhadh airgid amháin is dóchúla, sa chur chuige um shreabhadh airgid ionchasach. Mar shampla, is féidir gurb é AA100, AA200 nó AA300 an sreabhadh airgid a bheidh ann ag a ngabhann dóchúlachtaí 10 faoin gcéad, 60 faoin gcéad agus 30 faoin gcéad, faoi seach. is ea an sreabhadh airgid ionchasach. Dá réir sin, tá an cur chuige um shreabhadh airgid ionchasach éagsúil leis an gcur chuige traidisiúnta toisc go ndíríonn sé ar anailís dhíreach ar na sreafaí airgid i gceist agus ar ráitis níos sainráite faoi na toimhdí arna n-úsáid sa tomhas.

    A8

    Leis an gcur chuige um shreabhadh airgid ionchasach, tugtar caoi freisin do theicnící maidir le luach láithreach a úsáid i gcás ina bhfuil uainiú sreafaí airgid éiginnte. Mar shampla, d’fhéadfadh sreabhadh airgid AA1000 a fháil in 1 bhliain amháin, in 2 bhliain nó in 3 bliana le dóchúlachtaí 10 faoin gcéad, 60 faoin gcéad agus 30 faoin gcéad, faoi seach. Leis an sampla thíos, léirítear ríomh an luacha láithrigh ionchasaigh sa chás sin.

    Luach láithreach AA1000 in 1 bhliain amháin ag 5 %

    AA952.38

     

    Dóchúlacht

    10,00 %

    AA95.24

    Luach láithreach AA1000 in 2 bhliain ag 5.25 %

    AA902.73

     

    Dóchúlacht

    60,00 %

    AA541.64

    Luach láithreach AA1000 in 3 bliana ag 5.50 %

    AA851.61

     

    Dóchúlacht

    30,00 %

    AA255.48

    Luach láithreach ionchasach

     

    AA892.36

    A9

    Tá difear idir luach láithreach ionchasach AA892.36 agus coincheap traidisiúnta an mheastacháin is fearr AA902.73 (an dóchúlacht 60 faoin gcéad). Ach ríomh traidisiúnta ar luach láithreach a chur i bhfeidhm ar an sampla seo, d’éileofaí cinneadh faoi cén uainiú sreabhaidh airgid, as na cinn ar fad a d’fhéadfadh a bheith ann, atá le húsáid agus, dá réir sin, ní léireodh sé dóchúlachtaí uainithe eile. Is amhlaidh sin toisc nach bhféadfaidh an ráta lascaine i ríomh traidisiúnta ar luach láithreach éiginnteachtaí uainithe a léiriú.

    A10

    Is gné fhíor-riachtanach den chur chuige um shreabhadh airgid ionchasach í úsáid dóchúlachtaí. Measann roinnt daoine go mb’fhéidir go dtugtar níos mó cruinnis le tuiscint ná mar atá ann i ndáiríre agus dóchúlachtaí á sannadh do mheastacháin atá thar a bheith suibiachtúil. Chun an cur chuige traidisiúnta a chur i bhfeidhm i gceart, áfach (ar a dtugtar tuairisc i mír A6), éilítear na meastacháin agus an tsuibiachtúlacht chéanna gan trédhearcacht ríomhaireachtúil an chur chuige um shreabhadh airgid ionchasach a sholáthar.

    A11

    Is iomaí meastachán arna fhorbairt sa chleachtas reatha a ionchorpraíonn na gnéithe de shreafaí airgid ionchasacha go neamhfhoirmiúil. Ina theannta sin, is minic a bhíonn ar chuntasóirí sócmhainn a thomhas ag úsáid faisnéis theoranta faoi na dóchúlachtaí sreafaí airgid féideartha. Mar shampla, d’fhéadfadh na cásanna seo a leanas a bheith ag cuntasóir:

    (a)

    tá an méid measta idir AA50 agus AA250, ach níl aon mhéid sa raon níos dóchúla ná aon mhéid eile. Bunaithe ar an bhfaisnéis theoranta sin, is é AA150 [(50 + 250)/2] atá sa sreabhadh airgid ionchasach measta;

    (b)

    tá an méid measta idir AA50 agus AA250, agus is é AA100 an méid is dóchúla. Mar sin féin, ní fios na dóchúlachtaí a ghabhann le gach méid. Bunaithe ar an bhfaisnéis theoranta sin, is é AA133.33 (50 + 100 + 250)/3] an sreabhadh airgid ionchasach measta;

    (c)

    is é AA50 (dóchúlacht 10 faoin gcéad), AA250 (dóchúlacht 30 faoin gcéad), nó AA100 (dóchúlacht 60 faoin gcéad) a bheidh sa mhéid measta. Bunaithe ar an bhfaisnéis theoranta sin, is é AA140 [(50 × 0.10) + (250 × 0.30) + (100 × 0.60)] atá sa sreabhadh airgid ionchasach measta.

    I ngach cás, is dócha go soláthróidh an sreabhadh airgid ionchasach measta meastachán níos fearr ar luach úsáide ná an méid íosta, an méid is dóchúla ná an méid uasta, astu féin.

    A12

    Tá cur i bhfeidhm cur chuige um shreabhadh airgid ionchasach faoi réir ag srian costais agus tairbhe. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag eintiteas ar shonraí fairsinge agus d’fhéadfadh sé a bheith in ann go leor cásanna sreabhaidh airgid a fhorbairt. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé nach mbeadh eintiteas in ann ach ráitis ghinearálta faoi athraitheacht sreafaí airgid a fhorbairt gan costas substaintiúil a thabhú. Is gá don eintiteas cothromaíocht a bhaint amach idir an costas a bhaineann le faisnéis bhreise a fháil agus an iontaofacht bhreise a thabharfaidh an fhaisnéis sin don tomhas.

    A13

    Creideann daoine áirithe go bhfuil teicnící um shreabhadh airgid ionchasach míchuí chun mír aonair a thomhas nó chun mír lena mbaineann líon teoranta torthaí féideartha a thomhas. Tugann siad sampla de shócmhainn ag a bhfuil dhá thoradh fhéideartha: dóchúlacht 90 faoin gcéad gur AA10 a bheidh sa sreabhadh airgid agus dóchúlacht 10 faoin gcéad gur AA1000 a bheidh sa sreabhadh airgid. Braitheann siad gur AA109 é an sreabhadh airgid ionchasach sa sampla sin agus cáineann siad an toradh sin toisc nach léirítear ann ceachtar de na méideanna a d’fhéadfaí a íoc ar deireadh.

    A14

    Dearbhuithe atá comhchosúil leis an gceann a luadh díreach roimhe seo, léiríonn siad easaontú bunaidh leis an gcuspóir tomhais. Más carnadh na gcostas atá le tabhú é an cuspóir, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh sreafaí airgid ionchasacha meastachán dílis ar an gcostas ionchasach. Baineann an caighdeán seo le méid in-aisghabhála sócmhainne a thomhas, áfach. Ní dócha gur AA10 a bheadh i méid in-aisghabhála na sócmhainne sa sampla seo, cé gurb é sin an sreabhadh airgid is dóchúla. Is amhlaidh sin toisc nach gcuimsítear éiginnteacht an tsreabhaidh airgid i dtomhas na sócmhainne trí bhíthin AA10 a thomhas. Ina ionad sin, cuirtear an sreabhadh airgid éiginnte i láthair amhail agus dá mba shreabhadh airgid cinnte a bhí ann. Ní dhéanfadh aon eintiteas réasúnta sócmhainn a bhfuil na saintréithe sin aici a dhíol ar AA10.

    Ráta lascaine

    A15

    Pé cur chuige a ghlacann eintiteas chun luach úsáide sócmhainne a thomhas, níor cheart do na rátaí úis a úsáidtear chun sreafaí airgid a lascainiú léiriú a thabhairt ar rioscaí ar ina leith a ndearnadh coigeartú ar na sreafaí airgid measta. Ina mhalairt de chás, déanfar éifeacht toimhdí áirithe a chomhaireamh faoi dhó.

    A16

    Nuair nach bhfuil ráta sainsócmhainne ar fáil go díreach ón margadh, úsáideann eintiteas rátaí ionaid chun meastachán a dhéanamh ar an ráta lascaine. Is é an cuspóir leis sin, meastachán a dhéanamh, a mhéid is féidir, ar mheasúnú margaidh ar:

    (a)

    amluach airgid le haghaidh na dtréimhsí go dtí deireadh shaolré úsáide na sócmhainne; agus

    (b)

    fachtóirí (b), (d) agus (e) ar a dtugtar tuairisc i mír A1, a mhéid nach raibh na fachtóirí sin ina gcúis le coigeartuithe chun teacht ar shreafaí airgid ionchasacha.

    A17

    Mar thúsphointe chun meastachán den sórt sin a dhéanamh, d’fhéadfadh an t-eintiteas na rátaí a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    costas caipitil meán ualaithe an eintitis arna chinneadh ag úsáid teicnící amhail an tSamhail Phraghsála i leith Sócmhainní;

    (b)

    ráta iasachta incriminteach an eintitis; agus

    (c)

    rátaí iasachta eile an mhargaidh.

    A18

    Ní mór na rátaí sin a choigeartú, áfach:

    (a)

    chun an bealach a dhéanfadh an margadh measúnú ar na rioscaí sonracha atá bainteach le sreafaí airgid measta na sócmhainne a léiriú; agus

    (b)

    chun rioscaí nach bhfuil ábhartha maidir le sreafaí airgid measta na sócmhainne, nó ar ina leith a ndearnadh coigeartú ar na sreafaí airgid measta, a chur as an áireamh.

    Ba cheart cuimhneamh ar rioscaí amhail riosca tíre, riosca airgeadra agus praghasriosca.

    A19

    Tá an ráta lascaine neamhspleách ar struchtúr caipitil an eintitis agus ar an mbealach a mhaoinigh an t-eintiteas ceannach na sócmhainne, mar gheall nach mbraitheann na sreafaí airgid todhchaí a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as sócmhainn ar an mbealach a mhaoinigh an t-eintiteas ceannach na sócmhainne.

    A20

    Le mír 55, éilítear gur ráta roimh cháin a bheidh sa ráta lascaine a úsáidtear. Dá bhrí sin, nuair is iarchánach é an bunús a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar an ráta lascaine, déantar coigeartú ar an mbunús sin chun ráta roimh cháin a léiriú.

    A21

    De ghnáth, úsáideann eintiteas ráta lascaine aonair chun meastachán a dhéanamh ar luach úsáide sócmhainne. Úsáideann eintiteas rátaí lascaine ar leithligh le haghaidh tréimhsí éagsúla amach anseo, áfach, i gcás ina bhfuil luach úsáide íogair i leith difríochta i rioscaí le haghaidh tréimhsí éagsúla nó i leith struchtúr téarma rátaí úis.

    Foscríbhinn C

    TÁSTÁIL LE hAGHAIDH LAGAITHE A DHÉANAMH AR AONAID GINIÚNA AIRGID INA bhFUIL CÁILMHEAS AGUS LEASANNA NEAMH-URLÁMHAIS

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

    C1

    I gcomhréir le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008), tomhaiseann an faighteoir cáilmheas agus aithníonn sé cáilmheas ón dáta éadála mar fharasbarr (a) thar (b) thíos:

    (a)

    comhiomlán na nithe seo a leanas:

    (i)

    an chomaoin a aistríodh arna tomhas i gcomhréir le IFRS 3, lena gceanglaítear go ginearálta cóirluach ar an dáta éadála;

    (ii)

    méid aon leas neamh-urlámhais san fhaighteoir arna thomhas i gcomhréir le IFRS 3; agus

    (iii)

    i gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna, luach cóir an leasa chothromais, ar an dáta éadála, arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimhe seo san fhaighteán.

    (b)

    glanmhéideanna na sócmhainní inaitheanta agus na ndliteanas gafa ar an dáta éadála, arna dtomhas i gcomhréir le IFRS 3.

    Cáilmheas a leithdháileadh

    C2

    Le mír 80 den Chaighdeán seo, éilítear an cáilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó a leithdháileadh ar gach ceann d’aonaid giniúna airgid an fhaighteora, nó a ghrúpaí aonad giniúna airgid, a bhfuil coinne leis go dtairbheoidh siad de shineirgí an chomhcheangail, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní eile nó dliteanais eile an fhaighteáin sannta do na haonaid nó na grúpaí aonad sin. Is féidir go ndéanfar roinnt de na sineirgí a leanann as comhcheangal gnó a leithdháileadh ar aonad giniúna airgid nach bhfuil leas ann ag an leas neamh-urlámhais.

    Tástáil le haghaidh lagaithe

    C3

    Is é atá i gceist le tástáil le haghaidh lagaithe, comparáid a dhéanamh idir méid in-aisghabhála aonaid giniúna airgid agus suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid.

    C4

    I gcás ina dtomhaiseann eintiteas leasanna neamh-urlámhais mar a leas comhréireach i nglansócmhainní inaitheanta fochuideachta ar an dáta éadála, seachas ar luach cóir, cuirtear cáilmheas atá inchurtha i leith leasanna neamh-urlámhais san áireamh i méid in-aisghabhála an aonaid giniúna airgid ghaolmhair ach ní aithnítear é i ráitis airgeadais chomhdhlúite na máthairchuideachta. Mar thoradh air sin, ollardóidh eintiteas suim ghlanluacha an cháilmheasa arna leithdháileadh ar an aonad chun an cáilmheas atá inchurtha i leith an leasa neamh-urlámhais a chur san áireamh. Cuirtear an tsuim ghlanluacha choigeartaithe sin i gcomparáid le méid in-aisghabhála an aonaid lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an t-aonad giniúna airgid lagaithe.

    Caillteanas lagaithe a leithdháileadh

    C5

    Le mír 104, éilítear go ndéanfaí aon chaillteanas lagaithe sainaitheanta a leithdháileadh ar dtús chun suim ghlanluacha an cháilmheasa arna leithdháileadh ar an aonad a laghdú agus ansin ar shócmhainní eile an aonaid pro rata ar bhonn suim ghlanluacha gach sócmhainne san aonad.

    C6

    I gcás inar aonad giniúna airgid í fochuideachta, nó cuid d’fhochuideachta, ag a bhfuil leas neamh-urlámhais í fein, leithdháiltear an caillteanas lagaithe idir an mháthairchuideachta agus an leas neamh-urlámhais ar an mbonn céanna leis an mbonn ar a leithdháiltear brabús nó caillteanas.

    C7

    I gcás inar cuid d’aonad giniúna airgid níos mó í fochuideachta, nó cuid d’fhochuideachta ag a bhfuil leas neamh-urlámhais, leithdháiltear caillteanais lagaithe cháilmheasa ar na codanna den aonad giniúna airgid a bhfuil agus nach bhfuil leas neamh-urlámhais acu. Ba cheart na caillteanais lagaithe a leithdháileadh ar na codanna den aonad giniúna airgid ar bhonn:

    (a)

    a mhéid a bhaineann an lagú le cáilmheas san aonad giniúna airgid, luachanna seilbhe coibhneasta cháilmheas na gcodanna roimh an lagú; agus

    (b)

    a mhéid a bhaineann an lagú le sócmhainní inaitheanta san aonad giniúna airgid, luachanna seilbhe coibhneasta ghlansócmhainní inaitheanta na gcodanna roimh an lagú. Leithdháiltear aon lagú den sórt sin ar shócmhainní na gcodanna de gach aonad pro rata ar bhonn shuim ghlanluacha gach sócmhainne sa chuid.

    Sna codanna sin nach bhfuil leas neamh-urlámhais acu, leithdháiltear an caillteanas lagaithe idir an mháthairchuideachta agus an leas neamh-urlámhais ar an mbonn céanna leis an mbonn ar a leithdháiltear brabús nó caillteanas.

    C8

    Caillteanas lagaithe atá inchurtha i leith leas neamh-urlámhais, i gcás ina mbaineann sin le cáilmheas nach n-aithnítear i ráitis airgeadais chomhdhlúite na máthairchuideachta (féach mír C4), ní aithnítear an lagú sin mar chaillteanas lagaithe cáilmheasa. Sna cásanna sin, ní aithnítear mar chaillteanas lagaithe cáilmheasa ach an caillteanas lagaithe a bhaineann leis an gcáilmheas a leithdháiltear ar an máthairchuideachta.

    C9

    Le Sampla Léiriúcháin 7, léirítear tástáil le haghaidh lagaithe ar aonad giniúna airgid nach bhfuil faoi úinéireacht iomlán agus ina bhfuil cáilmheas.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 37

    Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    CUSPÓIR

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo a áirithiú go gcuirtear critéir aitheantais agus bunúis tomhais iomchuí i bhfeidhm maidir le forálacha, dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha agus go nochtar faisnéis leordhóthanach sna nótaí lena chur ar chumas úsáideoirí cineál, uainiú agus méideanna na bhforálacha, na ndliteanas teagmhasach agus na sócmhainní teagmhasacha a thuiscint.

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfidh na heintitis uile an caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntas á choinneáil ar fhorálacha, dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha, ach amháin:

    (a)

    na cinn siad a leanann as conarthaí le comhlíonadh, ach amháin i gcás ina bhfuil an conradh dochraideach; agus

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    na cinn sin a chumhdaítear le caighdeán eile.

    2

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le hionstraimí airgeadais (lena n-áirítear ráthaíochtaí) atá faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    3

    Is é atá i gconarthaí le comhlíonadh, conarthaí nach ndearna ceachtar páirtí aon cheann dá n-oibleagáidí fúthu, nó faoina ndearna an dá pháirtí a n-oibleagáidí go páirteach ar bhonn cothrom. Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le conarthaí le comhlíonadh ach amháin i gcás gur dochraideach iad.

    4

    [Scriosta]

    5

    Nuair a dhéileáiltear, le Caighdeán eile, le cineál sonrach forála, dliteanais theagmhasaigh nó sócmhainne teagmhasaí, cuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm seachas an Caighdeán seo. Mar shampla, dírítear ar chineálacha áirithe forálacha i gCaighdeáin maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    [scriosta]

    (b)

    cánacha ioncaim (féach IAS 12 Cánacha Ioncaim);

    (c)

    léasanna (féach IFRS 16 Léasanna). Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le haon léas a thagann chun bheith dochraideach roimh dháta tosaigh an léasa mar a shainmhínítear in IFRS 16, áfach. Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le léasanna gearrthéarmacha freisin agus maidir le léasanna a bhfuil luach íseal ag a mbunsócmhainn, a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le mír 6 de IFRS 16 agus a tháinig chun bheith dochraideach;

    (d)

    sochair fostaithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (e)

    conarthaí árachais agus conarthaí eile faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais;

    (f)

    comaoin theagmhasach maidir le faighteoir i gcomhcheangal gnó (féach IFRS 3 Comhcheangail Ghnó); agus

    (g)

    ioncam ó chonarthaí le custaiméirí (féach IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí). Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil aon cheanglas sonrach in IFRS 15 chun aghaidh a thabhairt ar chonarthaí le custaiméirí atá nó a tháinig chun bheith dochraideach, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le cásanna den sórt sin.

    6

    [Scriosta]

    7

    Tugtar sainmhíniú sa chaighdeán seo ar fhorálacha mar dhliteanais maidir le huainiú nó méid éiginnte. Úsáidtear an téarma ‘foráil’ i dtíortha áirithe i gcomhthéacs míreanna amhail dímheas, lagú sócmhainní agus fiacha amhrasacha freisin: is iad sin coigeartuithe ar shuimeanna glanluacha sócmhainní agus ní thugtar aghaidh orthu sa chaighdeán seo.

    8

    Sonraítear i gcaighdeáin eile cé acu mar shócmhainní nó mar speansais a chaitear le caiteachais. Ní thugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin sa chaighdeán seo. Dá réir sin, ní thoirmeasctar leis an gcaighdeán seo, ná ní cheanglaítear leis, caipitliú ar na costais a aithnítear nuair a dhéantar foráil.

    9

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le forálacha le haghaidh athstruchtúrú (lena n-áirítear oibríochtaí scortha). Nuair a chomhlíonann athstruchtúrú an sainmhíniú ar oibríocht scortha, d’fhéadfadh IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha nochtaí breise a éileamh.

    SAINMHÍNITHE

    10

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo agus is é an méid seo a leanas is brí leo i ngach cás faoi seach:

     

    Is éard is foráil ann dliteanas lena mbaineann uainiú nó méid éiginnte.

     

    Is éard is dliteanas  (23) ann oibleagáid láithreach an eintitis a eascraíonn as teagmhais roimhe seo, a bhfuil coinne leis go leanfaidh eis-sreabhadh acmhainní lena gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha ón eintiteas as a socrú.

     

    Is éard is teagmhas cruthaithe oibleagáide ann teagmhas a chruthaíonn oibleagáid dhlíthiúil nó inchiallaithe arb é a leanann as nach bhfuil aon mhalairt rogha réalaíoch ag an eintiteas ach an oibleagáid sin a shocrú.

     

    Is éard is oibleagáid dhlíthiúil ann oibleagáid a dhíorthaítear as:

    (a)

    conradh (trína théarmaí sainráite nó intuigthe);

    (b)

    reachtaíocht; nó

    (c)

    feidhmiú eile an dlí.

     

    Is éard is oibleagáid inchiallaithe ann oibleagáid a dhíorthaítear as gníomhaíochtaí eintitis sna cásanna a leanas:

    (a)

    trí phatrún bunaithe cleachtais roimhe seo, trí bheartais fhoilsithe nó trí ráiteas reatha atá sonrach go leordhóthanach, chuir an t-eintiteas in iúl do pháirtithe eile go nglacfaidh sé freagrachtaí áirithe air féin; agus

    (b)

    dá thoradh sin, chruthaigh an t-eintiteas ionchas bailí ar thaobh na bpáirtithe eile sin go gcomhlíonfaidh sé na freagrachtaí sin.

     

    Is éard is dliteanas teagmhasach ann:

    (a)

    seasann an ball seo d’oibleagáidí féideartha a eascraíonn as imeachtaí roimhe seo agus nach ndeimhneofar gurbh ann dóibh ach amháin i gcás ina dtarlóidh nó nach dtarlóidh imeacht éiginnte amháin nó níos mó sa todhchaí, imeacht nach mbeidh go hiomlán faoi smacht an eintitis; nó

    (b)

    oibleagáid láithreach a eascraíonn as teagmhais roimhe seo ach nach n-aithnítear ós rud é:

    (i)

    níl sé dóchúil go n-éileofar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid a shocrú; nó

    (ii)

    ní féidir an méid oibleagáidí a thomhas ar bhealach atá iontaofa go leor.

     

    Is éard is sócmhainn theagmhasach ann sócmhainn fhéideartha a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus nach ndeimhneofar gurb ann di ach amháin i gcás ina dtarlóidh nó nach dtarlóidh teagmhas éiginnte amháin nó níos mó amach anseo nach mbeidh go hiomlán faoi smacht an eintitis.

     

    Is éard is conradh dochraideach ann conradh inar mó na costais dhosheachanta chun an oibleagáid faoin gconradh a chomhlíonadh ná na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne lena bhfáil faoin gconradh.

     

    Is éard is athstruchtúrú ann clár lena ndéantar an bhainistíocht a phleanáil agus a rialú agus lena n-athraítear go bunúsach:

    (a)

    raon feidhme an ghnó a dhéanann eintiteas; nó

    (b)

    an bealach a ndéantar an gnó sin.

    Forálacha agus dliteanais eile

    11

    Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir forálacha agus dliteanais eile amhail suimeanna iníoctha trádála agus fabhruithe toisc go mbaineann éiginnteacht le huainiú nó méid an chaiteachais amach anseo a cheanglaítear chun iad a shocrú. Os a choinne sin:

    (a)

    is dliteanais iad suimeanna iníoctha trádála chun íoc as earraí nó seirbhísí a fuarthas nó a soláthraíodh agus a bhfuil sonrasc seolta ina leith cheana féin nó atá comhaontaithe go foirmiúil leis an soláthróir; agus

    (b)

    is dliteanais iad fabhruithe chun íoc as earraí nó seirbhísí a fuarthas nó a soláthraíodh ach nach bhfuil íoctha, nach bhfuil sonrasc seolta ina leith nó nach bhfuil comhaontaithe go foirmiúil leis an soláthróir, lena n-áirítear méideanna atá dlite d’fhostaithe (mar shampla, méideanna a bhaineann le pá saoire fabhraithe). Cé gur gá, uaireanta, meastachán a dhéanamh ar mhéid nó ar uainiú fabhruithe, bíonn an éiginnteacht i bhfad níos lú, go ginearálta, ná mar a bhíonn i gcás forálacha.

    Is minic a thuairiscítear fabhruithe mar chuid de shuimeanna iníoctha trádála agus suimeanna iníoctha eile, ach tuairiscítear forálacha ar leithligh.

    An gaol idir forálacha agus dliteanais theagmhasacha

    12

    Go ginearálta, tá gach foráil teagmhasach, mar tá siad éiginnte ó thaobh uainithe nó méide de. Laistigh den chaighdeán seo, áfach, úsáidtear an téarma ‘teagmhasach’ le haghaidh dliteanas agus sócmhainní nach n-aithnítear toisc nach ndeimhneofar gurb ann dóibh ach amháin nuair a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn teagmhas éiginnte amháin nó níos mó amach anseo nach bhfuil go hiomlán faoi smacht an eintitis. Ina theannta sin, úsáidtear an téarma ‘dliteanas teagmhasach’ le haghaidh dliteanas nach gcomhlíonann na critéir aitheantais.

    13

    Déantar idirdhealú sa chaighdeán seo idir:

    (a)

    forálacha — a aithnítear mar dhliteanais (ag glacadh leis gur féidir meastachán iontaofa a dhéanamh) ós rud é gur oibleagáidí láithreacha iad agus gur dócha go gceanglófar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun na hoibleagáidí a shocrú; agus

    (b)

    dliteanais theagmhasacha — nach n-aithnítear mar dhliteanais ós rud é:

    (i)

    gur oibleagáidí féideartha iad agus go bhfuil sé fós le deimhniú cibé a bhfuil nó nach bhfuil oibleagáid láithreach ag an eintiteas a bhféadfadh eis-sreabhadh acmhainní lena gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha leanúint aisti; nó

    (ii)

    gur oibleagáidí láithreacha iad nach gcomhlíonann na critéir aitheantais sa chaighdeán seo (ós rud é nach bhfuil sé dóchúil go gceanglófar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid a shocrú, nó nach féidir meastachán sách iontaofa a dhéanamh ar mhéid na hoibleagáide).

    AITHINT

    Forálacha

    14

    Aithneofar foráil sna cásanna a leanas:

    (a)

    tá oibleagáid láithreach (dhlíthiúil nó inchiallaithe) ar an eintiteas de thoradh teagmhas roimhe seo;

    (b)

    is dóchúil go gceanglófar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid a shocrú; agus

    (c)

    is féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ar mhéid na hoibleagáide.

    Mura gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní aithneofar aon fhoráil.

    Oibleagáid láithreach

    15

    I gcásanna annamha, ní léir cibé a bhfuil nó nach bhfuil oibleagáid láithreach ann. Sna cásanna sin, meastar go n-eascraíonn oibleagáid láithreach as teagmhas roimhe seo i gcás, agus an fhianaise uile atá ar fáil á cur san áireamh, gur dhóichí ná a mhalairt go bhfuil oibleagáid láithreach ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    16

    Beidh sé soiléir i mbeagnach gach cás cibé ar eascair nó nár eascair oibleagáid láithreach as teagmhas roimhe seo. I gcásanna annamha, mar shampla in imeachtaí sibhialta, is féidir a dhíospóid cé acu ar tharla nó nár tharla teagmhais áirithe agus cibé ar lean nó nár lean oibleagáid láithreach astu. I gcás den sórt sin, cinneann eintiteas cibé a bhfuil nó nach bhfuil oibleagáid láithreach ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe trí bhíthin an fhianaise uile atá ar fáil a chur san áireamh, lena n-áirítear, mar shampla, tuairim saineolaithe. Áirítear leis an bhfianaise a bhreithnítear, aon fhianaise bhreise arna soláthar ag teagmhais i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe. Ar bhonn fianaise den sórt sin:

    (a)

    i gcás inar dhóichí ná a mhalairt gurb ann d’oibleagáid láithreach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, aithníonn an t-eintiteas foráil (i gcás ina gcomhlíontar na critéir aitheantais); agus

    (b)

    i gcás inar dhóichí ná a mhalairt nach ann d’oibleagáid láithreach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nochtann an t-eintiteas dliteanas teagmhasach, ach amháin i gcás gur bheag an dóchúlacht go gceanglófar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha (féach mír 86).

    Teagmhas roimhe seo

    17

    Tugtar teagmhas cruthaithe oibleagáide ar theagmhas roimhe seo as a leanann oibleagáid láithreach. Le go bhféadfaidh teagmhas bheith ina theagmhas cruthaithe oibleagáide, is gá nach bhfuil aon mhalairt rogha réalaíoch ag an eintiteas ach an oibleagáid a chruthaigh an teagmhas a shocrú. Ní hamhlaidh sin ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    is féidir socrú na hoibleagáide a fhorfheidhmiú leis an dlí; nó

    (b)

    i gcás oibleagáide inchiallaithe, i gcás ina gcruthaíonn an teagmhas (a d’fhéadfadh bheith ina ghníomhaíocht de chuid an eintitis) ionchais bhailí a chruthú i bpáirtithe eile go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas an oibleagáid.

    18

    Pléann ráitis airgeadais le staid airgeadais eintitis ag deireadh a thréimhse tuairiscithe agus ní lena staid airgeadais féidir amach anseo. Dá bhrí sin, ní aithnítear aon fhoráil le haghaidh costais nach mór a thabhú chun oibriú amach anseo. Ní hiad ach na dliteanais atá ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe na dliteanais a aithnítear i ráiteas eintitis maidir lena staid airgeadais.

    19

    Is iad na hoibleagáidí sin a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus arb ann dóibh go neamhspleách ar ghníomhaíochtaí eintitis amach anseo (i.e. feidhmiú a ghnó amach anseo), agus iad sin amháin, a aithnítear mar fhorálacha. Is samplaí d’oibleagáidí den sórt sin iad pionóis nó costais ghlantacháin le haghaidh dochair chomhshaoil neamhdhleathaigh, a leanfadh eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha as socrú an dá oibleagáid, gan beann ar ghníomhaíochtaí an eintitis amach anseo. Mar an gcéanna, aithníonn eintiteas foráil maidir le costais um dhíchoimisiúnú suiteála ola nó gléasra cumhachta núicléiche a mhéid a bhfuil oibleagáid ar an eintiteas an dochar atá déanta cheana féin a réiteach. Os a choinne sin, mar gheall ar bhrú tráchtála nó ceanglais dlí, d’fhéadfadh eintiteas beartú caiteachas a dhéanamh nó d’fhéadfadh go mbeadh air caiteachas a dhéanamh chun oibriú ar bhealach áirithe amach anseo (mar shampla, trí scagairí deataigh a shuiteáil i gcineál áirithe monarchan). Ós rud é go bhféadfaidh an t-eintiteas an caiteachas amach anseo a sheachaint trína ghníomhaíochtaí amach anseo, mar shampla trína mhodh oibríochta a athrú, níl aon oibleagáid láithreach air maidir leis an gcaiteachas amach anseo agus ní aithnítear aon fhoráil.

    20

    Baineann oibleagáid le páirtí eile i gcónaí, páirtí a bhfuil an oibleagáid dlite dó. Ní gá, áfach, go mbeadh aitheantas an pháirtí dá bhfuil an oibleagáid dlite ar eolas — go deimhin, d’fhéadfadh an oibleagáid bheith don phobal i gcoitinne. Ós rud é go mbaineann oibleagáid le gealltanas do pháirtí eile i gcónaí, ciallaíonn sin nach n-eascraíonn oibleagáid inchiallaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe as cinneadh ón mbainistíocht nó ón mbord ach amháin i gcás go gcuirtear an cinneadh in iúl roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe do na daoine sin a ndéanann sé difear dóibh ar bhealach sách sonrach go músclaíonn sé ionchas bailí iontu go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas a fhreagrachtaí.

    21

    Maidir le teagmhas nach n-eascraíonn oibleagáid as láithreach, féadfaidh oibleagáid eascairt as ar dháta níos déanaí, mar gheall ar athruithe sa dlí nó mar gheall go n-eascraíonn oibleagáid inchiallaithe as gníomh (mar shampla, ráiteas poiblí atá sonrach go leordhóthanach) ón eintiteas. Mar shampla, nuair a dhéantar dochar comhshaoil d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon oibleagáid ann na hiarmhairtí a leigheas. Mar sin féin, tiocfaidh déanamh an dochair chun bheith ina theagmhas cruthaithe oibleagáide nuair a éilíonn dlí nua go ndéanfaí an dochar atá déanta cheana féin a leigheas nó nuair a ghlacann an t-eintiteas freagracht go poiblí as leigheas ar bhealach a chruthaíonn oibleagáid inchiallaithe.

    22

    Nuair atá mionsonraí faoi dhlí nua atá á mholadh fós le tabhairt chun críche, ní eascraíonn oibleagáid ach amháin nuair is beagnach cinnte go n-achtófaí an reachtaíocht mar a dréachtaíodh í. Chun críche an chaighdeáin seo, caitear le hoibleagáid den sórt sin mar oibleagáid dhlíthiúil. De bharr difríochtaí in imthosca maidir le hachtú, tá sé dodhéanta teagmhas aonair a shonrú a d’fhágfadh gur beagnach cinnte é go n-achtófaí dlí. In go leor cásanna beidh sé dodhéanta a bheith beagnach cinnte d’achtú dlí go dtí go ndéantar é a achtú.

    Eis-sreabhadh dóchúil acmhainní lena gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha

    23

    Le go mbeidh dliteanas i dteideal aitheantais, ní mór go mbeadh ní hamháin oibleagáid láithreach ann, ach dóchúlacht ar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid sin a shocrú freisin. Chun críche an chaighdeáin seo (24), meastar gur dhóchúil é eis-sreabhadh acmhainní nó teagmhas eile i gcás inar dhóichí ná a mhalairt go dtarlóidh an teagmhas, i.e. is mó an dóchúlacht go dtarlóidh an teagmhas ná an dóchúlacht nach dtarlóidh sé. I gcás nach dóchúil gur ann d’oibleagáid láithreach, nochtann eintiteas dliteanas teagmhasach, ach amháin i gcás gur bheag an dóchúlacht go dtarlóidh eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha (féach mír 86).

    24

    I gcás go bhfuil líon oibleagáidí comhchosúla ann (e.g. barántais táirge nó conarthaí comhchosúla), cinntear an dóchúlacht go n-éileofar eis-sreabhadh sa socrú trí bhreithniú a dhéanamh ar an aicme oibleagáidí ina hiomláine. Cé go bhféadfaidh an dóchúlacht go mbeidh eis-sreabhadh ann le haghaidh aon mhír amháin a bheith beag, d’fhéadfadh sé a bheith dóchúil go mbeidh gá le heis-sreabhadh éigin acmhainní chun an aicme oibleagáidí ina hiomláine a shocrú. Más amhlaidh an cás, aithnítear foráil (má chomhlíontar na critéir aitheantais eile).

    Meastachán iontaofa a dhéanamh ar an oibleagáid

    25

    Cuid fhíor-riachtanach d’ullmhú ráiteas airgeadais iad meastacháin a úsáid agus ní dhéanann siad dochar dá n-iontaofacht. Is fíor sin go háirithe i gcás forálacha, atá níos éiginnte ná formhór na míreanna eile sa ráiteas maidir le staid airgeadais, mar gheall ar a gcineál. Ach amháin i gcásanna fíor-annamha, beidh eintiteas in ann raon torthaí féideartha a chinneadh agus dá bhrí sin beidh sé in ann meastachán a dhéanamh ar an oibleagáid atá sách iontaofa le húsáid chun foráil a aithint.

    26

    Sa chás fíor-annamh nach féidir aon mheastachán iontaofa a dhéanamh, tá dliteanas ann nach féidir a aithint. Nochtar an dliteanas sin mar dhliteanas teagmhasach (féach mír 86).

    Dliteanais theagmhasacha

    27

    Ní aithneoidh eintiteas dliteanas teagmhasach.

    28

    Nochtar dliteanas teagmhasach, mar a éilítear le mír 86, ach amháin i gcás inar bheag an dóchúlacht go dtarlóidh eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha.

    29

    I gcás ina bhfuil eintiteas faoi dhliteanas oibleagáide, i gcomhpháirt agus go leithleach, is mar dhliteanas teagmhasach a chaitear leis an gcuid den oibleagáid a bhfuil coinne leis go gcomhlíonfaidh páirtithe eile í. Aithníonn an t-eintiteas foráil maidir leis an gcuid den oibleagáid, a bhfuil eis-sreabhadh acmhainní dóchúil maidir léi, agus ar acmhainní iad a bhfuil tairbhí eacnamaíocha ag baint leo, seachas i gcásanna an-annamh nach féidir meastachán iontaofa a dhéanamh ina leith.

    30

    Féadfaidh dliteanais theagmhasacha a fhorbairt ar bhealach nach raibh coinne leis i dtosach báire. Dá bhrí sin, déantar measúnú orthu go leanúnach chun a chinneadh an bhfuil eis-sreabhadh acmhainní, ar tairbhí eacnamaíocha a bheidh i gceist leo, dóchúil nó nach bhfuil. Má bhíonn sé dóchúil go n-éileofar eis-sreabhadh tairbhí eacnamaíocha amach anseo i gcás míre ar caitheadh leis roimhe seo mar dhliteanas teagmhasach, aithnítear foráil i ráitis airgeadais na tréimhse ina dtarlaíonn an t-athrú ar dhóchúlacht (ach amháin i gcásanna an-annamh nach féidir meastachán iontaofa a dhéanamh).

    Sócmhainní teagmhasacha

    31

    Ní aithneoidh eintiteas sócmhainn theagmhasach.

    32

    Is iondúil go n-eascraíonn sócmhainní teagmhasacha as teagmhais nach raibh pleanáilte nó teagmhais eile nach raibh coinne leo as ar féidir insreabhadh sócmhainní eacnamaíocha chuig an eintiteas teacht. Sampla de sin is ea éileamh go bhfuil eintiteas ag tabhairt faoi nósanna imeachta dlíthiúla i gcás ina mbíonn an toradh éiginnte.

    33

    Ní aithnítear sócmhainní teagmhasacha i ráitis airgeadais toisc gurbh fhéidir ioncam a aithint, ioncam nach réadófar riamh, b’fhéidir, teacht as sin. Nuair a bhíonn réadú an ioncaim nach mór cinnte, áfach, ní sócmhainn theagmhasach í an tsócmhainn lena mbaineann agus bíonn a haithint iomchuí.

    34

    Nochtar sócmhainn theagmhasach, mar a éilítear le mír 89, i gcás ina mbíonn insreabhadh tairbhí eacnamaíocha dóchúil.

    35

    Déantar measúnú leanúnach ar shócmhainní teagmhasacha chun a áirithiú go léirítear forbairtí go hiomchuí sna ráitis airgeadais. Má táthar nach mór cinnte go dtiocfaidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha chun cinn, aithnítear an tsócmhainn agus an t-ioncam lena mbaineann i ráitis airgeadais na tréimhse ina dtarlaíonn an t-athrú. Má tá insreabhadh tairbhí eacnamaíocha dóchúil, nochtann eintiteas an tsócmhainn theagmhasach (féach mír 89).

    TOMHAS

    Meastachán is fearr

    36

    An meastachán is fearr ar an gcaiteachas a éilítear chun an oibleagáid láithreach a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe a bheidh sa mhéid a aithnítear mar fhoráil.

    37

    Is é an meastachán is fearr ar an gcaiteachas a éilítear chun an oibleagáid láithreach a shocrú an méid réasúnach a d’íocfadh eintiteas chun an oibleagáid a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nó chun é a aistriú chuig tríú páirtí an tráth céanna. Beidh sé indéanta go minic, nó i bhfad róchostasach, oibleagáid a shocrú nó a aistriú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Ach is é an meastachán ar an méid réasúnach a d’íocfadh eintiteas chun an oibleagáid a shocrú nó a aistriú an méid a thugann an meastachán is fearr ar an gcaiteachas a éilítear chun an oibleagáid láithreach a shocrú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    38

    Cinneann breithiúnas bhainistíocht an eintitis na meastacháin ar thoradh agus éifeacht airgeadais, arna bhforlíonadh le taithí i ndáil le hidirbhearta comhchosúla agus, i roinnt cásanna, tuarascálacha ó shaineolaithe neamhspleácha. Áirítear leis an bhfianaise a mheastar aon fhianaise bhreise arna soláthar ag teagmhais tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe.

    39

    Pléitear le neamhchinnteachtaí i ndáil leis an méid atá le haithint mar fhoráil le modhanna éagsúla de réir na n-imthosca. I gcás ina bhfuil líon mór míreanna i gceist leis an bhforáil atá á tomhas, déantar an oibleagáid a mheas trí na torthaí féideartha go léir a ualú de réir na ndóchúlachtaí lena mbaineann. Is é ‘luach ionchais’ an t-ainm atá ar an modh staidrimh meastacháin. Beidh an fhoráil éagsúil, dá bhrí sin, ag brath ar dhóchúlacht caillteanais méid faoi leith, mar shampla, má bhíonn sé 60 faoin gcéad nó 90 faoin gcéad. I gcás ina mbíonn raon leanúnach torthaí féideartha, agus i gcás ina mbíonn gach pointe sa raon chomh dóchúil lena chéile, úsáidtear lárphointe an raoin.

    Sampla

    Díolann eintiteas earraí ag a bhfuil baránta faoina gcumhdaítear custaiméirí i ndáil le costais deisiúchán a bhaineann le haon locht monaraíochta a nochtar laistigh de na chéad 6 mhí tar éis ceannaigh. Má braitheadh mionlochtanna sna hearraí ar fad a díoladh, bheadh costas 1 mhilliún ar na deisiúcháin. Má braitheadh mórlochtanna sna hearraí ar fad a díoladh, bheadh costas 4 mhilliún ar na deisiúcháin. Le taithí an eintitis, chomh maith lena ionchais don todhchaí, tugtar le fios, don bhliain amach romhainn, nach mbeidh aon locht ag 75 faoin gcéad de na hearraí a dhíolfar, go mbeidh mionlochtanna ag 20 faoin gcéad de na hearraí a dhíolfar agus go mbeidh mórlochtanna ag 5 faoin gcéad de na hearraí a dhíolfar. I gcomhréir le mír 24, déanann eintiteas measúnú ar dhóchúlacht eis-sreabhadh le haghaidh na n-oibleagáidí baránta ina n-iomláine.

    Is é an méid a leanas luach ionchais chostas na ndeisiúchán:

    (75 % de nialas) + (20 % de 1 mhilliún) + (5 % de 4 mhilliún) = 400 000

    40

    I gcás ina dtomhaistear oibleagáid aonair, féadfaidh an t-aon toradh dóchúil a bheith ina mheastachán is fearr ar an dliteanas. Mar sin féin, i gcás den sórt sin, breithníonn an t-eintiteas torthaí féideartha eile. I gcás ina mbíonn torthaí féideartha eile níos airde nó níos ísle, ar an mórgóir, ná an toradh is dócha, méid níos airde nó níos ísle a bheidh sa mheastachán is fearr. Mar shampla, má bhíonn ar eintiteas locht tromchúiseach a réiteach i ngléasra mór a thóg sé le haghaidh custaiméara, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh an toradh aonair ba dhócha le rath an deisiúcháin ar an gcéad iarracht ar chostas 1 000, ach déantar foráil le haghaidh méid níos mó má bhíonn deis shuntasach ann go mbeidh gá le hiarrachtaí eile.

    41

    Tomhaistear an fhoráil roimh cháin, toisc go bpléitear le hiarmhairtí cánach na forála, agus na hathruithe air, faoi IAS 12.

    Rioscaí agus neamhchinnteachtaí

    42

    Cuirfear san áireamh na rioscaí agus neamhchinnteachtaí a bhaineann le go leor teagmhas agus imthosca agus an meastachán is fearr ar fhoráil á fháil.

    43

    Tugtar tuairisc le riosca ar athraitheacht toraidh. Féadfaidh coigeartú riosca an méid ag a dtomhaistear dliteanas a mhéadú. Ní mór a bheidh cúramach agus breithiúnais á ndéanamh faoi dhálaí na héiginnteachta, ionas nach ndéantar áibhéil maidir le hioncam nó sócmhainn agus ionas nach nganniontráiltear speansais ná dliteanais. Níor cheart barraíocht forálacha a chruthú nó áibhéil a dhéanamh maidir le dliteanais d’aon ghnó mar gheall ar éiginnteacht, áfach. Mar shampla, má mheastar costais thuartha toradh atá an-díobhálach ar bhonn stuama, ní chaitear leis an toradh sin amhail agus dá mbeadh sé níos dóchúla ná mar atá i ndáiríre, d’aon ghnó. Ní mór a bheith cúramach gan coigeartuithe riosca agus éiginnteachta a dhúbailt le háibhéil forála ina dhiaidh sin.

    44

    Nochtar na neamhchinnteachtaí a bhaineann le méid an chaiteachais faoi mhír 85(b).

    Luach láithreach

    45

    I gcás ina mbíonn éifeacht an amluacha airgid ábhartha, luach láithreach na gcaiteachas, a bhfuil coinne leis go n-éileofar é chun an oibleagáid a shocrú, a bheidh i méid forála.

    46

    Mar gheall ar an amluach airgid, bíonn forálacha a bhaineann le heis-sreafaí airgid a thagann chun cinn go luath tar éis na tréimhse tuairiscithe níos dochraidí ná na forálacha as a dtagann eis-sreafaí airgid den mhéid céanna níos déanaí. Lascainítear forálacha dá bhrí sin, i gcás ina mbíonn an éifeacht ábhartha.

    47

    Is éard a bheidh sa ráta (nó rátaí) lascaine ná ráta (nó rátaí) roimh cháin a léiríonn measúnuithe reatha an mhargaidh ar an amluach airgid agus na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an dliteanas. Ní léireoidh an ráta lascaine/na rátaí lascaine rioscaí a bhfuil coigeartú ina leith déanta ar na meastacháin ar shreabhadh airgid todhchaí.

    Teagmhais amach anseo

    48

    Maidir le teagmhais amach anseo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don mhéid a éilítear chun oibleagáid a shocrú, léireofar é i méid forála i gcás ina mbíonn fianaise oibiachtúil leordhóthanach ann go dtarlóidh siad.

    49

    D’fhéadfadh teagmhais a bhfuil coinne leo amach anseo a bheith an-tábhachtach ó thaobh forálacha a thomhas de. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas a chreidiúint go laghdófar an costas a bhaineann le láithreán a ghlanadh ag deireadh a shaolré le hathruithe ar an teicneolaíocht amach anseo. Léirítear leis an méid a aithnítear ionchas réasúnach breathnóirí oibiachtúla atá cáilithe go teicniúil, agus gach fianaise atá ar fáil maidir leis an teicneolaíocht a bheidh ar fáil nuair a dhéanfar an glanadh á cur san áireamh. Tá sé iomchuí dá bhrí sin, laghduithe a bhfuil coinne leo ar chostais a bhaineann leis an taithí mhéadaithe i ndáil le teicneolaíocht atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm a chur san áireamh, nó na laghduithe a bhfuil coinne leo ar chostais a bhaineann le teicneolaíocht atá ann faoi láthair a chur i bhfeidhm ar oibríocht ghlantacháin níos mó nó níos casta ná a bhí déanta roimhe sin. Ní bhíonn eintiteas ag súil le forbairt teicneolaíocht iomlán le haghaidh glantacháin, áfach, ach amháin má thacaíonn fianaise oibiachtúil leordhóthanach leis sin.

    50

    Cuirtear éifeacht achtú féideartha nua san áireamh agus oibleagáid reatha á tomhas nuair nach ann d’fhianaise oibiachtúil leordhóthanach go bhfuil sé nach mór cinnte go n-achtófar an t-achtú. Fágann an réimse imthosca a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa chleachtas nach féidir teagmhas aonair a shonrú a sholáthróidh fianaise leordhóthanach oibiachtúil i ngach cás. Éilítear fianaise maidir leis an méid a éileofar leis an achtú agus fianaise go bhfuil sé nach mór cinnte, nó nach bhfuil, an t-achtú a achtú in am agus i dtráth. I roinnt mhaith cásanna, ní bheidh ann d’fhianaise oibiachtúil leordhóthanach go dtí go n-achtófar an t-achtú nua.

    Diúscairt i ndáil le sócmhainní a bhfuil coinne léi

    51

    Ní chuirfear gnóthachain ó dhiúscairt, lena bhfuil coinne, i ndáil le sócmhainní san áireamh agus foráil á tomhas.

    52

    Ní chuirtear gnóthachain ar dhiúscairt, lena bhfuil coinne, i ndáil le sócmhainní san áireamh agus foráil á tomhas, fiú má bhíonn an diúscairt, lena bhfuil coinne, nasctha go dlúth leis an teagmhas as a n-eascraíonn an fhoráil. Ina ionad sin, aithníonn eintiteas gnóthachain ar dhiúscairtí, lena bhfuil coinne, i ndáil le sócmhainní an tráth a shonraítear leis an gcaighdeán a phléann leis na sócmhainní lena mbaineann.

    AISÍOCAÍOCHTAÍ

    53

    Maidir le cuid den chaiteachas, nó an caiteachas uile, a éilítear chun foráil a shocrú, i gcás ina mbíonn coinne leis go n-aisíocfaidh páirtí eile an caiteachas sin, aithneofar an aisíocaíocht nuair a bheidh sé nach mór cinnte go bhfaighfear an aisíocaíocht má shocraíonn an t-eintiteas an oibleagáid, agus an tráth sin amháin. Caithfear leis an aisíocaíocht mar shócmhainn ar leithligh. Ní bheidh an méid a aithnítear le haghaidh na haisíocaíochta níos mó ná méid na forála.

    54

    Sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, féadfar an speansas a bhaineann le foráil glan ón méid a aithnítear le haghaidh haisíocaíochta.

    55

    Uaireanta, bíonn eintiteas in ann brath ar pháirtí eile chun cuid den chaiteachas, nó an caiteachas uile, is gá chun foráil a shocrú (mar shampla trí chonarthaí árachais, clásail shlánaíochta nó baránta na soláthróirí). Féadfaidh an páirtí eile méideanna arna n-íoc ag an eintiteas a aisíoc nó na méideanna a íoc go díreach.

    56

    I bhformhór na gcásanna, beidh an t-eintiteas freagrach as an méid iomlán atá i gceist ionas go mbeadh ar an eintiteas an méid iomlán a íoc mura n-íocfadh an tríú páirtí ar aon chúis. Sa chás sin, aithnítear foráil le haghaidh mhéid iomlán an dliteanais, agus aithnítear sócmhainn ar leithligh le haghaidh na haisíocaíocht a bhfuil coinne léi nuair a bhítear nach mór cinnte go bhfaighfear aisíocaíocht má íocann an t-eintiteas an dliteanas.

    57

    I roinnt cásanna, ní bheidh an t-eintiteas faoi dhliteanas maidir leis na costais i gceist mura n-íocann an tríú páirtí. I gcás den sórt sin ní bhíonn an t-eintiteas faoi dhliteanas maidir leis na costais sin agus ní bhíonn siad san áireamh san fhoráil.

    58

    Mar a thugtar ar aird i mír 29, is dliteanas teagmhasach é oibleagáid dá mbíonn eintiteas faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach a mhéid a mbíonn coinne leis go socróidh páirtithe eile an oibleagáid.

    ATHRUITHE AR FHORÁLACHA

    59

    Déanfar athbhreithniú ar fhorálacha ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe agus coigeartófar iad chun an meastachán reatha is fearr a léiriú. Mura mbíonn sé dóchúil a thuilleadh go gceanglófar ar eis-sreabhadh acmhainní, ar sochair eacnamaíocha a bheidh i gceist leo, an oibleagáid a shocrú, déanfar an fhoráil a aisiompú.

    60

    I gcás ina n-úsáidtear lascainiú, méadaíonn suim ghlanluacha forála i ngach tréimhse chun imeacht ama a léiriú. Aithnítear an méadú seo mar chostas iasachtaíochta.

    ÚSÁID FORÁLACHA

    61

    Ní úsáidfear foráil ach amháin le haghaidh caiteachas dar aithníodh an fhoráil ar dtús.

    62

    Ní fhritháirítear ach caiteachas a bhaineann leis an bhforáil tosaigh ina haghaidh. Dá bhfritháireofaí caiteachas in aghaidh forála a aithníodh i dtús báire chun críche eile, cheilfí tionchar an dá theagmhas éagsúla.

    NA RIALACHA AITHEANTAIS AGUS TOMHAIS A CHUR I bhFEIDHM

    Caillteanais oibriúcháin amach anseo

    63

    Ní aithneofar forálacha le haghaidh caillteanas oibriúcháin amach anseo.

    64

    Ní chomhlíonann caillteanais oibriúcháin amach anseo an sainmhíniú ar dhliteanas i mír 10 agus na critéir aitheantais ghinearálta a leagtar amach le haghaidh forálacha i mír 14.

    65

    Maidir leis an gcoinne le caillteanais oibriúcháin amach anseo, léirítear leis sin go bhféadfaidh sócmhainní faoi leith an oibriúcháin a bheith lagaithe. Déanann eintiteas tástáil ar na sócmhainní seo le haghaidh lagaithe faoi IAS 36 Lagú sócmhainní.

    Conarthaí dochraideacha

    66

    Má bhíonn conradh dochraideach ag eintiteas, aithneofar an oibleagáid láithreach faoin gconradh agus tomhaisfear é mar fhoráil.

    67

    Is féidir go leor conarthaí (mar shampla, roinnt gnáth-orduithe ceannaigh) a chealú gan cúiteamh a íoc leis an bpáirtí eile, agus ní bhíonn aon oibleagáid ann, dá bhrí sin. Bunaítear le conarthaí eile cearta agus oibleagáidí le haghaidh gach ceann de na páirtithe conarthacha. I gcás ina bhfágann teagmhais go bhfuil conradh den sórt sin dochraideach, tagann an conradh faoi raon feidhme an chaighdeáin seo agus is ann do dhliteanas a aithnítear. Tagann conarthaí le comhlíonadh nach bhfuil dochraideach faoi raon feidhme an chaighdeáin seo.

    68

    Sainmhíníonn an caighdeán seo conradh dochraideach mar chonradh inar mó na costais dhosheachanta chun na hoibleagáidí faoin gconradh a chomhlíonadh ná na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo faoin gconradh. Léirítear leis na costais dhosheachanta faoi chonradh an glanchostas is lú a bhaineann le scor den chonradh, costas atá níos lú ná an costas a bhainfeadh lena chomhlíonadh agus aon chúiteamh nó aon phionós a d’eascródh as mura gcomhlíonfaí é.

    68A

    Cuimsítear leis an gcostas a bhaineann le conradh a chomhlíonadh na costais a bhaineann go díreach leis an gconradh. Cuimsítear le costais a bhaineann go díreach leis an gconradh na nithe a leanas:

    (a)

    na costais incriminteacha a bhaineann le comhlíonadh an chonartha—mar shampla, saothar díreach agus ábhair; agus

    (b)

    leithdháileadh costas eile a bhaineann go díreach le comhlíonadh na gconarthaí—mar shampla, leithdháileadh an mhuirir dímheasa as mír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a úsáidtear chun an conradh sin a chomhlíonadh, i measc conarthaí eile.

    69

    Sula mbunaítear foráil ar leithligh maidir le conradh dochraideach, aithníonn eintiteas aon chaillteanas lagaithe a tharla i ndáil le sócmhainní a úsáidtear agus conradh á chomhlíonadh (féach IAS 36).

    Athstruchtúrú

    70

    Is samplaí iad seo a leanas de theagmhais a d’fhéadfadh teacht faoi shainmhíniú an athstruchtúrúcháin:

    (a)

    díol nó foirceannadh réime gnó;

    (b)

    dúnadh suíomhanna gnó i dtír nó réigiún nó athlonnú gníomhaíochtaí gnó ó thír nó réigiún amháin chuig tír nó réigiún eile;

    (c)

    athruithe ar struchtúr bainistíochta, mar shampla, sraith bhainistíochta a bhaint; agus

    (d)

    atheagruithe bunúsacha ag a mbíonn éifeacht ábhartha ar chineál agus fócas oibríochtaí an eintitis.

    71

    Ní aithnítear foráil le haghaidh costais athstruchtúrúcháin ach amháin nuair a chomhlíontar critéir aitheantais ghinearálta le haghaidh forálacha a leagtar amach i mír 14. Leagtar amach le míreanna 72-83 an bealach a mbíonn feidhm ag critéir aitheantais ghinearálta maidir le hathstruchtúrú.

    72

    Ní thagann oibleagáid inchiallaithe chun athstruchtúrú chun cinn ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    nuair a bhíonn plean foirmiúil mionsonraithe ag eintiteas le haghaidh an athstruchtúrúcháin lena n-aithnítear na nithe a leanas ar a laghad:

    (i)

    an gnó, nó an chuid de ghnó, lena mbaineann;

    (ii)

    na príomh-shuíomhanna a ndéantar difear dóibh;

    (iii)

    an suíomh, an fheidhm, agus an neaslíon fostaithe a chúiteofar as foirceannadh a seirbhísí;

    (iv)

    an caiteachas a dhéanfar; agus

    (v)

    cathain a chuirfear an plean chun feidhme; agus

    (b)

    nuair a bheidh ionchas bailí acu siúd a ndéanfar difear dóibh go ndéanfar an t-athstruchtúrú trí bhíthin tús a chur le cur chun feidhme an phlean sin nó a phríomhghnéithe a fhógairt dóibh siúd a ndéanfar difear dóibh.

    73

    Maidir le fianaise gur thosaigh eintiteas ag cur plean athstruchtúrúcháin chun feidhme, soláthrófar í, mar shampla, trí bhíthin gléasra a dhíchóimeáil nó sócmhainní a dhíol nó fógra poiblí maidir le príomhghnéithe an phlean. Ní hionann fógra poiblí ar phlean mionsonraithe chun athstruchtúrú a dhéanamh agus oibleagáid inchiallaithe chun athstruchtúrú a dhéanamh ach amháin má dhéantar é ar bhealach, agus le mionsonraí leordhóthanacha (i.e. príomhghnéithe an phlean a leagan amach), ionas go n-eascróidh ionchais bailí páirtithe eile as, páirtithe amhail custaiméirí, soláthróirí agus fostaithe (nó a n-ionadaithe) go ndéanfaidh an t-eintiteas an t-athstruchtúrú.

    74

    Ionas go mbeadh plean leordhóthanach a bheith ina oibleagáid inchiallaithe nuair a chuirtear é in iúl dóibh siúd a ndéantar difear dóibh, ní mór a chur chun feidhme a phleanáil ionas go dtosóidh sé a luaithe is féidir agus go tabharfar i gcrích é laistigh d’achar ama a d’fhágfadh nach dócha go ndéanfaí athruithe suntasacha ar an bplean. Má bhíonn coinne leis go mbeidh moill fhada ar thús an athstruchtúrúcháin nó má bhíonn coinne leis go dtógfaidh an t-athstruchtúrú i bhfad an iomarca ama, is dócha go n-ardóidh an plean ionchas bailí i ndáil le cinn eile dá bhfuil gealltanas tugtha ag an eintiteas faoi láthair chun iad a athstruchtúrú toisc go gceadaítear leis an achar ama go mbeidh deiseanna ann don eintiteas a phleananna a athrú.

    75

    Maidir le cinneadh bainistíochta nó boird a dhéantar roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe, ní eascraíonn oibleagáid inchiallaithe as sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ach amháin má bhíonn na nithe a leanas déanta ag an eintiteas roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    tá cur chun feidhme an phlean athstruchtúrúcháin tosaithe ag an eintiteas; nó

    (b)

    tá príomhghnéithe an phlean athstruchtúrúcháin fógartha ag an eintiteas dóibh siúd a ndéanfar difear dóibh ar bhealach atá sonrach go leor chun ionchas bailí a ardú go ndéanfaidh an t-eintiteas an t-athstruchtúrú.

    Má thosaíonn eintiteas ar phlean athstruchtúrúcháin a chur chun feidhme, nó má fhógraíonn sé na príomhghnéithe dóibh siúd a ndéanfar difear dóibh, tar éis na tréimhse tuairiscithe amháin, éilítear nochtadh faoi IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe, má bhíonn an t-athstruchtúrú ábhartha agus go bhféadfadh coinne réasúnta a bheith leis go n-imreofaí tionchar ar na cinntí a dhéanann príomhúsáideoirí ráiteas airgeadais ilfhóinteach ar bhonn na ráiteas airgeadais sin, lena soláthraítear faisnéis airgeadais maidir le heintiteas tuairiscithe áirithe.

    76

    Cé nach gcruthaítear oibleagáid inchiallaithe le cinneadh bainistíochta amháin, d’fhéadfadh oibleagáid teacht as teagmhais roimhe sin chomh maith le cinneadh den sórt sin. Mar, d’fhéadfaí go ndearnadh caibidlíocht le hionadaithe fostaithe i ndáil le híocaíochtaí foirceanta, nó le ceannaitheoirí le haghaidh dhíol oibríochta, a thabhairt i gcrích faoi réir ceadaithe boird amháin. Nuair a bheidh an ceadú sin faighte agus é curtha in iúl do na páirtithe eile, tá oibleagáid inchiallaithe ag an eintiteas athstruchtúrú a dhéanamh, má chomhlíontar coinníollacha mhí 72.

    77

    I roinnt tíortha, dílsítear an t-údarás críochnaitheach do bhord ar a mbíonn ionadaithe leasanna seachas leas na bainistíochta (e.g. fostaithe) nó d’fhéadfaí go mbeadh gá le fógra chuig ionadaithe den sórt sin sula ndéanfadh an bord cinneadh. Toisc go mbíonn cumarsáid leis na hionadaithe seo ag baint le cinneadh ó bhord den sórt sin, d’fhéadfaí go dtiocfadh oibleagáid inchiallaithe chun athstruchtúrú a dhéanamh as sin.

    78

    Ní thagann aon oibleagáid maidir le díol oibríochta go dtí go bhfuil an t-eintiteas geallta don díol, i.e. nuair a bhíonn comhaontú díola ceangailteach ann.

    79

    Fiú amháin i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag eintiteas oibríocht a dhíol agus ina bhfuil an cinneadh sin fógartha go poiblí, ní féidir leis a bheith geallta don díol go dtí go n-aithnítear ceannaitheoir agus go dtí gurb ann do chomhaontú díola ceangailteach. Go dtí go bhfuil comhaontú díola ceangailteach ann, beidh an t-eintiteas in ann a mheon a athrú agus beidh air gníomh eile a dhéanamh mura féidir ceannaitheoir a fháil agus téarmaí inghlactha ag gabháil leo. Nuair a shamhlaítear díol oibríochta mar chuid d’athstruchtúrú, déantar athbhreithniú ar na sócmhainní le haghaidh lagaithe, faoi IAS 36. Nuair nach mbíonn díol ach mar chuid d’athstruchtúrú, is féidir oibleagáid inchiallaithe teacht as na codanna eile den athstruchtúrú sula mbíonn ann do chomhaontú díola ceangailteach.

    80

    Ní áireofar le foráil athstruchtúrúcháin ach amháin an caiteachas díreach a eascraíonn as an athstruchtúrú, arb iad seo na nithe a leanas:

    (a)

    caiteachas is gá a thagann as an athstruchtúrú; agus

    (b)

    caiteachas nach mbaineann le gníomhaíochtaí leanúnacha an eintitis.

    81

    Ní áirítear le foráil athstruchtúrúcháin costais amhail na cinn a leanas:

    (a)

    an fhoireann a leanfaidh ar aghaidh a choinneáil nó a athlonnú;

    (b)

    margaíocht; nó

    (c)

    infheistíocht i gcórais nua agus líonraí dáilte.

    Baineann an caiteachas seo le hiompar an ghnó amach anseo agus ní dliteanais iad le haghaidh athstruchtúrúcháin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Aithnítear caiteachas den sórt sin ar an mbonn céanna amhail dá dtiocfaidís chun cinn neamhspleách ar athstruchtúrú.

    82

    Ní áirítear le foráil caillteanais oibriúcháin inaitheanta amach anseo suas le dáta athstruchtúrúcháin, mura mbaineann siad le conradh dochraideach mar a shainmhínítear i mír 10.

    83

    Mar a éilítear le mír 51, ní chuirtear gnóthachain ar dhiúscairt, lena bhfuil coinne, i ndáil le sócmhainní san áireamh agus foráil athstruchtúrúcháin á tomhas, fiú má tá mheastar go bhfuil díol na sócmhainní mar chuid den athstruchtúrú.

    NOCHTADH

    84

    Le haghaidh gach aicme forála, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    an tsuim ghlanluacha ag tús agus ag deireadh na tréimhse;

    (b)

    forálacha breise a dhéantar sa tréimhse, lena n-áirítear méaduithe ar fhorálacha atá ann cheana;

    (c)

    méideanna a úsáidtear (i.e. méideanna a tabhaíodh agus a muirearaíodh in aghaidh na forála) le linn na tréimhse;

    (d)

    méideanna neamhúsáidte arna gcealú i rith na tréimhse; agus

    (e)

    méadú le linn na tréimhse ar an méid lascainithe a eascraíonn as imeacht ama agus éifeacht aon athrú sa ráta lascaine.

    Ní éilítear faisnéis chomparáideach.

    85

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas le haghaidh gach aicme forála:

    (a)

    tuairisc ghairid ar chineál na hoibleagáide agus ar uainiú ionchasach aon eis-sreabhadh sochar eacnamaíoch dá bharr;

    (b)

    léiriú ar an éiginnteacht a bhaineann le méid nó le huainiú na n-eis-sreafaí sin. I gcás inar gá faisnéis shásúil a sholáthar, nochtfaidh eintiteas na toimhdí móra a rinneadh i ndáil le teagmhais amach anseo, a luaitear i mír 48; agus

    (c)

    méid aon aisíocaíocht a bhfuil coinne léi, ag tabhairt mhéid aon sócmhainn a aithníodh le haghaidh na haisíocaíochta sin a bhfuil coinne léi.

    86

    Mura dócha go socrófaí aon eis-sreabhadh, nochtfaidh eintiteas tuairisc ghairid ar chineál an dliteanais theagmhasaigh le haghaidh gach aicme de dhliteanas teagmhasach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus, i gcás inar féidir:

    (a)

    meastachán ar a éifeacht airgeadais, arna thomhas faoi mhíreanna 36-52;

    (b)

    léiriú ar an éiginnteacht a bhaineann le méid nó uainiú aon eis-sreabhadh; agus

    (c)

    an fhéidearthacht go mbeadh aon aisíocaíocht ann.

    87

    Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu forálacha nó dliteanais theagmhasacha a d’fhéadfaí a chomhiomlánú ina n-aicme, is gá breithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an cineál míreanna comhchosúil go leordhóthanach chun go gcomhlíonfadh ráiteas aonar ina dtaobh ceanglais mhíreanna 85(a) agus (b) agus 86(a) agus (b). Dá réir sin, d’fhéadfadh sé gurbh iomchuí déileáil le méideanna a bhaineann le barántais táirgí éagsúla mar aicme aonair forála, ach nárbh iomchuí déileáil le méideanna a bhaineann le gnáthbharántais ná méideanna atá faoi réir imeachtaí dlí mar aicme aonair.

    88

    I gcás ina n-eascraíonn foráil agus dliteanas teagmhasach as an tacar céanna imthosca, déanann eintiteas na nochtaí a éilítear le míreanna 84-86 ar bhealach a léiríonn an nasc idir an fhoráil agus an dliteanas teagmhasach.

    89

    I gcás inar dóchúil go mbeidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha ann, nochtfaidh eintiteas tuairisc ghearr ar chineál na ndliteanas teagmhasach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus, i gcás inarb indéanta é, meastachán ar a n-iarmhairt airgeadais, arna tomhas ag úsáid na bprionsabal a leagtar amach le haghaidh forálacha i míreanna 36-52.

    90

    Tá sé tábhachtach nach dtabharfar tásca míthreoracha maidir leis an dóchúlacht go dtiocfaidh ioncam chun cinn i nochtaí le haghaidh dliteanais theagmhasacha.

    91

    I gcás nach nochtar aon chuid den fhaisnéis a éilítear le míreanna 86 agus 89 toisc nach indéanta sin a dhéanamh, luafar an méid sin.

    92

    I gcásanna thar a bheith annamh, is féidir coinne a bheith leis go ndéanfar mórdhochar do staid an eintitis i ndíospóid le páirtithe eile maidir le hábhar na forála, an dliteanais theagmhasaigh nó na sócmhainne teagmhasaí má nochtfar cuid den fhaisnéis, nó an fhaisnéis uile, a éilítear le míreanna 84-89. I gcásanna den sórt sin, ní gá d’eintiteas an fhaisnéis a nochtadh, ach nochtfaidh sé an cineál ginearálta díospóide atá ann, agus nár nochtadh an fhaisnéis chomh maith agus an chúis atá leis sin.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    93

    Is mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta le haghaidh na tréimhse ina nglactar an caighdeán seo den chéad uair a thuairisceofar an iarmhairt a bhaineann le glacadh an chaighdeáin ar a dháta éifeachtach (nó níos túisce). Moltar d’eintitis, ach ní éilítear orthu, iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta a choigeartú le haghaidh na tréimhse is túisce arna cur i láthair agus faisnéis chomparáideach a athshonrú. Mura n-athshonraítear faisnéis chomparáideach, nochtfar an méid sin.

    94

    [Scriosta]

    94A

    Le Conarthaí Dochraideacha—Costas Conradh a Chomhlíonadh, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, cuireadh mír 68A leis agus leasaíodh mír 69. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le conarthaí nach bhfuil a chuid oibleagáidí uile ina leith comhlíonta go fóill aige ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann sé na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair (dáta an chur i bhfeidhm tosaigh). Ní athshonróidh an t-eintiteas faisnéis chomparáideach. Ina ionad sin, is mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta nó ar ghné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, mar is iomchuí, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a aithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt charnach a bhaineann leis na leasuithe a chur i bhfeidhm den chéad uair.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    95

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais bhliantúla lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Iúil 1999 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí a thosaíonn roimh an 1 Iúil 1999, nochtfaidh sé an méid sin.

    96

    [Scriosta]

    97

    [Scriosta]

    98

    [Scriosta]

    99

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 5 mar leasú iarmhartach a díorthaíodh ón leasú ar IFRS 3. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le comhcheangail ghnó a bhfuil an leasú ar IFRS 3 infheidhme ina leith.

    100

    % Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 5 agus scriosadh mír 6. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    101

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 2 agus scriosadh míreanna 97 agus 98. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    102

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    103

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    104

    Le Sainmhíniú ar Ábhartha (Leasuithe ar IAS 1 agus IAS 8), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2018, leasaíodh mír 75. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus na leasuithe ar an sainmhíniú ar ‘ábhartha’ i mír 7 de IAS 1 agus i míreanna 5 agus 6 de IAS 8 á gcur i bhfeidhm aige.

    105

    Le Conarthaí Dochraideacha—Costas Conradh a Chomhlíonadh, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, cuireadh míreanna 68A agus 94A leis agus leasaíodh mír 69. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 38

    Sócmhainní Doláimhsithe

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta a fhorordú le haghaidh sócmhainní doláimhsithe nach ndéileáiltear go sonrach leo i gcaighdeán eile. Leis an gcaighdeán seo, éilítear ar eintiteas sócmhainn dholáimhsithe a aithint i gcás ina gcomhlíontar critéir shonraithe agus sa chás sin amháin. Sonraítear leis an gcaighdeán seo freisin conas suim ghlanluacha sócmhainní doláimhsithe a thomhas agus éilítear nochtaí sonraithe maidir le sócmhainní doláimhsithe leis.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntas á choinneáil ar shócmhainní doláimhsithe, seachas:

    (a)

    sócmhainní doláimhsithe a thagann faoi raon feidhme caighdeáin eile;

    (b)

    sócmhainní airgeadais, mar a shainmhínítear in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair;

    (c)

    aithint agus tomhas ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta (féach IFRS 6 Taiscéalaíocht agus Meastóireacht a Dhéanamh ar Acmhainní Mianracha); agus

    (d)

    caiteachas ar fhorbairt agus eastóscadh mianraí, ola, gáis nádúrtha agus acmhainní neamh-athghiniúnacha comhchosúla.

    3

    Má fhorordaítear le Caighdeán eile an chuntasaíocht le haghaidh cineál sonrach sócmhainne doláimhsithe, cuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm seachas an Caighdeán seo. Mar shampla, níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní doláimhsithe arna sealbhú ag eintiteas lena ndíol i ngnáthchúrsa gnó (féach IAS 2 Fardail);

    (b)

    sócmhainní cánach iarchurtha (féach IAS 12 Cánacha Ioncaim);

    (c)

    léasanna sócmhainní doláimhsithe a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna;

    (d)

    sócmhainní a eascraíonn as sochair fostaithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (e)

    sócmhainní airgeadais mar a shainmhínítear in IAS 32. Cumhdaítear aitheantas agus tomhas roinnt sócmhainní airgeadais le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh agus IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair;

    (f)

    cáilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó (féach IFRS 3 Comhcheangail Ghnó);

    (g)

    conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17;

    (h)

    sócmhainní doláimhsithe neamhreatha a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha;

    (i)

    sócmhainní a eascraíonn as conarthaí le custaiméirí a aithnítear i gcomhréir le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí.

    4

    D’fhéadfadh roinnt sócmhainní doláimhsithe a bheith i substaint fhisiciúil nó ar shubstaint fhisiciúil amhail dlúthdhiosca (i gcás bogearraí ríomhaireachta), doiciméid dlí (i gcás ceadúnais nó paitinne) nó scannán. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu bealach ba cheart caitheamh le sócmhainn ina bhfuil eilimintí doláimhsithe agus inláimhsithe araon, is iad sin faoi IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh nó mar shócmhainn dholáimhsithe faoin gcaighdeán seo, tugann eintiteas breithiúnas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu eilimint is suntasaí. Bogearraí ríomhaireachta le haghaidh uirlis mheaisín ríomhrialaithe nach féidir a oibriú gan na bogearraí sonracha sin, mar shampla, is dlúthchuid de na crua-earraí gaolmhara iad agus caitear leo mar réadmhaoin, gléasra agus trealamh. Tá feidhm aige sin freisin maidir le córas oibriúcháin ríomhaire. Nuair nach dlúthchuid de na crua-earraí gaolmhara iad na bogearraí, caitear le bogearraí ríomhaireachta mar shócmhainn dholáimhsithe.

    5

    Tá feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí fógraíochta, oiliúna, tionscnaimh gnó agus taighde agus forbartha, i measc nithe eile. Is ar fhorbairt eolais a dhírítear gníomhaíochtaí taighde agus forbartha. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh sócmhainn a bhfuil substaint fhisiciúil aici (e.g. fréamhshamhail) a bheith mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin, tá eilimint fhisiciúil na sócmhainne tánaisteach dá comhpháirt dholáimhsithe, i.e. an t-eolas a chuimsítear inti.

    6

    Cearta atá ag léasaí faoi chomhaontuithe ceadúnúcháin le haghaidh míreanna amhail scannáin pictiúr reatha, taifeadtaí físe, drámaí, lámhscríbhinní, paitinní agus cóipchearta, tagann siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo agus eisiatar ó raon feidhme IFRS 16 iad.

    7

    D’fhéadfadh sé go n-eisiafaí gníomhaíochtaí nó idirbhearta ó raon feidhme caighdeáin má bhíonn siad chomh speisialaithe sin go n-eascraíonn saincheisteanna cuntasaíochta astu a bhféadfadh sé gur gá déileáil leo ar bhealach éagsúil. Eascraíonn saincheisteanna den sórt sin as an gcuntas a choinnítear ar chaiteachas ar thaiscéalaíocht taiscí ola, gáis agus mianraí, nó ar fhorbairt agus eastóscadh na dtaiscí sin, i dtionscail eastóscacha agus i gcás conarthaí árachais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an gcaighdeán seo maidir le caiteachas ar ghníomhaíochtaí ná ar chonarthaí den sórt sin. Tá feidhm ag an gcaighdeán seo, áfach, maidir le sócmhainní doláimhsithe eile a úsáidtear (amhail bogearraí ríomhaireachta), agus caiteachas eile a thabhaítear (amhail costais tionscnaimh), i dtionscail eastóscacha nó ag árachóirí.

    SAINMHÍNITHE

    8

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is amúchadh ann leithdháileadh córasach méid in-dímheasa sócmhainne doláimhsithe thar a saolré úsáide.

     

    Is éard is sócmhainn  (25) ann acmhainn:

    (a)

    arna rialú ag eintiteas de thoradh teagmhas roimhe seo; agus

    (b)

    a bhfuil coinne leis go mbeidh tairbhí eacnamaíocha le sreabhadh uaithi amach anseo chuig an eintiteas.

     

    Is éard is suim ghlanluacha ann an méid ar a n-aithnítear sócmhainn sa ráiteas maidir le staid airgeadais tar éis aon amúchadh carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha ina leith a asbhaint.

     

    Is é costas an méid airgid thirim nó coibhéisí airgid thirim a íocadh nó luach cóir comaoine eile a thugtar chun sócmhainn a fháil tráth a héadála nó a ríofa, nó, nuair is infheidhme, an méid atá inchurtha i leith na sócmhainne sin nuair a aithnítear ar dtús í i gcomhréir le ceanglais shonracha IFRSanna eile, e.g. IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe.

     

    Is éard is méid in-dímheasa ann costas sócmhainne, nó méid eile a chuirtear in ionad costais, lúide a luach iarmharach.

     

    Is éard is forbairt ann cur i bhfeidhm torthaí taighde nó eolais eile maidir le plean nó dearadh chun ábhair, gairis, táirgí, próisis, córais nó seirbhísí atá nua, nó a bhfuil feabhas substaintiúil orthu, a tháirgeadh roimh thús an táirgthe nó na húsáide tráchtála.

     

    Is éard is luach eintiteas-sonrach ann luach láithreach na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag eintiteas leis go n-eascróidh siad as úsáid leanúnach sócmhainne agus as a diúscairt ag deireadh a saolré úsáide nó a bhfuil coinne aige leis go dtabhóidh sé nuair a shocróidh sé dliteanas.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Is éard is caillteanas lagaithe an méid a sháraíonn suim ghlanluacha sócmhainne a méid in-aisghabhála.

     

    Is éard is sócmhainn dholáimhsithe ann sócmhainn neamhairgeadaíochta inaitheanta nach bhfuil substaint fhisiciúil inti.

     

    Is éard is sócmhainní airgeadaíochta ann airgead arna shealbhú agus sócmhainní atá le fáil ina méideanna socraithe nó inchinntithe airgid.

     

    Is éard is taighde ann imscrúdú bunúil pleanáilte a dtugtar faoi agus ionchas ann go ngnóthófar eolas agus tuiscint nua eolaíoch nó theicniúil.

     

    Is éard is luach iarmharach sócmhainne doláimhsithe ann an méid measta a gheobhadh eintiteas faoi láthair as diúscairt na sócmhainne, i ndiaidh costais mheasta na diúscartha a asbhaint, dá mbeadh aois agus bail na sócmhainne mar a mbeadh coinne leo ag deireadh a saolré úsáide.

     

    Is éard is saolré úsáide ann:

    (a)

    An tréimhse ar lena linn a mheastar sócmhainn a bheith ar fáil lena húsáid ag eintiteas; nó

    (b)

    an líon aonad táirgeachta nó aonad comhchosúil a bhfuil coinne lena bhfáil ag eintiteas ón tsócmhainn.

    Sócmhainní doláimhsithe

    9

    Is minic acmhainní á gcaitheamh, nó dliteanais á dtabhú, ag eintiteas ar fháil, ar fhorbairt, ar chothabháil nó ar fheabhsú acmhainní doláimhsithe amhail eolas eolaíoch nó teicniúil, dearadh agus cur i bhfeidhm próiseas nó córas nua, ceadúnais, maoin intleachtúil, eolas ar an margadh agus trádmharcanna (lena n-áirítear ainmneacha branda agus teidil foilsitheoireachta). Ar shamplaí coitianta de mhíreanna a chuimsítear leis na ceannteidil leathana sin tá bogearraí ríomhaireachta, paitinní, cóipchearta, scannáin pictiúr reatha, liostaí custaiméirí, cearta seirbhísithe morgáistí, ceadúnais iascaireachta, cuótaí ar allmhairí, saincheadúnais, caidrimh le custaiméirí nó soláthróirí, dílseacht custaiméirí, sciar den mhargadh agus cearta margaíochta.

    10

    Ní chomhlíonann gach ceann de na míreanna a liostaítear i mír 9 an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe, i.e. inaitheantacht, rialú ar acmhainn agus tairbhí eacnamaíocha a bheith ann amach anseo. Mura gcomhlíonann mír a thagann faoi raon feidhme an chaighdeáin seo an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe, is mar speansas a aithnítear caiteachas chun í a fháil nó a ghiniúint go hinmheánach nuair a thabhaítear é. Má fhaightear an mhír i gcomhcheangal gnó, áfach, is cuid den cháilmheas a aithnítear ar an dáta éadála í (féach mír 68).

    In-sainaitheantacht

    11

    Éilítear leis an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe go mbeadh sócmhainn dholáimhsithe inaitheanta chun idirdhealú a dhéanamh idir í agus cáilmheas. Is sócmhainn í cáilmheas a aithnítear i gcomhcheangal gnó lena léirítear na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a eascraíonn as sócmhainní eile a fuarthas i gcomhcheangal gnó nach sainaithnítear ina n-aonar agus nach n-aithnítear ar leithligh. Na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo, d’fhéadfaidís a bheith de thoradh sineirge idir na sócmhainní inaitheanta a fuarthas nó ó shócmhainní nach bhfuil i dteideal aitheantais ina n-aonar sna ráitis airgeadais.

    12

    Tá sócmhainn in-sainaitheanta más amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá sí indeighilte, i.e. is féidir í a dheighilt nó a roinnt ón eintiteas agus a dhíol, a aistriú, a cheadúnú, a ligean ar cíos nó a mhalartú, ina haonar nó in éineacht le conradh gaolmhar, le sócmhainn in-sainaitheanta nó le dliteanas, gan beann ar cé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an t-eintiteas sin a dhéanamh; nó

    (b)

    eascraíonn sí as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na cearta sin inaistrithe nó indeighilte ón eintiteas nó ó chearta agus oibleagáidí eile.

    Rialú

    13

    Rialaíonn eintiteas sócmhainn má tá sé de chumhacht ag an eintiteas na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a shreabhann ón acmhainn fholuiteach a fháil agus srian a chur ar an rochtain atá ag páirtithe eile ar na tairbhí sin. De ghnáth, is as cearta dlíthiúla atá in-fhorfheidhmithe i gcúirt dlí a thiocfadh inniúlacht eintitis rialú a dhéanamh ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo as sócmhainn dholáimhsithe. Tá sé níos deacra rialú a léiriú in éagmais ceart dlíthiúil. Níl in-fhorfheidhmitheacht cirt le dlí ina coinníoll riachtanach le haghaidh rialú, áfach, toisc go bhféadfadh eintiteas a bheith in ann rialú a dhéanamh ar bhealach éigin eile ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo.

    14

    D’fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha a bheith ann amach anseo mar gheall ar eolas ar an margadh agus eolas teicniúil. Rialaíonn eintiteas na sochair sin más amhlaidh, mar shampla, go bhfuil an t-eolas cosanta ag cearta dlíthiúla amhail cóipchearta, clásal srianta trádála (i gcás ina gceadaítear sin) nó trí bhíthin dualgas dlíthiúil ar fhostaithe rúndacht a choimeád.

    15

    D’fhéadfadh foireann oilte a bheith in ann scileanna foirne incriminteacha a shainaithint as a dtiocfaidh tairbhí eacnamaíocha amach anseo de bharr oiliúna. Féadfaidh coinne a bheith ag an eintiteas leis freisin go leanfaidh na baill foirne de bheith ag cur a scileanna ar fáil don eintiteas. Ní bhíonn rialú leordhóthanach ag eintiteas de ghnáth, áfach, ar na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a eascraíonn as foireann oilte agus as oiliúint maidir leis na míreanna sin chun an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe a chomhlíonadh. Ar chúis chomhchosúil, ní dócha go gcomhlíonfaidh tallann shonrach theicniúil nó bainistíochta an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe, ach amháin má tá sí faoi chosaint ceart dlíthiúil chun í a úsáid agus chun na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a fháil uaithi agus má chomhlíonann sí freisin na codanna eile den sainmhíniú.

    16

    D’fhéadfadh punann custaiméirí nó sciar den mhargadh a bheith ag eintiteas agus, mar gheall ar na hiarrachtaí a dhéanann sé chun caidrimh le custaiméirí agus a ndílseacht a chothú, d’fhéadfadh coinne a bheith aige leis go leanfaidh na custaiméirí de bheith ag trádáil leis an eintiteas. In éagmais ceart dlíthiúil chun na caidrimh le custaiméirí nó dílseacht na gcustaiméirí don eintiteas a chosaint, nó a rialú ar bhealaí eile, is iondúil nach bhfuil rialú leordhóthanach ag an eintiteas ar na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo as caidrimh le custaiméirí agus as a ndílseacht chun go gcomhlíonfaidh míreanna den sórt sin (e.g. punann custaiméirí, sciartha den mhargadh, caidrimh le custaiméirí agus dílseacht custaiméirí) an sainmhíniú ar shócmhainní doláimhsithe. In éagmais ceart dlíthiúil chun caidrimh le custaiméirí a chosaint, soláthraítear fianaise le hidirbhearta malairte le haghaidh na gcaidreamh neamhchonarthach céanna le custaiméirí nó le haghaidh caidrimh neamhchonarthacha chomhchosúla le custaiméirí (seachas mar chuid de chomhcheangal gnó) go bhfuil an t-eintiteas in ann rialú a dhéanamh mar sin féin ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a shreabhann ó na caidrimh le custaiméirí. Ós rud é go soláthraítear fianaise le hidirbhearta malairte den sórt sin freisin gur nithe indeighilte iad na caidrimh le custaiméirí, comhlíonann na caidrimh sin le custaiméirí an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe.

    Tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo

    17

    D’fhéadfaí a áireamh leis na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a shreabhann ó shócmhainn dholáimhsithe ioncam as táirgí nó seirbhísí a dhíol, coigilteas costais, nó tairbhí eile a leanann as an úsáid a bhaineann an t-eintiteas as an tsócmhainn. D’fhéadfadh úsáid maoine intleachtúla i bpróiseas táirgthe, mar shampla, costais táirgthe amach anseo a laghdú seachas ioncaim amach anseo a mhéadú.

    AITHEANTAS AGUS TOMHAS

    18

    Chun mír a aithint mar shócmhainn dholáimhsithe, éilítear ar eintiteas a léiriú go gcomhlíonann an mhír:

    (a)

    an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe (féach míreanna 8-17); agus

    (b)

    na critéir aitheantais (féach míreanna 21-23).

    Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le costais a thabhaítear ar dtús chun sócmhainn dholáimhsithe a fháil nó a ghiniúint go hinmheánach agus le costais a thabhaítear ina dhiaidh sin chun cur léi, chun cuid di a athsholáthar, nó chun í a sheirbhísiú.

    19

    Pléann míreanna 25-32 le cur i bhfeidhm na gcritéar aitheantais maidir le sócmhainní doláimhsithe a fuarthas ar leithligh, agus pléann míreanna 33-43 lena gcur i bhfeidhm maidir le sócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó. Pléann mír 44 le tomhas tosaigh sócmhainní doláimhsithe a fuarthas trí bhíthin deontas rialtais, pléann míreanna 45-47 le malartuithe sócmhainní doláimhsithe, agus pléann míreanna 48-50 le conas déileáil le cáilmheas a ghintear go hinmheánach. Pléann míreanna 51-67 le haitheantas agus tomhas tosaigh sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach.

    20

    I gcásanna go leor, is de chineál sócmhainní doláimhsithe nach bhfuil aon rud sa bhreis le cur le sócmhainn den sórt sin ná aon rud le cur in ionad coda di. Na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a chuimsítear sa tsócmhainn dholáimhsithe atá ann cheana, is dócha go gcoinneoidh an chuid is mó de chaiteachais ina dhiaidh sin na tairbhí sin ar bun, dá réir sin, seachas an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe agus na critéir aitheantais sa chaighdeán seo a chomhlíonadh. Ina theannta sin, bíonn sé deacair go minic caiteachas ina dhiaidh sin a chur go díreach i leith sócmhainn dholáimhsithe áirithe seachas i leith an ghnólachta ina iomláine. Dá bhrí sin, ní aithneofar ach go hannamh i suim ghlanluacha sócmhainne caiteachas ina dhiaidh sin — caiteachas a thabhaítear tar éis aitheantas tosaigh sócmhainne doláimhsithe a fuarthas nó tar éis tabhairt i gcrích sócmhainne doláimhsithe a ghintear go hinmheánach. Go comhsheasmhach le mír 63, déantar caiteachas ar bhrandaí, barrtheidil, teidil foilsitheoireachta, liostaí custaiméirí agus míreanna atá comhchosúil leo sin ó thaobh substainte a aithint i gcónaí i mbrabús nó i gcaillteanas mar a thabhaítear é. Is amhlaidh sin toisc nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir caiteachas den sórt sin agus caiteachas chun an gnólacht ina iomláine a fhorbairt.

    21

    Aithneofar sócmhainn dholáimhsithe i gcás inarb amhlaidh na nithe seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    is dóchúil gur chuig an eintiteas a shreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo atá inchurtha i leith na sócmhainne; agus

    (b)

    is féidir costas na míre a thomhas go hiontaofa.

    22

    Agus úsáid á baint aige as boinn tuisceana réasúnta ar féidir tacú leo a léiríonn an meastachán is fearr ag an mbainistíocht ar an tacar coinníollacha eacnamaíocha a bheidh ann le linn shaolré úsáide na sócmhainne, déanfaidh eintiteas measúnú ar an dóchúlacht go dtarlóidh na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo.

    23

    Tugann eintiteas breithiúnas chun measúnú a dhéanamh ar a chinnte atá sé go mbeidh sreabhadh tairbhí eacnamaíocha ann amach anseo atá inchurtha i leith úsáid na sócmhainne ar bhonn na fianaise atá ar fáil tráth an aitheantais tosaigh, agus ualú níos mó á thabhairt aige d’fhianaise sheachtrach.

    24

    Is ar chostas a thomhaisfear sócmhainn dholáimhsithe ar dtús.

    Éadáil ar leithligh

    25

    De ghnáth, beidh an praghas a íocann eintiteas chun sócmhainn dholáimhsithe a fháil ar leithligh ina léiriú ar na hionchais atá ann maidir leis an dóchúlacht gur chuig an eintiteas a shreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a chuimsítear sa tsócmhainn. I bhfocail eile, tá coinne ag an eintiteas leis go mbeidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha ann, fiú má tá éiginnteacht ann maidir le huainiú nó méid an insreafa. Dá bhrí sin, meastar i gcónaí go gcomhlíontar an critéar aitheantais dóchúlachta i mír 21(a) le haghaidh sócmhainní doláimhsithe a fuarthas ar leithligh.

    26

    Ina theannta sin, is féidir costas sócmhainne doláimhsithe a fuarthas ar leithligh a thomhas go hiontaofa de ghnáth. Is amhlaidh sin go háirithe nuair atá an chomaoin cheannaigh i bhfoirm airgid thirim nó sócmhainní airgeadaíochta eile.

    27

    Is éard atá i gcostas sócmhainne doláimhsithe a fuarthas ar leithligh:

    (a)

    a praghas ceannaigh, lena n-áirítear dleachtanna ar allmhairí agus cánacha ceannaigh neamh-in-aisíoctha, tar éis lascainí agus lacáistí trádála a asbhaint; agus

    (b)

    aon chostas atá inchurtha go díreach i leith ullmhú na sócmhainne don úsáid atá beartaithe léi.

    28

    Ar shamplaí de chostais atá inchurtha go díreach ina leith sin tá:

    (a)

    costais sochar fostaithe (mar a shainmhínítear in IAS 19) a eascraíonn go díreach as bail oibre a chur ar an tsócmhainn;

    (b)

    táillí gairmiúla a eascraíonn go díreach as bail oibre a chur ar an tsócmhainn; agus

    (c)

    costais chun tástáil a dhéanamh ar cé acu a bhfeidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an tsócmhainn i gceart.

    29

    Ar shamplaí de chaiteachais nach cuid de chostas sócmhainne doláimhsithe iad tá:

    (a)

    costais a bhaineann le táirge nó seirbhís nua a thabhairt isteach (lena n-áirítear costais fógraíochta agus gníomhaíochtaí cur chun cinn);

    (b)

    costais a bhaineann le gnó a dhéanamh i suíomh nua nó le haicme nua custaiméirí (lena n-áirítear costais oiliúna foirne); agus

    (c)

    costais riaracháin agus forchostais ghinearálta eile.

    30

    Scortar de bheith ag aithint costas i suim ghlanluacha sócmhainne doláimhsithe nuair atá an bhail is gá ar an tsócmhainn chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Dá bhrí sin, ní áirítear i suim ghlanluacha sócmhainne doláimhsithe na costais a thabhaítear ina húsáid ná ina hathdháileadh. Ní áirítear na costais seo a leanas, mar shampla, i suim ghlanluacha sócmhainne doláimhsithe:

    (a)

    costais a thabhaítear nuair atá sócmhainn in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht ach nár cuireadh chun úsáide go fóill í; agus

    (b)

    caillteanais oibriúcháin tosaigh, amhail iad siúd a thabhaítear agus éileamh ar aschur na sócmhainne ag dul i méid.

    31

    Tarlaíonn roinnt oibríochtaí i ndáil le forbairt sócmhainne doláimhsithe nach bhfuil gá leo chun an bhail is gá a chur ar an tsócmhainn chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. D’fhéadfadh na hoibríochtaí teagmhasacha sin tarlú roimh na gníomhaíochtaí forbartha nó ina ndiaidh. Ós rud é nach bhfuil gá le hoibríochtaí teagmhasacha chun sócmhainn a thabhairt chuig an mbail is gá a chur uirthi chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht, aithnítear ioncam agus speansais ghaolmhara oibríochtaí teagmhasacha láithreach i mbrabús nó i gcaillteanas, agus áirítear ina n-aicmithe ioncaim agus speansais faoi seach iad.

    32

    Má chuirtear íocaíocht as sócmhainn dholáimhsithe siar níos faide ná gnáth-théarmaí creidmheasa, is é coibhéis an phraghais ar airgead tirim é a costas. Aithnítear an difríocht idir an méid sin agus na híocaíochtaí iomlána mar speansas úis le linn na tréimhse creidmheasa ach amháin má chaipitlítear í i gcomhréir le IAS 23 Costais Iasachtaíochta.

    Éadáil mar chuid de chomhcheangal gnó

    33

    I gcomhréir le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, má fhaightear sócmhainn dholáimhsithe i gcomhcheangal gnó, is é costas na sócmhainne doláimhsithe sin a luach cóir ar an dáta éadála. Beidh luach cóir sócmhainne doláimhsithe ina léiriú ar ionchais rannpháirtithe sa mhargadh ar an dáta éadála maidir leis an dóchúlacht gur chuig an eintiteas a shreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a chuimsítear sa tsócmhainn. I bhfocail eile, tá coinne ag an eintiteas leis go mbeidh insreabhadh tairbhí eacnamaíocha ann, fiú má tá éiginnteacht ann maidir le huainiú nó méid an insreafa. Dá bhrí sin, meastar i gcónaí go gcomhlíontar an critéar aitheantais dóchúlachta i mír 21(a) le haghaidh sócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangail ghnó. Más indeighilte sócmhainn a fuarthas i gcomhcheangal gnó nó má eascraíonn sí as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile, tá faisnéis leordhóthanach ann chun luach cóir na sócmhainne a thomhas go hiontaofa. Dá réir sin, meastar i gcónaí go gcomhlíontar an critéar tomhais iontaofa i mír 21(b) le haghaidh sócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangail ghnó.

    34

    I gcomhréir leis an gCaighdeán seo agus le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008), is ar an dáta éadála, ar leithligh ó cháilmheas, a aithníonn faighteoir sócmhainn dholáimhsithe de chuid an eintitis arna fáil, gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh an tsócmhainn sin aitheanta ag an eintiteas arna fáil roimh an gcomhcheangal gnó. Ciallaíonn sé sin go ndéanann an faighteoir tionscadal taighde agus forbartha atá idir lámha ag an eintiteas arna fháil a aithint mar shócmhainn ar leithligh ó cháilmheas má chomhlíonann an tionscadal an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe. Tionscadal taighde agus forbartha atá idir lámha ag eintiteas arna fháil, comhlíonann sé an sainmhíniú ar shócmhainn dholáimhsithe nuair is amhlaidh an méid seo a leanas:

    (a)

    comhlíonann sé an sainmhíniú ar shócmhainn; agus

    (b)

    tá sé inaitheanta, i.e. tá sé indeighilte nó eascraíonn sé as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile.

    Sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó

    35

    Más indeighilte sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó nó má eascraíonn sí as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile, tá faisnéis leordhóthanach ann chun luach cóir na sócmhainne a thomhas go hiontaofa. Nuair atá raon torthaí féideartha ann a bhfuil dóchúlachtaí éagsúla acu le haghaidh na meastachán a úsáidtear chun luach cóir sócmhainne doláimhsithe a thomhas, cuirtear an éiginnteacht sin san áireamh i dtomhas luach cóir na sócmhainne.

    36

    D’fhéadfadh sé gur indeighilte sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó, ach gan ach in éineacht le conradh gaolmhar, sócmhainn inaitheanta nó dliteanas. I gcásanna den sórt sin, aithníonn an faighteoir an tsócmhainn dholáimhsithe ar leithligh ó cháilmheas ach in éineacht leis an mír ghaolmhar.

    37

    Féadfaidh an faighteoir grúpa sócmhainní doláimhsithe comhlántacha a aithint mar shócmhainn aonair ar choinníoll go bhfuil saolréanna úsáide comhchosúla ag na sócmhainní ina n-aonar. Is minic a úsáidtear na téarmaí ‘branda’ agus ‘ainm branda’ mar chomhchiallaigh le haghaidh trádmharcanna agus marcanna eile, mar shampla. Is téarmaí margaíochta ginearálta iad na téarmaí sin, áfach, a úsáidtear go tipiciúil chun tagairt a dhéanamh do ghrúpa sócmhainní comhlántacha amhail trádmharc (nó marc seirbhíse) agus don trádainm, do na foirmlí, do na hoidis agus don saineolas teicneolaíochta a bhaineann leis.

    38-41 bliana

    [Scriosta]

    Caiteachas ina dhiaidh sin ar thionscadal taighde agus forbartha idir lámha a fuarthas

    42

    Caiteachas taighde agus forbartha:

    (a)

    a bhaineann le tionscadal taighde agus forbartha idir lámha a fuarthas ar leithligh nó i gcomhcheangal gnó agus a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe; agus

    (b)

    a thabhaítear i ndiaidh éadáil an tionscadail sin;

    coinneofar cuntas air i gcomhréir le míreanna 54-62.

    43

    Fágann cur i bhfeidhm cheanglais mhíreanna 54-62 gurb amhlaidh an méid seo a leanas maidir le caiteachas ina dhiaidh sin ar thionscadal taighde agus forbartha idir lámha a fuarthas ar leithligh nó i gcomhcheangal gnó agus a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe:

    (a)

    aithnítear mar speansas é nuair a thabhaítear é más caiteachas taighde atá ann;

    (b)

    aithnítear mar speansas é nuair a thabhaítear é más caiteachas forbartha atá ann nach gcomhlíonann na critéir maidir le haitheantas mar shócmhainn dholáimhsithe i mír 57; agus

    (c)

    cuirtear é le suim ghlanluacha an tionscadail taighde nó forbartha idir lámha a fuarthas más caiteachas forbartha atá ann a chomhlíonann na critéir aitheantais i mír 57.

    Éadáil trí bhíthin deontas rialtais

    44

    I gcásanna áirithe, féadfar sócmhainn dholáimhsithe a fháil saor in aisce, nó ar chomaoin ainmniúil, trí bhíthin deontas rialtais. D’fhéadfadh sé sin tarlú nuair a dhéanann rialtas sócmhainní doláimhsithe amhail cearta tuirlingthe aerfoirt, ceadúnais oibríochta stáisiún raidió nó teilifíse, ceadúnais allmhairiúcháin nó cuótaí ar allmhairí nó cearta rochtana ar acmhainní srianta eile a aistriú chuig eintiteas nó a leithdháileadh air. I gcomhréir le IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais, féadfaidh eintiteas a roghnú an tsócmhainn dholáimhsithe agus an deontas araon a aithint ar luach cóir ar dtús. Má roghnaíonn eintiteas gan an tsócmhainn a aithint ar luach cóir ar dtús, aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn ar mhéid ainmniúil ar dtús (an cur chuige cuntasaíochta eile a cheadaítear le IAS 20) móide aon chaiteachas atá inchurtha go díreach i leith ullmhú na sócmhainne don úsáid a bheartaítear léi.

    Malartuithe sócmhainní

    45

    D’fhéadfaí sócmhainn dholáimhsithe amháin nó níos mó a fháil mar mhalairt ar shócmhainn nó ar shócmhainní neamhairgeadaíochta, nó ar chomhcheangal de shócmhainní airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta. Tagraítear go simplí sa phlé seo a leanas do chás ina malartaítear sócmhainn neamhairgeadaíochta amháin ar shócmhainn neamhairgeadaíochta eile, ach tá feidhm aige freisin maidir leis na malartuithe uile a dtugtar tuairisc orthu san abairt roimhe seo. Déantar costas sócmhainne doláimhsithe den sórt sin a thomhas ar luach cóir (a) mura bhfuil dóthain substainte tráchtála san idirbheart malairte nó (b) mura féidir luach cóir na sócmhainne a fuarthas ná na sócmhainne a tarscaoileadh a thomhas go hiontaofa. Is ar an mbealach sin a thomhaistear an mhír a fuarthas fiú mura féidir le heintiteas dí-aithint a dhéanamh láithreach ar an tsócmhainn a tarscaoileadh. Mura ndéantar an tsócmhainn a fuarthas a thomhas ar luach cóir, tomhaistear a costas ar shuim ghlanluacha na sócmhainne a tarscaoileadh.

    46

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, breithníonn eintiteas a mhéid a bhfuil coinne leis go n-athróidh a shreafaí airgid todhchaí de thoradh an idirbhirt. Tá substaint tráchtála ag idirbheart malairte más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá cumraíocht (i.e. riosca, uainiú agus méid) shreafaí airgid na sócmhainne a fuarthas éagsúil le cumraíocht shreafaí airgid na sócmhainne a aistríodh; nó

    (b)

    tagann athrú, de thoradh na malairte, ar luach eintiteas-sonrach na coda sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear; agus

    (c)

    tá an difríocht in (a) nó (b) suntasach i gcoibhneas le luach cóir na sócmhainní a mhalartaítear.

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, beidh luach eintiteas-sonrach an sciar sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear ina léiriú ar shreafaí airgid iarchánach. D’fhéadfadh torthaí na n-anailísí sin a bheith soiléir gan gá a bheith ag an eintiteas le ríomhanna mionsonraithe a dhéanamh.

    47

    Sonraítear le mír 21(b) go bhfuil sé ina choinníoll chun sócmhainn dholáimhsithe a aithint gur féidir costas na sócmhainne a thomhas go hiontaofa. Is féidir luach cóir sócmhainne doláimhsithe a thomhas go hiontaofa (a) mura suntasach le haghaidh na sócmhainne sin í an athraitheacht sa raon tomhas réasúnta ar luach cóir nó (b) más féidir measúnú a dhéanamh go réasúnta ar dhóchúlachtaí na meastachán éagsúil laistigh den raon agus úsáid a bhaint astu agus luach cóir á thomhas. Más féidir le heintiteas luach cóir na sócmhainne a fuarthas nó luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh a thomhas go hiontaofa, úsáidtear luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh chun costas a thomhas ach amháin más soiléire luach cóir na sócmhainne a fuarthas.

    Cáilmheas a ghintear go hinmheánach

    48

    Ní aithneofar mar shócmhainn cáilmheas a ghintear go hinmheánach.

    49

    I roinnt cásanna, tabhaítear caiteachas chun tairbhí eacnamaíocha amach anseo a ghiniúint, ach ní leanann as sin go gcruthaítear sócmhainn dholáimhsithe a chomhlíonann na critéir aitheantais sa chaighdeán seo. Tugtar tuairisc go minic ar chaiteachas den sórt sin mar rud a chuireann le cáilmheas a ghintear go hinmheánach. Ní dhéantar cáilmheas a ghintear go hinmheánach a aithint mar shócmhainn toisc nach acmhainn inaitheanta í (i.e. níl sí indeighilte ná ní eascraíonn sí as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile) arna rialú ag an eintiteas ar féidir a thomhas go hiontaofa ar costas.

    50

    D’fhéadfadh difríochtaí idir luach cóir eintitis agus suimeanna glanluacha a ghlansócmhainní in-sainaitheanta tráth ar bith a bheith ina léiriú ar raon fachtóirí a dhéanann difear do luach cóir an eintitis. Ní léiríonn difríochtaí den sórt sin, áfach, costas na sócmhainní doláimhsithe arna rialú ag an eintiteas.

    Sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach

    51

    Is deacair uaireanta measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach i dteideal aitheantais mar gheall ar fhadhbanna sna réimsí seo a leanas:

    (a)

    sainaithint a dhéanamh ar cé acu, agus cén uair, atá nó nach bhfuil sócmhainn inaitheanta ann a ghinfidh tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo; agus

    (b)

    costas na sócmhainne a chinneadh go hiontaofa. I roinnt cásanna, ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir an costas a bhaineann le sócmhainn dholáimhsithe a ghiniúint go hinmheánach agus an costas a bhaineann le feabhas a chur ar an gcáilmheas a ghineann an t-eintiteas go hinmheánach nó lena coinneáil ar bun nó an costas reáchtála oibríochtaí ó lá go lá.

    Dá bhrí sin, i dteannta leis na ceanglais ghinearálta maidir le haitheantas agus tomhas tosaigh sócmhainne doláimhsithe a chomhlíonadh, cuireann eintiteas ceanglais agus treoraíocht mhíreanna 52-67 i bhfeidhm maidir le gach sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach.

    52

    Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach ag comhlíonadh na gcritéar le haghaidh aitheantais, déanann eintiteas giniúint na sócmhainne a aicmiú:

    (a)

    ina céim taighde; agus

    (b)

    ina céim forbartha.

    Cé go sainmhínítear na téarmaí ‘taighde’ agus ‘forbairt’, tá brí níos leithne leis na téarmaí ‘céim taighde’ agus ‘céim forbartha’ chun críche an chaighdeáin seo.

    53

    Mura féidir le heintiteas idirdhealú a dhéanamh idir céim taighde agus céim forbartha tionscadail inmheánaigh chun sócmhainn dholáimhsithe a chruthú, caitheann an t-eintiteas leis an gcaiteachas ar an tionscadal sin amhail is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh sa chéim taighde amháin.

    Céim taighde

    54

    Ní aithneofar aon sócmhainn dholáimhsithe a eascraíonn as taighde (nó as céim taighde tionscadail inmheánaigh). Aithneofar caiteachas ar thaighde (nó ar chéim taighde tionscadail inmheánaigh) mar speansas nuair a thabhaítear é.

    55

    I gcéim taighde tionscadail inmheánaigh, ní féidir le heintiteas a léiriú gurb ann do shócmhainn dholáimhsithe a ghinfidh tairbhí eacnamaíocha dóchúla amach anseo. Dá bhrí sin, aithnítear an caiteachas sin mar speansas nuair a thabhaítear é.

    56

    Ar shamplaí de ghníomhaíochtaí taighde tá:

    (a)

    gníomhaíochtaí atá dírithe ar eolas nua a fháil;

    (b)

    cuardach bealaí chun torthaí taighde nó eolas eile a chur i bhfeidhm, meastóireacht ar na cineálacha cur i bhfeidhm sin agus a roghnú deiridh;

    (c)

    cuardach roghanna malartacha le haghaidh ábhair, gairis, táirgí, próisis, córais nó seirbhísí; agus

    (d)

    foirmliú agus dearadh roghanna malartacha féideartha le haghaidh ábhair, gairis, táirgí, próisis, córais agus seirbhísí atá nua nó feabhsaithe, meastóireacht orthu agus a roghnú deiridh.

    Céim forbartha

    57

    Ní aithneofar sócmhainn dholáimhsithe a eascraíonn as forbairt (nó as céim forbartha tionscadail inmheánaigh) ach amháin i gcás inar féidir leis an eintiteas an méid seo uile a leanas a léiriú:

    (a)

    gurb indéanta, ó thaobh na ngnéithe teicniúla de, an tsócmhainn dholáimhsithe a chríochnú chun go mbeidh sí ar fáil le húsáid nó le díol;

    (b)

    go bhfuil faoi an tsócmhainn dholáimhsithe a chríochnú agus í a úsáid nó a dhíol;

    (c)

    a chumas an tsócmhainn dholáimhsithe a úsáid nó a dhíol;

    (d)

    an bealach a ghinfidh an tsócmhainn dholáimhsithe sochair eacnamaíocha dhóchúla amach anseo. I measc nithe eile, gur féidir leis an eintiteas a léiriú gurb ann do mhargadh le haghaidh aschur na sócmhainne doláimhsithe nó na sócmhainne doláimhsithe féin nó, má tá sí le húsáid go hinmheánach, úsáideacht na sócmhainne doláimhsithe;

    (e)

    infhaighteacht acmhainní oiriúnacha teicniúla, airgeadais agus acmhainní eile chun an fhorbairt a chríochnú agus chun an tsócmhainn dholáimhsithe a úsáid nó a dhíol;

    (f)

    a chumas an caiteachas, a bheidh inchurtha i leithis an tsócmhainn dholáimhsithe a thomhas go hiontaofa le linn a forbartha.

    58

    I gcéim forbartha tionscadail inmheánaigh, is féidir le heintiteas, i roinnt cásanna, sócmhainn dholáimhsithe a shainaithint agus a léiriú go nginfidh an tsócmhainn tairbhí eacnamaíocha dóchúla amach anseo. Is amhlaidh sin toisc go mbíonn céim forbartha tionscadail níos faide ar aghaidh ná an chéim taighde.

    59

    Ar shamplaí de ghníomhaíochtaí forbartha tá:

    (a)

    dearadh, tógáil agus tástáil fréamhshamhlacha agus samhlacha réamhtháirgthe nó réamhúsáide;

    (b)

    dearadh uirlisí, díreog, múnlaí agus díslí lena mbaineann teicneolaíocht nua;

    (c)

    dearadh, tógáil agus oibriú gléasra phíolótaigh ar scála a fhágann nach bhfuil a dtáirgeadh tráchtála indéanta go heacnamaíoch; agus

    (d)

    dearadh, tógáil agus tástáil rogha malartaí a roghnaíodh le haghaidh ábhair, gairis, táirgí, próisis, córais nó seirbhísí atá nua nó feabhsaithe.

    60

    Chun a léiriú conas a ghinfidh sócmhainn dholáimhsithe tairbhí eacnamaíocha dóchúla amach anseo, déanann eintiteas measúnú ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh le fáil amach anseo ón tsócmhainn ag úsáid na bprionsabal in IAS 36 Lagú Sócmhainní. Mura nginfidh an tsócmhainn tairbhí eacnamaíocha ach amháin in éineacht le sócmhainní eile, cuireann an t-eintiteas coincheap na n-aonad giniúna airgid in IAS 36 i bhfeidhm.

    61

    Infhaighteacht acmhainní chun na tairbhí ó shócmhainn dholáimhsithe a thabhairt i gcrích, a úsáid agus a fháil, is féidir í a léiriú trí bhíthin plean gnó, mar shampla, lena léirítear na hacmhainní teicniúla, airgeadais agus eile a theastaíonn agus cumas an eintitis na hacmhainní sin a fháil. I roinnt cásanna, léiríonn eintiteas go bhfuil maoiniú seachtrach le fáil trí thásc a fháil ina léiríonn iasachtóir a thoilteanas an plean a mhaoiniú.

    62

    Is minic is féidir le córais chostála eintitis tomhas iontaofa a dhéanamh ar chostas giniúna sócmhainne doláimhsithe go hinmheánach, amhail tuarastal agus caiteachas eile a thabhaítear chun cóipchearta nó ceadúnais a fháil nó chun bogearraí ríomhaireachta a fhorbairt.

    63

    Ní aithneofar mar shócmhainní doláimhsithe brandaí, barrtheidil, teidil foilsitheoireachta, liostaí custaiméirí ná míreanna comhchosúla ó thaobh substainte de a ghintear go hinmheánach.

    64

    Ní féidir caiteachas ar bhrandaí, barrtheidil, teidil foilsitheoireachta, liostaí custaiméirí agus míreanna comhchosúla ó thaobh substainte de a idirdhealú ó chostas forbartha an ghnólachta ina iomláine. Dá bhrí sin, ní aithnítear míreanna den sórt sin mar shócmhainní doláimhsithe.

    Costas sócmhainne doláimhsithe a ghintear go hinmheánach

    65

    Chun críche mhír 24, is éard is costas sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach ann suim an chaiteachais a thabhaítear ón dáta a chomhlíonann an tsócmhainn dholáimhsithe na critéir aitheantais i míreanna 21, 22 agus 57 den chéad uair. Toirmisctear le mír 71 athshonrú caiteachais a aithníodh mar speansas roimhe sin.

    66

    Is éard atá i gcostas sócmhainne doláimhsithe a ghintear go hinmheánach gach costas atá inchurtha go díreach i leith chruthú, tháirgeadh agus ullmhú na sócmhainne chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Ar shamplaí de chostais atá inchurtha go díreach ina leith sin tá:

    (a)

    costais ábhar agus seirbhísí a úsáidtear nó a thomhlaítear chun an tsócmhainn dholáimhsithe a ghiniúint;

    (b)

    costais sochar fostaithe (mar a shainmhínítear in IAS 19) a eascraíonn as giniúint na sócmhainne doláimhsithe;

    (c)

    táillí chun ceart dlíthiúil a chlárú; agus

    (d)

    amúchadh paitinní agus ceadúnas a úsáidtear chun an tsócmhainn dholáimhsithe a ghiniúint.

    Le IAS 23 sonraítear critéir maidir le haitheantas úis mar ghné de chostas sócmhainne doláimhsithe a ghintear go hinmheánach.

    67

    Ní comhpháirteanna de chostas sócmhainne doláimhsithe a ghintear go hinmheánach iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    caiteachas díola, riaracháin agus forchaiteachas ginearálta eile ach amháin más féidir an caiteachas sin a chur go díreach i leith ullmhú na sócmhainne lena húsáid;

    (b)

    neamhéifeachtúlachtaí arna sainaithint agus caillteanas oibriúcháin tosaigh arna dtabhú sula mbaineann an tsócmhainn an fheidhmíocht bheartaithe amach; agus

    (c)

    caiteachas ar oiliúint foirne in oibriú na sócmhainne.

    Sampla a léiríonn mír 65

    Tá próiseas nua táirgthe á fhorbairt ag eintiteas. Le linn 20X5 tabhaíodh AA1000 (4) de chaiteachas, méid ar tabhaíodh AA900 de roimh an 1 Nollaig 20X5 agus AA100 idir an 1 Nollaig 20X5 agus 31 Nollaig 20X5. Tá an t-eintiteas in ann a léiriú gur chomhlíon an próiseas táirgthe, ar an 1 Nollaig 20X5, na critéir maidir le haitheantas mar shócmhainn dholáimhsithe. Meastar gurb é AA500 méid in-aisghabhála an fheasa gnó a chuimsítear sa phróiseas (lena n-áirítear eis-sreafaí airgid thirim amach anseo chun an próiseas a thabhairt i gcrích sula mbeidh sé ar fáil le húsáid).

    Ag deireadh 20X5, aithnítear an próiseas táirgthe mar shócmhainn dholáimhsithe ar chostas AA100 (caiteachas a tabhaíodh ón dáta ar comhlíonadh na critéir aitheantais, i.e. an 1 Nollaig 20X5). Is mar speansas a aithnítear an caiteachas AA900 a tabhaíodh roimh an 1 Nollaig 20X5 toisc nár comhlíonadh na critéir aitheantais go dtí an 1 Nollaig 20X5. Ní cuid de chostas an phróisis táirgthe a aithnítear sa ráiteas maidir le staid airgeadais é an caiteachas sin.

    Is é AA2000 an caiteachas a tabhaíodh le linn 20X6. Ag deireadh 20X6, meastar gurb é AA1900 méid in-aisghabhála an fheasa gnó a chuimsítear sa phróiseas (lena n-áirítear eis-sreafaí airgid thirim amach anseo chun an próiseas a thabhairt i gcrích sula mbeidh sé ar fáil le húsáid).

    Is é AA1200 costas an phróisis táirgthe ag deireadh 20X6 (caiteachas AA100 a aithníodh ag deireadh 20X5 móide caiteachas AA2000 a aithníodh in 20X6). Aithníonn an t-eintiteas caillteanas lagaithe AA200 chun suim ghlanluacha an phróisis roimh chaillteanas lagaithe (AA2100) a choigeartú ina méid in-aisghabhála (AA1900). Cealófar an caillteanas lagaithe sin i dtréimhse ina dhiaidh sin má chomhlíontar na ceanglais in IAS 36 maidir le cealú caillteanais lagaithe.

    AITHEANTAS SPEANSAIS

    68

    Is mar speansas a aithneofar caiteachas ar mhír dholáimhsithe nuair a thabhaítear é ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    is cuid de chostas sócmhainne doláimhsithe é a chomhlíonann na critéir aitheantais (féach míreanna 18-67); nó

    (b)

    faightear an mhír i gcomhcheangal gnó agus mura féidir í a aithint mar shócmhainn dholáimhsithe. Más amhlaidh an cás, is cuid den mhéid é a aithnítear mar cháilmheas ar an dáta éadála (féach IFRS 3).

    69

    I roinnt cásanna, tabhaítear caiteachas chun tairbhí eacnamaíocha amach anseo a sholáthar d’eintiteas, ach ní fhaightear ná ní chruthaítear aon sócmhainn dholáimhsithe is féidir a aithint. I gcás soláthair earraí, aithníonn an t-eintiteas caiteachas den sórt sin mar speansas nuair atá ceart rochtana aige ar na hearraí sin. I gcás soláthair seirbhísí, aithníonn an t-eintiteas an caiteachas mar speansas nuair a fhaigheann sé na seirbhísí. Is mar speansas a aithnítear caiteachas ar thaighde nuair a thabhaítear é (féach mír 54), mar shampla, seachas nuair a fhaightear í mar chuid de chomhcheangal gnó. Ar shamplaí eile de chaiteachas a aithnítear mar speansas nuair a thabhaítear é tá:

    (a)

    caiteachas ar ghníomhaíochtaí tionscnaimh (i.e. costais tionscnaimh) ach amháin má áirítear an caiteachas sin i gcostas míre réadmhaoine, gléasra agus trealaimh i gcomhréir le IAS 16. D’fhéadfaí a áireamh i gcostais tionscnaimh costais bhunaíochta amhail costais dlí agus rúnaíochta a tabhaíodh chun eintiteas dlítheanach a bhunú, caiteachas chun saoráid nó gnólacht nua a oscailt (i.e. costais réamhoscailte) nó caiteachais chun tús a chur le hoibríochtaí nua nó chun táirgí nó próisis nua a sheoladh (i.e. costais réamhoibriúcháin);

    (b)

    caiteachas ar ghníomhaíochtaí oiliúna;

    (c)

    caiteachas ar ghníomhaíochtaí fógraíochta agus cur chun cinn (lena n-áirítear catalóga postdíola);

    (d)

    caiteachas a bhaineann le cuid d’eintiteas, nó leis an eintiteas ina iomláine, a athlonnú nó a atheagrú.

    69A

    Tá ceart ag eintiteas earraí a rochtain nuair is leis iad. Ar an gcuma chéanna, tá ceart aige earraí a rochtain nuair is amhlaidh gur thóg soláthróir iad i gcomhréir le téarmaí conartha soláthair agus d’fhéadfadh an t-eintiteas a éileamh go soláthrófaí le haghaidh íocaíochta iad. Faightear seirbhísí nuair a dhéanann soláthróir iad i gcomhréir le conradh chun iad a sholáthar don eintiteas, ní nuair a úsáideann an t-eintiteas iad chun seirbhís eile a sholáthar, chun fógraíocht a thabhairt do chustaiméirí, mar shampla.

    70

    Le mír 68 ní chuirtear bac ar eintiteas réamhíocaíocht a aithint mar shócmhainn nuair is amhlaidh go ndearnadh íocaíocht le haghaidh earraí sula bhfuair an t-eintiteas ceart rochtana ar na hearraí sin. Ar an gcuma chéanna, le mír 68 ní chuirtear bac ar eintiteas réamhíocaíocht a aithint mar shócmhainn nuair is amhlaidh go ndearnadh íocaíocht le haghaidh seirbhísí sula bhfuair an t-eintiteas na seirbhísí sin.

    Caiteachais roimhe seo nach bhfuil le haithint mar shócmhainn

    71

    Ní dhéanfar caiteachas ar mhír dholáimhsithe a aithníodh ar dtús mar speansas a aithint mar chuid de chostas sócmhainne doláimhsithe ar dháta níos déanaí.

    TOMHAS TAR ÉIS AITHEANTAIS

    72

    Roghnóidh eintiteas an tsamhail chostais i mír 74 nó an tsamhail athluachála i mír 75 mar bheartas cuntasaíochta aige. Má úsáidtear an tsamhail athluachála chun cuntas a choinneáil ar shócmhainn dholáimhsithe, is í an tsamhail chéanna a úsáidfear chun cuntas a choinneáil ar gach sócmhainn eile ina haicme, ach amháin mura bhfuil margadh gníomhach ann le haghaidh na sócmhainní sin.

    73

    Is éard is aicme sócmhainní doláimhsithe ann grúpáil sócmhainní de chineál comhchosúil agus d’úsáid chomhchosúil in oibríochtaí eintitis. Déantar míreanna laistigh d’aicme sócmhainní doláimhsithe a athluacháil go comhuaineach chun go seachnófar an athluacháil roghnaitheach ar shócmhainní agus an tuairisciú ar mhéideanna sna ráitis airgeadais a bhfuil meascán costas agus luachanna ar dhátaí éagsúla ann.

    Samhail chostais

    74

    Tar éis aitheantas tosaigh, tabharfar sócmhainn dholáimhsithe ar aghaidh ar a costas lúide aon amúchadh carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha.

    Samhail athluachála

    75

    Tar éis aitheantas tosaigh, tabharfar sócmhainn dholáimhsithe ar aghaidh ar mhéid athluacháilte, arb é a bheidh ann a luach cóir ar dháta na hathluachála lúide aon amúchadh carntha ina dhiaidh sin agus aon chaillteanas lagaithe carntha ina dhiaidh sin. Chun críoch athluachálacha faoin gCaighdeán seo, tomhaisfear luach cóir faoi threoir margaidh ghníomhaigh. Déanfar athluachálacha chomh tráthrialta sin agus nach mbeidh difríocht ábhartha idir suim ghlanluacha na sócmhainne agus a luach cóir ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    76

    Ní cheadaítear na nithe seo a leanas leis an tsamhail athluachála:

    (a)

    athluacháil sócmhainní doláimhsithe nár aithníodh roimhe seo mar shócmhainní; nó

    (b)

    aitheantas tosaigh sócmhainní doláimhsithe ar mhéideanna seachas costas.

    77

    Cuirtear an tsamhail athluachála i bhfeidhm tar éis sócmhainn a aithint ar dtús ar costas. Mura n-aithnítear ach cuid de chostas sócmhainne doláimhsithe mar shócmhainn, áfach, toisc nár chomhlíon an tsócmhainn na critéir aitheantais go dtí cuid den bhealach tríd an bpróiseas (féach mír 65), féadfar an tsamhail athluachála a chur i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn ina hiomláine. Féadfar freisin an tsamhail athluachála a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas trí bhíthin deontas rialtais agus a aithníodh ar mhéid ainmniúil (féach mír 44).

    78

    Ní gnách go bhfuil margadh gníomhach ann i gcomhair sócmhainn dholáimhsithe, cé go bhféadfadh sé sin tarlú. I roinnt dlínsí, mar shampla, d’fhéadfadh margadh gníomhach a bheith ann i gcomhair ceadúnais tacsaí inaistrithe gan srianadh, ceadúnais iascaireachta nó cuótaí táirgeachta. Ní fhéadann margadh gníomhach a bheith ann i gcomhair brandaí, barrtheidil nuachtán, cearta foilsitheoireachta ceoil agus scannáin, paitinní ná trádmharcanna, áfach, toisc go bhfuil gach sócmhainn den sórt sin uathúil. Cé go ndíoltar agus go gceannaítear sócmhainní doláimhsithe, déantar caibidlíocht faoi chonarthaí idir ceannaitheoirí agus díoltóirí aonair agus ní tharlaíonn idirbhearta ach réasúnta annamh. Ar na cúiseanna sin, d’fhéadfadh sé nach soláthróidh an praghas a íoctar as sócmhainn amháin fianaise leordhóthanach maidir le luach cóir sócmhainne eile. Thairis sin, is minic nach mbíonn praghsanna ar fáil go poiblí.

    79

    Braitheann minicíocht athluachálacha ar luaineacht luachanna córa na sócmhainní doláimhsithe atá á n-athluacháil. Má tá difríocht ábhartha idir luach cóir sócmhainne athluacháilte agus a suim ghlanluacha, is gá athluacháil bhreise a dhéanamh. D’fhéadfadh gluaiseachtaí suntasacha luaineacha teacht ar luach cóir roinnt sócmhainní doláimhsithe, agus is gá athluacháil bhliantúil a dhéanamh orthu dá bhrí sin. Ní gá athluachálacha a dhéanamh chomh minic sin i gcás sócmhainní doláimhsithe nach dtagann ach gluaiseachtaí neamhshuntasacha ar a luach cóir.

    80

    Nuair a athluacháiltear sócmhainn dholáimhsithe, déantar suim ghlanluacha na sócmhainne sin a choigeartú go dtí an méid athluacháilte. Ar dháta na hathluachála, caitear leis an tsócmhainn ar cheann de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    déantar an t-oll-luach de réir na leabhar a choigeartú ar bhealach atá comhsheasmhach le hathluacháil shuim ghlanluacha na sócmhainne. D’fhéadfaí an t-oll-luach de réir na leabhar a athshonrú faoi threoir sonraí margaidh inbhraite nó i gcomhréir leis an athrú ar an tsuim ghlanluacha, mar shampla. Déantar an t-amúchadh carntha ar dháta na hathluachála a choigeartú chun go mbeidh sé cothrom leis an difríocht idir oll-luach na sócmhainne de réir na leabhar agus suim ghlanluacha na sócmhainne i ndiaidh caillteanais lagaithe charntha a chur san áireamh; nó

    (b)

    díorthaítear an t-amúchadh carntha in aghaidh oll-luach na sócmhainne de réir na leabhar.

    Méid an choigeartaithe ar amúchadh carntha, is cuid den mhéadú nó den laghdú é ar an tsuim ghlanluacha a gcoinnítear cuntas uirthi i gcomhréir le míreanna 85 agus 86.

    81

    Mura féidir athluacháil a dhéanamh ar shócmhainn dholáimhsithe in aicme sócmhainní doláimhsithe athluacháilte toisc nach bhfuil margadh gníomhach ann i gcomhair na sócmhainne sin, tabharfar an tsócmhainn ar aghaidh ar a costas lúide aon amúchadh carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha.

    82

    Mura féidir a thuilleadh luach cóir sócmhainne doláimhsithe athluacháilte a thomhas faoi threoir margaidh ghníomhaigh, is éard a bheidh i suim ghlanluacha na sócmhainne a méid athluacháilte ar dháta na hathluachála roimhe sin faoi threoir margaidh ghníomhaigh lúide aon amúchadh carntha ina dhiaidh sin agus aon chaillteanas lagaithe carntha ina dhiaidh sin.

    83

    Gan margadh gníomhach a bheith ann a thuilleadh i gcomhair sócmhainn dholáimhsithe athluacháilte, d’fhéadfadh sé sin a léiriú go bhfuil an tsócmhainn lagaithe agus gur gá í a thástáil i gcomhréir le IAS 36.

    84

    Más féidir luach cóir na sócmhainne a thomhas faoi threoir margaidh ghníomhaigh ar dháta tomhais ina dhiaidh sin, cuirtear an tsamhail athluachála i bhfeidhm ón dáta sin.

    85

    Má mhéadaítear suim ghlanluacha sócmhainne de thoradh athluachála, aithneofar an méadú in ioncam cuimsitheach eile agus carnfar i gcothromas é faoin gceannteideal ‘Barrachas athluachála’. Aithneofar an méadú i mbrabús nó i gcaillteanas, áfach, a mhéid a aisiompaíonn sé laghdú athluachála ar an tsócmhainn chéanna a aithníodh roimhe sin i mbrabús nó i gcaillteanas.

    86

    Má laghdaítear suim ghlanluacha sócmhainne doláimhsithe de thoradh athluachála, aithneofar an laghdú i mbrabús nó i gcaillteanas. Aithneofar an laghdú in ioncam cuimsitheach eile, áfach, a mhéid arb ann d’aon iarmhéid creidmheasa sa bharrachas athluachála i leith na sócmhainne sin. An laghdú a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, laghdaíonn sé an méid carntha i gcothromas faoin gceannteideal ‘Barrachas athluachála’.

    87

    An barrachas athluachála carntha a áirítear i gcothromas, féadfar é a aistriú go díreach chuig tuilleamh coimeádta nuair a réadaítear an barrachas. Féadfar an barrachas ina iomláine a réadú ar scor nó ar dhiúscairt na sócmhainne. Féadfar cuid den bharrachas a réadú le linn don tsócmhainn a bheith á húsáid ag an eintiteas, áfach; i gcás den sórt sin, is é an méid barrachais a réadaítear an difríocht idir an t-amúchadh bunaithe ar shuim ghlanluacha athluacháilte na sócmhainne agus an t-amúchadh a d’aithneofaí bunaithe ar chostas stairiúil na sócmhainne. Ní dhéantar an t-aistriú ó bharrachas athluachála go tuilleamh coimeádta trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    SAOLRÉ ÚSÁIDEACH

    88

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu críochta nó éiginnte atá saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe agus, más críochta, fad nó líon táirgeachta na saolré úsáide sin nó na haonaid chomhchosúla atá inti. Is mar shócmhainn a bhfuil saolré úsáide chríochta aici a bhreathnóidh eintiteas ar shócmhainn dholáimhsithe nuair is amhlaidh, bunaithe ar anailís ar na fachtóirí ábhartha uile, nach bhfuil aon chríoch intuartha leis an tréimhse a bhfuil coinne leis go nginfidh an tsócmhainn glan-insreafaí airgid thirim don eintiteas lena linn.

    89

    Tá an chuntasaíocht ar shócmhainn dholáimhsithe bunaithe ar a saolré úsáide. Amúchtar sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta aici (féach míreanna 97-106), agus ní amúchtar sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide éiginnte aici (féach míreanna 107-110). Na samplaí léiritheacha a ghabhann leis an gcaighdeán seo, léirítear leo cinntiúchán saolré úsáide maidir le sócmhainní doláimhsithe éagsúla agus an chuntasaíocht a dhéantar ina dhiaidh sin ar na sócmhainní sin bunaithe ar na cinntiúcháin saolré úsáide.

    90

    Is iomaí fachtóir a bhreithnítear agus saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe á cinneadh, lena n-áirítear:

    (a)

    an úsáid a bhfuil coinne lena baint ag an eintiteas as an tsócmhainn agus cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh foireann bainistíochta eile bainistíocht éifeachtúil a dhéanamh uirthi;

    (b)

    saolréanna tipiciúla táirge le haghaidh na sócmhainne agus faisnéis phoiblí maidir le meastacháin ar shaolréanna úsáide sócmhainní comhchosúla a úsáidtear ar bhealach comhchosúil;

    (c)

    dífheidhmeacht theicniúil, teicneolaíochta, tráchtála nó cineálacha eile dífheidhmeachta;

    (d)

    cobhsaíocht an tionscail ina n-oibríonn an tsócmhainn agus athruithe ar éileamh an mhargaidh ar na táirgí nó na seirbhísí a aschuirtear ón tsócmhainn;

    (e)

    gníomhaíochtaí a bhfuil coinne lena ndéanamh ag iomaitheoirí nó iomaitheoirí ionchasacha;

    (f)

    an leibhéal caiteachais cothabhála a éilítear chun na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a fháil ón tsócmhainn agus cumas agus rún an eintitis leibhéal den sórt sin a shroicheadh;

    (g)

    tréimhse an rialaithe ar an tsócmhainn agus teorainneacha dlíthiúla nó comhchosúla ar úsáid na sócmhainne, amhail dátaí éaga léasanna gaolmhara; agus

    (h)

    cé acu atá nó nach bhfuil saolré úsáide na sócmhainne spleách ar shaolré úsáide sócmhainní eile de chuid an eintitis.

    91

    Ní chiallaíonn an téarma ‘éiginnte’‘éigríochta’. Níl saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe ina léiriú ach ar an gcaiteachas cothabhála amach anseo a éilítear chun an tsócmhainn a choinneáil ar bun ag an gcaighdeán feidhmíochta arna mheasúnú di ag tús an mheastacháin ar shaolré úsáide na sócmhainne, agus ar chumas agus rún an eintitis leibhéal den sórt sin a shroicheadh. An chonclúid go bhfuil saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe éigríochta, níor cheart í a bheith ag brath ar chaiteachas beartaithe amach anseo de bhreis ar an méid a éilítear chun an tsócmhainn a choinneáil ar bun ag an gcaighdeán feidhmíochta sin.

    92

    I bhfianaise athruithe gasta ar theicneolaíocht, tá bogearraí ríomhaireachta agus go leor sócmhainní doláimhsithe eile tugtha don dífheidhmeacht teicneolaíochta. Is minic nach mbeidh ach saolré ghearr úsáide acu dá bhrí sin. Laghduithe a bhfuil coinne leo amach anseo ar phraghas díola míre a táirgeadh ag úsáid sócmhainn dholáimhsithe, d’fhéadfaidís a bheith ina léiriú ar an ionchas go mbeidh an tsócmhainn ag dul chun dífheidhmeacht teicneolaíochta nó tráchtála, rud a d’fhéadfadh, ar a sheal, a bheith ina léiriú ar laghdú ar na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe sa tsócmhainn.

    93

    D’fhéadfadh saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe a bheith an-fhada nó éiginnte fiú. Tugann an éiginnteacht údar le meastachán ar shaolré úsáide sócmhainne doláimhsithe ar bhonn stuama, ach ní thugann sin údar le roghnú saolré atá chomh gearr sin nach bhfuil sí réalaíoch.

    94

    Saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe a eascraíonn as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile, ní bheidh sí níos faide ná tréimhse na gceart conarthach nó dlíthiúil eile, ach féadfaidh sí a bheith níos giorra ag brath ar an tréimhse a bhfuil coinne ag an eintiteas leis go n-úsáidfidh sé an tsócmhainn lena linn. Má thugtar na cearta conarthacha nó dlíthiúla eile ar feadh téarma is féidir a athnuachan, ní áireofar an tréimhse (na tréimhsí) athnuachana i saolré úsáide na sócmhainne doláimhsithe ach amháin má tá fianaise ann a thacaíonn le hathnuachan ag an eintiteas gan costas suntasach. Saolré úsáide cirt athfhaighte a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe i gcomhcheangal gnó, is éard atá inti a bhfuil fágtha de thréimhse chonarthach an chonartha inar deonaíodh an ceart agus ní áireofar inti tréimhsí athnuachana.

    95

    D’fhéadfadh fachtóirí eacnamaíocha agus dlíthiúla araon tionchar a imirt ar shaolré úsáide sócmhainne doláimhsithe. Cinneann fachtóirí eacnamaíocha an tréimhse ar lena linn a gheobhaidh an t-eintiteas tairbhí eacnamaíocha amach anseo. D’fhéadfadh fachtóirí dlíthiúla srian a chur leis an tréimhse ar lena linn a rialóidh an t-eintiteas rochtain ar na tairbhí sin. Is í an tsaolré úsáide an ceann is giorra de na tréimhsí arna gcinneadh ag na fachtóirí sin.

    96

    Agus na fachtóirí seo a leanas ann, i measc fachtóirí eile, léirítear go mbeadh eintiteas in ann na cearta conarthacha nó dlíthiúla eile a athnuachan gan costas suntasach:

    (a)

    tá fianaise ann, a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar thaithí, go n-athnuafar na cearta conarthacha nó dlíthiúla eile. Má bhíonn athnuachan teagmhasach ar thoiliú tríú páirtí, áirítear leis sin fianaise go dtabharfaidh an tríú páirtí a thoiliú;

    (b)

    tá fianaise ann go gcomhlíonfar aon choinníoll is gá chun athnuachan a fháil; agus

    (c)

    níl an costas athnuachana don eintiteas suntasach nuair a chuirtear i gcomparáid é leis na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne lena sreabhadh ón athnuachan amach anseo chuig an eintiteas.

    Má bhíonn an costas athnuachana suntasach nuair a chuirtear i gcomparáid é leis na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne lena sreabhadh ón athnuachan amach anseo chuig an eintiteas, is éard atá sa chostas ‘athnuachana’, ó thaobh substainte de, an costas a bhaineann le sócmhainn nua dholáimhsithe a fháil ar an dáta athnuachana.

    SÓCMHAINNÍ DOLÁIMHSITHE A bhFUIL SAOLRÉ ÚSÁIDE CHRÍOCHTA ACU

    Tréimhse amúchta agus modh amúchta

    97

    Méid in-dímheasa sócmhainne doláimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta aici, leithdháilfear ar bhonn córasach thar a saolré úsáide é. Tosaíonn amúchadh nuair atá sócmhainn ar fáil le húsáid, i.e. nuair atá sí sa suíomh is gá, agus nuair atá an bhail is gá uirthi, chun go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht. Scorfar d’amúchadh ar cibé acu dáta is túisce, an dáta a aicmítear an tsócmhainn mar shócmhainn arna sealbhú lena díol (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha í a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) i gcomhréir le IFRS 5 nó an dáta a dhí-aithnítear an tsócmhainn. Beidh an modh amúchta a úsáidtear ina léiriú ar an bpatrún ina bhfuil coinne leis go dtomhlóidh an t-eintiteas na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo de bharr na sócmhainne. Mura féidir an patrún sin a chinneadh go hiontaofa, úsáidfear modh an mhéid chothroim. Aithneofar an muirear amúchta le haghaidh gach tréimhse i mbrabús nó i gcaillteanas ach amháin má cheadaítear nó má éilítear leis an gcaighdeán seo nó le caighdeán eile go n-áirítear i suim ghlanluacha sócmhainne eile é.

    98

    Tá modhanna amúchta éagsúla ann is féidir a úsáid chun méid in-dímheasa sócmhainne a leithdháileadh ar bhonn córasach thar a saolré úsáide. Ar na modhanna sin tá modh an mhéid chothroim, modh an iarmhéid laghdaithigh agus modh na n-aonad táirgthe. Roghnaítear an modh a úsáidtear ar bhonn phatrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne leo amach anseo a chuimsítear sa tsócmhainn, agus cuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach é ó thréimhse go tréimhse ach amháin má thagann athrú ar phatrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha sin a bheidh ann amach anseo.

    98A

    Tá toimhde infhrisnéise ann nach iomchuí é modh amúchta bunaithe ar an ioncam arna ghiniúint ag gníomhaíocht ina n-áirítear úsáid sócmhainne doláimhsithe. Ioncam arna ghiniúint ag gníomhaíocht ina n-áirítear úsáid sócmhainne doláimhsithe, bíonn sé ina léiriú go tipiciúil ar fhachtóirí nach bhfuil nasctha go díreach le tomhaltas tairbhí eacnamaíocha a chuimsítear sa tsócmhainn dholáimhsithe. Déanann ionchuir agus próisis eile, gníomhaíochtaí díolachán agus athruithe ar mhéideanna díolachán agus ar phraghsanna díola, mar shampla, difear d’ioncam. D’fhéadfadh boilsciú, nach n-imríonn aon tionchar ar an mbealach a n-úsáidtear sócmhainn, difear a dhéanamh do chomhchuid phraghais an ioncaim. Ní féidir an toimhde sin a shárú ach sna himthosca teoranta:

    (a)

    ina sloinntear an tsócmhainn dholáimhsithe mar thomhas ar ioncam, mar a thuairiscítear i mír 98C; nó

    (b)

    nuair is féidir a léiriú go bhfuil comhghaol ard idir ioncam agus tomhaltas thairbhí eacnamaíocha na sócmhainne doláimhsithe.

    98B

    Agus modh amúchta iomchuí á roghnú aige i gcomhréir le mír 98, d’fhéadfadh eintiteas a chinneadh cad é an príomhfhachtóir teorannaithe is gné dhílis den tsócmhainn dholáimhsithe. An conradh lena leagtar amach cearta an eintitis maidir leis an úsáid a bhaineann sé as sócmhainn dholáimhsithe, mar shampla, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí an úsáid a bhaineann an t-eintiteas as an tsócmhainn dholáimhsithe a shonrú ann mar líon réamhchinntithe blianta (i.e. am), mar líon aonad a tháirgtear nó mar mhéid socraithe ioncaim san iomlán atá le giniúint. Príomhfhachtóir teorannaithe den sórt sin a aithint, d’fhéadfadh sé sin a bheith mar thúsphointe chun bonn iomchuí amúchta a aithint, ach féadfar bonn eile a chur i bhfeidhm más fearr a léiríonn sé an patrún ionchasach tomhaltais ar thairbhí eacnamaíocha.

    98C

    Sa chás gurb é an príomhfhachtóir teorannaithe is gné dhílis de shócmhainn dholáimhsithe é baint amach tairsí ioncaim, d’fhéadfadh an t-ioncam atá le giniúint a bheith ina bhonn iomchuí amúchta. D’fhéadfadh eintiteas lamháltas a fháil, mar shampla, chun ór a thaiscéaladh agus a eastóscadh as mianach óir. D’fhéadfadh dul in éag an chonartha a bheith bunaithe ar mhéid socraithe ioncaim san iomlán atá le giniúint as an eastóscadh (féadfar a cheadú le conradh, mar shampla, go ndéanfar ór a eastóscadh as an mianach go dtí go mbainfear amach ioncam carnach AA2 bhilliún san iomlán as díol an óir) agus gan bheith bunaithe ar am nó ar an méid óir a eastósctar. Sampla eile is ea an ceart chun bóthar dola a oibriú, rud a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar mhéid socraithe ioncaim san iomlán atá le giniúint as dolaí carnacha a ghearradh (féadfar a cheadú le conradh, mar shampla, go n-oibreofar an bóthar dola go dtí go mbainfear amach méid carnach dolaí AA100 milliún arna ghiniúint as oibriú an bhóthair). Sa chás inar suíodh go bhfuil ioncam ina phríomhfhachtóir teorannaithe sa chonradh maidir le húsáid na sócmhainne doláimhsithe, d’fhéadfadh an t-ioncam atá le giniúint a bheith ina bhonn iomchuí chun an tsócmhainn dholáimhsithe a amúchadh, ar choinníoll go sonraítear leis an gconradh méid socraithe ioncaim san iomlán atá le giniúint a bhfuil amúchadh le cinneadh ina leith.

    99

    Is i mbrabús nó i gcaillteanas de ghnáth a aithnítear amúchadh. Uaireanta, áfach, na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo agus atá corpraithe i sócmhainn, maolaítear iad nuair a tháirgtear sócmhainní eile. Sa chás sin, is cuid de chostas na sócmhainne eile é an muirear amúchta agus áirítear ina suim ghlanluacha é. Áirítear i suim ghlanluacha fardal, mar shampla, amúchadh sócmhainní doláimhsithe a úsáidtear sa phróiseas táirgthe (féach IAS 2 Fardail).

    Luach iarmharach

    100

    % Glacfar leis go bhfuil luach iarmharach sócmhainne doláimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta aici nialasach ach amháin más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá gealltanas tríú páirtí ann an tsócmhainn a cheannach ag deireadh a saolré úsáide; nó

    (b)

    tá margadh gníomhach ann (mar a shainmhínítear in IFRS 13) i gcomhair na sócmhainne agus:

    (i)

    is féidir luach iarmharach a chinneadh faoi threoir an mhargaidh sin; agus

    (ii)

    is dóchúil go mbeidh margadh den sórt sin ann ag deireadh shaolré úsáide na sócmhainne.

    101

    Cinntear méid in-dímheasa sócmhainne a bhfuil saolré úsáide chríochta aici tar éis a luach iarmharach a bhaint. Luach iarmharach seachas nialas, tugann sin le tuiscint go bhfuil coinne ag eintiteas le diúscairt na sócmhainne doláimhsithe roimh dheireadh a saolré eacnamaíche.

    102

    Tá meastachán ar luach iarmharach sócmhainne bunaithe ar an méid is in-aisghabhála ó dhiúscairt ag úsáid praghsanna atá i réim ar dháta an mheastacháin le haghaidh díol sócmhainne comhchosúla a bhfuil deireadh a saolré úsáide bainte amach aici agus a oibríodh faoi dhálaí atá comhchosúil leo sin faoina n-úsáidfear an tsócmhainn. Déantar athbhreithniú ar an luach iarmharach ag deireadh gach bliana airgeadais ar a laghad. Is mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta a choinnítear cuntas ar athrú ar luach iarmharach na sócmhainne.

    103

    D’fhéadfadh méadú teacht ar luach iarmharach sócmhainne doláimhsithe chuig méid atá níos mó ná suim ghlanluacha na sócmhainne nó cothrom léi. Má thagann, tá muirear amúchta na sócmhainne nialasach mura laghdaíonn, agus go dtí go laghdaíonn, a luach iarmharach ina dhiaidh sin chuig méid atá faoi bhun shuim ghlanluacha na sócmhainne.

    Athbhreithniú ar thréimhse amúchta agus ar mhodh amúchta

    104

    Déanfar athbhreithniú ag deireadh gach bliana airgeadais ar a laghad ar an tréimhse amúchta agus an modh amúchta le haghaidh sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta aici. Má bhíonn an tsaolré úsáide lena bhfuil coinne le haghaidh na sócmhainne éagsúil leis na meastacháin roimhe sin, athrófar an tréimhse amúchta dá réir. Má tháinig athrú ar phatrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a chuimsítear sa tsócmhainn, athrófar an modh amúchta chun go mbeidh sé ina léiriú ar an bpatrún athraithe. Coinneofar cuntas ar athruithe den sórt sin mar athruithe ar mheastacháin chuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8.

    105

    Le linn saolré sócmhainne doláimhsithe, d’fhéadfadh sé teacht chun solais nach bhfuil an meastachán ar shaolré úsáide iomchuí. D’fhéadfadh an t-aitheantas ar chaillteanas lagaithe a léiriú gur gá an tréimhse amúchta a athrú, mar shampla.

    106

    Le himeacht ama, d’fhéadfadh athrú teacht ar phatrún ionchasach tomhaltais na dtairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a bhfuil coinne leis go sreabhfaidh siad ó shócmhainn dholáimhsithe chuig an eintiteas. D’fhéadfadh sé teacht chun solais, mar shampla, gur iomchuí modh amúchta an iarmhéid laghdaithigh seachas modh an mhéid chothroim. Sampla eile is ea má chuirtear úsáid na gceart a ndéanann ceadúnas ionadaíocht dóibh siar mar gheall ar ghníomhaíocht ar chomhpháirteanna eile den phlean gnó a bheith ar feitheamh. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach bhfaighfear tairbhí eacnamaíocha a shreabhfaidh ón tsócmhainn go dtí tréimhsí níos déanaí.

    SÓCMHAINNÍ DOLÁIMHSITHE A bhFUIL SAOLRÉ ÚSÁIDE ÉIGINNTE ACU

    107

    Ní amúchfar sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide éiginnte aici.

    108

    I gcomhréir le IAS 36, éilítear ar eintiteas sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide éiginnte aici a thástáil le haghaidh lagú trína méid in-aisghabhála a chur i gcomparáid lena suim ghlanluacha:

    (a)

    go bliantúil; agus

    (b)

    cibé uair a bhfuil tásc ann go bhféadfadh an tsócmhainn dholáimhsithe a bheith lagaithe.

    Athbhreithniú ar mheasúnú saolré úsáide

    109

    Déanfar athbhreithniú gach tréimhse ar shaolré úsáide sócmhainne doláimhsithe nach bhfuiltear á amúchadh chun a chinneadh cé acu a leanann nó nach leanann teagmhais agus imthosca de bheith ag tacú le measúnú saolré úsáide éiginnte le haghaidh na sócmhainne sin. Mura leanann, is mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8. a choinneofar cuntas ar an athrú ar an measúnú saolré úsáide, ó shaolré úsáide éiginnte go ceann críochta.

    110

    I gcomhréir le IAS 36, is táscaire a léiríonn go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe é athmheasúnú ar shaolré úsáide sócmhainne doláimhsithe mar shaolré úsáide chríochta seachas mar cheann éiginnte. Dá thoradh sin, déanann an t-eintiteas an tsócmhainn a thástáil le haghaidh lagú trína méid in-aisghabhála, arna chinneadh i gcomhréir le IAS 36, a chur i gcomparáid lena suim ghlanluacha, agus aon bharrachas suime glanluacha atá níos mó ná an méid in-aisghabhála a aithint mar chaillteanas lagaithe.

    IN-AISGHABHÁLACHT NA SUIME GLANLUACHA — CAILLTEANAIS LAGAITHE

    111

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainn dholáimhsithe lagaithe, cuireann eintiteas IAS 36 i bhfeidhm. Mínítear leis an gcaighdeán sin cén uair agus conas a dhéanann eintiteas athbhreithniú ar shuim ghlanluacha a shócmhainní, conas a chinneann sé méid in-aisghabhála sócmhainne agus an cás ina n-aithníonn nó ina gcealaíonn sé caillteanas lagaithe.

    SCOR AGUS DIÚSCAIRTÍ

    112

    Dí-aithneofar sócmhainn dholáimhsithe:

    (a)

    ar a diúscairt; nó

    (b)

    nuair nach bhfuil coinne le tairbhí eacnamaíocha amach anseo óna húsáid ná óna diúscairt.

    113

    An gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as dí-aithint sócmhainne doláimhsithe, cinnfear é mar an difríocht idir na glanfháltais diúscartha, más ann dóibh, agus suim ghlanluacha na sócmhainne. Aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas é nuair a dhí-aithnítear an tsócmhainn (ach amháin má éilítear a mhalairt le IFRS 16 ar dhíolachán agus ar aisléasú.) Ní aicmeofar gnóthachain mar ioncam.

    114

    D’fhéadfadh diúscairt sócmhainne doláimhsithe tarlú ar roinnt bealaí éagsúla (e.g. trí dhíolachán, trí theacht isteach i léas airgeadais nó trí dheonachán). Is é dáta diúscartha sócmhainne doláimhsithe an dáta a fhaigheann an faighteoir rialú ar an tsócmhainn sin i gcomhréir leis na ceanglais chun a chinneadh cathain a chomhlíontar oibleagáid feidhmíochta in IFRS 15. Tá feidhm ag IFRS 16 le diúscairt trí dhíolachán agus aisléasú.

    115

    Más amhlaidh, faoin bprionsabal aitheantais i mír 21, go n-aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha sócmhainne an costas as cuid de shócmhainn dholáimhsithe a athsholáthar, dí-aithníonn sé suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe sin. Mura bhfuil sé infheidhmithe ag eintiteas suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe a chinneadh, féadfaidh sé costas an athsholáthair a úsáid mar thásc ar an gcostas a bhí ar an gcuid athsholáthraithe tráth a fuarthas nó a gineadh go hinmheánach í.

    115A

    I gcás cirt athfhaighte i gcomhcheangal gnó, má atheisítear an ceart ina dhiaidh sin (má dhíoltar é) le tríú páirtí, úsáidfear an tsuim ghlanluacha ghaolmhar, más ann di, chun an gnóthachan nó an caillteanas ar atheisiúint a chinneadh.

    116

    An méid comaoine atá le háireamh sa ghnóthachan nó sa chaillteanas a eascraíonn as dí-aithint sócmhainne doláimhsithe, cinntear é i gcomhréir leis na ceanglais maidir leis an bpraghas idirbhirt a chinneadh i míreanna 47–72 de IFRS 15. Is i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hathruithe ar an bpraghas idirbhirt in IFRS 15 a choinneofar cuntas ar athruithe ina dhiaidh sin ar an méid measta comaoine a áirítear sa ghnóthachan nó sa chaillteanas.

    117

    Nuair nach bhfuil sócmhainn dholáimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta aici fós á húsáid, ní scortar dá hamúchadh ach amháin má dímheasadh an tsócmhainn go hiomlán nó má aicmíodh í mar shócmhainn arna sealbhú lena díol (nó má áiríodh i ngrúpa diúscartha í a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) i gcomhréir le IFRS 5.

    NOCHTADH

    Ginearálta

    118

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas maidir le gach aicme sócmhainní doláimhsithe, ina ndéanfar idirdhealú idir sócmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach agus sócmhainní doláimhsithe eile:

    (a)

    cé acu éiginnte nó críochta atá na saolréanna úsáide agus, más críochta, na saolréanna úsáide nó na rátaí amúchta a úsáidtear;

    (b)

    na modhanna amúchta a úsáidtear le haghaidh sócmhainní doláimhsithe a bhfuil saolré úsáide chríochta acu;

    (c)

    an t-oll-luach de réir na leabhar agus aon amúchadh carntha (arna chomhiomlánú le caillteanais lagaithe charntha) ag tús agus ag deireadh na tréimhse;

    (d)

    mír (míreanna) líne an ráitis ar ioncam cuimsitheach ina gcuirtear aon amúchadh ar shócmhainní doláimhsithe san áireamh;

    (e)

    réiteach ar an tsuim ghlanluacha ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena léirítear na nithe seo a leanas:

    (i)

    sócmhainní a cuireadh leis, lena léirítear ar leithligh iad siúd a d’eascair as forbairt inmheánach, iad siúd a fuarthas ar leithligh, agus iad siúd a fuarthas trí chomhcheangail ghnó;

    (ii)

    sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 agus diúscairtí eile;

    (iii)

    méaduithe nó laghduithe le linn na tréimhse a leanann as athluachálacha faoi mhíreanna 75, 85 agus 86 agus as caillteanais lagaithe a aithnítear nó a aisiompaítear in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le IAS 36 (más ann dóibh);

    (iv)

    caillteanais lagaithe a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas le linn na tréimhse i gcomhréir le IAS 36 (más ann dóibh);

    (v)

    caillteanais lagaithe a chealaítear i mbrabús nó i gcaillteanas le linn na tréimhse i gcomhréir le IAS 36 (más ann dóibh);

    (vi)

    aon amúchadh a aithnítear le linn na tréimhse;

    (vii)

    glandifríochtaí ráta malairte a eascraíonn as na ráitis airgeadais a aistriú go dtí an t-airgeadra tuairiscithe, agus as oibríocht eachtrach a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe an eintitis; agus

    (viii)

    athruithe eile ar an tsuim ghlanluacha le linn na tréimhse.

    119

    Is éard is aicme sócmhainní doláimhsithe ann grúpáil sócmhainní de chineál comhchosúil agus d’úsáid chomhchosúil in oibríochtaí eintitis. Ar shamplaí d’aicmí ar leithligh d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh:

    (a)

    ainmneacha branda;

    (b)

    barrtheidil agus teidil foilsitheoireachta;

    (c)

    bogearraí ríomhaireachta;

    (d)

    ceadúnais agus saincheadúnais;

    (e)

    cóipchearta, paitinní agus cearta maoine tionsclaíocha eile, cearta seirbhíse agus oibriúcháin;

    (f)

    oidis, foirmlí, samhlacha, dearaí agus fréamhshamhlacha; agus

    (g)

    sócmhainní doláimhsithe atá á bhforbairt.

    Déantar na haicmí thuasluaite a dhí-chomhiomlánú (nó a chomhiomlánú) ina n-aicmí níos lú (nó níos mó) má bhíonn níos mó faisnéise ábhartha ann d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais dá thoradh sin.

    120

    Nochtann eintiteas faisnéis maidir le sócmhainní doláimhsithe lagaithe i gcomhréir le IAS 36 i dteannta na faisnéise a éilítear le mír 118(e)(iii)-(v).

    121

    Le IAS 8, éilítear ar eintiteas nochtadh a dhéanamh maidir leis an gcineál agus an méid athraithe ar mheastachán cuntasaíochta a bhfuil iarmhairt ábhartha aige sa tréimhse reatha nó a bhfuil coinne leis go mbeidh iarmhairt ábhartha aige sna tréimhsí ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh nochtadh den sórt sin eascairt as athruithe ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    an measúnú ar shaolré úsáide sócmhainne doláimhsithe;

    (b)

    an modh amúchta; nó

    (c)

    luachanna iarmharacha.

    122

    Nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    i gcás sócmhainne doláimhsithe a measúnaíodh go bhfuil saolré úsáide éiginnte aici, suim ghlanluacha na sócmhainne sin agus na cúiseanna a thacaíonn leis an measúnú go bhfuil saolré úsáide éiginnte aici. Agus na cúiseanna sin á lua, tabharfaidh an t-eintiteas tuairisc ar an bhfachtóir (na fachtóirí) a d’imir ról suntasach sa chinneadh go bhfuil saolré úsáide éiginnte ag an tsócmhainn;

    (b)

    tuairisc ar aon sócmhainn dholáimhsithe aonair atá ábhartha do ráitis airgeadais an eintitis, a suim ghlanluacha agus an tréimhse amúchta atá fágtha lena haghaidh;

    (c)

    i gcás sócmhainní doláimhsithe a fuarthas trí bhíthin deontas rialtais agus a aithníodh ar dtús ar luach cóir (féach mír 44):

    (i)

    an luach cóir a aithníodh ar dtús le haghaidh na sócmhainní sin;

    (ii)

    a suim ghlanluacha; agus

    (iii)

    cé acu faoin tsamhail chostais nó faoin tsamhail athluachála a thomhaistear tar éis aitheantais iad;

    (d)

    gurb ann do shócmhainní doláimhsithe a bhfuil a dteideal srianta agus a suimeanna glanluacha, agus suimeanna glanluacha sócmhainní doláimhsithe a ghealltar mar urrús le haghaidh dliteanas;

    (e)

    méid na ngealltanas conarthach chun sócmhainní doláimhsithe a fháil.

    123

    Nuair a thugann eintiteas tuairisc ar an bhfachtóir (na fachtóirí) a d’imir ról suntasach sa chinneadh go bhfuil saolré úsáide sócmhainne doláimhsithe éiginnte, breithníonn an t-eintiteas an liosta fachtóirí i mír 90.

    Sócmhainní doláimhsithe a thomhaistear tar éis aitheantais ag úsáid na samhla athluachála

    124

    Má choinnítear cuntas ar shócmhainní doláimhsithe ar mhéideanna athluacháilte, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    de réir aicme sócmhainní doláimhsithe:

    (i)

    dáta éifeachtach na hathluachála;

    (ii)

    suim ghlanluacha sócmhainní doláimhsithe athluacháilte; agus

    (iii)

    an tsuim ghlanluacha a d’aithneofaí dá ndéanfaí an aicme athluacháilte sócmhainní doláimhsithe a thomhas tar éis aitheantais ag úsáid na samhla costais i mír 74; agus

    (b)

    méid an bharrachais athluachála a bhaineann le sócmhainní doláimhsithe ag tús agus deireadh na tréimhse, lena léirítear na hathruithe le linn na tréimhse agus aon srian ar dháileadh an iarmhéid ar scairshealbhóirí.

    (c)

    [scriosta]

    125

    D’fhéadfadh sé gur ghá aicmí sócmhainní athluacháilte a chomhiomlánú ina n-aicmí níos mó chun críoch nochta. Ní chomhiomlánaítear aicmí, áfach, dá mbeadh mar thoradh air sin go mbeadh comhcheangal ann d’aicme sócmhainní doláimhsithe ina n-áirítear méideanna a thomhaistear faoin tsamhail chostais agus faoin tsamhail athluachála araon.

    Caiteachas taighde agus forbartha

    126

    Nochtfaidh eintiteas an méid comhiomlán caiteachais taighde agus forbartha a aithnítear mar speansas le linn na tréimhse.

    127

    Is éard atá i gcaiteachas taighde agus forbartha an caiteachas uile atá inchurtha go díreach i leith gníomhaíochtaí taighde agus forbartha (féach míreanna 66 agus 67 le haghaidh treoraíocht faoin gcineál caiteachais atá le háireamh chun críche an riachtanais maidir le nochtadh i mír 126).

    Faisnéis eile

    128

    Moltar d’eintiteas, ach ní éilítear air, an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    tuairisc ar aon sócmhainn dholáimhsithe atá amúchta go hiomlán agus atá fós in úsáid; agus

    (b)

    tuairisc ghearr ar shócmhainní doláimhsithe suntasacha atá faoi rialú an eintitis ach nach n-aithnítear mar shócmhainní toisc nár chomhlíon siad na critéir aitheantais sa chaighdeán seo nó toisc go bhfuarthas iad nó gur gineadh iad sular tháinig an leagan de IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe a eisíodh in 1998 i bhfeidhm.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    129

    [Scriosta]

    130

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm:

    (a)

    maidir leis an gcuntasaíocht ar shócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangail ghnó arb é an 31 Márta 2004, nó ina dhiaidh sin, an dáta comhaontaithe lena n-aghaidh; agus

    (b)

    maidir leis an gcuntasaíocht ar gach sócmhainn dholáimhsithe eile go hionchasach ó thús na chéad tréimhse bliantúla dar tús an 31 Márta 2004 nó ina dhiaidh sin. Dá réir sin, ní choigeartóidh an t-eintiteas suim ghlanluacha sócmhainní doláimhsithe a aithnítear ar an dáta sin. Cuirfidh an t-eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm ar an dáta sin, áfach, chun athmheasúnú a dhéanamh ar shaolré úsáide sócmhainní doláimhsithe den sórt sin. Más amhlaidh, mar thoradh ar an athmheasúnú sin, go n-athraíonn an t-eintiteas a mheasúnú ar shaolré úsáide sócmhainne, is mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 a choinneofar cuntas ar an athrú sin.

    130A

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i mír 2 i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh. Má chuireann eintiteas IFRS 6 i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    130B

    Le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáidtear ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh leis míreanna 85, 86 agus 118(e)(iii). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    130C

    Le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) leasaíodh míreanna 12, 33–35, 68, 69, 94 agus 130, scriosadh míreanna 38 agus 129 agus cuireadh mír 115A leis. Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh míreanna 36 agus 37. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Ní choigeartófar méideanna a aithnítear le haghaidh sócmhainní doláimhsithe agus cáilmheas i gcomhcheangail ghnó roimhe sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin agus nochtfaidh sé an méid sin.

    130D

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh míreanna 69, 70 agus 98 agus cuireadh mír 69A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    130E

    [Scriosta]

    130F

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 3(e). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    130G

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 8, 33, 47, 50, 75, 78, 82, 84, 100 agus 124 agus scriosadh míreanna 39–41 agus 130E. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    130H

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 80. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    130I

    Cuirfidh eintiteas an leasú sin arna dhéanamh ag Timthriall Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012 i bhfeidhm maidir leis na hathluachálacha uile a aithnítear i dtréimhsí bliantúla dar tús dáta chur i bhfeidhm tosaigh an leasaithe sin, nó ina dhiaidh sin, agus sa tréimhse bhliantúil a tháinig díreach roimhe. Féadfaidh eintiteas faisnéis chomparáideach choigeartaithe a chur i láthair maidir le haon tréimhse níos luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air sin a dhéanamh. Má chuireann eintiteas faisnéis chomparáideach neamhchoigeartaithe i láthair maidir le haon tréimhse níos luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir cén fhaisnéis nár coigeartaíodh, luafaidh sé gur cuireadh i láthair ar bhonn difriúil í agus míneoidh sé an bonn sin.

    130J

    Le Soiléiriú ar Mhodhanna Inghlactha Dímheasa agus Amúchta (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 38), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 92 agus 98 agus cuireadh míreanna 98A–98C leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    130K

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 3, 114 agus 116. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    130L

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 3, 6, 113 agus 114. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    130M

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 3. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 3 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    Malartuithe sócmhainní comhchosúla

    131

    Is éard a chiallaíonn an ceanglas i míreanna 129 agus 130(b) maidir le cur i bhfeidhm ionchasach an chaighdeáin seo, má tomhaiseadh malartú sócmhainní roimh dháta éifeachtach an chaighdeáin seo ar bhonn shuim ghlanluacha na sócmhainne a tarscaoileadh, nach ndéanann an t-eintiteas suim ghlanluacha na sócmhainne a fuarthas a athshonrú chun a luach cóir ar an dáta éadála a léiriú.

    Cur i bhfeidhm luath

    132

    Moltar d’eintitis a bhfuil mír 130 infheidhme ina leith ceanglais an chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm roimh na dátaí éifeachtacha a shonraítear i mír 130. Má chuireann eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm roimh na dátaí éifeachtacha sin, áfach, cuirfidh sé IFRS 3 agus IAS 36 (arna athbhreithniú in 2004) i bhfeidhm an tráth céanna freisin.

    AISTARRAINGT IAS 38 (ARNA EISIÚINT IN 1998)

    133

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe (arna eisiúint in 1998).

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 39

    Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na hionstraimí airgeadais uile a thagann faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais más amhlaidh na nithe seo a leanas, agus a mhéid atá siad amhlaidh:

    (a)

    Ceadaítear le IFRS 9 cur i bhfeidhm cheanglais cuntasaíochta fálaithe an Chaighdeáin seo; agus

    (b)

    is cuid de ghaolmhaireacht fálaithe í an ionstraim airgeadais a cháilíonn don chuntasaíocht fálaithe i gcomhréir leis an gCaighdeán seo.

    2A–7

    [Scriosta]

    SAINMHÍNITHE

    8

    Na téarmaí a shainmhínítear in IFRS 13, IFRS 9 agus IAS 32, úsáidtear sa Chaighdeán seo iad leis na bríonna a shonraítear i bhFoscríbhinn A de IFRS 13, i bhFoscríbhinn A de IFRS 9 agus i mír 11 de IAS 32. Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas le IFRS 13, IFRS 9 agus IAS 32:

    costas amúchta sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais

    dí-aithint

    díorthach

    modh an úis ghlain

    glanráta úis

    ionstraim chothromais

    lach cóir

    sócmhainn airgeadais

    ionstraim airgeadais

    dliteanas airgeadais

    agus soláthraítear treoraíocht maidir leis na sainmhínithe sin a chur i bhfeidhm.

    9

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Sainmhínithe a bhaineann le cuntasaíocht fálaithe

     

    Is éard is ceangaltas daingean ann comhaontú ceangailteach chun cainníocht shonraithe acmhainní a mhalartú ar phraghas sonraithe ar dháta nó ar dhátaí sonraithe amach anseo.

     

    Is éard is idirbheart réamhaisnéise ann idirbheart amach anseo nach bhfuil ceangailteach ach atá réamh-mheasta.

     

    Is éard is ionstraim fálaithe ann díorthach ainmnithe nó (i gcás fálú ar an riosca um athruithe ar rátaí malairte eachtraí amháin) sócmhainn airgeadais neamhdhíorthach ainmnithe nó dliteanas airgeadais neamhdhíorthach a bhfuil coinne leis go bhfritháireofar lena luach cóir nó lena sreafaí airgid athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid míre fálaithe ainmnithe (mionsaothraítear an sainmhíniú ar ionstraim fálaithe le míreanna 72-77 agus le míreanna AG94-AG97 d’Fhoscríbhinn A).

     

    Is éard is mír fhálaithe ann sócmhainn, dliteanas, ceangaltas daingean, idirbheart réamhaisnéise thar a bheith dóchúil nó glan-infheistíocht in oibríocht eachtrach (a) a nochtann an t-eintiteas do riosca um athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid amach anseo agus (b) a ainmnítear a bheith fálaithe (mionsaothraítear an sainmhíniú ar mhíreanna fálaithe le míreanna 78-84 agus le míreanna AG98-AG101 d’Fhoscríbhinn A).

     

    Is éard is éifeachtacht fálaithe ann a mhéid a fhritháirítear le hathruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na hionstraime fálaithe na hathruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na míre fálaithe atá inchurtha i leith riosca fálaithe (féach míreanna AG105-AG113A d’Fhoscríbhinn A).

    10–70

    [Scriosta]

    FÁLÚ

    71

    Má chuireann eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm agus mura roghnaigh sé, mar bheartas cuntasaíochta aige, leanúint de cheanglais cuntasaíochta fálaithe an Chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm (féach mír 7.2.21 de IFRS 9), cuirfidh sé na ceanglais cuntasaíochta fálaithe i gCaibidil 6 de IFRS 9 i bhfeidhm. Féadfaidh eintiteas, áfach, i gcomhréir le mír 6.1.3 de IFRS 9, na ceanglais cuntasaíochta fálaithe sa Chaighdeán seo seachas iad siúd in IFRS 9 a chur i bhfeidhm le haghaidh fálú cóirluacha ar an neamhchosaint ráta úis atá ag cuid de phunann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais. Sa chás sin, ní mór don eintiteas na ceanglais shonracha maidir le cuntasaíocht fálaithe cóirluacha a chur i bhfeidhm freisin le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis (féach míreanna 81A, 89A agus AG114–AG132).

    Ionstraimí fálaithe

    Ionstraimí cáilitheacha

    72

    Leis an gcaighdeán seo ní chuirtear srian leis na himthosca ina bhféadfar díorthach a ainmniú mar ionstraim fálaithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 88, seachas i gcás roinnt céadroghanna geallta (féach mír AG94 d’Fhoscríbhinn A). Féadfar sócmhainn airgeadais neamhdhíorthach nó dliteanas airgeadais neamhdhíorthach a ainmniú mar ionstraim fálaithe, áfach, le haghaidh fálú riosca malairte eachtraí amháin.

    73

    Chun críoch cuntasaíochta fálaithe, ní fhéadfar ach ionstraimí lena mbaineann páirtí atá seachtrach don eintiteas tuairiscithe (i.e. seachtrach don ghrúpa nó don eintiteas aonair a bhfuiltear a thuairisciú) a ainmniú mar ionstraimí fálaithe. Cé go bhféadfaidh eintitis aonair laistigh de ghrúpa comhdhlúite nó aonaid ghnó laistigh d’eintiteas idirbhearta fálaithe a dhéanamh le heintitis eile laistigh den ghrúpa nó le haonaid eile ghnó laistigh den eintiteas, díorthaítear aon idirbheart inghrúpa den sórt sin tráth comhdhlúthúcháin. Dá bhrí sin, ní cháilíonn idirbhearta fálaithe den sórt sin don chuntasaíocht fálaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa. D’fhéadfaidís cáiliú don chuntasaíocht fálaithe sna ráitis airgeadais aonair nó sna ráitis airgeadais ar leithligh atá ag eintitis ar leithligh laistigh den ghrúpa, áfach, ar choinníoll go bhfuil siad seachtrach don eintiteas aonair a bhfuiltear a thuairisciú.

    Ainmniú ionstraimí fálaithe

    74

    Bíonn tomhas luacha chóir aonair ann de ghnáth le haghaidh ionstraim fálaithe ina hiomláine, agus is ar a chéile a bhraitheann na fachtóirí is cúis le hathruithe ar luach cóir. Dá réir sin, déanann eintiteas gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú le haghaidh ionstraim fálaithe ina hiomláine. Ní cheadaítear ach na heisceachtaí a leanas:

    (a)

    luach intreach agus amluach conartha céadrogha a scaradh ó chéile agus gan ach an t-athrú ar luach intreach céadrogha a ainmniú mar ionstraim fálaithe agus an t-athrú ar a hamluach a eisiamh; agus

    (b)

    eilimint úis agus spotphraghas conartha réamhcheaptha a scaradh ó chéile.

    Ceadaítear na heisceachtaí sin toisc gur féidir, go ginearálta, luach intreach na céadrogha agus an phréimh ar an gconradh réamhcheaptha a thomhas ar leithligh. Féadann straitéis fálaithe dhinimiciúil lena ndéantar measúnú ar luach intreach conartha céadrogha agus a amluach araon cáiliú don chuntasaíocht fálaithe.

    75

    Féadfar cion den ionstraim fálaithe ina hiomláine, amhail 50 faoin gcéad den mhéid ainmniúil, a ainmniú mar an ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe. Ní fhéadfar, áfach, gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú le haghaidh cuid den tréimhse ama, agus gan ach le haghaidh na coda sin, ar lena linn a bhíonn ionstraim fálaithe fós gan íoc.

    76

    Féadfar ionstraim fálaithe aonair a ainmniú mar fhálú ar níos mó ná cineál amháin riosca ar choinníoll (a) gur féidir na rioscaí a fhálaítear a shainaithint go soiléir; (b) gur féidir éifeachtacht an fhálaithe a léiriú; agus (c) gur féidir a áirithiú go n-ainmnítear go sonrach an ionstraim fálaithe agus na suíomhanna éagsúla riosca.

    77

    Dhá cheann nó níos mó de dhíorthaigh, nó cion díobh (nó, i gcás fálaithe ar riosca airgeadra, dhá cheann nó níos mó de neamhdhíorthaigh nó cion díobh, nó comhcheangal de dhíorthaigh agus neamhdhíorthaigh nó cion díobh), féadfar breathnú orthu i gcomhcheangal agus a ainmniú go comhpháirteach mar an ionstraim fálaithe, lena n-áirítear nuair a fhritháiríonn an riosca (na rioscaí) a eascraíonn as roinnt díorthach na rioscaí a eascraíonn as cinn eile. Coiléar ráta úis nó ionstraim dhíorthach eile ar comhcheangal í de chéadrogha gheallta agus de chéadrogha cheannaithe, áfach, ní cháilíonn sin mar ionstraim fálaithe más glan-chéadrogha gheallta (a bhfaightear glanphréimh ina leith) atá ann dáiríre. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfar dhá cheann nó níos mó d’ionstraimí (nó cion díobh) a ainmniú mar an ionstraim fálaithe ach amháin murar céadrogha gheallta ná glan-chéadrogha gheallta iad aon cheann acu.

    Míreanna fálaithe

    Míreanna cáilitheacha

    78

    Is féidir le mír fhálaithe a bheith ina sócmhainn nó dliteanas aitheanta, ina ceangaltas daingean neamhaitheanta, ina hidirbheart réamhaisnéise thar a bheith dóchúil nó ina glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach. Is féidir leis an mír fhálaithe a bheith (a) ina sócmhainn aonair, ina dliteanas aonair, ina ceangaltas daingean aonair, ina hidirbheart aonair réamhaisnéise thar a bheith dóchúil nó ina glaninfheistíocht aonair in oibríocht eachtrach, (b) ina grúpa de shócmhainní, de dhliteanais, de cheangaltais dhaingne, d’idirbhearta réamhaisnéise thar a bheith dóchúil nó de ghlan-infheistíochtaí in oibríochtaí eachtracha nó (c) ina fálú punainne um riosca an ráta úis amháin, ar cuid den phunann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais é a roinneann an riosca atá á fhálú.

    79

    [Scriosta]

    80

    Chun críoch cuntasaíochta fálaithe, ní fhéadfar ach sócmhainní, dliteanais, ceangaltais dhaingne nó idirbhearta réamhaisnéise thar a bheith dóchúil lena mbaineann páirtí atá seachtrach don eintiteas a ainmniú mar mhíreanna fálaithe. Fágann sin gur féidir cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta idir eintitis sa ghrúpa céanna i ráitis airgeadais aonair nó ar leithligh na n-eintiteas sin agus iontu sin amháin, ní i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa, seachas i gcás ráiteas airgeadais comhdhlúite eintitis infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10, i gcás nach ndéanfar idirbhearta idir an t-eintiteas infheistíochta agus a fhochuideachtaí arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a dhíorthú sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Mar eisceacht, d’fhéadfadh riosca malairte eachtraí míre airgeadaíochta inghrúpa (e.g. suim iníoctha/infhaighte idir dhá fhochuideachta) a cháiliú mar mhír fhálaithe sna ráitis airgeadais chomhdhlúite más é a leanann as neamhchosaint ar ghnóthachain nó ar chaillteanais ráta malairte eachtraí nach ndíorthaítear go hiomlán tráth comhdhlúthúcháin i gcomhréir le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí. I gcomhréir le IAS 21, ní dhéantar gnóthachain ná caillteanais ráta malairte eachtraí ar mhíreanna airgeadaíochta inghrúpa a dhíorthú go hiomlán tráth comhdhlúthúcháin nuair a mhalartaítear an mhír airgeadaíochta inghrúpa trí idirbheart idir dhá ghrúpeintiteas a bhfuil airgeadraí feidhmiúla éagsúla acu. Ina theannta sin, d’fhéadfadh riosca malairte eachtraí idirbhirt réamhaisnéise inghrúpa thar a bheith dóchúil a cháiliú mar mhír fhálaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite ar choinníoll go n-ainmnítear an t-idirbheart in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann an t-idirbheart é agus go ndéanfaidh an riosca malairte eachtraí difear do brabús nó do chaillteanas comhdhlúite.

    Míreanna airgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe

    81

    Más sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais í an mhír fhálaithe, d’fhéadfadh sí a bheith ina mír fhálaithe i leith na rioscaí a bhaineann le cuid dá sreafaí airgid nó dá luach cóir, agus leis sin amháin (amhail ceann amháin nó níos mó de shreafaí airgid conarthacha roghnaithe nó codanna díobh nó céatadán den luach cóir), ar choinníoll gur féidir éifeachtacht a thomhas. Cuid de neamhchosaint ráta úis sócmhainne úsmhaire nó dliteanais úsmhair atá inaitheanta agus intomhaiste ar leithligh, mar shampla, d’fhéadfaí í a ainmniú mar an riosca fálaithe (amhail ráta úis saor ó riosca nó comhpháirt bonnráta úis na neamhchosanta ráta úis san iomlán atá ag ionstraim airgeadais fhálaithe).

    81A

    I bhfálú cóirluacha ar an neamhchosaint ráta úis atá ag punann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais (agus i bhfálú den sórt sin amháin), féadfar an chuid a fhálaítear a ainmniú i dtéarmaí méid airgeadra (e.g. méid dollar, euro, punt nó rand) seachas mar shócmhainní (nó mar dhliteanais) aonair. Cé go bhféadfadh sé go n-áireofaí sócmhainní agus dliteanais sa phunann, chun críoch bainistíochta riosca, is méid sócmhainní nó méid dliteanas atá sa mhéid a ainmnítear. Ní cheadaítear ainmniú glanmhéid lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais. Féadfaidh an t-eintiteas cuid de riosca an ráta úis atá bainteach leis an méid ainmnithe sin a fhálú. I gcás fálaithe ar phunann ina bhfuil sócmhainní réamh-iníoctha, mar shampla, féadfaidh an t-eintiteas an t-athrú ar an luach cóir atá inchurtha i leith athrú ar an ráta úis fálaithe ar bhonn dátaí athphraghsála a bhfuil coinne leo, seachas dátaí athphraghsála conarthacha, a fhálú. […].

    Míreanna neamhairgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe

    82

    Más sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais í an mhír fhálaithe, ainmneofar mar mhír fhálaithe í (a) le haghaidh rioscaí malairte eachtraí, nó (b) ina hiomláine le haghaidh na rioscaí uile, mar gheall ar a dheacra atá sé an chuid iomchuí de na sreafaí airgid nó na hathruithe ar luach cóir atá inchurtha i leith rioscaí sonracha nach rioscaí malairte eachtraí iad a leithlisiú agus a thomhas.

    Grúpaí míreanna a ainmniú mar mhíreanna fálaithe

    83

    Déanfar sócmhainní comhchosúla nó dliteanais chomhchosúla a chomhiomlánú agus a fhálú mar ghrúpa sa chás amháin go roinneann na sócmhainní aonair nó na dliteanais aonair sa ghrúpa an neamhchosaint ar riosca a ainmnítear a bheith fálaithe. Thairis sin, beidh coinne leis go mbeidh an t-athrú ar luach cóir atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe le haghaidh gach míre ar leith sa ghrúpa beagnach cionmhar leis an athrú foriomlán ar luach cóir atá inchurtha i leith riosca fálaithe an ghrúpa míreanna.

    84

    Ós rud é go ndéanann eintiteas measúnú ar éifeachtacht fálaithe trí chomparáid a dhéanamh idir an t-athrú ar luach cóir nó ar shreafaí airgid ionstraime fálaithe (nó grúpa ionstraimí fálaithe comhchosúla) agus míre fálaithe (nó grúpa míreanna fálaithe comhchosúla), ní rud a cháilíonn don chuntasaíocht fálaithe é ionstraim fálaithe a chur i gcomparáid le suíomh glan foriomlán (e.g. glanmhéid gach sócmhainne ar ráta seasta úis agus gach dliteanais ar ráta seasta úis a bhfuil aibíochtaí comhchosúla acu) seachas le mír fhálaithe shonrach.

    Cuntasaíocht fálaithe

    85

    Leis an gcuntasaíocht fálaithe, aithnítear na hiarmhairtí fritháirimh ar bhrabús nó ar chaillteanas atá ag athruithe ar luachanna córa na hionstraime fálaithe nó na míre fálaithe.

    86

    Tá trí chineál gaolmhaireachta fálaithe ann:

    (a)

    fálú cóirluacha: fálú ar an neamhchosaint ar athruithe sa luach cóir i ndáil le sócmhainn nó dliteanas aitheanta nó le ceanglas daingean neamhaitheanta, nó le cuid aitheanta de shócmhainn, dliteanas nó ceanglas daingean den sórt sin, atá inchurtha i leith riosca ar leith agus a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhrabús nó caillteanas;

    (b)

    fálú ar an sreabhadh airgid: fálú ar an neamhchosaint ar inathraitheacht ar shreafaí airgid (i) atá inchurtha i leith riosca ar leith atá bainteach le sócmhainn nó dliteanas aitheanta (amhail roinnt íocaíochtaí úis amach anseo ar fhiachas ráta chomhlúthaigh nó na híocaíochtaí sin uile) nó le hidirbhearta réamhaisnéise thar a bheith dóchúil agus (ii) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas;

    (c)

    fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach mar a shainmhínítear in IAS 21.

    87

    Is mar fhálú cóirluacha nó mar fhálú ar an sreabhadh airgid a fhéadfar cuntas a choinneáil ar fhálú ar riosca malairte eachtraí ceangaltais dhaingin.

    88

    Cáilíonn gaolmhaireacht fálaithe don chuntasaíocht fálaithe faoi mhíreanna 89–102 má chomhlíontar na coinníollacha seo uile a leanas agus sa chás sin amháin.

    (a)

    Ar thionscnamh an fhálaithe tá ainmniú foirmiúil agus doiciméadacht ann faoin ngaolmhaireacht fálaithe agus faoi chuspóir agus straitéis bainistíochta riosca an eintitis chun an fálú a dhéanamh. San áireamh sa doiciméadacht sin sainaithneofar an ionstraim fálaithe, an mhír fhálaithe nó an t-idirbheart fálaithe, an cineál riosca atá á fhálú agus conas a dhéanfaidh an t-eintiteas measúnú ar a éifeachtaí a fhritháiríonn an ionstraim fálaithe an neamhchosaint ar athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na míre fálaithe atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe.

    (b)

    Tá coinne leis go mbeidh an fálú thar a bheith éifeachtach (féach míreanna AG105-AG113A d’Fhoscríbhinn A) chun athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe a fhritháireamh, go comhsheasmhach leis an straitéis bainistíochta riosca a doiciméadaíodh le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe áirithe sin ó thús.

    (c)

    I gcás fáluithe ar an sreabhadh airgid, ní mór idirbheart réamhaisnéise atá faoi réir an fhálaithe a bheith thar a bheith dóchúil agus ní mór neamhchosaint a bheith ann ar athruithe ar shreafaí airgid a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas ar deireadh.

    (d)

    Is féidir éifeachtacht an fhálaithe a thomhas go hiontaofa, i.e. is féidir luach cóir nó sreafaí airgid na míre fálaithe atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe agus luach cóir na hionstraime fálaithe a thomhas go hiontaofa.

    (e)

    Déantar measúnú ar an bhfálú ar bhonn leantach agus cinntear go raibh sé thar a bheith éifeachtach iarbhír ar fud na dtréimhsí tuairiscithe airgeadais ar lena n-aghaidh a ainmníodh an fálú.

    Fáluithe luacha chóir

    89

    Má chomhlíonann fálú cóirluacha na coinníollacha i mír 88 le linn na tréimhse, coinneofar cuntas air mar a leanas:

    (a)

    aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas an gnóthachan nó an caillteanas as atomhas na hionstraime fálaithe ar luach cóir (i gcás ionstraime fálaithe díorthaí) nó as tomhas chomhpháirt airgeadra eachtraigh a suime glanluacha i gcomhréir le IAS 21 (i gcás ionstraime fálaithe neamhdhíorthaí); agus

    (b)

    an gnóthachan nó an caillteanas ar an mír fhálaithe atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe, coigeartóidh sé suim ghlanluacha na míre fálaithe agus aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas é. Tá feidhm aige sin má thomhaistear an mhír fhálaithe ar costas in aon chás eile. Gnóthachan nó caillteanas atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas, tá feidhm ag an aitheantas sin más sócmhainn airgeadais í an mhír fhálaithe a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9.

    89A

    I gcás fálaithe cóirluacha ar an neamhchosaint ráta úis atá ag cuid de phunann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais (agus i bhfálú den sórt sin amháin), féadfar an ceanglais i mír 89(b) a chomhlíonadh ach an gnóthachan nó an caillteanas atá inchurtha i leith na míre fálaithe a chur i láthair:

    (a)

    i mír líne aonair ar leithligh laistigh de shócmhainní, le haghaidh na dtréimhsí ama athphraghsála sin a bhfuil an mhír fhálaithe ina sócmhainn lena n-aghaidh; nó

    (b)

    i mír líne aonair ar leithligh laistigh de dhliteanais, le haghaidh na dtréimhsí ama athphraghsála sin a bhfuil an mhír fhálaithe ina dliteanas lena n-aghaidh.

    Na míreanna líne ar leithligh dá dtagraítear in (a) agus (b) thuas, cuirfear i láthair iad in aice le sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais. Bainfear méideanna a áirítear sna míreanna líne sin den ráiteas maidir le staid airgeadais nuair a dhí-aithnítear na sócmhainní nó na dliteanais lena mbaineann siad.

    90

    Mura bhfálaítear ach rioscaí áirithe atá inchurtha i leith mír fhálaithe, is mar a leagtar amach i mír 5.7.1 de IFRS 9 a aithnítear athruithe aitheanta ar luach cóir na míre fálaithe nach mbaineann leis an riosca fálaithe.

    91

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe a shonraítear i mír 89 más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    téann an ionstraim fálaithe in éag, nó díoltar, foirceanntar nó feidhmítear í. Chun na críche sin, ní dul in éag ná foirceannadh atá in athsholáthar ná tar-rolladh ionstraime fálaithe chuig ionstraim fálaithe eile más cuid de straitéis fálaithe dhoiciméadaithe an eintitis é an t-athsholáthar nó an tar-rolladh sin. Ina theannta sin, chun na críche sin, ní théann an ionstraim fálaithe in éag ná ní fhoirceanntar í más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (i)

    mar thoradh ar dhlíthe nó rialacháin nó mar thoradh ar thabhairt isteach dlíthe nó rialachán, comhaontaíonn na páirtithe san ionstraim fálaithe go ndéanfaidh ceann amháin nó níos mó de chontrapháirtithe imréitigh a gcontrapháirtí bunaidh a athsholáthar, arb é a thagann chun bheith ina chontrapháirtí nua le gach ceann de na páirtithe. Chun na críche sin, tá contrapháirtí imréitigh ina chontrapháirtí lárnach (dá ngairtear uaireanta ‘eagraíocht imréitigh’ nó ‘gníomhaireacht imréitigh’) nó ina eintiteas nó eintitis, mar shampla, ina chomhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh nó ina chliaint de chuid comhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh, a bhíonn ag gníomhú mar chontrapháirtí ionas go gcuirfidh siad imréiteach i gcrích trí bhíthin contrapháirtí lárnach. Nuair a chuireann na páirtithe san ionstraim fálaithe contrapháirtithe éagsúla in ionad a gcontrapháirtithe bunaidh, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin má chuireann gach ceann de na páirtithe sin imréiteach i gcrích leis an gcontrapháirtí lárnach céanna.

    (ii)

    tá athruithe eile ar an ionstraim fálaithe, más ann dóibh, teoranta dóibh siúd a bhfuil gá leo chun athsholáthar contrapháirtí den sórt sin a chur i gcrích. Tá athruithe den sórt sin teoranta dóibh siúd atá comhsheasmhach leis na téarmaí a mbeadh coinne leo dá n-imréiteofaí an ionstraim fálaithe leis an gcontrapháirtí imréitigh ó thús. Áirítear sna hathruithe sin athruithe ar na ceanglais chomhthaobhachta, ar chearta chun iarmhéideanna suimeanna infhaighte agus iníoctha a fhritháireamh, agus ar tháillí arna dtobhach.

    (b)

    ní chomhlíonann an fálú na critéir maidir le cuntasaíocht fálaithe i mír 88 a thuilleadh; nó

    (c)

    cúlghaireann an t-eintiteas an t-ainmniú.

    92

    Aon choigeartú a eascraíonn as mír 89(b) ar shuim ghlanluacha ionstraime airgeadais fálaithe a n-úsáidtear modh an úis ghlain lena haghaidh (nó, i gcás fálaithe punainne um riosca an ráta úis, ar an mír líne ar leithligh sa ráiteas maidir le staid airgeadais ar a dtugtar tuairisc i mír 89A), amúchfar chuig brabús nó chuig caillteanas í. Féadfaidh amúchadh tosú a luaithe a bheidh coigeartú ann agus tosóidh sé tráth nach déanaí ná an tráth a scoireann an mhír fhálaithe de bheith coigeartaithe i leith athruithe ar an luach cóir aici atá inchurtha i leith an riosca a bheith á fhálú. Tá an coigeartú bunaithe ar ghlanráta úis athríofa ar an dáta a thosaíonn amúchadh. Más amhlaidh, áfach, i gcás fálaithe cóirluacha ar an neamhchosaint ráta úis atá ag cuid de phunann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais (agus i bhfálú den sórt sin amháin) nach indéanta é amúchadh a dhéanamh ag úsáid glanráta úis athríofa, úsáidfear modh an mhéid chothroim chun an coigeartú a amúchadh. Amúchfar an coigeartú go hiomlán faoi cheann aibíocht na hionstraime airgeadais nó, i gcás fálaithe punainne um riosca an ráta úis, faoi cheann dhul in éag na tréimhse ama athphraghsála ábhartha.

    93

    Nuair a ainmnítear ceangaltas daingean neamhaitheanta mar mhír fhálaithe, is mar shócmhainn nó mar dhliteanas, ag a bhfuil gnóthachan nó caillteanas comhfhreagrach a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas, a aithnítear an t-athrú carnach ina dhiaidh sin ar luach cóir an cheangaltais dhaingin atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe (féach mír 89(b)). Na hathruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe, aithnítear freisin i mbrabús nó i gcaillteanas iad.

    94

    Nuair a dhéanann eintiteas ceangaltas daingean chun sócmhainn a fháil nó dliteanas a ghlacadh, ar mír fhálaithe i bhfálú cóirluacha é, déantar suim ghlanluacha tosaigh na sócmhainne nó an dliteanais a leanann as an eintiteas a bheith ag comhlíonadh an cheangaltais dhaingin a choigeartú chun go n-áirítear inti an t-athrú carnach ar luach cóir an cheangaltais dhaingin atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe a aithníodh sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

    Fáluithe ar an sreabhadh airgid

    95

    Má chomhlíonann fálú ar an sreabhadh airgid na coinníollacha i mír 88 le linn na tréimhse, coinneofar cuntas air mar a leanas:

    (a)

    an chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach (féach mír 88), aithneofar in ioncam cuimsitheach eile í; agus

    (b)

    an chuid neamhéifeachtach den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an ionstraim fálaithe, aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas í.

    96

    Ar dhóigh níos sonraí, coinnítear cuntasaíocht ar fhálú ar an sreabhadh airgid mar a leanas:

    (a)

    an ghné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna atá bainteach leis an mír fhálaithe, coigeartaítear í go dtí an méid is lú de na méideanna seo a leanas (ina ndearbhmhéideanna):

    (i)

    an gnóthachan nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe ó thionscnamh an fhálaithe; agus

    (ii)

    an t-athrú carnach ar luach cóir (luach láithreach) na sreafaí airgid a bhfuil coinne leo amach anseo ar an mír fhálaithe ó thionscnamh an fhálaithe;

    (b)

    aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar an ionstraim fálaithe atá fágtha, nó ar aon chomhpháirt ainmnithe di atá fágtha (nach fálú éifeachtach í), aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas é; agus

    (c)

    comhpháirt shonrach den ghnóthachan nó den chaillteanas nó sreafaí airgid gaolmhara ar an ionstraim fálaithe (féach míreanna 74, 75 agus 88(a)), mura n-áirítear í sin sa mheasúnú ar éifeachtacht fálaithe sa straitéis bainistíochta riosca dhoiciméadaithe atá ag eintiteas le haghaidh gaolmhaireacht fálaithe áirithe, aithnítear an chomhpháirt eisiata sin de ghnóthachan nó de chaillteanas i gcomhréir le mír 5.7.1 de IFRS 9.

    97

    Más é a leanann ina dhiaidh sin as fálú ar idirbheart réamhaisnéise go n-aithnítear sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais, déanfar na gnóthachain nó caillteanais bhainteacha a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 95 a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007)) sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann na sreafaí airgid réamhaisnéise fálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas (amhail sna tréimhsí ina n-aithnítear ioncam úis nó speansas úis). Má bhíonn coinne ag eintiteas leis nach ndéanfar cuid chaillteanas a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a aisghabháil i gceann amháin nó níos mó de thréimhsí amach anseo, áfach, déanfaidh sé an méid nach bhfuil coinne lena aisghabháil a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe.

    98

    Más é a leanann ina dhiaidh sin as fálú ar idirbheart réamhaisnéise go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó má thagann idirbheart réamhaisnéise le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais chun bheith ina cheangaltas daingean a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe cóirluacha i bhfeidhm lena aghaidh, glacfaidh an t-eintiteas (a) nó (b) thíos:

    (a)

    Déanann sé na gnóthachain nó caillteanais bhainteacha a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 95 a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007)) sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann an tsócmhainn a fuarthas nó an dliteanas a glacadh difear do bhrabús nó do chaillteanas (amhail sna tréimhsí ina n-aithnítear speansas dímheasa nó costas díolachán). Má bhíonn coinne ag eintiteas leis nach ndéanfar caillteanas iomlán nó cuid de chaillteanas a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a aisghabháil i gceann amháin nó níos mó de thréimhsí amach anseo, áfach, déanfaidh sé an méid nach bhfuil coinne lena aisghabháil a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe.

    (b)

    Baineann sé na gnóthachain agus caillteanais bhainteacha a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 95, agus áiríonn sé sa chostas tosaigh iad nó i suim ghlanluacha eile de chuid na sócmhainne nó an dliteanais.

    99

    Glacfaidh eintiteas (a) nó (b) i mír 98 mar bheartas cuntasaíochta aige agus cuirfidh sé i bhfeidhm go comhsheasmhach é maidir le gach fálú lena mbaineann mír 98.

    100

    % I gcás fáluithe ar an sreabhadh airgid seachas iad siúd a chumhdaítear le míreanna 97 agus 98, déanfar méideanna a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007)) sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann na sreafaí airgid réamhaisnéise fálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas (nuair a tharlaíonn díolachán réamhaisnéise, mar shampla).

    101

    In aon cheann de na himthosca seo a leanas, scoirfidh eintiteas go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe a shonraítear i míreanna 95-100:

    (a)

    Téann an ionstraim fálaithe in éag, nó díoltar, foirceanntar nó feidhmítear í. Sa chás sin, an gnóthachan nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile ón tréimhse ina raibh an fálú éifeachtach (féach mír 95(a)), fanfaidh sé ar leithligh i gcothromas go dtí go dtarlóidh an t-idirbheart réamhaisnéise. Nuair a tharlaíonn an t-idirbheart, tá feidhm ag mír 97, 98 nó 100. Chun críche na fomhíre seo, ní dul in éag ná foirceannadh atá in athsholáthar ná tar-rolladh ionstraime fálaithe chuig ionstraim fálaithe eile más cuid de straitéis fálaithe dhoiciméadaithe an eintitis é an t-athsholáthar nó an tar-rolladh sin. Ina theannta sin, chun críche na fomhíre seo, ní théann an ionstraim fálaithe in éag ná ní fhoirceanntar í más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (i)

    mar thoradh ar dhlíthe nó rialacháin nó mar thoradh ar thabhairt isteach dlíthe nó rialachán, comhaontaíonn na páirtithe san ionstraim fálaithe go ndéanfaidh ceann amháin nó níos mó de chontrapháirtithe imréitigh a gcontrapháirtí bunaidh a athsholáthar, arb é a thagann chun bheith ina chontrapháirtí nua le gach ceann de na páirtithe. Chun na críche sin, tá contrapháirtí imréitigh ina chontrapháirtí lárnach (dá ngairtear uaireanta ‘eagraíocht imréitigh’ nó ‘gníomhaireacht imréitigh’) nó ina eintiteas nó eintitis, mar shampla, ina chomhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh nó ina chliaint de chuid comhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh, a bhíonn ag gníomhú mar chontrapháirtí ionas go gcuirfidh siad imréiteach i gcrích trí bhíthin contrapháirtí lárnach. Nuair a chuireann na páirtithe san ionstraim fálaithe contrapháirtithe éagsúla in ionad a gcontrapháirtithe bunaidh, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin má chuireann gach ceann de na páirtithe sin imréiteach i gcrích leis an gcontrapháirtí lárnach céanna.

    (ii)

    tá athruithe eile ar an ionstraim fálaithe, más ann dóibh, teoranta dóibh siúd a bhfuil gá leo chun athsholáthar contrapháirtí den sórt sin a chur i gcrích. Tá athruithe den sórt sin teoranta dóibh siúd atá comhsheasmhach leis na téarmaí a mbeadh coinne leo dá n-imréiteofaí an ionstraim fálaithe leis an gcontrapháirtí imréitigh ó thús. Áirítear sna hathruithe sin athruithe ar na ceanglais chomhthaobhachta, ar chearta chun iarmhéideanna suimeanna infhaighte agus iníoctha a fhritháireamh, agus ar tháillí arna dtobhach.

    (b)

    Ní chomhlíonann an fálú na critéir maidir le cuntasaíocht fálaithe i mír 88 a thuilleadh. Sa chás sin, an gnóthachan nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile ón tréimhse ina raibh an fálú éifeachtach (féach mír 95(a)), fanfaidh sé ar leithligh i gcothromas go dtí go dtarlóidh an t-idirbheart réamhaisnéise. Nuair a tharlaíonn an t-idirbheart, tá feidhm ag mír 97, 98 nó 100.

    (c)

    Níl coinne a thuilleadh leis go dtarlóidh an t-idirbheart réamhaisnéise, agus sa chás sin, aon ghnóthachan nó aon chaillteanas carnach gaolmhar ar an ionstraim fálaithe a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile ón tréimhse ina raibh an fálú éifeachtach (féach mír 95(a)), athaicmeofar ó chothromas chuig brabús nó caillteanas é mar choigeartú athaicmithe. D’fhéadfadh sé go mbeidh coinne go fóill leis go dtarlóidh idirbheart réamhaisnéise nach bhfuil fós thar a bheith dóchúil (féach mír 88(c)).

    (d)

    Cúlghaireann an t-eintiteas an t-ainmniú. I gcás fáluithe ar idirbheart réamhaisnéise, an gnóthachan nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile ón tréimhse ina raibh an fálú éifeachtach (féach mír 95(a)), fanfaidh sé ar leithligh i gcothromas go dtí go dtarlóidh an t-idirbheart réamhaisnéise nó nach bhfuil coinne a thuilleadh leis go dtarlóidh sé. Nuair a tharlaíonn an t-idirbheart, tá feidhm ag mír 97, 98 nó 100. Mura bhfuil coinne a thuilleadh leis go dtarlóidh an t-idirbheart, déanfar an gnóthachan nó caillteanas carnach a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas é mar choigeartú athaicmithe.

    Fáluithe de ghlan-infheistíocht

    102

    Fáluithe de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach, lena n-áirítear fálú ar mhír airgeadaíochta a gcoinnítear cuntas uirthi mar chuid den ghlan-infheistíocht (féach IAS 21), coinneofar cuntas orthu ar an gcuma chéanna le fáluithe ar an sreabhadh airgid:

    (a)

    an chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach (féach mír 88), aithneofar in ioncam cuimsitheach eile í; agus

    (b)

    aithneofar an chuid neamhéifeachtach i mbrabús nó i gcaillteanas.

    An gnóthachan nó an caillteanas ar an ionstraim fálaithe a bhaineann leis an gcuid éifeachtach den fhálú a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile, athaicmeofar ó chothromas chuig brabús nó caillteanas é mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007)) i gcomhréir le míreanna 48-49 de IAS 21 ar dhiúscairt nó ar dhiúscairt pháirteach na hoibríochta eachtraí.

    Eisceachtaí sealadacha ó cheanglais shonracha cuntasaíochta fálaithe a chur i bhfeidhm

    102A

    Cuirfidh eintiteas míreanna 102D–102N agus 108G i bhfeidhm maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe uile a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh. Níl feidhm ag na míreanna sin ach maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe den sórt sin. Ní dhéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach do ghaolmhaireacht fálaithe ach amháin má eascraíonn as an athchóiriú éiginnteachtaí maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    an tagarmharc ráta úis (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) a ainmnítear mar riosca fálaithe; agus/nó

    (b)

    uainiú nó méid shreafaí airgid na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe bunaithe ar an tagarmharc ráta úis.

    102B

    Chun míreanna 102D–102N a chur i bhfeidhm, tagraíonn an téarma ‘athchóiriú ar thagarmharc ráta úis’ don athchóiriú ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis, lena n-áirítear athsholáthar tagarmhairc ráta úis le tagarmharc ráta úis malartach amhail ráta a leanann as na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil mhí Iúil 2014 leis an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Reforming Major Interest Rate Benchmarks’ [Mór-thagarmharcanna Ráta Úis a Athchóriú] (26).

    102C

    Le míreanna 102D–102N, soláthraítear eisceachtaí ó na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin agus uathu sin amháin. Leanfaidh eintiteas de bheith ag cur gach ceanglas cuntasaíochta fálaithe eile i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh.

    Ceanglas maidir le hidirbheart réamhaisnéise thar a bheith dóchúil i gcás fáluithe ar an sreabhadh airgid

    102D

    An ceanglas i mír 88(c) nach mór idirbheart réamhaisnéise a bheith thar a bheith dóchúil, chun é a chur i bhfeidhm glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach).

    An gnóthachan nó caillteanas carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú

    102E

    Chun an ceanglas i mír 101(c) a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne a thuilleadh leis go dtarlóidh an t-idirbheart réamhaisnéise, glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach).

    Measúnú ar éifeachtacht

    102F

    Chun na ceanglais i míreanna 88(b) agus AG105(a) a chur i bhfeidhm, glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe agus/nó an riosca fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach), ná ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil sreafaí airgid na hionstraime fálaithe bunaithe.

    102G

    Chun an ceanglas i mír 88(e) a chur i bhfeidhm, ní éilítear ar eintiteas scor de ghaolmhaireacht fálaithe de bhrí nach gcomhlíonann torthaí iarbhír an fhálaithe na ceanglais i mír AG105(b). Chun amhras a sheachaint, cuirfidh eintiteas na coinníollacha eile i mír 88 i bhfeidhm, lena n-áirítear an measúnú ionchasach i mír 88(b), chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá scor den ghaolmhaireacht fálaithe.

    Míreanna airgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe

    102H

    Mura bhfuil feidhm ag mír 102I, i gcás fálaithe ar chuid riosca an ráta úis a bhaineann le tagarmharc ráta úis a shonraítear go neamhchonarthach, is ar thionscnamh na gaolmhaireachta fálaithe amháin a chuirfidh eintiteas an ceanglas i míreanna 81 agus AG99F i bhfeidhm go mbeidh an chuid ainmnithe inaitheanta ar leithligh.

    102I

    Nuair a athshocraíonn eintiteas gaolmhaireacht fálaithe go minic, go comhsheasmhach lena dhoiciméadacht fálaithe (i.e. nuair a scoireann sé di agus a atosaíonn í) toisc go n-athraíonn an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe araon go minic (i.e. na míreanna fálaithe agus na hionstraimí fálaithe araon a úsáidtear chun bainistíocht a dhéanamh ar an neamhchosaint sin, ní fhanann siad mar a chéile ar feadh i bhfad sa phróiseas dinimiciúil a úsáideann an t-eintiteas), is nuair a ainmníonn an t-eintiteas mír fhálaithe sa ghaolmhaireacht fálaithe sin den chéad uair, agus an uair sin amháin, a chuirfidh sé an ceanglas i míreanna 81 agus AG99F i bhfeidhm go mbeidh an chuid ainmnithe inaitheanta ar leithligh. Mír fhálaithe a ndearnadh measúnú uirthi tráth a hainmnithe tosaigh sa ghaolmhaireacht fálaithe, bíodh sin tráth tionscanta an fhálaithe nó ina dhiaidh sin, ní dhéantar athmheasúnú uirthi ag aon athainmniú ina dhiaidh sin sa ghaolmhaireacht fálaithe chéanna.

    Deireadh an chur i bhfeidhm

    102J

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 102D i bhfeidhm maidir le mír fhálaithe an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    nuair a scortar den ghaolmhaireacht fálaithe a bhfuil an mhír fhálaithe ina cuid di.

    102K

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 102E i bhfeidhm an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid todhchaí na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    nuair a athaicmíodh chuig brabús nó caillteanas iomlán an ghnóthachain nó an chaillteanais charnaigh a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile i ndáil leis an ngaolmhaireacht fálaithe scortha sin.

    102L

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 102F i bhfeidhm:

    (a)

    maidir le mír fhálaithe, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe nó le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    maidir le hionstraim fálaithe, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid na hionstraime fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis.

    Má scortar den ghaolmhaireacht fálaithe a bhfuil an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe ina gcodanna di níos luaithe ná an dáta a shonraítear i mír 102L(a) nó an dáta a shonraítear i mír 102L(b), scoirfidh an t-eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 102F i bhfeidhm maidir leis an ngaolmhaireacht fálaithe sin ar an dáta scoir.

    102M

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 102G i bhfeidhm maidir le gaolmhaireacht fálaithe an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe agus le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    nuair a scortar den ghaolmhaireacht fálaithe ar a gcuirtear an eisceacht i bhfeidhm.

    102N

    Nuair a ainmnítear grúpa míreanna mar an mhír fhálaithe, nó comhcheangal d’ionstraimí airgeadais mar an ionstraim fálaithe, scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur míreanna 102D–102G i bhfeidhm maidir le mír aonair nó ionstraim aonair i gcomhréir le míreanna 102J, 102K, 102L nó 102M, mar is ábhartha, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe agus/nó le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre nó na hionstraime airgeadais sin atá bunaithe ar thagarmharc ráta úis.

    102O

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur míreanna 102H agus 102I i bhfeidhm an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair a dhéantar athruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis ar an gcuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach trí mhír 102P a chur i bhfeidhm; nó

    (b)

    nuair a scortar den ghaolmhaireacht fálaithe ina n-ainmnítear an chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

    Eisceachtaí sealadacha breise a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis

    Cuntasaíocht fálaithe

    102P

    Mar a scoireann agus nuair a scoireann na ceanglais i míreanna 102D–102I de bheith infheidhme maidir le gaolmhaireacht fálaithe (féach míreanna 102J–102O), leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe sin mar a doiciméadaíodh roimhe sin chun go léireoidh sé na hathruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, i.e. tá na hathruithe comhsheasmhach leis na ceanglais i míreanna 5.4.6–5.4.8 de IFRS 9. Sa chomhthéacs sin, ní leasófar an t-ainmniú fálaithe ach chun ceann amháin nó níos mó de na hathruithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bonnráta úis malartach (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) a ainmniú mar riosca fálaithe;

    (b)

    an tuairisc ar an mír fhálaithe a leasú, lena n-áirítear an tuairisc ar an gcuid ainmnithe de na sreafaí airgid nó den luach cóir atá á fálú;

    (c)

    an tuairisc ar an ionstraim fálaithe a leasú; nó

    (d)

    an tuairisc ar conas a dhéanfaidh an t-eintiteas measúnú ar éifeachtacht fálaithe a leasú.

    102Q

    Cuirfidh eintiteas an ceanglas i mír 102P(c) i bhfeidhm freisin má chomhlíontar na trí choinníoll seo a leanas:

    (a)

    déanann an t-eintiteas athrú a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis ag úsáid cur chuige seachas cur chuige ina n-athraítear an bonn lena gcinntear sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe (mar a thuairiscítear i mír 5.4.6 de IFRS 9);

    (b)

    ní dhí-aithnítear an ionstraim fálaithe bhunaidh; agus

    (c)

    tá an cur chuige a roghnaítear coibhéiseach go heacnamaíoch le bheith ag athrú an bhoinn lena gcinntear sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe bunaidh (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.7 agus 5.4.8 de IFRS 9).

    102R

    D’fhéadfadh sé go scoirfidh na ceanglais i míreanna 102D–102I de bheith infheidhme ag tráthanna éagsúla. Dá bhrí sin, trí mhír 102P a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí ar eintiteas ainmniú foirmiúil a ghaolmhaireachtaí fálaithe a leasú ag tráthanna éagsúla, nó d’fhéadfadh sé go n-éileofaí air ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe a leasú níos mó ná uair amháin. Nuair a dhéantar athrú den sórt sin ar ainmniú an fhálaithe, agus an uair sin amháin, cuirfidh eintiteas míreanna 102V–102Z2 i bhfeidhm mar is infheidhme. Cuirfidh eintiteas mír 89 (i gcás fálaithe cóirluacha) nó mír 96 (i gcás fálaithe ar an sreabhadh airgid) i bhfeidhm freisin chun cuntas a choinneáil ar aon athrú ar luach cóir na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe.

    102S

    Leasóidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe mar a éilítear i mír 102P faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe a ndéantar athrú lena linn ar an riosca fálaithe, ar an mír fhálaithe nó ar an ionstraim fálaithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis. Chun amhras a sheachaint, ní scor den ghaolmhaireacht fálaithe ná ainmniú gaolmhaireachta fálaithe nua atá i leasú den sórt sin ar ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe.

    102T

    Má dhéantar athruithe, i dteannta na n-athruithe sin a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, ar shócmhainn airgeadais nó ar dhliteanas airgeadais a ainmnítear a bheith i ngaolmhaireacht fálaithe (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.6–5.4.8 de IFRS 9) nó ar ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe (mar a éilítear le mír 102P), cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm ar dtús chun a chinneadh cé acu a leanann nó nach leanann scor den chuntasaíocht fálaithe as na hathruithe breise sin. Mura leanann scor den chuntasaíocht fálaithe as na hathruithe breise, leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe mar a shonraítear i mír 102P.

    102U

    Le míreanna 102V–102Z3, soláthraítear eisceachtaí ó na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin amháin. Cuirfidh eintiteas gach ceanglas cuntasaíochta fálaithe eile sa Chaighdeán seo, lena n-áirítear na critéir cháilitheacha i mír 88, i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh.

    Cuntas a choinneáil ar ghaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha

    Measúnú ar éifeachtacht chúlghabhálach

    102V

    Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chúlghabhálach gaolmhaireachta fálaithe ar bhonn carnach nach gcuirtear ach mír 88(e) amháin i bhfeidhm lena aghaidh, féadfaidh eintiteas a roghnú na hathruithe carnacha ar luach cóir na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe a athshocrú go nialas nuair a scoireann sé de mhír 102G a chur i bhfeidhm mar a éilítear le mír 102M. Déantar an roghnú sin ar leithligh i gcás gach gaolmhaireachta fálaithe (i.e. ar bhonn gaolmhaireachta fálaithe aonair).

    Fáluithe ar an sreabhadh airgid

    102W

    Chun mír 97 a chur i bhfeidhm, tráth a leasaíonn eintiteas an tuairisc ar mhír fhálaithe mar a éilítear i mír 102P(b), measfar go mbeidh an gnóthachan nó an caillteanas carnach in ioncam cuimsitheach eile bunaithe ar an mbonnráta úis malartach lena gcinntear na sreafaí airgid todhchaí fálaithe.

    102X

    I gcás gaolmhaireachta fálaithe ar scoradh di, nuair a dhéantar an tagarmharc ráta úis ar a raibh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe bunaithe a athrú mar a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, chun mír 101(c) a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis go dtarlóidh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe, measfar go bhfuil an méid carntha in ioncam cuimsitheach eile le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe sin bunaithe ar an tagarmharc ráta úis malartach ar a mbunófar na sreafaí airgid todhchaí fálaithe.

    Grúpaí míreanna

    102Y

    Nuair a chuireann eintiteas mír 102P i bhfeidhm maidir le grúpaí míreanna mar mhíreanna fálaithe i bhfálú cóirluacha nó i bhfálú ar an sreabhadh airgid, leithdháilfidh an t-eintiteas na míreanna fálaithe ar fhoghrúpaí bunaithe ar an mbonnráta úis atá á fhálú agus ainmneoidh sé an bonnráta úis mar an riosca fálaithe le haghaidh gach foghrúpa. I ngaolmhaireacht fálaithe ina bhfálaítear grúpa míreanna le haghaidh athruithe ar thagarmharc ráta úis atá faoi réir athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, mar shampla, d’fhéadfaí sreabhadh airgid fálaithe nó luach cóir roinnt míreanna sa ghrúpa a athrú chun tagairt a dhéanamh do thagarmharc ráta úis malartach sula n-athraítear míreanna eile sa ghrúpa. Sa sampla sin, d’ainmneodh an t-eintiteas an tagarmharc ráta úis malartach mar an riosca fálaithe le haghaidh an fhoghrúpa ábhartha sin de mhíreanna fálaithe agus mír 102P á cur i bhfeidhm aige. Leanfadh an t-eintiteas d’ainmniú an tagarmhairc ráta úis atá ann cheana mar an riosca fálaithe le haghaidh an fhoghrúpa eile de mhíreanna fálaithe go dtí go n-athrófar sreabhadh airgid fálaithe nó luach cóir na míreanna sin chun tagairt a dhéanamh don tagarmharc ráta úis malartach nó go dtí go rachaidh na míreanna in éag agus go gcuirfear ina n-ionad míreanna fálaithe a dhéanann tagairt don tagarmharc ráta úis malartach.

    102Z

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar leithligh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann foghrúpa na ceanglais i míreanna 78 agus 83 chun bheith ina mhír fálaithe incháilithe. Má theipeann ar aon fhoghrúpa na ceanglais i míreanna 78 agus 83 a chomhlíonadh, scoirfidh an t-eintiteas go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe ina hiomláine. Cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 89 nó 96 i bhfeidhm freisin chun cuntas a choinneáil ar neamhéifeachtacht a bhaineann leis an ngaolmhaireacht fálaithe ina hiomláine.

    Míreanna airgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe

    102Z1

    Bonnráta úis malartach a ainmnítear mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach nach bhfuil inaitheanta ar leithligh (féach míreanna 81 agus AG99F) ar an dáta a ainmnítear é, measfar gur chomhlíon sé an ceanglas sin ar an dáta sin más amhlaidh, agus sa chás amháin gurb amhlaidh, go bhfuil coinne réasúnta ag an eintiteas leis go mbeidh an bonnráta úis malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí. Tá feidhm ar leithligh ag an tréimhse 24 mhí maidir le gach bonnráta úis malartach agus tosaíonn sí ón dáta a ainmníonn an t-eintiteas, den chéad uair, an bonnráta úis malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach (i.e. tá feidhm ag an tréimhse 24 mhí ar bhonn ráta ar ráta).

    102Z2

    Má tá coinne réasúnta ag eintiteas leis, ina dhiaidh sin, nach mbeidh an bonnráta úis malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí ón dáta a d'ainmnigh an t-eintiteas den chéad uair é mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach, scoirfidh an t-eintiteas den cheanglas i mír 102Z1 a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonnráta úis malartach sin agus scoirfidh sé go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe ón dáta a rinneadh an t-athmheasúnú sin ar na gaolmhaireachtaí fálaithe uile inar ainmníodh an bonnráta úis malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

    102Z3

    I dteannta na ngaolmhaireachtaí fálaithe sin a shonraítear i mír 102P, cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 102Z1 agus 102Z2 i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe nua ina n-ainmnítear bonnráta úis malartach mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach (féach míreanna 81 agus AG99F) nuair nach mbeidh an chuid riosca sin inaitheanta ar leithligh ar an dáta a ainmneofar í de thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    103

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo (lena n-áirítear na leasuithe arna n-eisiúint i mí an Mhárta 2004) i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfidh eintiteas an caighdeán seo (lena n-áirítear na leasuithe arna n-eisiúint i mí an Mhárta 2004) i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús dáta roimh an 1 Eanáir 2005 mura gcuireann sé IAS 32 (arna eisiúint i mí na Nollag 2003) i bhfeidhm freisin. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    103A

    [Scriosta]

    103B

    [Scriosta]

    103C

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh leis míreanna 95(a), 97, 98, 100, 102, 108 agus AG99B. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    103D

    [Scriosta]

    103E

    Leasaíodh mír 102 le IAS 27 (arna leasú in 2008). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    103F

    [Scriosta]

    103G

    Cuirfidh eintiteas míreanna AG99BA, AG99E, AG99F, AG110A agus AG110B i bhfeidhm go cúlghabhálach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh, i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas Míreanna Fálaithe Incháilithe (Leasú ar IAS 39) i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí dar tús dáta roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin.

    103H–103J

    [Scriosta]

    103K

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh míreanna 2(g), 97 agus 100. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar na míreanna sin i bhfeidhm go hionchasach maidir leis na conarthaí uile nach bhfuil dulta in éag le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    103L–103P

    [Scriosta]

    103Q

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 9, 13, 28, 47, 88, AG46, AG52, AG64, AG76, AG76A, AG80, AG81 agus AG96, cuireadh mír 43A leis agus scriosadh míreanna 48–49, AG69–AG75, AG77–AG79 agus AG82. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    103R

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 2 agus 80. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe uile a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    103S

    [Scriosta]

    103T

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh míreanna 2, 9, 43, 47, 55, AG2, AG4 agus AG48 agus cuireadh míreanna 2A, 44A, 55A agus AG8A–AG8C leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    103U

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 2, 8, 9, 71, 88–90, 96, AG95, AG114, AG118 agus na ceannteidil os cionn AG133 agus scriosadh míreanna 1, 4–7, 10–70, 103B, 103D, 103F, 103H–103J, 103L–103P, 103S, 105–107A, 108E–108F, AG1–AG93 agus AG96. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    103V

    [Cuireadh an mhír seo isteach le haghaidh eintitis nár ghlac IFRS 9.].

    104

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach seachas mar a shonraítear i mír 108. Déanfar iarmhéid tosaigh tuillimh choimeádta le haghaidh na réamhthréimhse is luaithe a chuirtear i láthair agus gach méid comparáideach eile a choigeartú amhail is dá mbeadh an Caighdeán seo i gcónaí in úsáid mura mbeadh sé dofheidhmithe an fhaisnéis a athshonrú. Má tá an t-athshonrú dofheidhmithe, nochtfaidh eintiteas an méid sin agus léireoidh sé a mhéid a athshonraíodh an fhaisnéis.

    105–107A

    [Scriosta]

    108

    Gnóthachain agus caillteanais a bhaineann le fáluithe ar an sreabhadh airgid a áiríodh i suim ghlanluacha sócmhainní neamhairgeadais agus dliteanas neamhairgeadais roimh thús na bliana airgeadais ina gcuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, ní choigeartóidh eintiteas an tsuim ghlanluacha sin chun na gnóthachain agus na caillteanais sin a eisiamh. Ag tús na tréimhse airgeadais ina gcuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, aon mhéid a aithnítear lasmuigh de bhrabús nó de chaillteanas (in ioncam cuimsitheach eile nó go díreach i gcothromas) le haghaidh fálú ar cheangaltas daingean ar a gcoinneofaí cuntas mar fhálú cóirluacha faoin gCaighdeán seo, athaicmeofar mar shócmhainn nó mar dhliteanas é, seachas i gcás fálaithe ar riosca malairte eachtraí a leantar de bheith ag caitheamh leis mar fhálú ar an sreabhadh airgid.

    108A

    Cuirfidh eintiteas an abairt deiridh de mhír 80 agus míreanna AG99A agus AG99B i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má d’ainmnigh eintiteas idirbheart réamhaisnéise seachtrach mar an mhír fhálaithe agus:

    (a)

    má tá an t-idirbheart sin ainmnithe in airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann é;

    (b)

    má eascraíonn neamhchosaint as an idirbheart sin a mbeidh iarmhairt aici ar bhrabús nó ar chaillteanas comhdhlúite (i.e ainmnítear in airgeadra seachas airgeadra tuairiscithe an ghrúpa é); agus

    (c)

    dá gcáileodh sé don chuntasaíocht fálaithe murach gur ainmníodh é in airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann é;

    féadfaidh sé cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm sna ráitis airgeadais chomhdhlúite sa tréimhse (sna tréimhsí) roimh dháta chur i bhfeidhm abairt deiridh mhír 80, agus roimh dháta chur i bhfeidhm mhíreanna AG99A agus AG99B.

    108B

    Ní gá d’eintiteas mír AG99B a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis chomparáideach a bhaineann le tréimhsí roimh dháta chur i bhfeidhm abairt deiridh mhír 80 agus roimh dháta chur i bhfeidhm mhír AG99A.

    108C

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh míreanna 73 agus AG8. Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 80. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear na leasuithe uile a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    108D

    Le Nuachan Díorthach agus Leanúint de Chuntasaíocht Fálaithe (Leasuithe ar IAS 39), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2013, leasaíodh míreanna 91 agus 101 agus cuireadh míreanna AG113A leis. Cuirfidh eintiteas na míreanna sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    108E–108F

    [Scriosta]

    108G

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2019, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39 agus IFRS 7, cuireadh míreanna 102A–102N leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe sin a bhí ann ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair nó ar ina diaidh a ainmníodh iad, agus maidir leis na ngnóthachan nó leis an gcaillteanas a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a bhí ann ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair.

    108H

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, arna n-eisiúint i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 102O–102Z3 agus 108I–108K leis, agus leasaíodh mír 102M. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 108I–108K.

    108I

    Ní dhéanfaidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe nua (mar shampla, mar a shonraítear i mír 102Z3) a ainmniú ach go hionchasach (i.e. tá toirmisc ar eintiteas ó bheith ag ainmniú gaolmhaireacht fálaithe nua i réamhthréimhsí). Déanfaidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe ar scoradh di a athbhunú, áfach, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    scoir an t-eintiteas den ghaolmhaireacht fálaithe sin mar gheall ar athruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis agus mar gheall orthu sin amháin, agus níorbh amhlaidh go n-éileofaí ar an eintiteas scor den ghaolmhaireacht fálaithe sin dá mbeadh na leasuithe sin i bhfeidhm an tráth sin; agus

    (b)

    ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin), comhlíonann an ghaolmhaireacht fálaithe sin ar scoradh di na critéir cháilitheacha le haghaidh cuntasaíocht fálaithe (tar éis na leasuithe sin a chur san áireamh).

    108J

    Agus mír 108I á cur i bhfeidhm aige, má athbhunaíonn eintiteas gaolmhaireacht fálaithe ar scoradh di, is mar thagairtí do dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin a léifidh sé tagairtí i míreanna 102Z1 agus 102Z2 don dáta a ainmnítear an bonnráta úis malartach den chéad uair mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach (i.e. is ó dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin a thosaíonn an tréimhse 24 mhí le haghaidh an bhonnráta úis mhalartaigh sin a ainmnítear mar chuid riosca a shonraítear go neamhchonarthach).

    108K

    Ní éilítear ar eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

    FÓGAIRTÍ EILE A THARRAINGT SIAR

    109

    Cuirtear an caighdeán seo in ionad IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas arna athbhreithniú i mí Dheireadh Fómhair 2000.

    110

    Cuirtear an caighdeán seo agus an Treoraíocht maidir le Cur Chun Feidhme a ghabhann leis in ionad na Treoraíochta maidir le Cur Chun Feidhme a d’eisigh Coiste Treoraíochta IAS 39 maidir le Cur Chun Feidhme, arna bhunú ag an iar-Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IASC).

    Aguisín A

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den chaighdeán í an fhoscríbhinn seo.

    AG1–AG93

    [Scriosta]

    FÁLÚ (míreanna 71-102)

    Ionstraimí fálaithe (míreanna 72-77)

    Ionstraimí cáilitheacha (míreanna 72 agus 73)

    AG94

    An caillteanas féideartha ar chéadrogha a gheallann eintiteas, d’fhéadfadh sé a bheith níos mó go suntasach ná an gnóthachan féideartha ar luach míre fálaithe gaolmhaire. I bhfocail eile, níl céadrogha gheallta éifeachtach chun neamhchosaint míre fálaithe ar bhrabús nó ar chaillteanas a laghdú. Dá bhrí sin, ní cháilíonn céadrogha gheallta mar ionstraim fálaithe ach amháin má ainmnítear í mar fhritháireamh in aghaidh céadrogha ar cheannach, lena n-áirítear ceann atá leabaithe in ionstraim airgeadais eile (céadrogha gheallta ar cheannach a úsáidtear chun dliteanas inghlaoite a fhálú, mar shampla). Os a choinne sin, tá gnóthachain fhéideartha ag céadrogha cheannaithe atá níos mó ná na caillteanais nó cothrom leo agus a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, an neamhchosaint ar bhrabús nó ar chaillteanas de dheasca athruithe ar luachanna córa nó ar shreafaí airgid a laghdú. Dá réir sin, féadann sé cáiliú mar ionstraim fálaithe.

    AG95

    Féadfar sócmhainn airgeadais a thomhaistear ar costas amúchta a ainmniú mar ionstraim fálaithe i bhfálú ar riosca malairte eachtraí.

    AG96

    [Scriosta]

    AG97

    Ní sócmhainní airgeadais ná dliteanais airgeadais de chuid an eintitis iad ionstraimí cothromais dílse eintitis agus ní féidir iad a ainmniú, dá bhrí sin, mar ionstraimí fálaithe.

    Míreanna fálaithe (míreanna 78-84)

    Míreanna cáilitheacha (míreanna 78-80)

    AG98

    Ceangaltas daingean chun gnólacht a fháil i gcomhcheangal gnó, ní féidir leis a bheith ina mhír fhálaithe, seachas i gcás riosca malairte eachtraí, toisc nach féidir na rioscaí eile atá á bhfálú a shainaithint go sonrach agus a thomhas. Is rioscaí ginearálta gnó iad na rioscaí eile sin.

    AG99

    Ní féidir infheistíocht de réir mhodh an chothromais a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú cóirluacha toisc go n-aithnítear le modh an chothromais, i mbrabús nó i gcaillteanas, sciar an infheisteora de bhrabús nó de chaillteanas an ghnólachta chomhlachaithe seachas athruithe ar luach cóir na hinfheistíochta. Ar chúis chomhchosúil, ní féidir infheistíocht i bhfochuideachta chomhdhlúite a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú cóirluacha toisc go n-aithnítear le comhdhlúthú, i mbrabús nó i gcaillteanas, brabús nó caillteanas na fochuideachta seachas athruithe ar luach cóir na hinfheistíochta. Is rud difriúil é fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach toisc gur fálú ar neamhchosaint airgeadra eachtraigh é seachas fálú luacha chóir ar an athrú ar luach na hinfheistíochta.

    AG99A

    An riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa thar a bheith dóchúil, luaitear i mír 80 go bhféadfaidh sé cáiliú mar fhálú ar an sreabhadh airgid i ráitis airgeadais chomhdhlúite ar choinníoll go n-ainmnítear an t-idirbheart in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann an t-idirbheart sin agus go ndéanfaidh an riosca malairte eachtraí difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite. Chun na críche sin, féadann eintiteas a bheith ina mháthairchuideachta, ina fhochuideachta, ina chomhlach, ina chomhfhiontar nó ina bhrainse. Mura ndéanann an riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite, ní fhéadann an t-idirbheart inghrúpa cáiliú mar mhír fhálaithe. Is amhlaidh sin de ghnáth i gcás íocaíochtaí ríchíosa, íocaíochtaí úis nó muirear bainistíochta idir comhaltaí den ghrúpa céanna ach amháin má tá idirbheart seachtrach gaolmhar ann. Nuair a dhéanfaidh an riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite, áfach, féadann an t-idirbheart inghrúpa cáiliú mar mhír fhálaithe. Sampla de sin is ea díolacháin nó ceannaigh réamhaisnéise fardal idir comhaltaí den ghrúpa céanna má dhíoltar an fardal ar aghaidh chuig páirtí atá seachtrach don ghrúpa. Ar an gcuma chéanna, díolachán inghrúpa réamhaisnéise de ghléasra agus trealamh ón ngrúpeintiteas a mhonaraigh é go dtí grúpeintiteas a úsáidfidh an gléasra agus trealamh sin ina oibríochtaí, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, toisc go ndéanfaidh an t-eintiteas ceannaigh an gléasra agus trealamh a dhímheas agus toisc go bhféadfadh an méid a aithníodh ar dtús le haghaidh an ghléasra agus an trealaimh a athrú má ainmnítear an t-idirbheart inghrúpa réamhaisnéise in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis ceannaigh é.

    AG99B

    Má cháilíonn fálú ar idirbheart inghrúpa réamhaisnéise don chuntasaíocht fálaithe, déanfar aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 95(a) a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann riosca malairte eachtraí an idirbhirt fhálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite.

    AG99BA

    Féadann eintiteas gach athrú ar shreafaí airgid nó ar luach cóir míre fálaithe a ainmniú i ngaolmhaireacht fálaithe. Féadann eintiteas freisin gan ach athruithe ar shreafaí airgid nó ar luach cóir míre fálaithe os cionn praghas sonrach nó faoina bhun, nó os cionn athróg eile nó faoina bun, a ainmniú (riosca aontaobhach). Tá luach intreach ionstraime fálaithe céadrogha ceannaithe (á ghlacadh leis go bhfuil na téarmaí príomhshuime céanna aici agus atá ag an riosca ainmnithe) ina léiriú ar riosca aontaobhach i mír fhálaithe, ach ní léiriú air sin é a hamluach. Féadann eintiteas an inathraitheacht ar thorthaí sreabhaidh airgid todhchaí a leanann as méadú praghais ar cheannach tráchtearra réamhaisnéise a ainmniú, mar shampla. I gcás den sórt sin, ní ainmnítear ach caillteanais sreabhaidh airgid a leanann as méadú ar an bpraghas os cionn an leibhéil shonraithe. Ní áirítear amluach céadrogha ceannaithe sa riosca fálaithe toisc nach comhpháirt den idirbheart réamhaisnéise a dhéanann difear do bhrabús nó do chaillteanas é an t-amluach (mír 86(b)).

    Míreanna airgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe (míreanna 81 agus 81A)

    AG99C

    Féadfaidh an t-eintiteas sreafaí airgid uile na sócmhainne airgeadais ina hiomláine nó an dliteanais airgeadais ina iomláine a ainmniú mar an mhír fhálaithe agus gan iad a fhálú ach le haghaidh riosca amháin ar leith (e.g. gan ach le haghaidh athruithe atá inchurtha i leith athruithe ar LIBOR). I gcás dliteanais airgeadais a bhfuil a ghlanráta úis 100 bonnphointe faoi bhun LIBOR, mar shampla, féadann eintiteas an dliteanas iomlán a ainmniú mar an mhír fhálaithe (i.e. príomhshuim móide ús ag LIBOR lúide 100 bonnphointe) agus an t-athrú ar luach cóir nó ar shreafaí airgid an dliteanais sin ina iomláine atá inchurtha i leith athruithe ar LIBOR a fhálú. Féadfaidh an t-eintiteas cóimheas fálaithe a roghnú freisin nach cóimheas ceann ar cheann é chun feabhas a chur ar éifeachtacht an fhálaithe mar a thuairiscítear i mír AG100.

    AG99D

    Ina theannta sin, má dhéantar ionstraim airgeadais ar ráta seasta úis a fhálú tráth éigin i ndiaidh a tionscnaimh agus má tháinig athrú ar rátaí úis idir an dá linn, féadann an t-eintiteas cuid atá cothrom leis an mbonnráta úis a ainmniú […]. Glac leis go dtionscnaíonn eintiteas sócmhainn airgeadais AA100 ar ráta seasta úis, arb é a glanráta úis 6 faoin gcéad, tráth atá LIBOR ag 4 faoin gcéad. Tosaíonn sé ar an tsócmhainn sin a fhálú tráth éigin níos déanaí nuair a bheidh LIBOR méadaithe go 8 faoin gcéad agus luach cóir na sócmhainne laghdaithe go AA90. Ríomhann an t-eintiteas gur 9,5 faoin gcéad a bheadh sa toradh éifeachtach dá mba rud é gur cheannaigh sé an tsócmhainn ar an dáta a d’ainmnigh sé í, den chéad uair, mar an mhír fhálaithe le haghaidh an luacha chóir AA90 a bhí uirthi an tráth sin. […]. Féadann an t-eintiteas cuid LIBOR 8 faoin gcéad a ainmniú, arb é atá inti go páirteach na sreafaí airgid úis conarthacha agus an difríocht idir an luach cóir reatha (i.e. AA90) agus an méid atá in-aisíoctha ar aibíocht (i.e. AA100).

    AG99E

    Le mír 81 ceadaítear d’eintiteas rud éigin seachas an t-athrú iomlán ar luach cóir nó an inathraitheacht ar shreabhadh airgid ionstraime airgeadais a ainmniú. Mar shampla:

    (a)

    féadfar na sreafaí airgid uile atá ag ionstraim airgeadais a ainmniú le haghaidh athruithe ar shreabhadh airgid nó luach cóir atá inchurtha i leith roinnt rioscaí (ach ní gach riosca); nó

    (b)

    féadfar roinnt sreafaí airgid (ach ní gach sreabhadh airgid) de chuid ionstraime airgeadais a ainmniú le haghaidh athruithe ar shreabhadh airgid nó luach cóir atá inchurtha i leith na rioscaí uile nó gan ach i leith roinnt díobh (i.e. féadfar ‘cuid’ de shreafaí airgid na hionstraime airgeadais a ainmniú le haghaidh athruithe atá inchurtha i leith na rioscaí uile nó gan ach i leith roinnt díobh).

    AG99F

    Chun go gcáileoidh siad don chuntasaíocht fálaithe, ní mór na rioscaí agus codanna ainmnithe a bheith ina gcomhpháirteanna inaitheanta ar leithligh den ionstraim airgeadais, agus ní mór athruithe ar shreafaí airgid nó luach cóir na hionstraime airgeadais ina hiomláine a eascraíonn as athruithe ar na rioscaí agus codanna ainmnithe a bheith intomhaiste go hiontaofa. Mar shampla:

    (a)

    i gcás ionstraime airgeadais ar ráta seasta úis a fhálaítear le haghaidh athruithe ar luach cóir atá inchurtha i leith athruithe ar ráta úis saor ó riosca nó ar ráta úis tagarmhairc, breathnaítear de ghnáth ar an ráta úis saor ó riosca nó ar an ráta úis tagarmhairc mar chomhpháirt inaitheanta ar leithligh den ionstraim airgeadais agus mar chomhpháirt atá intomhaiste go hiontaofa araon;

    (b)

    níl boilsciú inaitheanta ar leithligh ná intomhaiste go hiontaofa agus ní féidir é a ainmniú mar riosca ná mar chuid d’ionstraim airgeadais ach amháin má chomhlíontar na ceanglais in (c);

    (c)

    cuid boilscithe, a shonraítear go conarthach, de shreafaí airgid banna aitheanta atá nasctha le boilsciú (á ghlacadh leis nach bhfuil aon cheanglas ann cuntas ar leithligh a choinneáil ar dhíorthach leabaithe), tá sí inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa fad is nach ndéanann an chuid boilscithe difear do shreafaí airgid eile na hionstraime.

    Míreanna neamhairgeadais a ainmniú mar mhíreanna fálaithe (míreanna 82)

    AG100

    Athruithe ar phraghas comhábhair nó comhpháirte de shócmhainn neamhairgeadais nó de dhliteanas neamhairgeadais, ní bhíonn iarmhairt acu sin go ginearálta ar phraghas na míre atá inchomparáide leis an iarmhairt atá ag athrú ar rátaí úis an mhargaidh ar phraghas banna, abair. Dá réir sin, mír fhálaithe atá i sócmhainn neamhairgeadais nó i ndliteanas neamhairgeadais ina hiomláine nó ina iomláine amháin, nó le haghaidh riosca malairte eachtraí amháin. Má tá difríocht idir téarmaí na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe (amhail i gcás fálaithe ar cheannach réamhaisnéise chaife na Brasaíle ag úsáid conradh réamhcheaptha chun caife na Colóime a cheannach ar théarmaí atá comhchosúil ar gach bealach eile), féadann an ghaolmhaireacht fálaithe cáiliú mar ghaolmhaireacht fálaithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile i mír 88, lena n-áirítear go bhfuil coinne leis go mbeidh an fálú thar a bheith éifeachtach. Chun na críche sin, féadfaidh méid na hionstraime fálaithe a bheith níos mó nó níos lú ná méid na míre fálaithe má chuireann sin feabhas ar éifeachtacht na gaolmhaireachta fálaithe. D’fhéadfaí anailís chúlchéimnithe a dhéanamh chun gaolmhaireacht staidrimh idir an mhír fhálaithe (e.g. idirbheart i gcaife na Brasaíle) agus an ionstraim fálaithe (e.g. idirbheart i gcaife na Colóime) a shuíomh, mar shampla. Má tá gaolmhaireacht staidrimh bhailí idir an dá athróg sin (i.e. idir praghsanna aonaid chaife na Brasaíle agus chaife na Colóime), is féidir claonadh na líne cúlchéimnithe a úsáid chun a shuíomh cén cóimheas fálaithe a uasmhéadóidh an éifeachtacht lena bhfuil coinne. Más é 1,02 claonadh na líne cúlchéimnithe, mar shampla, is cóimheas fálaithe atá bunaithe ar chainníocht 0,98 de mhíreanna fálaithe in aghaidh chainníocht 1,00 den ionstraim fálaithe a uasmhéadaíonn an éifeachtacht lena bhfuil coinne. D’fhéadfadh neamhéifeachtacht a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas leanúint as an ngaolmhaireacht fálaithe le linn théarma na gaolmhaireachta fálaithe, áfach.

    Grúpaí míreanna a ainmniú mar mhíreanna fálaithe (míreanna 83 agus 84)

    AG101

    Fálú ar shuíomh glan foriomlán (e.g. glanmhéid gach sócmhainne ar ráta seasta úis agus gach dliteanais ar ráta seasta úis a bhfuil aibíochtaí comhchosúla acu), seachas fálú ar mhír fhálaithe shonrach, ní cháilíonn sé don chuntasaíocht fálaithe. Is féidir an iarmhairt chéanna, beagnach, atá ag an gcuntasaíocht fálaithe ar bhrabús nó ar chaillteanas a bhaint amach le haghaidh an chineáil sin gaolmhaireachta fálaithe, áfach, ach cuid de na míreanna foluiteacha a ainmniú mar an mhír fhálaithe. Má tá AA100 de shócmhainní agus AA90 de dhliteanais ag banc a bhfuil a rioscaí agus a dtéarmaí de chineál comhchosúil agus má fhálaíonn sé an ghlan-neamhchosaint AA10, féadann sé AA10 de na sócmhainní sin a ainmniú mar an mhír fhálaithe. Is féidir an t-ainmniú sin a úsáid más ionstraimí ar ráta seasta úis iad sócmhainní agus dliteanais den sórt sin, ar fálú cóirluacha é sa chás sin, nó más ionstraimí ar ráta comhlúthach iad, ar fálú ar an sreabhadh airgid é sa chás sin. Ar an gcuma chéanna, má tá eintiteas faoi cheangaltas daingean ceannach AA100 a dhéanamh in airgeadra eachtrach agus faoi cheangaltas daingean díolachán AA90 a dhéanamh san airgeadra eachtrach, féadann sé an glanmhéid AA10 a fhálú trí dhíorthach a fháil agus a ainmniú mar ionstraim fálaithe atá bainteach le AA10 den cheangaltas daingean ceannaigh AA100.

    Cuntasaíocht fálaithe (míreanna 85-102)

    AG102

    Sampla d’fhálú cóirluacha is ea fálú ar neamhchosaint ar athruithe ar luach cóir ionstraime fiachais ar ráta seasta úis a leanann as athruithe ar rátaí úis. D’fhéadfadh an t-eisitheoir nó an sealbhóir fálú den sórt sin a dhéanamh.

    AG103

    Sampla d’fhálú ar an sreabhadh airgid is ea babhtáil a úsáid chun fiachas ar ráta comhlúthach a athrú ina fhiachas ar ráta seasta úis (i.e. fálú ar idirbheart amach anseo inarb iad na híocaíochtaí úis todhchaí na sreafaí airgid todhchaí atá á bhfálú).

    AG104

    Fálú ar cheangaltas daingean (e.g. fálú ar an athrú ar phraghas an bhreosla a bhaineann le ceangaltas conarthach neamhaitheanta ag fóntas leictreach chun breosla a cheannach ar phraghas seasta), is fálú é ar neamhchosaint ar athrú ar luach cóir. Dá réir sin, is fálú luacha chóir é fálú den sórt sin. Faoi mhír 87, áfach, is mar fhálú ar an sreabhadh airgid a d’fhéadfaí, mar rogha mhalartach, cuntas a choinneáil ar fhálú ar riosca malairte eachtraí ceangaltais dhaingin.

    Measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fálaithe

    AG105

    Breathnaítear ar fhálú mar fhálú thar a bheith éifeachtach má chomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    Ar thionscnamh an fhálaithe agus i dtréimhsí ina dhiaidh sin, tá coinne leis go mbeidh an fálú thar a bheith éifeachtach chun athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe a fhritháireamh le linn na tréimhse dá bhfuil an fálú ainmnithe. Is féidir coinne den sórt sin a léiriú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear athruithe san am atá thart ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na míre fálaithe atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe a chur i gcomparáid le hathruithe san am atá thart ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na hionstraime fálaithe, nó trí chomhghaol ard staidrimh idir luach cóir nó sreafaí airgid na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe a léiriú. Féadfaidh an t-eintiteas cóimheas fálaithe a roghnú nach cóimheas ceann ar cheann é chun feabhas a chur ar éifeachtacht an fhálaithe mar a thuairiscítear i mír AG100.

    (b)

    Tá torthaí iarbhír an fhálaithe laistigh de raon 80-125 faoin gcéad. Má tá na torthaí iarbhír i riocht agus go bhfuil AA120 de chaillteanas ar an ionstraim fálaithe agus AA100 de ghnóthachan ar an ionstraim airgid ann, mar shampla, is féidir an fritháireamh a thomhas mar 120/100, arb ionann é agus 120 faoin gcéad, nó mar 100/120, arb ionann é agus 83 faoin gcéad. Sa sampla sin, á ghlacadh leis go gcomhlíonann an fálú an coinníoll in (a), thiocfadh an t-eintiteas ar an gconclúid go raibh an fálú thar a bheith éifeachtach.

    AG106

    Déantar measúnú ar éifeachtacht tráth a ullmhaíonn eintiteas a ráitis airgeadais bhliantúla nó eatramhacha ar a laghad.

    AG107

    Ní shonraítear leis an gcaighdeán seo modh aonair chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fálaithe. An modh a ghlacann eintiteas chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fálaithe, braitheann sé ar an straitéis um bainistiú riosca atá aige. Más é an straitéis um bainistiú riosca atá ag an eintiteas é méid na hionstraime fálaithe a choigeartú go tréimhsiúil chun athruithe ar an suíomh fálaithe a léiriú, mar shampla, is gá don eintiteas a léiriú go bhfuil coinne leis go mbeidh an fálú thar a bheith éifeachtach le haghaidh na tréimhse sula gcoigeartófar méid na hionstraime fálaithe an chéad uair eile agus lena haghaidh sin amháin. I roinnt cásanna, glacann eintiteas modhanna éagsúla le haghaidh cineálacha éagsúla fáluithe. Áirítear sa doiciméadacht atá ag eintiteas maidir lena straitéis fálaithe na nósanna imeachta atá aige chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht. Sna nósanna imeachta sin luaitear an bhfuil iomlán an ghnóthachain nó an chaillteanais ar ionstraim fálaithe san áireamh sa mheasúnú nó an bhfuil amluach na hionstraime as an áireamh ann.

    AG107A

    […].

    AG108

    Na hathruithe ar luach cóir agus ar shreafaí airgid atá inchurtha i leith an riosca atá á fhálú, d’fhéadfadh sé a bheith dóchúil go bhfritháireoidh na hathruithe sin a chéile go hiomlán nuair atá an fálú á dhéanamh agus ina dhiaidh, araon, más ionann téarmaí príomhshuime na hionstraime fálaithe agus téarmaí príomhshuime na sócmhainne, an dliteanais, an cheangaltais dhaingin nó an idirbhirt réamhaisnéise thar a bheith dóchúil a fhálaítear. Is dóchúil go mbeidh babhtáil ráta úis ina fálú éifeachtach, mar shampla, más mar an gcéanna i gcás na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe iad na méideanna ainmniúla agus na príomhshuimeanna, an téarma, na dátaí athphraghsála, na dátaí a fhaightear agus a íoctar ús agus an phríomhshuim, agus an bonn ar a dtomhaistear rátaí úis. Ina theannta sin, is dóchúil gur thar a bheith éifeachtach a bheidh fálú ar cheannach tráchtearra réamhaisnéise thar a bheith dóchúil a bhfuil conradh réamhcheaptha an lena aghaidh más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    is le haghaidh an chainníocht chéanna den tráchtearra céanna a cheannach an tráth céanna agus san áit chéanna a ndéantar an ceannach réamhaisnéise fálaithe atá an conradh réamhcheaptha;

    (b)

    is é nialas luach cóir an chonartha réamhcheaptha tráth tionscnaimh; agus

    (c)

    déantar an t-athrú ar an lascaine nó ar an bpréimh ar an gconradh réamhcheaptha a eisiamh ón measúnú ar éifeachtacht agus a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas nó déantar an t-athrú ar shreafaí airgid a bhfuil coinne leo ón idirbheart réamhaisnéise thar a bheith dóchúil a bhunú ar an réamhphraghas le haghaidh an tráchtearra.

    AG109

    Uaireanta, ní fhritháiríonn an ionstraim fálaithe ach cuid den riosca fálaithe. Ní bheadh fálú go hiomlán éifeachtach, mar shampla, má ainmnítear an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe in airgeadraí éagsúla nach ngluaiseann i dteannta a chéile. Chomh maith leis sin, ní bheadh fálú ar riosca an ráta úis a úsáideann díorthach go hiomlán éifeachtach má tá cuid den athrú ar luach cóir an díorthaigh inchurtha i leith riosca creidmheasa an chontrapháirtí.

    AG110

    Chun go gcáileoidh fálú don chuntasaíocht fálaithe, ní mór dó a bheith bainteach le riosca a shainaithnítear go sonrach agus a ainmnítear, seachas le rioscaí ginearálta gnó an eintitis agus leo sin amháin, agus ní mór dó difear a dhéanamh ar deireadh do bhrabús nó do chaillteanas an eintitis. Ní rud é a cháilíonn don chuntasaíocht fálaithe é fálú ar an riosca go rachaidh sócmhainn fhisiciúil chun dífheidhmeachta ná an riosca go ndíshealbhóidh rialtas réadmhaoin; ní féidir éifeachtacht a thomhas toisc nach dtomhaistear na rioscaí sin go hiontaofa.

    AG110A

    Le mír 74(a) ceadaítear d’eintiteas luach intreach agus amluach conartha céadrogha a scaradh ó chéile agus gan ach an t-athrú ar luach intreach an chonartha céadrogha a ainmniú mar an ionstraim fálaithe. D’fhéadfadh sé go mbeidh mar thoradh ar ainmniú den sórt sin gaolmhaireacht fálaithe atá go hiomlán éifeachtach chun fritháireamh a dhéanamh ar athruithe ar shreafaí airgid atá inchurtha i leith riosca aontaobhaigh fhálaithe idirbhirt réamhaisnéise, más mar an gcéanna iad téarmaí príomhshuime an idirbhirt réamhaisnéise agus na hionstraime fálaithe.

    AG110B

    Má dhéanann eintiteas céadrogha cheannaithe ina hiomláine a ainmniú mar an ionstraim fálaithe le haghaidh riosca aontaobhach a eascraíonn as idirbheart réamhaisnéise, ní bheidh an ghaolmhaireacht fálaithe go hiomlán éifeachtach. Is amhlaidh sin toisc go n-áirítear amluach sa phréimh a íoctar le haghaidh na céadrogha agus, mar a luaitear i mír AG99BA, ní áirítear amluach céadrogha i riosca aontaobhach ainmnithe. Dá bhrí sin, sa chás sin, ní bheidh aon fhritháireamh ann idir na sreafaí airgid a bhaineann le hamluach na préimhe céadrogha a íoctar agus an riosca fálaithe a ainmnítear.

    AG111

    I gcás riosca an ráta úis, féadfar measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fálaithe ach sceideal aibíochta le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a ullmhú lena léirítear an ghlan-neamhchosaint ráta úis le haghaidh gach tréimhse ama, ar choinníoll go bhfuil an ghlan-neamhchosaint bainteach le sócmhainn shonrach nó dliteanas sonrach (nó le grúpa sonrach sócmhainní nó dliteanas nó le cuid shonrach díobh) as a n-eascraíonn an ghlan-neamhchosaint, agus go ndéanfar measúnú ar éifeachtacht fálaithe in aghaidh na sócmhainne nó an dliteanais sin.

    AG112

    Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht fálaithe, breithníonn eintiteas go ginearálta amluach airgid. Ní gá don ráta seasta úis ar mhír fhálaithe a bheith díreach mar an gcéanna leis an ráta seasta úis ar bhabhtáil a ainmnítear mar fhálú cóirluacha. Ní gá, ach an oiread, don ráta comhlúthach úis ar shócmhainn nó ar dhliteanas úsmhar a bheith díreach mar an gcéanna leis an ráta comhlúthach úis ar bhabhtáil a ainmnítear mar fhálú ar an sreabhadh airgid. Is óna glansocraíochtaí a dhíorthaítear luach cóir babhtála. Is féidir na rátaí seasta agus comhlúthacha ar bhabhtáil a athrú gan difear a dhéanamh don ghlansocraíocht má athraítear an dá cheann an méid céanna.

    AG113

    Mura gcomhlíonann eintiteas critéir éifeachtachta fálaithe, scoireann an t-eintiteas den chuntasaíocht fálaithe ón dáta deireanach a léiríodh comhlíontacht le héifeachtacht fálaithe. Má shainaithníonn eintiteas an teagmhas nó an t-athrú sna himthosca ba chúis leis an ngaolmhaireacht fálaithe a bheith ag teip ar na critéir éifeachtachta, agus má léiríonn sé go raibh an fálú éifeachtach sular tharla an teagmhas nó an t-athrú sna himthosca, scoireann an t-eintiteas den chuntasaíocht fálaithe ó dháta an teagmhais nó an athraithe sna imthosca.

    AG113A

    Chun amhras a sheachaint, is i dtomhas na hionstraime fálaithe agus, dá bhrí sin, sa mheasúnú ar éifeachtacht fálaithe agus sa tomhas ar éifeachtacht fálaithe a léireofar na hiarmhairtí a bhaineann le contrapháirtí imréitigh a chur in ionad an chontrapháirtí bunaidh agus leis na hathruithe bainteacha a dhéanamh mar a thuairiscítear i míreanna 91(a)(ii) agus 101(a)(ii).

    Cuntasaíocht fálaithe cóirluacha le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis

    AG114

    I gcás fálaithe cóirluacha ar riosca an ráta úis atá bainteach le punann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais, chomhlíonfadh eintiteas ceanglais an Chaighdeáin seo má chomhlíonann sé na nósanna imeachta a leagtar amach in (a)–(i) agus míreanna AG115–AG132 thíos.

    (a)

    Mar chuid dá phróiseas bainistithe riosca, sainaithníonn eintiteas punann míreanna ar mian leis a riosca ráta úis a fhálú. Féadfaidh sócmhainní amháin, dliteanais amháin, nó sócmhainní agus dliteanais araon a bheith sa phunann. Féadfaidh an t-eintiteas dhá cheann nó níos mó de phunanna a shainaithint, agus sa chás sin cuireann sé an treoraíocht thíos i bhfeidhm ar leithligh maidir le gach punann.

    (b)

    Déanann an t-eintiteas anailís ar an bpunann lena rangaítear i dtréimhsí ama athphraghsála í atá bunaithe ar dhátaí athphraghsála a bhfuil coinne leo seachas ar chinn chonarthacha. An anailís lena rangaítear an phunann i dtréimhsí ama athphraghsála, féadfar í a dhéanamh ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí shreafaí airgid a sceidealú sna tréimhsí ina bhfuil coinne leis go dtarlóidh siad, nó trí phríomhshuimeanna ainmniúla a sceidealú sna tréimhsí uile go dtí go dtarlóidh an tráth athphraghsála a bhfuil coinne leis.

    (c)

    Ar bhonn na hanailíse sin, déanann an t-eintiteas cinneadh maidir leis an méid is mian leis a fhálú. Méid (ach ní glanmhéid) sócmhainní nó dliteanas ón bpunann aitheanta atá cothrom leis an méid is mian leis a ainmniú a bheith fálaithe, sin é an méid a ainmníonn an t-eintiteas mar an mhír fhálaithe. […].

    (d)

    Ainmníonn an t-eintiteas riosca an ráta úis atá á fhálú aige. D’fhéadfadh an riosca sin a bheith ina sciar de riosca an ráta úis i ngach ceann de na míreanna sa staid fhálaithe, amhail ráta úis tagarmhairc (e.g. LIBOR).

    (e)

    Ainmníonn an t-eintiteas ionstraim fálaithe amháin nó níos mó le haghaidh gach tréimhse ama athphraghsála.

    (f)

    Ag úsáid na n-ainmniúchán arna ndéanamh in (c)-(e) thuas, déanann an t-eintiteas measúnú tráth an tionscanta agus i dtréimhsí dá éis, ar cé acu atá coinne leis go mbeidh an fálú fíor-éifeachtach le linn na tréimhse dá bhfuil an fálú ainmnithe.

    (g)

    Ar bhonn tréimhsiúil, tomhaiseann an t-eintiteas an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe (arna ainmniú in (c)) atá inchurtha i leith an riosca fálaithe (arna ainmniú in (d)), […]. Ar choinníoll go gcinntear iarbhír go raibh an fálú an-éifeachtach le linn measúnú a dhéanamh air ag úsáid mhodh doiciméadaithe an eintitis chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht, aithníonn an t-eintiteas an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe mar ghnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas agus i gceann de dhá mhír líne sa ráiteas maidir le staid airgeadais mar a thugtar tuairisc air i mír 89A. Ní gá an t-athrú ar an luach cóir a leithdháileadh ar shócmhainní nó ar dhliteanais aonair.

    (h)

    Tomhaiseann an t-eintiteas an t-athrú ar luach cóir na hionstraime fálaithe (arna ainmniú in (e)) agus aithníonn sé é mar ghnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas. Aithnítear luach cóir na hionstraime fálaithe mar shócmhainn nó dliteanas sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

    (i)

    Aithneofar aon neamhéifeachtacht (27) i mbrabús nó caillteanas mar an difríocht idir an t-athrú ar luach cóir dá dtagraítear in (g) agus é sin dá dtagraítear in (h).

    AG115

    Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an gcur chuige sin thíos. Ní chuirfear an cur chuige sin i bhfeidhm ach amháin maidir le fálú luacha chóir riosca an ráta úis atá bainteach le punann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais.

    AG116

    D’fhéadfadh sócmhainní agus dliteanais a bheith sa phunann atá sainaitheanta i mír AG114(a). Nó, d’fhéadfadh sé gur punann atá ann nach bhfuil ann ach sócmhainní, nó dliteanais amháin. Úsáidtear an phunann chun méid na sócmhainní nó na ndliteanas is mian leis an eintiteas a fhálú, a chinneadh. Ní ainmnítear an phunann í féin mar an mhír fhálaithe áfach.

    AG117

    Agus mír AG114(b) á cur i bhfeidhm, cinneann an t-eintiteas dáta athphraghsála míre a bhfuil coinne leis mar an dáta is túisce de na dátaí nuair atá coinne leis go rachaidh an mhír sin in aibíocht nó a dhéanfar í a athphraghsáil chuig rátaí an mhargaidh. Meastar na dátaí athphraghsála a bhfuil coinne leo ag tús an fhálaithe agus ar feadh téarma an fhálaithe, bunaithe ar thaithí stairiúil agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis agus ionchais maidir le rátaí réamhíocaíochta, rátaí úis agus an t-idirghníomhú eatarthu. Eintitis nach bhfuil aon taithí atá sonrach d’eintiteas acu nó nach bhfuil taithí leordhóthanach acu, baineann siad úsáid as taithí phiarghrúpa le haghaidh ionstraimí airgeadais inchomparáide. Déantar athbhreithniú tréimhsiúil ar na meastacháin sin agus tugtar cothrom le dáta iad i bhfianaise taithí. I gcás míre ar ráta seasta úis ar féidir í a réamhíoc, is ionann an dáta athphraghsála a bhfuil coinne leis agus an dáta a bhfuil coinne leis go réamhíocfar an mhír mura n-athphraghsálann sé chuig rátaí margaidh ar dháta níos luaithe. Le haghaidh grúpa míreanna comhchosúla, d’fhéadfadh an anailís ar thréimhsí ama bunaithe ar dhátaí athphraghsála a bhfuil coinne leo a bheith i bhfoirm céatadán den ghrúpa a leithdháileadh, seachas míreanna aonair, i dtaca le gach tréimhse ama. Féadfaidh eintiteas modheolaíochtaí eile a chur i bhfeidhm chun críoch leithdháilte den sórt sin. Féadfaidh sé úsáid a bhaint mar shampla as iolraitheoir ráta réamhíocaíochta chun iasachtaí amúchta a leithdháileadh ar thréimhsí ama bunaithe ar dhátaí athphraghsála a bhfuil coinne leo. Beidh an mhodheolaíocht le haghaidh leithdháileadh den sórt sin i gcomhréir le nósanna imeachta agus cuspóirí bainistíochta riosca an eintitis áfach.

    AG118

    Mar shampla den ainmniú a leagtar amach i mír AG114(c), má tá eintiteas i dtréimhse ama athphraghsála áirithe agus tugann sé meastachán go bhfuil sócmhainní ar ráta seasta úis de CU100 agus dliteanais ar ráta seasta úis de CU80 aige agus má chinneann sé gach cuid de ghlansuíomh CU20 a fhálú, ainmníonn sé mar an mhír fhálaithe sócmhainní i méid CU20 (sciar de na sócmhainní). Léirítear an t-ainmniú mar ‘mhéid airgeadra’ (e.g. méid dollar, euro, punt nó rand) seachas mar shócmhainní aonair. Leanann sé nach mór gach ceann de na sócmhainní (nó na dliteanais) óna dtarraingítear an méid fálaithe – i.e. gach ceann de CU100 sócmhainní sa sampla thuas – a bheith ina míreanna a n-athraíonn a luach cóir mar fhreagairt ar athruithe ar an ráta úis atá á fhálú […].

    AG119

    Comhlíonann an t-eintiteas na ceanglais eile maidir le hainmniú agus doiciméadacht a leagtar amach i mír 88(a). Le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis, sonraítear san ainmniú agus sa doiciméadacht seo an beartas atá ag an eintiteas le haghaidh gach ceann de na hathróga a úsáidtear chun an méid atá á fhálú a shainaithint agus conas a thomhaistear éifeachtacht, lena n-áirítear iad seo a leanas:

    (a)

    cé na sócmhainní agus dliteanais a áireofar san fhálú punainne agus an bunús a úsáidfear chun iad a bhaint den phunann;

    (b)

    conas a thugann an t-eintiteas meastachán ar dhátaí athphraghsála, lena n-áirítear cé na boinn tuisceana maidir le rátaí úis atá mar bhonn ag meastacháin maidir le rátaí réamhíocaíochta agus an bunús atá ann chun na meastacháin sin a athrú. Úsáidtear an modh céanna le haghaidh na meastachán tosaigh a rinneadh an tráth a áirítear sócmhainn nó dliteanas sa phunann fhálaithe agus le haghaidh aon athbhreithniú ar na meastacháin sin níos déanaí;

    (c)

    líon agus fad na dtréimhsí ama athphraghsála;

    (d)

    cé chomh minic a thástálfaidh an t-eintiteas éifeachtacht […];

    (e)

    an mhodheolaíocht a úsáidfidh an t-eintiteas chun méid na sócmhainní nó na ndliteanas atá ainmnithe mar an mhír fhálaithe a chinneadh […];

    (f)

    […], cé acu an dtástálfaidh an t-eintiteas éifeachtacht le haghaidh gach tréimhse ama athphraghsála go haonarach, le haghaidh gach tréimhse ama go comhiomlán, nó trí theaglaim éigin den dá cheann a úsáid.

    Beidh na beartais atá sonraithe maidir leis an ngaolmhaireacht fálaithe a ainmniú agus a dhoiciméadú i gcomhréir le nósanna imeachta agus cuspóirí an eintitis maidir le bainistíocht riosca. Ní dhéanfar athruithe ar bheartais ar bhonn treallach. Tabharfar bonn cirt dóibh ar bhonn athruithe ar dhálaí an mhargaidh agus fachtóirí eile agus beidh siad fothaithe ar nósanna imeachta agus cuspóirí an eintitis maidir le bainistíocht riosca agus beidh siad comhsheasmhach leis na nósanna imeachta agus leis na cuspóirí sin.

    AG120

    Féadfaidh sé gur díorthach aonair atá san ionstraim fálaithe dá dtagraítear i mír AG114(e) nó punann de dhíorthaigh ina bhfuil nochtadh do riosca an ráta úis fálaithe i ngach ceann díobh arna n-ainmniú i mír AG114(d) (e.g. punann de bhabhtálacha ráta úis ina bhfuil nochtadh do LIBOR i ngach ceann díobh). D’fhéadfadh suíomhanna riosca fritháirimh a bheidh i bpunann díorthach den sórt sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh céadroghanna geallta nó glanroghanna geallta áirithe ann, toisc nach gceadaítear roghanna den sórt sin leis an gcaighdeán (28) atá le hainmniú mar ionstraimí fálaithe (ach amháin nuair a ainmnítear céadrogha gheallta mar fhritháireamh ar chéadrogha cheannaithe). Má fhálaíonn an ionstraim fálaithe an méid arna ainmniú i mír AG114(c) le haghaidh níos mó ná tréimhse ama athphraghsála amháin, leithdháiltear í ar gach ceann de na tréimhsí ama a fhálaíonn sí. Mar sin féin, ní mór iomlán na hionstraime fálaithe a leithdháileadh ar na tréimhsí ama athphraghsála sin toisc nach gceadaítear gaolmhaireacht fálaithe leis an gcaighdeán (29) a ainmniú le haghaidh sciar den tréimhse ama amháin ar lena linn a bhíonn ionstraim fálaithe fós gan íoc.

    AG121

    Nuair a thomhaiseann an t-eintiteas an t-athrú ar luach cóir mhír réamh-iníoctha i gcomhréir le mír AG114(g), déanann athrú ar rátaí úis difear do luach cóir na míre réamh-inaisíoctha ar dhá bhealach: déanann sé difear do luach cóir na sreafaí airgid conarthacha agus do luach cóir na rogha réamhíocaíochta atá i mír réamh-inaisíoctha. Ceadaítear le mír 81 den chaighdeán don eintiteas sciar de shócmhainn airgeadais nó de dhliteanas airgeadais a ainmniú, ag comhroinnt nochtadh riosca coiteann, mar an mhír fhálaithe, ar choinníoll gur féidir an éifeachtacht a thomhas. […].

    AG122

    Ní shonraítear sa chaighdeán na teicnící a úsáideadh chun an méid dá dtagraítear i mír AG114(g) a chinneadh, eadhon an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe atá inchurtha i leith an riosca fálaithe. […]. Ní iomchuí glacadh leis gurb ionann athruithe ar luach cóir na míre fálaithe agus athruithe ar luach na hionstraime fálaithe.

    AG123

    Ceanglaítear le mír 89A más sócmhainn atá sa mhír fhálaithe le haghaidh tréimhse ama athphraghsála áirithe, go gcuirfí an t-athrú ar a luach i láthair i mír líne ar leithligh laistigh de shócmhainní. Os a choinne sin, más dliteanas í an mhír fhálaithe le haghaidh tréimhse ama athphraghsála áirithe, cuirtear an t-athrú ar a luach i láthair i mír líne ar leithligh laistigh de dhliteanais. Is iad seo a leanas na míreanna líne ar leithligh dá dtagraítear i mír AG114(g). Ní cheanglaítear leithdháileadh sonrach chuig sócmhainní (nó dliteanais) aonair.

    AG124

    Tugtar ar aird i mír AG114(i) go n-eascraíonn neamhéifeachtacht a mhéid atá an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe atá inchurtha i leith an riosca fálaithe difriúil ón athrú ar luach cóir an díorthaigh fálúcháin. D’fhéadfadh difríocht den sórt sin teacht chun cinn ar roinnt cúiseanna, lena n-áirítear:

    (a)

    […];

    (b)

    míreanna sa phunann fálaithe a éiríonn lagaithe nó atá dí-aitheanta;

    (c)

    dátaí íocaíochta na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe a bheith difriúil; agus

    (d)

    cúiseanna eile […].

    Déanfar neamhéifeachtacht (30) den sórt sin a shainaithint agus a aithint i mbrabús nó caillteanas.

    AG125

    Go ginearálta, feabhsófar éifeachtacht an fhálaithe:

    (a)

    má sceidealann an t-eintiteas míreanna le saintréithe réamhíocaíochta difriúla ar bhealach a chuireann na difríochtaí in iompraíocht réamhíocaíochta san áireamh;

    (b)

    nuair atá an líon míreanna sa phunann níos mó. Nuair nach mbíonn ach cúpla mír sa phunann, is dóigh go dtarlóidh neamhéifeachtacht sách ard dá bharr sin má réamhíocann ceann de na míreanna níos luaithe nó níos déanaí ná mar a bhí coinne leis. Os a choinne sin, nuair atá go leor míreanna sa phunann, is féidir an iompraíocht réamhíocaíochta a thuar ar bhealach níos cruinne;

    (c)

    nuair atá na tréimhsí ama athphraghsála a úsáidtear níos caoile (e.g. tréimhsí ama athphraghsála 1 mhí amháin i gcomparáid le tréimhse ama 3 mhí). Le tréimhsí ama athphraghsála níos caoile laghdaítear an éifeacht a bhíonn ag aon mhí-oiriúnú idir dátaí athphraghsála agus íocaíochta (laistigh den tréimhse ama athphraghsála) na míre fálaithe agus dátaí na hionstraime fálaithe;

    (d)

    dá mhó an mhinicíocht lena ndéantar méid na hionstraime fálaithe a choigeartú chun athruithe sa mhír fhálaithe a léiriú (e.g. mar gheall ar athruithe ar ionchais réamhíocaíochta).

    AG126

    Tástálann eintiteas éifeachtacht ar bhonn tréimhsiúil. […]

    AG127

    Le linn dó éifeachtacht a thomhas, déanann an t-eintiteas idirdhealú idir athbhreithnithe ar dhátaí athphraghsála measta na sócmhainní (nó na ndliteanas) atá ann cheana ó thionscnamh sócmhainní (nó dliteanas) nua, agus is as na sócmhainní nua amháin a thagann neamhéifeachtacht. Ach a ndéantar neamhéifeachtacht a aithint mar a leagtar amach thuas, bunaíonn an t-eintiteas meastachán nua de na sócmhainní (nó dliteanais) iomlána i ngach tréimhse ama athphraghsála, lena n-áirítear sócmhainní (nó dliteanais) nua a tionscnaíodh ó thástáil sé éifeachtacht go deiridh, agus ainmníonn sé méid nua mar an mhír fhálaithe agus céatadán nua mar an céatadán fálaithe. […]

    AG128

    Míreanna arna sceidealú ar dtús báire i dtréimhse ama athphraghsála, féadfar iad a dhí-aithint mar gheall ar réamhíocaíocht níos luaithe ná mar a bhí coinne leis nó díscríobh de bharr lagú nó díolacháin. Nuair a tharlaíonn sé sin, déanfar an méid athraithe ar an luach cóir a áirítear sa mhír líne ar leithligh dá dtagraítear i mír AG114(g) a bhaineann leis an mír dhí-aitheanta a bhaint den ráiteas maidir le staid airgeadais, agus áireofar é sa ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as dí-aithint na míre. Chun na críche seo, is gá an tréimhse ama athphraghsála ina raibh an mhír dhí-aitheanta sceidealaithe a bheith ar eolas, toisc go gcinntear leis sin an tréimhse ama athphraghsála lena bhaint agus dá réir sin an méid a bhainfear ón mír líne ar leithligh dá dtagraítear i mír AG114(g). Nuair a dhí-aithnítear mír, más féidir a chinneadh cén tréimhse ama inar áiríodh é, baintear é ón tréimhse ama sin. Mura ndéantar é sin, baintear é ón tréimhse ama is túisce má tharla an dí-aithint mar gheall ar réamhíocaíochtaí a bhí níos airde ná mar a bhí coinne leis, nó leithdháilfear é do na tréimhsí ama go léir ina bhfuil an mhír dhí-aitheanta ar bhonn córasach agus réasúnach má díoladh an mhír nó má d’éirigh sí chun bheith lagaithe.

    AG129

    Ina theannta sin, aon mhéid a bhaineann le tréimhse ama áirithe nár dí-aithníodh nuair a ghabhann an tréimhse ama in éag, aithnítear é i mbrabús nó caillteanas ag an am sin (féach mír 89A). […]

    AG130

    […].

    AG131

    Má laghdaítear an méid fálaithe le haghaidh tréimhse ama athphraghsála gan na sócmhainní (nó dliteanais) gaolmhara á ndí-aithint, an méid atá áirithe sa mhír líne ar leithligh dá dtagraítear i mír AG114(g) a bhaineann leis an laghdú, déanfar é a amúchadh i gcomhréir le mír 92.

    AG132

    Féadfaidh eintiteas an cur chuige a leagtar amach i míreanna AG114-AG131 a chur i bhfeidhm ar fhálú punainne a raibh cuntas tugtha air cheana féin mar fhálú sreabhaidh airgid i gcomhréir le IAS 39. Dhéanfadh eintiteas den sórt sin an t-ainmniú roimhe sin ar fhálú sreabhaidh airgid a chúlghairm i gcomhréir le mír 101(d), agus chuirfeadh sé na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin i bhfeidhm. D’athainmneodh sé freisin an fálú mar fhálú luacha chóir agus an cur chuige a leagtar amach i míreanna AG114-AG131 a chur i bhfeidhm go hionchasach ar thréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

    AISTRIÚ (míreanna 103–108C)

    AG133

    D’fhéadfadh eintiteas idirbheart inghrúpa réamhaisnéise a ainmniú mar mhír fhálaithe ag tús na tréimhse bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2005 nó dá éis (nó, chun críche faisnéis chomparáideach a athlua, ag tús tréimhse chomparáideach níos luaithe) i bhfálú a cháileodh le haghaidh cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán seo (arna leasú leis an abairt deiridh de mhír 80). Féadfaidh eintiteas den sórt sin an t-ainmniú sin a úsáid chun cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm i ráitis airgeadais chomhdhlúite ó thús na tréimhse bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2005 nó dá éis (nó ag tús na tréimhse comparáide níos luaithe). Cuirfidh eintiteas den sórt sin míreanna AG99A agus AG99B i bhfeidhm freisin ó thús na tréimhse bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2005 nó dá éis. I gcomhréir le mír 108B áfach, ní gá dó mír AG99B a chur i bhfeidhm ar fhaisnéis chomparáideach le haghaidh tréimhsí níos luaithe.

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 40

    Réadmhaoin Infheistíochta

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a fhorordú agus na ceanglais ghaolmhara maidir le nochtadh.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le haithint, tomhas agus nochtadh réadmhaoine infheistíochta.

    3

    [Scriosta]

    4

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní bitheolaíochta a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta (féach IAS 41 Talmhaíocht agus IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh); agus

    (b)

    cearta mianraí agus cúltaiscí mianraí amhail ola, gás nádúrtha agus acmhainní neamh-athghiniúnacha comhchosúla.

    SAINMHÍNITHE

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is ionann an tsuim ghlanluacha agus an méid ag a n-aithnítear sócmhainn sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

     

    Is é costas an méid airgid thirim nó coibhéisí airgid thirim a íocadh nó luach cóir comaoine eile a thugtar chun sócmhainn a fháil tráth a héadála nó a ríofa, nó, nuair is infheidhme, an méid atá inchurtha i leith na sócmhainne sin nuair a aithnítear ar dtús í i gcomhréir le ceanglais shonracha IFRSanna eile, e.g. IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir).

     

    Is éard is réadmhaoin infheistíochta ann réadmhaoin (talamh nó foirgneamh – nó cuid d’fhoirgneamh – nó an dá cheann) arna sealbhú (ag an úinéir nó an léasaí mar shócmhainn ceart úsáide) chun cíos a thuilleamh nó le haghaidh luachmhéadú caipitil nó an dá cheann, seachas le haghaidh:

    (a)

    úsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí, nó chun críoch riaracháin; nó

    (b)

    díolachán i ngnáthchúrsa gnó.

     

    Is ionann réadmhaoin úinéir-áitithe agus réadmhaoin atá i seilbh (an úinéara nó an léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide) le húsáid i dtáirgeadh nó i soláthar earraí nó seirbhísí nó chun críoch riaracháin.

    AICMIÚ RÉADMHAOINE MAR RÉADMHAOIN INFHEISTÍOCHTA NÓ MAR RÉADMHAOIN ÚINÉIR-ÁITITHE

    6

    [Scriosta]

    7

    Sealbhaítear réadmhaoin infheistíochta chun cíosanna a thuilleamh nó le haghaidh luachmhéadú caipitil nó an dá cheann. Dá bhrí sin, gineann réadmhaoin infheistíochta sreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na sócmhainní eile atá ina sheilbh ag an eintiteas. Déantar idirdhealú leis sin idir réadmhaoin infheistíochta agus réadmhaoin úinéir-áitithe. Ach a dtáirgtear nó a soláthraítear earraí nó seirbhísí (nó nuair a úsáidtear réadmhaoin chun críoch riaracháin) gintear sreafaí airgid atá inchurtha i leith ní hamháin réadmhaoine, ach tá siad inchurtha freisin i leith sócmhainní eile sa phróiseas táirgeachta nó soláthair. Tá feidhm ag IAS 16 maidir le réadmhaoin úinéir-áitithe agus tá feidhm ag IFRS 16 Léasanna maidir le réadmhaoin úinéir-áitithe arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide.

    8

    Is samplaí iad seo a leanas de réadmhaoin infheistíochta:

    (a)

    talamh arna shealbhú le haghaidh luachmhéadú caipitil go fadtéarmach in ionad é a bheith á shealbhú le díol go gearrthéarmach sa ghnáthchúrsa gnó.

    (b)

    talamh arna shealbhú le haghaidh úsáid sa todhchaí nach bhfuil cinntithe faoi láthair. (Murar chinn eintiteas go n-úsáidfidh sé an talamh mar réadmhaoin úinéir-áitithe nó le díol go gearrthéarmach sa ghnáthchúrsa gnó, meastar go bhfuil an talamh á shealbhú le haghaidh luachmhéadú caipitil.)

    (c)

    foirgneamh faoi úinéireacht an eintitis (nó sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgneamh arna shealbhú ag an eintiteas) agus atá á léasú faoi léas oibriúcháin amháin nó níos mó.

    (d)

    foirgneamh atá folamh ach atá á shealbhú le léasú faoi léas oibriúcháin amháin nó níos mó.

    (e)

    réadmhaoin atá á tógáil nó á forbairt le húsáid amach anseo mar réadmhaoin infheistíochta.

    9

    Is samplaí iad seo a leanas de mhíreanna nach réadmhaoin infheistíochta iad agus atá dá bhrí sin lasmuigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo:

    (a)

    réadmhaoin atá beartaithe lena díol sa ghnáthchúrsa gnó nó atáthar ar tí a thógáil nó a fhorbairt le haghaidh díol den sórt sin (féach IAS 2 Fardail), mar shampla, réadmhaoin a fhaightear go heisiach d’fhonn í a dhiúscairt ina dhiaidh sin sa gharthodhchaí nó lena forbairt agus lena hathdhíol.

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    réadmhaoin úinéir-áitithe (féach IAS 16 agus IFRS 16), lena n-áirítear (i measc nithe eile) réadmhaoin arna sealbhú le húsáid sa todhchaí mar réadmhaoin úinéir-áitithe, réadmhaoin arna sealbhú le forbairt sa todhchaí agus le húsáid ina dhiaidh sin mar réadmhaoin úinéir-áitithe, réadmhaoin arna sealbhú ag fostaithe (cé acu a íocann nó nach n-íocann na fostaithe cíos ag rátaí an mhargaidh) agus réadmhaoin úinéir-áitithe ag feitheamh diúscartha.

    (d)

    [scriosta]

    (e)

    réadmhaoin atá léasaithe le heintiteas eile faoi léas airgeadais.

    10

    Cuimsítear le roinnt réadmhaoine sciar a shealbhaítear chun cíos a thuilleamh nó le haghaidh luachmhéadú caipitil agus sciar eile a shealbhaítear le húsáid chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh nó a sholáthar nó chun críoch riaracháin. Dá bhféadfaí na sciartha sin a dhíol ar leithligh (nó a léasú ar leithligh faoi léas airgeadais), tugann an t-eintiteas cuntas ar leithligh ar na sciartha. Mura bhféadfaí na sciartha a dhíol ar leithligh, ní réadmhaoin infheistíochta í an réadmhaoin ach amháin má shealbhaítear sciar neamhshuntasach le húsáid chun earraí nó seirbhísí a tháirgeadh nó a sholáthar nó chun críoch riaracháin.

    11

    I roinnt cásanna, soláthraíonn eintiteas seirbhísí coimhdeacha d’áitritheoirí réadmhaoine atá á shealbhú aige. Caitheann eintiteas le réadmhaoin den sórt sin mar réadmhaoin infheistíochta má tá na seirbhísí neamhshuntasach don socrú ina iomláine. Sampla de sin is ea nuair a sholáthraíonn úinéir foirgnimh oifige seirbhísí slándála agus cothabhála do na léasaithe a áitíonn an foirgneamh.

    12

    I gcásanna eile, tá na seirbhísí a sholáthraítear suntasach. Má tá eintiteas ina úinéir ar óstán agus má bhainistíonn sé óstán, mar shampla, tá na seirbhísí a sholáthraítear d’aíonna suntasach don socrú ina iomláine. Dá bhrí sin, is réadmhaoin úinéir-áitithe é óstán atá á bhainistiú ag a úinéir, seachas réadmhaoin infheistíochta.

    13

    D’fhéadfadh deacracht a bheith ag baint lena chinneadh cé acu atá seirbhísí coimhdeacha chomh suntasach is nach gcáilíonn réadmhaoin mar réadmhaoin infheistíochta. Aistríonn úinéir óstáin roinnt freagrachtaí chuig tríú páirtithe faoi chonradh bainistíochta uaireanta, mar shampla. Bíonn éagsúlacht mhór ag baint le téarmaí conarthaí den sórt sin. Ar thaobh amháin den speictream, d’fhéadfadh sé gurb infheisteoir éighníomhach a bheadh san úinéir, go bunúsach. Ar an taobh eile den speictream, b’fhéidir go ndearna an t-úinéir seachfhoinsiú ar na feidhmeanna laethúla agus gur choimeád sé nochtadh suntasach ag an am céanna d’éagsúlacht sna sreafaí airgid arna nginiúint ag oibríochtaí an óstáin.

    14

    Teastaíonn breithiúnas chun a chinneadh cé acu a cháilíonn réadmhaoin mar réadmhaoin infheistíochta. Forbraíonn eintiteas critéir ionas gur féidir leis an breithiúnas sin a fheidhmiú go comhsheasmhach i gcomhréir leis an sainmhíniú ar réadmhaoin infheistíochta agus leis an treoraíocht ghaolmhar i míreanna 7–13. Ceanglaítear le mír 75(c) ar eintiteas na critéir sin a nochtadh nuair a bhíonn sé deacair aicmiú a dhéanamh.

    14A

    Bíonn gá le breithiúnas freisin chun a chinneadh cé acu arb ionann fáil réadmhaoine infheistíochta agus fáil sócmhainne nó grúpa sócmhainní nó comhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3 Comhcheangail Ghnó. Ba cheart tagairt a dhéanamh do IFRS 3 chun a chinneadh cé acu ar comhcheangal gnó atá ann. Baineann an plé i míreanna 7–14 den Chaighdeán seo le cé acu arb ionann nó nach ionann réadmhaoin agus réadmhaoin úinéir-áitithe nó réadmhaoin infheistíochta agus ní lena chinneadh cé acu ar comhcheangal gnó é fáil réadmhaoine mar a shainmhínítear é in IFRS 3. Lena chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann idirbheart sonrach an sainmhíniú maidir le comhcheangal gnó mar a shainmhínítear in IFRS 3 agus cé acu a áirítear réadmhaoin infheistíochta leis mar a shainmhínítear sa Chaighdeán seo, ceanglaítear leis sin go gcuirfí an dá Chaighdeán i bhfeidhm ar leithligh.

    15

    I roinnt cásanna, is le heintiteas an réadmhaoin atá ar léas aige lena mháthaireintiteas nó le fochuideachta eile, agus atá á áitiú acu. Ní cháilíonn an réadmhaoin mar réadmhaoin infheistíochta sna ráitis airgeadais chomhdhlúite, toisc go bhfuil an réadmhaoin úinéir-áitithe ó pheirspictíocht an ghrúpa de. Ó pheirspictíocht an eintitis ar leis an réadmhaoin áfach, is réadmhaoin infheistíochta í an réadmhaoin má chomhlíonann sí an sainmhíniú i mír 5. Dá bhrí sin, caitheann an léasóir leis an réadmhaoin mar réadmhaoin infheistíochta ina ráitis airgeadais aonair.

    AITHINT

    16

    Aithneofar réadmhaoin infheistíochta faoi úinéireacht mar shócmhainn i gcás, agus sa chás sin amháin:

    (a)

    más dóchúil go sreabhfaidh na tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá bainteach leis an réadmhaoin infheistíochta chuig an eintiteas; agus

    (b)

    más féidir costas na réadmhaoine infheistíochta a thomhas go hiontaofa.

    17

    Déanann eintiteas meastóireacht faoi phrionsabal an aitheantais sin ar a chostais réadmhaoine infheistíochta uile tráth a thabhaítear iad. Áirítear leis na costais sin costais a tabhaíodh ar dtús chun réadmhaoin infheistíochta a fháil agus costais a tabhaíodh ina dhiaidh sin chun cur le réadmhaoin, chun cuid de a ionadú, nó chun réadmhaoin a sheirbhísiú.

    18

    Faoi phrionsabal an aitheantais i mír 16, ní aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha réadmhaoine infheistíochta na costais a bhaineann le seirbhísiú réadmhaoine den sórt sin ó lá go lá. Ina ionad sin, aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas mar a thabhaítear iad. Is ionann costais seirbhísithe ó lá go lá go príomha agus costais saothair agus tomhaltán, agus d’fhéadfaí an costas a bhíonn ar pháirteanna beaga a áireamh leo. Tugtar tuairisc ar aidhm na gcaiteachas sin go minic mar ‘deisiúcháin agus cothabháil’ na réadmhaoine.

    19

    D’fhéadfadh sé go bhfuarthas codanna de réadmhaoin infheistíochta trí ionadú. D’fhéadfadh sé gur cuireadh na ballaí inmheánacha suas in ionad na mballaí tosaigh, mar shampla. Faoi phrionsabal an aitheantais, aithníonn an t-eintiteas i suim ghlanluacha réadmhaoine infheistíochta an costas a bhaineann le cuid de réadmhaoin infheistíochta atá ann cheana a ionadú tráth a thabhaítear an costas má chomhlíontar na critéir aitheantais. Dí-aithnítear suim ghlanluacha na gcodanna sin a ionadaítear i gcomhréir le forálacha dí-aitheanta an Chaighdeáin seo.

    19A

    Réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide, aithneofar í i gcomhréir le IFRS 16.

    TOMHAS AG CÉIM AN AITHEANTAIS

    20

    Tomhaisfear réadmhaoin infheistíochta atá faoi úinéireacht ar dtús báire ag a chostas. Áireofar costais idirbhirt sa tomhas tosaigh.

    21

    Cuimsítear le costas réadmhaoine infheistíochta ceannaithe a praghas ceannaigh agus aon chaiteachas atá inchurtha go díreach ina leith. Áirítear le caiteachas atá inchurtha go díreach ina leith, mar shampla, táillí gairmiúla le haghaidh seirbhísí dlí, cánacha chun réadmhaoin a aistriú agus costais idirbhirt eile.

    22

    [Scriosta]

    23

    Ní mhéadaítear costas réadmhaoine infheistíochta mar gheall ar:

    (a)

    costais tionscanta (mura bhfuil gá leo chun an réadmhaoin a thabhairt chuig an mbail is gá le go mbeidh sí in ann feidhmiú ar an mbealach a bheartaíonn an bhainistíocht),

    (b)

    caillteanais oibriúcháin a tabhaíodh sula mbaineann an réadmhaoin infheistíochta amach an leibhéal áitíochta pleanáilte, nó

    (c)

    méideanna neamhghnácha ábhar a chuirtear amú, costais saothair nó acmhainní eile a thabhaítear leis an tógáil nó chun an réadmhaoin a fhorbairt.

    24

    Má dhéantar íocaíocht as réadmhaoin infheistíochta a chur siar, is é a costas an praghas coibhéiseach in airgead tirim. Aithnítear an difríocht idir an méid sin agus na híocaíochtaí iomlána mar speansas úis thar thréimhse an chreidmheasa.

    25

    [Scriosta]

    26

    [Scriosta]

    27

    D’fhéadfaí réadmhaoin infheistíochta amháin nó níos mó a fháil mar mhalairt ar shócmhainn nó sócmhainní neamhairgeadaíochta, nó comhcheangal de shócmhainní airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta. Tagraítear sa phlé seo a leanas do chás ina malartaítear sócmhainn neamhairgeadaíochta amháin ar shócmhainn neamhairgeadaíochta eile, ach tá feidhm aige freisin maidir leis na malairtí uile a dtugtar tuairisc orthu san abairt roimhe seo. Déantar costas réadmhaoine infheistíochta den sórt sin a thomhas ar luach cóir mura (a) bhfuil dóthain substainte tráchtála san idirbheart malairte nó (b) mura féidir luach cóir cheachtar na sócmhainne ná na sócmhainne arna tarscaoileadh a thomhas go hiontaofa. Is ar an mbealach sin a thomhaistear an mhír a fuarthas fiú mura féidir le heintiteas dí-aithint a dhéanamh láithreach ar an tsócmhainn a tarscaoileadh. Mura ndéantar an tsócmhainn a fuarthas a thomhas ar luach cóir, tomhaistear a costas ar shuim ghlanluacha na sócmhainne a tarscaoileadh.

    28

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, breithníonn eintiteas a mhéid a bhfuil coinne leis go n-athróidh a shreafaí airgid todhchaí de thoradh an idirbhirt. Tá substaint tráchtála ag idirbheart malairte más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá cumraíocht (riosca, uainiú agus méid) shreafaí airgid na sócmhainne a fuarthas éagsúil le cumraíocht shreafaí airgid na sócmhainne a aistríodh; nó

    (b)

    tagann athrú, de thoradh na malairte, ar luach eintiteas-sonrach an sciar sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear; agus

    (c)

    tá an difríocht in (a) nó (b) suntasach i gcoibhneas le luach cóir na sócmhainní a mhalartaítear.

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil substaint tráchtála ag idirbheart malairte, beidh luach eintiteas-sonrach an sciar sin d’oibríochtaí an eintitis dá ndéanann an t-idirbheart difear ina léiriú ar shreafaí airgid iarchánach. D’fhéadfadh torthaí na n-anailísí sin a bheith soiléir gan gá a bheith ag an eintiteas le ríomhanna mionsonraithe a dhéanamh.

    29

    Is féidir luach cóir sócmhainne a thomhas go hiontaofa (a) mura suntasach le haghaidh na sócmhainne sin í an athraitheacht sa raon tomhas réasúnta ar luach cóir nó (b) más féidir measúnú a dhéanamh go réasúnta ar dhóchúlachtaí na meastachán éagsúil laistigh den raon agus úsáid a bhaint astu agus luach cóir á thomhas. Más féidir leis an eintiteas luach cóir na sócmhainne a fuarthas nó luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh a thomhas go hiontaofa, úsáidtear luach cóir na sócmhainne a tarscaoileadh chun costas a thomhas ach amháin más soiléire luach cóir na sócmhainne a fuarthas.

    29A

    Déanfar réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas ar dtús báire ag a costas i gcomhréir le IFRS 16.

    TOMHAS TAR ÉIS AITHEANTAIS

    Beartas cuntasaíochta

    30

    Cé is moite den mhéid a thugtar ar aird i mír 32A, roghnóidh eintiteas mar a bheartas cuntasaíochta an tsamhail luacha chóir i míreanna 33–55 nó an tsamhail chostais i mír 56 agus cuirfidh sé an beartas sin i bhfeidhm ar gach ceann dá réadmhaoin infheistíochta.

    31

    Luaitear in IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta nach ndéanfar athrú saorálach ar an mbeartas cuntasaíochta ach amháin má sholáthraítear faisnéis iontaofa agus níos ábhartha sna ráitis airgeadais maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag idirbhearta, ag teagmhais nó ag dálaí eile ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais nó ar shreafaí airgid an eintitis mar thoradh ar an athrú. Is beag seans go mbeidh cur i láthair níos ábhartha ann mar thoradh ar athrú ón tsamhail luacha chóir go dtí an tsamhail chostais.

    32

    Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo ar gach eintiteas luach cóir réadmhaoine infheistíochta a thomhas, chun críche tomhais (má úsáideann an t-eintiteas an tsamhail luacha chóir) nó nochtadh (má úsáideann sé an tsamhail chostais). Spreagtar eintiteas, ach ní chuirtear de cheangal air, luach cóir réadmhaoine infheistíochta a thomhas ar bhonn luachála arna déanamh ag luachálaí neamhspleách ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil aitheanta agus ábhartha agus ag a bhfuil taithí le déanaí ar shuíomh agus ar chatagóir na réadmhaoine infheistíochta atá á luacháil.

    32A

    Féadfaidh eintiteas:

    (a)

    an tsamhail luacha chóir nó an tsamhail chostais a roghnú le haghaidh gach dliteanais tacaithe réadmhaoine infheistíochta a íocann toradh atá nasctha go díreach le luach cóir sócmhainní sonraithe lena n-áirítear an réadmhaoin infheistíochta sin, nó ar thorthaí ón réadmhaoin infheistíochta sin; agus

    (b)

    an tsamhail luacha chóir nó an tsamhail chostais a roghnú le haghaidh gach réadmhaoine infheistíochta eile, gan beann ar an rogha a rinneadh in (a).

    32B

    Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ar ina leith a áirítear réadmhaoin infheistíochta sna míreanna forluiteacha. Chun críocha mhíreanna 32A–32B amháin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. Le mír 32A ní cheadaítear d’eintiteas an réadmhaoin arna sealbhú ag an gciste (ná réadmhaoin ar bunmhír í) a thomhas go páirteach ag costasluach agus go páirteach ag cóirluach. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

    32C

    Má roghnaíonn eintiteas samhlacha difriúla le haghaidh an dá chatagóir ar a dtugtar tuairisc i mír 32A, díolacháin réadmhaoine infheistíochta idir comhthiomsuithe sócmhainní a thomhaistear le samhlacha difriúla, déanfar iad a aithint ar luach cóir agus aithneofar an t-athrú carnach ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas. Dá réir sin, má dhíoltar réadmhaoin infheistíochta ó chomhthiomsú ina n-úsáidtear an tsamhail luacha chóir isteach i gcomhthiomsú ina n-úsáidtear an tsamhail chostais, is luach cóir na réadmhaoine ar dháta an díolacháin a bheidh mar chostas measta aige.

    Samhail luacha chóir

    33

    Tar éis an aitheantais tosaigh, eintiteas a roghnaíonn an tsamhail luacha chóir tomhaisfidh sé a réadmhaoin infheistíochta uile ar luach cóir, cé is moite de na cásanna ar a dtugtar tuairisc i mír 53.

    34

    [Scriosta]

    35

    Gnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as athrú ar luach cóir réadmhaoine infheistíochta aithneofar é i mbrabús nó caillteanas don tréimhse ina n-eascraíonn sé.

    36-39

    [Scriosta]

    40

    Le linn luach cóir réadmhaoine infheistíochta a bheith á thomhas i gcomhréir le IFRS 13, áiritheoidh eintiteas go léiríonn an luach cóir, i measc nithe eile, ioncam cíosa ó léasanna reatha agus boinn tuisceana eile a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh le linn dóibh réadmhaoin infheistíochta a phraghsáil faoi dhálaí an mhargaidh atá i bhfeidhm faoi láthair.

    40A

    Nuair a úsáideann léasaí an tsamhail luacha chóir chun réadmhaoin infheistíochta atá á sealbhú mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas, tomhaisfidh sé an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide, agus ní an réadmhaoin fholuiteach, ar luach cóir.

    41

    Sonraítear an bunús in IFRS 16 le haghaidh aitheantas tosaigh costas réadmhaoine infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide. Ceanglaítear le mír 33 go ndéanfaí réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a atomhas, más gá, chuig an luach cóir má roghnaíonn an t-eintiteas an tsamhail luacha chóir. Nuair a bhíonn na híocaíochtaí léasa ag rátaí an mhargaidh, luach cóir réadmhaoine infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide nuair a fhaightear í, glan ar gach íocaíocht léasa a bhfuil coinne léi (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le dliteanais léasa aitheanta), ba cheart don luach cóir sin a bheith cothrom le nialas. Dá bhrí sin, ach sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a atomhas ó chostas i gcomhréir le IFRS 16 go luach cóir i gcomhréir le mír 33 (ag cur na gceanglas i mír 50 san áireamh) níor cheart d’aon ghnóthachan nó caillteanas tosaigh eascairt as sin, mura ndéantar an luach cóir a thomhas ag amanna difriúla. D’fhéadfadh sé sin tarlú nuair a thoghtar an tsamhail luacha chóir a chur i bhfeidhm tar éis an aitheantais tosaigh.

    42–47

    [Scriosta]

    48

    I gcásanna eisceachtúla, tá fianaise shoiléir ann nuair a fhaigheann eintiteas réadmhaoin infheistíochta ar dtús (nó nuair a éiríonn réadmhaoin chun bheith ina réadmhaoin infheistíochta tar éis athrú ar úsáid) go mbeidh an athraitheacht i raon na dtoisí réasúnacha den luach cóir chomh mór, agus go mbeidh sé chomh deacair measúnú a dhéanamh ar na dóchúlachtaí maidir leis na torthaí éagsúla, go mbréagnófar an tairbhe a bheidh ag beart aonair luacha chóir. D’fhéadfaí a thabhairt le fios leis sin nach mbeifear in ann luach cóir na réadmhaoine a thomhas go hiontaofa ar bhonn leanúnach (féach mír 53).

    49

    [Scriosta]

    50

    Agus suim ghlanluacha réadmhaoine infheistíochta á cinneadh faoin tsamhail luacha chóir, ní dhéanann eintiteas comhaireamh dúbailte ar shócmhainní ná dliteanais a aithnítear mar shócmhainní nó dliteanais ar leithligh. Mar shampla:

    (a)

    is cuid lárnach d’fhoirgneamh é trealamh amhail ardáin nó aerchóiriú agus áirítear na nithe sin go minic i luach cóir na réadmhaoine infheistíochta, in ionad iad a aithint ar leithligh mar réadmhaoin, gléasra agus trealamh.

    (b)

    má léasaítear oifig ar bhonn troscánaithe, áirítear le luach cóir na hoifige go ginearálta luach cóir an troscáin, toisc go mbaineann an t-ioncam cíosa leis an oifig faoi throscán. Nuair a áirítear troscán i luach cóir réadmhaoine infheistíochta, ní aithníonn eintiteas an troscán sin mar shócmhainn ar leithligh.

    (c)

    ní áirítear le luach cóir réadmhaoine infheistíochta ioncam ó léas oibriúcháin réamhíoctha nó fabhraithe, toisc go n-aithníonn an t-eintiteas é mar dhliteanas nó mar shócmhainn ar leithligh.

    (d)

    léiríonn luach cóir réadmhaoine infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide na sreafaí airgid a bhfuil coinne leo (lena n-áirítear íocaíochtaí léasa athraitheacha a bhfuil coinne leis go mbeidh siad iníoctha). Dá réir sin, má tá luacháil arna fáil maidir le réadmhaoin glan ar gach íocaíocht a bhfuil coinne leo, beidh gá le haon dliteanas léasa aitheanta a aischur, chun teacht ar shuim ghlanluacha na réadmhaoine infheistíochta ag úsáid na samhla luacha chóir.

    51

    [Scriosta]

    52

    I roinnt cásanna, bíonn coinne ag eintiteas leis go mbeidh luach láithreach a chuid íocaíochtaí a bhaineann le réadmhaoin infheistíochta (seachas íocaíochtaí a bhaineann le dliteanais aitheanta) níos mó ná luach láithreach na bhfáltas airgid gaolmhar. Cuireann eintiteas IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha i bhfeidhm chun a chinneadh an bhfuil dliteanas le haithint agus, má dhéanann sé amhlaidh, conas a thomhaisfidh sé an dliteanas sin.

    Nuair nach bhfuiltear ábalta luach cóir a thomhas go hiontaofa

    53

    Is ann do thoimhde infhrisnéise gur féidir le heintiteas luach cóir réadmhaoine infheistíochta a thomhas go hiontaofa ar bhonn leanúnach. I gcásanna eisceachtúla, áfach, tá fianaise shoiléir ann nuair a fhaigheann eintiteas réadmhaoin infheistíochta ar dtús (nó nuair a éiríonn réadmhaoin chun bheith ina réadmhaoin infheistíochta tar éis athrú ar úsáid) nach mbeidh luach cóir na réadmhaoine infheistíochta intomhaiste go hiontaofa ar bhonn leanúnach. Tarlaíonn sé sin nuair a bhíonn an margadh le haghaidh réadmhaoine inchomparáide neamhghníomhach (e.g. is beag idirbheart le déanaí atá ann, níl luachana praghsanna reatha nó tugann praghsanna idirbhirt a tugadh faoi deara le fios gur cuireadh iallach ar an díoltóir ceannach) agus ní bhíonn toisí iontaofa malartacha de luach cóir (bunaithe ar réamh-mheastacháin lascainithe maidir le sreabhadh airgid, mar shampla) ar fáil, agus an uair sin amháin. Má chinneann eintiteas nach féidir luach cóir réadmhaoine infheistíochta atá á tógáil a thomhas go hiontaofa ach go bhfuil coinne aige go mbeidh luach cóir na réadmhaoine intomhaiste go hiontaofa nuair a bheidh an tógáil tugtha i gcrích, tomhaisfidh sé an réadmhaoin infheistíochta sin atá á tógáil ar chostas go dtí go mbeidh a luach cóir intomhaiste go hiontaofa nó go dtí go mbeidh an tógáil tugtha i gcrích (cibé acu is túisce). Má chinneann eintiteas nach féidir luach cóir réadmhaoine infheistíochta (seachas réadmhaoin infheistíochta atá á tógáil) a thomhas go hiontaofa ar bhonn leanúnach, tomhaisfidh an t-eintiteas an réadmhaoin infheistíochta sin ag úsáid na samhla costais in IAS 16 le haghaidh réadmhaoin infheistíochta faoi úinéireacht nó i gcomhréir le IFRS 16 le haghaidh réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide. Glacfar leis go mbeidh luach iarmharach na réadmhaoine infheistíochta cothrom le nialas. Leanfaidh an t-eintiteas ag cur IAS 16 nó IFRS 16 i bhfeidhm go dtí go ndéanfar an réadmhaoin infheistíochta a dhiúscairt.

    53A

    A luaithe is a bheidh eintiteas in ann tomhas a dhéanamh go hiontaofa ar luach cóir réadmhaoine infheistíochta atá á tógáil a tomhaiseadh ar chostas roimhe sin, tomhaisfidh sé an réadmhaoin sin ag a luach cóir. A luaithe is a bheidh tógáil na réadmhaoine sin tugtha i gcrích, glactar leis gur féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa. Murab amhlaidh sin, i gcomhréir le mír 53, tabharfar cuntas ar an réadmhaoin ag úsáid na samhla costais i gcomhréir le IAS 16 le haghaidh sócmhainní faoi úinéireacht nó IFRS 16 le haghaidh réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide.

    53B

    An toimhde gur féidir luach cóir réadmhaoine infheistíochta atá á tógáil a thomhas go hiontaofa, ní féidir é sin a fhrisnéis ach amháin ar aitheantas tosaigh. Eintiteas a thomhais mír de réadmhaoin infheistíochta a bhí faoi thógáil ar luach cóir, ní fhéadfaidh sé a bhaint de thátal as nach féidir luach cóir na réadmhaoine infheistíochta atá tugtha i gcrích a thomhas go hiontaofa.

    54

    Sna cásanna eisceachtúla nuair a ordaítear d’eintiteas, ar an gcúis a thugtar i mír 53, réadmhaoin infheistíochta a thomhas ag úsáid na samhla costais i gcomhréir le IAS 16 nó IFRS 16, tomhaiseann sé luach cóir gach réadmhaoine infheistíochta eile dá chuid, lena n-áirítear réadmhaoin infheistíochta atá á tógáil. Sna cásanna sin, cé nach bhféadfaidh eintiteas úsáid a bhaint as an tsamhail chostais le haghaidh aon réadmhaoin infheistíochta amháin, leanfaidh an t-eintiteas de chuntas a choinneáil ar gach ceann de na réadmhaoine a bheidh fágtha ag úsáid na samhla luacha chóir.

    55

    Má thomhais eintiteas réadmhaoin infheistíochta ar luach cóir roimhe seo, leanfaidh sé ag tomhas na réadmhaoine ar luach cóir go dtí go ndéanfar í a dhiúscairt (nó go dtí go mbeidh an réadmhaoin chun bheith ina réadmhaoin úinéir-áitithe nó go dtí go dtosóidh an t-eintiteas ag forbairt na réadmhaoine lena díol ina dhiaidh sin sa ghnáthchúrsa gnó) fiú má éiríonn idirbhearta margaidh inchomparáide níos annaimhe nó mura mbíonn margadhphraghsanna ar fáil chomh héasca.

    Samhail chostais

    56

    Tar éis an aitheantais tosaigh, eintiteas a roghnaíonn an tsamhail chostais, tomhaisfidh sé réadmhaoin infheistíochta:

    (a)

    i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha má chomhlíonann sí na critéir a bheidh le haicmiú mar arna sealbhú le díol (nó má áirítear í i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar arna sealbhú le díol);

    (b)

    i gcomhréir le IFRS 16 má tá sí á sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus mura ndéantar í a shealbhú le díol i gcomhréir le IFRS 5; agus

    (c)

    i gcomhréir leis na ceanglais in IAS 16 le haghaidh na samhla costais i ngach cás eile.

    AISTRITHE

    57

    Aistreoidh eintiteas réadmhaoin chuig, nó ó, réadmhaoin infheistíochta nuair a dhéantar athrú ar úsáid, agus an uair sin amháin. Tarlaíonn athrú ar úsáid nuair a chomhlíonann an réadmhaoin, nó a scoireann sé de bheith ag comhlíonadh, an tsainmhínithe ar réadmhaoin infheistíochta agus nuair is ann d’fhianaise den athrú ar úsáid. Go leithliseach, ní fhágann athrú ar rúin na bainistíochta maidir le húsáid réadmhaoine go soláthraítear fianaise ar athrú in úsáid. I measc na samplaí d’fhianaise ar athrú in úsáid tá siad seo a leanas:

    (a)

    tús le húinéir-áitiú, nó le forbairt d’fhonn úinéir-áitiú a bhaint amach, le haghaidh aistriú ó réadmhaoin infheistíochta go réadmhaoin úinéir-áitithe;

    (b)

    tús le forbairt d’fhonn í a dhíol, le haghaidh aistriú ó réadmhaoin infheistíochta go fardail;

    (c)

    deireadh le húinéir-áitiú, le haghaidh aistriú ó réadmhaoin úinéir-áitithe go réadmhaoin infheistíochta; agus

    (d)

    léas oibriúcháin a thionscnamh le páirtí eile, le haghaidh aistriú ó fhardail go réadmhaoin infheistíochta.

    (e)

    [scriosta]

    58

    Nuair a chinneann eintiteas réadmhaoin infheistíochta a dhiúscairt gan í a fhorbairt, leanann sé ag caitheamh leis an réadmhaoin mar réadmhaoin infheistíochta go dtí go ndéantar í a dhí-aithint (déantar í a fhágáil as an áireamh as an ráiteas maidir le staid airgeadais) agus ní athaicmítear í mar fhardal. Mar an gcéanna, má thosaíonn eintiteas ag athfhorbairt réadmhaoin infheistíochta atá ann cheana le húsáid go leanúnach sa todhchaí mar réadmhaoin infheistíochta, bíonn an réadmhaoin ina réadmhaoin infheistíochta i gcónaí agus ní athaicmítear í mar réadmhaoin úinéir-áitithe le linn na hathfhorbartha.

    59

    Beidh feidhm ag míreanna 60–65 maidir le saincheisteanna aitheantais agus tomhais a thagann chun cinn nuair a úsáideann eintiteas an tsamhail luacha chóir le haghaidh réadmhaoin infheistíochta. Nuair a úsáideann eintiteas an tsamhail chostais, ní athraíonn aistrithe idir réadmhaoin infheistíochta, réadmhaoin úinéir-áitithe agus fardail suim ghlanluacha na réadmhaoine arna haistriú agus ní athraíonn siad costas na réadmhaoine sin chun críocha tomhais nó nochta.

    60

    Le haghaidh aistriú ó réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ar luach cóir chuig réadmhaoin úinéir-áitithe nó fardail, beidh costas measta na réadmhaoine le haghaidh cuntasaíocht ina dhiaidh sin i gcomhréir le IAS 16, IFRS 16 nó IAS 2 cothrom lena luach cóir ar an dáta a athraítear úsáid.

    61

    Má bhíonn réadmhaoin úinéir-áitithe chun bheith ina réadmhaoin infheistíochta a shealbhófar ar luach cóir, cuirfidh eintiteas IAS 16 i bhfeidhm maidir le réadmhaoin faoi úinéireacht agus IFRS 16 maidir le réadmhaoin arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide suas go dtí an dáta ar tháinig athrú ar úsáid. Caithfidh an t-eintiteas le haon difríocht ar an dáta sin idir suim ghlanluacha na réadmhaoine i gcomhréir le IAS 16 nó IFRS 16 agus a luach cóir ar an mbealach céanna le hathluacháil i gcomhréir le IAS 16.

    62

    Suas go dtí an dáta a bheidh réadmhaoin úinéir-áitithe chun bheith ina réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ar luach cóir, déanann eintiteas dímheas ar an réadmhaoin (nó ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide) agus aithníonn sé aon chaillteanas lagaithe a tharla. Caitheann an t-eintiteas le haon difríocht ar an dáta sin idir suim ghlanluacha na réadmhaoine i gcomhréir le IAS 16 nó IFRS 16 agus a luach cóir ar an mbealach céanna le hathluacháil i gcomhréir le IAS 16. I bhfocail eile:

    (a)

    aon laghdú a leanann as sin ar shuim ghlanluacha na réadmhaoine, aithnítear é i mbrabús nó caillteanas. Mar sin féin, a mhéid a áirítear méid i mbarrachas athluachála don réadmhaoin sin, aithnítear an laghdú in ioncam cuimsitheach eile agus laghdaítear an barrachas athluachála laistigh de chothromas.

    (b)

    aon mhéadú a leanann as sin ar an tsuim ghlanluacha caitear leis mar a leanas:

    (i)

    a mhéid a aisiompaíonn an méadú caillteanas lagaithe roimhe sin don réadmhaoin sin, aithnítear an méadú i mbrabús nó caillteanas. Ní mó an méid a aithnítear i mbrabús nó caillteanas ná an méid is gá chun an tsuim ghlanluacha a athbhunú chuig an tsuim ghlanluacha a chinnfí (glan ar dímheas) i gcás nár aithníodh aon chaillteanas lagaithe.

    (ii)

    aithnítear aon chuid atá fágtha den mhéadú in ioncam cuimsitheach eile agus méadaítear an barrachas athluachála laistigh den eintiteas. Ar dhiúscairt na réadmhaoine infheistíochta ina dhiaidh sin, féadfar an barrachas athluachála a áirítear i gcothromas a aistriú chuig tuilleamh coimeádta. Ní dhéantar an t-aistriú ó bharrachas athluachála go tuilleamh coimeádta trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    63

    Le haghaidh aistriú ó fhardail chuig réadmhaoin infheistíochta a shealbhófar ar luach cóir, aon difríocht idir luach cóir na réadmhaoine ar an dáta sin agus a suim ghlanluacha roimhe sin, aithneofar é i mbrabús nó caillteanas.

    64

    Tá an láimhseáil ar aistrithe ó fhardail go réadmhaoin infheistíochta a shealbhófar ar luach cóir comhsheasmhach leis an láimhseáil ar dhíolacháin fardal.

    65

    Nuair a thugann eintiteas tógáil nó forbairt réadmhaoine infheistíochta féindéanta i gcrích, a dhéanfar ar luach cóir, aon difríocht idir luach cóir na réadmhaoine ar an dáta sin agus a suim ghlanluacha roimhe sin, déanfar é a aithint i mbrabús nó caillteanas.

    DIÚSCAIRTÍ

    66

    Déanfar réadmhaoin infheistíochta a dhí-aithint (a fhágáil as an áireamh as an ráiteas maidir le staid airgeadais) ar dhiúscairt nó nuair a tharraingítear réadmhaoin infheistíochta siar go buan ó úsáid agus nuair nach bhfuil coinne le haon tairbhe eacnamaíoch óna diúscairt amach anseo.

    67

    Féadfar réadmhaoin infheistíochta a dhiúscairt trí dhíol nó trí theacht isteach i léas airgeadais. Is é an dáta diúscartha le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a dhíoltar an dáta a fhaigheann an faighteoir smacht ar an réadmhaoin infheistíochta i gcomhréir leis na ceanglais chun a chinneadh cathain a chomhlíontar oibleagáid feidhmíochta in IFRS 15. Tá feidhm ag IFRS 16 maidir le diúscairt dá ndéantar difear trí theacht isteach i léas airgeadais agus maidir le díolachán agus aisléasú.

    68

    Más amhlaidh, i gcomhréir le prionsabal an aitheantais i mír 16, go n-aithníonn eintiteas i suim ghlanluacha sócmhainne an costas athsholáthair le haghaidh cuid de réadmhaoin infheistíochta, dí-aithníonn sé suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe. Le haghaidh réadmhaoin infheistíochta ar tugadh cuntas uirthi ag úsáid na samhla costais, féadfar nach cuid í an chuid athsholáthraithe a ndearnadh dímheas ar leithligh uirthi. Mura bhfuil sé infheidhmithe ag eintiteas suim ghlanluacha na coda athsholáthraithe a chinneadh, féadfaidh sé costas an athsholáthair a úsáid mar thásc ar an gcostas a bhí ar an gcuid athsholáthraithe tráth a fuarthas nó a rinneadh í. Faoin tsamhail luacha chóir, d’fhéadfadh luach cóir na réadmhaoine infheistíochta léiriú cheana féin go bhfuil a luach caillte ag an gcuid atá le hathsholáthar. I gcásanna eile d’fhéadfadh sé a bheith deacair a shoiléiriú cá mhéad ba cheart luach cóir a laghdú don chuid atá á hathsholáthar. Rogha eile maidir leis an luach cóir a laghdú don chuid athsholáthraithe, nuair nach bhfuil sé praiticiúil amhlaidh a dhéanamh, ná costas an athsholáthair a áireamh i suim ghlanluacha na sócmhainne agus ansin measúnú a dhéanamh arís ar an luach cóir, mar a cheanglófaí i gcás breiseanna nach mbeadh athsholáthar i gceist leo.

    69

    Gnóthachain nó caillteanais a eascraíonn as scor nó diúscairt na réadmhaoine infheistíochta, cinnfear iad mar an difríocht idir na glanfháltais diúscartha agus suim ghlanluacha na sócmhainne agus aithneofar iad i mbrabús nó caillteanas (mura gceanglaítear a mhalairt le IFRS 16 ar dhíolachán agus aisléasú) sa tréimhse scoir nó diúscartha.

    70

    An méid comaoine atá le háireamh sa ghnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as dí-aithint réadmhaoine infheistíochta, cinntear é i gcomhréir leis na ceanglais chun an praghas idirbhirt i míreanna 47–72 de IFRS 15 a chinneadh. Is i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hathruithe ar an bpraghas idirbhirt in IFRS 15 a choinneofar cuntas ar athruithe ina dhiaidh sin ar an méid measta comaoine a áirítear sa ghnóthachan nó sa chaillteanas.

    71

    Cuireann eintiteas IAS 37 nó Caighdeáin eile i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí, maidir le haon dliteanas a choinníonn sé tar éis réadmhaoin infheistíochta a dhiúscairt.

    72

    Cúiteamh ó thríú páirtithe le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a lagaíodh, a cailleadh nó a tarscaoileadh, aithneofar é i mbrabús nó caillteanas nuair a thiocfaidh an cúiteamh chun bhreith infhála.

    73

    Laguithe nó caillteanais réadmhaoine infheistíochta, éilimh ghaolmhara ar chúiteamh nó íocaíochtaí cúitimh ó thríú páirtithe agus ceannach nó déanamh sócmhainní athsholáthair, is teagmhais eacnamaíocha ar leithligh iad agus tugtar cuntas orthu ar leithligh mar a leanas:

    (a)

    aithnítear laguithe réadmhaoine infheistíochta i gcomhréir le IAS 36;

    (b)

    aithnítear scoir nó diúscairtí réadmhaoine infheistíochta i gcomhréir le míreanna 66–71 den Chaighdeán seo;

    (c)

    cúiteamh ó thríú páirtithe le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a lagaíodh, a cailleadh nó a tarscaoileadh, aithnítear é i mbrabús nó caillteanas nuair a thagann sé chun bheith infhála; agus

    (d)

    déantar costas na sócmhainní arna n-athchóiriú, arna gceannach nó arna ndéanamh mar athsholáthairtí a chinneadh i gcomhréir le míreanna 20–29 den Chaighdeán seo.

    NOCHTADH

    Samhail luacha chóir agus samhail chostais

    74

    Tá feidhm ag na nochtaí thíos anuas orthu sin in IFRS 16. I gcomhréir le IFRS 16, soláthraíonn úinéir réadmhaoine infheistíochta nochtaí léasóirí maidir le léasanna atá déanta aige. Léasaí a shealbhaíonn réadmhaoin infheistíochta mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide, soláthraíonn sé nochtaí léasóirí mar a cheanglaítear le IFRS 16 agus nochtaí léasóirí mar a cheanglaítear le IFRS 16 maidir le haon léas oibriúcháin arna dhéanamh aige.

    75

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    cé acu a chuireann sé an tsamhail luacha chóir nó an tsamhail chostais i bhfeidhm.

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    nuair is deacair aicmiú a dhéanamh (féach mír 14), na critéir a úsáideann sé chun réadmhaoin infheistíochta a idirdhealú ó réadmhaoin úinéir-áitithe agus ó réadmhaoin arna sealbhú le díol sa ghnáthchúrsa gnó.

    (d)

    [scriosta]

    (e)

    a mhéid atá luach cóir réadmhaoine infheistíochta (mar a thomhaistear nó mar a nochtar sna ráitis airgeadais) bunaithe ar luacháil arna déanamh ag luachálaí neamhspleách ag a bhfuil cáilíocht ghairmiúil aitheanta ábhartha agus ag a bhfuil taithí le déanaí ar shuíomh agus ar chatagóir na réadmhaoine infheistíochta atá á luacháil. Mura ndearnadh luacháil den sórt sin, nochtfar é sin.

    (f)

    na méideanna a aithníodh i mbrabús nó caillteanas le haghaidh:

    (i)

    ioncam ó chíos ó réadmhaoin infheistíochta;

    (ii)

    caiteachas díreach oibriúcháin (lena n-áirítear deisiúcháin agus cothabháil) a eascraíonn as réadmhaoin infheistíochta lenar gineadh ioncam cíosa le linn na tréimhse;

    (iii)

    caiteachas díreach oibriúcháin (lena n-áirítear deisiúcháin agus cothabháil) a eascraíonn as réadmhaoin infheistíochta nár gineadh ioncam cíosa léi le linn na tréimhse; agus

    (iv)

    an t-athrú carnach ar luach cóir a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas ar dhíolachán réadmhaoine infheistíochta, ó chomhthiomsú sócmhainní ina n-úsáidtear an tsamhail chostais, isteach i gcomhthiomsú ina n-úsáidtear an tsamhail luacha chóir (féach mír 32C).

    (g)

    gurb ann do shrianta agus an méid srianta ar inréadaitheacht na réadmhaoine infheistíochta nó ar sheoltán agus ar fháltais ó dhiúscairt.

    (h)

    oibleagáidí conarthacha chun réadmhaoin infheistíochta a cheannach, a thógáil nó a fhorbairt, nó le haghaidh deisiúchán, cothabhála nó feabhsuithe.

    Samhail luacha chóir

    76

    I dteannta na nochtaí a cheanglaítear le mír 75, eintiteas a chuireann an tsamhail luacha chóir i bhfeidhm i míreanna 33-55, nochtfaidh sé comhréiteach idir suimeanna glanluacha réadmhaoine infheistíochta ag tús agus ag deireadh na tréimhse, ag taispeáint na nithe a leanas:

    (a)

    breiseanna, ag nochtadh na mbreiseanna sin ar leithligh a leanann as fáltais agus iad sin a leanann as caiteachas ina dhiaidh sin arna n-aithint i suim ghlanluacha sócmhainne;

    (b)

    breiseanna a leanann as fáltais trí chomhcheangail ghnó;

    (c)

    sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 agus diúscairtí eile;

    (d)

    glanghnóthachain nó caillteanais ó choigeartuithe luacha chóir;

    (e)

    na glandifríochtaí ráta malairte a eascraíonn as na ráitis airgeadais a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil, agus as oibríocht eachtrach a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe an eintitis tuairiscithe;

    (f)

    aistrithe chuig agus ó fhardail agus réadmhaoin úinéir-áitithe; agus

    (g)

    athruithe eile.

    77

    Nuair a dhéantar luacháil arna fáil le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a choigeartú go suntasach chun críche na ráiteas airgeadais, chun comhaireamh dúbailte sócmhainní nó dliteanas a aithnítear mar shócmhainní agus dliteanais ar leithligh a sheachaint mar shampla, faoi mar a thuairiscítear i mír 50, nochtfaidh an t-eintiteas comhréiteach idir an luacháil a fuarthas agus an luacháil choigeartaithe atá áirithe sna ráitis airgeadais, ag taispeáint méid comhiomlán aon dliteanais léasa aitheanta ar leithligh a cuireadh ar ais, agus aon choigeartú suntasach eile.

    78

    Sna cásanna eisceachtúla dá dtagraítear i mír 53, nuair a thomhaiseann eintiteas réadmhaoin infheistíochta ag úsáid na samhla costais in IAS 16 nó i gcomhréir le IFRS 16, nochtfar leis an gcomhréiteach a cheanglaítear le mír 76 méideanna a bhaineann leis an réadmhaoin infheistíochta sin ar leithligh ó mhéideanna a bhaineann le réadmhaoin infheistíochta eile. Ina theannta sin, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    tuairisc ar an réadmhaoin infheistíochta;

    (b)

    míniú ar an gcúis nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa;

    (c)

    más féidir, raon na meastachán a bhfuil dóigh ard go mbeidh an luach cóir laistigh de; agus

    (d)

    ar dhiúscairt réadmhaoine infheistíochta nach sealbhaítear ag luach cóir:

    (i)

    toisc gur dhiúscair an t-eintiteas de réadmhaoin infheistíochta nár sealbhaíodh ag luach cóir;

    (ii)

    suim ghlanluacha na réadmhaoine infheistíochta sin tráth an díolacháin; agus

    (iii)

    an méid gnóthachain nó caillteanais a aithníodh.

    Samhail chostais

    79

    I dteannta na nochtaí a cheanglaítear le mír 75, eintiteas a chuirfidh an tsamhail chostais i mír 56 i bhfeidhm, nochtfaidh sé:

    (a)

    na modhanna dímheasa a úsáidtear;

    (b)

    na saolréanna úsáide nó na rátaí dímheasa a úsáidtear;

    (c)

    an t-oll-luach de réir na leabhar agus an dímheas carntha (arna chomhiomlánú le caillteanais lagaithe charntha) ag tús agus ag deireadh na tréimhse;

    (d)

    réiteach ar shuim ghlanluacha réadmhaoine infheistíochta ag tús agus ag deireadh na tréimhse, ag léiriú na nithe seo a leanas:

    (i)

    breiseanna, ag nochtadh ar leithligh na mbreiseanna sin a leanann as fáltais agus iad sin a leanann as caiteachas ina dhiaidh sin a aithnítear mar shócmhainn;

    (ii)

    breiseanna a leanann as fáltais trí chomhcheangail ghnó;

    (iii)

    sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 agus diúscairtí eile;

    (iv)

    dímheas;

    (v)

    an méid caillteanas lagaithe arna n-aithint, agus na méid caillteanas lagaithe arna n-aisiompú, le linn na tréimhse i gcomhréir le IAS 36;

    (vi)

    na glandifríochtaí ráta malairte a eascraíonn as na ráitis airgeadais a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil, agus as oibríocht eachtrach a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe an eintitis tuairiscithe;

    (vii)

    aistrithe chuig agus ó fhardail agus réadmhaoin úinéir-áitithe; agus

    (viii)

    athruithe eile.

    (e)

    luach cóir réadmhaoine infheistíochta. Sna cásanna eisceachtúla ar a dtugtar tuairisc i mír 53, nuair nach féidir le heintiteas luach cóir na réadmhaoine infheistíochta a thomhas go hiontaofa, nochtfaidh sé:

    (i)

    tuairisc ar an réadmhaoin infheistíochta;

    (ii)

    míniú ar an gcúis nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa; agus

    (iii)

    más féidir, raon na meastachán a bhfuil dóigh ard go mbeidh an luach cóir laistigh de.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    Samhail luacha chóir

    80

    Eintiteas a chuir IAS 40 (2000) i bhfeidhm roimhe seo agus a thoghann den chéad uair roinnt de na leasanna réadmhaoine incháilithe nó iad uile a aicmiú agus cuntas a choinneáil orthu, leasanna arna sealbhú faoi léasanna oibriúcháin mar réadmhaoin infheistíochta, aithneoidh an t-eintiteas éifeacht na rogha sin mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh na dtuilleamh coimeádta don tréimhse ina ndéantar an rogha den chéad uair. Anuas air sin:

    (a)

    má rinne an t-eintiteas nochtadh go poiblí roimhe sin (i ráitis airgeadais nó ar shlí eile) maidir le luach cóir na leasanna réadmhaoine sin i dtréimhsí níos luaithe (arna dtomhas ar bhonn a chomhlíonann an sainmhíniú maidir le luach cóir in IFRS 13), spreagtar an t-eintiteas, ach ní cheanglaítear air:

    (i)

    iarmhéid tosaigh na dtuilleamh coimeádta a choigeartú le haghaidh na tréimhse is túisce arna cur i láthair dar nochtadh luach cóir den sórt sin go poiblí; agus

    (ii)

    faisnéis chomparáideach a athshonrú le haghaidh na dtréimhsí sin; agus

    (b)

    murar nocht an t-eintiteas an fhaisnéis a thuairiscítear in (a) roimhe seo go poiblí, ní athshonróidh sé faisnéis chomparáideach agus nochtfaidh sé an fíoras sin.

    81

    Ceanglaítear leis an gCaighdeán seo láimhseáil atá difriúil leis an gceann a cheanglaítear le IAS 8. Ceanglaítear le IAS 8 go ndéanfaí faisnéis chomparáideach a athshonrú mura bhfuil athráiteas den sórt sin dofheidhmithe.

    82

    Nuair a chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ar dtús, áirítear leis an gcoigeartú ar iarmhéid tosaigh na dtuilleamh coimeádta athaicmiú aon mhéid arna shealbhú i mbarrachas athluachála le haghaidh réadmhaoin infheistíochta.

    Samhail chostais

    83

    Tá feidhm ag IAS 8 maidir le haon athrú ar bheartais chuntasaíochta a dhéantar nuair a chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ar dtús agus nuair a roghnaíonn sé an tsamhail chostais a úsáid. Áirítear le héifeacht an athraithe ar bheartais chuntasaíochta athaicmiú aon mhéid arna shealbhú i mbarrachas athluachála le haghaidh réadmhaoin infheistíochta.

    84

    Ceanglais mhíreanna 27–29 maidir le tomhas tosaigh réadmhaoine infheistíochta arna fáil i malartú idirbhirt sócmhainní, ní chuirfear i bhfeidhm iad go hionchasach iad ach amháin maidir le hidirbhearta amach anseo.

    Comhcheangail Ghnó

    84A

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2011–2013 arna eisiúint i mí na Nollag 2013, cuireadh mír 14A leis agus cuireadh ceannteideal roimh mhír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh éadálacha de réadmhaoin infheistíochta ó thús na chéad tréimhse dá nglacann sé an leasú sin. Dá dhroim sin, ní dhéanfar coigeartú ar an gcuntasaíocht le haghaidh réadmhaoin infheistíochta a fuarthas i réamhthréimhsí. Mar sin féin, féadfaidh eintiteas roghnú an leasú a chur i bhfeidhm ar éadálacha de réadmhaoin infheistíochta a tharla roimh thús na tréimhse bliantúla tosaigh a tharla ar an dáta éifeachtach nó ina dhiaidh sin má tá an fhaisnéis is gá chun an leasú a chur i bhfeidhm ar na hidirbhearta níos luaithe sin ar fáil don eintiteas agus sa chás sin amháin.

    IFRS 16

    84B

    Eintiteas a chuireann IFRS 16, agus a leasuithe gaolmhara i bhfeidhm maidir leis an gCaighdeán seo, cuirfidh sé na ceanglais maidir le haistriú i bhFoscríbhinn C de IFRS 16 i bhfeidhm ar a réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide.

    Aistrithe de Réadmhaoin infheistíochta

    84C

    Le hAistrithe de Réadmhaoin Infheistíochta (Leasuithe ar IAS 40), arna eisiúint i mí na Nollag 2016, leasaíodh míreanna 57–58. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar athruithe ar úsáid a tharla ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas na leasuithe i bhfeidhm ar dtús, nó ina dhiaidh (dáta an chur i bhfeidhm tosaigh). Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, déanfaidh eintiteas measúnú arís ar aicmiú réadmhaoine arna sealbhú ar an dáta sin agus, más infheidhme, déanfaidh sé athaicmiú ar réadmhaoin a chuirfidh míreanna 7–14 i bhfeidhm mar léiriú ar na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin.

    84D

    D’ainneoin na gceanglas i mír 84C, ceadaítear d’eintiteas na leasuithe a chur i bhfeidhm ar mhíreanna 57–58 go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 más féidir é sin a dhéanamh gan breathnú siar, agus an uair sin amháin.

    84E

    Má dhéanann eintiteas, i gcomhréir le mír 84C, athaicmiú ar réadmhaoin ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, déanfaidh eintiteas:

    (a)

    cuntas a choinneáil ar an athaicmiú ag cur na gceanglas i míreanna 59–64 i bhfeidhm. Agus míreanna 59–64 á gcur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas na nithe a leanas:

    (i)

    léifidh sé aon tagairt don dáta maidir le hathrú ar úsáid mar an dáta cur i bhfeidhm tosaigh; agus

    (ii)

    aithneoidh sé aon mhéid a d’aithneofaí, i gcomhréir le míreanna 59–64, i mbrabús nó caillteanas mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh na dtuilleamh coimeádta ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    (b)

    nochtfaidh sé na méideanna arna n-athaicmiú chuig, nó ó, réadmhaoin infheistíochta, i gcomhréir le mír 84C. Nochtfaidh an t-eintiteas na méideanna sin arna n-athaicmiú mar chuid de réiteach shuim ghlanluacha na réadmhaoine infheistíochta ag tús agus ag deireadh na tréimhse mar a cheanglaítear le míreanna 76 agus 79.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    85

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    85A

    Le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáidtear ar fud IFRSanna. Ina theannta sin leasaíodh mír 62 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    85B

    Leasaíodh míreanna 8, 9, 48, 53, 54 agus 57, scriosadh mír 22 agus cuireadh míreanna 53A agus 53B leis le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear d’eintiteas na leasuithe a chur i bhfeidhm maidir le réadmhaoin infheistíochta atá á tógáil ó aon dáta roimh an 1 Eanáir 2009 ar choinníoll gur tomhaiseadh luachanna córa na réadmhaoin infheistíochta a bhí á dtógáil ar na dátaí sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus an tráth céanna cuirfidh sé i bhfeidhm na leasuithe ar mhíreanna 5 agus 81E de IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh.

    85C

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i mír 5, leasaíodh míreanna 26, 29, 32, 40, 48, 53, 53B, 78–80 agus mír 85B agus scriosadh míreanna 36–39, 42–47, 49, 51 agus mír 75(d). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    85D

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2011–2013 arna eisiúint i mí na Nollag 2013 cuireadh ceannteidil leis roimh mhír 6 agus tar éis mhír 84 agus cuireadh mír 14A agus mír 84A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    85E

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 3(b), míreanna 9, 67 agus 70. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    85F

    Le IFRS 16, a eisíodh i mí Eanáir 2016, leasaíodh raon feidhme IAS 40 trí réadmhaoin infheistíochta a shainiú le réadmhaoin infheistíochta faoi úinéireacht agus réadmhaoin infheistíochta arna sealbhú ag léasaí mar shócmhainn lena ngabhann ceart úsáide araon a áireamh. Le IFRS 16 leasaíodh míreanna 5, 7, 8, 9, 16, 20, 30, 41, 50, 53, mír 53A, míreanna 54, 56, 60, 61, 62, 67, 69, 74, 75, 77 agus 78, cuireadh mír 19A, mír 29A, mír 40A agus mír 84B leis agus a cheannteideal gaolmhar agus scriosadh míreanna 3, 6, 25, 26 agus 34. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    85G

    Le hAistrithe Réadmhaoine Infheistíochta (Leasuithe ar IAS 40), arna eisiúint i mí na Nollag 2016, leasaíodh míreanna 57–58 agus cuireadh míreanna 84C–84E leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2018 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    85H

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2017, leasaíodh mír 32B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    AISTARRAINGT IAS 40 (2000)

    86

    Cuirtear an Caighdeán seo in ionad IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta (arna eisiúint in 2000).

    CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA 41

    Talmhaíocht

    CUSPÓIR

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo an cur chuige cuntasaíochta agus na nochtaí a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta a fhorordú.

    RAON FEIDHME

    1

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil orthu seo a leanas nuair a bhaineann siad le gníomhaíocht talmhaíochta:

    (a)

    sócmhainní bitheolaíochta, ach amháin plandaí iompair;

    (b)

    táirgí talmhaíochta ag pointe a mbuainte; agus

    (c)

    deontas rialtais arna gcumhdach ag míreanna 34 agus 35.

    2

    Níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    talamh a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta (féach IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh agus IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta).

    (b)

    plandaí iompair a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta (féach IAS 16). Mar sin féin, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an táirge ar na plandaí iompair sin.

    (c)

    deontas rialtais a bhaineann le plandaí iompair (féach IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais).

    (d)

    sócmhainní doláimhsithe a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta (féach IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe).

    (e)

    sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as léas ar thalamh a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta (féach IFRS 16 Léasanna).

    3

    Cuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le táirgí talmhaíochta, arb é an táirge buainte de shócmhainní bitheolaíocha an eintitis é, ag pointe a mbuainte. Cuirtear IAS 2 Fardail nó Caighdeán eile is infheidhme i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Dá réir sin, ní dhéileálann an Caighdeán seo le táirgí talmhaíochta a phróiseáil tar éis a mbuainte; caora fíniúna arna bpróiseáil ag fíoncheannaí a d’fhás na caora fíniúna mar shampla chun fíon a dhéanamh astu. Cé go bhféadfadh sé gur síneadh loighciúil agus nádúrtha ar ghníomhaíocht talmhaíochta í an phróiseáil sin, agus go bhféadfadh roinnt cosúlachta a bheith ag na teagmhais a tharlaíonn le claochlú bitheolaíoch, ní áirítear próiseáil den sórt sin laistigh den sainmhíniú ar ghníomhaíocht talmhaíochta sa Chaighdeán seo.

    4

    Soláthraítear samplaí sa tábla thíos de shócmhainní bitheolaíocha, táirgí talmhaíochta, agus táirgí a leanann as próiseáil tar éis a mbuainte:

    Sócmhainní bitheolaíocha

    Táirgí talmhaíochta

    Táirgí a leanann as próiseáil tar éis buainte

    Olann Caorach

    Olann

    Snáithe, cairpéad

    Crainn i bplandáil adhmaid

    Crainn a leagadh

    Loig, crainn leagtha

    Eallach déiríochta

    Bainne

    Cáis

    Muca

    Conablach

    Ispíní, liamháis leasaithe

    Plandaí cadáis

    Cadás lománaithe

    Snáithe, éadach

    Cána siúcra

    Cána buainte

    Siúcra

    Plandaí tobac

    Duilleoga pioctha

    Tobac leasaithe

    Sceacha tae

    Duilleoga pioctha

    Tae

    Fíniúnacha

    Fíonchaora pioctha

    Fíon

    Crainn torthaí

    Torthaí pioctha

    Torthaí próiseáilte

    Pailmeacha ola

    Torthaí pioctha

    Ola pailme

    Crainn rubair

    Laitéis buainte

    Táirgí rubair

    Comhlíonann roinnt plandaí, mar shampla, sceacha tae, fíniúnacha, ola pailme agus crainn rubair, an sainmhíniú ar phlanda iompair de ghnáth agus tá siad faoi raon feidhme IAS 16. Tá na táirgí a fhásann ar phlandaí iompair, áfach, mar shampla, duilleoga tae, fíonchaora, torthaí ola pailme agus laitéis, faoi raon feidhme IAS 41.

    SAINMHÍNITHE

    Sainmhínithe a bhaineann leis an talmhaíocht

    5

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is éard is gníomhaíocht talmhaíochta ann an bhainistíocht a dhéanann eintiteas ar chlaochlú bitheolaíoch agus ar bhuaint sócmhainní bitheolaíochta le díol nó le tiontú ina dtáirgí talmhaíochta nó ina sócmhainní bitheolaíochta breise.

     

    Is éard is táirgí talmhaíochta ann, táirgí bainte de shócmhainní bitheolaíocha an eintitis.

     

    Is éard is planda iompair ann planda beo:

    (a)

    a úsáidtear chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh nó a sholáthar;

    (b)

    a bhfuil coinne leis go n-iompróidh sé táirgí ar feadh níos mó ná aon tréimhse amháin; agus

    (c)

    agus gur beag dóchúlacht atá ann go ndíolfar é mar tháirge talmhaíochta, ach amháin i gcás díolacháin draimh theagmhasaigh.

     

    Is éard is sócmhainn bhitheolaíoch ann ainmhí nó planda beo.

     

    Cuimsítear le claochlú bitheolaíoch próisis fáis, meathlúcháin, táirgeachta, agus tuismeadh lena ndéantar athruithe cáilíochtúla nó cainníochtúla ar shócmhainn bhitheolaíoch.

     

    Is éard is costais a bhaineann le díol ann na costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith diúscairt sócmhainne, gan costais maoiniúcháin agus cánacha ioncaim san áireamh.

     

    Is éard is grúpa sócmhainní bitheolaíochta ann comhiomlánú d’ainmhithe nó plandaí beo comhchosúla.

     

    Is éard is buaint ann táirgí a dhí-astú ó shócmhainn bhitheolaíoch nó scor de phróisis beatha sócmhainne bitheolaíche.

    5A

    Ní plandaí iompair iad seo a leanas:

    (a)

    plandaí arna gcur le buaint mar tháirgí talmhaíochta (crainn a fhástar le húsáid mar adhmad, mar shampla);

    (b)

    plandaí arna gcur chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh nuair atá níos mó ná dóchúlacht chaol ann go mbuainfidh agus go ndíolfaidh an t-eintiteas an planda mar tháirge talmhaíochta freisin, seachas díolachán de dhramhaíl theagmhasach (crainn a chuirtear de bharr a gcuid torthaí agus a gcuid adhmaid araon, mar shampla); agus

    (c)

    barra bliantúla (grán buí agus cruithneacht, mar shampla).

    5B

    Nuair nach n-úsáidtear plandaí iompair a thuilleadh chun táirgí a dhéanamh d’fhéadfaí iad a ghearradh agus a dhíol mar dhramhaíl, mar shampla, le húsáid mar chonnadh. Ní chuirfeadh díolachán dramhaíola teagmhasaí den sórt sin cosc ar an bplanda an sainmhíniú maidir le planda iompair a chomhlíonadh.

    5C

    Is sócmhainn bhitheolaíoch an táirge a fhásann ar phlandaí iompair.

    6

    Cumhdaíonn gníomhaíocht talmhaíochta raon éagsúil gníomhaíochtaí; beostoc a thógáil, foraoiseacht, barr a chur go bliantúil nó go hilbhliantúil, úlloird agus plandálacha a chur, bláthadóireacht, agus dobharshaothrú (lena n-áirítear feirmeoireacht éisc). Tá gnéithe coiteann áirithe laistigh den éagsúlacht sin:

    (a)

    An cumas athrú. Tá ainmhithe agus plandaí beo in ann claochlú bitheolaíoch a dhéanamh;

    (b)

    Bainistíocht ar athrú. Éascaíonn bainistíocht claochlú bitheolaíoch trí choinníollacha a fheabhsú, nó a chobhsú ar a laghad, coinníollacha is gá ionas go dtarlóidh an próiseas (leibhéil chothaitheach, taise, teocht, torthúlacht, agus solas mar shampla). Déantar idirdhealú le bainistíocht den sórt sin idir gníomhaíocht talmhaíochta agus gníomhaíochtaí eile. Ní gníomhaíocht talmhaíochta mar shampla buaint ó fhoinsí neamhbhainistithe (amhail iascaireacht aigéin agus dífhoraoisiú); agus

    (c)

    Athrú a thomhas. An t-athrú ar cháilíocht (fiúntas géiniteach, dlús, aibíocht, cumhdach saille, ábhar próitéine, agus neart snáithín mar shampla) nó ar chainníocht (sliocht, meáchan, méadar ciúbach, fad nó trastomhas snáithín, agus an líon bachlóg, mar shampla) arna ndéanamh de bharr claochlú bitheolaíoch nó buainte, déantar é a thomhas agus a fhaire mar ghnáthfheidhm bhainistíochta.

    7

    Leanann na cineálacha seo a leanas torthaí as claochlú bitheolaíoch:

    (a)

    athruithe ar shócmhainní trí (i) fás (méadú ar chainníocht nó feabhas ar cháilíocht ainmhí nó planda), (ii) meathlúchán (laghdú ar chainníocht nó trochlú ar cháilíocht ainmhí nó planda), nó (iii) tuismeadh (tuilleadh ainmhithe nó plandaí beo a chruthú); nó

    (b)

    táirgí talmhaíochta amhail laitéis, duilleoga tae, olann, agus bainne a tháirgeadh.

    Sainmhínithe ginearálta

    8

    Úsáidtear na téarmaí seo a leanas sa Chaighdeán seo in éineacht leis na bríonna a shonraítear:

     

    Is ionann an tsuim ghlanluacha agus an méid ag a n-aithnítear sócmhainn sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

     

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.)

     

    Tá deontais rialtais mar a shainmhínítear iad in IAS 20.

    9

    [Scriosta]

    AITHEANTAS AGUS TOMHAS

    10

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn bhitheolaíoch nó táirgí talmhaíochta a aithint:

    (a)

    nuair a rialaíonn an t-eintiteas an tsócmhainn de thoradh teagmhais roimhe seo;

    (b)

    nuair is dóchúil go sreabhfaidh tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo atá bainteach leis an tsócmhainn chuig an eintiteas; agus

    (c)

    nuair is féidir luach cóir nó costas na sócmhainne a thomhas go hiontaofa, agus an uair sin amháin.

    11

    I ngníomhaíocht talmhaíochta, féadfar rialú a fheiceáil trí, mar shampla, úinéireacht dhlíthiúil ar eallach agus brandáil nó marcáil eile an eallaigh ar éadáil, bhreith, nó ar scoitheadh dóibh. Déantar measúnú ar na tairbhí amach anseo de ghnáth trí na saintréithe fisiceacha suntasacha a thomhas.

    12

    Tomhaisfear sócmhainn bhitheolaíoch ar aitheantas tosaigh agus ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, ach amháin sa chás ar a dtugtar tuairisc i mír 30 i gcás nach féidir an luach cóir a thomhas go hiontaofa.

    13

    Táirgí talmhaíochta arna mbuaint ó shócmhainní bitheolaíochta eintitis, déanfar iad a thomhas ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol ag pointe na buainte. Is ionann tomhas den sórt sin agus an costas ar an dáta nuair a chuirtear Fardail IAS 2 nó caighdeán eile is infheidhme i bhfeidhm.

    14

    [Scriosta]

    15

    Féadfar an tomhas luach cóir a dhéanfar ar shócmhainn bhitheolaíoch nó ar tháirgí talmhaíochta a éascú trí shócmhainní bitheolaíochta nó táirgí talmhaíochta a ghrúpáil de réir saintréithe suntasacha; de réir aoise nó cáilíochta, mar shampla. Roghnaíonn eintiteas na saintréithe a chomhfhreagraíonn do na saintréithe a úsáideadh sa mhargadh mar bhunús praghsála.

    16

    Déanann eintitis conarthaí go minic chun a gcuid sócmhainní bitheolaíochta nó a dtáirgí talmhaíochta a dhíol ar dháta sa todhchaí. Ní gá do phraghsanna conartha a bheith ábhartha chun an luach cóir a thomhas, toisc go léiríonn an luach cóir na dálaí margaidh reatha a dhéanfadh ceannaitheoirí agus díoltóirí atá rannpháirteach sa mhargadh in idirbheart. Mar thoradh air sin, ní dhéantar luach cóir sócmhainne bitheolaíche nó táirgí talmhaíochta a choigeartú toisc gurb ann do chonradh. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé gur conradh dochraideach é an conradh chun sócmhainn bhitheolaíoch nó táirgí talmhaíochta a dhíol, mar a shainmhínítear in IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha. Tá feidhm ag IAS 37 maidir le conarthaí dochraideacha.

    17-21 bliana

    [Scriosta]

    22

    Ní áiríonn eintiteas aon sreabhadh airgid chun na sócmhainní a mhaoiniú nó chun sócmhainní bitheolaíochta a athbhunú tar éis a mbuainte (an costas maidir le crainn a athphlandú i bhfáschoill tar éis a mbuainte, mar shampla).

    23

    [Scriosta]

    24

    D’fhéadfaí an luach cóir a neasú leis an gcostas uaireanta, go háirithe:

    (a)

    nuair is beag claochlú bitheolaíoch a tharla ó tabhaíodh an costas tosaigh (síológa a plandáladh láithreach roimh dheireadh tréimhse tuairiscithe nó beostoc a fuarthas as an nua, mar shampla); nó

    (b)

    nuair nach bhfuil coinne leis go mbeidh an tionchar a bheidh ag an gclaochlú bitheolaíoch ábhartha (le haghaidh an fháis tosaigh mar shampla i dtimthriall táirgeachta plandála péine 30 bliain, mar shampla).

    25

    Bíonn sócmhainní bitheolaíochta ceangailte go fisiceach le talamh go minic (crainn i bhfáschoill mar shampla). D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon mhargadh ar leithligh ann le haghaidh sócmhainní bitheolaíochta atá ceangailte leis an talamh ach d’fhéadfadh margadh gníomhach a bheith ann le haghaidh na gcomhshócmhainní, is é sin, le haghaidh na sócmhainní bitheolaíochta, talamh amh, agus feabhsuithe ar an talamh, mar phacáiste. Féadfaidh eintiteas faisnéis maidir leis na comhshócmhainní a úsáid chun luach cóir na sócmhainní bitheolaíochta a thomhas. D’fhéadfaí luach cóir talún aimhe agus feabhsuithe talún a asbhaint as luach cóir na gcomhshócmhainní mar shampla chun teacht ar luach cóir na sócmhainní bitheolaíochta.

    Gnóthachain agus caillteanais

    26

    Gnóthachan nó caillteanas ag eascairt as aitheantas tosaigh sócmhainne bitheolaíche ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol agus ó athrú ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol sócmhainne bitheolaíche, áireofar iad i mbrabús nó caillteanas don tréimhse ina dtarlaíonn siad.

    27

    D’fhéadfadh caillteanas eascairt as aitheantas tosaigh sócmhainne bitheolaíche, toisc go n-asbhaintear costais a bhaineann le díol chun luach cóir lúide costais a bhaineann le díol sócmhainne bitheolaíche a chinneadh. D’fhéadfadh gnóthachan eascairt as aitheantas tosaigh sócmhainne bitheolaíche, amhail nuair a bheirtear lao.

    28

    Gnóthachan nó caillteanas a eascraíonn as aitheantas tosaigh táirgí talmhaíochta ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, áireofar iad i mbrabús nó caillteanas don tréimhse ina n-eascraíonn siad.

    29

    D’fhéadfadh gnóthachan nó caillteanas eascairt as aitheantas tosaigh táirgí talmhaíochta de thoradh buainte.

    Nuair nach bhfuiltear ábalta luach cóir a thomhas go hiontaofa

    30

    Is ann do thoimhde gur féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa le haghaidh sócmhainn bhitheolaíoch. Ní féidir an toimhde sin a bhréagnú áfach ach amháin ar aitheantas tosaigh le haghaidh sócmhainn bhitheolaíoch nach bhfuil margadhphraghsanna luaite ar fáil di agus dá gcinntear go follasach nach féidir brath ar thoisí luach cóir malartacha. I gcás den sórt sin, tomhaisfear an tsócmhainn bhitheolaíoch sin ar a costas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha. A luaithe is a bhíonn luach cóir sócmhainne bitheolaíche den sórt sin intomhaiste go hiontaofa, tomhaisfidh eintiteas é ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol. A luaithe is a chomhlíonann sócmhainn bhitheolaíoch neamhreatha na critéir atá le haicmiú mar arna sealbhú le díol (nó atá áirithe i ngrúpa diúscartha atá aicmithe mar arna sealbhú le díol) i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha, glactar leis gur féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa.

    31

    Ní féidir an toimhde i mír 30 a bhréagnú ach amháin ar aitheantas tosaigh. Eintiteas a thomhais sócmhainn bhitheolaíoch roimhe seo ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, leanann sé ag tomhas na sócmhainne bitheolaíche ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol go dtí go ndéantar í a dhiúscairt.

    32

    I ngach cás, tomhaiseann eintiteas táirgí talmhaíochta ag pointe a mbuainte ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol. Léirítear leis an gcaighdeán sin an tuairim gur féidir luach cóir táirgí talmhaíochta ag pointe a mbuainte a thomhas go hiontaofa i gcónaí.

    33

    Agus an costas, dímheas carntha agus caillteanais lagaithe charntha á gcinneadh, breithníonn eintiteas IAS 2, IAS 16 agus IAS 36 Lagú Sócmhainní.

    DEONTAIS RIALTAIS

    34

    Deontas rialtais neamhchoinníollach a bhaineann le sócmhainn bhitheolaíoch arna tomhas ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, aithneofar é i mbrabús nó caillteanas nuair a thagann an deontas rialtais chun bheith infhála agus an uair sin amháin.

    35

    Má bhíonn coinníollacha ag baint le deontas rialtais a bhaineann le sócmhainn bhitheolaíoch arna tomhas ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, lena n-áirítear nuair a cheanglaítear le deontas rialtais ar eintiteas gan a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht talmhaíochta shonrach, aithneoidh eintiteas an deontas rialtais i mbrabús nó caillteanas nuair a chomhlíontar na coinníollacha atá i gceangal leis an deontas rialtais agus an uair sin amháin.

    36

    Bíonn éagsúlacht ag baint leis na téarmaí agus coinníollacha i ndeontais rialtais. D’fhéadfaí a chur de cheangal ar eintiteas le deontas mar shampla feirmeoireacht a dhéanamh i suíomh áirithe ar feadh 5 bliana agus d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas an deontas uile a thabhairt ar ais má dhéanann sé feirmeoireacht ar feadh tréimhse níos giorra ná 5 bliana. Sa chás sin, ní aithnítear an deontas i mbrabús nó caillteanas go dtí go mbeidh na 5 bliana caite. Mar sin féin, má cheadaíonn téarmaí an deontais go gcoinneofar cuid de de réir an ama atá imithe in éag, aithníonn an t-eintiteas an chuid sin i mbrabús nó caillteanas de réir mar a imíonn an t-am.

    37

    Má bhaineann deontas rialtais le sócmhainn bhitheolaíoch arna tomhas ar a costas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha (féach mír 30), cuirtear IAS 20 i bhfeidhm.

    38

    Ceanglaítear leis an gcaighdeán seo go ndéanfaí láimhseáil atá difriúil le IAS 20, má bhaineann deontas rialtais le sócmhainn bhitheolaíoch arna tomhas ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol nó má cheanglaítear le deontas rialtais ar eintiteas gan a bheith ag gabháil do ghníomhaíocht talmhaíochta shonrach. Ní chuirtear IAS 20 i bhfeidhm ach amháin maidir le deontas rialtais a bhaineann le sócmhainn bhitheolaíoch arna tomhas ar a costas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha.

    NOCHTADH

    39

    [Scriosta]

    Ginearálta

    40

    Nochtfaidh eintiteas an gnóthachan nó an caillteanas comhiomlán a eascróidh le linn na tréimhse reatha as aitheantas tosaigh sócmhainní bitheolaíochta agus táirgí talmhaíochta agus as an athrú ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol sócmhainní bitheolaíochta.

    41

    Soláthróidh eintiteas tuairisc ar gach grúpa sócmhainní bitheolaíochta.

    42

    D’fhéadfadh an nochtadh a cheanglaítear le mír 41 a bheith i bhfoirm cur síos mionsonraithe nó tuairisc chainníochtúil.

    43

    Spreagtar eintiteas chun tuairisc chainníochtúil a sholáthar ar gach grúpa sócmhainní bitheolaíochta, ag idirdhealú idir sócmhainní intomhalta agus sócmhainní bitheolaíochta iompair nó idir sócmhainní bitheolaíochta aibí agus neamhaibí, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh eintiteas suimeanna glanluacha sócmhainní bitheolaíochta intomhalta agus sócmhainní bitheolaíochta iompair a nochtadh de réir grúpa, mar shampla. Féadfaidh eintiteas na suimeanna glanluacha sin a dheighilt tuilleadh idir sócmhainní aibí agus neamhaibí. Soláthraíonn na hidirdhealuithe sin faisnéis a d’fhéadfadh cuidiú chun measúnú a dhéanamh ar uainiú na sreafaí airgid todhchaí. Nochtann eintiteas an bunús maidir le hidirdhealuithe den sórt sin a dhéanamh.

    44

    Is éard is sócmhainní bitheolaíocha intomhalta ann na sócmhainní sin atá le baint mar tháirgí talmhaíochta nó le díol mar shócmhainní bitheolaíocha. I measc na samplaí de shócmhainní bitheolaíocha intomhalta tá beostoc atá beartaithe chun feoil a tháirgeadh, beostoc a choinnítear le díol, iasc i bhfeirmeacha, barra amhail grán buí agus cruithneacht, táirgí ar phlanda iompair agus crainn atá á bhfás le haghaidh connadh. Is éard is sócmhainní bitheolaíocha iompair ann na sócmhainní sin nach sócmhainní bitheolaíocha intomhalta iad; mar shampla, beostoc óna dtáirgtear bainne agus crainn torthaí óna mbuaintear torthaí. Ní táirgí talmhaíochta iad sócmhainní bitheolaíochta iompair ach coinnítear iad, ina ionad sin, chun táirgí a iompar.

    45

    D’fhéadfaí sócmhainní bitheolaíochta a aicmiú mar shócmhainní bitheolaíochta aibí nó mar shócmhainní bitheolaíochta neamhaibí. Is éard atá i gceist le sócmhainní bitheolaíocha aibí na sócmhainní sin a bhfuil sonraíochtaí inbhuainte bainte amach acu (maidir le sócmhainní bitheolaíocha intomhalta) nó ar féidir leo buainte tráthrialta a chothú (maidir le sócmhainní bitheolaíocha iompair).

    46

    Mura nochtar in áit éigin eile iad i bhfaisnéis a fhoilsítear in éineacht leis na ráitis airgeadais, nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    cineál a chuid gníomhaíochtaí lena mbaineann gach grúpa sócmhainní bitheolaíochta; agus

    (b)

    bearta nó meastacháin neamhairgeadais de chainníochtaí fisiceacha:

    (i)

    gach grúpa de shócmhainní bitheolaíochta an eintitis ag deireadh na tréimhse; agus

    (ii)

    aschur táirgí talmhaíochta le linn na tréimhse.

    47-48 bliana

    [Scriosta]

    49

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    gurb ann do shócmhainní bitheolaíocha agus suimeanna glanluacha na sócmhainní bitheolaíochta a bhfuil a dteideal srianta, agus suimeanna glanluacha sócmhainní bitheolaíochta a ghealltar mar urrús le haghaidh dliteanas;

    (b)

    an méid gealltanas chun sócmhainní bitheolaíocha a fhorbairt nó a fháil; agus

    (c)

    straitéisí bainistíochta riosca airgeadais a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta.

    50

    Cuirfidh eintiteas réiteach i láthair d’athruithe ar shuim ghlanluacha sócmhainní bitheolaíochta idir tús agus deireadh na tréimhse reatha. Áireofar leis an réiteach:

    (a)

    an gnóthachan nó an caillteanas a eascraíonn as athruithe ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol;

    (b)

    méaduithe i ngeall ar cheannacháin;

    (c)

    laghduithe atá inchurtha i leith díolachán agus sócmhainní bitheolaíochta a aicmítear mar arna sealbhú lena ndíol (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar arna shealbhú le díol) i gcomhréir le IFRS 5;

    (d)

    laghduithe i ngeall ar bhuaint;

    (e)

    méaduithe a leanann as comhcheangail ghnó;

    (f)

    glandifríochtaí ráta malairte a eascraíonn as ráitis airgeadais a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe difriúil, agus as oibríocht eachtrach a aistriú go dtí airgeadra tuairiscithe an eintitis tuairiscithe; agus

    (g)

    athruithe eile.

    51

    Is féidir le luach cóir lúide costais a bhaineann le díol sócmhainne bitheolaíche athrú i ngeall ar athruithe fisiceacha agus athruithe ar phraghsanna sa mhargadh araon. Tá sé áisiúil nochtadh ar leithligh a dhéanamh ar athruithe fisiceacha agus praghsanna chun breithmheas a thabhairt ar fheidhmíocht na tréimhse reatha agus ar ionchais don todhchaí, go háirithe nuair a bhíonn timthriall táirgeachta de bhreis ar 1 bhliain amháin i gceist. Sna cásanna sin, spreagtar eintiteas nochtadh a dhéanamh, de réir grúpa nó ar shlí eile, maidir leis an méid athraithe ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol atá áirithe i mbrabús nó caillteanas i ngeall ar athruithe fisiceacha agus i ngeall ar athruithe ar phraghsanna. Ní bhíonn an fhaisnéis sin chomh húsáideach nuair a bhíonn an timthriall táirgeachta níos giorra ná 1 bhliain amháin (nuair a bhítear ag tógáil sicíní nó ag fás barr arbhair mar shampla).

    52

    Tarlaíonn roinnt cineálacha athrú fisiceach de bharr claochlú bitheolaíoch – fás, meathlúchán, táirgeadh, agus tuismeadh, agus tá gach ceann díobh inbhraite agus intomhaiste. Tá gaol díreach ag gach ceann de na hathruithe fisiceacha sin le tairbhí eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo. Is athrú fisiceach freisin é athrú ar luach cóir sócmhainne bitheolaíche i ngeall ar bhuaint.

    53

    Bíonn gníomhaíocht talmhaíochta neamhchosanta ar rioscaí aeráide, galair agus ar rioscaí nádúrtha eile go minic. Má tharlaíonn teagmhas a fhágann go gcruthaítear mír ábhartha ioncaim nó speansais, nochtar cineál agus méid na míre i gcomhréir le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais. I measc na samplaí de theagmhas den sórt sin tá ráig de ghalar nimhneach, tuile, triomach nó sioc mór, agus plá feithidí.

    Nochtaí breise le haghaidh sócmhainní bitheolaíochta i gcás nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa

    54

    Má thomhaiseann eintiteas sócmhainní bitheolaíochta ag a gcostas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha (féach mír 30) ag deireadh na tréimhse, déanfaidh an t-eintiteas nochtadh le haghaidh sócmhainní bitheolaíochta den sórt sin:

    (a)

    tuairisc ar na sócmhainní bitheolaíochta;

    (b)

    míniú ar an gcúis nach féidir luach cóir a thomhas go hiontaofa;

    (c)

    más féidir, raon na meastachán a bhfuil dóigh ard go mbeidh an luach cóir laistigh de;

    (d)

    an modh dímheasa a úsáidtear;

    (e)

    na saolréanna úsáide nó na rátaí dímheasa a úsáidtear; agus

    (f)

    an t-oll-luach de réir na leabhar agus an dímheas carntha (arna chomhiomlánú le caillteanais lagaithe charntha) ag tús agus ag deireadh na tréimhse.

    55

    Má thomhaiseann eintiteas, le linn na tréimhse reatha, sócmhainní bitheolaíochta ag a gcostas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha (féach mír 30), nochtfaidh eintiteas aon ghnóthachan nó caillteanas a aithníodh ar dhiúscairt sócmhainní bitheolaíochta den sórt sin agus nochtfar sa réiteach a cheanglaítear le mír 50 méideanna a bhaineann le sócmhainní bitheolaíochta ar leithligh. Ina theannta sin, áireofar sa réiteach na méideanna a leanas atá áirithe i mbrabús nó caillteanas a bhaineann leis na sócmhainní bitheolaíochta sin:

    (a)

    caillteanais lagaithe;

    (b)

    cealuithe ar chaillteanais lagaithe; agus

    (c)

    dímheas.

    56

    Má thagann luach cóir na sócmhainní bitheolaíochta arna dtomhas roimhe sin ag a gcostas lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas lagaithe carntha chun bheith intomhaiste go hiontaofa le linn na tréimhse reatha, déanfaidh eintiteas nochtadh maidir leis na sócmhainní bitheolaíochta sin:

    (a)

    tuairisc ar na sócmhainní bitheolaíochta;

    (b)

    míniú ar an gcúis gur tháinig an luach cóir chun bheith intomhaiste go hiontaofa; agus

    (c)

    éifeacht an athraithe.

    Deontais rialtais

    57

    Nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta arna cumhdach leis an gcaighdeán seo:

    (a)

    cineál agus méid na ndeontas rialtais a aithnítear sna ráitis airgeadais;

    (b)

    coinníollacha nár comhlíonadh agus teagmhais eile atá i gceangal le deontais rialtais; agus

    (c)

    laghduithe suntasacha a bhfuil coinne leo ar leibhéal na ndeontas rialtais.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    58

    Tagann an caighdeán seo i bhfeidhm le haghaidh ráitis airgeadais bhliantúla lena gcumhdaítear tréimhsí dar tús an 1 Eanáir 2003 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2003, nochtfaidh sé an méid sin.

    59

    Ní bhunaítear aon fhoráil idirthréimhseach shonrach leis an gcaighdeán seo. Tugtar cuntas ar ghlacadh an chaighdeáin seo i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    60

    Leasaíodh míreanna 5, 6, 17, 20 agus 21 agus scriosadh mír 14 le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    61

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 8, 15, 16, 25 agus 30 agus scriosadh míreanna 9, 17–21, 23, 47 agus 48. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    62

    Talmhaíocht: Le Plandaí Iompair (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 41), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2014, leasaíodh míreanna 1–5, 8, 24 agus 44 agus cuireadh míreanna 5A–5C agus 63 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8.

    63

    Sa tréimhse tuairiscithe nuair a chuirtear Talmhaíocht: Plandaí Iompair (Leasuithe ar IAS 16 agus IAS 41) i bhfeidhm den chéad uair, ní gá d’eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 maidir leis an tréimhse reatha a nochtadh. An fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 maidir le gach réamhthréimhse a chuirtear i láthair, áfach, cuirfidh eintiteas an fhaisnéis sin i láthair.

    64

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 2. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    65

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 2018–2020, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh mír 22. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm ar thoisí luach cóir ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla nó ina dhiaidh sin dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 1

    Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a Ghlacadh den Chéad Uair

    CUSPÓIR

    1

    Is é cuspóir an IFRS seo a áirithiú go bhfuil ardcháilíocht faisnéise sna chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, agus a thuarascálacha airgeadais eatramhacha le haghaidh cuid den tréimhse a chumhdaíonn na ráitis airgeadais sin, agus go bhfuil an fhaisnéis sin:

    (a)

    trédhearcach d’úsáideoirí agus inchomparáide le linn gach tréimhse a chuirtear i láthair;

    (b)

    ag soláthar túsphointe oiriúnach don chuntasaíocht i gcomhréir le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna); agus

    (c)

    gur féidir í a ghiniúint ar chostas nach mó ná na sochair.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm:

    (a)

    ina chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais; agus

    (b)

    i ngach tuarascáil airgeadais eatramhach, más ann dóibh, ina gcuireann sé i láthair i gcomhréir le IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach le haghaidh cuid den tréimhse a chumhdaítear ag a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    3

    Is iad na chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais atá ag eintiteas na chéad ráitis airgeadais bhliantúla ina nglacann an t-eintiteas IFRSanna, trí ráiteas sainráite agus gan chuntar sna ráitis airgeadais sin maidir le comhlíontacht le IFRSanna. Is ráitis airgeadais i gcomhréir le IFRSanna na chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais atá ag eintiteas má rinne an t-eintiteas, mar shampla:

    (a)

    a ráitis airgeadais is déanaí roimhe sin a chur i láthair:

    (i)

    i gcomhréir le ceanglais náisiúnta nach bhfuil comhsheasmhach le IFRSanna ar gach slí;

    (ii)

    i gcomhréir le IFRSanna ar gach slí, ach amháin nach raibh ráiteas sainráite agus gan chuntar sna ráitis airgeadais gur comhlíonadh IFRSanna leo;

    (iii)

    ina raibh ráiteas sainráite comhlíontachta le roinnt IFRSanna, ach ní gach IFRS;

    (iv)

    i gcomhréir le ceanglais náisiúnta atá ar neamhréir le IFRSanna, ag úsáid roinnt IFRSanna ar leithligh chun cuntas a choinneáil ar mhíreanna nárbh ann do cheanglais náisiúnta ina leith; nó

    (v)

    i gcomhréir le ceanglais náisiúnta, agus comhréiteach roinnt méideanna leis na méideanna arna gcinneadh i gcomhréir le IFRSanna;

    (b)

    ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir le IFRSanna le húsáid go hinmheánach amháin, gan iad a chur ar fáil d’úinéirí an eintitis ná d’aon úsáideoir seachtracha eile;

    (c)

    pacáiste tuairiscithe a ullmhú i gcomhréir le IFRSanna chun críocha comhdhlúthaithe gan tacar iomlán de ráitis airgeadais a ullmhú mar a shainmhínítear in IAS 1 Ráitis Airgeadais a Chur i Láthair (arna athbhreithniú in 2007); nó

    (d)

    gan ráitis airgeadais a chur i láthair do thréimhsí roimhe seo.

    4

    Tá feidhm ag an IFRS seo nuair a ghlacann eintiteas IFRSanna den chéad uair. Ní bhíonn feidhm aige sna cásanna seo a leanas, mar shampla:

    (a)

    stopann eintiteas ag cur i láthair ráitis airgeadais i gcomhréir le ceanglais náisiúnta, tar éis dó iad a chur i láthair roimhe sin chomh maith le tacar de ráitis airgeadais eile ina raibh ráiteas comhlíontachta sainráite agus gan chuntar maidir le IFRSanna;

    (b)

    chuir eintiteas i láthair ráitis airgeadais sa bhliain roimhe sin i gcomhréir le ceanglais náisiúnta agus go raibh sna ráitis airgeadais sin ráiteas comhlíontachta sainráite agus gan chuntar maidir le IFRSanna; nó

    (c)

    chuir eintiteas i láthair ráitis airgeadais sa bhliain roimhe sin ina raibh ráiteas comhlíontachta sainráite agus gan chuntar maidir le IFRSanna fiú má cháiligh na hiniúchóirí a dtuarascáil iniúchta ar na ráitis airgeadais sin.

    4A

    D’ainneoin na ceanglais i míreanna 2 agus 3, eintiteas a chuir IFRSanna i bhfeidhm i dtréimhse tuairiscithe roimhe, ach nach raibh ráiteas comhlíontachta sainráite agus gan chuntar maidir le IFRSanna ina ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí, ní mór don eintiteas sin an IFRS seo a chur i bhfeidhm nó sin IFRSanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta amhail is dá mba rud é nár scoir an t-eintiteas de IFRSanna a chur i bhfeidhm.

    4B

    I gcás nach roghnaíonn eintiteas an IFRS seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 4A, cuirfidh an t-eintiteas i bhfeidhm na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 23A–23B de IFRS 1 mar sin féin, anuas ar na ceanglais maidir le nochtadh in IAS 8.

    5

    Níl feidhm ag an IFRS seo maidir le hathruithe i mbeartais chuntasaíochta arna ndéanamh ag eintiteas a chuireann IFRSanna i bhfeidhm cheana. Tá athruithe den sórt sin faoi réir:

    (a)

    ceanglais maidir le hathruithe i mbeartais chuntasaíochta in IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta; agus

    (b)

    ceanglais idirthréimhseacha shonracha in IFRSanna eile.

    AITHEANTAS AGUS TOMHAS

    Ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais

    6

    Déanfaidh eintiteas ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais a ullmhú agus a chur i láthair ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Seo é an túsphointe le haghaidh a chuntasaíochta i gcomhréir le IFRSanna.

    Beartais chuntasaíochta

    7

    Úsáidfidh eintiteas na beartais chuntasaíochta chéanna ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais agus le linn gach tréimhse a chuirtear i láthair ina chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais. Beidh na beartais chuntasaíochta sin comhlíontach le gach IFRS atá éifeachtach ag deireadh a chéad tréimhse tuairiscithe IFRS, seachas mar a shonraítear i míreanna 13–19 agus Foscríbhinní B–E.

    8

    Ní chuirfidh eintiteas i bhfeidhm leaganacha difriúla de IFRSanna a bhí éifeachtach ag dátaí ní ba luaithe. Féadfaidh eintiteas IFRS nua a chur i bhfeidhm nach bhfuil éigeantach go fóill más ceadmhach an IFRS sin a chur i bhfeidhm go luath.

    Sampla: Cur i bhfeidhm comhsheasmhach an leagain is déanaí de IFRSanna

    Cúlra

    Is é an 31 Nollaig 20X5 deireadh chéad tréimhse thuairiscithe IFRS eintiteas A. Cinneann Eintiteas A faisnéis chomparáideach a chur i láthair sna ráitis airgeadais sin ar feadh bliain amháin (féach mír 21). Dá bhrí sin, is é a dháta aistrithe chuig IFRSanna tús gnó an 1 Eanáir 20X4 (nó a chomhionann, deireadh gnó an 31 Nollaig 20X3). Chuir Eintiteas A ráitis airgeadais i láthair i gcomhréir lena GAAP roimhe seo go bliantúil go dtí an 31 Nollaig gach bliain suas leis an 31 Nollaig 20X4 agus an dáta sin san áireamh.

    Na ceanglais a chur i bhfeidhm

    Éilítear ar Eintiteas A IFRSanna atá éifeachtach le haghaidh na dtréimhsí sin dar críoch an 31 Nollaig 20X5 a chur i bhfeidhm ó thaobh:

    (a)

    a ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais a ullmhú agus a chur i láthair an 1 Eanáir 20X4; agus

    (b)

    a chéad ráiteas maidir leis an staid airgeadais le haghaidh an 31 Nollaig 20X5 (lena n-áirítear méideanna comparáideacha maidir le 20X4), ráiteas ar ioncam cuimsitheach, ráiteas ar athruithe sa chothromas agus ráiteas ar shreafaí airgid le haghaidh na bliana go dtí an 31 Nollaig 20X5 (lena n-áirítear méideanna comparáideacha le haghaidh 20X4) agus nochtaí (lena n-áirítear faisnéis chomparáideach le haghaidh 20X4) a ullmhú agus a chur i láthair.

    Mura bhfuil IFRS nua éigeantach go fóill ach más ceadmhach é a chur i bhfeidhm go luath, ceadaítear d’eintiteas A, ach ní éilítear air, an IFRS sin a chur i bhfeidhm ina chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    9

    Tá feidhm ag na forálacha idirthréimhseacha in IFRSanna eile maidir le hathruithe i mbeartais chuntasaíochta arna ndéanamh ag eintiteas a úsáideann IFRSanna cheana; níl feidhm acu maidir le haistriú glacadóra céaduaire chuig IFRSanna, seachas mar a shonraítear i bhFoscríbhinní B–E.

    10

    Seachas mar a shainmhínítear i míreanna 13–19 agus Foscríbhinní B–E, déanfaidh eintiteas, ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais:

    (a)

    gach sócmhainn agus dliteanas a aithint ar gá a aithint ag IFRSanna;

    (b)

    ní aithneoidh siad míreanna mar shócmhainní ná dliteanais mura gceadaíonn IFRSanna aithint den sórt sin;

    (c)

    míreanna a athaicmiú a d’aithin sé i gcomhréir le GAAP roimhe seo mar chineál amháin sócmhainne, dliteanais nó gné den chaipiteal gnáthscaireanna, ach ar cineál difriúil sócmhainne, dliteanais nó gné den chaipiteal gnáthscaireanna iad i gcomhréir le IFRSanna; agus

    (d)

    IFRSanna a chur i bhfeidhm agus gach sócmhainn agus dliteanas aitheanta á dtomhas.

    11

    Féadfaidh na beartais chuntasaíochta a úsáideann eintiteas ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais a bheith difriúil leis na beartais sin a d’úsáid sé le haghaidh an dáta chéanna trí úsáid a bhaint as a GAAP roimhe seo. Tagann na coigeartuithe chun cinn mar thoradh ar imeachtaí agus idirbhearta roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Dá bhrí sin, aithneoidh eintiteas na coigeartuithe sin go díreach i dtuilleamh coimeádta (nó, más iomchuí, catagóir cothromais eile) an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    12

    Bunaítear leis an IFRS sin dhá chatagóir de dhíolúintí leis an bprionsabal go gcomhlíonfaidh ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais eintitis le gach IFRS:

    (a)

    le míreanna 14–17 agus Foscríbhinn B, toirmeasctar cur i bhfeidhm cúlghabhálach roinnt gnéithe de IFRSanna eile.

    (b)

    Le Foscríbhinní C–E, deonaítear díolúintí ó roinnt ceanglas maidir le IFRSanna eile.

    Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach IFRSanna eile

    13

    Leis an IFRS seo, toirmeasctar cur i bhfeidhm cúlghabhálach roinnt gnéithe de IFRSanna eile. Leagtar na heisceachtaí sin amach i míreanna 14–17 agus i bhFoscríbhinn B.

    Meastacháin

    14

    Meastacháin eintitis i gcomhréir le IFRSanna an dáta aistrithe chuig IFRSanna, beidh siad comhsheasmhach le meastacháin a rinneadh maidir leis an dáta céanna i gcomhréir leis an GAAP roimhe seo (tar éis coigeartuithe chun aon difríocht i mbeartais chuntasaíochta a léiriú), ach amháin má tá fianaise oibiachtúil ann go raibh earráid sna meastacháin sin.

    15

    Féadfaidh eintiteas faisnéis a fháil tar éis an dáta aistrithe chuig IFRSanna maidir le meastacháin a rinne sé faoin GAAP roimhe seo. I gcomhréir le mír 14, caithfidh eintiteas leis an bhfaisnéis sin a fhaigheann sé ar an mbealach céanna le himeachtaí neamhchoigeartúcháin tar éis na tréimhse tuairiscithe i gcomhréir le IAS 10 Imeachtaí tar éis na Tréimhse Tuairiscithe. Mar shampla, glactar leis gurb é an 1 Eanáir 20X4 dáta aistrithe an eintitis chuig IFRSanna agus go n-éilítear le faisnéis nua an 15 Iúil 20X4 athbhreithniú a dhéanamh ar mheastachán a rinneadh i gcomhréir leis an GAAP roimhe seo an 31 Nollaig 20X3. Ní léireoidh an t-eintiteas an fhaisnéis nua sin ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais (ach amháin más gá na meastacháin a choigeartú mar gheall ar aon difríocht i mbeartais chuntasaíochta nó má tá fianaise oibiachtúil ann go raibh earráid sna meastacháin). Ina ionad sin, léireoidh an t-eintiteas an fhaisnéis sin i mbrabús nó caillteanas (nó, más iomchuí, ioncam cuimsitheach eile) le haghaidh na bliana dar críoch an 31 Nollaig 20X4.

    16

    D’fhéadfadh sé gur ghá d’eintiteas meastacháin a dhéanamh i gcomhréir le IFRSanna an dáta aistrithe chuig IFRSanna nach raibh faoi cheangal faoin GAAP roimhe seo. Chun comhsheasmhacht le IAS 10 a bhaint amach, na meastacháin sin i gcomhréir le IFRSanna, léireoidh siad coinníollacha a bhí i bhfeidhm an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Go háirithe, meastacháin an dáta aistrithe chuig IFRSanna ar phraghsanna margaidh, rátaí úis nó rátaí malairte eachtraí, léireoidh siad dálaí an mhargaidh an dáta sin.

    17

    Tá feidhm ag míreanna 14–16 maidir leis an ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais. Tá feidhm acu freisin maidir le tréimhse inchomparáide arna cur i láthair i gcéad ráitis airgeadais IFRS, agus sa chás sin cuirtear tagairtí do dheireadh na tréimhse inchomparáide sin in ionas an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    Eisceachtaí ó IFRSanna eile

    18

    Féadfaidh eintiteas a roghnú ceann amháin nó níos mó de na díolúintí atá i bhFoscríbhinní C–E a úsáid. Ní chuirfidh eintiteas na díolúintí sin i bhfeidhm de réir analaí le míreanna eile.

    19

    [Scriosta]

    CUR I LÁTHAIR AGUS NOCHTADH

    20

    Ní thugann an IFRS seo díolúintí ó na ceanglais chur i láthair agus nochta in IFRSanna eile.

    Faisnéis chomparáideach

    21

    Áireofar sna chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais de chuid eintitis trí ráiteas maidir le staid airgeadais, dhá ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, dhá ráiteas ar leithligh ar bhrabús nó ar chaillteanais (má chuirtear i láthair iad), dhá ráiteas ar shreafaí airgid agus dhá ráiteas ar athruithe sa chothromas, agus nótaí a bhaineann leo, lena n-áirítear faisnéis chomparáideach maidir le gach ráiteas a chuirtear i láthair.

    Faisnéis chomparáideach agus achoimrí stairiúla neamh-IFRS

    22

    Cuireann roinnt eintiteas i láthair achoimrí stairiúla maidir le sonraí roghnaithe le haghaidh tréimhsí roimh an gcéad tréimhse lena gcuireann siad faisnéis chomparáideach fhoriomlán i láthair i gcomhréir le IFRSanna. Ní éilítear san IFRS seo achoimrí den sórt sin chun ceanglais aitheantais agus tomhais IFRSanna a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cuireann roinnt eintiteas faisnéis chomparáideach i láthair i gcomhréir leis an GAAP roimhe seo mar aon leis an bhfaisnéis chomparáideach a éilítear le IAS 1. In aon ráitis airgeadais ina bhfuil achoimrí stairiúla nó faisnéis chomparáideach i gcomhréir le GAAP roimhe seo, déanfaidh eintiteas na nithe a leanas:

    (a)

    lipéad a chur ar an bhfaisnéis GAAP roimhe seo go feiceálach le tabhairt le fios nár ullmhaíodh í i gcomhréir le IFRSanna; agus

    (b)

    cineál na bpríomhchoigeartuithe a d’fhágfadh go mbeadh sé comhlíontach le IFRSanna a nochtadh. Ní gá d’eintiteas na coigeartuithe sin a chainníochtú.

    Míniú ar an aistriú chuig IFRSanna

    23

    Míneoidh eintiteas an chaoi a ndearna an t-aistriú ón GAAP roimhe seo chuig IFRSanna difear dá staid airgeadais tuairiscithe, dá fheidhmíocht airgeadais agus dá shreafaí airgid.

    23A

    Eintiteas a chuir IFRSanna i bhfeidhm le linn tréimhse roimhe seo, mar a thuairiscítear i mír 4A, nochtfaidh sé:

    (a)

    an chúis ar chuir sé stop le IFRSanna a chur i bhfeidhm; agus

    (b)

    an chúis a bhfuil sé ag cur tús le IFRSanna a chur i bhfeidhm arís.

    23B

    I gcás nach roghnaíonn eintiteas, i gcomhréir le mír 4A, IFRS 1 a chur i bhfeidhm, míneoidh an t-eintiteas na cúiseanna ar roghnaíodh IFRSanna a chur i bhfeidhm amhail is dá mba rud é nár scoir sé riamh de chur i bhfeidhm IFRSanna.

    Réitigh

    24

    Chun mír 23 a chomhlíonadh, áireofar leis na chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais d’eintitis:

    (a)

    réitigh ar a chothromas a thuairisciú i gcomhréir le GAAP roimhe seo chuig a chothromas i gcomhréir le IFRSanna don dá dháta a leanas:

    (i)

    an dáta aistrithe chuig IFRSanna; agus

    (ii)

    deireadh na tréimhse is déanaí a cuireadh i láthair i gcuntais bhliantúla is déanaí eintitis i gcomhréir le GAAP roimhe seo.

    (b)

    réiteach lena ioncam cuimsitheach iomlán i gcomhréir le IFRSanna le haghaidh na tréimhse is déanaí a cuireadh i láthair i gcuntais bhliantúla is déanaí eintitis. Is é an t-ioncam cuimsitheach iomlán i gcomhréir le GAAP roimhe seo le haghaidh na tréimhse céanna nó, murar thuairiscigh eintiteas iomlán den sórt sin, brabús nó caillteanas faoi GAAP roimhe seo a bheidh mar thúsphointe don réiteach sin.

    (c)

    má d’aithin nó má chúlaigh an t-eintiteas aon chaillteanas lagaithe den chéad uair chun a ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais a ullmhú, na nochtuithe a bheadh éilithe in IAS 36 Lagú Sócmhainní dá n-aithneodh an t-eintiteas na caillteanais lagaithe nó cúlaithe sin sa tréimhse dar tús an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    25

    Tabharfaidh na réitigh a éilítear i mír 24(a) agus (b) mionsonra leordhóthanach chun úsáideoirí a chumasú le tuiscint a fháil ar choigeartuithe ábhair leis an ráiteas maidir le staid airgeadais agus an ráiteas ar ioncam cuimsitheach. Má chuir eintiteas ráiteas ar shreafaí airgid i láthair faoina GAAP roimhe seo, míneoidh sé freisin na coigeartuithe ábhair leis an ráiteas ar shreafaí airgid.

    26

    Má bhíonn eintiteas feasach ar earráidí arna ndéanamh faoi GAAP roimhe seo, déanfar idirdhealú idir ceartú na n-earráidí sin agus athruithe i mbeartais chuntasaíochta sna réitigh a éilítear i mír 24(a) agus (b).

    27

    Níl feidhm ag IAS 8 maidir leis na hathruithe i mbeartais chuntasaíochta a dhéanann eintiteas i gcás ina nglacann sé IFRSanna nó athruithe sna beartais sin go dtí tar éis go gcuireann sé i láthair a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag ceanglais IAS 8 maidir le hathruithe i mbeartais chuntasaíochta i gcéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais eintitis.

    27A

    Má athraíonn eintiteas a bheartais chuntasaíochta nó a úsáid as díolúintí atá san IFRS seo le linn na tréimhse a chumhdaíonn a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, míneoidh sé na hathruithe idir a chéad tuarascáil airgeadais eatramhach IFRS agus a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, i gcomhréir le mír 23, agus tabharfaidh sé na réitigh a éilítear i mír 24(a) agus (b) cothrom le dáta.

    28

    Murar chuir eintiteas ráitis airgeadais i láthair maidir le tréimhsí roimhe sin, nochtfar an fíoras sin ina chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    Sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais a ainmniú

    29

    Ceadaítear d’eintiteas sócmhainn airgeadais a aithníodh roimhe seo a ainmniú mar shócmhainn airgeadais arna tomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír D19A. Nochtfaidh an t-eintiteas cóirluach na sócmhainní airgeadais arna ainmniú ag dáta an ainmnithe agus a n-aicmiú agus an tsuim ghlanluacha sna ráitis airgeadais roimhe sin.

    29A

    Ceadaítear d’eintiteas dliteanas airgeadais a aithníodh roimhe seo a ainmniú mar dhliteanas airgeadais ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír D19. Nochtfaidh an t-eintiteas cóirluach na ndliteanas airgeadais arna ainmniú ag dáta an ainmnithe agus a n-aicmiú agus an tsuim ghlanluacha sna ráitis airgeadais roimhe sin.

    Cóirluach a úsáid mar chostas measta

    30

    Má úsáideann eintiteas cóirluach ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais mar chostas measta le haghaidh mír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, réadmhaoin infheistíochta, sócmhainn dholáimhsithe nó sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide (féach míreanna D5 agus D7), nochtfar i gcéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais an eintitis, an ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais le haghaidh gach míre líne:

    (a)

    an comhiomlán de na cóirluachanna sin; agus

    (b)

    an coigeartú comhiomlán ar na suimeanna glanluacha a thuairiscítear faoi GAAP roimhe seo.

    Costas measta a úsáid le haghaidh infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, comhfhiontair agus comhlaigh

    31

    Mar an gcéanna, má úsáideann eintiteas costas measta ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais le haghaidh infheistíocht i bhfochuideachta, comhfhiontar nó comhlach ina ráitis airgeadais ar leithligh (féach mír D15), nochtfar an méid a leanas i gcéad ráitis airgeadais ar leithligh IFRS an eintitis:

    (a)

    costas measta comhiomlán na n-infheistíochtaí sin arb é a suim ghlanluacha GAAP roimhe seo an costas measta dóibh;

    (b)

    costas measta comhiomlán na n-infheistíochtaí sin arb é luach cóir an costas measta dóibh; agus

    (c)

    an coigeartú comhiomlán ar na suimeanna glanluacha a thuairiscítear faoi GAAP roimhe seo.

    Costas measta a úsáid le haghaidh sócmhainní ola agus gáis

    31A

    Má úsáideann eintiteas an díolúine i mír D8A(b) le haghaidh sócmhainní ola agus gáis, nochtfaidh sé an fíoras sin agus an bunús ar ar leithdháileadh suimeanna glanluacha, a cinneadh faoi GAAP roimhe seo.

    Costas measta a úsáid le haghaidh oibríochtaí faoi réir rialáil ráta

    31B

    Má úsáideann eintiteas an díolúine i mír D8B le haghaidh oibríochtaí faoi réir rialáil ráta, nochtfaidh sé an fíoras sin agus an bunús ar ar cinneadh suimeanna glanluacha faoi GAAP roimhe seo.

    Costas measta a úsáid tar éis hipearbhoilsciú dian

    31C

    Má roghnaíonn eintiteas chun sócmhainní agus dliteanais a thomhas ag cóirluach agus chun an cóirluach sin a úsáid mar chostas measta ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais mar gheall ar hipearbhoilsciú dian (féach míreanna D26–D30), nochtfar i gcéad ráitis airgeadais IFRS an eintitis míniú maidir le conas, agus cén fáth, a raibh airgeadra feidhmiúil ag eintiteas, agus ansin gur stop an t-eintiteas den airgeadra feidhmiúil sin a bheith aige a bhfuil an dá shaintréith a leanas aige:

    (a)

    níl innéacs praghsanna ginearálta iontaofa ar fáil do gach eintiteas le hidirbhearta agus iarmhéideanna san airgeadra.

    (b)

    ní ann d’inmhalartaitheacht idir an t-airgeadra agus airgeadra eachtrach réasúnta cobhsaí.

    Tuarascálacha airgeadais eatramhacha

    32

    Chun mír 23 a chomhlíonadh, má chuireann eintiteas tuarascáil airgeadais eatramhach i láthair i gcomhréir le IAS 34 maidir le cuid den tréimhse a chumhdaítear ag a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, comhlíonfaidh an t-eintiteas na ceanglais a leanas chomh maith le ceanglais IAS 34:

    (a)

    Maidir le gach tuarascáil airgeadais eatramhach den sórt sin, má chuir eintiteas tuarascáil airgeadais eatramhach i láthair don idirthréimhse inchomparáide den bhliain airgeadais díreach roimhe sin, áireofar an méid a leanas:

    (i)

    réiteach ar a chothromas i gcomhréir le GAAP roimhe seo ag deireadh na hidirthréimhse inchomparáide sin lena chothromas faoi IFRSanna ag an dáta sin; agus

    (ii)

    réiteach lena ioncam cuimsitheach iomlán i gcomhréir le IFRSanna le haghaidh na hidirthréimhse inchomparáide sin (reatha agus bliain go dáta). Is é an t-ioncam cuimsitheach iomlán i gcomhréir le GAAP roimhe seo le haghaidh na tréimhse sin nó, murar thuairiscigh eintiteas iomlán den sórt sin, brabús nó caillteanas i gcomhréir le GAAP roimhe seo a bheidh mar thúsphointe don réiteach sin.

    (b)

    Chomh maith leis na réitigh a éilítear ag (a), áireofar i gcéad tuarascáil airgeadais eatramhach eintitis i gcomhréir le IAS 34 don chuid den tréimhse a chumhdaítear ag a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais na réitigh dá dtugtar tuairisc i mír 24(a) agus (b) (arna bhforlíonadh leis na sonraí a éilítear ag míreanna 25 agus 26) nó crostagairt do dhoiciméad foilsithe eile ina n-áirítear na réitigh sin.

    (c)

    Má athraíonn eintiteas a bheartais chuntasaíochta nó a úsáid as díolúintí atá san IFRS seo, míneoidh sé na hathruithe i ngach tuarascáil airgeadais eatramhach i gcomhréir le mír 23 agus tabharfaidh sé na réitigh a éilítear ag (a) agus (b) cothrom le dáta.

    33

    Éilítear íos-nochtuithe in IAS 34, atá bunaithe ar an toimhde go bhfuil rochtain ag úsáideoirí na tuarascála airgeadais eatramhaí ar na ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí freisin. Ach éilítear freisin le IAS 34 go nochtfaidh eintiteas ‘aon teagmhas nó idirbheart atá ábhartha maidir le tuiscint ar an idirthréimhse reatha’. Dá bhrí sin, murar nocht glacadóir céaduaire, ina ráitis airgeadais bhliantúla is déanaí i gcomhréir le GAAP roimhe seo, faisnéis ábhartha le tuiscint ar an idirthréimhse reatha, nochtfar ina thuarascáil airgeadais eatramhach an fhaisnéis sin nó áireofar í i gcrostagairt le doiciméad foilsithe eile ina bhfuil sí áirithe.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    34

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm má bhaineann a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais le tréimhse dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    35

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i míreanna D1(n) agus D23 i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 23 Costais Iasachtaíochta (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    36

    Le IFRS 3 Comhcheangail Ghnó (arna athbhreithniú in 2008) leasaíodh míreanna 19, C1 agus C4(f) agus (g). Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin freisin.

    37

    Le IAS 27 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus ar Leithligh (arna leasú in 2008) leasaíodh míreanna B1 agus B7. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    38

    Le Costas Infheistíochta i bhFochuideachta, in Eintiteas Comhrialaithe nó in Eintiteas Comhlachaithe (Leasuithe ar IFRS 1 agus ar IAS 27), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, cuireadh míreanna 31, D1(g), D14 agus D15 leis. Cuirfidh eintiteas na míreanna sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na míreanna i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaíodh mír B7. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    39A

    Le Díolúintí Breise do Ghlacadóirí Céaduaire (Leasuithe ar IFRS 1), arna eisiúint i mí Iúil 2009, cuireadh míreanna 31A, D8A, D9A agus D21A leis agus leasaíodh mír D1(c), (d) agus (l). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2010 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39B

    [Scriosta]

    39C

    Le IFRIC 19 Dliteanais Airgeadais a Mhúchadh le hIonstraimí Cothromais, cuireadh mír D25 leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRIC 19 i bhfeidhm.

    39D

    [Scriosta]

    39E

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, cuireadh mír 27A, 31B agus D8B leis agus leasaíodh míreanna 27, 32, D1(c) agus D8. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Maidir le heintitis a ghlac le IFRSanna i dtréimhsí roimh dháta éifeachtach IFRS 1 nó a chuir IFRS 1 i bhfeidhm i dtréimhse roimhe sin, ceadaítear dóibh an leasú a chur i bhfeidhm le mír D8 go cúlghabhálach sa chéad tréimhse bhliantúil tar éis don leasú a bheith éifeachtach. Nochtfaidh eintiteas a bhfuil mír D8 á cur i bhfeidhm acu go cúlghabhálach an fíoras sin.

    39F

    [Scriosta]

    39G

    [Scriosta]

    39H

    Le Hipearbhoilsciú Dian agus Dátaí Seasta a Bhaint do Glacadóirí Céaduaire (Leasuithe ar IFRS 1), arna eisiúint i mí na Nollag 2010, leasaíodh míreanna B2, D1, D20 agus 31C agus cuireadh míreanna 31C agus D26–D30 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2011 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    39I

    Le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus IFRS 11 Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 31, B7, C1, D1, D14 agus D15 agus cuireadh mír D31 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    39J

    Le IFRS 13 Tomhas Cóirluacha, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, scriosadh mír 19, leasaíodh an sainmhíniú ar chóirluach i bhFoscríbhinn A agus leasaíodh míreanna D15 agus D20. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    39K

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 21. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 arna leasú i mí an Mheithimh 2011 i bhfeidhm.

    39L

    Le IAS 19 Sochair Fostaithe (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) leasaíodh mír D1 agus scriosadh míreanna D10 agus D11. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 19 (arna leasú i mí an Mheithimh 2011) i bhfeidhm.

    39M

    Le IFRIC 20 Costais Scafa i gCéim Táirgthe Mianaigh Dromchla cuireadh mír D32 leis agus leasaíodh mír D1. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRIC 20 i bhfeidhm.

    39N

    Le Iasachtaí Rialtais (Leasuithe ar IFRS 1), arna eisiúint i mí an Mhárta 2012, cuireadh míreanna B1(f) agus B10–B12 leis. Cuirfidh eintiteas na míreanna sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    39O

    Tagraítear i míreanna B10 agus B11 do IFRS 9. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, is mar thagairtí do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: a thuigfear natagairtí do IFRS 9 i míreanna B10 agus B11: Aitheantas agus Tomhas.

    39P

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, cuireadh míreanna 4A–4B agus 23A–23B leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39Q

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír D23. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39R

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír 21. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39S

    Le Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, Comhshocruithe agus Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile: Treoraíocht Aistrithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 11 agus IFRS 12), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2012, leasaíodh mír D31. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 11 (arna leasú i mí an Mheithimh 2012) i bhfeidhm.

    39T

    Le hEintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna D16, D17 agus Foscríbhinn C. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe uile a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    39U

    [Scriosta]

    39V

    Le IFRS 14 Cuntais Iarchurtha Rialaitheacha, arna eisiúint i mí Eanáir 2014, leasaíodh mír D8B. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas IFRS 14 i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    39W

    Le Cuntasaíocht d’Éadálacha Leasanna in Oibríochtaí Comhpháirteacha (Leasuithe ar IFRS 11), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír C5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm i dtréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas leasuithe lena mbaineann i bhfeidhm maidir le IFRS 11 ó Chuntasaíocht d’Éadálacha Leasanna in Oibríochtaí Comhpháirteacha (Leasuithe ar IFRS 11) i dtréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú le mír C5 i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    39X

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír D1, scriosadh mír D24 agus a cheannteideal gaolmhar agus cuireadh míreanna D34–D35 agus a gceannteideal gaolmhar leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    39Y

    Le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 29, B1–B6, D1, D14, D15, D19 agus D20, scriosadh míreanna 39B, 39G agus 39U agus cuireadh míreanna 29A, B8–B8G, B9, D19A–D19C, D33, E1 agus E2 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    39Z

    Le Modh an Chothromais i Ráitis Airgeadais ar Leithligh (Leasuithe ar IAS 27), arna eisiúint i mí Lúnasa 2014, leasaíodh mír D14 agus cuireadh mír D15A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39AA

    [Scriosta]

    39AB

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 30, C4, D1, D7, D8B agus D9, scriosadh mír D9A agus cuireadh míreanna D9B–D9E leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    39AC

    Le IFRIC 22 Idirbhearta in Airgeadra Eachtrach agus Comaoin Réamhíocaíochta cuireadh mír D36 leis agus leasaíodh mír D1. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRIC 22 i bhfeidhm.

    39AD

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2014–2016 ar Chaighdeáin IFRS, arna eisiúint i mí na Nollag 2016, leasaíodh míreanna 39L agus 39T agus scriosadh míreanna 39D, 39F, 39AA agus E3–E7. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2018 nó dá éis sin.

    39AE

    Le IFRS 17 Conarthaí Árachais, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna B1 agus D1, scriosadh an ceannteideal roimh mhír D4 agus mír D4, agus tar éis mhír B12 cuireadh isteach ceannteideal agus mír B13. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    39AF

    Le IFRIC 23 Éiginnteacht maidir le Cóireálacha Cánach Ioncaim cuireadh mír E8 leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRIC 23 i bhfeidhm.

    39AG

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 2018–2020, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh mír D1(f) agus cuireadh mír D13A leis. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    39AH

    Le Cáin Iarchurtha a bhaineann le Sócmhainní agus Dliteanais a eascraíonn as Idirbheart Aonair, a eisíodh i mí Bealtaine 2021, leasaíodh mír B1 agus cuireadh isteach mír B14. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    AISTARRAINGT IFRS 1 (ARNA EISIÚINT IN 2003)

    40

    Cuirtear an IFRS seo in ionad IFRS 1 (arna eisiúint in 2003 agus arna leasú i mí na Bealtaine 2008).

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    dáta aistrithe chuig IFRSanna

    Tús na tréimhse is luaithe lena gcuireann eintiteas i láthair faisnéis chomparáideach fhoriomlán faoi IFRSanna ina chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    costas measta

    Méid arna úsáid mar ionad le haghaidh costais nó costas dímheasta ag dáta ar leith. Glactar leis le dímheas nó amúchadh dá éis sin gur aithin an t-eintiteas i dtosach an tsócmhainn nó an dliteanas ag an dáta ar leith agus go raibh a chostas cothrom leis an gcostas measta.

    lach cóir

    an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13.)

    na chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

    Na chéad ráitis airgeadais bhliantúla ina nglacann an t-eintiteas na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna), trí ráiteas sainráite agus gan chuntar maidir le comhlíontacht le IFRSanna.

    an chéad tréimhse tuairiscithe IFRS

    An tréimhse tuairiscithe is déanaí a chumhdaíonn céad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais eintitis.

    glacadóir céaduaire

    Eintiteas a chuireann i láthair a chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais.

    Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna)

    Caighdeáin agus Léirmhínithe arna n-eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB). Is éard atá iontu:

    (a)

    Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

    (b)

    Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta;

    (c)

    Léirmhínithe IFRIC; agus

    (d)

    Léirmhínithe SIC (31).

    Ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais

    Ráiteas maidir le staid airgeadais eintitis tráth an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    GAAP roimhe seo

    An bunús cuntasaíochta a d’úsáid glacadóir céaduaire díreach roimh IFRSanna a ghlacadh.

    Aguisín B

    Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach IFRSanna eile

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    B1

    Cuirfidh eintiteas na heisceachtaí seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    dí-aithint sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais (míreanna B2 agus B3);

    (b)

    cuntasaíocht fálaithe (míreanna B4–B6);

    (c)

    leasanna neamh-urlámhais (mír B7);

    (d)

    aicmiú agus tomhas sócmhainní airgeadais (míreanna B8–B8C);

    (e)

    lagú sócmhainní airgeadais (míreanna B8D–B8G);

    (f)

    díorthaigh leabaithe (mír B9);

    (g)

    iasachtaí rialtais (míreanna B10–B12);

    (h)

    conarthaí árachais (mír B 13); agus

    (i)

    cáin iarchurtha a bhaineann le léasanna agus díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla (mír B14).

    Dí-aithint sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais

    B2

    Seachas mar a cheadaítear le mír B3, cuirfidh glacadóir céaduaire na ceanglais dí-aitheanta in IFRS 9 i bhfeidhm go hionchasach maidir le hidirbhearta a tharlaíonn ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna nó dá éis sin. Mar shampla, má dhí-aithin glacadóir céaduaire sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha nó dliteanais airgeadais neamhdhíorthacha i gcomhréir lena GAAP roimhe seo de thoradh idirbheart a tharla roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ní aithneoidh sé na sócmhainní agus na dliteanais sin i gcomhréir le IFRSanna (mura bhfuil siad i dteideal aitheantais de thoradh idirbheart nó teagmhas níos déanaí).

    B3

    D’ainneoin mír B2, féadfaidh eintiteas na ceanglais dí-aitheanta in IFRS 9 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ó dháta a roghnaíonn an t-eintiteas, ar choinníoll go bhfuarthas an fhaisnéis is gá chun IFRS 9 a chur i bhfeidhm le sócmhainní airgeadais agus le dliteanais airgeadais a dí-aithníodh de thoradh idirbhearta roimhe sin tráth chuntasaíocht na n-idirbheart sin i dtosach.

    Cuntasaíocht fálaithe

    B4

    Mar a éilítear le IFRS 9, tráth an dáta aistrithe chuig IFRSanna, déanfaidh eintiteas:

    (a)

    gach díorthach a thomhas ar cóirluach; agus

    (b)

    gach caillteanas agus gnóthachan iarchurtha a eascraíonn as díorthaigh a tuairiscíodh i gcomhréir le GAAP roimhe seo amhail is dá mba shócmhainní nó dhliteanais iad.

    B5

    Ní léireoidh eintiteas ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais gaolmhaireacht fálaithe de chineál nach gcáilíonn le haghaidh cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir le IFRS 9 (mar shampla, go leor gaolmhaireachtaí fálaithe i gcás inar céadrogha gheallta nó glan-chéadrogha gheallta atá sa ghaolmhaireacht fálaithe; nó i gcás ina bhfuil an mhír fhálaithe i suíomh glan i bhfálú ar an sreabhadh airgid le haghaidh riosca eile seachas riosca malairte eachtraí). Ach, má d’ainmnigh eintiteas suíomh glan mar mhír fhálaithe i gcomhréir le GAAP roimhe seo, féadfaidh sé mír aonair laistigh den suíomh glan sin a ainmniú mar mhír fhálaithe i gcomhréir le IFRSanna, nó suíomh glan má chomhlíonann sé sin na ceanglais i mír 6.6.1 de IFRS 9, ar choinníoll go ndéanann sé é sin tráth nach déanaí ná an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    B6

    Má d’ainmnigh eintiteas idirbheart, roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, amhail fálúchán ach nach gcomhlíonann an fálúchán na coinníollacha maidir le cuntasaíocht fálaithe in IFRS 9, cuirfidh an t-eintiteas míreanna 6.5.6 agus 6.5.7 de IFRS 9 i bhfeidhm chun scor de chuntasaíocht fálaithe. Ní ainmneofar idirbhearta arna ndéanamh roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna go cúlghabhálach mar fhálúcháin.

    Leasanna neamh-urlámhais

    B7

    Cuirfidh glacadóir céaduaire na ceanglais a leanas de IFRS 10 i bhfeidhm go hionchasach ón dáta aistrithe chuig IFRSanna:

    (a)

    an ceanglas i mír B94 go n-inchuirtear an t-ioncam cuimsitheach iomlán le húinéirí na máthairchuideachta agus leis na leasanna neamh-urlámhais fiú má bhíonn iarmhéid easnaimh sna leasanna neamh-urlámhais dá thoradh;

    (b)

    na ceanglais i míreanna 23 agus B96 maidir le cuntasaíocht d’athruithe ar leas úinéireachta na máthairchuideachta i bhfochuideachta nach mbíonn caillteanas i rialú mar thoradh orthu; agus

    (c)

    na ceanglais i míreanna B97–B99 maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar chaillteanas i rialú ar fhochuideachta, agus na ceanglais lena mbaineann i mír 8A de IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha.

    Ach, má roghnaíonn glacadóir céaduaire IFRS 3 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach le comhcheangal idir gnólachtaí roimhe seo, cuirfidh sé i bhfeidhm freisin IFRS 10 i gcomhréir le mír C1 den IFRS seo.

    Aicmiú agus tomhas ionstraimí airgeadais

    B8

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar cibé an gcomhlíonann sócmhainn airgeadais na coinníollacha i mír 4.1.2 de IFRS 9 nó na coinníollacha i mír 4.1.2A de IFRS 9 nó nach gcomhlíonann ar bhonn na bhfíoras agus na gcúinsí atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    B8A

    Má tá sé dofheidhmithe measúnú a dhéanamh ar amluach na gné airgid modhnuithe i gcomhréir le míreanna B4.1.9B-B4.1.9D de IFRS 9 bunaithe ar na fíorais agus na himthosca atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe sreafa airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin bunaithe ar na fíorais agus na himthosca a bhí ann ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna gan na ceanglais i ndáil le modhnú ar amluach na gné airgid i míreanna B4.1.9B–B4.1.9D de IFRS 9 a thabhairt san áireamh. (Sa chás sin, cuirfidh an t-eintiteas freisin mír 42R de IFRS 7 i bhfeidhm ach tuigfear le tagairtí do ‘mhír 7.2.4 de IFRS 9’ gurb í an mhír seo atá i gceist agus tuigfear le tagairtí do ‘aitheantas roimh ré na sócmhainne airgeadais’‘ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna’.)

    B8B

    Má tá sé dofheidhmithe measúnú a dhéanamh ar an bhfuil luach cóir gné réamhíocaíochta neamhshuntasach i gcomhréir le mír B4.1.12(c) de IFRS 9 bunaithe ar na fíorais agus na himthosca atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe sreafa airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin bunaithe ar na fíorais agus na himthosca a bhí ann ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna gan an eisceacht maidir le gnéithe réamhíocaíochta i míre B4.1.12 de IFRS 9 a thabhairt san áireamh. (Sa chás sin, cuirfidh an t-eintiteas freisin mír 42S de IFRS 7 i bhfeidhm ach tuigfear le tagairtí do ‘mhír 7.2.5 de IFRS 9’ gurb í an mhír seo atá i gceist agus tuigfear le tagairtí do ‘aitheantas roimh ré na sócmhainne airgeadais’‘ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna’.)

    B8C

    Má tá sé dofheidhmithe (mar a shainmhínítear in IAS 8) d’eintiteas modh an úis ghlain in IFRS 9 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, is é ollsuim ghlanluacha nua nó costas amúchta nua an dliteanais airgeadais ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna a bheidh i luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    Lagú sócmhainní airgeadais

    B8D

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais lagaithe i Roinn 5.5 de IFRS 9 i bhfeidhm go cúlghabhálach faoi réir mhíreanna B8E-B8G agus E1-E2.

    B8E

    Ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, úsáidfidh eintiteas faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí chun priacal creidmheasa a chinneadh ag an dáta ar aithníodh na hionstraimí airgeadais i dtosach (nó le haghaidh gealltanais iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais an dáta a bhí an t-eintiteas sin ina pháirtí den ghealltanas neamh-inchúlghairthe i gcomhréir le mír 5.5.6 de IFRS 9) agus an fhaisnéis sin a chur i gcomparáid leis an bpriacal creidmheasa ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna (féach freisin míreanna B7.2.2–B7.2.3 de IFRS 9).

    B8F

    I gcás ina bhfuiltear ag cinneadh an raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh, féadfaidh eintiteas na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (a)

    na ceanglais i mír 5.5.10. agus B5.5.22–B5.5.24 de IFRS 9; agus

    (b)

    an toimhde infhrisnéise i mír 5.5.11 de IFRS 9 maidir le híocaíochtaí conarthacha atá níos mó ná 30 lá thar téarma má chuireann eintiteas na ceanglais lagaithe i bhfeidhm trí mhéaduithe suntasacha a shainaithint i bpriacal creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh maidir leis na hionstraimí airgeadais ar bhonn faisnéise thar téarma.

    B8G

    Ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, dá mbeadh gá le costas nó iarracht mhíchuí lena chinneadh an raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh d’ionstraimí airgeadais, aithneoidh eintiteas lamháltas caillteanais ag méid cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ag gach dáta tuairiscithe atá an ionstraim airgeadais sin dí-aitheanta (mura bhfuil an ionstraim airgeadais sin ag riosca creidmheasa íseal ag dáta tuairiscithe, agus sa chás sin tá feidhm ag mír B8F(a)).

    Díorthaigh leabaithe

    B9

    Déanfaidh glacadóir céaduaire measúnú ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá díorthach leabaithe a scaradh ón gconradh óstaigh agus cuntasaíocht a dhéanamh air amhail díorthach ar bhonn na gcoinníollacha a bhí ann ag an dáta níos déanaí den dáta a bhí sé ina pháirtí leis an gconradh den chéad uair agus an dáta athmheasúnaithe, mar a éilítear i mír B4.3.11 de IFRS 9.

    Iasachtaí rialtais

    B10

    Aicmeoidh glacadóir céaduaire gach iasacht rialtais a fuarthas mar dhliteanas airgeadais nó ionstraim chothromais i gcomhréir le IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair. Seachas mar a cheadaítear i mír B11, cuirfidh glacadóir céaduaire i bhfeidhm na ceanglais in IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnamh Rialtais go hionchasach maidir le hiasachtaí rialtais atá ann cheana ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna agus ní aithneoidh sé sochar comhfhreagrach na hiasachta rialtais ag ráta úis faoi ráta an mhargaidh mar dheontas rialtais. Dá dhroim sin, murar aithin agus murar thomhas glacadóir céaduaire, faoina GAAP roimhe seo, iasacht rialtais ag ráta úis faoi ráta an mhargaidh ar bhonn atá comhsheasmhach le ceanglais IFRS, úsáidfidh sé suim ghlanluacha na hiasachta óna GAAP roimhe seo ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna mar shuim ghlanluacha na hiasachta ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais. Cuirfidh eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir le tomhas iasachtaí den sórt sin tar éis an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    B11

    D’ainneoin mír B10, féadfaidh eintiteas na ceanglais in IFRS 9 agus IAS 20 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le haon iasacht rialtais a tionscnaíodh roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ar choinníoll go bhfuarthas an fhaisnéis is gá chun sin a dhéanamh tráth chuntasaíocht na hiasachta sin i dtosach.

    B12

    Ní chuireann na ceanglais agus an treoraíocht i míreanna B10 agus B11 cosc ar eintiteas ó bheith in ann na díolúintí dá dtugtar tuairisc i míreanna D19–D19C a úsáid, mar a bhaineann le hainmniú ionstraimí airgeadais aitheanta roimhe sin ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    Conarthaí árachais

    B13

    Cuirfidh eintiteas na forálacha trasdula i míreanna C1–C24 agus C28 i bhFoscríbhinn C a ghabhann le IFRS 17 i bhfeidhm maidir le conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17. Déanfar na tagairtí sna míreanna sin in IFRS 17 don dáta trasdula a léamh mar an dáta trasdula chuig IFRSanna.

    Cáin iarchurtha a bhaineann le léasanna agus díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla

    B14

    Le Míreanna 15 agus 24 de IAS 12 Cánacha Ioncaim díolmhaítear eintiteas ó shócmhainn nó ó dhliteanas cánach iarchurtha a aithint in imthosca ar leith. D’ainneoin na díolúine sin, ar dháta an aistrithe chuig IFRSanna, aithneoidh glacadóir céaduaire sócmhainn chánach iarchurtha – a mhéid is dócha go mbeidh brabús inchánach ar fáil ar féidir an difríocht shealadach asbhainteach a úsáid ina aghaidh – agus dliteanas cánach iarchurtha le haghaidh na ndifríochtaí sealadacha inasbhainte agus inchánach go léir a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní éasúinte agus dliteanais léasa; agus

    (b)

    díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla agus na méideanna comhfhreagracha a aithnítear mar chuid de chostas na sócmhainne a bhaineann leis.

    Foscríbhinn C

    Díolúintí maidir le comhcheangail ghnó

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Cuirfidh eintiteas na ceanglais a leanas i bhfeidhm maidir le comhcheangail ghnó a d’aithin an t-eintiteas roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Níor cheart an Fhoscríbhinn seo a chur i bhfeidhm ach maidir le comhcheangail ghnó faoi raon feidhme IFRS 3 Comhcheangail Ghnó.

    C1

    Féadfaidh glacadóir céaduaire roghnú gan IFRS 3 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le comhcheangail idir gnólachtaí (comhcheangail idir gnólachtaí a tharla roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna). Ach, má athshonraíonn glacadóir céaduaire aon chomhcheangal gnó chun IFRS 3 a chomhlíonadh, athshonróidh sé gach comhcheangal gnó dá éis sin agus cuirfidh sé IFRS 10 i bhfeidhm freisin ón dáta céanna sin. Mar shampla, má roghnaíonn glacadóir céaduaire chun comhcheangal gnó a athshonrú a tharla ar an 30 Meitheamh 20X6, athshonróidh sé gach comhcheangal gnó a tharla idir an 30 Meitheamh 20X6 agus an dáta aistrithe chuig IFRSanna, agus cuirfidh sé i bhfeidhm IFRS 10 ón 30 Meitheamh 20X6 freisin.

    C2

    Ní gá d’eintiteas IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le coigeartuithe cóirluacha agus cáilmheas a eascraíonn i gcomhcheangail ghnó a tharla roimhe an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Mura gcuireann an t-eintiteas IAS 21 i bhfeidhm go cúlghabhálach ar na coigeartuithe luacha chóir agus cáilmheasa sin, caithfidh sé leo amhail sócmhainní agus dliteanais an eintitis seachas sócmhainní agus dliteanais an fhaighteáin. Dá bhrí sin, tá an cáilmheas agus na coigeartuithe luacha chóir sin sloinnte cheana féin in airgeadra feidhmiúil an eintitis nó is míreanna airgeadra eachtraigh neamhairgeadaíochta iad, a thuairiscítear ag úsáid an ráta malairte arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le GAAP roimhe seo.

    C3

    Féadfaidh eintiteas IAS 21 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le coigeartuithe cóirluacha agus cáilmheas a eascraíonn:

    (a)

    i ngach comhcheangal gnó a tharla roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna; nó

    (b)

    i ngach comhcheangal gnó a roghnaíonn an t-eintiteas a athshonrú chun IFRS 3 a chomhlíonadh, mar a cheadaítear de réir mhír C1 thuas.

    C4

    Mura gcuireann glacadóir céaduaire IFRS 3 i bhfeidhm go cúlghabhálach ar chomhcheangal gnó roimhe seo, beidh na hiarmhairtí a leanas ann don chomhcheangal gnó sin:

    (a)

    Coinneoidh glacadóir céaduaire an t-aicmiú céanna (mar éadáil ag an bhfaighteoir dlíthiúil, éadáil droim ar ais ag an bhfaighteán dlíthiúil, nó aontú leasanna) mar a bhí ina ráitis airgeadais GAAP roimhe seo.

    (b)

    Aithneoidh an glacadóir céaduaire a shócmhainní agus a dhliteanais ar fad ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna a fuarthas nó a toimhdíodh i gcomhcheangal gnó roimhe sin, seachas:

    (i)

    roinnt sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a dhí-aithnítear i gcomhréir le GAAP roimhe seo (féach mír B2); agus

    (ii)

    sócmhainní, lena n-áirítear cáilmheas, agus dliteanais nach raibh aitheanta i ráiteas maidir le staid airgeadais comhdhlúthaithe an fhaighteora i gcomhréir le GAAP roimhe seo agus nach mbeadh i dteideal aitheantais ach oiread i gcomhréir le IFRSanna i ráiteas maidir le staid airgeadais ar leithligh an fhaighteáin (féach (f)–(i) thíos).

    Aithneoidh an glacadóir céaduaire aon athrú a eascraíonn trí thuilleamh coimeádta a choigeartú (nó, más iomchuí, catagóir eile cothromais), mura n-eascraíonn an t-athrú as aitheantas sócmhainne doláimhsithe a cuimsíodh i gcáilmheas roimhe sin (féach (g)(i) thíos).

    (c)

    Eiseoidh an glacadóir céaduaire óna ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais aon mhír aitheanta i gcomhréir le GAAP roimhe seo nach bhfuil i dteideal aitheantais mar shócmhainn nó dliteanas faoi IFRSanna. Coinneoidh an glacadóir céaduaire cuntas ar an athrú a eascraíonn mar a leanas:

    (i)

    b’fhéidir gur aicmigh an glacadóir céaduaire comhcheangal gnó roimhe seo mar éadáil agus gur aithin sé mír amhail sócmhainn dholáimhsithe nach bhfuil i dteideal aitheantais amhail sócmhainn i gcomhréir le IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe. Athaicmeoidh sé an mhír sin (agus, más ann di, an cháin iarchurtha ghaolmhar agus leasanna neamh-urlámhais) mar chuid de cháilmheas (murar asbhain sé cáilmheas go díreach ó chothromas i gcomhréir le GAAP roimhe seo, féach (g)(i) agus (i) thíos).

    (ii)

    aithneoidh an glacadóir céaduaire gach athrú eile a eascraíonn i dtuilleamh coimeádta (32).

    (d)

    Éilítear in IFRSanna tomhas dá éis sin ar roinnt sócmhainní agus dliteanas ar bhonn nach bhfuil bunaithe ar chostas bunaidh, amhail luach cóir. Tomhaisfidh an glacadóir céaduaire na sócmhainní agus na dliteanais sin ar an mbonn sin ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais, fiú má fuarthas nó má toimhdíodh iad i gcomhcheangal gnó roimhe sin. Aithneoidh sé aon athrú a tharlaíonn sa tsuim ghlanluacha trí thuilleamh coimeádta a choigeartú (nó, más iomchuí, catagóir eile cothromais), seachas cáilmheas.

    (e)

    Láithreach tar éis an chomhcheangail ghnó, is é a bheidh sa tsuim ghlanluacha i gcomhréir le GAAP roimhe seo sócmhainní a fuarthas agus dliteanais ghafa sa chomhcheangal gnó sin a gcostas measta i gcomhréir le IFRSanna ag an dáta sin. Má éilítear in IFRSanna tomhas costasbhunaithe ar na sócmhainní agus na dliteanais sin ag tráth níos déanaí, beidh an costas measta sin mar bhunús le dímheas nó amúchadh costasbhunaithe ó dháta an chomhcheangail gnó.

    (f)

    Murar aithníodh sócmhainn a fuarthas, nó dliteanas gafa, i gcomhcheangal gnó roimhe sin i gcomhréir le GAAP roimhe seo, níl costas measta nialas aige sa ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais. Ina ionad sin, aithneoidh an faighteoir é agus tomhaisfidh sé é ina ráiteas maidir le staid airgeadais comhdhlúthaithe ar bhonn a éileodh IFRSanna i ráiteas maidir le staid airgeadais an fhaighteáin. Chun na nithe a leanas a léiriú: murar chaipitligh an faighteoir, i gcomhréir lena GAAP roimhe seo, léasanna a fuarthas i gcomhcheangal gnó roimhe sin ina raibh an faighteán ina léasaí, caipitleoidh sé na léasanna sin ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, mar a d’éileodh IFRS 16 Léasanna ar an bhfaighteán a dhéanamh ina ráiteas IFRS maidir le staid airgeadais. Mar an gcéanna, murar aithin an faighteoir, i gcomhréir lena GAAP roimhe seo, dliteanas teagmhasach atá fós ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, aithneoidh an faighteoir an dliteanas teagmhasach sin ag an dáta mura dtoirmeascfadh IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha a aithint i ráitis airgeadais an fhaighteáin. Os a choinne sin, má cuimsíodh sócmhainn nó dliteanas i gcáilmheas i gcomhréir le GAAP roimhe seo ach dá mbeadh sé aitheanta ar leithligh faoi IFRS 3, fanann an tsócmhainn nó an dliteanas sin i gcáilmheas mura n-éileofaí in IFRSanna go n-aithneofaí é i ráitis airgeadais an fhaighteáin.

    (g)

    Is é an tsuim ghlanluacha i gcomhréir le GAAP roimhe seo ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna a bheidh i suim ghlanluacha an cháilmheasa sa ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais, tar éis dhá choigeartú:

    (i)

    Má éilítear in (c)(i) thuas é, méadóidh an glacadóir céaduaire suim ghlanluacha ar an cháilmheasa i gcás ina n-athaicmíonn sé mír a d’aithin sé mar shócmhainn dholáimhsithe i gcomhréir le GAAP roimhe seo. Mar an gcéanna, má éilíonn (f) thuas go n-aithneoidh an glacadóir céaduaire sócmhainn dholáimhsithe a cuimsíodh i gcáilmheas aitheanta i gcomhréir le GAAP roimhe seo, laghdóidh an glacadóir céaduaire suim ghlanluacha an cháilmheasa dá réir sin (agus, más infheidhme, coigeartóidh sé an cháin iarchurtha agus na leasanna neamh-urlámhais).

    (ii)

    Gan beann ar cibé an bhfuil aon tásc ann go bhféadfadh an cáilmheas a bheith lagaithe, cuirfidh an glacadóir céaduaire IAS 36 i bhfeidhm chun an cáilmheas a thástáil maidir le lagú ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna agus chun aon chaillteanas lagaithe a eascraíonn a aithint i dtuilleamh coimeádta (nó, má éilíonn IAS 36, i mbarrachas athluachála). Bunófar an tástáil le haghaidh lagú ar na coinníollacha tráth an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (h)

    Ní dhéanfar aon choigeartú eile ar shuim ghlanluacha an cháilmheasa agus an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Mar shampla, ní athshonróidh an glacadóir céaduaire suim ghlanluacha an cháilmheasa:

    (i)

    chun taighde agus forbairt le linn próisis a fuarthas sa chomhcheangal gnó sin a eisiamh (mura mbeadh an tsócmhainn dholáimhsithe ghaolmhar i dteideal aitheantais i gcomhréir le IAS 38 i ráiteas maidir le staid airgeadais an fhaighteáin);

    (ii)

    chun amúchadh cáilmheasa roimhe sin a choigeartú;

    (iii)

    chun coigeartuithe ar cháilmheas a chúlú nach gceadódh IFRS 3, ach a rinneadh i gcomhréir le GAAP roimhe seo mar gheall ar choigeartuithe ar shócmhainní agus dliteanais idir dáta an chomhcheangail gnó agus an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (i)

    Má d’aithin an glacadóir céaduaire cáilmheas i gcomhréir le GAAP roimhe seo mar asbhaint ó chothromas:

    (i)

    ní aithneoidh sé cáilmheas ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais. Thairis sin, ní athaicmeoidh sé an cáilmheas sin chuig brabús nó caillteanas má dhiúscraíonn sé an fhochuideachta nó má éiríonn an infheistíocht san fhochuideachta lagaithe.

    (ii)

    coigeartuithe a leanann as fuascailt dá éis sin de theagmhas a imríonn tionchar ar chomaoin ceannaigh, aithneofar iad i dtuilleamh coimeádta.

    (j)

    I gcomhréir lena GAAP roimhe seo, b’fhéidir nach mbeadh fochuideachta a fuarthas sa chomhcheangal gnó roimhe sin comhdhlúthaithe ag an nglacadóir céaduaire (mar shampla, mar gheall nár mheas an mháthairchuideachta amhail fochuideachta í i gcomhréir le GAAP roimhe seo nó nár ullmhaigh sí cuntais chomhdhlúite). Coigeartóidh an glacadóir céaduaire suimeanna glanluacha shócmhainní agus dhliteanais na fochuideachta chuig na suimeanna a d’éileodh IFRSanna i ráiteas maidir le staid airgeadais na fochuideachta. Tá costas measta an cháilmheasa cothrom leis an difríocht ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna idir:

    (i)

    leas na máthairchuideachta sna suimeanna glanluacha coigeartaithe sin; agus

    (ii)

    costas a infheistíochta san fhochuideachta i ráitis airgeadais ar leithligh na máthairchuideachta.

    (k)

    Leanann tomhas na leasanna neamh-urlámhais agus cáin iarchurtha ó thomhas sócmhainní agus dliteanas eile. Dá bhrí sin, tá tionchar ag na coigeartuithe thuas ar shócmhainní agus dliteanais aitheanta ar leasanna neamh-urlámhais agus cáin iarchurtha.

    C5

    Baineann an díolúine le comhcheangail ghnó roimhe seo le hiaréadálacha infheistíochtaí in eintitis chomhlachaithe, leasanna i gcomhfhiontair agus leasanna in oibríochtaí comhpháirteacha inar ionann gníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí agus gnó, mar a shainmhínítear in IFRS 3. Ina theannta sin, tá feidhm chothrom ag an dáta roghnaithe le haghaidh mhír C1 maidir le gach éadáil den sórt sin.

    Aguisín D

    Eisceachtaí ó IFRSanna eile

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    D1

    Féadfaidh eintiteas a roghnú ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí seo a leanas a úsáid:

    (a)

    idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe (míreanna D2 agus D3);

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    costas measta (míreanna D5–D8 B);

    (d)

    léasanna (míreanna D9 agus D9B–D9E);

    (f)

    difríochtaí aistriúcháin carnacha (míreanna D12–D13A);

    (g)

    infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i gcomhfhiontair agus i gcomhlaigh (míreanna D14 agus D15A);

    (h)

    sócmhainní agus dliteanais fochuideachtaí, comhlach agus comhfhiontar (míreanna D16 agus D17);

    (i)

    ionstraimí airgeadais cumaisc (mír D18);

    (j)

    ainmniú ionstraimí airgeadais aitheanta roimhe sin (míreanna D19–D19C);

    (k)

    tomhas luacha chóir de shócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais tráth ar tugadh aitheantas tosaigh ina leith (mír D20);

    (l)

    dliteanais a dhíchoimisiúnú lena n-áirítear costas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh (míreanna D21 agus D21A);

    (m)

    sócmhainní airgeadais nó sócmhainní doláimhsithe a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRIC 12 Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse (mír D22);

    (n)

    costais iasachtaíochta (mír D23);

    (o)

    [scriosta]

    (p)

    dliteanais airgeadais a mhúchadh le hionstraimí cothromais (mír D25);

    (q)

    hipearbhoilsciú dian (míreanna D26–D30);

    (r)

    comhshocruithe (mír D31);

    (s)

    costais scafa i gcéim táirgthe mianaigh dromchla (mír D32);

    (t)

    conarthaí a shainiú chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol (mír D33);

    (u)

    ioncam (míreanna D34 agus D35); agus

    (v)

    idirbheart in airgeadra eachtrach agus comaoin réamhíocaíochta (mír D36).

    Ní chuirfidh eintiteas na díolúintí sin i bhfeidhm de réir analaí maidir le míreanna eile.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe

    D2

    Spreagtar, ach ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire, IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí cothromais a deonaíodh ar an 7 Samhain 2002 nó roimhe sin. Spreagtar, ach ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire freisin, IFRS 2 a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí cothromais a deonaíodh ar an 7 Samhain 2002 nó roimhe sin agus a dílsíodh roimh (a) an dáta aistrithe chuig IFRSanna agus (b) an 1 Eanáir 2005, cibé acu is déanaí. Ach, má roghnaíonn glacadóir céaduaire IFRS 2 a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí cothromais den sórt sin, ní féidir leis é sin a dhéanamh ach amháin má rinne an t-eintiteas luach cóir na n-ionstraimí cothromais sin, arna chinneadh ar dháta an tomhais, a nochtadh go poiblí, mar a shainmhínítear in IFRS 2. I gcás gach deontais ionstraimí cothromais nár cuireadh IFRS 2 seo i bhfeidhm ina leith (e.g. ionstraimí cothromais a deonaíodh ar an 7 Samhain 2002 nó roimhe), nochtfaidh glacadóir céaduaire mar sin féin an fhaisnéis a éilítear le míreanna 44 agus 45 de IFRS 2. Má dhéanann eintiteas téarmaí nó coinníollacha deontais ionstraimí cothromais nár cuireadh IFRS 2 i bhfeidhm ina leith a mhodhnú, ní éilítear ar an eintiteas míreanna 26–29 de IFRS 2 a chur i bhfeidhm má tharla an modhnú roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    D3

    Spreagtar, ach ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire freisin, IFRS 2 a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe a socraíodh roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna agus. Spreagtar, ach ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire freisin, IFRS 2 a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais a socraíodh roimh an 1 Eanáir 2005. Maidir le dliteanais lena mbaineann IFRS 2, ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire faisnéis chomparáideach a athshonrú a mhéid a bhaineann an fhaisnéis le tréimhse nó dáta níos luaithe ná an 7 Samhain 2002.

    D4

    [Scriosta]

    Costas measta

    D5

    Féadfaidh eintiteas a roghnú chun mír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna ag a luach cóir agus an luach cóir sin a úsáid mar a chostas measta ag an dáta sin.

    D6

    Féadfaidh glacadóir céaduaire a roghnú chun athluacháil GAAP roimhe seo ar mhír réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a úsáid ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, nó roimhe sin, mar chostas measta ag dáta na hathluachála, má bhí an athluacháil, ag dáta na hathluachála, inchomparáide a bheag nó a mhór le:

    (a)

    luach cóir; nó

    (b)

    costas nó costas dímheasta i gcomhréir le IFRSanna, coigeartaithe chun, mar shampla, athruithe in innéacs praghsanna ginearálta nó sonrach a léiriú.

    D7

    Tá na toghcháin i míreanna D5 agus D6 ar fáil freisin maidir le:

    (a)

    réadmhaoin infheistíochta, má roghnaíonn eintiteas an tsamhail chostais in IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta a úsáid;

    (aa)

    sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide (IFRS 16 Léasanna); agus

    (b)

    sócmhainní doláimhsithe a chomhlíonann:

    (i)

    na critéir aitheantais in IAS 38 (lena n-áirítear tomhas iontaofa an chostais bhunaidh); agus

    (ii)

    na critéir in IAS 38 maidir le hathluacháil (lena n-áirítear margadh gníomhach a bheith ann).

    Ní úsáidfidh eintiteas na toghcháin seo le haghaidh sócmhainní ná dliteanais eile.

    D8

    D’fhéadfadh glacadóir céaduaire costas measta a bhunú i gcomhréir le GAAP roimhe seo maidir le roinnt dá shócmhainní agus dhliteanais nó maidir leo ar fad trína dtomhas ag a luach cóir ag dáta áirithe amháin mar gheall ar imeacht amhail príobháidiú nó tairiscint tosaigh don phobal.

    (a)

    Má tá dáta an tomhais ag nó roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna, féadfaidh an t-eintiteas tomhais luach cóir teagmhasbhunaithe den sórt sin a úsáid mar chostas measta maidir le IFRSanna ag dáta an tomhais sin.

    (b)

    Má tá dáta an tomhais tar éis an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ach le linn na tréimhse cumhdaithe ag na chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, féadfar na tomhais luach cóir teagmhasbhunaithe a úsáid mar chostas measta nuair a tharlaíonn an teagmhas. Aithneoidh eintiteas na coigeartuithe dá thoradh go díreach i dtuilleamh coimeádta (nó más iomchuí, catagóir cothromais eile) ar dháta an tomhais. Ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, bunóidh an t-eintiteas an costas measta trí na critéir i míreanna D5–D7 a chur i bhfeidhm nó tomhaisfidh siad na sócmhainní agus na dliteanais i gcomhréir leis na ceanglais eile san IFRS sin.

    D8A

    Faoi roinnt ceanglais chuntasaíochta náisiúnta coinnítear cuntas ar chostais taiscéalaíochta agus forbartha maidir le réadmhaoine ola agus gáis sna céimeanna forbartha nó táirgthe in ionaid chostais a áiríonn na réadmhaoine sin ar fad i limistéar geografach mór. Féadfaidh glacadóir céaduaire atá ag úsáid cuntasaíocht den sórt sin faoi GAAP roimhe seo a roghnú chun sócmhainní ola agus gáis a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna ar an mbonn a leanas:

    (a)

    sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta ag an méid arna chinneadh faoi GAAP roimhe seo an eintitis; agus

    (b)

    sócmhainní sna céimeanna forbartha nó táirgthe ag an méid arna chinneadh don ionad costais faoi GAAP roimhe seo an eintitis. Leithdháilfidh an t-eintiteas an méid sin le bunsócmhainní an ionaid costais pro rata ag úsáid toirteanna cúlchiste nó luachanna cúlchiste ón dáta sin.

    Tástálfaidh an t-eintiteas sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta agus sócmhainní sna céimeanna forbartha agus táirgthe le haghaidh lagú ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna i gcomhréir le IFRS 6 Taiscéalaíocht agus Meastóireacht a Dhéanamh ar Acmhainní Mianracha nó IAS 36 faoi seach agus, más gá, an méid arna chinneadh a laghdú i gcomhréir le (a) nó (b) thuas. Chun críocha na míre seo, níl sócmhainní ola agus gáis comhdhéanta ach amháin de na sócmhainní sin a úsáidtear i dtaiscéalaíocht, meastóireacht, forbairt nó táirgeadh ola agus gáis.

    D8B

    Coinníonn roinnt eintiteas míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide nó sócmhainní doláimhsithe a úsáidtear, nó a úsáideadh roimhe sin, in oibríochtaí faoi réir rialáil ráta. D’fhéadfaí méideanna arna gcinneadh faoi GAAP roimhe seo ach nach gcáilíonn le haghaidh caipitliú i gcomhréir le IFRSanna a áireamh i suim ghlanluacha míreanna den sórt sin. Más amhlaidh an cás, féadfaidh glacadóir céaduaire a roghnú chun suim ghlanluacha GAAP roimhe seo ar mhír a úsáid ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna mar chostas measta. Má chuireann eintiteas an díolúine seo i bhfeidhm ar mhír, ní gá é a chur i bhfeidhm ar gach mír. Ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, déanfaidh eintiteas tástáil le haghaidh lagú i gcomhréir le IAS 36 ar gach mír lena bhfuil an díolúine seo á húsáid. Chun críocha na míre seo, tá oibríochtaí faoi réir rialáil ráta má rialaíonn creat iad chun na praghsanna a bhunú is féidir a ghearradh ar chustaiméirí ar earraí nó seirbhísí agus tá an creat sin faoi réir maoirseacht agus/nó formheas ó rialtóir rátaí (mar a shainmhínítear in IFRS 14 Cuntais Iarchurtha Rialaitheacha).

    Léasanna

    D9

    Féadfaidh glacadóir céaduaire measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil léas i gconradh ar ann dó ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna trí mhíreanna 9–11 de IFRS 16 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin ar bhonn na bhfíoras agus na gcúinsí ar ann dóibh ag an dáta sin.

    D9A

    [Scriosta]

    D9B

    Nuair a aithníonn glacadóir céaduaire ar léasaí é dliteanais léasa agus sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide, féadfaidh sé an cur chuige a leanas a chur i bhfeidhm maidir lena léasanna ar fad (faoi réir na réiteach praiticiúil dá dtugtar tuairisc i mír D9D):

    (a)

    dliteanas léasa a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Tomhaisfidh léasaí a leanann an cur chuige seo an dliteanas léasa sin ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa atá fágtha (féach mír D9E), arna lascainiú ag úsáid ráta iasachta incriminteach an léasaí (féach mír D9E) ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (b)

    dliteanas sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Roghnóidh an léasaí, ar bhonn léasa ar léas, an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide sin a thomhas:

    (i)

    a suim ghlanluacha amhail is dá mbeadh IFRS 16 curtha i bhfeidhm ó dháta tosaigh an léasa (féach mír D9E), ach arna lascainiú ag úsáid ráta iasachta incriminteach an léasaí ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna; nó

    (ii)

    méid cothrom leis an dliteanas léasa, arna choigeartú ag méid aon íocaíochtaí léasa réamhíoctha nó fabhraithe a bhaineann leis an léas sin arna aithint i ráiteas maidir le staid airgeadais díreach roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (c)

    IAS 36 a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    D9C

    D’ainneoin na ceanglais i mír D9B, tomhaisfidh glacadóir céaduaire ar léasaí é an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide ar luach cóir ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna maidir le léasanna a chomhlíonann sainmhíniú réadmhaoine infheistíochta in IAS 40 agus a tomhaiseadh ag úsáid shamhail an luacha chóir in IAS 40 ón dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    D9D

    Féadfaidh glacadóir céaduaire ar léasaí é ceann amháin nó níos mó de na nithe a leanas a dhéanamh ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, arna gcur i bhfeidhm ar bhonn léas ar léas:

    (a)

    ráta lascaine aonair a chur i bhfeidhm ar phunann léasanna a bhfuil saintréithe cosúla acu (mar shampla, téarma léasa fágtha cosúil maidir le haicme chosúil sócmhainne foluití i dtimpeallacht eacnamaíoch chosúil).

    (b)

    roghnú gan na ceanglais i mír D9B a chur i bhfeidhm maidir le léasanna a dtagann deireadh lena dtéarma léasa (féach mír D9E) laistigh de 12 mhí ón dáta aistrithe chuig IFRSanna. Ina ionad sin, coinneoidh an t-eintiteas cuntas (lena n-áirítear faisnéis a nochtadh maidir leo) ar léasanna amhail is dá mba léasanna gearrthéarmacha iad a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le mír 6 de IFRS 16.

    (c)

    roghnú gan na ceanglais i mír D9B a chur i bhfeidhm maidir le léasanna a bhfuil luach íseal ar a mbunsócmhainn (mar a thuairiscítear i míreanna B3–B8 de IFRS 16). Ina ionad sin, coinneoidh an t-eintiteas cuntas (lena n-áirítear faisnéis a nochtadh maidir leo) ar na léasanna sin i gcomhréir le mír 6 de IFRS 16.

    (d)

    dírchostais tosaigh a eisiamh (féach mír D9E) ó thomhas sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (e)

    breathnú siar a úsáid, amhail chun an téarma léasa a chinneadh má tá roghanna sa chonradh chun an léas a shíneadh nó a chríochnú.

    D9E

    Téarmaí sainmhínithe is ea íocaíochtaí léasa, léasaí, ráta iasachta incriminteach léasaí, dáta tosaigh an léasa, dírchostais tosaigh agus téarma léasa in IFRS 16 agus úsáidtear iad sa Chaighdeán seo leis an mbrí chéanna.

    D10-D11

    [Scriosta]

    Difríochtaí aistriúcháin carnacha

    D12

    In IAS 21 éilítear ar eintiteas:

    (a)

    roinnt de na difríochtaí aistriúcháin in ioncam cuimsitheach eile a shainaithint agus iad a charnadh i ngné den chaipiteal gnáthscaireanna ar leithligh; agus

    (b)

    ar dhiúscairt oibríocht eachtrach, an difríocht aistriúcháin charnach don oibríocht eachtrach sin a athaicmiú (lena n-áirítear, más infheidhme, gnóthachain agus caillteanais ar fhálta gaolmhara) ó chothromas go brabús nó caillteanas mar chuid den bhrabús nó den chaillteanas ar dhiúscairt.

    D13

    Ach, ní gá do ghlacadóir céaduaire na ceanglais sin a chomhlíonadh maidir le difríochtaí aistriúcháin carnacha arbh ann dóibh ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Má úsáideann glacadóir céaduaire an díolúine seo:

    (a)

    meastar na difríochtaí aistriúcháin carnacha maidir le gach oibríocht eachtrach a bheith ag nialas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna; agus

    (b)

    eiseofar i ngnóthachan nó caillteanas ar dhiúscairt dá éis sin aon oibríochta eachtraí difríochtaí aistriúcháin a d’eascair roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna agus áireofar ann dá éis sin difríochtaí aistriúcháin.

    D13A

    In ionad mír D12 nó mír D13 a chur i bhfeidhm, féadfaidh fochuideachta a úsáideann an díolúine i mír D16(a) a roghnú, ina ráitis airgeadais, difríochtaí aistriúcháin carnacha a thomhas maidir le gach oibríocht eachtrach ag an tsuim ghlanluacha a d’áireofaí i ráitis airgeadais chomhdhlúite na máthairchuideachta, bunaithe ar dháta aistrithe chuig IFRSanna na máthairchuideachta, mura ndearnadh aon choigeartuithe maidir le nósanna imeachta comhdhlúthaithe agus maidir le héifeachtaí an chomhcheangail gnó ina bhfuair an mháthairchuideachta an fhochuideachta. Tá rogha chosúil ar fáil do ghnólacht comhlachaithe nó comhfhiontar a úsáideann an díolúine i mír D16(a).

    Infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i gcomhfhiontair agus i gcomhlaigh

    D14

    Nuair a ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais ar leithligh, éilítear in IAS 27 air cuntas a choinneáil ar infheistíochtaí i bhfochuideachtaí, i gcomhfhiontair agus i gcomhlaigh:

    (a)

    ar chostas;

    (b)

    i gcomhréir le IFRS 9; nó

    (c)

    ag úsáid mhodh an chothromais mar a dtugtar tuairisc air in IAS 28.

    D15

    Má thomhaiseann glacadóir céaduaire infheistíocht den sórt sin ar chostas i gcomhréir le IAS 27, tomhaisfidh sé an infheistíocht sin ar cheann de na méideanna a leanas ina ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais ar leithligh:

    (a)

    an costas mar a chinntear i gcomhréir le IAS 27; nó

    (b)

    costas measta. Beidh costas measta infheistíochta den sórt sin amhail lena:

    (i)

    luach cóir ag dáta aistrithe an eintitis chuig IFRSanna ina ráitis airgeadais ar leithligh; nó

    (ii)

    suim ghlanluacha GAAP roimhe seo ag an dáta sin.

    Féadfaidh glacadóir céaduaire (i) nó (ii) thuas a roghnú chun a infheistíocht i ngach fochuideachta, comhfhiontar nó gnólacht comhlachaithe a thomhas a roghnaíonn sé a thomhas ag úsáid costas measta.

    D15A

    Má choinníonn glacadóir céaduaire cuntas ar infheistíocht den sórt sin ag úsáid mhodh an chothromais mar a dtugtar tuairisc air in IAS 28:

    (a)

    cuireann an glacadóir céaduaire an díolúine i bhfeidhm le haghaidh comhcheangail ghnó roimhe sin (Foscríbhinn C) maidir le éadáil na hinfheistíochta.

    (b)

    má bhíonn an t-eintiteas ina ghlacadóir céaduaire le haghaidh a ráiteas airgeadais ar leithligh níos luaithe seachas le haghaidh a ráiteas airgeadais chomhdhlúite, agus

    (i)

    níos deireanaí ná a mháthairchuideachta, cuirfidh an t-eintiteas mír D16 i bhfeidhm ina ráitis airgeadais ar leithligh.

    (ii)

    níos deireanaí ná a fhochuideachta, cuirfidh an t-eintiteas mír D17 i bhfeidhm ina ráitis airgeadais ar leithligh.

    Sócmhainní agus dliteanais fochuideachtaí, comhlach agus comhfhiontar

    D16

    Má bhíonn fochuideachta ina ghlacadóir céaduaire níos deireanaí ná a mháthairchuideachta, tomhaisfidh an fhochuideachta, ina ráitis airgeadais, a sócmhainní agus dliteanais ag:

    (a)

    na suimeanna glanluacha a d’áireofaí i ráitis airgeadais chomhdhlúite na máthairchuideachta, bunaithe ar dháta aistrithe chuig IFRSanna na máthairchuideachta, mura ndearnadh aon choigeartú maidir le nósanna imeachta comhdhlúthaithe agus maidir le héifeachtaí an chomhcheangail gnó ina bhfuair an mháthairchuideachta an fhochuideachta (níl an rogha seo ar fáil d’fhochuideachta eintitis infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10, a éilítear a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas); nó

    (b)

    na suimeanna glanluacha a éilítear sa chuid eile den IFRS seo, bunaithe ar dháta aistrithe na fochuideachta chuig IFRSanna. D’fhéadfadh na suimeanna glanluacha seo a bheith difriúil leo sin dá dtugtar tuairisc in (a):

    (i)

    i gcás ina mbíonn tomhais a bhraitheann ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna mar thoradh ar na díolúintí san IFRS seo.

    (ii)

    i gcás ina bhfuil na beartais chuntasaíochta a úsáidtear i ráitis airgeadais na fochuideachta difriúil leo sin sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Mar shampla, féadfaidh an fhochuideachta an tsamhail chostais in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh a úsáid mar bheartas cuntasaíochta, ach féadfaidh an grúpa an tsamhail athluachála a úsáid.

    Tá rogha chosúil ar fáil do ghnólacht comhlachaithe nó comhfhiontar a bhíonn ina ghlacadóir céaduaire níos deireanaí ná eintiteas a bhfuil tionchar suntasach nó comhrialú aige air.

    D17

    Ach, má bhíonn eintiteas ina ghlacadóir céaduaire níos deireanaí ná a fhochuideachta (nó gnólacht comhlachaithe nó comhfhiontar) déanfaidh an t-eintiteas, ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, sócmhainní agus dliteanais na fochuideachta (nó an ghnólachta comhlachaithe nó an chomhfhiontair) sin a thomhas, tar éis coigeartú a dhéanamh maidir le comhdhlúthú agus coigeartuithe cuntasaíochta cothromais agus le haghaidh éifeachtaí an chomhcheangail gnó ina bhfuair an t-eintiteas an fhochuideachta. Gan beann ar an gceanglas sin, ní chuirfidh máthairchuideachta eintiteas neamh-infheistíochta an díolúine seo i bhfeidhm a úsáideann aon fhochuideachta eintitis infheistíochta níos luaithe. Ar an gcaoi chéanna, má bhíonn máthairchuideachta ina glacadóir céaduaire le haghaidh a ráiteas airgeadais ar leithligh níos luaithe nó níos deireanaí ná le haghaidh a ráiteas airgeadais chomhdhlúite, tomhaisfidh sí a sócmhainní agus dliteanais ag na méideanna céanna sa dá ráiteas airgeadais, ach amháin coigeartuithe comhdhlúthaithe.

    Ionstraimí airgeadais cumaisc

    D18

    IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Éilíonn Cur i láthair ar eintiteas ionstraim airgeadais chumaisc a dheighilt tráth a thionscanta ina ghnéithe dliteanais agus cothromais. Mura bhfuil an ghné dliteanais fós ann, deighealfar dhá sciar cothromais chun IAS 32 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach. Bheadh an chéad sciar i dtuilleamh coimeádta agus seasann sé don ús carnach arna fhuilleamh ar an ngné dliteanais. Seasann an sciar eile don chuidí cothromais bunaidh. Ach, i gcomhréir leis an IFRS seo, ní gá do ghlacadóir céaduaire an dá sciar sin a chur ar leithligh mura bhfuil an ghné dliteanais fós ann ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    Ainmniú ionstraimí airgeadais aitheanta roimhe sin

    D19

    Ceadaíonn IFRS 9 dliteanas airgeadais (ar choinníoll go gcomhlíonann sé critéir áirithe) a ainmniú mar dhliteanas airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. D’ainneoin an ceanglas seo, ceadaítear d’eintiteas aon dliteanas airgeadais a ainmniú, ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir i mír 4.2.2 de IFRS 9 ag an dáta sin.

    D19A

    Féadfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais a ainmniú mar thomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.1.5 de IFRS 9 ar bhonn na bhfíoras agus na gcúinsí atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    D19B

    Féadfaidh eintiteas infheistíocht in ionstraim chothromais a ainmniú mar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9 ar bhonn na bhfíoras agus na gcúinsí atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    D19C

    Maidir le dliteanas airgeadais a ainmnítear mar dhliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, cinnfidh eintiteas an gcruthódh nó nach gcruthódh an chóireáil i mír 5.7.7 de IFRS 9 neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó caillteanas ar bhonn na bhfíoras agus na gcúinsí atá ann ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    Tomhas luach cóir de shócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais tráth ar tugadh aitheantas tosaigh ina leith

    D20

    D’ainneoin na ceanglais i mír 7 agus 9, féadfaidh eintiteas na ceanglais i mír B5.1.2A(b) de IFRS 9 a chur i bhfeidhm go hionchasach ar idirbhearta ar tugadh fúthu ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna nó dá éis sin.

    Dliteanais a dhíchoimisiúnú lena n-áirítear costas réadmhaoine, gléasra agus trealaimh

    D21

    Éilítear in IFRIC 1 Athruithe ar Dhíchoimisiúnú Reatha, Athchóiriú agus Dliteanais Chosúla athruithe sonracha i ndíchoimisiúnú, athchóiriú nó dliteanas cosúil atá le cur le costas na sócmhainne lena mbaineann sé nó le hasbhaint ón gcostas sin; ansin dímheastar bonn dímheasa coigeartaithe na sócmhainne go hionchasach le linn a shaolré úsáide atá fágtha. Ní gá do ghlacadóir céaduaire na ceanglais sin a chomhlíonadh maidir le hathruithe i ndliteanais den sórt sin a tharla roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Má úsáideann glacadóir céaduaire an díolúine seo, déanfaidh sé na nithe a leanas:

    (a)

    an dliteanas a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna i gcomhréir le IAS 37;

    (b)

    a mhéid atá an dliteanas faoi raon feidhme IFRIC 1, meastachán a dhéanamh ar an méid a d’áireofaí i gcostas na sócmhainne lena mbaineann nuair a tháinig an dliteanas aníos i dtosach, tríd an dliteanas a lascainiú chuig an dáta sin ag úsáid a mheastacháin is fearr ar an ráta lascaine/na rátaí lascaine riosca-choigeartaithe go stairiúil a bheadh curtha i bhfeidhm maidir leis an dliteanas sin le linn na tréimhse idir an dá linn; agus

    (c)

    an dímheas carntha ar an méid sin a ríomh, ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna, ar bhonn an mheastacháin atá ann faoi láthair ar shaolré úsáide na sócmhainne, ag úsáid an bheartais dímheasa a ghlac an t-eintiteas i gcomhréir le IFRSanna.

    D21A

    Déanfaidh eintiteas a úsáideann an díolúine i mír D8A(b) (maidir le réadmhaoine ola agus gáis sna céimeanna forbartha nó táirgthe in ionaid chostais a áiríonn na réadmhaoine sin ar fad i limistéar geografach mór faoi GAAP roimhe seo), in ionad mhír D21 nó IFRIC 1 a chur i bhfeidhm:

    (a)

    díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chosúla a thomhas ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna i gcomhréir le IAS 37; agus

    (b)

    aon difríocht idir an tsuim sin agus suim ghlanluacha na ndliteanas sin ag an dáta aistrithe chuig IFRSanna arna chinneadh faoi GAAP roimhe seo an eintitis a shainaithint go díreach i dtuilleamh coimeádta

    Sócmhainní airgeadais nó sócmhainní doláimhsithe a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRIC 12

    D22

    Féadfaidh glacadóir céaduaire na forálacha aistriúcháin IFRIC 12 a chur i bhfeidhm.

    Costais iasachtaíochta

    D23

    Féadfaidh glacadóir céaduaire roghnú chun ceanglais IAS 23 a chur i bhfeidhm ón dáta aistrithe nó ó dháta níos luaithe mar a cheadaítear i mír 28 de IAS 23. Ón dáta a thosaíonn eintiteas a chuireann an díolúine sin i bhfeidhm ag cur IAS 23 i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas:

    (a)

    ní athshonróidh sé costas iasachtaíochta na comhpháirte a caipitlíodh faoi GAAP roimhe seo agus a áiríodh i suim ghlanluacha sócmhainní ag an dáta sin; agus

    (b)

    coinneoidh sé cuntas ar chostais iasachtaíochta a tabhaíodh ar an dáta sin nó dá éis sin i gcomhréir le IAS 23, lena n-áirítear na costais iasachtaíochta sin a tabhaíodh ar an dáta sin nó dá éis sin ar shócmhainní cáiliúcháin atá á dtógáil cheana féin.

    D24

    [Scriosta]

    Dliteanais airgeadais a mhúchadh le hionstraimí cothromais

    D25

    Féadfaidh glacadóir céaduaire na forálacha aistriúcháin IFRIC 19 Dliteanais Airgeadais a Mhúchadh le hIonstraimí Cothromais a chur i bhfeidhm.

    Hipearbhoilsciú dian

    D26

    Má tá airgeadra feidhmiúil ag eintiteas a bhí, nó atá, ina airgeadra ag geilleagar hipearbhoilscitheach, cinnfidh sé cibé an raibh sé faoi réir hipearbhoilsciú dian roimh an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Tá feidhm aige seo maidir le heintitis a bhfuil IFRSanna á nglacadh acu den chéad uair, chomh maith le heintitis a chuir IFRSanna i bhfeidhm roimhe seo.

    D27

    Tá airgeadra geilleagair hipearbhoilscithigh faoi réir hipearbhoilsciú dian má bhíonn an dá shaintréith a leanas aige:

    (a)

    níl innéacs praghsanna ginearálta iontaofa ar fáil do gach eintiteas le hidirbhearta agus iarmhéideanna san airgeadra.

    (b)

    ní ann d’inmhalartaitheacht idir an t-airgeadra agus airgeadra eachtrach réasúnta cobhsaí.

    D28

    Scoireann airgeadra feidhmiúil eintitis de bheith faoi réir hipearbhoilsciú dian ar dháta normalaithe an airgeadra fheidhmiúil. Is é sin an dáta nuair nach bhfuil ceachtar saintréith, nó an dá shaintréith i mír D27 ag an airgeadra feidhmiúil a thuilleadh, nó nuair a bhíonn athrú in airgeadra feidhmiúil an eintitis chuig airgeadra nach bhfuil faoi réir hipearbhoilsciú dian.

    D29

    I gcás ina bhfuil dáta aistrithe chuig IFRSanna eintitis ar dháta normalaithe airgeadra feidhmiúil nó dá éis sin, féadfaidh an t-eintiteas roghnú chun gach sócmhainn agus dliteanas arna sealbhú roimh dháta normalaithe an airgeadra fheidhmiúil a thomhas ar luach cóir ar an dáta aistrithe chuig IFRSanna. Féadfaidh an t-eintiteas an luach cóir sin a úsáid mar chostas measta na sócmhainní agus na ndliteanas sin i ráiteas tosaigh IFRS maidir le staid airgeadais.

    D30

    I gcás ina dtiteann dáta normalaithe an airgeadra feidhmiúil laistigh de thréimhse inchomparáide 12 mhí, féadfaidh an tréimhse inchomparáide a bheith níos lú ná 12 mhí, ar choinníoll go soláthraítear tacar iomlán de ráitis airgeadais (arna éileamh le mír 10 de IAS 1) maidir leis an tréimhse níos giorra sin.

    Socruithe comhpháirteacha

    D31

    Féadfaidh glacadóir céaduaire na forálacha aistriúcháin in IFRS 11 a chur i bhfeidhm leis na heisceachtaí a leanas:

    (a)

    I gcás ina bhfuil na forálacha aistriúcháin in IFRS 11 á gcur i bhfeidhm, cuirfidh glacadóir céaduaire na forálacha seo i bhfeidhm ón dáta aistrithe chuig IFRSanna.

    (b)

    I gcás ina bhfuiltear ag athrú ó chomhdhlúthú comhréireach chuig modh an chothromais, déanfaidh glacadóir céaduaire tástáil maidir le lagú ar an infheistíocht i gcomhréir le IAS 36 ag an dáta aistrithe chuig IFRS, gan beann ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an infheistíocht sin lagaithe. Aithneofar aon lagú a eascraíonn mar choigeartú ar na tuilleamh coimeádta tráth an dáta aistrithe chuig IFRS

    Costais scafa i gcéim táirgthe mianaigh dromchla

    D32

    Féadfaidh glacadóir céaduaire na forálacha idirthréimhseacha a leagtar amach i míreanna A1 go A4 de IFRIC 20 Costais Scafa i gCéim Táirgthe Mianaigh Dromchla a chur i bhfeidhm. Sa mhír sin, léirmhíneofar tagairt don dáta éifeachtach amhail an 1 Eanáir 2013 nó tús na chéad tréimhse tuairiscithe IFRS, cibé acu is deireanaí.

    Conarthaí chun míreanna neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol

    D33

    Ceadaítear in IFRS 9 roinnt conarthaí chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol le bheith ainmnithe tráth a thionscanta amhail tomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (féach mír 2.5 de IFRS 9). D’ainneoin an ceanglas seo, ceadaítear d’eintiteas conarthaí ar ann dóibh cheana ar an dáta sin a ainmniú, amhail tomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má chomhlíonann siad na ceanglais i mír 2.5 de IFRS 9 ag an dáta sin agus ainmníonn an t-eintiteas gach conradh cosúil.

    Ioncam

    D34

    Féadfaidh glacadóir céaduaire na forálacha aistriúcháin i mír C5 de IFRS 15 a chur i bhfeidhm. Sna míreanna sin, léirmhíneofar tagairtí don ‘dáta iarratas tosaigh’ amhail tús na chéad tréimhse tuairiscithe IFRS. Má chinneann glacadóir céaduaire na forálacha aistriúcháin sin a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé i bhfeidhm freisin mír C6 de IFRS 15.

    D35

    Ní éilítear ar ghlacadóir céaduaire conarthaí a cuireadh i gcrích roimh an tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair a athshonrú. Conradh is ea conradh curtha i gcrích lenar aistrigh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí ar fad arna sainaithint i gcomhréir le GAAP roimhe seo.

    Idirbheart in Airgeadra Eachtrach agus Comaoin Réamhíocaíochta

    D36

    Ní gá do ghlacadóir céaduaire IFRIC 22 Idirbhearta in Airgeadra Eachtrach agus Comaoin Réamhíocaíochta a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainní, costais agus ioncam i raon feidhme an Léirmhínithe sin i dtosach arna sainaithint roimh an dáta aistrithe chuig Caighdeáin IFRS.

    Foscríbhinn E

    Díolúintí gearrthéarmacha ó IFRSanna

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Díolúine ón gceanglas chun faisnéis chomparáideach a athshonrú le haghaidh IFRS 9

    E1

    Má thosaíonn céad tréimhse tuairiscithe eintitis roimh an 1 Eanáir 2019 agus má chuireann an t-eintiteas leagan críochnaithe IFRS 9 (arna eisiúint in 2014) i bhfeidhm, ní gá go gcomhlíonfadh an fhaisnéis chomparáideach i gcéad ráiteas airgeadais IFRS eintitis IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtadh nó leagan críochnaithe IFRS 9 (arna eisiúint in 2014), a mhéid a bhaineann na nochtuithe a éilítear in IFRS 7 le míreanna faoi raon feidhme IFRS 9. Maidir le heintitis den sórt sin, ciallóidh tagairtí don ‘dáta aistrithe chuig IFRSanna’, i gcás IFRS 7 agus IFRS 9 (2014) amháin, tús na chéad tréimhse tuairiscithe IFRS.

    E2

    Maidir le heintiteas a roghnaíonn chun faisnéis chomparáideach a chur i láthair nach gcomhlíonann IFRS 7 agus leagan críochnaithe IFRS 9 (arna eisiúint in 2014) ina chéad bhliain aistriúcháin, déanfaidh sé:

    (a)

    ceanglais a GAAP roimhe seo a chur i bhfeidhm in ionad cheanglais IFRS 9 le faisnéis chomparáideach maidir leis na míreanna faoi raon feidhme IFRS 9.

    (b)

    an fíoras sin a nochtadh leis an mbonn a úsáideadh chun an fhaisnéis sin a ullmhú.

    (c)

    cóireáil ar aon choigeartú idir ráiteas ar an staid airgeadais ag dáta tuairiscithe na tréimhse inchomparáide (i.e. an ráiteas maidir le staid airgeadais a áiríonn faisnéis chomparáideach faoi GAAP roimhe seo) agus an ráiteas maidir le staid airgeadais ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe IFRS (i.e. an chéad tréimhse a áiríonn faisnéis a chomhlíonann IFRS 7 agus leagan críochnaithe IFRS 9 (arna eisiúint in 2014)) amhail a eascraíonn as athrú i mbeartas cuntasaíochta agus tabharfaidh sé na nochtuithe a éilítear i mír 28(a)–(e) agus (f)(i) de IAS 8. Níl feidhm ag mír 28(f)(i) ach amháin leis na glanmhéideanna a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais tráth dháta tuairiscithe na tréimhse inchomparáide.

    (d)

    cuirfidh sé mír 17(c) de IAS 1 i bhfeidhm chun nochtaí breise a sholáthar nuair nach bhfuil comhlíontacht leis na ceanglais shonracha in IFRSanna leordhóthanach chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí an tionchar atá ag idirbhearta áirithe, teagmhais áirithe eile agus dálaí áirithe ar staid airgeadais agus ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis a thuiscint.

    E3 – E7

    [Scriosta]

    Éiginnteacht maidir le cóireálacha cánach ioncaim

    E8

    D’fhéadfaí nach roghnódh glacadóir céaduaire, a bhfuil an dáta aistrithe chuig IFRSanna roimh an 1 Iúil 2017, cur i bhfeidhm IFRIC 23 Éiginnteacht maidir le cóireálacha cánach ioncaim a léiriú san fhaisnéis chomparáideach sna chéad ráitis airgeadais de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais. Aithneoidh eintiteas, a dhéanfaidh an roghnúchán sin, an iarmhairt charnach a bhaineann le IFRIC 23 a chur i bhfeidhm mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe IFRS.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 2

    Íocaíocht Scairbhunaithe

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo tuairisciú airgeadais arna dhéanamh ag eintiteas a shonrú nuair a dhéanann an t-eintiteas idirbheart íocaíochta scairbhunaithe. Go háirithe, leis an IFRS seo, éilítear ar eintiteas éifeachtaí a idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a léiriú ina bhrabús nó caillteanas agus ina staid airgeadais, lena n-áirítear caiteachas atá bainteach le hidirbhearta ina ndeonaítear scair-roghanna d’fhostaithe.

    RAON FEIDHME

    2

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ar chuntasaíocht le haghaidh na n-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe uile, cé acu is féidir leis an eintiteas roinnt de na hearraí nó seirbhísí, nó cuid acu, a glacadh a shainaithint go sonrach, nó nach féidir, lena n-áirítear:

    (a)

    idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe,

    (b)

    idirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe, agus

    (c)

    idirbhearta ina nglacann nó ina bhfaigheann an t-eintiteas earraí nó seirbhísí agus ina soláthraíonn na téarmaí comhshocrúcháin dea-mhéine rogha don eintiteas nó do sholáthraí na n-earraí nó na seirbhísí sin cé acu a shocraíonn an t-eintiteas an t-idirbheart le hairgead (nó le sócmhainní eile) nó a eisíonn sé ionstraimí cothromais,

    ach amháin mar a thugtar le fios i mír 3A go mír 6. In éagmais earraí nó seirbhísí atá in-sainaitheanta go sonrach, d’fhéadfadh imthosca eile a thabhairt le fios gur glacadh earraí nó seirbhísí (nó go nglacfar earraí nó seirbhísí), agus sa chás sin tá feidhm ag IFRS.

    3

    [Scriosta]

    3A

    D’fhéadfadh grúpeintiteas eile (nó scairshealbhóir aon ghrúpeintitis) idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a shocrú thar ceann an eintitis a ghlacann nó a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí. Tá feidhm ag mír 2 maidir le heintiteas nuair is fíor an méid a leanas

    (a)

    nuair a ghlacann an t-eintiteas earraí nó seirbhísí nuair a cheanglaítear ar eintiteas eile sa ghrúpa céanna (nó scairshealbhóir aon ghrúpeintitis) an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a shocrú, nó

    (b)

    nuair a éilítear ar eintiteas idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a shocrú nuair a ghlacann nó a fhaigheann eintiteas eile sa ghrúpa céanna na hearraí nó na seirbhísí

    mura bhfuil sé soiléir go mbaineann an t-idirbheart le críoch eile seachas íocaíocht as earraí nó seirbhísí arna soláthar don eintiteas a ghlacann iad.

    4

    Chun críocha an IFRS seo, ní idirbheart íocaíochta scairbhunaithe é idirbheart le fostaí (nó páirtí eile) agus é/í ina s(h)ealbhóir ionstraimí cothromais an eintitis. Mar shampla, má dheonaíonn an t-eintiteas an ceart chun ionstraimí cothromais breise an eintitis a fháil ar phraghas atá níos lú ná cóirluach na n-ionstraimí cothromais sin do shealbhóirí uile aicme áirithe dá ionstraimí cothromais, agus má ghlacann fostaí ceart den sórt sin toisc gur sealbhóir ionstraimí cothromais den aicme áirithe sin é/í, níl fóirdheontas nó feidhmiú an chirt sin faoi réir cheanglais an IFRS seo.

    5

    Mar a thugtar le fios i mír 2, tá feidhm ag an IFRS seo maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina nglacann nó ina bhfaigheann eintiteas earraí nó seirbhísí. Áirítear le hearraí fardail, tomhaltáin, réadmhaoin, gléasra agus trealamh, sócmhainní doláimhsithe agus sócmhainní neamhairgeadais eile. Ní dhéanfaidh eintiteas, áfach, an IFRS seo a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ina bhfaigheann an t-eintiteas earraí mar chuid de na glansócmhainní a fuarthas i gcomhcheangal idir gnólachtaí mar a shainmhínítear in IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí (arna leasú in 2008), i gcomhcheangal d’eintiteas nó de ghnólachtaí faoi rialú comhchoiteann mar a thuairiscítear i mír B1 go mír B4 de IFRS 3, nó tobhach gnólachta ar chaipiteal nuair a bhunaítear comhfhiontar mar a shainmhínítear in IFRS 11 Comhshocruithe. Dá réir sin, níl ionstraimí cothromais a eisítear i gcomhcheangal idir gnólachtaí mar mhalairt ar rialú an eintitis arna fháil faoi raon feidhme an IFRS seo. Maidir le hionstraimí cothromais a dheonaítear d’fhostaithe an eintitis arna fháil, áfach, i ndáil leis na hinniúlachtaí atá acu mar fhostaithe (e.g. mar thoradh ar sheirbhís leanúnach), tá siad faoi raon feidhme an IFRS seo. Ar an gcuma chéanna, cuirfear cur ar ceal, ionadú nó aon modhnú eile maidir le socruithe íocaíochta scairbhunaithe mar gheall ar athstruchtúrú comhcheangail idir gnólachtaí nó gnáthscaireanna eile san áireamh i gcomhréir leis an IFRS seo. Soláthraítear le IFRS 3 treoir maidir le cinneadh cibé acu atá ionstraimí cothromais a eisítear i gcomhcheangal idir gnólachtaí mar chuid den chomaoin arna haistriú mar mhalairt ar rialú an eintitis arna fháil (agus, dá bhrí sin, faoi raon feidhme IFRS 3) nó atá siad ann mar thoradh ar sheirbhís leanúnach atá le haithint sa tréimhse iar-chomhcheangail (agus faoi raon feidhme an IFRS seo, dá bhrí sin).

    6

    Níl feidhm ag an IFRS seo maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina nglacann nó ina bhfaigheann an t-eintiteas earraí nó seirbhísí faoi chonradh faoi raon feidhme mhíreanna 8–10 de IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair (mar a leasaíodh in 2003) (33) nó raon feidhme mhíreanna 2.4 go 2.7 de IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    6A

    Úsáidtear san IFRS seo an téarma ‘cóirluach’ ar bhealach atá difriúil ar roinnt bealaí leis an sainmhíniú ar chóirluach in IFRS 13 Tomhas Luach Cóir. Dá bhrí sin, nuair a chuirtear IFRS 2 i bhfeidhm, tomhaiseann eintiteas cóirluach i gcomhréir leis an IFRS seo, ní IFRS 13.

    AITHINT

    7

    Aithneoidh eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar nó a fhaightear in idirbheart íocaíochta scairbhunaithe nuair a fhaigheann sé na hearraí nó de réir mar a fhaightear na seirbhísí. Aithneoidh an t-eintiteas méadú comhfhreagrach ar chothromas má glacadh na hearraí nó na seirbhísí in idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, nó aithneoidh sé dliteanas má fuarthas na hearraí nó na seirbhísí in idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe.

    8

    Nuair nach mbíonn na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar nó a fhaightear in idirbheart íocaíochta scairbhunaithe i dteideal aitheantais mar shócmhainní, aithneofar iad mar chaiteachas.

    9

    De ghnáth, eascraíonn caiteachas as tomhaltas earraí nó seirbhísí. Mar shampla, is iondúil go n-úsáidtear seirbhísí láithreach, agus sa chás sin, aithnítear caiteachas de réir mar a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís. D’fhéadfaí earraí a úsáid thar imeacht ama nó, i gcás fardal, d’fhéadfaí iad a dhíol amach anseo, agus sa chás sin, aithnítear caiteachas nuair a úsáidtear nó nuair a dhíoltar na hearraí. Bíonn gá ann uaireanta, áfach, an caiteachas a aithint sula n-úsáidtear nó sula ndíoltar na hearraí nó seirbhísí, toisc nach bhfuil siad i dteideal aitheantais mar shócmhainní. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas earraí a fháil mar chuid de chéim taighde tionscadail chun táirge nua a fhorbairt. Cé nár úsáideadh na hearraí sin, d’fhéadfaí nach mbeidís i dteideal aitheantais mar shócmhainní faoin IFRS is infheidhme.

    IDIRBHEARTA ÍOCAÍOCHTA SCAIRBHUNAITHE COTHROMAS-SOCRAITHE

    Forbhreathnú

    10

    I gcás idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, déanfaidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar a thomhas, agus an méadú comhfhreagrach ar chothromas, go díreach, ar chóirluach na n-earraí nó na seirbhísí a ghlactar, ach amháin mura féidir an cóirluach a mheas go hiontaofa. Mura féidir leis an eintiteas cóirluach na n-earraí nó na seirbhísí a ghlactar a mheas go hiontaofa, déanfaidh an t-eintiteas a luach, agus an méadú comhfhreagrach ar chothromas, a thomhas, go hindíreach, faoi threoir (34) chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear.

    11

    Chun ceanglais mhír 10 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta le fostaithe agus daoine eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla (35), déanfaidh an t-eintiteas cóirluach na seirbhísí arna nglacadh a thomhas faoi threoir chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear, toisc nach mbíonn sé indéanta de ghnáth cóirluach na seirbhísí a ghlactar a mheas go hiontaofa, mar a mhínítear i mír 12. Déanfar cóirluach na n-ionstraimí cothromais sin a thomhas ar an dáta deontais.

    12

    De ghnáth, deonaítear scaireanna, scair-roghanna nó ionstraimí cothromais d’fhostaithe mar chuid dá bpacáistí luacha saothair, anuas ar thuarastal airgid agus sochair eile fostaíochta. Ní féidir, go hiondúil, tomhas a dhéanamh go díreach ar na seirbhísí a ghlactar le haghaidh comhpháirteanna áirithe de phacáistí luacha saothair na bhfostaithe. D’fhéadfadh sé chomh maith nach féidir tomhas a dhéanamh ar chóirluach an phacáiste luacha saothair iomláin go neamhspleách, gan tomhas a dhéanamh go díreach ar chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear. Thairis sin, deonaítear scaireanna nó scair-roghanna mar chuid de chomhshocrú dea-mhéine bónais uaireanta, seachas mar chuid de luach saothair bunúsach, e.g. mar dhreasacht do na fostaithe fanacht i bhfostaíocht an eintitis nó chun luach saothair a thabhairt dóibh sna hiarrachtaí chun feidhmíocht an eintitis a fheabhsú. Nuair a dheonaíonn sé scaireanna nó scair-roghanna, anuas ar luach saothair eile, tá an t-eintiteas ag íoc luach saothair breise chun sochair bhreise a fháil. Is dócha go mbeidh meas chóirluach na sochar breise sin deacair. Mar gheall ar an deacracht a bhaineann le tomhas a dhéanamh go díreach ar chóirluach na seirbhísí a ghlactar, déanfaidh an t-eintiteas cóirluach na seirbhísí fostaithe a ghlactar a thomhas faoi threoir chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear.

    13

    Chun ceanglais mhír 10 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta le páirtithe seachas fostaithe, beidh toimhde infhrisnéise ann gur féidir cóirluach na n-earraí nó na seirbhísí a ghlactar a mheas go hiontaofa. Déanfar an cóirluach sin a thomhas ar an dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó don dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís. I gcásanna annamha, má dhiúltaíonn an t-eintiteas don toimhde seo toisc nach féidir leis an eintiteas meastachán a dhéanamh go hiontaofa ar chóirluach na n-earraí nó na seirbhísí a ghlactar, déanfaidh an t-eintiteas tomhas ar na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar, agus an méadú comhfhreagrach ar chothromas, go hindíreach, faoi threoir chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear, arna dtomhas ar an dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó ar an dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís.

    13A

    Go háirithe, má dhealraítear go bhfuil an chomaoin in-sainaitheanta (más ann do cheann) a ghlac an t-eintiteas níos lú ná cóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear nó an dliteanas a tabhaíodh, is iondúil go dtugtar le fios leis an gcás sin gur ghlac an t-eintiteas comaoin eile (i.e. earraí nó seirbhísí neamh-inaitheanta), nó go nglacfaidh an t-eintiteas comaoin eile. Déanfaidh an t-eintiteas na hearraí nó seirbhísí in-sainaitheanta a fuarthas a thomhas i gcomhréir leis an IFRS seo. Déanfaidh an t-eintiteas na hearraí nó seirbhísí neamh-inaitheanta a glacadh (nó atá le glacadh) a thomhas mar an difríocht idir cóirluach na híocaíochta scairbhunaithe agus cóirluach aon earra nó seirbhíse in-sainaitheanta a glacadh (nó atá le glacadh). Déanfaidh an t-eintiteas na hearraí nó seirbhísí neamh-inaitheanta a fuarthas a thomhas ar an dáta deontais. Maidir le hidirbhearta airgeadsocraithe, áfach, déanfar an dliteanas a atomhas ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe go dtí go socrófar é i gcomhréir le míreanna 30–33.

    Idirbhearta ina nglactar seirbhísí

    14

    Má dílsíonn na hionstraimí cothromais a dheonaítear láithreach, ní éilítear ar an gcontrapháirtí tréimhse seirbhíse shonraithe a chur i gcrích sula mbeidh sé i dteideal na hionstraimí cothromais sin gan choinníoll. In éagmais fianaise lena dtugtar a mhalairt le fios, toimhdeoidh an t-eintiteas gur glacadh na seirbhísí arna ndéanamh ag an gcontrapháirtí mar chomaoin le haghaidh na n-ionstraimí cothromais. Sa chás sin, aithneoidh an t-eintiteas ar an dáta deontais gur glacadh na seirbhísí uile, agus beidh méadú comhfhreagrach ar chothromas.

    15

    Mura ndílsíonn na hionstraimí cothromais a dheonaítear go dtí go bhfuil tréimhse seirbhíse shonraithe curtha i gcrích ag an gcontrapháirtí, toimhdeoidh an t-eintiteas go nglacfar na seirbhísí atá le déanamh ag an gcontrapháirtí mar chomaoin le haghaidh na n-ionstraimí cothromais sin sa todhchaí, le linn na tréimhse dílseacháin. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar na seirbhísí sin de réir mar a dhéanann an contrapháirtí iad le linn na tréimhse dílseacháin, agus beidh méadú comhfhreagrach ar chothromas. Mar shampla:

    (a)

    má dheonaítear scair-roghanna d’fhostaí ar choinníoll go gcuirfear 3 bliana de sheirbhís i gcrích, toimhdeoidh an t-eintiteas go nglacfar na seirbhísí atá le déanamh ag an bhfostaí mar chomaoin le haghaidh na scair-roghanna sa todhchaí, le linn na tréimhse dílseacháin 3 bliana sin;

    (b)

    má dheonaítear scair-roghanna d’fhostaí ar choinníoll go mbaintear amach coinníoll feidhmíochta agus má fhanann an fostaí i bhfostú an eintitis sin go dtí go gcomhlíontar an coinníoll feidhmíochta sin, agus braitheann fad na tréimhse dílseacháin ar an tráth a chomhlíontar an coinníoll feidhmíochta, toimhdeoidh an t-eintiteas go nglacfar na seirbhísí atá le déanamh ag an bhfostaí mar chomaoin le haghaidh na scair-roghanna sa todhchaí, le linn na tréimhse dílseacháin ionchasaí. Déanfaidh an t-eintiteas fad na tréimhse dílseacháin ionchasaí tráth an dáta deontais a mheas, bunaithe ar an toradh is dócha ar an gcoinníoll feidhmíochta. Más dálaí margaidh an coinníoll feidhmíochta, beidh an meastachán ar fhad na tréimhse dílseacháin ionchasaí comhsheasmhach leis na toimhdí a úsáidtear chun cóirluach na roghanna a dheonaítear a mheas, agus ní leasófar iad dá éis sin. Mura dálaí margaidh an coinníoll feidhmíochta, leasóidh an t-eintiteas a mheastachán ar fhad na tréimhse dílseacháin, más gá, má thugann faisnéis eile le fios go bhfuil fad na tréimhse dílseacháin difriúil le meastacháin roimhe sin.

    Idirbhearta arna dtomhas faoi threoir chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear

    Cóirluach ionstraimí cothromais a dheonaítear a chinneadh

    16

    Maidir le hidirbhearta a thomhaistear faoi threoir chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear, déanfaidh an t-eintiteas cóirluach ionstraimí cothromais a dheonaítear ar dháta an tomhais a thomhas, bunaithe ar mhargadhphraghsanna más infhaighte, agus na téarmaí agus coinníollacha lena mbaineann deonú na n-ionstraimí cothromais sin á gcur san áireamh (faoi réir cheanglais mhíreanna 19-22).

    17

    Mura bhfuil na margadhphraghsanna ar fáil, déanfaidh an t-eintiteas cóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear a mheas ag úsáid teicníc luachála chun meastachán a dhéanamh ar an bpraghas a bheadh ar na hionstraimí cothromais sin ar dháta an tomhais in idirbheart ar neamhthuilleamaí idir páirtithe eolacha toilteanacha. Tiocfaidh an teicníc luachála le modhanna luachála, a nglactar leo ar an mórgóir, maidir le hionstraimí airgeadais a phraghsáil, agus cuirfear san áireamh ann na fachtóirí agus toimhdí uile a chuirfeadh rannpháirtithe eolacha toilteanacha sa mhargadh san áireamh agus an praghas á shocrú (faoi réir cheanglais mhíreanna 19-22).

    18

    I bhFoscríbhinn B tá tuilleadh treoraíochta maidir le tomhas ar chóirluach scaireanna agus scair-roghanna, ag díriú isteach ar na téarmaí agus coinníollacha sonracha is gnéithe comónta iad de dheontas scaireanna nó scair-roghanna d’fhostaithe.

    Láimhseáil coinníollacha dílsithe

    19

    D’fhéadfaí go ndeonfaí ionstraimí cothromais ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dílsithe sonraithe. Mar shampla, déanfar scaireanna nó scair-roghanna a dheonú d’fhostaí ar choinníoll go bhfanann an fostaí i bhfostú an eintitis ar feadh tréimhse shonraithe de ghnáth. D’fhéadfaí go mbeadh coinníollacha feidhmíochta ann nach mór a chomhlíonadh, amhail bheadh ar an eintiteas fás sonraithe ar bhrabús nó méadú sonraithe ar phraghas scaireanna an eintitis a bhaint amach. Ní chuirfear coinníollacha dílsithe, seachas dálaí an mhargaidh, san áireamh nuair a dhéanfar meastachán ar chóirluach na scaireanna nó na scair-roghanna ar dháta an tomhais. Ina ionad sin, cuirfear coinníollacha dílsithe, seachas dálaí an mhargaidh, san áireamh nuair a choigeartófar líon na n-ionstraimí cothromais atá san áireamh ar thomhas mhéid an idirbhirt ionas go mbeidh an méid a aithnítear le haghaidh earraí nó seirbhísí a ghlactar mar chomaoin le haghaidh na n-ionstraimí cothromais bunaithe ar líon na n-ionstraimí cothromais a dhílsíonn ar deireadh. Dá bhrí sin, ar bhonn carnach, ní aithnítear aon mhéid maidir le hearraí nó seirbhísí a ghlactar mura ndílsíonn na hionstraimí cothromais a dheonaítear toisc nach gcomhlíontar coinníoll dhílseacháin, seachas dálaí margaidh, mar shampla, mura gcuireann contrapháirtí tréimhse seirbhíse shonraithe i gcrích, nó mura gcomhlíontar coinníoll feidhmíochta, faoi réir cheanglais mhír 21.

    20

    Chun ceanglais mhír 19 a chur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas méid le haghaidh na n-earraí nó seirbhísí a ghlactar le linn na tréimhse dílseacháin bunaithe ar an meastachán is fearr atá ar fáil maidir le líon na n-ionstraimí airgeadais atá le dílsiú, de réir coinne, agus leasófar an meastachán sin, más gá, má thugann faisnéis eile le fios go bhfuil líon na n-ionstraimí cothromais atá le dílsiú, de réir coinne, difriúil leis na meastacháin roimhe sin. Ar an dáta dílsithe, leasóidh an t-eintiteas an meastachán chun é a chothromú le líon na n-ionstraimí cothromais a dílsíodh ar deireadh, faoi réir cheanglais mhír 21.

    21

    Maidir le dálaí margaidh, amhail spriocphraghas scaireanna lena mbaineann coinníoll i ndáil leis an dílsiú (nó infheidhmitheacht), cuirfear san áireamh é nuair a dhéanfar meastachán ar chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear. Dá bhrí sin, maidir le deontais ionstraimí cothromais lena mbaineann dálaí margaidh, aithneoidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar ó chontrapháirtí a chomhlíonann na coinníollacha dílsithe uile eile (e.g. seirbhísí a ghlactar ó fhostaí a fhanann i seirbhís ar feadh na tréimhse seirbhíse sonraithe), gan beann ar chomhlíonadh na ndálaí margaidh.

    Láimhseáil coinníollacha neamhdhílsithe

    21A

    Ar an gcuma chéanna, cuirfidh eintiteas san áireamh na coinníollacha neamhdhílsithe uile nuair a dhéantar meastachán ar chóirluach na n-ionstraimí cothromais a dheonaítear. Dá bhrí sin, maidir le deontais ionstraimí cothromais lena mbaineann coinníollacha neamhdhílsithe, aithneoidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a ghlactar ó chontrapháirtí a chomhlíonann na coinníollacha dílsithe uile nach dálaí margaidh iad (e.g. seirbhísí a ghlactar ó fhostaí a fhanann i seirbhís ar feadh na tréimhse seirbhíse sonraithe), gan beann ar chomhlíonadh na gcoinníollacha neamhdhílsithe sin.

    Láimhseáil gné athlódála

    22

    Maidir le roghanna ag a bhfuil gné athlódála, ní chuirfear an ghné athlódála san áireamh nuair a dhéantar meastachán ar chóirluach na roghanna a dheonaítear ar dháta an tomhais. Ina ionad sin, cuirfear rogha athlódála san áireamh mar dheontas de rogha nua, má dheonaítear rogha athlódála, nó nuair a dheonaítear rogha athlódála, dá éis sin.

    Tar éis an dáta dílseacháin

    23

    Tar éis dó na hearraí nó seirbhísí a glacadh a aithint i gcomhréir le míreanna 10-22, agus méadú comhfhreagrach ar chothromas, ní dhéanfaidh an t-eintiteas aon choigeartú eile ar an gcothromas iomlán tar éis an dáta dílseacháin. Mar shampla, ní dhéanfaidh an t-eintiteas an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí arna nglacadh ó fhostaí a fhreaschur má fhorghéilltear na hionstraimí cothromais dílsithe níos déanaí nó, i gcás scair-roghanna, mura bhfeidhmítear na roghanna. Ní chuirtear cosc ar an eintiteas leis an gceanglas seo aistriú laistigh den chothromas a aithint, i.e. aistriú ó ghné amháin den chaipiteal gnáthscaireanna go ceann eile, áfach.

    Murar féidir meastachán a dhéanamh ar luach cóir na n-ionstraimí cothromais ar bhealach iontaofa

    24

    Tá feidhm ag na ceanglais i míreanna 16-23 i gcás ina n-éilítear ar an eintiteas idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a thomhas faoi threoir luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú. I gcásanna annamha, féadfaidh nach mbeidh an t-eintiteas in ann meastachán a dhéanamh ar luach cóir na n-ionstraimí arna ndeonú ar bhealach iontaofa tráth dáta an tomhais, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i móeanna 16-22. Sna cásanna annamha sin amháin, déanfaidh an t-eintiteas an méid a leanas seachas sin:

    (a)

    na hionstraimí cothromais a thomhas ag a luach intreach, ar dtús ar an dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó ar an dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís agus dá éis sin ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe agus ar dháta an tsocraithe chríochnaithigh, le haon athrú ar an luach intreach a aithnítear sa bhrabús nó sa chaillteanas. Maidir le deontas scair-roghanna, tá socrú íocaíochta scairbhunaithe réitithe faoi dheireadh nuair a fheidhmítear, nó forghéilltear na scair-roghanna (e.g. ar scor den fhostaíocht), nó nuair a théann siad i léig (e.g. ag deireadh shaolré na scair-rogha);

    (b)

    na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas bunaithe ar líon na n-ionstraimí cothromais a dhílsítear nó (i gcás inarb infheidhme) a fheidhmítear ar deireadh, a aithint. Chun an ceanglas sin a chur i bhfeidhm maidir le scair-roghanna, mar shampla, aithneoidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas le linn na tréimhse dílseacháin, más ann dóibh, i gcomhréir le míreanna 14 agus 15, ach amháin nach bhfuil feidhm ag na ceanglais i mír 15(b) a bhaineann le dála margaidh. An méid a aithnítear le haghaidh earraí agus seirbhísí a fuarthas le linn na tréimhse dílseacháin, beidh an líon sin bunaithe ar an líon scair-roghanna a bhfuil coinne lena ndílsiú. Déanfaidh an t-eintiteas athbhreithniú ar an meastachán sin, más gá, má léirítear i bhfaisnéis eile go bhfuil an líon scair-roghanna a bhfuil coinne lena ndílsiú éagsúil leis na meastacháin roimhe sin. Ar an dáta dílsithe, déanfaidh an t-eintiteas athbhreithniú ar an meastachán chun é a chothromú leis an líon ionstraimí cothromais a dílsíodh ar deireadh. Tar éis an dáta dílsithe, maidir leis an méid a aithnítear le haghaidh earraí nó seirbhísí a fuarthas, déanfaidh an t-eintiteas an méid sin a thiontú má dhéantar na scair-roghanna a fhorghéilleadh níos déanaí, nó má théann siad i léig ag deireadh shaolré na scair-rogha.

    25

    Má chuireann eintiteas mír 24 i bhfeidhm, ní gá míreanna 26-29 a chur i bhfeidhm, mar cuirfear aon mhodhnú ar na téarmaí agus coinníollacha faoinar deonaíodh na hionstraimí cothromais san áireamh agus an modh luacha cothromais a leagtar amach i mír 24 á chur i bhfeidhm. Mar sin féin, má réitíonn eintiteas deontas ionstraimí cothromais ar cuireadh mír 24 i bhfeidhm air:

    (a)

    má tharlaíonn an tsocraíocht le linn na tréimhse dílseacháin, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an socrú mar ghéarú dílsithe, agus dá bhrí sin aithneoidh sé láithreach an méid a n-aithneofaí murach sin le haghaidh seirbhísí a fuarthas le linn an chuid eile den tréimhse dílseacháin;

    (b)

    aon íocaíocht a dhéantar tráth an tsocraithe, coinneofar cuntas uirthi mar athcheannach ionstraimí cothromais, i.e. mar asbhaint as chothromas, ach amháin a mhéid a sháraíonn an íocaíocht luach intreach na n-ionstraimí cothromais, arna thomhais ar an dáta athcheannaithe. Aithneofar aon bharrachas den sórt sin mar speansas.

    Modhnuithe ar na téarmaí agus coinníollacha faoinar deonaíodh ionstraimí cothromais, lena n-áirítear cealuithe agus socraíochtaí

    26

    Féadfaidh eintiteas na téarmaí agus coinníollacha faoinár deonaíodh ionstraimí cothromais a mhodhnú. Mar shampla, féadfaidh sé praghas feidhmithe roghanna a deonaíodh d’fhostaithe a laghdú (i.e. na roghanna a athphraghsáil), rud a mhéadaíonn luach cóir na roghanna sin. Na ceanglais i míreanna 27-29 chun éifeachtaí modhnuithe a chur san áireamh, sloinntear iad i gcomhthéacs idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe le fostaithe. Mar sin féin, cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe le páirtithe nach fostaithe iad agus a dhéantar a thomhas faoi threoir luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú. Sa chás deiridh sin, déanfar tagairt in aon tagairt i míreanna 27-29 do dháta deonaithe don dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó don dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís.

    27

    Aithneoidh an t-eintiteas, ar a laghad, na seirbhísí a fuarthas arna dtomhas ar luach cóir dáta deontais na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, ach amháin mura ndílsíonn na hionstraimí cothromais sin mar gheall ar gan coinníoll dílsithe (seachas dálaí an mhargaidh) a sonraíodh ar an dáta deontais a bheith comhlíonta. Tá feidhm aige sin gan beann ar aon mhodhnú ar na téarmaí agus coinníollacha faoinar deonaíodh na hionstraimí cothromais, nó gan beann ar aon chealú nó socrú ar an deontas ionstraimí cothromais sin. Ina theannta sin, aithneoidh an t-eintiteas iarmhairtí ag modhnuithe a mhéadaíonn ar luach cóir iomlán an tsocraithe íocaíochta scairbhunaithe nó atá tairbheach don fhostaí ar aon bhealach eile. Tugtar treoraíocht maidir leis an gceanglas sin a chur i bhfeidhm i bhFoscríbhinn B.

    28

    Má chealaítear nó má réitítear deonú ionstraimí cothromais le linn na tréimhse dílseacháin (seachas deontas a chealaítear trí fhorghéilleadh nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha dílsithe).

    (a)

    coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an gcealú nó ar an socrú mar ghéarú dílsithe, agus dá bhrí sin aithneoidh sé láithreach an méid a d’aithneofaí murach sin le haghaidh seirbhísí a fuarthas le linn an chuid eile den tréimhse dílseacháin;

    (b)

    aon íocaíocht a dhéantar leis an bhfostaí tráth cealaithe nó socraithe an deontais, coinneofar cuntas uirthi mar athcheannach úis cothromais, i.e. mar asbhaint as cothromas, ach amháin a mhéid a sháraíonn an íocaíocht luach cóir na n-ionstraimí cothromais deonaithe, arna thomhais ar an dáta athcheannaithe. Aithneofar aon bharrachas den sórt sin mar speansas. Mar sin féin, má bhí gnéithe dliteanais mar chuid den socrú íocaíochta scairbhunaithe, déanfaidh an t-eintiteas luach cóir an dliteanais a atomhas tráth dháta an chealaithe nó na socraíochta. Aon íocaíocht chun an ghné dliteanais a shocrú, coinneofar cuntas ar íocaíocht den sórt sin mar mhúchadh an dliteanais;

    (c)

    má dheonaítear ionstraimí cothromais nua don fhostaí agus, ar an dáta ar deonaíodh na hionstraimí cothromais nua sin, aithníonn an t-eintiteas na hionstraimí cothromais nua arna ndeonú mar ionstraimí cothromais athsholáthair ar na hionstraimí cothromais cealaithe, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar dheonú na n-ionstraimí cothromais sa bhealach céanna a dhéantar le haghaidh modhnú ar dheontas bunaidh ionstraimí cothromais, i gcomhréir le mír 27 den treoraíocht i bhFoscríbhinn B. Is í an difríocht idir luach cóir na n-ionstraimí cothromais athsholáthair agus glanluach cóir na n-ionstraimí cothromais cealaithe, tráth an dáta a dheonaítear na hionstraimí cothromais athsholáthair, an luach cóir incriminteach arna dheonú. Is é luach cóir glanluach cóir na n-ionstraimí cothromais, díreach roimh a gcealú, lúide méid aon íocaíochta a dhéantar leis an bhfostaí ar chealú na n-ionstraimí cothromais agus a choinnítear cuntas uirthi mar asbhaint as cothromas i gcomhréir le (b) thuas. Mura n-aithníonn an t-eintiteas na hionstraimí cothromais nua a deonaíodh mar ionstraimí cothromais athsholáthar le haghaidh na n-ionstraimí cothromais cealaithe, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar na hionstraimí nua sin mar dheontas nua ionstraimí cothromais.

    28A

    Más féidir le heintiteas nó le contrapháirtí roghnú chun coinníoll neamhdhílsithe a chomhlíonadh, láimhseálfaidh an t-eintiteas mainneachtain an eintitis nó an chontrapháirtí chun an coinníoll sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse dílseacháin mar chealú.

    29

    Má athcheannaíonn eintiteas ionstraimí cothromais dílsithe, coinneofar cuntas ar an íocaíocht a dhéantar le fostaí mar asbhaint as cothromas, ach amháin a mhéid a sháraíonn an íocaíocht luach cóir na n-ionstraimí cothromais athcheannaithe, arna thomhais ar an dáta athcheannaithe. Aithneofar aon bharrachas den sórt sin mar speansas.

    IDIRBHEARTA ÍOCAÍOCHTA AIRGEADSOCRAITHE SCAIRBHUNAITHE

    30

    Maidir le hidirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe, déanfaidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas agus an dliteanas arna thaibhiú a thomhas ar luach cóir an dliteanais, faoi réir cheanglais míreanna 31-33D. Go dtí go ndéanfar an dliteanas a shocrú, atomhaisfidh an t-eintiteas luach cóir an dliteanais ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe agus ar dháta an tsocraithe, le haon athrú ar luach cóir a aithnítear sa bhrabús nó caillteanas don tréimhse.

    31

    Mar shampla, féadfaidh eintiteas cearta dílsithe i dtaca le scaireanna a dheonú mar chuid dá bpacáiste pá, trína mbeidh fostaithe i dteideal íocaíocht in airgead tirim amach anseo (seachas ionstraim chothromais), bunaithe ar an méadú ar phraghas scaire an eintitis ó leibhéal sonraithe thar thréimhse shonraithe. De rogha air sin, féadfaidh eintiteas ceart chun íocaíocht in airgead tirim a fháil amach anseo a dheonú dá fhostaithe trí cheart ar scaireanna (lena n-áirítear scaireanna atá le heisiúint ar fheidhmiú na scair-roghanna) atá infhuascailte, go héigeantach (mar shampla, ar scor den fhostaíocht) nó ar rogha an fhostaithe, a dheonú. Is samplaí iad na socruithe seo d’idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe. Úsáidtear cearta luachmhéadú scaireanna chun roinnt de na ceanglais i míreanna 32-33D a léiriú; mar sin féin, tá feidhm ag na ceanglais sna míreanna sin maidir le gach idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe.

    32

    Aithneoidh an t-eintiteas na seirbhísí a fuarthas, agus dliteanas chun íoc as na seirbhísí sin, de réir mar a dhéanann na fostaithe an tseirbhís. Mar shampla, dílsíonn roinnt ceart luachmhéadú scaireanna láithreach bonn, agus dá bhrí sin, ní éilítear ar na fostaithe tréimhse seirbhíse shonraithe a dhéanamh chun bheith i dteideal na híocaíochta in airgead tirim. In éagmais fianaise lena dtugtar a mhalairt le fios, toimhdeoidh an t-eintiteas go bhfuarthas na seirbhísí arna ndéanamh ag na fostaithe mar mhalairt ar na cearta ar luachmhéadú scaireanna. Dá réir sin, aithneoidh an t-eintiteas láithreach bonn na seirbhísí a fuarthas, agus dliteanas chun íoc astu. Mura ndílsítear na cearta ar luachmhéadú go dtí go gcríochnaíonn na fostaithe tréimhse shonrach seirbhíse, aithneoidh an t-eintiteas na seirbhísí a fuarthas, agus dliteanas chun íoc as na seirbhísí sin, de réir mar a dhéanann na fostaithe an tseirbhís le linn na tréimhse sin.

    33

    Déanfar an dliteanas a thomhas, i dtosach agus ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe go dtí go socraítear é, ag luach cóir na gceart ar luachmhéadú scaireanna, tríd an tsamhail phraghsála i leith conradh céadrogha a chur i bhfeidhm, agus na téarmaí agus na coinníollacha faoinar deonaíodh na cearta ar luachmhéadú, agus an méid a chuir na fostaithe an tseirbhís ar fáil go dtí seo san áireamh — faoi réir cheanglais mhíreana 33A–33D. Féadfaidh eintiteas na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndeonaítear íocaíocht airgeadsocraithe scairbhunaithe a mhodhnú. Tugtar treoraíocht maidir le modhnú idirbhirt íocaíochta scairbhunaithe lena n-athraítear a aicmiú ó airgeadsocraithe go cothromas-socraithe i míreanna B44A-B44C i bhFoscríbhinn B.

    Láimhseáil coinníollacha dílsithe agus neamhdhílsithe

    33A

    D’fhéadfadh go ndeonófaí idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha dílsithe sonraithe. D’fhéadfaí go mbeadh coinníollacha feidhmíochta ann nach mór a chomhlíonadh, amhail bheadh ar an eintiteas fás sonraithe ar bhrabús nó méadú sonraithe ar phraghas scaireanna an eintitis a bhaint amach. Ní chuirfear coinníollacha dílsithe, seachas dálaí an mhargaidh, san áireamh nuair a dhéanfar meastachán ar luach cóir idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe ar dháta an tomhais. Ina ionad sin, cuirfear coinníollacha dílsithe, seachas dálaí an mhargaidh, san áireamh tríd an líon dámhachtainí a chuirtear san áireamh agus an dliteanas a eascraíonn as an idirbheart á thomhas, a choigeartú.

    33B

    Chun an ceanglas i mír 33A a chur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas méid le haghaidh na n-earraí nó na seirbhísí a fuarthas le linn na tréimhse dílseacháin. Beidh an méid sin bunaithe ar an meastachán is fearr atá ar fáil ar an líon dámhachtainí a bhfuil coinne leo lena ndílsiú. Déanfaidh an t-eintiteas athbhreithniú ar an meastachán sin, más gá, má léirítear i bhfaisnéis eile go bhfuil an líon na ndámhachtainí a bhfuil coinne lena ndílsiú éagsúil leis na meastacháin roimhe sin. Ar an dáta dílsithe, déanfaidh an t-eintiteas athbhreithniú ar an meastachán chun é a chothromú leis an líon dámhachtainí a dílsíodh ar deireadh.

    33C

    Dálaí margaidh, amhail spriocphraghas scaireanna a mbaineann coinníoll lena ndílsiú (nó lena bhfeidhmiú), chomh maith le coinníollacha neamhdhílsithe, cuirfear iad san áireamh agus meastachán á dhéanamh ar luach cóir na híocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe a deonaíodh agus le linn luach cóir a atomhas ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe agus ar dháta na socraíochta.

    33D

    De thoradh mhíreanna 30-33C a chur i bhfeidhm, tá an méid carnach a aithnítear sa deireadh le haghaidh earraí nó seirbhísí a fuarthas mar chomaoin as an íocaíocht airgeadsocraithe scairbhunaithe mar an gcéanna leis an airgead tirim a íoctar.

    IDIRBHEARTA ÍOCAÍOCHTA SCAIRBHUNAITHE AG A bhFUIL GNÉ GHLANSOCRAÍOCHTA CHUN OIBLEAGÁIDÍ CÁNACH A CHOINNEÁIL

    33E

    Féadfar oibleagáid a chur ar eintiteas le dlíthe nó rialacháin cánach méid a choinneáil le haghaidh oibleagáid chánach fostaí atá comhlachaithe le híocaíocht scairbhunaithe agus an méid sin a aistriú, in airgead tirim de ghnáth, chuig an údarás cánach thar ceann an fhostaí. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, féadfaidh téarmaí an tsocraithe íocaíochta scairbhunaithe eintiteas a cheadú nó éileamh ar eintiteas an líon ionstraimí cothromais cothrom le luach airgeadúil oibleagáid chánach an fhostaí a coinneáil siar ón líon iomlán ionstraimí cothromais a d’eiseofaí don fhostaí ar fheidhmiú (nó ar dhílsiú) na híocaíochta scairbhunaithe (i.e. tá ‘gné ghlansocraíochta’ ag an socrú íocaíochta scairbhunaithe).

    33F

    Mar eisceacht ar na ceanglais i mír 34, déanfar an t-idirbheart ar a dtugtar tuairisc i mír 33E a aicmiú ina hiomláine mar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe dá ndéanfaí é a aicmiú mar sin in éagmais na gné glansocraíochta.

    33G

    Cuireann an t-eintiteas mír 29 den Chaighdeán seo i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar choinneáil siar scaireanna chun an íocaíocht leis an údarás cánach i leith oibleagáid chánach an fhostaí atá comhlachaithe leis an íocaíocht scairbhunaithe a chistiú. Dá bhrí sin, coinneofar cuntas ar an íocaíocht mar asbhaint as cothromas le haghaidh na scaireanna a coinníodh siar, ach amháin a mhéid a sháraíonn an íocaíocht sin an luach cóir ar dháta glansocraíochta na n-ionstraimí cothromais a coinníodh siar.

    33H

    Níl feidhm ag an eisceacht i mír 33F maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    socrú íocaíochta scairbhunaithe ag a bhfuil gné ghlansocraíochta nach bhfuil aon oibleagáid ar an eintiteas faoi dhlíthe ná rialacháin cánach méid a choinneáil siar le haghaidh oibleagáid chánach an fhostaí atá comhlachaithe leis an íocaíocht scairbhunaithe sin; nó

    (b)

    aon ionstraim cothromais a choinníonn an t-eintiteas siar atá de bhreis ar oibleagáid chánach an fhostaí atá comhlachaithe leis an íocaíocht scairbhunaithe (i.e. choinnigh an t-eintiteas méid scaireanna siar a sháraíonn luach airgid oibleagáid chánach an fhostaí). Coinneofar cuntas ar bharrachas scaireanna den sórt sin a choinnítear siar mar íocaíocht airgead-socraithe scairbhunaithe i gcás ina íochtar an méid sin in airgead tirim (nó i sócmhainní eile) leis an bhfostaí.

    IDIRBHEARTA ÍOCAÍOCHTA SCAIRBHUNAITHE LE ROGHANNA MALARTACHA AIRGID

    34

    Maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe a bhforáiltear i dtéarmaí na socraíochta rogha don eintiteas nó don chontrapháirtí cibé acu a shocraíonn an t-eintiteas an t-idirbheart in airgead tirim (nó i sócmhainní eile) nó trí ionstraimí cothromais a eisiúint, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an idirbheart sin, nó ar chomhchodanna an idirbhirt sin, mar idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe sa chás, agus a mhéid ar thabhaigh an t-eintiteas dliteanas chun socrú in airgead tirim nó i sócmhainní eile, nó mar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe sa chás, agus a mhéid nár taibhíodh aon dliteanas den sórt sin.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina bhforáiltear, le téarmaí an chomhshocraithe, rogha socraíochta don contrapháirtí

    35

    Má dheonaigh eintiteas an ceart don chontrapháirtí chun roghnú cibé a shocraítear íocaíocht scairbhunaithe in airgead tirim (36) nó trí ionstraimí cothromais a eisiúint, dheonaigh an t-eintiteas ionstraim airgeadais chumaisc, a bhfuil gné fhiachais mar chuid di (i.e. ceart an chontrapháirtí éileamh ar íocaíocht in airgead tirim) agus gné chothromais mar chuid di (i.e. ceart an chontrapháirtí chun socraíocht in ionstraimí airgeadais a éileamh seachas socraíocht in airgead tirim). Maidir le hidirbhearta le páirtithe seachas fostaithe, ina ndéantar luach cóir na n-earraí nó na seirbhísí a fuarthas a thomhas go díreach, déanfaidh an t-eintiteas gné chothromais ionstraim airgeadais chumaisc a thomhas mar an difríocht idir luach cóir na n-earraí nó na seirbhísí a fuarthas agus luach cóir na comhpháirte fiachais, ar an dáta a fuarthas na hearraí nó na seirbhísí.

    36

    Maidir le hidirbhearta eile, lena n-áirítear idirbhearta le fostaithe, déanfaidh an t-eintiteas luach cóir na hionstraime airgeadais cumaisc a thomhas ar dháta an tomhais, ag cur na téarmaí agus na coinníollacha faoinar deonaíodh na cearta ar airgead tirim nó ar ionstraimí airgeadais san áireamh.

    37

    Chun mír 36 a chur san áireamh, déanfaidh an t-eintiteas luach cóir na gné fiachais a thomhas i dtosach, agus ansin déanfaidh sé luach cóir na gné cothromais a thomhas — ag cur san áireamh nach mór don chontrapháirtí an ceart chun airgead tirim a fháil a fhorghéilleadh chun an ionstraim chothromais a fháil. Is é luach cóir na hionstraime airgeadais cumaisc suim luachanna córa an dhá ghné. Mar sin féin, maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina bhfuil an rogha socraíochta ag an gcontrapháirtí, is minic a dhéantar na hidirbhearta sin a struchtúrú ionas go mbeidh luach cóir rogha malartaí socraíochta amháin mar an gcéanna le luach cóir na rogha malartaí socraíochta eile. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh an rogha ag an gcontrapháirtí roghanna scaireanna nó cearta ar luachmhéadú scartha airgeadsocraithe a fháil. Sna cásanna sin, is é nialas luach cóir na gné cothromais, agus dá réir sin tá luach cóir na hionstraime airgeadais cumaisc mar an gcéanna le luach cóir na gné fiachais. Os a choinne sin, má tá luachanna córa na roghanna malartacha socraíochta éagsúil, beidh luach cóir na gné cothromais níos mó ná nialas de ghnáth, agus sa chás sin, beidh luach cóir na hionstraime airgeadais cumaisc níos mó ná luach cóir na gné fiachais.

    38

    Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar leithligh ar na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas i ndáil le gach gné den ionstraim airgeadais chumaisc. Maidir leis an ngné fiachais, aithneoidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas, chomh maith le dliteanas chun íoc as na hearraí nó na seirbhísí sin, de réir mar a sholáthraíonn an contrapháirtí na hearraí nó mar a dhéanann sé an tseirbhís, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe (míreanna 30-33). Maidir leis an ngné fiachais (más ann di), aithneoidh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas, chomh maith le méadú ar chothromas, de réir mar a sholáthraíonn an contrapháirtí na hearraí nó mar a dhéanann sé an tseirbhís, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe (míreanna 10-29).

    39

    Ar dháta na socraíochta, déanfaidh an t-eintiteas an dliteanas ar a luach cóir a atomhas. Má eisíonn an t-eintiteas ionstraimí cothromais tráth na socraíochta seachas íoc le hairgead tirim, aistreofar an dliteanas go díreach chuig cothromas, mar chomaoin ar na hionstraimí cothromais a eisíodh.

    40

    Má íocann an t-eintiteas in airgead tirim tráth na socraíochta seachas ionstraimí cothromais a eisiúint, cuirfear an íocaíocht sin i bhfeidhm chun an dliteanas a shocrú ina iomláine. Fanfaidh aon ghné chothromais a aithníodh roimhe laistigh de chothromas. Ag roghnú chun airgead tirim a fháil tráth na socraíochta, d’fhorghéill an contrapháirtí an ceart chun ionstraimí cothromais a fháil. Ní chuirtear cosc ar an eintiteas leis an gceanglas seo aistriú laistigh den chothromas a aithint, i.e. aistriú ó ghné amháin den chaipiteal gnáthscaireanna go ceann eile, áfach.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina soláthraítear, le téarmaí an chomhshocraithe, rogha socraíochta don eintiteas

    41

    I gcás idirbhirt íocaíochta scairbhunaithe ina soláthraítear, le téarmaí an chomhshocraithe, an rogha don eintiteas socrú in airgead tirim nó trí ionstraimí cothromais a eisiúint, cinnfidh an t-eintiteas an bhfuil oibleagáid láithreach air socrú in airgead tirim agus cuntas a choinneáil ar an idirbheart íocaíochta scairbhunaithe dá réir sin. Tá oibleagáid láithreach ar an eintiteas socrú in airgead tirim mura bhfuil aon substaint tráchtála ag an rogha socraíochta in ionstraimí cothromais (e.g. toisc go bhfuil an t-eintiteas faoi thoirmeasc dlí scaireanna a eisiúint), nó má bhí sé de chleachtas ag an eintiteas roimhe seo socrú in airgead tirim nó má tá beartas chuige sin luaite aige, nó má shocraíonn sé in airgead tirim de ghnáth pé uair a iarrann an contrapháirtí socraíocht airgid.

    42

    Má tá oibleagáid láithreach ar an eintiteas socrú in airgead tirim, coinneoidh sé cuntas ar an idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe, i míreanna 30-33.

    43

    Mura bhfuil aon oibleagáid den sórt sin ann, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an idirbheart i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, i míreanna 10-29. Ar socraíocht:

    (a)

    má roghnaíonn an t-eintiteas socrú in airgead tirim, is mar athcheannach leasa cothromais a choinneofar cuntas ar an íocaíocht in airgead tirim, i.e. mar asbhaint ó chothromas, ach amháin mar a deirtear in (c) thíos;

    (b)

    má roghnaíonn an t-eintiteas socrú trí ionstraimí cothromais a eisiúint, ní gá aon chuntasaíocht bhreise a dhéanamh (seachas aistriú ó ghné amháin den chaipiteal gnáthscaireanna chuig gné eile, más gá), ach amháin mar a deirtear in (c) thíos;

    (c)

    má roghnaíonn an t-eintiteas an rogha mhalartach socraíochta a bhfuil an luach cóir is airde aici, ar dháta na socraíochta, aithneoidh an t-eintiteas speansas breise as an mbarrachas luacha a thugtar, i.e. an difríocht idir an t-airgead tirim a íocadh agus luach cóir na n-ionstraimí cothromais a d’eiseofaí ina mhalairt de chás, nó an difríocht idir luach cóir na n-ionstraimí cothromais a eisíodh agus an méid airgid thirim a d’íocfaí ina mhalairt de chás, cibé ceann acu is infheidhme.

    IDIRBHEARTA ÍOCAÍOCHTA SCAIRBHUNAITHE I MEASC GRÚPEINTITEAS (LEASUITHE 2009)

    43A

    I gcás idirbheart íocaíochta scairbhunaithe i measc eintiteas, déanfaidh an t-eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí, ina ráitis airgeadais aonair nó ina ráitis airgeadais ar leithligh, tomhas ar na hearraí nó na seirbhísí a fhaightear mar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe nó airgeadsocraithe trí mheasúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    cineál na ndámhachtainí arna ndeonú, agus

    (b)

    a chearta agus a oibleagáidí dílse.

    An méid arna aithint ag an eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí, féadfaidh sé a bheith éagsúil leis an méid arna aithint ag an ngrúpa comhdhlúite nó grúpeintiteas eile a shocraíonn an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe.

    43B Is mar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe a dhéanfaidh an t-eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí tomhas ar na hearraí nó na seirbhísí a fhaightear sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    is iad a ionstraimí cothromais dílse iad na dámhachtainí a dheonaítear, nó

    (b)

    níl aon oibleagáid ar an eintiteas an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a shocrú.

    Déanfaidh an t-eintiteas atomhas dá éis sin ar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe den sórt sin le haghaidh athruithe ar choinníollacha dílsithe neamh-mhargaidh i gcomhréir le míreanna 19–21 agus lena n-aghaidh sin amháin. I ngach imthoisc eile, is mar idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe a dhéanfaidh an t-eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí tomhas ar na hearraí nó na seirbhísí a fhaightear.

    43C

    An t-eintiteas a shocraíonn idirbheart íocaíochta scairbhunaithe nuair a fhaigheann eintiteas eile sa ghrúpa na hearraí nó na seirbhísí, aithneoidh sé an t-idirbheart mar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe má shocraítear in ionstraimí cothromais dílse an eintitis é agus sa chás sin amháin. Ina mhalairt de chás, aithneofar an t-idirbheart mar idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe.

    43D

    Baineann roinnt idirbhearta grúpa le socruithe aisíocaíochta lena n-éilítear ar ghrúpeintiteas amháin grúpeintiteas eile a íoc as na híocaíochtaí scairbhunaithe a sholáthar do na soláthróirí earraí nó seirbhísí. I gcásanna den sórt sin, coinneoidh an t-eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí cuntas ar an idirbheart íocaíochta scairbhunaithe i gcomhréir le mír 43B gan beann ar shocruithe aisíocaíochta inghrúpa.

    NOCHTUITHE

    44

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar chineál agus ar mhéid na socruithe íocaíochta scairbhunaithe a bhí ann le linn na tréimhse.

    45

    Chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal i mír 44, nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    tuairisc ar gach cineál socraithe íocaíochta scairbhunaithe a bhí ann tráth ar bith le linn na tréimhse, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha ginearálta gach socraithe, amhail ceanglais dílsithe, téarma uasta na scair-roghanna arna ndeonú, agus an modh socraíochta (e.g. in airgead tirim nó i gcothromas). Eintiteas ag a bhfuil cineálacha socruithe íocaíochta scairbhunaithe atá comhchosúil go substaintiúil le chéile, féadfaidh sé an fhaisnéis sin a chomhiomlánú ach amháin más gá gach socrú a nochtadh ar leithligh chun an prionsabal i mír 44 a chomhlíonadh;

    (b)

    líon agus meánphraghsanna feidhmithe ualaithe scair-roghanna le haghaidh gach ceann de na grúpaí scair-roghanna seo a leanas:

    (i)

    gan íoc ag tús na tréimhse;

    (ii)

    deonaithe le linn na tréimhse;

    (iii)

    forghéillte le linn na tréimhse;

    (iv)

    feidhmithe le linn na tréimhse;

    (v)

    dulta in éag le linn na tréimhse;

    (vi)

    gan íoc ag deireadh na tréimhse; agus

    (vii)

    infheidhmithe ag deireadh na tréimhse;

    (c)

    i gcás scair-roghanna a feidhmíodh le linn na tréimhse, an meánphraghas ualaithe scaire ar dháta an fheidhmithe. Má feidhmíodh scair-roghanna ar bhonn tráthrialta ar fud na tréimhse, féadfaidh an t-eintiteas an meánphraghas ualaithe scaire le linn na tréimhse a nochtadh ina ionad sin;

    (d)

    i gcás scair-roghanna gan íoc ag deireadh na tréimhse, an raon praghsanna feidhmithe agus meán ualaithe na saolré conarthaí atá fágtha. Má tá an raon praghsanna feidhmithe leathan, déanfar na scair-roghanna gan íoc a roinnt ina raonta atá suntasach chun measúnú a dhéanamh ar líon agus uainiú scaireanna breise a fhéadfar a eisiúint agus ar an airgead a fhéadfar a fháil ach na scair-roghanna sin a fheidhmiú.

    46

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an gcaoi ar cinneadh luach cóir na n-earraí nó na seirbhísí a fuarthas, nó luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, le linn na tréimhse.

    47

    Más go hindíreach a rinne an t-eintiteas tomhas ar luach cóir earraí nó seirbhísí a fuarthas mar chomaoin i leith ionstraimí cothromais de chuid an eintitis, faoi threoir luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal i mír 46, nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    i gcás scair-roghanna arna ndeonú le linn na tréimhse, meánluach cóir ualaithe na scair-roghanna ar an dáta tomhais agus faisnéis maidir le conas a tomhaiseadh an luach cóir sin, lena n-áirítear:

    (i)

    an tsamhail phraghsála i leith conradh céadrogha a úsáidtear agus na hionchuir sa tsamhail sin, lena n-áirítear an meánphraghas ualaithe scaire, praghas feidhmithe, luaineacht lena bhfuil coinne, saolré scair-rogha, díbhinní lena bhfuil coinne, an ráta úis saor ó riosca agus aon ionchur eile sa tsamhail, lena n-áirítear an modh a úsáidtear agus na toimhdí a rinneadh chun iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis a ionchorprú;

    (ii)

    an chaoi ar cinneadh an luaineacht a bhfuil coinne léi, lena n-áirítear míniú ar a mhéid a bhí an luaineacht a bhfuil coinne léi bunaithe ar an luaineacht stairiúil; agus

    (iii)

    faisnéis maidir le cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh gnéithe eile de dheontas céadrogha, amhail dálaí an mhargaidh, a ionchorprú sa tomhas luach cóir agus, má rinneadh, conas a rinneadh é;

    (b)

    i gcás ionstraimí cothromais eile arna ndeonú le linn na tréimhse (i.e. seachas scair-roghanna), líon agus meánluach cóir ualaithe na n-ionstraimí cothromais sin ar an dáta tomhais, agus faisnéis maidir le conas a tomhaiseadh an luach cóir sin, lena n-áirítear:

    (i)

    murar tomhaiseadh luach cóir ar bhonn margadhphraghas inbhraite, conas a cinneadh é;

    (ii)

    cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh díbhinní a raibh coinne leo a ionchorprú sa tomhas luach cóir agus, má rinneadh, conas a rinneadh é; agus

    (iii)

    cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon ghné eile de na hionstraimí cothromais arna ndeonú a ionchorprú sa tomhas luach cóir agus, má rinneadh, conas a rinneadh é;

    (c)

    i gcás socruithe íocaíochta scairbhunaithe a modhnaíodh le linn na tréimhse:

    (i)

    míniú ar na modhnuithe sin;

    (ii)

    an luach cóir incriminteach arna dheonú (de thoradh na modhnuithe sin); agus

    (iii)

    faisnéis maidir le conas a tomhaiseadh an luach cóir incriminteach arna dheonú, go comhsheasmhach leis na ceanglais a leagtar amach in (a) agus (b) thuas, i gcás inarb infheidhme.

    48

    Má rinneadh an t-eintiteas luach cóir na n-earraí nó na seirbhísí a fuarthas le linn na tréimhse a thomhas go díreach, nochtfaidh an t-eintiteas conas a cinneadh an luach cóir sin, e.g. an ndearnadh luach cóir a thomhas ar mhargadhphraghas le haghaidh na n-earraí nó na seirbhísí sin.

    49

    Má fhrisnéis an t-eintiteas an toimhde i mír 13, nochtfaidh sé an méid sin agus míneoidh sé cén fáth ar frisnéiseadh an toimhde.

    50

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an iarmhairt ag idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ar bhrabús nó ar chaillteanais an eintitis le haghaidh na tréimhse agus ar a staid airgeadais.

    51

    Chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal i mír 50, nochtfaidh eintiteas na nithe seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    an speansas iomlán a aithnítear le haghaidh na tréimhse a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe nach raibh na hearraí nó na seirbhísí a fuarthas iontu i dteideal aitheantais mar shócmhainní agus nár aithníodh láithreach mar shócmhainní dá bhrí sin, lena n-áirítear nochtadh ar leithligh ar an sciar sin den speansas iomlán a eascraíonn as idirbhearta a gcoinnítear cuntas orthu mar idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe;

    (b)

    i gcás dliteanas a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe:

    (i)

    an tsuim ghlanluacha iomlán ag deireadh na tréimhse; agus

    (ii)

    luach intreach iomlán na ndliteanas ag deireadh na tréimhse lena bhfuil ceart an chontrapháirtí ar airgead tirim nó ar shócmhainní eile dílsithe faoi dheireadh na tréimhse (e.g. cearta dílsithe i dtaca le luachmhéadú scaireanna).

    52

    Faisnéis a n-éilítear a nochtadh leis an gCaighdeán seo, mura gcomhlíonann sí na prionsabail i míreanna 44, 46 agus 50, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis bhreise sin is gá chun iad a chomhlíonadh. Má rinne eintiteas aon idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a aicmiú mar idirbhearta cothromas-socraithe i gcomhréir le mír 33F, mar shampla, nochtfaidh an t-eintiteas meastachán ar an méid a bhfuil coinne lena aistriú chuig an údarás cánach chun oibleagáid cánach an fhostaí a shocrú nuair is gá úsáideoirí a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí ar shreabhadh airgid todhchaí atá bainteach leis an socrú íocaíochta scairbhunaithe.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    53

    I gcás idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, cuirfidh an t-eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm maidir le deontais scaireanna, scair-roghanna nó ionstraimí cothromais eile arna ndeonú tar éis an 7 Samhain 2002 ach nár dílsíodh go fóill faoi dháta éifeachtach an IFRS seo.

    54

    Moltar don eintiteas, ach ní éilítear air, an IFRS seo a chur i bhfeidhm maidir le deontais eile ionstraimí cothromais má rinne an t-eintiteas luach cóir na n-ionstraimí cothromais sin, arna chinneadh ar dháta an tomhais, a nochtadh go poiblí.

    55

    I gcás gach deontais ionstraimí cothromais a gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm ina leith, déanfaidh an t-eintiteas faisnéis chomparáideach a athshonrú agus, i gcás inarb infheidhme, iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta a choigeartú le haghaidh na tréimhse is túisce a chuirtear i láthair.

    56

    I gcás gach deontais ionstraimí cothromais nach gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm ina leith (e.g. ionstraimí cothromais arna ndeonú ar an 7 Samhain 2002 nó roimhe), nochtfaidh an t-eintiteas mar sin féin an fhaisnéis a éilítear le míreanna 44 agus 45.

    57

    Má dhéanann eintiteas, tar éis don IFRS teacht i bhfeidhm, téarmaí nó coinníollacha deontais ionstraimí cothromais nár cuireadh an IFRS seo i bhfeidhm ina leith a mhodhnú, cuirfidh an t-eintiteas míreanna 26-29 i bhfeidhm mar sin féin chun cuntas a choinneáil ar aon mhodhnú den sórt sin.

    58

    I gcás dliteanas a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe atá ann ar dháta éifeachtach an IFRS seo, cuirfidh an t-eintiteas an IFRS i bhfeidhm go cúlghabhálach. I gcás na ndliteanas sin, athshonróidh an t-eintiteas faisnéis chomparáideach, lena n-áirítear coigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta sa tréimhse is túisce a chuirtear i láthair ar athshonraíodh faisnéis chomparáideach lena haghaidh, ach amháin nach n-éilítear ar an eintiteas faisnéis chomparáideach a athshonrú a mhéid a bhaineann an fhaisnéis le tréimhse nó dáta níos luaithe ná an 7 Samhain 2002.

    59

    Moltar don eintiteas, ach ní éilítear air, an IFRS a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir le dliteanais eile a eascraíonn as idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe, maidir le dliteanais a socraíodh le linn tréimhse a gcuirtear faisnéis chomparáideach i láthair lena haghaidh, mar shampla.

    59A

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i míreanna 30-31, 33-33H agus B44A-B44C i bhfeidhm mar a leagtar amach thíos. Ní athshonrófar réamhthréimhsí.

    (a)

    Níl feidhm ag na leasuithe i míreanna B44A-B44C ach maidir le modhnuithe a tharlaíonn ar an dáta a chuireann an t-eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair nó dá éis sin.

    (b)

    Tá feidhm ag na leasuithe i míreanna 30-31 agus 33-33D maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe atá neamhdhílsithe ar an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair agus maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe arb é dáta a ndeontais an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair nó dá éis sin. I gcás idirbheart íocaíochta scairbhunaithe neamhdhílsithe arna dheonú roimh an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair, déanfaidh eintiteas an dliteanas a atomhas ar an dáta sin agus iarmhairt an atomhais a aithint i dtuilleamh coimeádta tosaigh (nó, mar is iomchuí, i ngné de chaipiteal gnáthscaireanna) na tréimhse tuairiscithe ina gcuirtear na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair.

    (c)

    Tá feidhm ag na leasuithe i míreanna 33E-33H agus ag an leasú ar mhír 52 maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe atá neamhdhílsithe (nó dílsithe ach gan bheith feidhmithe) ar an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair agus maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe arb é dáta a ndeontais an dáta a chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair nó dá éis sin. I gcás idirbheart íocaíochta scairbhunaithe (nó comhpháirteanna díobh) atá neamhdhílsithe (nó dílsithe ach gan bheith feidhmithe) a aicmíodh roimhe sin mar íocaíochtaí scairbhunaithe airgeadsocraithe ach a aicmítear anois mar íocaíochtaí scairbhunaithe cothromas-socraithe i gcomhréir leis na leasuithe, déanfaidh eintiteas suim ghlanluacha an dliteanais íocaíochta scairbhunaithe a athaicmiú mar chothromas ar an dáta a chuireann sé na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair.

    59B

    D’ainneoin na gceanglas i mír 59A, féadfaidh eintiteas na leasuithe i mír 63D a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha i míreanna 53-59 den Chaighdeán seo, i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Má roghnaíonn eintiteas cur i bhfeidhm cúlghabhálach, ní mór dó sin a dhéanamh le haghaidh na leasuithe uile arna ndéanamh ag Aicmiú agus Tomhas Idirbheart Íocaíochta Scairbhunaithe (Leasuithe ar IFRS 2).

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    60

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó dá éis sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    61

    Le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) agus le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin freisin.

    62

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe seo a leanas i bhfeidhm go cúlghabhálach i dtréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin:

    (a)

    na ceanglais i mír 21A i leith an chur chuige a ghlactar i leith coinníollacha neamhdhílsithe;

    (b)

    na sainmhínithe athbhreithnithe ar ‘dílsiú’ agus ‘coinníollacha dílsithe’ i bhFoscríbhinn A;

    (c)

    na leasuithe i míreanna 28 agus 28A i leith cealuithe.

    Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2009, nochtfaidh sé an méid sin.

    63

    Na leasuithe seo a leanas arna ndéanamh ag Idirbhearta Íocaíochta Airgeadsocraithe Scairbhunaithe Grúpa, arna eisiúint i mí an Mheithimh 2009, cuirfidh eintiteas i bhfeidhm go cúlghabhálach iad faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha i míreanna 53-59, i gcomhréir le IAS 8 le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2010 nó dá éis sin:

    (a)

    mír 2 a leasaíodh, mír 3 a scriosadh agus míreanna 3A agus 43A–43D a cuireadh leis agus míreanna B45, B47, B50, B54, B56–B58 agus B60 a cuireadh le Foscríbhinn B i leith na cuntasaíochta ar idirbhearta i measc grúpeintiteas.

    (b)

    na sainmhínithe athbhreithnithe i bhFoscríbhinn A ar na téarmaí seo a leanas:

    idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe,

    idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe,

    socrú íocaíochta scairbhunaithe, agus

    idirbheart íocaíochta scairbhunaithe.

    Mura bhfuil fáil ar an bhfaisnéis is gá le haghaidh cur i bhfeidhm cúlghabhálach, léireoidh eintiteas ina ráitis airgeadais ar leithligh nó ina ráitis airgeadais aonair na méideanna a aithníodh roimhe sin i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2010, nochtfaidh sé an méid sin.

    63A

    Le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus IFRS 11, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 5 agus Foscríbhinn A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    63B

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 15 agus 19. I bhFoscríbhinn A, leasaíodh na sainmhínithe ar ‘coinníollacha dílsithe’ agus ‘dálaí an mhargaidh’ agus cuireadh na sainmhínithe ar ‘coinníollacha feidhmíochta’ agus ‘coinníollacha seirbhíse’ leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe arb é dáta a ndeontais an 1 Iúil 2014 nó dáta dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    63C

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    63D

    Le Aicmiú agus Tomhas Idirbheart Íocaíochta Scairbhunaithe (Leasuithe ar IFRS 2), arna n-eisiúint i mí an Mheithimh 2016, leasaíodh míreanna 19, 30-31, 33, 52 agus 63 agus cuireadh míreanna 33A-33H, 59A-59B, 63D agus B44A-B44C agus a gceannteidil ghaolmhara leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2018 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    63E

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, arna eisiúint in 2018, leasaíodh an fonóta leis an sainmhíniú ar ionstraim chothromais i bhFoscríbhinn A. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas an leasú ar IFRS 2 i bhfeidhm go cúlghabhálach, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha i míreanna 53-59 den Chaighdeán seo, i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Má chinneann eintiteas, áfach, go mbeadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach dofheidhmithe nó go mbainfeadh costas nó iarracht mhíchuí leis, cuirfidh sé an leasú ar IFRS 2 i bhfeidhm faoi threoir mhíreanna 23–28, 50–53 agus 54F de IAS 8.

    AISTARRAINGT LÉIRMHÍNITHE

    64

    Gabhann Idirbhearta Íocaíochta Airgeadsocraithe Scairbhunaithe Grúpa, arna eisiúint i mí an Mheithimh 2009, ionad IFRIC 8 Raon Feidhme IFRS 2 agus IFRIC 11 IFRS 2 — Idirbhearta Scaireanna Cisteáin agus Grúpa. Sna leasuithe a rinne an doiciméad sin ionchorpraíodh na ceanglais roimhe sin a leagtar amach in IFRIC 8 agus IFRIC 11 mar a leanas:

    (a)

    leasaíodh mír 2 agus cuireadh mír 13A leis i leith na cuntasaíochta ar idirbhearta nach bhfuil an t-eintiteas in ann cuid de na hearraí nó na seirbhísí, nó na hearraí uile nó na seirbhísí uile, a fuarthas a shainaithint go sonrach. Bhí na ceanglais sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Bealtaine 2006 nó dá éis sin.

    (b)

    cuireadh míreanna B46, B48, B49, B51–B53, B55, B59 agus B61 le Foscríbhinn B i leith na cuntasaíochta ar idirbhearta i measc grúpeintiteas. Bhí na ceanglais sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Márta 2007 nó dá éis sin.

    Cuireadh na ceanglais sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le ceanglais IAS 8, faoi réir fhorálacha idirthréimhseacha IFRS 2.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe

    Is éard is idirbheart íocaíochta scairbhunaithe ann idirbheart ina bhfaigheann an t-eintiteas earraí nó seirbhísí trí dhliteanas a thabhú chun airgead tirim nó sócmhainní eile a aistriú chuig soláthraí na n-earraí nó na seirbhísí sin ar mhéideanna atá bunaithe ar phraghas (nó luach) ionstraimí cothromais (lena n-áirítear scaireanna nó scair-roghanna) an eintitis nó grúpeintitis eile.

    Fostaithe agus páirtithe eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla

    Daoine aonair a dhéanann seirbhísí pearsanta le haghaidh an eintitis agus (a) a mbreathnaítear orthu mar fhostaithe chun críoch dlíthiúil nó cánach, (b) a oibríonn ar son an eintitis faoina threoir ar an mbealach céanna a ndéanann daoine aonair a mbreathnaítear orthu mar fhostaithe chun críoch dlíthiúil nó cánach, nó (c) a dhéanann seirbhísí atá comhchosúil leo siúd a dhéanann fostaithe. Cuimsítear leis an téarma, mar shampla, gach pearsanra bainistíochta, i.e. na daoine sin a bhfuil údarás acu agus freagracht orthu as pleanáil, stiúradh agus rialú gníomhaíochtaí an eintitis, lena n-áirítear stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin.

    Ionstraim chothromais

    Conradh lena soláthraítear fianaise ar leas iarmharach i sócmhainní eintitis tar éis a chuid dliteanas uile a asbhaint (37).

    Ionstraim airgeadais arna deonú

    An ceart (coinníollach nó neamhchoinníollach) chun ionstraime cothromais de chuid an eintitis arna thabhairt ag an eintiteas do pháirtí eile, faoi shocrú íocaíochta scairbhunaithe.

    Idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe

    Idirbheart íocaíochta scairbhunaithe inarb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an eintiteas

    (a)

    faigheann sé earraí nó seirbhísí mar chomaoin i leith a ionstraimí cothromais dílse (lena n-áirítear scaireanna nó scair-roghanna), nó

    (b)

    faigheann sé earraí nó seirbhísí ach níl aon oibleagáid air an t-idirbheart a shocrú leis an soláthróir.

    Luach cóir

    An méid ar a bhféadfaí sócmhainn a mhalartú, dliteanas a shocrú, nó ionstraim airgeadais arna deonú a mhalartú idir páirtithe eolacha toilteanacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí.

    Dáta deontais

    An dáta a chomhaontaíonn an t-eintiteas agus páirtí eile (lena n-áirítear fostaí) socrú íocaíochta scairbhunaithe, arb ann dó i gcás ina bhfuil tuiscint chomhroinnte ag an eintiteas agus an contrapháirtí maidir le téarmaí agus coinníollacha an tsocraithe. Ar an dáta deontais, tugann an t-eintiteas don chontrapháirtí an ceart chun airgead tirim, sócmhainní eile nó ionstraimí cothromais an eintitis, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dílsithe, más ann dóibh. Má tá an socrú sin faoi réir próiseas formheasa (ag scairshealbhóirí, mar shampla), is é an dáta deontais an dáta a fhaightear an formheas sin.

    Luach intreach

    An difríocht idir luach cóir an scaireanna lena bhfuil ceart suibscríofa ag an gcontrapháirtí (coinníollach nó neamhchoinníollach), nó lena bhfuil ceart aige na scaireanna sin a fháil, agus an praghas (más ann) a éilítear (nó a éileofar) ar an gcontrapháirtí a íoc astu. Tá luach intreach AA5 ag scair-rogha a bhfuil praghas feidhmithe AA15 (38) aici maidir le scair a bhfuil luach cóir AA20 aici.

    Dálaí an mhargaidh

    Coinníoll feidhmíochta ar a mbraitheann praghas feidhmithe, dílsiú nó infheidhmitheacht ionstraime cothromais a bhaineann le margadhphraghas (nó luach) ionstraimí cothromais an eintitis (nó ionstraimí cothromais eintitis eile sa ghrúpa céanna), amhail:

    (a)

    praghas scaire sonraithe nó méid sonraithe de luach intreach scair-rogha a ghnóthú nó

    (b)

    sprioc shonraithe a bhaint amach atá bunaithe ar mhargadhphraghas (nó luach) ionstraimí cothromais an eintitis (nó ionstraimí cothromais eintitis eile sa ghrúpa céanna) i gcoibhneas le hinnéacs margadhphraghsanna ionstraimí cothromais eintiteas eile.

    Éilíonn dálaí an mhargaidh ar chontrapháirtí tréimhse shonraithe seirbhíse a thabhairt i gcrích (i.e. coinníoll seirbhíse); féadann an ceanglas seirbhíse a bheith sainráite nó intuigthe.

    Dáta an tomhais

    An dáta a thomhaistear, chun críocha an IFRS seo, luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú. I gcás idirbheart le fostaithe agus páirtithe eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, is é dáta an tomhais an dáta deontais. I gcás idirbheart le páirtithe seachas fostaithe (agus páirtithe eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla), is é dáta an tomhais an dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó an dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís.

    Coinníoll feidhmíochta

    Coinníoll dílsithe lena n-éilítear:

    (a)

    ar an gcontrapháirtí tréimhse shonraithe seirbhíse a thabhairt i gcrích (i.e. coinníoll seirbhíse); féadann an ceanglas seirbhíse a bheith sainráite nó intuigthe; agus

    (b)

    sprioc(anna) sonraithe feidhmíochta a chomhlíonadh agus an contrapháirtí ag déanamh na seirbhíse a éilítear in (a).

    An tréimhse ina mbaintear an sprioc (na spriocanna) feidhmíochta amach:

    (a)

    ní mhairfidh sí níos faide ná deireadh na tréimhse seirbhíse; agus

    (b)

    féadfar tús a chur léi roimh an tréimhse seirbhíse ar choinníoll nach bhfuil dáta tosaigh na sprice feidhmíochta tamall suntasach roimh thús na tréimhse seirbhíse.

    Sainmhínítear sprioc feidhmíochta faoi threoir na nithe seo a leanas:

    (a)

    oibríochtaí (nó gníomhaíochtaí) an eintitis féin nó na hoibríochtaí nó gníomhaíochtaí céanna a dhéanann eintiteas eile sa ghrúpa céanna (i.e. dálaí nach dálaí an mhargaidh iad); nó

    (b)

    praghas (nó luach) ionstraimí cothromais an eintitis nó ionstraimí cothromais eintitis eile sa ghrúpa céanna (lena n-áirítear scaireanna nó scair-roghanna) (i.e. dálaí an mhargaidh).

    D’fhéadfadh sprioc feidhmíochta a bheith bainteach le feidhmíocht an eintitis ina iomláine nó le cuid éigin den eintiteas (nó le cuid den ghrúpa), amhail rannóg nó fostaí aonair.

    Gné athlódála

    Gné lena ndéantar foráil maidir le deontas uathoibríoch scair-roghanna breise pé uair a fheidhmíonn an sealbhóir scair-rogha scair-roghanna arna ndeonú roimhe sin ag úsáid scaireanna an eintitis, seachas airgead tirim, chun an praghas feidhmithe a chomhlíonadh.

    Rogha athlódála

    Scair-rogha nua a dheonaítear nuair a úsáidtear scair chun praghas feidhmithe scair-rogha roimhe sin a chomhlíonadh.

    Coinníoll seirbhíse

    Coinníoll dílsithe lena n-éilítear ar an gcontrapháirtí tréimhse shonraithe seirbhíse a thabhairt i gcrích a soláthraítear seirbhísí don eintiteas lena linn. Má scoireann an contrapháirtí den tseirbhís a sholáthar le linn na tréimhse dílseacháin, gan beann ar an gcúis, tá teipthe air an coinníoll a chomhlíonadh. Ní éilítear le coinníoll seirbhíse go gcomhlíontar sprioc feidhmíochta.

    Socrú íocaíochta scairbhunaithe

    Comhaontú idir an eintiteas (nó grúpeintiteas eile (39) nó aon scairshealbhóir d’aon ghrúpeintiteas) agus páirtí eile (lena n-áirítear fostaí) a thugann teidlíocht don pháirtí eile

    (a)

    airgead tirim nó sócmhainní eile an eintitis a fháil ar mhéideanna atá bunaithe ar phraghas (nó luach) ionstraimí cothromais (lena n-áirítear scaireanna nó scair-roghanna) an eintitis nó grúpeintitis eile, nó

    (b)

    ionstraimí cothromais a fháil (lena n-áirítear scaireanna nó scair-roghanna) an eintitis nó grúpeintitis eile,

    ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dílsithe, más ann dóibh.

    Idirbheart íocaíochta scairbhunaithe

    Idirbheart inarb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an eintiteas

    (a)

    faigheann earraí nó seirbhísí ó sholáthróir na n-earraí nó na seirbhísí sin (lena n-áirítear fostaí) i socrú íocaíochta scairbhunaithe; nó

    (b)

    tabhaíonn oibleagáid chun an t-idirbheart a shocrú leis an soláthróir i socrú íocaíochta scairbhunaithe nuair a fhaigheann grúpeintiteas eile na hearraí nó na seirbhísí sin.

    Scair-rogha

    Conradh a thugann an ceart don sealbhóir, ach nach gcuireann oibleagáid air, suibscríobh le scaireanna an eintitis ar phraghas seasta nó inchinntithe ar feadh tréimhse shonraithe.

    Dílsiú

    Teacht chun bheith ina theidlíocht. Faoi shocrú íocaíochta scairbhunaithe, déantar ceart contrapháirtí chun airgead tirim, sócmhainní eile nó ionstraimí cothromais an eintitis a fháil a dhílsiú nuair nach bhfuil teidlíocht an chontrapháirtí coinníollach a thuilleadh ar chomhlíonadh aon choinníoll dílsithe.

    Coinníollacha dílsithe

    Coinníoll lena gcinntear cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an t-eintiteas na seirbhísí lena dtugtar teidlíocht don chontrapháirtí airgead tirim, sócmhainní eile nó ionstraimí cothromais an eintitis a fháil, faoi shocrú íocaíochta scairbhunaithe. Is éard is coinníoll dílsithe ann coinníoll seirbhíse nó coinníoll feidhmíochta.

    Tréimhse dílseacháin

    An tréimhse a bhfuil na coinníollacha dílsithe sonraithe uile a bhaineann le socrú íocaíochta scairbhunaithe le comhlíonadh lena linn.

    Aguisín B

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Meastachán a dhéanamh ar luach cóir ionstraimí cothromais arna ndeonú

    B1

    I míreanna B2-B41 den fhoscríbhinn seo pléitear tomhas ar luach cóir scaireanna agus scair-roghanna arna ndeonú, ag díriú isteach ar na téarmaí agus coinníollacha sonracha is gnéithe comónta iad de dheontas scaireanna nó scair-roghanna d’fhostaithe. Ní rud uileghabhálach é dá bhrí sin. Thairis sin, toisc go ndíríonn na saincheisteanna luachála a phléitear thíos ar scaireanna agus scair-roghanna arna ndeonú d’fhostaithe, glactar leis go dtomhaistear luach cóir na scaireanna nó na scair-roghanna ar an dáta deontais. Is infheidhme, áfach, go leor de na saincheisteanna luachála a phléitear thíos (an luaineacht a bhfuil coinne léi a chinneadh, mar shampla) i gcomhthéacs meastachán a dhéanamh ar luach cóir scaireanna nó scair-roghanna arna ndeonú do pháirtithe seachas fostaithe ar an dáta a fhaigheann an t-eintiteas na hearraí nó ar an dáta a dhéanann an contrapháirtí an tseirbhís.

    Scaireanna

    B2

    I gcás scaireanna arna ndeonú d’fhostaithe, tomhaisfear luach cóir na scaireanna ar mhargadhphraghas scaireanna an eintitis (nó ar mhargadhphraghas measta, mura ndéantar scaireanna an eintitis a thrádáil go poiblí), arna gcoigeartú chun na téarmaí agus coinníollacha ar dá réir a deonaíodh na scaireanna a chur san áireamh (ach amháin coinníollacha dílsithe a eisiatar ón tomhas luach cóir i gcomhréir le míreanna 19-21).

    B3

    Mura bhfuil an fostaí i dteideal díbhinní a fháil le linn na tréimhse dílseacháin, mar shampla, cuirfear an fachtóir sin san áireamh agus meastachán á dhéanamh ar luach cóir na scaireanna arna ndeonú. Ar an gcuma chéanna, má tá na scaireanna faoi réir srianta ar an inaistritheacht tar éis an dáta dílsithe, cuirfear an fachtóir sin san áireamh a mhéid a dhéanann na srianta iardhílsithe difear don phraghas a d’íocfadh rannpháirtí eolasach toilteanach sa mhargadh as an scair sin agus a mhéid sin amháin. Má thrádáiltear na scaireanna go gníomhach i margadh domhain leachtach, mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh ach beagán iarmharta ag srianta iardhílsithe ar an inaistritheacht, dá mbeadh aon iarmhairt in aon chor acu, ar an bpraghas a d’íocfadh rannpháirtí eolasach toilteanach sa mhargadh as na scaireanna sin. Ní chuirfear srianta ar an inaistritheacht ná srianta eile atá ann le linn na tréimhse dílseacháin san áireamh agus meastachán á dhéanamh ar luach cóir dáta deontais na scaireanna arna ndeonú toisc go n-eascraíonn na srianta sin as coinníollacha dílsithe a bheith ann a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le míreanna 19-21.

    Scair-roghanna

    B4

    I gcás scair-roghanna arna ndeonú d’fhostaithe, ní bhíonn margadhphraghsanna ar fáil in go leor cásanna toisc go bhfuil na scair-roghanna arna ndeonú faoi réir téarmaí agus coinníollacha nach bhfuil feidhm acu maidir le scair-roghanna trádáilte. Murab ann do scair-roghanna trádáilte a bhfuil téarmaí agus coinníollacha comhchosúla acu, is trí shamhail phraghsála i leith conradh céadrogha a dhéanfar meastachán ar luach cóir na scair-roghanna arna ndeonú.

    B5

    Breithneoidh an t-eintiteas fachtóirí a ndéanfadh rannpháirtithe eolasacha toilteanacha sa mhargadh a bhreithniú agus iad ag roghnú cén tsamhail phraghsála i leith conradh céadrogha atá le cur i bhfeidhm. Go leor scair-roghanna d’fhostaithe, mar shampla, tá saolréanna fada acu agus is infheidhme de ghnáth iad le linn na tréimhse idir an dáta dílsithe agus deireadh shaolré na scair-rogha, agus is minic a fheidhmítear go luath iad. Ba cheart na fachtóirí sin a bhreithniú agus meastachán á dhéanamh ar luach cóir dáta deontais na scair-roghanna. I gcás go leor eintiteas, d’fhéadfadh sé go gcoiscfeadh sin orthu foirmle Black-Scholes-Merton a úsáid, nach dtugtar caoi léi don fhéidearthacht go bhfeidhmeofaí scair-rogha roimh dheireadh shaolré na scair-rogha agus a bhféadfadh sé nach dtabharfaí léiriú leordhóthanach léi ar iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis. Ní thugtar caoi ach oiread léi don fhéidearthacht go bhféadfadh an luaineacht a bhfuil coinne léi agus ionchuir eile sa tsamhail athrú i gcaitheamh shaolré na scair-rogha. I gcás scair-roghanna a bhfuil saolréanna conarthacha réasúnta gearr acu, áfach, nó scair-roghanna nach mór a bheith feidhmithe laistigh de thréimhse ghearr tar éis an dáta dílsithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na fachtóirí a shainaithnítear thuas. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh foirmle Black-Scholes-Merton luach a thabhairt a bheadh mar an gcéanna go substaintiúil le luach a gheofaí as samhail phraghsála níos solúbtha i leith conradh céadrogha.

    B6

    Cuirtear na fachtóirí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh i ngach samhail phraghsála i leith conradh céadrogha:

    (a)

    praghas feidhmithe na scair-rogha;

    (b)

    saolré na scair-rogha;

    (c)

    praghas reatha na scaireanna foluiteacha;

    (d)

    an luaineacht a bhfuil coinne léi i bpraghas na scaire;

    (e)

    na díbhinní a bhfuil coinne leo ar na scaireanna (más iomchuí); agus

    (f)

    an ráta úis saor ó riosca ar feadh shaolré na scair-rogha.

    B7

    Fachtóirí eile a bhreithneodh rannpháirtithe eolasacha toilteanacha sa mhargadh agus an praghas á shocrú acu, cuirfear iad sin san áireamh freisin (ach amháin coinníollacha dílsithe agus gnéithe athlódála a eisiatar ón tomhas luach cóir i gcomhréir le míreanna 19-22).

    B8

    Ní féidir scair-rogha arna deonú d’fhostaí a fheidhmiú le linn tréimhsí sonraithe go tipiciúil, mar shampla (e.g. le linn na tréimhse dílseacháin nó tréimhsí arna sonrú ag rialtóirí um urrúis). Cuirfear an fachtóir sin san áireamh más amhlaidh go nglacfaí leis ina mhalairt de chás, leis an tsamhail phraghsála i leith conradh céadrogha a chuirtear i bhfeidhm, go bhféadfaí an scair-rogha a fheidhmiú tráth ar bith le linn a saolré. Má úsáideann eintiteas samhail phraghsála i leith conradh céadrogha lena luacháiltear scair-roghanna nach féidir a fheidhmiú ach ag deireadh shaolré na scair-rogha, ní gá aon choigeartú a dhéanamh as gan bheith in ann iad a fheidhmiú le linn na tréimhse dílseacháin (nó tréimhsí eile le linn shaolré na scair-rogha), toisc go nglactar sa tsamhail leis nach féidir na scair-roghanna a fheidhmiú le linn na dtréimhsí sin.

    B9

    Ar an gcuma chéanna, fachtóir eile atá i gcoiteann ag scair-roghanna d’fhostaithe is ea an fhéidearthacht go bhfeidhmeofaí an scair-rogha go luath, mar shampla, toisc nach bhfuil an scair-rogha inaistrithe gan srianadh nó toisc nach mór don fhostaí gach scair-rogha dhílsithe a fheidhmiú ar scor den fhostaíocht. Cuirfear iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis san áireamh, mar a phléitear i míreanna B16-B21.

    B10

    Fachtóirí nach mbreithneodh rannpháirtí eolasach toilteanach sa mhargadh agus praghas scair-rogha (nó ionstraime cothromais eile) á shocrú aige, ní chuirfear san áireamh iad agus meastachán á dhéanamh ar luach cóir scair-roghanna (nó ionstraimí cothromais eile) arna ndeonú. I gcás scair-roghanna arna ndeonú d’fhostaithe, mar shampla, ní hiad fachtóirí a dhéanann difear do luach na scair-rogha ó dhearcadh an fhostaí aonair amháin a bhaineann le hábhar i gcás meastachán a dhéanamh ar phraghas a shocródh rannpháirtí eolasach toilteanach sa mhargadh.

    Ionchuir le samhlacha praghsála i leith conradh céadrogha

    B11

    Agus meastachán á dhéanamh ar an luaineacht sna scaireanna foluiteacha a bhfuil coinne léi agus ar na díbhinní ar na scaireanna sin, is é is cuspóir dó neastachán a dhéanamh ar na hionchais a léireofaí i margadh reatha nó i bpraghas malartaithe arna chaibidliú le haghaidh na scair-rogha. Ar an gcuma chéanna, agus meastachán á dhéanamh ar iarmhairtí luathfheidhmiú scair-roghanna d’fhostaithe, is é is cuspóir dó neastachán a dhéanamh, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil ar an dáta deontais, ar na hionchais a d’fhorbródh páirtí seachtrach a mbeadh rochtain aige ar fhaisnéis mhionsonraithe maidir le hiompraíocht fostaithe i leith feidhmiú.

    B12

    Go minic, is dóigh go mbeidh raon ionchas réasúnta ann maidir le luaineacht, díbhinní agus iompraíocht i leith feidhmiú amach anseo. Más amhlaidh sin, ba cheart luach ionchais a ríomh trí gach méid laistigh den raon sin a ualú de réir a dhóchúla atá sé go dtarlóidh sé.

    B13

    Tá ionchais maidir leis an todhchaí bunaithe go ginearálta ar thaithí, ach modhnaítear iad má bhíonn coinne réasúnta leis nach mbeidh an todhchaí mar a chéile leis an am atá thart. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé go léireodh fachtóirí in-sainaitheanta gur réamhtháscaire réasúnta dona í taithí stairiúil neamhchoigeartaithe ar thaithí amach anseo. I gcás eintitis a bhfuil dhá líne gnó éagsúla ar leithligh aige, mar shampla, má dhiúscraíonn sé an ceann inar lú go suntasach an riosca ná an ceann eile, d’fhéadfadh sé nárbh í an luaineacht stairiúil an fhaisnéis ab fhearr ar a mbunófaí ionchais réasúnta maidir leis an todhchaí.

    B14

    In imthosca eile, d’fhéadfadh sé nach mbeadh faisnéis stairiúil ar fáil. Ní bheidh ag eintiteas nualiostaithe, mar shampla, ach beagán sonraí stairiúla, má bhíonn sonraí ar bith aige, maidir leis an luaineacht ina phraghas scaire. Déantar tuilleadh plé thíos ar eintitis neamhliostaithe agus nualiostaithe.

    B15

    Mar achoimre, níor cheart d’eintiteas meastacháin ar luaineacht, iompraíocht i leith feidhmiú ná díbhinní a bhunú ar fhaisnéis stairiúil amháin gan breithniú a dhéanamh ar a mhéad a bhfuil coinne leis go mbeidh an taithí roimhe seo réamhfháistineach maidir le taithí amach anseo.

    Luathfheidhmiú a bhfuil coinne leis

    B16

    Is minic a fheidhmíonn fostaithe scair-roghanna go luath, ar chúiseanna éagsúla. Bíonn scair-roghanna d’fhostaithe neamh-inaistrithe go tipiciúil, mar shampla. Fágann sin go minic go bhfeidhmíonn fostaithe a scair-roghanna go luath, toisc gurb in é an t-aon bhealach amháin inar féidir le fostaithe a suíomh a leachtú. Chomh maith leis sin, éilítear de ghnáth ar fhostaithe a scoireann den fhostaíocht aon scair-rogha dhílsithe a fheidhmiú laistigh de thréimhse ghearr nó forghéillfear na scair-roghanna. Is é an fachtóir sin is cúis le luathfheidhmiú scair-roghanna d’fhostaithe freisin. Ar fhachtóirí eile is cúis le luathfheidhmiú tá col riosca agus easpa éagsúlaithe saibhris.

    B17

    Na bealaí ina gcuirtear san áireamh iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis, braitheann siad ar an gcineál samhla praghsála i leith conradh céadrogha a chuirtear i bhfeidhm. D’fhéadfaí, mar shampla, an luathfheidhmiú a bhfuil coinne leis a chur san áireamh trí úsáid a bhaint as meastachán ar an tsaolré lena bhfuil coinne le haghaidh na scair-rogha (arb í an tréimhse í ón dáta deontais go dtí an dáta ar a bhfuil coinne leis go bhfeidhmeofar an scair-rogha, i gcás scair-rogha d’fhostaithe) mar ionchur le samhail phraghsála i leith conradh céadrogha (e.g. foirmle Black-Scholes-Merton). De rogha air sin, d’fhéadfaí an luathfheidhmiú a bhfuil coinne leis a shamhlú trí bhíthin samhail phraghsála dhéthéarmach i leith conradh céadrogha nó samhail chomhchosúil ina n-úsáidtear an tsaolré chonarthach mar ionchur.

    B18

    Áirítear na nithe seo a leanas le fachtóirí atá le breithniú agus meastachán á dhéanamh ar luathfheidhmiú:

    (a)

    fad na tréimhse dílseacháin, toisc nach féidir an scair-rogha a fheidhmiú go tipiciúil go dtí deireadh na tréimhse dílseacháin. Dá bhrí sin, is ar an toimhde go ndílseofar na scair-roghanna a bhunaítear an cinneadh maidir le himpleachtaí luachála an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis. Déantar plé i míreanna 19-21 ar na himpleachtaí a bhaineann le coinníollacha dílsithe;

    (b)

    an meánfhad ama a d’fhan scair-roghanna comhchosúla gan íoc san am atá thart;

    (c)

    praghas na scaireanna foluiteacha. D’fhéadfadh sé go léireodh an taithí gur gnách leis na fostaithe scair-roghanna a fheidhmiú nuair a shroicheann an praghas scaire leibhéal sonraithe os cionn an phraghais feidhmithe;

    (d)

    leibhéal an fhostaí laistigh den eagraíocht. D’fhéadfadh sé go léireodh an taithí, mar shampla, gur gnách le fostaithe ar leibhéil níos airde scair-roghanna a fheidhmiú níos déanaí ná fostaithe ar leibhéil níos ísle (rud a phléitear a thuilleadh i mír B21);

    (e)

    an luaineacht sna scaireanna foluiteacha a bhfuil coinne léi. Ar an meán, d’fhéadfadh sé gur gnách le fostaithe scair-roghanna a fheidhmiú ar scaireanna a bhfuil luaineacht ard iontu níos luaithe ná ar scaireanna a bhfuil luaineacht íseal iontu.

    B19

    Mar a thugtar ar aird i mír B17, d’fhéadfaí iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis a chur san áireamh trí úsáid a bhaint as meastachán ar an tsaolré lena bhfuil coinne le haghaidh na scair-rogha mar ionchur le samhail phraghsála i leith conradh céadrogha. Agus meastachán á dhéanamh ar an tsaolré lena bhfuil coinne le haghaidh scair-roghanna arna ndeonú do ghrúpa fostaithe, d’fhéadfadh an t-eintiteas an meastachán sin a bhunú ar mheánsaolré ualaithe go hiomchuí lena bhfuil coinne le haghaidh grúpa iomlán fostaithe nó ar mheánsaolréanna ualaithe go hiomchuí lena bhfuil coinne le haghaidh foghrúpaí fostaithe laistigh den ghrúpa, bunaithe ar shonraí níos mionsonraithe maidir le hiompraíocht fostaithe i leith feidhmiú (ar a ndéantar tuilleadh plé thíos).

    B20

    Is dóchúil go mbeidh sé tábhachtach deontas scair-rogha a scaradh ina ghrúpaí le haghaidh fostaithe a bhfuil a n-iompraíocht i leith feidhmiú réasúnta aonchineálach. Ní feidhm líneach de théarma scair-rogha é luach scair-rogha; méadaíonn luach ar ráta laghdaitheach mar a théann an téarma i bhfad. Mar shampla, más ionann gach toimhde eile, cé go bhfuil luach scair-rogha dhá bhliain níos mó ná luach scair-rogha aon bhliain, níl a luach dhá oiread níos mó. Fágann sin go ndéanfaí meastachán thar ceart ar luach cóir iomlán na scair-roghanna arna ndeonú dá ríomhfaí luach scair-rogha measta ar bhonn meánsaolré ualaithe amháin ina bhfuil saolréanna aonair atá éagsúil go mór le chéile. Laghdaítear ar an róluacháil sin má dhéantar scair-roghanna arna ndeonú a scaradh i roinnt grúpaí, ina bhfuil raon réasúnta cúng saolréanna san áireamh i meánsaolré ualaithe gach ceann díobh.

    B21

    Tá feidhm ag breithnithe comhchosúla leis sin nuair a úsáidtear samhail dhéthéarmach nó samhail chomhchosúil. D’fhéadfadh sé go léireodh taithí eintitis a dheonaíonn scair-roghanna go fairsing do gach leibhéal fostaithe, mar shampla, gur gnách le feidhmeannaigh ardleibhéil a scair-roghanna a choinneáil ina seilbh níos faide ná mar a dhéanann fostaithe ar leibhéil níos ísle, agus gur gnách le fostaithe ar leibhéil níos ísle a scair-roghanna a fheidhmiú níos luaithe ná mar a dhéanann aon ghrúpa eile. Ina theannta sin, fostaithe a moltar dóibh nó a éilítear orthu íosmhéid d’ionstraimí cothromais a bhfostóra a choinneáil ina seilbh, lena n-áirítear scair-roghanna, d’fhéadfadh sé go bhfeidhmeoidís scair-roghanna níos déanaí ar an meán ná fostaithe nach bhfuil faoi réir na forála sin. Sna cásanna sin, is éard a bheidh mar thoradh ar scair-roghanna a scaradh ina ngrúpaí faighteoirí a bhfuil iompraíocht i leith feidhmiú réasúnta aonchineálach acu go ndéanfar meastachán níos cruinne ar luach cóir iomlán na scair-roghanna arna ndeonú.

    Luaineacht a bhfuil coinne léi

    B22

    Is éard is luaineacht ionchasach ann tomhas an mhéid a bhfuil coinne le praghas luainiú le linn tréimhse. Is éard is tomhas na luaineachta a úsáidtear i samhlacha praghsála i leith conradh céadrogha ann diallas caighdeánach bliantúlaithe na rátaí toraidh arna gcomhshuíomh go leanúnach i leith na scaire i gcaitheamh tréimhse. Sloinntear luaineacht go tipiciúil i dtéarmaí bliantúlaithe atá inchomparáide le chéile gan beann ar an tréimhse ama a úsáidtear sa ríomh, breathnóireacht praghsanna ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó míosúil, mar shampla.

    B23

    Le ráta toraidh scaire (a d’fhéadfadh a bheith deimhneach nó diúltach) le haghaidh tréimhse, tomhaistear cé mhéad tairbhe atá bainte ag scairshealbhóir as díbhinní agus luachmhéadú (nó dímheas) an phraghais scaire.

    B24

    Is éard atá i luaineacht bhliantúlaithe scaire lena bhfuil coinne an raon ar laistigh de a bhfuil coinne leis go dtitfidh, thart ar dhá thrian den am, an ráta toraidh bliantúil ar ús arna iolrú go leanúnach. Má deirtear, mar shampla, go bhfuil luaineacht 30 faoin gcéad i scair, ar 12 faoin gcéad é a ráta toraidh lena bhfuil coinne ar ús arna iolrú go leanúnach, ciallaíonn sin go bhfuil dóchúlacht de thart ar dhá thrian ann gur idir -18 faoin gcéad (12 % - 30 %) agus 42 faoin gcéad (12 % + 30 %) a bheidh an ráta toraidh ar an scair le haghaidh 1 bhliain amháin. Más é AA100 an praghas scaire ag tús na bliana agus mura n-íoctar aon díbhinn, bheadh coinne leis go mbeadh an praghas scaire ag deireadh na bliana idir AA83.53 (AA100 × e– 0.18) agus AA152.20 (AA100 × e0.42) thart ar dhá thrian den am.

    B25

    Áirítear na nithe seo a leanas le fachtóirí atá le breithniú agus meastachán á dhéanamh ar luaineacht a bhfuil coinne léi:

    (a)

    luaineacht intuigthe ó scair-roghanna arna dtrádáil ar scaireanna an eintitis, nó ó ionstraimí eile de chuid an eintitis arna dtrádáil a bhfuil gnéithe scair-roghanna (amhail fiachas in-chomhshóite) san áireamh iontu, más ann dóibh;

    (b)

    an luaineacht stairiúil sa phraghas scaire in imeacht na tréimhse is déanaí atá comhréireach go ginearálta le téarma na scair-rogha a bhfuil coinne leis (agus a bhfuil fágtha de shaolré chonarthach na scair-rogha agus iarmhairtí an luathfheidhmithe a bhfuil coinne leis á gcur san áireamh);

    (c)

    an fad ama atá scaireanna eintitis á dtrádáil go poiblí. D’fhéadfadh ardluaineacht stairiúil a bheith ag eintiteas nualiostaithe i gcomparáid le heintitis chomhchosúla atá liostaithe níos faide. Tugtar treoraíocht bhreise thíos le haghaidh eintitis nualiostaithe;

    (d)

    a dhóchúla atá sé go bhfillfidh luaineacht ar a meán, i.e. a meánleibhéal fadtéarmach, agus fachtóirí eile a léiríonn go bhféadfadh an luaineacht a bhfuil coinne léi amach anseo a bheith éagsúil leis an luaineacht san am atá thart. Má bhí luaineacht an-mhór ar fad i bpraghas scaire eintitis ar feadh tréimhse in-sainaitheanta éigin mar gheall ar thairiscint táthcheangail nó mór-athstruchtúrú, mar shampla, d’fhéadfaí neamhaird a dhéanamh den tréimhse sin agus an mheánluaineacht bhliantúil stairiúil á ríomh;

    (e)

    eatraimh iomchuí thráthrialta le haghaidh breathnóireacht praghsanna. Ba cheart an bhreathnóireacht praghsanna a bheith comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse. D’fhéadfadh eintiteas praghas scoir gach seachtaine a úsáid nó an praghas ab airde sa tseachtain, mar shampla, ach níor cheart dó an praghas scoir a úsáid le haghaidh seachtainí áirithe agus an praghas ab airde le haghaidh seachtainí eile. Chomh maith leis sin, ba cheart an bhreathnóireacht praghsanna a shloinneadh san airgeadra céanna ina shloinntear an praghas feidhmithe.

    Eintitis nualiostaithe

    B26

    Mar a thugtar ar aird i mír B25, ba cheart d’eintiteas breithniú a dhéanamh ar an luaineacht stairiúil sa phraghas scaire in imeacht na tréimhse is déanaí atá comhréireach go ginearálta le téarma na scair-rogha a bhfuil coinne leis. Mura bhfuil faisnéis leordhóthanach ag eintiteas nualiostaithe maidir leis an luaineacht stairiúil, ba cheart dó, mar sin féin, an luaineacht stairiúil a ríomh i gcomhair na tréimhse is faide a bhfuil gníomhaíocht trádála ar fáil lena haghaidh. D’fhéadfadh sé breithniú a dhéanamh freisin ar luaineacht stairiúil eintiteas comhchosúil tar éis tréimhse inchomparáide ina saolréanna siúd. Eintiteas nach bhfuil liostaithe ach ar feadh 1 bhliain amháin agus a dheonaíonn scair-roghanna a bhfuil coinne leis go mairfidh a saolré 5 bliana ar a meán, mar shampla, d’fhéadfadh sé breithniú a dhéanamh ar phatrún agus leibhéal luaineachta stairiúla eintiteas sa tionscail chéanna leis i gcomhair na chéad 6 bliana ina ndearnadh scaireanna na n-eintiteas sin a thrádáil go poiblí.

    Eintitis neamhliostaithe

    B27

    Ní bheidh faisnéis stairiúil ag eintiteas neamhliostaithe chun breithniú a dhéanamh uirthi agus meastachán á dhéanamh aige ar an luaineacht a bhfuil coinne léi. Leagtar amach thíos roinnt fachtóirí atá le breithniú ina hionad sin.

    B28

    I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh eintiteas neamhliostaithe a dhéanann scair-roghanna nó scaireanna a eisiúint go tráthrialta d’fhostaithe (nó do pháirtithe eile) tar éis margadh inmheánach a chur ar bun le haghaidh a scaireanna. D’fhéadfaí luaineacht na bpraghsanna scaire sin a bhreithniú agus meastachán á dhéanamh ar an luaineacht a bhfuil coinne léi.

    B29

    De rogha air sin, d’fhéadfadh an t-eintiteas breithniú a dhéanamh ar luaineacht stairiúil nó intuigthe eintiteas liostaithe comhchosúil, a bhfuil faisnéis maidir le praghas scaire nó scair-rogha ar fáil lena n-aghaidh, agus meastachán á dhéanamh aige ar an luaineacht a bhfuil coinne léi. B’iomchuí sin dá mbeadh luach scaireanna an eintitis bunaithe aige ar phraghsanna scaire eintiteas liostaithe comhchosúil.

    B30

    Mura bhfuil meastachán eintitis ar luach a scaireanna bunaithe aige ar phraghsanna scaire eintiteas liostaithe comhchosúil, agus má bhain sé úsáid ina ionad sin as modheolaíocht luachála eile chun a scaireanna a luacháil, d’fhéadfadh an t-eintiteas meastachán ar an luaineacht a bhfuil coinne léi a dhíorthú a bheadh comhsheasmhach leis an modheolaíocht luachála sin. D’fhéadadh an t-eintiteas a scaireanna a luacháil ar bhonn glanluach sócmhainne nó tuillimh, mar shampla. D’fhéadfadh sé breithniú a dhéanamh ar an luaineacht lena bhfuil coinne sna glanluachálacha sócmhainne nó sa tuilleamh sin.

    Díbhinní a bhfuil coinne leo

    B31

    Cé acu ba cheart nó nár cheart díbhinní a bhfuil coinne leo a chur san áireamh sa tomhas ar luach cóir scaireanna nó scair-roghanna arna ndeonú, braitheann sé ar cé acu atá nó nach bhfuil an contrapháirtí i dteideal díbhinní nó coibhéisí díbhinne a fháil.

    B32

    Má deonaíodh scair-roghanna d’fhostaithe agus má tá siad i dteideal díbhinní ar na scaireanna foluiteacha nó coibhéisí díbhinne (a bhféadfaí a íoc in airgead tirim nó a chur i bhfeidhm maidir leis an bpraghas feidhmithe chun é a laghdú) idir an dáta deontais agus an dáta feidhmithe, mar shampla, ba cheart na scair-roghanna arna ndeonú a luacháil amhail agus nach n-íocfar aon díbhinn ar na scaireanna foluiteacha, i.e. nialas ba cheart a bheith san ionchur le haghaidh díbhinní a bhfuil coinne leo.

    B33

    Ar an gcuma chéanna, i gcás ina ndéanfar meastachán ar luach cóir dáta deontais scaireanna arna ndeonú d’fhostaithe, ní gá aon choigeartú a dhéanamh le haghaidh díbhinní a bhfuil coinne leo má tá an fostóir i dteideal díbhinní arna n-íoc le linn na tréimhse dílseacháin a fháil.

    B34

    Os a choinne sin, mura bhfuil na fostaithe i dteideal díbhinní nó coibhéisí díbhinne a fháil le linn na tréimhse dílseacháin (nó roimh an bhfeidhmiú, i gcás scair-rogha), ba cheart díbhinní a chur san áireamh sa luacháil ar na cearta chun scaireanna nó scair-roghanna tráth an deontais. Is é sin le rá, i gcás ina ndéanfar meastachán ar luach cóir deontais scair-rogha, ba cheart díbhinní a bhfuil coinne leo a chur san áireamh agus samhail phraghsála i leith conradh céadrogha á cur i bhfeidhm. I gcás ina ndéanfar meastachán ar luach cóir deontais scaire, ba cheart an luacháil sin a laghdú de luach láithreach díbhinní a bhfuil coinne lena n-íoc le linn na tréimhse dílseacháin.

    B35

    Go ginearálta, éilíonn samhlacha praghsála i leith conradh céadrogha toradh díbhinne a bhfuil coinne leis. Féadfar na samhlacha a mhodhnú, áfach, chun úsáid a bhaint as méid díbhinne a bhfuil coinne leis seachas toradh díbhinne. Féadfaidh eintiteas úsáid a bhaint as an toradh a bhfuil coinne aige leis nó as na híocaíochtaí a bhfuil coinne aige leo. Má úsáideann eintiteas na híocaíochtaí sin, ba cheart dó breithniú a dhéanamh ar an bpatrún stairiúil méaduithe ar dhíbhinní atá aige. Más é an beartas ginearálta atá ag eintiteas díbhinní a mhéadú faoi thart ar 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana, mar shampla, níor cheart go nglacfaí leis ina luach scair-rogha measta go mbeidh méid díbhinne seasta ann ar feadh shaolré na scair-rogha ach amháin má tá fianaise ann a thacaíonn leis an toimhde sin.

    B36

    Go ginearálta, ba cheart an toimhde maidir le díbhinní a bhfuil coinne leo a bhunú ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí. Eintiteas nach n-íocann díbhinní agus nach bhfuil aon phlean aige amhlaidh a dhéanamh, ba cheart dó glacadh leis go mbeidh toradh díbhinne nialasach ann. Eintiteas atá ag teacht chun cinn nár íoc díbhinní riamh, áfach, d’fhéadfadh coinne a bheith aige leis go dtosódh sé ag íoc díbhinní le linn na saolréanna a bhfuil coinne leo le haghaidh scair-roghanna a fhostaithe. D’fhéadfadh na heintitis sin úsáid a bhaint as meánmhéid dá dtoradh díbhinne roimhe seo (nialas) agus de mheántoradh díbhinne piarghrúpa atá inchomparáide go hiomchuí.

    Ráta úis saor ó riosca

    B37

    Go hiondúil, is é an ráta úis saor ó riosca an toradh intuigthe atá ar fáil faoi láthair ar eisiúintí cúpóin nialasaigh ó rialtas na tíre ar ina hairgeadra a léirítear an praghas feidhmithe, agus an téarma atá fágtha cothrom le téarma ionchasach na rogha atá á luacháil (bunaithe ar an saolré conarthach atá fágtha ag an rogha agus éifeachtaí an luath-fheidhmithe a bhfuil coinne leis á gcur san áireamh). D’fhéadfadh sé gur gá ionadach iomchuí a úsáid, murab ann d’aon eisiúint rialtais den sórt sin nó má léiríonn na himthosca nach bhfuil an toradh intuigthe ar eisiúintí cúpóin nialasaigh ón rialtas ionadaíoch ar an ráta úis saor ó riosca (i ngeilleagair ina bhfuil boilsciú ard, mar shampla). Ba cheart ionadach iomchuí a úsáid freisin dá mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid as an ionadach sin go tipiciúil chun an ráta úis saor ó riosca a chinneadh, seachas as toradh intuigthe eisiúintí cúpóin nialasaigh ón rialtas, agus meastachán a dhéanamh acu ar luach cóir scair-rogha a bhfuil a saolré comhionann leis an téarma lena bhfuil coinne le haghaidh na scair-rogha atá á luacháil.

    Iarmhairtí ar struchtúr caipitil

    B38

    Is iad tríú páirtithe, ní an t-eintiteas, a gheallann scair-roghanna trádáilte go tipiciúil. Nuair a fheidhmítear na scair-roghanna sin, seachadann an geallaí rogha na scaireanna chuig an sealbhóir scair-roghanna. Faightear na scaireanna sin ó scairshealbhóirí atá ann cheana. Níl aon iarmhairt chaolúcháin dá bhrí sin ag feidhmiú scair-roghanna arna dtrádáil.

    B39

    Os a choinne sin, má gheallann an t-eintiteas scaireanna, eisítear scaireanna nua nuair a fheidhmítear na scair-roghanna sin (arna n-eisiúint iarbhír nó ó thaobh substainte de, má úsáidtear scaireanna a athcheannaíodh roimhe sin agus a sealbhaíodh i gcisteán). I bhfianaise go n-eiseofar na scaireanna ag an bpraghas feidhmithe seachas ag an margadhphraghas reatha ar an dáta feidhmithe, d’fhéadfadh an caolúchán iarbhír nó ionchasach sin an praghas scaire a laghdú, sa chaoi nach mbeadh gnóthachan chomh mór céanna ag sealbhóir na scair-rogha ar a feidhmiú agus a bheadh aige dá bhfeidhmeodh sé scair-rogha thrádáilte atá comhchosúil ar gach bealach eile agus nach gcaolaíonn an praghas scaire.

    B40

    Is ar fhachtóirí éagsúla a bhraitheann sé cé acu atá nó nach bhfuil iarmhairt shuntasach aige sin ar luach na scair-roghanna arna ndeonú, amhail an líon scaireanna nua a eiseofar ar fheidhmiú na scaireanna i gcomparáid leis an líon scaireanna a eisíodh cheana. Chomh maith leis sin, má tá coinne ag an margadh leis go dtarlóidh an deontas scair-rogha, d’fhéadfadh sé go ndearna an margadh an caolúchán ionchasach a chur san áireamh sa phraghas scaire ar an dáta deontais cheana.

    B41

    An iarmhairt chaolúcháin a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú todhchaíoch scair-roghanna arna ndeonú, áfach, ba cheart don eintiteas a bhreithniú an n-imreodh sé tionchar ar luach cóir measta na scair-roghanna sin ar an dáta deontais. Is féidir samhlacha praghsála i leith conradh céadrogha a oiriúnú chun an iarmhairt chaolúcháin ionchasach sin a chur san áireamh.

    Modhnuithe ar shocruithe íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe

    B42

    Le mír 27, éilítear, gan beann ar aon mhodhnú ar na téarmaí agus coinníollacha ar dá réir a deonaíodh na hionstraimí cothromais, nó gan beann ar aon chealú nó socrú ar an deontas ionstraimí cothromais sin, gur cheart don eintiteas a aithint, ar a laghad, na seirbhísí a fuarthas arna dtomhas ar luach cóir dáta deontais na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, ach amháin mura ndílsíonn na hionstraimí cothromais sin mar gheall ar gan coinníoll dílsithe (seachas dálaí an mhargaidh) a sonraíodh ar an dáta deontais a bheith comhlíonta. Ina theannta sin, iarmhairtí ag modhnuithe a mhéadaíonn ar luach cóir iomlán an tsocraithe íocaíochta scairbhunaithe nó atá tairbheach don fhostaí ar aon bhealach eile, ba cheart don eintiteas iad a aithint.

    B43

    Chun ceanglais mhír 27 a chur i bhfeidhm:

    (a)

    má mhéadaíonn an modhnú ar luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna dheonú (e.g. tríd an bpraghas feidhmithe a laghdú), arna thomhas díreach roimh an modhnú agus dá éis sin, déanfaidh an t-eintiteas an luach cóir incriminteach arna dheonú a chur san áireamh sa tomhas ar an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí arna bhfáil mar chomaoin i leith na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú. Is éard atá sa luach cóir incriminteach arna dheonú an difríocht idir luach cóir na hionstraime cothromais modhnaithe agus luach cóir na hionstraime cothromais bunaidh, an dá cheann arna meas ar dháta an mhodhnaithe. Má tharlaíonn an modhnú le linn na tréimhse dílseacháin, déantar an luach cóir incriminteach arna dheonú a chur san áireamh sa tomhas ar an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí a fuarthas le linn na tréimhse ó dháta an mhodhnaithe go dtí an dáta a dhílsíonn na hionstraimí cothromais modhnaithe, i dteannta an mhéid atá bunaithe ar luach cóir dáta deontais na n-ionstraimí cothromais bunaidh, a aithnítear le linn a bhfuil fágtha den tréimhse dílseacháin bhunaidh. Má tharlaíonn an modhnú tar éis an dáta dílsithe, déantar an luach cóir incriminteach arna dheonú a aithint láithreach, nó le linn na tréimhse dílseacháin má éilítear ar an bhfostaí tréimhse seirbhíse bhreise a chomhlíonadh sula dtiocfaidh sé chun bheith i dteideal na n-ionstraimí cothromais modhnaithe sin gan choinníoll;

    (b)

    ar an gcuma chéanna, má mhéadaíonn an modhnú ar an líon ionstraimí cothromais arna ndeonú, déanfaidh an t-eintiteas luach cóir na n-ionstraimí cothromais breise arna ndeonú, arna thomhas ar dháta an mhodhnaithe, a chur san áireamh sa tomhas ar an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí arna bhfáil mar chomaoin i leith na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, go comhsheasmhach leis na ceanglais in (a) thuas. Mar shampla, má tharlaíonn an modhnú le linn na tréimhse dílseacháin, agus má dhéantar luach cóir na n-ionstraimí cothromais breise arna ndeonú a chur san áireamh sa tomhas ar an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí arna bhfáil le linn na tréimhse ó dháta an mhodhnaithe go dtí an dáta a dhílsíonn na hionstraimí cothromais breise, i dteannta an mhéid atá bunaithe ar luach cóir trátha deontais na n-ionstraimí cothromais bunaidh, a aithnítear le linn a bhfuil fágtha den tréimhse dílseacháin bhunaidh;

    (c)

    má mhodhnaíonn an t-eintiteas na coinníollacha dílsithe ar bhealach atá tairbheach don fhostaí, tríd an tréimhse dílseacháin a laghdú, mar shampla, nó trí choinníoll feidhmíochta (seachas dálaí an mhargaidh, a gcoinnítear cuntas ar athruithe orthu i gcomhréir le (a) thuas) a mhodhnú nó a dhíothú, cuirfidh an t-eintiteas na coinníollacha dílsithe modhnaithe san áireamh agus ceanglais mhíreanna 19-21 á gcur i bhfeidhm aige.

    B44

    Thairis sin, má mhodhnaíonn an t-eintiteas téarmaí nó coinníollacha na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú ar bhealach a laghdaíonn luach cóir iomlán an tsocraithe íocaíochta scairbhunaithe, nó ar bhealach eile nach bhfuil tairbheach don fhostaí, leanfaidh an t-eintiteas mar sin féin de bheith ag coinneáil cuntas ar na seirbhísí arna bhfáil mar chomaoin i leith na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú amhail agus nár tharla an modhnú sin (seachas cuid de na hionstraimí cothromais arna ndeonú nó an t-iomlán díobh a chealú, a gcoinneofar cuntas air i gcomhréir le mír 28). Mar shampla:

    (a)

    má laghdaíonn an modhnú ar luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, arna thomhas díreach roimh an modhnú agus dá éis sin, ní chuirfidh an t-eintiteas an laghdú sin ar luach cóir san áireamh agus leanfaidh sé de bheith ag tomhas an méid a aithnítear le haghaidh seirbhísí arna bhfáil mar chomaoin i leith na n-ionstraimí cothromais bunaithe ar luach cóir dáta deontais na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú;

    (b)

    má laghdaíonn an modhnú ar an líon ionstraimí cothromais arna ndeonú d’fhostaí, coinneofar cuntas ar an laghdú sin mar chealú ar an gcuid sin den deontas, i gcomhréir le ceanglais mhír 28;

    (c)

    má mhodhnaíonn an t-eintiteas na coinníollacha dílsithe ar bhealach nach bhfuil tairbheach don fhostaí, tríd an tréimhse dílseacháin a mhéadú, mar shampla, nó trí choinníoll feidhmíochta (seachas dálaí an mhargaidh, a gcoinnítear cuntas ar athruithe orthu i gcomhréir le (a) thuas) a mhodhnú nó a chur léi, ní chuirfidh an t-eintiteas na coinníollacha dílsithe modhnaithe san áireamh agus ceanglais mhíreanna 19-21 á gcur i bhfeidhm aige.

    Cuntas a choinneáil ar mhodhnú idirbhirt íocaíochta scairbhunaithe lena n-athraítear a aicmiú ó airgeadsocraithe go cothromas-socraithe

    B44A

    Má mhodhnaítear téarmaí agus coinníollacha idirbhirt íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe ar bhealach ina bhfuil mar thoradh air go dtagann sé chun bheith ina idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, is amhlaidh a choinnítear cuntas ar an idirbheart ó dháta an mhodhnaithe. Go sonrach:

    (a)

    Déantar an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe a thomhas faoi threoir luach cóir na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú ar dháta an mhodhnaithe. Déantar an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe a aithint i gcothromas ar dháta an mhodhnaithe a mhéid a fuarthas earraí nó seirbhísí.

    (b)

    Déantar an dliteanas i leith an idirbhirt íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe ar dháta an mhodhnaithe a dhí-aithint ar an dáta sin.

    (c)

    Aon difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais arna dhí-aithint agus méid an chothromais arna aithint ar dháta an mhodhnaithe, aithnítear láithreach i mbrabús nó caillteanas í.

    B44B

    Más amhlaidh, de thoradh an mhodhnaithe, go cuirtear síneadh leis an tréimhse dílseacháin nó go ngiorraítear í, léireoidh cur i bhfeidhm cheanglais mhír B44A an tréimhse dílseacháin mhodhnaithe. Tá feidhm ag na ceanglais i mír B44A fiú má tharlaíonn an modhnú i ndiaidh na tréimhse dílseacháin.

    B44C

    Féadfar idirbheart íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe a chealú nó a shocrú (seachas idirbheart a chealaítear trí fhorghéilleadh nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha dílsithe). Má dheonaítear ionstraimí cothromais agus má aithníonn an t-eintiteas iad, ar an dáta deontais sin, mar athsholáthar ar an íocaíocht airgeadsocraithe scairbhunaithe arna cealú, cuirfidh an t-eintiteas míreanna B44A agus B44B i bhfeidhm.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe i measc grúpeintiteas (leasuithe 2009)

    B45

    Tugtar aghaidh i míreanna 43A–43C ar an gcuntasaíocht le haghaidh idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe i measc grúpeintiteas i ráitis airgeadais ar leithligh nó ráitis airgeadais aonair gach eintitis. Déantar plé i míreanna B46–B61 maidir le conas na ceanglais i míreanna 43A–43C a chur i bhfeidhm. Mar a thugtar ar aird i mír 43D, d’fhéadfadh idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe i measc grúpeintiteas tarlú ar chúiseanna éagsúla ag brath ar fhíorais agus imthosca. Ní plé cuimsitheach é, dá bhrí sin, agus i gcás nach bhfuil aon oibleagáid ar an eintiteas a fhaigheann na hearraí nó na seirbhísí an t-idirbheart a shocrú, glactar leis gur ranníocaíocht chothromais de chuid na máthairchuideachta leis an bhfochuideachta é an t-idirbheart, gan beann ar aon socrú aisíocaíochta inghrúpa.

    B46

    Cé go ndírítear sa phlé thíos ar idirbhearta le fostaithe, tá feidhm aige freisin maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe comhchosúla le soláthróirí earraí nó seirbhísí nach fostaithe iad. Le socrú idir máthairchuideachta agus a fochuideachta, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí ar an bhfochuideachta an mháthairchuideachta a íoc as na hionstraimí cothromais a sholáthar do na fostaithe. Ní thugtar aghaidh sa phlé thíos ar conas cuntas a choinneáil ar shocrú íocaíochta inghrúpa den sórt sin.

    B47

    Tá ceithre shaincheist ann a dtagtar go minic orthu in idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe i measc grúpeintiteas. Ar mhaithe le háisiúlacht, déantar plé sna samplaí thíos ar na saincheisteanna i dtéarmaí máthairchuideachta agus a fochuideachta.

    Socruithe íocaíochta scairbhunaithe lena mbaineann ionstraimí cothromais dílse eintitis

    B48

    An chéad saincheist is ea cé acu mar idirbhearta cothromas-socraithe nó mar idirbhearta airgeadsocraithe ba cheart cuntas a choinneáil, i gcomhréir le ceanglais an IFRS seo, ar na hidirbhearta seo lena mbaineann ionstraimí cothromais dílse eintitis:

    (a)

    deonaíonn eintiteas cearta chun ionstraimí cothromais an eintitis (e.g. scair-roghanna) dá chuid fostaithe agus roghnaíonn sé nó éilítear air ionstraimí cothromais (i.e. scaireanna cisteáin) a cheannach ó pháirtí eile chun a oibleagáidí i leith a chuid fostaithe a chomhlíonadh; agus

    (b)

    déanann an t-eintiteas féin nó a scairshealbhóirí cearta chun ionstraimí cothromais an eintitis (e.g. scair-roghanna) a dheonú d’fhostaithe an eintitis, agus soláthraíonn scairshealbhóirí an eintitis na hionstraimí cothromais is gá.

    B49

    Is mar idirbhearta cothromas-socraithe a choinneoidh an t-eintiteas cuntas ar idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe ina bhfaigheann sé seirbhísí mar chomaoin i leith a ionstraimí cothromais dílse. Tá feidhm aige sin gan beann ar cé acu a roghnaíonn an t-eintiteas nó a éilítear air na hionstraimí cothromais sin a cheannach ó pháirtí eile chun a oibleagáidí i leith a chuid fostaithe a chomhlíonadh faoin socrú íocaíochta scairbhunaithe. Tá feidhm aige freisin gan beann ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    cibé an t-eintiteas féin nó a scairshealbhóir(í) a dheonaigh cearta chun ionstraimí cothromais an eintitis do na fostaithe; nó

    (b)

    cibé an t-eintiteas féin nó a scairshealbhóir(í) a shocraigh an socrú íocaíochta scairbhunaithe.

    B50

    Má tá oibleagáid ar an scairshealbhóir an t-idirbheart a shocrú le fostaithe a institiúide infheistiúcháin, soláthraíonn sé ionstraimí cothromais a institiúide infheistiúcháin seachas a ionstraimí cothromais féin. Dá bhrí sin, má tá a institiúid infheistiúcháin sa ghrúpa céanna leis an scairshealbhóir, i gcomhréir le mír 43C, tomhaisfidh an scairshealbhóir a oibleagáid i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe i ráitis airgeadais ar leithligh an scairshealbhóra agus leo siúd is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite an scairshealbhóra.

    Socruithe íocaíochta scairbhunaithe lena mbaineann ionstraimí cothromais na máthairchuideachta

    B51

    Baineann an dara saincheist le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe idir dhá eintiteas nó níos mó laistigh den ghrúpa céanna lena mbaineann ionstraim chothromais grúpeintitis eile. Mar shampla, deonaítear cearta chun ionstraimí cothromais a máthairchuideachta d’fhostaithe fochuideachta mar chomaoin i leith na seirbhísí a sholáthraítear don fhochuideachta.

    B52

    Dá bhrí sin, baineann an dara saincheist leis na socruithe íocaíochta scairbhunaithe seo a leanas:

    (a)

    deonaíonn máthairchuideachta cearta chun a hionstraimí cothromais go díreach d’fhostaithe a fochuideachta: tá oibleagáid ar an máthairchuideachta (ní ar an bhfochuideachta) na hionstraimí cothromais a sholáthar d’fhostaithe na fochuideachta; agus

    (b)

    deonaíonn fochuideachta cearta chun ionstraimí cothromais a máthairchuideachta dá cuid fostaithe: tá oibleagáid ar an bhfochuideachta na hionstraimí cothromais a sholáthar dá cuid fostaithe.

    Deonaíonn máthairchuideachta cearta chun a hionstraimí cothromais d’fhostaithe a fochuideachta (mír B52(a))

    B53

    Níl oibleagáid ar an bhfochuideachta ionstraimí cothromais a máthairchuideachta a sholáthar d’fhostaithe na fochuideachta. Dá bhrí sin, i gcomhréir le mír 43B, tomhaisfidh an fhochuideachta na seirbhísí arna bhfáil óna cuid fostaithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe, agus aithneoidh sí méadú comhfhreagrach ar chothromas mar ranníocaíocht ón máthairchuideachta.

    B54

    Tá oibleagáid ar an máthairchuideachta an t-idirbheart a shocrú le fostaithe na fochuideachta trí ionstraimí cothromais dílse na máthairchuideachta a sholáthar. Dá bhrí sin, i gcomhréir le mír 43C, tomhaisfidh an mháthairchuideachta a hoibleagáid i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe.

    Deonaíonn fochuideachta cearta chun ionstraimí cothromais a máthairchuideachta dá cuid fostaithe (mír B52(b))

    B55

    Toisc nach gcomhlíonann an fhochuideachta ceachtar coinníoll i mír 43B, coinneoidh sé cuntas ar an idirbheart lena cuid fostaithe mar idirbheart airgeadsocraithe. Tá feidhm ag an gceanglas sin gan beann ar conas a fhaigheann an fhochuideachta na hionstraimí cothromais chun a hoibleagáidí i leith a cuid fostaithe a chomhlíonadh.

    Socruithe íocaíochta scairbhunaithe lena mbaineann íocaíochtaí airgeadsocraithe le fostaithe

    B56

    Is í an tríú saincheist conas ba cheart don eintiteas a fhaigheann earraí nó seirbhísí óna sholáthróirí (lena n-áirítear fostaithe) cuntas a choinneáil ar shocruithe scairbhunaithe atá airgeadsocraithe nuair nach bhfuil aon oibleagáid ar an eintiteas féin na híocaíochtaí a éilítear a dhéanamh lena sholáthróirí. Breithnigh na socruithe seo a leanas, mar shampla, ina bhfuil oibleagáid ar an máthairchuideachta (ní ar an eintiteas féin) na híocaíochtaí in airgead tirim a éilítear a dhéanamh le fostaithe an eintitis:

    (a)

    gheobhaidh fostaithe an eintitis íocaíochtaí in airgead tirim atá nasctha le praghas a ionstraimí cothromais.

    (b)

    gheobhaidh fostaithe an eintitis íocaíochtaí in airgead tirim atá nasctha le praghas ionstraimí cothromais a mháthairchuideachta.

    B57

    Níl oibleagáid ar an bhfochuideachta an t-idirbheart a shocrú lena cuid fostaithe. Dá bhrí sin, coinneoidh an fhochuideachta cuntas ar an idirbheart lena cuid fostaithe mar idirbheart cothromas-socraithe, agus aithneoidh sí méadú comhfhreagrach ar chothromas mar ranníocaíocht óna máthairchuideachta. Atomhaisfidh an fhochuideachta costas an idirbhirt dá éis sin le haghaidh aon athrú a leanann as coinníollacha dílsithe neamh-mhargaidh nár comhlíonadh i gcomhréir le míreanna 19-21. Ní hionann sin agus tomhas an idirbhirt mar idirbheart airgeadsocraithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa.

    B58

    Toisc go bhfuil oibleagáid ar an máthairchuideachta an t-idirbheart a shocrú leis na fostaithe, agus ós airgead tirim atá sa chomaoin, atomhaisfidh an mháthairchuideachta (agus an grúpa comhdhlúite) a hoibleagáid i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le hidirbhearta íocaíochta airgeadsocraithe scairbhunaithe i mír 43C.

    Fostaithe a aistriú idir grúpeintitis

    B59

    Baineann an ceathrú saincheist le socruithe íocaíochta scairbhunaithe lena mbaineann fostaithe as níos mó ná grúpeintiteas amháin. D’fhéadfadh máthairchuideachta cearta chun a hionstraimí cothromais a dheonú d’fhostaithe a fochuideachtaí, mar shampla, ar choinníoll go dtabharfar i gcrích seirbhís leanúnach leis an ngrúpa ar feadh tréimhse shonraithe. D’fhéadfadh fostaí de chuid fochuideachta amháin a fhostaíocht a aistriú chuig fochuideachta eile le linn na tréimhse dílseacháin sonraithe gan difear a dhéanamh do chearta an fhostaí chun ionstraimí cothromais na máthairchuideachta faoin socrú íocaíochta scairbhunaithe bunaidh. Mura bhfuil aon oibleagáid ar na fochuideachtaí an t-idirbheart íocaíochta scairbhunaithe a shocrú lena gcuid fostaithe, coinníonn siad cuntas air mar idirbheart cothromas-socraithe. Déanfaidh gach fochuideachta tomhas ar na seirbhísí arna bhfáil ón bhfostaí faoi threoir luach cóir na n-ionstraimí cothromais ar an dáta a dheonaigh an mháthairchuideachta na cearta chun na n-ionstraimí cothromais sin den chéad uair mar a shainítear i bhFoscríbhinn A, agus ar an gcion den tréimhse dílseacháin ina raibh an fostaí fostaithe le gach fochuideachta.

    B60

    Má tá oibleagáid ar an bhfochuideachta an t-idirbheart a shocrú lena cuid fostaithe in ionstraimí cothromais a máthairchuideachta, coinníonn sí cuntas ar an idirbheart mar idirbheart airgeadsocraithe. Tomhaisfidh gach fochuideachta na seirbhísí arna bhfáil ar bhonn luach cóir dáta deontais na n-ionstraimí cothromais le haghaidh an chion den tréimhse dílseacháin ina raibh an fostaí fostaithe le gach fochuideachta. Ina theannta sin, aithneoidh gach fochuideachta aon athrú ar luach cóir na n-ionstraimí cothromais le linn thréimhse seirbhíse an fhostaí le gach fochuideachta.

    B61

    Tar éis d’fhostaí den sórt sin aistriú idir grúpeintitis, d’fhéadfadh sé go dteipfeadh air coinníoll dílsithe seachas dálaí an mhargaidh a chomhlíonadh mar a shainítear i bhFoscríbhinn A, e.g. fágann an fostaí an grúpa sula dtugann sé an tréimhse seirbhíse i gcrích. Sa chás sin, toisc gur seirbhís leis an ngrúpa atá sa choinníoll dílsithe, déanfaidh gach fochuideachta an méid a aithníodh roimhe sin i leith na seirbhísí arna bhfáil ón bhfostaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail i mír 19. Dá bhrí sin, mura ndílsíonn na cearta a dheonaigh an mháthairchuideachta chun na n-ionstraimí cothromais toisc gur theip ar fhostaí coinníoll dílsithe seachas dálaí an mhargaidh a chomhlíonadh, ní dhéantar aon mhéid a aithint ar bhonn carnach le haghaidh na seirbhísí arna bhfáil ón bhfostaí sin i ráitis airgeadais aon ghrúpeintiteas.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 3

    Comhcheangail Ghnó

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo feabhas a chur ar ábharthacht, iontaofacht agus inchomparáideacht na faisnéise a sholáthraíonn eintiteas tuairiscithe ina ráitis airgeadais maidir le comhcheangal gnó agus maidir lena iarmhairtí. Chun sin a bhaint amach, leagtar amach leis an IFRS seo prionsabail agus ceanglais maidir le conas a dhéanann an faighteoir na nithe seo a leanas:

    (a)

    na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint agus a thomhas ina ráitis airgeadais;

    (b)

    an cáilmheas a fuarthas sa chomhcheangal gnó nó gnóthachan as ceannach sladmhargaidh a aithint agus a thomhas; agus

    (c)

    cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh chun é a chur ar a chumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál an chomhcheangail gnó agus ar a iarmhairtí airgeadais.

    RAON FEIDHME

    2

    Tá feidhm ag an IFRS seo maidir le hidirbheart nó teagmhas eile a chomhlíonadh an sainmhíniú ar chomhcheangal gnó. Níl feidhm ag an IFRS seo maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    cuntas a choinneáil ar fhoirmiú comhshocraithe i ráitis airgeadais an chomhshocraithe féin.

    (b)

    sócmhainn nó grúpa sócmhainní a fháil nachgnó atá ann. Sna cásanna sin, déanfaidh an faighteoir na dliteanais ghafa agus na sócmhainní in-sainaitheanta aonair a fuarthas (lena n-áirítear iad siúd a chomhlíonann an sainmhíniú ar shócmhainní doláimhsithe in IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe agus na critéir aitheantais lena n-aghaidh) a shainaithint agus a aithint. Leithdháilfear costas an ghrúpa ar na sócmhainní in-sainaitheanta aonair agus ar na dliteanais ar bhonn a luachanna córa coibhneasta ar an dáta ceannaigh. Ní eascraíonn cáilmheas as idirbheart nó teagmhas den sórt sin.

    (c)

    comhcheangal eintiteas nó gnólachtaí faoi rialú comhchoiteann (soláthraítear treoraíocht ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm i míreanna B1–B4).

    2A

    Níl feidhm ag ceanglais an Chaighdeáin seo maidir le héadáil a dhéanann eintiteas infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, ar infheistíocht i bhfochuideachta is gá a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    COMHCHEANGAL GNÓ A SHAINAITHINT

    3

    Cinnfidh eintiteas cé acu atá nó nach bhfuil idirbheart nó teagmhas eile ina chomhcheangal gnó tríd an sainmhíniú san IFRS seo a chur i bhfeidhm, lena n-éilítear gur gnó atá sna sócmhainní a fuarthas agus sna dliteanais ghafa. Mura bhfuil na sócmhainní a fuarthas ina ngnó, is mar éadáil sócmhainne a choinneoidh an t-eintiteas tuairiscithe cuntas ar an idirbheart nó an teagmhas eile. Soláthraítear treoraíocht i míreanna B5–B12D maidir le comhcheangal gnó a shainaithint agus an sainmhíniú ar ghnó.

    AN MODH ÉADÁLA

    4

    Coinneoidh eintiteas cuntas ar gach comhcheangal gnó tríd an modh éadála a chur i bhfeidhm.

    5

    Éilítear na nithe seo a leanas agus an modh éadála á chur i bhfeidhm:

    (a)

    an faighteoir a shainaithint;

    (b)

    an dáta éadála a chinneadh;

    (c)

    na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint agus a thomhas; agus

    (d)

    cáilmheas nó gnóthachan as ceannach sladmhargaidh a aithint agus a thomhas.

    An faighteoir a shainaithint

    6

    I gcás gach comhcheangail gnó, sainaithneofar ceann de na heintitis comhcheangail mar an faighteoir.

    7

    Úsáidfear an treoraíocht in IFRS 10 chun an faighteoir a shainaithint — is é sin an t-eintiteas a fhaigheann rialú ar eintiteas eile, i.e. an faighteán. Má rinneadh comhcheangal gnó ach mura bhfuil sé soiléir ó bheith ag cur an treoraíocht in IFRS 10 i bhfeidhm cé acu ceann de na heintitis comhcheangail é an faighteoir, breithneofar na fachtóirí i míreanna B14–B18 chun an cinneadh sin a dhéanamh.

    An dáta éadála a chinneadh

    8

    Sainaithneoidh an faighteoir an dáta éadála, arb é an dáta a fhaigheann sé rialú ar an bhfaighteán.

    9

    Go ginearálta, is é an dáta a fhaigheann an faighteoir rialú ar an bhfaighteán an dáta a aistríonn an faighteoir comaoin an fhaighteáin, a fhaigheann sócmhainní an fhaighteáin agus a ghabhann dliteanais an fhaighteáin go dlíthiúil—an dáta deiridh. D’fhéadfadh an faighteoir rialú a fháil, áfach, ar dháta atá níos luaithe nó níos déanaí ná an dáta deiridh. Tagann an dáta éadála roimh an dáta deiridh, mar shampla, má fhoráiltear le comhshocrú i scríbhinn go bhfaigheann an faighteoir rialú ar an bhfaighteán ar dháta roimh an dáta deiridh. Breithneoidh faighteoir gach fíoras agus imthoisc ábhartha chun an dáta éadála a shainaithint.

    Na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint agus a thomhas

    An prionsabal aitheantais

    10

    Ón dáta éadála, déanfaidh an faighteoir na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán a aithint ar leithligh ón gcáilmheas. Tá an t-aitheantas ar shócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus ar dhliteanais ghafa faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i míreanna 11 agus 12.

    Coinníollacha aitheantais

    11

    Chun bheith i dteideal aitheantais mar chuid de chur i bhfeidhm an mhodha éadála, ní mór na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa na sainmhínithe ar shócmhainní agus dliteanais sa Chreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais a chomhlíonadh ar an dáta éadála. Ní dliteanais ar an dáta éadála iad, mar shampla, costais a bhfuil coinne ag an bhfaighteoir leo ach nach bhfuil oibleagáid air a thabhú amach anseo a dhéanfaidh difear dá phlean tarraingt amach as gníomhaíocht faighteáin nó fostaíocht fhostaithe an fhaighteáin a fhoirceannadh nó na fostaithe sin a athlonnú. Dá bhrí sin, ní aithníonn an faighteoir na costais sin mar chuid de chur i bhfeidhm an mhodha éadála. Ina ionad sin, aithníonn an faighteoir na costais sin ina ráitis airgeadais iar-chomhcheangail i gcomhréir le IFRSanna eile.

    12

    Ina theannta sin, chun bheith i dteideal aitheantais mar chuid de chur i bhfeidhm an mhodha éadála, ní mór na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa a bheith mar chuid den mhéid a mhalartaigh an faighteoir agus an faighteán (nó iar-úinéirí an fhaighteáin) le chéile san idirbheart comhcheangail gnó seachas mar thoradh ar idirbhearta ar leithligh. Cuirfidh an faighteoir an treoraíocht i míreanna 51–53 i bhfeidhm chun a chinneadh cé na sócmhainní a fuarthas nó na dliteanais ghafa atá mar chuid den mhalartú le haghaidh an fhaighteáin agus cé acu cinn díobh, más ann dóibh, atá mar thoradh ar idirbhearta ar leithligh a bhfuil cuntas le coinneáil orthu i gcomhréir lena gcineál agus leis na IFRSanna is infheidhme.

    13

    D’fhéadfadh sé go mbeidh mar thoradh ar an bhfaighteoir a bheith ag cur an phrionsabail aitheantais agus coinníollacha aitheantais i bhfeidhm go n-aithneofar roinnt sócmhainní agus dliteanas nár aithin an faighteán roimhe sin mar shócmhainní agus dliteanais ina ráitis airgeadais. Aithníonn an faighteoir na sócmhainní doláimhsithe in-sainaitheanta a fuarthas, amhail ainm branda, paitinn nó caidreamh le custaiméir, nár aithin an faighteán mar shócmhainní ina ráitis airgeadais toisc gur fhorbair sé go hinmheánach iad agus gur mhuirearaigh sé na costais ghaolmhara mar speansas, mar shampla.

    14

    Soláthraítear treoraíocht i míreanna B31–B40 maidir le sócmhainní doláimhsithe a aithint. Le míreanna 21A–28B sonraítear na cineálacha sócmhainní in-sainaitheanta agus dliteanas lena n-áirítear míreanna ar ina leith a dhéantar foráil sa IFRS seo maidir le heisceachtaí teoranta ar an bprionsabal aitheantais agus ar choinníollacha aitheantais.

    Sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus dliteanais a gabhadh i gcomhcheangal gnó a aicmiú nó a ainmniú

    15

    Ar an dáta éadála, déanfaidh an faighteoir na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa a aicmiú nó a ainmniú mar is gá chun IFRSanna eile a chur i bhfeidhm dá éis sin. Déanfaidh an faighteoir na haicmiúcháin nó na hainmniúcháin sin ar bhonn na dtéarmaí conarthacha, na gcoinníollacha eacnamaíocha, a bheartas oibriúcháin nó cuntasaíochta agus ar bhonn coinníollacha ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith ann ar an dáta éadála.

    16

    I roinnt cásanna, déanann IFRSanna foráil maidir le cuntasaíocht éagsúil ag brath ar conas a aicmíonn nó a ainmníonn eintiteas sócmhainn nó dliteanas ar leith. Áirítear na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh, le haicmiúcháin nó ainmniúcháin a dhéanfaidh an faighteoir ar bhonn na gcoinníollacha ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann ar an dáta éadála:

    (a)

    sócmhainní agus dliteanais airgeadais ar leith a aicmiú mar shócmhainní agus dliteanais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas nó ar chostas amúchta, nó mar shócmhainn airgeadais arna tomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (b)

    ionstraim dhíorthach a ainmniú mar ionstraim fálaithe i gcomhréir le IFRS 9; agus

    (c)

    measúnú a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart díorthach leabaithe a scaradh ó chonradh óstaigh i gcomhréir le IFRS 9 (ar ábhar ‘aicmiúcháin’ é mar a úsáidtear an téarma sin san IFRS seo).

    17

    Leis an IFRS seo déantar foráil maidir le heisceacht amháin ar an bprionsabal i mír 15:

    (a)

    aicmiú conartha léasa inarb é an faighteán an léasóir mar léas oibriúcháin nó mar léas maoiniúcháin i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna.

    (b)

    [scriosta]

    Aicmeoidh an faighteoir na conarthaí sin ar bhonn na dtéarmaí conarthacha agus fachtóirí eile dáta tionscanta an chonartha (nó, má modhnaíodh téarmaí an chonartha ar bhealach lena n-athrófaí a aicmiú, dáta an mhodhnaithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ar dháta an tionscanta).

    An prionsabal tomhais

    18

    Tomhaisfidh an faighteoir na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa ar a luachanna córa ar an dáta éadála.

    19

    I gcás gach comhcheangail gnó, tomhaisfidh an faighteoir, ar an dáta éadála, comhpháirteanna leasanna neamh-urlámhais san fhaighteán ar leasanna úinéireachta láithreacha iad lena dtugtar teidlíocht dá sealbhóirí i leith sciar comhréireach de ghlansócmhainní an eintitis i gcás leachtú ar cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    luach cóir; nó

    (b)

    an sciar comhréireach de na hionstraimí úinéireachta láithreacha i méideanna aitheanta ghlansócmhainní in-sainaitheanta an fhaighteáin.

    Déanfar gach comhpháirt eile de leasanna neamh-urlámhais a thomhas ar a luachanna córa, an dáta éadála, ach amháin má éilítear bonn tomhais eile le IFRSanna.

    20

    Le míreanna 24–31A sonraítear na cineálacha sócmhainní agus dliteanas in-sainaitheanta lena n-áirítear míreanna ar ina leith a dhéantar foráil sa IFRS seo maidir le heisceachtaí teoranta ar an bprionsabal tomhais.

    Eisceachtaí ar na prionsabail aitheantais nó tomhais

    21

    Leis an IFRS seo déantar foráil maidir le heisceachtaí teoranta ar a phrionsabail aitheantais agus tomhais. Le míreanna 21A–31A sonraítear na míreanna áirithe a ndéantar eisceachtaí maidir leo agus cineál na n-eisceachtaí sin. Coinneoidh an faighteoir cuntas ar na míreanna sin trí na ceanglais i míreanna 21A–31A a chur i bhfeidhm, arb éard a thiocfaidh as sin gur mar a leanas a bheidh cuid de na míreanna:

    (a)

    arna n-aithint trí choinníollacha aitheantais a chur i bhfeidhm i dteannta na gcoinníollacha i míreanna 11 agus 12 nó trí cheanglais IFRSanna eile a chur i bhfeidhm, nach ionann a dtorthaí agus torthaí an phrionsabail aitheantais agus coinníollacha aitheantais.

    (b)

    arna dtomhas ar mhéid seachas a luachanna córa ar an dáta éadála.

    Eisceachtaí ar an bprionsabal aitheantais

    Dliteanais agus dliteanais theagmhasacha faoi raon feidhme IAS 37 nó IFRIC 21

    21A

    Tá feidhm ag mír 21B maidir le dliteanais agus dliteanais theagmhasacha a thiocfadh faoi raon feidhme IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha nó IFRIC 21 Tobhaigh dá dtabhófaí ar leithligh iad seachas dá ngabhfaí i gcomhcheangal gnó iad.

    21B

    Leis an gCreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais sainmhínítear dliteanas mar ‘oibleagáid láithreach ar an eintiteas chun acmhainn eacnamaíoch a aistriú de thoradh teagmhas roimhe seo’. I gcás forála nó dliteanais theagmhasaigh a thiocfadh faoi raon feidhme IAS 37, cuirfidh an faighteoir míreanna 15–22 de IAS 37 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid láithreach ann ar an dáta éadála de thoradh teagmhas roimhe seo. I gcás tobhaigh a thiocfadh faoi raon feidhme IFRIC 21, cuirfidh an faighteoir IFRIC 21 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu a tharla nó nár tharla an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-eascraíonn dliteanas chun an tobhach a íoc faoin dáta éadála.

    21C

    D’fhéadfadh oibleagáid láithreach a shainaithnítear i gcomhréir le mír 21B an sainmhíniú ar dhliteanas teagmhasach a leagtar amach i mír 22(b) a chomhlíonadh. Má chomhlíonann, tá feidhm ag mír 23 maidir leis an dliteanas teagmhasach sin.

    Dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha

    22

    Is mar a leanas a shainmhínítear dliteanas teagmhasach in IAS 37:

    (a)

    seasann an ball seo d’oibleagáidí féideartha a eascraíonn as imeachtaí roimhe seo agus nach ndeimhneofar gurbh ann dóibh ach amháin i gcás ina dtarlóidh nó nach dtarlóidh imeacht éiginnte amháin nó níos mó sa todhchaí, imeacht nach mbeidh go hiomlán faoi smacht an eintitis; nó

    (b)

    oibleagáid láithreach a eascraíonn as teagmhais roimhe seo ach nach n-aithnítear ós rud é:

    (i)

    níl sé dóchúil go n-éileofar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid a shocrú; nó

    (ii)

    ní féidir an méid oibleagáidí a thomhas ar bhealach atá iontaofa go leor.

    23

    Aithneoidh an faighteoir, ón dáta éadála, dliteanas teagmhasach a gabhadh i gcomhcheangal gnó más oibleagáid láithreach é a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus más féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa. Dá bhrí sin, contrártha le míreanna 14(b), 23, 27, 29 agus 30 de IAS 37, aithníonn an faighteoir dliteanas teagmhasach a gabhadh i gcomhcheangal gnó ón dáta éadála fiú mura bhfuil sé dóchúil go n-éileofar eis-sreabhadh acmhainní ina gcorpraítear tairbhí eacnamaíocha chun an oibleagáid a shocrú. Le mír 56 den IFRS seo, soláthraítear treoraíocht maidir le cuntas a choinneáil dá éis sin ar dhliteanais theagmhasacha.

    23A

    Sainmhínítear in IAS 37 sócmhainn theagmhasach ann mar ‘sócmhainn fhéideartha a eascraíonn as teagmhais roimhe seo agus nach ndeimhneofar gurb ann di ach amháin i gcás ina dtarlóidh nó nach dtarlóidh teagmhas éiginnte amháin nó níos mó amach anseo nach mbeidh go hiomlán faoi smacht an eintitis’. Ní aithneoidh an faighteoir sócmhainn theagmhasach ar an dáta éadála.

    Eisceachtaí arna prionsabail aitheantais agus tomhais araon

    Cánacha ioncaim

    24

    Aithneoidh agus tomhaisfidh an faighteoir sócmhainn nó dliteanas cánach iarchurtha a eascraíonn as na sócmhainní a fuarthas agus na dliteanais a gabhadh i gcomhcheangal gnó i gcomhréir le IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    25

    Coinneoidh an faighteoir cuntas ar na hiarmhairtí cánach féideartha ag difríochtaí sealadacha agus iarmhéideanna atá le tabhairt ar aghaidh ag faighteoir arb ann dóibh ar an dáta éadála nó a thagann chun cinn de thoradh na héadála i gcomhréir le IAS 12.

    Sochair fostaithe

    26

    Aithneoidh agus tomhaisfidh an faighteoir dliteanas (nó sócmhainn, más ann di) a bhaineann le socruithe sochair fostaithe an fhaighteáin i gcomhréir le IAS 19 Sochair Fostaithe.

    Sócmhainní slánaithe

    27

    Féadfaidh an díoltóir i gcomhcheangal gnó an faighteoir a shlánú go conarthach maidir leis an toradh ar theagmhas nó neamhchinnteacht a bhaineann le sócmhainn nó dliteanas sonrach ina iomláine nó le cuid de shócmhainn nó dliteanas sonrach. Féadfaidh an díoltóir an faighteoir a shlánú in aghaidh caillteanais atá níos mó ná méid sonraithe maidir le dliteanas a eascraíonn as teagmhas áirithe, mar shampla; i bhfocail eile, ráthóidh an díoltóir nach mbeidh dliteanas an fhaighteora níos mó ná méid sonraithe. Dá thoradh sin, faigheann an faighteoir sócmhainn slánaithe. Aithneoidh an faighteoir sócmhainn slánaithe an tráth céanna a aithníonn sé an mhír shlánaithe agus tomhaisfidh sé ar an mbonn céanna leis an mír shlánaithe í, faoi réir an ghá a bheadh le liúntas luachála le haghaidh méideanna nach bhfuil inbhailithe. Dá bhrí sin, má bhaineann an slánú le sócmhainn nó dliteanas a aithnítear ar an dáta éadála agus a thomhaistear ar a luach cóir ar an dáta éadála, aithneoidh an faighteoir an tsócmhainn slánaithe ón dáta éadála arna tomhas ar a luach cóir ar an dáta éadála. I gcás sócmhainne slánaithe arna tomhas ar a luach cóir, cuirtear san áireamh sa tomhas luach cóir iarmhairtí neamhchinnteachta maidir le sreabhadh airgid todhchaí mar gheall ar cheisteanna inbhailitheachta agus ní gá liúntas luachála ar leithligh (soláthraítear treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm i mír B41).

    28

    In imthosca áirithe, d’fhéadfadh an slánú a bheith bainteach le sócmhainn nó dliteanas atá ina eisceacht ar na prionsabail aitheantais nó tomhais. D’fhéadfadh slánú a bheith bainteach le dliteanas teagmhasach nach n-aithnítear ar an dáta éadála toisc nach bhfuil a luach cóir intomhaiste go hiontaofa ar an dáta sin, mar shampla. De rogha air sin, d’fhéadfadh slánú a bheith bainteach le sócmhainn nó dliteanas a leanann as sochar fostaithe, mar shampla, a aithnítear ar bhonn seachas an luach cóir ar an dáta éadála. Sna himthosca sin, aithneofar agus tomhaisfear an tsócmhainn slánaithe ag úsáid toimhdí atá comhsheasmhach leo siúd a úsáidtear chun an mhír shlánaithe a thomhas, faoi réir mheasúnú na bainistíochta maidir le hinbhailitheacht na sócmhainne slánaithe agus aon srian conarthach ar an méid slánaithe. Le mír 57, soláthraítear treoraíocht maidir le cuntas a choinneáil dá éis sin ar shócmhainn slánaithe.

    Léasanna inarb é an faighteán an léasaí

    28A

    Aithneoidh an faighteoir sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanais léasa le haghaidh léasanna arna sainaithint i gcomhréir le IFRS 16 inarb é an faighteán an léasaí. Ní éilítear ar an bhfaighteoir sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ná dliteanais léasa a aithint le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    léasanna a dtagann deireadh lena dtéarma léasa (mar a shainmhínítear in IFRS 16) laistigh de 12 mhí ón dáta éadála; nó

    (b)

    léasanna a bhfuil luach íseal ar a mbunsócmhainn (mar a thuairiscítear i míreanna B3–B8 de IFRS 16).

    28B

    Tomhaisfidh an faighteoir an dliteanas léasa ar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa atá fágtha (mar a shainmhínítear in IFRS 16) amhail agus dá mbeadh an léas a fuarthas ina léas nua ar an dáta éadála. Déanfaidh an faighteoir an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas ar an méid céanna ar a dtomhaistear an dliteanas léasa, arna choigeartú chun léiriú a thabhairt ar théarmaí fabhracha nó neamhfhabhracha an léasa nuair a chuirtear i gcomparáid le téarmaí margaidh iad.

    Eisceachtaí ar an bprionsabal tomhais

    Cearta athfhaighte

    29

    Is ar bhonn a bhfuil fágtha de théarma conarthach an chonartha ghaolmhair a thomhaisfidh an faighteoir luach cirt athfhaighte arna aithint mar shócmhainn dholáimhsithe, gan beann ar cé acu a dhéanfadh nó nach ndéanfadh rannpháirtithe sa mhargadh athnuachaintí conarthacha a bhreithniú agus luach cóir an chirt á thomhas acu. Le míreanna B35 agus B36, soláthraítear treoraíocht ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe

    30

    Tomhaisfidh an faighteoir dliteanas nó ionstraim chothromais a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe an fhaighteáin nó le hathsholáthar idirbheart íocaíochta scairbhunaithe faighteáin le hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe an fhaighteora i gcomhréir leis an modh in IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe ar an dáta éadála. (Tagraíonn an IFRS seo do thoradh an mhodha sin mar an ‘tomhas margadhbhunaithe’ ar an idirbheart íocaíochta scairbhunaithe.)

    Sócmhainní arna sealbhú lena ndíol

    31

    Déanfaidh an faighteoir sócmhainn (nó grúpa diúscartha) neamhreatha a fuarthas, a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol ar an dáta éadála i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha, a thomhas ar a luach cóir lúide costais a bhaineann le díol i gcomhréir le míreanna 15–18 den IFRS sin.

    Conarthaí árachais

    31A

    Déanfaidh an faighteoir grúpa conarthaí a thomhas faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais arna fháil i gcomhcheangal idir gnólachtaí, mar aon le haon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17, mar dhliteanas nó mar shócmhainn i gcomhréir le míreanna 39 agus B93–B95F de IFRS 17, an dáta éadála.

    Cáilmheas nó gnóthachan as ceannach sladmhargaidh a aithint agus a thomhas

    32

    Aithneoidh an faighteoir cáilmheas ón dáta éadála arna thomhas mar fharasbarr (a) thar (b) thíos:

    (a)

    comhiomlán na nithe seo a leanas:

    (i)

    an chomaoin aistrithe arna tomhas i gcomhréir leis an IFRS seo, lena n-éilítear go ginearálta a luach cóir ar an dáta éadála (féach mír 37);

    (ii)

    méid aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán arna thomhas i gcomhréir leis an IFRS seo; agus

    (iii)

    i gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna (féach míreanna 41 agus 42), luach cóir an leasa chothromais san fhaighteán, ar an dáta éadála, arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimhe sin.

    (b)

    glanmhéid mhéideanna na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, ar an dáta éadála, agus na ndliteanas gafa arna dtomhas i gcomhréir leis an IFRS seo.

    33

    I gcomhcheangal gnó nach malartaíonn an faighteoir agus an faighteán (nó a iar-úinéirí) ann ach leasanna cothromais, d’fhéadfadh luach cóir leasanna cothromais an fhaighteáin ar an dáta éadála a bheith intomhaiste ar bhealach níos iontaofa ná luach cóir leasanna cothromais an fhaighteora ar an dáta éadála. Más amhlaidh sin, cinnfidh an faighteoir an méid cáilmheasa trí luach cóir leasanna cothromais an fhaighteáin ar an dáta éadála a úsáid in ionad luach cóir na leasanna cothromais arna n-aistriú ar an dáta éadála. Chun an méid cáilmheasa i gcomhcheangal gnó nach bhfuil aon chomaoin arna haistriú ann a chinneadh, úsáidfidh an faighteoir luach cóir leas an fhaighteora san fhaighteán, ar an dáta éadála, in ionad luach cóir na comaoine arna haistriú ar an dáta éadála (mír 32(a)(i)). Le míreanna B46–B49, soláthraítear treoraíocht ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    Ceannacháin sladmhargaidh

    34

    Ó am go chéile, déanfaidh faighteoir ceannach sladmhargaidh, ar comhcheangal gnó é inar mó an méid i mír 32(b) ná an comhiomlán de na méideanna a shonraítear i mír 32(a). Má tá an farasbarr sin fós ann tar éis na ceanglais i mír 36 a chur i bhfeidhm, déanfaidh an faighteoir an gnóthachan a leanann as a aithint i mbrabús nó caillteanas ar an dáta éadála. Cuirfear an gnóthachan i leith an fhaighteora.

    35

    Is féidir go dtarlóidh ceannach sladmhargaidh, mar shampla, i gcomhcheangal idir gnólachtaí ar díol éigeantach é ina bhfuil an díoltóir ag gníomhú faoi éigeantas. Mar sin féin, as na heisceachtaí aitheantais nó tomhais le haghaidh míreanna ar leith a phléitear i míreanna 22–31A, is féidir go dtiocfaidh aitheantas ar ghnóthachan freisin (nó athrú ar mhéid gnóthachain aitheanta) ar cheannach sladmhargaidh.

    36

    Sula n-aithnítear gnóthachan ar cheannach sladmhargaidh, déanfaidh an faighteoir athmheasúnú ar ar shainaithin sé i gceart na sócmhainní uile a fuarthas agus na dliteanais ghafa uile agus aithneoidh sé aon sócmhainn nó dliteanas breise a shainaithnítear san athbhreithniú sin. Déanfaidh an faighteoir athbhreithniú ansin ar na nósanna imeachta a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar na méideanna a n-éilítear leis an IFRS seo go n-aithneofar iad ar an dáta éadála le haghaidh na nithe uile seo a leanas:

    (a)

    na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas agus na dliteanais ghafa;

    (b)

    na leasanna neamh-urlámhais san fhaighteán, más ann dóibh;

    (c)

    i gcás comhcheangail gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna, luach cóir an leasa chothromais arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimhe sin san fhaighteán; agus

    (d)

    an chomaoin arna haistriú.

    Is é is cuspóir don athbhreithniú a áirithiú go dtabharfaidh na tomhais léiriú iomchuí ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil ón dáta éadála a bheith breithnithe.

    Comaoin arna haistriú

    37

    Déanfar an chomaoin arna haistriú i gcomhcheangal gnó a thomhas ar luach cóir, a ríomhfar mar shuim na luachanna córa, ar an dáta éadála, a bhí ar na sócmhainní a d’aistrigh an faighteoir, na dliteanais a thabhaigh an faighteoir i leith iar-úinéirí an fhaighteáin agus na leasanna cothromais a d’eisigh an faighteoir. Aon sciar de dhámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe an fhaighteora a malartaíodh ar dhámhachtainí arna sealbhú ag fostaithe an fhaighteáin, áfach, a áirítear leis an gcomaoin arna haistriú sa chomhcheangal gnó, tomhaisfear é i gcomhréir le mír 30 seachas ar a luach cóir.) Ar shamplaí de chineálacha féideartha comaoine tá airgead tirim, sócmhainní eile, gnó nó fochuideachta de chuid an fhaighteora, comaoin theagmhasach, gnáthionstraimí cothromais nó ionstraimí cothromais tosaíochta, scair-roghanna, barántais agus leasanna comhaltaí in eintitis fhrithpháirteacha.

    38

    Féadfar sócmhainní nó dliteanais de chuid an fhaighteora nach ionann a suimeanna glanluacha agus a luachanna córa ar an dáta éadála (sócmhainn neamhairgeadaíochta nó gnó de chuid an fhaighteora, mar shampla) a áireamh leis an gcomaoin arna haistriú. Má áirítear, déanfaidh an faighteoir na sócmhainní nó na dliteanais aistrithe a atomhas ar a luachanna córa ón dáta éadála agus na gnóthachain nó caillteanais a leanann astu, más ann dóibh, a aithint i mbrabús nó caillteanas. Uaireanta, áfach, fanann na sócmhainní nó na dliteanais aistrithe laistigh den eintiteas comhcheangailte i ndiaidh an chomhcheangail gnó (toisc gur chuig an bhfaighteán seachas a iar-úinéirí a aistríodh na sócmhainní nó na dliteanais, mar shampla) agus coinníonn an faighteoir rialú orthu dá bhrí sin. Sa chás sin, tomhaisfidh an faighteoir na sócmhainní agus dliteanais sin ar a suimeanna glanluacha go díreach roimh an dáta éadála agus ní aithneoidh sé gnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas maidir le sócmhainní nó dliteanais a rialaíonn sé roimh an gcomhcheangal gnó agus dá éis sin araon.

    Comaoin theagmhasach

    39

    Leis an gcomaoin a aistríonn an faighteoir mar mhalairt ar an bhfaighteán áirítear aon sócmhainn nó dliteanas a leanann as comhshocrú comaoine teagmhasaí (féach mír 37). Déanfaidh an faighteoir luach cóir comaoine teagmhasaí ar an dáta éadála a aithint mar chuid den chomaoin arna haistriú mar mhalairt ar an bhfaighteán.

    40

    Oibleagáid chun comaoin theagmhasach a íoc a chomhlíonann an sainmhíniú ar ionstraim airgeadais, aicmeoidh faighteoir mar dhliteanas airgeadais nó mar chothromas í ar bhonn na sainmhínithe ar ionstraim airgeadais agus dliteanas airgeadais i mír 11 de IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair. Is mar shócmhainn a aicmeoidh an faighteoir ceart chun comaoin a aistríodh roimhe seo a fháil ar ais má chomhlíontar coinníollacha sonraithe. Le mír 58, soláthraítear treoraíocht maidir le cuntas a choinneáil dá éis sin ar chomaoin theagmhasach.

    Treoraíocht bhreise maidir leis an modh éadála a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe comhcheangail gnó

    Comhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna

    41

    Uaireanta, faigheann faighteoir rialú ar fhaighteán a raibh leas cothromais aige ann díreach roimh an dáta éadála. Tá leas cothromais neamh-urlámhais 35 faoin gcéad ag Eintiteas A in Eintiteas B an 31 Nollaig 20X1, mar shampla. Ar an dáta sin, ceannaíonn Eintiteas A leas breise 40 faoin gcéad in Eintiteas B, a thugann rialú dó ar Eintiteas B. Tagraítear san IFRS seo d’idirbheart den sórt sin mar chomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna, agus uaireanta tagraítear dó freisin mar éadáil chéimneach.

    42

    I gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna, déanfaidh an faighteoir an leas cothromais a bhí aige roimhe sin san fhaighteán a atomhas ar a luach cóir ar an dáta éadála agus an gnóthachan nó caillteanas a leanann as, más ann dó, a aithint i mbrabús nó caillteanas nó in ioncam cuimsitheach eile, mar is iomchuí. I réamhthréimhsí tuairiscithe, d’fhéadfadh sé gur aithin an faighteoir athruithe ar luach a leasa cothromais san fhaighteán in ioncam cuimsitheach eile. Má d’aithin, déanfar an méid a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile a aithint ar an mbonn céanna a d’éileofaí dá mbeadh an leas cothromais a bhí arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimhe sin diúscartha go díreach aige.

    42A

    Nuair a fhaigheann páirtí i socrú comhpháirteach (mar a shainmhínítear in IFRS 11 Socruithe Comhpháirteacha) rialú ar ghnó ar oibríocht chomhpháirteach é (mar a shainmhínítear in IFRS 11), agus nuair a bhí cearta chun sócmhainní agus oibleagáidí aige i leith na ndliteanas a bhaineann leis an oibríocht chomhpháirteach sin go díreach roimh an dáta éadála, is comhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna é an t-idirbheart. Dá bhrí sin, déanfaidh an faighteoir na ceanglais maidir le comhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear atomhas ar an leas a bhí aige roimhe sin san oibríocht chomhpháirteach ar an mbealach a thuairiscítear i mír 42. Agus sin á dhéanamh aige, atomhaisfidh an faighteoir an leas iomlán a bhí aige roimhe sin san oibríocht chomhpháirteach.

    Comhcheangal gnó a ghnóthaítear gan comaoin a aistriú

    43

    Uaireanta, faigheann faighteoir rialú ar fhaighteán gan comaoin a aistriú. Tá feidhm, maidir leis na comhcheangail sin, ag an modh éadála chun cuntas a choinneáil ar chomhcheangal gnó. Áirítear le himthosca den sórt sin:

    (a)

    Athcheannaíonn an faighteán líon leordhóthanach dá scaireanna dílse chun infheisteoir atá ann cheana (an faighteoir) a bheith in ann rialú a fháil.

    (b)

    Tagann deireadh le cearta crosta mionlaigh a bhíodh ina mbac ar an bhfaighteoir roimhe sin ó bheith ag fáil rialú ar fhaighteán a raibh cearta vótála tromlaigh ag an bhfaighteoir ann.

    (c)

    Comhaontaíonn an faighteoir agus an faighteán a ngnólachtaí a chomhcheangal trí bhíthin conartha agus sin amháin. Ní aistríonn an faighteoir aon chomaoin mar mhalairt ar rialú ar fhaighteán ná níl aon leas cothromais arna shealbhú aige san fhaighteán, ar an dáta éadála ná roimhe sin. Ar shamplaí de chomhcheangail ghnó a ghnóthaítear trí bhíthin conartha agus sin amháin tá dhá ghnólacht a thabhairt le chéile i gcomhshocrú stáplála nó corparáid dhéliostaithe a dhéanamh díobh.

    44

    I gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear trí bhíthin conartha agus sin amháin, déanfaidh an faighteoir méid ghlansócmhainní an fhaighteáin arna n-aithint i gcomhréir leis an IFRS seo a chur i leith úinéirí an fhaighteáin. I bhfocail eile, is leasanna neamh-urlámhais i ráitis airgeadais iar-chomhcheangail an fhaighteora iad na leasanna cothromais san fhaighteán arna sealbhú ag páirtithe eile nach iad an faighteoir iad, fiú más é an toradh air sin go gcuirtear na leasanna cothromais uile san fhaighteán i leith na leasanna neamh-urlámhais.

    Tréimhse tomhais

    45

    Má bhíonn an cuntas tosaigh a choinnítear ar chomhcheangal gnó neamhiomlán faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe ina ndéantar an comhcheangal, déanfaidh an faighteoir méideanna sealadacha a thuairisciú ina ráitis airgeadais le haghaidh na míreanna a bhfuil cuntas neamhiomlán orthu. Le linn na tréimhse tomhais, déanfaidh an faighteoir na méideanna sealadacha a aithníodh ar an dáta éadála a choigeartú go cúlghabhálach chun léiriú a thabhairt ar an bhfaisnéis nua a fuarthas maidir le fíorais agus imthosca a bhí ann ón dáta éadála agus a dhéanfadh difear, más eol sin, don tomhas ar na méideanna a aithníodh ón dáta sin. Le linn na tréimhse tomhais, déanfaidh an faighteoir sócmhainní nó dliteanais bhreise a aithint freisin má fhaightear faisnéis nua maidir le fíorais agus imthosca a bhí ann ón dáta éadála agus a mbeadh mar thoradh orthu, más eol sin, aitheantas ar na sócmhainní agus dliteanais sin ón dáta sin. Tagann deireadh leis an tréimhse tomhais a luaithe a fhaigheann an faighteoir an fhaisnéis a bhí sé a lorg maidir le fíorais agus imthosca a bhí ann ón dáta éadála nó a fhoghlaimíonn sé nach féidir tuilleadh faisnéise a fháil. Ní bheidh an tréimhse tomhais níos faide ná 1 bhliain amháin ón dáta éadála, áfach.

    46

    Is ionann an tréimhse tomhais agus an tréimhse tar éis an dáta éadála ar féidir leis an bhfaighteoir na méideanna sealadacha a aithnítear i leith comhcheangail gnó a choigeartú. Leis an tréimhse tomhais, soláthraítear tréimhse réasúnta don fhaighteoir an fhaisnéis is gá a fháil chun na nithe seo a leanas a shainaithint agus a thomhas ón dáta éadála i gcomhréir le ceanglais an IFRS seo:

    (a)

    na sócmhainní in-sainaitheanta na fuarthas, na dliteanais ghafa agus aon leas neamh-urlámhais san fhaighteán;

    (b)

    an chomaoin a aistríodh le haghaidh an fhaighteáin (nó an méid eile a úsáideadh chun cáilmheas a thomhas);

    (c)

    i gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna, luach cóir an leasa chothromais arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimhe sin san fhaighteán; agus

    (d)

    an cáilmheas nó gnóthachan ar cheannach sladmhargaidh a leanann as.

    47

    Breithneoidh an faighteoir na fachtóirí ábhartha uile chun a chinneadh ar cheart coigeartú a dhéanamh ar na méideanna sealadacha a aithníodh i ngeall ar an bhfaisnéis a fuarthas tar éis an dáta éadála nó arb é an chaoi go leanann an fhaisnéis sin as teagmhais a tharla tar éis an dáta éadála. Áirítear le fachtóirí ábhartha an dáta a fhaightear faisnéis bhreise agus cé acu is féidir nó nach féidir leis an bhfaighteoir cúis a shainaithint chun athrú a dhéanamh ar mhéideanna sealadacha. An fhaisnéis a fhaightear go gairid tar éis an dáta éadála, is dóchúla go mbeidh sí sin ina léiriú ar na himthosca a bhí ann ar an dáta éadála ná an fhaisnéis a fhaightear roinnt míonna dá éis sin. Ach amháin i gcás inar féidir teagmhas idir eatarthu a shainaithint a d’athraigh a luach cóir, is dócha gur léiriú ar earráid sa mhéid sealadach atá ann, mar shampla, má dhíoltar sócmhainn le tríú páirtí go gairid tar éis an dáta éadála ar luach atá éagsúil go mór lena luach cóir sealadach arna thomhas ar an dáta sin.

    48

    Aithníonn an faighteoir méadú (laghdú) ar an méid sealadach a aithnítear le haghaidh sócmhainn (dliteanas) in-sainaitheanta trí bhíthin laghdú (méadú) ar cháilmheas. Mar gheall ar fhaisnéis nua a fhaightear le linn na tréimhse tomhais, áfach, d’fhéadfaí coigeartú a dhéanamh uaireanta ar an méid sealadach ar níos mó ná sócmhainn nó dliteanas amháin. D’fhéadfadh sé gur ghabh an faighteoir dliteanas chun damáistí a íoc a bhaineann le timpiste i gceann de shaoráidí an fhaighteáin, mar shampla, a bhfuil an t-iomlán díobh nó cuid díobh cumhdaithe faoi pholasaí árachais dliteanais an fhaighteáin. Má fhaigheann an faighteoir faisnéis nua le linn na tréimhse tomhais maidir le luach cóir an dliteanais sin ar an dáta éadála, dhéanfaí an coigeartú ar cháilmheas a leanann as athrú ar an méid sealadach a aithnítear le haghaidh an dliteanais a fhritháireamh (go hiomlán nó go páirteach) trí choigeartú comhfhreagrach a dhéanamh ar cháilmheas a leanann as athrú ar an méid sealadach a aithnítear le haghaidh an éilimh is infhála ón árachóir.

    49

    Le linn na tréimhse tomhais, aithneoidh an faighteoir coigeartuithe ar na méideanna sealadacha amhail agus dá mbeadh an chuntasaíocht ar an gcomhcheangal gnó tugtha i gcrích ar an dáta éadála. Dá réir sin, déanfaidh an faighteoir athbhreithniú ar fhaisnéis chomparáideach le haghaidh réamhthréimhsí a chuirtear i láthair i ráitis airgeadais mar is gá, lena n-áirítear aon athrú a dhéanamh ar dhímheas, amúchadh nó iarmhairtí ioncaim eile a aithnítear agus an chuntasaíocht tosaigh á tabhairt i gcrích.

    50

    Tar éis deireadh a theacht leis an tréimhse tomhais, ní dhéanfaidh an faighteoir athbhreithniú ar an gcuntas a choinnítear ar chomhcheangal gnó ach amháin chun earráid a cheartú i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    An rud is cuid den idirbheart comhcheangail gnó a chinneadh

    51

    D’fhéadfadh sé go raibh caidreamh nó comhshocrú eile ag an bhfaighteoir leis an bhfaighteán cheana sular cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le haghaidh an chomhcheangail gnó, nó féadfaidh siad comhshocrú a dhéanamh le linn na caibidlíochta atá ar leithligh ón gcomhcheangal gnó. I gceachtar cás, sainaithneoidh an faighteoir aon mhéid nach cuid den mhéid a mhalartaigh an faighteoir agus an faighteán (nó a iar-úinéirí) sa chomhcheangal gnó é, i.e. méideanna nach cuid den mhalairt le haghaidh an fhaighteáin iad. Ní dhéanfaidh an faighteoir ach an chomaoin a aistríodh le haghaidh an fhaighteáin agus na sócmhainní a fuarthas agus na dliteanais a gabhadh sa mhalairt le haghaidh an fhaighteáin a aithint mar chuid de chur i bhfeidhm an mhodha éadála. Coinneofar cuntas ar idirbhearta ar leithligh i gcomhréir le IFRSanna ábhartha.

    52

    Idirbheart a dhéanann an faighteoir nó a dhéantar ar son an fhaighteora nó chun leasa an fhaighteora nó an eintitis chomhcheangailte go príomha, seachas chun leasa an fhaighteáin (nó a iar-úinéirí) go príomha roimh an gcomhcheangal, is dóchúil gur idirbheart ar leithligh é. Is iad seo a leanas samplaí d’idirbhearta ar leithligh nach bhfuil le cur san áireamh agus an modh éadála á chur i bhfeidhm:

    (a)

    idirbheart arb é a dhéantar leis dáiríre caidrimh a bhí ann cheana idir an faighteoir agus an faighteán a shocrú;

    (b)

    idirbheart lena dtugtar pá d’fhostaithe nó d’iar-úinéirí an fhaighteáin as seirbhísí amach anseo; agus

    (c)

    idirbheart lena n-aisíoctar an faighteán nó a iar-úinéirí as costais éadála an fhaighteora a íoc.

    Le míreanna B50–B62, soláthraítear treoir ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    Costais éadála

    53

    Is éard is costais éadála ann costais a thabhaíonn an faighteoir chun comhcheangal gnó a dhéanamh. Áirítear leis na costais sin táillí an aimsitheora; táillí comhairleacha, dlí, cuntasaíochta, luachála, agus gairmiúla nó comhairliúcháin eile; costais riaracháin ghinearálta, lena n-áirítear na costais a bhaineann le roinn éadálacha inmheánach a choinneáil ar bun; agus costais clárúcháin agus eisiúna urrús fiachais agus cothromais. Is mar speansais a choinneoidh an faighteoir cuntas ar chostais éadála sna tréimhsí ina dtabhaítear na costais agus ina bhfaightear na seirbhísí, ach eisceacht amháin a bheith ann. Aithneofar costais eisiúna urrús fiachais nó cothromais i gcomhréir le IAS 32 agus IFRS 9.

    TOMHAS AGUS CUNTASAÍOCHT DÁ ÉIS SIN

    54

    Go ginearálta, déanfaidh faighteoir tomhas agus coinneoidh sé cuntas dá éis sin ar shócmhainní a fuarthas, dliteanais a gabhadh nó a tabhaíodh agus ionstraimí cothromais a eisíodh i gcomhcheangal gnó i gcomhréir le IFRSanna eile is infheidhme maidir leis na míreanna sin, ag brath ar a gcineál. Soláthraítear treoraíocht leis an IFRS seo, áfach, maidir le tomhas a dhéanamh agus cuntas a choinneáil dá éis sin ar na nithe seo a leanas arb é atá iontu sócmhainní a fuarthas, dliteanais a gabhadh nó a tabhaíodh agus ionstraimí cothromais a eisíodh i gcomhcheangal gnó:

    (a)

    cearta athfhaighte;

    (b)

    dliteanais theagmhasacha a aithnítear ón dáta éadála;

    (c)

    sócmhainní slánaithe; agus

    (d)

    comaoin theagmhasach.

    Le mír B63, soláthraítear treoraíocht ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    Cearta athfhaighte

    55

    Ceart athfhaighte a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe, amúchfar é in imeacht a bhfuil fágtha de thréimhse chonarthach an chonartha inar deonaíodh an ceart. Faighteoir a dhíolann ceart athfhaighte le tríú páirtí dá éis sin, cuirfidh sé suim ghlanluacha na sócmhainne doláimhsithe san áireamh ann chun an gnóthachan nó an caillteanas ar an díol a chinneadh.

    Dliteanais theagmhasacha

    56

    Tar éis aitheantas tosaigh agus go dtí go socrófar nó go gcealófar an dliteanas nó go dtí go rachaidh sé in éag, déanfaidh an faighteoir dliteanas teagmhasach a aithnítear i gcomhcheangal gnó a aithint ar an méid is airde díobh seo a leanas:

    (a)

    an méid a d’aithneofaí i gcomhréir le IAS 37; agus

    (b)

    an méid a aithníodh i dtosach lúide, más iomchuí, an méid carnach ioncaim a aithnítear i gcomhréir le prionsabail IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí.

    Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le conarthaí a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 9.

    Sócmhainní slánaithe

    57

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe dá éis sin, déanfaidh an faighteoir sócmhainn slánaithe a aithníodh ar an dáta éadála a thomhas ar an mbonn céanna leis an dliteanas nó an tsócmhainn shlánaithe, faoi réir aon srian conarthach ar a mhéid agus, i gcás sócmhainne slánaithe nach dtomhaistear dá éis sin ar a luach cóir, measúnú na bainistíochta ar inbhailitheacht na sócmhainne slánaithe. Ní dhéanfaidh an faighteoir an tsócmhainn slánaithe a dhí-aithint ach amháin nuair a bhailíonn sé an tsócmhainn, nuair a dhíolann sé í nó nuair a chailleann sé an ceart chuici ar aon bhealach eile.

    Comaoin theagmhasach

    58

    D’fhéadfadh roinnt athruithe ar luach cóir comaoine teagmhasaí a aithníonn an faighteoir tar éis an dáta éadála a bheith mar thoradh ar fhaisnéis bhreise a fuair an faighteoir tar éis an dáta sin maidir le fíorais agus imthosca a bhí ann ar an dáta éadála. Is coigeartuithe tréimhse tomhais iad athruithe den sórt sin i gcomhréir le míreanna 45–49. Ní coigeartuithe tréimhse tomhais iad athruithe a leanann as teagmhais tar éis an dáta éadála, áfach, amhail sprioc tuillimh a bhaint amach, praghas scaire sonraithe a ghnóthú nó garsprioc maidir le tionscadal taighde agus forbartha a bhaint amach. Is mar a leanas a choinneoidh an faighteoir cuntas ar athruithe ar luach cóir comaoine teagmhasaí nach coigeartuithe tréimhse tomhais iad:

    (a)

    Ní atomhaisfear comaoin theagmhasach a aicmítear mar chothromas agus is laistigh de chothromas a choinneofar cuntas ar a socraíocht dá éis sin.

    (b)

    Comaoin theagmhasach eile:

    (i)

    a thagann faoi raon feidhme IFRS 9, atomhaisfear ar luach cóir í ar gach dáta tuairiscithe agus aithneofar athruithe ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas i gcomhréir le IFRS 9.

    (ii)

    nach dtagann faoi raon feidhme IFRS 9, atomhaisfear ar luach cóir í ar gach dáta tuairiscithe agus aithneofar athruithe ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas.

    NOCHTUITHE

    59

    Nochtfaidh an faighteoir faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus iarmhairt airgeadais comhcheangail gnó a dhéantar:

    (a)

    le linn na tréimhse tuairiscithe reatha; nó

    (b)

    tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint.

    60

    Chun an cuspóir i mír 59 a chomhlíonadh, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis a shonraítear i míreanna B64—B66.

    61

    Nochtfaidh an faighteoir faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí airgeadais coigeartuithe, a aithnítear sa tréimhse thuairiscithe reatha, a bhaineann le comhcheangail ghnó a rinneadh sa tréimhse sin nó i dtréimhsí tuairiscithe roimhe sin.

    62

    Chun an cuspóir i mír 61 a chomhlíonadh, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis a shonraítear i mír B67.

    63

    Na nochtaí sonracha a éilítear leis an IFRS seo agus le IFRSanna eile, mura gcomhlíonann siad na cuspóirí a leagtar amach i míreanna 59 agus 61, nochtfaidh an faighteoir pé faisnéis bhreise is gá chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    Dáta éifeachtach

    64

    Cuirfear an IFRS seo i bhfeidhm go hionchasach maidir le comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála dáta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla, nó dá éis sin, dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfear an IFRS seo i bhfeidhm ach ag tús tréimhse tuairiscithe bliantúla dar tús an 30 Meitheamh 2007 nó dá éis sin, áfach. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm an tráth céanna.

    64A

    [Scriosta]

    64B

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh míreanna 19, 30 agus B56 agus cuireadh míreanna B62A agus B62B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2010 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Ba cheart an cur i bhfeidhm a bheith ionchasach ón dáta a chuir an t-eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair.

    64C

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, cuireadh míreanna 65A–65E leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2010 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfear na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le hiarmhéideanna comaoine teagmhasaí a eascraíonn as comhcheangail ghnó ar túisce dáta a n-éadála ná cur i bhfeidhm an IFRS seo, arna eisiúint in 2008.

    64D

    [Scriosta]

    64E

    Le IFRS 10, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 7, B13, B63(e) agus Foscríbhinn A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 i bhfeidhm.

    64F

    Le IFRS 13 Tomhas Luach Cóir, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 20, 29, 33, 47, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir i bhFoscríbhinn A agus leasaíodh míreanna B22, B40, B43–B46, B49 agus B64. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    64G

    Le hEintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh mír 7 agus cuireadh mír 2A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    64H

    [Scriosta]

    64I

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2010–2012 ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh míreanna 40 agus 58 agus cuireadh mír 67A agus a ceannteideal gaolmhar leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála an 1 Iúil 2014 nó dáta dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Féadfaidh eintiteas an leasú a chur i bhfeidhm níos luaithe ar choinníoll gur cuireadh IFRS 9 agus IAS 37 (an dá cheann arna leasú le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2010–2012 ar IFRSanna) i bhfeidhm freisin. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    64J

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2011–2013 ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 2(a). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    64K

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh mír 56. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    64L

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 16, 42, 53, 56, 58 agus B41 agus scriosadh míreanna 64A, 64D agus 64H. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    64M

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 14, 17, B32 agus B42, scriosadh míreanna B28–B30 agus a gceannteideal gaolmhar agus cuireadh míreanna 28A–28B agus a gceannteideal gaolmhar leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    64N

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 17, 20, 21, 35 agus B63, agus tar éis mhír 31 cuireadh ceannteideal agus mír 31A isteach. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 31A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar mhír 17 i bhfeidhm maidir le comhcheangail idir gnólachtaí le dáta éadála tar éis dháta tionscanta tosaigh IFRS 17. Cuirfidh eintiteas na leasuithe eile i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

    64O

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2015–2017 ar Chaighdeáin IFRS, arna eisiúint i mí na Nollag 2017, cuireadh mír 42A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála dáta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla, nó dá éis sin, dar tús an 1 Eanáir 2019 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    64P

    Le Sainmhíniú ar Ghnó, arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2018, cuireadh míreanna B7A–B7C, B8A agus B12A–B12D leis, leasaíodh an sainmhíniú ar an téarma ‘gnó’ i bhFoscríbhinn A, leasaíodh míreanna 3, B7–B9, B11 agus B12 agus scriosadh mír B10. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála dáta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla, nó dá éis sin, dar tús an 1 Eanáir 2020 nó dá éis sin agus maidir le héadálacha sócmhainne a dhéantar ag tús na tréimhse sin nó dá éis sin. Ceadaítear na leasuithe sin a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

    64Q

    Le Tagairt don Chreat Coincheapúil, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, leasaíodh míreanna 11, 14, 21, 22 agus 23 agus cuireadh míreanna 21A, 21B, 21C agus 23A leis. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ar chomhcheangail ghnó ag a bhfuil dáta na héadála roimh thús nó ag tús na chéad tréimhse bliantúil tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann eintiteas gach leasú eile a dhéantar le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, arna eisiúint i mí an Mhárta 2018, i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe.

    Aistriú

    65

    Sócmhainní agus dliteanais a d’eascair as comhcheangail ghnó ar túisce dáta a n-éadála ná cur i bhfeidhm an IFRS seo, ní choigeartófar iad nuair a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm.

    65A

    Iarmhéideanna comaoine teagmhasaí a eascraíonn as comhcheangail ghnó ar túisce dáta a n-éadála ná an dáta a chuir eintiteas an IFRS seo arna eisiúint in 2008 i bhfeidhm den chéad uair, ní choigeartófar iad nuair a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair. Cuirfear míreanna 65B–65E i bhfeidhm sa chuntas a choinnítear dá éis sin ar na hiarmhéideanna sin. Ní chuirfear míreanna 65B–65E i bhfeidhm maidir leis an gcuntas a choinnítear ar iarmhéideanna comaoine teagmhasaí a eascraíonn as comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála an dáta a chuir eintiteas an IFRS seo arna eisiúint in 2008 i bhfeidhm den chéad uair nó dá éis sin. I míreanna 65B–65E, tagraíonn comhcheangal gnó go heisiach do chomhcheangail ghnó ar túisce dáta a n-éadála ná cur i bhfeidhm an IFRS seo arna eisiúint in 2008.

    65B

    Má dhéanann socrú comhcheangail gnó foráil maidir le coigeartú ar chostas an chomhcheangail atá teagmhasach ar theagmhais amach anseo, cuirfidh an faighteoir méid an choigeartaithe sin san áireamh i gcostas an chomhcheangail ar an dáta éadála má tá an coigeartú dóchúil agus más féidir é a thomhas go hiontaofa.

    65C

    Féadfaidh socrú comhcheangail gnó coigeartuithe ar chostas an chomhcheangail atá teagmhasach ar cheann amháin nó níos mó de theagmhais amach anseo a cheadú. D’fhéadfadh an coigeartú sin a bheith teagmhasach ar leibhéal sonraithe brabúis a choinneáil ar bun nó a bhaint amach i dtréimhsí amach anseo, nó ar mhargadhphraghas na n-ionstraimí arna n-eisiúint a choinneáil ar bun, mar shampla. De ghnáth, is féidir meastachán a dhéanamh ar mhéid aon choigeartú den sórt sin tráth a choinnítear cuntas ar an gcomhcheangal den chéad uair gan dochar a dhéanamh d’iontaofacht na faisnéise, cé go bhfuil roinnt neamhchinnteachta ann. Mura dtarlaíonn na teagmhais amach anseo nó más gá an meastachán a athbhreithniú, déanfar costas an chomhcheangail gnó a choigeartú dá réir sin.

    65D

    Nuair a dhéanann socrú comhcheangail gnó foráil maidir le coigeartú den sórt sin, ní áirítear an coigeartú sin i gcostas an chomhcheangail tráth a choinnítear cuntas ar an gcomhcheangal den chéad uair mura bhfuil sé dóchúil nó mura féidir é a thomhas go hiontaofa, áfach. Má thagann an coigeartú sin chun bheith dóchúil dá éis sin agus más féidir é a thomhas go hiontaofa, caithfear leis an gcomaoin bhreise mar choigeartú ar chostas an chomhcheangail.

    65E

    In imthosca áirithe, féadfar a éileamh ar an bhfaighteoir íocaíocht a dhéanamh leis an díoltóir dá éis sin mar chúiteamh as laghdú ar luach na sócmhainní a tugadh, na n-ionstraimí cothromais a eisíodh nó na ndliteanas a thabhaigh nó a ghabh an faighteoir mar mhalairt ar rialú ar an bhfaighteán. Is amhlaidh sin, mar shampla, nuair a ráthaíonn an faighteoir margadhphraghas ionstraimí cothromais nó fiachais a eisítear mar chuid de chostas an chomhcheangail gnó agus nuair a éilítear air ionstraimí cothromais nó fiachais breise a eisiúint chun an costas a cinneadh i dtosach a athchóiriú. Sna cásanna sin, ní aithnítear aon mhéadú ar chostas an chomhcheangail gnó. I gcás ionstraimí cothromais, déanann laghdú comhionann ar an luach a chuirtear i leith na n-ionstraimí a eisíodh i dtosach luach cóir na híocaíochta breise a fhritháireamh. I gcás ionstraimí fiachais, breathnaítear ar an íocaíocht bhreise mar laghdú ar an bpréimh nó mar mhéadú ar an lascaine ar an eisiúint tosaigh.

    66

    Eintiteas, amhail eintiteas frithpháirteach, nár chuir IFRS 3 i bhfeidhm go fóill agus a raibh ceann amháin nó níos mó de chomhcheangail ghnó aige ar coinníodh cuntas orthu ag úsáid an mhodha ceannaigh, cuirfidh sé na forálacha idirthréimhseacha i míreanna B68 agus B69 i bhfeidhm.

    Cánacha ioncaim

    67

    I gcás comhcheangal gnó ar túisce dáta a n-éadála ná dáta chur i bhfeidhm an IFRS seo, cuirfidh an faighteoir ceanglais mhír 68 de IAS 12, arna leasú leis an IFRS seo, i bhfeidhm go hionchasach. Is é sin le rá, ní dhéanfaidh an faighteoir an cuntas a choinnítear an chomhcheangail ghnó roimhe sin a choigeartú i leith athruithe aitheanta ar a shócmhainní cánach iarchurtha aitheanta. Ón dáta a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm, áfach, is mar choigeartú ar bhrabús nó caillteanas (nó, má éilítear sin le IAS 12, mar choigeartú lasmuigh de bhrabús nó caillteanas) a aithneoidh an faighteoir athruithe ar shócmhainní cánach iarchurtha aitheanta.

    TAGAIRT DO IFRS 9

    67A

    Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ach nach gcuireann IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, ba cheart aon tagairt do IFRS 9 a thuiscint mar thagairt do IAS 39.

    AISTARRAINGT IFRS 3 (2004)

    68

    Gabhann an IFRS seo ionad IFRS 3 Comhcheangail Ghnó (arna eisiúint in 2004).

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    faighteán

    Ainm an ghnólachta nó na ngnólachtaí ar a bhfaigheann an faighteoir rialú i gcomhcheangal gnó.

    faighteoir

    An t-eintiteas a fhaigheann rialú ar an bhfaighteán.

    dáta éadála

    An dáta a fhaigheann an faighteoir rialú ar an bhfaighteán.

    gnó

    Tacar comhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní is féidir a dhéanamh agus a bhainistiú chun earraí nó seirbhísí a sholáthar do chustaiméirí, chun ioncam infheistíochta a ghiniúint (amhail díbhinní nó ús) nó chun ioncam eile a ghiniúint as gnáthghníomhaíochtaí.

    comhcheangail ghnó

    Idirbheart nó teagmhas eile ina bhfaigheann faighteoir rialú ar cheann amháin nó níos mó de ghnólachtaí. Comhcheangail ghnó freisin is ea idirbhearta, dá ngairtear ‘fíorchumaisc’ nó ‘cumaisc ghnóthaí comhionanna’ uaireanta toisc go n-úsáidtear an téarma sin san IRFS seo.

    comaoin theagmhasach

    De ghnáth, oibleagáid ar an bhfaighteoir sócmhainní breise nó leasanna cothromais breise a aistriú chuig iar-úinéirí faighteáin mar chuid den mhalairt le haghaidh rialú ar fhaighteán má tharlaíonn teagmhais shonraithe amach anseo nó má chomhlíontar coinníollacha sonraithe. Le comaoin theagmhasach, d’fhéadfaí an ceart a thabhairt don fhaighteoir freisin, áfach, comaoin a aistríodh roimhe sin a fháil ar ais má chomhlíontar coinníollacha sonraithe.

    leasanna cothromais

    Chun críocha an IFRS seo, is é an chiall leathan a bhaintear as leasanna cothromais leasanna úinéireachta de chuid eintiteas faoi úinéireacht infheisteoirí chomh maith le leasanna úinéara, comhalta nó rannpháirtí de chuid eintiteas frithpháirteach.

    lach cóir

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13.)

    cáilmheas

    Sócmhainn lena léirítear na leasanna eacnamaíocha a bheidh ann amach anseo a eascraíonn as sócmhainní eile arna bhfáil i gcomhcheangal gnó nach sainaithnítear ina n-aonar agus nach n-aithnítear ar leithligh.

    in-sainaitheanta

    Tá sócmhainn in-sainaitheanta más amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá sí indeighilte, i.e. is féidir í a dheighilt nó a roinnt ón eintiteas agus a dhíol, a aistriú, a cheadúnú, a ligean ar cíos nó a mhalartú, ina haonar nó in éineacht le conradh gaolmhar, le sócmhainn in-sainaitheanta nó le dliteanas, gan beann ar cé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an t-eintiteas sin a dhéanamh; nó

    (b)

    eascraíonn sí as cearta conarthacha nó dlíthiúla eile, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil na cearta sin inaistrithe nó indeighilte ón eintiteas nó ó chearta agus oibleagáidí eile.

    sócmhainn dholáimhsithe

    Sócmhainn neamhairgeadaíochta in-sainaitheanta gan substaint fhisiceach.

    eintiteas frithpháirteach

    Eintiteas, seachas eintiteas faoi úinéireacht infheisteoirí, a sholáthraíonn díbhinní, costais níos ísle nó tairbhí eacnamaíocha eile go díreach dá úinéirí, dá chomhaltaí nó dá rannpháirtithe. Tá cuideachta árachais fhrithpháirtigh, comhar creidmheasa agus eintiteas comharchumainn uile ina n-eintitis fhrithpháirteacha, mar shampla.

    leas neamh-urlámhais

    An cothromas i bhfochuideachta nach bhfuil inchurtha, go díreach nó go hindíreach, i leith máthairchuideachta.

    úinéirí

    Chun críocha an IFRS seo, áirítear leis an gciall leathan a bhaintear as úinéirí sealbhóirí leasanna cothromais de chuid eintiteas faoi úinéireacht infheisteoirí agus úinéirí nó comhaltaí eintiteas frithpháirteach nó rannpháirtithe iontu.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    COMHCHEANGAIL GHNÓ LENA mBAINEANN EINTITIS FAOI RIALÚ COMHCHOITEANN (MÍR 2(c) A CHUR I bhFEIDHM)

    B1

    Níl feidhm ag an IFRS seo maidir le comhcheangal gnó lena mbaineann eintitis nó gnólachtaí faoi rialú comhchoiteann. Is éard is comhcheangal gnó lena mbaineann eintitis nó gnólachtaí faoi rialú comhchoiteann ann comhcheangal gnó ina bhfuil na heintitis nó gnólachtaí comhcheangail uile faoi rialú ag an bpáirtí nó na páirtithe céanna ar deireadh, roimh an gcomhcheangal gnó agus dá éis sin, agus ní rud neamhbhuan é an rialú sin.

    B2

    Breathnófar ar ghrúpa daoine aonair mar ghrúpa a rialaíonn eintiteas i gcás ina mbeidh an chumhacht chomhpháirteach acu, de thoradh socruithe conarthacha, a bheartais airgeadais agus oibríochta a rialú ionas go mbainfidh siad tairbhí as a chuid gníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, ní thagann comhcheangal gnó faoi raon feidhme an IFRS seo i gcás ina mbeidh an chumhacht chomhpháirteach deiridh, de thoradh socruithe conarthacha, ag an ngrúpa céanna daoine aonair beartais airgeadais agus oibríochta gach ceann de na heintitis comhcheangail a rialú ionas go mbainfidh siad tairbhí as a gcuid gníomhaíochtaí, agus nach mbeidh an chumhacht chomhpháirteach deiridh sin neamhbhuan.

    B3

    Féadfaidh duine aonair nó grúpa daoine aonair ag gníomhú le chéile faoi shocrú conarthach eintiteas a rialú, agus féadfaidh sé nach mbeidh an duine aonair nó an grúpa daoine aonair sin faoi réir ceanglais IFRSanna maidir le tuairisciú airgeadais. Dá bhrí sin, ní gá eintitis comhcheangail a chur san áireamh mar chuid de na ráitis airgeadais chomhdhlúite chéanna chun go mbreathnófaí ar chomhcheangal gnó mar cheann lena mbaineann eintitis nó gnólachtaí faoi rialú comhchoiteann.

    B4

    A mhéid leasanna neamh-urlámhais atá i ngach ceann de na heintitis comhcheangail roimh an gcomhcheangal gnó agus dá éis sin, ní bhaineann sé le hábhar chun a chinneadh cé acu a mbaineann nó nach mbaineann eintitis faoi rialú comhchoiteann leis an gcomhcheangal. Ar an gcuma chéanna, an fíoras go bhfuil ceann de na heintitis comhcheangail ina fhochuideachta a eisiadh ó na ráitis airgeadais chomhdhlúite, ní bhaineann sé le hábhar chun a chinneadh cé acu a mbaineann nó nach mbaineann eintitis faoi rialú comhchoiteann leis an gcomhcheangal.

    COMHCHEANGAL GNÓ A SHAINAITHINT (MÍR 3 A CHUR I bhFEIDHM)

    B5

    Leis an IFRS seo sainmhínítear comhcheangal gnó mar idirbheart nó teagmhas eile ina bhfaigheann faighteoir rialú ar cheann amháin nó níos mó de ghnólachtaí. D’fhéadfadh faighteoir rialú a fháil ar fhaighteán ar bhealaí éagsúla, mar shampla:

    (a)

    airgead tirim, coibhéisí airgid nó sócmhainní eile a aistriú (lena n-áirítear glansócmhainní arb é atá iontu gnólacht);

    (b)

    dliteanais a thabhú;

    (c)

    leasanna cothromais a eisiúint;

    (d)

    níos mó ná aon chineál amháin comaoine a sholáthar; nó

    (e)

    gan comaoin a aistriú, lena n-áirítear trí bhíthin conartha agus sin amháin (féach mír 43).

    B6

    Féadfaidh comhcheangal gnó a bheith struchtúrtha ar bhealaí éagsúla ar chúiseanna dlíthiúla, cánach nó eile, lena n-áirítear na nithe seo a leanas gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    tagann gnólacht amháin nó níos mó chun bheith ina bhfochuideachtaí de chuid faighteora nó déantar glansócmhainní gnólachta amháin nó níos mó a chumasc go dlíthiúil leis an bhfaighteoir;

    (b)

    aistríonn eintiteas comhcheangail amháin a ghlansócmhainní chuig eintiteas comhcheangail eile nó chuig a úinéirí, nó aistríonn úinéirí eintitis comhcheangail a leasanna cothromais chuig eintiteas comhcheangal eile nó chuig a úinéirí;

    (c)

    aistríonn na heintitis comhcheangail uile a nglansócmhainní chuig eintiteas nuabhunaithe, nó aistríonn úinéirí na n-eintiteas comhcheangail uile a leasanna cothromais chuig eintiteas nuabhunaithe (rud dá dtagraítear uaireanta mar idirbheart rollta suas nó mar idirbheart cur le chéile); nó

    (d)

    faigheann grúpa iar-úinéirí cheann de na heintitis comhcheangail rialú ar an eintiteas comhcheangailte.

    GNÓLACHT A SHAINMHÍNIÚ (MÍR 3 A CHUR I BHFEIDHM)

    B7

    Is éard atá i ngnólacht ionchuir agus próisis a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na hionchuir sin a fhéadann rannchuidiú le haschuir a chruthú. Is mar a leanas a shainmhínítear na trí ghné de ghnólacht (féach míreanna B8–B12D le haghaidh treoraíocht maidir leis na gnéithe de ghnólacht):

    (a)    Ionchur : Aon acmhainn eacnamaíoch lena gcruthaítear aschuir, nó a fhéadann rannchuidiú le haschuir a chruthú, nuair a chuirtear próiseas amháin nó níos mó i bhfeidhm ina leith. Ar shamplaí díobh sin tá sócmhainní neamhreatha (lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe nó cearta chun sócmhainní neamhreatha a úsáid), maoin intleachtúil, an cumas rochtain a fháil ar ábhair nó cearta a bhfuil gá leo agus ar fhostaithe.

    (b)    Próiseas : Aon chóras, caighdeán, prótacal, coinbhinsiún nó riail lena gcruthaítear aschuir, nuair a chuirtear ionchur nó ionchuir i bhfeidhm ina leith, nó a fhéadann rannchuidiú le haschuir a chruthú. Ar shamplaí díobh sin tá próisis bainistíochta straitéiseacha, próisis oibriúcháin agus próisis bainistíochta acmhainní. Bíonn na próisis sin doiciméadaithe de ghnáth, ach acmhainneacht intleachtúil lucht saothair eagraithe ag a bhfuil na scileanna agus an taithí is gá ar bheith ag leanúint rialacha agus coinbhinsiún, d’fhéadfadh sé sin na próisis is gá a sholáthar is féidir a chur i bhfeidhm maidir le hionchuir chun aschuir a chruthú. (De ghnáth, ní próisis a úsáidtear chun aschuir a chruthú iad cuntasaíocht, billeáil, párolla ná córais riaracháin eile.)

    (c)    Aschur : An toradh ar ionchuir agus próisis a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na hionchuir sin a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí do chustaiméirí, a ghineann ioncam infheistíochta (amhail díbhinní nó ús) nó a ghineann ioncam eile as gnáthghníomhaíochtaí.

    Tástáil roghnach chun comhchruinniú luacha chóir a shainaithint

    B7A

    Le mír B7B, leagtar amach an tástáil roghnach (an tástáil le haghaidh comhchruinniú) lena dtugtar caoi do mheasúnú simplithe ar cé acu is gnólacht nó nach gnólacht é tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas. Féadfaidh eintiteas roghnú an tástáil a chur i bhfeidhm nó gan í a chur i bhfeidhm. Féadfaidh eintiteas rogha den sórt sin a dhéanamh ar leithligh le haghaidh gach idirbhirt nó teagmhais eile. Tá na hiarmhairtí seo a leanas ag an tástáil le haghaidh comhchruinniú:

    (a)

    má chomhlíontar an tástáil le haghaidh comhchruinniú, cinntear nach gnólacht é an tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní agus ní gá aon mheasúnú breise a dhéanamh.

    (b)

    mura gcomhlíontar an tástáil le haghaidh comhchruinniú, nó má roghnaíonn an t-eintiteas gan an tástáil a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas an measúnú a leagtar amach i míreanna B8–B12D.

    B7B

    Comhlíontar an tástáil le haghaidh comhchruinniú má tá luach cóir uile na sócmhainní comhlána a fuarthas, go substaintiúil, comhchruinnithe i sócmhainní in-sainaitheanta aonair nó i ngrúpa sócmhainní in-sainaitheanta comhchosúla. I gcás na tástála le haghaidh comhchruinniú:

    (a)

    eisiafar ó shócmhainní comhlána a fuarthas airgead tirim agus coibhéisí airgid, sócmhainní cánach iarchurtha agus cáilmheas a leanann as iarmhairtí dliteanas cánach iarchurtha.

    (b)

    áireofar i luach cóir na sócmhainní comhlána a fuarthas aon chomaoin arna haistriú (móide luach cóir aon leas neamh-urlámhais agus luach cóir aon leas arna shealbhú roimhe sin) de bhreis ar luach cóir glansócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas. Féadfar a chinneadh, de ghnáth, gurb é luach cóir na sócmhainní comhlána a fuarthas an t-iomlán a fhaightear trí luach cóir na comaoine arna haistriú (móide luach cóir aon leas neamh-urlámhais agus luach cóir aon leas arna shealbhú roimhe sin) a chur le luach cóir na ndliteanas gafa (seachas dliteanais chánach iarchurtha), agus ansin na míreanna a shainaithnítear i bhfomhír (a) a eisiamh. Má bhíonn luach cóir na sócmhainní comhlána a fuarthas níos mó ná an t-iomlán sin, áfach, d’fhéadfadh gá a bheith le ríomh níos beaichte uaireanta.

    (c)

    le sócmhainn in-sainaitheanta aonair áireofar aon sócmhainn nó aon ghrúpa sócmhainní a d’aithneofaí agus a thomhaisfí mar shócmhainn in-sainaitheanta aonair i gcomhcheangal gnó.

    (d)

    má tá sócmhainn inláimhsithe ceangailte le sócmhainn inláimhsithe eile, agus mura féidir í a bhaint go fisiciúil uaithi ná a úsáid ar leithligh uaithi (nó ó shócmhainn fholuiteach faoi réir léasa, mar a shainmhínítear in IFRS 16 Léasanna), gan costas suntasach a thabhú, nó gan laghdú suntasach ar fhóntas nó luach cóir a dhéanamh do cheachtar sócmhainn (talamh agus foirgnimh, mar shampla), breathnófar ar na sócmhainní sin mar shócmhainn in-sainaitheanta aonair.

    (e)

    agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil sócmhainní comhchosúil, breithneoidh eintiteas cineál gach sócmhainne in-sainaitheanta aonair agus na rioscaí atá bainteach le bainistíocht a dhéanamh ar na sócmhainní agus aschuir a chruthú astu (is iad sin, na saintréithe riosca).

    (f)

    ní bhreathnófar ar na nithe seo a leanas mar shócmhainní comhchosúla:

    (i)

    sócmhainn inláimhsithe agus sócmhainn dholáimhsithe;

    (ii)

    sócmhainní inláimhsithe in aicmí éagsúla (fardal, monaraíocht trealaimh agus gluaisteán, mar shampla) ach amháin má bhreathnaítear orthu mar shócmhainn in-sainaitheanta aonair i gcomhréir leis an gcritéar i bhfomhír (d);

    (iii)

    sócmhainní doláimhsithe in-sainaitheanta in aicmí éagsúla (ainmneacha branda, ceadúnais agus sócmhainní doláimhsithe atá á bhforbairt, mar shampla);

    (iv)

    sócmhainn airgeadais agus sócmhainn neamhairgeadais;

    (v)

    sócmhainní airgeadais in aicmí éagsúla (cuntais infhála agus infheistíochtaí in ionstraimí cothromais, mar shampla); agus

    (vi)

    sócmhainní in-sainaitheanta a thagann faoi raon feidhme na haicme céanna sócmhainní ach a bhfuil a saintréithe riosca éagsúil go suntasach.

    B7C

    Ní mhodhnaíonn na ceanglais i mír B7B an treoraíocht maidir le sócmhainní comhchosúla in IAS 38Sócmhainní Doláimhsithe; ná ní mhodhnaíonn siad ciall an téarma ‘aicme’ in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 38 agus IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe.

    Gnéithe de ghnólacht

    B8

    Cé go mbíonn aschuir ag gnólachtaí de ghnáth, ní gá aschuir a bheith ann chun go gcáileodh tacar comhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní mar ghnólacht. Chun na críche a shainaithnítear sa sainmhíniú ar ghnólacht, ní mór dhá ghné fhíor-riachtanacha a bheith ag tacar comhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní—is iad sin ionchuir agus próisis a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na hionchuir sin. Ní gá do ghnólacht na hionchuir uile ná na próisis uile a d’úsáid an díoltóir chun an ghnólacht sin a oibriú a chur san áireamh. Chun go gcáileodh sé mar ghnólacht, áfach, ní mór, ar a laghad, ionchur agus próiseas substainteach a rannchuidíonn go suntasach, le chéile, leis an gcumas aschur a chruthú a bheith san áireamh i dtacar comhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní. Sonraítear i míreanna B12–B12D conas measúnú a dhéanamh ar an bhfuil próiseas substainteach.

    B8A

    Má tá aschuir ag tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas, níl leanúint d’ioncam inti féin ina léiriú go bhfuarthas ionchur agus próiseas substainteach araon.

    B9

    Athraíonn cineál na ngnéithe de ghnólacht de réir tionscail agus de réir struchtúr oibríochtaí (gníomhaíochtaí) eintitis, lena n-áirítear céim forbartha an eintitis. Is minic a bhíonn go leor cineálacha éagsúla ionchur, próiseas agus aschur ag gnólachtaí fadbhunaithe, agus nach mbíonn ach beagán ionchur agus próiseas ag gnólachtaí nua agus uaireanta gan ach aschur (táirgeadh) amháin. Tá dliteanais ag nach mór gach uile ghnólacht freisin, ach ní gá dliteanais a bheith ag gnólacht. Thairis sin, d’fhéadfadh dliteanais a bheith ag tacar comhtháite gníomhaíochtaí agus sócmhainní nach gnólacht é.

    B10

    [Scriosta]

    B11

    Cé acu is gnólacht nó nach gnólacht é tacar áirithe gníomhaíochtaí agus sócmhainní, cinnfear sin bunaithe ar cé acu atá nó nach bhfuil rannpháirtí sa mhargadh in ann an tacar comhtháite a riaradh agus a bhainistiú mar ghnólacht. Dá réir sin, cé acu a d’oibrigh nó nár oibrigh díoltóir an tacar mar ghnólacht nó cé acu a bheartaíonn nó nach mbeartaíonn an faighteoir an tacar a oibriú mar ghnólacht, ní bhaineann siad sin le hábhar agus meastóireacht á déanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil tacar áirithe ina ghnólacht.

    Measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil próiseas a fuarthas ina phróiseas substainteach

    B12

    Mínítear le míreanna B12A–B12D conas measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil próiseas a fuarthas ina phróiseas substainteach más amhlaidh nach bhfuil aschuir ag an tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas (mír B12B) agus más amhlaidh go bhfuil aschuir aige (mír B12C).

    B12A

    Sampla de thacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas nach bhfuil aschuir ar an dáta éadála aige is ea eintiteas luathchéime nár thosaigh ag giniúint ioncaim. Thairis sin, má bhí tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas ag giniúint ioncaim ar an dáta éadála, breithnítear go bhfuil aschuir ar an dáta sin aige, fiú mura nginfidh sé ioncam a thuilleadh ó chustaiméirí seachtracha, toisc go gcomhtháthóidh an faighteoir é, mar shampla.

    B12B

    Mura bhfuil aschuir ar an dáta éadála ag tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas, ní bhreithneofar gur substainteach é próiseas (nó grúpa próiseas) a fuarthas ach amháin más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá sé ríthábhachtach don chumas ionchur nó ionchuir a fuarthas a fhorbairt nó a thiontú ina n-aschuir; agus

    (b)

    leis na hionchuir a fuarthas áirítear lucht saothair eagraithe ag a bhfuil na scileanna, an t-eolas nó an taithí is gá chun an próiseas (nó grúpa próiseas) sin a fheidhmiú chomh maith le hionchuir eile a d’fhéadfadh an lucht saothair eagraithe a fhorbairt nó a thiontú ina n-aschuir. D’fhéadfaí a áireamh leis na hionchuir eile sin na nithe seo a leanas:

    (i)

    maoin intleachtúil a d’fhéadfaí a úsáid chun earra nó seirbhís a fhorbairt;

    (ii)

    acmhainní eacnamaíocha eile a d’fhéadfaí a fhorbairt chun aschuir a chruthú; nó

    (iii)

    ceart chun rochtain a fháil ar na hábhair nó na cearta a bhfuil gá leo chun go mbeifear in ann aschuir a chruthú amach anseo.

    Ar shamplaí de na hionchuir a luaitear i bhfomhíreanna (b)(i)–(iii) tá an teicneolaíocht, tionscadail taighde agus forbartha idir lámha, réadmhaoin agus leasanna mianraí.

    B12C

    Má tá aschuir ar an dáta éadála ag tacar gníomhaíochtaí agus sócmhainní a fuarthas, breithneofar gur substainteach é próiseas (nó grúpa próiseas) a fuarthas más amhlaidh na nithe seo a leanas maidir leis an tacar nuair a chuirtear i bhfeidhm é maidir le hionchur nó ionchuir a fuarthas:

    (a)

    tá sé ríthábhachtach don chumas leanúint de bheith ag táirgeadh aschur, agus áirítear leis na hionchuir a fuarthas áirítear lucht saothair eagraithe ag a bhfuil na scileanna, an t-eolas nó an taithí is gá chun an próiseas (nó grúpa próiseas) sin a fheidhmiú; nó

    (b)

    cuireann sé go suntasach leis an gcumas leanúint de bheith ag táirgeadh aschur agus:

    (i)

    breithnítear é a bheith uathúil nó gann; nó

    (ii)

    nach féidir é a athsholáthar gan costas, dua nó moill shuntasach ar an gcumas leanúint de bheith ag táirgeadh aschur.

    B12D

    Tacaíonn an plé breise seo a leanas le míreanna B12B agus B12C araon:

    (a)

    is ionchur é conradh a fuarthas agus ní próiseas substainteach. Mar sin féin, féadfar rochtain ar lucht saothair eagraithe a thabhairt le conradh a fuarthas, conradh le haghaidh bainistiú réadmhaoine seachfhoinsithe nó bainistiú sócmhainní seachfhoinsithe, mar shampla. Déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn lucht saothair eagraithe, ar a bhfaightear rochtain trí chonradh den sórt sin, próiseas substainteach atá faoi rialú an eintitis, agus dá réir sin ar cé acu a fuair nó nach bhfuair sé é. Áirítear fad an chonartha agus a théarmaí athnuachana leis na fachtóirí atá le breithniú agus an measúnú sin á dhéanamh.

    (b)

    deacrachtaí chun lucht saothair eagraithe a athsholáthar, d’fhéadfaidís a léiriú go bhfuil próiseas atá ríthábhachtach don chumas aschuir a chruthú á fheidhmiú ag an lucht saothair eagraithe a fuarthas.

    (c)

    níl próiseas (nó grúpa próiseas) ríthábhachtach má tá sé coimhdeach nó más mionphróiseas é i gcomhthéacs na bpróiseas uile a bhfuil gá leo chun aschuir a chruthú.

    AN FAIGHTEOIR A SHAINAITHINT (MÍREANNA 6 AGUS 7 A CHUR I bhFEIDHM)

    B13

    Úsáidfear an treoraíocht in IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite chun an faighteoir a shainaithint—is é sin an t-eintiteas a fhaigheann rialú ar eintiteas eile, i.e. an faighteán. Má rinneadh comhcheangal gnó ach mura bhfuil sé soiléir ó bheith ag cur an treoraíocht in IFRS 10 i bhfeidhm cé acu ceann de na heintitis comhcheangail é an faighteoir, breithneofar na fachtóirí i míreanna B14–B18 chun an cinneadh sin a dhéanamh.

    B14

    I gcomhcheangal gnó a dhéantar go príomha trí aistriú airgid thirim nó sócmhainní eile nó trí thabhú dliteanas, is é an t-eintiteas a aistríonn an t-airgead tirim nó sócmhainní eile nó a thabhaíonn na dliteanais é an faighteoir de ghnáth.

    B15

    I gcomhcheangal gnó a dhéantar go príomha trí mhalartú leasanna cothromais, is é an t-eintiteas a eisíonn a leasanna cothromais é an faighteoir de ghnáth. I roinnt comhcheangail ghnó dá ngairtear go coitianta ‘éadálacha droim ar ais’, áfach, is é an faighteán an t-eintiteas eisiúna. Le míreanna B19–B27 soláthraítear treoraíocht maidir le cuntas a choinneáil ar éadálacha droim ar ais. Breithneofar fíorais agus imthosca ábhartha eile freisin chun an faighteoir a shainaithint i gcomhcheangal gnó a dhéantar trí leasanna cothromais a mhalartú, lena n-áirítear:

    (a)    na cearta vótála coibhneasta san eintiteas comhcheangailte tar éis an chomhcheangail gnó — De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail a gcoinníonn nó a bhfaigheann a úinéirí mar ghrúpa an sciar is mó de na cearta vótála san eintiteas comhcheangailte. Chun a chinneadh cé acu grúpa úinéirí a choinníonn nó a fhaigheann an sciar is mó de na cearta vótála, breithneoidh eintiteas an bhfuil aon socrú vótála neamhghnách nó speisialta ann agus an bhfuil scair-roghanna, barántais nó urrúis in-chomhshóite ann.

    (b)    leas mór mionlaigh vótála san eintiteas comhcheangailte a bheith ann mura bhfuil leas suntasach ag aon úinéir eile nó aon ghrúpa eagraithe úinéirí eile — De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail arb é a úinéir aonair nó a ghrúpa eagraithe úinéirí a shealbhaíonn an leas mionlaigh vótála is mó san eintiteas comhcheangail.

    (c)    comhdhéanamh bhord rialaithe an eintitis chomhcheangailte — De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail a bhfuil ar a chumas dá úinéirí tromlach de chomhaltaí bhord rialaithe an eintitis chomhcheangailte a thoghadh nó a cheapadh nó a bhaint.

    (d)    comhdhéanamh ardbhainistíochta an eintitis chomhcheangailte — De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail a bhfuil a bhainistíocht (iarbhainistíocht) i gceannas ar bhainistíocht an eintitis chomhcheangailte é.

    (e)    téarmaí an mhalartaithe leasanna cothromais — De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail a íocann préimh atá níos mó ná luach cóir réamh-chomhcheangail leasanna cothromais an eintitis nó na n-eintiteas comhcheangail eile.

    B16

    De ghnáth, is é an faighteoir an t-eintiteas comhcheangail ar mó go mór a mhéid coibhneasta (arna thomhas i dtéarmaí sócmhainní, ioncaim nó brabúis, mar shampla) ná méid an eintitis nó na n-eintiteas comhcheangail eile.

    B17

    Chun an faighteoir a chinneadh i gcomhcheangal gnó lena mbaineann níos mó ná dhá eintiteas, déanfar breithniú, i measc nithe eile, ar cé acu ceann de na heintitis comhcheangail a thionscain an comhcheangal agus ar mhéid coibhneasta na n-eintiteas comhcheangail.

    B18

    Ní gá gur faighteoir é eintiteas nua a bhunaítear chun comhcheangal gnó a dhéanamh. Má bhunaítear eintiteas nua chun leasanna cothromais a eisiúint chun comhcheangal gnó a dhéanamh, sainaithneofar mar an faighteoir ceann de na heintitis comhcheangail a bhí ann roimh an gcomhcheangal gnó tríd an treoraíocht i míreanna B13–B17 a chur i bhfeidhm. Os a choinne sin, féadfaidh sé gurb é an faighteoir é eintiteas nua a aistríonn airgead tirim nó sócmhainní eile nó a thabhaíonn dliteanais mar chomaoin.

    ÉADÁLACHA DROIM AR AIS

    B19

    Tarlaíonn éadáil droim ar ais nuair a dhéantar an t-eintiteas a eisíonn urrúis a shainaithint mar an faighteoir chun críoch cuntasaíochta ar bhonn na treoraíochta i míreanna B13–B18. An t-eintiteas a bhfaightear a leasanna cothromais (an faighteán dlíthiúil), is é nach mór a bheith san fhaighteoir chun críoch cuntasaíochta ar an idirbheart atá le breithniú in éadáil droim ar ais. Uaireanta, mar shampla, tarlaíonn éadálacha droim ar ais nuair is maith le heintiteas a oibríonn go príobháideach teacht chun bheith ina eintiteas poiblí ach nach maith leis a scaireanna cothromais a chlárú. Chun sin a bhaint amach, socróidh an t-eintiteas príobháideach go bhfaighidh eintiteas poiblí a leasanna cothromais mar mhalairt ar leasanna cothromais an eintitis phoiblí. Sa sampla sin, is é an t-eintiteas poiblí an faighteoir dlíthiúil toisc gur eisigh sé a leasanna cothromais, agus is é an t-eintiteas príobháideach an faighteán dlíthiúil toisc go bhfuarthas a leasanna cothromais. De thoradh chur i bhfeidhm na treoraíochta i míreanna B13–B18, áfach, sainaithnítear:

    (a)

    an t-eintiteas poiblí mar an faighteán chun críoch cuntasaíochta (an faighteán cuntasaíochta); agus

    (b)

    an t-eintiteas príobháideach mar an faighteoir chun críoch cuntasaíochta (an faighteoir cuntasaíochta).

    Ní mór don fhaighteán cuntasaíochta an sainmhíniú ar ghnólacht a chomhlíonadh chun go gcáileoidh an t-idirbheart mar éadáil droim ar ais, agus tá feidhm ag na prionsabail aitheantais agus tomhais uile san IFRS seo, lena n-áirítear an ceanglas maidir le cáilmheas a aithint.

    An chomaoin arna haistriú a thomhas

    B20

    In éadáil droim ar ais, ní eisíonn an faighteoir cuntasaíochta aon chomaoin, de ghnáth, le haghaidh an fhaighteáin. Ina ionad sin, eisíonn an faighteán cuntasaíochta a scaireanna cothromais, de ghnáth, d’úinéirí an fhaighteora cuntasaíochta. Dá réir sin, luach cóir dáta éadála na comaoine arna haistriú ag an bhfaighteoir cuntasaíochta le haghaidh a leasa san fhaighteán cuntasaíochta, tá sé bunaithe ar an líon leasanna cothromais ab éigean don fhochuideachta dhlíthiúil a eisiúint chun an céatadán céanna den leas cothromais san eintiteas comhcheangailte a thabhairt d’úinéirí na máthairchuideachta dlíthiúla agus a leanfadh as an éadáil droim ar ais. Is féidir luach cóir an líon leasanna cothromais arna ríomh ar an mbealach sin a úsáid mar luach cóir na comaoine arna haistriú mar mhalairt ar an bhfaighteán.

    Ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú agus a chur i láthair

    B21

    Ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhaítear i ndiaidh éadáil droim ar ais, eisítear iad faoi ainm na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta) ach tugtar tuairisc sna nótaí orthu mar leanúint de ráitis airgeadais na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) ach coigeartú amháin a bheith déanta orthu, is é sin coigeartú cúlghabhálach ar chaipiteal dlíthiúil an fhaighteora cuntasaíochta ionas go léireoidh sé caipiteal dlíthiúil an fhaighteáin cuntasaíochta. Éilítear an coigeartú sin chun caipiteal dlíthiúil na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta) a léiriú. Déantar faisnéis chomparáideach a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais chomhdhlúite sin a choigeartú go cúlghabhálach freisin chun caipiteal dlíthiúil na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta) a léiriú.

    B22

    Ós rud é go bhfuil na ráitis airgeadais chomhdhlúite ina léiriú ar an leanúint de ráitis airgeadais na fochuideachta dlíthiúla, ach amháin a struchtúr caipitil, léirítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite:

    (a)

    sócmhainní agus dliteanais na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) arna n-aithint agus arna dtomhas ar a suimeanna glanluacha réamh-chomhcheangail.

    (b)

    sócmhainní agus dliteanais na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta) arna n-aithint agus arna dtomhas i gcomhréir leis an IFRS seo.

    (c)

    tuilleamh coimeádta agus iarmhéideanna cothromais eile na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) roimh an gcomhcheangal gnó.

    (d)

    an méid a aithnítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite mar leasanna cothromais arna n-eisiúint, a chinntear trí leas cothromas eisithe na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) a bhí gan íoc go díreach roimh an gcomhcheangal gnó a chur le luach cóir na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta). Léiríonn an struchtúr cothromais (i.e. an líon agus an cineál leasanna cothromais arna n-eisiúint) struchtúr cothromais na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta), áfach, lena n-áirítear leasanna cothromais na máthairchuideachta dlíthiúla arna n-eisiúint chun an comhcheangal a dhéanamh. Dá réir sin, déantar struchtúr cothromais na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) a athshonrú ag úsáid an chóimheasa malartaithe a leagtar síos sa chomhaontú éadála chun líon scaireanna na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta) arna n-eisiúint san éadáil droim ar ais a léiriú.

    (e)

    an sciar comhréireach de shuimeanna glanluacha réamh-chomhcheangail na fochuideachta dlíthiúla (an fhaighteora cuntasaíochta) de thuilleamh coimeádta agus leasanna cothromais eile atá ag na leasanna neamh-urlámhais mar a phléitear i míreanna B23 agus B24.

    Leas neamh-urlámhais

    B23

    In éadáil droim ar ais, d’fhéadfadh sé nach ndéanfadh cuid d’úinéirí an fhaighteáin dhlíthiúil (an fhaighteora cuntasaíochta) a leasanna cothromais a mhalartú ar leasanna cothromais na máthairchuideachta dlíthiúla (an fhaighteáin cuntasaíochta). Caitear leis na húinéirí sin mar leasanna neamh-urlámhais sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i ndiaidh na héadála droim ar ais. Is amhlaidh sin toisc nach bhfuil leas ach i dtorthaí agus glansócmhainní an fhaighteáin dhlíthiúil—seachas i dtorthaí agus glansócmhainní an eintitis chomhcheangailte—ag úinéirí an fhaighteáin dhlíthiúil nach malartaíonn a leasanna cothromais ar leasanna cothromais an fhaighteora dhlíthiúil. Os a choinne sin, cé gurb é an faighteoir dlíthiúil an faighteán chun críoch cuntasaíochta, tá leas ag úinéirí an fhaighteora dhlíthiúil i dtorthaí agus glansócmhainní an eintitis chomhcheangailte.

    B24

    Déantar sócmhainní agus dliteanais na fochuideachta dlíthiúla a thomhas agus a aithint sna ráitis airgeadais chomhdhlúite ar a suimeanna glanluacha réamh-chomhcheangail (féach mír B22(a)). Dá bhrí sin, in éadáil droim ar ais, tá na leasanna neamh-urlámhais ina léiriú ar leas comhréireach na scairshealbhóirí neamh-urlámhais i suimeanna glanluacha réamh-chomhcheangail ghlansócmhainní an fhaighteáin dhlíthiúil fiú má dhéantar na leasanna neamh-urlámhais in éadálacha eile a thomhas ar a luach cóir ar an dáta éadála.

    Tuilleamh in aghaidh na scaire

    B25

    Mar a thugtar ar aird i mír B22(d), tá an struchtúr cothromais sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i ndiaidh éadáil droim ar ais ina léiriú ar struchtúr cothromais an fhaighteora dhlíthiúil (an fhaighteáin cuntasaíochta), lena n-áirítear na leasanna cothromais arna n-eisiúint ag an bhfaighteoir dlíthiúil chun an comhcheangal a dhéanamh.

    B26

    Agus ríomh á dhéanamh ar mheánmhéid ualaithe na ngnáthscaireanna gan íoc (ainmneoir an ríomha ar thuilleamh in aghaidh na scaire) le linn na tréimhse ina dtarlaíonn an éadáil droim ar ais:

    (a)

    déanfar an líon gnáthscaireanna gan íoc ó thús na tréimhse go dtí an dáta éadála a ríomh ar bhonn mheánlíon ualaithe gnáthscaireanna an fhaighteáin dhlíthiúil (an fhaighteora cuntasaíochta) gan íoc le linn na tréimhse arna iolrú faoin gcóimheas malartaithe a leagtar síos sa chomhaontú cumaisc; agus

    (b)

    an líon gnáthscaireanna gan íoc ón dáta éadála go dtí deireadh na tréimhse sin, is é líon iarbhír gnáthscaireanna an fhaighteora dhlíthiúil (an fhaighteáin cuntasaíochta) gan íoc le linn na tréimhse sin a bheidh ann.

    B27

    An tuilleamh bunúsach in aghaidh na scaire le haghaidh gach ceann de na tréimhsí comparáideacha roimh an dáta éadála a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i ndiaidh éadáil droim ar ais, ríomhfar mar seo a leanas é:

    (a)

    brabús nó caillteanas an fhaighteáin dhlíthiúil atá inchurtha i leith gnáthscairshealbhóirí i ngach ceann de na tréimhsí sin arna roinnt ar

    (b)

    mheánlíon ualaithe stairiúil gnáthscaireanna an fhaighteáin dhlíthiúil gan íoc arna iolrú faoin gcóimheas malartaithe a leagtar síos sa chomhaontú éadála.

    SÓCMHAINNÍ ÁIRITHE A FUARTHAS AGUS DLITEANAIS GHAFA ÁIRITHE A AITHINT (MÍREANNA 10–13 A CHUR I bhFEIDHM)

    B28-B30

    [Scriosta]

    Sócmhainní doláimhsithe

    B31

    Aithneoidh faighteoir, ar leithligh ó cháilmheas, na sócmhainní doláimhsithe in-sainaitheanta a fuarthas i gcomhcheangal gnó. Tá sócmhainn dholáimhsithe in-sainaitheanta má chomhlíonann sí an critéar indeighilteachta nó an critéar dlíthiúil conarthach.

    B32

    Tá sócmhainn dholáimhsithe a chomhlíonann an critéar dlíthiúil conarthach in-sainaitheanta fiú mura bhfuil an tsócmhainn inaistrithe nó indeighilte ón bhfaighteán nó ó chearta agus oibleagáidí eile. Mar shampla:

    (a)

    [scriosta]

    (b)

    tá stáisiún cumhachta núicléiche faoi úinéireacht faighteáin agus á oibriú aige. An ceadúnas chun an stáisiún cumhachta sin a oibriú, is sócmhainn dholáimhsithe é a chomhlíonann an critéar dlíthiúil conarthach le haghaidh aitheantas ar leithligh ó cháilmheas, fiú mura féidir leis an bhfaighteán é a dhíol nó a aistriú ar leithligh ón stáisiún cumhachta arna fháil. Féadfaidh faighteoir luach cóir an cheadúnais oibriúcháin agus luach cóir an stáisiúin cumhachta a aithint mar shócmhainn aonair chun críoch tuairiscithe airgeadais má tá saolréanna úsáide na sócmhainní sin comhchosúil le chéile.

    (c)

    tá paitinn teicneolaíochta faoi úinéireacht faighteáin. Cheadúnaigh sé an phaitinn sin le páirtithe eile le haghaidh a n-úsáide eisiaiche lasmuigh den mhargadh intíre, agus faigheann sé céatadán sonraithe d’ioncam eachtrach amach anseo mar mhalairt uirthi. Comhlíonann an phaitinn teicneolaíochta agus an comhaontú ceadúnúcháin gaolmhar araon an critéar dlíthiúil conarthach le haghaidh aitheantas ar leithligh ó cháilmheas fiú mura phraiticiúil an rud é an phaitinn agus an comhaontú ceadúnúcháin gaolmhar a dhíol nó a mhalartú ar leithligh ó chéile.

    B33

    Ciallaíonn an critéar indeighilteachta gur féidir sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas a dheighilt nó a roinnt ón eintiteas agus a dhíol, a aistriú, a cheadúnú, a ligean ar cíos nó a mhalartú, ina haonar nó in éineacht le conradh gaolmhar, sócmhainn in-sainaitheanta nó dliteanas. Sócmhainn dholáimhsithe a mbeadh an faighteoir in ann a dhíol, a cheadúnú nó a mhalartú ar rud luachmhar eile ar aon bhealach eile, comhlíonann sí an critéar indeighilteachta fiú mura mbeartaíonn an faighteoir í a dhíol, a cheadúnú nó a mhalartú ar aon bhealach eile. Comhlíonann sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas an critéar indeighilteachta má tá fianaise ann ar idirbhearta malairte le haghaidh an chineáil sócmhainne sin nó le haghaidh sócmhainn de chineál comhchosúil, fiú más annamh na hidirbhearta sin agus gan beann ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an faighteoir leo. Déantar liostaí custaiméirí agus síntiúsóirí a cheadúnú go minic, mar shampla, agus comhlíonann siad an critéar indeighilteachta dá réir sin. Fiú má chreideann faighteán nach ionann saintréithe dá liostaí custaiméirí agus síntiúsóirí féin agus do liostaí eile custaiméirí, is minic a dhéantar liostaí custaiméirí a cheadúnú go ginearálta agus fágann sin go gcomhlíonann an liosta custaiméirí a fuarthas an critéar indeighilteachta. Ní chomhlíonfadh liosta custaiméirí a fuarthas i gcomhcheangal gnó an critéar indeighilteachta, áfach, dá gcuirfeadh na téarmaí rúndachta nó comhshocruithe eile toirmeasc ar eintiteas faisnéis maidir lena chuid custaiméirí a dhíol, a léasú nó a mhalartú ar aon bhealach eile.

    B34

    Sócmhainn dholáimhsithe nach bhfuil indeighilte ina haonar ón bhfaighteán nó ó eintiteas comhcheangailte, comhlíonann sí an critéar indeighilteachta más indeighilte in éineacht le conradh gaolmhar, sócmhainn in-sainaitheanta nó dliteanas í. Mar shampla:

    (a)

    déanann rannpháirtithe sa mhargadh dliteanais agus sócmhainní doláimhsithe gaolmhara ar de chaidreamh taisceora iad a mhalartú in idirbhearta malairte inbhraite. Dá bhrí sin, ba cheart don fhaighteoir an tsócmhainn dholáimhsithe ar de chaidreamh taisceora í a aithint ar leithligh ó cháilmheas.

    (b)

    faoi úinéireacht faighteáin tá trádmharc cláraithe agus saineolas teicniúil, atá doiciméadaithe ach nach bhfuil paitinnithe, a úsáidtear chun an táirge faoi thrádmharc a mhonarú. Chun úinéireacht ar thrádmharc a aistriú, éilítear ar an úinéir freisin gach rud eile a bhfuil gá leis a aistriú chuig an úinéir nua ionas go dtáirgfidh sé táirge nó seirbhís nach féidir a idirdhealú ón táirge nó ón tseirbhís a tháirg an t-iar-úinéir. Ós rud é nach mór an saineolas teicniúil neamhphaitinnithe a dheighilt ón bhfaighteán nó ó eintiteas comhcheangailte agus a dhíol má dhíoltar an trádmharc, comhlíonann sé an critéar indeighilteachta.

    Cearta athfhaighte

    B35

    Mar chuid de chomhcheangal gnó, féadfaidh faighteoir ceart a athfháil a dheonaigh sé roimhe sin don fhaighteán chun ceann amháin nó níos mó de shócmhainní aitheanta nó neamhaitheanta an fhaighteora a úsáid. Ar shamplaí de chearta den sórt sin tá ceart chun ainm trádála an fhaighteora a úsáid faoi chomhaontú saincheadúnais nó ceart chun teicneolaíocht an fhaighteora a úsáid faoi chomhaontú ceadúnúcháin teicneolaíochta. Is éard is ceart athfhaighte ann sócmhainn dholáimhsithe in-sainaitheanta a aithníonn an faighteoir ar leithligh ó cháilmheas. Le mír 29, soláthraítear treoraíocht maidir le ceart athfhaighte a thomhas agus, le mír 55, soláthraítear treoraíocht maidir le cuntas a choinneáil dá éis sin ar cheart athfhaighte.

    B36

    Má tá téarmaí an chonartha a n-eascraíonn ceart athfhaighte as fabhrach nó neamhfhabhrach i gcoibhneas le téarmaí idirbheart margaidh reatha le haghaidh na míreanna céanna nó le haghaidh míreanna comhchosúla, aithneoidh an faighteoir gnóthachan nó caillteanas socraíochta. Le mír B52, soláthraítear treoraíocht maidir leis an ngnóthachan nó caillteanas socraíochta sin a thomhas.

    Lucht saothair tiomsaithe agus míreanna eile nach bhfuil in-sainaitheanta

    B37

    Déanann an faighteoir luach sócmhainne doláimhsithe a fuarthas nach bhfuil in-sainaitheanta ón dáta éadála a chuimsiú i gcáilmheas. Féadfaidh faighteoir luach a chur i leith lucht saothair tiomsaithe a bheith ann, mar shampla, ar bailiúchán fostaithe é atá ann cheana lena dtugtar caoi don fhaighteoir leanúint de bheith ag oibriú gnólacht a fuarthas ón dáta éadála. Níl lucht saothair tiomsaithe ina léiriú ar chaipiteal intleachtúil an lucht saothair oilte—sin é eolas agus taithí (speisialaithe go minic) a thugann fostaithe faighteáin chun a bpost leo. Ós rud é nach sócmhainní in-sainaitheantha é an lucht saothair tiomsaithe atá le haithint ar leithligh ó cháilmheas, cuimsítear i gcáilmheas aon luach a chuirtear ina leith.

    B38

    Déanann faighteoir aon luach a chuirtear i leith míreanna nach gcáilíonn mar shócmhainní ar an dáta éadála a chuimsiú i gcáilmheas freisin. D’fhéadfadh an faighteoir luach a chur i leith conarthaí féideartha faoina bhfuil an faighteán agus custaiméirí nua ionchasacha ag déanamh caibidlíochta ar an dáta éadála, mar shampla. Ós rud é nach sócmhainní iontu féin ar an dáta éadála iad na conarthaí féideartha sin, ní aithníonn an faighteoir ar leithligh ó cháilmheas iad. Níor cheart don fhaighteoir luach na gconarthaí sin a athaicmiú dá éis sin ó cháilmheas le haghaidh teagmhais a tharlaíonn i ndiaidh an dáta éadála. Ba cheart don fhaighteoir measúnú a dhéanamh ar na fíorais agus na himthosca a bhaineann le teagmhais a tharlaíonn go gairid i ndiaidh an dáta éadála, áfach, chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh sócmhainn dholáimhsithe ann ar an dáta éadála a bhí inaitheanta ar leithligh.

    B39

    I ndiaidh aitheantas tosaigh, is i gcomhréir le forálacha IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe a choinníonn faighteoir cuntas ar shócmhainní doláimhsithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó. Mar a thuairiscítear i mír 3 de IAS 38, áfach, forordaítear le IFRSanna eile an chuntasaíocht ar roinnt sócmhainní doláimhsithe a fuarthas i ndiaidh aitheantas tosaigh.

    B40

    Leis na critéir in-sainaitheantais, cinntear cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear sócmhainn dholáimhsithe ar leithligh ó cháilmheas. Ní thugtar treoraíocht leis na critéir maidir le luach cóir sócmhainne doláimhsithe a thomhas ná ní chuirtear srian leo ar na toimhdí a úsáidtear chun luach cóir sócmhainne doláimhsithe a thomhas. Chuirfeadh an faighteoir san áireamh, mar shampla, na toimhdí a mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid astu agus sócmhainn dholáimhsithe á praghsáil acu, amhail ionchais maidir le hathnuachaintí conartha amach anseo, chun an luach cóir a thomhas. Ní gá go gcomhlíonfadh na hathnuachaintí iad féin na critéir in-sainaitheantais. (Féach mír 29, áfach, lena leagtar síos eisceacht ar an bprionsabal tomhas luach cóir i gcás cearta athfhaighte a aithnítear i gcomhcheangal gnó.) Le míreanna 36 agus 37 de IAS 38 tugtar treoraíocht maidir lena chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart sócmhainní doláimhsithe a chomhcheangal ina n-aonad cuntais aonair in éineacht le sócmhainní doláimhsithe nó inláimhsithe eile.

    LUACH CÓIR SÓCMHAINNÍ IN-SAINAITHEANTA ÁIRITHE AGUS LEASANNA NEAMH-URLÁMHAIS I bhFAIGHTEÁN A THOMHAS (MÍREANNA 18 AGUS 19 A CHUR I bhFEIDHM)

    Sócmhainní ag a bhfuil sreabhadh airgid neamhchinnte (liúntais luachála)

    B41

    Liúntas luachála ar leithligh ón dáta éadála le haghaidh sócmhainní a fuarthas i gcomhcheangal gnó a thomhaistear ar a luachanna cóir ar an dáta éadála, ní aithneoidh an faighteoir é mar tá na hiarmhairtí neamhchinnteachta maidir le sreabhadh airgid todhchaí san áireamh sa tomhas luach cóir. Ós rud é, mar shampla, go n-éilítear ar an bhfaighteoir leis an IFRS seo earraí infhála a fuarthas, lena n-áirítear iasachtaí, a thomhas ar a luachanna córa ar an dáta éadála chun cuntas a choinneáil ar chomhcheangal gnó, ní aithníonn an faighteoir liúntas luachála ar leithligh le haghaidh sreabhadh airgid conarthach a mheastar a bheith neamh-inbhailithe ar an dáta sin ná liúntas caillteanais le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha.

    Sócmhainní faoi réir léasanna oibriúcháin inarb é an faighteán an léasóir

    B42

    Agus tomhas á dhéanamh aige ar luach cóir dáta éadála sócmhainne amhail foirgneamh nó paitinn atá faoi réir léas oibriúcháin inarb é an faighteán an léasóir, cuirfidh an faighteoir téarmaí an léasa san áireamh. Ní aithníonn an faighteoir sócmhainn nó dliteanas ar leithligh má tá téarmaí léasa oibriúcháin fabhrach nó neamhfhabhrach i gcomparáid le téarmaí an mhargaidh.

    Sócmhainní nach mbeartaíonn an faighteoir a úsáid nó a mbeartaíonn a úsáid ar bhealach atá éagsúil leis an mbealach a d’úsáidfeadh rannpháirtithe eile sa mhargadh iad

    B43

    Chun a shuíomh iomaíoch a chosaint, nó ar chúiseanna eile, féadfaidh an faighteoir a bheartú gan úsáid ghníomhach a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a fuarthas, nó féadfaidh sé a bheartú gan an tsócmhainn a úsáid de réir na húsáide is mó agus is fearr atá aici. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás sócmhainn dholáimhsithe taighde agus forbartha a fuarthas, mar shampla, a bheartaíonn an faighteoir a úsáid ar bhealach cosantach trí chosc a chur ar a húsáid ag páirtithe eile. Mar sin féin, tomhaisfidh an faighteoir luach cóir na sócmhainne neamhairgeadais agus é á ghlacadh leis go mbainfidh rannpháirtithe sa mhargadh an úsáid is mó agus is fearr aisti i gcomhréir leis an mbonn luachála iomchuí, nuair a thomhaistear ar dtús é agus nuair a thomhaistear luach cóir lúide costais diúscartha le haghaidh tástáil lagaithe dá éis sin.

    Leasanna neamh-urlámhais san fhaighteán

    B44

    Leis an IFRS seo ceadaítear don fhaighteoir leasanna neamh-urlámhais san fhaighteán a thomhas ar a luach cóir ar an dáta éadála. Uaireanta beidh faighteoir in ann luach cóir leasanna neamh-urlámhais ar an dáta éadála a thomhas ar bhonn praghas luaite i margadh gníomhach le haghaidh na scaireanna cothromais (i.e. na scaireanna nach bhfuil arna sealbhú ag an bhfaighteoir)). I gcásanna eile, áfach, ní bheidh fáil ar phraghas luaite i margadh gníomhach le haghaidh na scaireanna cothromais. Sna cásanna sin, thomhaisfeadh an faighteoir luach cóir na leasanna neamh-urlámhais ag úsáid teicnící luachála eile.

    B45

    D’fhéadfadh luach cóir leasanna an fhaighteora san fhaighteán a bheith éagsúil, in aghaidh na scaire, le luach cóir na leasanna neamh-urlámhais. Is dóchúil gurb í an phríomhdhifríocht go mbeadh préimh rialaithe faoi chuimsiú luach cóir leas an fhaighteora san fhaighteán in aghaidh na scaire nó, os a choinne sin, go mbeadh lascaine ar easpa rialaithe (dá ngairtear freisin lascaine ar leasanna neamh-urlámhais) faoi chuimsiú luach cóir na leasanna neamh-urlámhais in aghaidh na scaire dá gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh préimh nó lascaine den sórt sin san áireamh agus na leasanna neamh-urlámhais á bpraghsáil acu.

    CÁILMHEAS NÓ GNÓTHACHAN AS CEANNACH SLADMHARGAIDH A THOMHAS

    Luach cóir leas an fhaighteora san fhaighteán ar an dáta éadála a thomhas ag úsáid teicnící luachála (mír 33 a chur i bhfeidhm)

    B46

    I gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear gan comaoin a aistriú, ní mór don fhaighteoir luach cóir a leasa san fhaighteán ar an dáta éadála a chur in ionad luach cóir na comaoine arna haistriú ar an dáta éadála chun cáilmheas nó gnóthachan as ceannach sladmhargaidh a thomhas (féach míreanna 32–34).

    Breithnithe speisialta a bhaineann leis an modh éadála a chur i bhfeidhm maidir le comhcheangail d’eintitis fhrithpháirteacha (mír 33 a chur i bhfeidhm)

    B47

    I gcás ina gcomhcheanglófar dhá eintiteas fhrithpháirteacha, d’fhéadfaí luach cóir na leasanna cothromais nó comhaltaí san fhaighteán (nó luach cóir an fhaighteáin) a thomhas ar bhealach níos iontaofa ná luach cóir na leasanna comhaltaí arna n-aistriú ag an bhfaighteoir. Sa chás sin, éilítear ar an bhfaighteoir le mír 33 an méid cáilmheasa a chinneadh trí luach cóir leasanna cothromais an fhaighteáin ar an dáta éadála a úsáid in ionad luach cóir leasanna cothromais an fhaighteora, ar an dáta éadála, arna n-aistriú mar chomaoin. Ina theannta sin, déanfaidh an faighteoir i gcomhcheangal eintiteas frithpháirteach glansócmhainní an fhaighteáin a aithint ina ráiteas maidir le staid airgeadais mar shócmhainní a chuireann go díreach le caipiteal nó cothromas, ní mar shócmhainní a chuireann le tuilleamh coimeádta, nós atá comhsheasmhach leis an mbealach ina gcuireann cineálacha eile eintiteas an modh éadála i bhfeidhm.

    B48

    Cé go bhfuil siad comhchosúil ar go leor bealaí le gnólachtaí eile, tá saintréithe sainiúla ag eintitis fhrithpháirteacha a thagann chun cinn go príomha toisc gur custaiméirí agus úinéirí araon iad a gcomhaltaí. Bíonn coinne ginearálta ag comhaltaí d’eintitis fhrithpháirteacha leis go bhfaighidh siad tairbhí as a mballraíocht, go minic i bhfoirm táillí laghdaithe as earraí agus seirbhísí nó díbhinní pátrúnachta. Tá an sciar de dhíbhinní pátrúnachta a leithdháiltear ar gach comhalta bunaithe go minic ar an méid gnó a rinne an comhalta leis an eintiteas frithpháirteach le linn na bliana.

    B49

    Na toimhdí a dhéanfadh rannpháirtithe sa mhargadh maidir tairbhí amach anseo do chomhaltaí agus aon toimhde ábhartha eile a dhéanfadh rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an eintiteas frithpháirteach, ba cheart iad a chur san áireamh i dtomhas luach cóir eintitis fhrithpháirtigh. Féadfar teicníc luacha láithrigh a úsáid chun luach cóir eintitis fhrithpháirtigh a thomhas, mar shampla. An sreabhadh airgid a úsáidtear mar ionchuir sa tsamhail, ba cheart é a bhunú ar an sreabhadh airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas frithpháirteach leis, a thabharfaidh léiriú, is dóchúil, ar laghduithe mar thairbhí do chomhaltaí, amhail táillí laghdaithe a bheith á ngearradh orthu as earraí agus seirbhísí.

    AN RUD IS CUID DEN IDIRBHEART COMHCHEANGAIL GNÓ A CHINNEADH (MÍREANNA 51 AGUS 52 A CHUR I bhFEIDHM)

    B50

    Ba cheart don fhaighteoir na fachtóirí seo a leanas a bhreithniú, nithe nach bhfuil eisiach go frithpháirteach ná cinntitheach ina n-aonar, chun a chinneadh an cuid den mhalartú ar an bhfaighteán é an t-idirbheart nó an bhfuil an t-idirbheart ar leithligh ón gcomhcheangal gnó:

    (a)    na cúiseanna atá leis an idirbheart — Na cúiseanna a bhí ag na páirtithe sa chomhcheangal gnó (an faighteoir agus an faighteán agus a gcuid úinéirí, stiúrthóirí agus bainisteoirí—agus a gcuid gníomhaithe) le hidirbheart nó comhshocrú áirithe a dhéanamh, d’fhéadfadh sin léargas a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil sé mar chuid den chomaoin arna haistriú agus na sócmhainní a fuarthas nó na dliteanais a gabhadh. Má shocraítear idirbheart chun tairbhe an fhaighteora nó an eintitis chomhcheangailte go príomha seachas chun tairbhe an fhaighteáin nó a iar-úinéirí roimh an gcomhcheangal go príomha, is lú seans go mbeidh an sciar sin den phraghas idirbhirt a íocadh (agus aon sócmhainn nó dliteanas gaolmhar) mar chuid den mhalartú ar an bhfaighteán, mar shampla. Dá réir sin, choinneodh an faighteoir cuntas ar an sciar sin ar leithligh ón gcomhcheangal gnó.

    (b)    cé a thionscain an t-idirbheart — Má thuigtear cé a thionscain an t-idirbheart, féadfaidh sé sin léargas a thabhairt freisin ar cé acu is cuid nó nach cuid den mhalartú ar an bhfaighteán é. Idirbheart nó teagmhas eile a thionscnaíonn an faighteoir, mar shampla, féadfar é a dhéanamh chun tairbhí eacnamaíocha amach anseo a sholáthar don fhaighteoir nó don eintiteas comhcheangailte gan aon tairbhe nó gan ach beagán tairbhe a bheith le fáil ag an bhfaighteán nó a iar-úinéirí roimh an gcomhcheangal as. Os a choinne sin, idirbheart nó comhshocrú a thionscnaíonn an faighteán nó a iar-úinéirí, is lú seans go mbeidh sé chun tairbhe an fhaighteora nó an eintitis chomhcheangailte agus is dóchúla go mbeidh sé mar chuid den idirbheart comhcheangail gnó.

    (c)    uainiú an idirbhirt — D’fhéadfadh uainiú an idirbhirt léargas a thabhairt freisin ar cé acu is cuid nó nach cuid den mhalartú ar an bhfaighteán é. Idirbheart idir an faighteoir agus an faighteán a tharlaíonn le linn caibidlíocht ar théarmaí comhcheangail gnó, mar shampla, d’fhéadfadh sé go ndearnadh é agus é á bheartú go soláthródh an comhcheangal gnó tairbhí eacnamaíocha amach anseo don fhaighteoir nó don eintiteas comhcheangailte. Más amhlaidh sin, is dóchúil nach bhfaighidh an faighteán nó a iar-úinéirí roimh an gcomhcheangal gnó aon tairbhe as an idirbheart, nó nach bhfaighidh siad ach beagán tairbhe as, ach amháin tairbhí a fhaigheann siad mar chuid den eintiteas comhcheangailte.

    Socraíocht éifeachtach ar chaidreamh a bhí ann cheana idir an faighteoir agus an faighteán i gcomhcheangal gnó (mír 52(a) a chur i bhfeidhm)

    B51

    D’fhéadfadh sé go raibh caidreamh idir an faighteoir agus an faighteán cheana sular bheartaigh siad an comhcheangal gnó, dá ngairtear anseo ‘caidreamh a bhí ann cheana’. Caidreamh a bhí ann cheana idir an faighteoir agus an faighteán, d’fhéadfadh sé a bheith conarthach (díoltóir agus custaiméir nó ceadúnóir agus ceadúnaí, mar shampla) nó neamhchonarthach (gearánaí agus cosantóir, mar shampla).

    B52

    Más é an rud a dhéanann an comhcheangal gnó i ndáiríre caidreamh a bhí ann cheana a shocrú, aithníonn an faighteoir gnóthachan nó caillteanas, arna thomhas mar a leanas:

    (a)

    i gcás caidreamh neamhchonarthach a bhí ann cheana (amhail imeachtaí sibhialta), luach cóir.

    (b)

    i gcás caidreamh conarthach a bhí ann cheana, cibé ceann is lú díobh seo (i) nó (ii):

    (i)

    an méid atá an conradh fabhrach nó neamhfhabhrach ó dhearcadh an fhaighteora nuair a chuirtear i gcomparáid é le téarmaí i gcomhair idirbhearta reatha an mhargaidh le haghaidh na míreanna céanna nó míreanna comhchosúla. (Is éard is conradh neamhfhabhrach ann conradh atá neamhfhabhrach ó thaobh théarmaí reatha an mhargaidh. Ní gá gur conradh dochraideach atá ann inar mó na costais dhosheachanta chun an oibleagáid faoin gconradh a chomhlíonadh ná na tairbhí eacnamaíocha a bhfuil coinne lena bhfáil faoin gconradh.)

    (ii)

    méid aon fhoráil socraíochta luaite sa chonradh atá ar fáil don chontrapháirtí dá bhfuil an conradh neamhfhabhrach.

    Más lú (ii) ná (i), áirítear an difríocht sa chuntasaíocht ar an gcomhcheangal gnó.

    An méid gnóthachain nó caillteanais a aithnítear, d’fhéadfadh sé a bheith ag brath ar cé acu a d’aithin nó nár aithin an faighteoir sócmhainn nó dliteanas gaolmhar roimhe sin, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh an gnóthachan nó caillteanas tuairiscithe a bheith éagsúil leis an méid a ríomhtar trí na ceanglais thuas a chur i bhfeidhm.

    B53

    D’fhéadfadh caidreamh a bhí ann cheana a bheith ina chonradh a aithníonn an faighteoir mar cheart athfhaighte. Má áirítear leis an gconradh téarmaí atá fabhrach nó neamhfhabhrach nuair a chuirtear iad i gcomparáid leis an bpraghsáil i gcomhair idirbhearta reatha an mhargaidh le haghaidh na míreanna céanna nó míreanna comhchosúla, déanann an faighteoir gnóthachan nó caillteanas as socraíocht éifeachtach an chonartha a aithint ar leithligh ón gcomhcheangal gnó, arna thomhas i gcomhréir le mír B52.

    Comhshocruithe le haghaidh íocaíochtaí teagmhasacha le fostaithe nó scairshealbhóirí díola (mír 52(b) a chur i bhfeidhm)

    B54

    Cé acu comaoin theagmhasach sa chomhcheangal gnó nó idirbhearta ar leithligh atá i gcomhshocruithe le haghaidh íocaíochtaí teagmhasacha le fostaithe nó scairshealbhóirí díola, braitheann sé ar chineál na gcomhshocruithe. Má thuigtear cén fáth a bhfuil foráil maidir le híocaíochtaí teagmhasacha sa chomhshocrú éadála, cé a thionscain an comhshocrú agus cén uair a rinne na páirtithe an comhshocrú, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú chun measúnú a dhéanamh ar chineál an chomhshocraithe.

    B55

    Mura bhfuil sé soiléir an cuid den mhalartú ar an bhfaighteán nó idirbheart ar leithligh ón gcomhcheangal gnó atá i gcomhshocrú le haghaidh íocaíochtaí le fostaithe nó scairshealbhóirí díola, ba cheart don fhaighteoir na fachtóirí seo a leanas a bhreithniú:

    (a)    Fostaíocht leanúnach — téarmaí na fostaíochta leanúnaí ag scairshealbhóirí díola a thagann chun bheith ina bpríomhfhostaithe, d’fhéadfaidís a bheith ina dtáscairí ar an tsubstaint atá i gcomhshocrú comaoine teagmhasaí. Féadfar téarmaí ábhartha na fostaíochta leanúnaí a áireamh i gcomhaontú fostaíochta, i gcomhaontú éadála nó i ndoiciméad éigin eile. Comhshocrú comaoine teagmhasaí ina bhforghéilltear go huathoibríoch na híocaíochtaí má fhoirceanntar an fhostaíocht, is éard atá ann pá as seirbhísí iar-chomhcheangail. Comhshocruithe nach ndéanann foirceannadh na fostaíochta difear iontu do na híocaíochtaí teagmhasacha, d’fhéadfaidís a léiriú gur comaoin bhreise atá sna híocaíochtaí teagmhasacha seachas pá.

    (b)    Fad na fostaíochta leanúnaí — Más i gcomhthráth leis an tréimhse íocaíochta teagmhasaí atá an tréimhse fostaíochta a éilítear, nó más faide an tréimhse fostaíochta a éilítear ná an tréimhse íocaíochta teagmhasaí, d’fhéadfadh sé sin a léiriú gur pá atá sna híocaíochtaí teagmhasacha ó thaobh substainte de.

    (c)    An leibhéal pá — Cásanna ina bhfuil an pá d’fhostaithe, seachas íocaíochtaí teagmhasacha, ar leibhéal réasúnta i gcomparáid leis an bpá do phríomhfhostaithe eile san eintiteas comhcheangailte, d’fhéadfaidís a léiriú gur comaoin bhreise atá sna híocaíochtaí teagmhasacha seachas pá.

    (d)    Íocaíochtaí teagmhasacha le fostaithe — Scairshealbhóirí díola nach dtagann chun bheith ina bhfostaithe, má fhaigheann siad íocaíochtaí teagmhasacha atá níos ísle de réir luach in aghaidh na scaire ná na scairshealbhóirí díola a thagann chun bheith ina bhfostaithe de chuid an eintitis chomhcheangailte, d’fhéadfadh sé sin a léiriú gur pá atá sa mhéid incriminteach íocaíochtaí teagmhasacha a dhéantar le scairshealbhóirí díola a thagann chun bheith ina bhfostaithe.

    (e)    An líon scaireanna faoi úinéireacht — An líon coibhneasta scaireanna faoi úinéireacht na scairshealbhóirí díola a fhanann mar phríomhfhostaithe, d’fhéadfadh sé a bheith ina tháscaire ar an tsubstaint atá sa chomhshocrú comaoine teagmhasaí. Na scairshealbhóirí díola a raibh na scaireanna uile, go substaintiúil, san fhaighteán acu, má leanann siad de bheith ina bpríomhfhostaithe, mar shampla, d’fhéadfadh sé a léiriú gur comhshocrú roinnte brabúis atá sa chomhshocrú, ó thaobh substainte de, lena mbeartaítear pá a sholáthar as seirbhísí iar-chomhcheangail. De rogha air sin, mura raibh ach líon beag scaireanna san fhaighteán ag scairshealbhóirí díola a leanann de bheith ina bpríomhfhostaithe agus má fhaigheann na scairshealbhóirí díola uile an méid céanna comaoine teagmhasaí ar bhonn in aghaidh na scaire, d’fhéadfadh sé sin a léiriú gur comaoin bhreise atá sna híocaíochtaí teagmhasacha. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar na leasanna úinéireachta roimh an éadáil a bhí arna sealbhú ag páirtithe a bhaineann leis na scairshealbhóirí díola a leanann de bheith ina bpríomhfhostaithe, amhail baill teaghlaigh.

    (f)    Nasc leis an luacháil — Má tá an chomaoin tosaigh a aistríodh ar an dáta éadála bunaithe ar an taobh íseal den raon a leagtar síos i luacháil an fhaighteáin agus má bhaineann an fhoirmle íocaíochta teagmhasaí leis an gcur chuige luachála sin, d’fhéadfadh an méid sin a thabhairt le tuiscint gur comaoin bhreise atá sna híocaíochtaí teagmhasacha. De rogha air sin, má tá an fhoirmle íocaíochta teagmhasaí comhsheasmhach le comhshocruithe roinnte brabúis roimhe sin, d’fhéadfadh an méid sin a thabhairt le tuiscint gurb é substaint an chomhshocraithe é pá a sholáthar.

    (g)    Foirmle chun comaoin a chinneadh — D’fhéadfadh an fhoirmle a úsáidtear chun an íocaíocht theagmhasach a chinneadh a bheith ina cuidiú le measúnú a dhéanamh ar shubstaint an chomhshocraithe. Má chinntear íocaíocht theagmhasach ar bhonn tuilleamh iomadúil, mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a thabhairt le tuiscint gur comaoin theagmhasach sa chomhcheangal gnó atá san oibleagáid agus go mbeartaítear leis an bhfoirmle luach cóir an fhaighteáin a shuíomh nó a fhíorú. Os a choinne sin, d’fhéadfaí a thabhairt le tuiscint le híocaíocht theagmhasach ar céatadán sonraithe den tuilleamh í go bhfuil an oibleagáid i leith fostaithe ina comhshocrú roinnte brabúis chun pá a sholáthar d’fhostaithe as seirbhísí a dhéanann siad.

    (h)    Comhaontuithe agus saincheisteanna eile — Téarmaí comhaontuithe eile a dhéantar le scairshealbhóirí (amhail comhaontuithe gan dul in iomaíocht, conarthaí le comhlíonadh, conarthaí comhairliúcháin agus comhaontuithe léasa réadmhaoine) agus an chóireáil cánach ioncaim ar íocaíochtaí teagmhasacha, d’fhéadfaidís a léiriú go bhfuil íocaíochtaí teagmhasacha inchurtha i leith rud nach comaoin le haghaidh an fhaighteáin é. I ndáil leis an éadáil, mar shampla, d’fhéadfadh an faighteoir comhshocrú léasa réadmhaoine a dhéanamh le scairshealbhóir díola suntasach. Más faoi bhun an mhargaidh go suntasach iad na híocaíochtaí léasa a shonraítear sa chonradh léasa, d’fhéadfadh cuid de na híocaíochtaí teagmhasacha leis an léasóir (an scairshealbhóir díola), nó na híocaíochtaí sin uile, a éilítear le comhshocrú ar leithligh le haghaidh íocaíochtaí teagmhasacha a bheith ina n-íocaíochtaí, ó thaobh substainte de, chun réadmhaoin ar léas a úsáid ar cheart don fhaighteoir a aithint ar leithligh ina ráitis airgeadais iar-chomhcheangail. Os a choinne sin, má shonraítear leis an gconradh léasa íocaíochtaí léasa atá comhsheasmhach le téarmaí an mhargaidh le haghaidh na réadmhaoine ar léas, d’fhéadfadh an comhshocrú le haghaidh íocaíochtaí teagmhasacha leis an scairshealbhóir díola a bheith ina chomaoin theagmhasach sa chomhcheangal gnó.

    Dámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe faighteora a mhalartaítear ar dhámhachtainí arna sealbhú ag fostaithe an fhaighteáin (mír 52(b) a chur i bhfeidhm)

    B56

    Féadfaidh faighteoir a dhámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe (40) (dámhachtainí athsholáthair) a mhalartú ar dhámhachtainí arna sealbhú ag fostaithe an fhaighteáin. Is mar mhodhnuithe ar dhámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe i gcomhréir le IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe a choinnítear cuntas ar mhalartuithe scair-roghanna nó dámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe eile i gcomhar le comhcheangal gnó. Má athsholáthraíonn an faighteoir dámhachtainí an fhaighteáin, déanfar cuid den tomhas margadhbhunaithe ar dhámhachtainí athsholáthair an fhaighteora, nó an tomhas uile, a chur san áireamh agus an chomaoin arna haistriú sa chomhcheangal gnó á tomhas. Le míreanna B57–B62, soláthraítear treoraíocht maidir le conas an tomhas margadhbhunaithe a leithdháileadh. I gcásanna, áfach, ina rachadh dámhachtainí faighteáin in éag mar thoradh ar chomhcheangal gnó, agus má athsholáthraíonn an faighteoir na dámhachtainí sin nuair nach bhfuil oibleagáid air sin a dhéanamh, déanfar tomhas margadhbhunaithe iomlán na ndámhachtainí athsholáthair a aithint mar chostas pá sna ráitis airgeadais iar-chomhcheangail i gcomhréir le IFRS 2. Is é sin le rá, ní chuirfear aon chuid den tomhas margadhbhunaithe ar na dámhachtainí sin san áireamh agus an chomaoin arna haistriú sa chomhcheangal gnó á tomhas. Tá oibleagáid ar an bhfaighteoir na dámhachtainí faighteáin a athsholáthar más féidir leis an bhfaighteán nó lena chuid fostaithe an t-athsholáthar a fhorfheidhmiú. Chun an treoraíocht seo a chur i bhfeidhm, mar shampla, tá oibleagáid ar an bhfaighteoir dámhachtainí an fhaighteáin a athsholáthar má éilítear athsholáthar le ceann de na nithe seo a leanas:

    (a)

    téarmaí an chomhaontaithe éadála;

    (b)

    téarmaí dhámhachtainí an fhaighteáin; nó

    (c)

    dlíthe nó rialacháin is infheidhme.

    B57

    Chun a chinneadh cén sciar de dhámhachtain athsholáthair is cuid den chomaoin arna haistriú le haghaidh an fhaighteáin é agus cén sciar di is pá as seirbhís iar-chomhcheangail é, déanfaidh an faighteoir na dámhachtainí athsholáthair arna ndeonú ag an bhfaighteoir agus na dámhachtainí faighteáin araon a thomhas ón dáta éadála i gcomhréir le IFRS 2. An sciar den tomhas margadhbhunaithe ar an dámhachtain athsholáthair is cuid den chomaoin arna haistriú mar mhalairt ar an bhfaighteán é, tá sé cothrom leis an sciar den dámhachtain faighteáin atá inchurtha i leith seirbhís réamh-chomhcheangail.

    B58

    An sciar den dámhachtain athsholáthair atá inchurtha i leith seirbhís réamh-chomhcheangail, is é an tomhas margadhbhunaithe ar an dámhachtain faighteáin é arna iolrú faoi chóimheas an sciar den tréimhse dílseacháin arna tabhairt i gcrích agus cibé ceann acu is mó, an tréimhse dílseacháin iomlán nó tréimhse dílseacháin bhunaidh na dámhachtana faighteáin, á húsáid. Is í an tréimhse dílseacháin an tréimhse ina bhfuil na coinníollacha dílsithe sonraithe uile le comhlíonadh. Sainmhínítear coinníollacha dílsithe in IFRS 2.

    B59

    An sciar de dhámhachtain athsholáthair neamhdhílsithe atá inchurtha i leith seirbhís iar-chomhcheangail agus a aithnítear dá bhrí sin mar chostas pá sna ráitis airgeadais iar-chomhcheangail, tá sé cothrom leis an tomhas margadhbhunaithe iomlán ar an dámhachtain athsholáthair lúide an méid a chuirtear i leith seirbhís réamh-chomhcheangail. Dá bhrí sin, aon fharasbarr de thomhas margadhbhunaithe na dámhachtana athsholáthair ar thomhas margadhbhunaithe na dámhachtana faighteáin, cuireann an faighteoir i leith seirbhís iar-chomhcheangail é agus aithníonn sé an farasbarr sin mar chostas pá sna ráitis airgeadais iar-chomhcheangail. Déanfaidh an faighteoir sciar de dhámhachtain athsholáthair a chur i leith seirbhís iar-chomhcheangail má éilítear seirbhís iar-chomhcheangail léi, gan beann ar cé acu a rinne nó nach ndearna fostaithe an tseirbhís uile a cheanglaítear chun go ndílseodh a ndámhachtainí faighteáin roimh an dáta éadála.

    B60

    An sciar de dhámhachtain athsholáthair neamhdhílsithe atá inchurtha i leith seirbhís réamh-chomhcheangail, mar aon leis an sciar atá inchurtha i leith seirbhís iar-chomhcheangail, léireofar leo an meastachán is fearr dá bhfuil ar fáil ar an líon dámhachtainí athsholáthair a bhfuil coinne lena ndílsiú. Mar shampla, más é AA100 an tomhas margadhbhunaithe ar an sciar de dhámhachtain athsholáthair atá inchurtha i leith seirbhís réamh-chomhcheangail agus má tá coinne ag an bhfaighteoir leis nach ndílseoidh ach 95 faoin gcéad den dámhachtain, is é AA95 an méid a áirítear sa chomaoin arna haistriú sa chomhcheangal gnó. Athruithe ar an líon measta dámhachtainí athsholáthair a bhfuil coinne lena ndílsiú, léirítear i gcostas pá iad le haghaidh na dtréimhsí ina dtarlaíonn na hathruithe nó na forghéilltí—ní mar choigeartuithe ar an gcomaoin arna haistriú sa chomhcheangal gnó. Ar an gcuma chéanna, iarmhairtí teagmhas eile a tharlaíonn tar éis an dáta éadála, amhail modhnuithe nó an toradh ar deireadh ar dhámhachtainí a bhfuil coinníollacha feidhmíochta acu, coinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 2 chun costas pá a chinneadh le haghaidh na tréimhse ina dtarlaíonn teagmhas.

    B61

    Na sciartha de dhámhachtain athsholáthair atá inchurtha i leith seirbhís réamh-chomhcheangail agus iar-chomhcheangail, is infheidhme na riachtanais chéanna chun iad a chinneadh gan beann ar cé acu mar dhliteanas nó mar ionstraim chothromais a aicmítear dámhachtain athsholáthair i gcomhréir le forálacha IFRS 2. Na hathruithe uile ar an tomhas margadhbhunaithe ar dhámhachtainí a aicmítear mar dhliteanais tar éis an dáta éadála agus na hiarmhairtí cánach ioncaim a bhaineann leo, aithnítear iad i ráitis airgeadais iar-chomhcheangail an fhaighteora sa tréimhse (sna tréimhsí) ina dtarlaíonn na hathruithe.

    B62

    Na hiarmhairtí cánach ioncaim ag dámhachtainí athsholáthair d’íocaíochtaí scairbhunaithe, aithneofar iad i gcomhréir le forálacha IAS 12 Cánacha Ioncaim.

    Idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe cothromas-socraithe an fhaighteáin

    B62A

    D’fhéadfadh idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe gan íoc a bheith ag an bhfaighteán nach malartaíonn an faighteoir ar a idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe féin. Má bhíonn siad dílsithe, is cuid de leasanna neamh-urlámhais an fhaighteáin iad na hidirbhearta íocaíochta scairbhunaithe sin de chuid an fhaighteáin agus tomhaistear ar a dtomhas margadhbhunaithe iad. Má bhíonn siad neamhdhílsithe, tomhaistear ar a dtomhas margadhbhunaithe iad amhail agus dá mba é an dáta éadála an dáta deontais i gcomhréir le míreanna 19 agus 30.

    B62B

    An tomhas margadhbhunaithe ar idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe neamhdhílsithe, leithdháiltear é ar na leasanna neamh-urlámhais ar bhonn chóimheas an sciar den tréimhse dílseacháin arna tabhairt i gcrích agus cibé ceann acu is mó, an tréimhse dílseacháin iomlán nó tréimhse dílseacháin bhunaidh an idirbhirt íocaíochta scairbhunaithe, á húsáid. Leithdháiltear an t-iarmhéid ar sheirbhís iar-chomhcheangail.

    IFRSanna EILE LENA SOLÁTHRAÍTEAR TREORAÍOCHT MAIDIR LE TOMHAS AGUS CUNTASAÍOCHT DÁ ÉIS SIN (CUR I bhFEIDHM MHÍR 54)

    B63

    Ar na samplaí de IFRSanna eile lena soláthraítear treoraíocht maidir le sócmhainní arna bhfáil, agus dliteanais arna dtoimhdiú nó arna dtabhú i gcomhcheangal idir gnólachtaí, a thomhas agus cuntas a choinneáil orthu dá éis sin, áirítear:

    (a)

    Forordaítear le IAS 38 an cuntas a choinnítear ar shócmhainní doláimhsithe in-sainaitheanta a fuarthas i gcomhcheangal gnó. Tomhaiseann an faighteoir cáilmheas ar an méid a aithnítear ar an dáta éadála lúide aon chaillteanas lagaithe carntha. Le IAS 36 Lagú Sócmhainní, forordaítear an cuntas a choinnítear ar chaillteanais lagaithe.

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    Forordaítear le IAS 12 an cuntas a choinnítear dá éis sin ar shócmhainní cánach iarchurtha (lena n-áirítear sócmhainní cánach iarchurtha neamhaitheanta) agus ar dhliteanais a fuarthas i gcomhcheangal gnó.

    (d)

    Soláthraítear treoraíocht le IFRS 2 maidir le tomhas a dhéanamh agus cuntas a choinneáil dá éis sin ar an sciar de dhámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe athsholáthair arna n-eisiúint ag faighteoir atá inchurtha i leith seirbhísí fostaithe amach anseo.

    (e)

    Soláthraítear treoraíocht le IFRS 10 maidir le cuntas a choinneáil ar athruithe ar leas úinéireachta máthairchuideachta i bhfochuideachta tar éis rialú a fháil.

    NOCHTUITHE (CUR I bhFEIDHM MHÍREANNA 59 AGUS 61)

    B64

    Chun an cuspóir i mír 59 a chomhlíonadh, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach comhcheangail gnó a dhéantar le linn na tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    ainm an fhaighteáin agus tuairisc air.

    (b)

    an dáta éadála.

    (c)

    an céatadán de leasanna cothromais vótála arna bhfáil.

    (d)

    na príomhchúiseanna leis an gcomhcheangal gnó agus tuairisc ar conas a fuair an faighteoir rialú ar an bhfaighteán.

    (e)

    tuairisc cháilíochtúil ar na tosca lena gcomhdhéantar an cháilmheas atá aitheanta, amhail sineirgí a bhfuil coinne leo de thoradh oibríochtaí an fhaighteáin agus an fhaighteora a chomhcheangal, sócmhainní doláimhsithe nach bhfuil incháilithe d’aitheantas ar leithligh nó tosca eile.

    (f)

    luach cóir na comaoine iomláine arna haistriú, ón dáta éadála, agus luach cóir gach móraicme comaoine, ón dáta éadála, amhail:

    (i)

    airgead tirim;

    (ii)

    sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe eile, lena n-áirítear gnólacht nó fochuideachta de chuid an fhaighteora;

    (iii)

    dliteanais a tabhaíodh, dliteanas le haghaidh comaoin theagmhasach, mar shampla; agus

    (iv)

    leasanna cothromais an fhaighteora, lena n-áirítear an líon ionstraimí nó leasanna a eisíodh nó atá ineisithe agus an modh a thomhaistear luach cóir na n-ionstraimí nó na leasanna sin.

    (g)

    i gcás comhshocruithe comaoine teagmhasaí agus sócmhainní slánaithe:

    (i)

    an méid a aithnítear ón dáta éadála;

    (ii)

    tuairisc ar an gcomhshocrú agus an bonn ar a gcinntear méid na híocaíochta; agus

    (iii)

    meastachán ar an raon torthaí (neamhlascainithe) nó, mura féidir meastachán a dhéanamh ar raon, an fíoras sin agus na cúiseanna nach féidir meastachán a dhéanamh ar raon. Mura bhfuil teorainn leis an uasmhéid íocaíochta, nochtfaidh an faighteoir an méid sin.

    (h)

    i gcás infháltais a fuarthas:

    (i)

    luach cóir na n-infháltas;

    (ii)

    na hollmhéideanna conarthacha infhála; agus

    (iii)

    an meastachán is fearr ar an dáta éadála ar an sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil coinne lena bhailiú.

    Déanfar na nochtaí de réir móraicme infháltais, amhail iasachtaí, léasanna airgeadais díreacha agus aon aicme eile infháltas.

    (i)

    na méideanna a aithnítear ón dáta éadála le haghaidh gach móraicme sócmhainní a fuarthas agus dliteanas a gabhadh.

    (j)

    i gcás gach dliteanais theagmhasaigh a aithnítear i gcomhréir le mír 23, an fhaisnéis a éilítear i mír 85 de IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha. Mura n-aithnítear dliteanas teagmhasach toisc nach féidir a luach cóir a thomhas go hiontaofa, nochtfaidh an faighteoir na nithe seo a leanas:

    (i)

    an fhaisnéis a éilítear le mír 86 de IAS 37; agus

    (ii)

    na cúiseanna nach féidir an dliteanas a thomhas go hiontaofa.

    (k)

    an méid iomlán cáilmheasa a bhfuil coinne lena bheith in-asbhainte chun críoch cánach.

    (l)

    i gcás idirbhearta a aithnítear ar leithligh ón éadáil sócmhainní agus ó ghabháil dliteanas sa chomhcheangal gnó i gcomhréir le mír 51:

    (i)

    tuairisc ar gach idirbheart;

    (ii)

    conas a rinne an faighteoir cuntas ar gach idirbheart;

    (iii)

    na méideanna a aithnítear le haghaidh gach idirbhirt agus an mhír líne sna ráitis airgeadais ina n-aithnítear gach méid; agus

    (iv)

    más é atá san idirbheart an tsocraíocht éifeachtach ar chaidreamh a bhí ann cheana, an modh a úsáideadh chun méid na socraíochta a chinneadh.

    (m)

    Sa nochtadh a éilítear le (l) ar idirbhearta a aithnítear ar leithligh, áireofar an méid costas a bhaineann le héadáil agus, ar leithligh uaidh sin, méid na gcostas sin a aithnítear mar speansas agus an mhír líne nó na míreanna líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-aithnítear na speansais sin. Nochtfar freisin méid aon chostas eisiúna nach n-aithnítear mar speansas agus conas a aithníodh iad.

    (n)

    i gceannach sladmhargaidh (féach míreanna 34–36):

    (i)

    méid aon ghnóthachan a aithnítear i gcomhréir le mír 34 agus an mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-aithnítear an gnóthachan; agus

    (ii)

    tuairisc ar na cúiseanna le gnóthachan a bheith mar thoradh ar an idirbheart.

    (o)

    i gcás gach comhcheangail gnó ina bhfuil níos lú ná 100 faoin gcéad de na leasanna cothromais san fhaighteán ina sheilbh ag an bhfaighteoir ar an dáta éadála:

    (i)

    méid na leasanna neamh-urlámhais san fhaighteán a aithnítear ar an dáta éadála agus bonn tomhais an mhéid sin; agus

    (ii)

    i gcás gach leasa neamh-urlámhais i bhfaighteán arna thomhas ar luach cóir, an teicníc (na teicnící) luachála agus ionchuir shuntasacha a úsáidtear chun an luach sin a thomhas.

    (p)

    i gcomhcheangal gnó a ghnóthaítear ina chéimeanna:

    (i)

    luach cóir, an dáta éadála, ar leas cothromais san fhaighteán arna shealbhú ag an bhfaighteoir díreach roimh an dáta éadála; agus

    (ii)

    méid aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a aithnítear mar thoradh ar atomhas chuig luach cóir a dhéanamh ar an leas cothromais san fhaighteán arna shealbhú ag an bhfaighteoir roimh an gcomhcheangal gnó (féach mír 42) agus an mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-aithnítear an gnóthachan nó caillteanas sin.

    (q)

    an fhaisnéis seo a leanas:

    (i)

    méideanna ioncaim agus brabúis nó caillteanais an fhaighteáin ón dáta éadála a áirítear sa ráiteas comhdhlúite ar ioncam cuimsitheach le haghaidh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (ii)

    ioncam agus brabús nó caillteanas an eintitis chomhcheangailte le haghaidh na tréimhse tuairiscithe reatha amhail agus dá mba ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla a bhí an dáta éadála le haghaidh na gcomhcheangal gnó uile a rinneadh le linn na bliana.

    Má tá sé dofheidhmithe aon fhaisnéis a éilítear leis an bhfomhír seo a nochtadh, nochtfaidh an faighteoir an méid sin agus míneoidh sé cén fáth a bhfuil an nochtadh dofheidhmithe. Úsáidtear an téarma ‘dofheidhmithe’ san IFRS seo agus an bhrí chéanna leis agus atá in IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    B65

    I gcás comhcheangail ghnó a dhéantar le linn na tréimhse tuairiscithe atá neamhábhartha ina n-aonar ach ábhartha i dteannta a chéile, nochtfaidh an faighteoir ar bhealach comhiomlán an fhaisnéis a éilítear le mír B4(e)–(q).

    B66

    Más i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuairiscithe ach roimh an dáta a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint a thiteann dáta éadála comhcheangail gnó, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis a éilítear le mír B64 ach amháin má tá an chuntasaíocht tosaigh ar an gcomhcheangal gnó neamhiomlán tráth a údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint. Sa chás sin, tabharfaidh an faighteoir tuairisc ar na nochtaí nárbh fhéidir a dhéanamh agus ar na cúiseanna nárbh fhéidir iad a dhéanamh.

    B67

    Chun an cuspóir i mír 61 a chomhlíonadh, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis seo a leanas i gcás gach comhcheangail gnó ábhartha, nó ar bhealach comhiomlán i gcás comhcheangail ghnó atá neamhábhartha ina n-aonar ach ábhartha i dteannta a chéile:

    (a)

    má tá an chuntasaíocht tosaigh ar chomhcheangal gnó neamhiomlán (féach mír 45) le haghaidh sócmhainní, dliteanais, nó leasanna neamh-urlámhais nó míreanna comaoine áirithe agus mura ndearnadh, dá bhrí sin, na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais le haghaidh an chomhcheangail gnó ach a chinneadh go sealadach:

    (i)

    na cúiseanna a bhfuil an chuntasaíocht tosaigh ar an gcomhcheangal gnó neamhiomlán;

    (ii)

    na sócmhainní, dliteanais, leasanna cothromais nó míreanna comaoine dá bhfuil an chuntasaíocht tosaigh neamhiomlán; agus

    (iii)

    cineál agus méid aon choigeartú tréimhse tomhais a aithníodh le linn na tréimhse tuairiscithe i gcomhréir le mír 49.

    (b)

    i gcás gach tréimhse tuairiscithe i ndiaidh an dáta éadála go dtí go mbaileoidh, go ndíolfaidh nó go gcaillfidh an t-eintiteas ar aon bhealach eile an ceart chun sócmhainne comaoine teagmhasaí, nó go dtí go socróidh an t-eintiteas dliteanas comaoine teagmhasaí nó go gcealófar an dliteanas nó go rachaidh sé in éag:

    (i)

    aon athrú ar na méideanna a aithnítear, lena n-áirítear aon difríocht a eascraíonn as socraíocht;

    (ii)

    aon athrú ar an raon torthaí (neamhlascainithe) agus na cúiseanna leis na hathruithe sin; agus

    (iii)

    na teicnící luachála agus na príomh-ionchuir samhla a úsáidtear chun comaoin theagmhasach a thomhas.

    (c)

    i gcás dliteanais theagmhasacha a aithnítear i gcomhcheangal gnó, nochtfaidh an faighteoir an fhaisnéis a éilítear le míreanna 84 agus 85 de IAS 37 le haghaidh gach aicme forála.

    (d)

    réiteach ar an tsuim glanluacha cáilmheasa ag tús agus deireadh na tréimhse tuairiscithe lena léirítear ar leithligh na nithe seo a leanas:

    (i)

    an t-ollmhéid agus na caillteanais lagaithe charntha ag tús na tréimhse tuairiscithe.

    (ii)

    cáilmheas breise a aithnítear le linn na tréimhse tuairiscithe, seachas cáilmheas a áirítear i ngrúpa diúscartha a chomhlíonfaidh, ar éadáil dó, na critéir go n-aicmeofar é mar cháilmheas arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha.

    (iii)

    coigeartuithe a leanann as sócmhainní cánach iarchurtha a aithníodh dá éis sin le linn na tréimhse tuairiscithe i gcomhréir le mír 67.

    (iv)

    cáilmheas a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5 agus cáilmheas a dí-aithníodh le linn na tréimhse tuairiscithe nár áiríodh roimhe sin i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol.

    (v)

    caillteanais lagaithe a aithnítear le linn na tréimhse tuairiscithe i gcomhréir le IAS 36. (Éilítear le IAS 36 faisnéis a nochtadh maidir le méid in-aisghabhála cáilmheasa agus lagú cáilmheasa i dteannta an cheanglais seo.)

    (vi)

    glandifríochtaí ráta malairte a thagann chun cinn le linn na tréimhse tuairiscithe i gcomhréir le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí.

    (vii)

    aon athrú eile ar an tsuim ghlanluacha le linn na tréimhse tuairiscithe.

    (viii)

    an t-ollmhéid agus na caillteanais lagaithe charntha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    (e)

    méid aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a aithnítear sa tréimhse thuairiscithe reatha agus míniú ar an méid sin, arb amhlaidh an dá rud seo a leanas ina leith:

    (i)

    baineann sé le sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas nó le dliteanais a gabhadh i gcomhcheangal gnó dá ndearnadh difear sa tréimhse thuairiscithe reatha nó sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin; agus

    (ii)

    is de mhéid, de chineál nó de theagmhas chomh mór sin é gurb ábhartha an nochtadh chun tuiscint a fháil ar ráitis airgeadais an eintitis chomhcheangailte.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA LE hAGHAIDH COMHCHEANGAIL GHNÓ NACH mBAINEANN ACH EINTITIS FHRITHPHÁIRTEACHA LEO NÓ NACH nDÉANTAR ACH TRÍ BHÍTHIN CONARTHA (MÍR 66 A CHUR I bhFEIDHM)

    B68

    Foráiltear le mír 64 go bhfuil feidhm ag an IFRS seo go hionchasach maidir le comhcheangail ghnó arb é dáta a n-éadála dáta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla, nó dá éis sin, dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ach ag tús tréimhse tuairiscithe bliantúla dar tús an 30 Meitheamh 2007 nó dá éis sin, áfach. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm roimh a dháta éifeachtach, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin agus cuirfidh sé IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm an tráth céanna.

    B69

    An ceanglas chun an IFRS seo a chur i bhfeidhm go hionchasach, tá an iarmhairt seo a leanas aige ar chomhcheangal gnó nach mbaineann ach eintitis fhrithpháirteacha leis nó nach ndéantar ach trí bhíthin conartha má tá an dáta éadála le haghaidh an chomhcheangail gnó sin roimh chur i bhfeidhm an IFRS seo:

    (a)    Aicmiú — Leanfaidh eintiteas de bheith ag aicmiú an chomhcheangail gnó roimhe sin i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta a bhí ag an eintiteas roimhe sin le haghaidh comhcheangail den sórt sin.

    (b)    Cáilmheas a aithníodh roimhe sin — Ag tús na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm, is éard a bheidh sa tsuim glanluacha cáilmheasa a eascraíonn as an gcomhcheangal gnó roimhe sin a shuim ghlanluacha ar an dáta sin i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta a bhí ag an eintiteas roimhe sin. Agus an méid sin á chinneadh aige, díothóidh an t-eintiteas suim ghlanluacha aon amúchadh carntha ar an gcáilmheas sin agus an laghdú comhfhreagrach ar cháilmheas. Ní dhéanfar aon choigeartú eile ar an tsuim ghlanluacha cáilmheasa.

    (c)    Cáilmheas a aithníodh roimhe sin mar asbhaint ó chothromas — De thoradh na mbeartas cuntasaíochta a bhí ag an eintiteas roimhe sin, d’fhéadfadh sé gur eascair cáilmheas as an gcomhcheangal gnó roimhe sin a bheith arna aithint mar asbhaint ó chothromas. Sa chás sin, ní aithneoidh an t-eintiteas an cáilmheas sin mar shócmhainn ag tús na chéad tréimhse bliantúla ina gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéanfaidh an t-eintiteas aon chuid den cháilmheas sin a aithint i mbrabús agus caillteanas nuair a dhiúscraíonn sé cuid den ghnólacht, nó an ghnólacht uile, lena mbaineann an cáilmheas sin nó nuair a lagaítear aonad giniúna airgid lena mbaineann an cáilmheas.

    (d)    Cuntasaíocht dá éis sin ar cháilmheas — Ó thús na chéad tréimhse bliantúla ina gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm, scoirfidh eintiteas de bheith ag amúchadh cáilmheas a eascraíonn as an gcomhcheangal gnó roimhe sin agus tástálfaidh sé cáilmheas le haghaidh lagú i gcomhréir le IAS 36.

    (e)    Cáilmheas diúltach a aithníodh roimhe sin — Eintiteas a choinnigh cuntas ar an gcomhcheangal gnó roimhe sin tríd an modh ceannaigh a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé gur aithin sé creidmheas iarchurtha as farasbarr leasa dá chuid i nglanluach cóir shócmhainní in-sainaitheanta agus dhliteanais an fhaighteáin os cionn chostas an leasa sin (dá ngairtear uaireanta cáilmheas diúltach). Más amhlaidh sin, dí-aithneoidh an t-eintiteas suim ghlanluacha an chreidmheasa iarchurtha sin ag tús na chéad tréimhse bliantúla ina gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm agus déanfaidh coigeartú comhfhreagrach ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta ón dáta sin.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 5

    Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo an chuntasaíocht ar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol, agus cur i láthair agus nochtadh oibríochtaí scortha, a shonrú. Éilítear leis an IFRS seo go háirithe:

    (a)

    go ndéanfar sócmhainní a chomhlíonann na critéir chun go n-aicmeofar mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol iad a thomhas ar an luach is ísle dá suim ghlanluacha agus dá luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, agus go scoirfear den dímheas ar na sócmhainní sin; agus

    (b)

    go ndéanfar sócmhainní a chomhlíonann na critéir chun go n-aicmeofar mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol iad a chur i láthair ar leithligh sa ráiteas maidir le staid airgeadais agus go gcuirfear torthaí oibríochtaí scortha i láthair ar leithligh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach.

    RAON FEIDHME

    2

    Ceanglais an IFRS seo maidir le haicmiú agus cur i láthair, tá feidhm acu maidir leis na sócmhainní neamhreatha (41) aitheanta uile agus na grúpaí diúscartha uile atá ag eintiteas. Tá feidhm ag ceanglais tomhais an IFRS seo maidir leis na sócmhainní neamhreatha aitheanta agus na grúpaí diúscartha uile (mar a leagtar amach i mír 4), ach amháin na sócmhainní sin a liostaítear i mír 5 a leanfaidh de bheith á dtomhas i gcomhréir leis an gcaighdeán a thugtar ar aird.

    3

    Sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní neamhreatha i gcomhréir le IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, ní athaicmeofar mar shócmhainní reatha iad go dtí go gcomhlíonfaidh siad na critéir chun go n-aicmeofar iad mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir leis an IFRS seo. Sócmhainní, ar d’aicme iad a mbreathnódh eintiteas orthu mar shócmhainní neamhreatha de ghnáth, a fhaightear go heisiach d’fhonn iad a athdhíol, ní aicmeofar mar shócmhainní reatha iad ach amháin má chomhlíonann siad na critéir chun go n-aicmeofar iad mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i gcomhréir leis an IFRS seo.

    4

    Uaireanta, déanann eintiteas grúpa sócmhainní, agus b’fhéidir roinnt dliteanais a bhfuil baint dhíreach acu leo, a dhiúscairt in éineacht le chéile in idirbheart aonair. Féadfaidh grúpa diúscartha den sórt sin a bheith ina ghrúpa aonad giniúna airgid, ina aonad giniúna airgid aonair, nó ina chuid d’aonad giniúna airgid (42). Féadfar a áireamh sa ghrúpa aon sócmhainn agus aon dliteanas de chuid an eintitis, lena n-áirítear sócmhainní reatha, dliteanas reatha agus sócmhainní a eisiatar le mír 5 ó cheanglais tomhais an IFRS seo. Más cuid de ghrúpa diúscartha í sócmhainn neamhreatha a thagann faoi raon feidhme cheanglais tomhais an IFRS seo, tá feidhm ag ceanglais tomhais an IFRS seo maidir leis an ngrúpa ina iomláine, sa chaoi go dtomhaistear an grúpa ar an gceann is ísle dá shuim ghlanluacha agus dá luach cóir lúide costais a bhaineann le díol. Leagtar amach i míreanna 18, 19 agus 23 na ceanglais maidir leis na sócmhainní agus dliteanais aonair laistigh den ghrúpa diúscartha a thomhas.

    5

    Maidir le forálacha tomhais an IFRS (43) seo, níl feidhm acu maidir leis na sócmhainní seo a leanas a chumhdaítear leis na IFRSanna liostaithe, cibé acu mar shócmhainní aonair nó mar chuid de ghrúpa diúscartha:

    (a)

    sócmhainní cánach iarchurtha (IAS 12 Cánacha Ioncaim);

    (b)

    sócmhainní a eascraíonn as sochair fostaithe (IAS 19 Sochair Fostaithe);

    (c)

    sócmhainní airgeadais faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais;

    (d)

    sócmhainní neamhreatha a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir leis an tsamhail luacha chóir in IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta;

    (e)

    sócmhainní neamhreatha a thomhaistear ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol i gcomhréir le IAS 41 Talmhaíocht;

    (f)

    grúpaí conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais.

    5A

    Ceanglais an IFRS seo maidir le haicmiú, cur i láthair agus tomhas atá infheidhme maidir le sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, tá feidhm acu freisin maidir le sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí ag gníomhú dóibh ina gcáil mar úinéirí (arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí).

    5B

    Sonraítear san IFRS seo na nochtaí a éilítear i leith sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó mar oibríochtaí scortha. Níl feidhm ag nochtaí in IFRSanna eile maidir le sócmhainní (nó grúpaí diúscartha) den sórt sin ach amháin má éilítear leis na IFRSanna sin:

    (a)

    nochtaí sonracha i leith sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó mar oibríochtaí scortha; nó

    (b)

    nochtaí maidir le tomhas sócmhainní agus dliteanas laistigh de ghrúpa diúscartha nach dtagann faoi raon feidhme cheanglas tomhais IFRS 5 agus nach soláthraítear na nochtaí sin cheana sna nótaí eile a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

    Nochtaí breise maidir le sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol nó mar oibríochtaí scortha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leo chun ceanglais ghinearálta IAS 1, go háirithe míreanna 15 agus 125 den Chaighdeán sin, a chomhlíonadh.

    AICMIÚ SÓCMHAINNÍ NEAMHREATHA (NÓ GRÚPAÍ DIÚSCARTHA) MAR SHÓCMHAINNÍ ARNA SEALBHÚ LENA nDÍOL NÓ ARNA SEALBHÚ LENA nDÁILEADH AR ÚINÉIRÍ

    6

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol más rud é go n-aisghabhfar a suim ghlanluacha go príomha trí idirbheart díola seachas trí úsáid leanúnach.

    7

    Chun go mbeidh sé sin amhlaidh, ní mór an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) a bheith ar fáil lena díol láithreach ina bail reatha, gan bheith faoi réir téarmaí ach amháin téarmaí ar gnách agus iondúil iad i gcás díol sócmhainní (nó grúpaí diúscartha) den sórt sin, agus ní mór a díol a bheith thar a bheith dóchúil.

    8

    Chun go mbeidh an díol thar a bheith dóchúil, ní mór an leibhéal iomchuí bainistíochta a ghealladh do phlean faoina ndíolfar an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) agus ní mór tús a bheith curtha le clár gníomhach chun ceannaitheoir a aimsiú agus an plean a thabhairt i gcrích. Thairis sin, ní mór an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) a bheith margaithe go gníomhach lena díol ar phraghas atá réasúnta i ndáil lena luach cóir reatha. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh coinne leis go mbeadh an plean i dteideal aitheantais mar dhíol arna thabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta aicmithe, ach amháin mar a cheadaítear le mír 9, agus ba cheart a léiriú leis na gníomhaíochtaí a éilítear chun an plean a thabhairt i gcrích nach móide go ndéanfar athruithe suntasacha ar an bplean ná go dtarraingeofar siar é. Ba cheart dóchúlacht fhormheas na scairshealbhóirí (má éilítear sin sa dlínse) a mheas a bheith ina cuid den mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an díol thar a bheith dóchúil.

    8A

    Eintiteas atá geallta do phlean díola lena mbaineann caillteanas i rialú fochuideachta, aicmeoidh sé sócmhainní agus dliteanais uile na fochuideachta sin mar shócmhainní agus dliteanais arna sealbhú lena ndíol i gcás ina gcomhlíonfar na critéir a leagtar amach i míreanna 6-8, gan beann ar cé acu a choinníonn nó nach gcoinníonn an t-eintiteas leasanna neamh-urlámhais ina iar-fhochuideachta i ndiaidh an díola.

    9

    Féadfaidh teagmhais nó imthosca síneadh de bhreis ar 1 bhliain amháin a chur leis an tréimhse chun an díol a thabhairt i gcrích. Síneadh leis an tréimhse a éilítear chun díol a thabhairt i gcrích, ní chuireann sin bac ar aicmiú sócmhainne (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena díol más teagmhais nó imthosca nach bhfuil neart ag an eintiteas orthu is cúis leis agus má tá fianaise leordhóthanach ann go leanann an t-eintiteas de bheith geallta dá phlean an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) a dhíol. Beidh sé sin amhlaidh i gcás ina gcomhlíonfar na critéir i bhFoscríbhinn B.

    10

    Áirítear le hidirbhearta díola malartú sócmhainní neamhreatha ar shócmhainní neamhreatha eile i gcás ina mbeidh substaint tráchtála sa mhalartú i gcomhréir le IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh.

    11

    Nuair a fhaigheann eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) go heisiach d’fhonn í a dhiúscairt dá éis sin, aicmeoidh sé an tsócmhainn neamhreatha (nó an grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena díol ar an dáta éadála sa chás amháin ina gcomhlíontar an ceanglas 1 bhliain amháin i mír 8 (ach amháin mar a cheadaítear le mír 9) agus má tá sé thar a bheith dóchúil go gcomhlíonfar, laistigh de thréimhse ghearr i ndiaidh na héadála (laistigh de 3 mhí de ghnáth), aon chritéar eile i míreanna 7 agus 8 nár comhlíonadh go fóill ar an dáta sin.

    12

    Má chomhlíontar na critéir i míreanna 7 agus 8 tar éis na tréimhse tuairiscithe, ní aicmeoidh eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha), mar shócmhainn arna sealbhú lena díol sna ráitis airgeadais sin nuair a eisítear í. Nuair a chomhlíontar na critéir sin tar éis na tréimhse tuairiscithe ach roimh údarú na ráiteas airgeadais le haghaidh eisiúna, áfach, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis a shonraítear i mír 41(a), (b) agus (d) sna nótaí.

    12A

    Aicmítear sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí nuair atá an t-eintiteas tiomanta an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) a dháileadh ar na húinéirí. Ionas go mbeidh an cás amhlaidh, ní mór na sócmhainní a bheith ar fáil le dáileadh láithreach ina mbail reatha agus ba cheart an dáileadh a bheith thar a bheith dóchúil. Chun an dáileadh a bheith thar a bheith dóchúil, ba cheart gníomhaíochtaí a dhéantar chun an dáileadh a thabhairt i gcrích a thosú agus ba cheart coinne a bheith lena dtabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin ón dáta aicmithe. Ba cheart go dtabharfaí le tuiscint leis na gníomhaíochtaí a éilítear chun an dáileadh a thabhairt i gcrích nach dócha go ndéanfar athruithe suntasacha ar an dáileadh nó go dtarraingeofar siar an dáileadh. Ba cheart dóchúlacht fhormheas na scairshealbhóirí (má éilítear é sa dlínse) a mheas mar chuid den mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an dáileadh an-dóchúil.

    Sócmhainní neamhreatha atá le tréigean

    13

    Ní aicmeoidh eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) atá le tréigean mar shócmhainn arna sealbhú lena díol. Tá sé seo amhlaidh toisc go ndéanfar a suim ghlanluacha a aisghabháil go príomha trí úsáid leantach. Má chomhlíonann an grúpa diúscartha atá le tréigean na critéir i mír 32(a)-(c), áfach, cuirfidh an t-eintiteas torthaí agus sreafaí airgid an ghrúpa diúscartha i láthair mar oibríochtaí scortha i gcomhréir le míreanna 33 agus 34 ar an dáta a scoirfear d’úsáid a bhaint as. Áirítear leis na sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a thréigfear, sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a mbainfear úsáid astu ag deireadh a saolré eacnamaíoch agus sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a ndéanfar iad a dhúnadh seachas iad a dhíol.

    14

    Ní choinneoidh eintiteas cuntas ar shócmhainn neamhreatha atá as úsáid ar bhonn sealadach amhail is go ndearnadh í a thréigean.

    SÓCMHAINNÍ NEAMHREATHA (NÓ GRÚPAÍ DIÚSCARTHA) A AICMÍTEAR MAR SHÓCMHAINNÍ NÓ MAR GHRÚPAÍ ATÁ Á SEALBHÚ LENA nDÍOL

    Sócmhainn neamhreatha nó (grúpa diúscartha) a thomhas

    15

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol a thomhas ag an taobh is ísle dá suim ghlanluacha agus dá luach cóir lúide costais a bhaineann le díol.

    15A

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí a thomhas ag an taobh is ísle dá suim ghlanluacha agus dá luach cóir lúide costais a bhaineann le dáileadh (44).

    16

    Má chomhlíonann sócmhainn (nó grúpa diúscartha) a fuarthas as an nua na critéir chun iad a aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol (féach mír 11), mar thoradh ar mhír 15 a chur i bhfeidhm tomhaisfear an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) ar aitheantas tosaigh ag an taobh is ísle dá suim ghlanluacha i gcás nach ndéanfaí í a aicmiú mar sin (mar shampla, costas) agus dá luach cóir lúide costais a bhaineann le díol. Mar sin, má fhaightear an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) mar chuid de chomhcheangal gnó, déanfar é a thomhas ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol.

    17

    I gcás ina bhfuil coinne leis go rachaidh an díol thar 1 bhliain amháin, déanfaidh an t-eintiteas na costais a bhaineann le díol a thomhas ar a luach láithreach. Cuirfear aon mhéadú ar luach láithreach na gcostas a bhaineann le díol a eascraíonn as an imeacht ama i láthair i mbrabús nó caillteanas mar chostas maoinithe.

    18

    Díreach sula ndéantar an t-aicmiú tosaigh ar an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, déanfar suimeanna glanluacha na sócmhainne (nó na sócmhainní agus na ndliteanas uile sa ghrúpa) a thomhas i gcomhréir leis na IFRSanna is infheidhme.

    19

    Ar atomhas grúpa diúscartha dá éis sin, suimeanna glanluacha aon sócmhainn agus dliteanas nach bhfuil faoi raon feidhme cheanglais tomhais an IFRS seo, ach a áirítear i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar shócmhainní agus dliteanais arna sealbhú lena ndíol, déanfar iad a atomhas i gcomhréir leis na IFRSanna is infheidhme sula ndéantar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol an ghrúpa diúscartha a atomhas.

    Aitheantas ar chaillteanais lagaithe agus cealuithe

    20

    Aithneoidh eintiteas caillteanas lagaithe d’aon díluacháil tosaigh a dhéantar nó d’aon díluacháil a dhéanfar dá éis sin ar an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) chuig luach cóir lúide costais a bhaineann le díol, a mhéid nach aithníodh é i gcomhréir le mír 19.

    21

    Aithneoidh eintiteas gnóthachan d’aon mhéadú dá éis sin ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol sócmhainne, ach nach bhfuil de bhreis ar an gcaillteanas lagaithe carnach a aithníodh i gcomhréir leis an IFRS seo nó roimhe sin i gcomhréir le IAS 36 Lagú Sócmhainní.

    22

    Aithneoidh eintiteas gnóthachan d’aon mhéadú dá éis sin ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol grúpa diúscartha:

    (a)

    a mhéid nach aithníodh é i gcomhréir le mír 19; ach

    (b)

    nach mó é ná an caillteanas lagaithe carnach a aithníodh, i gcomhréir leis an IFRS seo nó roimhe sin i gcomhréir le IAS 36, ar na sócmhainní neamhreatha atá faoi raon feidhme cheanglais tomhais an IFRS seo.

    23

    Laghdófar (nó méadófar), leis an gcaillteanas lagaithe (nó aon ghnóthachan dá éis sin) a aithníodh do ghrúpa diúscartha, suim ghlanluacha na sócmhainní neamhreatha sa ghrúpa atá faoi raon feidhme na gceanglas tomhais san IFRS seo, san ord leithdháilte a leagtar amach i míreanna 104(a) agus (b) agus mír 122 de IAS 36 (arna athbhreithniú in 2004).

    24

    Aithneofar gnóthachan nó caillteanas, nár aithníodh roimhe faoin dáta ar díoladh sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha), ar dháta an dí-aitheanta. Tá na ceanglais a bhaineann le dí-aithint leagtha amach in:

    (a)

    míreanna 67-72 den IAS 16 (arna athbhreithniú in 2003) le haghaidh réadmhaoine, gléasra agus trealaimh; agus

    (b)

    míreanna 112-117 de IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe (arna athbhreithniú in 2004) le haghaidh shócmhainní doláimhsithe.

    25

    Ní dhéanfaidh eintiteas dímheas (ná amúchadh) ar shócmhainn neamhreatha agus fad agus atá sí aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó fad agus atá sí mar chuid de ghrúpa diúscartha atá aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol. Aithneofar go fóill ús agus speansais eile atá inchurtha i leith dhliteanais grúpa diúscartha a aicmítear mar dhliteanais arna sealbhú lena ndíol.

    Athruithe ar phlean díolacháin nó ar phlean dáilte d’úinéirí

    26

    Má rinne eintiteas sócmhainn (nó grúpa diúscartha) a aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí, ach mura gcomhlíonfar a thuilleadh na critéir i míreanna 7-9 (arna sealbhú le díol) ná i mír 12A (maidir le sócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí), scoirfidh an t-eintiteas den tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) a aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí (faoi seach). I gcásanna den sórt sin, leanfaidh eintiteas an treoraíocht i míreanna 27-29 chun cuntas a choinneáil ar an athrú seo seachas sa chás ina bhfuil feidhm ag mír 26A.

    26A

    Má dhéanann eintiteas athaicmiú ar shócmhainn (nó grúpa diúscartha) go díreach mar shócmhainn atá á sealbhú le díol go dtí sócmhainn arna sealbhú le dáileadh ar úinéirí, nó arna sealbhú le dáileadh ar úinéirí go díreach go dtí arna sealbhú le díol, meastar ansin an t-athrú ar aicmiú mar chuid leanúnach den bhunphlean maidir le diúscairt. Maidir leis an eintiteas:

    (a)

    ní leanfaidh sé an treoraíocht i míreanna 27-29 chun cuntas a choinneáil ar an athrú seo. Cuirfidh an t-eintiteas ceanglais an IFRS seo maidir le haicmiú, cur i láthair agus tomhas is infheidhme maidir leis an modh nua diúscartha i bhfeidhm.

    (b)

    déanfaidh sé an tsócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a thomhas trí na ceanglais i mír 15 a leanúint (má dhéantar í a athaicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol) nó 15A (má dhéantar í a athaicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí) agus aithneofar aon laghdú nó méadú ar luach cóir lúide costais a bhaineann le díol/costais a bhaineann le dáileadh na sócmhainne neamhreatha (nó grúpa diúscartha) ach na ceanglais i míreanna 20-25 a chomhlíonadh.

    (c)

    ní dhéanfaidh sé athrú ar an dáta aicmithe i gcomhréir le mír 8 agus mír 12A. Ní fhágtar amach leis sin síneadh leis an tréimhse a éilítear chun díol a thabhairt i gcrích nó chun dáileadh ar úinéirí a dhéanamh má chomhlíontar na coinníollacha i mír 9.

    27

    Déanfaidh an-eintiteas sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a scoireann de bheith aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéir (nó scoirtear dá háireamh mar chuid de ghrúpa diúscartha atá aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí) a thomhas ag an taobh is ísle:

    (a)

    dá suim ghlanluacha sular aicmíodh an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí, a choigeartú de réir aon dímheasa, amúchta nó athluachálacha a d’aithneofaí mura ndéanfaí an tsócmhainn (nó grúpa diúscartha) a aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí, agus

    (b)

    mhéid in-aisghabhála ar dháta an chinnidh dá éis sin gan díol nó dáileadh. (45)

    28

    Cuirfidh an t-eintiteas san áireamh aon choigeartú a éilítear maidir le suim ghlanluacha sócmhainne neamhreatha a scoireann de bheith aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí i mbrabús nó caillteanas (46) ó oibríochtaí leanúnacha sa tréimhse nach gcomhlíontar na critéir i míreanna 7-9 nó 12A, faoi seach, a thuilleadh. Déanfar ráitis airgeadais do na tréimhsí ón aicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí a leasú dá réir sin más fochuideachta, oibríocht chomhpháirteach, comhfhiontar, gnólacht comhlachaithe nó sciar de leas i gcomhfhiontar nó i ngnólacht comhlachaithe, é an grúpa diúscartha nó an tsócmhainn neamhreatha a scoireann de bheith aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí. Cuirfidh an t-eintiteas an coigeartú sin i láthair sa teideal céanna sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach a úsáidtear chun gnóthachan nó caillteanas a chur i láthair, más ann dó, a aithníodh i gcomhréir le mír 37.

    29

    Má bhaineann eintiteas sócmhainn nó dliteanas aonair as grúpa diúscartha a aicmítear mar shócmhainn nó dliteanas arna sealbhú lena ndíol, ní leanfar le sócmhainní agus dliteanais eile an ghrúpa diúscartha atá le díol a thomhas mar ghrúpa ach amháin má chomhlíonann an grúpa na critéir i míreanna 7-9. Má bhaineann eintiteas sócmhainn nó dliteanas aonair as grúpa diúscartha a aicmítear mar shócmhainn nó dliteanas arna sealbhú lena ndáileadh ar úinéirí, ní leanfar le sócmhainní agus dliteanais eile an ghrúpa diúscartha atá le dáileadh a thomhas mar ghrúpa ach amháin má chomhlíonann an grúpa na critéir i mír 12A. Nó, déanfar sócmhainní neamhreatha eile an ghrúpa a chomhlíonann go haonarach na critéir chun go n-aicmeofar iad mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol (nó mar shócmhainní arna sealbhú lena ndáileadh ar úinéirí) a thomhas go haonarach ar an taobh is ísle dá suimeanna glanluacha agus dá luachanna córa lúide costais a bhaineann le díol (nó costais a bhaineann le dáileadh), ar an dáta sin. Aon sócmhainn neamhreatha nach gcomhlíonann na critéir mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, scoirfear dá haicmiú mar sócmhainn arna sealbhú lena díol i gcomhréir le mír 26. Aon sócmhainn neamhreatha nach gcomhlíonann na critéir mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí, scoirfear dá haicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena dáileadh ar úinéirí i gcomhréir le mír 26.

    CUR I LÁTHAIR AGUS NOCHTADH

    30

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar na héifeachtaí airgeadais a bheidh ag oibríochtaí scortha agus ag diúscairtí sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha).

    Oibríochtaí scortha a chur i láthair

    31

    Cuimsítear le comhpháirt d’eintiteas oibríochtaí agus sreafaí airgid is féidir a idirdhealú go soiléir, go hoibríochtúil agus chun críoch tuairiscithe airgeadais, ón gcuid eile den eintiteas. I bhfocail eile, bheadh comhpháirt d’eintiteas ina aonad giniúna airgid nó grúpa d’aonaid giniúna airgid agus í á sealbhú le húsáid.

    32

    Is comhpháirt d’eintiteas é oibríocht scortha a diúscraíodh nó atá aicmithe mar a bheith á sealbhú le díol, agus:

    (a)

    léirítear leis réim mhór gnó ar leithligh nó limistéar mór geografach oibríochtaí ar leithligh;

    (b)

    tá sé mar chuid de phlean singil comhordaithe chun réim mhór gnó eile nó limistéar mór geografach oibríochtaí a dhiúscairt; nó

    (c)

    is fochuideachta í a fuarthas go heisiach d’fhonn í a athdhíol.

    33

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    méid amháin sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina bhfuil méid iomlán na nithe a leanas:

    (i)

    brabús nó caillteanas iarchánach ó oibríochtaí scortha; agus

    (ii)

    an gnóthachan nó caillteanas iarchánach a aithnítear ar thomhas chuig luach cóir lúide costais díola nó ar dhiúscairt na sócmhainní nó grúpa(í) diúscartha arb í an oibríocht scortha í;

    (b)

    anailís ar an méid aonair in (a) ar:

    (i)

    ioncam, caiteachas, brabús nó caillteanas iarchánach oibríochtaí scortha;

    (ii)

    an speansas cáin ioncaim a bhaineann leis mar a éilítear le mír 81(h) de IAS 12;

    (iii)

    an gnóthachan nó caillteanas a aithnítear ar thomhas chuig luach cóir lúide costais díola nó ar dhiúscairt na sócmhainní nó grúpa(í) diúscartha arb í an oibríocht scortha í; agus

    (iv)

    an speansas cáin ioncaim a bhaineann leis mar a éilítear le mír 81(h) de IAS 12.

    Féadfar an anailís a chur i láthair sna nótaí nó sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach. Má chuirtear i láthair í sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, cuirfear i láthair í i roinn a aithníodh mar roinn a bhaineann le hoibríochtaí scortha, i.e. ar leithligh ó oibríochtaí leanúnacha. Ní éilítear an anailís seo do ghrúpaí diúscartha ar fochuideachtaí a fuarthas as an nua iad a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar ghrúpaí diúscartha arna sealbhú lena ndíol ar éadáil (féach mír 11);

    (c)

    na glansreafaí airgid atá inchurtha i leith gníomhaíochtaí oibriúcháin, infheistíochta agus maoiniúcháin oibríochtaí scortha. Féadfar na nochtuithe seo a chur i láthair sna nótaí nó sna ráitis airgeadais. Ní éilítear na nochtuithe seo do ghrúpaí diúscartha ar fochuideachtaí a fuarthas as an nua iad a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar ghrúpaí diúscartha arna sealbhú lena ndíol ar éadáil (féach mír 11);

    (d)

    an méid ioncaim ó oibríochtaí leanúnacha agus ó oibríochtaí scortha atá inchurtha i leith úinéirí na máthairchuideachta. Féadfar na nochtuithe seo a chur i láthair sna nótaí nó sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach.

    33A

    Má chuireann eintiteas míreanna brabúis nó caillteanais i láthair i ráiteas ar leithligh mar a dtugtar tuairisc air i mír 10A de IAS 1 (arna leasú in 2011), cuirtear roinn a aithnítear mar roinn a bhaineann le hoibríochtaí scortha i láthair sa ráiteas sin.

    34

    Cuirfidh eintiteas na nochtuithe i láthair arís i mír 33 le haghaidh réamhthréimhsí a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais ionas go mbainfidh na nochtuithe leis na hoibríochtaí uile ar scoireadh díobh faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe don tréimhse is déanaí a chuirtear i láthair.

    35

    Maidir le coigeartuithe sa tréimhse reatha ar mhéideanna a cuireadh i láthair roimhe seo in oibríochtaí scortha a bhaineann go díreach le diúscairt oibríochta scortha i réamhthréimhse, aicmeofar ar leithligh iad in oibríochtaí scortha. Nochtfar cineál agus méid coigeartuithe den sórt sin. Is samplaí iad seo a leanas d’imthosca ina bhféadfadh na coigeartuithe sin eascairt:

    (a)

    fuascailt neamhchinnteachtaí a thagann chun cinn ó théarmaí an idirbhirt diúscartha, amhail réiteach na gcoigeartuithe don phraghas ceannaigh agus ceisteanna slánaithe leis an gceannaitheoir;

    (b)

    fuascailt neamhchinnteachtaí a thagann chun cinn agus a bhaineann go díreach le hoibríochtaí na comhpháirte sular diúscraíodh í, amhail oibleagáidí comhshaoil agus maidir le baránta táirge arna gcoinneáil ag an díoltóir;

    (c)

    glanadh oibleagáidí an phlean sochair d’fhostaithe, ar an gcoinníoll go mbaineann an glanadh go díreach leis an idirbheart diúscartha.

    36

    Má scoireann eintiteas de chomhpháirt d’eintiteas a aicmiú mar chomhpháirt arna sealbhú lena díol, déanfar torthaí oibríochtaí na comhpháirte a cuireadh i láthair roimhe sin in oibríochtaí scortha i gcomhréir le míreanna 33-35 a athaicmiú agus déanfar iad a áireamh in ioncam ó oibríochtaí leanúnacha le haghaidh gach tréimhse a chuirtear i láthair. Tabharfar tuairisc ar na méideanna le haghaidh réamhthréimhsí mar mhéideanna a cuireadh i láthair arís.

    36A

    Eintiteas atá tiomanta do phlean díolacháin lena mbaineann caillteanas i rialú fochuideachta, nochtfaidh sé an fhaisnéis a éilítear i míreanna 33-36 i gcás inar grúpa diúscartha an fochuideachta a chomhlíonann an sainmhíniú ar oibríocht scortha i gcomhréir le mír 32.

    Gnóthachain nó caillteanais a bhaineann le hoibríochtaí leanúnacha

    37

    Aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar atomhas sócmhainne neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar oibríocht scortha, áireofar í i mbrabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha.

    Cur i láthair sócmhainne neamhreatha nó grúpa diúscartha a aicmítear mar shócmhainn nó mar ghrúpa arna sealbhú lena ndíol

    38

    Cuirfidh eintiteas sócmhainn neamhreatha a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol agus sócmhainní grúpa diúscartha a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol i láthair ar leithligh ó shócmhainní eile sa ráiteas ar an staid airgeadais. Cuirfear dliteanais grúpa diúscartha a aicmítear mar dhliteanais arna sealbhú lena ndíol i láthair ar leithligh ó dhliteanais eile sa ráiteas ar an staid airgeadais. Ní dhéanfar na sócmhainní ná na dliteanais sin a fhritháireamh agus a chur i láthair mar mhéid amháin. Nochtfar ar leithligh na haicmí móra de shócmhainní agus dliteanais a aicmítear mar shócmhainní agus dliteanais arna sealbhú lena ndíol sa ráiteas ar an staid airgeadais nó sna nótaí, seachas mar a cheadaítear le mír 39. Aon ioncam nó speansas carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile a bhaineann le sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmítear mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, cuirfidh eintiteas iad i láthair ar leithligh.

    39

    Más fochuideachta a fuarthas as an nua é an grúpa diúscartha a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol ar éadáil (féach mír 11), ní éilítear nochtadh na móraicmí sócmhainní agus dliteanas.

    40

    Ní dhéanfaidh eintiteas athaicmiú nó athchur i láthair ar mhéideanna a cuireadh i láthair le haghaidh sócmhainní neamhreatha ná sócmhainní agus dliteanais grúpaí diúscartha a aicmítear mar shócmhainní agus dliteanais arna sealbhú lena ndíol sna ráitis ar an staid airgeadais do réamhthréimhsí mar léiriú ar an aicmiú sa ráiteas ar an staid airgeadais maidir leis an tréimhse is déanaí a cuireadh i láthair.

    Nochtuithe breise

    41

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis seo a leanas sna nótaí sa tréimhse inar aicmíodh sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú lena díol nó díolta:

    (a)

    tuairisc ar an tsócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha);

    (b)

    tuairisc ar fhíorais agus ar imthosca an díolacháin, nó a tháinig roimh an diúscairt a raibh coinne léi, agus bealach agus uainiú ionchasach na diúscartha sin;

    (c)

    an gnóthachan nó an caillteanas a aithnítear i gcomhréir le míreanna 20-22 agus, mura gcuirtear i láthair ar leithligh iad sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach, an teideal sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina gcuimsítear an gnóthachan nó an caillteanas sin;

    (d)

    más infheidhme, an deighleog intuarascála ina gcuirtear an tsócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) i láthair i gcomhréir le IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin.

    42

    Má tá feidhm ag mír 26 nó 29, nochtfaidh eintiteas, i dtréimhse an chinnidh chun an plean a athrú maidir leis an tsócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a dhíol, tuairisc ar na fíorais agus ar na himthosca as ar eascair an cinneadh agus an éifeacht a bhí ag an gcinneadh ar thorthaí na n-oibríochtaí don tréimhse agus d’aon réamhthréimhse a chuirtear i láthair.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    43

    Cuirfear an IFRS i bhfeidhm go hionchasach maidir le sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol agus oibríochtaí a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar oibríochtaí scortha tar éis dáta éifeachtach an IFRS. D’fhéadfadh eintiteas ceanglais an IFRS a chur i bhfeidhm maidir leis na sócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) uile a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar shócmhainní arna sealbhú lena ndíol agus oibríochtaí a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar oibríochtaí scortha tar éis aon dáta roimh dháta éifeachtach an IFRS, ar choinníoll go bhfuarthas na luachálacha agus an fhaisnéis eile is gá chun an IFRS a chur i bhfeidhm an tráth ar comhlíonadh na critéir sin ar dtús.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    44

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó dá éis sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    44A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Sa bhreis air sin, leasaíodh míreanna 3 agus 38 leis, agus cuireadh míreanna 33A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    44B

    Le IAS 27 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus ar Leithligh (arna leasú in 2008) cuireadh mír 33(d) leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin. Cuirfear an leasú i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    44C

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, cuireadh mír 8A agus mír 36A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Ní chuirfidh eintiteas na leasuithe le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús dáta roimh an 1 Iúil 2009 i bhfeidhm áfach mura gcuireann sé IAS 27 (arna leasú i mí Eanáir 2008) i bhfeidhm freisin. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas na leasuithe i bhfeidhm go hionchasach ón dáta a chuir sé IFRS 5 i bhfeidhm ar dtús, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha i mír 45 de IAS 27 (arna leasú i mí Eanáir 2008).

    44D

    Cuireadh míreanna 5A, 12A agus 15A leis agus leasaíodh mír 8 le IFRIC 17 Dáiltí Sócmhainní Neamhairgid ar Úinéirí i Mí na Samhna 2008. Cuirfear na leasuithe seo i bhfeidhm go hionchasach ar shócmhainní neamhreatha (nó grúpaí diúscartha) a aicmítear mar shócmhainní arna sealbhú lena ndáileadh ar úinéirí i dtréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2009 nó dá éis. Ní cheadaítear cur i bhfeidhm cúlghabhálach a dhéanamh. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh tréimhse dár tús roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 3 Comhcheangail Ghnó (arna athbhreithniú in 2008), IAS 27 (arna leasú i mí Eanáir 2008) agus IFRIC 17 i bhfeidhm freisin.

    44E

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, cuireadh mír 5B leis. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2010 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44F

    [Scriosta]

    44G

    Le IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 28. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 11 á chur i bhfeidhm aige.

    44H

    Le IFRS 13 Tomhas Luach Cóir, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh an sainmhíniú ar luach cóir agus an sainmhíniú ar méid in-aisghabhála i bhFoscríbhinn A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    44I

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 33A. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 arna leasú i mí an Mheithimh 2011 i bhfeidhm.

    44K

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 5 agus scriosadh míreanna 44F agus 44J. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    44L

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2012–2014, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2014, leasaíodh míreanna 26-29 agus cuireadh mír 26A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta i ndáil le hathruithe ar mhodh diúscartha a tharlaíonn i dtréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2016 nó da éis. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44M

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    AISTARRAINGT IAS 35

    45

    Gabhann an IFRS seo in ionad IAS 35 Oibríocht Atá Le Scoradh.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Aonad giniúna airgid

    An grúpa sócmhainní in-sainaitheanta is lú lena ngintear insreafaí airgid atá neamhspleách den chuid is mó ar na hinsreafaí airgid ó shócmhainní eile nó ó ghrúpaí sócmhainní.

    Comhpháirt d’eintiteas

    Oibríochtaí agus sreafaí airgid is féidir a idirdhealú go soiléir, go hoibríochtúil agus chun críoch tuairiscithe airgeadais, ón gcuid eile den eintiteas.

    Costais a bhaineann le díol

    Na costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith diúscairt sócmhainne (nó grúpa diúscartha), gan costais maoiniúcháin agus speansas cáin ioncaim san áireamh.

    Sócmhainn reatha

    Aicmeoidh eintiteas sócmhainn mar shócmhainn reatha nuair is amhlaidh:

    (a)

    go bhfuil coinne aige le réadú na sócmhainne, nó go mbeartaíonn sé í a dhíol nó a ídiú, ina ghnáth-thimthriall oibriúcháin;

    (b)

    go bhfuil an tsócmhainn ina sheilbh aige go príomha chun críche trádála;

    (c)

    go bhfuil coinne aige leis go réadófar an tsócmhainn laistigh de 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe; nó

    (d)

    gur airgead tirim nó coibhéis airgid í an tsócmhainn (mar a shainmhínítear in IAS 7) ach amháin i gcás ina mbaineann srian leis an tsócmhainn nach féidir í a mhalartú nó a úsáid chun dliteanas a shocrú ar feadh 12 mhí ar a laghad i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    Oibríocht scortha

    Is comhpháirt d’eintiteas é a diúscraíodh nó atá aicmithe mar chomhpháirt arna sealbhú lena díol, agus:

    (a)

    léirítear leis réim mhór gnó ar leithligh nó limistéar mór geografach oibríochtaí ar leithligh;

    (b)

    tá sé mar chuid de phlean singil comhordaithe chun réim mhór gnó eile nó limistéar mór geografach oibríochtaí a dhiúscairt; nó

    (c)

    is fochuideachta í a fuarthas go heisiach d’fhonn í a athdhíol.

    Grúpa diúscartha

    Grúpa sócmhainní a dhéanfar a dhiúscairt, trí dhíolachán nó ar shlí eile, le chéile mar ghrúpa in idirbheart amháin, agus dliteanais atá bainteach go díreach leis na sócmhainní sin a aistreofar san idirbheart. Cuimsíonn an grúpa cáilmheas a fuarthas i gcomhcheangal idir gnólachtaí más aonad giniúna airgid é an grúpa a leithdháileadh cáilmheas air i gcomhréir leis na ceanglais i míreanna 80-87 de IAS 36 Lagú Sócmhainní (arna leasú in 2004) nó más oibríocht é laistigh d’aonad giniúna airgid den sórt sin.

    Luach cóir

    Is éard is luach cóir ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais. (Féach IFRS 13.)

    Gealltanas daingean ceannaigh

    Comhaontú le páirtí neamhghaolmhar, a cheanglaíonn ar an dá pháirtí agus atá infhorfheidhmithe le dlí de ghnáth, (a) lena sonraítear na téarmaí suntasacha uile, lena n-áirítear praghas agus uainiú na n-idirbheart, agus (b) lena n-áirítear dídhreasacht le haghaidh neamhfheidhmíochta atá sách mór chun feidhmíocht a dhéanamh thar a bheith dóchúil.

    Thar a bheith dóchúil

    I bhfad níos dóchúla ná dóchúil.

    Sócmhainn neamhreatha

    Sócmhainn nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar sócmhainn reatha.

    Dóchúil

    I bhfad níos dóchúla ná a mhalairt.

    Méid in-aisghabhála

    An méid is airde de luach cóir sócmhainne lúide costais a bhaineann le díol agus a luach úsáide.

    Luach úsáide

    Luach láithreach na sreafaí airgid todhchaí measta a bhfuil coinne leis go n-eascróidh siad as úsáid leanúnach sócmhainne agus as a diúscairt ag deireadh a saolré úsáide.

    Aguisín B

    Forlíonadh maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    SÍNEADH LEIS AN TRÉIMHSE A ÉILÍTEAR CHUN DÍOL A THABHAIRT I GCRÍCH

    B1

    Mar a thugtar ar aird i mír 9, síneadh leis an tréimhse a éilítear chun díol a thabhairt i gcrích, ní chuireann sin bac ar aicmiú sócmhainne (nó grúpa diúscartha) mar shócmhainn arna sealbhú le díol más teagmhais nó imthosca nach bhfuil neart ag an eintiteas orthu is cúis leis an moill agus má tá fianaise leordhóthanach ann go leanann an t-eintiteas de bheith tiomanta dá phlean chun an tsócmhainn (nó an grúpa diúscartha) a dhíol. Beidh feidhm dá bhrí sin ag an eisceacht maidir leis an gceanglas 1 bhliain amháin i mír 8 sna cásanna a leanas i gcás ina n-eascraíonn teagmhais nó imthosca den sórt sin:

    (a)

    ar an dáta a gheallann eintiteas é féin do phlean maidir le sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a dhíol, dáta a measann an t-eintiteas go réasúnach go ndéanfaidh daoine eile (nach ceannaitheoir iad) coinníollacha a fhorchur maidir le haistriú na sócmhainne (nó grúpa diúscartha) a chuirfidh síneadh leis an tréimhse a éilítear leis an díol a thabhairt i gcrích, agus:

    (i)

    ní féidir tús a chur leis na gníomhaíochtaí is gá chun freagairt do na coinníollacha sin go dtí go bhfaightear gealltanas daingean ceannaigh; agus

    (ii)

    go bhfuil gealltanas daingean ceannaigh thar a bheith dóchúil laistigh de 1 bhliain amháin;

    (b)

    go bhfaigheann eintiteas gealltanas daingean ceannaigh agus, mar thoradh ar sin, go ndéanann ceannaitheoir nó daoine eile coinníollacha a fhorchur gan choinne maidir le haistriú sócmhainne neamhreatha (nó grúpa diúscartha) a aicmíodh roimhe sin mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, a chuirfidh síneadh leis an tréimhse a éilítear chun an díol a thabhairt i gcrích, agus:

    (i)

    gur glacadh gníomhaíochtaí tráthúla is gá chun freagairt do na coinníollacha; agus

    (ii)

    go bhfuil coinne le fuascailt fhabhrach maidir leis na cúiseanna moillitheacha;

    (c)

    le linn na tréimhse tosaigh 1 bhliain amháin, go n-eascraíonn imthosca a measadh roimhe sin a bheith neamhdhóchúil agus, mar thoradh ar sin, nach ndíoltar sócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha), a aicmíodh roimhe sin mar shócmhainn arna sealbhú lena díol, faoi dheireadh na tréimhse sin, agus:

    (i)

    gur ghlac an t-eintiteas, le linn na tréimhse 1 bhliain amháin, an ghníomhaíocht ba ghá chun freagairt don athrú sna himthosca;

    (ii)

    go bhfuil an tsócmhainn neamhreatha (nó grúpa diúscartha) á margú go gníomhach ar phraghas atá réasúnach, i bhfianaise na n-athruithe sna himthosca; agus

    (iii)

    go gcomhlíontar na critéir i míreanna 7 agus 8.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 6

    Taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo tuairisciú airgeadais maidir le taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha a shonrú.

    2

    Éilítear leis an IFRS seo go háirithe:

    (a)

    feabhsuithe teoranta ar chleachtais chuntasaíochta atá ann faoi láthair maidir le caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta;

    (b)

    eintiteas a aithníonn sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta chun measúnú a dhéanamh ar shócmhainní le haghaidh lagaithe i gcomhréir leis an IFRS seo agus aon lagú a thomhas i gcomhréir le IAS 36 Lagú Sócmhainní;

    (c)

    nochtuithe lena sainaithnítear agus lena mínítear na méideanna i ráitis airgeadais an eintitis a eascraíonn as taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha agus lena gcuidítear le húsáideoirí na ráiteas airgeadais sin méid, uainiú agus cinnteacht sreafaí airgid todhchaí ó aon sócmhainn taiscéalaíochta agus meastóireachta aitheanta a thuiscint.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfidh eintiteas an IFRS i bhfeidhm ar chaiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta a thabhaíonn sé.

    4

    Ní théann an IFRS i ngleic le gnéithe eile a bhaineann le cuntasaíocht a dhéanann eintitis atá ag gabháil do thaiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha.

    5

    Ní chuirfidh eintiteas an IFRS i bhfeidhm ar chaiteachas a tabhaíodh:

    (a)

    roimh an taiscéalaíocht agus meastóireacht ar acmhainní mianracha, amhail caiteachas a tabhaíodh sula bhfuair an t-eintiteas cearta dlíthiúla chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar limistéar sonrach;

    (b)

    tar éis don fhéidearthacht theicniúil agus don inmharthanacht tráchtála a bhaineann le heastóscadh acmhainne mianraí a bheith inléirithe.

    AITHEANTAS DO SHÓCMHAINNÍ TAISCÉALAÍOCHTA AGUS MEASTÓIREACHTA

    Díolúine shealadach ó IAS 8 míreanna 11 agus 12

    6

    Nuair a dhéanann eintiteas forbairt ar a bheartais chuntasaíochta, cuirfidh eintiteas, a aithníonn sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta, mír 10 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta i bhfeidhm.

    7

    Sonraítear i míreanna 11 agus 12 de IAS 8 foinsí de cheanglais údarásacha agus treoraíocht is gá don bhainistíocht a mheas le linn di beartas cuntasaíochta a fhorbairt le haghaidh míre mura bhfuil feidhm ag aon IFRS go sonrach maidir leis an mír sin. Faoi réir mhíreanna 9 agus 10 thíos, díolmhaíonn an IFRS seo eintiteas na míreanna seo a chur i bhfeidhm ar a bheartais chuntasaíochta maidir le haithint agus tomhas na sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta.

    SÓCMHAINNÍ TAISCÉALAÍOCHTA AGUS MEASTÓIREACHTA A THOMHAS

    Tomhas ag céim an aitheantais

    8

    Déanfar sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a thomhas ar chostas.

    Eilimintí costais de shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta

    9

    Cinnfidh eintiteas beartas cuntasaíochta lena sonraítear an caiteachas a aithneofar mar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta agus cuirfidh sé an beartas i bhfeidhm go comhsheasmhach. Agus an cinneadh sin á dhéanamh aige, measann an t-eintiteas an méid a fhéadfaidh an caiteachas a bheith bainteach le hacmhainní mianracha sonracha a aimsiú. Is samplaí iad na nithe a leanas de chaiteachas a fhéadfar a áireamh sa tomhas tosaigh ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta (ní liosta uileghabhálach é):

    (a)

    éadáil ar chearta i gcomhair taiscéalaíochta;

    (b)

    staidéir thopagrafaíochta, gheolaíocha, gheoicheimiceacha, agus gheoifisiceacha;

    (c)

    druileáil thaiscéalaíoch;

    (d)

    trinseáil;

    (e)

    sampláil; agus

    (f)

    gníomhaíochtaí a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht theicniúil agus an inmharthanacht tráchtála a bhaineann le heastóscadh acmhainne mianraí.

    10

    Ní aithneofar caiteachas a bhaineann le forbairt acmhainní mianracha mar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta. Tugann Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais agus IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe treoraíocht faoi aitheantas sócmhainní a eascraíonn as forbairt.

    11

    I gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, aithníonn eintiteas aon oibleagáid maidir le baint agus athchóiriú a thabhaítear le linn tréimhse ar leith mar iarmhairt ar thaiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha.

    Tomhas tar éis aitheantais

    12

    Tar éis aitheantais, cuirfidh eintiteas an tsamhail chostais nó an tsamhail athluachála i bhfeidhm ar na sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta. Má chuirtear an tsamhail athluachála i bhfeidhm (cíbe acu an tsamhail in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh nó an tsamhail in IAS 38), beidh sé comhsheasmhach le haicmiú na sócmhainní (féach mír 15).

    Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

    13

    D’fhéadfadh eintiteas a bheartais chuntasaíochta a athrú le haghaidh caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta má fhágann an t-athrú go mbeidh na ráitis airgeadais níos ábhartha do riachtanais cinnteoireacht eacnamaíocha na n-úsáideoirí agus chomh hiontaofa céanna fós, nó níos iontaofa agus chomh ábhartha céanna leis na riachtanais sin fós. Breithneoidh eintiteas ábharthacht agus iontaofacht trí na critéir in IAS 8 a úsáid.

    14

    Chun údar a thabhairt don athrú ar a bheartais chuntasaíochta le haghaidh caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta, léireoidh eintiteas go dtugann an t-athrú a ráitis airgeadais níos gaire do na critéir in IAS 8 a chomhlíonadh, ach nach bhfuil sé de cheangal ar an athrú comhlíonadh iomlán leis na critéir sin a bhaint amach.

    CUR I LÁTHAIR

    Sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a aicmiú

    15

    Aicmeoidh eintiteas sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta mar shócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe de réir chineál na sócmhainní a fuarthas agus cuirfidh sé an t-aicmiú i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach.

    16

    Láimhseáiltear roinnt sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta mar shócmhainní doláimhsithe (e.g. cearta chun druileáil a dhéanamh), cé gur sócmhainní inláimhsithe iad cinn eile (e.g. feithiclí agus rigí druileála). A mhéid a ídítear sócmhainn inláimhsithe chun sócmhainn dholáimhsithe a fhorbairt, is cuid de chostas na sócmhainne doláimhsithe an méid a léiríonn an t-ídiú sin. Ní athraíonn sócmhainn inláimhsithe go sócmhainn dholáimhsithe má úsáidtear sócmhainn inláimhsithe chun sócmhainn dholáimhsithe a fhorbairt, áfach.

    Sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a athaicmiú

    17

    Ní aicmeofar sócmhainn taiscéalaíochta agus meastóireachta mar sin a thuilleadh nuair is féidir an fhéidearthacht theicniúil agus an inmharthanacht tráchtála a bhaineann le heastóscadh acmhainne mianraí a léiriú. Déanfar measúnú ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta le haghaidh lagú, agus déanfar aon lagú a aithint, roimh athaicmiú.

    LAGÚ

    Aitheantas agus tomhas

    18

    Déanfar measúnú ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta le haghaidh lagú i gcás ina dtugtar le fios le fíorais agus imthosca go bhféadfadh suim ghlanluacha sócmhainne taiscéalaíochta agus meastóireachta a mhéid in-aisghabhála a shárú. I gcás ina dtugtar le fios le fíorais agus imthosca go sáraíonn an tsuim ghlanluacha an méid in-aisghabhála, déanfaidh eintiteas aon chaillteanas lagaithe mar thoradh air sin a thomhas, a chur i láthair agus a nochtach i gcomhréir le IAS 36, ach amháin mar a fhoráiltear le mír 21 thíos.

    19

    Chun críocha sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta amháin, cuirfear mír 20 den IFRS seo i bhfeidhm seachas míreanna 8-17 de IAS 36 nuair a shainaithnítear sócmhainn taiscéalaíochta agus meastóireachta a d’fheadfadh a bheith lagaithe. Úsáidtear an téarma ‘sócmhainní’ i mír 20 ach tá feidhm aige sin go cothrom maidir le sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta ar leithligh nó aonad giniúna airgid.

    20

    Léirítear le ceann amháin nó níos mó de na fíorais agus na himthosca a leanas gur cheart d’eintiteas scrúdú a dhéanamh ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta le haghaidh lagú (ní liosta uileghabhálach é seo):

    (a)

    i gcás ina bhfuil an tréimhse dá bhfuil an ceart ag an eintiteas taiscéalaíocht a dhéanamh sa limistéar sonrach imithe in éag le linn na tréimhse nó go rachaidh sé in éag go luath amach anseo, agus níl coinne lena athnuachan;

    (b)

    i gcás nach bhfuil caiteachas substainteach ar tuilleadh taiscéalaíochta agus meastóireachta ar acmhainní mianracha buiséadaithe ná pleanáilte don limistéar sonrach;

    (c)

    i gcás nár aimsíodh méideanna atá inmharthana ó thaobh na tráchtála d’acmhainní mianracha sa limistéar sonrach mar thoradh ar an taiscéalaíocht agus meastóireacht a rinneadh ar acmhainní mianracha agus tá cinneadh déanta ag an eintiteas scor de ghníomhaíochtaí den sórt sa limistéar sonrach;

    (d)

    i gcás ina bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil lena léirítear, cé gur dócha go leanfar le forbairt sa limistéar sonrach, nach dócha go ndéanfar suim ghlanluacha na sócmhainne taiscéalaíochta agus meastóireachta a aisghabháil ina hiomláine mar thoradh ar fhorbairt rathúil nó trí dhíol.

    I gcás den sórt sin, nó i gcásanna cosúil leis sin, déanfaidh an t-eintiteas tástáil le haghaidh lagú i gcomhréir le IAS 36. Aithnítear aon chaillteanas lagaithe mar speansas i gcomhréir le IAS 36.

    Ag sonrú an leibhéil ina ndéantar measúnú ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta le haghaidh lagú

    21

    Cinnfidh eintiteas beartas cuntasaíochta chunsócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a dháileadh ar aonaid giniúna airgid nó ar ghrúpaí d’aonaid giniúna airgid chun measúnú a dhéanamh ar shócmhainní den sórt sin i gcomhair lagú. Gach aonad giniúna airgid nó grúpa d’aonaid a bhfuil sócmhainn taiscéalaíochta agus meastóireachta leithdháilte ina leith, ní bheidh sé níos mó ná deighleog oibriúcháin arna cinneadh i gcomhréir le IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin.

    22

    Leis an leibhéal arna shainaithint ag an eintiteas chun tástáil a dhéanamh ar shócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta le haghaidh lagú, féadfaidh aonad giniúna airgid amháin nó níos mó ná sin a bheith i gceist.

    NOCHTADH

    23

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis lena sainaithnítear agus lena mínítear na méideanna a aithnítear ina ráitis airgeadais a eascraíonn as taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha.

    24

    Chun mír 23 a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    a bheartais chuntasaíochta maidir le caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta, lena n-áirítear sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a aithint;

    (b)

    na méideanna sócmhainní, dliteanas, ioncaim agus speansais agus sreafaí airgid oibriúcháin agus sreafaí airgid infheistíochta a eascraíonn as taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha.

    25

    Déanfaidh eintiteas sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta a láimhseáil mar aicme sócmhainní ar leithligh agus déanfaidh sé na nochtuithe a éilítear le IAS 16 nó IAS 38 ar bhealach comhsheasmhach leis an gcaoi a dhéantar na sócmhainní a aicmiú.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    26

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2006 nó dá éis. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2006, nochtfaidh sé an méid sin.

    26A

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, arna eisiúint in 2018, leasaíodh mír 10. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas an leasú sin ar IFRS 6 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta. Má chinneann eintiteas, áfach, go mbeadh an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin dofheidhmithe nó go mbainfeadh costas nó iarracht mhíchuí leis, cuirfidh sé an leasú ar IFRS 6 i bhfeidhm faoi threoir mhíreanna 23–28, 50–53 agus 54F de IAS 8.

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

    27

    Má tá sé dofheidhmithe ceanglas ar leith de mhír 18 a chur i bhfeidhm ar fhaisnéis chomparáideach a bhaineann le tréimhsí bliantúla a thosaíonn roimh 1 Eanáir 2006, nochtfaidh eintiteas an méid sin. Mínítear an téarma ‘dofheidhmithe’ in IAS 8.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Sócmhainní taiscéalaíochta agus meastóireachta

    Caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta a aithnítear mar shócmhainní i gcomhréir le beartas cuntasaíochta an eintitis.

    Caiteachas taiscéalaíochta agus meastóireachta

    Caiteachas a thabhaigh eintiteas i ndáil le taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha sular féidir an fhéidearthacht theicniúil agus an inmharthanacht tráchtála a bhaineann le hastarraingt acmhainne mianraí a léiriú.

    Taiscéalaíocht agus meastóireacht a dhéanamh ar acmhainní mianracha

    An cuardach le haghaidh acmhainní mianracha, lena n-áirítear mianraigh, ola, gás nádúrtha agus acmhainní neamh-athghiniúnacha comhchosúla eile, tar éis don eintiteas cearta dlíthiúla a fháil chun taiscéalaíocht a dhéanamh i limistéar sonrach, chomh maith le cinneadh a dhéanamh ar fhéidearthacht theicniúil agus inmharthanacht tráchtála i ndáil le heastóscadh na hacmhainne mianraí.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 7

    Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo a chur de cheangal ar eintitis nochtuithe a sholáthar ina ráitis airgeadais a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí meastóireacht a dhéanamh ar na nithe a leanas:

    (a)

    tábhacht na n-ionstraimí airgeadais do staid airgeadais agus d’fheidhmíocht airgeadais an eintitis; agus

    (b)

    cineál agus fairsinge na rioscaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu le linn na tréimhse agus ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, agus an bealach a bhainistíonn an t-eintiteas na rioscaí sin.

    2

    Comhlánaíonn na prionsabail san IFRS seo na prionsabail le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a aithint, a thomhas agus a chur i láthair in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfidh na heintitis uile an IFRS seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais, seachas:

    (a)

    na leasanna sin i bhfochuideachtaí, i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontair a ndéantar cuntasaíocht orthu i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh nó IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair. I roinnt cásanna, áfach, éilítear nó ceadaítear le IFRS 10, IAS 27 nó IAS 28 go n-úsáidfidh eintiteas IFRS 9 chun cuntasaíocht a dhéanamh ar leas i bhfochuideachta, i gcomhlach nó i gcomhfhiontar; sna cásanna sin, cuirfidh eintitis ceanglais an IFRS seo i bhfeidhm agus, maidir leo sin arna dtomhas ar luach cóir, cuirfear ceanglais IFRS 13 Tomhas Luach Cóir i bhfeidhm. Cuirfidh eintitis an IFRS seo i bhfeidhm freisin maidir le gach díorthach atá nasctha le leasanna i bhfochuideachtaí, i gcomhlaigh nó i gcomhfhiontair mura gcomhlíonann an díorthach an sainmhíniú ar ionstraim chothromais in IAS 32.

    (b)

    cearta agus oibleagáidí fostóirí a eascraíonn as pleananna sochair fostaithe, dá bhfuil feidhm ag IAS 19 Sochair Fostaithe maidir leo.

    (d)

    conarthaí árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17 Conarthaí Árachais nó conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an IFRS seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear ar an eintiteas le IFRS 9 cuntas a choinneáil orthu ar leithligh;

    (ii)

    comhchodanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhchuid infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide;

    (iii)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora a eascraíonn faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais, má chuireann an t-eisitheoir IFRS 9 i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas. Mar sin féin, cuirfidh an t-eisitheoir IFRS 17 i bhfeidhm má roghnaíonn an t-eisitheoir, i gcomhréir le mír 7(e) de IFRS 17, IFRS 17 a chur i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas;

    (iv)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais má chuireann an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin i gcomhréir le mír 7(h) de IFRS 17 agus le mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9;

    (v)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a éilítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis gconradh a shocrú, má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin.

    (e)

    ionstraimí airgeadais, conarthaí agus oibleagáidí faoi idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe dá bhfuil feidhm ag IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe maidir leo, ach amháin go bhfuil feidhm ag an IFRS seo maidir le conarthaí faoi raon feidhme IFRS 9.

    (f)

    ionstraimí a gceanglaítear iad a aicmiú mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D de IAS 32.

    4

    Tá feidhm leis an IFRS seo maidir le hionstraimí airgeadais aitheanta agus neamhaitheanta. Áirítear le hionstraimí airgeadais aitheanta sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais atá faoi raon feidhme IFRS 9. Áirítear le hionstraimí airgeadais neamhaitheanta roinnt ionstraimí airgeadais, atá faoi raon feidhme an IFRS seo, cé nach bhfuil siad faoi raon feidhme IFRS 9.

    5

    Tá feidhm ag an IFRS seo maidir le conarthaí chun mír neamhairgeadais atá faoi raon feidhme IFRS 9 a cheannach nó a dhíol.

    5A

    Tá feidhm ag na ceanglais maidir le nochtadh riosca creidmheasa i míreanna 35A–35N maidir leis na cearta sin ina sonraítear in IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí go dtugtar cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 9 chun gnóthachain nó caillteanais lagaithe a aithint. Aon tagairt do shócmhainní airgeadais nó d’ionstraimí airgeadais sna míreanna seo, áireofar na cearta sin leo mura sonraítear a mhalairt.

    AICMÍ IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS AN LEIBHÉAL NOCHTA

    6

    I gcás ina gceanglófar nochtuithe de réir aicme na hionstraime airgeadais leis an IFRS seo, grúpálfaidh eintiteas ionstraimí airgeadais in aicmí atá ábhartha do chineál na faisnéise arna nochtadh agus ina gcuirfear san áireamh saintréithe na n-ionstraimí airgeadais sin. Soláthróidh eintiteas faisnéis leordhóthanach ionas go gceadófar na míreanna líne a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais a réiteach.

    TÁBHACHT NA nIONSTRAIMÍ AIRGEADAIS MAIDIR LE STAID AIRGEADAIS AGUS FEIDHMÍOCHT AIRGEADAIS

    7

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar thábhacht ionstraimí airgeadais dá staid airgeadais agus dá fheidhmíocht airgeadais.

    Ráiteas ar an Staid Airgeadais

    Catagóirí de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais

    8

    Nochtfar méideanna glanluacha gach ceann de na catagóirí seo a leanas, mar a shonraítear in IFRS 9, sa ráiteas ar an staid airgeadais nó sna nótaí:

    (a)

    sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, lena léirítear ar leithligh (i) iad siúd a ainmnítear amhlaidh tráth a thugtar aitheantas tosaigh nó dá éis sin i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9; (ii) iad siúd a thomhaistear amhlaidh i gcomhréir leis an roghnú i mír 3.3.5 de IFRS 9; (iii) iad siúd a thomhaistear amhlaidh i gcomhréir leis an roghnú i mír 33A de IAS 32 agus (iv) iad siúd a thomhaistear go héigeantach ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9.

    (b)–(d)

    [scriosta]

    (e)

    dliteanais airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, lena léirítear ar leithligh (i) iad siúd a ainmnítear amhlaidh tráth a thugtar aitheantas tosaigh nó dá éis sin i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9 agus (ii) iad siúd a chomhlíonann an sainmhíniú ar dhliteanais arna sealbhú le trádáil in IFRS 9.

    (f)

    sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta.

    (g)

    dliteanais airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta.

    (h)

    sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, lena léirítear ar leithligh (i) sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9; agus (ii) infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a ainmnítear amhlaidh tráth a thugtar aitheantas tosaigh dóibh i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9.

    Sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    9

    Má tá sócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais) ag an eintiteas a ainmnítear mar shócmhainní atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas a thomhaisfí murach sin ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nó ar chostas amúchta, nochtfaidh sé:

    (a)

    an neamhchosaint uasta ar riosca creidmheasa (féach mír 36(a)) den tsócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais) ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    (b)

    an méid lena maolaíonn aon díorthach creidmheasa gaolmhar nó aon ionstraim chomhchosúil an neamhchosaint uasta sin ar riosca creidmheasa (féach mír 36(b)).

    (c)

    an méid athraithe, le linn na tréimhse agus go carnach, ar luach cóir na sócmhainne airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais) atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa na sócmhainne airgeadais arna chinneadh:

    (i)

    mar an méid athraithe ar a luach cóir nach bhfuil inchurtha i leith athruithe ar dhálaí an mhargaidh ba chúis le riosca margaidh; nó

    (ii)

    modh malartach a úsáid a thugann léiriú is dílse, dar leis an eintiteas, ar an méid athraithe ar a luach cóir atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa na sócmhainne.

    Áirítear ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh as a n-eascraíonn riosca margaidh athruithe ar ráta úis (tagarmharc), ar phraghas tráchtearraí, ar ráta malairte eachtraí nó ar innéacs praghsanna nó rátaí a chonacthas;

    (d)

    an méid athraithe ar luach cóir aon díorthaigh creidmheasa ghaolmhair nó ionstraime comhchosúla a tharla le linn na tréimhse agus go carnach ó ainmníodh an tsócmhainn airgeadais.

    10

    Má d’ainmnigh an t-eintiteas dliteanas airgeadais amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.2.2 de IFRS 9 agus má cheanglaítear air éifeachtaí na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais sin a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile (féach mír 5.7.7 de IFRS 9), nochtfaidh sé:

    (a)

    an méid athraithe, go carnach, ar luach cóir an dliteanais airgeadais atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais sin (féach míreanna B5.7.13–B5.7.20 de IFRS 9 le haghaidh treoraíochta maidir le héifeachtaí athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais a chinneadh).

    (b)

    an difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais agus an méid a cheanglófaí ar an eintiteas a íoc ar bhonn conarthach, tráth na haibíochta, le sealbhóir na hoibleagáide.

    (c)

    aon aistriú ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas carnach laistigh de chothromas le linn na tréimhse lena n-áirítear an chúis le haistrithe den sórt sin.

    (d)

    má dhí-aithnítear dliteanas le linn na tréimhse, an méid (más ann dó) a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile a réadaíodh tráth na dí-aitheanta.

    10A

    Má d’ainmnigh eintiteas dliteanas airgeadais amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.2.2 de IFRS 9 agus má cheanglaítear air gach athrú ar luach cóir an dliteanais sin a chur i láthair (lena n-áirítear éifeachtaí na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais) i mbrabús nó caillteanas (féach míreanna 5.7.7 agus 5.7.8 de IFRS 9), nochtfaidh sé:

    (a)

    an méid athraithe, le linn na tréimhse, agus go carnach, ar luach cóir an dliteanais airgeadais atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais sin (féach míreanna B5.7.13–B5.7.20 de IFRS 9 le haghaidh treoraíochta maidir le héifeachtaí athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais a chinneadh); agus

    (b)

    an difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais agus an méid a cheanglófaí ar an eintiteas a íoc ar bhonn conarthach, tráth na haibíochta, le sealbhóir na hoibleagáide.

    11

    Déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

    (a)

    tuairisc mhionsonraithe ar na modhanna a úsáideadh chun na ceanglais i mír 9(c), mír 10(a) agus mír 10A(a) agus mír 5.7.7(a) de IFRS 9 a chomhlíonadh, lena n-áirítear míniú ar an gcúis go bhfuil an modh iomchuí.

    (b)

    má chreideann an t-eintiteas nach dtugann an nochtadh atá tugtha aige, sa ráiteas ar an staid airgeadais ná sna nótaí, chun na ceanglais i mír 9(c), mír 10(a) nó mír 10A(a) nó mír 5.7.7(a) de IFRS 9 a chomhlíonadh, léiriú dílis ar an athrú ar luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais atá inchurtha i leith athruithe ar a riosca creidmheasa, na cúiseanna gur tháinig sé ar an gconclúid sin agus na tosca a chreideann sé is ábhartha.

    (c)

    tuairisc mhionsonraithe ar an modheolaíocht nó ar na modheolaíochtaí a úsáidtear chun a chinneadh cé acu a chruthófaí nó nach gcruthófaí nó an méadófaí nó nach méadófaí neamhréir chuntasaíochta i mbrabús nó caillteanas trí bhíthin éifeachtaí na n-athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile (féach míreanna 5.7.7 agus 5.7.8 de IFRS 9). Má cheanglaítear ar eintiteas na héifeachtaí atá ag athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais a chur i láthair i mbrabús nó caillteanas (féach mír 5.7.8 de IFRS 9), ní mór tuairisc mhionsonraithe a áireamh sa nochtadh maidir leis an ngaolmhaireacht eacnamaíoch ar a dtugtar tuairisc i mír B5.7.6 de IFRS 9.

    Infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a ainmnítear ag luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile

    11A

    Má d’ainmnigh eintiteas infheistíochtaí in ionstraimí cothromais atá le tomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, arna cheadú le mír 5.7.5 de IFRS 9, nochtfaidh sé:

    (a)

    cé na hinfheistíochtaí in ionstraimí cothromais a ainmníodh le tomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile.

    (b)

    na cúiseanna atá leis an malairt chur i láthair seo a úsáid.

    (c)

    luach cóir gach infheistíochta den sórt sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    (d)

    díbhinní arna n-aithint le linn na tréimhse, ina dtaispeántar ar leithligh iad sin a bhaineann le hinfheistíochtaí a dí-aithníodh le linn na tréimhse tuairiscithe agus iad sin a bhaineann le hinfheistíochtaí arna sealbhú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    (e)

    aon aistriú ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas carnach laistigh de chothromas le linn na tréimhse lena n-áirítear an chúis le haistrithe den sórt sin.

    11B

    Má dhí-ainmnigh eintiteas infheistíochtaí in ionstraimí cothromais arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse tuairiscithe, nochtfaidh sé:

    (a)

    na cúiseanna a bhí leis na hinfheistíochtaí a dhiúscairt.

    (b)

    luach cóir na n-infheistíochtaí ar dháta na dí-aitheanta.

    (c)

    gnóthachan nó caillteanas carnach ar dhiúscairt.

    Athaicmiú

    12–12A

    [Scriosta]

    12B

    Nochtfaidh eintiteas má rinne sé, sna tréimhsí tuairiscithe reatha nó i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, athaicmiú ar aon sócmhainn airgeadais i gcomhréir le mír 4.4.1 de IFRS 9. Maidir le gach teagmhas den sórt sin, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    dáta an athaicmithe.

    (b)

    míniú mionsonraithe ar an athrú ar an tsamhail ghnó agus tuairisc cháilíochtúil ar an éifeacht a bhí aici ar ráitis airgeadais an eintitis.

    (c)

    an méid arna athaicmiú isteach agus amach as gach catagóir.

    12C

    Maidir le gach tréimhse tuairiscithe tar éis athaicmiú go dtí dí-aithint, nochtfaidh eintiteas maidir le sócmhainní a athaicmíodh amach as an gcatagóir luacha chóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ionas go dtomhaisfear iad ar chostas amúchta nó ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.4.1 de IFRS 9:

    (a)

    an ráta úis glan arna chinneadh ar dháta an athaicmithe; agus

    (b)

    an t-ioncam úis arna aithint.

    12D

    Má rinne eintiteas, óna dháta tuairiscithe bliantúil deiridh, athaicmiú ar shócmhainní airgeadais amach as an gcatagóir luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile ionas go dtomhaistear iad ar chostas amúchta nó amach as an gcatagóir luacha chóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ionas go dtomhaistear iad ar chostas amúchta nó ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nochtfaidh sé:

    (a)

    luach cóir na sócmhainní airgeadais ag deireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (b)

    an gnóthachan nó caillteanas luacha chóir a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas nó in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse tuairiscithe dá mba rud é nár athaicmíodh na sócmhainní airgeadais.

    13

    [Scriosta]

    Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh

    13A

    Forlíontar leis na nochtuithe i míreanna 13B–13E na ceanglais eile maidir le nochtadh den IFRS seo agus ceanglaítear iad maidir le gach ionstraim airgeadais aitheanta a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir le mír 42 de IAS 32. Tá feidhm ag na nochtuithe sin freisin maidir le hionstraimí airgeadais aitheanta atá faoi réir máistirshocrú glanluachála infhorfheidhmithe nó comhaontú comhchosúil, gan beann ar cé acu a fhritháirítear nó nach bhfritháirítear iad i gcomhréir le mír 42 de IAS 32.

    13B

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar éifeacht nó ar éifeacht fhéideartha socruithe glanluachála ar staid airgeadais an eintitis. Áirítear leis sin an éifeacht nó an éifeacht fhéideartha a bheadh ag cearta fritháirimh bainteach le sócmhainní airgeadais aitheanta agus le dliteanais airgeadais aitheanta an eintitis atá faoi raon feidhme mhír 13A.

    13C

    Chun an cuspóir i mír 13B a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, an fhaisnéis chainníochtúil seo a leanas ar leithligh le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais aitheanta atá faoi raon feidhme mhír 13A:

    (a)

    méideanna comhlána na sócmhainní airgeadais aitheanta agus na ndliteanas airgeadais aitheanta sin;

    (b)

    na méideanna a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir leis na critéir i mír 42 de IAS 32 le linn do na glanmhéideanna a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais a bheith á gcinneadh;

    (c)

    na glanmhéideanna a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais;

    (d)

    na méideanna atá faoi réir máistirshocrú glanluachála infhorfheidhmithe nó comhaontú comhchosúil nach bhfuil áirithe ar bhealach eile i mír 13C(b), lena n-áirítear:

    (i)

    méideanna a bhaineann le hionstraimí airgeadais aitheanta nach gcomhlíonann roinnt de na critéir maidir le fritháireamh nó iad go léir i mír 42 de IAS 32; agus

    (ii)

    méideanna a bhaineann le comhthaobhacht airgeadais (lena n-áirítear comhthaobhacht airgid); agus

    (e)

    an glanmhéid tar éis na méideanna in (d) a asbhaint ó na méideanna in (c) thuas.

    An fhaisnéis a cheanglaítear leis an mír seo, cuirfear i láthair í i bhformáid tábla, ar leithligh le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais, mura bhfuil formáid eile níos iomchuí.

    13D

    Beidh an méid iomlán a nochtfar i gcomhréir le mír 13C(d) le haghaidh ionstraim teoranta don mhéid i mír 13C(c) le haghaidh na hionstraime sin.

    13E

    Áireoidh eintiteas tuairisc sna nochtuithe ar na cearta fritháirimh atá bainteach le sócmhainní airgeadais aitheanta agus le dliteanais airgeadais aitheanta an eintitis atá faoi réir máistirshocruithe glanluachála infhorfheidhmithe agus comhaontuithe comhchosúla a nochtar i gcomhréir le mír 13C(d), lena n-áirítear cineál na gceart sin.

    13F

    Má dhéantar an fhaisnéis a cheanglaítear le míreanna 13B–13E a nochtadh i mbreis agus nóta amháin leis na ráitis airgeadais, déanfaidh eintiteas crostagairt idir na nótaí sin.

    Comhthaobhacht

    14

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    suim ghlanluacha na sócmhainní airgeadais atá geallta aige mar chomhthaobhacht le haghaidh dliteanais nó le haghaidh dliteanais theagmhasacha, lena n-áirítear méideanna atá athaicmithe i gcomhréir le mír 3.2.23(a) de IFRS 9; agus

    (b)

    na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann lena ghealltanas.

    15

    I gcás ina bhfuil comhthaobhacht (de shócmhainní airgeadais nó sócmhainní neamhairgeadais) ag eintiteas agus i gcás ina bhfuil cead aige an chomhthaobhacht a dhíol nó a athghealladh in éagmais mainneachtana ag úinéir na comhthaobhachta, nochtfaidh sé:

    (a)

    luach cóir na comhthaobhachta arna sealbhú;

    (b)

    luach cóir aon chomhthaobhachta den sórt sin arna díol nó arna athghealladh, agus cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid ar an eintiteas í a thabhairt ar ais; agus

    (c)

    na téarmaí agus na coinníollacha atá bainteach leis an úsáid a bhainfidh sé as an gcomhthaobhacht.

    Cuntas lamháltais le haghaidh caillteanais chreidmheasa

    16

    [Scriosta]

    16A

    Ní dhéantar suim ghlanluacha na sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9 a laghdú le lamháltas caillteanais agus ní chuirfidh eintiteas an lamháltas caillteanais i láthair ar leithligh sa ráiteas ar an staid airgeadais mar laghdú ar shuim ghlanluacha na sócmhainne airgeadais. Nochtfaidh eintiteas an lamháltas caillteanais sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais, áfach.

    Ionstraimí airgeadais cumaisc lena ngabhann díorthaigh leabaithe iolracha

    17

    Má d’eisigh eintiteas ionstraim ina bhfuil comhpháirt dliteanais agus cothromais araon (féach mír 28 de IAS 32) agus má tá díorthaigh leabaithe iolracha san ionstraim a bhfuil luachanna idirspleácha acu (amhail ionstraim fiachais in-chomhshóite inghlaoite), nochtfaidh sé gurb ann do na gnéithe sin.

    Mainneachtain agus sáruithe

    18

    Maidir le hiasachtaí iníoctha atá aitheanta ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    mionsonraí maidir le haon mhainneachtain ar an bpríomhshuim le linn na tréimhse, ar ús, ar chiste fiachmhúchta, nó téarmaí fuascailte na n-iasachtaí sin is iníoctha;

    (b)

    suim ghlanluacha na n-iasachtaí is iníoctha atá ar mainneachtain ag deireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (c)

    cé acu ar réitíodh nó nár réitíodh an mhainneachtain, nó cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh téarmaí na n-iasachtaí iníoctha a ath-idirbheartú, sular údaraíodh na ráitis airgeadais dá n-eisiúint.

    19

    Más amhlaidh, le linn na tréimhse, go ndearnadh sáruithe ar théarmaí an chomhaontaithe iasachta seachas iad sin ar a dtugtar tuairisc i mír 18, nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le mír 18 má tugadh deis leis na sáruithe sin don iasachtóir aisíocaíocht luathaithe a éileamh (murar réitíodh na sáruithe, nó murar ath-idirbheartaíodh téarmaí na hiasachta, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe nó roimhe sin).

    Ráiteas ar ioncam cuimsitheach

    Míreanna ioncaim, speansas, gnóthachan nó caillteanas

    20

    Nochtfaidh eintiteas na míreanna ioncaim, speansas, gnóthachan nó caillteanas seo a leanas sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach nó sna nótaí:

    (a)

    glanghnóthachain nó glanchaillteanais maidir le:

    (i)

    sócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, á dtaispeáint sin ar leithligh ó shócmhainní airgeadais nó ó dhliteanais airgeadais atá ainmnithe mar sin tráth a thugtar aitheantas tosaigh nó dá éis sin i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9, agus iad sin ó shócmhainní airgeadais nó ó dhliteanais airgeadais arna dtomhas ar bhonn éigeantach ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9 (e.g. dliteanais airgeadais a chomhlíonann an sainmhíniú maidir le dliteanais arna sealbhú le trádáil in IFRS 9). Maidir le dliteanais airgeadais arna n-ainmniú amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, taispeánfaidh eintiteas ar leithligh an méid gnóthachain nó caillteanais a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile agus an méid a aithníodh i mbrabús nó caillteanas.

    (ii)–(iv)

    [scriosta]

    (v)

    dliteanais airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta.

    (vi)

    sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta.

    (vii)

    infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a ainmnítear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9.

    (viii)

    sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9, ag taispeáint ar leithligh an méid gnóthachain nó caillteanais a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse agus an méid arna athaicmiú ar dhí-aithint ó ioncam cuimsitheach carntha eile chuig brabús nó caillteanas le haghaidh na tréimhse.

    (b)

    an t-ioncam iomlán ó ús agus an speansas úis iomlán (arna ríomh ag úsáid mhodh an úis ghlain) le haghaidh sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar chostas amúchta nó a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A de IFRS 9 (ag taispeáint na méideanna sin ar leithligh); nó dliteanais airgeadais nach dtomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    (c)

    ioncam agus speansas ó tháillí (seachas méideanna a áirítear chun an glanráta úis a chinneadh) a eascraíonn as:

    (i)

    sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais nach bhfuil ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas; agus

    (ii)

    gníomhaíochtaí iontaobhais agus gníomhaíochtaí muiníneacha eile a leanann sealbhú nó infheistiú sócmhainní astu thar ceann daoine aonair, iontaobhas, pleananna sochair scoir, agus institiúidí eile.

    (d)

    [scriosta]

    (e)

    [scriosta]

    20A

    Nochtfaidh eintiteas anailís ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas a aithníodh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach a eascraíonn as dí-aithint na sócmhainní airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta, ag taispeáint ar leithligh gnóthachain agus caillteanais a eascraíonn as dí-aithint na sócmhainní airgeadais sin. Áireofar sa nochtadh sin na cúiseanna go ndearnadh na sócmhainní airgeadais sin a dhí-aithint.

    Nochtaí eile

    Beartais chuntasaíochta

    21

    I gcomhréir le mír 117 de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007), nochtann eintiteas faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta. An fhaisnéis maidir leis an mbonn (nó na boinn) tomhais le haghaidh ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun na ráitis airgeadais a ullmhú, meastar gur faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a bheidh inti.

    Cuntasaíocht fálaithe

    21A

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais maidir le nochtadh i bhfeidhm i míreanna 21B–24F le haghaidh na neamhchosaintí sin ar riosca arna bhfálú ag eintiteas agus a roghnaíonn sé cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm maidir leo. Soláthrófar faisnéis maidir leo seo a leanas i nochtuithe cuntasaíochta fálaithe:

    (a)

    straitéis bainistíochta riosca eintitis agus conas a chuirtear í i bhfeidhm chun riosca a bhainistiú;

    (b)

    conas a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí fálaithe an eintitis difear a dhéanamh do mhéid, d’uainiú agus d’éiginnteacht a shreafaí airgid todhchaí; agus

    (c)

    an éifeacht a bhí ag cuntasaíocht fálaithe ar ráiteas an eintitis ar an staid airgeadais, ar an ráiteas ar ioncam cuimsitheach agus ar an ráiteas ar athruithe sa chothromas.

    21B

    Cuirfidh eintiteas na nochtuithe is gá i láthair i nóta aonair nó i roinn ar leithligh ina chuid ráitis airgeadais. Ní gá d’eintiteas faisnéis a dhúbailt áfach, a cuireadh i láthair in áit éigin eile cheana féin, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis corpraithe trí chrostagairt ó na ráitis airgeadais do ráiteas éigin eile, amhail tráchtaireacht bhainistíochta nó tuairisc ar rioscaí, atá ar fáil d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais ar na téarmaí céanna agus an tráth céanna leis na ráitis airgeadais. In éagmais na faisnéise arna corprú trí chrostagairt, beidh na ráitis airgeadais neamhiomlán.

    21C

    I gcás ina gceanglófar le míreanna 22A–24F ar an eintiteas an fhaisnéis a nochtar a dheighilt de réir catagóir riosca, cinnfidh an t-eintiteas gach catagóir riosca ar bhonn na neamhchosaintí ar riosca a chinneann an t-eintiteas a fhálú agus a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm maidir leo. Cinnfidh eintiteas catagóirí riosca go comhsheasmhach maidir le gach nochtadh de chuntasaíocht fálaithe.

    21D

    Chun na cuspóirí i mír 21A a chomhlíonadh, cinnfidh eintiteas (seachas mar a shonraítear a mhalairt thíos) cá mhéad mionsonraí a nochtfaidh sé, cá mhéad béime a chuirfear ar ghnéithe difriúla de na ceanglais maidir le nochtadh, an leibhéal comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe iomchuí, agus cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn mínithe breise ó úsáideoirí ráiteas airgeadais chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis chainníochtúil a nochtadh. Bainfidh eintiteas úsáid áfach as an leibhéal céanna comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe a úsáideann sé le haghaidh ceanglais maidir le nochtadh d’fhaisnéis ghaolmhar san IFRS seo agus in IFRS 13 Tomhas Luach Cóir.

    An straitéis bainistíochta riosca

    22

    [Scriosta]

    22A

    Míneoidh eintiteas a straitéis bainistíochta riosca le haghaidh gach catagóire riosca de neamhchosaintí ar riosca a chinneann sé a fhálú agus a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm ina leith. Ba cheart don mhíniú sin cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar (mar shampla):

    (a)

    conas a eascraíonn gach riosca.

    (b)

    conas a bhainistíonn an t-eintiteas gach riosca; áirítear leis sin cé acu a fhálaíonn nó nach bhfálaíonn an t-eintiteas mír ina hiomláine maidir le gach riosca nó cé acu a fhálaíonn nó nach bhfálaíonn sé comhpháirt (nó comhpháirteanna) riosca míre agus cén fáth.

    (c)

    fairsinge na neamhchosaintí ar riosca a bhainistíonn an t-eintiteas.

    22B

    Chun na ceanglais i mír 22A a chomhlíonadh, ba cheart tuairisc ar na nithe a leanas a áireamh leis an bhfaisnéis (ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist):

    (a)

    na hionstraimí fálaithe a úsáidtear (agus conas a úsáidtear iad) chun neamhchosaintí ar riosca a fhálú;

    (b)

    an bealach a chinneann an t-eintiteas an caidreamh eacnamaíoch idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálúcháin chun críche measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an fhálaithe; agus

    (c)

    conas a leagann an t-eintiteas síos an cóimheas fálaithe agus cad iad foinsí na neamhéifeachtachta fálaithe.

    22C

    Nuair a ainmníonn eintiteas comhpháirt riosca shonrach mar mhír fhálaithe (féach mír 6.3.7 de IFRS 9) soláthróidh sé, in éineacht leis na nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 22A agus 22B, faisnéis cháilíochtúil nó chainníochtúil maidir le:

    (a)

    conas a chinn an t-eintiteas an chomhpháirt riosca arna hainmniú mar an mhír fhálaithe (lena n-áirítear tuairisc ar chineál na gaolmhaireachta idir an chomhpháirt riosca agus an mhír ina hiomláine); agus

    (b)

    conas atá baint ag an gcomhpháirt riosca leis an mír ina hiomláine (mar shampla, an chomhpháirt riosca arna hainmniú lenar cumhdaíodh go stairiúil 80 faoin gcéad ar an meán de na hathruithe i luach cóir na míre ina hiomláine).

    Méid, uainiú agus éiginnteacht sreafaí airgid todhchaí

    23

    [Scriosta]

    23A

    Mura bhfuil sé díolmhaithe le mír 23C, nochtfaidh eintiteas de réir catagóir riosca faisnéis chainníochtúil chun ligean d’úsáideoirí a chuid ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar théarmaí agus coinníollacha ionstraimí fálaithe agus an difear a dhéanann siad do mhéid, d’uainiú agus d’éiginnteacht sreabhadh airgid todhchaí an eintitis.

    23B

    Chun an ceanglas i mír 23A a chomhlíonadh, soláthróidh eintiteas miondealú lena nochtar:

    (a)

    próifíl d’uainiú mhéid ainmniúil na hionstraime fálaithe; agus

    (b)

    más infheidhme, praghas nó ráta ar an meán (mar shampla praghsanna feidhmithe nó réamhphraghsanna etc.) na hionstraime fálaithe.

    23C

    I gcásanna ina n-athshocraíonn (i.e. nuair a scoireann sé di agus a atosaíonn í) eintiteas gaolmhaireachtaí fálaithe go minic toisc go n-athraíonn an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe araon go minic (i.e. an neamhchosaint agus na hionstraimí fálaithe araon a úsáidtear chun bainistíocht a dhéanamh ar an neamhchosaint sin, ní fhanann siad mar a chéile ar feadh i bhfad sa phróiseas dinimiciúil a úsáideann an t-eintiteas—amhail sa sampla i mír B6.5.24(b) de IFRS 9), beidh an t-eintiteas:

    (a)

    díolmhaithe ó na nochtuithe a cheanglaítear le mír 23A agus mí 23B a sholáthar.

    (b)

    nochtfaidh sé:

    (i)

    faisnéis faoin straitéis bainistíochta riosca deiridh atá ann i ndáil leis na gaolmhaireachtaí fálaithe sin;

    (ii)

    tuairisc ar conas a léiríonn sé a straitéis bainistíochta riosca trí chuntasaíocht fálaithe a úsáid agus na gaolmhaireachtaí fálaithe áirithe sin a ainmniú; agus

    (iii)

    tásc faoi chomh minic a scoirtear de na gaolmhaireachtaí fálaithe agus a atosaítear iad mar chuid de phróiseas an eintitis i ndáil leis na gaolmhaireachtaí fálaithe sin.

    23D

    Nochtfaidh eintiteas tuairisc de réir catagóir riosca ar fhoinsí na neamhéifeachtachta fálaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghaolmhaireacht fálaithe le linn a théarma.

    23E

    Má thagann foinsí eile de neamhéifeachtacht an fhálaithe chun cinn i ngaolmhaireacht fálaithe, nochtfaidh eintiteas na foinsí sin de réir catagóir riosca agus míneoidh sé an neamhéifeachtacht fálaithe a bheidh ann dá mbarr.

    23F

    Maidir le fáluithe sreabhaidh airgid, nochtfaidh eintiteas tuairisc ar aon idirbheart réamhaisnéise ar úsáideadh cuntasaíocht fálaithe dóibh sa tréimhse roimhe seo, ach nach bhfuil coinne leo tarlú a thuilleadh.

    Éifeachtaí na cuntasaíochta fálaithe ar an staid airgeadais agus ar an bhfeidhmíocht airgeadais

    24

    [Scriosta]

    24A

    Nochtfaidh eintiteas, i bhformáid tábla, na méideanna a leanas a bhaineann le míreanna arna n-ainmniú mar ionstraimí fálaithe ar leithligh de réir catagóir riosca le haghaidh gach cineáil fálúcháin (fálú luacha chóir, fálú sreabhaidh airgid nó fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach):

    (a)

    suim ghlanluacha na n-ionstraimí fálaithe (sócmhainní airgeadais ar leithligh ó dhliteanais airgeadais);

    (b)

    an mhír líne sa ráiteas ar an staid airgeadais ina n-áirítear an ionstraim fálúcháin;

    (c)

    an t-athrú ar luach cóir na hionstraime fálaithe a úsáideadh mar bhonn chun neamhéifeachtacht an fhálaithe a aithint le haghaidh na tréimhse; agus

    (d)

    méideanna ainmniúla (lena n-áirítear cainníochtaí amhail tonaí nó méadair chiúbacha) na n-ionstraimí fálaithe.

    24B

    Nochtfaidh eintiteas, i bhformáid tábla, na méideanna a leanas a bhaineann le míreanna fálaithe ar leithligh de réir catagóir riosca le haghaidh na gcineálacha fáluithe mar a leanas:

    (a)

    le haghaidh fáluithe luacha chóir:

    (i)

    suim ghlanluacha na míre fálaithe a aithnítear sa ráiteas ar an staid airgeadais (ag cur sócmhainní i láthair ar leithligh ó dhliteanais);

    (ii)

    méid carntha na gcoigeartuithe ar fhálú luacha chóir ar an mír fhálaithe atá áirithe i suim ghlanluacha na míre fálaithe a aithnítear sa ráiteas ar an staid airgeadais (ag cur sócmhainní i láthair ar leithligh ó dhliteanais);

    (iii)

    an mhír líne sa ráiteas ar an staid airgeadais ina n-áirítear an mhír fhálaithe;

    (iv)

    an t-athrú ar luach na míre fálaithe a úsáideadh mar bhonn chun neamhéifeachtacht an fhálaithe a aithint le haghaidh na tréimhse; agus

    (v)

    méid carntha na gcoigeartuithe i dtaca le fálú luacha chóir atá fágtha sa ráiteas ar an staid airgeadais le haghaidh aon mhír fhálaithe ar scoireadh de bheith á coigeartú ó thaobh gnóthachain agus caillteanais fálúcháin de i gcomhréir le mír 6.5.10 de IFRS 9.

    (b)

    le haghaidh fáluithe sreabhaidh airgid agus fáluithe de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach:

    (i)

    an t-athrú ar luach na míre fálaithe a úsáideadh mar bhonn chun neamhéifeachtacht an fhálaithe a aithint le haghaidh na tréimhse (i.e. le haghaidh fáluithe sreabhaidh airgid an t-athrú ar luach a úsáideadh chun neamhéifeachtacht an fhálaithe aitheanta a chinneadh i gcomhréir le mír 6.5.11(c) de IFRS 9);

    (ii)

    na hiarmhéideanna i gcúlchiste fálaithe an tsreabhaidh airgid agus sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh chun leanúint d’fháluithe a chuirtear san áireamh i gcomhréir le mír 6.5.11 agus mír 6.5.13(a) de IFRS 9; agus

    (iii)

    na hiarmhéideanna atá fágtha i gcúlchiste fálaithe an tsreabhaidh airgid agus sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh ó aon ghaolmhaireacht fálaithe nach gcuirtear cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm ina leith a thuilleadh.

    24C

    Nochtfaidh eintiteas, i bhformáid tábla, na méideanna a leanas ar leithligh de réir catagóir riosca le haghaidh na gcineálacha fáluithe mar a leanas:

    (a)

    le haghaidh fáluithe luacha chóir:

    (i)

    neamhéifeachtacht an fhálaithe—i.e. an difríocht idir gnóthachain nó caillteanais fálaithe na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe–a aithnítear i mbrabús nó caillteanas (nó ioncam cuimsitheach eile le haghaidh fáluithe ionstraime cothromais dar roghnaigh eintiteas athruithe a chur i láthair ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 de IFRS 9); agus

    (ii)

    an mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-áirítear an neamhéifeachtacht fálaithe aitheanta.

    (b)

    le haghaidh fáluithe sreabhaidh airgid agus fáluithe de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach:

    (i)

    gnóthachain nó caillteanais fálaithe na tréimhse tuairiscithe a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile;

    (ii)

    neamhéifeachtacht an fhálaithe a aithnítear i mbrabús nó caillteanas;

    (iii)

    an mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-áirítear an neamhéifeachtacht fálaithe aitheanta;

    (iv)

    an méid arna athaicmiú ón gcúlchiste fálaithe sreabhaidh airgid nó ón gcúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh isteach i mbrabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) (ag idirdhealú idir méideanna ar úsáideadh cuntasaíocht fálaithe dóibh roimhe seo, ach nach bhfuil coinne leis go dtarlóidh sreafaí airgid todhchaí fálaithe maidir leo a thuilleadh, agus méideanna a aistríodh toisc go ndearna an mhír fhálaithe difear do bhrabús nó caillteanas);

    (v)

    an mhír líne sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach ina n-áirítear an coigeartú athaicmithe (féach IAS 1); agus

    (vi)

    le haghaidh fáluithe suíomhanna glana, na gnóthachain nó na caillteanais fálaithe a aithníodh i mír líne ar leithligh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach (féach mír 6.6.4 de IFRS 9).

    24D

    Nuair nach bhfuil méid na ngaolmhaireachtaí fálaithe a bhfuil feidhm ag an díolúine i mír 23C maidir leo ionadaíoch go leor ar ghnáthmhéideanna le linn na tréimhse (i.e. ní léiríonn an méid ar an dáta tuairiscithe na méideanna le linn na tréimhse) nochtfaidh eintiteas é sin agus an chúis go gcreideann sé go bhfuil na méideanna neamhionadaíoch.

    24E

    Soláthróidh eintiteas réiteach maidir le gach comhpháirt chothromais agus anailís ar ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le IAS 1 lena ndéantar, le chéile:

    (a)

    idirdhealú, ar a laghad, idir na méideanna a bhaineann leis na nochtuithe i mír 24C(b)(i) agus (b)(iv) chomh maith leis na méideanna ar a dtugtar cuntas i gcomhréir le mír 6.5.11(d)(i) agus (d)(iii) de IFRS 9;

    (b)

    idirdhealú idir na méideanna atá bainteach le hamluach na roghanna lena bhfálaítear míreanna fálaithe a bhaineann le hidirbhearta agus na méideanna atá bainteach le hamluach roghanna lena bhfálaítear míreanna fálaithe a bhaineann le tréimhse ama nuair a thugann eintiteas cuntas ar amluach rogha i gcomhréir le mír 6.5.15 de IFRS 9; agus

    (c)

    idirdhealú idir na méideanna atá bainteach le réamhghnéithe de chonarthaí réamhcheaptha agus luachanna raonta airgeadra eachtraigh ionstraimí airgeadais lena bhfálaítear míreanna fálaithe a bhaineann le hidirbhearta, agus na méideanna atá bainteach le réamhghnéithe de chonarthaí réamhcheaptha agus luach raonta airgeadra eachtraigh ionstraimí airgeadais lena bhfálaítear míreanna fálaithe a bhaineann le tréimhse ama i gcás ina dtugann eintiteas cuntas ar na méideanna sin i gcomhréir le mír 6.5.16 de IFRS 9.

    24F

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a éilítear i mír 24E ar leithligh de réir catagóir riosca. Féadfar an dí-chomhiomlánú sin de réir riosca a sholáthar sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

    An rogha maidir le neamhchosaint creidmheasa a ainmniú mar neamhchosaint atá tomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    24G

    I gcás inar ainmnigh eintiteas ionstraim airgeadais, nó cuid de, mar ionstraim atá tomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas toisc go n-úsáideann sé díorthach creidmheasa chun riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais sin a bhainistiú nochtfaidh sé:

    (a)

    le haghaidh díorthaigh chreidmheasa a úsáideadh chun riosca creidmheasa ionstraimí airgeadais a ainmnítear mar ionstraimí atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas a bhainistiú i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9, réiteach maidir le gach ceann de na méideanna ainmniúla agus an luach cóir ag tús agus ag deireadh na tréimhse;

    (b)

    an gnóthachan nó caillteanas a aithnítear i mbrabús nó caillteanas ar ainmniú ionstraime airgeadais, nó cuid de, mar ionstraim a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9; agus

    (c)

    ar scor d’ionstraim airgeadais a thomhas, nó cuid de, ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, tá luach cóir na hionstraime airgeadais sin chun bheith mar an tsuim ghlanluacha nua i gcomhréir le mír 6.7.4(b) de IFRS 9 agus an méid ainmniúil nó an phríomhshuim ghaolmhar (ach amháin chun faisnéis chomparáideach a sholáthar i gcomhréir le IAS 1, ní gá d’eintiteas leanúint den nochtadh sin i dtréimhsí ina dhiaidh sin).

    Éiginnteacht a eascraíonn as an athchóiriú ar thagar mharcrátaúis

    24H

    I gcás gaolmhaireachtaí fálaithe dá gcuireann eintiteas na heisceachtaí a leagtar amach i míreanna 6.8.4–6.8.12 de IFRS 9 nó míreanna 102D–102N de IAS 39 i bhfeidhm, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    na tagarmharcanna suntasacha ráta úis ar a bhfuil gaolmhaireachtaí fálaithe an eintitis neamhchosanta;

    (b)

    fairsinge na neamhchosanta ar riosca a bhainistíonn an t-eintiteas dá ndéanann an t-athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear go díreach;

    (c)

    conas atá an t-eintiteas ag bainistiú an phróisis chun aistriú chuig tagarmharcanna ráta malartacha;

    (d)

    tuairisc ar thoimhdí suntasacha nó ar bhreithiúnais shuntasacha a rinne an t-eintiteas chun na míreanna sin a chur i bhfeidhm (mar shampla, toimhdí nó breithiúnais maidir le cathain a thagann deireadh leis an éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar an tagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid na sreafaí airgid bunaithe ar thagarmharc ráta úis); agus

    (e)

    méid ainmniúil na n-ionstraimí fálaithe sna gaolmhaireachtaí fálaithe sin.

    Nochtuithe breise a bhaineann leis an athchóiriú ar thagarmharc ráta úis

    24I

    Chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar éifeacht an athchóirithe ar an tagarmharc ráta úis ar ionstraimí airgeadais agus ar straitéis bainistíochta riosca eintitis, nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    cineál agus fairsinge na rioscaí a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu a eascraíonn as ionstraimí airgeadais atá faoi réir an athchóirithe ar an tagarmharc ráta úis, agus conas a bhainistíonn an t-eintiteas na rioscaí sin; agus

    (b)

    dul chun cinn an eintitis maidir leis an aistriú a dhéanamh chuig rátaí tagarmhairc malartacha agus conas atá an t-aistriú á bhainistiú ag an eintiteas.

    24J

    Chun na cuspóirí i mír 24I a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    faoi mar a bhainistíonn an t-eintiteas an t-aistriú chuig tagarmharcanna ráta malartacha, an dul chun cinn atá déanta aige ar an dáta tuairiscithe agus na rioscaí atá ann dó a eascraíonn as na hionstraimí airgeadais de dhroim an aistrithe;

    (b)

    arna dhí-chomhiomlánú de bharr an tagarmhairc shuntasaigh ráta úis atá faoi réir an athchóirithe ar an tagarmharc ráta úis, faisnéis chainníochtúil faoi ionstraimí airgeadais a bhfuil an t-aistriú chuig ráta tagarmhairc malartach le déanamh acu go fóill amhail deireadh na tréimhse tuairiscithe, ag taispeáint ar leithligh:

    (i)

    sócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha;

    (ii)

    dliteanais airgeadais neamhdhíorthacha; agus

    (iii)

    díorthaigh; agus

    (c)

    má d’fhág na rioscaí a aithníodh i mír 24J(a) go ndearnadh athruithe ar straitéis bainistíochta riosca eintitis (féach mír 22A), tuairisc ar na hathruithe sin.

    Luach cóir

    25

    Ach amháin mar a leagtar amach i mír 29, maidir le gach aicme sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais (féach mír 6), nochtfaidh eintiteas luach cóir na haicme sin de shócmhainní agus dliteanais ar bhealach lena gceadaítear dó é a chur i gcomparáid lena shuim ghlanluacha.

    26

    Agus luachanna córa á nochtadh aige, grúpálfaidh eintiteas sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais in aicmí, ach ní dhéanfaidh sé iad a fhritháireamh ach amháin a mhéid a fhritháirítear a gcuid suimeanna glanluacha sa ráiteas ar an staid airgeadais.

    27-27B

    [Scriosta]

    28

    I roinnt cásanna, ní aithníonn eintiteas gnóthachan ná caillteanas ar aitheantas tosaigh sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais toisc nach léir an luach cóir le praghas luaite i margadh gníomhach le haghaidh sócmhainn nó dliteanas comhionann (i.e. ionchur Leibhéal 1) ná níl sé bunaithe ar theicníc luachála nach n-úsáideann ach amháin sonraí ó mhargaí inbhraite (féach mír B5.1.2A de IFRS 9). I gcásanna den sórt sin, nochtfaidh eintiteas de réir na haicme de shócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais:

    (a)

    a bheartas cuntasaíochta maidir leis an difríocht a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas idir an luach cóir tráth na haitheanta tosaigh agus an praghas idirbhirt chun athrú ar thosca a léiriú (lena n-áirítear am) a chuirfeadh rannpháirtithe an mhargaidh san áireamh agus an tsócmhainn á praghsáil nó an dliteanas á phraghsáil acu (féach mír B5.1.2A(b) de IFRS 9).

    (b)

    an difríocht chomhiomlán atá fós le haithint i mbrabús nó caillteanas ag tús agus ag deireadh na tréimhse agus réiteach ar athruithe i gcomhardú na difríochta sin.

    (c)

    an fáth ar tháinig an t-eintiteas ar an gconclúid nárbh é praghas an idirbhirt an fhianaise ab fhearr ar luach cóir, lena n-áirítear tuairisc ar an bhfianaise lena dtacaítear leis an luach cóir.

    29

    Ní cheanglaítear nochtuithe luach cóir:

    (a)

    nuair is comhfhogasú réasúnach luach cóir é an méid glanluacha, mar shampla, le haghaidh ionstraimí airgeadais amhail suimeanna trádála infhaighte agus iníoctha sa ghearrthéarma; nó

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    [scriosta]

    (d)

    le haghaidh dliteanais léasa.

    30

    [Scriosta]

    CINEÁL AGUS FAIRSIINGE NA RIOSCAÍ A EASCRAÍONN AS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

    31

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus ar fhairsinge na rioscaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    32

    Dírítear sna nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 33-42 ar na rioscaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais agus conas a rinneadh bainistíocht orthu. Áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca margaidh leis na rioscaí airgeadais sin de ghnáth, ach ní hiad na rioscaí sin amháin atá i gceist.

    32A

    Ach nochtuithe cáilíochtúla a sholáthar i gcomhthéacs nochtuithe cainníochtúla cuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí nochtuithe gaolmhara a nascadh agus pictiúr foriomlán a chruthú dá réir sin de chineál agus d’fhairsinge na rioscaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais. Rannchuidíonn an idirghníomhaíocht idir nochtuithe cáilíochtúla agus nochtuithe cainníochtúla chun faisnéis a nochtadh ar bhealach a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí meastóireacht a dhéanamh ar neamhchosaint eintitis do rioscaí.

    Nochtuithe cáilíochtúla

    33

    Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn as ionstraimí airgeadais, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    na neamhchosaintí ar rioscaí agus conas a tharlaíonn siad;

    (b)

    a chuspóirí, a pholasaithe agus a phróisis i ndáil le bainistíocht an riosca agus na modhanna a úsáidtear chun an riosca a thomhas; agus

    (c)

    aon athrú ar (a) nó ar (b) ón tréimhse roimhe sin.

    Nochtuithe cainníochtúla

    34

    Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn as ionstraimí airgeadais, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    sonraí cainníochtúla achomair faoina neamhchosaint don riosca sin ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Beidh an nochtadh sin bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis (mar atá sainmhínithe in IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara), mar shampla bord stiúrthóirí nó príomhoifigeach feidhmiúcháin an eintitis.

    (b)

    na nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 35A–42, a mhéid nach soláthraítear iad i gcomhréir le (a).

    (c)

    comhchruinnithe riosca mura léir iad ó na nochtuithe a rinneadh i gcomhréir le (a) agus (b).

    35

    Má bhíonn na sonraí cainníochtúla arna nochtadh amhail deireadh na tréimhse tuairiscithe neamhionadaíoch ar neamhchosaint eintitis do riosca le linn na tréimhse, soláthróidh eintiteas tuilleadh faisnéise a bheidh ionadaíoch.

    Riosca creidmheasa

    Raon feidhme agus cuspóirí

    35A

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 35F–35N i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a gcuirtear na ceanglais maidir le lagú in IFRS 9 i bhfeidhm ina leith. Mar sin féin:

    (a)

    maidir le suimeanna trádála infhaighte, sócmhainní conartha agus suimeanna léasa infhaighte, tá feidhm ag mír 35J(a) maidir leis na suimeanna infhaighte, na sócmhainní conartha nó na suimeanna léasa infhaighte sin ar a n-aithnítear caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcomhréir le mír 5.5.15 de IFRS 9, má dhéantar na sócmhainní airgeadais sin a mhodhnú agus iad níos mó ná 30 lá thar téarma; agus

    (b)

    níl feidhm ag mír 35K(b) maidir le suimeanna léasa infhaighte.

    35B

    Cuirfidh na nochtuithe maidir le riosca creidmheasa arna ndéanamh i gcomhréir le míreanna 35F–35N ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar éifeacht an riosca creidmheasa ar mhéid, uainiú agus éiginnteacht sreafaí airgid todhchaí. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, soláthrófar i nochtuithe maidir le riosca creidmheasa:

    (a)

    faisnéis maidir le cleachtais bainistíochta riosca creidmheasa eintitis agus conas a bhaineann siad le haithint agus tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach, lena n-áirítear na modhanna, na toimhdí agus an fhaisnéis a úsáideadh chun caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas;

    (b)

    faisnéis chainníochtúil agus faisnéis cháilíochtúil lena gceadaítear d’úsáideoirí ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar na méideanna sna ráitis airgeadais a eascraíonn as caillteanais chreidmheasa ionchasacha, lena n-áirítear athruithe ar mhéid na gcaillteanas creidmheasa ionchasach agus na cúiseanna atá leis na hathruithe sin; agus

    (c)

    faisnéis maidir le neamhchosaint eintitis ar riosca creidmheasa (i.e. an riosca creidmheasa ar dlúthchuid é de shócmhainní airgeadais eintitis agus de na gealltanais chun síneadh a chur le creidmheas) lena n-áirítear comhchruinnithe suntasacha de riosca creidmheasa.

    35C

    Ní gá d’eintiteas faisnéis a cuireadh i láthair in áit éigin eile cheana féin a dhúbailt, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis corpraithe trí chrostagairt ó na ráitis airgeadais le ráitis eile, amhail tráchtaireacht bhainistíochta nó tuairisc ar rioscaí atá ar fáil d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais ar na téarmaí céanna leis na ráitis airgeadais agus an tráth céanna. In éagmais na faisnéise arna corprú trí chrostagairt, beidh na ráitis airgeadais neamhiomlán.

    35D

    Chun na cuspóirí i mír 35B a chomhlíonadh, breithneoidh eintiteas (seachas mar a shonraítear a mhalairt) cé mhéad mionsonraí a nochtfaidh sé, cé mhéad béime a chuirfear ar ghnéithe difriúla de na ceanglais maidir le nochtadh, an leibhéal comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe iomchuí, agus cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn mínithe breise ó úsáideoirí ráiteas airgeadais chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis chainníochtúil a nochtadh.

    35E

    Mura leor iad na nochtuithe a sholáthraítear i gcomhréir le míreanna 35F–35N chun na cuspóirí i mír 35B a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas faisnéis bhreise is gá chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

    Na cleachtais bainistíochta riosca creidmheasa

    35F

    Míneoidh eintiteas a chleachtais bainistíochta riosca creidmheasa agus conas a bhaineann siad le haithint agus tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach. Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil agus meastóireacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    an chaoi ar chinn eintiteas cibé acu atá riosca creidmheasa na n-ionstraimí airgeadais méadaithe go suntasach ó thráth na haitheanta tosaigh nó nach bhfuil, lena n-áirítear an méid a leanas:

    (i)

    meastar go bhfuil riosca creidmheasa íseal ag ionstraimí airgeadais i gcomhréir le mír 5.5.10 de IFRS 9, lena n-áirítear na haicmí ionstraimí airgeadais a bhfuil feidhm aige maidir leo; agus

    (ii)

    bréagnaíodh an toimhde i mír 5.5.11 de IFRS 9, go ndearnadh méaduithe suntasacha ar an riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó i gcás ina mbíonn sócmhainní airgeadais níos mó ná 30 lá thar téarma;

    (b)

    sainmhínithe eintitis ar mhainneachtain, lena n-áirítear na cúiseanna leis na sainmhínithe sin a roghnú;

    (c)

    an chaoi a ndearnadh na hionstraimí a ghrúpáil más rud é go ndearnadh caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas ar bhonn comhchoiteann;

    (d)

    an chaoi ar chinn eintiteas gurb ionann sócmhainní airgeadais agus sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu;

    (e)

    beartas dí-scríofa eintitis, lena n-áirítear na comharthaí nach bhfuil aon ionchas réasúnach aisghabhála agus faisnéis faoin mbeartas maidir le sócmhainní airgeadais atá dí-scríofa ach atá fós faoi réir gníomhaíochta forfheidhmiúcháin; agus

    (f)

    conas a cuireadh na ceanglais i mír 5.5.12 de IFRS 9 le haghaidh modhnú sreafaí airgid conarthacha sócmhainní airgeadais i bhfeidhm, lena n-áirítear conas a dhéanann eintiteas:

    (i)

    a chinneadh cibé acu a tháinig feabhas ar an riosca creidmheasa ar shócmhainn airgeadais a modhnaíodh agus an liúntas caillteanais arna thomhas ar mhéid atá comhionann le caillteanais chreidmheasa saolré ionchasacha, a mhéid a théann an liúntas caillteanais ar ais chuig méid atá comhionann le caillteanais chreidmheasa ionchais thar 12 mhí, nó nár tháinig, i gcomhréir le mír 5.5.5 de IFRS 9; agus

    (ii)

    faireachán ar a mhéid a dhéantar an lamháltas caillteanais ar shócmhainní airgeadais a chomhlíonann na critéir in (i) a atomhas dá éis sin ar mhéid atá comhionann le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcomhréir le mír 5.5.3 de IFRS 9.

    35G

    Míneoidh eintiteas na hionchuir, na toimhdí agus na teicnící meastacháin a úsáideadh chun na ceanglais i Roinn 5.5 de IFRS 9 a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    bunús na n-ionchur agus na dtoimhdí agus na teicnící meastacháin a úsáideadh chun:

    (i)

    na caillteanais chreidmheasa ar feadh 12 mhí agus na caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a thomhas;

    (ii)

    a chinneadh cé acu ar mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa na n-ionstraimí airgeadais go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh; agus

    (iii)

    a chinneadh cé acu an sócmhainn airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici é sócmhainn airgeadais.

    (b)

    an chaoi ar ionchorpraíodh faisnéis réamhbhreathnaitheach sa chinneadh maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha, lena n-áirítear trí fhaisnéis mhaicreacnamaíoch a úsáid; agus

    (c)

    athruithe ar na teicnící meastacháin nó ar na toimhdí suntasacha a rinneadh le linn na tréimhse tuairiscithe agus na cúiseanna a bhí leis na hathruithe sin.

    Faisnéis chainníochtúil agus faisnéis cháilíochtúil maidir le méideanna a eascraíonn as caillteanais chreidmheasa ionchasacha

    35H

    Chun míniú a thabhairt ar na hathruithe ar an lamháltas caillteanais agus na cúiseanna atá leis na hathruithe sin, soláthróidh eintiteas, de réir aicme na hionstraime airgeadais, réiteach ón iarmhéid tosaigh go dtí iarmhéid deiridh an lamháltais chaillteanais, i dtábla, ag taispeáint ar leithligh na hathruithe le linn na tréimhse maidir le:

    (a)

    an lamháltas caillteanais arna thomhas ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí;

    (b)

    an lamháltas caillteanais arna thomhas ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil maidir le:

    (i)

    ionstraimí airgeadais dar mhéadaigh an riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh ach nach sócmhainní airgeadais ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa iad;

    (ii)

    sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu ar an dáta tuairiscithe (ach nach sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta iad a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu); agus

    (iii)

    suimeanna trádála infhaighte, sócmhainní conartha nó suimeanna léasa infhaighte dá dtomhaistear na lamháltais chaillteanais i gcomhréir le mír 5.5.15 de IFRS 9.

    (c)

    sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu. Anuas ar an réiteach, nochtfaidh eintiteas an méid iomlán de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha nach raibh lascainithe tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh ar shócmhainní airgeadais a aithníodh ar dtús le linn na tréimhse tuairiscithe.

    35I

    Chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar na hathruithe sa lamháltas caillteanais arna nochtadh i gcomhréir le mír 35H, soláthróidh eintiteas míniú ar conas a rannchuidigh athruithe suntasacha ar oll-luach de réir na leabhar a na n-ionstraimí airgeadais le linn na tréimhse le hathruithe ar an lamháltas caillteanais. Soláthrófar an fhaisnéis ar leithligh le haghaidh ionstraimí airgeadais a léiríonn an lamháltas caillteanais mar atá liostaithe i mír 35H(a)–(c) agus áireofar faisnéis ábhartha cháilíochtúil agus chainníochtúil inti. Féadfar iad seo a leanas a áireamh leis na samplaí d’athruithe ar oll-luach de réir na leabhar na n-ionstraimí airgeadais a rannchuidigh leis na hathruithe ar an lamháltas caillteanais:

    (a)

    athruithe mar gheall ar ionstraimí airgeadais a tionscnaíodh nó a fuarthas le linn na tréimhse tuairiscithe;

    (b)

    an modhnú a rinneadh ar shreafaí airgid conarthacha maidir le sócmhainní airgeadais nach leanann dí-aithint na sócmhainní airgeadais i gcomhréir le IFRS 9 astu;

    (c)

    athruithe mar gheall ar ionstraimí airgeadais a bhí dí-aitheanta (lena n-áirítear iad sin a bhí díscríofa) le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

    (d)

    athruithe a eascraíonn as cé acu a thomhaistear nó nach dtomhaistear an lamháltas caillteanais ag suim atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha 12 mhí nó le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil.

    35J

    Chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar chineál agus ar éifeacht na modhnuithe ar shreafaí airgid conarthacha ar shócmhainní airgeadais nár tharla dí-aithint dá mbarr agus éifeacht modhnuithe den sórt sin ar thomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach, nochtfaidh eintiteas:

    (a)

    an costas amúchta roimh an modhnú agus an glanghnóthachan nó caillteanas modhnaithe arna aithint le haghaidh sócmhainní airgeadais ar modhnaíodh na sreafaí airgid conarthacha dóibh le linn na tréimhse tuairiscithe fad agus a bhí lamháltas caillteanais acu arna thomhas ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil; agus

    (b)

    oll-luach de réir na leabhar na sócmhainní airgeadais ag deireadh na tréimhse tuairiscithe atá modhnaithe ón aithint tosaigh nuair a rinneadh an liúntas caillteanais a thomhas ar mhéid atá comhionann le caillteanais chreidmheasa saolré ionchais, agus dár athraíodh an liúntas caillteanais i rith na tréimhse tuairiscithe chuig méid atá comhionann le caillteanais chreidmheasa ionchais thar 12 mhí.

    35K

    Chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar éifeacht na comhthaobhachta agus feabhsuithe creidmheasa eile ar na méideanna a eascraíonn as caillteanais chreidmheasa ionchasacha, nochtfaidh eintiteas de réir na haicme d’ionstraim airgeadais:

    (a)

    an méid is fearr a sheasann dá uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa ag deireadh na tréimhse tuairiscithe gan aon chomhthaobhacht arna sealbhú nó aon fheabhsú creidmheasa eile á gcur san áireamh (e.g. comhaontuithe glanluachála nach gcáilíonn le haghaidh fritháirimh i gcomhréir le IAS 32).

    (b)

    tuairisc mhionsonraithe ar chomhthaobhacht arna sealbhú mar urrús agus feabhsuithe creidmheasa eile, lena n-áirítear:

    (i)

    tuairisc ar chineál agus ar cháilíocht na comhthaobhachta arna sealbhú;

    (ii)

    míniú ar aon athrú suntasach ar cháilíocht na comhthaobhachta nó na bhfeabhsuithe creidmheasa sin de thoradh meathlú nó athruithe ar bheartais chomhthaobhachta an eintitis le linn na tréimhse tuairiscithe; agus

    (iii)

    faisnéis maidir le hionstraimí airgeadais nár aithin eintiteas lamháltas caillteanais maidir leo mar gheall ar an gcomhthaobhacht.

    (c)

    faisnéis chainníochtúil faoin gcomhthaobhacht a shealbhaítear mar urrús agus feabhsuithe creidmheasa eile (mar shampla, cainníochtú a mhéid lena maolaíonn comhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile riosca creidmheasa) maidir le sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu an dáta tuairiscithe.

    35L

    Nochtfaidh eintiteas an méid conarthach gan íoc i leith sócmhainní airgeadais a díscríobhadh le linn na tréimhse tuairiscithe agus atá fós faoi réir gníomhaíochta forfheidhmiúcháin.

    Neamhchosaint ar riosca creidmheasa

    35M

    Chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint eintitis ar riosca creidmheasa agus a comhchruinnithe suntasacha maidir le riosca creidmheasa a thuiscint, nochtfaidh eintiteas, de réir grád rátála riosca creidmheasa, oll-luachanna de réir na leabhar na sócmhainní airgeadais agus na neamhchosanta ar riosca creidmheasa ar ghealltanais iasachta agus ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais. Soláthrófar an fhaisnéis sin ar leithligh le haghaidh ionstraimí airgeadais:

    (a)

    a dtomhaistear an lamháltas caillteanais ina leith ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí;

    (b)

    a dtomhaistear an lamháltas caillteanais ina leith ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil agus ar:

    (i)

    ionstraimí airgeadais dar mhéadaigh an riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh ach nach sócmhainní airgeadais ag a bhfuil fadhbanna creidmheasa iad;

    (ii)

    sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu ar an dáta tuairiscithe (ach nach sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta iad a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu); agus

    (iii)

    suimeanna trádála infhaighte, sócmhainní conartha nó suimeanna léasa infhaighte dá dtomhaistear na lamháltais chaillteanais i gcomhréir le mír 5.5.15 de IFRS 9.

    (c)

    sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu iad.

    35N

    Maidir le suimeanna trádála infhaighte, sócmhainní conartha agus suimeanna léasa infhaighte a gcuireann eintiteas mír 5.5.15 de IFRS 9 i bhfeidhm maidir leo, féadfar an fhaisnéis a sholáthraítear i gcomhréir le mír 35M a bhunú ar mhaitrís soláthair (féach mír B5.5.35 de IFRS 9).

    36

    Maidir le gach ionstraim airgeadais atá faoi raon feidhme an IFRS seo, ach nach gcuirtear na ceanglais maidir le lagú in IFRS 9 i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas de réir na haicme d’ionstraim airgeadais:

    (a)

    an méid is fearr a sheasann dá uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa ag deireadh na tréimhse tuairiscithe gan aon chomhthaobhacht atá i seilbh ná aon fheabhsú creidmheasa eile a chur san áireamh (e.g. comhaontuithe glanluachála nach gcáilítear le haghaidh fritháirimh i gcomhréir le IAS 32); ní éilítear an nochtadh sin le haghaidh ionstraimí airgeadais ar fearr a seasann a suim ghlanluacha don uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa.

    (b)

    tuairisc ar an gcomhthaobhacht arna sealbhú mar urrús agus feabhsuithe creidmheasa eile, agus an éifeacht airgeadais a bhíonn acu (e.g. cainníocht maidir leis an méid lena maolaíonn comhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile an riosca creidmheasa) i leith na méide is fearr a sheasann don uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa (cé acu a nochtar nó nach nochtar é i gcomhréir le (a) nó arna léiriú ag suim ghlanluacha ionstraime airgeadais).

    (c)

    [scriosta]

    (d)

    [scriosta]

    37

    [Scriosta]

    Comhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile a fuarthas

    38

    I gcás ina bhfaigheann eintiteas sócmhainní airgeadais nó sócmhainní neamhairgeadais le linn na tréimhse trí sheilbh a ghlacadh ar chomhthaobhacht arna sealbhú aige mar urrús nó trí thathant ar fheabhsuithe creidmheasa eile (e.g. ráthaíochtaí), agus i gcás ina gcomhlíonann sócmhainní den sórt sin na critéir aitheantais in IFRSanna eile, nochtfaidh eintiteas maidir le sócmhainní den sórt sin arna sealbhú ar an dáta maidir le tuairisciú:

    (a)

    cineál agus suim ghlanluacha na sócmhainní; agus

    (b)

    i gcás nach bhfuil na sócmhainní in-chomhshóite go héasca go hairgead tirim, a bheartais maidir le sócmhainní den sórt sin a dhiúscairt nó chun iad a úsáid ina chuid oibríochtaí.

    Riosca leachtachta

    39

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    anailís aibíochta le haghaidh dliteanas airgeadais neamhdhíorthach (lena n-áirítear conarthaí ráthaíochta airgeadais arna n-eisiúint) a léiríonn na haibíochtaí conarthacha atá fágtha.

    (b)

    anailís aibíochta le haghaidh dliteanais airgeadais díorthacha. Áireofar leis an anailís aibíochta na haibíochtaí conarthacha a bheidh fágtha le haghaidh na ndliteanas airgeadais díorthach sin dá bhfuil aibíochtaí conarthacha fíor-riachtanach chun tuiscint a fháil ar uainiú na sreafaí airgid (féach mír B11B).

    (c)

    tuairisc ar an gcaoi a mbainistíonn sé an riosca leachtachta ar cuid é de (a) agus (b).

    Priacal margaidh

    Anailís íogaireachta

    40

    Mura gcomhlíonann eintiteas mír 41, nochtfaidh sé:

    (a)

    anailís íogaireachta le haghaidh gach cineáil riosca margaidh ar a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, lena léirítear an chaoi a ndéanfadh athruithe san athróg riosca ábhartha, a raibh seans réasúnach go dtarlóidís ar an dáta sin, difear do bhrabús nó caillteanas agus cothromas;

    (b)

    na modhanna agus na toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú; agus

    (c)

    athruithe ón tréimhse roimhe seo sna modhanna agus toimhdí arna n-úsáid, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin.

    41

    Má ullmhaíonn eintiteas anailís íogaireachta, amhail luach faoi riosca, lena léirítear idirthuilleamaíochtaí idir athróga riosca (e.g. rátaí úis agus rátaí malairte) agus úsáidtear é chun rioscaí airgeadais a bhainistiú, féadfaidh sé an anailís íogaireachta sin a úsáid in ionad na hanailíse atá sonraithe i mír 40. Déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

    (a)

    míniú ar an modh a úsáidtear chun anailís íogaireachta den sórt sin a ullmhú agus ar na príomhpharaiméadair agus ar na príomhthoimhdí is bonn leis na sonraí arna soláthar; agus

    (b)

    míniú ar chuspóir an mhodha a úsáideadh agus ar na teorainneacha a d’fhéadfadh leanúint de thoradh faisnéise nach léiríonn go hiomlán luach cóir na sócmhainní agus na ndliteanas lena mbaineann.

    Nochtuithe riosca margaidh eile

    42

    I gcás nach dtugann na hanailísí íogaireachta arna nochtadh i gcomhréir le míreanna 40 nó 41 léiriú ionadaíoch ar riosca ar cuid d’ionstraim airgeadais é (mar shampla toisc nach léiríonn an nochtadh deireadh bliana an nochtadh le linn na bliana), nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin agus an chúis go gcreideann sé nach bhfuil an anailís íogaireachta sách ionadaíoch.

    AISTRITHE SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS

    42A

    Forlíonann na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 42B–42H a bhaineann le haistrithe sócmhainní airgeadais na ceanglais eile maidir le nochtadh atá san IFRS seo. Cuirfidh eintiteas na nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 42B–42H i láthair i nóta aonair ina chuid ráitis airgeadais. Soláthróidh eintiteas na nochtuithe a cheanglaítear maidir leis na sócmhainní airgeadais uile aistrithe nach bhfuil dí-aitheanta agus maidir le haon rannpháirtíocht leanúnach i sócmhainn aistrithe, arbh ann di ar an dáta maidir le tuairisciú, gan beann ar cathain a tharla an t-idirbheart aistrithe. Chun na ceanglais maidir le nochtadh a chur i bhfeidhm sna míreanna sin, aistríonn eintiteas an tsócmhainn airgeadais go léir nó cuid di (an tsócmhainn airgeadais aistrithe), má dhéanann sé:

    (a)

    na cearta conarthacha chun sreafaí airgid na sócmhainne airgeadais sin a fháil a aistriú; nó

    (b)

    má choinníonn sé na cearta conarthacha chun sreafaí airgid na sócmhainne airgeadais sin a fháil, ach má ghlacann sé oibleagáid chonarthach chun na sreafaí airgid a íoc le faighteoir amháin nó níos mó i socrú, agus an uair sin amháin.

    42B

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais:

    (a)

    tuiscint a fháil ar an ngaolmhaireacht idir sócmhainní airgeadais aistrithe nach ndéantar a dhí-aithint ina n-iomláine agus na dliteanais ghaolmhara; agus

    (b)

    chun meastóireacht a dhéanamh ar chineál rannpháirtíocht leanúnach an eintitis i sócmhainní airgeadais dí-aitheanta, agus ar na rioscaí atá bainteach leis.

    42C

    Chun na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 42E–42H a chur i bhfeidhm, tá rannpháirtíocht leanúnach ag eintiteas i sócmhainn airgeadais aistrithe má choinníonn an t-eintiteas, mar chuid den aistriú, aon cheann de na cearta conarthacha nó na hoibleagáidí conarthacha ar cuid iad den tsócmhainn airgeadais aistrithe nó má fhaigheann sé aon cheart conarthach nó oibleagáid chonarthach nua a bhaineann leis an tsócmhainn airgeadais aistrithe. Chun na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 42E–42H a chur i bhfeidhm, ní chuimsítear rannpháirtíocht leanúnach leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    gnáth-uiríll agus barántaí a bhaineann le haistriú calaoiseach agus coincheapa maidir le réasúntacht, meon macánta agus cóirdhéileálacha a d’fhéadfadh aistriú a neamhbhailíochtú de thoradh caingean dlí;

    (b)

    réamhchonarthaí, conarthaí céadrogha agus conarthaí eile chun an tsócmhainn airgeadais aistrithe arb ionann an praghas conartha di (nó an praghas feidhmithe) agus luach cóir na sócmhainne airgeadais aistrithe a athfháil; nó

    (c)

    socrú trína gcoinníonn eintiteas na cearta conarthacha chun sreafaí airgid sócmhainne airgeadais a fháil ach go nglacann sé oibleagáid chonarthach chun na sreafaí airgid a íoc le heintiteas amháin nó níos mó agus trína gcomhlíontar na coinníollacha i mír 3.2.5(a)–(c) de IFRS 9.

    Sócmhainní airgeadais aistrithe nach ndéantar a dhí-aithint ina n-iomláine

    42D

    Féadfaidh sócmhainní airgeadais aistrithe a bheith ag eintiteas ar bhealach a fhágfaidh nach gcáilítear cuid de na sócmhainní airgeadais aistrithe nó iad ar fad le haghaidh dí-aitheanta. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 42B(a) a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas ar gach dáta tuairiscithe maidir le gach aicme sócmhainne airgeadais aistrithe nach bhfuil dí-aitheanta ina n-iomláine:

    (a)

    cineál na sócmhainní aistrithe;

    (b)

    cineál na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta dá bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta;

    (c)

    tuairisc ar chineál na gaolmhaireachta idir na sócmhainní aistrithe agus na dliteanais ghaolmhara, lena n-áirítear srianta a eascraíonn as an aistriú ar an úsáid a bhaineann an t-eintiteas tuairiscithe as na sócmhainní aistrithe;

    (d)

    i gcás nach bhfuil muinín ag an gcontrapháirtí (na contrapháirtithe) leis na dliteanais ghaolmhara ach i leith na sócmhainní aistrithe amháin, sceideal ina leagtar amach luach cóir na sócmhainní aistrithe, luach cóir na ndliteanas gaolmhar agus an suíomh glan (an difríocht idir luach cóir na sócmhainní aistrithe agus na ndliteanas gaolmhar);

    (e)

    i gcás ina leanann an t-eintiteas ag aithint na sócmhainní aistrithe uile, suimeanna glanluacha na sócmhainní aistrithe agus na ndliteanas gaolmhar;

    (f)

    i gcás ina leanann an t-eintiteas ag aithint na sócmhainní a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht leanúnach (féach mír 3.2.6(c)(ii) agus mír 3.2.16 de IFRS 9), suim ghlanluacha iomlán na mbunsócmhainní roimh an aistriú, suim ghlanluacha na sócmhainní atá an t-eintiteas fós ag aithint, agus suim ghlanluacha na ndliteanas gaolmhar.

    Sócmhainní airgeadais aistrithe a dhí-aithnítear ina n-iomláine

    42E

    Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 42B(b) a chomhlíonadh, i gcás ina ndí-aithníonn eintiteas sócmhainní airgeadais aistrithe ina n-iomláine (féach mír 3.2.6(a) agus (c)(i) de IFRS 9) ach go bhfuil rannpháirtíocht leanúnach aige iontu, nochtfaidh an t-eintiteas, mar íosmhéid, maidir le gach cineál rannpháirtíochta leanúnaí ar gach dáta tuairiscithe:

    (a)

    suim ghlanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas atá aitheanta i ráiteas an eintitis maidir leis an staid airgeadais agus léirítear leo rannpháirtíocht leanúnach an eintitis sna sócmhainní airgeadais dí-aitheanta, agus na míreanna líne ina n-aithnítear suim ghlanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas sin;

    (b)

    luach cóir na sócmhainní agus na ndliteanas a léiríonn rannpháirtíocht leanúnach an eintitis sna sócmhainní airgeadais dí-aitheanta;

    (c)

    an méid is fearr a léiríonn uas-neamhchosaint an eintitis ar chaillteanas óna rannpháirtíocht leanúnach sna sócmhainní airgeadais dí-aitheanta, agus faisnéis ina dtaispeántar conas a chinntear an uas-neamhchosaint ar chaillteanas;

    (d)

    na sreafaí airgid neamhlascainithe a bheadh de dhíth nó a d’fhéadfadh a bheith de dhíth chun sócmhainní airgeadais dí-aitheanta (e.g. an praghas ceangail i gcomhaontú réamhchonartha) a athcheannach nó méideanna eile is iníoctha leis an aistrí i leith na sócmhainní aistrithe. Má athraíonn an sreabhadh airgid ansin ba cheart an méid a nochtar a bheith bunaithe ar na coinníollacha arb ann dóibh ar gach dáta tuairiscithe;

    (e)

    anailís aibíochta ar na sreafaí airgid neamhlascainithe a bheadh de dhíth nó a d’fhéadfadh a bheith de dhíth chun na sócmhainní airgeadais dí-aitheanta a athcheannach nó méideanna eile is iníoctha leis an aistrí i leith na sócmhainní aistrithe, agus na haibíochtaí conarthacha a bheadh fágtha de bharr rannpháirtíocht leanúnach an eintitis á dtaispeáint;

    (f)

    faisnéis cháilíochtúil ina mínítear agus ina dtacaítear leis na nochtuithe cainníochtúla a éilítear in (a)–(e).

    42F

    Féadfaidh eintiteas an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 42E i leith sócmhainne áirithe a chomhiomlánú má tá níos mó ná cineál amháin rannpháirtíochta leanúnaí ag an eintiteas sa tsócmhainn airgeadais dí-aitheanta sin, agus féadfaidh sé é a thuairisciú faoi chineál amháin rannpháirtíochta leanúnaí.

    42G

    Ina theannta sin, nochtfaidh eintiteas maidir le gach cineál rannpháirtíochta leanúnaí:

    (a)

    an gnóthachan nó an caillteanas arna aithint ar dháta aistriú na sócmhainní;

    (b)

    ioncam agus speansais arna n-aithint, sa tréimhse tuairiscithe agus go carnach, de bharr rannpháirtíocht leanúnach an eintitis sna sócmhainní airgeadais dí-aitheanta (e.g. athruithe luacha chóir in ionstraimí díorthacha);

    (c)

    mura ndéantar méid iomlán na bhfáltas ó ghníomhaíocht aistrithe (a cháilíonn i gcomhair dí-aitheanta) i dtréimhse tuairiscithe a dháileadh go cothrom ar feadh na tréimhse tuairiscithe (e.g. má tharlaíonn cion substaintiúil de mhéid iomlán na gníomhaíochta aistrithe sna laethanta deiridh den tréimhse tuairiscithe):

    (i)

    i gcás inar tharla an ghníomhaíocht aistrithe ba mhó laistigh den tréimhse tuairiscithe sin (e.g. na 5 lá dheireanacha roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe);

    (ii)

    an méid (e.g. gnóthachain nó caillteanais ghaolmhara) arna aithint ón ngníomhaíocht aistrithe sa chuid sin den tréimhse tuairiscithe; agus

    (iii)

    méid iomlán na bhfáltas ó ghníomhaíocht aistrithe sa chuid sin den tréimhse tuairiscithe.

    Soláthróidh eintiteas an fhaisnéis sin maidir le gach tréimhse dá gcuirtear ráiteas ar ioncam cuimsitheach i láthair.

    Faisnéis fhorlíontach

    42H

    Nochtfaidh eintiteas aon fhaisnéis bhreise is gá dar leis chun na cuspóirí maidir le nochtadh i mír 42B a chomhlíonadh.

    CUR I bhFEIDHM TOSAIGH IFRS 9

    42I

    Sa tréimhse tuairiscithe ina n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach aicme de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais amhail ó dháta an chur i bhfeidhm tosaigh:

    (a)

    an chatagóir tomhais bhunaidh agus an tsuim ghlanluacha arna gcinneadh i gcomhréir le IAS 39 nó i gcomhréir le leagan roimhe seo de IFRS 9 (má tá níos mó ná dáta amháin de chur i bhfeidhm tosaigh maidir le ceanglais dhifriúla i gceist le cur chuige roghnaithe an eintitis maidir le IFRS 9 a chur i bhfeidhm);

    (b)

    an chatagóir nua tomhais agus an tsuim ghlanluacha arna gcinneadh i gcomhréir le IFRS 9;

    (c)

    méid aon sócmhainní airgeadais agus aon dliteanais airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais a ainmníodh roimhe sin mar shócmhainní agus dliteanais atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas ach nach bhfuil ainmnithe mar sin níos mó, rud lena ndéantar idirdhealú idir iad sin lena gceanglaítear le IFRS 9 ar eintiteas iad a athaicmiú agus iad sin a roghnaíonn eintiteas iad a athaicmiú ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    I gcomhréir le mír 7.2.2 de IFRS 9, ag brath ar an gcur chuige a roghnaíonn an t-eintiteas maidir le IFRS 9 a chur i bhfeidhm, is féidir le níos mó ná dáta amháin cur i bhfeidhm tosaigh a bheith i gceist leis an aistriú. D’fhéadfadh dá bhrí sin nochtadh ar níos mó ná dáta amháin cur i bhfeidhm tosaigh a bheith ann mar thoradh ar an mír seo. Cuirfidh eintiteas na nochtuithe cainníochtúla sin i láthair i dtábla mura mbeidh formáid eile níos iomchuí.

    42J

    Sa tréimhse tuairiscithe ina n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9, nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar na nithe a leanas:

    (a)

    an chaoi ar chuir sé na ceanglais maidir le haicmiú in IFRS 9 i bhfeidhm ar na sócmhainní airgeadais sin ar athraigh a n-aicmiú de thoradh IFRS 9 a chur i bhfeidhm.

    (b)

    na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú ar shócmhainní airgeadais nó ar dhliteanais airgeadais arna dtomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ar dháta an churtha i bhfeidhm tosaigh.

    I gcomhréir le mír 7.2.2 de IFRS 9, ag brath ar an gcur chuige a roghnaíonn an t-eintiteas maidir le IFRS 9 a chur i bhfeidhm, is féidir le níos mó ná dáta amháin cur i bhfeidhm tosaigh a bheith i gceist leis an aistriú. D’fhéadfadh dá bhrí sin nochtadh ar níos mó ná dáta amháin cur i bhfeidhm tosaigh a bheith ann mar thoradh ar an mír seo.

    42K

    Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann an t-eintiteas na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas i bhfeidhm le haghaidh sócmhainní airgeadais in IFRS 9 (i.e. i gcás ina n-aistríonn an t-eintiteas ó IAS 39 go IFRS 9 le haghaidh sócmhainní airgeadais), cuirfidh sé na nochtuithe a leagtar amach i míreanna 42L–42O den IFRS seo i bhfeidhm, faoi mar a cheanglaítear le mír 7.2.15 de IFRS 9.

    42L

    I gcás ina gceanglaítear sin le mír 42K, nochtfaidh eintiteas na hathruithe ar na haicmí sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais amhail ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9, ina dtaispeánfar ar leithligh:

    (a)

    na hathruithe ar na suimeanna glanluacha ar bhonn a gcatagóirí tomhais i gcomhréir le IAS 39 (i.e. nach leanann as athrú ar an aitreabúid tomhais ar aistriú chuig IFRS 9); agus

    (b)

    na hathruithe ar na suimeanna glanluacha a eascraíonn as athrú ar an aitreabúid tomhais ar aistriú chuig IFRS 9.

    Ní gá na nochtuithe sa mhír seo a dhéanamh tar éis na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas le haghaidh sócmhainní airgeadais i bhfeidhm ar dtús in IFRS 9.

    42M

    I gcás ina gceanglaítear sin le mír 42K, nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar athaicmíodh iad ionas go dtomhaistear iad ag costas amúchta agus, i gcás sócmhainní airgeadais, ar athaicmíodh iad amach as luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ionas go dtomhaistear iad ag a luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, de thoradh an aistrithe chuig IFRS 9:

    (a)

    luach cóir na sócmhainní airgeadais nó na ndliteanas airgeadais ag deireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (b)

    an gnóthachan nó caillteanas luacha chóir a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas nó in ioncam cuimsitheach eile le linn na tréimhse tuairiscithe dá mba rud é nár athaicmíodh na sócmhainní airgeadais nó na dliteanais airgeadais.

    Ní gá na nochtuithe sa mhír seo a dhéanamh tar éis na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas le haghaidh sócmhainní airgeadais i bhfeidhm ar dtús in IFRS 9.

    42N

    Nuair a cheanglaítear sin le mír 42K, nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas le haghaidh sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar athaicmíodh iad amach as an luach cóir tríd an gcatagóir brabús nó caillteanas de thoradh an aistrithe chuig IFRS 9:

    (a)

    an ráta úis glan arna chinneadh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh; agus

    (b)

    an t-ioncam úis nó speansas úis arna aithint.

    Má chaitheann eintiteas le luach cóir sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais mar an t-oll-luach nua de réir na leabhar ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh (féach mír 7.2.11 de IFRS 9), déanfar na nochtuithe sa mhír seo le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe go dtí an dí-aithint. Murach sin, ní gá na nochtuithe sa mhír seo a dhéanamh go dtí tar éis na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas i bhfeidhm ar dtús le haghaidh sócmhainní airgeadais in IFRS 9.

    42O

    I gcás ina gcuireann eintiteas na nochtuithe a leagtar amach i míreanna 42K–42N i láthair, ní mór leis na nochtuithe sin, agus na nochtuithe i mír 25 den IFRS seo, réiteach a cheadú idir:

    (a)

    na catagóirí tomhais arna gcur i láthair i gcomhréir le IAS 39 agus IFRS 9; agus

    (b)

    an aicme d’ionstraim airgeadais

    amhail ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    42P

    Ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh Roinn 5.5 de IFRS 9, ceanglaítear ar eintiteas faisnéis a nochtadh a cheadódh réiteach na lamháltas lagaithe deiridh i gcomhréir le IAS 39 agus na forálacha i gcomhréir le IAS 37 de na lamháltais chaillteanais arna gcinneadh i gcomhréir le IFRS 9. Maidir le sócmhainní airgeadais, soláthrófar an nochtadh sin leis na catagóirí gaolmhara de thomhas sócmhainní airgeadais i gcomhréir le IAS 39 agus IFRS 9, agus taispeánfar ar leithligh éifeacht na n-athruithe sa chatagóir tomhais ar an lamháltas caillteanais ar an dáta sin.

    42Q

    Sa tréimhse tuairiscithe ina n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9, ní cheanglaítear ar eintiteas méideanna na míreanna líne a thuairisceofaí i gcomhréir leis na ceanglais maidir le haicmiú agus tomhas a nochtadh (ina n-áirítear na ceanglais a bhaineann le tomhas chostas amúchta na sócmhainní airgeadais agus an lagaithe i Ranna 5.4 agus 5.5 de IFRS 9) de:

    (a)

    IFRS 9 le haghaidh réamhthréimhsí; agus

    (b)

    IAS 39 le haghaidh na tréimhse reatha.

    42R

    I gcomhréir le mír 7.2.4 de IFRS 9, má tá sé dofheidhmithe ag eintiteas (mar a shainmhínítear in IAS 8) ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9 measúnú a dhéanamh ar ghné mhodhnaithe den amluach airgid i gcomhréir le míreanna B4.1.9B–B4.1.9D de IFRS 9 bunaithe ar na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe shreabhadh airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin bunaithe ar na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais gan na ceanglais a bhaineann le modhnú na gné amluacha airgid i míreanna B4.1.9B–B4.1.9D de IFRS 9 a chur san áireamh. Nochtfaidh eintiteas an tsuim ghlanluacha ar dháta tuairiscithe na sócmhainní airgeadais a ndearnadh measúnú ar a saintréithe sreabhaidh airgid chonarthacha bunaithe ar na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais gan na ceanglais a bhaineann le modhnú na gné amluacha airgid i míreanna B4.1.9B–B4.1.9D de IFRS 9 á gcur san áireamh go dtí go ndéantar na sócmhainní airgeadais sin a dhí-aithint.

    42S

    I gcomhréir le mír 7.2.5 de IFRS 9, má tá sé dofheidhmithe ag eintiteas (mar a shainmhínítear in IAS 8) ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh measúnú a dhéanamh ar cé acu arbh neamhimleor luach cóir na gné réamhíocaíochta i gcomhréir le míreanna B4.1.12(d) de IFRS 9 bunaithe ar na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe shreabhadh airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin bunaithe ar na fíorais agus na himthosca arbh ann dóibh tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais gan an eisceacht maidir le gnéithe réamhíocaíochta i mír B4.1.12 de IFRS 9 a chur san áireamh. Nochtfaidh eintiteas an tsuim ghlanluacha ar dháta tuairiscithe na sócmhainní airgeadais a ndearnadh measúnú ar a saintréithe sreabhaidh airgid conarthacha bunaithe ar na fíorais agus na himthosca a bhí ann tráth aithint tosaigh na sócmhainne airgeadais gan an eisceacht le haghaidh gnéithe réamhíocaíochta i mír B4.1.12 de IFRS 9 a chur san áireamh go dtí go ndí-aithnítear na sócmhainní airgeadais sin.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    43

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2007 nó dá éis. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44

    Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla roimh an 1 Eanáir 2006, ní gá dó faisnéis chomparáideach a chur i láthair le haghaidh na nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 31-42 maidir le cineál agus méid na rioscaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais.

    44A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin rinneadh leasú leis ar mhíreanna 20, 21, mír 23(c) agus (d), mír 27(c) agus B5 d’Fhoscríbhinn B. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    44B

    Scriosadh mír 3(c) le IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin freisin. Níl feidhm ag an leasú, áfach, maidir le comaoin theagmhasach a d’eascair as comhcheangal gnó ar tháinig a dháta éadála roimh chur i bhfeidhm IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008). Ina ionad sin, déanfaidh eintiteas cuntasaíocht ar chomaoin den sórt sin i gcomhréir le míreanna 65A–65E de IFRS 3 (arna leasú in 2010).

    44C

    Cuirfidh eintiteas an leasú i mír 3 i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh. Má chuireann eintiteas Ionstraimí Airgeadais agus Oibleagáidí Airgeadais Indíola a eascraíonn le linn Leachtaithe i bhfeidhm (Leasuithe ar IAS 32 agus IAS 1), arna eisiúint i mí Feabhra 2008, maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i mír 3 i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    44D

    Rinneadh leasú ar mhír 3(a) le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé na leasuithe ar mhír 1 de IAS 28, ar mhír 1 de IAS 31 agus ar mhír 4 de IAS 32, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, i bhfeidhm. Ceadaítear don eintiteas an leasú a chur i bhfeidhm go hionchasach.

    44E

    [Scriosta]

    44F

    [Scriosta]

    44G

    Le Feabhsuithe ar Nochtuithe maidir le hIonstraimí Airgeadais (Leasuithe ar IFRS 7), arna eisiúint i mí an Mhárta 2009, leasaíodh míreanna 27, 39 agus B11 agus cuireadh míreanna 27A, 27B, B10A agus B11A–B11F leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Ní gá d’eintiteas na nochtuithe a cheanglaítear leis na leasuithe a sholáthar maidir le:

    (a)

    aon tréimhse bhliantúil nó idirthréimhse, lena n-áirítear aon ráiteas ar an staid airgeadais, arna chur i láthair laistigh de thréimhse chomparáideach bhliantúil dar chríoch roimh an 31 Nollaig 2009, nó

    (b)

    aon ráiteas ar an staid airgeadais amhail ag tús na tréimhse comparáidí is luaithe amhail ar dháta roimh an 31 Nollaig 2009.

    Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin (47).

    44H–44J

    [Scriosta]

    44K

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, leasaíodh mír 44B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    44L

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna arna eisiúint i mí na Bealtaine 2010, cuireadh mír 32A leis agus leasaíodh míreanna 34 agus 36–38. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44M

    Nochtuithe–Aistrithe Sócmhainní Airgeadais (Leasuithe ar IFRS 7), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2010, scriosadh mír 13 agus cuireadh míreanna 42A–42H agus B29–B39 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2011 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe i bhfeidhm ó dháta níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin. Ní gá d’eintiteas na nochtuithe a cheanglaítear leis na leasuithe sin a sholáthar le haghaidh aon tréimhse arna cur i láthair a thosaíonn roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe.

    44N

    [Scriosta]

    44O

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, Comhshocruithe, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 3. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    44P

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 3, 28 agus 29 agus Foscríbhinn A agus scriosadh míreanna 27–27B. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 13 i bhfeidhm.

    44Q

    Le Cur i láthair Míreanna Ioncaim Chuimsithigh Eile (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2011, leasaíodh mír 27B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 1 arna leasú i mí an Mheithimh 2011 i bhfeidhm.

    44R

    Le Nochtuithe–Sócmhainní Airgeadais agus Dliteanais Airgeadais a Fhritháireamh (Leasuithe ar IFRS 7), arna eisiúint i mí na Nollag 2011, cuireadh míreanna 13A–13F agus B40–B53 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó dá éis sin. Soláthróidh eintiteas na nochtuithe a cheanglaítear leis na leasuithe sin go cúlghabhálach.

    44S-44W

    [Scriosta]

    44X

    Le Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh mír 3. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear Eintitis Infheistíochta a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm níos luaithe, cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    44Y

    [Scriosta]

    44Z

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 2–5, 8–11, 14, 20, 28–30, 36, 42C–42E, Foscríbhinn A agus míreanna B1, B5, B9, B10, B22 agus B27, scriosadh míreanna 12, 12A, 16, 22–24, 37, 44E, 44F, 44H–44J, 44N, 44S–44W, 44Y, B4 agus Foscríbhinn D agus cuireadh míreanna 5A, 10A, 11A, 11B, 12B–12D, 16A, 20A, 21A–21D, 22A–22C, 23A–23F, 24A–24G, 35A–35N, 42I–42S, 44ZA agus B8A–B8J leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige. Ní gá na leasuithe sin a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis chomparáideach arna soláthar le haghaidh tréimhsí roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 9.

    44ZA

    I gcomhréir le mír 7.1.2 de IFRS 9, maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla roimh an 1 Eanáir 2018, féadfaidh eintiteas gan ach na ceanglais maidir le gnóthachain agus caillteanais ar dhliteanais airgeadais arna n-ainmniú mar amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i míreanna 5.7.1(c), 5.7.7–5.7.9, 7.2.14 agus B5.7.5–B5.7.20 de IFRS 9 a chur i bhfeidhm go luath gan na ceanglais eile in IFRS 9 a chur i bhfeidhm. Má roghnaíonn eintiteas gan ach na míreanna sin de IFRS 9 a chur i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid sin agus soláthróidh sé ar bhonn leanúnach na nochtuithe gaolmhara a leagtar amach i míreanna 10–11 den IFRS seo (arna leasú le IFRS 9 (2010)).

    44AA

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2012–2014, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2014, leasaíodh mír 44R agus mí B30 agus cuireadh mír B30A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis, ach amháin nach gá d’eintiteas na leasuithe ar mhíreanna B30 agus B30A a chur i bhfeidhm maidir le haon tréimhse arna cur i láthair a thosaíonn roimh an tréimhse bhliantúil dá gcuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair. Ceadaítear na leasuithe ar mhíreanna 44R, B30 agus B30A a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    44BB

    Le Tionscnamh Nochta (Leasuithe ar IAS 1), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh mír 21 agus mír B5. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe na leasuithe sin.

    44CC

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 29 agus B11D. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    44DD

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 3, 8 agus 29 agus scriosadh mír 30. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 3 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    44EE

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2019, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39 agus IFRS 7, cuireadh míreanna 24H agus 44FF leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé na leasuithe ar IFRS 9 nó IAS 39 i bhfeidhm.

    44FF

    Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2019, i bhfeidhm den chéad uair, ní cheanglaítear ar eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta a chur i láthair.

    44GG

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, arna n-eisiúint i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 24I–24J agus 44HH leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé na leasuithe ar IFRS 9, IAS 39, IFRS 4 nó IFRS 16 i bhfeidhm.

    44HH

    Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2 i bhfeidhm den chéad uair, ní cheanglaítear ar eintiteas an fhaisnéis a cheanglófaí murach sin le mír 28(f) de IAS 8 a nochtadh.

    44II

    Le Nochtadh Beartas Cuntasaíochta, lena leasaítear IAS 1 agus Ráiteas Cleachtais 2 de chuid IFRS Breithiúnais Ábharthachta a Thabhairt, agus a eisíodh i mí Feabhra 2021, leasaíodh míreanna 21 agus B5. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    AISTARRAINGT IAS 30

    45

    Cuirtear an IFRS seo in ionad IAS 30 Nochtuithe i Ráitis Airgeadais Banc agus Institiúidí Airgeadais Comhchosúla.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Riosca creidmheasa

    An riosca gurb údar caillteanais airgeadais ag páirtí amháin in ionstraim airgeadais don pháirtí eile de dheasca mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh.

    Gráid rátála riosca creidmheasa

    Rátáil an riosca creidmheasa bunaithe ar an riosca mainneachtana a d’fhéadfadh tarlú don ionstraim airgeadais.

    Riosca airgeadra

    An riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid todhchaí ionstraime airgeadais mar thoradh ar athruithe ar rátaí malairte eachtraí.

    Riosca an ráta úis

    An riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid todhchaí ionstraime airgeadais mar thoradh ar athruithe ar rátaí úis margaidh.

    Riosca leachtachta

    An riosca a mbeidh deacracht ar eintiteas oibleagáidí a bhaineann le dliteanais airgeadais a réitítear trí sholáthar airgid thirim nó sócmhainne airgeadais eile a chomhlíonadh.

    Iasachtaí iníoctha

    Is dliteanais airgeadais iad iasachtaí iníoctha, seachas suimeanna trádála gearrthéarmacha is iníoctha ar ghnáth-théarmaí creidmheasa.

    Priacal margaidh

    An riosca a luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid todhchaí d’ionstraim airgeadais mar thoradh ar athruithe ar phraghsanna margaidh. Cuimsítear trí chineál riosca le riosca margaidh: riosca airgeadra, riosca an ráta úis agus praghasriosca eile.

    Praghasriosca eile

    An riosca go luaineoidh luach cóir nó sreafaí airgid todhchaí ionstraime airgeadais de thoradh athruithe i bpraghsanna margaidh (seachas iad sin a eascraíonn as riosca ráta úisriosca airgeadra), cibé acu a tharlaíonn na hathruithe sin i ngeall ar fhachtóirí a bhaineann go sonrach leis an ionstraim airgeadais aonair nó lena eisitheoir, nó i ngeall ar fhachtóirí a dhéanann difear do na hionstraimí airgeadais comhchosúla uile a thrádáiltear sa mhargadh.

    Sainítear na téarmaí seo a leanas i mír 11 de IAS 32, mír 9 de IAS 39, Foscríbhinn A de IFRS 9 nó Foscríbhinn A de IFRS 13 agus úsáidtear iad san IFRS seo leis an mbrí atá sonraithe in IAS 32, IAS 39, IFRS 9 agus IFRS 13.

    costas amúchta sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais

    sócmhainn chonartha

    sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu

    dí-aithint

    díorthach

    díbhinní

    modh an úis ghlain

    ionstraim chothromais

    caillteanais chreidmheasa ionchasacha

    lach cóir

    sócmhainn airgeadais

    conradh ráthaíochta airgeadais

    ionstraim airgeadais

    dliteanas airgeadais

    dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas

    idirbheart réamhaisnéise

    oll-luach de réir na leabhar de chuid sócmhainne airgeadais

    ionstraim fálaithe

    arna shealbhú le trádáil

    gnóthachain nó caillteanais lagaithe

    lamháltas caillteanais

    thar téarma

    sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu

    dáta athaicmiúcháin

    gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán.

    Aguisín B

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    AICMÍ IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS AGUS AN LEIBHÉAL NOCHTA (MÍR 6)

    B1

    Ceanglaítear le mír 6 ar eintiteas ionstraimí airgeadais a ghrúpáil in aicmí ar iomchuí iad do chineál na faisnéise arna nochtadh agus lena gcuirtear san áireamh leo saintréithe na n-ionstraimí airgeadais sin. Cinneann an t-eintiteas na haicmí ar a dtugtar tuairisc i mír 6 agus is aicmí ar leith iad, dá bhrí sin, ó na catagóirí ionstraimí airgeadais atá sonraithe in IFRS 9 (lena gcinntear conas a thomhaistear ionstraimí airgeadais agus i gcás ina n-aithnítear athruithe ar an luach cóir).

    B2

    Agus na haicmí ionstraimí airgeadais á gcinneadh, déanfaidh eintiteas na nithe a leanas, ar a laghad:

    (a)

    idirdhealú idir ionstraimí arna dtomhas ar chostas amúchta agus iad siúd arna dtomhas ar luach cóir;

    (b)

    caithfidh siad leis na hionstraimí airgeadais sin atá lasmuigh de raon feidhme an IFRS seo mar aicme nó aicmí ar leithligh.

    B3

    Cinneann eintiteas, i bhfianaise a chuid imthosca, cá mhéad mionsonraí a sholáthróidh sé chun ceanglais an IFRS seo a chomhlíonadh, cá mhéid béime a chuirfidh sé ar ghnéithe difriúla de na ceanglais agus conas a dhéanfaidh sé faisnéis a chomhiomlánú chun an pictiúr foriomlán a léiriú gan faisnéis a chomhcheangal le saintréithe difriúla. Is gá cothromaíocht a bhaint amach ionas nach gcuirfear ualach róthrom ar na ráitis airgeadais le mionsonraí iomarcacha, rud nach gcuideoidh b’fhéidir le húsáideoirí ráiteas airgeadais agus a cheilfidh faisnéis thábhachtach de thoradh an iomarca comhiomlánaithe. Mar shampla, ní cheilfidh eintiteas faisnéis thábhachtach trína háireamh i measc lear mór mionsonraí neamhshuntasacha. Mar an gcéanna, ní nochtfaidh eintiteas faisnéis atá chomh comhiomlánaithe go gceileann sí difríochtaí tábhachtacha idir idirbhearta aonair nó rioscaí gaolmhara.

    B4

    [Scriosta]

    Nochtadh eile – beartais chuntasaíochta (mír 21)

    B5

    Le mír 21, ceanglaítear faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta a nochtadh, a meastar go mbeidh faisnéis inti maidir leis an mbonn (nó na boinn) tomhais le haghaidh ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun na ráitis airgeadais a ullmhú. Maidir le hionstraimí airgeadais, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh le nochtadh den sórt sin:

    (a)

    le haghaidh dliteanais airgeadais arna n-ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas:

    (i)

    cineál na ndliteanas airgeadais atá ainmnithe ag an eintiteas amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas;

    (ii)

    na critéir chun dliteanais airgeadais den sórt sin a ainmniú ar an mbealach sin tráth na haitheanta tosaigh; agus

    (iii)

    conas a chomhlíon an t-eintiteas na coinníollacha i mír 4.2.2 de IFRS 9 le haghaidh ainmniú den sórt sin.

    (aa) le haghaidh sócmhainní airgeadais a ainmnítear mar shócmhainní atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas:

    (i)

    cineál na sócmhainní airgeadais atá ainmnithe ag an eintiteas mar shócmhainní atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas; agus

    (ii)

    conas a chomhlíon an t-eintiteas na critéir i mír 4.1.5 de IFRS 9 le haghaidh ainmniú den sórt sin.

    (b)

    [scriosta]

    (c)

    cé acu atá nó nach bhfuil cuntas ar ghnáthcheannach agus gnáthdhíolacháin sócmhainní airgeadais ar an dáta trádála nó ar an dáta socraíochta (mír 3.1.2 de IFRS 9).

    (d)

    [scriosta]

    (e)

    conas a chinntear glanghnóthachain nó glanchaillteanais maidir le gach catagóir ionstraime airgeadais (féach mír 20(a)), mar shampla, cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leis na glanghnóthachain nó glanchaillteanais ar mhíreanna ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas ioncam úis nó ioncam ó dhíbhinn;

    (f)

    [scriosta]

    (g)

    [scriosta]

    Le mír 122 de IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) ceanglaítear ar eintitis na breithiúnais a nochtadh freisin, in éineacht le faisnéis ábhartha maidir le beartas cuntasaíochta nó nótaí eile, seachas na breithiúnais sin a mbaineann meastacháin leo, agus atá déanta ag an lucht bainistíochta agus beartais chuntasaíochta an eintitis á gcur i bhfeidhm acu, agus a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar na méideanna a aithnítear sna ráitis airgeadais.

    CINEÁL AGUS FAIRSIINGE NA RIOSCAÍ A EASCRAÍONN AS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS (MÍREANNA 31-42)

    B6

    Na nochtuithe a cheanglaítear le míreanna 31-42, déanfar iad sna ráitis airgeadais nó déanfar iad a ionchorprú trí chrostagairt a dhéanamh ó na ráitis airgeadais chuig ráiteas éigin eile, amhail tráchtaireacht bhainistíochta nó tuarascáil riosca, atá ar fáil d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais ar na téarmaí céanna leis na ráitis airgeadais agus an tráth céanna. In éagmais na faisnéise arna corprú trí chrostagairt, beidh na ráitis airgeadais neamhiomlán.

    Nochtuithe cainníochtúla (mír 34)

    B7

    Ceanglaítear le mír 34(a) nochtuithe a dhéanamh de mhionsonraí cainníochtúla achomair maidir le nochtadh eintitis do rioscaí bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis. I gcás ina n-úsáideann eintiteas modhanna chun neamhchosaint ar riosca a bhainistiú, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis ag úsáid an mhodha nó na modhanna a sholáthraíonn an fhaisnéis is ábhartha agus is iontaofa. Pléitear in IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta ábharthacht agus iontaofacht.

    B8

    Ceanglaítear le mír 34(c) nochtuithe maidir le comhchruinnithe riosca. Eascraíonn comhchruinnithe riosca as ionstraimí airgeadais ag a bhfuil na saintréithe céanna agus a ndéanann athruithe ar dhálaí eacnamaíocha nó ar dhálaí eile difear den chineál céanna dóibh. Ar chomhchruinnithe riosca a aithint éilítear breithiúnas agus imthosca an eintitis á gcur san áireamh. Áireofar leis an nochtadh maidir le comhchruinnithe riosca:

    (a)

    tuairisc ar an mbealach a chinneann an bhainistíocht comhchruinnithe;

    (b)

    tuairisc ar an tsaintréith chomhroinnte lena n-aithnítear gach comhchruinniú (e.g. contrapháirtí, limistéar geografach, airgeadra nó margadh); agus

    (c)

    méid na neamhchosanta ar riosca atá bainteach le gach ionstraim airgeadais a bhfuil an tsaintréith sin i gcoiteann acu.

    Cleachtais bainistíochta riosca creidmheasa (míreanna 35F–35G)

    B8A

    Ceanglaítear le mír 35F(b) go nochtfaí faisnéis faoi conas a shainmhínigh eintiteas mainneachtain le haghaidh ionstraimí airgeadais difriúla agus na cúiseanna gur roghnaíodh na sainmhínithe sin. I gcomhréir le mír 5.5.9 de IFRS 9, tá an cinneadh maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint bunaithe ar an méadú ar riosca mainneachtana tarlú ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh. Faisnéis maidir le sainmhínithe eintitis ar mhainneachtain a chuideoidh le húsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar conas a chuir eintiteas na ceanglais maidir le caillteanas creidmheasa ionchasach i bhfeidhm in IFRS 9, féadfar a áireamh le faisnéis mar sin:

    (a)

    na fíorais cháilíochtúla agus chainníochtúla a breithníodh agus mainneachtain á sainiú;

    (b)

    cé acu ar cuireadh sainmhínithe difriúla i bhfeidhm ar chineálacha difriúla ionstraimí airgeadais; agus

    (c)

    toimhdí maidir leis an ráta leighis (i.e. an líon sócmhainní airgeadais a fhilleann ar stádas feidhmithe tar éis do mhainneachtain tarlú ar an tsócmhainn airgeadais.

    B8B

    Chun cúnamh a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar bheartais athstruchtúraithe agus modhnúcháin eintitis, ceanglaítear le mír 35F(f)(i) faisnéis a nochtadh faoi conas a dhéanann eintiteas faireachán ar chomh mór a dhéantar an lamháltas caillteanais ar shócmhainní airgeadais a nochtadh roimhe seo i gcomhréir le mír 35F(f)(i) a thomhas ina dhiaidh sin ag méid atá cothrom leis na caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcomhréir le mír 5.5.3 de IFRS 9. Faisnéis chainníochtúil a thabharfaidh cúnamh d’úsáideoirí tuiscint a fháil ar an méadú ina dhiaidh sin ar riosca creidmheasa na sócmhainní airgeadais modhnaithe, féadfar a áireamh leis an bhfaisnéis sin faisnéis faoi shócmhainní airgeadais modhnaithe a chomhlíonann na critéir i mír 35F(f)(i) ar fhill an lamháltas caillteanais a bheith á thomhas ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil (i.e. ráta meathlúcháin).

    B8C

    Ceanglaítear le mír 35G(a) faisnéis a nochtadh maidir le bunús na n-ionchur agus na dtoimhdí agus na dteicnící meastacháin a úsáideadh chun na ceanglais lagaithe in IFRS 9 a chur i bhfeidhm. Toimhdí agus ionchuir eintitis arna n-úsáid chun caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas nó chun méid na méaduithe ar an riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh, féadfar a áireamh leo faisnéis a fuarthas ó fhaisnéis inmheánach stairiúil nó ó thuarascálacha rátála agus toimhdí faoi ionchas saoil ionstraimí airgeadais agus uainiú dhíolachán na comhthaobhachta.

    Athruithe ar an lamháltas caillteanais (mír 35H)

    B8D

    I gcomhréir le mír 35H, ceanglaítear ar eintiteas míniú a thabhairt ar na cúiseanna a bhí leis na hathruithe ar an lamháltas caillteanais le linn na tréimhse. I dteannta an réitigh ón iarmhéid tosaigh go dtí iarmhéid deiridh an lamháltais chaillteanais, d’fhéadfadh gá a bheith le míniú mionsonraithe a thabhairt ar na hathruithe. D’fhéadfaí a áireamh leis an míniú mionsonraithe sin anailís ar na cúiseanna atá le hathruithe ar an lamháltas caillteanais le linn na tréimhse, lena n-áirítear:

    (a)

    comhdhéanamh na punainne;

    (b)

    méid na n-ionstraimí airgeadais a ceannaíodh nó a tionscnaíodh; agus

    (c)

    géire na gcaillteanas creidmheasa ionchasach

    B8E

    Maidir le gealltanais iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais aithnítear an lamháltas caillteanais mar sholáthar. Ba cheart d’eintiteas faisnéis a nochtadh faoi na hathruithe ar an lamháltas caillteanais le haghaidh sócmhainní airgeadais ar leithligh uathu siúd le haghaidh gealltanais iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais. Má áirítear comhpháirt iasachta (i.e. sócmhainn airgeadais) agus gealltanas neamhtharraingthe (i.e. gealltanas iasachta) araon le hionstraim airgeadais áfach agus mura féidir leis an eintiteas na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar an gcomhpháirt gealltanais iasachta a shainaithint ar leithligh uathu siúd ar an gcomhpháirt sócmhainne airgeadais, ba cheart na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar an ngealltanas iasachta a aithint le chéile leis an lamháltas caillteanais don tsócmhainn airgeadais. A mhéid a sháraíonn na caillteanais chreidmheasa ionchasacha le chéile oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais, ba cheart na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a aithint mar sholáthar.

    Comhthaobhacht (mír 35K)

    B8F

    Ceanglaítear le mír 35K faisnéis a nochtadh a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an éifeacht a bheidh ag comhthaobhacht agus ag feabhsuithe creidmheasa eile ar mhéid na gcaillteanas creidmheasa ionchasach. Ní cheanglaítear ar eintiteas faisnéis a nochtadh faoi luach cóir comhthaobhachta agus feabhsuithe creidmheasa eile ná ní cheanglaítear air ach an oiread luach beacht na comhthaobhachta a áiríodh i ríomh na gcaillteanas creidmheasa ionchasach (i.e. an caillteanas i gcás mainneachtana) a chainníochtú.

    B8G

    Sa tuairisc mhionsonraithe ar chomhthaobhacht agus ar an éifeacht a bheidh aige ar mhéideanna de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, d’fhéadfaí faisnéis a áireamh inti faoi na nithe seo a leanas:

    (a)

    na príomhchineálacha comhthaobhachta arna sealbhú mar urrús agus feabhsuithe creidmheasa eile (i measc samplaí de sin tá ráthaíochtaí, díorthaigh chreidmheasa agus comhaontuithe glanluachála nach gcáilíonn lena bhfritháireamh i gcomhréir le IAS 32);

    (b)

    méid na comhthaobhachta arna shealbhú agus feabhsuithe creidmheasa eile agus a tábhacht i dtéarmaí an lamháltais chaillteanais;

    (c)

    na beartais agus na próisis chun comhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile a luacháil agus a bhainistiú;

    (d)

    na príomhchineálacha contrapháirtithe sa chomhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile agus an acmhainneacht chreidmheasa atá acu; agus

    (e)

    faisnéis maidir le comhchruinnithe riosca laistigh den chomhthaobhacht agus feabhsuithe creidmheasa eile.

    Neamhchosaint ar riosca creidmheasa (míreanna 35M–35N)

    B8H

    Ceanglaítear le mír 35M faisnéis a nochtadh faoi neamhchosaint eintitis ar riosca agus comhchruinnithe suntasacha de riosca creidmheasa ar an dáta maidir le tuairisciú. Is ann do chomhchruinniú riosca creidmheasa i gcás ina bhfuil líon contrapháirtithe lonnaithe i réigiún geografach nó ina bhfuil siad ag gabháil do ghníomhaíochtaí comhchosúla agus ina bhfuil saintréithe eacnamaíocha comhchosúla acu a d’fhágfadh go ndéanfadh athruithe ar dhálaí eacnamaíocha nó dálaí eile an difear céanna dá gcumas oibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh. Ba cheart d’eintiteas faisnéis a sholáthar a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar cé acu atá nó nach bhfuil grúpaí nó punanna ionstraimí airgeadais ann ag a bhfuil gnéithe áirithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chuid mhór den ghrúpa sin ionstraimí airgeadais amhail comhchruinniú i leith rioscaí áirithe. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, grúpálacha iasachta/luacha, comhchruinnithe geografacha, tionscail nó de chineál eisitheora.

    B8I

    Beidh an líon grád rátála riosca creidmheasa a úsáidfear chun an fhaisnéis a nochtadh i gcomhréir le mír 35M comhsheasmhach leis an líon a thuairiscíonn an t-eintiteas do phríomhphearsanra bainistíochta chun críocha bainistíochta riosca creidmheasa. I gcás inarb í an fhaisnéis thar téarma an t-aon fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann go sonrach le hiasachtaí agus i gcás ina n-úsáideann eintiteas faisnéis thar téarma chun measúnú a dhéanamh ar cé acu ar mhéadaigh nó nár mhéadaigh an riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó i gcomhréir le mír 5.5.11 de IFRS 9, soláthróidh eintiteas anailís de réir stádais thar téarma maidir leis na sócmhainní airgeadais sin.

    B8J

    Nuair a bheidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha tomhaiste ag eintiteas ar bhonn comhchoiteann, féadfar nach mbeidh an t-eintiteas in ann oll-luach de réir na leabhar sócmhainní airgeadais aonair ná an neamhchosaint ar riosca creidmheasa ar ghealltanais iasachta agus ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais a leithdháileadh ar na gráid rátála riosca creidmheasa dá n-aithnítear caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil. Sa chás sin, ba cheart d’eintiteas an ceanglas i mír 35M a chur i bhfeidhm maidir leis na hionstraimí airgeadais sin ar féidir iad a leithdháileadh go díreach ar ghrád rátála riosca creidmheasa agus oll-luach de réir na leabhar na n-ionstraimí airgeadais dár tomhaiseadh caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar bhonn comhchoiteann a nochtadh ar leithligh.

    Uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa (mír 36(a))

    B9

    Ceanglaítear le mír 35K(a) agus mír 36(a) an méid is fearr a léiríonn uas-neamhchosaint an eintitis ar riosca creidmheasa a nochtadh. Maidir le sócmhainn airgeadais, is gnách gurb é sin an oll-luach de réir na leabhar, glan ar:

    (a)

    aon mhéid a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir le IAS 32; agus

    (b)

    aon lamháltas caillteanais arna aithint i gcomhréir le IFRS 9.

    B10

    Áirítear ar na gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn riosca creidmheasa agus an uas-neamhchosaint ghaolmhar ar riosca creidmheasa, ach ní hiad na gníomhaíochtaí seo amháin atá i gceist:

    (a)

    iasachtaí a dheonú do chustaiméirí agus taiscí a chur le heintitis eile. Sna cásanna sin, is ionann an uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa agus suim ghlanluacha na sócmhainní airgeadais gaolmhara.

    (b)

    conarthaí díorthaigh a dhéanamh, e.g. conarthaí malairte eachtraí, babhtálacha ráta úis agus díorthaigh chreidmheasa. I gcás ina dtomhaistear an tsócmhainn a thagann as ar luach cóir, beidh an uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa ag deireadh na tréimhse tuairiscithe cothrom leis an tsuim ghlanluacha;

    (c)

    ráthaíochtaí airgeadais a dheonú. Sa chás sin, is ionann an uas-neamhchosaint ar riosca creidmheasa agus an t-uasmhéid a d’fhéadfadh a bheith le híoc ag an eintiteas má ghlaoitear an ráthaíocht, rud a d’fhéadfadh a bheith i bhfad níos mó ná an méid a aithníodh mar dhliteanas;

    (d)

    gealltanas iasachta a dhéanamh atá neamh-inchúlghairthe thar shaolré na saoráide nó nach bhfuil inchúlghairthe ach amháin mar fhreagairt ar athrú díobhálach ábhartha. Mura féidir leis an eisitheoir an gealltanas iasachta a shocrú glan in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, is ionann an uas-neamhchosaint creidmheasa agus méid iomlán an ghealltanais. Tá sé sin amhlaidh toisc nach bhfuiltear cinnte cé acu an bhféadfar méid aon sciar neamhtharraingthe a úsáid sa todhchaí. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfad níos mó ná an méid a aithníodh mar dhliteanas.

    Nochtuithe riosca leachtachta cainníochtúla (míreanna 34(a) agus 39(a) agus (b))

    B10A

    I gcomhréir le mír 34(a) nochtann eintiteas sonraí cainníochtúla achomair maidir lena neamhchosaint ar riosca leachtachta ar bhonn na faisnéise arna soláthar go hinmheánach don phríomhphearsanra bainistíochta. Míneoidh eintiteas conas a chinntear na sonraí sin. Dá bhféadfadh na heis-sreafaí (nó sócmhainn airgeadais eile) a áirítear sna sonraí:

    (a)

    tarlú i bhfad níos túisce ná mar a tugadh le fios sna sonraí, nó

    (b)

    a bheith le haghaidh méideanna atá an-difriúil leo siúd a tugadh le fios sna sonraí (e.g. le haghaidh díorthach atá áirithe sna sonraí ar bhonn glansocraíochta ach a bhfuil an rogha ag an gcontrapháirtí ollsocraíocht a éileamh),

    luafaidh an t-eintiteas an méid sin agus soláthróidh sé faisnéis chainníochtúil a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar fhairsinge an riosca sin mura bhfuil an fhaisnéis sin áirithe san anailís aibíochta conarthach a cheanglaítear le mír 39(a) nó (b).

    B11

    Agus an anailís aibíochta a cheanglaítear le mír 39(a) agus (b) á hullmhú úsáideann eintiteas a bhreithiúnas chun líon iomchuí bandaí ama a chinneadh. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas a chinneadh go bhfuil na bandaí ama seo a leanas iomchuí:

    (a)

    tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin;

    (b)

    níos déanaí ná 1 mhí amháin agus nach déanaí ná 3 mhí;

    (c)

    níos déanaí ná 3 mhí agus nach déanaí ná 1 bhliain amháin; agus

    (d)

    níos déanaí ná 1 bhliain amháin agus nach déanaí ná 5 bliana.

    B11A

    Agus mír 39(a) agus (b) á comhlíonadh, ní dheighlfidh eintiteas díorthach leabaithe ó ionstraim airgeadais hibrideach (comhcheangailte). Le haghaidh ionstraim den sórt sin, cuirfidh eintiteas mír 39(a) i bhfeidhm.

    B11B

    Ceanglaítear le mír 39(b) ar eintiteas anailís aibíochta chainníochtúil a nochtadh le haghaidh dliteanais airgeadais díorthacha lena dtaispeántar na haibíochtaí conarthacha atá fágtha má tá na haibíochtaí conarthacha fíor-riachtanach chun tuiscint a fháil ar uainiú na sreafaí airgid. Mar shampla, bheadh sé sin amhlaidh le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    babhtáil ráta úis le haibíocht iarmhair 5 bliana i bhfálú sreabhaidh airgid de shócmhainn nó de dhliteanas airgeadais ar ráta comhlúthach.

    (b)

    gach gealltanas iasachta.

    B11C

    Ceanglaítear le mír 39(a) agus (b) ar eintiteas anailís aibíochta a nochtadh le haghaidh dliteanais airgeadais lena dtaispeántar na haibíochtaí conarthacha iarmhair le haghaidh roinnt dliteanais airgeadais. Sa nochtadh sin:

    (a)

    i gcás ina mbeidh rogha ag contrapháirtí maidir le cathain a íoctar méid, leithdháiltear an dliteanas chuig an tréimhse is túisce ina féidir a cheangal ar an eintiteas íoc. Mar shampla, dliteanais airgeadais is féidir a cheangal ar eintiteas a aisíoc ar éileamh (e.g. taiscí prapéilimh) tá siad áirithe sa bhanda ama is túisce.

    (b)

    i gcás ina bhfuil eintiteas tiomanta méideanna a chur ar fáil i dtráthchodanna, leithdháiltear gach tráthchuid chuig an tréimhse is túisce ina féidir a cheangal ar an eintiteas íoc. Mar shampla, tá gealltanas iasachta neamhtharraingthe áirithe sa bhanda ama ina bhfuil an dáta is túisce ar féidir é a tharraingt anuas.

    (c)

    le haghaidh conarthaí ráthaíochta airgeadais eisithe leithdháiltear an t-uasmhéid den ráthaíocht ar an tréimhse is túisce ina bhféadfaí an ráthaíocht a ghlaoch.

    B11D

    Is ionann na méideanna conarthacha a nochtar sna hanailísí aibíochta a cheanglaítear le mír 39(a) agus (b) agus na sreafaí airgid neamhlascainithe conarthacha, mar shampla:

    (a)

    oll-dliteanais léasa (sula ndéantar muirir mhaoinithe a asbhaint);

    (b)

    na praghsanna a shonraítear i réamh-chomhaontuithe chun sócmhainní airgeadais a cheannach ar airgead;

    (c)

    glanmhéideanna le haghaidh babhtálacha ráta úis íoca-snámhacha/fála-seasta dá malartaítear glansreafaí airgid;

    (d)

    méideanna conarthacha atá le malartú in ionstraim airgeadais dhíorthach (e.g. babhtáil airgeadra) dá ndéantar sreafaí airgid roimh chánachas a mhalartú; agus

    (e)

    gealltanais iasachta chomhlána.

    Tá difríocht idir sreafaí airgid neamhlascainithe den sórt sin agus an méid atá áirithe sa ráiteas ar an staid airgeadais toisc go bhfuil an méid sa ráiteas sin bunaithe ar shreafaí airgid lascainithe. I gcás nach bhfuil an méid is iníoctha socraithe, cinntear an méid a nochtar trí thagairt a dhéanamh do na coinníollacha atá i bhfeidhm ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Mar shampla, i gcás ina bhfuil an méid is iníoctha éagsúil le hathruithe in innéacs, féadfar an méid a nochtfar a bheith bunaithe ar leibhéal an innéacs ag deireadh na tréimhse.

    B11E

    Ceanglaítear le mír 39(c) ar eintiteas tuairisc a thabhairt ar conas a bhainistíonn sé an riosca leachtachta ar dlúthchuid de na míreanna iad a nochtar sna nochtuithe cainníochtúla a cheanglaítear i mír 39(a) agus (b). Nochtfaidh eintiteas anailís aibíochta ar shócmhainní airgeadais atá ina sheilbh aige chun an riosca leachtachta a bhainistiú (e.g. sócmhainní airgeadais atá indíolta go héasca nó a bhfuil coinne leis go nginfidh siad insreafaí airgid chun freastal ar eis-sreafaí airgid maidir le dliteanais airgeadais), más gá an fhaisnéis sin chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus ar fhairsinge an riosca leachtachta.

    B11F

    Áirítear ar na fíorais eile a d’fhéadfadh eintiteas a bhreithniú agus é ag soláthar an nochta a cheanglaítear i mír 39(c), ach ní hiad na fíorais seo amháin atá i gceist, cé acu:

    (a)

    ar gheall nó nár gheall an t-eintiteas saoráidí iasachtaithe (e.g. saoráidí páipéar tráchtála) nó línte eile creidmheasa (e.g. saoráidí creidmheasa cúltaca) is féidir leis a rochtain chun riachtanais leachtachta a chomhlíonadh;

    (b)

    a sealbhaíonn nó nach sealbhaíonn an t-eintiteas taiscí ag bainc cheannais chun riachtanais leachtachta a chomhlíonadh;

    (c)

    atá nó nach bhfuil foinsí cistiúcháin an-éagsúil ag an eintiteas;

    (d)

    atá nó nach bhfuil comhchruinnithe suntasacha de riosca leachtachta ag an eintiteas ina shócmhainní nó ina fhoinsí cistiúcháin;

    (e)

    atá nó nach bhfuil próisis rialaithe inmheánaigh agus pleananna teagmhasacha aige chun riosca leachtachta a bhainistiú;

    (f)

    atá nó nach bhfuil ionstraimí ag an eintiteas ina gcuimsítear téarmaí aisíocaíochta luathaithe (e.g. ar íosghrádú rátáil chreidmheasa an eintitis);

    (g)

    atá nó nach bhfuil ionstraimí ag an eintiteas lena bhféadfaí a cheangal air comhthaobhacht a phostáil (e.g. glaonna corrlaigh ar dhíorthaigh);

    (h)

    atá nó nach bhfuil ionstraimí ag an eintiteas a ligean dó roghnú cé acu a socraíonn nó nach socraíonn sé a dhliteanais airgeadais trí airgead tirim a sheachadadh (nó sócmhainn airgeadais eile) nó trína chuid scaireanna dílse a sheachadadh; nó

    (i)

    atá nó nach bhfuil ionstraimí ag an eintiteas atá faoi réir máistir-chomhaontuithe glanluachála.

    Riosca margaidh – anailís íogaireachta (míreanna 40 agus 41)

    B17

    Ceanglaítear le mír 40(a) go ndéanfaí anailís íogaireachta le haghaidh gach cineál riosca margaidh dá bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta. I gcomhréir le mír B3, cinneann eintiteas conas a dhéanann sé faisnéis a chomhiomlánú chun an pictiúr foriomlán a thabhairt gan faisnéis a chomhcheangal le saintréithe difriúla maidir le neamhchosaintí ar rioscaí ó thimpeallachtaí eacnamaíocha an-difriúil. Mar shampla:

    (a)

    d’fhéadfadh eintiteas a thrádálann ionstraimí airgeadais an fhaisnéis sin a nochtadh ar leithligh le haghaidh ionstraimí airgeadais arna sealbhú le trádáil agus iad sin nach sealbhaítear le trádáil;

    (b)

    ní dhéanfadh eintiteas comhiomlánú ar a neamhchosaintí ar rioscaí margaidh ó limistéir ina bhfuil hipearbhoilsciú lena neamhchosaint ar na rioscaí margaidh céanna ó limistéir ina bhfuil boilsciú an-íseal.

    I gcás nach bhfuil neamhchosaint ag eintiteas ach ar chineál amháin riosca margaidh i dtimpeallacht eacnamaíoch amháin, ní thaispeánfadh sé an fhaisnéis dí-chomhiomlánaithe.

    B18

    Ceanglaítear le mír 40(a) go dtaispeánfaí san anailís íogaireachta an éifeacht ar bhrabús nó caillteanas agus cothroime na n-athruithe a d’fhéadfadh tarlú go réasúnta san athróg riosca ábhartha (e.g. na rátaí úis atá i réim ar an margadh, rátaí airgeadra, praghsanna cothromais nó praghsanna tráchtearraí). Chun na críche seo:

    (a)

    ní cheanglaítear ar eintitis a chinneadh cad a bheadh sa bhrabús nó caillteanas don tréimhse dá mbeadh na hathróga riosca ábhartha difriúil. Ina ionad sin, nochtann eintitis an éifeacht ar bhrabús nó caillteanas agus cothromas ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ag glacadh leis gur tharla athrú réasúnta féideartha ar an athróg riosca ábhartha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus go raibh sé curtha i bhfeidhm ar na neamhchosaintí ar riosca a bhí ann ar an dáta sin. Mar shampla, i gcás ina mbeidh dliteanas ar ráta comhlúthach ag eintiteas ag deireadh na bliana, nochtfadh an t-eintiteas an éifeacht a bheadh aige sin ar bhrabús nó caillteanas (i.e. speansas úis) le haghaidh na bliana reatha dá mbeadh rátaí úis inathraithe le méideanna a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnta;

    (b)

    ní cheanglaítear ar eintitis an éifeacht ar bhrabús nó caillteanas a nochtadh maidir le gach athrú laistigh de raon athruithe a d’fhéadfadh tarlú go réasúnach ar an athróg riosca ábhartha. Ba leordhóthanach éifeachtaí na n-athruithe ag teorainneacha an raoin a d’fhéadfadh tarlú go réasúnach a nochtadh.

    B19

    Agus cinneadh á dhéanamh faoi cad é athrú a d’fhéadfadh tarlú go réasúnach san athróg riosca ábhartha, ba cheart d’eintiteas na nithe seo a leanas a bhreithniú:

    (a)

    na timpeallachtaí eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn sé. Níor cheart a áireamh le hathrú a d’fhéadfaí a dhéanamh go réasúnach cásanna cianda nó ‘na cásanna is measa’ nó ‘tástálacha struis’. Thairis sin, má tá an ráta athraithe san athróg riosca bunúsach cobhsaí, ní gá d’eintiteas an t-athrú roghnaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh go réasúnach a athrú san athróg riosca. Mar shampla, glac leis gurb ionann na rátaí úis agus 5 faoin gcéad agus go gcinneann eintiteas go bhféadfadh luaineacht sna rátaí úis de ± 50 bonnphointe tarlú go réasúnach. Nochtfadh sé an éifeacht ar bhrabús nó caillteanas agus ar chothromas i gcás ina n-athródh rátaí úis go 4,5 faoin gcéad nó 5,5 faoin gcéad. Sa chéad tréimhse eile, tá na rátaí úis méadaithe go 5,5 faoin gcéad. Creideann an t-eintiteas fós go bhféadfadh rátaí úis luainiú de ± 50 bonnphointe (i.e. go bhfuil ráta an athraithe ar rátaí úis cobhsaí). Nochtfadh an t-eintiteas an éifeacht ar bhrabús nó caillteanas agus ar chothromas i gcás ina n-athródh na rátaí úis go 5 faoin gcéad nó 6 faoin gcéad. Ní cheanglófaí ar an eintiteas athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú go bhféadfadh rátaí úis luainiú go réasúnach de ± 50 bonnphointe, mura bhfuil fianaise ann go bhfuil na rátaí úis i bhfad níos luainí anois;

    (b)

    an tráthchlár a bhfuil sé i mbun an mheasúnúcháin. Taispeánfar san anailís íogaireachta éifeachtaí na n-athruithe a mheastar a d’fhéadfaí a dhéanamh go réasúnach le linn na tréimhse go dtí an chéad uair eile a chuirfidh an t-eintiteas na nochtuithe sin i láthair, arb é a chéad tréimhse tuairiscithe bhliantúil eile é de ghnáth.

    B20

    Ceadaítear le mír 41 d’eintiteas anailís íogaireachta a úsáid ina léirítear idirthuilleamaíochtaí idir athróga riosca, amhail modheolaíocht luach faoi riosca, má úsáideann sé an anailís sin chun a neamhchosaint ar rioscaí airgeadais a bhainistiú. Tá feidhm leis sin fiú nuair nach dtomhaistear le modheolaíocht den sórt sin ach an fhéidearthacht maidir le caillteanas agus nach dtomhaistear an fhéidearthacht maidir le gnóthachan. D’fhéadfadh eintiteas den sórt sin mír 41(a) a chomhlíonadh tríd an gcineál samhla luach faoi riosca a úsáideadh a nochtadh (e.g. cé acu atá nó nach bhfuil an tsamhail ag brath ar ionsamhlúcháin Monte Carlo), míniú ar an gcaoi a oibríonn an tsamhail agus na príomhthoimhdí (e.g. an tréimhse sealbhaíochta agus an leibhéal muiníne). D’fhéadfadh eintitis an íostréimhse bhreathnóireachta stairiúla agus na hualuithe a cuireadh i bhfeidhm ar bhreathnóireachtaí laistigh den tréimhse sin a nochtadh freisin, míniú ar an gcaoi a láimhseáiltear roghanna sna ríomhanna, agus cé na luaineachtaí agus comhchoibhnis (nó mar rogha ar an méid sin, ionsamhlúcháin dáileacháin dóchúlachta Monte Carlo) a úsáidtear.

    B21

    Soláthróidh eintiteas anailís íogaireachta le haghaidh iomlán a chuid gnó, ach féadfaidh sé cineálacha difriúla anailíse íogaireachta a sholáthar le haghaidh aicmí difriúla ionstraimí airgeadais.

    Riosca an ráta úis

    B22

    Eascraíonn riosca an ráta úis ar ionstraimí airgeadais úsmhara arna n-aithint sa ráiteas ar an staid airgeadais (e.g. ionstraimí airgeadais arna bhfáil nó arna n-eisiúint) agus ar roinnt ionstraimí airgeadais nach n-aithnítear sa ráiteas ar an staid airgeadais (e.g. roinnt gealltanas iasachta).

    Riosca airgeadra

    B23

    Eascraíonn riosca airgeadra (nó riosca malairte eachtraí) ar ionstraimí airgeadais atá ainmnithe in airgeadra eachtrach, i.e. in airgeadra seachas an t-airgeadra feidhmiúil ina dtomhaistear iad. Chun críche an IFRS seo, ní eascraíonn riosca airgeadra as ionstraimí airgeadais nach míreanna neamhairgeadaíochta iad nó as ionstraimí airgeadais atá ainmnithe san airgeadra feidhmiúil.

    B24

    Nochtar anailís íogaireachta le haghaidh gach airgeadra ag a bhfuil neamhchosaint shuntasach ag eintiteas.

    Praghasriosca eile

    B25

    Eascraíonn praghasriosca eile ar ionstraimí airgeadais mar gheall ar athruithe, mar shampla, ar phraghsanna tráchtearraí nó ar phraghsanna cothromais. Chun mír 40 a chomhlíonadh, d’fhéadfadh eintiteas an éifeacht a bhíonn ag laghdú ar innéacs stocmhargaidh sonraithe, ar phraghas tráchtearraí, nó ar athraitheach riosca eile a nochtadh. Mar shampla, má thugann eintiteas ráthaíochtaí luacha iarmharaigh ar ionstraimí airgeadais atá iontu, nochtann an t-eintiteas méadú nó laghdú ar luach na sócmhainní a bhfuil feidhm ag an ráthaíocht ina leith.

    B26

    Ar an dá shampla d’ionstraimí airgeadais as a n-eascraíonn praghasriosca cothromais tá (a) sealbhaíocht cothromas in eintiteas eile, agus (b) infheistíocht in iontaobhas ina sealbhaítear ar a uain infheistíochtaí in ionstraimí cothromais. I measc samplaí eile tá conarthaí réamhcheaptha agus roghanna chun cainníochtaí sonraithe d’ionstraim chothromais a cheannach nó a dhíol agus babhtálacha atá innéacsaithe le praghsanna cothromais. Déanann athruithe ar mhargadhphraghas na n-ionstraimí cothromais foluiteacha difear do luachanna córa ionstraimí airgeadais den sórt sin.

    B27

    I gcomhréir le mír 40(a), déantar íogaireacht an bhrabúis nó an chaillteanais (a eascraíonn, mar shampla, as ionstraimí arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas) a nochtadh ar leithligh ó íogaireacht ioncaim chuimsithigh eile (a eascraíonn, mar shampla, as infheistíochtaí in ionstraimí cothromais a gcuirtear a gcuid athruithe ar luach cóir i láthair in ioncam cuimsitheach eile).

    B28

    Ionstraimí airgeadais a aicmíonn eintiteas mar ionstraimí cothromais ní dhéantar iad a atomhas. Ní dhéanfaidh praghasriosca cothromais na n-ionstraimí sin difear do bhrabús nó caillteanas ná do chothromas. Dá réir sin, ní cheanglaítear aon anailís íogaireachta.

    DÍ-AITHINT (MÍREANNA 42C–42H)

    Rannpháirtíocht leanúnach (mír 42C)

    B29

    An measúnú ar rannpháirtíocht leanúnach i sócmhainn airgeadais aistrithe chun críocha na gceanglas maidir le nochtadh i míreanna 42E–42H, déantar é ar leibhéal an eintitis tuairiscithe. Mar shampla, má aistríonn fochuideachta chuig tríú páirtí neamhghaolmhar sócmhainn airgeadais ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ag máthairchuideachta na fochuideachta, ní áiríonn an fhochuideachta rannpháirtíocht na máthairchuideachta sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil rannpháirtíocht leanúnach aici san tsócmhainn aistrithe ina ráitis airgeadais ar leithligh nó aonair (i.e. i gcás inarb í an fhochuideachta an t-eintiteas tuairiscithe). D’áireodh máthairchuideachta a rannpháirtíocht leanúnach áfach (nó rannpháirtíocht leanúnach comhalta eile den ghrúpa) i sócmhainn airgeadais arna haistriú ag a fochuideachta chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil rannpháirtíocht leanúnach aici sa tsócmhainn aistrithe ina ráitis airgeadais chomhdhlúite (i.e. i gcás inarb é an t-eintiteas tuairiscithe an grúpa).

    B30

    Níl rannpháirtíocht leanúnach ag eintiteas i sócmhainn airgeadais aistrithe má amhlaidh, mar chuid den aistriú, nach gcoinníonn sé aon cheann de na cearta conarthacha ná na hoibleagáidí conarthacha ar dlúthchuid den tsócmhainn airgeadais aistrithe iad nó mura bhfaigheann sé aon cheart conarthach nua ná aon oibleagáid chonarthach nua a bhaineann leis an tsócmhainn airgeadais aistrithe. Níl rannpháirtíocht leanúnach ag eintiteas i sócmhainn airgeadais aistrithe mura bhfuil leas aige i bhfeidhmíocht na sócmhainne airgeadais aistrithe amach anseo ná freagracht faoi aon imthosca íocaíochtaí a dhéanamh i leith na sócmhainne airgeadais aistrithe sa todhchaí. Ní áirítear leis an téarma ‘íocaíocht’ sa chomhthéacs seo sreafaí airgid na sócmhainne airgeadais aistrithe a bhailíonn eintiteas agus is gá a íoc amach leis an aistrí.

    B30A

    I gcás ina n-aistríonn eintiteas sócmhainn airgeadais, féadfaidh an t-eintiteas an ceart a choinneáil an tsócmhainn airgeadais sin a sheirbhísiú ar tháille a bheidh áirithe i gconradh seirbhísithe mar shampla. Déanfaidh an t-eintiteas measúnú ar an gconradh seirbhísithe i gcomhréir leis an treoraíocht i mír 42C agus i mír B30 chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ag an eintiteas de thoradh an chonartha seirbhísithe chun críocha na gceanglas maidir le nochtadh. Mar shampla, beidh rannpháirtíocht leanúnach ag seirbhíseoir sa tsócmhainn airgeadais aistrithe chun críocha na gceanglas maidir le nochtadh má tá an táille seirbhísithe ag brath ar mhéid nó ar uainiú na sreafaí airgid arna mbailiú ón tsócmhainn airgeadais aistrithe. Mar an gcéanna, beidh rannpháirtíocht leanúnach ag seirbhíseoir chun críocha na gceanglas maidir le nochtadh dá mba rud é nach n-íocfaí táille sheasta go hiomlán mar gheall ar neamh-chomhlíonadh na sócmhainne airgeadais aistrithe. Sna samplaí sin, tá leas ag an seirbhíseoir i bhfeidhmíocht na sócmhainne airgeadais aistrithe sa todhchaí. Ní bheidh beann ag an measúnú sin ar cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis go gcúiteoidh an táille a gheofar an t-eintiteas go leormhaith as an seirbhísiú a dhéanamh.

    B31

    D’fhéadfadh rannpháirtíocht leanúnach i sócmhainn airgeadais aistrithe tarlú de bharr forálacha conarthacha sa chomhaontú aistrithe nó i gcomhaontú ar leithligh leis an aistrí nó le tríú páirtí arna dhéanamh agus a bhain leis an aistriú.

    Sócmhainní airgeadais aistrithe nach bhfuil dí-aitheanta ina n-iomláine (mír 42D)

    B32

    Ceanglaítear le mír 42D nochtuithe i gcás nach bhfuil cuid de na sócmhainní airgeadais aistrithe nó iad ar fad i dteideal dí-aitheantais. Ceanglaítear na nochtuithe sin ar gach dáta tuairiscithe ag a leanann an t-eintiteas ag aithint na sócmhainní airgeadais aistrithe, gan beann ar cathain a rinneadh na haistrithe.

    Cineálacha rannpháirtíochta leanúnaí (míreanna 42E–42H)

    B33

    Ceanglaítear le míreanna 42E–42H nochtuithe cáilíochtúla agus nochtuithe cainníochtúla maidir le gach cineál rannpháirtíochta leanúnaí i sócmhainní airgeadais dí-aitheanta. Déanfaidh eintiteas comhiomlánú ar a rannpháirtíocht leanúnach i gcineálacha ar ionadaíoch iad de neamhchosaint an eintitis ar rioscaí. Mar shampla, féadfaidh eintiteas a rannpháirtíocht leanúnach a chomhiomlánú de réir an chineáil ionstraime airgeadais (e.g. ráthaíochtaí nó céadroghanna ar cheannach) nó de réir an chineáil aistrithe (e.g. fachtóireacht ar earraí infhaighte, urrúsúcháin agus ar iasacht urrús).

    Anailís aibíochta le haghaidh eis-sreafaí airgid neamhlascainithe chun sócmhainní aistrithe a athcheannach (mír 42E(e))

    B34

    Ceanglaítear le mír 42E(e) ar eintiteas anailís aibíochta a nochtadh maidir leis na heis-sreafaí airgid neamhlascainithe chun sócmhainní airgeadais dí-aitheanta nó méideanna eile is iníoctha leis an aistrí i leith na sócmhainní airgeadais dí-aitheanta a athcheannach, ag léiriú na haibíochtaí conarthacha atá fágtha de rannpháirtíocht leanúnach an eintitis. Déantar idirdhealú leis an anailís sin ar shreafaí airgid is gá a íoc (e.g. conarthaí réamhcheaptha), sreafaí airgid a d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas a íoc (e.g. céadroghanna ar dhíol scríofa) agus sreafaí airgid a d’fhéadfadh an t-eintiteas a roghnú a íoc (e.g. céadroghanna ar cheannach ceannaithe).

    B35

    Úsáidfidh eintiteas a bhreithiúnas chun an líon iomchuí bandaí ama a chinneadh agus é ag ullmhú na hanailíse aibíochta a cheanglaítear le mír 42E(e). Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas a chinneadh go bhfuil na bandaí ama aibíochta seo a leanas iomchuí:

    (a)

    tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin;

    (b)

    níos déanaí ná 1 mhí amháin agus nach déanaí ná 3 mhí;

    (c)

    níos déanaí ná 3 mhí agus nach déanaí ná 6 mhí;

    (d)

    níos déanaí ná 6 mhí agus nach déanaí ná 1 bhliain amháin;

    (e)

    níos déanaí ná 1 bhliain amháin agus nach déanaí ná 3 bliana;

    (f)

    níos déanaí ná 3 bliana agus nach déanaí ná 5 bliana; agus

    (g)

    breis agus 5 bliana.

    B36

    Más ann do raon aibíochtaí féideartha, áirítear na sreafaí airgid ar bhonn an dáta is túisce ar féidir a cheangal ar an eintiteas íoc nó a bheidh sé ceadaithe íoc.

    Faisnéis cháilíochtúil (mír 42E(f))

    B37

    Áirítear leis an bhfaisnéis cháilíochtúil a cheanglaítear le mír 42E(f) tuairisc ar na sócmhainní airgeadais dí-aitheanta agus ar chineál agus ar aidhm na rannpháirtíochta leanúnaí a choinnítear tar éis na sócmhainní sin a aistriú. Áirítear leis freisin tuairisc ar na rioscaí dá bhfuil eintiteas neamhchosanta, lena n-áirítear:

    (a)

    tuairisc ar an gcaoi a bhainistíonn an t-eintiteas an riosca ar dlúthchuid dá rannpháirtíocht leanúnach sna sócmhainní airgeadais dí-aitheanta é;

    (b)

    cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear ar eintiteas caillteanais a iompar roimh pháirtithe eile, agus aicmiú agus méideanna na gcaillteanas arna n-iompar ag páirtithe a bhfuil a leasanna aicmithe níos ísle ná leas an eintitis sa tsócmhainn (i.e. a rannpháirtíocht leanúnach sa tsócmhainn);

    (c)

    tuairisc ar aon truicear atá bainteach le hoibleagáidí chun tacaíocht airgeadais a sholáthar nó chun sócmhainn airgeadais aistrithe a athcheannach.

    Gnóthachan nó caillteanas ar dhí-aithint (mír 42G(a))

    B38

    Ceanglaítear le mír 42G(a) ar eintiteas an gnóthachan nó caillteanas ar dhí-aithint a bhaineann le sócmhainní airgeadais ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ag an eintiteas a nochtadh. Nochtfaidh an t-eintiteas má d’eascair gnóthachan nó caillteanas toisc go raibh luachanna córa na gcomhpháirteanna den tsócmhainn a aithníodh roimhe sin (i.e. dí-aithníodh an leas sa tsócmhainn agus an leas a choinnigh an t-eintiteas) difriúil le luach cóir na sócmhainne trí chéile a aithníodh roimhe sin. Sa chás sin, nochtfaidh an t-eintiteas freisin cé acu ar áiríodh nó nach áiríodh leis na tomhais luacha chóir ionchuir shuntasacha nach raibh bunaithe ar shonraí inbhraite an mhargaidh, mar a thuairiscítear i mír 27A.

    Faisnéis fhorlíontach (mír 42H)

    B39

    Féadfar nach leordhóthanach na nochtuithe a cheanglaítear i míreanna 42D–42G chun na cuspóirí maidir le nochtadh i mír 42B a chomhlíonadh. Más amhlaidh atá an cás, nochtfaidh an t-eintiteas cibé faisnéis bhreise is gá chun na cuspóirí maidir le nochtadh a chomhlíonadh. Cinnfidh an t-eintiteas, i bhfianaise a chuid imthosca, cá mhéad faisnéis bhreise is gá dó a sholáthar chun riachtanais faisnéise úsáideoirí a chomhlíonadh agus cá mhéad béime a chuireann sé ar ghnéithe difriúla den fhaisnéis bhreise. Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir ualach rómhór a chur ar ráitis airgeadais le mionsonraí iomarcacha rud nach gcuideoidh b’fhéidir le húsáideoirí na ráiteas airgeadais agus a cheilfidh faisnéis de thoradh iomarca comhiomlánaithe.

    Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a fhritháireamh (míreanna 13A–13F)

    Raonfeidhme (mír 13A)

    B40

    Ceanglaítear na nochtuithe i míreanna 13B–13E maidir le gach ionstraim airgeadais aitheanta a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir le mír 42 de IAS 32. Ina theannta sin, tá ionstraimí airgeadais faoi raon feidhme na gceanglas maidir le nochtadh i míreanna 13B–13E má tá siad faoi réir máistirshocrú glanluachála in-fhorfheidhmithe nó faoi réir comhaontú comhchosúil ina gcumhdaítear ionstraimí airgeadais agus idirbhearta airgeadais comhchosúla, gan beann ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar na hionstraimí airgeadais a fhritháireamh i gcomhréir le mír 42 de IAS 32.

    B41

    Áirítear ar na comhaontuithe comhchosúla dá dtagraítear i mír 13A agus mír B40 comhaontuithe imréitigh díorthacha, máistirchomhaontuithe athcheannaigh domhanda, máistirchomhaontuithe iasachta urrús domhanda, agus aon cheart gaolmhar ar chomhthaobhacht airgeadais. Áirítear leis na hionstraimí airgeadais agus na hidirbhearta airgeadais comhchosúla dá dtagraítear i mír B40 díorthaigh, comhaontuithe díolacháin agus comhaontuithe athcheannaigh, comhaontuithe díolacháin agus athcheannaigh droim ar ais, iasachtaíocht urrús, agus comhaontuithe maidir le hiasachtaíocht urrús. Samplaí d’ionstraimí airgeadais nach bhfuil faoi raon feidhme mhír 13A is ea iasachtaí agus taiscí custaiméirí ag an institiúid chéanna (mura ndéantar iad a fhritháireamh sa ráiteas ar an staid airgeadais), agus ionstraimí airgeadais nach bhfuil ach faoi réir comhaontú comhthaobhachta amháin.

    Nochtadh faisnéise cainníochtúla le haghaidh sócmhainní airgeadais aitheanta agus dliteanais airgeadais aitheanta faoi raon feidhme mhír 13A (mír 13C)

    B42

    Ionstraimí airgeadais arna nochtadh i gcomhréir le mír 13C féadfaidh siad a bheith faoi réir ceanglais difriúla tomhais (mar shampla, féadfar suim iníoctha a bhaineann le comhaontú athcheannaigh a thomhas ar chostas amúchta, ach tomhaisfear díorthach ar luach cóir). Áireoidh eintiteas ionstraimí ag a méideanna aitheanta agus tabharfaidh sé tuairisc sna nochtuithe gaolmhara ar aon difríocht a bheidh sa tomhas dá bharr sin.

    Nochtadh ollmhéideanna na sócmhainní airgeadais aitheanta agus na ndliteanas airgeadais aitheanta faoi raon feidhme mhír 13A (mír 13C(a))

    B43

    Baineann na méideanna a cheanglaítear le mír 13C(a) le hionstraimí airgeadais aitheanta a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir le mír 42 de IAS 32. Baineann na méideanna a cheanglaítear le mír 13C(a) freisin le hionstraimí airgeadais aitheanta atá faoi réir máistirshocrú glanluachála in-fhorfheidhmithe nó comhshocrú comhchosúil gan beann ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na critéir maidir le fritháireamh. Ní bhaineann na nochtuithe a cheanglaítear le mír 13C(a), áfach, le haon mhéid a aithnítear de thoradh comhaontuithe comhthaobhachta nach gcomhlíonann na critéir maidir le fritháireamh i mír 42 de IAS 32. Ina ionad sin, is gá méideanna den sórt sin a nochtadh i gcomhréir le mír 13C(d).

    Nochtadh na méideanna a fhritháirítear i gcomhréir leis na critéir i mír 42 de IAS 32 (mír 13C(b))

    B44

    Ceanglaítear le mír 13C(b) go nochtfaidh eintitis na méideanna a dhéantar a fhritháireamh i gcomhréir le mír 42 de IAS 32 agus na glanmhéideanna a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais á gcinneadh. Déanfar méideanna na sócmhainní airgeadais aitheanta agus na ndliteanas airgeadais aitheanta araon atá faoi réir fritháirimh faoin gcomhshocrú dea-mhéine céanna a nochtadh sna nochtuithe maidir leis an tsócmhainn airgeadais agus an dliteanas airgeadais. Beidh na méideanna a nochtfar áfach (i dtábla, mar shampla) teoranta do na méideanna atá faoi réir fritháirimh. Mar shampla, féadfaidh sócmhainn dhíorthach aitheanta agus dliteanas díorthach aitheanta a bheith ag eintiteas a chomhlíonann na critéir maidir le fritháireamh i mír 42 de IAS 32. Más mó ollmhéid na sócmhainne díorthaí ná ollmhéid an dliteanais dhíorthaigh, áireofar sa tábla ina mbeidh an nochtadh maidir leis an tsócmhainn airgeadais méid iomlán na sócmhainne díorthaí (i gcomhréir le mír 13C(a)) agus méid iomlán an dliteanais dhíorthaigh (i gcomhréir le mír 13C(b)). Cé go n-áireofar sa tábla maidir le nochtadh an dliteanais airgeadais méid iomlán an dliteanais dhíorthaigh (i gcomhréir le mír 13C(a)), ní áireofar ann ach amháin méid na sócmhainne díorthaí (i gcomhréir le mír 13C(b)) atá cothrom le méid an dliteanais dhíorthaigh.

    Nochtadh na nglanmhéideanna arna gcur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais (mír 13C(c))

    B45

    Má tá ionstraimí ag an eintiteas chun raon feidhme na nochtuithe sin a chomhlíonadh (mar atá sonraithe i mír 13A), ach nach gcomhlíonann siad na critéir maidir le fritháireamh i mír 42 de IAS 32, bheadh na méideanna ba ghá a nochtadh le mír 13C(c) cothrom leis na méideanna ba ghá a nochtadh le mír 13C(a).

    B46

    Ní mór na méideanna is gá a nochtadh le mír 13C(c) a réiteach leis na méideanna aonair sa mhír líne arna gcur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais. Mar shampla, má chinneann eintiteas go bhfágann comhiomlánú nó dí-chomhiomlánú méideanna míre líne i ráiteas airgeadais aonair go soláthraítear faisnéis níos ábhartha leis sin, ní mór dó na méideanna comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe arna nochtadh i mír 13C(c) a réiteach ar ais go dtí na méideanna aonair sa mhír líne arna gcur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais.

    Nochtadh na méideanna atá faoi réir máistirshocrú glanluachála infhorfheidhmithe nó comhaontú comhchosúil nach bhfuil áirithe ar bhealach eile i mír 13C(b) (mír 13C(d))

    B47

    Ceanglaítear le mír 13C(d) ar eintitis méideanna a nochtadh atá faoi réir máistirshocrú glanluachála in-fhorfheidhmithe nó comhshocrú comhchosúil nach bhfuil áirithe murach sin i mír 13C(b). Tagraítear i mír 13C(d)(i) do mhéideanna a bhaineann le hionstraimí airgeadais aitheanta nach gcomhlíonann roinnt de na critéir maidir le fritháireamh nó iad ar fad i mír 42 de IAS 32 (mar shampla, cearta reatha maidir le fritháireamh nach gcomhlíonann na critéir i mír 42(b) de IAS 32, nó cearta coinníollacha maidir le fritháireamh is in-fhorfheidhmithe agus infheidhmithe amháin i gcás mainneachtana, nó i gcás dhócmhainneacht nó fhéimheacht aon cheann de na contrapháirtithe).

    B48

    Tagraítear i mír 13C(d)(ii) do mhéideanna a bhaineann le comhthaobhacht airgeadais, lena n-áirítear comhthaobhacht airgid, idir chinn atá faighte agus geallta araon. Nochtfaidh eintiteas luach cóir na n-ionstraimí airgeadais sin a gealladh nó a fuarthas mar chomhthaobhacht. Ba cheart baint a bheith ag na méideanna arna nochtadh i gcomhréir le mír 13C(d)(ii) leis an gcomhthaobhacht iarbhír a fuarthas nó a gealladh agus ní le haon suim iníoctha nó le haon suim infhaighte a bheidh ann dá thoradh sin arna n-aithint chun comhthaobhacht den sórt sin a chur ar ais nó a fháil ar ais.

    Teorainneacha ar na méideanna arna nochtadh i mír 13C(d) (mír 13D)

    B49

    Le linn na méideanna a bheith á nochtadh i gcomhréir le mír 13C(d), ní mór d’eintiteas éifeacht na ró-chomhthaobhachta de réir ionstraime airgeadais a chur san áireamh. Chun déanamh amhlaidh, ní mór don eintiteas na méideanna arna nochtadh a asbhaint ar dtús i gcomhréir le mír 13C(d)(i) ón méid arna nochtadh i gcomhréir le mír 13C(c). Cuirfidh an t-eintiteas teorainn ansin ar na méideanna arna nochtadh i gcomhréir le mír 13C(d)(ii) chuig an méid a bheidh fágtha i mír 13C(c) le haghaidh na hionstraime airgeadais gaolmhar. Más féidir cearta maidir le comhthaobhacht a fhorfheidhmiú thar ionstraimí airgeadais áfach, is féidir cearta mar sin a áireamh sa nochtadh a thugtar i gcomhréir le mír 13D.

    Tuairisc ar na cearta fritháirimh atá faoi réir máistirshocruithe glanluachála agus comhaontuithe den chineál céanna is in-fhorfheidhmithe (mír 13E)

    B50

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar na cineálacha ceart fritháirimh agus comhshocruithe den chineál céanna arna nochtadh i gcomhréir le mír 13C(d), lena n-áirítear cineál na gceart sin. Mar shampla, tabharfaidh eintiteas tuairisc ar a chearta coinníollacha. I gcás ionstraimí atá faoi réir na gceart fritháirimh nach bhfuil ag brath ar theagmhas sa todhchaí ach nach gcomhlíonann na critéir atá fágtha i mír 42 de IAS 32, tabharfaidh an t-eintiteas tuairisc ar an gcúis nach bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar. I gcás aon chomhthaobhacht airgeadais a fuarthas nó a gealladh, tabharfaidh an t-eintiteas tuairisc ar théarmaí an chomhaontaithe comhthaobhachta (mar shampla, i gcás ina bhfuil an chomhthaobhacht srianta).

    Nochtadh de réir an chineáil ionstraime airgeadais nó de réir an chontrapháirtí

    B51

    Na nochtuithe cainníochtúla a cheanglaítear le mír 13C(a)–(e), féadfar iad a ghrúpáil de réir an chineáil ionstraime airgeadais nó idirbhirt (mar shampla, díorthaigh, comhaontuithe athcheannaigh agus comhaontú athcheannaigh droim ar ais nó iasachtaíocht urrús agus comhaontuithe iasachtaíochta urrús).

    B52

    De rogha air sin, féadfaidh eintiteas na nochtuithe cainníochtúla a cheanglaítear le mír 13C(a)–(c) a ghrúpáil de réir an chineáil ionstraime airgeadais, agus na nochtuithe cainníochtúla a cheanglaítear le mír 13C(c)–(e) de réir contrapháirtí. I gcás ina soláthraíonn eintiteas an fhaisnéis a bhíonn de dhíth ón gcontrapháirtí, ní gá don eintiteas na contrapháirtithe a shainaithint de réir ainm. Beidh ainmniú na gcontrapháirtithe (Contrapháirtí A, Contrapháirtí B, Contrapháirtí C, etc.) fós comhsheasmhach áfach ó bhliain go bliain le haghaidh na mblianta arna gcur i láthair chun inchomparáideacht a choinneáil ar bun. Breithneofar nochtuithe cáilíochtúla ionas gur féidir tuilleadh faisnéise a thabhairt faoi na cineálacha contrapháirtithe. I gcás ina soláthraíonn contrapháirtí nochtadh maidir leis na méideanna i mír 13C(c)–(e), déanfar méideanna ar suntasach go haonarach iad i dtéarmaí méideanna iomlána contrapháirtí a nochtadh ar leithligh agus déanfar na méideanna contrapháirtí ar neamhshuntasach go haonarach iad a bheidh fágtha a chomhiomlánú in aon mhír líne amháin.

    Eile

    B53

    Is íoscheanglais iad na nochtuithe sonracha a cheanglaítear le míreanna 13C–13E. Chun an cuspóir i mír 13B a chomhlíonadh d’fhéadfadh sé gur ghá d’eintiteas iad a fhorlíonadh le nochtuithe breise (cáilíochtúla), ag brath ar théarmaí na máistirshocruithe glanluachála is in-fhorfheidhmithe agus na gcomhaontuithe gaolmhara, lena n-áirítear cineál na gceart maidir le fritháireamh, agus an éifeacht atá acu nó an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar staid airgeadais an eintitis.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 8

    Deighleoga Oibriúcháin

    BUNPHRIONSABAIL

    1

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí a chuid ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus ar éifeachtaí airgeadais na ngníomhaíochtaí gnó a mbíonn sé ag gabháil dóibh agus na timpeallachtaí eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn sé.

    RAON FEIDHME

    2

    Beidh feidhm ag an IFRS seo maidir le:

    (a)

    ráitis airgeadais aonair nó ráitis airgeadais ar leithligh maidir le heintiteas:

    (i)

    a dtrádáiltear a ionstraimí fiachais nó cothromais an eintitis ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha); nó

    (ii)

    a chomhdaíonn a ráitis airgeadais le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, nó atá i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh, chun críche aon aicme ionstraimí a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí; agus

    (b)

    ráitis airgeadais chomhdhlúite grúpa le máthairchuideachta:

    (i)

    a dtrádáiltear a ionstraimí fiachais nó cothromais an eintitis ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha); nó

    (ii)

    a chomhdaíonn na ráitis airgeadais chomhdhlúite le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, nó atá i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh, chun críche aon aicme ionstraimí a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí.

    3

    I gcás eintitis nach gceanglaítear air an IFRS seo a chur i bhfeidhm agus a roghnaíonn faisnéis a nochtadh maidir le deighleoga nach gcomhlíonann an IFRS seo, ní thabharfaidh sé tuairisc ar an bhfaisnéis mar fhaisnéis deighleoige.

    4

    Má bhíonn ráitis airgeadais chomhdhlúite máthairchuideachta atá faoi raon feidhme an IFRS seo chomh maith le ráitis airgeadais ar leithligh na máthairchuideachta araon i dtuarascáil airgeadais, ní gá faisnéis dheighleoige a sholáthar ach amháin sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    DEIGHLEOGA OIBRIÚCHÁIN

    5

    Is comhpháirt d’eintiteas í deighleog oibriúcháin:

    (a)

    a dhéanann gníomhaíochtaí gnó ónar féidir léi ioncaim a thuilleamh agus speansais a thabhú (lena n-áirítear ioncaim agus speansais i ndáil le hidirbhearta le comhpháirteanna eile den eintiteas céanna);

    (b)

    a dhéanann príomhchinneadóir oibriúcháin an eintitis athbhreithniúchán rialta ar a torthaí oibriúcháin cinntí a ghlacadh faoi shócmhainní lena ndáileadh ar an deighleog agus lena feidhmíocht a mheasúnú; agus

    (c)

    dá bhfuil faisnéis airgeadais scoite ar fáil.

    Féadfaidh deighleog oibriúcháin a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gnó dá gcaithfidh sí ioncaim a thuilleamh go fóill, mar shampla, d’fhéadfadh oibríochtaí nuathionscanta a bheith ina ndeighleoga oibriúcháin sula dtuillfidh siad ioncaim.

    6

    Ní gá gur deighleog oibriúcháin nó cuid de dheighleog oibriúcháin gach cuid d’eintiteas. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach dtuillfeadh ceanncheathrú corparáideach nó roinnt ranna feidhmiúla ioncaim nó d’fhéadfaidís ioncaim a thuilleamh nach bhfuil iontu ach ioncaim atá teagmhasach ar ghníomhaíochtaí an eintitis agus nach deighleoga oibriúcháin a bheadh i gceist leo. Chun críocha an IFRS seo, ní deighleoga oibriúcháin iad pleananna sochair iarfhostaíochta eintitis.

    7

    Sainaithnítear feidhm leis an téarma ‘príomhchinnteoir oibriúcháin’, ní gá gur bainisteoir ag a bhfuil teideal sonrach a bheadh i gceist leis. Is í an fheidhm sin acmhainní a leithdháileadh ar dheighleoga oibriúcháin eintitis agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht dheighleoga oibriúcháin eintitis. Is minic gurb é príomhchinnteoir oibriúcháin eintitis príomhoifigeach feidhmiúcháin nó príomhoifigeach oibriúcháin an eintitis freisin ach d’fhéadfadh sé, mar shampla, gur grúpa stiúrthóirí feidhmiúcháin nó daoine eile a bheadh i gceist leis.

    8

    I gcás cuid mhaith eintiteas, sainaithnítear go follasach deighleoga oibriúcháin eintitis le trí shaintréith na ndeighleog oibriúcháin ar a dtugtar tuairisc i mír 5. D’fhéadfadh eintiteas tuarascálacha a tháirgeadh, áfach, ina gcuirtear a ghníomhaíochtaí gnó i láthair ar bhealaí éagsúla. Má úsáideann an príomhchinnteoir oibriúcháin níos mó ná tacar amháin d’fhaisnéis deighleoige, d’fhéadfaí tacar aonair comhpháirteanna a shainaithint le fachtóirí eile mar rudaí lena gcuimsítear deighleoga oibriúcháin eintitis, lena n-áirítear an cineál gníomhaíochtaí gnó i ngach comhpháirt, na bainisteoirí atá freagrach astu a bheith ann, agus faisnéis arna cur i láthair don bhord stiúrthóirí.

    9

    Go ginearálta, bíonn bainisteoir deighleoige ag deighleog oibriúcháin atá freagrach go díreach don phríomhchinnteoir oibriúcháin chun gníomhaíochtaí oibriúcháin, torthaí airgeadais, réamhaisnéisí, nó pleananna don deighleog a phlé agus coinníonn sé teagmháil thráthrialta ar bun leis an bpríomhchinnteoir oibriúcháin. Sainaithnítear feidhm leis an téarma ‘bainisteoir deighleoige’, ní gá gur bainisteoir ag a bhfuil teideal sonrach a bheadh i gceist leis. D’fhéadfadh sé freisin gurb é an príomhchinnteoir oibriúcháin an bainisteoir deighleoige le haghaidh roinnt deighleoga oibriúcháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh bainisteoir aonair ina bhainisteoir deighleoige freisin le haghaidh níos mó ná deighleog oibriúcháin amháin. Má tá feidhm ag na saintréithe i mír 5 maidir le níos mó ná tacar amháin comhpháirteanna d’eagraíocht ach nach bhfuil ann ach tacar amháin dá mbíonn bainisteoirí deighleoige freagrach astu, cuimsítear na deighleoga oibriúcháin leis an tacar comhpháirteanna sin.

    10

    D’fhéadfadh feidhm a bheith ag na saintréithe i mír 5 maidir le dhá thacar comhpháirteanna nó níos mó a bheadh ag forluí agus dá bhfuil bainisteoirí freagrach ina leith. Tagraítear don struchtúr sin go minic mar fhoirm maitríse eagraíochta. Mar shampla, i roinnt eintitis, tá roinnt bainisteoirí freagrach as línte difriúla táirgí agus seirbhíse ar fud an domhain, ach tá bainisteoirí eile freagrach as limistéir geografacha shonracha. Déanann an príomhchinnteoir oibriúcháin athbhreithniú tráthrialta ar thorthaí oibriúcháin an dá thacar comhpháirteanna araon, agus bíonn faisnéis airgeadais ar fáil maidir le gach ceann. Sa chás sin, cinnfidh an t-eintiteas cén tacar comhpháirteanna lena gcuimsítear na deighleoga oibriúcháin trí thagairt a dhéanamh don phríomhphrionsabal.

    DEIGHLEOGA INTUARASCÁLA

    11

    Tuairisceoidh eintiteas faisnéis ar leithligh maidir le gach deighleog oibriúcháin:

    (a)

    a sainaithníodh i gcomhréir le míreanna 5-10 nó le torthaí ar dhá cheann nó níos mó de na deighleoga sin a chomhiomlánú i gcomhréir le mír 12; agus

    (b)

    a sháraíonn na tairseacha cainníochtúla i mír 13.

    Sonraítear i míreanna 14-19 cásanna eile ina dtuairisceofar faisnéis ar leithligh maidir le deighleog oibriúcháin.

    Critéir chomhiomlánaithe

    12

    Is minic a thaispeántar feidhmíocht airgeadais fhadtéarmach chomhchosúil le deighleoga oibriúcháin má tá saintréithe eacnamaíocha comhchosúla acu. Mar shampla, bheadh coinne le meán-ollchorrlaigh fhadtéarmacha chomhchosúla le haghaidh dhá dheighleog oibriúcháin dá mba chomhchosúil a gcuid saintréithe eacnamaíocha. Féadfar dhá dheighleog oibriúcháin nó níos mó a chomhiomlánú i ndeighleog oibriúcháin aonair má tá an comhiomlánú comhsheasmhach le príomhphrionsabal an IFRS seo, má tá saintréithe eacnamaíocha comhchosúla acu, agus má tá na deighleoga comhchosúil lena chéile i ngach ceann de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    cineál na dtáirgí agus na seirbhísí;

    (b)

    cineál na bpróiseas táirgthe;

    (c)

    an cineál nó an aicme custaiméara dá gcuid táirgí agus seirbhísí;

    (d)

    na modhanna a úsáideadh chun a gcuid táirgí a dháileadh nó chun a gcuid seirbhísí a sholáthar; agus

    (e)

    más infheidhme, an cineál timpeallachta rialaithí, mar shampla, baincéireacht, árachas nó fóntais phoiblí.

    Tairseacha cainníochtúla

    13

    Tuairisceoidh eintiteas ar leithligh ar fhaisnéis maidir le deighleog oibriúcháin a chomhlíonann aon cheann de na tairseacha cainníochtúla seo a leanas:

    (a)

    A ioncam tuairiscithe, lena n-áirítear díolacháin le custaiméirí seachtracha agus díolacháin idirdheighleoige nó aistrithe, atá 10 % nó níos má den ioncam comhcheangailte, inmheánach agus seachtrach, de gach deighleog oibriúcháin.

    (b)

    Tá an dearbhmhéid dá bhrabús nó caillteanas tuairiscithe 10 % nó níos mó ná an suim is mó, i ndearbhmhéid, den dá mhéid seo (i) an brabús comhcheangailte tuairiscithe de gach deighleog oibriúcháin nach raibh caillteanas á thuairisciú acu agus (ii) an caillteanas comhcheangailte tuairiscithe de gach deighleog oibriúcháin a thuairiscigh caillteanas.

    (c)

    Tá a shócmhainní 10 % nó níos mó de na shócmhainní comhcheangailte uile de gach deighleog oibriúcháin.

    Féadfar deighleoga oibriúcháin nach gcomhlíonann aon cheann de na tairseacha cainníochtúla a mheas mar a bheith intuairiscithe, agus iad a nochtadh ar leithligh, má chreideann an bhainistíocht go mbeadh an fhaisnéis faoin deighleog úsáideach d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais.

    14

    Ní fhéadfaidh eintiteas faisnéis maidir le deighleoga oibriúcháin nach gcomhlíonann na tairseacha cainníochtúla a chomhcheangal le faisnéis maidir le deighleoga oibriúcháin eile nach gcomhlíonann na tairseacha cainníochtúla chun deighleog intuarascála a tháirgeadh ach amháin má tá saintréithe eacnamaíocha comhchosúla ag na deighleoga oibriúcháin agus má chomhroinneann siad tromlach de na critéir chomhiomlánaithe atá liostaithe i mír 12.

    15

    Má chuimsítear leis an ioncam seachtrach iomlán arna thuairisciú le deighleoga oibriúcháin níos lú ná 75 faoin gcéad d’ioncam an eintitis, sainaithneofar deighleoga oibriúcháin breise mar dheighleoga intuarascála (fiú mura gcomhlíonann siad na critéir i mír 13) go dtí go ndéanfar 75 faoin gcéad ar a laghad d’ioncam an eintitis a áireamh i ndeighleoga intuarascála.

    16

    Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí eile gnó agus deighleoga oibriúcháin nach bhfuil intuairiscithe, déanfar iad a chomhcheangal agus a nochtadh i gcatagóir ‘gach deighleog eile’ ar leithligh ó mhíreanna réitigh eile sna réitigh a cheanglaítear le mír 28. Tabharfar tuairisc ar fhoinsí an ioncaim atá áirithe sa chatagóir ‘gach deighleog eile’.

    17

    Má thugann an bhainistíocht breithiúnas go bhfuil tábhacht leanúnach le deighleog oibriúcháin arna sainaithint mar dheighleog intuarascála sa tréimhse díreach roimhe, leanfar ag tuairisciú ar leithligh faoi fhaisnéis maidir leis an deighleog sin sa tréimhse reatha fiú mura gcomhlíonann sí na critéir maidir le cumas intuarascála i mír 13.

    18

    Má shainaithnítear deighleog oibriúcháin mar dheighleog intuarascála sa tréimhse reatha i gcomhréir leis na tairseacha cainníochtúla, déanfar sonraí deighleoige le haghaidh réamhthréimhse arna gcur ar fáil chun críocha comparáideacha a athlua chun léiriú a thabhairt ar an deighleog intuarascála mar dheighleog ar leithligh, fiú mura chomhlíon an deighleog sin na critéir maidir le cumas intuarascála i mír 13 sa réamhthréimhse, mura bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil agus mura mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach.

    19

    D’fhéadfadh teorainn phraiticiúil a bheith ar líon na ndeighleog intuarascála a nochtann eintiteas ar leithligh thar mar a d’fhéadfadh faisnéis deighleoige chun bheith ró-mhionsonraithe. Cé nár cinneadh aon teorainn bheacht, de réir mar a ghabhann an líon deighleog is intuarascála i gcomhréir le míreanna 13-18 os cionn 10, ba cheart don eintiteas machnamh a dhéanamh ar cé acu ar sroicheadh nó nár sroicheadh teorainn phraiticiúil.

    NOCHTADH

    20

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí a chuid ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus ar éifeachtaí airgeadais na ngníomhaíochtaí gnó a mbíonn sé ag gabháil dóibh agus na timpeallachtaí eacnamaíocha ina bhfeidhmíonn sé.

    21

    Chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal i mír 20, nochtfaidh eintiteas na nithe seo a leanas maidir le gach tréimhse dá gcuirtear ráiteas ar ioncam cuimsitheach i láthair:

    (a)

    faisnéis ghinearálta mar a thuairiscítear i mír 22;

    (b)

    faisnéis maidir le brabús nó caillteanas deighleoige arna dtuairisciú, lena n-áirítear ioncaim agus speansais shonraithe a áirítear i mbrabús nó caillteanas deighleoige tuairiscithe, sócmhainní deighleoige, dliteanais deighleoige agus bunús an tomhais, mar a thuairiscítear i míreanna 23-27; agus

    (c)

    réitigh iomlána na n-ioncam deighleoige, an bhrabúis nó an chaillteanais deighleoige tuairiscithe, sócmhainní deighleoige, dliteanais deighleoige agus míreanna deighleoige ábhartha eile le méideanna comhfhreagracha an eintitis mar a thuairiscítear i mír 28.

    Réitigh maidir leis na méideanna sa ráiteas ar an staid airgeadais le haghaidh deighleoga intuarascála chuig na méideanna i ráiteas an eintitis ar an staid airgeadais, ceanglaítear iad sin le haghaidh gach dáta ar a gcuirtear ráiteas ar an staid airgeadais i láthair. Déanfar faisnéis le haghaidh réamhthréimhsí a athlua faoi mar a thuairiscítear i míreanna 29 agus 30.

    Faisnéis ghinearálta

    22

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas:

    (a)

    na fachtóirí a úsáidtear chun deighleoga intuairiscithe an eintitis a aithint, lena n-áirítear bonn an eagrúcháin (mar shampla, cibé ar roghnaigh an bhainistíocht an t-eintiteas a eagrú timpeall ar dhifríochtaí i dtáirgí agus seirbhísí, limistéir gheografacha, timpeallachtaí rialála nó meascán fachtóirí agus cibé an ndearnadh na deighleoga oibriúcháin a chomhiomlánú nó nach ndearnadh);

    (aa)

    na breithiúnais arna ndéanamh ag an mbainistíocht maidir leis na critéir chomhiomlánaithe i mír 12 a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin tuairisc ghairid ar na deighleoga oibriúcháin a rinneadh a chomhiomlánú ar an mbealach sin agus na táscairí eacnamaíocha a ndearnadh measúnú orthu chun a chinneadh go bhfuil saintréithe eacnamaíocha comhchosúla i gcoiteann ag na deighleoga oibriúcháin comhiomlánaithe; agus

    (b)

    cineálacha táirgí agus seirbhísí óna bhfaigheann gach deighleog intuairiscithe a ioncam.

    Faisnéis maidir le brabús nó caillteanas, sócmhainní agus dliteanais

    23

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar thomhas brabúis nó caillteanais maidir le gach deighleog intuarascála. Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar thomhas na sócmhainní agus na ndliteanas iomlán le haghaidh gach deighleog intuarascála má sholáthraítear méideanna den sórt sin go tráthrialta don phríomhchinnteoir oibriúcháin. Nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas freisin maidir le gach deighleog intuarascála má áirítear na méideanna sonraithe sa tomhas ar bhrabús nó caillteanas deighleoige arna athbhreithniú ag an bpríomhchinnteoir oibriúcháin, nó a sholáthraítear go tráthrialta ar bhealach eile don phríomhchinnteoir oibriúcháin fiú mura bhfuil sé áirithe sa tomhas sin ar bhrabús nó caillteanas deighleoige:

    (a)

    ioncaim ó chustaiméirí seachtracha;

    (b)

    ioncaim ó idirbhearta le deighleoga oibriúcháin eile de chuid an eintitis chéanna;

    (c)

    ioncam úis;

    (d)

    speansas úis;

    (e)

    dímheas agus amúchadh;

    (f)

    míreanna ábhartha ioncaim agus speansais arna nochtadh i gcomhréir le mír 97 de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007);

    (g)

    leas an eintitis i mbrabús nó caillteanas comhlach agus comhfhiontar ar a dtugtar cuntas le modh an chothromais;

    (h)

    speansas cáin ioncaim nó ioncam; agus

    (i)

    míreanna neamhairgid ábhartha seachas dímheas agus amúchadh.

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar ioncam úis ar leithligh ó speansas úis maidir le gach deighleog intuarascála mura dtagann tromlach d’ioncaim na deighleoige ó ús agus mura mbíonn an príomhchinnteoir oibriúcháin ag brath go príomha ar ghlanioncam úis chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na deighleoige agus chun cinntí a dhéanamh maidir le hacmhainní a bheidh le leithdháileadh ar an deighleog. Sa chás sin, féadfaidh eintiteas tuairisc a thabhairt ar ioncam na deighleoige sin ó ús glan ar a speansas úis agus a nochtadh go ndearna sé amhlaidh.

    24

    Nochtfaidh eintiteas na nithe a leanas maidir le gach deighleog intuarascála má tá na méideanna sonraithe áirithe sa tomhas ar shócmhainní deighleoige arna n-athbhreithniú ag an bpríomhchinnteoir oibriúcháin nó arna soláthar go tráthrialta ar shlí eile don phríomhchinnteoir oibriúcháin, fiú mura bhfuil siad áirithe sa tomhas ar shócmhainní deighleoige:

    (a)

    an méid infheistíochta i gcomhlaigh agus i gcomhfhiontair a dtugtar cuntas orthu le modh an chothromais; agus

    (b)

    na méideanna breiseanna ar shócmhainní neamhreatha (48) seachas ionstraimí airgeadais, sócmhainní cánach iarchurtha, glansócmhainní sochair shainithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe) agus cearta a eascraíonn faoi chonarthaí árachais.

    TOMHAS

    25

    Is éard a bheidh i méid gach míre deighleoige a thuairisceofar an tomhas a thuairisceofar don phríomhchinnteoir oibriúcháin chun cinntí a dhéanamh maidir le hacmhainní a leithdháileadh ar an deighleog agus chun measúnú a dhéanamh ar a feidhmíocht. Ní dhéanfar coigeartuithe agus díothú arna ndéanamh le linn do ráitis airgeadais eintitis a bheith á n-ullmhú agus leithdháiltí d’ioncaim, speansais, agus gnóthachain nó caillteanais a áireamh chun brabús nó caillteanas tuairiscithe deighleoige a chinneadh ach amháin má tá siad áirithe sa tomhas ar bhrabús nó caillteanas na deighleoige arna úsáid ag an bpríomhchinnteoir oibriúcháin. Mar an gcéanna, ní dhéanfar ach amháin na sócmhainní agus dliteanais sin atá áirithe sna tomhais ar shócmhainní na deighleoige agus ar dhliteanais na deighleoige a bhíonn in úsáid ag an bpríomhchinnteoir oibriúcháin a thuairisciú maidir leis an deighleog sin. Má leithdháiltear méideanna ar bhrabús nó caillteanas tuairiscithe deighleoige, sócmhainní nó dliteanais, leithdháilfear na méideanna sin ar bhonn réasúnach.

    26

    Mura n-úsáideann an príomhchinnteoir oibriúcháin ach tomhas amháin ar bhrabús nó caillteanas deighleoige oibriúcháin, déanfar sócmhainní na deighleoige nó dliteanais na deighleoige chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht deighleoige agus chun an bealach le hacmhainní a leithdháileadh a chinneadh, déanfar brabús nó caillteanas, sócmhainní agus dliteanais deighleoige a thuairisciú ag na tomhais sin. Má úsáideann an príomhchinnteoir oibriúcháin níos mó ná tomhas amháin ar bhrabús nó caillteanas deighleoige oibriúcháin, ar shócmhainní na deighleoige nó ar dhliteanais na deighleoige, is éard a bheidh sna tomhais a thuairisceofar iad sin a chreideann an bhainistíocht a chinntear i gcomhréir leis na prionsabail tomhais is comhsheasmhaí leo siúd a úsáidtear chun na méideanna comhfhreagracha a thomhas i ráitis airgeadais an eintitis.

    27

    Soláthróidh eintiteas míniú ar na tomhais ar bhrabús nó caillteanas deighleoige, ar shócmhainní deighleoige agus ar dhliteanais deighleoige maidir le gach deighleog intuarascála. Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas ar a laghad:

    (a)

    bunús na cuntasaíochta maidir le haon idirbheart idir deighleoga intuarascála;

    (b)

    cineál aon difríochta idir na tomhais ar bhrabúis nó caillteanais na deighleoige intuarascála agus brabús nó caillteanas an eintitis roimh speansas cáin ioncaim nó ioncam agus oibríochtaí scortha (mura léir é ó na réitigh ar a dtugtar tuairisc i mír 28). D’fhéadfaí a áireamh leis na difríochtaí sin beartais chuntasaíochta agus beartais chun costais a thabhaítear go lárnach a leithdháileadh ar costais iad atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis faoin deighleog arna tuairisciú;

    (c)

    cineál aon difríochta idir na tomhais ar shócmhainní na ndeighleog intuarascála agus ar shócmhainní an eintitis (mura léir é ó na réitigh ar a dtugtar tuairisc i mír 28). D’fhéadfaí a áireamh leis na difríochtaí sin beartais chuntasaíochta agus beartais chun sócmhainní a leithdháileadh, sócmhainní arna n-úsáid go comhpháirteach agus atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis faoin deighleog arna tuairisciú;

    (d)

    cineál aon difríochta idir na tomhais ar dhliteanais na ndeighleog intuarascála agus ar dhliteanais an eintitis (mura léir é ó na réitigh ar a dtugtar tuairisc i mír 28). D’fhéadfaí a áireamh leis na difríochtaí sin beartais chuntasaíochta agus beartais chun sócmhainní a leithdháileadh, sócmhainní arna n-úsáid go comhpháirteach agus atá riachtanach chun tuiscint a fháil ar an bhfaisnéis faoin deighleog arna tuairisciú;

    (e)

    cineál aon athraithe ó réamhthréimhsí ar na modhanna tomhais a úsáidtear chun brabús nó caillteanas arna thuairisciú i leith deighleoige a chinneadh agus an éifeacht, más ann di, a bhí ag na hathruithe sin ar thomhas brabúis nó caillteanais deighleoige;

    (f)

    cineál agus éifeacht aon leithdháileadh neamhshiméadrach ar dheighleoga intuarascála. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas speansas dímheasa a leithdháileadh ar dheighleog gan na sócmhainní in-dímheasa gaolmhara a leithdháileadh ar an deighleog sin.

    Réitigh

    28

    Soláthróidh eintiteas réitigh ar na nithe a leanas ar fad:

    (a)

    iomlán d’ioncaim na ndeighleog intuarascála le hioncam an eintitis;

    (b)

    iomlán thomhais na ndeighleog intuarascála ar bhrabús nó caillteanas le brabús nó caillteanas an eintitis roimh chaiteachas cánach (ioncam cánach) agus oibríochtaí scortha. I gcás ina leithdháileann eintiteas míreanna amhail caiteachas cánach (ioncam cánach) ar dheighleoga intuarascála, áfach, féadfaidh an t-eintiteas iomlán thomhais na ndeighleog ar bhrabús nó caillteanas a réiteach le brabús nó caillteanas an eintitis i ndiaidh na míreanna sin;

    (c)

    iomlán shócmhainní na ndeighleog intuarascála ar shócmhainní an eintitis má thuairiscítear sócmhainní na deighleoige i gcomhréir le mír 23;

    (d)

    iomlán dhliteanais na ndeighleog intuarascála ar dhliteanais an eintitis má thuairiscítear dliteanais na deighleoige i gcomhréir le mír 23;

    (e)

    iomlán mhéideanna na ndeighleog intuarascála maidir le gach mír ábhartha faisnéise eile arna nochtadh don mhéid chomhfhreagrach don eintiteas.

    Aithneofar gach mír réitigh ábhartha eile ar leithligh agus tabharfar tuairisc orthu. Mar shampla, méid gach coigeartú ábhartha is gá chun brabús nó caillteanas na deighleoige intuarascála a réiteach le brabús nó caillteanas an eintitis a eascraíonn as beartais difriúla cuntasaíochta, aithneofar ar leithligh iad agus tabharfar tuairisc ar leithligh orthu.

    Athshonrú faisnéise a tuairiscíodh roimhe

    29

    Má athraíonn eintiteas struchtúr a eagrúcháin inmheánaigh ar bhealach a fhágann go dtiocfaidh athrú ar chomhdhéanamh a dheighleoga intuarascála, déanfar an fhaisnéis chomhfhreagrach le haghaidh tréimhsí níos luaithe, lena n-áirítear idirthréimhsí, a athshonrú mura bhfuil an fhaisnéis ar fáil agus i gcás ina mbeadh an costas chun é a fhorbairt iomarcach. An cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis ar fáil agus cé acu a bheadh nó nach mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach, déanfar an cinneadh sin le haghaidh gach míre nochta aonair. Tar éis athrú ar chomhdhéanamh a dheighleoga intuarascála, nochtfaidh eintiteas cé acu a athshonraigh nó nár athshonraigh sé na míreanna comhfhreagracha d’fhaisnéis deighleoige le haghaidh tréimhsí níos luaithe.

    30

    Má d’athraigh eintiteas struchtúr a eagrúcháin inmheánaigh ar bhealach a fhágann go dtagann athrú ar chomhdhéanamh a dheighleoga intuarascála agus mura ndéantar faisnéis deighleoige le haghaidh tréimhsí níos luaithe, lena n-áirítear idirthréimhsí, a athshonrú chun léiriú a thabhairt ar an athrú, nochtfaidh an t-eintiteas sa bhliain ina dtarlaíonn an t-athrú faisnéis deighleoige don tréimhse reatha ar bhonn an tseanbhunúis agus an bhunúis nua deighilte, mura bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil agus i gcás ina mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach.

    NOCHTUITHE AR FUD EINTITS

    31

    Beidh feidhm ag míreanna 32-34 maidir le gach eintiteas atá faoi réir an IFRS seo, lena n-áirítear na heintitis sin a bhfuil deighleog intuarascála aonair acu. Níl gníomhaíochtaí gnó roinnt eintiteas eagraithe ar bhonn na ndifríochtaí i dtáirgí agus i seirbhísí gaolmhara nó ar bhonn na ndifríochtaí i limistéir gheografacha oibríochtaí. Féadfaidh deighleoga intuarascála eintitis den sórt sin tuairisc a thabhairt ar ioncaim ó raon leathan táirgí agus seirbhísí atá difriúil go bunúsach, nó féadfaidh níos mó ná ceann dá dheighleoga intuarascála na táirgí agus na seirbhísí céanna a sholáthar go bunúsach. Mar an gcéanna, féadfaidh deighleoga intuarascála eintitis sócmhainní a shealbhú i limistéir gheografacha difriúla agus tuairisc a thabhairt ar ioncaim ó chustaiméirí i limistéir gheografacha difriúla, nó féadfaidh níos mó ná ceann dá dheighleoga intuarascála feidhmiú sa limistéar geografach céanna. Ní sholáthrófar faisnéis a cheanglaítear le míreanna 32-34 ach amháin mura soláthraíodh í mar chuid den fhaisnéis ar dheighleog intuarascála a cheanglaítear leis an IFRS seo.

    Faisnéis faoi tháirgí agus seirbhísí

    32

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar na hioncaim ó chustaiméirí seachtracha le haghaidh gach táirge agus seirbhíse, nó gach grúpa táirgí agus seirbhísí comhchosúla, mura bhfuil an fhaisnéis ar fáil agus i gcás ina mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach, agus sa chás sin nochtfar an méid sin. Beidh na méideanna ioncam a thuairisceofar bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais a úsáidtear chun ráitis airgeadais an eintitis a chur le chéile.

    Faisnéis faoi limistéir gheografacha

    33

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc ar an bhfaisnéis gheografach a leanas, mura bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil agus i gcás ina mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach:

    (a)

    ioncaim ó chustaiméir(í) seachtracha atá (i) inchurtha i leith thír shainchónaithe an eintitis agus (ii) inchurtha i leith gach tíre eachtraí san iomlán óna ndíorthaíonn an t-eintiteas ioncaim. Más ioncaim ábhartha iad ioncaim ó chustaiméirí seachtracha atá inchurtha i leith tír eachtrach aonair, nochtfar na hioncaim sin ar leithligh. Nochtfaidh eintiteas an bunús maidir le hioncaim ó chustaiméirí seachtracha a shannadh do thíortha aonair;

    (b)

    sócmhainní neamhreatha (49) seachas ionstraimí airgeadais, sócmhainní cánach iarchurtha, sócmhainní sochair iarfhostaíochta, agus cearta a eascraíonn as conarthaí árachais (i) atá suite i dtír shainchónaithe an eintitis agus (ii) atá suite i ngach tír eachtrach san iomlán ina bhfuil sócmhainní á sealbhú ag an eintiteas. Más sócmhainní ábhartha iad sócmhainní i dtír eachtrach aonair, nochtfar na sócmhainní sin ar leithligh.

    Beidh na méideanna a dtabharfar tuairisc orthu bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais a úsáidtear chun ráitis airgeadais an eintitis a chur le chéile. Mura bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil agus go mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach, nochtfar an méid sin. Féadfaidh eintiteas, in éineacht leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an mír seo, fo-iomlána d’fhaisnéis gheografach maidir le grúpaí tíortha a sholáthar.

    Faisnéis faoi chustaiméirí tábhachtacha

    34

    Soláthróidh eintiteas faisnéis faoin méid atá sé ag brath ar a chustaiméirí tábhachtacha. Más ionann ioncaim ó idirbhearta ag a bhfuil custaiméir seachtrach amháin agus 10 faoin gcéad nó níos mó d’ioncaim eintitis, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin, méid iomlán na n-ioncam ó gach custaiméir den sórt sin, agus aitheantas na deighleoige nó na ndeighleog lena dtabharfar tuairisc ar na hioncaim. Ní gá don eintiteas aitheantas custaiméara thábhachtaigh a nochtadh nó méid na n-ioncam a thuairiscíonn gach deighleog ón gcustaiméir sin. Chun críocha an IFRS seo, measfar gur custaiméir aonair grúpa eintiteas is eol d’eintiteas tuairiscithe a bheith faoi rialú comhchoiteann. Is gá breithiúnas a ghlacadh, áfach, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a meastar nó nach meastar gur custaiméir aonair é rialtas (lena n-áirítear gníomhaireachtaí rialtais agus comhlachtaí comhchosúla bídís ina gcomhlachtaí áitiúla, náisiúnta nó idirnáisiúnta) agus eintitis is eol don eintiteas tuairiscithe a bheith faoi rialú an rialtais sin. Agus measúnú á dhéanamh air sin, measfaidh an t-eintiteas tuairiscithe méid an chomhtháthaithe eacnamaíoch idir na heintitis sin.

    AISTRIÚ AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

    35

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ina ráitis airgeadais bhliantúla le haghaidh tréimhsí dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ina ráitis airgeadais le haghaidh tréimhse roimh an 1 Eanáir 2009, nochtfaidh sé an méid sin.

    35A

    Le Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí Aibreáin 2009, leasaíodh mír 23. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    36

    Faisnéis deighleoige le haghaidh blianta roimhe seo a thuairiscítear mar fhaisnéis chomparáideach don bhliain tosaigh cur i bhfeidhm (lena n-áirítear cur i bhfeidhm an leasaithe ar mhír 23 arna dhéanamh i mí Aibreáin 2009), déanfar é a athshonrú ionas go mbeidh sé comhréireach le ceanglais an IFRS seo, mura bhfuil an fhaisnéis is gá ar fáil agus i gcás ina mbeadh an costas chun í a fhorbairt iomarcach.

    36A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin leasaíodh mír 23(f) leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    36B

    Le IAS 24 Nochtuithe Páirtithe Gaolmhara (arna athbhreithniú in 2009) leasaíodh mír 34 le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2011 nó dá éis. Má chuireann eintiteas IAS 24 (arna athbhreithniú in 2009) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé an leasú ar mhír 34 i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    36C

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh míreanna 22 agus 28. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Iúil 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    AISTARRAINGT IAS 14

    37

    Gabhann an IFRS seo in ionad IAS 14 Tuairisciú Deighleoige.

    Aguisín A

    Téarma sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    Deighleog oibriúcháin

    Is comhpháirt d’eintiteas í deighleog oibriúcháin:

    (a)

    a dhéanann gníomhaíochtaí gnó ónar féidir léi ioncaim a thuilleamh agus speansais a thabhú (lena n-áirítear ioncaim agus speansais i ndáil le hidirbhearta le comhpháirteanna eile den eintiteas céanna);

    (b)

    a dhéanann príomhchinneadóir oibriúcháin an eintitis athbhreithniúchán rialta ar a torthaí oibriúcháin cinntí a ghlacadh faoi shócmhainní lena ndáileadh ar an deighleog agus lena feidhmíocht a mheasúnú; agus

    (c)

    dá bhfuil faisnéis airgeadais scoite ar fáil.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 9

    Ionstraimí airgeadais

    CAIBIDIL 1   Cuspóir

    1.1

    Is é is cuspóir don chaighdeán seo prionsabail a bhunú le haghaidh tuairisciú airgeadais sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais lena gcuirfear faisnéis ábhartha agus áisiúil i láthair d’úsáideoirí ráiteas airgeadais don mheasúnú a dhéanfaidh siad ar na méideanna, ar uainiú agus ar an éiginnteacht a bhaineann le sreafaí airgid todhchaí eintitis.

    CAIBIDIL 2   Raon feidhme

    2.1

    Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais seachas:

    (a)

    na leasanna sin i bhfochuideachtaí, i gcomhlaigh agus i gcomhfhiontair a ndéantar cuntasaíocht orthu i gcomhréir le IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh nó IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair. I roinnt cásanna, áfach, ceanglaítear nó ceadaítear le IFRS 10, IAS 27 nó IAS 28 ar eintiteas cuntas a choinneáil ar leas i bhfochuideachta, i gcomhlach nó i gcomhfhiontar i gcomhréir le roinnt de na ceanglais sa Chaighdeán nó leo ar fad. Cuirfidh eintitis an Caighdeán seo i bhfeidhm freisin maidir le díorthaigh ar leas i bhfochuideachta, i gcomhlach nó i gcomhfhiontar mura gcomhlíonann an díorthach an sainmhíniú ar ionstraim chothromais an eintitis in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair.

    (b)

    cearta agus oibleagáidí faoi léasanna dá bhfuil feidhm ag IFRS 16 Léasanna. Mar sin féin:

    (i)

    suimeanna infhaighte um léas airgeadais (i.e. glaninfheistíochtaí i léasanna airgeadais) agus suimeanna infhaighte um léas oibriúcháin arna n-aithint ag léasóir, tá siad faoi réir cheanglais dí-aitheanta agus lagaithe an Chaighdeáin seo;

    (ii)

    dliteanais léasa arna n-aithint ag léasóir, tá siad faoi réir na gceanglas dí-aitheanta i mír 3.3.1 den Chaighdeán seo; agus

    (iii)

    díorthaigh atá leabaithe i léasanna, tá siad faoi réir na gceanglas maidir le díorthaigh leabaithe den Chaighdeán seo.

    (c)

    cearta agus oibleagáidí fostóirí faoi phleananna sochair fostaithe, a bhfuil feidhm ag IAS 19 Sochair Fostaithe maidir leo.

    (d)

    ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint ag an eintiteas a chomhlíonann an sainmhíniú ar ionstraim chothromais in IAS 32 (lena n-áirítear céadroghanna ar stoc agus barántais) nó a gceanglaítear iad a aicmiú mar ionstraim chothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D de IAS 32. Cuirfidh sealbhóir ionstraimí cothromais den sórt sin an Caighdeán sin i bhfeidhm áfach maidir leis na hionstraimí sin, mura gcomhlíonann siad an eisceacht in (a).

    (e)

    cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ó chonradh infheistíochta mar a shainmhínítear in IFRS 17 Conarthaí Árachais, nó conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, mura bhfuil na díorthaigh féin ina gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17.

    (ii)

    comhchodanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhchuid infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17.

    (iii)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh ráthaíochta airgeadais. Mar sin féin, má dhearbhaigh eisitheoir conarthaí ráthaíochta airgeadais go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais, féadfaidh an t-eisitheoir a roghnú an Caighdeán seo nó IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin (féach míreanna B2.5–B2.6). Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh le conradh, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe.

    (iv)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais ach a eisiatar le mír 7(h) de IFRS 17 ó raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, más rud é, agus sa chás seo amháin, gur téarma conarthach ionstraime airgeadais den sórt sin an cumhdach árachais, deighealfaidh an t-eintiteas an chomhchuid ar leithligh sin agus cuirfidh sé IFRS 17 i bhfeidhm maidir léi (féach mír 7(h) de IFRS 17).

    (v)

    cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a éilítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis gconradh a shocrú, má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin.

    (f)

    aon chonradh réamhcheaptha idir faighteoir agus scairshealbhóir atá ag díol chun faighteán a cheannach nó a dhíol a leanfaidh comhcheangal gnó as faoi raon feidhme IFRS 3 Comhcheangail Ghnó ar dháta éadála sa todhchaí. Níor cheart do théarma an chonartha réamhcheaptha tréimhse réasúnach is gá de ghnáth chun aon formheas is gá a fháil a shárú agus chun an t-idirbheart a thabhairt i gcrích.

    (g)

    gealltanais iasachta seachas na gealltanais iasachta sin a dtugtar tuairisc orthu i mír 2.3. Cuirfidh eisitheoir na ngealltanas iasachta ceanglais lagaithe an Chaighdeáin seo i bhfeidhm áfach maidir le gealltanais iasachta nach bhfuil murach sin faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo. Chomh maith leis sin, tá gach gealltanas iasachta faoi réir cheanglais dí-aitheanta an Chaighdeáin seo.

    (h)

    ionstraimí airgeadais, conarthaí agus oibleagáidí faoi idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe a bhfuil feidhm ag IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe maidir leo, seachas conarthaí faoi raon feidhme mhíreanna 2.4–2.7 den Chaighdeán seo dá bhfuil feidhm ag an gCaighdeán seo.

    (i)

    cearta i ndáil le híocaíochtaí chun aisíocaíocht a thabhairt don eintiteas de bharr caiteachais a cheanglaítear air a dhéanamh chun dliteanas a íoc, a aithníonn sé mar sholáthar i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, nó dár aithin sé, i dtréimhse níos luaithe, soláthar i gcomhréir le IAS 37 ina leith.

    (j)

    cearta agus oibleagáidí faoi raon feidhme IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí ar ionstraimí airgeadais iad, ach amháin iad siúd ina sonraítear in IFRS 15 go bhfuil cuntas orthu i gcomhréir leis an gCaighdeán seo.

    2.2

    Cuirfear ceanglais lagaithe an Chaighdeáin seo i bhfeidhm ar na cearta sin ina sonraítear in IFRS 15 go dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an gCaighdeán seo chun gnóthachain nó caillteanais lagaithe a aithint.

    2.3

    Tá na gealltanais iasachta seo a leanas faoi raon feidhme an Chaighdeáin:

    (a)

    gealltanais iasachta arna n-ainmniú ag an eintiteas mar dhliteanais airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (féach mír 4.2.2). Eintiteas ag a bhfuil cleachtas roimhe seo na sócmhainní a leanann as a ghealltanais iasachta a dhíol gairid tar éis tionscnaimh, cuirfidh sé an Caighdeán seo i bhfeidhm ar a ghealltanais iasachta uile san aicme chéanna.

    (b)

    gealltanais iasachta ar féidir iad a shocrú glan in airgead tirim nó trí bhíthin ionstraim airgeadais eile a sholáthar nó a eisiúint. Is díorthaigh iad na gealltanais iasachta sin. Ní mheastar go bhfuil gealltanas iasachta socraithe díreach mar gheall go n-íoctar an iasacht amach i dtráthchodanna (mar shampla, iasacht mhorgáiste i gcomhair tógála a íoctar amach i dtráthchodanna i gcomhréir le dul chun cinn na tógála).

    (c)

    gealltanais chun iasacht a sholáthar ar ráta úis faoi bhun rátaí an mhargaidh (féach mír 4.2.1(d)).

    2.4

    Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin chun ítim neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a nglanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, amhail is dá mba ionstraimí airgeadais iad na conarthaí, cé is moite de chonarthaí a rinneadh agus a leantar de bheith arna sealbhú chun ítim neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo. Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm, áfach, maidir leis na conarthaí a ainmníonn eintiteas a bheith arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 2.5.

    2.5

    Conradh chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol, ar mír í is féidir a shocrú glan in airgead tirim nó trí bhíthin ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, amhail agus gur ionstraim airgeadais a bhí sa chonradh, féadfar an conradh sin a ainmniú go neamh-inchúlghairthe mar chonradh atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas fiú má rinneadh é chun mír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir le ceanglais an eintitis maidir le ceannach, díol nó úsáid. Níl an t-ainmniú sin ar fáil ach amháin ag tráth tionscanta an chonartha agus má dhíothaítear nó má laghdaítear go suntasach neamhréir aitheantais leis (dá dtagraítear mar ‘neamhréir cuntasaíochta’ uaireanta) a d’eascródh murach sin de bharr nár aithníodh an conradh mar gheall é a bheith eisiata ó raon feidhme an Chaighdeáin seo (féach mír 2.4).

    2.6

    Tá bealaí éagsúla ann inar féidir conradh chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol a shocrú in airgead tirim glan nó in ionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú. Áirítear orthu sin:

    (a)

    nuair a cheadaíonn téarmaí an chonartha do cheachtar páirtí an glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú;

    (b)

    nuair nach bhfuil sé sainráite i dtéarmaí an chonartha gur féidir an glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, ach nuair atá sé de chleachtas ag an eintiteas a bheith ag socrú glanluach conarthaí comhchosúla in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú (bíodh sin leis an gcontrapháirtí, trí chonarthaí fritháirimh a dhéanamh, nó tríd an gconradh a dhíol sula bhfeidhmítear é nó sula dtéann sé i léig);

    (c)

    nuair atá sé de chleachtas ag an eintiteas, i gcás conarthaí comhchosúla, a bheith ag glacadh le seachadadh na sócmhainne foluití agus á díol laistigh de thréimhse ghearr tar éis a soláthair chun brabús a ghiniúint as luaineachtaí gearrthéarmacha sa phraghas nó i gcorrlach an déileálaí; agus

    (d)

    nuair is féidir an mhír neamhairgeadais atá faoi réir an chonartha a chomhshó go héasca ina hairgead tirim.

    Conradh a bhfuil feidhm ag (b) nó (c) maidir leis, ní dhéantar é chun an mhír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo agus tagann sé faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo dá réir sin. Conarthaí eile a bhfuil feidhm ag mír 2.4 maidir leo, déantar meastóireacht orthu chun a chinneadh cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh a rinneadh iad agus a leantar de bheith arna sealbhú chun an mhír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo agus, dá réir sin, cé acu a thagann nó nach dtagann siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo.

    2.7

    Céadrogha gheallta chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar féidir a glanluach a shocrú in airgead tirim nó in ionstraim airgeadais eile, nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú, i gcomhréir le míreanna 2.6(a) nó 2.6(d), tagann sí faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo. Ní féidir conradh den sórt sin a dhéanamh chun an mhír neamhairgeadais a fháil nó a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo.

    CAIBIDIL 3   Aitheantas agus dí-aithint

    3.1   AITHEANTAS TOSAIGH

    3.1.1

    Aithneoidh eintiteas sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais ina ráiteas ar an staid airgeadais i gcás ina mbeidh an t-eintiteas mar pháirtí i bhforálacha conarthacha na hionstraime, agus an uair sin amháin (féach míreanna B3.1.1 agus B3.1.2). Nuair a thugann eintiteas aitheantas do shócmhainn airgeadais den chéad uair, aicmeoidh sé í i gcomhréir le míreanna 4.1.1–4.1.5 agus tomhaisfidh sé í i gcomhréir le míreanna 5.1.1–5.1.3. Nuair a thugann eintiteas aitheantas do dhliteanas airgeadais den chéad uair, aicmeoidh sé é i gcomhréir le míreanna 4.2.1 agus 4.2.2 agus tomhaisfidh sé é i gcomhréir le mír 5.1.1.

    Gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán sócmhainní airgeadais

    3.1.2

    Déanfar gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán sócmhainní airgeadais a aithint agus a dhí-aithint, de réir mar is infheidhme, ag úsáid cuntasaíocht dáta trádála nó cuntasaíocht dáta socraíochta (féach míreanna B3.1.3–B3.1.6).

    3.2   DÍ-AITHINT SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS

    3.2.1

    I ráitis airgeadais chomhdhlúite, cuirtear mír 3.2.2–3.2.9, mír B3.1.1, mír B3.1.2 agus míreanna B3.2.1–B3.2.17 i bhfeidhm ar leibhéal comhdhlúite. Dá bhrí sin, déanann eintiteas comhdhlúthú ar dtús ar gach fochuideachta i gcomhréir le IFRS 10 agus ansin cuireann sé na míreanna sin i bhfeidhm ar an ngrúpa a bheidh ann dá thoradh sin.

    3.2.2

    Sula ndéanfar meastóireacht ar cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá nó nach bhfuil dí-aithint iomchuí faoi mhíreanna 3.2.3–3.2.9, cinneann eintiteas cibé acu ar cheart nó nár cheart na míreanna sin a chur i bhfeidhm ar chuid de shócmhainn airgeadais (nó ar chuid de ghrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) nó ar shócmhainn airgeadais (nó ar ghrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) ina iomláine, mar a leanas.

    (a)

    Cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar chuid de shócmhainn airgeadais (nó ar chuid de ghrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) má chomhlíonann an chuid atá á breithniú le dí-aithint ceann de na trí choinníoll seo a leanas agus é sin amháin.

    (i)

    Cuimsítear leis an gcuid sreafaí airgid arna n-aithint go sonrach ó shócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla). Mar shampla, i gcás ina ndéanann eintiteas STRIP ráta úis trína bhfaigheann an contrapháirtí an ceart maidir leis na sreafaí airgid úis ach nach bhfaigheann sé an ceart maidir leis na príomhshreafaí airgid ó ionstraim fiachais, cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar na sreafaí airgid úis.

    (ii)

    Ní chuimsítear leis an gcuid seo ach amháin sciar iomlán comhréireach (pro rata) de na sreafaí airgid ó shócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla). Mar shampla, i gcás ina ndéanann eintiteas comhshocrú trína bhfaigheann an contrapháirtí na cearta maidir le sciar 90 faoin gcéad de shreafaí airgid uile ionstraim fiachais, cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar 90 faoin gcéad de na sreafaí airgid sin. Má tá níos mó ná contrapháirtí amháin ann, ní cheanglaítear ar gach contrapháirtí sciar comhréireach a bheith aige de na sreafaí airgid ar choinníoll go bhfuil sciar atá go hiomlán comhréireach ag an eintiteas aistritheach.

    (iii)

    Cuimsítear leis an gcuid sciar iomlán comhréireach (pro rata) amháin de shreafaí airgid arna n-aithint go sonrach ó shócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla). Mar shampla, i gcás ina ndéanann eintiteas comhshocrú trína bhfaigheann an contrapháirtí na cearta ar 90 faoin gcéad sciar de shreafaí airgid úis ó shócmhainn airgeadais, cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar 90 faoin gcéad de na sreafaí airgid úis sin. Má tá níos mó ná contrapháirtí amháin ann, ní cheanglaítear ar gach contrapháirtí sciar comhréireach a bheith aige de na sreafaí airgid arna n-aithint go sonrach ar choinníoll go bhfuil sciar atá go hiomlán comhréireach ag an eintiteas aistritheach.

    (b)

    I ngach cás eile, cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar an tsócmhainn airgeadais ina hiomláine (nó ar an ngrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla ina n-iomláine). Mar shampla, i gcás ina n-aistríonn eintiteas (i) na cearta maidir leis an gcéad nó an 90 faoin gcéad deiridh de na bailiúcháin in airgead tirim ó shócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais), nó (ii) na cearta maidir le 90 faoin gcéad de na sreafaí airgid ó ghrúpa suimeanna infhaighte, ach soláthraíonn sé ráthaíocht an ceannaitheoir a chúiteamh as aon chaillteanas creidmheasa suas go dtí 8 faoin gcéad de phríomhshuim na suimeanna infhaighte, cuirtear míreanna 3.2.3–3.2.9 i bhfeidhm ar an tsócmhainn airgeadais (nó ar ghrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) ina hiomláine.

    I míreanna 3.2.3–3.2.12, tagraíonn an téarma ‘sócmhainn airgeadais’ do chuid de shócmhainn airgeadais (nó cuid de ghrúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) arna aithint in (a) thuas nó, murach sin, sócmhainn airgeadais (nó grúpa sócmhainní airgeadais comhchosúla) ina hiomláine.

    3.2.3

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais a dhí-aithint más rud é, agus sna cásanna seo amháin:

    (a)

    téann na cearta conarthacha ar shreafaí airgid ón sócmhainn airgeadais in éag

    (b)

    aistríonn sé an tsócmhainn airgeadais mar a leagtar amach i mír 3.2.4 agus mír 3.2.5 agus cáilíonn an t-aistriú le haghaidh dí-aitheanta i gcomhréir le mír 3.2.6.

    (Féach mír 3.1.2 le haghaidh gnáthdhíolachán ar shócmhainní airgeadais.)

    3.2.4

    Aistríonn eintiteas a shócmhainn airgeadais más rud é, agus sna cásanna seo amháin:

    (a)

    má aistríonn sé na cearta conarthacha chun sreafaí airgid na sócmhainne airgeadais a fháil, nó

    (b)

    má choinníonn sé na cearta conarthacha chun sreafaí airgid na sócmhainne airgeadais a fháil, ach gabhann sé oibleagáid chonarthach na sreafaí airgid a íoc d’fhaighteoir amháin nó níos mó i gcomhshocrú a chomhlíonann na coinníollacha i mír 3.2.5.

    3.2.5

    I gcás ina gcoinníonn eintiteas na cearta conarthacha ar shreafaí airgid ó shócmhainn airgeadais (an ‘tsócmhainn bhunaidh’), ach má ghlacann sé oibleagáid chonarthach chun na sreafaí airgid a íoc le heintiteas amháin nó níos mó (na ‘faighteoirí ar deireadh’), caitheann an t-eintiteas leis an idirbheart mar aistriú de shócmhainn airgeadais i gcás, agus sa chás sin amháin, ina gcomhlíontar na trí choinníoll a leanas ar fad.

    (a)

    Níl aon oibleagáid ar an eintiteas méideanna a íoc d’fhaighteoirí ar deireadh mura mbailíonn sé méideanna coibhéiseacha ón tsócmhainn bhunaidh. Maidir le réamhíocaíochtaí gearrthéarmacha de chuid an eintitis leis an gceart chun aisghabháil iomlán a fháil den mhéid arna n-iasachtú móide ús fabhraithe de réir rátaí an mhargaidh, ní sháraíonn siad an coinníoll sin.

    (b)

    Cuireann na téarmaí de chonradh an aistrithe toirmeasc ar an eintiteas an tsócmhainn bhunaidh a dhíol nó a chur i ngeall seachas mar urrús do na faighteoirí ar deireadh don oibleagáid maidir le sreafaí airgid a íoc leo.

    (c)

    Tá oibleagáid ag an eintiteas aon sreafaí airgid a bhailíonn sé ar son na bhfaighteoirí ar deireadh a íoc amach gan mhoill ábhartha. Ina theannta sin, níl an t-eintiteas i dteideal ath-infheistiú a dhéanamh ar shreafaí airgid den sórt sin, seachas d’infheistíochtaí in airgead tirim nó i ngar-airgead (mar a mhínítear in IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid) le linn na gearrthréimhse socraíochta ón dáta bailithe gó dtí dáta na híocaíochta do na faighteoirí ar deireadh a éilítear, agus ús a thuilltear ar infheistíochtaí den sórt sin a thabhairt do na faighteoirí ar deireadh.

    3.2.6

    I gcás ina n-aistríonn eintiteas sócmhainn airgeadais (féach mír 3.2.4), déanfaidh sé meastóireacht ar a mhéid a choinníonn sé rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta na sócmhainne airgeadais. Sa chás seo:

    (a)

    má aistríonn an t-eintiteas go substaintiúil na rioscaí agus luaíochtaí uile a ghabhann le húinéireacht na sócmhainne airgeadais, déanfaidh an t-eintiteas sócmhainn airgeadais a dhí-aithint agus ar leithligh déanfaidh sé aon cheart nó oibleagáid arna chruthú nó arna choinneáil san aistriú a aithint mar shócmhainní nó dliteanais.

    (b)

    má choinníonn an t-eintiteas go substaintiúil rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta na sócmhainne airgeadais, leanfaidh an t-eintiteas leis an tsócmhainn airgeadais a aithint.

    (c)

    mura ndéanann an t-eintiteas go substaintiúil rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta na sócmhainne airgeadais uile a aistriú ná a choinneáil, cinnfidh an t-eintiteas cibé ar choinnigh nó nár choinnigh sé rialú ar an tsócmhainn airgeadais. Sa chás seo:

    (i)

    murar choinnigh an t-eintiteas rialú air, déanfaidh sé an tsócmhainn airgeadais a dhí-aithint agus ar leithligh déanfaidh sé aon cheart agus oibleagáid arna chruthú nó arna choinneáil san aistriú a aithint mar shócmhainní nó dliteanais.

    (ii)

    má choinnigh an t-eintiteas rialú air, leanfaidh sé an tsócmhainn airgeadais a aithint a mhéid a bheidh an t-eintiteas ag leanúint de bheith páirteach sa tsócmhainn airgeadais (féach mír 3.2.16).

    3.2.7

    Déanann meastóireacht ar aistriú de rioscaí agus luaíochtaí (féach mír 3.2.6) trí chomparáid a dhéanamh ar neamhchosaint an eintitis, roimh an aistriú agus ansin i ndiaidh an aistrithe, ar an inathraitheacht sna méideanna agus uainiú ghlansreafaí airgid na sócmhainne arna haistriú. Tá na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile de shócmhainn airgeadais coinnithe ag eintiteas mura n-athraíonn go suntasach a neamhchosaint don athraitheacht i luach láithreach na nglansreafaí airgid amach anseo ón tsócmhainn airgeadais mar thoradh ar an aistriú (e.g. mar gheall gur dhíol an t-eintiteas sócmhainn airgeadais atá faoi réir comhaontaithe chun í a cheannach ar ais ar phraghas seasta nó ar an bpraghas díola móide brabús iasachtóra). Tá na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta de shócmhainn airgeadais uile go substaintiúil aistrithe ag eintiteas mura bhfuil neamhchosaint d’athraitheacht den sórt sin suntasach go fóill i ndáil le hathraitheacht iomlán i luach láithreach na nglansreafaí airgid amach anseo atá bainteach leis an tsócmhainn airgeadais (e.g. mar gheall gur dhíol an t-eintiteas sócmhainn airgeadais faoi réir céadrogha amháin chun a í a cheannach ar ais ar a luach cóir ag an am athcheannaigh nó go bhfuil sciar atá go hiomlán comhréireach de na sreafaí airgid ó shócmhainn airgeadais, atá níos mó, i gcomhshocrú dea-mhéine, amhail iasacht fho-rannpháirtíocht, a chomhlíonann na coinníollacha i mír 3.2.5).

    3.2.8

    Go minic, beidh sé soiléir an é go bhfuil nó nach bhfuil na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile aistrithe nó coinnithe ag an eintiteas agus ní bheidh aon ghá le aon ríomhann a dhéanamh. I gcásanna eile, beidh gá le ríomhanna agus comparáid a dhéanamh ar risíochtaí an eintitis maidir le hathraitheacht ar luach láithreach na nglansreafaí airgid amach anseo roimh an aistriú agus ansin i ndiaidh an aistrithe. Déantar na ríomhanna agus an comparáid trí ráta úis margaidh iomchuí atá i bhfeidhm faoi láthair a úsáid mar ráta lascaine. Déantar gach athraitheacht d’fhéadfadh a bheith i nglansreafaí airgid go réasúnach a mheas, le níos mó béime ar na torthaí a bhfuil seans níos mó ann go dtarlóidh siad.

    3.2.9

    Cibé acu atá nó nach bhfuil rialú ag an eintiteas fós (féach mír 3.2.6(c)) den tsócmhainn aistrithe ag brath ar chumas an aistrí an tsócmhainn a dhíol. Má tá an cumas praiticiúil ag an aistrí an tsócmhainn a dhíol ina hiomláine le tríú páirtí neamhghaolmhar agus go bhfuil siad ina ann an cumas sin a fheidhmiú go haontaobhach agus gan an gá le srianta breise a chur i bhfeidhm ar an aistriú, níl rialú coinnithe ag an eintiteas. I ngach cás eile, tá rialú coinnithe ag an eintiteas.

    Aistrithe atá i dteideal dí-aitheantais

    3.2.10

    Má aistríonn eintiteas sócmhainn airgeadais in aistriú atá i dteideal dí-aitheantais ina hiomláine agus coinníonn sé an ceart an tsócmhainn airgeadais sin a sheirbhísiú ar tháille, aithneoidh sé sócmhainn sheirbhísithe nó dliteanas seirbhísithe don chonradh seirbhísithe sin. Mura bhfuil coinne leis go gcúiteoidh an táille a gheofar an t-eintiteas go leormhaith as an seirbhísiú a dhéanamh, aithneofar dliteanas seirbhísithe don oibleagáid sheirbhísithe ar a luach cóir. Má tá coinne leis go gcúiteoidh an táille a gheofar an t-eintiteas go leormhaith as an seirbhísiú a dhéanamh, aithneofar sócmhainn sheirbhísithe as an gceart seirbhísithe ar mhéid a chinntear ar bhonn leithdháileadh de shuim ghlanluacha sócmhainní na sócmhainne airgeadais níos mó i gcomhréir le mír 3.2.13.

    3.2.11

    Má dhí-aithnítear, mar thoradh ar aistriú, sócmhainn airgeadais ina hiomláine ach go dtagann as an aistriú sin sócmhainn airgeadais nua a fháil ag an eintiteas nó dliteanas airgeadais nua, nó dliteanas seirbhísithe, a ghlacadh, aithneoidh an t-eintiteas an tsócmhainn airgeadais nua, dliteanas airgeadais nó dliteanas seirbhísithe ar luach cóir.

    3.2.12

    Ar dhí-aithint de shócmhainn airgeadais ina hiomláine, an difríocht idir:

    (a)

    an tsuim ghlanluacha (a thomhaistear ar an dáta dí-aitheanta) agus

    (b)

    an chomaoin arna fáil (lena n-áirítear aon sócmhainn nua faighte lúide aon dliteanas nua a ghlacadh)

    aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas.

    3.2.13

    Má tá an tsócmhainn aistrithe mar chuid de shócmhainn airgeadais níos mó (e.g. i gcás ina n-aistríonn eintiteas sreafaí airgid úis atá mar chuid d’ionstraim fiachais, féach mír 3.2.2(a)) agus go gcáilíonn an chuid a aistríodh do dhí-aithint ina hiomláine, déanfar suim ghlanluacha roimhe seo na sócmhainne airgeadais níos mó leithdháileadh idir an chuid a leanann de bheith aitheanta agus an chuid a dhí-aithnítear, ar bhonn luachanna cóir coibhneasta na gcodanna sin ar an dáta aistrithe. Chun na críche seo, caithfear leis an tsócmhainn seirbhísithe arna choinneáil mar chuid a leanann de bheith aitheanta. An difríocht idir:

    (a)

    an tsuim ghlanluacha (a thomhaistear ar an dáta dí-aitheanta) a leithdháileadh don chuid arna dí-aithint agus

    (b)

    an chomaoin arna fáil don chuid arna dhí-aithint (lena n-áirítear aon sócmhainn nua arna fháil lúide aon dliteanas arna ghlacadh)

    aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas.

    3.2.14

    I gcás ina ndéanann eintiteas leithdháileadh ar an suim ghlanluacha roimhe sin de shócmhainn airgeadais níos mó idir an chuid a leanann de bheith aitheanta agus an chuid arna dhí-aithint, is gá tomhas a dhéanamh ar luach cóir na coda a leanann de bheith aitheanta. I gcás ina bhfuil taithí ag an eintiteas codanna a dhíol atá cosúil leis an gcuid a leanann de bheith aitheanta nó go bhfuil idirbhearta margaidh ann do chodanna den sórt sin, tugann praghsanna le déanaí d’idirbhearta iarbhír an meastachán is fearr dá luach cóir. I gcás nach bhfuil praghsanna luaite nó idirbhearta margaidh le déanaí chun tacú le luach cóir na coda a leanann de bheith aitheanta, is é is an meastachán is fearr den difríocht idir luach cóir na sócmhainne airgeadais níos mó ina hiomláine agus an chomaoin a fuarthas ón aistrí don chuid a dhí-aithnítear.

    Aistrithe nach bhfuil i dteideal dí-aitheantais

    3.2.15

    Mura dtagann dí-aitheantas mar thoradh ar aistriú mar gheall go bhfuil rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile na sócmhainne arna haistriú coinnithe ag an eintiteas, leanfaidh an t-eintiteas an tsócmhainn arna haistriú a aithint mar dhliteanas airgeadais don chomaoin arna fáil. I dtréimhsí ina dhiaidh sin, aithneoidh an t-eintiteas aon ioncam ón tsócmhainn arna aistriú agus aon chostas arna thabhú ar an dliteanas airgeadais.

    Rannpháirtíocht leanúnach i sócmhainní arna aistriú

    3.2.16

    Mura n-aistríonn ná mura gcoinníonn eintiteas go substaintiúil na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile de shócmhainn arna aistriú, agus go gcoinníonn sé rialú ar an sócmhainn arna aistriú, leanann leis an eintiteas an tsócmhainn arna aistriú a aithint a mhéid a bheidh an t-eintiteas ag leanúint de bheith páirteach. Is é is a mhéid a bheidh an t-eintiteas ag leanúint de bheith páirteach ná a mhéid atá sé neamhchosanta d’athruithe ar luach na sócmhainne arna aistriú. Mar shampla:

    (a)

    I gcás ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach an eintitis i bhfoirm a dhéanann ráthaíocht ar an sócmhainn arna aistriú, is é méid de rannpháirtíocht leanúnach an eintitis, an méid is ísle (i) de mhéid na sócmhainne agus (ii) den mhéid is mó den chomaoin a fuarthas go bhféadfaidh sé go mbeadh gá ar an eintiteas é a aisíoc (‘an méid ráthaíochta’).

    (b)

    I gcás ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach an eintitis i bhfoirm de chéadrogha gheallta nó de chéadrogha ceannaithe (nó iad araon) faoin sócmhainn arna aistriú, is é is rannpháirtíocht leanúnach an eintitis méid na sócmhainne arna haistriú a bhféadfadh eintiteas a athcheannach. Mar sin féin, sa chás ina bhfuil céadrogha gheallta ar dhíol ar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir, tá an méid de rannpháirtíocht leanúnach an eintitis teoranta don luach cóir is ísle den tsócmhainn arna haistriú agus den chéadrogha de phraghas feidhmithe (féach mír B3.2.13).

    (c)

    I gcás ina bhfuil rannpháirtíocht leanúnach an eintitis i bhfoirm de chéadrogha airgeadsocraithe nó foráil den sórt sin faoin tsócmhainn arna haistriú, déantar méid de rannpháirtíocht leanúnach an eintitis a thomhas ar an mbealach céanna leis na torthaí ar chéadroghanna neamh-airgeadsocraithe mar a leagtar amach thuas in (b).

    3.2.17

    Nuair a leanann eintiteas de shócmhainn a aithint a mhéid a bheidh an t-eintiteas ag leanúint de bheith páirteach, aithníonn sé dliteanas comhlachtaithe chomh maith. D’ainneoin na gceanglas eile sa Chaighdeán seo, tomhaistear an tsócmhainn arna haistriú agus an dliteanas a bhaineann léi ar bhonn a léiríonn na cearta agus na hoibleagáid atá coinnithe ag an eintiteas. Tomhaistear an dliteanas a bhaineann léi ar bhealach go bhfuil suim ghlanluacha na sócmhainne aistrithe agus an dliteanais a bhaineann léi:

    (a)

    costas amúchta na gceart agus na n-oibleagáidí atá i seilbh an eintitis, má dhéantar an tsócmhainn aistrithe a thomhas mar chostas amúchta, nó

    (b)

    comhionann le luach cóir na gceart agus na n-oibleagáidí atá i seilbh an eintitis nuair a thomhaistear ar bhonn neamhspleách, má thomhaistear an tsócmhainn aistrithe ar luach cóir.

    3.2.18

    Leanfaidh an t-eintiteas ag aithint aon ioncam a eascraíonn as an tsócmhainn aistrithe a mhéid a bheidh an t-eintiteas ag leanúint de bheith páirteach agus aithneoidh sé aon chostas a thabhaítear ón dliteanas comhlachaithe.

    3.2.19

    Chun críche tomhas a dhéanfar amach anseo, cuirtear na hathruithe aitheanta ar luach cóir na sócmhainne aistrithe agus an dliteanais a bhaineann léi san áireamh go comhsheasmhach lena chéile i gcomhréir le mír 5.7.1, agus ní dhéanfar iad a fhritháireamh.

    3.2.20

    Más rud é nach bhfuil i rannpháirtíocht leanúnach an eintitis ach cuid de shócmhainn airgeadais, (e.g. i gcás ina gcoinníonn eintiteas an céadrogha ar chuid de shócmhainn aistrithe a athcheannach, nó ina gcoinníonn sé leas iarmharach nach gcoinníonn go substaintiúil na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile agus go gcoinníonn an t-eintiteas rialú air), déanann an t-eintiteas leithdháileadh ar shuim glanluacha na sócmhainne airgeadais idir an chuid lena leanann sé a aithint faoi rannpháirtíocht leanúnach, agus leis an gcuid nach n-aithníonn sé a thuilleadh ar bhonn luachanna córa coibhneasta na gcodanna sin ar dháta an aistrithe. Chun na críche sin, tá feidhm ag na ceanglais ó mhír 3.2.14. An difríocht idir:

    (a)

    an tsuim ghlanluacha (a thomhaistear ar dháta an dí-aitheanta) a leithdháileadh ar an gcuid nach n-aithnítear a thuilleadh agus

    (b)

    an chomaoin a fuarthas don chuid nach n-aithnítear a thuilleadh

    aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas.

    3.2.21

    Má thomhaistear an tsócmhainn aistrithe ar chostas amúchta, níl feidhm leis an rogha sa Chaighdeán seo chun dliteanas airgeadais a ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ar an dliteanas lena mbaineann.

    Na haistrithe uile

    3.2.22

    Má leanann sócmhainn aistrithe de bheith aitheanta, ní dhéanfar an tsócmhainn agus an dliteanas lena mbaineann a fhritháireamh. Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh an t-eintiteas aon ioncam a eascraíonn as an tsócmhainn aistrithe le haon chostas a thabhú ón dliteanas comhlachaithe (féach mír 42 de IAS 32).

    3.2.23

    Má sholáthraíonn aistreoir comhthaobhacht neamhairgid (amhail fiachas nó ionstraimí cothromais) don aistrí, tá cuntasaíocht don chomhthaobhacht ag an aistreoir agus an aistrí ag brath ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an ceart ag an aistrí chun an chomhthaobhacht a dhíol nó a athghealladh agus cibé an bhfuil nó nach bhfuil mainneachtain déanta ag an aistreoir. Coinneoidh an t-aistreoir agus an t-aistrí cuntas ar an gcomhthaobhacht mar a leanas:

    (a)

    Má tá an ceart ag an aistrí de bhun conartha nó custaim comhthaobhacht a dhíol nó a athghealladh, ansin déanfaidh an t-aistreoir athaicmiú ar an tsócmhainn ina ráiteas maidir le riocht airgeadais (e.g. mar shócmhainn ar iasacht, ionstraimí cothromais atá curtha i ngeall nó athcheannach infhaighte) ar leithligh ó shócmhainní eile.

    (b)

    Má dhíolann an t-aistrí comhthaobhacht atá curtha i ngeall dó, aithneoidh sé na fáltais ón díolachán agus dliteanas a thomhaistear ar luach cóir le haghaidh a oibleagáid chun comhthaobhacht a thabhairt ar ais.

    (c)

    I gcás mhainneachtain an aistreora faoi na téarmaí den chonradh agus nach bhfuil siad i dteideal an chomhthaobhacht a fhuascailt a thuilleadh, déanfaidh sé an chomhthaobhacht a dhí-aithint, agus aithneoidh an t-aistrí an chomhthaobhacht mar a shócmhainn a thomhaistear ar dtús ar luach cóir nó, má tá an chomhthaobhacht díolta acu cheana féin, déanfaidh sé a oibleagáid chun an chomhthaobhacht a thabhairt ar ais a dhí-aithint.

    (d)

    Seachas mar a dhéantar foráil dó in (c), leanfaidh an t-aistreoir ar aghaidh ag coinneáil na comhthaobhachta mar shócmhainn, agus ní dhéanfaidh an t-aistrí an chomhthaobhacht a aithint mar chomhthaobhacht.

    3.3   DLITEANAIS AIRGEADAIS A DHÍ-AITHINT

    3.3.1

    Bainfidh an t-eintiteas sócmhainn airgeadais (nó cuid de shócmhainn airgeadais) óna ráiteas maidir le riocht airgeadais i gcás, agus sa chás sin amháin, go múchtar é – i.e. nuair a théann an oibleagáid a shonraítear sa chonradh árachais in éag nó nuair a urscaoiltear nó nuair a chuirtear an oibleagáid sin ar ceal.

    3.3.2

    Coinneofar cuntas ar mhalartú idir iasachtaí reatha agus iasachtóir d’ionstraimí fiachais le téarmaí atá difriúil go leor mar mhúchadh den bhun-dliteanas airgeadais agus d’aitheantas de dhliteanas airgeadais nua. Mar an gcéanna, maidir le modhnú substaintiúil ar théarmaí dliteanas airgeadais reatha nó cuid de (cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé inchurtha le deacracht airgeadais an fhéichiúnaí) coinneofar cuntas air mar mhúchadh den bhun-dliteanas airgeadais agus d’aitheantas de dhliteanas airgeadais nua.

    3.3.3

    Déanfar an difríocht idir an tsuim ghlanluacha de dliteanas airgeadais (nó cuid de dhliteanas airgeadais) múchta nó aistrithe go dtí páirtí eile agus an chomaoin íoctha, lena n-áirítear aon sócmhainní neamhairgid aistrithe nó dliteanais ghafa, a aithint i mbrabús nó caillteanas.

    3.3.4

    I gcás ina n-athcheannaíonn eintiteas cuid de dhliteanas airgeadais, déanfaidh an t-eintiteas suim ghlanluacha roimhe sin an dliteanais airgeadais a leithdháileadh idir an chuid a leanann de bheith aitheanta agus an chuid atá dí-aitheanta de bhun luachanna cóir coibhneasta na gcodanna sin ar dháta an athcheannaigh. Déanfar an difríocht idir (a) an tsuim ghlanluacha a leithdháiltear don chuid dí-aitheanta agus (b) an chomaoin íoctha, lena n-áirítear aon sócmhainní neamhairgid aistrithe nó dliteanais ghafa, a aithint i mbrabús nó caillteanas don chuid dí-aitheanta.

    3.3.5

    Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste agus aithníonn siad dliteanais airgeadais i leith na méideanna atá le híoc leis na hinfheisteoirí sin. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn na heintitis sin na hítimí forluiteacha. I gcistí nó in ítimí forluiteacha áirithe den sórt sin áirítear dliteanas airgeadais an eintitis (mar shampla, banna corparáide arna eisiúint). D’ainneoin na gceanglas eile sa Chaighdeán seo maidir le dliteanais airgeadais a dhí-aithint, féadfaidh eintiteas a roghnú gan a dhliteanas airgeadais a dhí-aithint, rud a áirítear i gciste den sórt sin nó atá ina ítim fhorluiteach nuair a dhéanann an t-eintiteas, agus sa chás seo amháin, a dhliteanas airgeadais a athcheannach chun an gcríoch sin. Ina ionad sin, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú leanúint de chuntas a choinneáil ar an ionstraim sin mar dhliteanas airgeadais agus cuntas a choinneáil ar an ionstraim athcheannaithe amhail is dá mba rud é gur sócmhainn airgeadais an ionstraim, agus féadfaidh sé í a thomhas ag luach cóirtrí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir leis an gCaighdeán seo. Is rogha neamh-inchúlghairthe an rogha sin agus déantar ar bhonn ionstraim ar ionstraim í. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

    CAIBIDIL 4   Aicmiú

    4.1   AICMIÚ SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS

    4.1.1

    Mura bhfuil feidhm ag mír 4.1.5, déanfaidh eintiteas sócmhainní airgeadais a aicmiú mar shócmhainní airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta ina dhiaidh sin, arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nó arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas de bhun:

    (a)

    samhail ghnó an eintitis do bhainistiú sócmhainní airgeadais agus

    (b)

    saintréithe sreafa airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin.

    4.1.2

    Déanfar sócmhainn airgeadais a thomhas ag costas amúchta má chomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha a leanas:

    (a)

    sealbhaítear an tsócmhainn airgeadais laistigh de shamhail ghnó arb é a cuspóir sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreafaí airgid conarthacha a bhailiú agus

    (b)

    eascraíonn sreafaí airgid ar dhátaí sonraithe as téarmaí conarthacha na sócmhainne airgeadais ar íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc amháin atá iontu.

    Tugann mír B4.1.1–B4.1.26 treoraíocht faoi na coinníollacha seo a chur i bhfeidhm.

    4.1.2A

    Déanfar sócmhainn airgeadais a thomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile má chomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha a leanas:

    (a)

    sealbhaítear an tsócmhainn airgeadais laistigh de shamhail ghnó a mbaintear amach a cuspóir trí shreafaí airgid conarthacha a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol agus

    (b)

    eascraíonn sreafaí airgid ar dhátaí sonraithe as téarmaí conarthacha na sócmhainne airgeadais ar íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc amháin atá iontu.

    Tugann mír B4.1.1–B4.1.26 treoraíocht faoi na coinníollacha seo a chur i bhfeidhm.

    4.1.3

    Chun míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) a chur i bhfeidhm:

    (a)

    is príomhshuim é luach cóir sócmhainní airgeadais tráth na haitheanta tosaigh. Soláthraíonn mír B4.1.7B treoraíocht bhreise maidir le céard atá i gceist le príomhshuim.

    (b)

    tá ús comhdhéanta de chomaoin i leith amluach airgid, an riosca creidmheasa a bhaineann leis an bpríomhshuim gan íoc le linn tréimhse ama ar leith agus rioscaí agus costais eile de dheasca iasachtaí, chomh maith le corrlach brabúis. Soláthraíonn mír B4.1.7A agus B4.1.9A–B4.1.9E treoraíocht bhreise faoi céard atá i gceist le hús, lena n-áirítear céard atá i gceist le hamluach airgid.

    4.1.4

    Déanfar sócmhainn airgeadais a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas mura ndéantar í a thomhas ar chostas amúchta i gcomhréir le mír 4.1.2 nó ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A. D’fhéadfadh eintiteas rogha neamh-inchúlghairthe a dhéanamh tráth na haitheanta tosaigh d’infheistíochtaí áirithe in ionstraimí cothromais a thomhaisfí seachas sin ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas chun athruithe ina dhiaidh sin ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile a chur i láthair (féach míreanna 5.7.5–5.7.6).

    Rogha maidir le sócmhainní airgeadais a ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    4.1.5

    D’ainneoin mhír 4.1.1–4.1.4, féadfaidh eintiteas, tráth na haitheanta tosaigh, sócmhainn airgeadais a ainmniú go neamh-inchúlghairthe amhail a bheith tomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas más rud é go ndíothaítear nó go laghdaítear go suntasach leis neamhréireacht tomhais nó aitheanta (dá ngairtear uaireanta ‘neamhréir chuntasaíochta’) a d’eascródh seachas sin ó shócmhainní nó dliteanais a thomhas nó ó ghnóthachain agus caillteanais a aithint ina leith ar bhoinn dhifriúla (féach mír B4.1.29–B4.1.32).

    4.2   DLITEANAS AIRGEADAIS A AICMIÚ

    4.2.1

    Aicmeoidh eintiteas gach dliteanas eile mar shócmhainní airgeadais arna dtomhas ag costas amúchta ina dhiaidh sin, ach amháin:

    (a)

    dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas. Déanfar dliteanais den sórt sin, lena n-áirítear ionstraimí díorthacha atá ina ndliteanais, a thomhas ina dhiaidh sin ar luach cóir.

    (b)

    dliteanais airgeadais a eascraíonn i gcás nach bhfuil aistriú de shócmhainn airgeadais i dteideal dí-aitheantais nó i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcur chuige maidir le rannpháirtíocht leanúnach. Tá feidhm ag mír 3.2.15 agus 3.2.17. maidir le tomhas a dhéanamh ar dhliteanais airgeadais den sórt sin.

    (c)

    conarthaí ráthaíochta airgeadais. Tar éis aitheantas tosaigh, déanfaidh eisitheoir de chonradh den sórt sin (mura bhfuil feidhm ag mír 4.2.1(a) nó (b)) tomhas ina dhiaidh sin ar an luach is airde díobh seo a leanas:

    (i)

    méid an lamháltais chaillteanais mar a chinntear i gcomhréir le Roinn 5.5 agus

    (ii)

    an méid a aithníodh i dtosach (féach mír 5.1.1) lúide, ii gcás inarb iomchuí, an méid carnach ioncaim a aithnítear i gcomhréir le prionsabail IFRS 15.

    (d)

    gealltanais chun iasacht a sholáthar ar ráta úis faoi bhun rátaí an mhargaidh. Déanfaidh eisitheoir de chonradh den sórt sin (mura bhfuil feidhm ag mír 4.2.1(a)) a thomhas ar an luach is airde díobh seo a leanas:

    (i)

    méid an lamháltais chaillteanais mar a chinntear i gcomhréir le Roinn 5.5 agus

    (ii)

    an méid a aithníodh i dtosach (féach mír 5.1.1) lúide, ii gcás inarb iomchuí, an méid carnach ioncaim a aithnítear i gcomhréir le prionsabail IFRS 15.

    (e)

    comaoin theagmhasach aitheanta ag faighteoir i gcomhcheangal gnó lena bhfuil feidhm ag IFRS 3. Déanfar comaoin theagmhasach den sórt sin a thomhas ar luach cóir le hathruithe aitheanta i mbrabús nó caillteanas.

    Rogha maidir le dliteanas airgeadais a ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    4.2.2

    Féadfaidh eintiteas, tráth na haitheanta tosaigh, dliteanas airgeadais a ainmniú go neamh-inchúlghairthe ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas nuair a cheadaítear le mír 4.3.5, nó nuair a thagann faisnéis níos ábhartha dá bharr, toisc:

    (a)

    go ndíothaítear nó go laghdaítear go suntasach leis neamhréireacht tomhais nó aitheanta (dá ngairtear uaireanta mar ‘neamhréir chuntasaíochta’) a d’eascródh dá n-uireasa ó shócmhainní nó dliteanais a thomhas nó ó ghnóthachain agus caillteanais a aithint ina leith ar bhoinn dhifriúla (féach míreanna B4.1.29–B4.1.32); nó

    (b)

    go mbainistítear grúpa dliteanas airgeadais nó sócmhainní airgeadais agus go ndéantar a fheidhmíocht a mheastóireacht ar bhonn luacha chóir, i gcomhréir le straitéis bhainistíochta nó infheistíochta dhoiciméadaithe, agus go gcuirtear faisnéis faoin ngrúpa ar fáil go hinmheánach ar an mbonn sin do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis (mar a shainmhínítear in IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara, mar shampla, bord stiúrthóirí agus príomhoifigeach feidhmiúcháin an eintitis (féach mír B4.1.33–B4.1.36).

    4.3   DÍORTHAIGH LEABAITHE

    4.3.1

    Is comhpháirt de chonradh hibrideach é díorthach leabaithe lena n-áirítear freisin óstach neamhdhíorthach–leis an iarmhairt go n-athraíonn roinnt de shreafaí airgid na hionstraime comhcheangailte ar bhealach cosúil le hionstraim dhíorthach aonair. Cruthaíonn díorthach leabaithe roinnt de na sreafaí airgid, nó na sreafaí airgid uile lena mbeadh gá ina mhalairt de chás tríd an gconradh a athrú de réir ráta úis sonraithe, praghas na hionstraime airgeadais, praghas tráchtearraí, an ráta malairte eachtraí, an t-innéacs praghsanna nó rátaí, an rátáil chreidmheasa nó an innéacs creidmheasa, nó athróg eile, ar choinníoll i gcás athróige neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí leis an gconradh. Ionstraim dhíorthach atá ceangailte le hionstraim airgeadais ach atá inaistrithe go conarthach go neamhspleách ar an ionstraim sin, nó ag a bhfuil contrapháirtí difriúil, ní díorthach leabaithe é, ach is ionstraim airgeadais ar leithligh é.

    Conarthaí hibrideacha le hóstaigh sócmhainní airgeadais

    4.3.2

    Má tá óstach i gconradh hibrideach ar sócmhainn é faoi raon feidhme an Chaighdeáin sin, cuirfidh eintiteas na ceanglais i mír 4.1.1–4.1.5 i bhfeidhm ar an gconradh hibrideach ar fad.

    Conarthaí hibrideacha eile

    4.3.3

    Má tá óstach i gconradh hibrideach nach sócmhainn faoi raon feidhme an Chaighdeáin sin é, scarfar díorthach leabaithe ón óstach agus cuirfear san áireamh é mar ionstraim dhíorthach faoin gCaighdeán seo, más rud é, agus sa chás seo amháin:

    (a)

    nach bhfuil dlúthbhaint ag na saintréithe eacnamaíocha agus na rioscaí a bhaineann leis an díorthach leabaithe leis na saintréithe eacnamaíocha agus na rioscaí don óstach (féach míreanna B4.3.5 agus B4.3.8);

    (b)

    go gcomhlíonfadh ionstraim ar leithligh, ag a bhfuil na téarmaí céanna leis an díorthach leabaithe, an sainmhíniú ar ionstraim dhíorthach; agus

    (c)

    nach ndéantar an conradh hibrideach a thomhas ar luach cóir le hathruithe ar luach cóir a aithníodh i mbrabús nó caillteanas (i.e. níl ionstraim dhíorthach atá leabaithe i ndliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas scartha).

    4.3.4

    Má tá díorthach leabaithe scartha, coinneoidh an t-óstach cuntas air i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí. Ní thugann an Caighdeán seo aghaidh ar cibé mbeidh nó nach mbeidh díorthach leabaithe curtha ar fáil ar leithligh sa ráiteas ar an staid airgeadais.

    4.3.5

    D’ainneoin míreanna 4.3.3 agus 4.3.4, má tá díorthach leabaithe amháin nó níos mó i gconradh agus nach bhfuil an t-óstach ina sócmhainn faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo, d’fhéadfadh eintiteas an conradh hibrideach ar fad a ainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, seachas sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    nach modhnaíonn an díorthach leabaithe (nó na díorthaigh leabaithe) na sreafaí airgid go suntasach lena n-éilítear ina mhalairt de chás; nó

    (b)

    go bhfuil sé soiléir gan aon anailís, nó le beagán anailíse, i gcás ina bhfuil ionstraim hibrideach den sórt sin a measadh den chéad uair go toirmisctear scaradh an díorthaigh leabaithe, amhail rogha réamhíocaíochta leabaithe in iasacht a cheadaíonn don sealbhóir an iasacht a réamhíoc le haghaidh thart faoina chostas amúchta.

    4.3.6

    Má éilítear ar eintiteas tríd an gCaighdeán seo an díorthach leabaithe a scaradh óna óstach, ach nach féidir leis an díorthach leabaithe a thomhas ar leithligh ar dháta éadála nó ar dháta dheireadh na tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, ainmneoidh sé an conradh hibrideach ina iomláine ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    4.3.7

    I gcás nach féidir le heintiteas an luach cóir de dhíorthach leabaithe a thomhas go hiontaofa ar bhonn a théarmaí agus a choinníollacha, is ionann luach cóir an díorthaigh leabaithe agus an difríocht idir luach cóir an chonartha hibridigh agus luach cóir an óstaigh. I gcás nach féidir leis an eintiteas luach cóir an díorthaigh leabaithe a thomhas trí na modhanna seo, tá feidhm ag mír 4.3.6 agus ainmnítear an conradh hibrideach ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    4.4   ATHAICMIÚ

    4.4.1

    I gcás ina n-athraíonn, agus sa chás sin amháin, eintiteas a shamhail ghnó maidir le sócmhainní airgeadais a bhainistiú, déanfaidh sé athaicmiú ar na sócmhainní airgeadais uile dá ndearnadh difear i gcomhréir leis míreanna 4.1.1–4.1.4. Féach mír 5.6.1–5.6.7, mír B4.4.1–B4.4.3 agus mír B5.6.1–B5.6.2 le haghaidh treoraíocht bhreise maidir le sócmhainní airgeadais a athaicmiú.

    4.4.2

    Ní dhéanfaidh eintiteas aon dliteanas airgeadais a athaicmiú.

    4.4.3

    Chun críocha mhír 4.4.1–4.4.2, ní athaicmithe iad na hathruithe ar imthosca seo a leanas:

    (a)

    ní cháilítear a thuilleadh ítim a bhí ina hionstraim fálúcháin ainmnithe agus éifeachtach roimhe seo i bhfálú ar an sreabhadh airgid nó i bhfálú de ghlan-infheistíocht den sórt sin;

    (b)

    éiríonn ítim ina hionstraim fálúcháin ainmnithe agus éifeachtach i bhfálú ar an sreabhadh airgid nó i bhfálú de ghlan-infheistíocht; agus

    (c)

    athruithe ar thomhas i gcomhréir le Roinn 6.7.

    CAIBIDIL 5   Tomhas

    5.1   TOMHAS TOSAIGH

    5.1.1

    Ach amháin do thrádáil infhála faoi raon feidhme mír 5.1.3, tráth na haitheanta tosaigh, déanfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a thomhas ar a luach cóir, móide nó lúide, i gcás nach bhfuil sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, costas idirbheart atá inchurtha i leith éadáil nó dáileadh na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais.

    5.1.1A

    Ach, má tá luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais tráth na haitheanta tosaigh difriúil ón an bpraghas idirbhirt, cuirfidh eintiteas mír B5.1.2A i bhfeidhm.

    5.1.2

    I gcás ina n-úsáideann eintiteas cuntasaíocht dáta socraíochta do shócmhainn a thomhaistear ar chostas amúchta ina dhiaidh sin, aithnítear an tsócmhainn i dtosach ar bhonn a luacha chóir an dáta trádála (féach mír B3.1.3–B3.1.6).

    5.1.3

    D’ainneoin an ceanglas i mír 5.1.1, tráth na haitheanta tosaigh, déanfaidh eintiteas trádáil infhála a thomhas ar a praghas idirbhirt (mar a shainmhínítear in IFRS 15) mura bhfuil comhpháirt maoiniúcháin suntasach ag na trádáil infhála i gcomhréir le IFRS 15 (nó i gcás ina gcuireann an t-eintiteas an beart coincréiteach i bhfeidhm i gcomhréir le mír 63 de IFRS 15).

    5.2   TOMHAS AR SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS DÁ ÉIS SIN

    5.2.1

    Tar éis aitheantas tosaigh, déanfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais a thomhas i gcomhréir le mír 4.1.1–4.1.5 ar:

    (a)

    costas amúchta;

    (b)

    cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile; nó

    (c)

    cóirluach trí bhrabús nó caillteanas.

    5.2.2

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais lagaithe i bhfeidhm i Roinn 5.5 ar shócmhainní airgeadais atá á dtomhas ar chostas amúchta i gcomhréir le mír 4.1.2 agus ar shócmhainní airgeadais atá á dtomhas ar ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A.

    5.2.3

    Cuirfidh eintiteas i bhfeidhm na ceanglais maidir le cuntasaíocht fálaithe i mír 6.5.8–6.5.14 (agus, más infheidhme, mír 89–94 de IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas don chuntasaíocht fálaithe luacha chóir le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis) do shócmhainn airgeadais atá ainmnithe mar mhír fhálaithe (50).

    5.3   TOMHAS AR SHÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN

    5.3.1

    Tar éis aitheantas tosaigh, déanfaidh eintiteas dliteanas airgeadais a thomhas i gcomhréir le mír 4.2.1–4.2.2.

    5.3.2

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais de chuntasaíocht fálaithe i mír 6.5.8–6.5.14 i bhfeidhm (agus, más infheidhme, mír 89–94 de IAS 39 d’fhálú luacha chóir d’fhálú punainne um riosca an ráta úis) ar dhliteanas airgeadais atá ainmnithe mar mhír fhálaithe.

    5.4   TOMHAS COSTAIS AMÚCHTA

    Sócmhainní airgeadais

    Modh an úis ghlain

    5.4.1

    Déanfar ioncam úis a ríomh trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain (féach Foscríbhinn A agus mír B5.1.4–B5.4.7). Déanfar é a ríomh tríd an nglanráta úis a chur i bhfeidhm ar oll-luach de réir na leabhar socmhainne airgeadaisach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    sócmhainn airgeadais cheannaithe nó thionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici. Do na sócmhainní airgeadais sin, cuirfidh an t-eintiteas an glanráta úis atá coigeartaithe de réir creidmheasa i bhfeidhm ar chostas amúchta na sócmhainne airgeadais ó aitheantas tosaigh.

    (b)

    sócmhainní airgeadais nach sócmhainní airgeadais iad atá ceannaithe ná tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu ach atá anois ina sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu. Do na sócmhainní airgeadais sin, cuirfidh an t-eintiteas an glanráta úis i bhfeidhm ar chostas amúchta na sócmhainne airgeadais ó aitheantas tosaigh.

    5.4.2

    Eintiteas a ríomhann, i dtréimhse tuairiscithe, ioncam úis trí modh an úis ghlain a chur i bhfeidhm ar an gcostas amúchta de shócmhainn airgeadais i gcomhréir le mír 5.4.1(b), déanfaidh sé, i dtréimhsí tuairiscithe ina dhiaidh sin, an t-ioncam úis a ríomh tríd an nglanráta úis a chur i bhfeidhm ar an oll-luach de réir na leabhar má thagann feabhas ar an riosca creidmheasa ar an ionstraim airgeadais ionas nach bhfuil fadhbanna creidmheasa ag an sócmhainn airgeadais a thuilleadh agus gur féidir an feabhas a cheangal le teagmhas i ndiaidh na ceanglais i mír 5.4.1(b) a bheith a curtha i bhfeidhm (amhail feabhas ar rátáil chreidmheasa an iasachtaí).

    Modhnú ar shreafaí airgid conarthacha

    5.4.3

    I gcás ina ndéantar athchaibidliú nó modhnú ar bhealach eile ar shreafaí airgid conarthacha de shócmhainn airgeadais agus i gcás nach dtagann dí-aithint na sócmhainne airgeadais sin ann mar gheall ar an athchaibidliú nó an modhnú i gcomhréir leis an gCaighdeán sin, déanfaidh eintiteas oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais a athríomh agus aithneoidh sé modhnú de ghnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas. Déanfar oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais a athríomh ar luach láithreach na sreafaí airgid conarthacha athchaibidlithe nó modhnaithe atá ar lascaine ar airgead síos ar glanráta úis bunaidh na sócmhainne airgeadais (nó glanráta úis glanráta úis atá coigeartaithe de réir creidmheasa do shócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu) nó, i gcás ina bhfuil infheidhme, an ghlanráta úis athbhreithnithe a ríomhadh i gcomhréir le mír 6.5.10. Coigeartaíonn aon chostais nó táillí arna dtabhú suim ghlanluacha na sócmhainne airgeadais arna modhnú agus déantar iad a amúchadh le linn an téarma atá fágtha den tsócmhainn airgeadais arna modhnú.

    Díscríobh

    5.4.4

    Laghdóidh eintiteas an t-oll-luach de réir na leabhar de shócmhainn airgeadais go díreach i gcás nach bhfuil ionchas réasúnta ag an eintiteas maidir leis an tsócmhainn airgeadais a théarnamh ina hiomláine nó cuid di. Is é is díscríobh ann teagmhas dí-aitheanta (féach mír B3.2.16(r)).

    Athruithe ar an mbonn chun na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh de thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis

    5.4.5

    Cuirfidh eintiteas mír 5.4.6–5.4.9 i bhfeidhm ar shócmhainn airgeadais nó ar dhliteanas airgeadais i gcás, agus sa chás sin amháin, go n-athraíonn an bonn a úsáidtear chun sreafaí airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais a chinneadh mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis. Chun na críche seo, déanann an téarma ‘athchóiriú ar thagarmharc ráta úis’ tagairt don athchóiriú ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis mar a thuairiscítear i mír 6.8.2.

    5.4.6

    D’fhéadfadh an bonn chun na sreafaí airgid conarthacha de shócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a chinneadh athrú:

    (a)

    trí na téarmaí conarthacha arna sonrú ar dháta aitheanta tosaigh na hionstraime airgeadais a leasú (mar shampla, má dhéantar na téarmaí conarthacha a leasú chun an tagarmharc ráta úis a chur ina ionad le bonnráta malartach úis);

    (b)

    ar bhealach nár cuireadh san áireamh – nó nár beartaíodh – sna coinníollacha conarthacha tráth a ainmníodh an ionstraim airgeadais den chéad uair, gan na téarmaí conarthacha a leasú (mar shampla, athraítear an modh chun an tagarmharc ráta úis a ríomh gan na téarmaí conarthacha a leasú); agus/nó

    (c)

    mar thoradh ar ghníomhachtú an téarma chonarthaigh atá ann cheana (mar shampla, cuirtear tús le clásal cúltaca atá ann cheana).

    5.4.7

    Mar bheart praiticiúil, cuirfidh eintiteas mír B5.4.5 i bhfeidhm chun athrú a chur san áireamh maidir leis an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais, rud is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Níl feidhm ag an mbeart praiticiúil sin ach maidir le hathruithe den sórt sin agus a mhéid is gá an t-athrú sin le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis (féach freisin mír 5.4.9). Chun na críche sin, is gá athrú sa bhonn lena ndéantar sreafaí airgid conarthacha a chinneadh le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo agus sa chás sin amháin:

    (a)

    is gá an t-athrú a dhéanamh mar thoradh díreach ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis; agus

    (b)

    tá an bonn nua chun sreafaí airgid conarthacha a chinneadh coibhéiseach leis an mbonn roimhe sin ó thaobh an gheilleagair de (i.e. an bonn atá díreach roimh an athrú).

    5.4.8

    Is iad seo a leanas samplaí d’athruithe as a n-eascraíonn bonn nua chun sreafaí airgid conarthacha a chinneadh atá coibhéiseach ó thaobh an gheilleagair de leis an mbonn roimhe sin (i.e. an bonn atá díreach roimh an athrú):

    (a)

    tagarmharc ráta malartach a chur in ionad tagarmhairc ráta úis atá ann cheana a úsáidtear chun na sreafaí airgid conarthacha a chinneadh i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais – nó cur chun feidhme athchóiriú den sórt sin maidir leis an tagarmharc ráta úis tríd an modh a úsáidtear leis an tagarmharc ráta úis a ríomh a athrú – agus raon difríochta seasta atá riachtanach a chur leis chun an difríocht bhunúsach idir an tagarmharc ráta úis atá ann cheana agus an tagarmharc ráta malartach a chúiteamh;

    (b)

    athruithe ar an tréimhse athshocraithe, dátaí athshocraithe nó líon na laethanta idir dátaí íocaíochta cúpóin chun athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a chur chun feidhme; agus

    (c)

    soláthar cúltaca a chur leis na téarmaí conarthacha i ndáil le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais chun go bhféadfar aon athrú a thuairiscítear in (a) agus (b) thuas a chur i bhfeidhm.

    5.4.9

    Má dhéantar athruithe ar shócmhainn airgeadais nó ar dhliteanas airgeadais de bhreis ar na hathruithe a dhéantar ar an mbonn lena ndéantar na sreafaí airgid conarthacha is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, cuirfidh eintiteas an beart praiticiúil i bhfeidhm ar dtús i mír 5.4.7 maidir leis na hathruithe is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Ina dhiaidh sin, cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme i bhfeidhm sa Chaighdeán seo maidir le haon athrú breise nach mbeidh feidhm ag an mbeart praiticiúil air. Mura mbeidh dí-aitheantas na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais mar thoradh ar an athrú breise, cuirfidh an t-eintiteas mír 5.4.3 nó B5.4.6, de réir mar is infheidhme, i bhfeidhm maidir leis an athrú breise sin a chur san áireamh. Más rud é go mbeidh dí-aitheantas na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais mar thoradh ar an athrú breise, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais dí-aitheantais i bhfeidhm.

    5.5   LAGÚ

    Caillteanais chreidmheasa ionchasacha a shainaithint

    Cur chuige ginearálta

    5.5.1

    Aithneoidh eintiteas lamháltas caillteanais do chaillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainn airgeadais a thomhaistear i gcomhréir le mír 4.1.2 nó 4.1.2A, suim infhaighte um léas, sócmhainn chonartha nó gealltanais iasachta agus conradh ráthaíochta airgeadais ina bhfuil feidhm ag riachtanais lagaithe i gcomhréir le míreanna 2.1(g), 4.2.1(c) nó 4.2.1(d).

    5.5.2

    Cuirfidh eintiteas na riachtanais lagaithe i bhfeidhm maidir le haitheantas agus tomhas lámhaltais caillteanais le haghaidh sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A. Aithneofar an lamháltas caillteanais in ioncam cuimsitheach eile agus ní laghdófar suim ghlanluacha na sócmhainne airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais, áfach.

    5.5.3

    Faoi réir mír 5.5.13–5.5.16, ag gach dáta tuairiscithe, tomhaisfidh eintiteas an lamháltas caillteanais d’ionstraim airgeadais ar mhéid atá ionann le caillteanas chreidmheasa ionchasacha saoil má tá an riosca creidmheasa don ionstraim airgeadais sin méadaithe go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas dó.

    5.5.4

    Is é is cuspóir na gceanglas lagaithe caillteanas chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint do na hionstraimí airgeadais uile a mhéadaigh a riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó — cíbe a dhéantar iad a mheas ar bhonn aonair nó comhchoiteann — ag cur na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi san áireamh, lena n-áirítear aon fhaisnéis atá réamhbhreathnaitheach.

    5.5.5

    Faoi réir mhír 5.5.13–5.5.16, mura bhfuil, ar an dáta maidir le tuairisciú, méadú suntasach tagtha ar an riosca creidmheas d’ionstraim airgeadais ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó, tomhaisfidh eintiteas an lamháltas caillteanais d’ionstraim airgeadais sin ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí.

    5.5.6

    Do ghealltanais iasachta agus do chonarthaí ráthaíochta airgeadais, an dáta a bheidh an t-eintiteas ina pháirtí i ndáil leis an ngealltanas neamh-inchúlghairthe measfar é mar dháta an aitheantais tosaigh chun na ceanglais lagaithe a chur i bhfeidhm.

    5.5.7

    Má thomhais an t-eintiteas an lamháltas caillteanais d’ionstraimí airgeadais ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil sa tréimhse tuairiscithe roimhe seo, ach go gcinntear ag an dáta tuairiscithe reatha nach gcomhlíontar mír 5.5.3 a thuilleadh, tomhaisfidh an t-eintiteas an lamháltas caillteanais ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchais do thréimhse 12 mhí ar an dáta tuairiscithe reatha.

    5.5.8

    Aithneoidh eintiteas i mbrabús nó caillteanas, mar ghnóthachan nó mar chaillteanas lagaithe, an méid chaillteanais chreidmheasa ionchasacha (nó cealaithe) is gá chun an lamháltas caillteanais a choigeartú ar an dáta maidir le tuairisciú ag an méid is gá le haithint i gcomhréir leis an gCaighdeán seo.

    Méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa a chinneadh

    5.5.9

    Ar gach dáta tuairiscithe, déanfaidh eintiteas measúnú ar cibé acu atá riosca creidmheasa na n-ionstraimí airgeadais méadaithe go suntasach ó thráth na haitheanta tosaigh nó nach bhfuil. Nuair a dhéantar an measúnú, bainfidh eintiteas úsáid as an athrú ar an riosca go dtarlóidh mainneachtain thar shaolré ionchais na hionstraime airgeadais seachas an t-athrú ar an méid chaillteanas creidmheasa ionchasach. Chun an measúnú a dhéanamh, déanfaidh an t-eintiteas comparáid idir an riosca mainneachtana a d’fhéadfadh tarlú don ionstraim airgeadais ar dháta an tuairiscithe leis an riosca mainneachtana a d’fhéadfadh tarlú don ionstraim airgeadais ar dháta an aitheantais tosaigh agus cuirfidh sé faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi san áireamh, atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí, a léiríonn méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    5.5.10

    Féadfaidh eintiteas glacadh leis nach bhfuil an riosca creidmheasa d’ionstraim airgeadais méadaithe go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó má chinntear go bhfuil priacal creidmheasa íseal ag baint leis an ionstraim airgeadais ar an dáta maidir le tuairisciú (féach mír B.5.5.22-B5.5.24).

    5.5.11

    Má tá fáil ar fhaisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá réamhbhreathnaitheach gan costas nó iarracht mhíchuí, ní féidir le heintiteas brath go hiomlán ar fhaisnéis atá thar téarma nuair a chinntear cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó. I gcás nach bhfuil fáil ar fhaisnéis atá níos mó réamhbhreathnaitheach ná thar téarma (ar bhonn aonair nó ar bhonn comhchoiteann) gan chostas nó iarracht mhíchuí, d’fheadfadh eintiteas faisnéis thar téarma a úsáid go gcinnfear cíbe an raibh méadaithe suntasacha ar an riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó nó nach bhfuil. Gan beann ar an mbealach ina ndéanann eintiteas measúnú ar mhéaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa, tá toimhde infhrisnéise ann gur tháinig méadaithe suntasacha ar riosca creidmheasa ó thráth na haitheanta tosaigh nuair is mó íocaíochtaí conarthacha ná 30 lá thar téarma. Is féidir le heintiteas an toimhde sin a fhrisnéis, má tá faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ar fáil gan chostas ná iarracht mhíchuí, a léiríonn nár tháinig méadú suntasach ar an riosca creidmheas ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó cé gur mó íocaíochtaí conarthacha ná 30 lá thar téarma. I gcás ina gcinntíonn eintiteas gur tháinig méadaithe suntasacha ar riosca creidmheasa sula dtéann sócmhainní airgeadais níos mó ná 30 lá thar téarma, níl feidhm ag an toimhde infhrisnéise.

    Sócmhainní airgeadais modhnaithe

    5.5.12

    Má rinneadh athchaibidlíocht nó modhnú eile ar shreafaí airgid conarthacha maidir le sócmhainn airgeadais, agus nár dí-aithníodh an tsócmhainn airgeadais, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu a bhí nó nach raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais, i gcomhréir le mír 5.5.3 trí chomparáid a dhéanamh air na nithe a leanas:

    (a)

    an riosca go dtarlódh mainneachtain ar an dáta maidir le tuairisciú (bunaithe ar na téarmaí conarthacha modhnaithe); agus

    (b)

    an riosca go dtarlódh mainneachtain tráth na haitheanta tosaigh (bunaithe ar na bun-théarmaí conarthacha nár modhnaíodh).

    Sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu

    5.5.13

    D’ainneoin mír 5.5.3 agus 5.5.5, ar an dáta maidir le tuairisciú, ní aithneoidh eintiteas ach na hathruithe carnacha i gcaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó mar lamháltas caillteanais do shócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu.

    5.5.14

    Ar gach dáta maidir le tuairisciú, aithneoidh eintiteas i mbrabús nó caillteanas an méid athraithe ar i gcaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil mar ghnóthachan nó caillteanas lagaithe. Aithneoidh eintiteas athruithe fabhracha i gcaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil mar ghnóthachan lagaithe, fiú má tá na caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil níos lú ná an méid chaillteanais chreidmheasa ionchasacha a cuireadh san áireamh sna sreafaí airgid measta ag tráth an aitheantais tosaigh.

    Cur chuige simplithe i ndáil le trádáil infhála, sócmhainní conartha agus suimeanna léasa infhaighte

    5.5.15

    D’ainneoin mír 5.5.3 agus 5.5.5, tomhaisfidh eintiteas an lamháltas caillteanais i gcónaí ar mhéid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil do:

    (a)

    trádáil infhála nó sócmhainní conartha a eascraíonn as idirbhearta atá faoi raon feidhme IFRS 15 Ionstraimí Airgeadais; agus:

    (i)

    nach bhfuil comhpháirt maoiniúcháin mhór ann i gcomhréir le IFRS 15 (nó i gcás ina gcuireann an t-eintiteas an beart coincréiteach i bhfeidhm i gcomhréir le mír 63 de IFRS 15); nó

    (ii)

    ina bhfuil comhpháirt maoiniúcháin mhór i gcomhréir le IFRS 15, má roghnaíonn an t-eintiteas, mar bheartas cuntasaíochta aige, an lamháltas caillteanais a thomhas ar mhéid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil. Cuirfear an beartas cuntasaíochta i bhfeidhm ar na trádáil infhála nó sócmhainní conartha uile den sórt sin ach féadfar é a chur i bhfeidhm ar leithligh maidir le trádáil infhála agus sócmhainní conartha.

    (b)

    suimeanna infhaighte um léas a eascraíonn as idirbhearta atá faoi raon feidhme IFRS 16, má roghnaíonn an t-eintiteas, mar bheartas cuntasaíochta aige, an lamháltas caillteanais a thomhas ar mhéid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil. Cuirfear an beartas cuntasaíochta sin i bhfeidhm ar shuimeanna infhaighte uile ach féadfar é a chur i bhfeidhm ar leithligh ar shuimeanna infhaighte um léas airgeadais agus ar shuimeanna infhaighte um léas oibriúcháin.

    5.5.16

    Féadfaidh eintiteas a bheartas cuntasaíochta maidir le trádáil infhála, suimeanna infhaighte um léas agus sócmhainní conartha go neamhspleách ar a chéile.

    Tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach

    5.5.17

    Tomhaisfidh eintiteas caillteanais chreidmheasa ionchasacha d’ionstraim airgeadais ar bhealach lena léirítear:

    (a)

    caillteanais chreidmheasa ionchasacha méid neamhlaofa atá ualaithe de réir dóchúlachta a chinntear trí réimse torthaí féideartha a mheas;

    (b)

    amluach airgid; agus

    (c)

    faisnéis réasúnach agus ar féidir tacú léi atá ar fáil gan chostas míchuí nó iarracht mhíchuí ar an dáta maidir le tuairisciú maidir le himeachtaí roimhe seo agus dálaí atá ann faoi láthair, agus réamhaisnéisí maidir le dálaí eacnamaíocha sa todhchaí.

    5.5.18

    I gcás ina dtomhaistear caillteanais chreidmheasa ionchasacha, ní gá le heintiteas gach cás a d’fhéadfadh tarlú a aithint. Cuirfidh sé an riosca nó an dóchúlacht go dtarlódh caillteanas creidmheasa trí an dóchúlacht go dtarlódh caillteanas creidmheasa a thaispeáint agus an dóchúlacht nach dtarlódh aon chaillteanas creidmheasa, fiú más é caillteanas creidmheasa ar bith an toradh is dóchúla, áfach.

    5.5.19

    Is é an tréimhse uasta le meas i gcás ina dtomhaistear caillteanais chreidmheasa ionchasacha an tréimhse chonarthach uasta (lena n-áirítear roghanna sínidh) ina bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca creidmheasa agus ní thréimhse níos faide é, fiú má tá an tréimhse níos faide sin comhsheasmhach le cleachtais ghnó.

    5.5.20

    Ach, cuimsítear i roinnt ionstraimí airgeadais iasacht agus comhpháirt ghealltanais neamhtharraingthe agus ní chuireann cumas conarthach an eintitis aisíocaíocht a éileamh agus an gealltanas neamhtharraingthe a chealú teorainn ar nochtadh an eintitis do chaillteanais chreidmheasa go dtí an tréimhse chonartha fógra. I gcás na n-ionstraimí airgeadais sin, agus na hionstraimí airgeadais sin amháin, tomhaisfidh an t-eintiteas caillteanais chreidmheasa ionchasacha le linn na tréimhse ina bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca creidmheasa, ach nach maolófaí caillteanais chreidmheasa ionchasacha le gnáthghníomhaíochtaí an eintitis um bainistíocht riosca creidmheasa, fiú má shíneann an tréimhse chonarthach uasta.

    5.6   ATHAICMIÚ SÓCMHAINNÍ AIRGEADAIS

    5.6.1

    Má dhéanann eintiteas sócmhainní airgeadais a athaicmiú i gcomhréir le mír 4.4.1, cuirfidh sé an t-athaicmiú i bhfeidhm go hionchasach ón dáta athaicmiúcháin. Ní athshonróidh an t-eintiteas aon gnóthachain, caillteanais (lena n-áirítear gnóthachain nó caillteanais lagaithe) nó ús aitheanta roimhe sin. Leagtar amach i mír 5.6.2–5.6.7 na ceanglais maidir le hathaicmithe.

    5.6.2

    Má dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as an gcatagóir tomhais ag costas amúchta agus isteach sa chatagóir tomhas luacha chóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, tomhaistear a luach cóir ar an dáta athaicmiúcháin. Aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a eascraíonn as difríocht idir costas amúchta na sócmhainne airgeadais roimhe sin agus a luach cóir, aithnítear i mbrabús nó caillteanas é.

    5.6.3

    Má dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú as an luach cóir tríd an gcatagóir brabúis nó caillteanais agus isteach sa chatagóir tomhais ag costas amúchta, éiríonn a luach cóir ar an dáta athaicmiúcháin ina a suim ghlanluacha chomhlán nua. (Féach mír B5.6.2 le haghaidh treoraíocht faoi ghlanráta úis agus lamháltas caillteanais ar an dáta athaicmiúcháin a chinneadh.)

    5.6.4

    Má dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as an gcatagóir tomhais ag costas amúchta agus isteach sa chatagóir tomhas luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile, tomhaistear a luach cóir ar an dáta athaicmiúcháin. Aithnítear aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a eascraíonn as difríocht idir costas amúchta na sócmhainne airgeadais roimhe sin agus a luach cóir in ioncam cuimsitheach eile. Ní dhéantar aon choigeartú ar an nglanráta úis ná tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach de thoradh an athaicmithe. (Féach mír B5.6.1)

    5.6.5

    Má dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as an gcatagóir tomhas luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile agus isteach sa chatagóir tomhais ag costas amúchta, déantar an tsócmhainn airgeadais a athaicmiú ar a luach cóir ar an dáta athaicmiúcháin. Baintear an gnóthachan nó caillteanas carnach a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile as cothromas agus déantar iad a choigeartú in aghaidh luach cóir na sócmhainne airgeadais ar an dáta athaicmiúcháin, áfach. Mar thoradh, tomhaistear an tsócmhainn airgeadais ar an dáta athaicmiúcháin amhail is dá mba rud go dtomhaistear i gcónaí í ar chostas amúchta. Déanann an coigeartú seo difear d’ioncam cuimsitheach eile ach ní dhéanann sé difear do bhrabús nó caillteanas agus dá bhrí sin, ní coigeartú athaicmithe é seo (féach IAS 1 cur i láthair ráiteas airgeadais). Ní dhéantar aon choigeartú ar an nglanráta úis ná tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach de thoradh an athaicmithe. (Féach mír B5.6.1)

    5.6.6

    Má dhéanann eintiteas athaicmiú ar shócmhainn airgeadais a athaicmítear amach as an gcatagóir tomhais luacha chóir trí bhrabús nó trí chaillteanas agus isteach sa chatagóir tomhais luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile, leanfar leis an tsócmhainn airgeadais a thomhas ar luach cóir. (Féach mír B5.6.2 le haghaidh treoraíocht faoi ghlanráta úis agus lamháltas caillteanais ar an dáta athaicmiúcháin a chinneadh.)

    5.6.7

    Má dhéanann eintiteas athaicmiú ar shócmhainn airgeadais a athaicmítear amach as an gcatagóir tomhais luacha chóir trí ioncam cuimsitheach eile agus isteach sa chatagóir tomhais luacha chóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, leanfar leis an tsócmhainn airgeadais a thomhas ar luach cóir. Déantar an gnóthachan nó caillteanas carnach a athaicmiú roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) ar an dáta athaicmiúcháin.

    5.7   GNÓTHACHAIN AGUS CAILLTEANAIS

    5.7.1

    Aithneofar i mbrabús nó caillteanas, gnóthachan nó caillteanas ar shócmhainn airgeadais nó ar dliteanas airgeadais a thomhaistear ar luach cóir, ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    tá sé mar chuid de ghaolmhaireacht fálaithe (féach míreanna 6.5.8–6.5.14 agus, más infheidhme, mír 89–94 de IAS 39 don chuntasaíocht fálaithe luacha chóir le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis);

    (b)

    gur infheistíocht in ionstraim chothromais é agus roghnaigh an t-eintiteas gnóthachain agus caillteanais na hinfheistíochta sin a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile i comhréir le mír 5.7.5;

    (c)

    gur dliteanas airgeadais í a ainmnítear mar a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas agus go gceanglaítear ar an eintiteas éifeachtaí na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.7; nó

    (d)

    gur sócmhainn airgeadais í a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A agus go gceanglaítear ar an eintiteas roinnt athruithe ar luach cóir a aithint in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.10.

    5.7.1A

    Maidir le díbhinní, ní aithnítear iad i mbrabús nó caillteanas ach amháin:

    (a)

    nuair a bhunaítear ceart an eintitis íocaíocht na díbhinne a fháil;

    (b)

    nuair is dóchúil go sreabhfaidh tairbhí eacnamaíocha atá bainteach leis an díbhinn chuig an eintiteas; agus

    (c)

    nuair is féidir méid na díbhinne a thomhas go hiontaofa.

    5.7.2

    Maidir le gnóthachan nó caillteanas ar shócmhainn airgeadais a thomhaistear ar chostas amúchta agus nach bhfuil mar chuid de ghaolmhaireacht fálaithe (féach mír 6.5.8–6.5.14 agus, más infheidhme, míreanna 89–94 de IAS 39 le haghaidh na cuntasaíochta fálaithe luacha chóir le haghaidh fálaithe punainne um riosca an ráta úis), aithneofar iad i mbrabús nó i gcaillteanas nuair a dhí-aithneofar an tsócmhainn airgeadais, agus a athaicmeofar iad i gcomhréir le mír 5.6.2, tríd an bpróiseas amúchta nó chun gnóthachain nó caillteanais lagaithe a aithint. Cuirfidh eintiteas mír 5.6.2 agus mír 5.6.4 i bhfeidhm má athaicmíonn sé sócmhainní airgeadais amach as an gcatagóir tomhais ag costas amúchta. Maidir le gnóthachan nó caillteanas ar dhliteanas airgeadais a thomhaistear ar chostas amúchta agus nach bhfuil mar chuid de ghaolmhaireacht fálaithe (féach mír 6.5.8–6.5.14 agus, más infheidhme, míreanna 89–94 de IAS 39 le haghaidh na cuntasaíochta fálaithe luacha chóir le haghaidh fálaithe punainne um riosca an ráta úis), aithneofar iad i mbrabús nó i gcaillteanas nuair a dhí-aithneofar an dliteanas airgeadais agus tríd an bpróiseas amúchta. (Féach mír B5.7.2 le haghaidh treoraíochta maidir le gnóthachain nó caillteanais malairte eachtraí.)

    5.7.3

    Maidir le gnóthachan nó caillteanas ar shócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais i ngaolmhaireacht fálaithe, aithneofar iad i gcomhréir le míreanna 6.5.8–6.5.14 agus, más infheidhme, mír 89–94 de IAS 39 don chuntasaíocht fálaithe luacha chóir le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis.

    5.7.4

    Má aithníonn eintiteas sócmhainní airgeadais ag úsáid cuntasaíochta dáta socraíochta (féach mír 3.1.2, B3.1.3 agus B3.1.6), ní aithnítear aon athrú ar luach cóir na sócmhainne atá le fáil le linn na tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta i gcás sócmhainní a thomhaistear ar chostas amúchta. I gcás sócmhainní a thomhaistear ar luach cóir, áfach, aithneofar an t-athrú ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas nó in ioncam cuimsitheach eile, de réir mar is iomchuí i gcomhréir le mír 5.7.1. Measfar gurb é an dáta trádála dáta na haitheanta tosaigh chun críocha na ceanglais lagaithe a chur i bhfeidhm.

    Infheistíochtaí in ionstraimí cothromais

    5.7.5

    Tráth na haitheanta tosaigh, féadfaidh eintiteas rogha neamh-inchúlghairithe a dhéanamh chun athruithe ina dhiaidh sin ar luach cóir infheistíochta in ionstraim chothromais a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo, nach sealbhaítear le trádáil é ná nach comaoin theagmhasach é arna haithint ag an bhfaighteoir i gcomhcheangal gnó a bhfuil feidhm ag IFRS 3 maidir leis. (Féach mír B5.7.3 le haghaidh treoraíochta maidir le gnóthachain nó caillteanais malairte eachtraí.)

    5.7.6

    Má dhéanann eintiteas an rogha i mír 5.7.5, aithneoidh sé i mbrabús nó caillteanais díbhinní ón infheistíocht sin i gcomhréir le mír 5.7.1A.

    Dliteanais a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    5.7.7

    Cuirfidh eintiteas gnóthachan nó caillteanas ar dhliteanas airgeadais a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i láthair i gcomhréir le mír 4.2.2 nó mír 4.3.5 mar a leanas:

    (a)

    Cuirfear an méid athraithe ar luach cóir an dliteanais airgeadais atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais i láthair in ioncam cuimsitheach eile (féach mír B5.7.13–B5.7.20), agus

    (b)

    cuirfear i láthair an méid atá fágtha d’athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe i mbrabús nó i gcaillteanas

    mura rud é go gcruthófaí nó go méadófaí neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas le láimhseáil éifeachtaí na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais, mar a thuairiscítear in (a) (agus sa chás sin tá feidhm ag mír 5.7.8). Tugann mír B5.7.5–B5.7.7 agus mír B5.7.10–B5.7.12 treoraíocht maidir le cinneadh a dhéanamh an é go gcruthófaí nó go méadófaí neamhréir cuntasaíochta nó nach é.

    5.7.8

    Más rud é go gcruthófaí nó go méadófaí na ceanglais i mír 5.7.7 neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas, cuirfidh eintiteas i láthair gach gnóthachan agus caillteanas an dliteanais (lena n-áirítear na héifeachtaí a bhíonn ag athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais sin) i mbrabús nó caillteanas.

    5.7.9

    D’ainneoin na ceanglais i mír 5.7.7 agus 5.7.8, cuirfidh eintiteas i láthair i mbrabús nó caillteanas gach gnóthachan agus caillteanas ar ghealltanais iasachta agus ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    Sócmhainní arna dtomhas ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile

    5.7.10

    Gnóthachain agus caillteanais ar shócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A; aithneofar é in ioncam cuimsitheach eile, ach amháin maidir le gnóthachain nó caillteanais lagaithe (féach Roinn 5.5) agus maidir le gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí (féach mír B5.7.2–B5.7.2A), go dtí go n-athaicmeofar nó go ndí-aithneofar an tsócmhainn airgeadais. I gcás ina a dhí-aithneofar an tsócmhainn airgeadais, déantar an gnóthachan nó caillteanas carnach a athaicmiú roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1). Má dhéantar an tsócmhainn airgeadais a athaicmiú as an luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar aon ghnóthachan nó aon chaillteanas carnach a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.6.5 agus 5.6.7. Aithnítear ús arna ríomh ag úsáid an mhodha úis éifeachtaigh i mbrabús nó caillteanas.

    5.7.11

    Mar a thuairiscítear i mír 5.7.10, má thomhaistear sócmhainn airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A, tá na méideanna a aithnítear i mbrabús nó caillteanas cothrom leis na méideanna a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas dá dtomhaisfí an tsócmhainn airgeadais ar chostas amúchta.

    CAIBIDIL 6   Cuntasaíocht fálaithe

    6.1   CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME CUNTASAÍOCHTA FÁLAITHE

    6.1.1

    Is é is cuspóir cuntasaíochta fálaithe léiriú a dhéanamh, i ráitis airgeadais, ar éifeacht na n-imeachtaí straitéis bainistíochta riosca eintitis a úsáideann ionstraimí airgeadais chun neamhchosaintí a eascraíonn as rioscaí áirithe lena bhféadfaí difear a dhéanamh do bhrabús nó caillteanas (nó ioncam cuimsitheach eile, maidir le hinfheistíochtaí in ionstraimí cothromais dar roghnaigh eintiteas athruithe a chur i láthair ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5). Tá sé mar aidhm leis an gcur chuige seo comhthéacs na n-ionstraimí fálaithe ina gcuirtear cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm a chur in iúl chun a críoch agus a héifeacht a léiriú.

    6.1.2

    Féadfaidh an t-eintiteas rogha a dhéanamh chun gaolmhaireacht fálaithe idir ionstraim fálúcháin agus míreanna fálaithe a ainmniú, i gcomhréir le mír 6.2.1–6.3.7 agus mír B6.2.1–B6.3.25. Maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a chomhlíonann na critéir cháilitheacha, coinneoidh eintiteas cuntas ar an ngnóthachan nó ar an gcaillteanas ar an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe i gcomhréir le mír 6.5.1–6.5.14 agus mír B6.5.1–B6.5.28. Nuair is grúpa míreanna é atá sa mhír fhálaithe, comhlíonfaidh eintiteas na ceanglais bhreise i mír 6.6.1–6.6.6 agus mír B6.6.1–B6.6.16.

    6.1.3

    Féadfaidh eintiteas na ceanglais cuntasaíochta fálaithe in IAS 39 seachas iad sa Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm, le haghaidh fálú luacha chóir ar an neamhchosaint ráta úis atá ag punann sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais (agus d’fhálú den sórt sin amháin). Sa chás sin, ní mór don eintiteas na ceanglais shonracha maidir le cuntasaíocht fálaithe luacha chóir a chur i bhfeidhm freisin le haghaidh fálú punainne um riosca an ráta úis agus an mhír fálaithe a ainmniú mar sciar atá ina airgeadra (féach mír 81A, 89A agus mír AG114–AG132 de IAS 39).

    6.2   IONSTRAIMÍ FÁLAITHE

    Ionstraimí cáilitheacha

    6.2.1

    Féadfar díorthach arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a ainmniú mar ionstraim fálaithe, seachas roinnt roghanna scríofa (féach mír B6.2.4).

    6.2.2

    Féadfar sócmhainn airgeadais neamhdhíorthach nó dliteanas airgeadais neamhdhíorthach arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a ainmniú mar ionstraim fálaithe, ach amháin más dliteanas airgeadais í a ainmnítear amhail ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá gcuirtear méid an athraithe ar a luach cóir atá inchurtha i leith athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais sin i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.7. Maidir le fálú riosca airgeadra eachtraigh, d’fhéadfaí an chomhpháirt riosca airgeadra eachtraigh de shócmhainn airgeadais neamhdhíorthach nó de dhliteanas airgeadais neamhdhíorthach a ainmniú mar ionstraim fálaithe ar choinníoll nach infheistíocht in ionstraim chothromais é a chinn eintiteas athruithe ar an luach cóir a chur i láthair ina leith in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5.

    6.2.3

    Chun críoch cuntasaíochta fálaithe, ní fhéadfar conarthaí le páirtí atá seachtrach don eintiteas tuairiscithe (i.e. seachtrach don ghrúpa nó don eintiteas aonair a bhfuiltear a thuairisciú) a ainmniú mar ionstraimí fálaithe.

    Ainmniú ionstraimí fálaithe

    6.2.4

    Ní mór ionstraim cháilitheach a ainmniú ina iomláine mar ionstraim fálaithe. Ní cheadaítear ach na heisceachtaí a leanas:

    (a)

    luach intreach agus amluach conartha céadrogha a scaradh ó chéile agus gan ach an t-athrú ar luach intreach céadrogha a ainmniú mar ionstraim fálaithe agus seachas an t-athrú ar a hamluach (féach mír 6.5.15 agus mír B6.5.29–B6.5.33);

    (b)

    i gcás ina scartar an réamhghné agus an spotghné de chonradh réamhcheaptha óna chéile agus i gcás nach n-ainmnítear ach an t-athrú ar an luach spotghné conartha réamhcheaptha agus ní an ghné réamhcheaptha; mar an gcéanna, féadfar raon an bhoinn airgeadra eachtraigh a scaradh agus a eisiamh ó ainmniú na hionstraime airgeadais sin mar an ionstraim fálúcháin (féach mír 6.5.16 agus B6.5.34–B6.5.39); agus

    (c)

    féadfar cion den ionstraim fálaithe ina hiomláine, amhail 50 faoin gcéad den mhéid ainmniúil, a ainmniú mar an ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe. Ní fhéadfar, áfach, ionstraim fálaithe a ainmniú le haghaidh cuid dá athrú ar luach cóir a eascraíonn as cuid den tréimhse ama, agus an chuid sin den tréimhse ama amháin, ar lena linn a mbíonn ionstraim fálaithe fós gan íoc.

    6.2.5

    Féadfaidh eintiteas breathnú in éineacht, agus a ainmniú i gcomhpháirt mar ionstraim fálaithe, aon éineacht de na nithe a leanas (lena n-áirítear na himthosca sin ina eascraíonn riosca nó rioscaí as roinnt ionstraimí fálaithe a fritháireamh rioscaí a eascraíonn as cinn eile):

    (a)

    ionstraimí díorthacha nó sciar dóibh; agus

    (b)

    neamhdhíorthach nó sciar dóibh.

    6.2.6

    Ionstraim dhíorthach ar comhcheangal í de chéadrogha gheallta agus de chéadrogha cheannaithe (mar shampla, coiléar ráta úis), áfach, ní cháilíonn sin mar ionstraim fálaithe más glan-chéadrogha gheallta ag dáta an ainmnithe atá ann dáiríre (mura gcáilíonn sé i gcomhréir le mír B6.2.4). Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfar dhá cheann nó níos mó d’ionstraimí (nó cion díobh) a ainmniú go comhpháirteach mar an ionstraim fálaithe ach amháin, i gcomhpháirt, nach glan-chéadrogha gheallta iad, i ndáiríre, ag dáta an ainmnithe (mura gcáilíonn sé i gcomhréir le mír B6.2.4).

    6.3   MÍREANNA FÁLAITHE

    Míreanna cáilitheacha

    6.3.1

    Is féidir le mír fhálaithe a bheith ina sócmhainn nó dliteanas aitheanta, ina gealltanas daingean neamhaitheanta, ina hidirbheart réamhaisnéise nó ina glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach. Féadfaidh an mhír fhálaithe a bheith ina:

    (a)

    mír aonair; nó

    (b)

    grúpa míreanna (faoi réir mhír 6.6.1–6.6.6 agus mír B6.6.1–B6.6.16).

    Féadfaidh mír fhálaithe a bheith ina comhpháirt de mhír den sórt sin nó de ghrúpa den sórt sin freisin (féach míreanna 6.3.7 agus B6.3.7–B6.3.25).

    6.3.2

    Ní mór a bheith in ann an mhír fhálaithe a thomhas go hiontaofa.

    6.3.3

    Más idirbheart réamhaisnéise í mír fhálaithe (nó comhpháirt dí), ní mór go mbeadh an t-idirbheart sin thar a bheith dóchúil.

    6.3.4

    Féadfar neamhchosaint chomhiomlán, ina bhfuil meascán de neamhchosaint a d’fhéadfadh cáiliú mar mhír fhálaithe i gcomhréir le mír 6.3.1, agus ionstraim dhíorthach a ainmniú mar mhír fhálaithe (féach mír B6.3.3–B6.3.4). Áirítear leis sin idirbheart réamhaisnéise de neamhchosaint chomhiomlán (i.e. idirbheart amach anseo nach bhfuil ceangailteach ach atá réamh-mheasta as a n-eascraíonn neamhchosaint agus díorthach) má tá an neamhchosaint chomhiomlán thar a bheith dóchúil agus, a luaithe a tharla sé agus ní réamhaisnéis é a thuilleadh dá éis sin, go bhfuil sé incháilithe mar mhír fhálaithe.

    6.3.5

    Chun críoch cuntasaíochta fálaithe, ní fhéadfar ach sócmhainní, dliteanais, ceangaltais dhaingne nó idirbhearta réamhaisnéise thar a bheith dóchúil le páirtí atá seachtrach don eintiteas tuairiscithe a ainmniú mar mhíreanna fálaithe. Is féidir cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta idir eintitis sa ghrúpa céanna i ráitis airgeadais aonair nó ar leithligh na n-eintiteas sin agus iontu sin amháin, ní i ráitis airgeadais chomhdhlúite an ghrúpa, seachas i gcás ráiteas airgeadais comhdhlúite eintitis infheistíochta, mar a shainmhínítear in IFRS 10, i gcás nach ndéanfar idirbhearta idir an eintiteas infheistíochta agus a fhochuideachtaí arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a dhíorthú sna ráitis airgeadais chomhdhlúite.

    6.3.6

    Ach, mar eisceacht le mír 6.3.5, d’fhéadfadh riosca malairte eachtraí míre airgeadaíochta inghrúpa (mar shampla, suim iníoctha/infhaighte idir dhá fhochuideachta) a cháiliú mar mhír fhálaithe sna ráitis airgeadais chomhdhlúite más é a leanann as neamhchosaint ar ghnóthachain nó ar chaillteanais ráta malairte eachtraí nach ndíorthaítear go hiomlán tráth comhdhlúthúcháin i gcomhréir le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí. I gcomhréir le IAS 21, ní dhéantar gnóthachain ná caillteanais ráta malairte eachtraí ar mhíreanna airgeadaíochta inghrúpa a dhíorthú go hiomlán tráth comhdhlúthúcháin nuair a mhalartaítear an mhír airgeadaíochta inghrúpa trí idirbheart idir dhá ghrúpeintiteas a bhfuil airgeadraí feidhmiúla éagsúla acu. Ina theannta sin, d’fhéadfadh riosca malairte eachtraí idirbhirt réamhaisnéise inghrúpa thar a bheith dóchúil a cháiliú mar mhír fhálaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite ar choinníoll go n-ainmnítear an t-idirbheart in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann an t-idirbheart é agus go ndéanfaidh an riosca malairte eachtraí difear do brabús nó do chaillteanas comhdhlúite.

    Ainmniú míreanna fálaithe

    6.3.7

    D’fhéadfadh eintiteas mír a ainmniú ina hiomláine, nó comhpháirt de mhír, mar an mhír fhálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe. Cuimsítear le mír fhoriomlán na hathruithe ar na sreafaí airgid nó ar luach cóir míre. Cuimsítear le mír níos lú ná an t-athrú iomlán ar luach cóir nó an inathraitheacht ar shreabhadh airgid míre. Sa chás sin, d’fhéadfadh eintiteas na cineál comhpháirteanna a leanas amháin a ainmniú (lena n-áirítear comhcheangail) mar mhír fhálaithe:

    (a)

    athruithe ar na sreafaí airgid amháin nó ar luach cóir míre atá inchurtha i leith riosca sonrach nó rioscaí sonracha (comhpháirt riosca), ar choinníoll go bhfuil, bunaithe ar mheasúnú laistigh de chomhthéacs struchtúr an mhargaidh áirithe, an chomhpháirt riosca inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa (féach mír B6.3.8–B6.3.15). Cuimsítear le comhpháirteanna riosca ach amháin ainmniú athruithe ar shreafaí airgid nó ar luach cóir míre fálaithe os cionn praghas sonrach nó faoina bhun, nó os cionn athróg eile nó faoina bun, a ainmniú (riosca aontaobhach).

    (b)

    ceann amháin nó níos mó de shreafaí airgid conarthacha roghnaithe.

    (c)

    comhpháirteanna de mhéid ainmniúil, i.e. cuid shonraithe faoi mhéid míre (féach mír B6.3.16–B6.3.20).

    6.4   CRITÉIR CHÁILITHEACHA LE HAGHAIDH CUNTASAÍOCHTA FÁLAITHE

    6.4.1

    Cáilíonn gaolmhaireacht fálaithe don chuntasaíocht fálaithe má chomhlíontar na critéir seo uile a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    nach bhfuil sa ghaolmhaireacht fálaithe ach ionstraimí fálaithe incháilithe agus míreanna fálaithe incháilithe.

    (b)

    ar thionscnamh na gaolmhaireachta fálaithe tá ainmniú foirmiúil agus doiciméadacht ann faoin ngaolmhaireacht fálaithe agus faoi chuspóir an eintitis maidir le bainistíocht riosca agus faoina straitéis chun an fálú a dhéanamh. San áireamh sa doiciméadacht sin sainaithneofar an ionstraim fálaithe, an mhír fhálaithe, an cineál riosca atá á fhálú agus conas a dhéanfaidh an t-eintiteas measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonann an gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe (lena n-áirítear a anailís ar fhoinsí na neamhéifeachtachta fálaithe agus ar an mbealach a chinneann sé an cóimheas fálaithe).

    (c)

    comhlíonann an gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais uile maidir le héifeachtacht an fhálaithe:

    (i)

    go bhfuil gaolmhaireacht eacnamaíoch ann idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálúcháin (féach mír B6.4.4–B6.4.6);

    (ii)

    nach bhfuil an éifeacht riosca creidmheasa ag dul i dtreis ar na hathruithe ar luachanna a eascraíonn as an ngaolmhaireacht eacnamaíoch sin (féach mír B6.4.7–B6.4.8); agus

    (iii)

    go bhfuil coibhéis fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe mar an gcéanna leis an gcoibhéis a leanann as an gcion den mhír fhálaithe a fhálaíonn an t-eintiteas i ndáiríre agus an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre chun an chion den mhír fhálaithe a fhálú. Ní léireoidh an t-ainmniú sin, áfach, éagothroime idir ualuithe na míre fálaithe agus ualú na hionstraime fálaithe lena gcruthófaí neamhéifeachtacht fálaithe (gan beann ar cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear í) as a d’fhéadfadh toradh cuntasaíochta nach mbeadh comhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt (féach mír B.6.4.9–B6.4.11).

    6.5   CUNTAS A CHOINNEÁIL AR GHAOLMHAIREACHTAÍ FÁLAITHE CÁILITHEACHA

    6.5.1

    Cuireann eintiteas cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm ar ghaolmhaireachtaí fálaithe a chomhlíonann na critéir cháilitheacha i mír 6.4.1 (ina n-áirítear cinneadh an eintitis an gaolmhaireachta fálaithe a ainmniú).

    6.5.2

    Tá trí chineál gaolmhaireachta fálaithe ann:

    (a)

    fálú cóirluacha: fálú ar an neamhchosaint ar athruithe sa luach cóir i ndáil le sócmhainn nó dliteanas aitheanta nó le ceanglas daingean neamhaitheanta, nó comhpháirt d’aon mhír den sórt sin, atá inchurtha i leith riosca ar leith agus a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhrabús nó caillteanas.

    (b)

    fálú ar an sreabhadh airgid: fálú ar an neamhchosaint ar inathraitheacht ar shreafaí airgid atá inchurtha i leith riosca ina iomláine, nó comhpháirt de riosca, ar leith atá bainteach le sócmhainn nó dliteanas aitheanta (amhail roinnt íocaíochtaí úis amach anseo ar fhiachas ráta chomhlúthaigh nó na híocaíochtaí sin uile) nó le hidirbhearta réamhaisnéise thar a bheith dóchúil agus a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas.

    (c)

    fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach mar a shainmhínítear in IAS 21.

    6.5.3

    Más ionstraim chothromais é an mhír fhálaithe dar roghnaigh eintiteas athruithe a chur i láthair ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5, ní mór don ionstraim chothromais dá dtagraítear i mír 6.5.2(a) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ioncam cuimsitheach eile. Sa chás sin, agus sa chás sin amháin, cuirtear neamhéifeachtacht an fhálaithe aitheanta i láthair in ioncam cuimsitheach eile.

    6.5.4

    Is mar fhálú luacha chóir nó mar fhálú ar an sreabhadh airgid a fhéadfar cuntasaíocht a dhéanamh ar fhálú ar riosca malairte eachtraí ceangaltais dhaingin.

    6.5.5

    Sa chás nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe a bhaineann leis an gcóimheas fálaithe (féach mír 6.4.1(c)(iii)) ach go bhfuil an cuspóir maidir le bainistiú riosca do ghaolmhaireacht fálaithe fós mar an gcéanna, déanfaidh eintiteas coigeartú ar chóimheas fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe ionas go gcomhlíonann sé na critéir cháilitheacha arís (tagraítear do sin mar ‘athchothromú’ sa Chaighdeán seo–féach míreanna B6.5.7–B6.5.21).

    6.5.6

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe ach amháin nuair nach gcomhlíonann an gaolmhaireacht fálaithe (nó cuid de ghaolmhaireacht fálaithe) na critéir cháilitheacha a thuilleadh (tar éis aon athchothromú den ghaolmhaireacht fálaithe a chur san áireamh, más infheidhme). Áirítear leis sin cásanna ina dtéann an ionstraim fálaithe in éag, nó díoltar, foirceanntar nó feidhmítear í. Chun na críche sin, ní dul in éag ná foirceannadh atá in athsholáthar ná tar-rolladh ionstraime fálaithe chuig ionstraim fálaithe eile más cuid de straitéis fálaithe dhoiciméadaithe an eintitis é athsholáthar nó an tar-rolladh sin agus go bhfuil sé comhsheasmhach le cuspóir bainistithe riosca doiciméadaithe an eintitis. Ina theannta sin, chun na críche sin, ní théann an ionstraim fálaithe in éag ná ní fhoirceanntar í más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    mar thoradh ar dhlíthe nó rialacháin nó mar thoradh ar thabhairt isteach dlíthe nó rialachán, comhaontaíonn na páirtithe san ionstraim fálaithe go ndéanfaidh ceann amháin nó níos mó de chontrapháirtithe imréitigh a gcontrapháirtí bunaidh a athsholáthar, arb é a thagann chun bheith ina chontrapháirtí nua le gach ceann de na páirtithe. Chun na críche sin, tá contrapháirtí imréitigh ina chontrapháirtí lárnach (dá ngairtear uaireanta ‘eagraíocht imréitigh’ nó ‘gníomhaireacht imréitigh’) nó ina eintiteas nó eintitis, mar shampla, ina chomhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh nó ina chliaint de chuid comhalta imréitigh d’eagraíocht imréitigh, a bhíonn ag gníomhú mar chontrapháirtí ionas go gcuirfidh siad imréiteach i gcrích trí bhíthin contrapháirtí lárnach. Nuair a chuireann na páirtithe san ionstraim fálaithe contrapháirtithe éagsúla in ionad a gcontrapháirtithe bunaidh, comhlíontar an ceanglas san fhomhír seo ach amháin má chuireann gach ceann de na páirtithe sin imréiteach i gcrích leis an gcontrapháirtí lárnach céanna.

    (b)

    tá athruithe eile ar an ionstraim fálaithe, más ann dóibh, teoranta dóibh siúd a bhfuil gá leo chun athsholáthar contrapháirtí den sórt sin a chur i gcrích. Tá athruithe den sórt sin teoranta dóibh siúd atá comhsheasmhach leis na téarmaí a mbeadh coinne leo dá n-imréiteofaí an ionstraim fálaithe leis an gcontrapháirtí imréitigh ó thús. Áirítear sna hathruithe sin athruithe ar na ceanglais chomhthaobhachta, ar chearta chun iarmhéideanna suimeanna infhaighte agus iníoctha a fhritháireamh, agus ar tháillí arna dtobhach.

    D’fhéadfadh le scor de mhodh cuntasaíochta fálaithe difear a dhéanamh do ghaolmhaireacht fálaithe ina iomláine nó do chuid amháin dó (agus sa chás sin leanann cuntasaíocht fálaithe don chuid eile den ghaolmhaireacht fálaithe).

    6.5.7

    Cuirfidh eintiteas an méid seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    mír 6.5.10 i gcás ina scoirtear de chuntasaíocht fálaithe d’fhálú luacha chóir a bhfuil an mhír fhálaithe ina ionstraim airgeadais (ina chomhpháirt d’ionstraim airgeadais) arna dtomhas ar chostas amúchta; agus

    (b)

    mír 6.5.12 i gcás ina scoirtear de chuntasaíocht fálaithe maidir le fáluithe sreabhaidh airgid.

    FÁLUITHE LUACHA CHÓIR

    6.5.8

    Chomh fada is go gcomhlíonann fálú luacha chóir na critéir cháilitheacha i mír 6.4.1, coinneofar cuntas ar an ngaolmhaireacht fálaithe mar a leanas:

    (a)

    aithneofar gnóthachan nó caillteanais ar na hionstraime fálaithe i mbrabús nó caillteanas (nó ioncam cuimsitheach eile, má fhálaíonn an ionstraim fálaithe ionstraim chothromais dar roghnaigh eintiteas athruithe a chur i láthair ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5).

    (b)

    an ghnóthachan nó an chaillteanas ar fhálú ar an mír fhálaithe, coigeartóidh sé suim ghlanluacha na míre fálaithe (más infheidhme) agus aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas é. Más sócmhainn airgeadais í an mhír fhálaithe (nó comhpháirt di) a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A, aithneofar an ghnóthachan nó an chaillteanas ar fhálú ar an mír fhálaithe i mbrabús nó caillteanas. Ach, más ionstraim chothromais é an mhír fhálaithe dar roghnaigh eintiteas athruithe a chur i láthair ar luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5, fanfaidh na méideanna sin in ioncam cuimsitheach eile. Nuair is ceangaltas daingean neamhaitheanta í an mhír fhálaithe (nó cuid de), aithnítear an t-athrú carnach ar luach cóir na míre fálaithe ina dhiaidh a liostú mar shócmhainn nó mar dhliteanas ag a bhfuil gnóthachan nó caillteanas comhfhreagrach a aithnítear i mbrabús nó caillteanas.

    6.5.9

    Nuair is ceangaltas daingean í mír fhálaithe i bhfálú luacha chóir (nó cuid de) chun sócmhainn a fháil nó dliteanas a ghlacadh déantar suim ghlanluacha tosaigh na sócmhainne nó an dliteanais a leanann as an eintiteas a bheith ag comhlíonadh an cheangaltais dhaingin a choigeartú chun go n-áirítear inti an t-athrú carnach ar luach cóir na míre fálaithe a aithníodh sa ráiteas maidir le staid airgeadais.

    6.5.10

    Déanfar aon choigeartú a eascraíonn as mír 6.5.8(b) a amúchta i mbrabús nó caillteanas más ionstraim airgeadais í an mhír fhálaithe (nó comhpháirt di) arna dtomhas ar chostas amúchta. Féadfaidh amúchadh tosú a luaithe a bheidh coigeartú ann agus tosóidh sé tráth nach déanaí ná an tráth a scoireann an mhír fhálaithe de bheith coigeartaithe i leith gnóthachain agus caillteanais fálúcháin. Tá an t-amúchadh bunaithe ar ghlanráta úis athríofa ar an dáta sin a thosaíonn amúchadh. I gcás sócmhainne airgeadais (nó comhpháirt de shócmhainn airgeadais) ar mír fhálaithe í agus a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A, tá feidhm ag amúchadh ar an mbealach céanna, ach is amhlaidh sin maidir leis an méid atá cothrom leis an ngnóthachan nó an caillteanas fálaithe carntha a aithníodh roimhe seo i gcomhréir le mír 6.5.8(b) seachas tríd an tsuim ghlanluacha a choigeartú.

    Fáluithe ar an sreabhadh airgid

    6.5.11

    Chomh fada agus a chomhlíonann fálú ar an sreabhadh airgid na critéir cháilitheacha i mír 6.4.1, coinneofar cuntas ar an ngaolmhaireacht fálaithe mar a leanas:

    (a)

    an ghné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna atá bainteach leis an mír fhálaithe (cúlchiste fálaithe an tsreafa airgid), coigeartaítear í go dtí an méid is lú de na méideanna seo a leanas (ina ndearbhmhéideanna):

    (i)

    an gnóthachan nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe ó thionscnamh an fhálaithe; agus

    (ii)

    an t-athrú carnach ar luach cóir (luach láithreach) na míre fálaithe (i.e. luach láithreach an athraithe charnaigh sna sreafaí airgid fálaithe a bhfuil coinne leo amach anseo) ó thionscnamh an fhálaithe.

    (b)

    an chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach (i.e. an sciar a ndéantar fritháireamh air leis an athrú i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid arna ríomh i gcomhréir le (a)), aithneofar in ioncam cuimsitheach eile í.

    (c)

    aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar an ionstraim fálaithe atá fágtha (nó aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a éilítear chun an t-athrú i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid arna ríomh i gcomhréir le (a) a chothromú), is neamhéifeachtacht an fhálaithe é sin a aithneofar i mbrabús nó caillteanas.

    (d)

    an méid atá carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid i gcomhréir le (a), coinneofar cuntas air mar a leanas:

    (i)

    más é a leanann ina dhiaidh sin as fálú ar idirbheart réamhaisnéise go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó má thagann idirbheart réamhaisnéise le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais chun bheith ina cheangaltas daingean a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe luacha chóir i bhfeidhm lena aghaidh, bainfidh an t-eintiteas an méid sin de chúlchiste fálaithe an tsreafa airgid agus cuirfidh san áireamh é go díreach sa chostas tosaigh nó i suim ghlanluacha eile na sócmhainne nó an dliteanais. Ní coigeartú athaicmithe é seo (féach IAS 1) agus dá bharr sin ní dhéanann sé difear d’ioncam cuimsitheach eile.

    (ii)

    i gcás fáluithe sreabhaidh airgid seachas iad siúd a chumhdaítear le (i), déanfar an méid sin a athaicmiú ó chúlchiste fálaithe an tsreafa airgid chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann na sreafaí airgid réamhaisnéise fálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas (nuair a tharlaíonn díolachán réamhaisnéise, mar shampla).

    (iii)

    más caillteanas é an méid sin, áfach, agus má tá coinne ag eintiteas leis nach ndéanfar an caillteanas sin ar fad nó cuid de a aisghabháil i gceann amháin nó níos mó de thréimhsí amach anseo, déanfaidh sé an méid nach bhfuil coinne lena aisghabháil a athaicmiú láithreach chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1).

    6.5.12

    Nuair a scoireann eintiteas de cuntasaíocht fálaithe a dhéanamh le haghaidh fálú ar an sreabhadh airgid (féach míreanna 6.5.6 agus 6.5.7(b)), coinneoidh sé cuntas ar an méid atá carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid i gcomhréir le mír 6.5.11(a) mar a leanas:

    (a)

    má tá coinne leis fós go dtarlóidh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe, fanfaidh an méid sin i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid go dtí go dtarlaíonn na sreafaí airgid todhchaí nó go dtí go mbeidh feidhm ag mír 6.5.11(d)(iii). Nuair a tharlaíonn na sreafaí airgid todhchaí, tá feidhm ag mír 6.5.11(d).

    (b)

    mura bhfuil coinne leis go dtarlóidh sreafaí airgid todhchaí fálaithe níos mó, déanfar an méid sin a athaicmiú láithreach ó chúlchiste fálaithe an tsreafa airgid chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1). D’fhéadfadh sé go mbeidh coinne go fóill leis go dtarlóidh sreabhadh airgid todhchaí fálaithe nach bhfuil thar a bheith dóchúil níos mó.

    Fáluithe de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach

    6.5.13

    Fáluithe de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach, lena n-áirítear fálú ar mhír airgeadaíochta a gcoinnítear cuntas uirthi mar chuid den ghlan-infheistíocht (féach IAS 21), coinneofar cuntas orthu ar an gcuma chéanna le fáluithe ar an sreabhadh airgid:

    (a)

    an chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach (féach mír 6.5.11), aithneofar in ioncam cuimsitheach eile í; agus

    (b)

    aithneofar an chuid neamhéifeachtach i mbrabús nó i gcaillteanas.

    6.5.14

    An gnóthachan nó caillteanas carntha ar an ionstraim fálaithe a bhaineann leis an sciar éifeachtach den fhálú atá carntha sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh, athaicmeofar ó chothromas chuig brabús nó caillteanas é mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) i gcomhréir le míreanna 48-49 de IAS 21 ar dhiúscairt nó ar dhiúscairt pháirteach na hoibríochta eachtraí.

    Cuntas a choinneáil ar amluach roghanna

    6.5.15

    Nuair a scarann eintiteas luach intreach agus amluach conartha céadrogha óna chéile agus nuair nach n-ainmníonn sé ach an t-athrú ar luach intreach an chonartha céadrogha mar an ionstraim fálaithe, (féach mír 6.2.4(a)), coinneoidh sé cuntas ar amluach na rogha mar a leanas (féach míreanna B6.5.29–B6.5.33):

    (a)

    déanfaidh eintiteas idirdhealú idir amluach roghanna de réir chineál na míre fálaithe ar a ndéanann an rogha fálú (féach mír B6.5.29):

    (i)

    mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart; nó

    (ii)

    mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama.

    (b)

    an t-athrú ar luach cóir amluach rogha lena bhfálaítear mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart, aithneofar é in ioncam cuimsitheach eile a mhéid a bhaineann sé leis an mír fhálaithe agus carnfar é i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna. An t-athrú carnach ar luach cóir a eascraíonn as amluach na rogha a carnadh i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna (an ‘méid’), coinneofar cuntas air mar a leanas:

    (i)

    más é a leanann ina dhiaidh sin as an mír fhálaithe go n-aithnítear sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais, nó ceangaltas daingean le haghaidh sócmhainn neamhairgeadais nó dliteanas neamhairgeadais a gcuirtear cuntasaíocht fálaithe luacha chóir i bhfeidhm lena aghaidh, bainfidh an t-eintiteas an méid ón ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna agus cuirfidh san áireamh é go díreach sa chostas tosaigh nó i suim ghlanluacha eile na sócmhainne nó an dliteanais. Ní coigeartú athaicmithe é seo (féach IAS 1) agus dá bharr sin ní dhéanann sé difear d’ioncam cuimsitheach eile.

    (ii)

    i gcás gaolmhaireachtaí fálaithe seachas iad siúd a chumhdaítear le (i), déanfar an méid a athaicmiú ón ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) sa tréimhse chéanna nó sna tréimhsí céanna ina ndéanann na sreafaí airgid todhchaí fálaithe a bhfuil coinne leo difear do bhrabús nó do chaillteanas (nuair a tharlaíonn díolachán réamhaisnéise, mar shampla).

    (iii)

    mura bhfuil coinne leis go ndéanfar an méid sin ar fad nó cuid de a aisghabháil i dtréimhse amháin nó níos mó sa todhchaí, áfach, déanfar an méid nach bhfuil coinne lena aisghabháil a athaicmiú láithreach chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1).

    (c)

    an t-athrú ar luach cóir amluach rogha lena bhfálaítear mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama, aithneofar é in ioncam cuimsitheach eile a mhéid a bhaineann sé leis an mír fhálaithe agus carnfar é i ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna. An t-amluach ar an dáta a ainmnítear an rogha mar mhír fhálaithe, a mhéid a bhaineann sé leis an mír fhálaithe, déanfar é a amúchadh ar bhonn córasach agus réasúnach le linn na tréimhse ar lena linn a d’fhéadfadh an coigeartú fálaithe le haghaidh luach intreach na rogha difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas (nó d’ioncam cuimsitheach eile), más ionstraim chothromais í an mhír fhálaithe ar ina leith a chinn eintiteas athruithe a chur i láthair i luach cóir in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5.). Dá bhrí sin, déanfar an méid amúchta a athaicmiú ón ngné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) i ngach tréimhse tuairiscithe. Má scoirtear de chuntasaíocht fálaithe le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe lena n-áirítear an t-athrú ar luach intreach na rogha mar an ionstraim fálaithe, déanfar an glanmhéid (i.e. lena n-áirítear amúchadh carnach) atá carntha sa ghné ar leithligh den chaipiteal gnáthscaireanna a athaicmiú láithreach chuig brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1).

    Cuntas a choinneáil le haghaidh gné réamhcheaptha réamhchonarthaí agus raonta difríochta ar bhonn airgeadra eachtraigh ionstraimí airgeadais

    6.5.16

    Nuair a scarann eintiteas an réamhghné agus an spotghné de chonradh réamhcheaptha óna chéile agus nuair nach n-ainmníonn sé ach an t-athrú ar luach spotghné an chonartha réamhcheaptha mar an ionstraim fálaithe, nó nuair a scarann eintiteas raon an bhoinn airgeadra eachtraigh ó ionstraim airgeadais agus nuair a eisíonn sé ó ainmniú na hionstraime airgeadais sin é mar an ionstraim fálaithe (féach mír 6.2.4(b)), féadfaidh an t-eintiteas mír 6.5.15 a chur i bhfeidhm maidir le réamhghné an chonartha réamhcheaptha nó maidir le raon an bhoinn airgeadra eachtraigh ar an mbealach céanna lena gcuirtear i bhfeidhm é maidir le hamluach rogha. Sa chás sin, cuirfidh an t-eintiteas an treoraíocht chur i bhfeidhm i míreanna B6.5.34–B6.5.39 i bhfeidhm.

    6.6   FÁLUITHE GRÚPA MÍREANNA

    Incháilitheacht grúpa míreanna mar an mír fhálaithe

    6.6.1.

    Ní mír fhálaithe incháilithe é grúpa míreanna (lena n-áirítear grúpa míreanna arb é atá iontu ná suíomh glan; féach míreanna B6.6.1–B6.6.8) ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    is é atá ann ná míreanna (lena n-áirítear comhpháirteanna míreanna) ar míreanna fálaithe incháilithe ina n-aonar iad;

    (b)

    bainistítear na míreanna sa ghrúpa le chéile ar bhonn grúpa chun críoch bainistíochta riosca; agus

    (c)

    i gcás fálú sreabhaidh airgid ar ghrúpa míreanna nach bhfuil coinne leis go mbeidh a n-inathraitheachtaí i sreafaí airgid beagnach cionmhar leis an inathraitheacht uile i sreafaí airgid an ghrúpa ionas go n-eascraíonn suíomhanna riosca fritháirimh:

    (i)

    is fálú ar riosca malairte eachtraí é; agus

    (ii)

    sonraítear le hainmniú an tsuímh ghlan sin an tréimhse tuairiscithe ina bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na hidirbhearta réamhaisnéise difear do bhrabús nó caillteanas, chomh maith lena gcineál agus a méid (féach míreanna B6.6.7–B6.6.8).

    Comhpháirt de mhéid ainmniúil a ainmniú

    6.6.2.

    Is mír fhálaithe incháilithe í comhpháirt ar cion de ghrúpa incháilithe míreanna í ar coinníoll go bhfuil an t-ainmniú comhsheasmhach le cuspóir an eintitis ó thaobh bainistiú riosca de.

    6.6.3.

    Níl comhpháirt sraithe de ghrúpa uile míreanna (mar shampla, sraith íochtair) incháilithe do chuntasaíocht fálaithe ach amháin sna cásanna a leanas:

    (a)

    tá sí inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa;

    (b)

    an cuspóir bainistithe riosca ná chun comhpháirt sraithe a fhálú;

    (c)

    tá na míreanna sa ghrúpa uile óna n-aithnítear an tsraith nochta don riosca fálaithe céanna (ionas nach ndéantar difear suntasach do thomhas na sraithe fálaithe ag na míreanna sonracha ón ngrúpa uile a dhéanann cuid den tsraith fhálaithe);

    (d)

    i gcás fálú ar mhíreanna atá ann faoi láthair (ceangaltas daingean neamhaitheanta nó sócmhainn aitheanta, mar shampla), féadfaidh eintiteas an grúpa míreanna uile óna sainmhínítear an tsraith fhálaithe a shainaithint agus a rianú (ionas go mbeidh an t-eintiteas in ann na ceanglais don chuntasaíocht le haghaidh gaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha a chomhlíonadh); agus

    (e)

    comhlíonann aon mhíreanna sa ghrúpa ina bhfuil roghanna réamhíocaíochta na ceanglais maidir le comhpháirteanna de mhéid ainmniúil (féach mír B6.3.20).

    Cur i Láthair

    6.6.4

    Maidir le fálú grúpa míreanna ag a bhfuil suíomhanna riosca fritháirimh (i.e. i bhfálú suímh ghlain) a ndéanann a riosca fálaithe difear do mhíreanna líne difriúla sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus in ioncam cuimsitheach eile, cuirfear aon ghnóthachain nó caillteanais fálaithe sa ráiteas sin i láthair ar líne ar leithligh ó na cinn a ndéanann na míreanna fálaithe difear dóibh. Dá bhrí sin, ní dhéantar difear don mhéid sa mhír líne a bhaineann leis an mír fhálaithe féin (ioncam nó costas díolachán, mar shampla) sa ráiteas sin.

    6.6.5.

    Maidir le sócmhainní agus dliteanais atá fálaithe le chéile mar ghrúpa i bhfálú luacha chóir, aithneofar an gnóthachan nó caillteanas sa ráiteas ar an staid airgeadais ar na sócmhainní agus dliteanais aonair mar choigeartú ar shuim ghlanluacha na míreanna aonair faoi seach a chomhdhéanann an grúpa i gcomhréir le mír 6.5.8(b).

    Suíomhanna glana nialasacha

    6.6.6.

    Nuair is grúpa ar suíomh glan nialasach é atá sa mhír fhálaithe (i.e. déanann na míreanna fálaithe iontu féin an riosca a bhainistítear ar bhonn grúpa a fhritháireamh go hiomlán), ceadaítear d’eintiteas í a ainmniú i ngaolmhaireacht fálaithe nach n-áirítear ionstraim fálaithe inti, ar choinníoll:

    (a)

    is cuid de straitéis fálaithe glanriosca rollach é an fálú, straitéis ina ndéanann an t-eintiteas suíomhanna nua den chineál céanna a fhálú go gnáthúil le himeacht ama (nuair a théann idirbhearta isteach sa tréimhse ama ar ina leith a ndéanann an t-eintiteas fálú, mar shampla);

    (b)

    tagann athrú ar mhéid an tsuímh ghlain fhálaithe thar shaolré na straitéise fálaithe glanriosca rollaí agus úsáideann an t-eintiteas ionstraimí fálaithe incháilithe chun an glan riosca a fhálú (i.e. nuair nach nialasach é an suíomh glan);

    (c)

    cuirtear cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm maidir le suíomhanna glana den sórt sin de ghnáth nuair nach nialas é an suíomh glan agus nuair a fhálaítear é le hionstraimí fálaithe incháilithe; agus

    (d)

    d’eascródh torthaí cuntasaíochta neamh-chomhsheasmhacha as gan cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an suíomh glan nialasach, mar nach n-aithneodh an chuntasaíocht na suíomhanna riosca fritháirimh a d’aithneofaí i bhfálú ar shuíomh glan ina mhalairt de chás.

    6.7   ROGHA MAIDIR LE NEAMHCHOSAINT CREIDMHEASA A AINMNIÚ ARNA THOMHAS AR LUACH CÓIR TRÍ BHRABÚS NÓ TRÍ CHAILLTEANAS

    Incháilitheacht neamhchosaintí creidmheasa le hainmniú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    6.7.1.

    I gcás go n-úsáideann eintiteas díorthach creidmheasa a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas chun riosca creidmheasa cuid d’ionstraim airgeadais nó ionstraim airgeadais iomlán a bhainistiú (neamhchosaint creidmheasa), féadfaidh sé an ionstraim airgeadais sin a ainmniú a mhéid a bhainistítear í (i.e. í ar fad nó cuid di) mar thomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, i gcás:

    (a)

    go meaitseálann ainm na neamhchosanta creidmheasa (an t-iasachtaí, nó sealbhóir gealltanais iasachta, mar shampla) eintiteas tagartha an dhíorthaigh chreidmheasa (‘meaitseáil ainmneacha’); agus

    (b)

    go meaitseálann sinsearacht na hionstraime airgeadais le sinsearacht na n-ionstraimí a fhéadtar a sholáthar i gcomhréir leis an díorthach creidmheasa.

    Féadfaidh eintiteas an t-ainmniú sin a dhéanamh gan beann ar cibé atá an ionstraim airgeadais a bhainistítear le haghaidh riosca creidmheasa laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo nó nach bhfuil (féadfaidh eintiteas gealltanais iasachta atá lasmuigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo a ainmniú, mar shampla). Féadfaidh an t-eintiteas an ionstraim airgeadais sin a ainmniú tráth ar tugadh aitheantas tosaigh ina leith nó ina dhiaidh sin, nó fad atá sí neamhaitheanta. Déanfaidh an t-eintiteas an t-ainmniú a dhoiciméadú i gcomhthráth.

    Cuntas a choinneáil ar neamhchosaintí creidmheasa a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    6.7.2.

    Má ainmnítear ionstraim airgeadais i gcomhréir le mír 6.7.1 mar thomhaiste ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i ndiaidh na haitheanta tosaigh, nó murar aithníodh í roimhe sin, déanfar an difríocht, tráth an ainmnithe, idir an tsuim ghlanluacha, más ann di, agus an luach cóir, a aithint láithreach i mbrabús nó caillteanas. Maidir le sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A, déanfar an gnóthachan nó caillteanas carnach a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú láithreach ó chothromas go brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1).

    6.7.3.

    Scoirfidh eintiteas den ionstraim airgeadais as ar tháinig an riosca creidmheasa, nó sciar den ionstraim airgeadais sin, a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcás:

    (a)

    nach gcomhlíontar a thuilleadh na critéir cháilitheacha i mír 6.7.1, mar shampla:

    (i)

    go ndéantar an díorthach creidmheasa gaolmhar nó an ionstraim airgeadais ghaolmhar as a dtagann an riosca creidmheasa a dhíol, a fhoirceannadh nó a shocrú; nó

    (ii)

    nach ndéantar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais a bhainistiú níos mó trí úsáid a bhaint as díorthaigh chreidmheasa. D’fhéadfadh sin tarlú, mar shampla, mar gheall ar fheabhsuithe i gcáilíocht creidmheasa an iasachtaithe nó shealbhóir an ghealltanais iasachta, nó mar gheall ar athruithe ar na ceanglais chaipitil a fhorchuirtear ar eintiteas; agus

    (b)

    maidir leis an ionstraim airgeadais as a n-eascraíonn an riosca creidmheasa, ní gá seachas sin í a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (i.e níor athraigh samhail ghnó an eintitis idir an dá linn sa chaoi is gur ghá athaicmiú a dhéanamh i gcomhréir le mír 4.4.1).

    6.7.4

    Nuair a scoireann eintiteas den ionstraim airgeadais as a n-eascraíonn an riosca creidmheasa, nó sciar den ionstraim airgeadais sin, a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, tagann luach cóir na hionstraime airgeadais sin ar dháta an scoir chun bheith ina suim ghlanluacha nua. Ina dhiaidh sin, déanfar an tomhas céanna a úsáideadh sular ainmníodh an ionstraim airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear amúchadh a leanann as an tsuim ghlanluacha nua). Sócmhainn airgeadais a aicmíodh ar dtús mar thomhaiste ar luach amúchta, mar shampla, rachadh sí ar ais chuig an tomhas sin agus dhéanfaí a ráta úis éifeachtach a athríomh bunaithe ar a oll-luach nua de réir na leabhar ar an dáta a scoireadh de thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    6.8   EISCEACHTAÍ SEALADACHA Ó CHEANGLAIS SHONRACHA CUNTASAÍOCHTA FÁLAITHE A CHUR I BHFEIDHM

    6.8.1.

    Cuirfidh eintiteas míreanna 6.8.4–6.8.12 agus míreanna 7.1.8 agus 7.2.26(d) i bhfeidhm maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe uile a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh. Níl feidhm ag na míreanna sin ach maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe den sórt sin. Ní dhéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach do ghaolmhaireacht fálaithe ach amháin má eascraíonn as an athchóiriú éiginnteachtaí maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    an tagarmharc ráta úis (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) a ainmnítear mar riosca fálaithe; agus/nó

    (b)

    uainiú nó méid shreafaí airgid na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe bunaithe ar an tagarmharc ráta úis.

    6.8.2.

    Chun míreanna 6.8.4–6.8.12 a chur i bhfeidhm, tagraíonn an téarma ‘athchóiriú ar thagarmharc ráta úis’ don athchóiriú ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis, lena n-áirítear athsholáthar tagarmhairc ráta úis le tagarmharc ráta úis malartach amhail ráta a leanann as na moltaí a leagtar amach i dtuarascáil mhí Iúil 2014 leis an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Reforming Major Interest Rate Benchmarks’ [Mór-thagarmharcanna Ráta Úis a Athchóriú] (51).

    6.8.3.

    Le míreanna 6.8.4–6.8.12, soláthraítear eisceachtaí ó na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin agus uathu sin amháin. Leanfaidh eintiteas de bheith ag cur gach ceanglas cuntasaíochta fálaithe eile i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh.

    Ceanglas maidir le hidirbheart réamhaisnéise thar a bheith dóchúil i gcás fáluithe ar an sreabhadh airgid

    6.8.4

    Chun críoch a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil idirbheart réamhaisnéise (nó comhpháirt de) thar a bheith dóchúil mar a éilítear le mír 6.3.3, glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach).

    An méid carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid a athaicmiú

    6.8.5.

    Chun críche an ceanglas i mír 6.5.12 a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis a thuilleadh go dtarlóidh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe, glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach).

    Measúnú a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht eacnamaíoch idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe

    6.8.6.

    Chun na ceanglais i míreanna 6.4.1(c)(i) agus B6.4.4–B6.4.6 a chur i bhfeidhm, glacfaidh eintiteas leis nach ndéantar, mar thoradh ar athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, athrú ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil na sreafaí airgid fálaithe agus/nó an riosca fálaithe bunaithe (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach), ná ar an tagarmharc ráta úis ar a bhfuil sreafaí airgid na hionstraime fálaithe bunaithe.

    Comhpháirt de mhír a ainmniú ina mír fhálaithe

    6.8.7.

    Mura bhfuil feidhm ag mír 6.8.8, i gcás fálú ar comhpháirt riosca an ráta úis a bhaineann le tagarmharc ráta úis a shonraítear go neamhchonarthach, is ar thionscnamh na gaolmhaireachta fálaithe amháin a chuirfidh eintiteas an ceanglas i míreanna 6.3.7(a) agus B6.3.8 i bhfeidhm— go mbeidh an chomhpháirt ainmnithe inaitheanta ar leithligh.

    6.8.8.

    Nuair a athshocraíonn eintiteas gaolmhaireacht fálaithe go minic, go comhsheasmhach lena dhoiciméadacht fálaithe (i.e. nuair a scoireann sé di agus a atosaíonn í) toisc go n-athraíonn an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe araon go minic (i.e. na míreanna fálaithe agus na hionstraimí fálaithe araon a úsáidtear chun bainistíocht a dhéanamh ar an neamhchosaint sin, ní fhanann siad mar a chéile ar feadh i bhfad sa phróiseas dinimiciúil a úsáideann an t-eintiteas), is nuair a ainmníonn an t-eintiteas mír fhálaithe sa ghaolmhaireacht fálaithe sin den chéad uair, agus an uair sin amháin, a chuirfidh sé an ceanglas i míreanna 6.3.7(a) agus B6.3.8 i bhfeidhm go mbeidh an chomhpháirt riosca inaitheanta ar leithligh. Mír fhálaithe a ndearnadh measúnú uirthi tráth a hainmnithe tosaigh sa ghaolmhaireacht fálaithe, bíodh sin tráth tionscanta an fhálaithe nó ina dhiaidh sin, ní dhéantar athmheasúnú uirthi ag aon athainmniú ina dhiaidh sin sa ghaolmhaireacht fálaithe chéanna.

    Deireadh an chur i bhfeidhm

    6.8.9.

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 6.8.4 i bhfeidhm maidir le mír fhálaithe an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    nuair a scortar den ghaolmhaireacht fálaithe a bhfuil an mhír fhálaithe ina cuid di.

    6.8.10

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 6.8.5 i bhfeidhm an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid todhchaí na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    nuair a athaicmíodh chuig brabús nó caillteanas iomlán an mhéid charntha i gcúlchiste an tsreabhaidh airgid i ndáil leis an ngaolmhaireacht fálaithe scortha sin.

    6.8.11

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 6.8.6 i bhfeidhm:

    (a)

    maidir le mír fhálaithe, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe nó le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis; agus

    (b)

    maidir le hionstraim fálaithe, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil le huainiú agus méid shreafaí airgid na hionstraime fálaithe bunaithe ar thagarmharc ráta úis.

    Má scortar den ghaolmhaireacht fálaithe a bhfuil an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe ina gcodanna di níos luaithe ná an dáta a shonraítear i mír 6.8.11(a) nó an dáta a shonraítear i mír 6.8.11(b), scoirfidh an t-eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 6.8.6 i bhfeidhm maidir leis an ngaolmhaireacht fálaithe sin ar an dáta scoir.

    6.8.12

    Nuair a ainmnítear grúpa míreanna mar an mhír fhálaithe, nó comhcheangal d’ionstraimí airgeadais mar an ionstraim fálaithe, scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur míreanna 6.8.4–6.8.6 i bhfeidhm maidir le mír aonair nó ionstraim aonair i gcomhréir le míreanna 6.8.9, 6.8.10 nó 6.8.11, mar is ábhartha, nuair nach ann a thuilleadh don éiginnteacht a eascraíonn as athchóiriú ar thagarmharc ráta úis i ndáil leis an riosca fálaithe agus/nó le huainiú agus méid shreafaí airgid na míre nó na hionstraime airgeadais sin atá bunaithe ar thagarmharc ráta úis.

    6.8.13

    Scoirfidh eintiteas go hionchasach de bheith ag cur mír 6.8.7 agus mír 6.8.8 i bhfeidhm an tráth is túisce díobh seo a leanas:

    (a)

    nuair a dhéantar athruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis ar an gcomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach trí mhír 6.9.1 a chur i bhfeidhm; nó

    (b)

    nuair a scortar den ghaolmhaireacht fálaithe ina n-ainmnítear an chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

    6.9   EISCEACHTAÍ SEALADACHA BREISE A EASCRAÍONN AS ATHCHÓIRIÚ AR THAGARMHARC RÁTA ÚIS

    6.9.1.

    Mar a scoireann agus nuair a scoireann na ceanglais i míreanna 6.8.4–6.8.8 de bheith infheidhme maidir le gaolmhaireacht fálaithe (féach míreanna 6.8.9–6.8.13), leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe sin mar a doiciméadaíodh roimhe sin chun go léireoidh sé na hathruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, i.e. tá na hathruithe comhsheasmhach leis na ceanglais i míreanna 5.4.6–5.4.8. Sa chomhthéacs sin, ní leasófar an t-ainmniú fálaithe ach chun ceann amháin nó níos mó de na hathruithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bonnráta úis malartach (a shonraítear go conarthach nó go neamhchonarthach) a ainmniú mar riosca fálaithe;

    (b)

    an tuairisc ar an mír fhálaithe a leasú, lena n-áirítear an tuairisc ar an gcuid ainmnithe de na sreafaí airgid nó den luach cóir atá á fálú; nó

    (c)

    an tuairisc ar an ionstraim fálaithe a leasú.

    6.9.2.

    Cuirfidh eintiteas an ceanglas i mír 6.9.1(c) i bhfeidhm freisin má chomhlíontar na trí choinníoll seo a leanas:

    (a)

    déanann an t-eintiteas athrú a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis ag úsáid cur chuige seachas cur chuige ina n-athraítear an bonn lena gcinntear sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe (mar a thuairiscítear i mír 5.4.6);

    (b)

    ní dhí-aithnítear an ionstraim fálaithe bhunaidh; agus

    (c)

    tá an cur chuige a roghnaítear coibhéiseach go heacnamaíoch le bheith ag athrú an bhoinn lena gcinntear sreafaí airgid conarthacha na hionstraime fálaithe bunaidh (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.7 agus 5.4.8).

    6.9.3.

    D’fhéadfadh sé go scoirfidh na ceanglais i míreanna 6.8.4–6.8.8 de bheith infheidhme ag tráthanna éagsúla. Dá bhrí sin, trí mhír 6.9.1 a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go n-éileofaí ar eintiteas ainmniú foirmiúil a ghaolmhaireachtaí fálaithe a leasú ag tráthanna éagsúla, nó d’fhéadfadh sé go n-éileofaí air ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe a leasú níos mó ná uair amháin. Nuair a dhéantar athrú den sórt sin ar ainmniú an fhálaithe, agus an uair sin amháin, cuirfidh eintiteas míreanna 6.9.7–6.9.12 i bhfeidhm mar is infheidhme. Cuirfidh eintiteas mír 6.5.8 (i gcás fálaithe cóirluacha) nó mír 6.5.11 (i gcás fálaithe ar an sreabhadh airgid) i bhfeidhm freisin chun cuntas a choinneáil ar aon athrú ar luach cóir na míre fálaithe nó na hionstraime fálaithe.

    6.9.4

    Leasóidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe mar a éilítear i mír 6.9.1 faoi dheireadh na tréimhse tuairiscithe a ndéantar athrú lena linn ar an riosca fálaithe, ar an mír fhálaithe nó ar an ionstraim fálaithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis. Chun amhras a sheachaint, ní scor den ghaolmhaireacht fálaithe ná ainmniú gaolmhaireachta fálaithe nua atá i leasú den sórt sin ar ainmniú foirmiúil gaolmhaireachta fálaithe.

    6.9.5.

    Má dhéantar athruithe, i dteannta na n-athruithe sin a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, ar shócmhainn airgeadais nó ar dhliteanas airgeadais a ainmnítear a bheith i ngaolmhaireacht fálaithe (mar a thuairiscítear i míreanna 5.4.6–5.4.8) nó ar ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe (mar a éilítear le mír 6.9.1), cuirfidh eintiteas na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm ar dtús chun a chinneadh cé acu a leanann nó nach leanann scor den chuntasaíocht fálaithe as na hathruithe breise sin. Mura leanann scor den chuntasaíocht fálaithe as na hathruithe breise, leasóidh eintiteas ainmniú foirmiúil na gaolmhaireachta fálaithe mar a shonraítear i mír 6.9.1.

    6.9.6.

    Le míreanna 6.9.7–6.9.13, soláthraítear eisceachtaí ó na ceanglais a shonraítear sna míreanna sin amháin. Cuirfidh eintiteas gach ceanglas cuntasaíochta fálaithe eile sa Chaighdeán seo, lena n-áirítear na critéir cháilitheacha i mír 6.4.1, i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe a ndéanann athchóiriú ar thagarmharc ráta úis difear díreach dóibh.

    Cuntas a choinneáil ar ghaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha

    Fáluithe ar an sreabhadh airgid

    6.9.7.

    Chun críche mír 6.5.11 a chur i bhfeidhm, tráth a leasaíonn eintiteas an tuairisc ar mhír fhálaithe mar a éilítear i mír 6.9.1(b), measfar go mbeidh an méid carntha i gcúlchiste an tsreafa airgid bunaithe ar an mbonnráta úis malartach lena gcinntear an sreabhadh airgid todhchaí fálaithe.

    6.9.8.

    I gcás gaolmhaireachta fálaithe ar scoradh di, nuair a dhéantar an tagarmharc ráta úis ar a raibh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe bunaithe a athrú mar a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis, chun mír 6.5.12 a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis go dtarlóidh na sreafaí airgid todhchaí fálaithe, measfar go bhfuil an méid carntha sa chúlchiste fálaithe ar an sreabhadh airgid le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe sin bunaithe ar an tagarmharc ráta úis malartach ar a mbunófar an sreabhadh airgid todhchaí fálaithe.

    Grúpaí míreanna

    6.9.9.

    Nuair a chuireann eintiteas mír 6.9.1 i bhfeidhm maidir le grúpaí míreanna mar mhíreanna fálaithe i bhfálú luacha chóir nó i bhfálú ar an sreabhadh airgid, leithdháilfidh an t-eintiteas na míreanna fálaithe ar fhoghrúpaí bunaithe ar an mbonnráta úis atá á fhálú agus ainmneoidh sé an bonnráta úis mar an riosca fálaithe le haghaidh gach foghrúpa. I ngaolmhaireacht fálaithe ina bhfálaítear grúpa míreanna le haghaidh athruithe ar thagarmharc ráta úis atá faoi réir athchóiriú ar thagarmharc ráta úis, mar shampla, d’fhéadfaí sreabhadh airgid fálaithe nó luach cóir roinnt míreanna sa ghrúpa a athrú chun tagairt a dhéanamh do thagarmharc ráta úis malartach sula n-athraítear míreanna eile sa ghrúpa. Sa sampla sin, d’ainmneodh an t-eintiteas an tagarmharc ráta úis malartach mar an riosca fálaithe le haghaidh an fhoghrúpa ábhartha sin de mhíreanna fálaithe agus mír 6.9.1 á cur i bhfeidhm aige. Leanfadh an t-eintiteas d’ainmniú an tagarmhairc ráta úis atá ann cheana mar an riosca fálaithe le haghaidh an fhoghrúpa eile de mhíreanna fálaithe go dtí go n-athrófar sreabhadh airgid fálaithe nó luach cóir na míreanna sin chun tagairt a dhéanamh don tagarmharc ráta úis malartach nó go dtí go rachaidh na míreanna in éag agus go gcuirfear ina n-ionad míreanna fálaithe a dhéanann tagairt don tagarmharc ráta úis malartach.

    6.9.10

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar leithligh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gach foghrúpa na ceanglais i mír 6.6.1 chun bheith ina mhír fálaithe incháilithe. Má theipeann ar aon fhoghrúpa na ceanglais i mír 6.6.1 a chomhlíonadh, scoirfidh an t-eintiteas go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe ina hiomláine. Cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 6.5.8 agus 6.5.11 i bhfeidhm freisin chun cuntas a choinneáil ar neamhéifeachtacht a bhaineann leis an ngaolmhaireacht fálaithe ina hiomláine.

    Comhpháirteanna riosca a ainmniú

    6.9.11

    Bonnráta úis malartach a ainmnítear mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach nach bhfuil inaitheanta ar leithligh (féach míreanna 6.3.7(a) agus B6.3.8) ar an dáta a ainmnítear é, measfar gur chomhlíon sé an ceanglas sin ar an dáta sin más amhlaidh, agus sa chás amháin gurb amhlaidh, go bhfuil coinne réasúnta ag an eintiteas leis go mbeidh an bonnráta úis malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí. Tá feidhm ar leithligh ag an tréimhse 24 mhí maidir le gach bonnráta úis malartach agus tosaíonn sí ón dáta a ainmníonn an t-eintiteas, den chéad uair, an bonnráta úis malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach (i.e. tá feidhm ag an tréimhse 24 mhí ar bhonn ráta ar ráta).

    6.9.12

    Má tá coinne réasúnta ag eintiteas leis, ina dhiaidh sin, nach mbeidh an bonnráta úis malartach inaitheanta ar leithligh laistigh de 24 mhí ón dáta a d’ainmnigh an t-eintiteas den chéad uair é mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach, scoirfidh an t-eintiteas den cheanglas i mír 6.9.11 a chur i bhfeidhm maidir leis an mbonnráta úis malartach sin agus scoirfidh sé go hionchasach den chuntasaíocht fálaithe ón dáta a rinneadh an t-athmheasúnú sin ar na gaolmhaireachtaí fálaithe uile inar ainmníodh an bonnráta úis malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach.

    6.9.13

    I dteannta na ngaolmhaireachtaí fálaithe sin a shonraítear i mír 6.9.1, cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 6.9.11 agus 6.9.12 i bhfeidhm maidir le gaolmhaireachtaí fálaithe nua ina n-ainmnítear bonnráta úis malartach mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach (féach míreanna 6.3.7(a) agus B6.3.8) nuair nach mbeidh an chomhpháirt riosca sin inaitheanta ar leithligh ar an dáta a ainmneofar í de thoradh athchóiriú ar thagarmharc ráta úis.

    CAIBIDIL 7   Dáta éifeachtach agus aistriú

    7.1   DÁTA ÉIFEACHTACH

    7.1.1.

    Cuirfidh eintiteas an caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má roghnaíonn eintiteas an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm go luath, ní mór dó an méid sin a nochtadh agus na ceanglais uile sa Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm an tráth céanna (ach féach freisin míreanna 7.1.2, 7.2.21 agus 7.3.2). Cuirfidh sé na leasuithe i bhFoscríbhinn C i bhfeidhm an tráth céanna.

    7.1.2.

    D’ainneoin na gceanglas i mír 7.1.1, maidir le tréimhsí bliantúla a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2018, féadfaidh eintiteas roghnú gan ach na ceanglais maidir le cur i láthair ghnóthachain agus chaillteanais ar dhliteanais airgeadais arna n-ainmniú mar dhliteanais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i míreanna 5.7.1(c), 5.7.7–5.7.9, 7.2.14 agus B5.7.5–B5.7.20, a chur i bhfeidhm go luath gan na ceanglais eile sa Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm. Má roghnaíonn eintiteas gan ach na míreanna sin a chur i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid sin agus soláthróidh sé ar bhonn leanúnach na nochtaí gaolmhara a leagtar amach i míreanna 10–11 de IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí (arna leasú le IFRS 9 (2010)). (Féach freisin míreanna 7.2.2 agus 7.2.15.)

    7.1.3.

    Le Feabhsuithe Bliantúla ar IFRSanna 2010–2012, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh míreanna 4.2.1 agus 5.7.5 mar leasú iarmhartach a díorthaíodh ón leasú ar IFRS 3. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le comhcheangail ghnó a bhfuil an leasú ar IFRS 3 infheidhme ina leith.

    7.1.4

    Le IFRS 15, arna eisiúint i mBealtaine 2014, leasaíodh míreanna 3.1.1, 4.2.1, 5.1.1, 5.2.1, 5.7.6, B3.2.13, B5.7.1, C5 agus C42, agus scriosadh mír C16 agus a ceannteideal gaolmhar. Cuireadh míreanna 5.1.3 agus 5.7.1 A leis, chomh maith le sainmhíniú ar Fhoscríbhinn A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    7.1.5.

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 2.1, 5.5.15, B4.3.8, B5.5.34 agus B5.5.46. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    7.1.6.

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 2.1, B2.1, B2.4, B2.5 agus B4.1.30, agus cuireadh mír 3.3.5 isteach. Le Leasuithe ar IFRS 17, arna eisiúint i mí an Mheithimh 2020, leasaíodh mír 2.1 a thuilleadh agus cuireadh míreanna 7.2.36–7.2.42 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    7.1.7.

    Le Gnéithe Réamhíocaíochta le Cúiteamh Diúltach (Leasuithe ar IFRS 9), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2017, cuireadh míreanna 7.2.29-7.2.34 agus B4.1.12A leis agus leasaíodh míreanna B4.1.11(b) agus B4.1.12(b). Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

    7.1.8.

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis, arna eisiúint i mí Mheán Fómhair 2019, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39 agus IFRS 7, cuireadh Roinn 6.8 leis agus leasaíodh mír 7.2.26. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

    7.1.9.

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 2018–2020, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2020, cuireadh míreanna 7.2.35 agus B3.3.6A leis agus leasaíodh mír B3.3.6. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2022 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    7.1.10

    Le Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2, lenar leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, arna n-eisiúint i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 5.4.5–5.4.9, 6.8.13, Roinn 6.9 agus míreanna 7.2.43–7.2.46 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

    7.2   TRASDUL

    7.2.1.

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta, ach amháin mar a shonraítear i míreanna 7.2.4–7.2.26 agus 7.2.28. Ní chuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le míreanna a dí-aithníodh cheana féin ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    7.2.2.

    Chun críocha na bhforálacha idirthréimhseacha i míreanna 7.2.1, 7.2.3–7.2.28 agus 7.3.2, is ionann dáta an chur i bhfeidhm tosaigh agus an dáta a chuireann eintiteas na ceanglais sin sa Chaighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair agus ní mór gurb ionann an dáta sin agus tús tréimhse tuairiscithe i ndiaidh eisiúint an Chaighdeáin seo. Ag brath ar an gcur chuige a roghnaíonn an t-eintiteas maidir le IFRS 9 a chur i bhfeidhm, is féidir le níos mó ná dáta chur i bhfeidhm tosaigh amháin le haghaidh ceanglas difriúil a bheith i gceist leis an aistriú.

    Aistriú le haghaidh aicmiúcháin agus tomhais (Caibidlí 4 agus 5)

    7.2.3.

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sócmhainn airgeadais an coinníoll i míreanna 4.1.2(a) nó 4.1.2A(a) ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar an dáta sin. Cuirfear an t-aicmiú dá thoradh sin i bhfeidhm go cúlghabhálach gan beann ar shamhail ghnó an eintitis i dtréimhsí tuairiscithe roimhe sin.

    7.2.4

    Má tá sé dofheidhmithe ag eintiteas (mar a shainmhínítear in IAS 8) ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh measúnú a dhéanamh ar ghné mhodhnaithe den amluach airgid i gcomhréir le míreanna B4.1.9B–B4.1.9D ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arbh ann dóibh tráth aitheantais tosaigh na sócmhainne airgeadais, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe shreabhadh airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arbh ann dóibh tráth aitheantais tosaigh na sócmhainne airgeadais gan na ceanglais a bhaineann le modhnú na gné amluacha airgid i míreanna B4.1.9B–B4.1.9D a chur san áireamh. (Féach freisin mír 42R de IFRS 7.)

    7.2.5.

    Má tá sé dofheidhmithe ag eintiteas (mar a shainmhínítear in IAS 8) ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh luach cóir na gné réamhíocaíochta neamhshuntasach i gcomhréir le mír B4.1.12(c) ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arbh ann dóibh tráth aitheantais tosaigh na sócmhainne airgeadais, déanfaidh eintiteas measúnú ar shaintréithe shreabhadh airgid conarthacha na sócmhainne airgeadais sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arbh ann dóibh tráth aitheantais tosaigh na sócmhainne airgeadais gan an eisceacht maidir le gnéithe réamhíocaíochta i mír B4.1.12 a chur san áireamh. (Féach freisin mír 42S de IFRS 7.) (Féach freisin mír 42S de IFRS 7.)

    7.2.6.

    Má thomhaiseann eintiteas conradh hibrideach ar luach cóir i gcomhréir le míreanna 4.1.2A, 4.1.4 nó 4.1.5 ach murar tomhaiseadh luach cóir an chonartha hibridigh i dtréimhsí tuairiscithe comparáideacha, is é a bheidh i luach cóir an chonartha hibridigh sna tréimhsí tuairiscithe comparáideacha, suim luachanna córa na gcomhpháirteanna (i.e. an t-óstach neamhdhíorthach agus an díorthach leabaithe) ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe comparáidí i gcás ina ndéanann an t-eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú (féach mír 7.2.15).

    7.2.7.

    Má tá mír 7.2.6. curtha i bhfeidhm ag eintiteas ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir luach cóir an chonartha hibridigh iomláin ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh agus suim luachanna córa chomhpháirteanna an chonartha hibridigh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh i dtuilleamh coimeádta tosaigh (nó comhpháirt chothromais eile, de réir mar is iomchuí) na tréimhse tuairiscithe ina n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    7.2.8.

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh féadfaidh eintiteas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    sócmhainn airgeadais a ainmniú mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.1.5; nó

    (b)

    infheistíocht in ionstraim chothromais a ainmniú mar infheistíocht ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5.

    Déanfar ainmniú den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    7.2.9.

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, féadfaidh eintiteas:

    (a)

    an t-ainmniú a rinne sé roimhe sin ar shócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chúlghairm mura gcomhlíonann an tsócmhainn airgeadais sin an coinníoll i mír 4.1.5.

    (b)

    an t-ainmniú a rinne sé roimhe sin ar shócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chúlghairm má chomhlíonann an tsócmhainn airgeadais sin an coinníoll i mír 4.1.5.

    Déanfar cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    7.2.10

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, féadfaidh eintiteas na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    sócmhainn airgeadais a ainmniú mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.2.2(a).

    (b)

    an t-ainmniú a rinne sé roimhe sin ar shócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chúlghairm i gcás ina ndearnadh ainmniú den sórt sin tráth aitheantais tosaigh i gcomhréir leis an gcoinníoll atá anois i mír 4.2.2(a) agus i gcás nach gcomhlíonann ainmniú den sórt sin an coinníoll sin ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    (c)

    an t-ainmniú a rinne sé roimhe sin ar shócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chúlghairm i gcás ina ndearnadh ainmniú den sórt sin tráth aitheantais tosaigh i gcomhréir leis an gcoinníoll atá anois i mír 4.2.2(a) agus i gcás ina gcomhlíonann ainmniú den sórt sin an coinníoll sin ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    Déanfar ainmniú agus cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    7.2.11

    Má tá sé dofheidhmithe ag eintiteas (mar a shainmhínítear in IAS 8) modh an úis ghlain a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, déileálfaidh an t-eintiteas:

    (a)

    le luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais ag deireadh gach tréimhse comparáidí arna cur i láthair mar oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais sin nó mar chostas amúchta an dliteanais airgeadais sin má dhéanann an t-eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú; agus

    (b)

    le luach cóir na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh mar oll-luach nua de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais sin nó mar chostas amúchta nua an dliteanais airgeadais sin ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin seo.

    7.2.12

    Má choinnigh eintiteas cuntas ar chostas (i gcomhréir le IAS 39) roimhe seo ar infheistíocht in ionstraim chothromais nach bhfuil praghas luaite aici i margadh gníomhach le haghaidh ionstraim chomhchosúil (i.e. ionchur Leibhéal 1) (nó le haghaidh sócmhainn dhíorthach atá nasctha le hionstraim chothromais den sórt sin agus nach mór é a shocrú trí ionstraim chothromais den sórt sin a sholáthar), tomhaisfidh sé an ionstraim sin ar luach cóir ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an luach cóir, aithneofar í sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó i gcomhpháirt chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    7.2.13

    Má choinnigh eintiteas cuntas ar chostas roimhe seo ar dhliteanas díorthach atá nasctha le hionstraim chothromais nach bhfuil praghas luaite i margadh gníomhach aici le haghaidh ionstraim chomhchosúil (i.e. ionchur Leibhéal 1) agus nach mór é a shocrú trí ionstraim chothromais den sórt sin a sholáthar, i gcomhréir le IAS 39, tomhaisfidh sé an dliteanas díorthach sin ar luach cóir ar dháta an churtha i bhfeidhm tosaigh. Aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an luach cóir, aithneofar í sa tuilleamh coimeádta tosaigh de chuid na tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    7.2.14

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, cinnfidh eintiteas an gcruthódh nó an méadódh an chóireáil i mír 5.7.7 neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó caillteanas ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach ar bhonn an chinnidh sin.

    7.12.14A

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ceadaítear d’eintiteas an t-ainmniú i mír 2.5 a dhéanamh le haghaidh conarthaí atá ann cheana ar an dáta sin, i gcás ina n-ainmníonn sé gach conradh comhchosúil agus sa chás sin amháin. An t-athrú sna glansócmhainní a leanann as ainmniú den sórt sin, aithneofar é sa tuilleamh coimeádta ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    7.2.15

    D’ainneoin an cheanglais i mír 7.2.1, déanfaidh eintiteas a ghlacann ceanglais an Chaighdeáin seo maidir le haicmiú agus tomhas (lena n-áirítear na ceanglais a bhaineann le costas amúchta a thomhas le haghaidh sócmhainní airgeadais agus lagú i Roinn 5.4 agus Roinn 5.5), na nochtaí a leagtar amach i míreanna 42L–42O de IFRS 7 a sholáthar ach ní gá dó réamhthréimhsí a athshonrú. Féadfaidh eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh. Má athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, áfach, ní mór ceanglais uile an Chaighdeáin seo a léiriú leis na ráitis airgeadais athshonraithe. Má leanann níos mó ná dáta cur i bhfeidhm tosaigh amháin ann le haghaidh ceanglais éagsúla as an gcur chuige a roghnaíonn eintiteas chun IFRS 9 a chur i bhfeidhm, tá feidhm ag an mír seo ar gach dáta cur i bhfeidhm tosaigh (féach mír 7.2.2). B’amhlaidh an cás, mar shampla, dá roghnódh eintiteas gan ach na ceanglais maidir le gnóthachain agus caillteanais ar dhliteanais airgeadais arna n-ainmniú mar dhliteanais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chur i láthair go luath i gcomhréir le mír 7.1.2 sula gcuirfí na ceanglais eile sa Chaighdeán seo i bhfeidhm.

    7.2.16

    Má ullmhaíonn eintiteas tuarascálacha airgeadais eatramhacha i gcomhréir le IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach, ní gá don eintiteas na ceanglais sa Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le hidirthréimhsí roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh más dofheidhmithe sin (mar a shainmhínítear in IAS 8).

    Lagú (Roinn 5.5)

    7.2.17

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais maidir le lagú i Roinn 5.5. i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 faoi réir mhíreanna 7.2.15 agus 7.2.18–7.2.20.

    7.2.18

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, bainfidh eintiteas úsáid as faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí chun riosca creidmheasa a chinneadh ar an dáta a aithníodh ionstraim airgeadais i dtosach (nó le haghaidh gealltanais iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais ar an dáta a bhí an t-eintiteas sin ina pháirtí sa ghealltanas neamh-inchúlghairthe i gcomhréir le mír 5.5.6) agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin i gcomparáid leis an riosca creidmheasa ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin seo.

    7.2.19

    I gcás ina bhfuiltear ag cinneadh an raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh, féadfaidh eintiteas na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

    (a)

    na ceanglais i míreanna 5.5.10. agus B5.5.22–B5.5.24; agus

    (b)

    an toimhde infhrisnéise i mír 5.5.11 maidir le híocaíochtaí conarthacha atá níos mó ná 30 lá thar téarma má chuireann eintiteas na ceanglais lagaithe i bhfeidhm trí mhéaduithe suntasacha a shainaithint i riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dóibh maidir leis na hionstraimí airgeadais ar bhonn faisnéise thar téarma.

    7.2.20

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, dá mbeadh gá le costas nó iarracht mhíchuí lena chinneadh an raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh, aithneoidh eintiteas lamháltas caillteanais ag méid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar gach dáta tuairiscithe go dtí go ndéanfar an ionstraim airgeadais sin a dhí-aithint (ach amháin má tá riosca creidmheasa íseal ag an ionstraimí airgeadais sin ar dháta tuairiscithe, agus sa chás sin tá feidhm ag mír 7.2.19(a)).

    Aistriú le haghaidh cuntasaíocht fálaithe (Caibidil 6)

    7.2.21

    Nuair a chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, féadfaidh sé roghnú mar bheartas cuntasaíochta, leanúint de cheanglais cuntasaíochta fálaithe IAS 39 a chur i bhfeidhm seachas na ceanglais i gCaibidil 6 den Chaighdeán seo. Cuirfidh eintiteas an beartas sin i bhfeidhm maidir lena ghaolmhaireachtaí fálaithe ar fad. Eintiteas a roghnaíonn an beartas sin, cuirfidh sé IFRIC 16 Fáluithe de Ghlan-Infheistíocht in Oibríocht Eachtrach i bhfeidhm freisin, gan na leasuithe a chuireann an Léiriú sin i gcomhréir leis na ceanglais i gCaibidil 6 den Chaighdeán seo.

    7.2.22

    Cuirfidh eintiteas ceanglais cuntasaíochta fálaithe an Chaighdeáin seo i bhfeidhm go cúlghabhálach, seachas mar a fhoráiltear le mír 7.2.26.

    7.2.23

    Chun cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm tosaigh na gceanglas cuntasaíochta fálaithe sa Chaighdeán seo, ní mór na critéir cháilitheacha ar fad a chomhlíonadh ón dáta sin.

    7.2.24

    Gaolmhaireachtaí fálaithe a cháiligh le haghaidh cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir le IAS 39 a cháilíonn freisin le haghaidh cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir leis na critéir sa Chaighdeán seo (féach mír 6.4.1), i ndiaidh aon athchothromú den ghaolmhaireacht fálaithe ar aistriú a chur san áireamh (féach mír 7.2.25(b)), measfar gur gaolmhaireachtaí fálaithe leanúnacha iad.

    7.2.25

    Ar ceanglais cuntasaíochta fálaithe an Chaighdeáin seo a chur i bhfeidhm den chéad uair:

    (a)

    féadfaidh eintiteas tosú ar na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ón bpointe ama céanna agus a scoireann sé de cheanglais cuntasaíochta fálaithe IAS 39 a chur i bhfeidhm; agus

    (b)

    measfaidh an t-eintiteas gurb é an cóimheas fálaithe i gcomhréir le IAS 39 an túsphointe chun an cóimheas fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe leanúnach a athchothromú, más infheidhme. Déanfar aon ghnóthachan nó caillteanas ó athchothromú den sórt sin a aithint i mbrabús nó caillteanas.

    7.2.26

    Mar eisceacht ar chur i bhfeidhm ionchasach cheanglais cuntasaíochta fálaithe an Chaighdeáin seo:

    (a)

    déanfaidh eintiteas an chuntasaíocht le haghaidh amluach roghanna i gcomhréir le mír 6.5.15 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcás nár ainmníodh ach an t-athrú ar luach intreach rogha mar ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe, i gcomhréir le IAS 39. Níl feidhm ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach sin ach amháin maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe a bhí ann ag tús na tréimhsí comparáidí is luaithe nó a ainmníodh ina dhiaidh sin.

    (b)

    féadfaidh eintiteas an chuntasaíocht le haghaidh na gné réamhcheaptha de chonarthaí réamhcheaptha i gcomhréir le mír 6.5.16 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcás nár ainmníodh ach an t-athrú ar spotghné conartha réamhcheaptha mar ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe, i gcomhréir le IAS 39. Níl feidhm ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach sin ach amháin maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe a bhí ann ag tús na tréimhsí comparáidí is luaithe nó a ainmníodh ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, má roghnaíonn eintiteas an chuntasaíocht sin a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, cuirfear i bhfeidhm í maidir le gach gaolmhaireacht fálaithe a cháilíonn don roghnúchán sin (i.e. ar aistriú, níl an roghnúchán sin ar fáil de réir na gaolmhaireachta fálaithe). Féadtar an chuntasaíocht le haghaidh raonta an bhoinn airgeadra eachtraigh (féach mír 6.5.16) a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe a bhí ann ag tús na tréimhse comparáidí is luaithe nó a ainmníodh ina dhiaidh sin.

    (c)

    déanfaidh eintiteas an ceanglas i mír 6.5.6, nach dtéann an ionstraim fálaithe in éag ná nach bhfoirceanntar í, a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (i)

    mar thoradh ar dhlíthe nó rialacháin, nó mar thoradh ar thabhairt isteach dlíthe nó rialachán, comhaontaíonn na páirtithe san ionstraim fálaithe go ndéanfaidh ceann amháin nó níos mó de chontrapháirtithe imréitigh a gcontrapháirtí bunaidh a athsholáthar, arb é a thagann chun bheith ina chontrapháirtí nua le gach ceann de na páirtithe; agus

    (ii)

    tá athruithe eile ar an ionstraim fálaithe, más ann dóibh, teoranta dóibh siúd a bhfuil gá leo chun athsholáthar contrapháirtí den sórt sin a chur i gcrích.

    (d)

    déanfaidh eintiteas na ceanglais i Roinn 6.8 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach. Níl feidhm ag an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach sin ach amháin maidir leis na gaolmhaireachtaí fálaithe a bhí ann ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair nó ar ina diaidh a ainmníodh iad, agus maidir leis an méid carntha i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid a bhí ann ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na ceanglais sin i bhfeidhm den chéad uair.

    Eintitis a chuir IFRS 9 (2009), IFRS 9 (2010) nó IFRS 9 (2013) i bhfeidhm go luath

    7.2.27

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais aistrithe i míreanna 7.2.1–7.2.26 i bhfeidhm ar an dáta cur i bhfeidhm tosaigh ábhartha. Ní chuirfidh eintiteas gach ceann de na forálacha aistrithe i míreanna 7.2.3–7.2.14A agus 7.2.17–7.2.26 i bhfeidhm ach uair amháin (i.e. má roghnaíonn eintiteas cur chuige chun IFRS 9 a chur i bhfeidhm a bhaineann le níos mó ná dáta cur i bhfeidhm tosaigh amháin, ní fhéadfaidh sé aon cheann de na forálacha sin a chur i bhfeidhm arís i gcás inar cuireadh i bhfeidhm ar dháta níos luaithe iad). (Féach míreanna 7.2.2 agus 7.3.2.)

    7.2.28

    Maidir le heintiteas a chuir IFRS 9 (2009), IFRS 9 (2010) nó IFRS 9 (2013) i bhfeidhm agus a chuireann an Caighdeán seo i bhfeidhm ina dhiaidh sin:

    (a)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar shócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.1.5 ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de dheasca chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo;

    (b)

    féadfaidh sé sócmhainn airgeadais a ainmniú mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach gcomhlíonfadh an t-ainmniú sin an coinníoll i mír 4.1.5 roimhe seo ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo;

    (c)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar dhliteanas airgeadais a bheith arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.2.2(a) ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de thoradh chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo; agus

    (d)

    féadfaidh sé dliteanas airgeadais a ainmniú a bheith arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach mbeadh an coinníoll i mír 4.2.2(a) comhlíonta roimhe sin leis an ainmniú sin ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo.

    Déanfar ainmniú agus cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin seo. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    Aistriú le haghaidh Gnéithe Réamhíocaíochta le Cúiteamh Diúltach

    7.2.29

    Cuirfidh eintiteas Gnéithe Réamhíocaíochta le Cúiteamh Diúltach (Leasuithe ar IFRS 9) i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, ach amháin mar a shonraítear i míreanna 7.2.30-7.2.34.

    7.2.30

    Eintiteas a chuireann na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair an tráth céanna a chuireann sé an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.1-7.2.28 seachas míreanna 7.2.31-7.2.34 i bhfeidhm.

    7.2.31

    Eintiteas a chuireann na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair i ndiaidh dó an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.32-7.2.34 i bhfeidhm. Déanfaidh an t-eintiteas na ceanglais aistrithe eile sa Chaighdeán seo, lena bhfuil gá le haghaidh chur i bhfeidhm na leasuithe sin, a chur i bhfeidhm freisin. Chun na críche sin, léifear tagairtí do dháta an chur i bhfeidhm tosaigh mar thagairt do thús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin).

    7.2.32

    Maidir le dliteanas airgeadais a ainmniú a bheith arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar dhliteanas airgeadais a bheith arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.1.5 ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de thoradh chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo;

    (b)

    féadfaidh sé sócmhainn airgeadais a ainmniú mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach gcomhlíonfadh an t-ainmniú sin an coinníoll i mír 4.1.5 roimhe seo ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm na leasuithe sin;

    (c)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar dhliteanas airgeadais arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.2.2(a) ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de dheasca chur i bhfeidhm na leasuithe sin; agus

    (d)

    féadfaidh sé dliteanas airgeadais a ainmniú arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach mbeadh an coinníoll i mír 4.2.2(a) comhlíonta roimhe sin leis an ainmniú sin ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm na leasuithe sin.

    Déanfar ainmniú agus cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    7.2.33

    Ní éilítear ar eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh an t-eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus má léiríonn na ráitis airgeadais athshonraithe na ceanglais uile sa Chaighdeán seo agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

    7.2.34

    Sa tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis seo a leanas ón dáta cur i bhfeidhm tosaigh sin le haghaidh gach aicme de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais dá ndearnadh na leasuithe sin difear:

    (a)

    an chatagóir tomhais roimhe sin agus an tsuim ghlanluacha arna cinneadh díreach roimh na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

    (b)

    an chatagóir thomhais nua agus an méid glanluacha nua arna gcinneadh tar éis na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

    (c)

    suim ghlanluacha aon dliteanas airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais a ainmníodh roimhe sin mar dhliteanas arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ach nach n-ainmnítear amhlaidh a thuilleadh; agus

    (d)

    na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú sócmhainní airgeadais nó dliteanas airgeadais mar shócmhainní nó mar dhliteanais arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    Aistriú le haghaidh Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS

    7.2.35

    Cuirfidh eintiteas Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 2018–2020 i bhfeidhm maidir le dliteanais airgeadais arna leasú nó arna malartú ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an t-eintiteas an leasú i bhfeidhm den chéad uair, nó ina dhiaidh sin.

    Aistriú le haghaidh IFRS 17 arna leasú i Meitheamh 2020

    7.2.36

    Déanfaidh eintiteas na leasuithe ar IFRS 9, arna ndéanamh le IFRS 17 arna leasú i mí an Mheithimh 2020, a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 7.2.37–7.2.42.

    7.2.37

    Eintiteas a chuireann IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair arna leasú i Meitheamh 2020 an tráth céanna a chuireann sé an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.1–7.2.28 seachas míreanna 7.2.38–7.2.42 i bhfeidhm.

    7.2.38

    Eintiteas a chuireann IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair arna leasú i Meitheamh 2020 tar éis an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.39–7.2.42 i bhfeidhm. Déanfaidh an t-eintiteas na ceanglais aistrithe eile sa Chaighdeán seo, lena bhfuil gá le haghaidh chur i bhfeidhm na leasuithe sin, a chur i bhfeidhm freisin. Chun na críche sin, léifear tagairtí do dháta an chur i bhfeidhm tosaigh mar thagairt do thús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin).

    7.2.39

    Maidir le dliteanas airgeadais a ainmniú arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar dhliteanas airgeadais arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.2.2(a) ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de dheasca chur i bhfeidhm na leasuithe sin; agus

    (b)

    féadfaidh sé dliteanas airgeadais a ainmniú arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach mbeadh an coinníoll i mír 4.2.2(a) comhlíonta roimhe sin leis an ainmniú sin ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm na leasuithe sin.

    Déanfar ainmniú agus cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    7.2.40

    Ní éilítear ar eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir déanamh amhlaidh gan breathnú siar. Má athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, leis na ráitis airgeadais athshonraithe ní mór ceanglais uile an Chaighdeáin seo le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais dá ndearnadh difear a léiriú. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

    7.2.41

    Sa tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin, ní éilítear ar eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair.

    7.2.42

    Sa tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis seo a leanas amhail ón dáta cur i bhfeidhm tosaigh sin le haghaidh gach aicme de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais dá ndearnadh difear leis na leasuithe sin:

    (a)

    an t-aicmiú roimhe sin, lena n-áirítear an chatagóir thomhais roimhe sin nuair is infheidhme, agus an méid glanluacha arna chinneadh díreach roimh na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

    (b)

    an chatagóir thomhais nua agus an méid glanluacha nua arna gcinneadh tar éis na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

    (c)

    méid glanluacha aon dliteanas airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais a ainmníodh roimhe sin arna thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ach nach n-ainmnítear amhlaidh a thuilleadh; agus

    (d)

    na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú ar dhliteanais airgeadais arna dtomhas ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    Aistriú le haghaidh Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2

    7.2.43

    Cuirfidh eintiteas Athchóiriú ar Thagarmharc Ráta Úis – Céim 2 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 7.2.44–7.2.46.

    7.2.44

    Ní dhéanfaidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe nua (mar shampla, mar a shonraítear i mír 6.9.13) a ainmniú ach go hionchasach (i.e. tá toirmeasc ar eintiteas ó bheith ag ainmniú gaolmhaireacht fálaithe nua i réamhthréimhsí). Déanfaidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe ar scoradh di a athbhunú, áfach, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas agus sa chás sin amháin:

    (a)

    scoir an t-eintiteas den ghaolmhaireacht fálaithe sin mar gheall ar athruithe a éilítear le hathchóiriú ar thagarmharc ráta úis agus mar gheall orthu sin amháin, agus níorbh amhlaidh go n-éileofaí ar an eintiteas scor den ghaolmhaireacht fálaithe sin dá mbeadh na leasuithe sin i bhfeidhm an tráth sin; agus

    (b)

    ag tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin), comhlíonann an ghaolmhaireacht fálaithe sin ar scoradh di na critéir cháilitheacha le haghaidh cuntasaíocht fálaithe (tar éis na leasuithe sin a chur san áireamh).

    7.2.45

    Agus mír 7.2.44 á cur i bhfeidhm aige, má athbhunaíonn eintiteas gaolmhaireacht fálaithe ar scoradh di, is mar thagairtí don dáta a ainmnítear an bonnráta úis malartach den chéad uair mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach a léifidh sé tagairtí i míreanna 6.9.11 agus 6.9.12 (i.e. is ó dháta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin a thosaíonn an tréimhse 24 mhí le haghaidh an bhonnráta úis mhalartaigh sin a ainmnítear mar chomhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach).

    7.2.46

    Ní éilítear ar eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

    7.3   IFRIC 9, IFRS 9 (2009), IFRS 9 (2010) AGUS IFRS 9 (2013) A AISTARRAINGT

    7.3.1

    Gabhann an Caighdeán seo in ionad IFRIC 9 Athmheasúnú ar Dhíorthaigh Leabaithe. Leis na ceanglais a cuireadh le IFRS 9 i mí Dheireadh Fómhair 2010, corpraíodh na ceanglais a leagadh amach roimhe sin i míreanna 5 agus 7 de IFRIC 9. Mar leasú iarmhartach, le IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, corpraíodh na ceanglais a leagadh amach roimhe sin i mír 8 de IFRIC 9.

    7.3.2

    Gabhann an Caighdeán seo in ionad IFRS 9 (2009), IFRS 9 (2010) agus IFRS 9 (2013). Maidir le tréimhsí bliantúla a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2018, áfach, féadfaidh eintiteas roghnú na leaganacha níos luaithe sin de IFRS 9 a chur i bhfeidhm seachas an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm, i gcás inarb é dáta chur i bhfeidhm tosaigh ábhartha an eintitis é dáta roimh an 1 Feabhra 2015, agus sa chás sin amháin.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

    Caillteanais chreidmheasa ionchasach 12 mhí

    An sciar de chaillteanais chreidmheasa saolré ionchasacha a léiríonn na caillteanais chreidmheasa ionchasacha atá mar thoradh ar imeachtaí mainneachtana ar ionstraim airgeadais is féidir a bheith ann laistigh de 12 mhí tar éis an dáta tuairiscithe.

    costas amúchta sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais

    An méid ar a ndéantar an tsócmhainn airgeadais nó an dliteanas airgeadais a thomhas tráth aitheantais tosaigh lúide na haisíocaíochtaí príomhshuime, móide nó lúide an t-amúchadh carnach trí mhodh an úis ghlain ar aon difríocht idir an méid bunaigh sin agus méid na haibíochta, agus é coigeartaithe i leith aon lamháltas caillteanais i gcás sócmhainní airgeadais.

    sócmhainní conartha

    Na cearta sin arna sonrú in IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, coinnítear cuntas orthu i gcomhréir leis an gCaighdeán seo chun gnóthachain nó caillteanais lagaithe a aithint agus a thomhas.

    sócmhainn airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici

    Tá fadhbanna creidmheasa ag sócmhainn airgeadais nuair is amhlaidh gur tharla teagmhas amháin nó níos mó ag a raibh tionchar díobhálach ar shreabhadh airgid todhchaí measta na sócmhainne airgeadais sin. Áirítear ar fhianaise a thugann le fios go bhfuil fadhbanna creidmheasa ag sócmhainn airgeadais sonraí inbhraite maidir leis na teagmhais seo a leanas:

    (a)

    deacracht airgeadais shuntasach a bheith ag an eisitheoir nó ag an iasachtaí;

    (b)

    sárú conartha, amhail mainneachtain nó teagmhas thar téarma;

    (c)

    lamháltas á dheonú nó lamháltais á ndeonú ag iasachtóir nó iasachtóirí an iasachtaithe ar an iasachtaí, ar chúiseanna eacnamaíocha nó conarthacha a bhaineann le deacracht airgeadais an iasachtaithe, nach mbreithneodh an t-iasachtóir nó na hiasachtóirí murach sin;

    (d)

    éiríonn sé dóchúil go rachaidh an t-iasachtaí faoi fhéimheacht nó faoi atheagrú airgeadais eile;

    (e)

    margadh gníomhach don tsócmhainn airgeadais sin a bheith dulta i léig mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais; nó

    (f)

    ceannach nó tionscnamh sócmhainne airgeadais ar ghéarlascaine a léiríonn na caillteanais chreidmheasa a tabhaíodh.

    Féadfar nach mbeidh sé indéanta aon teagmhas scoite amháin a shainaithint—ina ionad sin, d’fhéadfadh sé gurbh í iarmhairt chomhcheangailte roinnt teagmhas ba chúis le fadhbanna creidmheasa teacht ar shócmhainní airgeadais.

    caillteanas creidmheasa

    An difríocht idir an sreabhadh airgid conarthach uile atá le híoc le heintiteas i gcomhréir leis an gconradh agus an sreabhadh airgid uile a bhfuil coinne ag an eintiteas lena fháil (i.e. gach easnamh airgid), arna lascainiú ag an nglanráta úis bunaidh (nó glanráta úis arna choigeartú i leith creidmheasa le haghaidh sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu). Déanfaidh eintiteas meastachán ar shreabhadh airgid todhchaí trí théarmaí conarthacha uile na hionstraime airgeadais (réamhíocaíocht, síneadh údaraithe margaíochta, céadrogha ar cheannach agus roghanna comhchosúla, mar shampla) a bhreithniú le linn shaolré ionchais na hionstraime airgeadais sin. Áireofar ar an sreabhadh airgid a bhreithnítear sreabhadh airgid ó dhíolachán comhthaobhachta arna sealbhú nó feabhsuithe creidmheasa eile ar dlúthchuid de na téarmaí conarthacha iad. Tá toimhde ann gur féidir saolré ionchais ionstraime airgeadais a mheas go hiontaofa. Sna cásanna annamha sin nach féidir saolré ionchais ionstraime airgeadais a mheas go hiontaofa, áfach, úsáidfidh eintiteas a bhfuil fágtha de théarma conarthach na hionstraime airgeadais.

    glanráta úis arna choigeartú i leith creidmheasa

    An ráta lena lascainítear go cruinn íocaíochtaí nó fáltais airgid mheasta amach anseo le linn shaolré ionchais na sócmhainne airgeadais chuig costas amúchta sócmhainne airgeadais ar sócmhainn airgeadais cheannaithe nó thionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici í. Agus an glanráta úis arna choigeartú i leith creidmheasa á ríomh aige, déanfaidh eintiteas meastachán ar an sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis trí théarmaí conarthacha uile na sócmhainne airgeadais (réamhíocaíocht, síneadh údaraithe margaíochta, céadrogha ar cheannach agus roghanna comhchosúla, mar shampla) agus caillteanais chreidmheasa ionchasacha a bhreithniú. Áirítear sa ríomh sin gach táille agus pointe a íocadh nó a fuarthas idir comhpháirtithe an chonartha atá ina ndlúthchuid den ghlanráta úis (féach míreanna B5.4.1-B5.4.3), costais beartaíochta, agus aon phréimh nó lascaine eile. Tá toimhde ann gur féidir an sreabhadh airgid agus saolré ionchais grúpa ionstraimí airgeadais comhchosúla a mheas go hiontaofa. Sna cásanna annamha sin nach féidir an sreabhadh airgid ná a bhfuil fágtha de shaolré ionstraime airgeadais (nó grúpa ionstraimí airgeadais) a mheas go hiontaofa, áfach, úsáidfidh eintiteas an sreabhadh airgid conarthach thar théarma conarthach iomlán na hionstraime airgeadais (nó grúpa ionstraimí airgeadais).

    dí-aithint

    Sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a aithníodh roimhe seo a bhaint ó ráiteas eintitis ar an staid airgeadais.

    díorthach

    Ionstraim airgeadais nó conradh eile faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo ag a bhfuil gach ceann de na trí shaintréith seo a leanas.

    (a)

    athraíonn a luach mar fhreagairt ar an athrú ar ráta úis sonraithe, ar phraghas na hionstraime airgeadais, ar phraghas tráchtearraí, ar an ráta malairte eachtraí, ar an innéacs praghsanna nó rátaí, ar an rátáil chreidmheasa nó innéacs creidmheasa, nó ar athróg eile, ar choinníoll i gcás athróige neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí sa chonradh (dá ngairtear uaireanta an ‘athróg fholuiteach’).

    (b)

    ní éilíonn sé aon ghlaninfheistíocht tosaigh nó glaninfheistíocht tosaigh ar lú í ná a d’éileofaí le haghaidh cineálacha eile conarthaí a mbeifí ag súil go mbeadh freagairt den chineál céanna acu agus a bheadh ag athruithe ar thosca an mhargaidh.

    (c)

    socraítear é ar dháta amach anseo.

    díbhinní

    Dáiltí brabús ar shealbhóirí ionstraimí cothromais i gcomhréir lena sealbha d’aicme áirithe caipitil.

    modh an úis ghlain

    An modh a úsáidtear i ríomh costais amúchta sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais agus i leithdháileadh agus aithint an ioncaim úis nó an speansais úis i mbrabús nó caillteanas le linn na tréimhse ábhartha.

    glanráta úis

    An ráta lena lascainítear go cruinn íocaíochtaí nó fáltais airgid mheasta amach anseo le linn shaolré ionchais na sócmhainne airgeadais nó an dliteanais airgeadais chuig oll-luach de réir na leabhar sócmhainne airgeadais nó chuig costas amúchta dliteanais airgeadais. Agus an glanráta úis á ríomh aige, déanfaidh eintiteas meastachán ar an sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis trí théarmaí conarthacha uile na hionstraime airgeadais (réamhíocaíocht, síneadh údaraithe margaíochta, céadrogha ar cheannach agus roghanna comhchosúla, mar shampla) a bhreithniú ach ní bhreithneoidh sé na caillteanais chreidmheasa ionchasacha. Áirítear sa ríomh sin gach táille agus pointe a íocadh nó a fuarthas idir comhpháirtithe an chonartha atá ina ndlúthchuid den ghlanráta úis (féach míreanna B5.4.1-B5.4.3), costais beartaíochta, agus aon phréimh nó lascaine eile. Tá toimhde ann gur féidir an sreabhadh airgid agus saolré ionchais grúpa ionstraimí airgeadais comhchosúla a mheas go hiontaofa. Sna cásanna annamha sin nach féidir an sreabhadh airgid ná saolré ionchais ionstraime airgeadais (nó grúpa ionstraimí airgeadais) a mheas go hiontaofa, áfach, úsáidfidh eintiteas an sreabhadh airgid conarthach thar théarma conarthach iomlán na hionstraime airgeadais (nó grúpa ionstraimí airgeadais).

    caillteanais chreidmheasa ionchasacha

    Meán ualaithe na gcaillteanas creidmheasa ina léirítear na rioscaí go bhféadfadh sé gur na hualaithe a bheadh i mainneachtain.

    conradh ráthaíochta airgeadais

    Conradh lena n-éilítear ar an eisitheoir íocaíochtaí sonraithe a dhéanamh chun an sealbhóir a aisíoc i ndáil le caillteanas a thabhaíonn an sealbhóir toisc go dteipeann ar fhéichiúnaí sonraithe íocaíocht a dhéanamh agus í dlite i gcomhréir le buntéarmaí nó téarmaí modhnaithe ionstraime fiachais.

    dliteanais airgeadais ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas

    Dliteanas airgeadais a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas.

    (a)

    comhlíonann sé an sainmhíniú ar arna shealbhú le trádáil.

    (b)

    tráth aitheantais tosaigh, ainmníonn an t-eintiteas é mar dhliteanas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 4.2.2 nó le mír 4.3.5.

    (c)

    ainmnítear é tráth aitheantais tosaigh nó ina dhiaidh sin mar dhliteanas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 6.7.1.

    ceangaltas daingean

    Comhaontú ceangailteach chun cainníocht shonraithe acmhainní a mhalartú ar phraghas sonraithe ar dháta nó ar dhátaí sonraithe amach anseo.

    idirbheart réamhaisnéise

    Idirbheart amach anseo nach bhfuil ceangailteach ach atá réamh-mheasta.

    oll-luach de réir na leabhar de chuid sócmhainne airgeadais

    Costas amúchta sócmhainne airgeadais, roimh choigeartú i leith aon lamháltas caillteanais.

    cóimheas fálaithe

    An caidreamh idir cainníocht na hionstraime fálaithe agus cainníocht na míre fálaithe i dtéarmaí a n-ualaithe coibhneasta.

    arna shealbhú le trádáil

    Sócmhainn airgeadais nó dliteanais airgeadais arb amhlaidh an méid seo a leanas ina leith:

    (a)

    faightear nó tabhaítear den chuid is mó é chun é a dhíol nó a athcheannach sa ghearrthéarma;

    (b)

    tráth aitheantais tosaigh, is cuid de phunann ionstraimí airgeadais aitheanta é a bhainistítear le chéile agus a bhfuil fianaise ann ina leith maidir le patrún iarbhír de ghlacadh brabúis gearrthéarmach; nó

    (c)

    is díorthach é (ach amháin díorthach ar conradh ráthaíochta airgeadais nó ar ionstraim fálaithe ainmnithe agus éifeachtach é).

    gnóthachan nó caillteanas lagaithe

    Gnóthachain nó caillteanais lagaithe a aithnítear i mbrabús nó caillteanas i gcomhréir le mír 5.5.8 a eascraíonn as na ceanglais lagaithe i Roinn 5.5 a chur i bhfeidhm.

    caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil

    Na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a eascraíonn as gach teagmhas mainneachtana féideartha thar shaolré ionchais ionstraime airgeadais.

    lamháltas caillteanais

    An lamháltas le haghaidh caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar shócmhainní airgeadais arna dtomhas i gcomhréir le mír 4.1.2, suimeanna léasa infhaighte agus sócmhainní conartha, an méid lagaithe carntha le haghaidh sócmhainní airgeadais arna dtomhas i gcomhréir le mír 4.1.2A agus an fhoráil maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar ghealltanais iasachta agus ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais.

    gnóthachan nó caillteanas modhnaithe

    An méid a eascraíonn as oll-luach de réir na leabhar sócmhainne airgeadais a choigeartú chun an sreabhadh airgid athchaibidlithe nó modhnaithe a léiriú. Déanann an t-eintiteas oll-luach de réir na leabhar sócmhainne airgeadais a athríomh mar luach láithreach na n-íocaíochtaí nó na bhfáltas airgid measta amach anseo le linn shaolré ionchais na sócmhainne airgeadais athchaibidlithe nó modhnaithe atá ar lascaine ar ghlanráta úis bunaidh na sócmhainne airgeadais (nó ar an nglanráta úis bunaidh arna choigeartú i leith creidmheasa le haghaidh sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu) nó, i gcás inarb infheidhme, an glanráta úis athbhreithnithe arna ríomh i gcomhréir le mír 6.5.10. Agus sreabhadh airgid ionchasach sócmhainne airgeadais á ríomh aige, déanfaidh eintiteas téarmaí conarthacha uile na hionstraime airgeadais (réamhíocaíocht, síneadh údaraithe margaíochta, céadrogha ar cheannach agus roghanna comhchosúla, mar shampla) a bhreithniú ach ní bhreithneoidh sé na caillteanais chreidmheasa ionchasacha, ach amháin i gcás gur sócmhainn airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici í an tsócmhainn airgeadais, agus sa chás sin breithneoidh eintiteas na caillteanais chreidmheasa ionchasacha tosaigh a breithníodh nuair a ríomhadh an glanráta úis bunaidh arna choigeartú i leith creidmheasa.

    thar téarma

    Bíonn sócmhainn airgeadais thar téarma i gcás inar theip ar chontrapháirtí íocaíocht a dhéanamh tráth a bhí an íocaíocht sin dlite de réir conartha.

    sócmhainn airgeadais cheannaithe nó thionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici

    Sócmhainn airgeadais cheannaithe nó thionscanta nó sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici nó acu tráth aitheantais tosaigh.

    dáta athaicmiúcháin

    An chéad lá den chéad tréimhse tuairiscithe i ndiaidh an athruithe ar an tsamhail ghnó arb é a leanann as sin go ndéanann eintiteas athaicmiú ar shócmhainní airgeadais.

    gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán

    Ceannach nó díolachán sócmhainne airgeadais faoi chonradh a n-éilítear leis na téarmaí a ghabhann leis go ndéanfar an tsócmhainn a sheachadadh laistigh den tréimhse ama arna bunú go ginearálta le dlí nó le gnás sa mhargadh lena mbaineann.

    costais beartaíochta

    Costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a fháil, a eisiúint nó a dhiúscairt (féach mír B5.4.8). Is costas é costas incriminteach nach dtabhófaí mura bhfuair, murar eisigh nó murar dhiúscair an t-eintiteas an ionstraim airgeadais.

    Sainítear na téarmaí seo a leanas i mír 11 de IAS 32, Foscríbhinn A de IFRS 7, Foscríbhinn A de IFRS 13 nó Foscríbhinn A de IFRS 15 agus úsáidtear iad sa Chaighdeán seo de réir na mbríonna a shonraítear in IAS 32, IFRS 7, IFRS 13 nó IFRS 15:

    (a)

    riosca creidmheasa (52);

    (b)

    ionstraim chothromais;

    (c)

    luach cóir;

    (d)

    sócmhainn airgeadais;

    (e)

    ionstraim airgeadais;

    (f)

    dliteanas airgeadais;

    (g)

    praghas idirbhirt.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

    RAON FEIDHME (CAIBIDIL 2)

    B2.1

    Le conarthaí áirithe éilítear íocaíocht bunaithe ar athróga aeráide, geolaíocha nó fisiceacha eile. (Gairtear ‘díorthaigh aimsire’ uaireanta dóibh siúd atá bunaithe ar athróga aeráide.) Mura bhfuil na conarthaí sin faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais, tá siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo.

    B2.2

    Ní athraíonn an Caighdeán seo na ceanglais a bhaineann le pleananna maidir le sochar fostaithe a chomhlíonann IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir agus comhaontuithe ríchíosa a bhunaítear ar an méid díolachán nó ioncaim seirbhíse a gcoinnítear cuntas orthu faoi IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí.

    B2.3

    Uaireanta, déanann eintiteas ‘infheistíocht straitéiseach’, mar a mbreathnaíonn sé uirthi, in ionstraimí cothromais arna n-eisiúint ag eintiteas eile, agus é de rún aige gaolmhaireacht oibríochta fhadtéarmach a bhunú nó a chothabháil leis an eintiteas ina ndéantar an infheistíocht. Úsáideann an t-infheisteoir nó an t-eintiteas comhfhiontair IAS 28 Infheistíochtaí in Eintitis Chomhlachaithe agus i gComhfhiontair chun a chinneadh cé acu a chuirfear modh cuntasaíochta an chothromais i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht den sórt sin nó nach gcuirfear.

    B2.4

    Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais árachóirí, seachas cearta agus oibleagáidí a eisiatar le mír 2.1(e) de thoradh go n-eascraíonn siad faoi chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17.

    B2.5

    Féadfaidh go mbeidh foirmeacha dlí éagsúla ag conarthaí ráthaíochta airgeadais, amhail ráthaíocht, cineálacha áirithe litreacha creidmheasa, conradh mainneachtana creidmheasa nó conradh árachais. Níl a láimhseáil cuntasaíochta ag brath ar a bhfoirm dhlí. Seo a leanas samplaí den láimhseáil iomchuí (féach mír 2.1(e)):

    (a)

    Cé go gcomhlíontar le conradh ráthaíochta airgeadais an sainmhíniú ar chonradh árachais in IFRS 17 (féach mír 7(e) de IFRS 17) más mór an riosca arna aistriú, cuireann an t-eisitheoir an Caighdeán seo i bhfeidhm. Mar sin féin, má dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht atá infheidhme maidir le conarthaí árachais, féadfaidh an t-eisitheoir a roghnú an Caighdeán seo nó IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin. Má tá feidhm ag an gCaighdeán seo, le mír 5.1.1, éilítear ar an eisitheoir conradh ráthaíochta airgeadais a aithint ar luach cóir ar dtús. I gcás inar eisíodh an conradh ráthaíochta airgeadais do pháirtí neamhghaolmhar in idirbheart neamhspleách ar neamhthuilleamaí, is dócha go mbeidh a luach cóir i dtús an chonartha comhionann leis an bpréimh a fuarthas, ach amháin má tá fianaise ann ar a mhalairt. Ina dhiaidh sin, murar ainmníodh an conradh ráthaíochta airgeadais mar chonradh ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i dtús an chonartha nó má tá feidhm ag míreanna 3.2.15–3.2.23 agus B3.2.12–B3.2.17 (nuair nach bhfuil aistriú sócmhainne airgeadais i dteideal dí-aitheantais nó nuair is infheidhme an cur chuige um rannpháirtíocht leanúnach), déanann an t-eisitheoir é a thomhas ar an méid is airde de na méideanna seo a leanas:

    (i)

    an méid arna chinneadh i gcomhréir le Roinn 5.5; agus

    (ii)

    an méid a aithníodh i dtosach lúide, i gcás inarb iomchuí, an méid carnach ioncaim a aithnítear i gcomhréir le prionsabail IFRS 15 (féach mír 4.2.1(c)).

    (b)

    Le ráthaíochtaí áirithe a bhaineann le creidmheas, mar réamhchoinníoll le haghaidh íocaíochta, ní éilítear go nochtar an sealbhóir do chliseadh an fhéichiúnaí íocaíochtaí a dhéanamh ar an tsócmhainn ráthaithe nuair atá siad dlite ná ní éilítear go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an sealbhóir dá dheasca sin. Sampla de ráthaíocht den sórt sin is ea ceann lena n-éilítear íocaíochtaí mar fhreagairt ar athruithe i rátáil creidmheasa shonraithe nó in innéacs creidmheasa sonraithe. Ní conarthaí ráthaíochta airgeadais mar a shainmhínítear sa Chaighdeán seo iad na ráthaíochtaí sin, ná ní conarthaí árachais iad mar a shainmhínítear in IFRS 17 iad. Is díorthaigh iad na ráthaíochtaí sin agus cuireann an t-eisitheoir an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leo.

    (c)

    I gcás inar eisíodh ráthaíocht airgeadais maidir le díol earraí, cuireann an t-eisitheoir IFRS 15 i bhfeidhm le linn dó an t-ioncam ón ráthaíocht agus ón díol earraí a aithint.

    B2.6

    Faightear dearbhuithe go bhféachann eisitheoir ar chonarthaí mar chonarthaí árachais i gcumarsáid an eisitheora le custaiméirí agus le rialtóirí, agus i gconarthaí, doiciméadacht ghnó agus ráitis airgeadais, de ghnáth. Ina theannta sin, is minic a bhíonn conarthaí árachais faoi réir ceanglais chuntasaíochta atá éagsúil leis na ceanglais le haghaidh cineálacha eile idirbhirt, amhail conarthaí arna n-eisiúint ag bainc nó ag cuideachtaí tráchtála. Sna cásanna sin, is gnách go n-áirítear le ráitis airgeadais eisitheora ráiteas gur úsáid an t-eisitheoir na ceanglais chuntasaíochta sin.

    AITHEANTAS AGUS DÍ-AITHEANTAS (CAIBIDIL 3)

    Aitheantas tosaigh (Roinn 3.1)

    B3.1.1

    Mar iarmhairt ar an bprionsabal i mír 3.1.1, is mar shócmhainní agus mar dhliteanais, faoi seach, a aithníonn eintiteas a chearta conarthacha agus a oibleagáidí uile faoi dhíorthaigh ina ráiteas ar an staid airgeadais, ach amháin díorthaigh a chuireann cosc ar chuntas a choinneáil ar aistriú sócmhainní airgeadais mar dhíolachán (féach mír B3.2.14). Mura bhfuil aistriú sócmhainne airgeadais i dteideal dí-aitheantais, ní aithníonn an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe mar a shócmhainn (féach mír B3.2.15).

    B3.1.2

    Is samplaí iad seo a leanas de chur i bhfeidhm an phrionsabail i mír 3.1.1:

    (a)

    Aithnítear suimeanna infhaighte agus suimeanna iníoctha neamhchoinníollacha mar shócmhainní nó mar dhliteanais nuair a thagann an t-eintiteas chun bheith ina pháirtí sa chonradh agus, dá thoradh sin, nuair atá ceart dlíthiúil aige airgead tirim a fháil nó oibleagáid dhlíthiúil air airgead tirim a íoc.

    (b)

    Ní aithnítear sócmhainní atá le fáil agus dliteanais atá le tabhú de thoradh ceangaltas daingean chun earraí nó seirbhísí a cheannach nó a dhíol, de ghnáth, go dtí go bhfuil rud éigin déanta faoin gcomhaontú ag páirtí amháin ar a laghad. Mar shampla, ní aithníonn eintiteas a fhaigheann ordú daingean sócmhainn, de ghnáth (agus ní aithníonn an t-eintiteas a dhéanann an t-ordú dliteanas, de ghnáth) tráth an cheangaltais, ach cuireann sé moill ar aitheantas go dtí go bhfuil na hearraí nó seirbhísí a ordaíodh seolta, seachadta nó curtha ar fáil. Má tá ceangaltas daingean chun míreanna neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo i gcomhréir le míreanna 2.4–2.7, aithnítear a ghlanluach cóir mar shócmhainn nó mar dhliteanas ar dháta an cheangaltais (féach mír B4.1.30(c)). Ina theannta sin, i gcás ina n-ainmnítear ceangaltas daingean a bhí neamhaitheanta roimhe sin mar mhír fhálaithe i bhfálú cóirluacha, is mar shócmhainn nó mar dhliteanas a aithnítear aon athrú ar an nglanluach cóir atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe, i ndiaidh thionscnamh an fhálaithe (féach míreanna 6.5.8(b) agus 6.5.9).

    (c)

    Is ar dháta an cheangaltais, seachas ar an dáta a tharlaíonn an socrú a aithnítear conradh réamhcheaptha a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo (féach mír 2.1) mar shócmhainn nó mar dhliteanas. Nuair a thagann eintiteas chun bheith ina pháirtí i gconradh réamhcheaptha, is minic gur comhionann iad luach cóir an chirt agus luach cóir na hoibleagáide, ionas gur nialas é glanluach cóir an chonartha réamhcheaptha. I gcás nach nialas é glanluach cóir an chirt agus na hoibleagáide, aithnítear an conradh mar shócmhainn nó mar dhliteanas.

    (d)

    Aithnítear scair-roghanna a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo (féach mír 2.1) mar shócmhainní nó mar dhliteanais nuair a thagann an sealbhóir nó an geallaí rogha chun bheith ina pháirtí sa chonradh.

    (e)

    Ní sócmhainní agus dliteanais iad idirbhearta atá beartaithe don todhchaí, is cuma cé chomh dóchúil atá siad, mar gheall nár tháinig an t-eintiteas chun bheith ina pháirtí i gconradh.

    Gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán sócmhainní airgeadais

    B3.1.3

    Aithnítear gnáthcheannach nó gnáthdhíolachán sócmhainní airgeadais agus úsáid á baint as cuntasaíocht dáta trádála nó cuntasaíocht dáta socraíochta mar a thuairiscítear i míreanna B3.1.5 agus B3.1.6. Cuirfidh eintiteas an modh céanna i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach ceannach agus díol sócmhainní airgeadais a aicmítear ar an mbealach céanna i gcomhréir leis an gCaighdeán seo. Chun na críche sin, sócmhainní atá á dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, is éard atá iontu aicmiú ar leithligh ó shócmhainní a ainmnítear mar shócmhainní arna dtomhas ar luach cóir trí bhrabús nó caillteanas. Ina theannta sin, déantar aicmiú ar leithligh le hinfheistíochtaí in ionstraimí cothromais a gcoinnítear cuntas orthu agus úsáid á baint as an gcéadrogha dá ndéantar foráil i mír 5.7.5.

    B3.1.4

    Ní gnáthchonradh é conradh lena n-éilítear nó lena gceadaítear glansocraíocht an athraithe ar luach an chonartha. Ina ionad sin, coinnítear cuntas ar chonradh den sórt sin mar dhíorthach sa tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta.

    B3.1.5

    Is é an dáta trádála an dáta a gheallann eintiteas é féin do shócmhainn a cheannach nó a dhíol. Tagraíonn cuntasaíocht dáta trádála don (a) aitheantas ar an tsócmhainn atá le fáil agus ar an dliteanas íoc aisti ar an dáta trádála, agus don (b) dí-aithint ar shócmhainn a dhíoltar, don aitheantas ar aon ghnóthachan nó caillteanas ar a diúscairt agus ar shuim infhaighte ón gceannaitheoir as íocaíocht ar an dáta trádála. Ní thosaíonn ús ag fabhrú ar an tsócmhainn agus ar an dliteanas comhfhreagrach go dtí an dáta socraíochta, nuair a aistrítear an teideal, de ghnáth.

    B3.1.6

    Is é an dáta socraíochta an dáta a sholáthraítear sócmhainn d’eintiteas nó a sholáthraíonn eintiteas sócmhainn. Tagraíonn cuntasaíocht dáta trádála don (a) aitheantas ar shócmhainn an lá a fhaigheann an t-eintiteas í, agus don (b) dí-aithint ar shócmhainn agus don aitheantas ar aon ghnóthachan nó caillteanas ar a diúscairt an lá a sheachadann an t-eintiteas í. Nuair a chuirtear cuntasaíocht dáta socraíochta i bhfeidhm, coinníonn eintiteas cuntas ar aon athrú ar luach cóir na sócmhainne atá le fáil le linn na tréimhse idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta ar an mbealach céanna ina gcoinníonn sé cuntas ar an tsócmhainn a fuarthas. I bhfocail eile, ní aithnítear an t-athrú ar luach maidir le sócmhainní a thomhaistear ar chostas amúchta; aithnítear é i mbrabús nó caillteanas maidir le sócmhainní a aicmítear mar shócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas; agus aithnítear é in ioncam cuimsitheach eile le haghaidh sócmhainní airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A agus maidir le hinfheistíochtaí in ionstraimí cothromais a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le mír 5.7.5.

    Dí-aithint sócmhainní airgeadais (Roinn 3.2)

    B3.2.1

    Léirítear sa tsreabhchairt a leanas an mheastóireacht ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar agus a mhéid a dhéantar sócmhainn airgeadais a dhí-aithint.
    Image 2

    Socruithe faoina gcoimeádann eintiteas na cearta conarthacha chun sreabhadh airgid sócmhainne airgeadais a fháil, ach a ghlac an oibleagáid chonarthach air féin chun an sreabhadh airgid a íoc le faighteoir amháin nó níos mó (mír 3.2.4(b) )

    B3.2.2

    Tarlaíonn an cás ar a dtugtar tuairisc i mír 3.2.4(b) (nuair a choimeádann eintiteas na cearta conarthacha chun sreabhadh airgid na sócmhainne airgeadais a fháil, ach nuair a ghlacann sé oibleagáid chonarthach air féin chun an sreabhadh airgid a íoc le faighteoir amháin nó níos mó) mar shampla, más iontaobhas é an t-eintiteas, agus má eisíonn sé leasanna tairbhiúla sna sócmhainní airgeadais foluiteacha ar leis iad d’infheisteoirí agus má chuireann sé seirbhísiú na sócmhainní airgeadais sin ar fáil. Sa chás sin, tá na sócmhainní airgeadais i dteideal dí-aitheantais má chomhlíontar na coinníollacha i míreanna 3.2.5 agus 3.2.6.

    B3.2.3

    Agus mír 3.2.5 á cur i bhfeidhm aige, d’fhéadfadh sé gurb é an t-eintiteas tionscnóir na sócmhainne airgeadais, nó d’fhéadfadh sé gur grúpa é lena n-áirítear fochuideachta a fuair an tsócmhainn airgeadais agus a chuireann sreabhadh airgid ar aghaidh chuig infheisteoirí tríú páirtí neamhghaolmhara.

    Meastóireacht a dhéanamh ar aistriú rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta (mír 3.2.6 )

    B3.2.4

    Is samplaí de chásanna inar aistrigh eintiteas na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile, go substaintiúil, iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    díolachán neamhchoinníollach sócmhainne airgeadais;

    (b)

    díolachán sócmhainne airgeadais in éineacht le rogha chun an tsócmhainn airgeadais a athcheannach ar a luach cóir tráth an athcheannaigh; agus

    (c)

    díolachán sócmhainne airgeadais in éineacht le céadrogha ar dhíol nó céadrogha ar cheannach atá go domhain as an airgead (i.e. rogha atá chomh fada sin as an airgead gur beag seans go rachaidh sé san airgead roimh dhul in éag).

    B3.2.5

    Is samplaí de chásanna inar choimeád eintiteas na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile, go substaintiúil, iad na nithe seo a leanas:

    (a)

    idirbheart díolacháin agus athcheannaigh inar praghas seasta é an praghas athcheannaigh, nó an praghas díola móide brabús iasachtóra;

    (b)

    comhaontú um iasacht urrús;

    (c)

    díolachán sócmhainne airgeadais in éineacht le babhtáil an toraidh iomláin a aistríonn an neamhchosaint ar riosca ar ais chuig an eintiteas;

    (d)

    díolachán sócmhainne airgeadais in éineacht le céadrogha ar dhíol nó céadrogha ar cheannach atá as an airgead go mór (i.e. rogha atá chomh fada sin as an airgead gur beag seans go rachaidh sé san airgead roimh dhul in éag); agus

    (e)

    díolachán suimeanna infhaighte gearrthéarmacha ina dtugann an t-eintiteas ráthaíocht go gcúiteoidh sé an t-aistrí i gcaillteanais chreidmheasa is dócha a tharlóidh.

    B3.2.6

    Má chinneann eintiteas gur aistrigh sé rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile na sócmhainne aistrithe go substaintiúil, de thoradh an aistrithe, ní aithneoidh sé an tsócmhainn aistrithe arís i dtréimhse amach anseo, ach amháin má athfhaigheann sé an tsócmhainn aistrithe arís in idirbheart nua.

    Meastóireacht a dhéanamh ar aistriú rialaithe

    B3.2.7

    Má tá an cumas praiticiúil ag an aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol, níl rialú coinnithe ag an eintiteas. Mura bhfuil an cumas praiticiúil ag an aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol, tá rialú ar shócmhainn aistrithe coinnithe ag an eintiteas. Tá an cumas praiticiúil ag aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol má thrádáiltear í i margadh gníomhach ós rud é go bhféadfadh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe a athcheannach sa mhargadh más gá dó an tsócmhainn a thabhairt ar ais don eintiteas. Mar shampla, d’fhéadfadh aistrí an cumas praiticiúil a bheith aige sócmhainn aistrithe a dhíol má tá an tsócmhainn aistrithe faoi réir rogha lena gceadaítear don eintiteas í a athcheannach, ach go bhféadfaidh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe a fháil go réidh sa mhargadh má fheidhmítear an rogha. Níl an cumas praiticiúil ag aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol má choinníonn an t-eintiteas rogha den sórt sin agus nach bhféadfaidh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe a fháil go réidh sa mhargadh má fheidhmíonn an t-eintiteas a rogha.

    B3.2.8

    Tá an cumas praiticiúil ag an aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol sa chás go bhféadfaidh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe a dhíol ina hiomláine le tríú páirtí neamhghaolmhar agus go bhfuil sé in ann an cumas sin a fheidhmiú go haontaobhach agus gan srianta breise a chur i bhfeidhm ar an aistriú, agus sa chás sin amháin. An cheist chriticiúil is ea céard a fhéadfaidh an t-aistrí a dhéanamh sa chleachtas, ní céard iad na cearta conarthacha atá ag an aistrí maidir lena bhféadfaidh sé a dhéanamh leis an tsócmhainn aistrithe nó céard iad na toirmisc chonarthacha atá ann. Go háirithe:

    (a)

    is beag iarmhairt phraiticiúil atá ag ceart conarthach chun an tsócmhainn aistrithe a dhiúscairt mura bhfuil aon mhargadh ann don tsócmhainn aistrithe, agus

    (b)

    is beag iarmhairt phraiticiúil atá ag an gcumas chun an tsócmhainn aistrithe a dhiúscairt murar féidir an cumas sin a fheidhmiú gan srian. Ar an gcúis sin:

    (i)

    ní mór cumas an aistrí chun an tsócmhainn aistrithe a dhiúscairt a bheith neamhspleách ó ghníomhartha páirtithe eile (i.e. ní mór cumas aontaobhach a bheith ann), agus

    (ii)

    ní mór don aistrí bheith in ann an tsócmhainn aistrithe a dhiúscairt gan gá le coinníollacha sriantacha nó ‘srianta’ a chur i gceangal leis an aistriú (e.g. coinníollacha faoin mbealach a dhéantar sócmhainn iasachta a sheirbhísiú nó rogha lena dtugtar an ceart don aistrí chun an tsócmhainn a athcheannach).

    B3.2.9

    Cé nach dócha go ndíolfaidh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe, ní chiallaíonn sin, ann féin, go bhfuil rialú ar an tsócmhainn aistrithe coinnithe ag an aistreoir. Sa chás go gcuireann céadrogha ar dhíol nó ráthaíocht srian ar an aistrí maidir leis an tsócmhainn aistrithe a dhíol, áfach, tá rialú ar an tsócmhainn aistrithe coinnithe ag an aistreoir. Má tá céadrogha ar dhíol nó ráthaíocht sách luachmhar, mar shampla, cuireann sin srian ar an aistrí maidir leis an tsócmhainn aistrithe a dhíol ós rud é nach ndíolfadh an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe le tríú páirtí, sa chleachtas, gan rogha comhchosúil nó coinníollacha sriantacha eile a chur i gceangal leis an díolachán. Ina ionad sin, choinneodh an t-aistrí seilbh ar an tsócmhainn aistrithe chun íocaíochtaí a fháil faoin ráthaíocht nó faoin gcéadrogha ar dhíol. Tá rialú ar an tsócmhainn aistrithe coinnithe ag an aistreoir faoi na himthosca sin.

    Aistrithe atá i dteideal dí-aitheantais

    B3.2.10

    Féadfaidh eintiteas an ceart chun cuid de na híocaíochtaí úis ar shócmhainní aistrithe a choinneáil mar chúiteamh le haghaidh na sócmhainní sin a sheirbhísiú. An chuid de na híocaíochtaí úis a ghéillfeadh an t-eintiteas ar foirceannadh nó aistriú an chonartha seirbhísithe, leithdháiltear í ar an tsócmhainn seirbhísithe nó ar an dliteanas seirbhísithe. An chuid de na híocaíochtaí úis nach ngéillfeadh an t-eintiteas, is infháltas STRIP úis amháin í. Mar shampla, i gcás nach ngéillfeadh an t-eintiteas aon ús ar an gconradh seirbhísithe a fhoirceannadh nó a aistriú, is infháltas STRIP úis amháin é an raon úis iomlán. Chun mír 3.2.13 a chur i bhfeidhm, úsáidtear luachanna córa na sócmhainne seirbhísithe agus an infháltais STRIP úis amháin chun suim ghlanluacha an infháltais a leithdháileadh idir an chuid den tsócmhainn a dhí-aithnítear agus an chuid a leantar dá haithint. Mura sonraítear aon táille seirbhíse nó mura bhfuil coinne leis go gcúiteoidh an táille a gheofar an t-eintiteas go leormhaith as an seirbhísiú a dhéanamh, aithneofar dliteanas seirbhísithe don oibleagáid sheirbhísithe ar a luach cóir.

    B3.2.11

    Agus luachanna córa na coda a leantar dá haithint agus na coda a dhí-aithnítear á dtomhas aige chun mír 3.2.13 a chur i bhfeidhm, cuireann eintiteas na ceanglais um thomhas luach cóir in IFRS 13 Tomhas Luach Cóiri bhfeidhm, i dteannta mhír 3.2.14.

    Aistrithe nach bhfuil i dteideal dí-aitheantais

    B3.2.12

    Seo a leanas cur i bhfeidhm an phrionsabail a leagtar amach i mír 3.2.15. Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar ráthaíocht arna soláthar ag an eintiteas le haghaidh caillteanais mhainneachtana, mar gheall gur choinnigh an t-eintiteas rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile na sócmhainne aistrithe, go substaintiúil, leantar den tsócmhainn aistrithe a aithint ina hiomláine agus aithnítear an chomaoin a fhaightear mar dhliteanas.

    Rannpháirtíocht leanúnach i sócmhainní arna aistriú

    B3.2.13

    Is samplaí iad na nithe a leanas den bhealach a thomhaiseann eintiteas sócmhainn aistrithe agus an dliteanas a bhaineann léi faoi mhír 3.2.16.

    Na sócmhainní uile

    (a)

    Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar ráthaíocht arna soláthar ag eintiteas chun íoc as caillteanais mhainneachtana go feadh na rannpháirtíochta leanúnaí, tomhaistear an tsócmhainn aistrithe ó dháta an aistrithe ar an méid is ísle idir (i) suim ghlanluacha na sócmhainne agus (ii) uasmhéid na comaoine a fuarthas san aistriú a d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas a aisíoc (‘an méid ráthaíochta’). Tomhaistear an dliteanas bainteach ar an méid ráthaíochta móide luach cóir na ráthaíochta ar dtús (arb é an chomaoin a fuarthas don ráthaíocht, de ghnáth). Ina dhiaidh sin, aithnítear luach cóir tosaigh na ráthaíochta i mbrabús nó caillteanas nuair (nó de réir mar) a chomhlíontar an oibleagáid (i gcomhréir le prionsabail IFRS 15) agus laghdaítear suim ghlanluacha na sócmhainne faoi aon lamháltas caillteanais.

    Sócmhainní a thomhaistear ar chostas amúchta

    (b)

    Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar oibleagáid céadrogha ar dhíol arna gealladh ag eintiteas nó mar gheall ar cheart chun céadrogha ar cheannach arna sealbhú ag eintiteas, agus má thomhaiseann an t-eintiteas an tsócmhainn aistrithe ar chostas amúchta, tomhaistear an dliteanas a bhaineann léi ar a chostas (i.e. an chomaoin a fuarthas) arna choigeartú i leith amúchadh aon difríocht idir an costas sin agus oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne aistrithe ar dháta éaga na rogha. Glac leis, mar shampla, gurb é AA98 oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne ar dháta an aistrithe agus gurb é AA95 an chomaoin a fuarthas. Is é AA100 a bheidh in oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne ar dháta feidhmithe na rogha. Is é AA95 suim ghlanluacha thosaigh an dliteanais a bhaineann léi agus aithnítear an difríocht idir AA95 agus AA100 i mbrabús nó caillteanas ag úsáid mhodh an úis ghlain. Má fheidhmítear an rogha, aithnítear aon difríocht idir suim ghlanluacha an dliteanais a bhaineann leis an tsócmhainn agus an praghas feidhmithe i mbrabús nó caillteanas.

    Sócmhainní arna dtomhas ar luachcóir

    (c)

    Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar an gceart chun céadrogha ar cheannach arna coinneáil ag eintiteas agus má thomhaiseann an t-eintiteas an tsócmhainn aistrithe ar luach cóir, leantar den tsócmhainn a thomhas ar a luach cóir. Tomhaistear an dliteanas a bhaineann leis an tsócmhainn ar (i) praghas feidhmithe na rogha lúide amluach na rogha má tá an rogha san airgead nó ag an airgead, nó (ii) luach cóir na sócmhainne aistrithe lúide amluach na rogha má tá an rogha as an airgead. Leis an gcoigeartú ar thomhas an dliteanais a bhaineann leis an tsócmhainn, áirithítear gur luach cóir an chirt chun céadrogha ar cheannach atá i suim ghlanluacha na sócmhainne agus an dliteanais a bhaineann léi. Mar shampla, i gcás inarb é AA80 luach cóir na sócmhainne foluití, inarb é AA95 praghas feidhmithe na rogha agus inarb é AA5 amluach na rogha, is é AA75 (AA80 – AA5) suim ghlanluacha an dliteanais a bhaineann leis an tsócmhainn agus is é AA80 suim ghlanluacha na sócmhainne aistrithe (i.e. a luach cóir).

    (d)

    Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar cheart chun céadrogha ar dhíol arna ghealladh ag eintiteas agus má thomhaiseann an t-eintiteas an tsócmhainn aistrithe ar luach cóir, tomhaistear an dliteanas a bhaineann leis an tsócmhainn ar phraghas feidhmithe na rogha móide amluach na rogha. Tá tomhas na sócmhainne ar luach cóir teoranta don cheann is ísle idir an luach cóir agus praghas feidhmithe na rogha ós rud é nach bhfuil aon cheart ag an eintiteas chun méaduithe ar luach cóir na sócmhainne aistrithe os cionn phraghas feidhmithe na rogha. Áirithítear leis sin gur luach cóir na hoibleagáide um chéadrogha ar dhíol atá i suim ghlanluacha na sócmhainne agus an dliteanais a bhaineann léi. Mar shampla, i gcás inarb é AA120 luach cóir na sócmhainne foluití, inarb é AA100 praghas feidhmithe na rogha agus inarb é AA5 amluach na rogha, is é AA105 (AA100 + AA5) suim ghlanluacha an dliteanais a bhaineann leis an tsócmhainn agus is é AA100 suim ghlanluacha na sócmhainne (praghas feidhmithe na rogha, sa chás seo).

    (e)

    Má chuirtear cosc ar dhí-aithint sócmhainne aistrithe mar gheall ar choiléar, i bhfoirm céadrogha ar cheannach ceannaithe agus céadrogha geallta ar dhíol, agus má thomhaiseann an t-eintiteas an tsócmhainn ar luach cóir, leanann sé den tsócmhainn a thomhas ar luach cóir. Tomhaistear an dliteanas a bhaineann leis an tsócmhainn ar (i) suim phraghas feidhmithe na céadrogha ar cheannach agus luach cóir na céadrogha ar dhíol lúide amluach na céadrogha ar cheannach, má tá an céadrogha ar cheannach san airgead nó ag an airgead, nó (ii) suim luach cóir na sócmhainne agus luach cóir na céadrogha ar dhíol lúide amluach na céadrogha ar cheannach má tá an céadrogha ar cheannach as an airgead. Leis an gcoigeartú ar an dliteanas a bhaineann leis an tsócmhainn, áirithítear gur luach cóir na roghanna arna sealbhú agus arna ngealladh ag an eintiteas atá i suim ghlanluacha na sócmhainne agus an dliteanais a bhaineann léi. Glac leis, mar shampla, go n-aistríonn eintiteas sócmhainn airgeadais arna tomhas ar luach cóir agus go gceannaíonn sé céadrogha ar cheannach ag a bhfuil praghas feidhmithe AA120 agus go ngeallann sé céadrogha ar dhíol ag a bhfuil praghas feidhmithe AA80 an tráth céanna. Glac leis freisin gurb é AA100 luach cóir na sócmhainne ar dháta an aistrithe. Is iad AA1 agus AA5 amluach na céadrogha ar dhíol agus na céadrogha ar cheannach, faoi seach. Sa chás sin, aithníonn an t-eintiteas sócmhainn AA100 (luach cóir na sócmhainne) agus dliteanas AA96 [(AA100 + AA1) – AA5]. Leis sin, is é AA4 glanluach na sócmhainne, arb ionann é agus luach cóir na roghanna arna sealbhú agus arna ngealladh ag an eintiteas.

    Na haistrithe uile

    B3.2.14

    A mhéid nach bhfuil aistriú sócmhainne airgeadais i dteideal dí-aitheantais, ní choinnítear cuntas ar leithligh ar chearta conarthacha ná ar oibleagáidí an aistreora a bhaineann leis an aistriú mar dhíorthaigh, más rud é go mbeadh mar thoradh ar aithint an díorthaigh agus na sócmhainne aistrithe nó an dliteanas a eascraíonn as an aistriú, go ndéanfaí na cearta nó na hoibleagáidí céanna a aithint faoi dhó. Mar shampla, d’fhéadfadh céadrogha ar cheannach arna coinneáil ag an aistreoir cosc a chur ar chuntas a choinneáil ar aistriú sócmhainní airgeadais mar dhíolachán. Sa chás sin, ní dhéantar an céadrogha ar cheannach a aithint ar leithligh mar shócmhainn dhíorthach.

    B3.2.15

    A mhéid nach bhfuil aistriú sócmhainne airgeadais i dteideal dí-aitheantais, ní aithníonn an t-aistrí an tsócmhainn aistrithe mar a shócmhainn. Dí-aithníonn an t-aistrí an t-airgead tirim nó an chomaoin eile a íocadh agus aithníonn infháltas ón aistreoir. Má tá ceart ag an aistreoir agus oibleagáid air maidir le rialú ar an tsócmhainn aistrithe uile a athfháil ar mhéid socraithe (amhail faoi chomhaontú athcheannaigh), féadfaidh an t-aistrí a infháltas a thomhas ar chostas amúchta má chomhlíonann sé na critéir i mír 4.1.2.

    Samplaí

    B3.2.16

    Léiríonn na samplaí a leanas cur i bhfeidhm phrionsabail dhí-aitheantais an Chaighdeáin seo.

    (a)

    Comhaontuithe athcheannaigh agus iasacht urrús. Má dhíoltar sócmhainn airgeadais faoi chomhaontú chun í a athcheannach ar phraghas socraithe nó ar an bpraghas díola móide toradh iasachtóra, nó má thugtar ar iasacht í faoi chomhaontú chun í a thabhairt ar ais don aistreoir, ní dhí-aithnítear í toisc go gcoinníonn an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile, go substaintiúil. Má fhaigheann an t-aistrí an ceart chun an tsócmhainn a dhíol nó a ghealladh, déanann an t-aistreoir an tsócmhainn a athaicmiú ina ráiteas ar an staid airgeadais, mar shócmhainn ar iasacht nó mar infháltas athcheannaigh, mar shampla.

    (b)

    Comhaontuithe athcheannaigh agus iasacht urrús—sócmhainní atá mar an gcéanna go substaintiúil. Má dhíoltar sócmhainn airgeadais faoi chomhaontú chun an tsócmhainn chéanna nó chun sócmhainn atá mar an gcéanna go substaintiúil a athcheannach ar phraghas socraithe nó ar an bpraghas díola móide toradh iasachtóra, nó má thugtar nó má fhaightear sócmhainn airgeadais ar iasacht faoi chomhaontú chun an tsócmhainn chéanna nó chun sócmhainn atá mar an gcéanna go substaintiúil a thabhairt ar ais don aistreoir, ní dhí-aithnítear í toisc go gcoinníonn an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile, go substaintiúil.

    (c)

    Comhaontuithe athcheannaigh agus iasacht urrús—ceart ionadaíochta. Má thugann comhaontú athcheannaigh ar phraghas athcheannaigh socraithe nó ar phraghas atá cothrom leis an bpraghas díola móide toradh iasachtóra, nó idirbheart iasachta urrús, ceart don aistrí chun sócmhainní atá comhchosúil agus ag a bhfuil luach cóir atá cothrom leis an tsócmhainn aistrithe ar dháta an athcheannaigh a ionadú, ní dhí-aithnítear an tsócmhainn a dhíoltar nó a thugtar ar iasacht faoi idirbheart athcheannaigh nó faoi idirbheart iasachta urrús, toisc go gcoinníonn an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil.

    (d)

    Ceart athcheannaigh an chéad diúltú ar luach cóir. Má dhíolann eintiteas sócmhainn airgeadais agus mura gcoinníonn sé ach ceart an chéad diúltú chun an tsócmhainn airgeadais a athcheannach ar luach cóir i gcás ina ndíolann an t-aistrí ina dhiaidh sin í, dí-aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn toisc gur aistrigh sé na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil.

    (e)

    Idirbheart díola cothromacain. Déantar tagairt uaireanta d’athcheannach sócmhainne airgeadais go gairid tar éis í a dhíol mar dhíol cothromacain. Le hathcheannach den sórt sin, ní chuirtear bac ar dhí-aitheantas ar choinníoll gur chomhlíon an t-idirbheart bunaidh na ceanglais dí-aitheantais. Ní dhí-aithnítear an tsócmhainn, áfach, i gcás ina ndéantar comhaontú chun sócmhainn airgeadais a dhíol an tráth céanna a dhéantar comhaontú chun an tsócmhainn chéanna a athcheannach ar phraghas socraithe nó ar an bpraghas díola móide toradh iasachtóra.

    (f)

    Céadroghanna ar dhíol agus céadroghanna ar cheannach atá go domhain san airgead. I gcás ina bhféadfaidh an t-aistreoir sócmhainn airgeadais aistrithe a ghlaoch ar ais agus ina bhfuil an céadrogha ar cheannach go domhain san airgead, níl an t-aistriú i dteideal dí-aitheantais toisc gur choinnigh an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil. Mar an gcéanna, i gcás ina bhféadfaidh an t-aistrí an tsócmhainn airgeadais aistrithe a chur ar ais agus ina bhfuil an céadrogha ar dhíol go domhain san airgead, níl an t-aistriú i dteideal dí-aitheantais toisc gur choinnigh an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil.

    (g)

    Céadroghanna ar dhíol agus céadroghanna ar cheannach atá go domhain as an airgead. Sócmhainn airgeadais a aistrítear agus gan í faoi réir ach ag céadrogha ar dhíol atá go domhain as an airgead arna sealbhú ag an aistrí nó ag céadrogha ar cheannach atá go domhain as an airgead arna sealbhú ag an aistreoir, dí-aithnítear í. Is amhlaidh an cás toisc gur aistrigh an t-aistreoir na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil.

    (h)

    Sócmhainní a bhfuil fáil éasca orthu agus atá faoi réir céadrogha ar cheannach nach bhfuil go domhain san airgead ná go domhain as an airgead. I gcás ina sealbhaíonn eintiteas céadrogha ar cheannach maidir le sócmhainn a bhfuil fáil éasca uirthi agus nach bhfuil an chéadrogha go domhain san airgead ná go domhain as an airgead, dí-aithnítear an tsócmhainn. Is amhlaidh an cás toisc (i) nach bhfuil na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil coinnithe ná aistrithe ag an eintiteas, agus (ii) nach bhfuil rialú coinnithe aige. I gcás nach bhfuil fáil éasca ar an tsócmhainn sa mhargadh, áfach, cuirtear bac ar dhí-aitheantas go feadh méid na sócmhainne atá faoi réir na céadrogha ar cheannach toisc go bhfuil rialú ar an tsócmhainn coinnithe ag an eintiteas.

    (i)

    Sócmhainn nach bhfuil fáil éasca uirthi agus atá faoi réir céadrogha ar cheannach arna gealladh ag eintiteas nach bhfuil go domhain san airgead ná go domhain as an airgead. I gcás ina n-aistríonn eintiteas sócmhainn airgeadais nach bhfuil fáil éasca uirthi sa mhargadh, agus ina ngeallann sé céadrogha ar dhíol nach bhfuil go domhain as an airgead, ní choinníonn ná ní aistríonn an t-eintiteas na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil mar gheall ar an gcéadrogha gheallta ar dhíol. Coinníonn an t-eintiteas rialú ar an tsócmhainn má tá an chéadrogha ar dhíol sách luachmhar chun cosc a chur ar an aistrí an tsócmhainn a dhíol, agus sa chás sin leantar den tsócmhainn a aithint go feadh méid rannpháirtíocht leanúnach an aistreora (féach mír B3.2.9). Aistríonn an t-eintiteas rialú ar an tsócmhainn mura bhfuil an chéadrogha ar dhíol sách luachmhar chun cosc a chur ar an aistrí an tsócmhainn a dhíol, agus sa chás sin dí-aithnítear an tsócmhainn.

    (j)

    Sócmhainní faoi réir céadrogha ar dhíol nó céadrogha ar cheannach ar luach cóir nó réamh-chomhaontú athcheannaigh. Aistriú sócmhainne airgeadais nach bhfuil ach faoi réir céadrogha ar dhíol nó ar cheannach nó ag réamh-chomhaontú athcheannaigh ag a bhfuil praghas feidhmithe nó athcheannaigh atá cothrom le luach cóir na sócmhainne airgeadais tráth an athcheannaigh, is dí-aitheantas an toradh air sin mar gheall ar aistriú na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil.

    (k)

    Céadroghanna airgeadsocraithe ar cheannach nó ar dhíol. Déanann eintiteas meastóireacht ar aistriú sócmhainne airgeadais atá faoi réir céadrogha ar dhíol nó ar cheannach nó ag réamh-chomhaontú athcheannaigh a shocrófar a ghlanluach in airgead tirim chun a chinneadh cé acu a choinnigh sé nó a d’aistrigh sé na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil. Murar choinnigh nó murar aistrigh an t-eintiteas rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta na sócmhainne aistrithe uile go substaintiúil, cinneann sé cé acu ar choinnigh nó nár choinnigh sé rialú ar an tsócmhainn aistrithe. Cé go socraítear glanluach na céadrogha ar dhíol nó ar cheannach nó an réamh-chomhaontaithe athcheannaigh in airgead tirim, ní chiallaíonn sin go huathoibríoch gur aistrigh an t-eintiteas rialú (féach míreanna B3.2.9 agus (g), (h) agus (i) thuas).

    (l)

    Foráil maidir le cuntais a bhaint. Is éard atá i bhforáil maidir le cuntais a bhaint, céadrogha neamhchoinníollach (ar cheannach) a thugann an ceart d’eintiteas chun sócmhainní aistrithe a aiséileamh, faoi réir roinnt srianta. Ar choinníoll go mbíonn mar thoradh ar rogha den sórt sin nach gcoinníonn ná nach n-aistríonn an t-eintiteas na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil, ní chuireann sí bac ar dhí-aitheantas ach amháin go feadh an mhéid atá faoi réir athcheannaigh (ag glacadh leis nach bhféadfaidh an t-aistrí na sócmhainní a dhíol). Mar shampla, sa chás gurb é AA100000 an tsuim ghlanluacha agus fáltais ó aistriú sócmhainní iasachta agus go bhféadfaí aon iasacht aonair a ghlaoch ar ais ach nach bhféadfadh an méid comhiomlán iasachtaí a d’fhéadfaí a athcheannach a bheith níos mó ná AA10000, bheadh AA90000 de na hiasachtaí i dteideal dí-aitheantais.

    (m)

    Ceannach farasbairr. Féadfaidh eintiteas, a d’fhéadfadh aistreoir a bheith i gceist leis, a sheirbhísíonn sócmhainní aistrithe, ceannach farasbairr a reáchtáil chun a bhfuil fágtha de shócmhainní aistrithe a cheannach nuair a thiteann méid na sócmhainní gan íoc go dtí leibhéal sonraithe ar a dtagann an costas chun na sócmhainní sin a sheirbhísiú chun bheith ródhian i comparáid le tairbhí an tseirbhísithe. Ar choinníoll go bhfuil mar thoradh ar cheannach farasbairr den sórt sin nach gcoinníonn ná nach n-aistríonn an t-eintiteas na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile go substaintiúil agus nach bhféadfaidh an t-aistrí na sócmhainní a dhíol, ní chuirtear bac ar dhí-aitheantas ach amháin go feadh méid na sócmhainní atá faoi réir na céadrogha ar cheannach.

    (n)

    Leasanna coinnithe fo-ordaithe agus ráthaíochtaí creidmheasa. Féadfaidh eintiteas feabhsú creidmheasa a sholáthar don aistrí trína leas coinnithe iomlán sa tsócmhainn aistrithe, nó cuid den leas sin, a fho-ordú. De rogha air sin, féadfaidh eintiteas feabhsú creidmheasa a sholáthar don aistrí i bhfoirm ráthaíochta creidmheasa a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta nó teoranta do mhéid sonraithe. Má choinníonn an t-eintiteas rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta uile na sócmhainne airgeadais go substaintiúil, leantar den tsócmhainn a aithint ina hiomláine. Má choinníonn an t-eintiteas cuid de na rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta, ach nach gcoinníonn sé iad uile go substaintiúil, cuirtear bac ar dhí-aitheantas go feadh méid an airgid thirim nó na sócmhainní eile a d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas a íoc.

    (o)

    Babhtálacha an toraidh iomláin. Féadfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais a dhíol le haistrí agus babhtáil toraidh iomlán a dhéanamh leis an aistrí, ina n-íoctar an sreabhadh airgid íocaíochta úis uile ón tsócmhainn fholuiteach leis an eintiteas mar mhalairt ar íocaíocht sheasta nó íocaíocht ráta comhlúthach agus ina n-iompraíonn an t-eintiteas aon mhéadú nó laghdú ar luach cóir na sócmhainne foluití. I gcás den sórt sin, toirmisctear dí-aitheantas na sócmhainne uile.

    (p)

    Babhtálacha ráta úis. Féadfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais ráta seasta a aistriú chuig an aistrí agus babhtáil ráta úis a dhéanamh leis an aistrí chun ráta seasta úis a fháil agus chun ráta comhlúthach a íoc bunaithe ar mhéid barúlach atá cothrom le príomhshuim na sócmhainne airgeadais aistrithe. Ní chuireann an bhabhtáil ráta úis bac ar dhí-aitheantas na sócmhainne aistrithe ar choinníoll nach mbraitheann na híocaíochtaí ar an mbabhtáil ar íocaíochtaí a bheith á ndéanamh ar an tsócmhainn aistrithe.

    (q)

    Babhtálacha ráta úis amúchta. Féadfaidh eintiteas sócmhainn airgeadais ráta seasta a íoctar le himeacht ama a aistriú chuig aistrí agus babhtáil ráta úis amúchta a dhéanamh leis an aistrí chun ráta seasta úis a fháil agus chun ráta comhlúthach a íoc bunaithe ar mhéid barúlach. Má amúchann méid barúlach na babhtála ionas go bhfuil sé cothrom le príomhshuim na sócmhainne airgeadais aistrithe atá gan íoc ag aon tráth, is éard a bheadh mar thoradh ar an mbabhtáil go ginearálta, go gcoinneodh an t-eintiteas riosca réamhíocaíochta substaintiúil, agus sa chás sin leanann an t-eintiteas den tsócmhainn aistrithe iomlán a aithint nó leanann sé den tsócmhainn aistrithe a aithint go feadh méid a rannpháirtíochta leanúnaí. Os a choinne sin, mura bhfuil amúchadh mhéid barúlach na babhtála nasctha le príomhshuim na sócmhainne aistrithe atá gan íoc, ní bheadh mar thoradh ar bhabhtáil den sórt sin go gcoinneodh an t-eintiteas riosca réamhíocaíochta ar an tsócmhainn. Dá bharr sin, ní chuirfí bac ar dhí-aitheantas na sócmhainne aistrithe ar choinníoll nach mbeadh na híocaíochtaí ar an mbabhtáil ag brath ar íocaíochtaí úis a bheith á ndéanamh ar an tsócmhainn aistrithe agus nach mbeadh mar thoradh ar an mbabhtáil go gcoinneodh an t-eintiteas aon rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta suntasacha eile maidir leis an tsócmhainn aistrithe.

    (r)

    Díscríobh. Níl aon ionchas réasúnta ag an eintiteas maidir leis an sreabhadh airgid conarthach ar shócmhainn airgeadais ina hiomláine, nó cuid de, a aisghabháil.

    B3.2.17

    Léiríonn an mhír seo cur i bhfeidhm an chur chuige um rannpháirtíocht leanúnach nuair atá rannpháirtíocht leanúnach an eintitis i gcuid de shócmhainn airgeadais.

    Glac leis go bhfuil punann iasachtaí réamh-iníoctha ag eintiteas inarb é 10 faoin gcéad a ráta cúpóin agus a nglanráta úis agus AA10,000 a bpríomhshuim agus a gcostas amúchta. Déanann sé idirbheart ina bhfaigheann an t-aistrí, mar mhalairt ar íocaíocht AA9,115, an ceart chun AA9,000 d’aon bhailiúchán príomhshuime móide ús uirthi ag 9.5 faoin gcéad. Coinníonn an t-eintiteas cearta chun AA1,000 d’aon bhailiúchán príomhshuime móide ús uirthi ag 10 faoin gcéad, móide barrachas raoin difríochta 0.5 faoin gcéad ar an AA9,000 atá fágtha den phríomhshuim. Déantar bailiúcháin ó réamhíocaíochtaí a leithdháileadh idir an t-eintiteas agus an t-aistrí go comhréireach ar chóimheas 1:9, ach asbhaintear aon mhainneachtain as ús AA1,000 an eintitis go dtí go mbeidh an t-ús sin ídithe. Is é AA10,100 luach cóir na n-iasachtaí ar dháta an idirbhirt agus is é AA40 luach cóir bharrachas an raoin difríochta 0.5 faoin gcéad.

    Cinneann an t-eintiteas go bhfuil roinnt rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta suntasacha aistrithe aige (riosca réamhíocaíochta suntasach, mar shampla) ach go bhfuil roinnt rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta suntasacha coinnithe aige freisin (mar gheall ar a leas coinnithe fo-ordaithe) agus go bhfuil rialú coinnithe aige. Dá bhrí sin, cuireann sé an cur chuige um rannpháirtíocht leanúnach i bhfeidhm.

    Chun an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm, déanann an t-eintiteas anailís ar an idirbheart mar (a) leas coinnithe AA1,000 atá go hiomlán comhréireach, móide (b) fo-ordú an leasa choinnithe sin chun feabhsú creidmheasa a sholáthar don aistrí le haghaidh caillteanais chreidmheasa.

    Ríomhann an t-eintiteas go dtugann AA9,090 (90 % × AA10,100) den chomaoin AA9,115 a fuarthas léiriú ar an gcomaoin le haghaidh sciar 90 faoin gcéad go hiomlán comhréireach. Tugann a bhfuil fágtha den chomaoin a fuarthas (AA25) léiriú ar chomaoin a fuarthas chun a leas coinnithe a fho-ordú chun feabhsú creidmheasa a sholáthar don aistrí le haghaidh caillteanais chreidmheasa. Ina theannta sin, tugann an barrachas raoin difríochta 0.5 faoin gcéad léiriú ar chomaoin a fuarthas le haghaidh an fheabhsaithe creidmheasa. Dá réir sin, is é AA65 (AA25 + AA40) an chomaoin iomlán a fuarthas le haghaidh an fheabhsaithe creidmheasa.

    Ríomhann an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas ar dhíolachán an sciar 90 faoin gcéad den sreabhadh airgid. Ag glacadh leis nach bhfuil luachanna córa ar leithligh den chuid 90 faoin gcéad a aistríodh agus den chuid 10 faoin gcéad a coinníodh ar fáil ar dháta an aistrithe, leithdháileann an t-eintiteas suim ghlanluacha na sócmhainne i gcomhréir le mír 3.2.14 de IFRS 9 mar a leanas:

     

    Luach cóir

    Céatadán

    Suim ghlanluacha arna leithdháileadh

    Sciar arna aistriú

    9,090

    90  %

    9,000

    Sciar arna choinneáil

    1,010

    10  %

    1,000

    Iomlán

    10,100

     

    10,000

    Ríomhann an t-eintiteas a ghnóthachan nó a chaillteanas ar dhíolachán an sciar 90 faoin gcéad den sreabhadh airgid trí shuim ghlanluacha leithdháilte an sciar aistrithe a asbhaint ón gcomaoin a fuarthas, i.e. AA90 (AA9,090 – AA9,000). Is é AA1,000 suim ghlanluacha an sciar a choinnigh an t-eintiteas.

    Ina theannta sin, aithníonn an t-eintiteas an rannpháirtíocht leanúnach a leanann as fo-ordú a leasa choinnithe le haghaidh caillteanais chreidmheasa. Dá réir sin, aithníonn sé sócmhainn AA1,000 (uasmhéid an tsreafa airgid nach bhfaigheadh sé faoin bhfo-ordú), agus dliteanas bainteach AA1,065 (arb é uasmhéid an tsreafa airgid é nach bhfaigheadh sé faoin bhfo-ordú, i.e. AA1,000 móide luach cóir an fho-ordaithe, AA65).

    Úsáideann an t-eintiteas an fhaisnéis uile thuas chun cuntas a choinneáil ar an idirbheart mar a leanas:

     

    Dochar

    Rátáil

    Sócmhainn bhunaidh

    9,000

    Sócmhainn arna haithint lena fo-ordú nó an leas iarmharach

    1,000

    Sócmhainn le haghaidh na comaoine a fuarthas i bhfoirm bharrachas an raoin difríochta

    40

    Brabús nó caillteanas (gnóthachan ar aistriú)

    90

    Dliteanas

    1,065

    Airgead a fuarthas

    9,115

    Iomlán

    10,155

    10,155

    Go díreach i ndiaidh an idirbhirt, is é AA2,040 suim ghlanluacha na sócmhainne, arb é sin AA1,000, a léiríonn costas leithdháilte an sciar a coinníodh, agus AA1,040, a léiríonn rannpháirtíocht leanúnach bhreise an eintitis ó fho-ordú a leasa choinnithe le haghaidh caillteanais chreidmheasa (lena n-áirítear barrachas an raoin difríochta AA40).

    I dtréimhsí ina dhiaidh sin, aithníonn an t-eintiteas an chomaoin a fuarthas le haghaidh an fheabhsaithe creidmheasa (AA65) ar bhonn sciar ama, fabhraíonn ús ar an tsócmhainn aitheanta ag úsáid modh an úis ghlain agus aithníonn aon chaillteanas lagaithe ar na sócmhainní aitheanta. Mar shampla den cheann deireanach sin, glac leis go bhfuil caillteanas lagaithe AA300 ar na hiasachtaí foluiteacha an bhliain ina dhiaidh sin. Laghdaíonn an t-eintiteas a shócmhainn aitheanta faoi AA600 (baineann AA300 lena leas coinnithe agus baineann AA300 leis an rannpháirtíocht leanúnach bhreise a eascraíonn as fo-ordú a leasa choinnithe le haghaidh caillteanais lagaithe), agus laghdaíonn sé a dhliteanas aitheanta faoi AA300. An glantoradh air sin is ea muirear ar bhrabús nó caillteanas as caillteanais lagaithe AA300.

    Dliteanais airgeadais a dhí-aithint (Roinn 3.3)

    B3.3.1

    Múchtar dliteanas airgeadais (nó cuid de) i gcás ceachtar den dá ní seo a leanas maidir leis an bhféichiúnaí:

    (a)

    urscaoileann sé an fiachas (nó cuid de) tríd an gcreidiúnaí a íoc, go hiondúil le hairgead tirim, sócmhainní airgeadais eile, earraí nó seirbhísí; nó

    (b)

    scaoiltear go dlíthiúil ó phríomhfhreagracht as an dliteanas é (nó as cuid de), trí phróiseas dlí nó tríd an gcreidiúnaí. (Má tá ráthaíocht tugtha ag an bhféichiúnaí, féadtar an coinníoll sin a chomhlíonadh fós.)

    B3.3.2

    Má athcheannaíonn eisitheoir ionstraime fiachais an ionstraim sin, múchtar an fiachas, fiú más déantóir margaidh san ionstraim sin é an t-eisitheoir nó má bheartaíonn sé í a athdhíol sa ghearrthéarma.

    B3.3.3

    Ní dhéanann íocaíocht le tríú páirtí, lena n-áirítear iontaobhas (ar a dtugtar ‘neamhniú fiachais’ uaireanta), aisti féin, an féichiúnaí a shaoradh óna phríomhoibleagáid don chreidiúnaí, in éagmais scaoileadh dlíthiúil.

    B3.3.4

    Má íocann féichiúnaí tríú páirtí chun an oibleagáid a ghlacadh air féin agus má chuireann sé a chreidiúnaí ar an eolas gur ghlac an tríú páirtí a oibleagáid fiachais, ní dhí-aithníonn an féichiúnaí an oibleagáid fiachais ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll i mír B3.3.1(b). Má íocann an féichiúnaí tríú páirtí chun oibleagáid a ghlacadh air féin agus má fhaigheann sé scaoileadh dlíthiúil óna chreidiúnaí, tá an fiachas múchta ag an bhféichiúnaí. Má chomhaontaíonn an féichiúnaí íocaíochtaí ar an bhfiachas a dhéanamh leis an tríú páirtí nó go díreach lena chreidiúnaí bunaidh, áfach, aithníonn an féichiúnaí oibleagáid fiachais nua don tríú páirtí.

    B3.3.5

    Cé go ndí-aithnítear dliteanais mar thoradh ar scaoileadh dlíthiúil, bíodh sin go breithiúnach nó ag an gcreidiúnaí, féadfaidh an t-eintiteas dliteanas nua a aithint i gcás nach gcomhlíontar na critéir dhí-aitheantais i míreanna 3.2.1–3.2.23 maidir leis na sócmhainní airgeadais arna n-aistriú. Mura gcomhlíontar na critéir sin, ní dhí-aithnítear na sócmhainní aistrithe, agus aithníonn an t-eintiteas dliteanas nua a bhaineann leis na sócmhainní aistrithe.

    B3.3.6

    Chun críoch mhír 3.3.2, tá na téarmaí éagsúil go substaintiúil más rud é go bhfuil luach láithreach lascainithe an tsreafa airgid faoi na téarmaí nua, lena n-áirítear aon táille a íocadh glan ó aon táille a fuarthas agus a lascainíodh leis an nglanráta úis, 10 % éagsúil ar a laghad ó luach láithreach lascainithe an tsreafa airgid atá fágtha den dliteanas airgeadais bunaidh. Agus na táillí sin a íocadh glan ó tháillí a fuarthas á gcinneadh aige, ní chuireann iasachtaí san áireamh ach táillí a íocadh nó a fuarthas idir an t-iasachtaí agus an t-iasachtóir, lena n-áirítear táillí a d’íoc nó a fuair an t-iasachtaí nó an t-iasachtóir thar ceann an pháirtí eile.

    B3.3.6A

    Má choinnítear cuntas ar mhalartú ionstraimí fiachais nó ar mhodhnú téarmaí mar mhúchadh, aithnítear aon chostas nó táille a thabhaítear mar chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas ar an múchadh. Mura gcoinnítear cuntas ar an malartú nó ar an modhnú mar mhúchadh, déantar aon chostas nó táille a thabhaítear suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú agus amúchtar iad le linn an téarma atá fágtha den dliteanas modhnaithe.

    B3.3.7

    I gcásanna áirithe, déanann creidiúnaí féichiúnaí a scaoileadh saor óna oibleagáid láithreach chun íocaíochtaí a dhéanamh, ach glacann an féichiúnaí oibleagáid ráthaíochta air féin chun íoc aisti má mhainníonn an páirtí a ghlacann príomhfhreagracht. Sna himthosca sin déanann an féichiúnaí:

    (a)

    dliteanas airgeadais nua a aithint bunaithe ar luach cóir a oibleagáide maidir leis an ráthaíocht, agus

    (b)

    gnóthachan nó caillteanas a aithint bunaithe ar an difríocht idir (i) aon fháltas a íocadh agus (ii) suim ghlanluacha an dliteanais airgeadais bunaidh lúide luach cóir an dliteanais airgeadais nua.

    AICMIÚ (CAIBIDIL 4)

    Aicmiú sócmhainní airgeadais (Roinn 4.1)

    Samhail ghnó an eintitis maidir le bainistiú sócmhainní airgeadais

    B4.1.1

    Le mír 4.1.1(a), éilítear ar eintiteas sócmhainní airgeadais a aicmiú ar bhonn shamhail ghnó an eintitis maidir le bainistiú na sócmhainní airgeadais, ach amháin má tá feidhm ag mír 4.1.5. Déanann eintiteas a mheasúnú an gcomhlíonann a shócmhainní airgeadais an coinníoll i mír 4.1.2(a) nó an coinníoll i mír 4.1.2A(a) ar bhonn na samhla gnó mar a chinneann príomhphearsanra bainistíochta an eintitis (mar a shainmhínítear in IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara).

    B4.1.2

    Cinntear samhail ghnó eintitis ar leibhéal a léiríonn an bealach a ndéantar grúpaí sócmhainní airgeadais a bhainistiú le chéile chun cuspóir áirithe gnó a bhaint amach. Ní bhraitheann samhail ghnó eintitis ar rúin na bainistíochta maidir le hionstraim aonair. Dá réir sin, ní cur chuige de réir na hionstraime maidir le haicmiú é an coinníoll sin agus ba cheart é a chinneadh ar leibhéal níos airde comhiomlánaithe. Féadfaidh eintiteas níos mó ná samhail ghnó amháin a bheith aige chun a ionstraimí airgeadais a bhainistiú, áfach. Dá thoradh sin, ní gá aicmiú a chinneadh ar leibhéal an eintitis thuairiscithe. Mar shampla, féadfaidh eintiteas punann infheistíochtaí a shealbhú a bhainistíonn sé chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus punann infheistíochtaí eile a shealbhú a bhainistíonn sé chun athruithe luacha chóir a réadú. Mar an gcéanna, in imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí punann infheistíochtaí de shócmhainní airgeadais a dheighilt ina bhfo-phunanna chun an leibhéal ar a mbainistíonn eintiteas na sócmhainní airgeadais sin a léiriú. Mar shampla, féadfaidh an méid sin a bheith amhlaidh má thionscnaíonn nó má cheannaíonn eintiteas punann iasachtaí morgáiste agus má bhainistíonn sé roinnt de na hiasachtaí agus an cuspóir aige sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus go mbainistíonn sé na hiasachtaí eile agus an cuspóir aige iad a dhíol.

    B4.1.2A

    Le samhail ghnó eintitis, déantar tagairt don bhealach a mbainistíonn eintiteas a shócmhainní airgeadais chun sreabhadh airgid a ghiniúint. Is é sin, cinntear le samhail ghnó eintitis cé acu a leanfaidh nó nach leanfaidh sreabhadh airgid as sreabhadh airgid conarthach a bhailiú as sócmhainní airgeadais a dhíol nó as an dá rud. Dá thoradh sin, ní dhéantar an measúnú sin ar bhonn cásanna nach bhfuil coinne réasúnach ag an eintiteas leis go dtarlóidh siad, amhail cásanna ar a dtugtar ‘an cás is measa’ nó ‘cás struis’. Mar shampla, má tá coinne ag eintiteas leis nach ndíolfaidh sé punann áirithe sócmhainní airgeadais ach amháin i gcás struis, ní dhéanfadh an cás sin difear do mheasúnú an eintitis ar an tsamhail ghnó ar ina leith a bhfuil coinne réasúnach ag an eintiteas leis nach dtarlóidh cás den sórt sin. Má réadaítear sreabhadh airgid ar bhealach atá difriúil lena raibh coinne ag an eintiteas ar an dáta a rinne an t-eintiteas measúnú ar an tsamhail gnó (má dhíolann an t-eintiteas níos mó nó níos lú sócmhainní airgeadais ná mar a bhí coinne aige leis nuair a d’aicmigh sé na sócmhainní, mar shampla), ní eascraíonn earráid réamhthréimhse as sin i ráitis airgeadais an eintitis (féach IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta), ná ní athraíonn sé an t-aicmiú ar a bhfuil fágtha de na sócmhainní airgeadais arna sealbhú sa tsamhail ghnó sin (i.e. na sócmhainní sin a d’aithin an t-eintiteas i réamhthréimhsí agus atá fós ina sheilbh) chomh fada agus a bhreithnigh an t-eintiteas an fhaisnéis ábhartha uile a bhí ar fáil an tráth a rinne sé an measúnú ar an tsamhail ghnó. Mar sin féin, nuair a dhéanann eintiteas measúnú ar an tsamhail ghnó le haghaidh sócmhainní airgeadais nuathionscanta nó nuacheannaithe, ní mór dó faisnéis faoin mbealach a réadaíodh sreabhadh airgid san am atá caite a bhreithniú, chomh maith leis an bhfaisnéis ábhartha eile ar fad.

    B4.1.2B

    Is fíoras agus ní dearbhú amháin í samhail ghnó eintitis chun sócmhainní airgeadais a bhainistiú. Tá sí inbhraite, go ginearálta, trí na gníomhaíochtaí a dhéanann an t-eintiteas chun cuspóirí na samhla gnó a bhaint amach. Beidh ar eintiteas breithiúnas a thabhairt agus measúnú á dhéanamh aige ar a shamhail ghnó chun sócmhainní airgeadais a bhainistiú agus tá níos mó ná aon fhachtóir amháin ná aon ghníomhaíocht amháin i gceist leis an measúnú sin. Ina ionad sin, ní mór don eintiteas an fhianaise ábhartha ar fad atá ar fáil ar dháta an mheasúnaithe a bhreithniú. Áirítear le fianaise ábhartha den sórt sin na nithe seo a leanas, ach ní hé an fhianaise seo amháin atá i gceist:

    (a)

    an bealach a ndéantar meastóireacht ar fheidhmíocht na samhla gnó agus na sócmhainní airgeadais a arna sealbhú laistigh den tsamhail ghnó sin agus an bealach a dtuairiscítear iad do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis;

    (b)

    na rioscaí a dhéanann difear d’fheidhmíocht na samhla gnó (agus na sócmhainní airgeadais arna sealbhú laistigh den tsamhail ghnó sin) agus, go háirithe, an bealach a ndéantar na rioscaí sin a bhainistiú; agus

    (c)

    an bealach a n-íoctar bainisteoirí an ghnó (cé acu ar luach cóir na sócmhainní arna mbainistiú nó ar an sreabhadh airgid conarthach arna bhailiú a bhunaítear an pá).

    Samhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú

    B4.1.2C

    Sócmhainní airgeadais arna sealbhú laistigh de shamhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú, déantar iad a bhainistiú chun sreabhadh airgid a réadú trí íocaíochtaí conarthacha a bhailiú le linn shaolré na hionstraime. Is é sin, bainistíonn an t-eintiteas na sócmhainní arna sealbhú laistigh den phunann chun an sreabhadh airgid conarthach áirithe sin a bhailiú (seachas an toradh foriomlán ar an bpunann a bhainistiú trí shócmhainní a shealbhú agus a dhíol). Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a réadófar nó nach réadófar an sreabhadh airgid sin trí shreabhadh airgid conarthach na sócmhainní airgeadais a bhailiú, is gá minicíocht, luach agus uainiú na ndíolachán i réamhthréimhsí a bhreithniú, chomh maith leis na cúiseanna leis na díolachán sin agus ionchais maidir le gníomhaíocht díolacháin amach anseo. Ní hiad díolacháin amháin a chinneann an tsamhail ghnó, áfach, agus dá bhrí sin ní féidir iad a bhreithniú astu féin. Ina ionad sin, le faisnéis faoi dhíolacháin roimhe seo agus ionchais faoi dhíolacháin amach anseo, tugtar fianaise a bhaineann leis an mbealach a mbaintear amach cuspóir sonraithe an eintitis maidir leis na sócmhainní airgeadais a bhainistiú agus, go sonrach, an bealach a réadaítear sreabhadh airgid. Ní mór d’eintiteas faisnéis faoi dhíolacháin roimhe seo a bhreithniú i gcomhthéacs na gcúiseanna a bhí leis na díolacháin sin agus na gcoinníollacha a bhí ann ag an am, i gcomparáid leis na coinníollacha atá ann faoi láthair.

    B4.1.3

    Cé go bhféadfadh sé gurb é is cuspóir do shamhail ghnó eintitis sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú, ní gá don eintiteas na hionstraimí uile sin a shealbhú go dtí go dtéann siad in aibíocht. Dá bhrí sin, féadfaidh samhail ghnó eintitis a bheith faoi shócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú fiú i gcás ina dtarlaíonn díolacháin sócmhainní airgeadais nó ina bhfuil coinne leis go dtarlóidh siad amach anseo.

    B4.1.3A

    D’fhéadfadh an tsamhail ghnó a bheith faoi shócmhainní a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú fiú má dhíolann an t-eintiteas sócmhainní airgeadais i gcás ina dtagann méadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní. Lena chinneadh cé acu a tháinig nó nár tháinig méadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní, breithníonn an t-eintiteas faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi, lena n-áirítear faisnéis réamhbhreathnaitheach. Gan beann ar a minicíocht ná ar a luach, níl díolacháin de bharr méadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní neamh-chomhsheasmhach le samhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú, toisc go bhfuil cáilíocht creidmheasa sócmhainní airgeadais ábhartha maidir le cumas an eintitis sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Gníomhaíochtaí bainistithe riosca creidmheasa atá dírithe ar chaillteanais chreidmheasa fhéideartha mar gheall ar throchlú creidmheasa a íoslaghdú, is cuid dhílis iad de shamhail ghnó den sórt sin. Is sampla de dhíolachán a tharla mar gheall ar mhéadú ar riosca creidmheasa é sócmhainn airgeadais a dhíol mar gheall nach gcomhlíonann sí na critéir chreidmheasa arna sonrú i mbeartas infheistíochta doiciméadaithe an eintitis a thuilleadh. In éagmais beartas den sórt sin, áfach, féadfaidh an t-eintiteas a léiriú ar bhealaí eile gur tharla an díolachán de bharr mhéadú ar riosca creidmheasa.

    B4.1.3B

    Díolacháin a tharlaíonn ar chúiseanna eile, amhail díolacháin a dhéantar chun comhchruinniú riosca creidmheasa a bhainistiú (gan méadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní), féadfaidh siad a bheith comhsheasmhach le samhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Féadfaidh díolacháin den sórt sin a bheith comhsheasmhach go háirithe le samhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú más annamh a tharlaíonn na díolacháin sin (fiú má tá siad suntasach ó thaobh luacha de) nó neamhshuntasach ó thaobh luacha de go haonarach agus go comhiomlán araon (fiú má tharlaíonn siad go minic). Má dhéantar níos mó ná méid annamh díolachán den sórt sin as punann agus má tá na díolacháin sin níos mó ná neamhshuntasach ó thaobh luacha de (go haonarach nó go comhiomlán), is gá don eintiteas measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil díolacháin den sórt sin comhsheasmhach leis an gcuspóir go mbaileofar sreabhadh airgid conarthach, agus má tá, cén chaoi a bhfuil siad comhsheasmhach. Níl sé ábhartha don mheasúnú sin cé acu arb é tríú páirtí a fhorchuireann an ceanglas maidir leis na sócmhainní airgeadais a dhíol nó arb é de rogha an eintitis atá an ghníomhaíocht sin. Méadú ar mhinicíocht nó ar luach díolachán i dtréimhse áirithe, ní gá go bhfuil sin neamh-chomhsheasmhach leis an gcuspóir go sealbhófar sócmhainní airgeadais chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú, i gcás ina bhféadfaidh eintiteas na cúiseanna a bhí leis na díolacháin sin a mhíniú agus an fáth nach léiríonn na díolacháin sin athrú ar shamhail ghnó an eintitis a thaispeáint. Ina theannta sin, féadfaidh díolacháin a bheith comhsheasmhach leis an gcuspóir go sealbhófar sócmhainní airgeadais chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú i gcás ina ndéantar na díolacháin gar d’aibíocht na sócmhainní airgeadais agus ina ndéanann na fáltais ó na díolacháin neastachán ar a bhfuil fágtha den sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    B4.1.4

    Seo a leanas samplaí de chásanna inarb é is cuspóir do shamhail ghnó eintitis sócmhainn airgeadais a shealbhú chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Ní liosta uileghabhálach é an liosta samplaí. Ina theannta sin, níl na samplaí beartaithe na fachtóirí uile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le measúnú ar shamhail ghnó an eintitis a phlé, ná tábhacht choibhneasta na bhfachtóirí uile a shonrú.

    Sampla

    Anailís

    Sampla 1

    Tá infheistíochtaí i seilbh eintitis chun a shreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Tá riachtanais chistiúcháin an eintitis intuartha agus déantar aibíocht a sócmhainní airgeadais a mheaitseáil le riachtanais chistiúcháin mheasta an eintitis.

    Déanann an t-eintiteas gníomhaíochtaí bainistithe riosca creidmheasa arb é is cuspóir dóibh caillteanais chreidmheasa a íoslaghdú. Roimhe seo, tharla díolacháin de ghnáth nuair a tháinig méadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní airgeadais a mhéid nár chomhlíon na sócmhainní na critéir chreidmheasa a shonraítear i mbeartas infheistíochta doiciméadaithe an eintitis a thuilleadh. Ina theannta sin, tharla díolacháin annamha de thoradh riachtanais chistiúcháin gan choinne.

    Díríonn tuairiscí le príomhphearsanra bainistíochta ar cháilíocht creidmheasa na sócmhainní airgeadais agus ar an toradh conarthach. Déanann an t-eintiteas faireachán ar luachanna córa na sócmhainní airgeadais freisin, i measc faisnéis eile.

    Cé go mbreithníonn an t-eintiteas luachanna córa na sócmhainní airgeadais ó pheirspictíocht leachtachta (i.e. an méid airgid tirim a réadófaí dá mbeadh ar an eintiteas sócmhainní a dhíol), i measc faisnéis eile, is é cuspóir an eintitis na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Ní sháródh díolacháin an cuspóir sin dá mbeidís ina bhfreagairt ar mhéadú ar riosca creidmheasa na sócmhainní, mar shampla mura gcomhlíonann na sócmhainní na critéir chreidmheasa a shonraítear i mbeartas infheistíochta doiciméadaithe an eintitis a thuilleadh. Ní sháródh díolacháin annamha a leanfadh as riachtanais chistiúcháin gan choinne ach oiread (e.g. i gcás struis), fiú i gcás ina mbeadh luach suntasach ag díolacháin den sórt sin.

    Sampla 2

    Is é samhail ghnó eintitis punanna sócmhainní airgeadais, amhail iasachtaí, a cheannach. Is féidir go n-áireofar nó nach n-áireofar ar na punanna sin sócmhainní airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu.

    Mura ndéantar íocaíocht ar na hiasachtaí go tráthúil, déanann an t-eintiteas iarracht an sreabhadh airgid conarthach a réadú ar bhealaí éagsúla—trí theagmháil a dhéanamh leis an bpríomhfhéichiúnaí tríd an bpost, ar an teileafón nó ar bhealaí eile, mar shampla. Is é is cuspóir don eintiteas an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus ní bhainistíonn an t-eintiteas aon cheann de na hiasachtaí sa phunann seo agus an cuspóir aige sreabhadh airgid a réadú trína dhíol.

    I gcásanna áirithe, déanann an t-eintiteas babhtálacha ráta úis chun an ráta úis ar shócmhainní airgeadais áirithe i bpunann a athrú ó ráta úis comhlúthach go dtí ráta úis seasta.

    Is é samhail bainistíochta an eintitis na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Bheadh feidhm ag an anailís chéanna fiú i gcás nach mbeadh coinne ag an eintiteas leis go bhfaigheadh sé an sreabhadh airgid conarthach ar fad (e.g. bhí fadhbanna creidmheasa ag roinnt de na sócmhainní airgeadais tráth aitheantais tosaigh).

    Thairis sin, cé go ndéanann an t-eintiteas conarthaí nó ionstraimí díorthacha chun sreabhadh airgid na punainne a mhodhnú, ní athraíonn sin ann féin samhail ghnó an eintitis.

    Sampla 3

    Tá samhail ghnó ag eintiteas arb é is cuspóir di iasachtaí do chustaiméirí a thionscnamh agus na hiasachtaí sin a dhíol le feithicil urrúsúcháin. Eisíonn an fheithicil urrúsúcháin ionstraimí d’infheisteoirí.

    Rialaíonn an t-eintiteas tionscnaimh an fheithicil urrúsúcháin agus comhdhlúthaíonn í dá bharr.

    Bailíonn an fheithicil urrúsúcháin an sreabhadh airgid conarthach ó na hiasachtaí agus cuireann ar aghaidh chuig a hinfheisteoirí é.

    Glactar leis chun críche an tsampla seo go leantar de na hiasachtaí a aithint sa ráiteas comhdhlúite ar an staid airgeadais toisc nach ndí-aithníonn an fheithicil urrúsúcháin iad.

    Thionscain an grúpa comhdhlúite na hiasachtaí agus an cuspóir acu iad a shealbhú chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Is é an cuspóir atá ag an eintiteas tionscnaimh, áfach, sreabhadh airgid ar an bpunann iasachtaí a réadú trí na hiasachtaí a dhíol leis an bhfeithicil urrúsúcháin, mar sin, chun críoch a ráiteas airgeadais ar leithligh, ní mheasfaí go raibh an phunann sin á bainistiú aige chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Sampla 4

    Sealbhaíonn institiúid airgeadais sócmhainní airgeadais chun riachtanais leachtachta a chomhlíonadh i ‘gcás struis’ (e.g. éileamh ar thaiscí an bhainc). Níl coinne ag eintiteas leis go ndíolfar na sócmhainní sin ach amháin i gcásanna den sórt sin.

    Déanann an t-eintiteas monatóireacht ar cháilíocht creidmheasa na sócmhainní airgeadais agus is é an cuspóir atá aige maidir leis na sócmhainní airgeadais a bhainistiú, an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Déanann an t-eintiteas meastóireacht ar fheidhmíocht na sócmhainní ar bhonn ioncam úis arna thuilleamh agus caillteanais chreidmheasa arna réadú.

    Déanann an t-eintiteas monatóireacht ar luach cóir na sócmhainní airgeadais ó pheirspictíocht leachtachta freisin, áfach, lena áirithiú go mbeadh an méid airgid thirim a réadófaí dá mba ghá leis an eintiteas na sócmhainní a dhíol i gcás struis leordhóthanach chun riachtanais leachtachta an eintitis a chomhlíonadh. Déanann an t-eintiteas díolacháin atá neamhshuntasach ó thaobh luacha de go tréimhsiúil chun leachtacht a léiriú.

    Is é cuspóir shamhail ghnó an eintitis na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Ní athródh an anailís fiú i gcás ina ndearna eintiteas díolacháin a bhí suntasach ó thaobh luacha de le linn cás struis roimhe sin chun a riachtanais leachtachta a chomhlíonadh. Mar an gcéanna, níl gníomhaíocht díolacháin athfhillteach atá neamhshuntasach ó thaobh luacha de neamh-chomhsheasmhach le sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Os a choinne sin, i gcás ina sealbhaíonn eintiteas sócmhainní airgeadais chun a riachtanais leachtachta ó lá go lá a chomhlíonadh, agus go mbaineann comhlíonadh an chuspóra sin le díolacháin atá suntasach ó thaobh luacha de a dhéanamh go minic, ní hé is cuspóir do shamhail ghnó an eintitis na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Mar an gcéanna, má cheanglaíonn a rialtóir ar eintiteas sócmhainní airgeadais a dhíol go rialta lena léiriú go bhfuil na sócmhainní leachtach, agus más suntasach é luach na sócmhainní, ní hé is cuspóir do shamhail ghnó an eintitis na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Níl sé ábhartha don anailís an bhforchuireann tríú páirtí an ceanglas maidir leis na sócmhainní airgeadais a dhíol nó an bhfuil an ghníomhaíocht sin faoi rogha an eintitis.

    Samhail ghnó a mbaintear a cuspóir amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol

    B4.1.4A

    Féadfaidh eintiteas sócmhainní airgeadais a shealbhú i samhail ghnó a mbaintear amach a cuspóir trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol. Sa chineál samhla gnó sin, tá cinneadh déanta ag príomhphearsanra bainistíochta an eintitis gur dlúthchodanna de bhaint amach chuspóir na samhla gnó iad sócmhainní airgeadais a dhíol agus sreabhadh airgid conarthach a bhailiú araon. Tá cuspóirí éagsúla ann a d’fhéadfadh a bheith comhsheasmhach leis an gcineál samhla gnó sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gurb é atá i gcuspóir na samhla gnó riachtanais leachtachta ó lá go lá a bhainistiú, próifíl ráta úis ar leith a choinneáil ar bun, nó fad na sócmhainní airgeadais a mheaitseáil le fad na ndliteanas lena maoinítear na sócmhainní sin. Chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach, baileoidh an t-eintiteas sreabhadh airgid conarthach agus díolfaidh sé sócmhainní airgeadais.

    B4.1.4B

    I gcomparáid le samhail ghnó arb é is cuspóir dó sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú, beidh díolacháin ar mhinicíocht agus luach níos airde i gceist leis an tsamhail ghnó sin, de ghnáth. Is amhlaidh sin toisc gur dlúthchuid de bhaint amach chuspóir na samhla gnó é sócmhainní airgeadais a dhíol, seachas rud nach bhfuil ach teagmhasach leis. Níl aon tairseach, áfach, maidir le minicíocht nó luach díolachán nach mór tarlú sa tsamhail ghnó sin toisc gur dlúthchuid de bhaint amach an chuspóra iad sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol.

    B4.1.4C

    Seo a leanas samplaí de chásanna ina bhféadtar cuspóir shamhail ghnó an eintitis a bhaint amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol. Ní liosta uileghabhálach é an liosta samplaí. Ina theannta sin, níl na samplaí beartaithe na fachtóirí uile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le measúnú ar shamhail ghnó an eintitis a shainmhíniú, ná tábhacht choibhneasta na bhfachtóirí uile a shonrú.

    Sampla

    Anailís

    Sampla 5

    Tá coinne ag eintiteas leis go ndéanfar caiteachas caipitil i gceann cúpla bliain. Infheistíonn an t-eintiteas a bharrachas airgid thirim i sócmhainní airgeadais gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ionas go bhféadfaidh sé an caiteachas a chistiú nuair is gá. Tá saolréanna conarthacha ag go leor de na sócmhainní airgeadais a sháraíonn an tréimhse infheistíochta a bhfuil coinne ag an eintiteas léi.

    Sealbhóidh an t-eintiteas sócmhainní airgeadais chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus, nuair a thagann deis chun cinn, díolfaidh sé sócmhainní airgeadais chun an t-airgead a athinfheistiú i sócmhainní airgeadais as a dtagann toradh níos airde.

    Tugtar luach saothair do na bainisteoirí atá freagrach as an bpunann bunaithe ar an toradh foriomlán arna ghiniúint ag an bpunann.

    Déantar cuspóir shamhail ghnó an eintitis a bhaint amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol. Déanfaidh an t-eintiteas cinntí ar bhonn leanúnach maidir le cé acu sreabhadh airgid conarthach a bhailiú nó sócmhainní airgeadais a dhíol a dhéanfaidh an toradh ar an bpunann a uasmhéadú, go dtí go mbeidh gá leis an airgead a infheistíodh.

    Os a choinne sin, cuir i gcás go bhfuil coinne ag eintiteas le heis-sreabhadh airgid i gceann 5 bliana chun caiteachas caipitil a chistiú agus go n-infheistíonn sé barrachas airgid i sócmhainní airgeadais gearrthéarmacha. Nuair a thagann na hinfheistíochtaí chun aibíochta, déanann an t-eintiteas an t-airgead a athinfheistiú i sócmhainní airgeadais gearrthéarmacha nua. Coinníonn an t-eintiteas an straitéis sin ar bun go dtí go bhfuil gá leis na cistí, agus an tráth sin, úsáideann t-eintiteas na fáltais ó na sócmhainní airgeadais atá ag dul chun aibíochta chun an caiteachas caipitil a chistiú. Ní tharlaíonn ach díolacháin atá neamhshuntasach ó thaobh luacha de roimh aibíocht (ach amháin i gcás ina dtagann méadú ar riosca creidmheasa). Is é is cuspóir don tsamhail ghnó chodarsnach sin na sócmhainní airgeadais a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    Sampla 6

    Sealbhaíonn institiúid airgeadais sócmhainní airgeadais chun a riachtanais leachtachta ó lá go lá a chomhlíonadh. Féachann an t-eintiteas le costais bhainistithe na riachtanas leachtachta sin a íoslaghdú agus dá bhrí sin, déanann sé bainistiú gníomhach ar an toradh ón bpunann. Tá an toradh sin comhdhéanta d’íocaíochtaí conarthacha a bhailiú chomh maith le gnóthachain agus caillteanais ó dhíolachán na sócmhainní airgeadais.

    Mar thoradh air sin, sealbhaíonn an t-eintiteas sócmhainní airgeadais chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus díolann sé sócmhainní airgeadais chun athinfheistiú i sócmhainní airgeadais lena mbaineann toradh níos airde nó chun fad a dhliteanas a mheaitseáil níos fearr. San am atá caite, rinneadh gníomhaíocht díolacháin go minic mar thoradh air sin agus bhí luach suntasach ag díolacháin den sórt sin. Tá coinne leis go leanfar den ghníomhaíocht sin amach anseo.

    Is é is cuspóir don tsamhail ghnó an toradh ar an bpunann an uasmhéadú chun riachtanais leachtachta ó lá go lá a chomhlíonadh, agus baineann an t-eintiteas an cuspóir sin amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol. I bhfocail eile, is dlúthchuid de bhaint amach chuspóir na samhla gnó iad sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol.

    Sampla 7

    Sealbhaíonn árachóir sócmhainní airgeadais chun dliteanais conartha árachais a chistiú. Úsáideann an t-árachóir na fáltais ón sreabhadh airgid conarthach ar na sócmhainní airgeadais chun dliteanais conartha árachais a shocrú de réir mar a bhíonn siad dlite le híoc. Lena áirithiú gur leordhóthanach é an sreabhadh airgid conarthach ó na sócmhainní airgeadais chun na dliteanais sin a shocrú, déanann an t-árachóir gníomhaíocht shuntasach ceannacháin agus díolacháin ar bhonn tráthrialta chun a phunann sócmhainní a athchothromú agus chun riachtanais sreafa airgid a chomhlíonadh de réir mar a thagann siad chun cinn.

    Is é is cuspóir don tsamhail ghnó na dliteanais conartha árachais a chistiú. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, bailíonn an t-eintiteas sreabhadh airgid conarthach de réir mar a bhíonn sé dlite le híoc agus díolann sé sócmhainní airgeadais chun próifíl inmhianaithe na punainne sócmhainní a choinneáil ar bun. Dá réir sin, is dlúthchuid de bhaint amach chuspóir na samhla gnó iad sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol.

    Samhlacha gnó eile

    B4.1.5

    Tomhaistear sócmhainní airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcás nach bhfuil siad arna sealbhú laistigh de shamhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú ná laistigh de shamhail ghnó a mbaintear a cuspóir amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol (ach féach freisin mír 5.7.5). Samhail ghnó amháin a leanann tomhas luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas aisti is ea ceann ina mbainistíonn eintiteas na sócmhainní airgeadais arb é is cuspóir di sreabhadh airgid a réadú trí na sócmhainní a dhíol. Déanann an t-eintiteas cinntí bunaithe ar luachanna córa na sócmhainní agus bainistíonn na sócmhainní chun na luachanna córa sin a réadú. Sa chás sin, is gnách gur ceannachán agus díolachán gníomhach a bheidh mar thoradh ar chuspóir an eintitis. Cé go mbaileoidh an t-eintiteas sreabhadh airgid conarthach fad a shealbhaíonn sé na sócmhainní airgeadais, ní bhaintear amach cuspóir samhla gnó den sórt sin trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus trí shócmhainní airgeadais a dhíol araon. Is amhlaidh sin toisc nach dlúthchuid de bhaint amach chuspóir na samhla gnó é sreabhadh airgid conarthach a bhailiú; ina ionad sin, is cuid theagmhasach é.

    B4.1.6

    Punann sócmhainní airgeadais a bhainistítear agus a ndéantar meastóireacht ar a feidhmíocht ar bhonn luacha chóir (mar a thuairiscítear i mír 4.2.2(b)), níl sí arna sealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú ná chun an dá rud seo araon a dhéanamh, sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol. Díríonn an t-eintiteas go príomha ar fhaisnéis maidir le luach cóir agus úsáideann sé an fhaisnéis sin chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na sócmhainní agus chun cinntí a dhéanamh. Ina theannta sin, punann sócmhainní airgeadais a chomhlíonann an sainmhíniú ar shócmhainní arna sealbhú lena dtrádáil, níl siad arna sealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú ná chun an dá rud seo araon a dhéanamh, sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol. I gcás punann den sórt sin, níl bailiú sreafa airgid chonarthaigh ach ina cuid theagmhasach de bhaint amach chuspóir na samhla gnó. Dá thoradh sin, ní mór punanna sócmhainní airgeadais den sórt sin a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    Sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc

    B4.1.7

    Le mír 4.1.1(b), ceanglaítear ar eintiteas sócmhainn airgeadais a aicmiú ar bhonn shaintréithe a shreafa airgid chonarthaigh má tá an tsócmhainn airgeadais arna sealbhú laistigh de shamhail ghnó arb é is cuspóir di sócmhainní a shealbhú chun sreabhadh airgid conarthach a bhailiú nó laistigh de shamhail ghnó a mbaintear a cuspóir amach tríd an dá rud seo araon a dhéanamh, sreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 4.1.5. Chun déanamh amhlaidh, ceanglaíonn an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) ar eintiteas a chinneadh cé acu is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá i sreabhadh airgid conarthach na sócmhainne nó nach ea.

    B4.1.7A

    Sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc, tá sé comhsheasmhach le bunsocrú iasachta. I mbunsocrú iasachta, is iad comaoin ar amluach airgid (féach míreanna B4.1.9A–B4.1.9E) agus riosca creidmheasa na gnéithe is suntasaí d’ús, go ginearálta. I socrú den sórt sin, áfach, féadfaidh comaoin ar bhunrioscaí de dheasca iasachtaí (riosca leachtachta, mar shampla) agus costais de dheasca iasachtaí (costais riaracháin, mar shampla) atá bainteach leis an tsócmhainn airgeadais a shealbhú ar feadh tréimhse áirithe ama, a bheith san áireamh le hús freisin. Ina theannta sin, féadfaidh corrlach brabúis atá comhsheasmhach le bunsocrú iasachta a bheith san áireamh le hús. In imthosca foircneacha eacnamaíocha, féadfaidh ús a bheith diúltach, mar shampla má íocann sealbhóir sócmhainne airgeadais as taisceadh a chuid airgid ar feadh tréimhse áirithe ama go sainráite nó go hintuigthe (agus má sháraíonn an táille sin an chomaoin a fhaigheann an sealbhóir ar amluach airgid, riosca creidmheasa agus bunrioscaí agus bunchostais eile de dheasca iasachtaí). Mar sin féin, téarmaí conarthacha as a n-eascraíonn neamhchosaint ar rioscaí nó luaineacht sa sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil bainteach le bunsocrú iasachta, amhail neamhchosaint ar athruithe ar phraghsanna cothromais nó tráchtearraí, ní eascraíonn astu sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc. Féadfaidh sócmhainn airgeadais thionscanta nó cheannaithe a bheith ina bunsocrú iasachta gan beann ar cé acu is iasacht ina foirm dhlíthiúil í nó nach ea.

    B4.1.7B

    De réir mhír 4.1.3(a), is príomhshuim é luach cóir sócmhainní airgeadais aitheantais tosaigh. Féadfaidh athrú teacht ar an bpríomhshuim sin le linn shaolré na sócmhainne airgeadais, áfach (má dhéantar aisíocaíocht príomhshuime, mar shampla).

    B4.1.8

    Déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc, le haghaidh an airgeadra ina n-ainmnítear an tsócmhainn airgeadais, agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach, nó nach ea.

    B4.1.9

    Is saintréith sreafa airgid chonarthaigh de chuid sócmhainní airgeadais áirithe é luamhánú. Le luamhánú, méadaítear ar athraitheacht an tsreafa airgid chonarthaigh agus is é an toradh air sin nach mbíonn saintréithe eacnamaíoch úis aige. Is samplaí de shócmhainní airgeadais a chuimsíonn luamhánú den sórt sin iad conarthaí céadrogha neamhspleácha, conarthaí réamhcheaptha agus conarthaí babhtála. Dá réir sin, ní chomhlíonann conarthaí den sórt sin an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) agus ní féidir iad a thomhas ina dhiaidh sin ar chostas amúchta ná ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile.

    Comaoin i leith am luach airgid

    B4.1.9A

    Is éard atá in amluach airgid, an ghné úis lena soláthraítear comaoin i leith imeacht ama agus ina leith sin amháin. Is é sin, ní sholáthraíonn amluach airgid comaoin i leith rioscaí nó costais eile atá bainteach leis an tsócmhainn airgeadais a shealbhú. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn an ghné comaoin i leith imeacht ama agus ina leith sin amháin, tugann eintiteas breithiúnas agus breithníonn sé fachtóirí ábhartha eile amhail an t-airgeadra ina n-ainmnítear an tsócmhainn airgeadais agus an tréimhse dá socraítear an ráta úis.

    B4.1.9B

    I gcásanna áirithe, áfach, féadtar an ghné amluacha airgid a mhodhnú (i.e. féadfaidh sé a bheith neamhfhoirfe). B’amhlaidh an cás, mar shampla, dá ndéanfaí ráta úis sócmhainne airgeadais a athshocrú go tréimhsiúil ach nach meaitseálfadh minicíocht an athshocraithe sin aibíocht an ráta úis (athshocraítear an ráta úis gach mí ag ráta 1 bhliain, mar shampla) nó dá n-athshocrófaí ráta úis institiúide airgeadais go tréimhsiúil chuig meánráta idir rátaí úis gearrthéarmacha agus fadtéarmacha áirithe. Sna cásanna sin, ní mór d’eintiteas measúnú a dhéanamh ar an modhnú lena chinneadh cé acu is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach nó nach ea. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh an t-eintiteas a bheith in ann an cinntiúchán sin a dhéanamh trí mheasúnú cáilíochtúil a dhéanamh ar an ngné amluacha airgid agus, in imthosca eile, d’fhéadfadh sé gur ghá measúnú cainníochtúil a dhéanamh.

    B4.1.9C

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar ghné amluacha airgid mhodhnaithe, is é is cuspóir dó sin a chinneadh cé chomh héagsúil a d’fhéadfadh an sreabhadh airgid conarthach (neamhlascainithe) a bheith leis an sreabhadh airgid (neamhlascainithe) a thiocfadh chun cinn mura mbeadh an ghné amluacha airgid modhnaithe (an sreabhadh airgid tagarmhairc). Mar shampla, má áirítear sa tsócmhainn airgeadais atá faoi mheasúnú ráta comhlúthach a athshocraítear gach mí ag ráta úis 1 bhliain, dhéanfadh an t-eintiteas comparáid idir an tsócmhainn airgeadais sin agus ionstraim airgeadais ag a bhfuil téarmaí conarthacha comhionanna agus an riosca creidmheasa comhionann ach amháin go ndéantar an ráta comhlúthach a athshocrú gach mí ag ráta úis 1 mhí. Dá bhféadfadh sreabhadh airgid conartha (neamhlascainithe) atá éagsúil go mór leis an sreabhadh airgid tagarmhairc (neamhlascainithe) leanúint as an ngné amluacha airgid mhodhnaithe, ní chomhlíonann an tsócmhainn airgeadais an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b). Chun an cinntiúchán sin a dhéanamh, ní mór don eintiteas iarmhairt na gné amluacha airgid modhnaithe i ngach tréimhse tuairiscithe agus go carnach le linn shaolré na hionstraime airgeadais a chur san áireamh. Níl an chúis le socrú an ráta úis ar an mbealach sin ábhartha don anailís. Más léir é, gan aon anailís nó gan mórán anailíse a dhéanamh, cé acu a d’fhéadfadh (nó nach bhféadfadh) an sreabhadh airgid conarthach (neamhlascainithe) ar an tsócmhainn airgeadais faoi mheasúnú a bheith éagsúil go mór leis an sreabhadh airgid tagarmhairc (neamhlascainithe), ní gá d’eintiteas measúnú mionsonraithe a dhéanamh.

    B4.1.9D

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar ghné amluacha airgid mhodhnaithe, ní mór d’eintiteas fachtóirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shreabhadh airgid conarthach amach anseo a chur san áireamh. Mar shampla, má tá measúnú á dhéanamh ag eintiteas ar bhanna ag a bhfuil téarma 5 bliana agus má shocraítear an ráta comhlúthach gach 6 mhí ag ráta 5 bliana, ní fhéadfaidh an t-eintiteas teacht ar an gconclúid gur íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá i sreabhadh airgid conarthach díreach mar gheall go léiríonn cuar ráta úis tráth an mheasúnaithe nach suntasach í an difríocht idir ráta úis 5 bliana agus ráta úis 6 mhí. Seachas sin, ní mór don eintiteas a bhreithniú freisin cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh athrú teacht ar an ngaolmhaireacht idir an ráta úis 5 bliana agus an ráta úis 6 mhí le linn shaolré na hionstraime ar bhealach ina bhféadfadh an sreabhadh airgid conarthach (neamhlascainithe) le linn shaolré na hionstraime a bheith éagsúil go mór leis an sreabhadh airgid tagarmhairc (neamhlascainithe). Ní mór d’eintiteas breithniú a dhéanamh ar chásanna a d’fhéadfadh tarlú go réasúnta, áfach, seachas ar gach cás a d’fheadfadh tarlú. Má thagann eintiteas ar an gconclúid go bhféadfadh an sreabhadh airgid conarthach (neamhlascainithe) a bheith éagsúil go mór leis an sreabhadh airgid tagarmhairc (neamhlascainithe), ní chomhlíonann an tsócmhainn airgeadais an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) agus dá bhrí sin ní féidir í a thomhas ar chostas amúchta ná luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile.

    B4.1.9E

    Is é an rialtas nó údarás rialaitheach a shocraíonn rátaí úis i ndlínsí áirithe. Mar shampla, d’fhéadfadh socrú rátaí úis den sórt sin a bheith mar chuid de bheartas leathan macra-eacnamaíoch nó d’fhéadfaí é a thabhairt isteach chun eintitis a spreagadh chun infheistiú in earnáil áirithe den gheilleagar. I roinnt de na cásanna sin, ní hé is cuspóir don ghné amluacha airgid comaoin i leith imeacht ama agus ina leith sin amháin a sholáthar. D’ainneoin míreanna B4.1.9A–B4.1.9D áfach, breithneofar gur ionadaí é ráta úis rialáilte ar an ngné amluacha airgid chun an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) a chur i bhfeidhm, má sholáthraíonn an ráta úis rialaithe sin comaoin atá comhsheasmhach go ginearálta le himeacht ama agus nach soláthraíonn sé neamhchosaint ar rioscaí nó luaineacht sa sreabhadh airgid conarthach atá neamh-chomhsheasmhach le bunsocrú iasachta.

    Téarmaí conarthacha a athraíonn uainiú nó méid an tsreabhaidh airgid chonarthaigh

    B4.1.10

    Má tá téarma conarthach i sócmhainn airgeadais a d’fhéadfadh uainiú nó méid an tsreafa airgid chonarthaigh a athrú (más féidir an tsócmhainn a réamhíoc roimh aibíocht nó más féidir síneadh a chur lena téarma, mar shampla), ní mór don eintiteas a chinneadh an íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn shaolré na hionstraime de bharr an téarma chonarthaigh sin. Chun an cinntiúchán sin a dhéanamh, ní mór don eintiteas measúnú a dhéanamh ar an sreabhadh airgid conarthach a d’fhéadfadh teacht chun cinn roimh an athrú ar shreabhadh airgid conarthach agus ina dhiaidh. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an eintiteas measúnú a dhéanamh freisin ar chineál aon teagmhais theagmhasaigh (i.e. an truicear) lena n-athrófaí uainiú nó méid an tsreafa airgid chonarthaigh. Cé nach fachtóir cinntitheach ann féin é cineál an teagmhais theagmhasaigh chun measúnú a dhéanamh ar cé acu is íocaíochtaí príomhshuime agus úis agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach nó nach ea, d’fhéadfadh sé a bheith ina tháscaire air sin. Mar shampla, déan ionstraim airgeadais ag a bhfuil ráta úis arna shocrú chuig ráta níos airde, i gcás ina dteipeann ar an bhféichiúnaí roinnt íocaíochtaí a dhéanamh, a chur i gcomparáid le hionstraim airgeadais ag a bhfuil ráta úis arna shocrú chuig ráta níos airde má shroicheann innéacs cothromais sonraithe leibhéal áirithe. Is mó is dóichí sa chéad chás thuasluaite gur íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin a bheidh sa sreabhadh airgid conarthach le linn shaolré na hionstraime mar gheall ar an ngaolmhaireacht idir íocaíochtaí nach ndearnadh agus méadú ar riosca creidmheasa. (Féach freisin mír B4.1.18.)

    B4.1.11

    Is samplaí iad seo a leanas de théarmaí conarthacha a leanann sreabhadh airgid conarthach astu nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc:

    (a)

    ráta comhlúthach atá comhdhéanta de chomaoin i leith an amluacha airgid, an riosca creidmheasa atá bainteach leis an bpríomhshuim gan íoc le linn tréimhse áirithe ama (ní féidir an chomaoin i leith riosca creidmheasa a chinneadh ach tráth aitheantais tosaigh, agus mar sin féadfaidh sí a bheith seasta) agus bunrioscaí agus bunchostais eile de dheasca iasachtaí, chomh maith le corrlach brabúis;

    (b)

    téarma conarthach lena gceadaítear don eisitheoir (i.e. an féichiúnaí) ionstraim fiachais a réamhíoc nó lena gceadaítear don sealbhóir (i.e. an creidiúnaí) ionstraim fiachais a chur ar ais chuig an eisitheoir roimh aibíocht, agus lena dtugann an méid réamhíocaíochta léiriú substaintiúil ar mhéideanna príomhshuime agus úis neamhíoctha ar an bpríomhshuim gan íoc, a d’fhéadfadh cúiteamh réasúnta i leith fhoirceannadh luath an chonartha a bheith san áireamh ann; agus

    (c)

    téarma conarthach lena gceadaítear don eisitheoir nó don sealbhóir síneadh a chur le téarma conartha ionstraime fiachais (i.e. rogha sínithe) agus a mbíonn mar thoradh ar théarmaí na rogha sínithe, sreabhadh airgid conarthach le linn na tréimhse sínithe nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc, agus a d’fhéadfadh cúiteamh breise réasúnta i leith shíneadh an chonartha a bheith san áireamh ann.

    B4.1.12

    D’ainneoin mír B4.1.10, sócmhainn airgeadais a chomhlíonfadh an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) ina mhalairt de chás ach nach gcomhlíonann é díreach mar thoradh ar théarma conarthach lena gceadaítear don eisitheoir (nó lena gceanglaítear air) ionstraim fiachais a réamhíoc, nó lena gceadaítear don sealbhóir (nó lena gceanglaítear air) ionstraim fiachais a chur ar ais chuig an eisitheoir roimh aibíocht, tá sí incháilithe a thomhas ar chostas amúchta nó luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile (faoi réir an coinníll i mír 4.1.2(a) nó an coinníoll i mír 4.1.2A(a) a chomhlíonadh) más amhlaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    go bhfaigheann nó go dtionscnaíonn an t-eintiteas an tsócmhainn airgeadais ar biseach nó ar lascaine i leith an mhéid chonarthaigh ar par;

    (b)

    go dtugann an méid réamhíocaíochta léiriú substaintiúil ar an méid conarthach ar par agus ar ús conarthach fabhraithe (ach atá gan íoc), a d’fhéadfadh cúiteamh réasúnta i leith fhoirceannadh luath an chonartha a bheith san áireamh ann; agus

    (c)

    gur neamhshuntasach é luach cóir na gné réamhíocaíochta nuair a aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn airgeadais ar dtús.

    B4.1.12A

    Chun míreanna B4.1.11(b) agus B4.1.12(b) a chur i bhfeidhm, beag beann ar an teagmhas nó imthoisc is cúis le foirceannadh luath an chonartha, féadfaidh páirtí cúiteamh réasúnta i leith an fhoirceanta sin a íoc nó a fháil. Mar shampla, féadfaidh páirtí cúiteamh réasúnta a íoc nó a fháil nuair a roghnaíonn sé an conradh a fhoirceannadh go luath (nó más é is cúis leis an bhfoirceannadh luath ar bhealach eile).

    B4.1.13

    Léiríonn na samplaí a leanas sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc. Ní liosta uileghabhálach é an liosta samplaí.

    Ionstraim

    Anailís

    Ionstraim A

    Is banna ag a bhfuil dáta aibíochta luaite é ionstraim A. Tá íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc nasctha le hinnéacs boilscithe den airgeadra ina n-eisítear an ionstraim. Níl an nasc boilscithe luamhánaithe agus tá an phríomhshuim cosanta.

    Is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach. Trí íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc a nascadh le hinnéacs boilscithe neamh-luamhánaithe, athshocraítear an t-amluach airgid go dtí leibhéal atá ann faoi láthair. I bhfocail eile, is léiriú ar ‘fíor’ ús é an ráta úis ar an ionstraim. Dá réir sin, is comaoin i leith amluach airgid ar an bpríomhshuim gan íoc iad na méideanna úis.

    Dá mbeadh na híocaíochtaí úis innéacsaithe le hathraitheach eile amhail feidhmíocht an fhéichiúnaí (e.g. glanioncam an fhéichiúnaí) nó le hinnéacs cothromais, áfach, ní íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc atá sa sreabhadh airgid conarthach (ach amháin más é a leanann as innéacsú fheidhmíocht an fhéichiúnaí coigeartú nach gcúitíonn an sealbhóir ach in athruithe ar riosca creidmheasa na hionstraime, amhail agus nach bhfuil sa sreabhadh airgid conarthach ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis amháin). Is amhlaidh sin toisc go léiríonn an sreabhadh airgid conarthach toradh atá neamh-chomhsheasmhach le bunsocrú iasachta (féach mír B4.1.7A).

    Ionstraim B

    Is ionstraim ráta chomhlúthaigh é ionstraim B ag a bhfuil dáta aibíochta luaite lena gceadaítear don iasachtaí an ráta úis margaidh a roghnú ar bhonn leanúnach. Mar shampla, ar gach dáta athshocraithe ráta úis, féadfaidh an t-iasachtaí roghnú idir LIBOR 3 mhí a íoc as téarma 3 mhí nó LIBOR 1 mhí a íoc as téarma 1 mhí.

    Is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach chomh fada agus a léiríonn an t-ús a íoctar le linn shaolré na hionstraime comaoin i leith an amluacha airgid, an riosca creidmheasa atá bainteach leis an ionstraim agus bunrioscaí agus bunchostais eile de dheasca iasachtaí, chomh maith le corrlach brabúis (féach mír B4.1.7A). Cé go n-athshocraítear an ráta úis LIBOR le linn shaolré na hionstraime airgeadais, ní chiallaíonn sin go ndéantar an ionstraim a dhícháiliú.

    I gcás ina bhféadfaidh an t-iasachtaí a roghnú go n-íocfaidh sé ráta úis 1 mhí arna athshocrú gach 3 mhí, déantar an ráta úis a athshocrú ar mhinicíocht nach meaitseálann aibíocht an ráta úis. Dá thoradh sin, déantar an t-amluach airgid a mhodhnú. Mar an gcéanna, má tá ráta úis conarthach ag ionstraim atá bunaithe ar théarma a fhéadfaidh dul thar a bhfuil fágtha de shaolré ionstraime (mar shampla, má íocann ionstraim ag a bhfuil aibíocht 5 bliana ráta comhlúthach a athshocraítear go tréimhsiúil ach a léiríonn aibíocht 5 bliana i gcónaí), déantar an t-amluach airgid a mhodhnú. Is amhlaidh sin toisc go bhfuil an t-ús is iníoctha i ngach tréimhse dínasctha ón tréimhse úis.

    Sna cásanna sin, ní mór d’eintiteas measúnú cáilíochtúil nó cainníochtúil a dhéanamh ar an sreabhadh airgid conarthach in aghaidh an tsreafa ar ionstraim atá comhionann ar gach slí ach amháin i gcás ina meaitseálann aibíocht an ráta úis an tréimhse úis lena chinneadh an íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach. (Ach féach mír B4.1.9E chun treoraíocht maidir le rátaí úis rialáilte a fháil.)

    Mar shampla, nuair a dhéanann sé measúnú ar bhanna ag a bhfuil téarma 5 bliana a íocann ráta comhlúthach arna athshocrú gach 6 mhí ach a léiríonn aibíocht 5 bliana i gcónaí, déanann eintiteas breithniú ar an sreabhadh airgid conarthach ar ionstraim arna hathshocrú gach 6 mhí chuig ráta úis 6 mhí ach atá comhionann seachas sin.

    Bheadh feidhm ag an anailís chéanna má fhéadfaidh an t-iasachtaí roghnú idir rátaí úis foilsithe éagsúla an iasachtóra (e.g. féadfaidh an t-iasachtaí roghnú idir ráta comhlúthach 1 mhí foilsithe an iasachtóra agus ráta comhlúthach úis 3 mhí foilsithe an iasachtóra).

    Ionstraim C

    Is banna ag a bhfuil dáta aibíochta luaite agus a íocann ráta comhlúthach margaidh é ionstraim C. Cuirtear uasteorainn leis an ráta comhlúthach sin.

    Maidir le sreabhadh airgid conarthach:

    (a)

    ionstraime ag a bhfuil ráta úis seasta agus

    (b)

    ionstraime ag a bhfuil ráta comhlúthach

    is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc é chomh fada agus a léiríonn an t-ús comaoin i leith an amluacha airgid, an riosca creidmheasa atá bainteach leis an ionstraim le linn théarma na hionstraime agus bunrioscaí agus bunchostais eile de dheasca iasachtaí, chomh maith le corrlach brabúis. (Féach mír B4.1.7A)

    Dá thoradh sin, ionstraim ar comhcheangal de (a) agus (b) í (e.g. banna ag a bhfuil uasteorainn ar an ráta úis), féadfaidh sreabhadh airgid a bheith aici nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc. Féadfaidh téarma conarthach den sórt sin athraitheacht sreafa airgid a laghdú trí theorainn a chur le ráta comhlúthach (e.g. uasteorainn nó íosráta úis) nó féadfaidh sé athraitheacht sreafa airgid a mhéadú toisc go dtagann ráta seasta úis chun bheith athraitheach.

    Ionstraim D

    Is iasacht lán-iontaoibhe atá urraithe ag comhthaobhacht é Ionstraim D.

    Cé go bhfuil iasacht lán-iontaoibhe comhthaobhaithe, ní chiallaíonn sin ann féin go ndéantar difear don anailís ar cé acu is íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach nó nach ea.

    Ionstraim E

    Banc rialáilte a eisíonn Ionstraim E agus tá dáta aibíochta luaite aici. Íocann an ionstraim ráta seasta úis agus tá an sreabhadh airgid conarthach uile neamhroghnach.

    Tá an t-eisitheoir faoi réir reachtaíochta lena gceadaítear d’údarás náisiúnta réitigh caillteanais a fhorchur ar shealbhóirí ionstraimí áirithe, lena n-áirítear Ionstraim E, in imthosca áirithe, nó lena gceanglaítear ar údarás náisiúnta réitigh déanamh amhlaidh. Mar shampla, tá de chumhacht ag an údarás náisiúnta réitigh méid ar par d’Ionstraim E a dhíluacháil nó é a aistriú ina líon seasta gnáthscaireanna de chuid an eisitheora i gcás ina gcinneann an t-údarás náisiúnta réitigh go bhfuil fíor-dheacrachtaí airgeadais ag an eisitheoir, go dteastaíonn caipiteal rialaitheach breise uaidh nó go bhfuil ag ‘teip air’.

    Dhéanfadh an sealbhóir anailís ar théarmaí conarthacha na hionstraime airgeadais lena chinneadh cé acu a eascraíonn nó nach n-eascraíonn astu sreabhadh airgid nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc, agus cé acu atá nó nach bhfuil siad comhsheasmhach le bunsocrú iasachta dá réir.

    Ní bhreithneofaí san anailís sin na híocaíochtaí nach dtagann chun cinn ach de thoradh chumhacht an údaráis náisiúnta réitigh chun caillteanais a fhorchur ar shealbhóirí Ionstraim E. Is amhlaidh sin toisc nach téarmaí conarthacha den ionstraim airgeadais iad an chumhacht sin agus na híocaíochtaí a dhéanfaí dá barr.

    Os a choinne sin, ní íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin a bheadh sa sreabhadh airgid conarthach má cheadaítear don eisitheoir nó d’eintiteas eile, le téarmaí conarthacha na hionstraime airgeadais, caillteanais a fhorchur ar an sealbhóir (e.g. tríd an méid ar par a dhíluacháil nó tríd an ionstraim a aistriú ina líon socraithe de ghnáthscaireanna an eisitheora) nó má cheanglaítear ar an eisitheoir nó ar eintiteas eile déanamh amhlaidh, chomh fada agus gur fíorthéarmaí iad na téarmaí conarthacha sin, fiú amháin más fíorbheag an seans go bhforchuirfear caillteanas den sórt sin.

    B4.1.14

    Léiríonn na samplaí seo a leanas an sreabhadh airgid conarthach nach é atá ann íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus sin amháin. Ní liosta uileghabhálach é an liosta samplaí.

    Ionstraim

    Anailís

    Ionstraim F

    Is banna atá in-chomhshóite ina líon socraithe d’ionstraimí cothromais an eisitheora í Ionstraim F.

    Dhéanfadh an sealbhóir anailís ar an mbanna in-chomhshóite ina iomláine.

    Ní íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc atá sa sreabhadh airgid conarthach toisc go léiríonn siad toradh atá neamh-chomhsheasmhach le bunsocrú iasachta (féach mír B4.1.7A); i.e. tá an toradh nasctha le luach chothromas an eisitheora.

    Ionstraim G

    Is éard atá in Ionstraim G, iasacht a íocann ráta comhlúthach inbhéartach (i.e. tá gaolmhaireacht inbhéartach ag an ráta úis le rátaí úis an mhargaidh).

    Ní íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach.

    Ní comaoin i leith an amluacha airgid ar an bpríomhshuim gan íoc iad na méideanna úis.

    Ionstraim H

    Is ionstraim shuthain í ionstraim H ach féadfaidh an t-eisitheoir an ionstraim a ghlaoch am ar bith agus an méid ar par, móide an t-ús fabhraithe atá dlite, a íoc leis an sealbhóir.

    Íocann Ionstraim H ráta úis an mhargaidh ach ní féidir ús a íoc ach amháin i gcás ina bhféadfaidh an t-eisitheoir fanacht sócmhainneach go díreach ina dhiaidh sin.

    Ní fhabhraíonn ús iarchurtha ús breise.

    Ní íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc atá sa sreabhadh airgid conarthach. Is amhlaidh sin toisc go bhféadfaí a cheangal ar an eisitheoir íocaíochtaí úis a iarchur agus ní fhabhraíonn ús breise ar na méideanna úis iarchurtha sin. Dá thoradh sin, ní comaoin i leith an amluacha airgid ar an bpríomhshuim gan íoc iad méideanna úis.

    Dá mbeadh ús fabhraithe ar na méideanna iarchurtha, d’fhéadfadh íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc a bheith sa sreabhadh airgid conarthach.

    Cé gur ionstraim shuthain í Ionstraim H, ní chiallaíonn sin ann féin nach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc atá sa sreabhadh airgid conarthach. Tá roghanna leanúnacha (iolracha) maidir le síneadh ag ionstraim shuthain, i ndáiríre. D’fhéadfadh sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc a leanúint as roghanna den sórt sin más éigeantach iad íocaíochtaí úis agus más gá iad a íoc go brách.

    Chomh maith leis sin, cé gur ionstraim inghlaoite í Ionstraim H, ní chiallaíonn sin nach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc atá sa sreabhadh airgid conarthach, ach amháin más inghlaoite í ar mhéid nach dtugann léiriú substaintiúil ar íocaíocht príomhshuime agus úis ar an méid príomhshuime gan íoc sin. Fiú má áirítear sa mhéid inghlaoite méid a thugann cúiteamh réasúnta don sealbhóir i leith fhoirceannadh luath na hionstraime, d’fhéadfadh íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc a bheith sa sreabhadh airgid conarthach. (Féach freisin mír B4.1.12.)

    B4.1.15

    I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sreabhadh airgid conarthach a bheith ag sócmhainn airgeadais a dtugtar tuairisc air mar phríomhshuim agus ús, ach ní léiríonn an sreabhadh airgid sin íocaíocht príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc mar a thuairiscítear i míreanna 4.1.2(b), 4.1.2A(b) agus 4.1.3 den Chaighdeán seo.

    B4.1.16

    D’fhéadfadh an cás a bheith amhlaidh má léiríonn an tsócmhainn airgeadais infheistíocht i sócmhainní nó sreabhadh airgid áirithe agus dá bharr sin, nach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc agus iad sin amháin atá sa sreabhadh airgid conarthach. Mar shampla, má shonraítear sna téarmaí conarthacha go dtagann méadú ar shreabhadh airgid de réir mar a úsáideann níos mó gluaisteáin bóthar dola áirithe, tá an sreabhadh airgid conarthach sin neamh-chomhsheasmhach le bunsocrú iasachta. Dá thoradh sin, ní chomhlíonfadh an ionstraim an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b). D’fhéadfadh sé gurbh amhlaidh sin i gcás éileamh creidiúnaí a bheith teoranta do shócmhainní sonraithe de chuid an fhéichiúnaí nó don sreabhadh airgid ó shócmhainní sonraithe (sócmhainn airgeadais ‘neamhiontaofa’, mar shampla).

    B4.1.17

    Cé gur neamhiontaofa í sócmhainn airgeadais, áfach, ní chuireann sin ann féin bac ar an tsócmhainn airgeadais an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b) a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, ceanglaítear ar an gcreidiúnaí measúnú a dhéanamh ar na sócmhainní foluiteacha áirithe nó ar an sreabhadh airgid áirithe (‘cur chuige na trédhearcachta’ a ghlacadh ina leith) chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil sreabhadh airgid conarthach na sócmhainne airgeadais á n-aicmiú mar íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc. Má eascraíonn aon sreabhadh airgid eile as téarmaí na sócmhainne airgeadais nó má chuireann siad srian ar shreabhadh airgid ar bhealach atá neamh-chomhsheasmhach le híocaíochtaí arb é atá iontu íocaíochtaí príomhshuime agus úis, ní chomhlíonann an tsócmhainn airgeadais an coinníoll i míreanna 4.1.2(b) agus 4.1.2A(b). Cé acu sócmhainní airgeadais nó sócmhainní neamhairgeadais iad na sócmhainní foluiteacha, ní dhéanann sin ann féin difear don mheasúnú sin.

    B4.1.18

    Ní dhéanann saintréith sreafa airgid chonarthaigh difear d’aicmiú na sócmhainne airgeadais mura bhféadfadh sí ach iarmhairt de minimis a bheith aici ar shreabhadh airgid conarthach na sócmhainne airgeadais. Chun an cinntiúchán sin a dhéanamh, ní mór don eintiteas an iarmhairt a d’fhéadfadh a bheith ag an tsaintréith sreafa airgid chonarthaigh i ngach tréimhse tuairiscithe agus go carnach le linn shaolré na hionstraime airgeadais a chur san áireamh. Ina theannta sin, dá bhféadfadh iarmhairt a bheith ag saintréith sreafa airgid chonarthaigh ar an sreabhadh airgid conarthach atá níos mó ná de minimis (i dtréimhse tuairiscithe amháin nó go carnach), ach nach fíor-shaintréith í an tsaintréith sreafa airgid sin, ní dhéanann sí difear d’aicmiú sócmhainne airgeadais. Ní fíor-shaintréith í saintréith sreafa airgid má dhéanann sí difear do shreafaí airgid conarthacha na hionstraime ar tharlú teagmhais atá thar a bheith annamh, an-neamhghnách agus nach dóigh go dtarlóidh sé.

    B4.1.19

    Rangaítear ionstraim an chreidiúnaí i gcoibhneas le hionstraimí chreidiúnaithe eile an fhéichiúnaí, i mbeagnach gach idirbheart iasachta. Ionstraim atá fo-ordaithe maidir le hionstraimí eile, féadfaidh sreabhadh airgid conarthach a bheith aici nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc más sárú ar chonradh é neamhíocaíocht an fhéichiúnaí agus má tá ceart conarthach ag an sealbhóir ar mhéideanna príomhshuime agus úis neamhíoctha nó ar an bpríomhshuim gan íoc, fiú i gcás fhéimheacht an fhéichiúnaí. Mar shampla, infháltas trádála a rangaíonn a chreidiúnaí mar chreidiúnaí ginearálta, cháileodh sé mar íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc a bheith aige. Is amhlaidh an cás fiú má d’eisigh an féichiúnaí iasachtaí atá comhthaobhaithe, rud a thabharfadh tosaíocht don sealbhóir iasachta sin, i gcás féimheachta, ar éilimh an chreidiúnaí ghinearálta i leith na comhthaobhachta ach ní dhéanann sé difear do cheart conarthach an chreidiúnaí ghinearálta chun na príomhshuime neamhíoctha agus chun méideanna dlite eile.

    Ionstraimí atá nasctha go conarthach

    B4.1.20

    I gcineálacha áirithe idirbheart, féadfaidh eisitheoir tosaíocht a thabhairt d’íocaíochtaí le sealbhóirí sócmhainní airgeadais ag úsáid ionstraimí a bhfuil nasc conarthach eatarthu lena gcruthaítear comhchruinnithe de riosca creidmheasa (tráinsí). Tá rangú fo-ordaithe ag gach tráinse a shonraíonn an t-ord ina ndéantar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint ag an eisitheoir a leithdháileadh ar an tráinse. I gcásanna den sórt sin, tá an ceart ag sealbhóirí tráinse chun íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc i gcás ina ngineann an t-eisitheoir sreabhadh airgid leordhóthanach chun tráinsí ar rangú níos airde a chomhlíonadh agus sa chás sin amháin.

    B4.1.21

    In idirbhearta den sórt sin, tá saintréithe sreafa airgid ag tráinse nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc más amhlaidh na nithe seo a leanas amháin:

    (a)

    sreabhadh airgid nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc (e.g. níl ráta úis an tráinse nasctha le hinnéacs tráchtearra), eascraíonn sé as téarmaí conarthacha an tráinse a bhfuil measúnú á dhéanamh air lena aicmiú (gan cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais);

    (b)

    is iad na saintréithe sreafa airgid a leagtar amach i míreanna B4.1.23 agus B4.1.24 atá ag an gcomhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais; agus

    (c)

    tá an neamhchosaint ar riosca creidmheasa sa chomhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais, ar dlúthchuid den tráinse é, comhionann leis an neamhchosaint ar riosca creidmheasa sa chomhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais nó níos lú (tá rátáil chreidmheasa an tráinse a bhfuil measúnú á dhéanamh air lena aicmiú, mar shampla, cothrom leis an rátáil chreidmheasa a mbeadh feidhm aici maidir le tráinse aonair a chistigh an comhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais nó níos airde).

    B4.1.22

    Ní mór d’eintiteas cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm go dtí go bhféadfaidh sé an comhthiomsú foluiteach ionstraimí atá ag cruthú an tsreafa airgid a shainaithint. Is é sin an comhthiomsú foluiteach ionstraimí airgeadais.

    B4.1.23

    Ní mór ionstraim amháin nó níos mó a bheith sa chomhthiomsú foluiteach ag a bhfuil sreabhadh airgid conarthach nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc.

    B4.1.24

    D’fhéadfadh na hionstraimí seo a leanas a bheith san áireamh sa chomhthiomsú foluiteach ionstraimí:

    (a)

    ionstraimí a laghdaíonn athraitheacht sreafa airgid na n-ionstraimí i mír B4.1.23 agus, nuair a chuirtear i gceangal leis na hionstraimí i mír B4.1.23 iad, ionstraimí is cúis le sreabhadh airgid nach bhfuil ann ach íocaíochtaí príomhshuime agus úis ar mhéid na príomhshuime gan íoc (e.g. uasteorainn nó íosráta úis nó conradh lena laghdaítear an riosca creidmheasa ar roinnt de na hionstraimí i mír B4.1.23, nó na hionstraimí sin ar fad); nó

    (b)

    ionstraimí a ailíníonn sreabhadh airgid na dtráinsí le sreabhadh airgid an chomhthiomsaithe fholuitigh ionstraimí i mír B4.1.23 chun dul i ngleic le difríochtaí maidir leis na nithe seo a leanas agus leosan amháin:

    (i)

    cé acu is ráta seasta nó ráta comhlúthach úis atá ann;

    (ii)

    an t-airgeadra ina n-ainmnítear na hiasachtaí, lena n-áirítear boilsciú san airgeadra sin; nó

    (iii)

    uainiú an tsreafa airgid.

    B4.1.25

    I gcás nach gcomhlíonann aon ionstraim sa chomhthiomsú na coinníollacha i mír B4.1.23 nó i mír B4.1.24, ní chomhlíontar an coinníoll i mír B4.1.21(b). Agus an measúnú sin á dhéanamh, féadfar nach mbeidh gá le hanailís ar an gcomhthiomsú de réir na hionstraime. Ní mór d’eintiteas a bhreithiúnas a thabhairt agus anailís leordhóthanach a dhéanamh, áfach, lena chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na hionstraimí sa chomhthiomsú na coinníollacha i míreanna B4.1.23–B4.1.24. (Féach freisin mír B4.1.18 chun treoraíocht a fháil maidir le saintréithe sreafa airgid chonarthaigh nach bhfuil ach iarmhairt de minimis acu.)

    B4.1.26

    Mura bhféadfaidh an sealbhóir measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha i mír B4.1.21 tráth aitheantais tosaigh, ní mór an tráinse a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. I gcás ina bhféadfaidh an comhthiomsú foluiteach ionstraimí athrú i ndiaidh aitheantas tosaigh ar bhealach lena bhféadfadh sé nach gcomhlíonfaidh an comhthiomsú na coinníollacha i míreanna B4.1.23–B4.1.24, ní chomhlíonann an tráinse na coinníollacha i mír B4.1.21 agus ní mór é a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. I gcás ina n-áirítear sa chomhthiomsú foluiteach, áfach, ionstraimí arna gcomhthaobhú le sócmhainní nach gcomhlíonann na coinníollacha i míreanna B4.1.23–B4.1.24, tabharfar neamhaird ar an gcumas seilbh a ghlacadh ar acmhainní den sórt sin chun an mhír seo a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuair an t-eintiteas an tráinse agus é de rún aige an chomhthaobhacht a rialú.

    Rogha maidir le sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (Ranna 4.1 agus 4.2)

    B4.1.27

    Faoi réir na gcoinníollacha i míreanna 4.1.5 agus 4.2.2, leis an gCaighdeán seo, ceadaítear d’eintiteas sócmhainn airgeadais, dliteanas airgeadais, nó grúpa ionstraimí airgeadais (sócmhainní airgeadais, dliteanais airgeadais nó an dá rud) a ainmniú a bheith ar a luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ar choinníoll go dtagann níos mó faisnéise ábhartha dá thoradh sin.

    B4.1.28

    Tá rogha eintitis chun sócmhainn airgeadais nó dliteanas airgeadais a ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas cosúil le rogha beartais cuntasaíochta (cé nach gceanglaítear air é a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach le gach idirbheart comhchosúil, murab ionann agus rogha beartais cuntasaíochta). I gcás ina mbeidh rogha den sórt sin ag eintiteas, ceanglaítear le mír 14(b) de IAS 8 go mbeidh mar thoradh ar an mbeartas roghnaithe go soláthrófar faisnéis iontaofa agus níos ábhartha faoi iarmhairtí idirbheart, teagmhas eile agus coinníollacha eile ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais nó sreabhadh airgid an eintitis. Mar shampla, i gcás ina n-ainmnítear dliteanas airgeadais a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, leagtar amach i mír 4.2.2 an dá thoisc ina gcomhlíonfar an ceanglas maidir le faisnéis níos ábhartha. Dá réir sin, chun ainmniú den sórt sin a roghnú i gcomhréir le mír 4.2.2, ní mór don eintiteas a léiriú go mbaineann ceann de na himthosca seo a leanas leis (nó an dá cheann).

    Le hainmniú cuirtear deireadh le neamhréir chuntasaíochta nó laghdaítear go suntasach í

    B4.1.29

    Is le haicmiú míre agus cé acu atá nó nach bhfuil sí ina cuid de ghaolmhaireacht fálaithe a chinntear tomhas sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais míre agus aicmiú athruithe aitheanta ar luach na míre. Féadfaidh na ceanglais sin neamhréireacht tomhais nó aitheantais a chruthú (dá dtagraítear mar ‘neamhréir cuntasaíochta’ uaireanta) i gcás, mar shampla, cheal ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, ina n-aicmeofaí sócmhainn airgeadais mar shócmhainn arna tomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ina dhiaidh sin agus ina dtomhaisfí dliteanas a mheasann an t-eintiteas a bheith bainteach léi ar chostas amúchta (gan athruithe ar luach cóir a aithint). In imthosca den sórt sin, féadfaidh eintiteas teacht ar an gconclúid go dtabharfadh a ráitis airgeadais faisnéis níos ábhartha dá dtomhaisfí an tsócmhainn agus an dliteanas araon a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    B4.1.30

    Sna samplaí seo a leanas léirítear an cás ina bhféadfaí an coinníoll sin a chomhlíonadh. Sna cásanna uile, ní fhéadfaidh eintiteas an coinníoll sin a úsáid chun sócmhainní airgeadais ná dliteanais airgeadais a ainmniú amhail ag luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ach amháin má chomhlíonann sé an prionsabal i mír 4.1.5 nó 4.2.2(a):

    (a)

    tá conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ag eintiteas (corpraítear faisnéis reatha i dtomhas an mhéid sin mar aon le sócmhainní airgeadais a mheasann sé a bheith gaolmhar agus a thomhaisfí ar bhealach eile ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile nó trí chostas amúchta).

    (b)

    tá sócmhainní airgeadais, dliteanais airgeadais nó an dá rud sin ag eintiteas a bhfuil riosca comhroinnte acu, amhail riosca an ráta úis, agus eascraíonn athruithe malartacha ar luach cóir as an riosca sin a fhritháiríonn a chéile de ghnáth. Ní dhéanfaí ach cuid de na hionstraimí a thomhas a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, áfach (iad sin ar díorthaigh iad, nó a aicmítear mar ionstraimí arna sealbhú lena dtrádáil, mar shampla). Is féidir freisin nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le cuntasaíocht fálaithe toisc nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe i mír 6.4.1, mar shampla.

    (c)

    tá sócmhainní airgeadais, dliteanais airgeadais nó an dá rud sin ag eintiteas a bhfuil riosca comhroinnte acu, amhail riosca an ráta úis, agus eascraíonn athruithe malartacha ar luach cóir as an riosca sin a fhritháiríonn a chéile de ghnáth, agus ní cháilíonn aon cheann de na sócmhainní airgeadais ná na dliteanais airgeadais d’ainmniú mar ionstraim fálaithe toisc nach dtomhaistear iad ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. Thairis sin, cheal cuntasaíocht fálaithe tá neamhréir shuntasach in aitheantas gnóthachan agus caillteanas. Mhaoinigh an t-eintiteas grúpa sonraithe iasachtaí trí bhannaí trádáilte a eisiúint, mar shampla, a fhritháiríonn a n-athruithe ar luach cóir a chéile de ghnáth. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanann an t-eintiteas na bannaí a cheannach agus a dhíol go tráthrialta ach mura ndéanann sé na hiasachtaí a cheannach agus a dhíol ach go hannamh, má dhéanann in aon chor é, trí bhíthin na hiasachtaí agus na bannaí araon a thuairisciú ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, cuirtear deireadh leis an neamhréir in uainiú aitheantas na ngnóthachan agus na gcaillteanas a d’eascródh ina mhalairt de chás as a dtomhas ar chostas amúchta agus as gnóthachan nó caillteanas a aithint gach uair a athcheannaítear banna.

    B4.1.31

    I gcásanna amhail na cásanna ar a dtugtar tuairisc sa mhír roimhe seo, trí bhíthin na sócmhainní airgeadais agus na dliteanais airgeadais a ainmniú, tráth aitheantais tosaigh, a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (sócmhainní agus dliteanais airgeadais nach dtomhaistear a bheith ar luach cóir ina mhalairt de chás), d’fhéadfaí deireadh a chur leis an neamhréireacht tomhais agus aitheantais, nó í a laghdú go suntasach, agus d’fhéadfaí faisnéis níos ábhartha a sholáthar. Chun críoch praiticiúil, ní gá don eintiteas plé leis na sócmhainní agus dliteanais uile as a dtagann an neamhréireacht tomhais nó aitheantais an tráth céanna. Ceadaítear moill réasúnta ar choinníoll go n-ainmnítear gach idirbheart a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas tráth a aitheantais tosaigh agus, an tráth sin, aon idirbheart eile a bhfuil coinne leis.

    B4.1.32

    Ní bheadh sé inghlactha gan ach roinnt de na sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais as a dtagann an neamhréireacht a ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas sa chás nach gcuirfí deireadh leis an neamhréireacht ná nach laghdófaí go suntasach í trína bheith ag déanamh amhlaidh, agus nach leanfadh faisnéis níos ábhartha as dá bhrí sin. Bheadh sé inghlactha gan ach líon sócmhainní airgeadais comhchosúla nó dliteanais airgeadais comhchosúla a ainmniú dá mbainfí amach laghdú suntasach ar an neamhréireacht trína bheith ag déanamh amhlaidh (agus laghdú níos mó ná ainmniúcháin incheadaithe eile, seans). Glac leis, mar shampla, go bhfuil líon dliteanas airgeadais comhchosúil ag eintiteas ar fiú AA100 san iomlán iad agus líon sócmhainní airgeadais comhchosúla ar fiú AA50 san iomlán iad ach go dtomhaistear ar bhonn difriúil iad. Féadfaidh an t-eintiteas an neamhréireacht tomhais a laghdú trí na sócmhainní ar fad a ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas tráth aitheantais tosaigh, ach gan ach roinnt de na dliteanais a ainmniú amhlaidh (dliteanais aonair a bhfuil luach comhiomlán AA45 acu, mar shampla). Ós rud é nach féidir a n-ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chur i bhfeidhm ach maidir le hionstraim airgeadais iomlán, áfach, ní mór don eintiteas sa sampla seo dliteanas amháin nó níos mó a ainmniú ina iomláine. Ní fhéadfadh sé comhpháirt de dhliteanas (e.g. athruithe ar an luach nach bhfuil inchurtha ach i leith aon riosca amháin, amhail athruithe ar bhonnráta úis) nó cion (i.e. céatadán) de dhliteanas a ainmniú.

    Bainistítear grúpa dliteanas airgeadais nó sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais agus déantar meastóireacht ar a fheidhmíocht ar bhonn luacha chóir

    B4.1.33

    Féadfaidh eintiteas feidhmíocht grúpa dliteanas airgeadais nó grúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a bhainistiú agus meastóireacht a dhéanamh air ar bhealach a dtagann faisnéis níos ábhartha as an ngrúpa sin a bheith á thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. Dírítear, sa chás seo, ar an mbealach a ndéanann an t-eintiteas bainistiú agus meastóireacht ar fheidhmíocht, seachas ar chineál a ionstraimí airgeadais.

    B4.1.34

    Mar shampla, féadfaidh eintiteas an coinníoll seo a úsáid chun dliteanais airgeadais a ainmniú a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcás ina gcomhlíonann sé an prionsabal i mír 4.2.2(b) agus ina bhfuil sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ag an eintiteas a roinneann riosca amháin nó níos mó agus ina mbainistítear na rioscaí sin agus ina ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn luacha chóir i gcomhréir le beartas doiciméadaithe maidir le bainistiú sócmhainní agus dliteanas. Rud a d’fhéadfadh a bheith ina shampla is ea eintiteas a d’eisigh ‘táirgí struchtúrtha’ atá comhdhéanta de dhíorthaigh leabaithe iolracha agus a bhainistíonn na rioscaí a eascraíonn as sin ar bhonn luacha chóir ag úsáid meascán d’ionstraimí airgeadais díorthacha agus neamhdhíorthacha.

    B4.1.35

    Mar a luaitear thuas, braitheann an coinníoll sin ar an mbealach a ndéanann an t-eintiteas bainistiú agus meastóireacht ar fheidhmíocht an ghrúpa ionstraimí airgeadais faoi bhreithniú. Dá réir sin, (faoi réir an cheanglais maidir le hainmniú tráth aitheantas tosaigh), eintiteas a ainmníonn dliteanais airgeadais a bheith ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ar bhonn an choinníll sin, déanfaidh sé na dliteanais airgeadais uile a ndéantar bainistiú agus meastóireacht orthu le chéile a ainmniú amhlaidh freisin.

    B4.1.36

    Ní gá do dhoiciméadacht an eintitis faoin straitéis a bheith fairsing ach ba cheart di a bheith leordhóthanach chun comhlíontacht le mír 4.2.2(b) a léiriú. Ní éilítear doiciméadacht den sórt sin le haghaidh gach mír aonair, ach féadfaidh sí a bheith ar bhonn punainne. Mar shampla, má léirítear go soiléir le córas bainistithe feidhmíochta le haghaidh rannóige—arna cheadú ag príomhphearsanra bainistíochta an eintitis—gur ar an mbonn sin a dhéantar meastóireacht ar a feidhmíocht, ní éilítear aon doiciméadacht bhreise chun comhlíontacht le mír 4.2.2(b) a léiriú.

    Díorthaigh leabaithe (Roinn 4.3)

    B4.3.1

    I gcás ina dtiocfaidh eintiteas chun bheith ina pháirtí i gconradh hibrideach le hóstach nach sócmhainn é laistigh de raon feidhme an Chaighdeáin seo, ceanglaítear ar an eintiteas, le mír 4.3.3, aon díorthach leabaithe a aithint, measúnú a dhéanamh ar cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear é a dheighilt ón gconradh óstaigh agus, maidir leo siúd a gceanglaítear a ndeighilt, na díorthaigh a thomhas ar luach cóir tráth aitheantais tosaigh agus ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas ina dhiaidh sin.

    B4.3.2

    Mura bhfuil aon aibíocht luaite ná réamhchinntithe ag conradh óstaigh agus má léiríonn sé leas iarmharach i nglansócmhainní eintitis, is saintréithe agus rioscaí eacnamaíocha de chuid ionstraime chothromais atá ina shaintréithe rioscaí agus eacnamaíocha, agus b’éigean do dhíorthach leabaithe saintréithe cothromais a mbeadh dlúthbhaint acu leis an eintiteas céanna a bheith aige chun go measfaí dlúthbhaint a bheith aige leis. Más rud é nach ionstraim chothromais é an conradh óstaigh agus má chomhlíonann sé an sainmhíniú ar ionstraimí airgeadais, is saintréithe agus rioscaí eacnamaíocha de chuid ionstraime fiachais atá ina shaintréithe rioscaí agus eacnamaíocha.

    B4.3.3

    Déantar díorthach leabaithe nach díorthach céadrogha é (amhail conradh réamhcheaptha nó babhtáil leabaithe) a dheighilt óna chonradh óstaigh ar bhonn a théarmaí substainteacha luaite nó intuigthe, ionas go mbeidh luach cóir nialais aige tráth aitheantais tosaigh dá thoradh sin. Déantar díorthach leabaithe céadrogha-bhunaithe (amhail céadrogha ar dhíol, céadrogha ar cheannach, uasteorainn, íosráta nó roghtáil) a dheighilt óna chonradh óstaigh ar bhonn théarmaí luaite na gné céadrogha. Is éard atá i suim ghlanluacha tosaigh na hionstraime óstaigh an méid iarmharach i ndiaidh an díorthach leabaithe a dheighilt.

    B4.3.4

    Go ginearálta, caitear le díorthaigh leabaithe iolracha i gconradh hibrideach amháin mar aon dhíorthach leabaithe iolraithe amháin. Mar sin féin, caitear le díorthaigh leabaithe a aicmítear mar chothromas (féach IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair) ar leithligh ó na cinn a aicmítear mar shócmhainní nó dliteanais. Ina theannta sin, má tá níos mó ná aon díorthach leabaithe amháin i gconradh hibrideach agus má bhaineann na díorthaigh sin le neamhchosaintí éagsúla ar riosca agus más féidir iad a dheighilt go réidh agus má tá siad neamhspleách óna chéile, coinnítear cuntas orthu ar leithligh óna chéile.

    B4.3.5

    Níl dlúthbhaint ag na saintréithe eacnamaíocha agus na rioscaí a bhaineann leis an díorthach leabaithe leis an gconradh óstaigh (mír 4.3.3(a)) sna samplaí a leanas. Sna samplaí seo, ag glacadh leis go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 4.3.3(b) agus (c), coinníonn eintiteas cuntas ar an díorthach leabaithe ar leithligh ón gconradh óstaigh.

    (a)

    Céadrogha ar dhíol atá leabaithe in ionstraim a chuireann ar chumas an tsealbhóra a cheangal ar an eisitheoir an ionstraim a athfháil ar mhéid airgid nó sócmhainní eile a bhíonn éagsúil ar bhonn an athraithe ar chothromas nó praghas tráchtearraí nó innéacs, níl dlúthbhaint aici le hionstraim fiachais óstaigh.

    (b)

    Céadrogha nó foráil uathoibríoch chun síneadh a chur leis an téarma atá fágtha roimh dháta aibíochta ionstraime fiachais, níl dlúthbhaint aici leis an ionstraim fiachais óstach ach amháin má tá coigeartú comhthráthach ar neas-ráta úis reatha an mhargaidh tráth an tsínithe. Má eisíonn eintiteas ionstraim fiachais agus má gheallann sealbhóir na hionstraime fiachais sin céadrogha ar cheannach ar an ionstraim fiachais do thríú páirtí, measann an t-eisitheoir go gcuireann an céadrogha ar cheannach síneadh leis an téarma roimh aibíocht na hionstraime fiachais ar choinníoll go bhféadtar a cheangal ar an eisitheoir a bheith rannpháirteach in athmhargaíocht na hionstraime fiachais de thoradh fheidhmiú na céadrogha ar cheannach.

    (c)

    Íocaíochtaí úis atá innéacsaithe le cothromas nó íocaíochtaí príomhshuime atá leabaithe in ionstraim fiachais óstaigh nó i gconradh árachais—trína ndéantar méid an úis nó na príomhshuime a innéacsú le luach na n-ionstraimí cothromais—níl dlúthbhaint acu leis an ionstraim fiachais toisc go bhfuil na rioscaí, ar dlúthchuid den óstach iad, agus an díorthach leabaithe neamhchosúil le chéile.

    (d)

    Íocaíochtaí úis atá innéacsaithe le tráchtearraí nó íocaíochtaí príomhshuime atá leabaithe in ionstraim fiachais óstaigh nó i gconradh árachais—trína ndéantar méid an úis nó na príomhshuime a innéacsú le luach tráchtearra (amhail ór)—níl dlúthbhaint acu leis an ionstraim fiachais toisc go bhfuil na rioscaí, ar dlúthchuid den óstach iad, agus an díorthach leabaithe neamhchosúil le chéile.

    (e)

    Níl dlúthbhaint ag céadrogha ar cheannach, céadrogha ar dhíol, nó rogha réamhíocaíochta atá leabaithe i gconradh óstaigh leis an gconradh óstaigh ach amháin:

    (i)

    i gcás ina bhfuil praghas feidhmithe na rogha cothrom, a bheag nó a mhór, ar gach dáta feidhmithe, le costas amúchta na hionstraime fiachais óstaigh nó le suim ghlanluacha an chonartha árachais óstaigh; nó

    (ii)

    i gcás ina n-aisíocann praghas feidhmithe rogha réamhíocaíochta an t-iasachtóir as méid suas le neas-luach láithreach úis chaillte ar feadh an téarma atá fágtha sa chonradh óstaigh. Ús caillte an toradh ar an bpríomhshuim réamhíoctha arna hiolrú faoin raon difríochta i rátaí úis. Is éard atá sa raon difríochta i rátaí úis, farasbarr ghlanráta úis an chonartha óstaigh os cionn an ghlanráta úis a gheobhadh an t-eintiteas ar an dáta réamhíocaíochta dá ndéanfadh sé an phríomhshuim réamhíoctha a athinfheistiú i gconradh comhchosúil ar feadh a bhfuil fágtha de théarma an chonartha óstaigh.

    Déantar an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil dlúthbhaint ag an gcéadrogha ar cheannach nó ar dhíol leis an gconradh fiachais óstaigh sula ndéantar gné chothromais ionstraime fiachais in-chomhshóite a dheighilt i gcomhréir le IAS 32.

    (f)

    Díorthaigh chreidmheasa atá leabaithe in ionstraim fiachais óstaigh agus a cheadaíonn do pháirtí amháin (an ‘tairbhí’) riosca creidmheasa sócmhainne tagartha ar leith, nach gá gurb é úinéir na sócmhainne sin, a aistriú chuig páirtí eile (an ‘ráthóir’), níl dlúthbhaint acu leis an ionstraim fiachais óstaigh. Le díorthaigh chreidmheasa den sórt sin, ceadaítear don ráthóir an riosca creidmheasa a bhaineann leis an tsócmhainn thagartha a ghlacadh chuige féin gan bheith ina úinéir díreach air.

    B4.3.6

    Sampla de chonradh hibrideach í ionstraim airgeadais lena dtugtar ceart don sealbhóir an ionstraim airgeadais a chur ar ais chuig an eisitheoir mar mhalairt ar mhéid airgid nó sócmhainní airgeadais eile a athraíonn ar bhonn an athraithe ar chothromas nó innéacs tráchtearra a bhféadfadh méadú nó laghdú teacht air (‘ionstraim indíola’). Ach amháin sa chás go n-ainmníonn an t-eisitheoir an ionstraim indíola mar dhliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, tráth aitheantais tosaigh, ceanglaítear air díorthach leabaithe (i.e. an íocaíocht príomhshuime innéacsaithe) a dheighilt faoi mhír 4.3.3 toisc gur ionstraim fiachais é an conradh óstaigh faoi mhír B4.3.2 agus nach bhfuil dlúthbhaint ag an íocaíocht príomhshuime innéacsaithe le hionstraim fiachais óstaigh faoi mhír B4.3.5(a). Ós rud é go bhféadfaidh méadú agus laghdú teacht ar an íocaíocht príomhshuime, is díorthach nach díorthach céadrogha é atá sa díorthach leabaithe, agus tá a luach innéacsaithe leis an athróg fholuiteach.

    B4.3.7

    I gcás ionstraim indíola a fhéadtar a chur ar ais aon tráth le haghaidh airgead tirim atá cothrom le sciar comhréireach de ghlanluach sócmhainne eintitis (amhail aonaid i gciste frithpháirteach neamhiata nó táirgí infheistíochta aonadnasctha áirithe), an iarmhairt a bhaineann le díorthach leabaithe a dheighilt agus cuntas a choinneáil ar gach comhpháirt is ea go dtomhaistear an conradh hibrideach ar an méid fuascailte atá iníoctha ag deireadh na tréimhse tuairiscithe má d’fheidhmigh an sealbhóir a cheart chun an ionstraim a chur ar ais chuig an eisitheoir.

    B4.3.8

    Na saintréithe agus na rioscaí eacnamaíocha a bhaineann le díorthach leabaithe, tá dlúthbhaint acu le saintréithe agus rioscaí eacnamaíocha an chonartha óstaigh sna samplaí seo a leanas. Sna samplaí seo, ní choinníonn eintiteas cuntas ar an díorthach leabaithe ar leithligh ón gconradh óstaigh.

    (a)

    Díorthach leabaithe inar ráta úis nó innéacs ráta úis atá san athróg fholuiteach a fhéadfaidh an méid úis a d’íocfaí nó a gheofaí ina mhalairt de chás maidir le conradh fiachais óstaigh úsmhar nó conradh árachais a athrú, tá dlúthbhaint aige leis an gconradh óstaigh ach amháin más féidir an conradh hibrideach a réiteach ar bhealach nach n-aisghabhfadh an sealbhóir go substaintiúil a infheistíocht aitheanta ar fad, nó ina bhféadfadh an díorthach leabaithe ráta toraidh tosaigh an tsealbhóra ar an gconradh óstaigh a mhéadú ar a laghad faoi dhó agus a bhféadfadh sé a bheith mar thoradh air go mbeadh ráta toraidh ann atá ar a laghad dhá oiread an méid a bheadh i ráta toraidh an mhargaidh maidir le conradh a bhfuil na téarmaí céanna aige agus atá ag an gconradh óstaigh.

    (b)

    Íosráta nó uasteorainn leabaithe ar an ráta úis maidir le conradh fiachais nó conradh árachais, tá dlúthbhaint aige nó aici sin leis an gconradh óstaigh ar choinníoll go bhfuil an uasteorainn ar ráta úis an mhargaidh nó os a chionn agus go bhfuil an t-íosráta ar ráta úis an mhargaidh nó faoina bhun tráth eisithe an chonartha, agus nach ndéantar an uasteorainn nó an t-íosráta a luamhánú i ndáil leis an gconradh óstaigh. Ar an gcuma chéanna, forálacha a áirítear i gconradh chun sócmhainn a cheannach nó a dhíol (e.g. tráchtearra) lena leagtar síos uasteorainn nó íosráta ar an bpraghas atá le híoc nó le fáil i leith na sócmhainne, tá dlúthbhaint acu sin leis an gconradh óstaigh má bhí an uasteorainn agus an t-íosráta araon as an airgead tráth a thionscanta agus nach ndéantar iad a luamhánú.

    (c)

    Díorthach airgeadra eachtraigh leabaithe lena soláthraítear sreabhadh íocaíochtaí príomhshuime nó úis a ainmnítear in airgeadra eachtrach agus atá leabaithe in ionstraim fiachais óstaigh (banna dhá airgeadra, mar shampla), tá dlúthbhaint aige leis an ionstraim fiachais óstaigh. Ní dheighltear díorthach den sórt sin ón ionstraim óstaigh toisc go gceanglaítear le IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí go n-aithnítear gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh ar mhíreanna airgeadaíochta i mbrabús nó caillteanas.

    (d)

    Díorthach airgeadra eachtraigh leabaithe i gconradh óstaigh ar conradh árachais é nó nach ionstraim airgeadais é (amhail conradh chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol agus ina n-ainmnítear an praghas in airgeadra eachtrach), tá dlúthbhaint aige leis an gconradh óstaigh ar choinníoll nach ndéantar é a luamhánú, nach bhfuil gné céadrogha ann, agus go gceanglaítear leis íocaíochtaí a ainmnítear i gceann de na hairgeadraí seo a leanas:

    (i)

    airgeadra feidhmiúil aon pháirtí substaintiúil sa chonradh sin;

    (ii)

    an t-airgeadra ina ndéantar praghas an earra nó na seirbhíse gaolmhaire a fhaightear nó a sholáthraítear a ainmniú go rialta in idirbhearta tráchtála ar fud an domhain (amhail dollar SAM le haghaidh idirbhearta amhola); nó

    (iii)

    airgeadra a úsáidtear go coitianta i gconarthaí chun míreanna neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol sa timpeallacht eacnamaíoch ina ndéantar an t-idirbheart (e.g. airgeadra measartha cobhsaí agus leachtach a úsáidtear go coitianta in idirbhearta gnó áitiúla nó i dtrádáil sheachtrach).

    (e)

    Tá dlúthbhaint ag céadrogha réamhíocaíochta leabaithe i STRIP úis amháin nó príomhshuime amháin leis an gconradh óstaigh ar choinníoll (i) gur eascair an conradh óstaigh ar dtús as an gceart chun sreabhadh airgid conarthach a fháil ó ionstraim airgeadais nach raibh díorthach leabaithe inti a dheighilt, agus (ii) nach bhfuil aon téarma i láthair sa chonradh óstaigh bunaidh.

    (f)

    Tá dlúthbhaint ag díorthach leabaithe i gconradh léasa óstaigh leis an gconradh óstaigh i gcás inarb é atá sa díorthach leabaithe (i) innéacs a bhaineann le boilsciú, amhail innéacs íocaíochtaí léasa le hinnéacs praghsanna do thomhaltóirí (ar choinníoll nach ndéantar an léas a luamhánú agus go mbaineann an t-innéacs le boilsciú i dtimpeallacht eacnamaíoch dhílis an eintitis), (ii) íocaíochtaí léasa athraitheacha bunaithe ar dhíolacháin bhainteacha nó (iii) íocaíochtaí léasa athraitheacha bunaithe ar rátaí comhlúthacha úis.

    (g)

    Tá dlúthbhaint ag gné aonadnasctha atá leabaithe in ionstraim airgeadais óstaigh nó i gconradh árachais óstaigh leis an ionstraim óstaigh nó leis an gconradh óstaigh má thomhaistear na híocaíochtaí aonad-ainmnithe ar luachanna reatha na n-aonad a léiríonn luachanna córa shócmhainní an chiste. Is éard is gné aonadnasctha ann téarma conarthach lena n-éilítear íocaíochtaí a ainmniú in aonaid ciste infheistíochta inmheánaigh nó sheachtraigh.

    (h)

    Tá dlúthbhaint ag díorthach atá leabaithe i gconradh árachais leis an gconradh árachais óstaigh má tá an díorthach leabaithe agus an conradh árachais óstaigh chomh hidirspleách sin nach bhféadfaidh eintiteas an díorthach leabaithe a thomhas ar leithligh (i.e. gan an conradh óstaigh a chur san áireamh).

    Ionstraimí ina bhfuil díorthaigh leabaithe

    B4.3.9

    Mar a luadh i mír B4.3.1, nuair a thagann eintiteas chun bheith ina pháirtí i gconradh hibrideach le hóstach nach sócmhainn é faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo agus a bhfuil díorthach leabaithe amháin nó níos mó aige, ceanglaítear ar an eintiteas, le mír 4.3.3, aon díorthach leabaithe den sórt sin a shainaithint, measúnú a dhéanamh ar cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear a dheighilt ón gconradh óstaigh, agus, maidir leo sin a gceanglaítear a ndeighilt, na díorthaigh a thomhas ar luach cóir tráth aitheantais tosaigh agus ina dhiaidh sin. Féadfaidh na ceanglais sin a bheith níos casta, nó féadfaidh bearta nach bhfuil chomh hiontaofa sin eascairt astu, ná mar ab amhlaidh dá dtomhaisfí an ionstraim uile ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. Ar an gcúis sin, ceadaítear leis an gCaighdeán seo go n-ainmnítear an conradh hibrideach ar fad ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas.

    B4.3.10

    Féadtar ainmniú den sórt sin a úsáid gan beann ar cé acu a cheanglaítear le mír 4.3.3 go ndéanfaí na díorthaigh leabaithe a dheighilt ón gconradh óstaigh nó a chuirtear toirmeasc ar dheighilt den sórt sin. Ní thabharfadh mír 4.3.5 údar le hainmniú an chonartha hibridigh ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas sna cásanna a leagtar amach i mír 4.3.5(a) agus (b) toisc nach laghdófaí ar an gcastacht ná nach méadófaí ar an iontaofacht trína bheith ag déanamh amhlaidh.

    Athmheasúnú ar dhíorthaigh leabaithe

    B4.3.11

    I gcomhréir le mír 4.3.3, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear díorthach leabaithe a dheighilt ón gconradh óstaigh agus cuntas a choinneáil air mar dhíorthach nuair a thagann an t-eintiteas chun bheith ina pháirtí sa chonradh den chéad uair. Tá toirmeasc ar athmheasúnú ina dhiaidh sin ach amháin má tá athrú ar théarmaí an chonartha a chuireann modhnú suntasach ar an sreabhadh airgid a d’éileofaí faoin gconradh ina mhalairt de chás, agus sa chás sin d’éileofaí athmheasúnú. Cinneann eintiteas cé acu atá nó nach bhfuil modhnú ar shreabhadh airgid suntasach trí bhreithniú a dhéanamh ar an méid a tháinig athrú ar an sreabhadh airgid todhchaí a bhfuil coinne leis a bhaineann leis an díorthach leabaithe, ar an gconradh óstaigh, nó ar an dá rud, agus cé acu atá nó nach bhfuil an t-athrú suntasach maidir leis an sreabhadh airgid a raibh coinne leis roimhe sin ar an gconradh.

    B4.3.12

    Níl feidhm ag mír B4.3.11 maidir le díorthaigh leabaithe i gconarthaí a fuarthas:

    (a)

    i gcomhcheangal gnó (mar a shainmhínítear in IFRS 3 Comhcheangail Ghnó);

    (b)

    i gcomhcheangal eintiteas nó gnólachtaí faoi rialú comhchoiteann mar a shainmhínítear i míreanna B1–B4 de IFRS 3; nó

    (c)

    i bhfoirmiú comhfhiontair, mar a shainmhínítear in IFRS 11 Comhshocruithe

    nó a n-athmheasúnú féideartha dáta a n-éadála (53).

    Athaicmiú sócmhainní airgeadais (Roinn 4.4)

    Athaicmiú sócmhainní airgeadais

    B4.4.1

    Le mír 4.4.1, éilítear ar eintiteas sócmhainní airgeadais a athaicmiú má athraíonn an t-eintiteas a shamhail ghnó maidir le bainistiú na sócmhainní airgeadais sin. Tá coinne leis go mbeidh athruithe den sórt sin fíor-annamh. Is í ardbhainistíocht an eintitis a chinneann athruithe den sórt sin de thoradh athruithe seachtracha nó inmheánacha agus ní mór dóibh a bheith suntasach i leith oibríochtaí an eintitis agus follasach do pháirtithe seachtracha. Dá réir sin, ní thiocfaidh athrú ar shamhail ghnó eintitis ach amháin nuair a thosaíonn nó nuair a scoireann eintiteas de ghníomhaíocht atá suntasach dá oibríochtaí a fheidhmiú; nuair a fhaightear, nuair a dhiúscraítear nó nuair a fhoirceanntar líne ghnó, mar shampla. Ar shamplaí d’athrú ar shamhail ghnó tá na nithe seo a leanas:

    (a)

    Tá punann iasachtaí tráchtála ag eintiteas a shealbhaíonn sé lena ndíol sa ghearrthéarma. Faigheann an t-eintiteas cuideachta a bhainistíonn iasachtaí tráchtála agus ag a bhfuil samhail ghnó a shealbhaíonn na hiasachtaí chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú. Níl an phunann iasachtaí tráchtála le díol a thuilleadh, agus déantar an phunann a bhainistiú in éineacht leis na hiasachtaí tráchtála uile arna bhfáil anois agus coinnítear iad uile chun an sreabhadh airgid conarthach a bhailiú.

    (b)

    Cinneann gnólacht seirbhísí airgeadais a gnó morgáiste miondíola a dhúnadh. Níl an ghnólacht sin ag glacadh le gnó nua a thuilleadh agus tá a punann iasachtaí morgáiste le díol go gníomhach ar an margadh ag an ngnólacht seirbhísí airgeadais.

    B4.4.2

    Ní mór athrú ar chuspóir shamhail ghnó an eintitis a chur i bhfeidhm roimh an dáta athaicmithe. Mar shampla, má chinneann gnólacht seirbhísí airgeadais an 15 Feabhra a gnó morgáiste miondíola a dhúnadh agus más gá di dá bhrí sin na sócmhainní airgeadais uile a ndéantar difear dóibh a athaicmiú an 1 Aibreán (i.e. an chéad lá de chéad tréimhse tuairiscithe eile an eintitis), ní fhéadfaidh an t-eintiteas glacadh le gnó morgáiste miondíola nua ná tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá comhsheasmhach lena iar-shamhail ghnó i ndiaidh an 15 Feabhra.

    B4.4.3

    Ní athruithe ar an tsamhail ghnó iad seo a leanas:

    (a)

    athrú ar rún a bhaineann le sócmhainní airgeadais áirithe (fiú in imthosca ina dtagann athruithe suntasacha ar choinníollacha an mhargaidh).

    (b)

    imeacht sealadach margaidh ar leith le haghaidh sócmhainní airgeadais.

    (c)

    aistriú sócmhainní airgeadais idir codanna d’eintitis ag a bhfuil samhlacha gnó éagsúla.

    TOMHAS (CAIBIDIL 5)

    Tomhas tosaigh (Roinn 5.1)

    B5.1.1

    Is é an praghas idirbhirt de ghnáth atá i luach cóir ionstraime airgeadais tráth aitheantais tosaigh (i.e. luach cóir na comaoine a thugtar nó a fhaightear, féach freisin mír B5.1.2A agus IFRS 13). Más le haghaidh rud éigin seachas an ionstraim airgeadais atá an chomaoin a thugtar nó a fhaightear, áfach, tomhaisfidh eintiteas luach cóir na hionstraime airgeadais. Mar shampla, féadtar luach cóir iasachta fadtéarmaí nó infháltais nach mbaineann aon ús leis a thomhas ar luach láithreach na bhfáltas airgid todhchaí uile arna lascainiú ag úsáid an ghnáth-ráta úis nó na ngnáth-rátaí úis le haghaidh ionstraim chomhchosúil (comhchosúil ó thaobh airgeadra, téarma, cineál ráta úis agus fachtóirí eile de) ag a bhfuil rátáil chreidmheasa chomhchosúil. Aon mhéid bhreise a thugtar ar iasacht, is costas nó laghdú ar ioncam é, ach amháin má tá sé i dteideal aitheantais mar shócmhainn de chineál éigin eile.

    B5.1.2

    Má thionscnaíonn eintiteas iasacht ag a bhfuil ráta úis eis-mhargaidh (e.g. 5 faoin gcéad nuair is 8 faoin gcéad ráta an mhargaidh le haghaidh iasachtaí comhchosúla), agus má fhaigheann sé táille láithreach mar chúiteamh, aithníonn an t-eintiteas an iasacht ar a luach cóir, i.e. glan ón táille a fhaigheann sé.

    B5.1.2A

    Is é an praghas idirbhirt (i.e. luach cóir na comaoine a thugtar nó a fhaightear, féach freisin IFRS 13) an fhianaise is fearr ar luach cóir ionstraime airgeadais tráth aitheantais tosaigh, de ghnáth. Má chinneann eintiteas go bhfuil an luach cóir tráth aitheantais tosaigh éagsúil leis an bpraghas idirbhirt mar a luadh i mír 5.1.1A, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an ionstraim sin ar an dáta sin mar a leanas:

    (a)

    ar an tomhas a éilítear le mír 5.1.1 más léir an luach cóir sin le praghas luaite i margadh gníomhach le haghaidh sócmhainn nó dliteanas comhionann (i.e. ionchur Leibhéal 1) nó má tá sé bunaithe ar theicníc luachála nach n-úsáideann ach amháin sonraí ó mhargaí inbhraite. Aithneoidh eintiteas an difríocht idir an luach cóir tráth aitheantais tosaigh agus an praghas idirbhirt mar ghnóthachan nó mar chaillteanas.

    (b)

    i ngach cás eile, ar an tomhas a éilítear le mír 5.1.1, arna choigeartú chun an difríocht idir an luach cóir tráth aitheantais tosaigh agus an praghas idirbhirt a chur siar. I ndiaidh an aitheantais tosaigh, ní aithneoidh an t-eintiteas an difríocht iarchurtha sin mar ghnóthachan nó mar chaillteanas ach amháin a mhéid a eascraíonn sí as athrú ar fhachtóir (lena n-áirítear am) a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh agus an tsócmhainn á praghsáil nó an dliteanas á phraghsáil acu.

    Tomhas ina dhiaidh sin (Ranna 5.2 agus 5.3)

    B5.2.1

    Má dhéantar ionstraim airgeadais a aithníodh roimhe sin mar shócmhainn airgeadais a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas agus má thagann laghdú faoi bhun nialais ar a luach cóir, is dliteanas airgeadais é arna thomhas i gcomhréir le mír 4.2.1. Conarthaí hibrideacha ag a bhfuil óstaigh ar sócmhainní faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo iad, áfach, tomhaistear iad i gcomhréir le mír 4.3.2 i gcónaí.

    B5.2.2

    Léiríonn an sampla seo a leanas an chuntasaíocht ar chostais beartaíochta ar thomhas tosaigh agus ar thomhas ina dhiaidh sin maidir le sócmhainn airgeadais a thomhaistear ar luach cóir le hathruithe trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 nó le mír 4.1.2A. Faigheann eintiteas sócmhainn airgeadais ar AA100 móide coimisiún ceannaigh AA2. Aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn ar AA102 ar dtús. Tagann deireadh leis an tréimhse tuairiscithe 1 lá amháin ina dhiaidh sin, nuair is AA100 praghas margaidh na sócmhainne. Dá ndíolfaí an tsócmhainn, d’íocfaí coimisiún AA3. Ar an dáta sin, tomhaiseann an t-eintiteas an tsócmhainn ar AA100 (gan beann ar an gcoimisiún a d’fhéadfaí a fháil ar a díol) agus aithníonn sé caillteanas AA2 in ioncam cuimsitheach eile. Má thomhaistear an tsócmhainn airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A, déantar na costais beartaíochta a amúchadh chuig brabús nó caillteanas agus modh an úis ghlain á úsáid.

    B5.2.2A

    Beidh tomhas sócmhainne airgeadais nó dliteanais airgeadais ina dhiaidh sin agus aitheantas na ngnóthachan agus na gcaillteanas ina dhiaidh sin a thuairiscítear i mír B5.1.2A comhsheasmhach le ceanglais an Chaighdeáin seo.

    Infheistíochtaí in ionstraimí cothromais agus conarthaí maidir leis na hinfheistíochtaí sin

    B5.2.3

    Ní mór na hinfheistíochtaí ar fad in ionstraimí cothromais agus na conarthaí maidir leis na hinfheistíochtaí sin a thomhas ar luach cóir. D’fhéadfadh costas a bheith ina mheastachán cuí ar an luach cóir in imthosca teoranta, áfach. D’fhéadfadh an cás sin a bheith amhlaidh má tá faisnéis neamhleor níos ábhartha ar fáil chun luach cóir a thomhas, nó má tá raon leathan tomhas luach cóir féideartha ann agus más é costas a thugann an léiriú is fearr ar luach cóir laistigh den raon sin.

    B5.2.4

    Ar tháscairí nach dtabharfadh costas léiriú ar luach cóir tá:

    (a)

    athrú suntasach ar fheidhmíocht na hinstitiúide infheistiúcháin i gcomparáid le buiséid, pleananna nó garspriocanna.

    (b)

    athruithe ar an ionchas go mbainfear amach garspriocanna na hinstitiúide infheistiúcháin maidir le táirgí teicniúla.

    (c)

    athrú suntasach ar an margadh le haghaidh chothromas na hinstitiúide infheistiúcháin nó a tháirgí nó a tháirgí féideartha.

    (d)

    athrú suntasach ar an ngeilleagar domhanda nó sa timpeallacht eacnamaíoch ina n-oibríonn an institiúid infheistiúcháin.

    (e)

    athrú suntasach ar fheidhmíocht eintitis inchomparáide, nó sna luachálacha arna dtabhairt le tuiscint ag an margadh foriomlán.

    (f)

    ábhair inmheánacha na hinstitiúide infheistiúcháin amhail calaois, díospóidí tráchtála, dlíthíocht, athruithe ar bhainistíocht nó straitéis.

    (g)

    fianaise ó idirbhearta seachtracha i gcothromas na hinstitiúide infheistiúcháin, bídís arna ndéanamh ag an institiúid infheistiúcháin (amhail eisiúint úr chothromais) nó trí aistrithe ionstraimí cothromais idir tríú páirtithe.

    B5.2.5

    Ní liosta uileghabhálach é an liosta i mír B5.2.4. Bainfidh eintiteas úsáid as an bhfaisnéis uile maidir le feidhmíocht agus oibríochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin a bheidh ar fáil i ndiaidh dháta an aitheantais tosaigh. A mhéid arb ann d’aon fhachtóir ábhartha den sórt sin, féadfaidh siad a thabhairt le tuiscint go bhféadfadh sé nach dtugann costas léiriú ar luach cóir. Sna cásanna sin, ní mór don eintiteas luach cóir a thomhas.

    B5.2.6

    Ní hé costas an meastachán is fearr ar luach cóir le haghaidh infheistíochtaí in ionstraimí cothromais luaite (nó i gconarthaí maidir le hionstraimí cothromais luaite).

    Tomhas ar chostas amúchta (Roinn 5.4)

    Modh an úis ghlain

    B5.4.1

    Agus modh an úis ghlain á chur i bhfeidhm aige, aithníonn eintiteas táillí ar dlúthchuid de mhodh úis ghlain ionstraime airgeadais iad. D’fhéadfadh sé nach dtabharfadh an tuairisc ar tháillí ar sheirbhísí airgeadais léiriú ar chineál agus substaint na seirbhísí arna soláthar. Is mar choigeartú ar an nglanráta úis a chaitear le táillí ar dlúthchuid de mhodh úis ghlain ionstraime airgeadais iad, ach amháin má thomhaistear an ionstraim airgeadais ar luach cóir, agus má aithnítear an t-athrú ar luach cóir i mbrabús nó caillteanas. Sna cásanna sin, aithnítear na táillí mar ioncam nó mar chostas tráth a aithnítear an ionstraim ar dtús.

    B5.4.2

    I measc táillí ar dlúthchuid de mhodh úis ghlain ionstraime airgeadais iad tá:

    (a)

    táillí tionscnaimh a fhaigheann an t-eintiteas a bhaineann le cruthú nó éadáil sócmhainne airgeadais. D’fhéadfadh sé go n-aireofaí ar tháillí den sórt sin cúiteamh as gníomhaíochtaí amhail meastóireacht a dhéanamh ar staid airgeadais an iasachtaí, meastóireacht agus taifeadadh a dhéanamh ar ráthaíochtaí, comhthaobhacht agus socruithe urrúis eile, caibidlíocht a dhéanamh ar théarmaí na hionstraime, doiciméid a ullmhú agus a phróiseáil agus an t-idirbheart a dhúnadh. Tá na táillí sin ina ndlúthchuid de chruthú bainteachta leis an ionstraim airgeadais a leanann as.

    (b)

    ní thomhaistear táillí gealltanais a fhaigheann an t-eintiteas chun iasacht a thionscnamh nuair nach dtomhaistear an gealltanas iasachta i gcomhréir le mír 4.2.1(a) agus is dóigh go ndéanfaidh an t-eintiteas socrú iasachta sonrach. Breathnaítear ar na táillí sin mar chúiteamh ar bhainteacht leanúnach le héadáil ionstraime airgeadais. Má théann an gealltanas in éag gan an iasacht a bheith déanta ag an eintiteas, aithnítear an táille mar ioncam ar dhul in éag dó.

    (c)

    táillí tionscnaimh arna n-íoc ar eisiúint dliteanas airgeadais arna dtomhas ar chostas amúchta. Tá na táillí sin ina ndlúthchuid de chruthú bainteachta le dliteanas airgeadais. Déanann eintiteas idirdhealú idir táillí agus costais ar dlúthchuid iad den ghlanráta úis don dliteanas airgeadais ó tháillí tionscnaimh agus costais beartaíochta a bhaineann leis an gceart chun seirbhísí a sholáthar, amhail seirbhísí bainistíochta infheistíochta.

    B5.4.3

    I measc táillí nach dlúthchuid de ghlanráta úis ionstraime airgeadais iad agus a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 15 tá:

    (a)

    táillí arna ngearradh as iasacht a sheirbhísiú;

    (b)

    táillí gealltanais chun iasacht a thionscnamh nuair nach dtomhaistear an gealltanas iasachta i gcomhréir le mír 4.2.1(a) agus nach dóigh go ndéanfaidh an t-eintiteas socrú iasachta sonrach; agus

    (c)

    táillí sindeacáitithe iasachta a fhaigheann eintiteas a shocraíonn iasacht agus nach gcoinníonn aon pháirt den phacáiste iasachta dó féin (nó a choinníonn páirt ag an nglanráta úis céanna le haghaidh riosca inchomparáide agus a bhíonn ag rannpháirtithe eile).

    B5.4.4

    Agus modh an úis ghlain á chur i bhfeidhm aige, déanann eintiteas aon táille, pointe arna íoc nó arna fháil, costas beartaíochta agus préimh nó lascaine eile a áirítear le ríomh an ghlanráta úis le linn shaolré ionchais na hionstraime airgeadais a amúchadh, de ghnáth. Baintear úsáid as tréimhse níos giorra, áfach, más í sin an tréimhse lena mbaineann na táillí, pointí arna n-íoc nó arna bhfáil, costais beartaíochta, préimheanna nó lascainí. Is amhlaidh an bheidh an cás nuair a dhéanfar an athróg lena mbaineann na táillí, pointí arna n-íoc nó arna bhfáil, costais beartaíochta, préimheanna nó lascainí a athphraghsáil chuig rátaí an mhargaidh roimh dháta aibíochta na hionstraime airgeadais a bhfuil coinne leis. I gcás den sórt sin, is í an tréimhse go dtí an chéad dáta athphraghsála eile den sórt sin atá sa tréimhse amúchta iomchuí. Mar shampla, má léiríonn préimh nó lascaine ar ionstraim airgeadais ráta chomhlúthaigh an t-ús fabhraithe ar an ionstraim airgeadais sin ón uair dheireanach a íocadh an t-ús, nó athruithe ar rátaí margaidh ón uair a athshocraíodh an ráta comhlúthach chuig na rátaí margaidh, déanfar í a amúchadh chuig an chéad dáta eile a athshocrófar an ráta comhlúthach chuig rátaí margaidh. Is amhlaidh sin toisc go mbaineann an phréimh nó lascaine leis an tréimhse go dtí an chéad dáta athshocraithe úis eile, óir déantar, ar an dáta sin, an athróg lena mbaineann an phréimh nó an lascaine (i.e. ráta úis) a athshocrú chuig na rátaí margaidh. Má eascraíonn an phréimh nó an lascaine as athrú ar an raon difríochta creidmheasa thar an ráta comhlúthach a shonraítear san ionstraim airgeadais, nó athróga eile nach n-athshocraítear chuig na rátaí margaidh, déantar í a amúchadh le linn shaolré ionchais na hionstraime airgeadais.

    B5.4.5

    Maidir le sócmhainní airgeadais ráta chomhlúthaigh agus dliteanais airgeadais ráta chomhlúthaigh, tagann athrú ar an nglanráta ús de dhroim athmheastacháin thréimhsiúla ar shreabhadh airgid chun gluaiseachtaí i rátaí úis an mhargaidh a léiriú. Má aithnítear sócmhainn airgeadais ráta chomhlúthaigh nó dliteanas airgeadais ráta chomhlúthaigh i dtosach ar mhéid atá cothrom leis an bpríomhshuim atá infhaighte nó iníoctha ar aibíocht, is gnách nach mbíonn aon iarmhairt shuntasach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne nó an dliteanais de thoradh athmheastacháin ar íocaíocht úis amach anseo.

    B5.4.6

    Má dhéanann eintiteas athbhreithniú ar íocaíochtaí nó fáltais (seachas modhnuithe i gcomhréir le mír 5.4.3 agus athruithe ar mheastacháin ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha), déanfaidh sé oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais nó costas amúchta dliteanais airgeadais (nó grúpa ionstraimí airgeadais) a choigeartú chun sreabhadh airgid conarthach measta, iarbhír agus athbhreithnithe a léiriú. Déanann an t-eintiteas oll-luach de réir na leabhar na sócmhainne airgeadais nó costas amúchta an dliteanais airgeadais a athríomh mar luach láithreach an tsreabhaidh airgid chonarthaigh mheasta amach anseo arna lascainiú ar ghlanráta úis bunaidh na hionstraime airgeadais (nó glanráta úis arna choigeartú i leith creidmheasa le haghaidh sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu) nó, i gcás inarb infheidhme, an glanráta úis athbhreithnithe arna ríomh i gcomhréir le mír 6.5.10. Aithnítear an coigeartú i mbrabús nó caillteanas mar ioncam nó caiteachas.

    B5.4.7

    I gcásanna áirithe, meastar go bhfuil fadhbanna creidmheasa ag sócmhainn airgeadais tráth aitheantais tosaigh toisc go bhfuil an riosca creidmheasa an-ard, agus i gcás ceannaigh, toisc go bhfaightear ar ghéarlascaine é. Ceanglaítear ar eintiteas na caillteanais chreidmheasa ionchasacha tosaigh a chur san áireamh sa sreabhadh airgid measta agus é ag ríomh an ghlanráta úis arna choigeartú i leith sócmhainní airgeadais a meastar fadhbanna creidmheasa a bheith acu ar a gceannach nó ar a dtionscnamh tráth aitheantais tosaigh. Ní chiallaíonn sin, áfach, gur cheart glanráta úis arna choigeartú i leith creidmheasa a chur i bhfeidhm mar gheall ar ardriosca creidmheasa a bheith ag an tsócmhainn airgeadais tráth aitheantais tosaigh agus mar gheall air sin amháin.

    Costais idirbheart

    B5.4.8

    Áirítear ar chostais beartaíochta táillí agus coimisiún a íoctar le gníomhairí (lena n-áirítear fostaithe a ghníomhaíonn mar ghníomhairí díolacháin), comhairleoirí, bróicéirí agus déileálaithe, tobhaigh ó ghníomhaireachtaí rialaitheacha agus malartáin urrús, agus cánacha aistrithe agus dleachtanna. Ní áirítear ar chostais beartaíochta préimheanna nó lascainí fiachais, costais mhaoiniúcháin nó costais inmheánacha riaracháin nó choinneála.

    Díscríobh

    B5.4.9

    Féadfaidh díscríobh bheith bainteach le sócmhainn airgeadais ina hiomláine nó le sciar di. Mar shampla, beartaíonn eintiteas an chomhthaobhacht ar shócmhainn airgeadais a fhorfheidhmiú agus tá coinne aige leis nach bhfaighidh sé níos mó ná 30 faoin gcéad den tsócmhainn airgeadais ón gcomhthaobhacht. Mura bhfuil aon choinne réasúnta ag an eintiteas leis go n-aisghabhfaidh sé aon sreabhadh airgid breise ón tsócmhainn airgeadais, ba cheart dó an 70 faoin gcéad den tsócmhainn airgeadais atá fágtha a dhíscríobh.

    Lagú (Roinn 5.5)

    Bonn an mheasúnaithe chomhchoitinn agus aonair

    B5.5.1

    Chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint i leith méaduithe suntasacha ar an riosca creidmheasa ó thráth aitheantais tosaigh, d’fhéadfadh sé gur gá an measúnú ar mhéaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa a dhéanamh ar bhonn comhchoiteann, trí bhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis a thugann méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa le tuiscint maidir le grúpa nó foghrúpa ionstraimí airgeadais, mar shampla. Déantar sin chun a áirithiú go gcomhlíonann eintiteas an cuspóir maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint nuair atá méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa ann, fiú mura bhfuil fáil fós ar fhianaise ar mhéaduithe suntasacha den sórt sin ar riosca creidmheasa ar leibhéal na hionstraime aonair.

    B5.5.2

    Bíonn coinne leis go ginearálta go n-aithneofar caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil sula dtéann ionstraim airgeadais thar téarma. Tagann méadú suntasach ar riosca creidmheasa, de ghnáth, sula dtéann ionstraim airgeadais thar téarma nó sula bhfeictear fachtóirí righneála eile a bhaineann go sonrach le hiasachtaí (modhnú nó athstruchtúrú, mar shampla). Dá thoradh sin, nuair atá faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi atá níos réamhbhreathnaithí ná faisnéis thar téarma ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí, ní mór í a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar athruithe ar riosca creidmheasa.

    B5.5.3

    Ag brath ar chineál na n-ionstraimí airgeadais agus ar an bhfaisnéis maidir le riosca creidmheasa atá ar fáil le haghaidh grúpaí áirithe ionstraimí airgeadais, áfach, féadfar nach mbeidh eintiteas in ann athruithe suntasacha ar riosca creidmheasa maidir le hionstraimí airgeadais aonair a shainaithint sula dtéann an ionstraim airgeadais thar téarma. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí miondíola nach bhfuil mórán faisnéise, nó aon fhaisnéis, atá cothrom le dáta ar fáil maidir leis an riosca creidmheasa ina leith, faisnéis a fhaightear agus a ndéantar faireachán go gnáthúil uirthi ar ionstraim aonair go dtí go sáraíonn custaiméir na téarmaí conarthacha. Mura ngabhtar athruithe ar an riosca creidmheasa le haghaidh ionstraimí airgeadais aonair sula mbeidh siad thar téarma, ní léireofaí go dílis le lamháltas caillteanais atá bunaithe ar fhaisnéis chreidmheasa ar bhonn ionstraim airgeadais aonair amháin na hathruithe ar an riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    B5.5.4

    In imthosca faoi leith, ní bhíonn ag eintiteas faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí chun tomhas a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar bhonn ionstraime aonair. Sa chás sin, aithneofar caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar bhonn comhchoiteann a bhreithníonn faisnéis chuimsitheach maidir le riosca creidmheasa. Ní hamháin gur cheart don fhaisnéis chuimsitheach maidir le riosca creidmheasa faisnéis thar téarma a chumhdach ach ba cheart don fhaisnéis ábhartha uile maidir le creidmheas a bheith cumhdaithe freisin, lena n-áirítear faisnéis mhaicreacnamaíoch réamhbhreathnaitheach, chun neastachán a fháil i ndáil le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcás inar tháinig méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó ar bhonn ionstraime aonair.

    B5.5.5

    Chun méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa a chinneadh agus lamháltas caillteanais a shainaithint ar bhonn comhchoiteann, is féidir le heintiteas ionstraimí airgeadais a ghrúpáil ar bhonn saintréithe riosca creidmheasa nuair is é is cuspóir dó éascaíocht a dhéanamh d’anailís atá ceaptha méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa a shainaithint ar bhonn tráthúil. Níor cheart don eintiteas an fhaisnéis sin a dhoiléiriú trí ionstraimí airgeadais a bhfuil saintréithe riosca éagsúla acu a ghrúpáil. Ar shamplaí de shaintréithe riosca creidmheasa comhroinnte tá na nithe seo a leanas, ach ní hiad na saintréithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    an cineál ionstraime;

    (b)

    na rátálacha riosca creidmheasa;

    (c)

    an cineál comhthaobhachta;

    (d)

    dáta an aitheantais tosaigh;

    (e)

    an téarma atá fágtha roimh an dáta aibíochta;

    (f)

    an tionscal;

    (g)

    suíomh geografach an iasachtaí; agus

    (h)

    an luach comhthaobhachta i gcoibhneas leis an tsócmhainn airgeadais má tá tionchar aige ar an dóchúlacht go dtarlódh mainneachtain (mar shampla, iasachtaí neamhiontaofa i roinnt dlínsí nó cóimheasa iasachta/luacha).

    B5.5.6

    Éilítear le mír 5.5.4 go n-aithnítear caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar na hionstraimí airgeadais uile a raibh méaduithe suntasacha ina leith ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó. Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, mura bhfuil eintiteas in ann grúpáil a dhéanamh ar ionstraimí airgeadais, a mbreithnítear go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an riosca creidmheasa ina leith ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó, bunaithe ar shaintréithe riosca creidmheasa comhroinnte, ba cheart don eintiteas caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint ar sciar de na sócmhainní airgeadais a meastar go bhfuil méadú suntasach tagtha ar riosca creidmheasa ina leith. Maidir le comhiomlánú ionstraimí airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil athruithe ar riosca creidmheasa ar bhonn comhchoiteann ann, d’fhéadfadh sé athrú le himeacht ama de réir mar a bhíonn faisnéis nua ar fáil maidir le grúpaí ionstraimí airgeadais nó ionstraimí airgeadais aonair.

    Uainiú maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint

    B5.5.7

    Maidir leis an measúnú ar cé acu ba cheart nó nár cheart caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint, tá sé bunaithe ar mhéaduithe suntasacha ar an dóchúlacht nó an riosca go dtarlódh mainneachtain ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó (gan beann ar athphraghsáil ionstraime airgeadais chun méadú ar riosca creidmheasa a léiriú) in ionad fianaise i ndáil le fadhbanna creidmheasa a bheith ag sócmhainn airgeadais ar an dáta maidir le tuairisciú nó in ionad fianaise go dtarlódh mainneachtain iarbhír. Go ginearálta, beidh méadú suntasach ar riosca creidmheasa sula mbeadh fadhbanna creidmheasa ag sócmhainn airgeadais nó sula dtarlóidh mainneachtain iarbhír.

    B5.5.8

    Maidir le gealltanais iasachta, breithníonn eintiteas athruithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtain ar bhonn an iasachta lena mbaineann an gealltanas iasachta. Maidir le conarthaí ráthaíochta airgeadais, breithníonn an t-eintiteas na hathruithe ar an riosca go mainneoidh an féichiúnaí sonraithe i leith an chonartha.

    B5.5.9

    Athrú ar an riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó, braitheann a shuntas staitistiúil ar an riosca go dtarlódh mainneachtain tráth aitheantais tosaigh. Dá réir sin, beidh athrú áirithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtain níos suntasaí, i ndearbhthéarmaí, i gcás ionstraime airgeadais a bhfuil riosca tosaigh níos ísle aige go dtarlóidh mainneachtain i gcomparáid le hionstraim airgeadais a bhfuil riosca tosaigh níos airde aige go dtarlóidh mainneachtain.

    B5.5.10

    Dá fhad í saolré ionchais na hionstraime is ea is airde an riosca go dtarlódh mainneachtain i ndáil le hionstraimí airgeadais a bhfuil riosca creidmheasa inchomparáide acu; is airde, mar shampla, an riosca go dtarlódh mainneachtain ar bhanna de rátáil AAA a bhfuil saolré ionchais 10 mbliana aige ná an riosca go dtarlódh mainneachtain ar bhanna de rátáil AA a bhfuil saolré ionchais 5 bliana aige.

    B5.5.11

    Mar gheall ar an ngaolmhaireacht idir an tsaolré ionchais agus an riosca go dtarlódh mainneachtain, ní féidir an t-athrú ar riosca creidmheasa a mheasúnú trí chomparáid a dhéanamh ar an athrú ar an riosca absalóideach go dtarlódh mainneachtain le himeacht ama. Má tá an riosca go dtarlódh mainneachtain i ndáil le hionstraim airgeadais a bhfuil saolré ionchais 10 mbliana aici tráth aitheantais tosaigh mar an gcéanna, mar shampla, leis an riosca go dtarlódh mainneachtain ar an ionstraim airgeadais sin i gcás inarb é 5 bliana a shaolré ionchais i dtréimhse ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé sin méadú ar riosca creidmheasa a léiriú. Tarlaíonn sé sin toisc go laghdaíonn an riosca go dtarlódh mainneachtain thar an tsaolré ionchais le himeacht ama mura n-athraíonn an riosca creidmheasa agus má bhíonn an ionstraim airgeadais níos gaire don aibíocht. I gcás ionstraimí airgeadais a bhfuil oibleagáidí íocaíochta suntasacha acu atá gar d’aibíocht ionstraime airgeadais, áfach, d’fhéadfadh sé nach laghdófaí an riosca go dtarlódh mainneachtain le himeacht ama. I gcás den sórt sin, ba cheart don eintiteas fachtóirí cáilíochtúla eile a bhreithniú, cinn a léireodh cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    B5.5.12

    D’fhéadfadh eintiteas modhanna éagsúla a chur i bhfeidhm nuair a dhéantar measúnú ar cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh an riosca creidmheasa maidir le hionstraimí airgeadais go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó nó nuair a thomhaistear na caillteanais chreidmheasa ionchasacha. Féadfaidh eintiteas modhanna éagsúla a chur i bhfeidhm i gcás ionstraimí airgeadais éagsúla. Maidir le modh nach n-áirítear leis dóchúlacht shainráite maidir le mainneachtain mar ionchur per se, amhail modh ráta caillteanais creidmheasa, is féidir leis a bheith comhsheasmhach i ndáil leis na ceanglais sa Chaighdeán seo, ar choinníoll gur féidir le heintiteas na hathruithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtana a idirdhealú ó spreagthaí eile de chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, amhail comhthaobhacht, agus breithníonn an t-eintiteas na nithe seo a leanas agus an measúnú á dhéanamh aige:

    (a)

    an t-athrú ar an riosca go dtarlódh mainneachtain ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó;

    (b)

    saolré ionchais na hionstraime airgeadais; agus

    (c)

    faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don riosca creidmheasa.

    B5.5.13

    Maidir leis na modhanna a úsáidtear chun a chinneadh cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach i ndáil le hionstraim airgeadais ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó, ba cheart dóibh saintréithe na hionstraime airgeadais (nó an ghrúpa ionstraimí airgeadais) a bhreithniú chomh maith leis na patrúin mhainneachtana san am atá caite i gcás ionstraimí airgeadais inchomparáide. D’ainneoin an riachtanais i mír 5.5.9, maidir le hionstraimí airgeadais nach bhfuil patrúin mhainneachtana comhchruinnithe ag pointe sonrach le linn shaolré ionchais na hionstraime airgeadais, d’fhéadfadh athruithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtain thar na chéad 12 mhí eile a bheith ina gcomhfhogasú réasúnach i ndáil leis an hathruithe ar an riosca saolré go dtarlódh mainneachtain. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh eintiteas athruithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtain sna chéad 12 mhí eile a úsáid chun a chinneadh cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó, mura léiríonn imthosca go bhfuil gá le measúnú ar shaolré.

    B5.5.14

    I gcás roinnt ionstraimí airgeadais, nó in imthosca áirithe, áfach, féadfar nach mbeadh sé iomchuí athruithe ar an riosca go dtarlódh mainneachtain sna chéad 12 mhí eile a úsáid chun cinneadh a dhéanamh cé acu ba cheart nó nár cheart caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint. Féadfar nach mbeidh an t-athrú ar an riosca go dtarlódh mainneachtain sna chéad 12 mhí eile ina bhonn iomchuí, mar shampla, chun a chinneadh cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa ar ionstraim airgeadais a bhfuil aibíocht is faide ná 12 mhí aici sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás nach bhfuil ach oibleagáidí íocaíochta suntasacha ag an ionstraim airgeadais tar éis na gcéad 12 mhí eile;

    (b)

    i gcás ina dtarlaíonn athruithe ar fhachtóirí maicreacnamaíocha ábhartha nó ar fhachtóirí eile a bhaineann le creidmheas nach léirítear go hiomchuí sa riosca go dtarlódh mainneachtain sna chéad 12 mhí eile; nó

    (c)

    i gcás nach n-imríonn athruithe ar fhachtóirí a bhaineann le creidmheas tionchar ach ar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais (nó i gcás nach bhfuil iarmhairt níos mó acu air) tar éis an chéad 12 mhí eile.

    A chinneadh cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó

    B5.5.15

    I gcás ina gcinnfear cé acu atá nó nach bhfuil gá le haithint caillteanas creidmheasa ionchasach saoil, breithneoidh an t-eintiteas an fhaisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí a d’fheadfadh difear a dhéanamh don riosca creidmheasa i ndáil le hionstraim airgeadais i gcomhréir le mír 5.5.17(c). Ní gá d’eintiteas cuardach uileghabhálach a dhéanamh ar fhaisnéis nuair a chinneann sé cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    B5.5.16

    Is anailís ilfhachtóra iomlánaíoch í anailís ar riosca creidmheasa; maidir le cé acu atá nó nach bhfuil fachtóir sonrach ábhartha, chomh maith lena ualach i gcomparáid le fachtóirí eile, braithfidh sé ar an gcineál táirge, saintréithe na hionstraimí airgeadais agus an iasachtaí chomh maith leis an suíomh geografach. Breithneoidh eintiteas faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí, faisnéis atá ábhartha le haghaidh na hionstraime airgeadais ar leith a bhfuil measúnú á dhéanamh uirthi. Féadfar nach mbeadh roinnt fachtóirí nó táscairí inaitheanta ar bhonn ionstraime airgeadais aonair, áfach. I gcás den sórt sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na fachtóirí nó táscairí le haghaidh punann, grúpaí punann nó sciartha de phunann ionstraimí airgeadais chun a chinneadh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an ceanglas i mír 5.5.3 i ndáil le haithint na gcaillteanas creidmheasa ionchasach saoil.

    B5.5.17

    Féadfaidh an liosta neamhchuimsitheach faisnéise seo a leanas a bheith ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar athruithe ar riosca creidmheasa:

    (a)

    athruithe suntasacha ar tháscairí inmheánacha praghais ar riosca creidmheasa de thoradh athrú ar riosca creidmheasa ó tháinig sé isteach, lena n-áirítear an raon difríochta creidmheasa a bheadh ann dá ndéanfaí ionstraim airgeadais ar leith nó ionstraim airgeadais chomhchosúil a bhfuil na téarmaí céanna agus an contrapháirtí céanna aici a thionscnamh as an nua nó a eisiúint ar an dáta maidir le tuairisciú, ach ní hiad na hathruithe seo amháin atá i gceist.

    (b)

    athruithe eile ar na rátaí nó téarmaí ionstraime airgeadais atá ann cheana a bheadh an-difriúil dá dtionscnófaí an ionstraim as an nua nó dá n-eiseofaí í ar an dáta maidir le tuairisciú (amhail cúnaint níos déine, méideanna méadaithe comhthaobhachta nó ráthaíochtaí, nó cumhdach ioncaim níos airde) mar gheall ar athruithe ar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    (c)

    athruithe suntasacha ar tháscairí an mhargaidh inmheánaigh maidir le riosca creidmheasa i ndáil le hionstraim airgeadais ar leith nó ionstraimí airgeadais comhchosúla ag a bhfuil an tsaolré ionchais chéanna. Áirítear na nithe seo a leanas ar na hathruithe ar tháscairí an mhargaidh maidir le riosca creidmheasa, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (i)

    an raon difríochta creidmheasa;

    (ii)

    praghsanna babhtála mainneachtana creidmheasa don iasachtaí;

    (iii)

    an fad ama nó a mhéid a bhí luach cóir na sócmhainne airgeadais níos lú ná an costas amúchta; agus

    (iv)

    faisnéis mhargaidh eile a bhaineann leis an iasachtaí, amhail athruithe ar phraghas fiachais iasachtaí agus ionstraimí cothromais.

    (d)

    athrú suntasach iarbhír nó ionchasach ar rátáil chreidmheasa sheachtrach na hionstraime airgeadais.

    (e)

    íosghrádú rátála creidmheasa inmheánaí iarbhír nó ionchasach don iasachtaí nó laghdú ar scóráil iompraíochta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa go hinmheánach. Tá rátálacha creidmheasa inmheánacha agus scóráil iompraíochta inmheánach níos iontaofa nuair a mhapáiltear iad ar na rátálacha seachtracha nó nuair a thacaítear leo le staidéir mainneachtana.

    (f)

    athruithe diúltacha atá ann cheana nó a thuartar ar dhálaí gnó, airgeadais nó eacnamaíocha a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad athrú suntasach ar chumas an iasachtaí na hoibleagáidí fiachais a chomhlíonadh, amhail méadú iarbhír nó ionchasach ar rátaí úis nó méadú suntasach iarbhír nó ionchasach ar rátaí fostaíochta.

    (g)

    athrú suntasach iarbhír nó ionchasach ar thorthaí oibriúcháin an iasachtaí. I measc na samplaí tá ioncam laghdaithe iarbhír nó ionchasach nó corrlaigh laghdaithe iarbhír nó ionchasacha, rioscaí oibriúcháin méadaithe, easnaimh caipitil oibre, cáilíocht laghdaitheach sócmhainne, giaráil mhéadaithe cláir chomhordaithe, fadhbanna le bainistíocht leachtachta nó athruithe ar raon feidhme struchtúr na gnólachta nó na heagraíochta (amhail scor cuid den ghnólacht) as a n-eascraíonn athrú suntasach ar chumas an iasachtaí na hoibleagáidí fiachais a chomhlíonadh.

    (h)

    méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa maidir le hionstraimí airgeadais eile an iasachtaí chéanna.

    (i)

    athrú diúltach suntasach iarbhír nó ionchasach ar thimpeallacht rialaitheach, eacnamaíoch nó teicneolaíoch an iasachtaí as a n-eascraíonn athrú suntasach ar chumas an iasachtaí na hoibleagáidí fiachais a chomhlíonadh, amhail laghdú ar an éileamh le haghaidh tháirge díolacháin an iasachtaí mar gheall ar athrú i gcúrsaí teicneolaíochta.

    (j)

    athruithe suntasacha ar luach na comhthaobhachta a thacaíonn leis an oibleagáid nó athruithe móra ar cháilíochta ráthaíochtaí tríú páirtí nó feabhsuithe creidmheasa, a bhfuil coinne leis go laghdóidh siad dreasacht eacnamaíoch an iasachtaí chun íocaíochtaí conarthacha sceidealaithe a dhéanamh, nó a bhfuil coinne leis go mbeidh iarmhairt acu ar an dóchúlacht go dtarlódh mainneachtain. Mar shampla, má thagann laghdú ar an luach comhthaobhachta toisc go laghdaíonn praghsanna ar thithe, bíonn dreasacht níos mó ag iasachtaithe i roinnt dlínsí a bheith ag mainneachtain íocaíochta i leith a morgáistí.

    (k)

    athrú suntasach ar cháilíocht na ráthaíochta a sholáthraíonn scairshealbhóir (nó tuismitheoirí duine) má bhíonn dreasacht agus cumas airgeadais ag an scairshealbhóir (nó na tuismitheoirí) mainneachtain a sheachaint le hinstealladh caipitil nó airgid.

    (l)

    athruithe suntasacha, amhail laghduithe ar thacaíocht airgeadais ó máthairghnóthas nó eintiteas cleamhnaithe eile nó athrú suntasach iarbhír nó ionchasach ar cháilíocht an fheabhsúcháin creidmheasa, a bhfuil coinne leis go laghdóidh siad dreasacht eacnamaíoch an iasachtaí chun íocaíochtaí conarthacha sceidealaithe a dhéanamh. Áirítear ar fheabhsuithe nó ar thacaíocht cáilíochta creidmheasa breithniú ar staid airgeadais an ráthóra agus/nó, i gcás leasanna arna n-eisiúint in urrúsúcháin, breithniú ar cé acu atá nó nach bhfuil coinne leis go mbeidh sé ar a gcumas do leasanna fo-ordaithe caillteanais chreidmheasa ionchasacha a mhaolú (na hiasachtaí a fholuíonn an t-urrús, mar shampla).

    (m)

    athruithe ionchasacha ar an doiciméadacht iasachta lena n-áirítear sárú ionchasach ar chonradh a bhféadfadh tarscaoileadh cúnaint nó leasuithe, sosanna íocaíochta úis, uaschéimnithe ráta úis, éileamh comhthaobhachta nó ráthaíochtaí breise, nó athruithe eile ar chreat conarthach na hionstraime eascairt as.

    (n)

    athruithe suntasacha ar fheidhmíocht agus iompraíocht ionchasach an iasachtaí, lena n-áirítear athruithe ar stádas íocaíochta iasachtaithe sa ghrúpa (mar shampla, méadú ar an líon ionchasach íocaíochtaí conarthacha nó fairsinge na moille ar na híocaíochtaí conarthacha nó méaduithe suntasacha ar líon ionchasach na n-iasachtaithe cárta creidmheasa a bhfuil coinne leis go dtiocfaidh siad i ngar dá dteorainneacha creidmheasa, nó go sáróidh siad iad, nó líon ionchasach na n-iasachtaithe a bhfuil coinne leis go n-íocfaidh siad an méid íosta míosúil).

    (o)

    athruithe ar chur chuige bainistíochta creidmheasa an eintitis i ndáil leis an ionstraim airgeadais; i.e. bunaithe ar tháscairí atá ag teacht chun cinn maidir le hathruithe ar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais, tá coinne leis go dtiocfaidh cleachtais an eintitis maidir le bainistíocht riosca creidmheasa chun bheith níos gníomhaí nó go mbeidh sé dírithe ar bhainistiú na hionstraime, lena n-áirítear faireachán nó rialú níos déine ar an ionstraim, nó tá coinne leis go ndéanfaidh an t-eintiteas idirghabháil leis an iasachtaí go sonrach.

    (p)

    faisnéis thar téarma, lena n-áirítear an toimhde infhrisnéise mar a leagtar amach i mír 5.5.11.

    B5.5.18

    I roinnt cásanna, féadfaidh an fhaisnéis cháilíochtúil agus an fhaisnéis cainníochtúil neamhstaitistiúil a bheith leordhóthanach chun a chinneadh gur chomhlíon ionstraimí airgeadais na critéir maidir le haithint lamháltais caillteanais ar mhéid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil. Is é sin le rá, ní gá don fhaisnéis dul trí shamhail staitistiúil nó próiseas rátálacha creidmheasa chun a chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa na hionstraime airgeadais. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar eintiteas faisnéis eile a bhreithniú, lena n-áirítear faisnéis óna shamhlacha staitistiúla nó próisis rátálacha creidmheasa. De rogha air sin, féadfaidh an t-eintiteas an measúnú a bhunú ar an dá chineál faisnéise, i.e. fachtóirí cáilíochtúla nach ngabhtar leis an bpróiseas rátálacha inmheánacha agus catagóir shonrach rátála inmheánaí ar an dáta maidir le tuairisciú, nuair a chuirtear san áireamh na saintréithe riosca creidmheasa tráth aitheantais tosaigh, má bhíonn an dá chineál faisnéise sin ábhartha.

    Toimhde infhrisnéise atá breis agus 30 lá thar téarma

    B5.5.19

    Maidir leis an toimhde infhrisnéise i mír 5.5.11, ní dearbhtháscaire é gur cheart caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint, ach toimhdítear gurb é an pointe is deireanaí ar cheart caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a aithint fiú nuair a úsáidtear faisnéis réamhbhreathnaitheach (lena n-áirítear fachtóirí maicreacnamaíocha ar leibhéal punainne).

    B5.5.20

    Is féidir le heintiteas an toimhde sin a fhrisnéis. Ní féidir leis é sin a dhéanamh, áfach, ach amháin i gcás ina bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ar fáil dó a léiríonn nach léirítear le híocaíochtaí conarthacha atá níos mó ná 30 lá thar téarma gur méadú suntasach é ar riosca creidmheasa ionstraime airgeadais. Mar shampla, i gcás nach ndearnadh íocaíocht mar gheall ar dhearmad riaracháin, in ionad dheacracht airgeadais an iasachtaí, nó i gcás ina bhfuil fáil ag an eintiteas ar fhianaise stairiúil a léiríonn nach bhfuil aon chomhchoibhneas idir méaduithe suntasacha ar an riosca go dtarlódh mainneachtain agus sócmhainní airgeadais a bhfuil íocaíochtaí níos mó ná 30 lá thar téarma ina leith, ach go sainaithnítear leis an bhfianaise sin comhchoibhneas den sórt sin nuair a bhíonn íocaíochtaí níos mó ná 60 lá thar téarma.

    B5.5.21

    Ní féidir leis an eintiteas uainiú méaduithe móra ar riosca creidmheasa agus aithint caillteanas creidmheasa ionchasach saoil a ailíniú leis an uair a mheastar fadhbanna creidmheasa a bheith ag sócmhainn airgeadais nó le sainmhíniú inmheánach eintitis ar mhainneachtain.

    Ionstraimí airgeadais ag a bhfuil rioscaí sealcreidmheasa ar an dáta maidir le tuairisciú

    B5.5.22

    Breithnítear go bhfuil an riosca creidmheasa maidir le hionstraim airgeadais íseal chun críocha mhír 5.5.10 má tá riosca mainneachtana na hionstraime airgeadais íseal, má tá inniúlacht láidir ag an iasachtaí a chuid oibleagáidí conarthacha maidir le sreabhadh airgid a chomhlíonadh sa ghearrthéarma agus dá bhféadfadh athruithe diúltacha ar dhálaí eacnamaíocha agus gnó san fhadtéarma laghdú ar chumas an iasachtaí a chuid oibleagáidí conarthacha maidir le sreabhadh airgid a chomhlíonadh, ach gan gá a bheith ann go ndéanfadh na hathruithe diúltacha sin amhlaidh. Ní bhreithnítear go bhfuil riosca creidmheasa íseal ag ionstraimí airgeadais nuair a mheastar riosca caillteanais íseal a bheith acu díreach mar gheall ar an luach comhthaobhachta agus ní bhreithneofaí go mbeadh riosca creidmheasa íseal ag an ionstraim airgeadais gan an chomhthaobhacht sin. Ní bhreithnítear ach oiread go bhfuil riosca creidmheasa íseal ag ionstraimí airgeadais toisc go bhfuil riosca mainneachtana níos ísle ag gabháil leo ná ionstraimí airgeadais eile an eintitis nó riosca níos ísle atá coibhneasta le riosca creidmheasa an dlínse ina n-oibríonn an t-eintiteas.

    B5.5.23

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil riosca creidmheasa íseal ag ionstraim airgeadais, féadfaidh eintiteas úsáid a bhaint as a rátálacha inmheánacha maidir le riosca creidmheasa nó as modhanna eile atá comhsheasmhach leis an sainmhíniú domhanda ar riosca creidmheasa íseal agus a bhreithníonn na rioscaí agus an cineál ionstraimí airgeadais a bhfuil measúnú á dhéanamh orthu. Maidir le rátáil sheachtrach de ‘ghrád infheistíochta’, is sampla é sin d’ionstraim airgeadais a fhéadfar a bhreithniú mar ionstraim ag a bhfuil riosca creidmheasa íseal. Ní éilítear go ndéanfaí rátáil sheachtrach ar ionstraimí airgeadais chun a bhreithniú go bhfuil riosca creidmheasa íseal ag baint leo, áfach. Ba cheart a bhreithniú, áfach, go bhfuil riosca creidmheasa íseal acu ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh agus téarmaí agus coinníollacha uile na hionstraime airgeadais á gcur san áireamh.

    B5.5.24

    Ní aithnítear caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil ar ionstraim airgeadais díreach toisc gur breithníodh go raibh riosca creidmheasa íseal aici sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus ní mheastar go bhfuil riosca creidmheasa íseal aici ar an dáta maidir le tuairisciú. I gcás den sórt sin, cinnfidh eintiteas cé acu a bhí nó nach raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó agus, dá réir sin, cé acu a éilítear nó nach éilítear leis go n-aithneofaí caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil i gcomhréir le mír 5.5.3.

    Modhnuithe

    B5.5.25

    I roinnt imthosca, féadfaidh dí-aithint na sócmhainne airgeadais atá ann cheana i gcomhréir leis an gCaighdeán seo teacht as athchaibidlíocht nó modhnú shreafaí airgid conarthacha ionstraime airgeadais. Nuair a leanann dí-aithint na sócmhainne airgeadais reatha agus aithint sócmhainne airgeadais modhnaithe as modhnú sócmhainne airgeadais, breithnítear gur sócmhainn airgeadais ‘nua’ í an tsócmhainn mhodhnaithe chun críocha an Chaighdeáin seo.

    B5.5.26

    Dá réir sin, caithfear le dáta an mhodhnúcháin mar dháta an aitheantais tosaigh na sócmhainne airgeadais sin nuair a chuirtear na ceanglais lagaithe i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn airgeadais mhodhnaithe. Is éard a bhíonn i gceist leis sin, de ghnáth, an lamháltas caillteanais a thomhas ar mhéid atá cothrom le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí go dtí go gcomhlíontar na ceanglais maidir le dí-aithint caillteanas creidmheasa ionchasach saoil i mír 5.5.3. I roinnt imthosca neamhghnácha, áfach, tar éis modhnú as a n-eascraíonn dí-aithint na sócmhainne airgeadais bunaidh, féadfar go mbeadh fianaise ann go bhfuil fadhbanna creidmheasa ag an tsócmhainn airgeadais mhodhnaithe tráth aitheantais tosaigh, agus dá réir sin, ba cheart an tsócmhainn airgeadais a aithint mar shócmhainn airgeadais thionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici. Féadfaidh sé sin tarlú, mar shampla, i gcás ina ndearnadh modhnú substaintiúil ar shócmhainn tochsail as ar tháinig dí-aithint na sócmhainne airgeadais bunaidh. I gcás den sórt sin, féadfar go dtiocfadh sócmhainn airgeadais nua as an modhnú, sócmhainn a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici tráth aitheantais tosaigh.

    B5.5.27

    Má rinneadh athchaibidlíocht nó modhnú eile ar shreabhadh airgid conarthach maidir le sócmhainn airgeadais, ach nár dí-aithníodh an tsócmhainn airgeadais, ní bhreithnítear go huathoibríoch go bhfuil riosca creidmheasa níos ísle ag an tsócmhainn airgeadais sin. Déanfaidh eintiteas measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh méadú suntasach ar riosca creidmheasa ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó ar bhonn na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí. Áirítear air sin faisnéis stairiúil agus faisnéis réamhbhreathnaitheach agus measúnú ar an riosca creidmheasa thar shaolré ionchais na sócmhainne airgeadais, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na himthosca as ar eascair an modhnú. Féadfar a áireamh ar fhianaise nach gcomhlíontar na critéir maidir le dí-aithint caillteanas creidmheasa ionchasach saoil stair maidir le feidhmíocht íocaíochta tráthúla atá cothrom le dáta in aghaidh na dtéarmaí conarthacha modhnaithe. De ghnáth, bheadh ar chustaiméir dea-iompraíocht chomhsheasmhach maidir le híocaíochtaí a léiriú thar thréimhse ama sula mbreithneofaí go bhfuil laghdú tagtha ar an riosca creidmheasa. Mar shampla, ní scriosfaí stair d’íocaíochtaí a cailleadh nó d’íocaíochtaí neamhiomlána dá ndéanfaí íocaíocht amháin go tráthúil tar éis mhodhnú na dtéarmaí conarthacha.

    Tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach

    Caillteanais chreidmheasa ionchasacha

    B5.5.28

    Maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha, is meastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha (i.e. luach láithreach gach easnaimh airgid) iad atá ualaithe de réir dóchúlachta le linn shaolré ionchais na hionstraime airgeadais. Is éard atá i gceist le heasnamh airgid an difríocht idir an sreabhadh airgid atá le híoc le heintiteas i gcomhréir leis an gconradh agus na sreabhadh airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena fháil. Toisc go mbreithnítear le caillteanais chreidmheasa ionchasacha méid agus uainiú na n-íocaíochtaí, tagann caillteanas creidmheasa chun cinn fiú má bhíonn coinne leis an eintiteas íocaíocht iomlán a fháil tráth níos déanaí ná mar atá dlite de réir conartha.

    B5.5.29

    I gcás sócmhainní airgeadais, is é caillteanas creidmheasa luach láithreach na difríochta idir:

    (a)

    an sreabhadh airgid conarthach atá le híoc le heintiteas faoin gconradh; agus

    (b)

    an sreabhadh airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena fháil.

    B5.5.30

    I gcás gealltanas iasachta neamhtharraingthe, is é caillteanas creidmheasa luach láithreach na difríochta idir:

    (a)

    an sreabhadh airgid conarthach atá le híoc leis an eintiteas má tharraingíonn sealbhóir an ghealltanais iasachta an iasacht anuas; agus

    (b)

    an sreabhadh airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena fháil má tharraingítear an iasacht anuas.

    B5.5.31

    Maidir le meastachán einititis ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir le gealltanais iasachta, beidh sé comhsheasmhach leis an gcoinne atá acu i ndáil le tarraingtí anuas ar an ngealltanas iasachta sin, i.e. breithneoidh sé an sciar den ghealltanas iasachta a bhfuil coinne lena tharraingt anuas laistigh de 12 mhí ón dáta maidir le tuairisciú agus meastachán á dhéanamh aige ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha thréimhse 12 mhí, agus an sciar den ghealltanas iasachta a bhfuil coinne lena tharraingt anuas le linn shaolré ionchais an ghealltanais iasachta agus meastachán á dhéanamh aige ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil.

    B5.5.32

    I gcás conartha ráthaíochta airgeadais, ní éilítear ar an eintiteas íocaíochtaí a dhéanamh ach amháin má mhainníonn an féichiúnaí i gcomhréir le téarmaí na hionstraime a bhfuil ráthaíocht aige. Dá réir sin, is iad easnaimh airgid na híocaíochtaí ionchasach chun an sealbhóir a aisíoc as caillteanas creidmheasa a thabhaíonn sé lúide aon mhéid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena bhfáil ó sealbhóir, ón bhféichiúnaí nó ó aon pháirtí eile. Má bhíonn an tsócmhainn go hiomlán ráthaithe, bheadh an meastachán ar easnaimh airgid maidir le conradh ráthaíochta airgeadais comhsheasmhach leis na meastacháin ar easnaimh airgid maidir leis an tsócmhainn faoi réir na ráthaíochta.

    B5.5.33

    I gcás sócmhainne airgeadais a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici ar an dáta maidir le tuairisciú, ach nach sócmhainn airgeadais cheannaithe nó thionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa aici í, tomhaisfidh eintiteas na caillteanais chreidmheasa ionchasacha mar an difríocht idir oll-luach na sócmhainne de réir na leabhar agus luach láithreach an tsreafa airgid todhchaí mheasta arna lascainiú ar ghlanráta úis bunaidh na sócmhainne airgeadais. Aithnítear aon choigeartú i mbrabús nó i gcaillteanas mar ghnóthachan nó mar chaillteanas lagaithe.

    B5.5.34

    Nuair a thomhaistear lamháltas caillteanais le haghaidh suim infhaighte um léas, ba cheart don sreabhadh airgid a úsáidtear chun na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a chinneadh a bheith comhsheasmhach leis an sreabhadh airgid a úsáidtear chun an tsuim infhaighte um léas a thomhas i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna.

    B5.5.35

    Féadfaidh eintiteas bearta praiticiúla a úsáid nuair a thomhaistear na caillteanais chreidmheasa ionchasacha má bhíonn siad comhsheasmhach leis na prionsabail i mír 5.5.17. Sampla de bheart praiticiúil is ea ríomh na gcaillteanas creidmheasa ionchasach ar thrádáil infhála ag úsáid maitrís sholáthair. D’úsáidfeadh an t-eintiteas a thaithí stairiúil maidir le caillteanas creidmheasa (arna choigeartú de réir mar is iomchuí i gcomhréir le mír B5.5.51 go mír B5.5.52) i ndáil le trádálacha infhála chun meastachán a dhéanamh ar na caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí nó na caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil maidir leis na sócmhainní airgeadais de réir mar is ábhartha. Le maitrís sholáthair, mar shampla, d’fhéadfaí a shonrú na rátaí soláthair seasta ag brath ar líon na laethanta a bhfuil an trádáil infhála thar téarma (mar shampla, 1 faoin gcéad mura bhfuil sé thar téarma, 2 faoin gcéad mura bhfuil sé ach 30 lá thar téarma, 3 faoin gcéad má bhíonn sé níos mó ná 30 lá thar téarma ach má bhíonn sé níos lú ná 90 lá thar téarma, 20 faoin gcéad má bhíonn sé idir 90 agus 180 lá thar téarma, etc.). Agus é ag brath ar éagsúlacht a bhoinn custaiméirí, d’úsáidfeadh an t-eintiteas grúpálacha iomchuí má léirítear lena thaithí stairiúil maidir le caillteanas creidmheasa patrúin chaillteanais atá an-éagsúil i ndeighiltí custaiméirí éagsúla. I measc na samplaí de chritéir a fhéadfaí a úsáid chun sócmhainní a ghrúpáil tá suíomh geografach, cineál táirge, rátáil chustaiméara, comhthaobhacht nó árachas creidmheasa trádála agus cineál custaiméara (amhail custaiméir mórdhíola nó custaiméir miondíola).

    Sainmhíniú ar mhainneachtain

    B5.5.36

    Éilítear le mír 5.5.9 i gcás ina gcinnfear cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa maidir le hionstraim airgeadais go suntasach, breithneoidh an t-eintiteas an t-athrú ar an riosca go dtarlódh mainneachtain ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh dó.

    B5.5.37

    Nuair a shainmhínítear mainneachtain chun an riosca go dtarlódh mainneachtain a chinneadh, cuirfidh eintiteas sainmhíniú mainneachtana, atá comhsheasmhach leis an sainmhíniú a úsáidtear chun críoch bainistíochta riosca creidmheasa inmheánaí, i bhfeidhm maidir leis an ionstraim airgeadais ábhartha agus breithneoidh sé táscairí cáilíochtúla (mar shampla, cúnaint airgeadais) i gcás inarb iomchuí. Tá toimhde infhrisnéise ann, áfach, a dtugann le tuiscint nach dtarlaíonn mainneachtain níos déanaí nuair a bhíonn sócmhainn airgeadais 90 lá thar téarma mura bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag an eintiteas chun a léiriú go bhfuil critéar mainneachtana níos righneála níos iomchuí. Maidir leis an sainmhíniú ar mhainneachtain a úsáidtear chun na gcríoch sin, cuirfear i bhfeidhm é go comhsheasmhach ar na hionstraimí airgeadais uile mura mbíonn fáil ar fhaisnéis a léiríonn go bhfuil sainmhíniú eile ar mhainneachtain níos iomchuí i gcás na hionstraime airgeadais faoi leith sin.

    An tréimhse a ndéanfar meastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha ina leith

    B5.5.38

    I gcomhréir le mír 5.5.19, is í an tréimhse uasta a dtomhaisfear caillteanais chreidmheasa ionchasacha ina leith an tréimhse chonarthach uasta a mbíonn an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca creidmheasa lena linn. Maidir le gealltanais iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais, is é sin an tréimhse chonarthach uasta a bhfuil oibleagáid chonarthach láithreach ag an eintiteas síneadh a chur le creidmheas lena linn.

    B5.5.39

    I gcomhréir le mír 5.5.20, áfach, cuimsítear in roinnt ionstraimí airgeadais iasacht agus comhpháirt ghealltanais neamhtharraingthe agus ní chuireann cumas conarthach an eintitis aisíocaíocht a éileamh agus an gealltanas neamhtharraingthe a chealú teorainn ar nochtadh an eintitis do chaillteanais chreidmheasa go dtí an tréimhse chonartha fógra. Mar shampla, is féidir leis an iasachtóir saoráidí creidmheasa imrothlacha, amhail cártaí creidmheasa agus saoráidí rótharraingthe a tharraingt siar go conarthach gan ach lá amháin fógra a thabhairt. Sa chleachtas, áfach, leanann iasachtóirí de bheith ag cur síneadh le creidmheas ar feadh tréimhse níos faide agus ní fhéadfaidh siad an tsaoráid a tharraingt siar tar éis méadú a theacht ar riosca creidmheasa an iasachtaí, rud a d’fhéadfadh a bheith ródhéanach chun roinnt caillteanas creidmheasa ionchasach, nó na caillteanais chreidmheasa ionchasacha uile, a sheachaint. Bíonn na saintréithe a leanas ag na hionstraimí airgeadais sin de ghnáth de thoradh chineál na hionstraime airgeadais, an bealach a mbainistítear na hionstraimí airgeadais, agus cineál na faisnéise atá ar fáil maidir le méaduithe suntasacha ar riosca creidmheasa:

    (a)

    ní bhíonn téarma seasta nó struchtúr aisíocaíochta ag na hionstraimí airgeadais agus bíonn tréimhse cealúcháin chonarthach ghearr (mar shampla, 1 lá amháin) acu de ghnáth;

    (b)

    ní fhorfheidhmítear an cumas conarthach an conradh a chealú i ngnáthbhainistíocht laethúil na hionstraime airgeadais agus ní fhéadfar an conradh a chealú ach amháin nuair a thagann an t-eintiteas ar eolas maidir le méadú ar riosca creidmheasa ar an leibhéal saoráide; agus

    (c)

    bainistítear na hionstraimí airgeadais ar bhonn comhchoiteann.

    B5.5.40

    I gcás ina gcinnfear an tréimhse ar lena linn a mbeidh coinne leis go mbeidh an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca creidmheasa, ach nach ndéanfadh gnáthghníomhaíochtaí an eintitis um bainistíocht riosca creidmheasa na caillteanais chreidmheasa ionchasacha a mhaolú lena haghaidh, ba cheart d’eintiteas fachtóirí amhail faisnéis stairiúil agus taithí stairiúil maidir leis na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    an tréimhse ina raibh an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca creidmheasa maidir le hionstraimí comhchosúla;

    (b)

    an fad ama a thóg sé sular tharla mainneachtaintí lena mbaineann maidir le hionstraimí airgeadais comhchosúla tar éis méadú suntasach ar riosca creidmheasa; agus

    (c)

    na gníomhaíochtaí um bainistíocht riosca creidmheasa a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas iad a dhéanamh nuair a bheidh méadú tagtha ar an riosca creidmheasa maidir leis an ionstraim airgeadais, amhail laghdú nó baint teorainneacha neamhtharraingthe.

    Toradh atá ualaithe de réir dóchúlachta

    B5.5.41

    Ní hé is cuspóir do mheastachán a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha meastachán a dhéanamh ar an gcás is measa ná ar an gcás is fearr. Ina ionad sin, léireofar i gcónaí le meastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha an dóchúlacht go dtarlódh caillteanas creidmheasa agus an dóchúlacht nach dtarlódh aon chaillteanas creidmheasa fiú más é is dóchúla nach mbeadh aon chaillteanas ann.

    B5.5.42

    Éilítear le mír 5.5.17(a) go léireofaí leis an meastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha méid neamhlaofa atá ualaithe de réir dóchúlachta a chinntear trí réimse torthaí féideartha a mheas. Sa chleachtas, ní fhéadfar gur gá anailís chasta a bheith ann sin. I gcásanna áirithe, féadfaidh samhaltú simplí coibhneasta a bheith leordhóthanach, gan ghá le líon mór samhlacha mionsonraithe ar chásanna. Mar shampla, maidir le meánchaillteanais chreidmheasa grúpa mór ionstraimí airgeadais ag a bhfuil saintréithe riosca comhchoiteanna, féadfaidh na meánchaillteanais sin a bheith ina meastachán réasúnach ar an méid atá ualaithe de réir dóchúlachta. Is dócha, i gcásanna eile, go mbeidh gá le sainaithint cásanna lena sonraítear méid agus uainiú an tsreafa airgid le haghaidh torthaí faoi leith chomh maith le dóchúlacht mheasta na dtorthaí sin. Sna cásanna sin, léirítear leis na caillteanais chreidmheasa ionchasacha dhá thoradh ar a laghad i gcomhréir le mír 5.5.18.

    B5.5.43

    I gcás caillteanas creidmheasa ionchasach saoil, déanfaidh eintiteas meastachán i ndáil leis an riosca go dtarlódh mainneachtain i leith na hionstraime airgeadais le linn a saolré ionchais. Maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí, is sciar de na caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil iad agus léirítear leo na heasnaimh airgid saoil a bheidh ann má tharlaíonn mainneachtain sna 12 mhí tar éis an dáta maidir le tuairisciú (nó tréimhse níos giorra má bhíonn saolré ionchais ionstraime airgeadais níos lú ná 12 mhí), arna ualú ag an dóchúlacht go dtarlódh mainneachtain. Dá réir sin, maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha do thréimhse 12 mhí, ní caillteanais chreidmheasa ionchasacha saoil a thabhóidh eintiteas i ndáil le hionstraimí airgeadais a mhainneoidh sna chéad 12 mhí eile de réir a thuartha iad ná easnaimh airgid a thuartar sna chéad 12 mhí eile.

    Amluach airgid

    B5.5.44

    Lascaineofar caillteanais chreidmheasa ionchasacha chuig an dáta maidir le tuairisciú, ní chuig an mainneachtain ionchasach nó chuig aon dáta eile, ag úsáid an ghlanráta úis a chinntear tráth aitheantais tosaigh nó neastachán air sin. Má tá ráta úis athraitheach ag ionstraim airgeadais, déanfar na caillteanais chaillteanais chreidmheasa ionchasacha a lascainiú ag úsáid an ghlanráta úis reatha a chinntear i gcomhréir le mír B5.4.5.

    B5.5.45

    Maidir le sócmhainní airgeadais ceannaithe nó tionscanta a bhfuil fadhbanna creidmheasa acu, déanfar caillteanais chreidmheasa ionchasacha a lascainiú ag úsáid an ghlanráta úis a choigeartaítear de réir creidmheasa a chinntear tráth aitheantais tosaigh.

    B5.5.46

    Maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar infháltais léasa, déanfar iad a lascainiú ag úsáid an ráta lascaine chéanna a úsáidtear i dtomhas an infháltais léasa i gcomhréir le IFRS 16.

    B5.5.47

    Maidir leis na caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar ghealltanas iasachta, déanfar iad a lascainiú ag úsáid an ghlanráta úis, nó neastachán air sin, a chuirfear i bhfeidhm nuair a shainaithneofar an tsócmhainn airgeadais a leanann as an ngealltanas iasachta. Tarlaíonn sé sin toisc nuair a chuirfear na ceanglais lagaithe i bhfeidhm, caithfear le sócmhainn airgeadais a aithnítear tar éis tarraingthe ar ghealltanas iasacht mar chuid leantach den ghealltanas sin é in ionad ionstraim airgeadais nua. Dá bhrí sin, tomhaisfear na caillteanais chreidmheasa ionchasacha maidir leis an tsócmhainn airgeadais agus breithniú á dhéanamh ar an riosca creidmheasa bunaidh i ndáil leis an ngealltanas iasachta ón dáta a bhí an t-eintiteas ina pháirtí sa ghealltanas neamh-inchúlghairthe.

    B5.5.48

    Maidir le caillteanais chreidmheasa ionchasacha ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais nó ar ghealltanais iasachta nach féidir an glanráta úis a chinneadh ina leith, déanfar iad a lascainiú trí ráta lascaine a léiríonn measúnú reatha an mhargaidh ar an amluach airgid agus na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an sreabhadh airgid a chur i bhfeidhm, má choigeartaítear an ráta lascaine in ionad na n-easnamh airgid atá á lascainiú.

    Faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi

    B5.5.49

    Chun críche an Chaighdeáin seo, maidir le faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil go réasúnach ar an dáta maidir le tuairisciú gan chostas míchuí ná iarracht mhíchuí, lena n-áirítear faisnéis faoi imeachtaí roimhe seo agus dálaí atá ann faoi láthair, agus réamhaisnéisí maidir le dálaí eacnamaíocha sa todhchaí. Breithnítear go bhfuil faisnéis atá ar fáil chun críoch tuairiscithe airgeadais ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí.

    B5.5.50

    Ní cheanglaítear ar eintiteas réamhaisnéisí ar dhálaí sa todhchaí a chur san áireamh thar shaolré ionchais foriomlán ionstraime airgeadais. Braitheann méid an bhreithiúnais a éilítear chun meastachán a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha ar infhaighteacht faisnéise mionsonraithe. De réir mar a mhéadaíonn fad na réamhaisnéise, laghdaíonn infhaighteacht na faisnéise mionsonraithe agus méadaíonn an méid breithiúnais a éilítear chun meastachán a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha. Ní éilítear le meastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha meastachán mionsonraithe ar thréimhsí atá i bhfad sa todhchaí—i gcás tréimhsí den sórt sin, féadfaidh eintiteas réamh-mheastacháin a eachtarshuí ó fhaisnéis mhionsonraithe atá ar fáil.

    B5.5.51

    Ní gá d’eintiteas cuardach uileghabhálach a déanamh le haghaidh faisnéise, ach breithneoidh sé an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí agus atá ábhartha don mheastachán ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, lena n-áirítear iarmhairt na réamhíocaíochtaí ionchasacha. Áireofar san fhaisnéis a úsáidfear fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an iasachtaí, dálaí ginearálta eacnamaíocha agus measúnú ar threo reatha agus tuartha na ndálaí ar an dáta maidir le tuairisciú. Féadfaidh eintiteas foinsí éagsúla sonraí a úsáid, idir inmheánach (sonrach ó thaobh eintitis de) agus sheachtrach. Áirítear ar na foinsí sonraí féideartha taithí stairiúil maidir le caillteanas creidmheasa, rátálacha inmheánacha, taithí eintiteas eile maidir le caillteanas creidmheasa agus rátálacha inmheánacha eintiteas eile, tuarascálacha agus staitisticí. Eintitis nach bhfuil foinsí sonraí atá sonrach ó thaobh eintitis de acu, nó foinsí nach bhfuil leordhóthanach, féadfaidh siad taithí phiarghrúpa le haghaidh na hionstraime airgeadais inchomparáide (nó grúpaí d’ionstraimí airgeadais).

    B5.5.52

    Is cúltaca nó bonn tábhachtach í faisnéis stairiúil ón ar féidir tomhas a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha. Déanfaidh an t-eintiteas coigeartú ar a shonraí stairiúla, amhail taithí maidir le caillteanas creidmheasa, ar bhonn sonraí reatha inbhraite, áfach, chun iarmhairtí na ndálaí reatha agus a réamhaisnéisí maidir leis na dálaí amach anseo a léiriú, dálaí nach ndearna difear don tréimhse ar a bhfuil na sonraí stairiúla bunaithe, agus chun iarmhairtí na ndálaí sa tréimhse stairiúil nach bhfuil ábhartha don sreabhadh airgid todhchaí conarthach a bhaint. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gurb í an fhaisnéis stairiúil neamhchoigeartaithe an fhaisnéis réasúnach is fearr ar féidir tacú léi, ag brath ar chineál na faisnéise stairiúla agus an uair a ríomhadh í, i gcomparáid leis na himthosca ar an dáta maidir le tuairisciú agus saintréithe na hionstraime airgeadais atá á breithniú. Ba ceart do na meastacháin ar athruithe ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha athruithe ar shonraí inbhraite gaolmhara ó thréimhse go tréimhse a léiriú, agus ba cheart do na meastacháin sin a bheith comhsheasmhach ó thaobh treorach de leis na hathruithe (amhail athruithe ar rátaí dífhostaíochta, praghsanna réadmhaoine, praghsanna tráchtearraí, stádas íocaíochta nó fachtóirí eile a thugann le fios caillteanais chreidmheasa maidir leis an ionstraim airgeadais nó maidir leis an ngrúpa ionstraimí airgeadais agus méid na n-athruithe sin). Déanfaidh eintiteas athbhreithniú tráthrialta ar an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha chun aon difríocht idir meastacháin agus an taithí iarbhír maidir le caillteanas creidmheasa a laghdú.

    B5.5.53

    Nuair a úsáidtear taithí stairiúil maidir le caillteanas creidmheasa chun meastachán a dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, tá sé tábhachtach go gcuirtear faisnéis maidir le rátaí stairiúla caillteanais creidmheasa i bhfeidhm maidir leis na grúpaí dar braitheadh na rátaí stairiúla maidir le caillteanas creidmheasa. Dá dheasca sin, cuirfidh an modh a úsáidfear ar chumas gach grúpa de shócmhainní airgeadais a bheith bainteach le faisnéis maidir le taithí i ndáil le caillteanas creidmheasa roimhe sin i ngrúpaí de shócmhainní airgeadais ag a bhfuil saintréithe riosca comhchosúla agus sonraí ábhartha inbhraite a léiríonn dálaí reatha.

    B5.5.54

    Léirítear le caillteanais chreidmheasa ionchasacha ionchais eintitis maidir le caillteanais chreidmheasa. Nuair a bhreithnítear an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas nó iarracht mhíchuí agus meastachán á dhéanamh ar chaillteanais chreidmheasa ionchasacha, áfach, ba cheart d’eintiteas faisnéis mhargaidh inbhraite maidir leis an riosca creidmheasa i ndáil le hionstraim airgeadais ar leith nó ionstraimí airgeadais comhchosúla a bhreithniú.

    Comhthaobhacht

    B5.5.55

    Chun caillteanais chreidmheasa ionchasacha a thomhas, léireofar leis an meastachán ar easnaimh ionchasacha airgid an sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis ó chomhthaobhacht agus ó fheabhsuithe creidmheasa eile atá mar chuid de na téarmaí conarthacha agus nach n-aithníonn an t-eintiteas ar leithligh é. Léirítear leis an meastachán ar easnaimh ionchasacha airgid maidir le hionstraim airgeadais chomhthaobhaithe méid agus uainiú sreafa airgid a bhfuil coinne leis ó fhoriamh na comhthaobhachta lúide na costais a bhaineann le fáil agus díol na comhthaobhachta, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil foriamh dóchúil (i.e. breithnítear sa mheastachán ar shreabhadh airgid ionchasach dóchúlacht foriata agus an tsreafa airgid a leanfadh as). Dá dheasca sin, ba cheart aon sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis ó réadú na comhthaobhachta lasmuigh d’aibíocht chonarthach an chonartha a chur san áireamh san anailís sin. Maidir le haon chomhthaobhacht a fhaightear de thoradh foriata, ní aithnítear é mar shócmhainn atá ar leithligh ón ionstraim airgeadais chomhthaobhaithe mura gcomhlíonann sé na critéir aitheantais ábhartha le haghaidh sócmhainne sa Chaighdeán seo nó i gCaighdeáin eile.

    Athaicmiú sócmhainní airgeadais (Roinn 5.6)

    B5.6.1

    Má dhéanann eintiteas sócmhainní airgeadais a athaicmiú i gcomhréir le mír 4.4.1, éilítear le mír 5.6.1 go gcuirtear an t-athaicmiú i bhfeidhm go hionchasach ón dáta athaicmiúcháin. Éilítear leis an gcatagóir thomhais um chostas amúchta agus an chatagóir thomhais um luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile go gcinntear an glanráta úis tráth aitheantais tosaigh. Éilítear leis an dá chatagóir thomhais sin go gcuirtear na ceanglais lagaithe i bhfeidhm ar an mbealach céanna. Dá dheasca sin, nuair a dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú idir an chatagóir thomhais um chostas amúchta agus an chatagóir thomhais um luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile:

    (a)

    ní athróidh aitheantas ioncaim úis agus, dá bhrí sin, leanann an t-eintiteas de bheith ag úsáid an ghlanráta úis chéanna.

    (b)

    ní athróidh tomhas na gcaillteanas creidmheasa ionchasach toisc go gcuireann an dá chatagóir thomhais an cur chuige lagaithe céanna i bhfeidhm. Má athaicmítear sócmhainn airgeadais amach as an gcatagóir thomhais um luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile agus isteach sa chatagóir thomhais um chostas amúchta, áfach, d’aithneofaí lamháltas caillteanais mar choigeartú ar an oll-luach de réir na leabhar i ndáil leis an tsócmhainn airgeadais ón dáta athaicmiúcháin. Má athaicmítear sócmhainn airgeadais amach as an gcatagóir thomhais um chostas amúchta agus isteach sa chatagóir thomhais um luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile, dhí-aithneofaí an lamháltas caillteanais (agus, dá réir sin, ní aithneofaí é mar choigeartú ar an oll-luach de réir na leabhar) ach d’aithneofaí é mar mhéid lagaithe carntha (de mhéid cothrom) in ioncam cuimsitheach eile ina ionad sin agus nochtfaí é ón dáta athaicmiúcháin.

    B5.6.2

    Ní cheanglaítear ar eintiteas ioncaim úis nó gnóthachain nó caillteanais lagaithe as sócmhainn airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a aithint ar leithligh, áfach. Dá dheasca sin, nuair a dhéanann eintiteas sócmhainn airgeadais a athaicmiú amach as an gcatagóir thomhais um luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, cinntear an glanráta úis ar bhonn luach cóir na sócmhainne ar an dáta athaicmiúcháin. Anuas air sin, chun críocha Roinn 5.5 a chur i bhfeidhm maidir leis an tsócmhainn airgeadais ón dáta athaicmiúcháin, caitear leis an dáta athaicmiúcháin mar dháta an aitheantais tosaigh.

    Gnóthachain agus caillteanais (Roinn 5.7)

    B5.7.1

    Ceadaítear d’eintiteas le mír 5.7.5 rogha neamh-inchúlghairthe a dhéanamh athruithe ar luach cóir infheistíochta in ionstraim chothromais nach sealbhaítear lena trádáil a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile. Déantar an rogha sin infheistíocht ar infheistíocht (i.e. scair ar scair). Ní aistreofar méideanna a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile go brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas carnach a aistriú laistigh de chothromais, áfach. Aithnítear díbhinní ar infheistíochtaí den sórt sin i ngnóthachan nó i mbrabús i gcomhréir le mír 5.7.6 mura léirítear leis an díbhinn go soiléir téarnamh de chuid de chostas na hinfheistíochta.

    B5.7.1A

    Ach amháin más infheidhme mír 4.1.5, éilítear le mír 4.1.2A go dtomhaistear sócmhainn airgeadais ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile má eascraíonn sreabhadh airgid, nach ann ach íocaíochtaí caipitil agus úis ar an bpríomhshuim gan íoc, as téarmaí conarthacha na sócmhainne airgeadais agus má shealbhaítear an tsócmhainn i samhail ghnó a mbaintear a chuspóir amach trí shreabhadh airgid conarthach a bhailiú agus sócmhainní airgeadais a dhíol. Aithníonn an chatagóir thomhais sin faisnéis i mbrabús nó i gcaillteanas má thomhaistear an tsócmhainn airgeadais ar chostas amúchta, fad a thomhaistear an tsócmhainn airgeadais sa ráiteas maidir le riocht airgeadais ar luach cóir. Maidir le gnóthachain nó caillteanais, seachas na cinn siúd a aithnítear i mbrabús nó i gcaillteanas i gcomhréir le mír 5.7.10 go mír 5.7.11, aithnítear iad in ioncam cuimsitheach eile. Nuair a dhí-aithnítear na sócmhainní airgeadais sin, athaicmítear gnóthachain nó caillteanais charnacha a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile mar bhrabús nó mar chaillteanas. Léirítear leis sin an gnóthachan nó caillteanas a d’aithneofaí mar bhrabús nó mar chaillteanas tar éis dí-aitheanta dá dtomhaisfí an tsócmhainn airgeadais ar chostas amúchta.

    B5.7.2

    Cuireann eintiteas IAS 21 i bhfeidhm maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais ar míreanna airgeadaíochta iad i gcomhréir le IAS 21 agus ainmnítear iad in airgeadra eachtrach. Éilítear le IAS 21 go n-aithneofaí aon ghnóthachan agus aon chaillteanas malairte eachtraí ar shócmhainní airgeadaíochta agus ar dhliteanais airgeadaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas. Eisceacht is ea mír airgeadaíochta a ainmnítear mar ionstraim fálaithe i bhfálú ar an sreabhadh airgid (féach mír 6.5.11), i bhfálú glaninfheistíochta (féach mír 6.5.13) nó i bhfálú luach cóir ionstraime cothromais dá bhfuil an rogha déanta ag eintiteas athruithe ar an luach cóir a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5. (féach mír 6.5.8).

    B5.7.2A

    Chun críocha gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a aithint faoi IAS 21, caitear le sócmhainn airgeadais a thomhaistear ar luach cóir trí ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 4.1.2A mar mhír airgeadaíochta. Dá réir sin, caitear le sócmhainn airgeadais den sórt sin mar shócmhainn a thomhaistear ar an gcostas amúchta san airgeadra eachtrach. Maidir le difríochtaí malartaithe ar an gcostas amúchta, aithnítear iad i mbrabús nó i gcaillteanas agus aithnítear athruithe eile ar an nglanluach sócmhainní i gcomhréir le mír 5.7.10.

    B5.7.3

    Ceadaítear d’eintiteas le mír 5.7.5 rogha neamh-inchúlghairthe a dhéanamh athruithe ina dhiaidh sin ar luach cóir infheistíochtaí áirithe in ionstraimí chothromais. a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile. Ní mír airgeadaíochta infheistíocht den sórt sin. Dá réir sin, áirítear sa ghnóthachan nó caillteanas a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.5 aon chomhpháirt ghaolmhar malairte eachtraí.

    B5.7.4

    Má tá gaolmhaireacht fálaithe idir sócmhainn airgeadaíochta neamhdhíorthach agus dliteanas airgeadaíochta neamhdhíorthach, cuirtear athruithe i gcomhchuid airgeadra eachtraigh na n-ionstraimí airgeadais sin i láthair sa ghnóthachan nó caillteanas.

    Dliteanais a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas

    B5.7.5

    Nuair a ainmníonn eintiteas dliteanas airgeadais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, ní mór dó a chinneadh cé acu a chruthódh nó nach gcruthódh nó cé acu a mhéadófaí nó nach méadófaí neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas dá gcuirfí i láthair in ioncam cuimsitheach eile iarmhairtí na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais. Chruthófaí nó mhéadófaí neamhréir cuntasaíochta dá dtiocfadh neamhréir níos mó i mbrabús nó i gcaillteanas as cur i láthair iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais in ioncam cuimsitheach eile ná cás ina gcuirfí na méideanna sin i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas.

    B5.7.6

    Chun an cinntiúchán sin a dhéanamh, ní mór d’eintiteas measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil coinne aige leis go bhfritháireofaí iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais i mbrabús nó i gcaillteanas le hathrú ar luach cóir ionstraime airgeadais eile arna thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas. Ní mór ionchas den sórt sin a bheith bunaithe ar ghaolmhaireacht eacnamaíoch idir saintréithe an dliteanais agus saintréithe na hionstraime airgeadais eile.

    B5.7.7

    Déantar an cinntiúchán sin tráth aitheantais tosaigh agus ní dhéantar athmheasúnú air. Chun críocha praiticiúla, ní gá don eintiteas plé leis na sócmhainní agus dliteanais uile as a dtagann neamhréir cuntasaíochta an tráth céanna. Ceadaítear moill réasúnach ar choinníoll go bhfuil coinne leis go dtarlóidh aon idirbheart atá fágtha. Maidir lena mhodheolaíocht chun a chinneadh cé acu a chruthódh nó nach gcruthódh nó cé acu a mhéadófaí nó nach méadófaí neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas dá gcuirfí i láthair in ioncam cuimsitheach eile iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais, ní mór don eintiteas an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Mar sin féin, féadfaidh eintiteas modheolaíochtaí éagsúla a úsáid nuair a atá gaolmhaireachtaí eacnamaíocha éagsúla ann idir saintréithe na ndliteanas a ainmnítear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas agus saintréithe na n-ionstraimí airgeadais eile. Ceanglaítear ar eintiteas le IFRS 7 nochtaí cáilíochtúla a sholáthar sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais maidir lena mhodheolaíocht chun an cinntiúchán sin a dhéanamh.

    B5.7.8

    Dá gcruthófaí nó dá mhéadófaí neamhréir den sórt sin, éilítear ar an eintiteas na hathruithe uile ar luach cóir (lena n-áirítear iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais) a chur i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas. Mura gcruthófaí nó mura méadófaí neamhréir den sórt sin, éilítear ar an eintiteas iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais a chur i láthair in ioncam cuimsitheach eile.

    B5.7.9

    Ní aistreofar méideanna a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile go brabús nó caillteanas ina dhiaidh sin. Féadfaidh an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas carnach a aistriú laistigh de chothromais, áfach.

    B5.7.10

    Tugtar tuairisc sa sampla a leanas ar chás ina gcruthófaí an neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanais dá gcuirfí iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais i láthair in ioncam cuimsitheach eile. Soláthraíonn banc morgáiste iasachtaí do chustaiméirí agus cistíonn sé na hiasachtaí sin trí bhíthin bannaí ag a bhfuil na saintréithe céanna (e.g. méid gan íoc, próifíl aisíocaíochta, téarma agus airgeadra) a dhíol sa mhargadh. Ligtear do chustaiméir an mhorgáiste leis na téarmaí conarthacha an iasacht a aisíoc (i.e. an oibleagáid don bhanc a chomhlíonadh) trí bhíthin an banna comhfhreagrach a dhíol ar luach cóir sa mhargadh agus an banna sin a sholáthar chuig banc an mhorgáiste. De thoradh an chirt sin maidir le haisíocaíocht chonarthach, má théann cáilíocht chreidmheasa an bhanna in olcas (agus má laghdaíonn luach cóir dhliteanas bhanc an mhorgáiste dá réir sin), laghdaíonn luach cóir shócmhainn iasachta bhanc an mhorgáiste freisin. Léirítear leis an athrú ar luach cóir na sócmhainne ceart conarthach chustaiméir an mhorgáiste an t-iasacht morgáiste a aisíoca trí bhíthin an banna foluiteach a cheannach ar luach cóir (atá laghdaithe sa sampla seo) agus an banna a sholáthar chuig banc an mhorgáiste. Dá dheasca sin, fritháireofar iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais (an banna) i mbrabús nó i gcaillteanas trí athrú comhfhreagrach ar luach cóir sócmhainne airgeadais (an iasacht). Dá gcuirfí iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais i láthair in ioncam cuimsitheach eile bheadh neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas. Dá dheasca sin, éilítear ar bhanc an mhorgáiste na hathruithe uile ar luach cóir an dliteanais (lena n-áirítear iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais) a chur i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas.

    B5.7.11

    Sa sampla i mír B5.7.10, tá nasc conarthach idir iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais agus na hathruithe luach cóir na sócmhainne airgeadais (i.e. de thoradh cheart conarthach chustaiméir an mhorgáiste an iasacht a aisíoc trí bhíthin an banna a cheannach ar luach cóir agus an banna a sholáthar chuig banc an mhorgáiste). Féadfaidh neamhréir cuntasaíochta tarlú in éagmais nasc conarthach, áfach.

    B5.7.12

    Chun na ceanglais i mír 5.7.7 agus 5.7.8 a chur i bhfeidhm, ní tharlaíonn neamhréir cuntasaíochta de dhroim an modh tomhais a úsáideann eintiteas chun iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais a chinneadh agus dá dhroim sin amháin. Ní thiocfadh neamhréir cuntasaíochta i mbrabús nó i gcaillteanas chun cinn ach amháin i gcás ina mbeadh coinne leis go bhfritháireofaí iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais (mar a shainmhínítear in IFRS 7) le hathruithe ar luach cóir ionstraime airgeadais eile. Maidir le neamhréir a thagann chun cinn de thoradh an mhodha tomhais amháin (i.e. toisc nach scarann eintiteas athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais ó athruithe eile ar a luach cóir), ní dhéanann sé difear don chinneadh a éilítear i mír 5.7.7. agus mír 5.7.8. Mar shampla, féadfar nach scarfadh eintiteas athruithe ar riosca creidmheasa dliteanais ó athruithe ar riosca leachtachta. Má chuireann an t-eintiteas iarmhairt chomhcheangailte an dá fhachtóir i láthair in ioncam cuimsitheach eile, féadfaidh neamhréir tarlú toisc go bhféadfaidh athruithe ar riosca leachtachta a chur san áireamh sa tomhas luach cóir ar shócmhainní airgeadais an eintitis agus cuirtear an t-athrú foriomlán ar luach cóir na sócmhainní sin i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas. Tarlaíonn neamhréir den sórt sin, áfach, de bharr míchruinneas tomhais, ní de bharr na gaolmhaireachta fritháirimh a thuairiscítear i mír B5.7.6 agus, dá bhrí sin, ní dhéanann sé difear don chinntiúchán a éilítear i mír 5.7.7 agus mír 5.7.8.

    An chiall atá le ‘rioscacreidmheasa’ (mír 5.7.7. agus mír 5.7.8.)

    B5.7.13

    Sainmhínítear riosca creidmheasa in IFRS 7 mar an ‘riosca gurb údar caillteanais airgeadais ag páirtí amháin in ionstraim airgeadais don pháirtí eile de dheasca mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh’. Baineann an ceanglas i mír 5.7.7(a) leis an riosca go mainneoidh an t-eisitheoir an dliteanas áirithe sin a dhéanamh. Ní gá go mbainfeadh sé sin le hacmhainneacht creidmheasa an eisitheora. Mar shampla, má eisíonn eintiteas dliteanas comhthaobhaithe agus dliteanas neamh-chomhthaobhaithe atá mar an gcéanna, beidh riosca creidmheasa an dá dhliteanas sin difriúil, fiú má eisíonn an t-eintiteas céanna iad. Beidh an riosca creidmheasa ar an dliteanas comhthaobhaithe níos lú ná riosca creidmheasa an dliteanais neamh-chomhthaobhaithe. Féadfaidh an riosca creidmheasa le haghaidh dliteanas comhthaobhaithe a bheith gar do nialas.

    B5.7.14

    Chun críocha an ceanglas i mír 5.7.7(a) a chur i bhfeidhm, tá riosca creidmheasa difriúil le riosca feidhmíochta sainsócmhainne. Ní bhaineann riosca feidhmíochta sainsócmhainne leis an riosca nach gcomhlíonfaidh eintiteas oibleagáid faoi leith ach, ina ionad sin, baineann sé leis an riosca go mbeidh droch-fheidhmíocht ag sócmhainn amháin nó grúpa sócmhainní (nó nach bhfeidhmeoidh siad ar chor ar bith).

    B5.7.15

    Is samplaí iad seo a leanas de riosca feidhmíochta sainsócmhainne:

    (a)

    dliteanas ag a bhfuil gné aonadnasctha lena gcinntear an méid atá dlite d’infheisteoirí go conarthach ar bhonn feidhmíochta sócmhainní sonraithe. Is riosca feidhmíochta sainsócmhainne, ní riosca creidmheasa, í iarmhairt na gné aonadnasctha sin ar luach cóir an dliteanais.

    (b)

    dliteanas, arna eisiúint ag eintiteas struchtúrtha, ag a bhfuil na saintréithe a leanas. Déantar an t-eintiteas a leithlisiú go dlíthiúil ionas go mbíonn na sócmhainní san eintiteas imfhálaithe ar mhaithe leis na hinfheisteoirí amháin, i gcás féimheachta fiú. Ní dhéanann an t-eintiteas aon idirbheart eile agus ní féidir na sócmhainní san eintiteas a chur i ngeall. Ní bhíonn méideanna dlite d’infheisteoirí an eintitis, ach amháin má ghintear sreabhadh airgid leis na sócmhainní imfhálaithe. Dá réir sin, léirítear leis na hathruithe ar luach cóir an dliteanais athruithe ar luach cóir na sócmhainní go príomha. Is riosca feidhmíochta sainsócmhainne, ní riosca creidmheasa, í iarmhairt fheidhmíocht na sócmhainní ar luach cóir an dliteanais.

    Éifeachtaí athruithe ar riosca creidmheasa a chinneadh

    B5.7.16

    Chun críocha an ceanglas i mír 5.7.7(a) a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas méid an athraithe ar luach cóir an dliteanais airgeadais atá inchurtha i leith na n-athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanas sin a chinneadh:

    (a)

    mar an méid athraithe ar a luach cóir nach bhfuil inchurtha i leith athruithe ar dhálaí an mhargaidh é ba chúis le riosca margaidh (féach míreanna B15.7.17 agus B5.7.18); nó

    (b)

    ag úsáid modh malartach a thugann an léiriú is dílse, dar leis an eintiteas, ar mhéid an athraithe ar luach cóir an dliteanais atá inchurtha i leith na n-athruithe ar a riosca creidmheasa.

    B5.7.17

    Áirítear ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh as a n-eascraíonn riosca margaidh athruithe ar bhonnráta úis, athruithe ar phraghas ionstraim airgeadais eintitis eile, athruithe ar phraghas tráchtearraí, athruithe ar ráta malairte eachtraí nó athruithe ar innéacs praghsanna nó rátaí.

    B5.7.18

    Maidir le hathruithe suntasacha ar dhálaí margaidh i gcás dliteanais, más iad sin an t-aon athrú a fheictear ar bhonnráta/ráta úis, is féidir meastachán a dhéanamh ar an méid i mír B5.7.16(a) mar a leanas:

    (a)

    I dtús báire, ríomhann an t-eintiteas ráta fillte inmheánach an dliteanas ag tús na tréimhse ag úsáid luach cóir an dliteanais agus shreafaí airgid conarthacha an dliteanais ag tús na tréimhse. Asbhaineann sé ón ráta fillte sin an bonnráta/ráta úis a chonacthas ag tús na tréimhse, chun teacht ar chomhpháirt an ráta fhillte inmheánaigh a bhaineann go sonrach le hionstraim.

    (b)

    Ina dhiaidh sin, ríomhann an t-eintiteas luach láithreach an tsreafa airgid atá bainteach leis an dliteanas ag úsáid sreabhadh airgid conarthach an dliteanais ag deireadh na tréimhse agus ráta lascaine atá cothrom le suim (i) an bhonnráta/ráta úis a breathnaíodh ag deireadh na tréimhse agus (ii) chomhpháirt an ráta fhillte inmheánaigh a bhaineann go sonrach le hionstraim mar a chinntear in (a).

    (c)

    Maidir leis an difríocht idir luach cóir an dliteanais ag deireadh na tréimhse agus an méid a chinntear in (b), is é sin an t-athrú ar luach cóir nach bhfuil inchurtha i leith athruithe ar an mbonnráta/ráta úis a breathnaíodh. Is é sin an méid atá le cur i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.7(a).

    B5.7.19

    Toimhdítear leis na sampla i mír B5.7.18 nach bhfuil athruithe ar luach cóir a eascraíonn as fachtóirí seachas athruithe ar riosca creidmheasa na hionstraime nó athruithe ar na bonnrátaí/rátaí úis a chonacthas suntasach. Ní bheadh an modh sin iomchuí dá mbeadh athruithe ar luach cóir a eascraíonn as fachtóirí eile suntasach. Sna cásanna sin, éilítear ar eintiteas modh eile a úsáid a dhéanann tomhas ar iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa an dliteanais ar bhealach níos iontaofa (féach mír B5.7.16(b)). Mar shampla, má bhíonn díorthach leabaithe san ionstraim sa sampla, cuirtear an t-athrú ar luach cóir an díorthaigh leabaithe as an áireamh nuair a chinntear an méid atá le cur i láthair in ioncam cuimsitheach eile i gcomhréir le mír 5.7.7(a).

    B5.7.20

    Mar atá i gcás gach tomhas ar luach cóir, ní mór do mhodh tomhais eintitis i ndáil le cinneadh an sciar den athrú ar luach cóir an dliteanais atá inchurtha i leith athruithe ar a riosca creidmheasa lánúsáid a bhaint as ionchuir inbhraite ábhartha agus mion-úsáid as ionchuir dhobhraite.

    CUNTASAÍOCHT FÁLAITHE (CAIBIDIL 6)

    Ionstraimí fálaithe (Roinn 6.2)

    Ionstraimí cáilitheacha

    B6.2.1

    Maidir le díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí hibrideacha ach nach dtugtar cuntas orthu ar leithligh, ní féidir iad a ainmniú mar ionstraimí fálaithe ar leithligh.

    B6.2.2

    Ní sócmhainní airgeadais ná dliteanais airgeadais de chuid an eintitis iad ionstraimí cothromais dílse eintitis agus ní féidir iad a ainmniú, dá bhrí sin, mar ionstraimí fálaithe.

    B6.2.3

    Maidir le fáluithe riosca malairte eachtraí, cinntear comhpháirt riosca malairte eachtraí ionstraime airgeadais neamhdhíorthach i gcomhréir le IAS 21.

    Céadroghanna geallta

    B6.2.4

    Leis an gCaighdeán seo ní chuirtear srian leis na himthosca ina bhféadfar díorthach a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a ainmniú mar ionstraim fálaithe seachas i gcás roinnt céadroghanna geallta. Ní cháilíonn céadrogha gheallta mar ionstraim fálaithe ach amháin má ainmnítear í mar fhritháireamh in aghaidh céadrogha ar cheannach, lena n-áirítear ceann atá leabaithe in ionstraim airgeadais eile (céadrogha gheallta ar cheannach a úsáidtear chun dliteanas inghlaoite a fhálú, mar shampla).

    Ainmniú ionstraimí fálaithe

    B6.2.5

    Maidir le fáluithe seachas fáluithe riosca malairte eachtraí, i gcás ina n-ainmníonn eintiteas sócmhainn airgeadais neamhdhíorthach nó dliteanas airgeadais neamhdhíorthach a thomhaistear ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas mar ionstraim fálaithe, ní fhéadfaidh sé ach an dliteanas airgeadais neamhdhíorthach ina fhoriomláine nó cuid de a ainmniú.

    B6.2.6

    Féadfar ionstraim fálaithe amháin a úsáid mar ionstraim fálaithe maidir le breis agus cineál amháin riosca, ar choinníoll go bhfuil ainmniú sonrach ann maidir leis an ionstraim fálaithe agus na suíomhanna éagsúla riosca mar mhíreanna fálaithe. Is féidir leis na míreanna fálaithe sin a bheith i ngaolmhaireachtaí fálaithe éagsúla.

    Míreanna fálaithe (Roinn 6.3)

    Míreanna cáilitheacha

    B6.3.1

    Ceangaltas daingean chun gnólacht a fháil i gcomhcheangal gnó, ní féidir leis a bheith ina mhír fhálaithe, seachas i gcás riosca malairte eachtraí, toisc nach féidir na rioscaí eile atá á bhfálú a shainaithint go sonrach agus a thomhas. Is rioscaí ginearálta gnó iad na rioscaí eile sin.

    B6.3.2

    Ní féidir infheistíocht de réir mhodh an chothromais a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú cóirluacha. Is amhlaidh an cás toisc go n-aithnítear le modh an chothromais, i mbrabús nó i gcaillteanas, sciar an infheisteora de bhrabús nó de chaillteanas na hinstitiúide infheistiúcháin in ionad athruithe ar luach cóir na hinfheistíochta. Ar chúis chomhchosúil, ní féidir infheistíocht i bhfochuideachta chomhdhlúite a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú cóirluacha. Is amhlaidh an cás toisc go n-aithnítear le comhdhlúthú, i mbrabús nó i gcaillteanas, brabús nó caillteanas na fochuideachta in ionad athruithe ar luach cóir na hinfheistíochta. Is rud difriúil é fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach toisc gur fálú ar neamhchosaint airgeadra eachtraigh é seachas fálú luacha chóir ar an athrú ar luach na hinfheistíochta.

    B6.3.3

    Ceadaítear d’eintiteas, le mír 6.3.4, neamhchosaintí comhiomlána, ar comhcheangal de neamhchosaint agus díorthach iad, a ainmniú mar mhíreanna fálaithe. Nuair a ainmnítear mír fhálaithe den sórt sin, déanann eintiteas measúnú ar cé a chomhcheanglaíonn nó nach gcomhcheanglaíonn an neamhchosaint chomhiomlán neamhchosaint le díorthach ionas go gcruthaítear leis sin neamhchosaint chomhiomlán dhifriúil a bhainistítear mar neamhchosaint amháin le haghaidh riosca (nó rioscaí) faoi leith. Sa chás sin, féadfaidh an t-eintiteas an mhír fhálaithe a ainmniú ar bhonn na neamhchosanta comhiomláine. Mar shampla:

    (a)

    féadfaidh eintiteas méid áirithe de cheannacháin caife an-dóchúil i gceann 15 mhí a fhálú in aghaidh praghasriosca (bunaithe ar dhollair SAM) ag úsáid conradh todhchaíochtaí 15 mhí le haghaidh caife. Is féidir féachaint ar na ceannacháin caife an-dóchúil agus an conradh todhchaíochtaí le haghaidh caife mar neamhchosaint ar riosca malairte eachtraí 15 mhí de mhéid seasta i ndollar SAM chun críocha bainistíochta riosca (i.e. amhail aon eis-sreabhadh airgid de mhéid seasta i ndollar SAM i gceann 15 mhí).

    (b)

    féadfaidh eintiteas an riosca malairte eachtraí le haghaidh téarma foriomlán d’fhiachas 10 mbliana ag ráta seasta a fhálú in airgeadra eachtrach. Ní éilíonn an t-eintiteas neamhchosaint ráta sheasta ar a airgeadra feidhmiúil ach amháin ar feadh gearrthéarma nó meántéarma (2 bhliain abair) agus neamhchosaint ráta chomhlúthaigh ar a airgeadra feidhmiúil ar feadh an téarma atá fágtha roimh an dáta aibíochta, áfach. Ag deireadh an dá eatramh de 2 bhliain (i.e. ar bhonn rollach 2 bhliain), socraíonn an t-eintiteas neamhchosaint an chéad dá bhliain eile maidir le ráta úis (má bhíonn an leibhéal úis ag leibhéal ar mian leis an eintiteas na rátaí úis a shocrú). I gcás den sórt sin, féadfaidh an t-eintiteas babhtáil ráta úis trasairgeadra seasta go comhlúthach 10 mbliana a dhéanamh a aistríonn an fiachas airgeadra eachtraigh ar ráta seasta go neamhchosaint airgeadra fheidhmiúil ar ráta athraitheach. Déantar é seo a fhorleagan le babhtáil ráta úis 2 bhliain a aistríonn an fiachas ar ráta athraitheach go fiachas ar ráta seasta ar bhonn an airgeadra fheidhmiúil. I ndáiríre, féachtar ar an bhfiachas airgeadra fheidhmiúil ar ráta seasta agus an bhabhtáil ráta úis trasairgeadra seasta go comhlúthach 10 mbliana agus iad i gcomhcheangal mar neamhchosaint airgeadra fheidhmiúil fiachais 10 mbliana ar ráta athraitheach chun críocha bainistíochta riosca.

    B6.3.4

    I gcás ina n-ainmneofar an mhír fhálaithe ar bhonn na neamhchosanta comhiomláine, breithníonn eintiteas iarmhairt chomhcheangailte na míreanna arb é atá iontu an neamhchosaint chomhiomlán chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an fhálaithe agus tomhas a dhéanamh ar neamhéifeachtacht an fhálaithe. Déantar cuntas ar na míreanna arb é atá iontu an neamhchosaint chomhiomlán ar leithligh, áfach. Ciallaíonn sé sin, mar shampla:

    (a)

    go bhfuil díorthaigh mar chuid de neamhchosaint chomhiomlán a aithnítear mar shócmhainní ar leithligh nó dliteanais a thomhaistear ar luach cóir; agus

    (b)

    má ainmnítear gaolmhaireacht fálaithe idir na míreanna arb é atá iontu an neamhchosaint chomhiomlán, ní mór don bhealach a gcuirtear an díorthach san áireamh mar chuid de neamhchosaint chomhiomlán a bheith comhsheasmhach le hainmniú an díorthaigh sin mar an ionstraim fálaithe ar leibhéal na neamhchosanta comhiomláine. Mar, má chuireann eintiteas gné réamhcheaptha díorthaigh as an áireamh ina ainmniú mar ionstraim fálaithe maidir leis an ngaolmhaireacht fálaithe idir na míreanna arb é atá iontu an neamhchosaint chomhiomlán, ní mór dó an ghné réamhcheaptha a chur as an áireamh freisin nuair a chuirtear an díorthach sin san áireamh mar mhír fhálaithe mar chuid den neamhchosaint chomhiomlán. Mura ndéantar sin, áireofar sa neamhchosaint chomhiomlán díorthach, ina fhoriomláine nó cuid de.

    B6.3.5

    An riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa thar a bheith dóchúil, luaitear i mír 6.3.6 go bhféadfaidh sé cáiliú mar fhálú ar an sreabhadh airgid i ráitis airgeadais chomhdhlúite ar choinníoll go n-ainmnítear an t-idirbheart in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis a dhéanann an t-idirbheart sin agus go ndéanfaidh an riosca malairte eachtraí difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite. Chun na críche sin, is féidir le heintiteas a bheith ina mháthairchuideachta, ina fhochuideachta, ina chomhlach, ina chomhshocrú nó ina bhrainse. Mura ndéanann an riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite, ní fhéadann an t-idirbheart inghrúpa cáiliú mar mhír fhálaithe. Is amhlaidh sin de ghnáth i gcás íocaíochtaí ríchíosa, íocaíochtaí úis nó muirear bainistíochta idir comhaltaí den ghrúpa céanna ach amháin má tá idirbheart seachtrach gaolmhar ann. Nuair a dhéanfaidh an riosca malairte eachtraí a bhaineann le hidirbheart réamhaisnéise inghrúpa difear do bhrabús nó do chaillteanas comhdhlúite, áfach, féadann an t-idirbheart inghrúpa cáiliú mar mhír fhálaithe. Sampla de sin is ea díolacháin nó ceannaigh réamhaisnéise fardal idir comhaltaí den ghrúpa céanna má dhíoltar an fardal ar aghaidh chuig páirtí atá seachtrach don ghrúpa. Ar an gcuma chéanna, díolachán inghrúpa réamhaisnéise de ghléasra agus trealamh ón ngrúpeintiteas a mhonaraigh é go dtí grúpeintiteas a úsáidfidh an gléasra agus trealamh sin ina oibríochtaí, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, toisc go ndéanfaidh an t-eintiteas ceannaigh an gléasra agus trealamh a dhímheas agus toisc go bhféadfadh an méid a aithníodh ar dtús le haghaidh an ghléasra agus an trealaimh a athrú má ainmnítear an t-idirbheart inghrúpa réamhaisnéise in airgeadra nach é airgeadra feidhmiúil an eintitis ceannaigh é.

    B6.3.6

    Má cháilíonn fálú ar idirbheart inghrúpa réamhaisnéise don chuntasaíocht fálaithe, déanfar aon ghnóthachan nó aon chaillteanas a aithint in ioncam cuimsitheach eile, agus a bhaint as ioncam cuimsitheach eile, i gcomhréir le mír 6.5.11. Is iad an tréimhse nó na tréimhsí ábhartha ina ndéanann riosca malairte eachtraí an idirbhirt fhálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas an tréimhse ina ndéanann sé difear don bhrabús nó don chaillteanas comhdhlúite.

    Ainmniú míreanna fálaithe

    B6.3.7

    Is éard atá i gceist le comhpháirt mír fhálaithe atá níos lú ná an mhír fhoriomlán. Dá dheasca sin, ní léirítear le comhpháirt ach roinnt de na rioscaí a bhaineann leis an mír dá bhfuil sé ina chuid nó lena léirítear na rioscaí amháin go pointe (mar shampla, nuair a ainmnítear sciar de mhír).

    Comhpháirteanna riosca

    B6.3.8

    Chun go gcáileoidh siad don ainmniú mar mhír fhálaithe, ní mór do chomhpháirt riosca a bheith ina chomhpháirt atá inaitheanta ar leithligh den mhír airgeadais nó neamh-airgeadais, agus ní mór a bheith in ann na hathruithe ar shreafaí airgid nó ar luach cóir na míre atá inchurtha i leith athruithe sa chomhpháirt riosca sin a thomhas go hiontaofa.

    B6.3.9

    Nuair a shainaithnítear na comhpháirteanna riosca a cháilíonn d’ainmniú mar mhír fhálaithe, déanann eintiteas measúnú ar chomhpháirteanna riosca den sórt sin laistigh de chomhthéacs an struchtúir margaidh áirithe lena mbaineann an riosca nó na rioscaí agus an struchtúr margaidh ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht fhálúcháin. Éilítear le cinntiúchán den sórt sin meastóireacht ar na fíorais agus imthosca ábhartha, atá éagsúla de réir riosca agus margaidh.

    B6.3.10

    I gcás ina n-ainmneofar comhpháirteanna riosca mar mhíreanna fálaithe, breithníonn eintiteas cé acu a shonraítear nó nach sonraítear go sainráite comhpháirteanna riosca i gconradh (comhpháirteanna riosca a shonraítear go conarthach) nó cé acu atá nó nach bhfuil siad intuigthe i luach cóir nó sreabhadh airgid míre ar cuid díobh iad (comhpháirteanna riosca a shonraítear go neamhchonarthach). Is féidir le comhpháirteanna riosca a shonraítear go neamhchonarthach a bheith bainteach le míreanna nach conradh (mar shampla, idirbheart réamhaisnéise) nó conarthaí iad, conradh nó conarthaí nach sonraítear an chomhpháirt go sainráite (mar shampla, ceangaltas daingean nach n-áirítear leis ach praghas aonair amháin in ionad foirmle praghsála a thagraíonn d’urrúis fholuiteacha éagsúla). Mar shampla:

    (a)

    Tá conradh soláthair fadtéarmach ag Eintiteas A le haghaidh gás nádúrtha a dhéantar a phraghsáil ag úsáid foirmle a shonraítear go conarthach a dhéanann tagairt do thráchtearraí agus d’fhachtóirí eile (mar shampla, gás-ola, ola bhreosla agus comhpháirteanna amhail muirir iompair). Fálaíonn Eintiteas A an chomhpháirt ghás-ola sa chonradh soláthair sin ag úsáid conradh réamhcheaptha gás-ola. Toisc go sonraítear an chomhpháirt ghás-ola le téarmaí agus coinníollacha an chonartha soláthair, is comhpháirt riosca a shonraítear go conarthach é. Dá bhrí sin, mar gheall ar an bhfoirmle phraghsála, tagann Eintiteas A ar an gconclúid go bhfuil an neamhchosaint phraghais i ndáil le gás-ola inaitheanta ar leithligh. An tráth céanna, tá margadh ann do chonarthaí réamhcheaptha gás-ola. Dá bhrí sin, tagann Eintiteas A ar an gconclúid go bhfuil an neamhchosaint phraghais i ndáil le gás-ola intomhaiste go hiontaofa. Dá dheasca sin, is comhpháirt riosca í an neamhchosaint phraghais i ndáil le gás-ola sa chonradh soláthair agus tá sé incháilithe d’ainmniú mar mhír fhálaithe.

    (b)

    Fálaíonn Eintiteas B a cheannacháin caife todhchaíochta bunaithe ar a tháirgeadh réamhaisnéise. Tosaíonn an fálú suas le 15 mhí roimh sheachadadh cuid de mhéid an cheannacháin réamhaisnéise. Méadaíonn Eintiteas B an méid fálaithe le himeacht ama (de réir mar a éiríonn an dáta seachadta níos giorra). Úsáideann Eintiteas B dhá chineál éagsúla conarthaí chun a phraghasriosca i ndáil le caife a bhainistiú:

    (i)

    conarthaí todhchaíochtaí caife arna thrádáil ar an malartán; agus

    (ii)

    conarthaí soláthair caife le haghaidh chaife Arabica ón gColóim a sheachadaítear go dtí suíomh monaraíochta sonrach. Déanann na conarthaí seo tona caife a phraghsáil bunaithe ar phraghas an chonartha todhchaíochtaí caife arna thrádáil ar an malartán móide difreálach praghais sheasta móide muirear seirbhísí lóistíochta athraitheach ag úsáid foirmle praghsála. Is conradh le comhlíonadh é an conradh soláthair caife lena dtógann Eintiteas B seachadadh iarbhír caife i gcomhréir.

    Maidir le seachadtaí a bhaineann leis an mbuaint reatha, nuair a dhéantar na conarthaí soláthair caife, ligtear d’Eintiteas B an difreálach praghais a shocrú idir cáilíocht an chaife iarbhír a cheannaítear (caife Arabica ón gColóim) agus an cháilíocht thagarmhairc atá mar bhonn faoin gconradh todhchaíochtaí arna thrádáil ar an malartán. Maidir le seachadtaí a bhaineann leis an gcéad bhuaint eile, áfach, níl na conarthaí soláthair ar fáil fós agus, dá bhrí sin, ní féidir an difreálach praghais a shocrú. Úsáideann Eintiteas B conarthaí todhchaíochtaí caife arna thrádáil ar an malartán chun an chomhpháirt maidir le cáilíocht thagarmhairc a phraghasriosca caife a fhálú i gcás seachadtaí a bhaineann leis an mbuaint reatha chomh maith leis an gcéad bhuaint eile. Cinneann Eintiteas B go bhfuil sé neamhchosanta ar thrí riosca éagsúla: praghasriosca caife lena léirítear an cháilíocht thagarmhairc, praghasriosca caife lena léirítear an difríocht (raon difríochta) idir an praghas don chaife ar cháilíocht thagarmhairc agus caife Arabica faoi leith ón gColóim a fhaigheann sé i ndáiríre, agus na costais lóistíochta athraitheacha. Maidir le seachadtaí a bhaineann leis an mbuaint reatha, tar éis d’Eintiteas B conradh soláthair caife a dhéanamh, is comhpháirt riosca a shonraítear go conarthach é an praghasriosca caife lena léirítear an cháilíocht thagarmhairc toisc go n-áirítear leis an bhfoirmle phraghsála innéacsú maidir leis an bpraghas sa chonradh todhchaíochtaí caife arna thrádáil ar an malartán. Tagann Eintiteas B ar an gconclúid go bhfuil an chomhpháirt riosca sin inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa. Maidir le seachadtaí a bhaineann leis an gcéad bhuaint eile, níl aon chonradh soláthair caife déanta ag Eintiteas B go fóill (i.e. is idirbheart réamhaisnéise iad na seachadtaí sin). Dá bhrí sin, is comhpháirt riosca a shonraítear go neamhchonarthach é an praghasriosca caife lena léirítear an cháilíocht thagarmhairc. Cuirtear san áireamh le hanailís Eintiteas B ar struchtúr an mhargaidh an tslí a ndéantar na seachadtaí den chaife faoi leith a gheobhaidh sé faoi dheireadh a phraghsáil. Dá bhrí sin, ar bhonn na hanailíse sin ar struchtúr an mhargaidh, tagann Eintiteas B ar an gconclúid go gcuimsítear le hidirbhearta réamhaisnéise an praghasriosca caife lena léirítear an cháilíocht thagarmhairc mar chomhpháirt riosca atá inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa cé nach sonraítear é go conarthach. Dá dheasca sin, féadfaidh Eintiteas B gaolmhaireachtaí fálaithe a ainmniú ar bhonn comhpháirteanna riosca (i gcás an phraghasriosca caife lena léirítear an cháilíocht thagarmhairc) le haghaidh conarthaí soláthair caife amhail idirbheart réamhaisnéise.

    (c)

    Fálaíonn Eintiteas C cuid dá cheannacháin todhchaíochtaí maidir le scaird-bhreosla ar bhonn a réamhaisnéise ídithe suas le 24 mhí roimh sheachadadh agus méadaíonn sé an méid a fhálaíonn sé le himeacht ama. Fálaíonn Eintiteas C an neamhchosaint sin ag úsáid cineálacha éagsúla conarthaí ag brath ar thréimhse ama an fhálaithe, rud a dhéanann difear do leachtacht mhargaidh na ndíorthach. I gcás na tréimhsí ama is faide (12–24 mhí) úsáideann Eintiteas C conarthaí amhola toisc gur acu sin amháin atá leachtacht mhargaidh leordhóthanach. I gcás tréimhsí ama de 6-12 mhí, úsáideann Eintiteas C díorthaigh ghás-ola toisc go bhfuil siad leorleachtach. I gcás tréimhsí ama de suas le 6 mhí, úsáideann Eintiteas C conarthaí scaird-bhreosla. Is mar a leanas atá anailís Eintiteas C ar struchtúr an mhargaidh le haghaidh ola agus táirgí ola agus a mheastóireacht ar na fíorais agus na himthosca ábhartha:

    (i)

    Oibríonn Eintiteas C i limistéar geografach táirgeachta arb é Brent an tagarmharc amhola. Is tagarmharc amhábhair é amhola a dhéanann difear do phraghas táirgí ola scagtha éagsúla mar ionchur is bunúsaí. Is tagarmharc le haghaidh táirgí ola scagtha í gás-ola, a úsáidtear mar thagairt phraghsála le haghaidh driogáití ola ar bhonn níos ginearálta. Léirítear é sin freisin sna cineálacha ionstraimí airgeadais díorthacha le haghaidh mhargaidh táirgí amhola agus ola scagtha na timpeallachta ina n-oibríonn Eintiteas C, amhail:

    an conradh todhchaíochtaí amhola tagarmhairc, is é sin d’amhola Brent;

    an conradh todhchaíochtaí gás-ola tagarmhairc, a úsáidtear mar thagairt phraghsála do dhíorthaigh–mar shampla, cumhdaítear le díorthaigh raon difríochta scaird-bhreosla an difreálach praghais idir scaird-bhreosla agus an ghás-ola thagarmhairc sin; agus

    an díorthach maidir le raon difríochta deighilte gás-ola thagarmhairc (i.e. an díorthach le haghaidh an difreálaigh praghais idir amhola agus gás-ola—corrlach scagacháin), a innéacsaítear ar amhola Brent.

    (ii)

    maidir le praghsáil táirgí ola scagtha, ní bhraitheann sé ar an amhola faoi leith a phróiseáiltear ag scaglann faoi leith, toisc gur táirgí caighdeánaithe iad na táirgí ola scagtha sin (amhail gás-ola nó scaird-bhreosla).

    Dá bhrí sin, tagann Eintiteas C ar an gconclúid go n-áirítear sa phraghasriosca i ndáil lena ceannacháin scaird-bhreosla comhpháirt praghasriosca amhola bunaithe ar amhola Brent agus comhpháirt praghasriosca gás-ola, cé nach sonraítear amhola ná gás-ola ina aon socrú conarthach. Tagann Eintiteas C ar an gconclúid go bhfuil an dá chomhpháirt riosca sin inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa cé nár sonraíodh iad go conarthach. Dá dheasca sin, féadfaidh Eintiteas C gaolmhaireachtaí fálaithe a ainmniú le haghaidh ceannachán scaird-bhreosla réamhaisnéise ar bhonn comhpháirteanna riosca (i gcás amhola nó gás-ola). Chomh maith leis sin, maidir leis an anailís sin, dá n-úsáidfeadh Eintiteas C díorthaigh amhola bunaithe ar amhola West Texas Intermediate (WTI), mar shampla, go mbeadh neamhéifeachtacht an fhálaithe ann mar gheall ar athruithe ar an difreálach praghais idir amhola Brent agus amhola WTI.

    (d)

    Tá ionstraim fiachais ar ráta seasta ag Eintiteas D. Eisítear an ionstraim sin i dtimpeallacht a bhfuil margadh ia ndéantar comparáid ar réimse leathan ionstraimí fiachais comhchosúla de réir a raonta difríochta maidir le bonnráta úis (mar shampla, LIBOR) agus innéacsaítear ionstraimí ráta athraithigh sa timpeallacht sin ar an mbonnráta úis sin de ghnáth. Úsáidtear babhtálacha ráta úis go minic chun riosca an ráta úis a bhainistiú ar bhonn an bhonnráta úis sin, gan beann ar raon difríochta ionstraimí fiachais i ndáil leis an mbonnráta úis sin. Athraíonn praghas ionstraimí fiachais ar ráta seasta go díreach mar fhreagairt ar athruithe ar an mbonnráta úis de réir mar a tharlaíonn siad. Tagann Eintiteas D ar an gconclúid gur comhpháirt é an bonnráta úis is féidir a shainaithint ar leithligh agus a thomhas go hiontaofa. Dá dheasca sin, féadfaidh Eintiteas D gaolmhaireachtaí fálaithe a ainmniú le haghaidh na hionstraime fiachais ar ráta seasta ar bhonn comhpháirte riosca le haghaidh riosca an bhonnráta úis.

    B6.3.11

    Nuair a ainmnítear comhpháirt riosca mar mhír fhálaithe, tá feidhm ag na ceanglais cuntasaíochta fálaithe maidir leis an gcomhpháirt riosca sin ar an mbealach céanna a bhfuil feidhm acu maidir le míreanna fálaithe eile nach comhpháirteanna riosca iad. Mar shampla, tá feidhm ag na critéir cháilitheacha, lena n-áirítear nach mór don ghaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht an fhálaithe a chomhlíonadh, agus nach mór éifeachtacht an fhálaithe a thomhas agus a aithint.

    B6.3.12

    Féadann eintiteas freisin gan ach athruithe ar shreafaí airgid nó ar luach cóir míre fálaithe os cionn praghas sonrach nó faoina bhun, nó os cionn athróg eile nó faoina bun, a ainmniú (riosca aontaobhach). Tá luach intreach ionstraime fálaithe céadrogha ceannaithe (á ghlacadh leis go bhfuil na téarmaí príomhshuime céanna aici agus atá ag an riosca ainmnithe) ina léiriú ar riosca aontaobhach i mír fhálaithe, ach ní léiriú air sin é a hamluach. Féadann eintiteas an inathraitheacht ar thorthaí sreabhaidh airgid todhchaí a leanann as méadú praghais ar cheannach tráchtearra réamhaisnéise a ainmniú, mar shampla. I gcás den sórt sin, ní ainmníonn an t-eintiteas ach caillteanais sreafa airgid a leanann as méadú ar an bpraghas os cionn an leibhéil shonraithe. Ní áirítear amluach céadrogha ceannaithe sa riosca fálaithe toisc nach comhpháirt den idirbheart réamhaisnéise a dhéanann difear do bhrabús nó do chaillteanas é an t-amluach (mír 86(b)).

    B6.3.13

    De réir toimhde infhrisnéise, níl riosca boilscithe inaitheanta ar leithligh ná intomhaiste go hiontaofa agus, dá réir sin, ní féidir é a ainmniú mar riosca ná mar chomhpháirt d’ionstraim airgeadais mura sonraítear riosca boilscithe go conarthach. I gcásanna teoranta, áfach, is féidir comhpháirt riosca a shainaithint le haghaidh riosca boilscithe atá inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go iontaofa mar gheall ar imthosca áirithe na timpeallachta boilscithe agus an mhargaidh fiachais ábhartha.

    B6.3.14

    Mar shampla, eisíonn eintiteas fiachas i dtimpeallacht ina bhfuil struchtúr méide agus téarma ag bannaí, struchtúr atá nasctha le boilsciú a leanann margadh leorleachtach astu lena gceadaítear struchtúr téarma d’fhíor-ráta úis cúpóin nialasaigh a thógáil. Ciallaíonn sé sin gur fachtóir ábhartha é an boilsciú a bhreithníonn na margaí fiachais ar leithligh i gcás an airgeadra faoi seach. Sna himthosca sin, d’fhéadfaí an chomhpháirt riosca boilscithe a chinneadh trí bhíthin sreabhadh airgid na hionstraime fiachais fálaithe a lascainiú ag úsáid struchtúr téarma na bhfíor-rátaí úis cúpóin nialasaigh (ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach inar féidir comhpháirt ráta úis gan riosca (ainmniúil) a chinneadh). Ar an taobh eile, ní bhíonn an chomhpháirt riosca boilscithe sin inaitheanta ar leithligh ná intomhaiste go hiontaofa in go leor cásanna. Mar shampla, ní eisíonn eintiteas ach fiachas ar ráta úis ainmniúil i dtimpeallacht a bhfuil margadh le haghaidh bannaí atá nasctha le boilsciú nach bhfuil leorleachtach chun tógáil struchtúir téarma d’fhíor-rátaí úis cúpóin nialasaigh a cheadú. Sa chás sin, ní thacaíonn an anailís ar struchtúr an mhargaidh ná ar na fíorais agus na himthosca leis an eintiteas teacht ar an gconclúid gur fachtóir ábhartha é boilsciú a bhreithníonn na margaí fiachais ar leithligh. Dá bhrí sin, ní féidir leis an eintiteas an toimhde infhrisnéise nach bhfuil riosca boilscithe nach sonraítear go conarthach inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa a shárú. Dá dheasca sin, ní bheadh comhpháirt riosca boilscithe incháilithe d’ainmniú mar mhír fhálaithe. Tá feidhm aige sin gan beann ar aon ionstraim fálaithe maidir le boilsciú a bhfuil an t-eintiteas mar chuid de. Go háirithe, ní féidir leis an eintiteas téarmaí agus coinníollacha na fíor-ionstraime fálaithe boilscithe a líomhnú trí bhíthin a théarmaí agus a choinníollacha a chur i leith an fhiachais ráta úis ainmniúil.

    B6.3.15

    Comhpháirt riosca boilscithe, a shonraítear go conarthach, de shreafaí airgid banna aitheanta atá nasctha le boilsciú (á ghlacadh leis nach bhfuil aon cheanglas ann cuntas ar leithligh a choinneáil ar dhíorthach leabaithe), tá sí inaitheanta ar leithligh agus intomhaiste go hiontaofa, fad is nach ndéanann an chomhpháirt riosca boilscithe difear do shreafaí airgid eile na hionstraime.

    Comhpháirteanna méid ainmniúil

    B6.3.16

    Is ann do dhá chineál comhpháirteanna méideanna ainmniúla is féidir a ainmniú mar an mhír fhálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe: comhpháirt ar sciar í de mhír fhoriomlán nó comhpháirt sraithe. Athraíonn an cineál comhpháirte an toradh cuntasaíochta. Ainmneoidh eintiteas an chomhpháirt chun críocha cuntasaíochta go comhsheasmhach lena cuspóir maidir le bainistiú riosca.

    B6.3.17

    Sampla de chomhpháirt ar sciar é is ea 50 faoin gcéad de shreafaí airgid conarthacha iasachta.

    B6.3.18

    Féadfar comhpháirt sraithe a shonrú ó dhaonra sainithe, atá oscailte, nó ó mhéid ainmniúil sainithe. Ar shamplaí tá:

    (a)

    cuid de mhéid idirbhirt airgeadaíochta, mar shampla, na chéad sreafaí airgid FC10 eile ó dhíolachán arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach tar éis an chéad FC20 i Márta 201X (54);

    (b)

    cuid de mhéid fisiciúil, mar shampla, an tsraith íochtair, ag a bhfuil tomhas de 5 mhilliún méadar ciúbach, den ghás nádúrtha a stóráiltear i suíomh XYZ;

    (c)

    cuid de mhéid fisiciúil nó de mhéid idirbhirt eile, mar shampla, na chéad 100 bairille de cheannacháin ola i Meitheamh 201X nó na chéad 100 MWh de dhíolachán leictreachais i Meitheamh 201X; nó

    (d)

    sraith ó mhéid ainmniúil na míre fálaithe, mar shampla, an AA80 milliún deireanach de cheangaltas daingean de AA100 milliún, an tsraith íochtair de AA20 milliún de bhanna de AA100 milliún ar ráta seasta nó an tsraith uachtair de AA30 milliún de mhéid iomlán de AA100 milliún d’fhiachas ar ráta seasta is féidir a réamhíoc ar luach cóir (is é AA100 milliún an méid ainmniúil sainithe).

    B6.3.19

    Má ainmnítear comhpháirt sraithe i bhfálú cóirluacha, sonróidh eintiteas é ó mhéid ainmniúil sainithe. Chun na ceanglais le haghaidh fáluithe luacha chóir cáilitheacha a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas atomhas ar an mír fhálaithe le haghaidh athruithe ar an luach cóir (i.e. atomhas ar an mír le haghaidh athruithe ar an luach cóir atá inchurtha i leith an riosca fálaithe). Ní mór an coigeartú ar fhálú luacha chóir a aithint i mbrabús nó i gcaillteanas tráth nach déanaí ná dí-aithint na míre. Dá dheasca sin, is gá an mhír lena mbaineann an coigeartú ar an bhfálú luacha chóir a rianú. I gcás comhpháirte sraithe i bhfálú cóirluacha, ceanglaítear ar eintiteas an méid ainmniúil óna sainítear é a rianú. Mar shampla, i mír B6.3.18(d), ní mór an méid ainmniúil sainithe de AA100 milliún a rianú chun an tsraith íochtair de AA20 milliún nó an tsraith uachtair de AA30 milliún a rianú.

    B6.3.20

    Maidir le comhpháirt sraithe a n-áirítear rogha réamhíocaíochta ann, níl sé incháilithe d’ainmniú mar mhír fhálaithe i bhfálú luacha chóir má dhéantar difear do luach cóir na rogha réamhíocaíochta le hathruithe ar an riosca fálaithe, mura n-áirítear sa tsraith ainmnithe éifeacht na rogha réamhíocaíochta lena mbaineann nuair a chinntear an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe.

    Gaolmhaireacht idir comhpháirteanna agus sreafaí airgid iomlána míre

    B6.3.21

    Má ainmnítear comhpháirt de shreafaí airgid míre airgeadais nó neamh-airgeadais mar an mhír fhálaithe, ní mór don chomhpháirt sin a bheith níos lú ná nó cothrom le sreafaí airgid iomlána na míre foriomláine. Féadfar sreafaí airgid uile na míre foriomláine a ainmniú mar an mhír fhálaithe, áfach, agus féadfar iad a fhálú le haghaidh riosca amháin faoi leith (mar shampla, do na hathruithe sin atá inchurtha i leith athruithe ar LIBOR nó praghas tráchtearraí tagarmhairc, agus na hathruithe sin amháin).

    B6.3.22

    Mar shampla, i gcás dliteanais airgeadais a bhfuil a ráta úis glan faoi bhun LIBOR, ní féidir le heintiteas an méid a leanas a ainmniú:

    (a)

    comhpháirt den dliteanas atá cothrom le hús ar LIBOR (móide an phríomhshuim i gcás fálaithe cóirluacha); agus

    (b)

    comhpháirt iarmharach diúltach.

    B6.3.23

    I gcás dliteanais airgeadais ar ráta seasta a bhfuil a ráta úis glan (mar shampla) 100 bonnphointe faoi bhun LIBOR, áfach, féadann eintiteas an t-athrú ar luach an dliteanais fhoriomláin sin a ainmniú mar an mhír fhálaithe (i.e. príomhshuim móide ús ag LIBOR lúide 100 bonnphointe) atá inchurtha i leith athruithe ar LIBOR. Má dhéantar ionstraim airgeadais ar ráta seasta a fhálú tráth éigin i ndiaidh a tionscnaimh agus má tháinig athrú ar rátaí úis idir an dá linn, féadann an t-eintiteas comhpháirt riosca atá cothrom le bonnráta úis atá níos airde ná an ráta conarthach a íocadh ar an mír a ainmniú. Féadann an t-eintiteas é sin a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil an bonnráta úis níos lú ná an ráta úis glan arna ríomh ar an toimhde gur cheannaigh an t-eintiteas an ionstraim ar an lá a ainmníonn sé an chéad mhír fhálaithe. Mar shampla, glac leis go dtionscnaíonn eintiteas sócmhainn airgeadais AA100 ar ráta seasta úis, arb é a glanráta úis 6 faoin gcéad, tráth atá LIBOR ag 4 faoin gcéad. Tosaíonn sé ar an tsócmhainn sin a fhálú tráth éigin níos déanaí nuair a bheidh LIBOR méadaithe go 8 faoin gcéad agus luach cóir na sócmhainne laghdaithe go AA90. Ríomhann an t-eintiteas gur 9,5 faoin gcéad a bheadh sa toradh éifeachtach dá mba rud é gur cheannaigh sé an tsócmhainn ar an dáta a d’ainmnigh sé riosca an ráta úis LIBOR gaolmhar, den chéad uair, mar an mhír fhálaithe bunaithe ar an luach cóir de AA90 a bhí uirthi an tráth sin. Toisc go bhfuil LIBOR níos lú ná an toradh éifeachtach sin, féadann an t-eintiteas comhpháirt LIBOR de 8 faoin gcéad a ainmniú, arb é atá inti go páirteach na sreafaí airgid úis conarthacha agus an difríocht idir an luach cóir reatha (i.e. AA90) agus an méid atá in-aisíoctha ar aibíocht (i.e. AA100).

    B6.3.24

    Má shaothraíonn dliteanas airgeadais ar ráta athraitheach ús (mar shampla) de LIBOR trí mhír lúide 20 bonnphointe (le híosráta de bhonnphointí ar bith), féadann eintiteas an t-athrú ar shreafaí airgid an dliteanais fhoriomláin sin (i.e. LIBOR trí mhí lúide 20 bonnphointe—lena n-áirítear an t-íosráta) atá inchurtha i leith athruithe ar LIBOR mar an mhír fhálaithe. Dá bhrí sin, maidir le cuar réamhcheaptha LIBOR 3 mhí le haghaidh na saolré den dliteanas sin atá fágtha, a fhad nach dtiteann sé faoi bhun 20 bonnphointe, tá an athraitheacht sreafa airgid chéanna ag an mír fhálaithe agus atá ag dliteanas a shaothraíonn ús ar LIBOR 3 mhí le raon difríochta nialasach nó dearfach. Maidir le cuar réamhcheaptha LIBOR 3 mhí le haghaidh na saolré den dliteanas sin atá fágtha (nó cuid de), má thiteann sé faoi bhun 20 bonnphointe, áfach, tá athraitheacht sreafa airgid níos lú ag an mír fhálaithe ná atá ag dliteanas a shaothraíonn ús ar LIBOR 3 mhí le raon difríochta nialasach nó dearfach.

    B6.3.25

    Sampla comhchosúil de mhír neamhairgeadais is ea cineál sonrach amhola ó olacheantar faoi leith a phraghsáiltear de réir na hamhola tagarmhairc ábhartha. Má dhíolann eintiteas an amhola sin faoi chonradh ag úsáid foirmle praghsála conarthaí a shocraíonn an praghas in aghaidh na bairille ar an bpraghas amhola tagarmhairc lúide AA10 le híosráta de AA15, féadann an t-eintiteas an athraitheacht fhoriomlán sreafa airgid faoin gconradh díolacháin atá inchurtha i leith an athraithe ar an bpraghas amhola tagarmhairc mar an mhír fhálaithe. Ní fhéadann an t-eintiteas comhpháirt atá cothrom leis an athrú iomlán ar an bpraghas amhola tagarmhairc a ainmniú, áfach. Dá bhrí sin, a fhad nach dtiteann an praghas réamhcheaptha (le haghaidh gach seachadta) faoi bhun AA25, tá an athraitheacht sreafa airgid chéanna ag an mír fhálaithe agus atá ag an bpraghas amhola tagarmhairc (nó le raon difríochta dearfach). Má thiteann an praghas réamhcheaptha le haghaidh aon seachadadh faoi bhun AA25, áfach, tá athraitheacht sreafa airgid níos lú ag an mír fhálaithe ná díolachán amhola ar an bpraghas amhola tagarmhairc (nó le raon difríochta dearfach).

    Critéir cháilitheacha le haghaidh cuntasaíochta fálaithe (Roinn 6.4)

    Éifeachtacht fálaithe

    B6.4.1

    Is éard is éifeachtacht fálaithe ann an méid a bhfritháiríonn na hathruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na hionstraime fálaithe athruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na míre fálaithe (mar shampla, nuair is comhpháirt riosca é an mhír fhálaithe, is é an t-athrú ábhartha ar luach cóir nó ar shreafaí airgid míre an t-athrú atá inchurtha i leith an riosca fhálaithe). Is éard is neamhéifeachtacht fálaithe ann a mhéid atá na hathruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na hionstraime fálúcháin níos mó nó níos lú ná na hathruithe ar an mír fhálaithe.

    B6.4.2

    Nuair a ainmnítear gaolmhaireacht fálaithe agus ar bhonn leanúnach, déanfaidh eintiteas anailís ar na foinsí maidir le neamhéifeachtacht an fhálaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghaolmhaireacht fálaithe le linn a téarma. Is í an anailís sin (lena n-áirítear aon nuashonrú i gcomhréir le mír B6.5.21 a eascraíonn as athchothromú gaolmhaireachta fálaithe) an bunús le haghaidh anailís eintitis ar chomhlíonadh na gceanglas i ndáil le gaolmhaireacht fálaithe.

    B6.4.3

    Chun amhras a sheachaint, is i dtomhas na hionstraime fálaithe agus, dá bhrí sin, sa mheasúnú ar éifeachtacht fálaithe agus sa tomhas ar éifeachtacht fálaithe a léireofar na hiarmhairtí a bhaineann le contrapháirtí imréitigh a chur in ionad an chontrapháirtí bunaidh agus leis na hathruithe bainteacha a dhéanamh mar a thuairiscítear i mír 6.5.6.

    Gaolmhaireacht eacnamaíoch idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe

    B6.4.4

    Maidir leis an gceangaltas nach mór do ghaolmhaireacht eacnamaíoch a bheith ann, ciallaíonn sé sin go bhfuil luachanna ag an ionstraim fálaithe agus ag an mír fhálaithe a ghluaiseann i dtreonna malartacha mar gheall ar an riosca céanna, ar riosca fálaithe é. Dá bhrí sin, ní mór ionchas a bheith ann go n-athróidh luach na hionstraime fálaithe agus luach na míre fálaithe go córasach mar fhreagairt ar ghluaiseachtaí san urrús foluiteach céanna nó sna hurrúis fholuiteacha chéanna atá gaolta go heacnamaíoch ar bhealach a bhfreagraíonn siad ar bhealach chomhchosúil don riosca atá á fhálú (mar shampla, amhola Brent agus WTI).

    B6.4.5

    Mura bhfuil na hurrúis fholuiteacha mar an gcéanna ach má tá siad gaolta go heacnamaíoch, féadtar cásanna a bheith ann ina ngluaiseann luachanna na hionstraime fálaithe agus an mhír fhálaithe sa treo chéanna, mar shampla, toisc go n-athraíonn an difreálach praghais idir an dá urrús fholuiteacha ghaolmhara cé nach ngluaiseann na hurrúis fholuiteacha go suntasach. Tá sé sin fós comhsheasmhach le gaolmhaireacht eacnamaíoch idir an ionstraim fálaithe agus an mír fhálaithe má tá coinne leis go ngluaisfidh luachanna na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe i dtreonna malartacha nuair a ghluaiseann na hurrúis fholuiteacha.

    B6.4.6

    Cuimsítear sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil gaolmhaireacht eacnamaíoch ann anailís ar iompraíocht fhéideartha na gaolmhaireachta fálaithe le linn a téarma chun a chinneadh cé acu a fhéadtar nó nach bhféadtar coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh sí an cuspóir maidir le bainistiú riosca. Toisc gurb ann do chomhchoibhneas staitistiúil idir dhá athróg, ní fhágann sé sin go dtacaíonn sé le conclúid bhailí gurb ann do ghaolmhaireacht eacnamaíoch as féin.

    Éifeacht an riosca creidmheasa

    B6.4.7

    Toisc go bhfuil samhail na cuntasaíochta fálaithe bunaithe ar thuairim ghinearálta maidir le fritháireamh idir gnóthachain agus caillteanas i ndáil leis an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe, ní hamháin go gcinntear an éifeachtacht fálaithe leis an ngaolmhaireacht eacnamaíoch idir na míreanna sin (i.e. na hathruithe ar a n-urrúis fholuiteacha) ach cinntear an éifeachtacht fálaithe le héifeacht riosca creidmheasa ar luach na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe. Mar gheall ar an éifeacht riosca creidmheasa, fágtar, fiú más ann do ghaolmhaireacht eacnamaíoch idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fálaithe, go bhféadfadh an leibhéal fritháirimh a bheith guagach. Féadann sé sin tarlú de thoradh ar athrú ar riosca creidmheasa na hionstraime fálaithe nó na míre fálaithe, athrú atá chomh mór sin go bhfágann sé go bhfuil an lámh in uachtar ag an riosca creidmheasa i ndáil leis na hathruithe a leanann as an ngaolmhaireacht eacnamaíoch (i.e. éifeacht na n-athruithe ar na hurrúis fholuiteacha). Maidir le hathrú atá chomh mór sin go bhfágann sé go mbíonn an lámh in uachtar ag an riosca creidmheasa, is athrú é sin as a d’eascródh caillteanas (nó gnóthachan) mar gheall ar riosca creidmheasa a chuirfeadh as d’éifeacht na n-athruithe sna hurrúis fholuiteacha ar luach na hionstraime fálaithe nó na míre fálaithe, fiú dá mbeadh na hathruithe sin suntasach. Ar an taobh eile, mura mbíonn ach athrú beag ar na hurrúis fholuiteach le linn tréimhse faoi leith, ní chruthaítear leis an bhfíoras, go bhféadfadh athruithe beaga a bhaineann leis an riosca creidmheasa ar luach na hionstraime fálaithe nó na míre fálaithe difear do luach níos mó ceann amháin de na hurrúis fholuiteacha, go bhfuil an lámh in uachtar ag an riosca creidmheasa.

    B6.4.8

    Sampla de chás ina mbeadh an lámh in uachtar ag riosca creidmheasa ar ghaolmhaireacht fálaithe is ea cás ina bhfálaíonn eintiteas neamhchosaint chuig praghas tráchtearraí ag úsáid díorthach neamh-chomhthaobhaithe. Má fheiceann contrapháirtí an díorthaigh sin trochlú trom ar a sheasamh creidmheasa, d’fhéadfadh éifeacht na n-athruithe ar sheasamh creidmheasa an chontrapháirtí a bheith níos mó ná éifeacht na n-athruithe ar an bpraghas tráchtearraí ar luach cóir na hionstraime fálaithe, fad a bhraitheann athruithe ar luach na míre fálaithe ar athruithe ar an bpraghas tráchtearraí den chuid is mó.

    Coibhéis fálaithe

    B6.4.9

    I gcomhréir leis na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe, ní mór do choibhéis fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe a bheith mar an gcéanna leis an gcoibhéis a leanann as an gcion den mhír fhálaithe a fhálaíonn an t-eintiteas i ndáiríre agus an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre chun an chion den mhír fhálaithe a fhálú. Dá bhrí sin, má fhálaíonn eintiteas níos lú ná 100 faoin gcéad den neamhchosaint ar mhír, amhail 85 faoin gcéad, ainmneoidh sé an ghaolmhaireacht fálaithe ag úsáid coibhéis fálaithe atá mar an gcéanna leis an gcoibhéis a leanann as 85 faoin gcéad den neamhchosaint agus an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre chun na 85 faoin gcéad a fhálú. Ar an gcuma chéanna, má fhálaíonn, mar shampla, eintiteas neamhchosaint ag úsáid méid ainmniúil de 40 aonad d’ionstraimí airgeadais, ainmneoidh sé an ghaolmhaireacht fálaithe ag úsáid coibhéis fálaithe atá mar an gcéanna leis an gcoibhéis a leanann as an gcion sin de 40 aonad (i.e. ní mór don eintiteas gan coibhéis fálaithe atá bunaithe ar líon níos mó aonad a d’fhéadfadh a bheith aige ar an iomlán nó líon níos ísle aonad a úsáid) agus an chion den mhír fálaithe a fhálaíonn sé i ndáiríre leis na 40 aonad sin.

    B6.4.10

    Maidir le hainmniú na gaolmhaireachta fálaithe ag úsáid na coibhéise fálaithe céanna leis an gcoibhéis a leanann as an gcion den mhír fhálaithe agus an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre, ní léireofar leis éagothroime idir ualú na míre fálaithe agus ualú na hionstraime fálaithe, rud lena gcruthófaí neamhéifeachtacht fálaithe (gan beann ar cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear í) as a d’fhéadfadh toradh cuntasaíochta nach mbeadh comhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt. Dá bhrí sin, chun críche gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú, ní mór d’eintiteas an choibhéis fálaithe a leanann as an gcion den mhír fhálaithe agus an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre a choigeartú más gá sin chun éagothroime den sórt sin a sheachaint.

    B6.4.11

    Is samplaí d’fhachtóirí ábhartha iad na nithe a leanas chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil toradh cuntasaíocht neamhsheasmhach chun críche cuntasaíochta fálaithe:

    (a)

    an mbunaítear an choibhéis fálaithe bheartaithe chun aithint na neamhéifeachtachta fálaithe maidir le fáluithe ar an sreabhadh airgid a sheachaint, nó chun coigeartuithe fálaithe luacha chóir a bhaint amach do níos mó míreanna fálaithe agus é d’aidhm aige sin úsáid cuntasaíochta luacha chóir a mhéadú, gan athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe a fhritháireamh; agus

    (b)

    an bhfuil cúis tráchtála ann maidir le hualú áirithe na míre fálaithe agus na hionstraime fálaithe, cé go gcruthaítear leis sin neamhéifeachtacht fálaithe. Mar shampla, glacann eintiteas páirt in ionstraim fálaithe agus ainmníonn sé cion den ionstraim sin nach í an chion a chinntear mar an bhfálú is fearr den mhír fhálaithe toisc nach gceadaíonn méid caighdeánach na n-ionstraimí fálaithe dó é a fhálú chuig an gcion chruinn d’ionstraim fálaithe (‘fadhb le méid na luchtóige’). Sampla de seo is ea cásanna ina bhfálaíonn eintiteas 100 tona de cheannacháin caife le conarthaí todhchaíochtaí caife chaighdeánaigh ag a bhfuil méid conartha de 37 500 lbs (punt). Níorbh fhéidir leis an eintiteas ach cúig nó sé chonradh a úsáid (coibhéiseach le 85 thona agus 102,1 tona faoi seach) chun an méid ceannacháin de 100 tona a fhálú. Sa chás sin, ainmníonn an t-eintiteas an ghaolmhaireacht fálaithe ag úsáid na coibhéise fálaithe a eascraíonn as líon na gconarthaí todhchaíochtaí caife a úsáideann sé i ndáiríre, toisc nach n-eascródh toradh cuntasaíochta atá neamhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe as an neamhéifeachtacht fálaithe a leanann as an neamhréir maidir le hualú na míre fálaithe agus ualú na hionstraime fálaithe.

    Minicíocht an mheasúnúcháin maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais i ndáil le héifeachtacht fálaithe

    B6.4.12

    Déanfaidh eintiteas measúnú tráth na tionscanta ar an ngaolmhaireacht fálaithe, agus ar bhonn leanúnach, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe. Déanfaidh eintiteas an measúnú leanúnach, ar a laghad, ar gach dáta maidir le tuairisciú nó tar éis athrú suntasach ar na himthosca a dhéanann difear do na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe, cibé acu a tharlaíonn ar dtús. Baineann an measúnú le hionchais maidir le héifeachtacht fálaithe agus, dá bhrí sin, níl sé ach réamhbhreathnaitheach.

    Modhanna chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais i ndáil le héifeachtacht fálaithe

    B6.4.13

    Ní shonraítear leis an gCaighdeán seo modh chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe. Úsáidfidh eintiteas modh a ghabhann saintréithe ábhartha na gaolmhaireachta fálaithe lena n-áirítear foinsí na neamhéifeachtachta fálaithe, áfach. Ag brath ar na fachtóirí sin, féadann an modh a bheith ina mheasúnú cáilíochtúil nó cainníochtúil.

    B6.4.14

    Mar shampla, nuair a bhíonn téarmaí criticiúla (amhail an méid ainmniúil, aibíocht agus urrús foluiteach) na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe ag teacht lena chéile nó nuair a bhíonn siad ailínithe go dlúth lena chéile, d’fhéadfadh sé gurbh fhéidir le heintiteas teacht ar an gconclúid, ar bhonn measúnú cáilíochtúil ar na téarmaí criticiúla sin, go bhfuil luachanna ag an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe sin a ghluaisfidh i dtreonna malartacha den chuid is mó mar gheall ar an riosca céanna agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé teacht ar an gconclúid gurb ann do ghaolmhaireacht eacnamaíoch idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe (féach mír B6.4.4 go mír B6.4.6).

    B6.4.15

    Ní fhágann an fíoras go bhfuil díorthach san airgead nó as an airgead nuair a ainmnítear é mar ionstraim fálaithe go bhfuil measúnú cáilíochtúil míchuí, agus an fíoras sin as féin. Braitheann sé ar na himthosca cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí go mbeadh méid ag neamhéifeachtacht fálaithe a d’eascródh as an bhfíoras sin, méid a bheadh chomh mór sin nach ngabhfadh measúnú cáilíochtúil é go leormhaith.

    B6.4.16

    Ar an taobh eile, mura bhfuil téarmaí criticiúla na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe ailínithe go dlúth lena chéile, tá leibhéal méadaithe éiginnteachta ann maidir le fairsinge an fhritháirimh. Dá dheasca sin, tá sé níos deacra an neamhéifeachtacht fálaithe le linn théarma na gaolmhaireachta fálaithe a thuar. I gcás den sórt sin, d’fhéadfaí nach mbeadh eintiteas in ann teacht ar an gconclúid gurb ann do ghaolmhaireacht eacnamaíoch idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe (féach mír B6.4.4 go mír B6.4.6) ach amháin ar bhonn measúnú cainníochtúil. I roinnt cásanna, d’fhéadfaí go mbeadh gá le measúnú cainníochtúil chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an choibhéis fálaithe a úsáidtear chun an ghaolmhaireacht fálaithe a ainmniú na ceanglais maidir le neamhéifeachtach fálaithe (féach mír B6.4.9 go B6.4.11). Féadann eintiteas na modhanna céanna nó modhanna difriúla a úsáid chun an dá chríoch éagsúla sin.

    B6.4.17

    Má tharlaíonn aon athrú ar na himthosca a dhéanann difear d’éifeachtacht fálaithe, féadfaidh go mbeadh ar eintiteas an modh maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe a athrú chun a áirithiú go ngabhtar saintréithe ábhartha na gaolmhaireachta fálaithe, lena n-áirítear foinsí na neamhéifeachtachta fálaithe, fós.

    B6.4.18

    Is é bainistiú riosca eintitis an phríomhfhoinse faisnéise chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe. Ciallaíonn sé sin gur féidir an fhaisnéise (nó anailís) maidir le bainistiú a úsáidtear chun críocha cinnteoireachta a úsáid mar bhonn chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe.

    B6.4.19

    Áirítear i ndoiciméadacht eintitis maidir leis an ngaolmhaireacht fálaithe an bealach a ndéanfaidh sé measúnú ar na ceanglais i ndáil le héifeachtacht fálaithe, lena n-áirítear an modh nó na modhanna a úsáidtear. Tabharfar doiciméadacht na gaolmhaireachta fálaithe cothrom le dáta má dhéantar aon athrú ar na modhanna (féach mír B6.4.17).

    Cuntas a choinneáil ar ghaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha (Roinn 6.5)

    B6.5.1

    Sampla d’fhálú luacha chóir is ea fálú ar neamhchosaint ar athruithe i luach cóir ionstraime fiachais ar ráta seasta a eascraíonn as athruithe ar rátaí úis. D’fhéadfadh an t-eisitheoir nó an sealbhóir fálú den sórt sin a dhéanamh.

    B6.5.2

    Is é is cúis le fálú ar an sreabhadh airgid an brabús nó an caillteanas ar an ionstraim fálaithe a chur siar go tréimhse nó tréimhsí ina ndéanann na sreafaí airgid fálaithe todhchaí a bhfuil coinne leo difear do bhrabús nó do chaillteanas. Sampla d’fhálú ar an sreabhadh airgid is ea babhtáil a úsáid chun fiachas ar ráta comhlúthach (cibé bealach a dtomhaistear é, ar chostas amúchta nó ar luach cóir) a athrú ina fhiachas ar ráta seasta úis (i.e. fálú ar idirbheart amach anseo inarb iad na híocaíochtaí úis todhchaí na sreafaí airgid todhchaí atá á bhfálú). Ar an taobh eile, maidir le ceannachán réamhaisnéise d’ionstraim chothromais a choinneofar cuntas air, tráth a bheidh sé faighte, ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas, is sampla é de mhír nach féidir léi a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú ar shreabhadh airgid, toisc nárbh fhéidir aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar an ionstraim fálaithe a chuirfí siar a athaicmiú go hiomchuí go brabús nó caillteanas le linn tréimhse ina mbainfeadh sé fritháireamh amach. Ar an gcúis chéanna, maidir le ceannachán réamhaisnéise d’ionstraim chothromais a choinneofar cuntas air, tráth a bheidh sé faighte, ar luach cóir agus cuirfear athruithe ar luach cóir i láthair in ioncam cuimsitheach eile, ní féidir léi a bheith ina mír fhálaithe i bhfálú ar shreabhadh airgid.

    B6.5.3

    Fálú ar cheangaltas daingean (mar shampla, fálú ar an athrú ar phraghas an bhreosla a bhaineann le ceangaltas conarthach neamhaitheanta ag fóntas leictreach chun breosla a cheannach ar phraghas seasta), is fálú é ar neamhchosaint ar athrú ar luach cóir. Dá réir sin, is fálú luacha chóir é fálú den sórt sin. I gcomhréir le mír 6.5.4, áfach, is mar fhálú ar an sreabhadh airgid a d’fhéadfaí, mar rogha mhalartach, cuntas a choinneáil ar fhálú ar riosca malairte eachtraí ceangaltais dhaingin.

    Tomhas ar neamhéifeachtacht fálaithe

    B6.5.4

    Nuair a thomhaistear neamhéifeachtacht fálaithe, cuirfidh eintiteas amluach airgid san áireamh. Dá dheasca sin, cinneann an t-eintiteas luach na míre fálaithe ar bhonn luach láithreach agus, dá bhrí sin, áirítear san athrú ar luach na míre fálaithe éifeacht amluacha airgid freisin.

    B6.5.5

    Chun an t-athrú ar luach na míre fálaithe a ríomh chun críche tomhas a dhéanamh ar neamhéifeachtacht fálaithe, féadfaidh eintiteas díorthach a úsáid, ceann ag a mbeadh téarmaí a thagann le téarmaí criticiúla na míre fálaithe (tugtar ‘díorthach hipitéiseach’ air sin), agus, mar shampla, i gcás fálú ar idirbheart réamhaisnéise, dhéanfaí é a chalabrú ag úsáid ann leibhéil praghais (nó ráta) fhálaithe. Mar, dá mbeadh an fálú bainteach le riosca déthaobhach ar an leibhéal margaidh reatha, léireofaí leis an díorthach hipitéiseach conradh réamhcheaptha hipitéiseach a chalabraítear ar luach de nialas tráth ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe. Dá mbeadh an fálú bainteach le riosca aontaobhach, mar shampla, léireofaí leis an díorthach hipitéiseach luach intreach rogha hipitéisí atá san airgead tráth ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe má tá an leibhéal praghais fhálaithe ar an leibhéal margaidh reatha, nó atá as an airgead má tá an leibhéal praghais fhálaithe os cionn (nó, faoi bhun, i gcás fálú de shuíomh fada) an leibhéil margaidh reatha. Is bealach amháin é díorthach hipitéiseach a úsáid chun an t-athrú ar luach na míre fálaithe a ríomh. Macasamhlaítear leis an díorthach hipitéiseach an mhír fhálaithe agus, dá bhrí sin, eascraíonn an toradh céanna a bheadh ann dá gcinnfí an t-athrú ar luach le cur chuige eile as sin. Dá bhrí sin, ní modh ann féin é ‘díorthach hipitéiseach’ a úsáid ach is seift mhatamaiticiúil é nach féidir a úsáid ach amháin chun luach na míre fálaithe a ríomh. Dá dheasca sin, ní féidir ‘díorthach hipitéiseach’ a úsáid chun gnéithe a chur san áireamh i luach na míre fálaithe, gnéithe nach ann dóibh ach amháin san ionstraim fálaithe (ach nach bhfuil ann sa mhír fhálaithe). Sampla de sin is ea fiachas a ainmnítear in airgeadra eachtrach (gan beann ar cibé acu is fiachas ar ráta seasta nó ráta athraitheach é). Nuair a úsáidtear díorthach hipitéiseach chun an t-athrú ar luach fiachas den sórt sin nó luach láithreach an athraithe charnaigh ina shreafaí airgid a ríomh, ní féidir leis an díorthach hipitéiseach muirear a ghearradh as airgeadraí éagsúla a mhalartú fiú amháin má bhíonn muirear den sórt sin (mar shampla, babhtálacha ráta úis trasairgeadra) san áireamh i ndíorthaigh iarbhír faoina malartaítear airgeadraí éagsúla.

    B6.5.6

    An t-athrú ar luach na míre fálaithe a chinntear ag úsáid díorthach hipitéiseach, féadfar é a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann gaolmhaireacht fálaithe na ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe.

    An ghaolmhaireacht fálaithe agus athruithe ar an gcoibhéis fálaithe a athchothromú

    B6.5.7

    Tagraíonn athchothromú do na coigeartuithe a dhéantar ar na cainníochtaí ainmnithe den mhír fhálaithe nó den ionstraim fálaithe a bhaineann le gaolmhaireacht fálaithe arb ann dó cheana féin chun críche coibhéis fálaithe a choinneáil ar bun, coibhéis a chomhlíonann ceanglais maidir le héifeachtacht fálaithe. Ní hionann athruithe ar chainníochtaí ainmnithe míre fálaithe nó ionstraime fálaithe chun críche eile agus athchothromú chun críche an Chaighdeáin seo.

    B6.5.8

    Glactar le hathchothromú mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe i gcomhréir le mír B6.5.9 go mír B6.5.21. Maidir le hathchothromú, cinntear neamhéifeachtacht fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe agus aithnítear é láithreach sula gcoigeartaítear an ghaolmhaireacht fálaithe.

    B6.5.9

    Nuair a choigeartaítear an choibhéis fálaithe, ligtear d’eintiteas freagairt d’athruithe sa ghaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe a eascraíonn as a n-urrúis fholuiteacha nó na hathróga riosca. Mar shampla, gaolmhaireacht fálaithe ina bhfuil athruithe ar urrúis fholuiteacha atá éagsúil ach atá bainteach lena chéile ag an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe mar fhreagairt ar athrú sa ghaolmhaireacht idir an dá urrús fholuiteacha sin (mar shampla, innéacsanna, rátaí nó praghsanna atá éagsúil, ach atá bainteach lena chéile). Dá bhrí sin, ligtear le hathchothromú leanúnachas gaolmhaireachta fálaithe i gcásanna ina n-athraíonn an ghaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe ar bhealach ar féidir é a chúiteamh má choigeartaítear an choibhéis fálaithe.

    B6.5.10

    Mar shampla, fálaíonn eintiteas neamhchosaint chuig Airgeadra Eachtrach A ag úsáid díorthach airgeadra a thagraíonn d’airgeadra Eachtrach B agus déantar Airgeadra Eachtrach A agus Airgeadra Eachtrach B a phionnáil (i.e. coinnítear a ráta malairte laistigh de bhanna nó ar ráta malairte arna shocrú ag banc ceannais nó údarás eile). Dá n-athrófaí an ráta malairte idir Airgeadra Eachtrach A agus Airgeadra Eachtrach B (i.e. socraíodh banna nó ráta nua), dá n-athchothromófaí an ghaolmhaireacht fálaithe chun an ráta malairte nua a léiriú, d’áiritheofaí go leanfadh an ghaolmhaireacht fálaithe air ag comhlíonadh an cheanglais maidir le héifeachtacht fálaithe le haghaidh na coibhéise fálaithe sna himthosca nua. Os a choinne sin, dá mbeadh mainneachtain ann maidir le díorthach airgeadra, ní áiritheofaí le hathrú na coibhéise fálaithe go leanfadh an ghaolmhaireacht fálaithe air ag comhlíonadh an cheanglais sin maidir le héifeachtacht fálaithe. Dá bhrí sin, ní éascaítear le hathchothromú leanúnachas gaolmhaireachta fálaithe i gcásanna ina n-athraíonn an ghaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe ar bhealach nach féidir é a chúiteamh má choigeartaítear an choibhéis fálaithe.

    B6.5.11

    Maidir le hathruithe ar fhairsinge fritháirimh idir na hathruithe ar luach cóir nó sreafaí airgid na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe, ní hionann gach ceann de na hathruithe sin agus athrú ar an ngaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe. Déanann eintiteas anailís ar na foinsí maidir le neamhéifeachtacht an fhálaithe a raibh coinne leis go ndéanfaidís difear don ghaolmhaireacht fálaithe le linn a téarma agus déanann sé meastóireacht ar cibé ceann de na nithe a leanas iad na hathruithe ar fhairsinge an fhritháirimh:

    (a)

    luaineachtaí timpeall na coibhéise fálaithe, a fhanann bailí (i.e. leanann sé air ag léiriú go hiomchuí an ghaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe); nó

    (b)

    léiriú nach léirítear go hiomchuí leis an gcoibhéis fálaithe an ghaolmhaireacht idir an ionstraim fálaithe agus an mhír fhálaithe.

    Déanann eintiteas an mheastóireacht sin in aghaidh an cheanglais maidir le héifeachtacht fálaithe le haghaidh coibhéis fálaithe, i.e. chun a áirithiú nach léirítear leis an ngaolmhaireacht fálaithe éagothroime idir ualú na míre fálaithe agus ualú na hionstraime fálaithe lena gcruthófaí neamhéifeachtacht fálaithe (gan beann ar cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear í) as a d’fhéadfadh toradh cuntasaíochta nach mbeadh comhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt. Dá bhrí sin, tá gá le breithiúnas sa mheastóireacht sin.

    B6.5.12

    Ní féidir luaineacht timpeall coibhéis fálaithe seasmhach (agus an neamhéifeachtacht fhálaithe ghaolmhar, dá bharr sin) a laghdú má choigeartaítear an choibhéis fálaithe mar fhreagairt ar gach toradh faoi leith. Dá bharr sin, i gcásanna den sórt sin, baineann an t-athrú ar fhairsinge fritháirimh le tomhas agus aithint éifeachtachta fálaithe ach níl aon ghá le hathchothromú.

    B6.5.13

    Ar an taobh eile, má thugtar le fios le hathruithe ar fhairsinge fritháirimh go bhfuil an luaineacht timpeall coibhéis fálaithe difriúil leis an gcoibhéis fálaithe a úsáidtear le haghaidh na gaolmhaireachta fálaithe sin, nó go bhfuil treocht ann atá ag bogadh ar shiúl ón gcoibhéis fálaithe sin, is féidir neamhéifeachtacht fálaithe a laghdú má choigeartaítear an choibhéis fálaithe toisc, dá gcoinneofaí an choibhéis fálaithe, thiocfadh méadú ar neamhéifeachtacht fálaithe. Dá bharr sin, in imthosca den sórt sin, ní mór d’eintiteas meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a léirítear nó nach léirítear leis an ngaolmhaireacht fálaithe éagothroime idir ualú na míre fálaithe agus ualú na hionstraime fálaithe lena gcruthófaí neamhéifeachtacht fálaithe (gan beann ar cé acu a aithnítear nó nach n-aithnítear í) as a d’fhéadfadh toradh cuntasaíochta nach mbeadh comhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt. Má choigeartaítear an choibhéis fálaithe, déanann sé difear freisin do thomhas agus d’aithint neamhéifeachtachta fálaithe toisc, nuair a athchothromaítear é, ní mór neamhéifeachtacht fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe a chinneadh agus a aithint láithreach sula gcoigeartófaí an ghaolmhaireacht fálaithe i gcomhréir le mír B6.5.8.

    B6.5.14

    Maidir leis an athchothromú, fágtar, chun críocha cuntasaíochta fálaithe, go gcoigeartaítear eintiteas an chion den ionstraim fálaithe nó an chion den mhír fhálaithe ag tús gaolmhaireachta fálaithe mar fhreagairt ar athruithe ar imthosca a dhéanann difear do choibhéis fálaithe na gaolmhaireachta fálaithe sin. De ghnáth, ba cheart don choigeartú sin coigeartuithe ar an gcion den ionstraim fálaithe agus an chion den mhír fhálaithe a úsáideann sé i ndáiríre a léiriú. Ní mór d’eintiteas an choibhéis fálaithe a leanann as an gcion den mhír fhálaithe nó an chion den ionstraim fálaithe a úsáideann sé i ndáiríre a choigeartú sna cásanna a leanas, áfach:

    (a)

    dá léireofaí leis an gcoibhéis fálaithe a leanann as na hathruithe ar an gcion den ionstraim fálaithe nó ar an gcion den mhír fhálaithe a úsáideann an t-eintiteas i ndáiríre éagothroime a chruthódh neamhéifeachtacht fálaithe arbh fhéidir toradh cuntasaíochta a bheadh neamhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt as; nó

    (b)

    dá gcoinneodh eintiteas cion den ionstraim fálaithe agus cion den mhír fhálaithe a úsáideann sé i ndáiríre, as a dtiocfadh coibhéis fálaithe lena léireofaí, in imthosca nua, éagothroime a chruthódh neamhéifeachtacht fálaithe arbh fhéidir toradh cuntasaíochta a bheadh neamhsheasmhach le cuspóir na cuntasaíochta fálaithe eascairt as (i.e. níor cheart d’eintiteas éagothroime a chruthú trí theip ar choigeartú na coibhéise fálaithe).

    B6.5.15

    Níl feidhm ag athchothromú má d’athraigh an cuspóir maidir le bainistiú riosca do ghaolmhaireacht fálaithe. Ina ionad sin, scoirfear de chuntasaíocht fálaithe don ghaolmhaireacht fálaithe sin (d’ainneoin go bhféadfadh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe nua a ainmniú, ceann lena mbaineann ionstraim fálaithe nó mír fhálaithe ó ghaolmhaireacht fálaithe roimhe sin mar a thuairiscítear i mír B6.5.28).

    B6.5.16

    Má athchothromaítear gaolmhaireacht fálaithe, d’fhéadfaí difear a dhéanamh don choigeartú ar an gcoibhéis fálaithe ar bhealaí éagsúla:

    (a)

    féadtar ualú na míre fálaithe a mhéadú (rud a laghdaíonn ualú na hionstraime fálaithe an tráth céanna) trí bhíthin:

    (i)

    líon na míre fálaithe a mhéadú; nó

    (ii)

    méid na hionstraime fálaithe a laghdú.

    (b)

    féadtar ualú na hionstraime fálaithe a mhéadú (rud a laghdaíonn ualú na míre fálaithe an tráth céanna) trí bhíthin:

    (i)

    méid na hionstraime fálaithe a mhéadú; nó

    (ii)

    líon na míre fálaithe a laghdú.

    Tagraíonn athruithe ar mhéideanna agus líon do na cainníochtaí atá mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe. Dá bharr sin, ní ciallaíonn laghduithe ar mhéideanna nó ar an líon nach ann do mhíreanna nó d’idirbhearta a thuilleadh, nó nach bhfuil coinne leis go dtarlóidh siad, ach ciallaíonn sé nach bhfuil siad mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe. Mar shampla, má laghdaítear méid na hionstraime fálaithe d’fhéadfaí go bhfágfadh sé sin go gcoinneodh an t-eintiteas díorthach, ach d’fhéadfaí nach mbainfeadh ach cuid de le hionstraim fálaithe den ghaolmhaireacht fálaithe. D’fhéadfadh sé sin tarlú dá bhféadfaí difear a dhéanamh don athchothromú dá laghdófaí méid na hionstraime fálaithe sa ghaolmhaireacht fálaithe amháin, ach dá gcoinneodh an t-eintiteas an méid nach mbeadh gá leis a thuilleadh. Sa chás sin, thabharfaí cuntas ar an gcuid neamh-ainmnithe den díorthach ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas (murar ainmníodh é mar ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe dhifriúil).

    B6.5.17

    Má choigeartaítear an choibhéis fálaithe trí bhíthin líon na míre fálaithe a mhéadú, ní dhéanann sé sin difear don bhealach a ndéantar athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe a thomhas. Ní dhéantar aon difear ach oiread do thomhas na n-athruithe ar luach na míre fálaithe a bhaineann leis an líon a ainmníodh roimhe sin. Ón dáta athchothromúcháin, áfach, áirítear sna hathruithe ar luach na míre fálaithe an t-athrú ar luach líon breise na míre fálaithe freisin. Déantar na hathruithe sin a thomhas ag tosú ón dáta athchothromúcháin, agus trí thagairt a dhéanamh don dáta sin, in ionad an dáta ar ar ainmníodh an ghaolmhaireacht fálaithe. Mar shampla, má d’fhálaigh eintiteas líon de 100 tona de thráchtearra ar phraghas réamhcheaptha de AA80 (an praghas réamhcheaptha ar thionscnamh na gaolmhaireachta fálaithe) agus má chuir sé líon de 10 dtona le hathchothromú nuair a sheas an praghas réamhcheaptha ar AA90, bheadh dhá shraith sa mhír fhálaithe tar éis athchothromúcháin: 100 tona arna bhfálú ar AA80 agus 10 dtona arna bhfálú ar AA90.

    B6.5.18

    Má choigeartaítear an choibhéis fálaithe trí bhíthin méid na hionstraime fálaithe a laghdú, ní dhéanann sé sin difear don bhealach a ndéantar athruithe ar luach na míre fálaithe a thomhas. Ní dhéantar aon difear ach oiread do thomhas na n-athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe a bhaineann leis an méid a leanann de bheith ainmnithe. Ón dáta athchothromúcháin, áfach, níl an méid faoinar laghdaíodh an ionstraim fálaithe ina chuid den ghaolmhaireacht fálaithe a thuilleadh. Mar shampla, má d’fhálaigh eintiteas praghasriosca tráchtearra ar dtús ag úsáid méid díorthach de 100 tona mar ionstraim fálaithe agus má laghdaíonn sé an méid sin faoi 10 dtona tráth an athchothromúcháin, bheadh méid ainmniúil de 90 tona de mhéid na hionstraime fálaithe fágtha (féach mír B6.5.16 le haghaidh iarmhairtí an mhéid dhíorthaigh (i.e. na 10 dtona) nach bhfuil ina chuid den ionstraim fálaithe a thuilleadh).

    B6.5.19

    Má choigeartaítear an choibhéis fálaithe trí bhíthin méid na hionstraime fálaithe a mhéadú, ní dhéanann sé sin difear don bhealach a ndéantar athruithe ar luach na míre fálaithe a thomhas. Ní dhéantar aon difear ach oiread do thomhas na n-athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe a bhaineann leis an líon a ainmníodh roimhe sin. Ón dáta athchothromúcháin, áfach, áirítear sna hathruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe na hathruithe ar luach líon breis na hionstraime fálaithe freisin. Déantar na hathruithe a thomhas ag tosú ón dáta athchothromúcháin, agus trí thagairt a dhéanamh don dáta sin, in ionad an dáta ar ar ainmníodh an ghaolmhaireacht fálaithe. Mar shampla, má d’fhálaigh eintiteas praghasriosca tráchtearra ar dtús ag úsáid méid díorthach de 100 tona mar ionstraim fálaithe agus má chuir sé méid de 10 dtona leis tráth an athchothromúcháin, bheadh méid díorthach de 110 dtona san iomlán san ionstraim fálaithe tar éis an athchothromúcháin. Is é an t-athrú ar luach cóir na hionstraime fálaithe an t-athrú iomlán ar luach cóir na ndíorthach lena ndéantar an méid iomlán de 110 dtona. D’fhéadfaí go mbeadh téarmaí criticiúla éagsúla ag na díorthaigh sin (agus is dócha go mbeadh), amhail a rátaí réamhcheaptha, toisc go ndearnadh iad ag tráthanna éagsúla (lena n-áirítear an fhéidearthacht a bhaineann le díorthaigh a ainmniú i ngaolmhaireachtaí fálaithe tar éis an athchothromúcháin bunaidh).

    B6.5.20

    Má choigeartaítear an choibhéis fálaithe trí bhíthin líon na míre fálaithe a laghdú, ní dhéanann sé sin difear don bhealach a ndéantar athruithe ar luach cóir na hionstraime fálaithe a thomhas. Ní dhéantar aon difear ach oiread do thomhas na n-athruithe ar luach na míre fálaithe a bhaineann leis an líon a leanann de bheith ainmnithe. Ón dáta athchothromúcháin, áfach, níl an líon faoinar laghdaíodh an mhír fhálaithe ina cuid den ghaolmhaireacht fálaithe a thuilleadh. Mar shampla, má d’fhálaigh eintiteas líon de 100 tona de thráchtearra ar phraghas réamhcheaptha de AA80 agus má laghdaíonn sé an líon sin faoi 10 dtona tráth an athchothromúcháin, 90 tona arna bhfálú ar AA80 a bheadh sa mhír fhálaithe tar éis an athchothromúcháin. Thabharfaí cuntas ar 10 dtona na míre fálaithe nach bhfuil mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe a thuilleadh i gcomhréir leis na ceanglais le haghaidh scor de chuntasaíocht fálaithe (féach mír 6.5.6 go mír 6.5.7 agus mír B6.5.22 go mír B6.5.28).

    B6.5.21

    Nuair a athchothromaítear gaolmhaireacht fálaithe, déanfaidh eintiteas a anailís ar na foinsí maidir le neamhéifeachtacht an fhálaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghaolmhaireacht fálaithe le linn a téarma (atá fágtha) a thabhairt cothrom le dáta (féach mír B6.4.2). Tabharfar doiciméadacht na gaolmhaireachta fálaithe cothrom le dáta dá réir sin.

    Scor cuntasaíochta fálaithe

    B6.5.22

    Tá feidhm ag scor cuntasaíochta fálaithe go hionchasach ón dáta nach gcomhlíontar na critéir cháilitheacha a thuilleadh.

    B6.5.23

    Ní dhéanfaidh eintiteas gaolmhaireacht fálaithe a dhí-ainmniú, agus scor de leis sin, sna cásanna a leanas:

    (a)

    má chomhlíonann sé an cuspóir maidir le bainistiú riosca ar an mbonn ar cháiligh sé do chuntasaíocht fálaithe dá bharr (i.e. is é d’aidhm ag an eintiteas an cuspóir sin maidir le bainistiú riosca a bhaint amach); agus

    (b)

    má leanann sé de bheith ag comhlíonadh na gcritéar cáilitheach uile eile (tar éis aon athchothromú den ghaolmhaireacht fálaithe a chur san áireamh, más infheidhme).

    B6.5.24

    Chun críocha an Chaighdeáin seo, déantar straitéis bainistíochta riosca eintitis a idirdhealú óna chuspóirí maidir le bainistiú riosca. Bunaítear an straitéis bainistíochta riosca ar an leibhéal is airde ar a gcinneann eintiteas conas a bhainistíonn sé an riosca. Is iondúil go sainaithníonn straitéisí bainistíochta riosca na rioscaí nach bhfuil cosaint ag an eintiteas orthu agus leagtar amach iontu an bealach a bhfreagraíonn an t-eintiteas dóibh. Is iondúil go mbíonn straitéis bainistíochta riosca ann ar feadh tréimhse níos faide agus d’fhéadfaí go mbeadh roinnt solúbthachta ann maidir leis an bhfreagairt d’athruithe in imthosca a tharlaíonn nuair a bhíonn an straitéis i bhfeidhm go fóill (mar shampla, ráta úis difriúil nó leibhéil praghais tráchtearraí as a n-eascraíonn fairsinge dhifriúil fálaithe). Leagtar é sin amach i ndoiciméad ginearálta de ghnáth agus scaiptear ar fud an eintitis é i mbeartais ina mbíonn treoirlínte níos sonraí. I gcodarsnacht leis sin, bíonn feidhm ag an gcuspóir maidir le bainistiú riosca le haghaidh gaolmhaireachta fálaithe ar leibhéal gaolmhaireachta fálaithe faoi leith. Baineann sé leis an mbealach a n-úsáidtear an ionstraim fálaithe faoi leith a ainmníodh chun an neamhchosaint áirithe a ainmníodh mar an mhír fhálaithe a fhálú. Dá bhrí sin, is féidir go mbeadh go leor gaolmhaireachtaí fálaithe éagsúla, a mbaineann a gcuspóirí maidir le bainistiú riosca le forfheidhmiú na straitéise bainistíochta riosca foriomláine, i gceist le straitéis bainistíochta riosca. Mar shampla:

    (a)

    tá straitéis ag eintiteas chun a neamhchosaint maidir le ráta úis i ndáil le cistiú fiachais a bhainistiú, straitéis lena socraítear na raonta don eintiteas foriomlán don mheascán idir an cistiú ar ráta athraitheach agus cistiú ar ráta seasta. Is éard atá i gceist leis an straitéis idir 20 faoin gcéad agus 40 faoin gcéad den fhiachas a choinneáil ar rátaí seasta. Anois is arís, cinneann an t-eintiteas conas a fhorfheidhmeoidh sé an straitéis sin (i.e. an áit a gcuireann sé é féin laistigh den raon idir 20 faoin gcéad agus 40 faoin gcéad le haghaidh na neamhchosanta úis ar ráta seasta) ag brath ar leibhéal na rátaí úis. Má tá na rátaí úis íseal, socraíonn an t-eintiteas an t-ús le haghaidh níos mó fiachais ná mar a dhéanann sé nuair a bhíonn na rátaí úis ard. Tá fiachas an eintitis ar AA100 d’fhiachas ar ráta athraitheach agus babhtáiltear AA30 de sin ina neamhchosaint ar ráta seasta. Baineann an t-eintiteas leas as rátaí úis ísle chun AA50 breise i bhfiachas a eisiúint chun infheistíocht mhór a mhaoiniú, rud a dhéanann an t-eintiteas trí bhíthin banna ar ráta seasta a eisiúint. I bhfianaise na rátaí úis ísle, cinneann an t-eintiteas a neamhchosaint maidir le ráta úis seasta a shocrú ar 40 faoin gcéad den fhiachas iomlán trí bhíthin an fhairsinge ar ar fhálaigh sé a neamhchosaint ar ráta athraitheach roimhe sin faoi AA20, as a n-eascraíonn AA60 i neamhchosaint ar ráta seasta. Sa chás sin, ní bhíonn aon athrú ar an straitéis bainistíochta riosca féin. Os a choinne sin, áfach, tá athrú tagtha ar an bhforfheidhmiú atá déanta ag an eintiteas i ndáil leis an straitéis sin agus ciallaíonn sé sin, i gcás AA20 de neamhchosaint ar ráta athraitheach a fálaíodh roimhe sin, gur athraigh an cuspóir maidir le bainistiú riosca (i.e. ar leibhéal na gaolmhaireachta fálaithe). Dá dheasca sin, sa chás sin, ní mór cuntasaíocht fálaithe a scor i gcás AA20 den neamhchosaint ar ráta athraitheach a fálaíodh roimhe sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin an suíomh babhtála a laghdú faoi mhéid ainmniúil de AA20 ach, ag brath ar na himthosca, d’fhéadfadh eintiteas an méid babhtála sin a choinneáil agus, mar shampla, é a úsáid chun neamhchosaint dhifriúil a fhálú nó d’fhéadfadh sé a bheith mar chuid de leabhar trádála. Ar an taobh eile, dá mbabhtálfadh eintiteas cuid dá fhiachas nua ar ráta seasta go neamhchosaint ar ráta athraitheach, bheadh ar chuntasaíocht fálaithe leanúint ar aghaidh dá neamhchosaint ar ráta athraitheach a fálaíodh roimhe sin.

    (b)

    eascraíonn roinnt neamhchosaintí as suíomhanna a athraíonn go minic, mar shampla, riosca an ráta úis a bhaineann le punann oscailte d’ionstraimí fiachais. Nuair a chuirtear ionstraimí fiachais nua leis, chomh maith le dí-aithint ionstraimí fiachais, athraítear an neamhchosaint sin go leanúnach (i.e. tá sé éagsúil ó shuíomh a thagann in aibíocht a leachtaíonn go nádúrtha). Is próiseas dinimiciúil é seo ina bhfanann an neamhchosaint agus na hionstraimí fálaithe a úsáidtear chun é a bhainistiú mar atá ar feadh tamall fada. Dá dheasca sin, maidir leis na hionstraimí fálaithe a úsáidtear chun riosca an ráta úis a bhainistiú, coigeartaíonn eintiteas ag a bhfuil neamhchosaint den sórt sin iad go minic de réir mar a athraíonn an neamhchosaint. Mar shampla, ainmnítear ionstraimí fiachais ag a bhfuil aibíocht iarmhair de 24 mhí mar an mhír fhálaithe le haghaidh riosca an ráta úis ar feadh 24 mhí. Cuirtear an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le tráinsí aga nó tréimhsí aibíochta. Tar éis tréimhse ghearr ama, scoireann an t-eintiteas de na gaolmhaireachtaí fálaithe a ainmníodh roimhe sin le haghaidh tréimhsí aibíochta, nó roinnt díobh nó cuid díobh, agus ainmníonn sé gaolmhaireachtaí fálaithe nua le haghaidh tréimhsí aibíochta ar bhonn a méide agus ar bhonn na n-ionstraimí fálaithe atá ann an tráth sin. Léirítear le scor na cuntasaíochta fálaithe sa chás sin go mbunaítear na gaolmhaireachtaí fálaithe sin ar bhealach a fhágann go bhféachann eintiteas ar ionstraim fálaithe nua agus ar mhír fhálaithe nua in ionad na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe a ainmníodh roimhe sin. Tá an straitéis bainistíochta riosca mar an gcéanna, ach níl aon chuspóir maidir le bainistiú riosca a leanann ar aghaidh i gcás na ngaolmhaireachtaí fálaithe a ainmníodh roimhe sin, gaolmhaireachtaí nach ann dóibh a thuilleadh. I gcás den sórt sin, tá feidhm ag scor na cuntasaíochta fálaithe maidir leis an méid a d’athraigh an cuspóir maidir le bainistiú riosca. Braitheann sé seo ar staid eintitis agus d’fhéadfadh sé, mar shampla, difear a dhéanamh do na gaolmhaireachtaí fálaithe uile, nó roinnt díobh, i dtréimhse aibíochta, nó cuid de ghaolmhaireacht fálaithe.

    (c)

    tá straitéis bainistíochta riosca ag eintiteas lena mbainistíonn sé riosca malairte eachtraí díolachán réamhaisnéise agus na hinfháltais as eascraíonn as. Laistigh den straitéis sin, bainistíonn an t-eintiteas an riosca malairte eachtraí mar ghaolmhaireacht fálaithe faoi leith go dtí an pointe a aithnítear an t-infháltas. Ina dhiaidh sin, ní bhainistíonn an t-eintiteas an riosca malairte eachtraí ar bhonn na gaolmhaireachta fálaithe áirithe sin. Ina ionad sin, bainistíonn sé le chéile an riosca malairte eachtraí ó na hinfháltais, na suimeanna iníoctha agus na díorthaigh (nach mbaineann le hidirbhearta réamhaisnéise atá ar feitheamh) a ainmnítear san airgeadra eachtrach céanna. Chun críocha cuntasaíochta, is mar fhálú ‘nádúrtha’ a fheidhmíonn sé sin toisc go n-aithnítear láithreach na gnóthachain agus na caillteanas ón riosca malairte eachtraí ar gach ceann de na míreanna sin i mbrabús nó i gcaillteanas. Dá dheasca sin, chun críocha cuntasaíochta, má ainmnítear an ghaolmhaireacht fálaithe don tréimhse suas go dtí an dáta íocaíochta, ní mór scor de nuair a aithnítear an t-infháltas, toisc nach bhfuil feidhm ag cuspóir na gaolmhaireachta fálaithe bunaidh maidir le bainistiú riosca a thuilleadh. Bainistítear an riosca malairte eachtraí laistigh den straitéis chéanna ach ar bhonn difriúil ansin. Ar an taobh eile, dá mbeadh cuspóir difriúil maidir le bainistiú riosca ag eintiteas agus dá mbainisteodh sé an riosca malairte eachtraí mar ghaolmhaireacht fálaithe leanúnach amháin don mhéid díolachán réamhaisnéise sin faoi leith agus don infháltas a thiocfadh as go dtí an dáta socraíochta, leanfadh cuntasaíocht fálaithe go dtí an dáta sin.

    B6.5.25

    Is féidir le scor cuntasaíochta fálaithe difear a dhéanamh don mhéid a leanas:

    (a)

    gaolmhaireacht fálaithe ina hiomláine; nó

    (b)

    cuid de ghaolmhaireacht fálaithe (rud a chiallaíonn go leanann cuntasaíocht fálaithe ar aghaidh ar feadh na coda eile den ghaolmhaireacht fálaithe).

    B6.5.26

    Scoirtear de ghaolmhaireacht fálaithe ina hiomláine nuair nach gcomhlíonann sé na critéir cháilitheacha. Mar shampla:

    (a)

    ní chomhlíonann an ghaolmhaireacht fálaithe an cuspóir maidir le bainistiú riosca ar an mbonn ar cháiligh sé do chuntasaíocht fálaithe dá bharr (i.e. níl sé d’aidhm ag an eintiteas an cuspóir sin maidir le bainistiú riosca a bhaint amach a thuilleadh);

    (b)

    díoladh nó foirceannadh an ionstraim nó na hionstraimí fálaithe (i ndáil leis an méid iomlán a bhí mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe); nó

    (c)

    ní ann d’aon ghaolmhaireacht eacnamaíoch a thuilleadh idir an mhír fhálaithe agus an ionstraim fálaithe nó tosaíonn an éifeacht riosca creidmheasa ag dul i dtreis ar na hathruithe ar luachanna a eascraíonn as an ngaolmhaireacht eacnamaíoch sin.

    B6.5.27

    Scoirtear de chuid de ghaolmhaireacht fálaithe (agus leanann cuntasaíocht fálaithe don chuid eile) nuair a stopann cuid de ghaolmhaireacht fálaithe de chomhlíonadh na gcritéar cáilitheach. Mar shampla:

    (a)

    nuair a athchothromaítear an ghaolmhaireacht fálaithe, féadfar an choibhéis fálaithe a choigeartú ar bhealach a fhágann nach bhfuil cuid de líon na míre fálaithe ina cuid den ghaolmhaireacht fálaithe a thuilleadh (féach mír B6.5.20); dá réir sin, ní scoirtear de chuntasaíocht fálaithe ach i gcás líon na míre fálaithe nach bhfuil mar chuid den ghaolmhaireacht fálaithe a thuilleadh; nó

    (b)

    i gcás nach mbíonn sé an-dóchúil go dtarlóidh cuid den líon den mhír fhálaithe ar idirbheart fálaithe é (nó ar cuid d’idirbheart fálaithe é) a thuilleadh, scoirtear de chuntasaíocht don líon den mhír fhálaithe nach bhfuil sé an-dóchúil go dtarlóidh sé, agus an líon sin amháin. Má fheictear, áfach, go mbíodh eintiteas ag ainmniú fáluithe d’idirbhearta réamhaisnéise agus ansin ag cinneadh nach raibh coinne leis go dtarlódh na hidirbhearta réamhaisnéise a thuilleadh ina dhiaidh sin, ceistítear cumas an eintitis maidir le tuar cruinn a dhéanamh ar idirbhearta réamhaisnéise nuair a thuartar idirbhearta réamhaisnéise den chineál céanna. Déanann sé sin difear don mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil idirbhearta réamhaisnéise den chineál céanna an-dóchúil (féach mír 6.3.3) agus cé acu atá nó nach bhfuil siad incháilithe mar mhíreanna fálaithe dá réir sin.

    B6.5.28

    Is féidir le heintiteas gaolmhaireacht fálaithe nua a ainmniú, ceann lena mbaineann ionstraim fálaithe nó mír fhálaithe gaolmhaireachta fálaithe roimhe sin dar scoireadh den chuntasaíocht fálaithe (cuid de nó ina hiomláine). Ní hionann sin agus leanúint de ghaolmhaireacht fálaithe ach is atosú é. Mar shampla:

    (a)

    tagann trochlú creidmheasa a thromchúisí sin ar ionstraim fálaithe go gcuireann an t-eintiteas ionstraim fálaithe nua ina háit. Ciallaíonn sé sin nár éirigh leis an ngaolmhaireacht fálaithe bhunaidh an cuspóir maidir le bainistiú riosca a bhaint amach agus scoireadh de ina hiomláine dá réir sin. Ainmnítear an ionstraim fálaithe nua mar fhálú na neamhchosanta céanna a fálaíodh roimhe sin agus déanann sé gaolmhaireacht fálaithe nua. Dá réir sin, déantar na hathruithe ar luach cóir nó ar shreafaí airgid na míre fálaithe a thomhas ag tosú ó dháta ainmniúcháin na gaolmhaireachta fálaithe nua, agus trí thagairt a dhéanamh don dáta sin, in ionad an dáta ar ar ainmníodh an ghaolmhaireacht fálaithe bhunaidh.

    (b)

    scoirtear de ghaolmhaireacht fálaithe roimh dheireadh a téarma. Féadtar an ionstraim fálaithe sa ghaolmhaireacht fálaithe sin a ainmniú mar an ionstraim fálaithe i ngaolmhaireacht fálaithe eile (mar shampla, nuair a choigeartaítear an choibhéis fálaithe tráth an athchothromúcháin trí bhíthin méid na hionstraime fálaithe a mhéadú nó nuair a ainmnítear an ghaolmhaireacht fálaithe nua ina hiomláine).

    Cuntas a choinneáil ar amluach roghanna

    B6.5.29

    Féadtar rogha a mheas mar ní a bhaineann le tréimhse ama toisc go léirítear lena hamluach muirear as cosaint a sholáthar do shealbhóir na rogha le linn tréimhse ama. Is iad saintréithe na míre fálaithe sin an ghné ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a fhálaíonn nó nach bhfálaíonn rogha idirbheart nó mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama, lena n-áirítear conas agus cathain a dhéanann sé difear do bhrabús nó do chaillteanas, áfach. Dá réir sin, déanfaidh eintiteas measúnú ar chineál na míre fálaithe (féach mí 6.5.15(a)) ar bhonn nádúr na míre fálaithe (gan beann ar fálú sreabhaidh airgid nó fálú luacha chóir í an ghaolmhaireacht fálaithe):

    (a)

    baineann amluach rogha le mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart más idirbheart é nádúr na míre fálaithe dá mbíonn saintréith chostais an idirbhirt sin ag an amluach. Sampla de sin is ea cás ina mbaineann amluach rogha le mír fhálaithe as a n-eascraíonn aithint míre a n-áirítear ina tomhas tosaigh costais idirbheart (mar shampla, fálaíonn eintiteas ceannachán tráchtearra, cibé ar idirbheart réamhaisnéise nó ceangaltas daingean é, in aghaidh an phraghasriosca tráchtearraí agus áirítear ann na costais idirbheart i dtomhas tosaigh an fhardail). Mar iarmhairt ar áireamh amluach na rogha i dtomhas tosaigh na míre fálaithe áirithe, déanann an t-amluach difear do bhrabús nó do chaillteanas an tráth céanna a dhéanann an mhír fhálaithe sin difear. Ar an gcuma chéanna, maidir le heintiteas a fhálaíonn díolachán tráchtearra, cibé ar idirbheart réamhaisnéise nó ceangaltas daingean é, d’áireodh sé ann amluach na rogha mar chuid den chostas a bhaineann leis an díolachán sin (dá réir sin, d’aithneofaí an t-amluach i mbrabús nó i gcaillteanas sa tréimhse chéanna a d’aithneofaí ioncam an díolacháin fhálaithe).

    (b)

    baineann amluach rogha le mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama má fhágtar go mbíonn saintréith costais ag amluach agus é sin mar nádúr na míre fálaithe chun cosaint a fháil ar riosca ar feadh tréimhse áirithe ama (ach ní eascraíonn as an mír fhálaithe idirbheart lena mbaineann nóisean an chostais idirbhirt i gcomhréir le (a)). Mar shampla, má fhálaítear fardal tráchtearra in aghaidh laghdú ar luach cóir ar feadh 6 mhí ag úsáid rogha tráchtearra ag a bhfuil saolré chomhsheasmhach, déanfar amluach na rogha a leithdháileadh ar bhrabús nó ar chaillteanas (i.e. amúchta ar bhonn córasach loighciúil) le linn na tréimhse sin de 6 mhí. Sampla eile is ea fálú de ghlan-infheistíocht in oibríocht eachtrach a ndéantar í a fhálú go ceann 18 mí ag úsáid rogha airgeadra eachtraigh, rud a mbeadh leithdháileadh amluach na rogha thar an tréimhse sin de 18 mí mar thoradh air.

    B6.5.30

    Saintréithe na míre fálaithe, lena n-áirítear cén chaoi agus cathain a dhéanann an mhír fhálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanais, déanann siad difear freisin don tréimhse a dhéantar amluach rogha a amúchadh lena linn, ar rogha í lena ndéantar mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama a fhálú lena linn, agus ar tréimhse í atá comhsheasmhach leis an tréimhse a bhféadfadh luach intreach na rogha difear a dhéanamh do bhrabús nó do chaillteanas lena linn i gcomhréir le cuntasaíocht fálaithe. Mar shampla, má úsáidtear rogha ráta úis (caidhp) chun cosaint a sholáthar ar mhéaduithe ar an gcaiteachas úis a ghabhann le banna ráta chomhlúthaigh, déantar amluach na caidhpe sin a amúchadh ina bhrabús nó ina chaillteanas thar an tréimhse chéanna a ndéanfadh aon luach intreach a bheadh ag an gcaidhp difear do bhrabús nó caillteanas lena linn:

    (a)

    má fhálaíonn an chaidhp méaduithe ar rátaí úis le haghaidh na gcéad 3 bliana as 5 bliana arb ionann iad siúd agus saolré iomlán an bhanna ráta comhlúthaigh, déantar amluach na caidhpe sin a amúchadh le linn na gcéad 3 bliana; nó

    (b)

    más ionann an chaidhp agus rogha réamhthosaithe a fhálaíonn méaduithe ar rátaí úis le haghaidh bliain a dó agus bliain a trí as saolré iomlán an bhanna ráta comhlúthaigh arb ionann é agus 5 bliana, déantar amluach na caidhpe sin a amúchadh le linn bhliain a dó agus bhliain a trí.

    B6.5.31

    Maidir le cuntas a choinneáil i dtaca le hamluach roghanna i gcomhréir le mír 6.5.15 tá feidhm aige sin freisin maidir le teaglaim de rogha cheannaithe agus rogha scríofa (ar chéadrogha ar dhíol é ceann amháin díobh agus ar chéadrogha ar cheannach í an ceann eile) a bhfuil amluach glan nialais aici tráth a ainmnítear í ina hionstraim fálaithe (dá dtagraítear de ghnáth mar ‘coiléar saor ó chostas’). Sa chás sin, aithneoidh eintiteas aon athruithe san amluach in ioncam cuimsitheach eile, cé go bhfuil an t-athrú carnach san amluach le linn thréimhse iomlán na gaolmhaireachta fálaithe cothrom le nialas. Dá bhrí sin, má bhaineann amluach na rogha leis an méid seo a leanas:

    (a)

    mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart, bheadh méid an amluacha ag deireadh na gaolmhaireachta fálaithe a ndéantar an mhír fhálaithe a choigeartú leis nó a athaicmítear ina bhrabús nó ina chaillteanas (féach mír 6.5.15(b)) cothrom le nialas.

    (b)

    mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama, bheadh an caiteachas amúchta a bhaineann leis an amluach cothrom le nialas.

    B6.5.32

    Maidir le cuntas a choinneáil ar amluach roghanna i gcomhréir le mír 6.5.15 níl feidhm aige sin ach amháin a mhéid a bhaineann an t-amluach leis an mír fhálaithe (amluach ailínithe). Baineann amluach rogha leis an mír fhálaithe má tá téarmaí criticiúla na rogha (amhail an méid ainmniúil, an tsaolré agus an tsócmhainn fholuiteach) ailínithe leis an mír fhálaithe. Dá bhrí sin, mura bhfuil téarmaí criticiúla na rogha agus na míre fálaithe ailínithe ina n-iomláine, cinnfidh eintiteas an t-amluach ailínithe, i.e. an méid den amluach atá san áireamh sa phréimh (amluach iarbhír) a bhaineann leis an mír fhálaithe (agus ar cheart plé leis, dá bhrí sin, i gcomhréir le mír 6.5.15). Is trí úsáid a bhaint as luacháil na rogha a chinneann eintiteas an t-amluach ailínithe, ar rogha í a mbeadh téarmaí criticiúla ag gabháil léi a bheadh go hiomlán cosúil leis an mír fhálaithe.

    B6.5.33

    Mura mbeidh an t-amluach iarbhír agus an t-amluach ailínithe díreach mar a chéile, cinnfidh eintiteas an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh i gcomhréir le mír 6.5.15 mar a leanas:

    (a)

    más rud é, tráth a chuirtear tús leis an ngaolmhaireacht fálaithe, go bhfuil an t-amluach iarbhír níos airde ná an t-amluach ailínithe, déanfaidh an t-eintiteas mar seo a leanas:

    (i)

    cinnfidh sé an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh ar bhonn an amluacha ailínithe; agus

    (ii)

    coinneoidh sé cuntas ar na difríochtaí sna hathruithe luacha chóir a tharlaíonn idir an dá amluach i mbrabús nó i gcaillteanas.

    (b)

    más rud é, tráth a chuirtear tús leis an ngaolmhaireacht fálaithe, go bhfuil an t-amluach iarbhír níos ísle ná an t-amluach ailínithe, cinnfidh an t-eintiteas an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh trí thagairt a dhéanamh don cheann is ísle de na hathruithe luacha chóir carnacha a leanas:

    (i)

    san amluach iarbhír; agus

    (ii)

    san amluach ailínithe.

    Aon fhuílleach den athrú ar luach cóir an amluacha iarbhír, aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas é.

    Cuntas a choinneáil le haghaidh gné réamhcheaptha réamhchonarthaí agus raonta difríochta ar bhonn airgeadra eachtraigh ionstraimí airgeadais

    B6.5.34

    Féadtar réamhchonradh a mheas mar ní a bhaineann le tréimhse ama toisc go léirítear muirir le haghaidh tréimhse ama lena ghné réamhcheaptha (arb í an tréimhse ama sin an aibíocht a ndéantar cinneadh ina leith). Na gnéithe ábhartha chun críche measúnú a dhéanamh, áfach, ar cibé an bhfálaíonn ionstraim fálaithe idirbheart nó mír fhálaithe a mbaineann tréimhse ama léi, is iad saintréithe na míre fálaithe sin, lena n-áirítear cén chaoi agus cathain a dhéanann sí difear do bhrabús nó do chaillteanas. Dá réir sin, déanfaidh eintiteas measúnú ar chineál na míre fálaithe (féach míreanna 6.5.16 agus 6.5.15(a)) ar bhonn chineál na míre fálaithe (gan beann ar cibé an fálú sreabhaidh airgid nó fálú luacha chóir í an ghaolmhaireacht fálaithe):

    (a)

    baineann gné réamhcheaptha conartha réamhcheaptha le mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart más é cineál na míre fálaithe idirbheart a bhfuil an ghné réamhcheaptha faoina choinne cosúil le costais an idirbhirt sin. Sampla de sin is ea cás ina mbaineann an ghné réamhcheaptha le mír fhálaithe as a n-eascraíonn aithint míre a n-áirítear costais idirbhirt ina tomhas tosaigh (mar shampla, fálaíonn eintiteas ceannachán fardail atá ainmnithe in airgeadra eachtrach, cibé ar idirbheart réamhaisnéise nó ceangaltas daingean é, in aghaidh riosca airgeadra eachtrach agus áirítear ann na costais idirbhirt i dtomhas tosaigh an fhardail). Mar iarmhairt ar an ngné réamhcheaptha a áireamh i dtomhas tosaigh na míre fálaithe áirithe, déanann an ghné réamhcheaptha difear do bhrabús nó do chaillteanas an tráth céanna a dhéanann an mhír fhálaithe sin difear. Ar an gcuma chéanna, maidir le heintiteas a fhálaíonn díolachán tráchtearra a ainmnítear in airgeadra eachtrach in aghaidh riosca airgeadra eachtraigh, cibé ar idirbheart réamhaisnéise nó ceangaltas daingean é, d’áireodh sé an ghné réamhcheaptha ann mar chuid den chostas a bhaineann leis an díolachán sin (dá réir sin, d’aithneofaí an ghné réamhcheaptha i mbrabús nó i gcaillteanas sa tréimhse chéanna a d’aithneofaí an t-ioncam ón díolachán fálaithe).

    (b)

    baineann gné réamhcheaptha réamhchonartha le mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama má fhágann cineál na míre fálaithe go bhfuil an ghné réamhcheaptha cosúil, ó thaobh gné de, leis an gcostas a bhainfeadh le cosaint a fháil ar riosca thar thréimhse ama áirithe mar gheall ar chineál na míre fálaithe (ach nach ann d’idirbheart a mbaineann coincheap costais idirbhirt leis i gcomhréir le (a) de thoradh na míre fálaithe). Mar shampla, dá mba rud é gur fálaíodh fardal tráchtearra in aghaidh athruithe ar luach cóir ar feadh 6 mhí ag úsáid réamhchonartha tráchtearra a raibh saolré chomhfhreagrach aige, dhéanfaí gné réamhcheaptha an réamhchonartha a leithdháileadh ar bhrabús nó ar chaillteanas (i.e. dhéanfaí é a amúchadh ar bhonn córasach agus réasúnach) thar an tréimhse 6 mhí sin. Sampla eile is ea fálú glan-infheistíochta in oibríocht eachtrach a fhálaítear le haghaidh 18 mí ag úsáid réamhchonartha airgeadra eachtraigh, rud a mbeadh leithdháileadh gné réamhcheaptha an réamhchonartha thar an tréimhse 18 mí sin mar thoradh air.

    B6.5.35

    Déanann saintréithe na míre fálaithe difear freisin, lena n-áirítear cén chaoi agus cathain a dhéanann an mhír fhálaithe difear do bhrabús nó caillteanas, don tréimhse a ndéantar gné réamhcheaptha réamhchonartha a amúchadh lena linn, ar gné réamhcheaptha í lena ndéantar mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama a fhálú, is é sin thar an tréimhse a mbaineann an ghné réamhcheaptha léi. Mar shampla, má fhálaíonn conradh réamhcheaptha an nochtadh d’athraitheacht a ghabhann le rátaí úis 3 mhí le haghaidh tréimhse de 3 mhí a thosaíonn i gceann 6 mhí, déantar an ghné réamhcheaptha a amúchadh le linn na tréimhse a gcumhdaítear mí a seacht go dtí mí a naoi inti.

    B6.5.36

    Maidir le cuntas a choinneáil ar an ngné réamhcheaptha de réamhchonradh i gcomhréir le mír 6.5.16, beidh feidhm aige sin freisin más rud é go bhfuil an ghné réamhcheaptha cothrom le nialas ar an dáta ar a ainmnítear an conradh réamhcheaptha ina ionstraim fálaithe. Sa chás sin, aithneoidh eintiteas aon athruithe luacha chóir atá inchurtha leis an ngné réamhcheaptha in ioncam cuimsitheach eile, cé go bhfuil an t-athrú luacha cóir carnach atá inchurtha leis an ngné réamhcheaptha le linn thréimhse iomlán na gaolmhaireachta fálaithe cothrom le nialas. Dá réir sin, má bhaineann an ghné réamhcheaptha de réamhchonradh le:

    (a)

    mír fhálaithe a bhaineann le hidirbheart, bheadh an méid i leith na gné réamhcheaptha ag deireadh na gaolmhaireachta fálaithe cothrom le nialas, ar ghné í lena ndéantar an mhír fhálaithe a choigeartú nó a athaicmiú ina bhrabús nó ina chaillteanas (féach míreanna 6.5.15(b) agus 6.5.16).

    (b)

    mír fhálaithe a bhaineann le tréimhse ama, is é nialas méid an amúchta a bhaineann leis an ngné réamhcheaptha.

    B6.5.37

    cuntas a choinneáil ar ghné réamhcheaptha réamhchonarthaí i gcomhréir le mír 6.5.16, níl feidhm aige sin ach amháin a mhéid a bhaineann an ghné réamhcheaptha leis an mír fhálaithe (gné réamhcheaptha ailínithe). Baineann gné réamhcheaptha réamhchonartha leis an mír fhálaithe má tá téarmaí criticiúla an réamhchonartha (amhail an méid ainmniúil, an saolré agus urrús foluiteach) ailínithe leis an mír fhálaithe. Dá bhrí sin, mura bhfuil téarmaí criticiúla an réamhchonartha agus na míre fálaithe ailínithe ina n-iomláine, cinnfidh eintiteas an ghné réamhcheaptha ailínithe, i.e. an méid den gné réamhcheaptha atá san áireamh sa réamhchonradh (an ghné réamhcheaptha iarbhír) a bhaineann leis an mír fhálaithe (agus ar cheart plé leis, dá bhrí sin, i gcomhréir le mír 6.5.16). Is trí úsáid a bhaint as luacháil an réamhchonartha a chinneann eintiteas an ghné réamhcheaptha ailínithe, ar ghné í a mbeadh téarmaí criticiúla ag gabháil léi a bheadh go hiomlán cosúil leis an mír fhálaithe.

    B6.5.38

    Mura mbeidh an ghné réamhcheaptha iarbhír agus an ghné réamhcheaptha ailínithe díreach mar a chéile, cinnfidh eintiteas an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh i gcomhréir le mír 6.5.16 mar a leanas:

    (a)

    más rud é, tráth a chuirtear tús leis an ngaolmhaireacht fálaithe, go bhfuil méid iarbhír na gné réamhcheaptha iarbhír níos airde ná méid iarbhír na gné réamhcheaptha ailínithe, déanfaidh an t-eintiteas mar seo a leanas:

    (i)

    cinnfidh sé an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh ar bhonn na gné réamhcheaptha ailínithe; agus

    (ii)

    cuirfidh sé san áireamh na difríochtaí sna hathruithe luacha chóir idir an dá ghné réamhcheaptha i mbrabús nó i gcaillteanas.

    (b)

    más rud é, tráth a chuirtear tús leis an ngaolmhaireacht fálaithe, go bhfuil méid iomlán na gné réamhcheaptha iarbhír níos ísle ná méid iomlán na gné réamhcheaptha ailínithe, cinnfidh an t-eintiteas an méid a charnfar i gcomhpháirt cothromais ar leithligh trí thagairt a dhéanamh don athrú luacha chóir is ísle de:

    (i)

    méid iomlán na gné réamhcheaptha iarbhír; agus

    (ii)

    méid iomlán na gné réamhcheaptha ailínithe.

    Aon fhuílleach den athrú ar luach cóir na gné réamhcheaptha iarbhír, aithneofar i mbrabús nó i gcaillteanas é.

    B6.5.39

    Nuair a scarann eintiteas raon difríochta an bhoinn airgeadra eachtraigh ó ionstraim airgeadais agus nuair a eisíonn sé ó ainmniú na hionstraime airgeadais sin é ina ionstraim fálaithe (féach mír 6.2.4(b)), beidh feidhm ag an treoraíocht um chur i bhfeidhm i míreanna B6.5.34- B6.5.38 maidir le raon difríochta an bhoinn airgeadra eachtraigh ar an mbealach céanna lena gcuirtear i bhfeidhm é maidir le gné réamhcheaptha réamhchonartha.

    Grúpa míreanna a fhálú (Roinn 6.6)

    Suíomh glan a fhálú

    Incháilitheacht i ndáil le cuntasaíocht fálaithe agus ainmniú suímh ghlan

    B6.6.1

    Ní bhíonn suíomh glan incháilithe do chuntasaíocht fálaithe ach amháin i gcás go bhfálaíonn eintiteas ar ghlanbhonn chun críocha bainistíochta riosca. Is ábhar fíorais é má dhéanann eintiteas fálú ar an mbealach sin (tá níos mó ná ábhar dearbhaithe nó doiciméadacht i gceist). Dá réir sin, ní féidir le heintiteas cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm ar ghlanbhonn díreach chun toradh ar leith cuntasaíochta a bhaint amach mura mbeadh a chur chuige i leith bainistíocht riosca i gceist leis an gcur i bhfeidhm sin. Ní mór fálú suímh ghlan a bheith mar chuid de straitéis bhunaithe i leith bainistíocht riosca. Is iad príomhphearsanra na bainistíochta a dhéanfadh sin a fhormheas go hiondúil, mar a shainmhínítear in IAS 24.

    B6.6.2

    Mar shampla, maidir le hEintiteas A, arb é a airgeadra áitiúil an t-airgeadra feidhmiúil atá aige, thug sé ceangaltas daingean FC150000 a íoc as caiteachas fógraíochta i gceann 9 mí agus ceangaltas daingean earraí críochnaithe a dhíol ar FC150000 i gceann 15 mhí. Téann Eintiteas A isteach i ndíorthach airgeadra eachtraigh faoina bhfaigheann sé FC100 agus faoina íocann sé CU70 agus déantar an socrú i gceann 9 mí. Níl aon neamhchosaintí eile ag Eintiteas A maidir le FC. Ní dhéanann Eintiteas A bainistíocht ar ghlanbhonn ar riosca airgeadra eachtraigh. Dá réir sin, ní féidir le hEintiteas A cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh gaolmhaireacht fálaithe idir an díorthach airgeadra eachtraigh agus suíomh glan de FC100 (de chomhdhéanamh FC150000 den ghealltanas daingean ceannacháin—i.e. seirbhísí fógraíochta—agus FC149900 (den FC150000) den ghealltanas daingean díolacháin) le haghaidh tréimhse 9 mí.

    B6.6.3

    Dá mba rud é go ndearna Eintiteas A riosca airgeadra eachtraigh a bhainistiú ar ghlanbhonn agus nach ndeachaigh sé isteach sa díorthach airgeadra eachtraigh (toisc go méadófaí, seachas go laghdófaí, a nochtadh do riosca airgeadra eachtraigh dá bharr sin), bheadh an t-eintiteas i staid fhálaithe nádúrtha ar feadh 9 mí. Go hiondúil, ní bheadh an staid fhálaithe sin léirithe sna tuarascálacha airgeadais toisc go n-aithneofaí na hidirbhearta i dtréimhsí éagsúla tuairiscithe sa todhchaí. Ní bheadh an suíomh glan de nialas incháilithe do chuntasaíocht fálaithe ach amháin i gcás go gcomhlíonfaí na coinníollacha i mír 6.6.6.

    B6.6.4

    Nuair a ainmnítear grúpa míreanna ina mír fhálaithe arb ionann an grúpa sin agus suíomh glan, ainmneoidh eintiteas grúpa foriomlán na míreanna a n-áireofar ann na míreanna arbh fhéidir leo an suíomh ghlan a chomhdhéanamh. Ní cheadaítear d’eintiteas méid coimrithe neamhshonrach de shuíomh glan a ainmniú. Mar shampla, tá grúpa de ghealltanais daingne díolacháin ag eintiteas a bhaineann le tréimhse 9 mí agus FC100 agus grúpa de ghealltanais daingne cheannacháin a bhaineann le tréimhse 18 mí agus FC120. Ní féidir leis an eintiteas méid coimrithe de shuíomh glan suas le FC20 a ainmniú. Mar mhalairt air sin, ní mór dó ollmhéid de cheannacháin agus ollmhéid de dhíolacháin a ainmniú arb é an suíomh glan fálaithe an toradh ar iad a chur le chéile. Ainmneoidh eintiteas na suíomhanna comhlána as a n-eascraíonn an suíomh glan ionas go mbeidh an t-eintiteas in ann na ceanglais a chomhlíonadh a bhaineann le cuntas a choinneáil ar ghaolmhaireachtaí fálaithe cáilitheacha.

    Na ceanglais éifeachtachta fálaithe a chur i bhfeidhm maidir le suíomh glan a fhálú

    B6.6.5

    Nuair a chinneann eintiteas cibé an gcomhlíontar na ceanglais i mír 6.4.1.(c) i ndáil le héifeachtacht fálaithe nuair a fhálaíonn sé suíomh glan, measfaidh sé na hathruithe i luach na míreanna sa suíomh glan a bhfuil éifeacht acu atá comhchosúil leis an éifeacht atá ag an ionstraim fálaithe in éineacht leis an athrú luacha chóir ar an ionstraim fálaithe. Mar shampla, tá grúpa de ghealltanais daingne díolacháin ag eintiteas a bhaineann le tréimhse 9 mí agus FC100 agus grúpa de ghealltanais daingne cheannacháin a bhaineann le tréimhse 18 mí agus FC120. Fálaíonn sé riosca airgeadra eachtraigh shuíomh glan FC20 ag úsáid réamhchonartha malartaithe eachtraí le haghaidh FC20. Nuair a chinneann sé cibé an gcomhlíontar na ceanglais i mír 6.4.1(c) i ndáil le héifeachtacht fálaithe, measfaidh an t-eintiteas an ghaolmhaireacht idir (a) agus (b) a leanas:

    (a)

    an t-athrú luacha chóir ar an réamhchonradh malartaithe eachtraí mar aon leis na hathruithe a bhaineann leis an riosca airgeadra eachtraigh a rinneadh ar luach na ngealltanas daingean díolacháin; agus

    (b)

    na hathruithe a bhaineann leis an riosca airgeadra eachtraigh agus a rinneadh ar luach na ngealltanas daingean ceannachán.

    B6.6.6

    Mar an gcéanna, dá mba rud é go raibh suíomh glan de nialas ag an eintiteas sa sampla i mír B6.6.5, nuair a chinnfeadh sé cibé ar comhlíonadh na ceanglais i mír 6.4.1(c) i ndáil le héifeachtacht fálaithe, mheasfadh sé an ghaolmhaireacht idir na hathruithe a bhainfeadh leis an riosca airgeadra eachtraigh a rinneadh ar luach na ngealltanas daingean díolacháin agus na hathruithe a bhainfeadh leis an riosca airgeadra eachtraigh a rinneadh ar luach na ngealltanas daingean ceannacháin.

    Fáluithe ar an sreabhadh airgid arb ionann iad agus suíomh glan

    B6.6.7

    Nuair a fhálaíonn eintiteas grúpa de mhíreanna le suíomhanna riosca fritháirimh (i.e. suíomh glan), braitheann an incháilitheacht maidir le cuntasaíocht fálaithe ar chineál an fhálaithe. Más fálú luacha chóir é an fálú, d’fhéadfadh an suíomh glan a bheith incháilithe ina mhír fhálaithe. Más fálú sreabhaidh airgid é an fálú, áfach, ní féidir leis an suíomh glan a bheith incháilithe ina mhír fhálaithe ach amháin más fálú de riosca airgeadra eachtraigh é agus má shonraítear le hainmniú an tsuímh ghlain sin an tréimhse tuairiscithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh na hidirbhearta réamhaisnéise difear do bhrabús agus caillteanas lena linn agus má shonraítear cineál agus méid na n-idirbheart san ainmniú freisin.

    B6.6.8

    Mar shampla, tá suíomh glan ag eintiteas ar de chomhdhéanamh sraithe íochtaraí de FC100 de na díolacháin agus sraithe íochtaraí de FC150 de na ceannacháin é. Ainmnítear díolacháin agus ceannacháin araon san airgeadra eachtrach céanna. Chun go sonraítear ainmniú an tsuímh ghlain fhálaithe go leordhóthanach sonraíonn an t-eintiteas i ndoiciméadacht bhunaidh na gaolmhaireachta fálaithe gur féidir díolacháin a bheith i gceist le Táirge A nó le Táirge B agus gur féidir Innealra Chineál A, Innealra Chineál B agus Amhábhar A a bheith i gceist le ceannacháin. Sonraíonn an t-eintiteas méideanna na n-idirbheart de réir an chineáil freisin. Déanann an t-eintiteas taifeadadh i ndoiciméad gur de chomhdhéanamh méid réamh-mheastacháin dhíolacháin chéad FC70 de Tháirge A agus chéad FC30 de Tháirge B í sraith íochtarach na ndíolachán (FC 100). Má tá coinne leis go ndéanfadh na méideanna sin díolachán difear do bhrabús nó do chaillteanas i dtréimhsí éagsúla tuairiscithe, chuirfeadh an t-eintiteas é sin san áireamh sa doiciméadacht, mar shampla an chéad FC70 ó dhíolacháin Tháirge A a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh sé difear do bhrabús nó do chaillteanas sa chéad tréimhse tuairiscithe agus an chéad FC30 ó dhíolacháin Tháirge B a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh sé difear do bhrabús nó do chaillteanas sa dara tréimhse tuairiscithe. Déanann an t-eintiteas taifeadadh i ndoiciméad freisin gur de chomhdhéanamh cheannachán chéad FC60 Innealra Chineál A, chéad FC40 Innealra Chineál B agus chéad FC50 Amhábhar A í sraith íochtarach na gceannachán (FC150). Dá mbeadh coinne leis go ndéanfadh na méideanna sin ceannachán difear do bhrabús nó do chaillteanas i dtréimhsí éagsúla tuairiscithe, chuirfeadh an t-eintiteas san áireamh sa doiciméadacht dí-chomhiomlánú na méideanna ceannachán de réir na dtréimhsí tuairiscithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear do bhrabús nó do chaillteanas lena linn (díreach mar a dhéanann sé taifeadadh ar mhéideanna na ndíolachán). Mar shampla, shonrófaí an t-idirbheart réamhaisnéise mar:

    (a)

    an chéad FC60 de cheannacháin d’Innealra Chineál A a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear do bhrabús nó do chaillteanas ón tríú tréimhse tuairiscithe thar na chéad 10 dtréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin;

    (b)

    an chéad FC40 de cheannacháin d’Innealra Chineál B a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear do bhrabús nó do chaillteanas ón gceathrú tréimhse tuairiscithe thar na chéad 20 tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin; agus

    (c)

    an chéad FC50 de cheannacháin d’Amhábhar A a bhfuil coinne leis go bhfaighfear iad sa tríú tréimhse tuairiscithe agus go ndíolfar iad, i.e. go ndéanfaidh siad difear do bhrabús agus do chaillteanas, sa tréimhse tuairiscithe sin agus sa chéad tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin.

    D’áireofaí i sonraíocht ar chineál na méideanna idirbheart réamhaisnéise gnéithe amhail an pátrún dímheasa i gcás míreanna réadmhaoine, gléasra agus trealaimh den chineál céanna, más den chineál sin na míreanna sin, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh éagsúlacht a bheith sa phátrún dímheasa, ag brath ar an gcaoi a n-úsáideann an t-eintiteas na míreanna sin. Mar shampla, má úsáideann an t-eintiteas míreanna d’Innealra Chineál A in dhá chineál phróiseas táirgthe a mbíonn dímheas de réir méid chothroim thar 10 dtréimhse tuairiscithe agus modh na n-aonad táirgthe faoi seach mar thoradh air sin, i ndoiciméadacht an eintitis maidir le méid an cheannacháin réamhaisnéise le haghaidh Innealra Chineál A, dhéanfaí an méid sin a dhí-chomhlánú de réir cé acu ceann de na pátrúin dímheasa sin a mbeidh feidhm acu.

    B6.6.9

    Maidir le fálú sreabhaidh airgid i dtaca le suíomh glan, áireofar sna méideanna a chinntear i gcomhréir le mír 6.5.11 na hathruithe i luach na míreanna sa suíomh glan a bhfuil éifeacht acu atá comhchosúil leis an éifeacht atá ag an ionstraim fálaithe in éineacht leis an athrú luacha chóir ar an ionstraim fálaithe. Maidir leis na hathruithe ar luach na míreanna sa suíomh glan a bhfuil éifeacht acu atá comhchosúil leis an éifeacht atá ag an ionstraim fálaithe, áfach, ní aithnítear iad go dtí go n-aithnítear na hidirbhearta a mbaineann siad leo, amhail nuair a aithnítear díolachán réamhaisnéise mar ioncam. Mar shampla, tá grúpa de dhíolacháin réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo ag eintiteas agus baineann tréimhse 9 mí agus FC100 leo agus grúpa de cheannacháin faisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo agus bhaineann tréimhse 18 mí agus FC120 leo. Fálaíonn sé riosca airgeadra eachtraigh shuíomh glan FC20 ag úsáid réamhchonartha malartaithe eachtraí le haghaidh FC20. Nuair a chinneann eintiteas na méideanna a aithneofar i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid i gcomhréir le mír 6.5.11(a)–6.5.11(b), déanfaidh sé mar seo a leanas:

    (a)

    an t-athrú luacha chóir ar an réamhchonradh malartaithe eachtraí mar aon leis na hathruithe a bhaineann leis an riosca airgeadra eachtraigh agus a rinneadh ar luach na ndíolachán réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo; Agus

    (b)

    na hathruithe a bhaineann leis an riosca airgeadra eachtraigh agus a rinneadh ar luach na gceannachán réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo.

    Ní aithníonn an t-eintiteas ach méideanna a bhaineann leis an réamhchonradh malairte eachtraí, áfach, go dtí go n-aithnítear sna ráitis airgeadais na hidirbhearta díolachán réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo, arb é sin an tráth a aithnítear na gnóthachain nó na caillteanais maidir leis na hidirbhearta faisnéise sin (i.e. an t-athrú ar an luach atá inchurtha leis an athrú ar an ráta malairte eachtraí idir ainmniú na gaolmhaireachta fálaithe agus aithint an ioncaim).

    B6.6.10

    Mar an gcéanna, dá mba rud é go raibh suíomh glan de nialas ag an eintiteas sa sampla, dhéanfadh sé comparáid idir na hathruithe a bhainfeadh leis an riosca airgeadra eachtraigh a rinneadh ar luach na ndíolachán réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo agus na hathruithe a bhainfeadh leis an riosca airgeadra eachtraigh a rinneadh ar luach na gceannachán réamhaisnéise a ngabhann dóchúlacht ard leo. Ní aithnítear na méideanna sin, áfach, go dtí go n-aithnítear na hidirbhearta réamhaisnéise gaolmhara sna ráitis airgeadais.

    Sraitheanna na ngrúpaí míreanna a ainmnítear ina mír fhálaithe

    B6.6.11

    Ar na cúiseanna céanna mar a luaitear i mír B6.3.19, maidir le comhpháirteanna sraithe de ghrúpaí de mhíreanna atá ann cheana a ainmniú, ceanglaítear go sainaithneofar go sonrach méid ainmniúil an ghrúpa míreanna arb as a sainmhínítear an chomhpháirt sraithe fhálaithe.

    B6.6.12

    D’fhéadfadh sraitheanna as roinnt grúpaí éagsúla de mhíreanna a bheith i gceist le gaolmhaireacht fálaithe. Mar shampla, maidir le fálú de shuíomh glan grúpa sócmhainní agus grúpa dliteanas, féadann an ghaolmhaireacht fálaithe a bheith de chomhdhéanamh comhpháirte sraithe den ghrúpa sócmhainní agus comhpháirte sraithe den ghrúpa dliteanas le chéile.

    Gnóthachain nó caillteanais ionstraimí fálaithe a chur i láthair

    B6.6.13

    Má fhálaítear míreanna le chéile mar ghrúpa i bhfálú sreabhaidh airgid, d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do mhíreanna líne éagsúla sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile. Braitheann cur i láthair gnóthachan fálaithe nó caillteanais fhálaithe sa ráiteas sin ar an ngrúpa míreanna.

    B6.6.14

    Mura mbeidh aon suíomhanna riosca fritháirimh ag an ngrúpa míreanna, (mar shampla grúpa de chaiteachais airgeadra eachtraigh a dhéanann difear do mhíreanna líne éagsúla sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile atá fálaithe le haghaidh riosca malairte eachtraí), déanfar na gnóthachain athainmnithe ionstraime fálaithe a chionroinnt ar na míreanna líne a ndéanann na míreanna fálaithe difear dóibh. Déanfar an chionroinnt sin ar bhonn sistéamach agus réasúnach agus ní bheidh aon oll-ardú, dá thoradh sin, ar na gnóthachain ghlana nó ar na caillteanais ghlana a eascraíonn as ionstraim fálaithe aonair.

    B6.6.15

    Mura mbeidh suíomhanna riosca fritháirimh ag an ngrúpa (mar shampla, grúpa díolachán agus caiteachais a ainmnítear in airgeadra eachtrach atá fálaithe le chéile le haghaidh riosca malairte eachtraí) cuirfidh eintiteas na gnóthachain nó na caillteanais fhálaithe i láthair i mír líne ar leithligh sa ráiteas ar bhrabús nó ar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile. Déan fálú an riosca malairte eachtraí de shuíomh glan díolachán airgeadra eachtraigh de FC100 agus caiteachais airgeadra eachtraigh de FC80 a mheas, mar shampla, ag úsáid réamhchonradh malartaithe eachtraí le haghaidh FC20. Cuirfear i láthair i mír líne atá ar leithligh ó na díolacháin agus na caiteachais fhálaithe an gnóthachan nó an caillteanas ar an réamhchonradh malartaithe eachtraí a athaicmíodh ón gcúlchiste fálaithe sreabhaidh airgid ina brabús nó caillteanas (nuair a dhéanann an suíomh glan difear do bhrabús nó do chaillteanas). Thairis sin, má tharlaíonn na díolacháin i dtréimhse níos luaithe ná an tréimhse inar tharla an caiteachas, déantar an t-ioncam ó na díolacháin a thomhas fós ag an spotráta malairte i gcomhréir le IAS 21. Cuirtear an gnóthachan fálaithe nó an caillteanas fálaithe i láthair i mír líne ar leithligh, ionas go léireofar sa bhrabús nó sa chaillteanas an éifeacht a ghabhann le fálú an tsuímh ghlain, trí choigeartú comhfhreagrach a dhéanamh ar chúlchiste an fhálaithe sreabhaidh airgid. Nuair a dhéanann an caiteachas fálaithe difear do bhrabús nó do chaillteanas i dtréimhse níos déanaí, athaicmítear ina bhrabús agus caillteanas an gnóthachan nó an caillteanas fálaithe a aithníodh roimhe sin i gcúlchiste fálaithe an tsreafa airgid ar na díolacháin agus cuirtear i láthair iad mar mhír líne atá ar leithligh ó na míreanna líne lena n-áirítear an caiteachas fálaithe, arna dtomhas ag an spotráta malairte i gcomhréir le IAS 21.

    B6.6.16

    I gcás cineálacha áirithe fáluithe cóirluacha, ní hé príomhchuspóir an fhálaithe an t-athrú ar luach cóir na míre fálaithe a fhritháireamh ach ina ionad sin sreafaí airgid na míre fálaithe a athrú. Mar shampla, déanann eintiteas riosca ráta úis luach cóir ionstraime fiachais ar ráta seasta a fhálú ag baint úsáide as babhtáil ráta úis. Is é cuspóir fhálú an eintitis ná sreafaí airgid úis chomhlúthaigh a dhéanamh de na sreafaí airgid úis sheasta. Léirítear an cuspóir sin sa chuntasaíocht don ghaolmhaireacht fálaithe tríd an bhfabhrú glan úis ar an mbabhtáil ráta úis i mbrabús nó caillteanas a fhabhrú. I gcás suíomh glan a fhálú (mar shampla, suíomh glan sócmhainne ar ráta seasta agus dliteanais ar ráta seasta), ní mór an glanfhabhrúchán úis sin a chur i láthair mar mhír líne ar leithligh sa ráiteas brabúis nó caillteanais agus in ioncam cuimsitheach eile. Déantar é sin chun oll-ardú ar ghlanghnóthachain nó ar ghlanchaillteanais aon ionstraime chun ollmhéideanna a fhritháireamh agus iad a aithint i míreanna líne ar leithligh (mar shampla, seachnaítear leis seo glanfháltas úis ar bhabhtáil ráta úis aonair a oll-ardú ina ollioncam úis agus ina ollchaiteachas úis).

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS AISTRIÚ (CAIBIDIL 7)

    Aistriú (Roinn 7.2.)

    Sócmhainní airgeadais arna sealbhú le haghaidh trádála

    B7.2.1

    Ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin seo, ní mór d’eintiteas a chinneadh an gcomhlíontar le cuspóir shamhail ghnó an eintitis chun aon cheann dá shócmhainní airgeadais a bhainistiú an coinníoll i mír 4.1.2(a) nó an coinníoll i mír 4.1.2A(a) nó an bhfuil sócmhainn airgeadais incháilithe don toghchán i mír 5.7.5. Chuige sin, cinnfidh eintiteas cibé an gcomhlíonann sócmhainní airgeadais an sainmhíniú ar ‘shócmhainní arna sealbhú le haghaidh trádála’ amhail is dá mba rud é gur cheannaigh an t-eintiteas na sócmhainní ar dháta an iarratais tosaigh.

    Lagú

    B7.2.2

    Agus é ag aistriú chuig an gcaighdeán, ba cheart d’eintiteas féachaint leis an riosca creidmheasa tráth an aitheantais tosaigh a chomhfhogasú tríd an bhfaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá ar fáil gan chostas míchuí ná iarracht mhíchuí a chur san áireamh. Ní cheanglaítear ar eintiteas cuardach uileghabhálach a dhéanamh ar fhaisnéis nuair a chinntear cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh riosca creidmheasa go suntasach ón tráth a tugadh aitheantas tosaigh don ionstraim airgeadais. Más rud é nach bhfuil eintiteas in ann an cinneadh sin a dhéanamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí beidh feidhm ag mír 7.2.20.

    B7.2.3

    D’fhonn an liúntas caillteanais ar ionstraimí airgeadais a aithnítear i dtosach (nó ar ghealltanas iasachta agus conarthaí ráthaíochta airgeadais ar tháinig an t-eintiteas chun bheith ina pháirtí sa chonradh maidir leo) a chinneadh roimh dháta an iarratais tosaigh, ar an aistriú chuig an gcaighdeán agus go dtí go ndéantar na míreanna sin a dhí-aithint, breithneoidh an t-eintiteas faisnéis atá ábhartha chun an riosca creidmheasa a chinneadh nó a chomhfhogasú tráth an aitheantais tosaigh. D’fhonn an riosca creidmheasa tosaigh a chinneadh nó a chomhfhogasú, féadfaidh eintiteas faisnéis inmheánach agus sheachtrach a mheas, lena n-áirítear faisnéis faoi phunann, i gcomhréir le míreanna B5.5.1–B5.5.6.

    B7.2.4

    Féadfaidh eintiteas ar bheagán faisnéise stairiúla úsáid a bhaint as faisnéis ó thuarascálacha inmheánacha agus ó staidreamh (ar faisnéis agus staidreamh iad a d’fhéadfadh a bheith ginte agus cinneadh á dhéanamh maidir le táirge nua a sheoladh), as faisnéis faoi tháirgí comhchosúla nó as as taithí phiarghrúpa maidir le hionstraimí airgeadais inchomparáide, más ábhartha.

    SAINMHÍNITHE (AGUISÍN A)

    Díorthaigh

    BA.1

    Is samplaí tipiciúla de dhíorthaigh iad conarthaí todhchaíochtaí, conarthaí réamhcheaptha, conarthaí babhtála agus conarthaí céadrogha. De ghnáth bíonn méid barúlach i ndíorthach, is é sin méid airgeadra, líon scaireanna, roinnt aonad meáchain nó toirte nó aonaid eile a shonraítear sa chonradh. Mar sin féin, ní cheanglaítear le hionstraim dhíorthach ar an sealbhóir ná ar an ngeallaí an méid barúlach a infheistiú nó a fháil dáta tionscanta an chonartha. De rogha air sin, féadfar a cheangal le díorthach go ndéanfar íocaíocht sheasta nó íocaíocht de mhéid a d’fhéadfadh athrú (ach nach bhfuil i gcomhréir le hathrú ar an tsócmhainn fholuiteach) mar thoradh ar theagmhas éigin san am le teacht nach mbaineann le méid barúlach. Mar shampla, féadfaidh sé go gceanglófar i gconradh íocaíocht sheasta CU1000 má thagann méadú 100 bonnphointe ar an ráta LIBOR 6 mhí. Is díorthach é conradh den sórt sin cé nach sonraítear méid barúlach ann.

    BA.2

    Áirítear leis an sainmhíniú ar dhíorthach sa Chaighdeán seo conarthaí a shocraítear ar bhonn leithligh tríd an mír fhorluiteach a sheachadadh (e.g. réamhchonradh chun ionstraim fiachais ar ráta seasta a cheannach). D’fhéadfadh conradh a bheith ag eintiteas chun mír neamhairgeadais a cheannach nó a dhíol ar conradh é ar féidir a shocrú in airgead tirim nó le hionstraim airgeadais eile nó trí ionstraimí airgeadais a mhalartú (e.g. conradh chun tráchtearra a cheannach nó a dhíol ar phraghas seasta ar dháta sa todhchaí). Tagann conarthaí den den sórt sin faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo mura rud é go ndearnadh iad agus go leanann siad de bheith i seilbh an eintitis chun mír neamhairgeadais a sholáthar i gcomhréir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo. Tá feidhm ag an gCaighdeán seo, áfach, maidir le conarthaí den sórt sin maidir leis na ceanglais cheannaigh, díola nó úsáide a bhfuil coinne ag an eintiteas leo má dhéanann an t-eintiteas ainmniú de réir mhír 2.5 (féach míreanna 2.4–2.7).

    BA.3

    Is saintréith de chuid an díorthaigh é go bhfuil glaninfheistíocht tosaigh ann ar lú í ná infheistíocht a cheanglófaí le haghaidh cineálacha eile conarthaí a mbeadh coinne le freagairt den chineál céanna a bheith acu agus a bheadh acu d’athruithe ar thosca an mhargaidh. Comhlíonann conarthaí céadrogha an sainmhíniú sin toisc gur lú an phréimh ná an infheistíocht a bheadh ag teastáil chun an ionstraim airgeadais fholuiteach a bhfuil an céadrogha nasctha léi a fháil. Comhlíonann babhtáil airgeadra lena n-éilítear malartú tosaigh airgeadraí éagsúla de luachanna córa comhionanna an sainmhíniú toisc go bhfuil glaninfheistíocht tosaigh nialasach inti.

    BA.4

    Mar gheall ar ghnáthcheannach nó gnáthdhíolachán is ann do ghealltanas maidir le praghas seasta idir an dáta trádála agus an dáta socraíochta a chomhlíonann an sainmhíniú ar dhíorthach. Mar sin féin, mar gheall ar ré ghearr an ghealltanais ní aithnítear é mar ionstraim airgeadais dhíorthach. Ina ionad sin, foráiltear leis an gCaighdeán seo do chuntasaíocht speisialta do ghnáthchonarthaí dá leithéid (féach míreanna 3.1.2 agus B3.1.3–B3.1.6).

    BA.5

    Tagraíonn an sainmhíniú ar dhíorthach d’athróga neamhairgeadais nach mbaineann go sonrach le páirtí sa chonradh. Ar na athróga sin tá caillteanais de bharr crith talún i réigiún áirithe nó innéacs teochtaí i gcathair áirithe. Áirítear le hathróga neamhairgeadais a bhaineann go sonrach le páirtí sa chonradh tarlú nó neamhtharlú tine a dhéanann díobháil do shócmhainn de chuid an pháirtí sin nó a scriosann sócmhainn de chuid an pháirtí sin. Baineann athrú ar luach cóir sócmhainne neamhairgeadais go sonrach leis an úinéir más rud é go léiríonn an luach cóir athruithe i bpraghsanna margaidh sócmhainní den sórt sin (athróg airgeadais) agus riocht sócmhainne neamhairgeadais sonraí arna sealbhú ag páirtí sa chonradh (athróg neamhairgeadais). Mar shampla, más rud é go nochtann an ráthaíocht sin an ráthóir don riosca maidir le hathruithe ar riocht fisiciúil an chairr, baineann an t-athrú ar an luach iarmharach sin go sonrach le húinéir an chairr.

    Sócmhainní agus dliteanais airgeadais arna sealbhú le haghaidh trádála

    BA.6

    Go ginearálta léiríonn trádáil ceannacháin agus díolacháin a dhéantar go gníomhach agus go minic, agus go ginearálta úsáidtear ionstraimí airgeadais a choinnítear le haghaidh trádála chun brabús a ghiniúint ó luaineachtaí gearrthéarmacha i bpraghas nó i gcorrlach an déileálaí.

    BA.7

    Áirítear ar dhliteanais airgeadais arna sealbhú le trádáil:

    (a)

    dliteanais díorthach nach ndéantar cuntasaíocht orthu mar ionstraimí fálaithe;

    (b)

    oibleagáidí maidir le sócmhainní airgeadais atá faighte ar iasacht ag díoltóir gearr a sheachadadh (i.e. eintiteas a dhíolann sócmhainní airgeadais a fuair sé ar iasacht agus nach bhfuil úinéireacht aige orthu fós);

    (c)

    dliteanais airgeadais a thabhaítear d’fhonn iad a athcheannach go luath (mar shampla ionstraim fiachais luaite a fhéadfaidh an t-eisitheoir a cheannach ar ais sa ghearrthéarma ag brath ar athruithe ar a luach cóir); agus

    (d)

    dliteanais airgeadais ar cuid iad de phunann ionstraimí airgeadais aitheanta a bhainistítear le chéile agus a bhfuil fianaise ann ina leith maidir le patrún iarbhír de ghlacadh brabúis gearrthéarmach.

    BA.8

    Ní leor dliteanas a bheith á úsáid chun gníomhaíochtaí trádála a mhaoiniú, chun teacht dó bheith ina dhliteanas a choinnítear le haghaidh trádála.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 10

    Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite

    CUSPÓIR

    1

    Is é cuspóir don IFRS seo prionsabail a bhunú chun ráitis airgeadais chomhdhlúite a thíolacadh agus a ullmhú i gcás ina bhfuil eintiteas amháin eile nó níos mó faoi rialú ag eintiteas.

    An cuspóir a chomhlíonadh

    2

    Chun an cuspóir i mír 1 a chomhlíonadh, leis an IFRS seo déantar na nithe seo a leanas:

    (a)

    ceanglaítear ar eintiteas (an máthaireintiteas) a rialaíonn eintiteas amháin eile nó níos mó (fochuideachtaí) ráitis airgeadais chomhdhlúite a thíolacadh;

    (b)

    sainmhínítear prionsabal an rialaithe, agus bunaítear rialú mar bhonn don chomhdhlúthú;

    (c)

    leagtar amach conas prionsabal an rialaithe a chur i bhfeidhm chun a shainaithint an bhfuil rialú ag infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin agus mar sin de nach mór dó an t-institiúid infheistiúcháin a chomhdhlúthú;

    (d)

    leagtar amach na ceanglais chuntasaíochta maidir le ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú; agus

    (e)

    sainmhínítear eintiteas infheistíochta agus leagtar amach eisceacht maidir le fochuideachtaí áirithe de chuid eintitis infheistíochta a chomhdhlúthú.

    3

    Baineann an IFRS seo leis na ceanglais chuntasaíochta do chomhcheangail ghnó agus leis an éifeacht a bhíonn acu ar chomhdhlúthú, lena n-áirítear cáilmheas a eascraíonn as comhcheangail ghnó (féach IFRS 3 Comhcheangail Ghnó).

    RAON FEIDHME

    4

    Déanfaidh eintiteas ar máthaireintiteas é ráitis airgeadais chomhdhlúite a thíolacadh. Tá feidhm ag an IFRS seo maidir le gach eintiteas, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    ní gá do mháthair-eintiteas ráitis airgeadais chomhdhlúite a thíolacadh má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas go léir:

    (i)

    is fochuideachta faoi úinéireacht iomlán é an máthaireintiteas nó is fochuideachta faoi úinéireacht pháirteach é d’eintiteas eile agus cuireadh úinéirí uile eile de chuid an mháthaireintitis, lena n-áirítear iad sin nach bhfuil i dteidil vótála ar shlí eile, ar an eolas nach ndéanfaidh sé ráitis airgeadais chomhdhlúite a thíolacadh agus nach gcuireann na húinéirí sin i gcoinne an méid sin;

    (ii)

    ní thrádáiltear a ionstraimí fiachais nó cothromais ar mhargadh soláthair phoiblí (stocmhalartán sa bhaile nó thar lear nó margadh thar an gcuntar, lena n-áirítear margaí áitiúla agus réigiúnacha);

    (iii)

    níor chomhdaigh sé a ráitis airgeadais le coimisiún urrús nó eagraíocht rialaitheach eile, ná níl sé i mbun an phróisis chun iad a chomhdú amhlaidh chun críche aon aicme ionstraimí a eisiúint ar mhargadh soláthair phoiblí; agus

    (iv)

    tairgeann máthaireintiteas idirmheánach nó deiridh an eintitis ráitis airgeadais atá ar fáil le húsáid phoiblí agus a chomhlíonann IFRSanna, ina ndéantar fochuideachtaí a chomhdhlúthú nó a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir leis an IFRS seo.

    (b)

    [scriosta].

    (c)

    [scriosta].

    4A

    Ní bhaineann an IFRS seo le pleananna sochair iarfhostaíochta ná le pleananna sochair fostaithe fadtéarmacha eile lena mbaineann IAS 19 Sochair Fostaithe.

    4B

    Ní thíolacfaidh máthaireintiteas is eintiteas infheistíochta ráitis airgeadais chomhdhlúite má tá sé de cheangal air, i gcomhréir le mír 31 den IFRS seo, a fhochuideachtaí go léir a thomhas ag luach cóir trí bhrabús nó caillteanas.

    RIALÚ

    5

    Cinnfidh infheisteoir, beag beann ar chineál a rannpháirtíochta le heintiteas (an t-institiúid infheistiúcháin), cibé acu an máthaireintiteas é trí mheasúnú a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil an institiúid infheistiúcháin faoi rialú aige.

    6

    Rialaíonn infheisteoir institiúid infheistiúcháin nuair atá sé nochta do thorthaí athraitheacha mar gheall ar a bhainteacht leis an institiúid infheistiúcháin, nó go bhfuil sé de chumas aige difear a dhéanamh do na torthaí sin tríd an gcumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin.

    7

    Mar sin, rialaíonn infheisteoir institiúid infheistiúcháin má tá na nithe seo a leanas go léir ag an infheisteoir agus sa chás sin amháin:

    (a)

    cumhacht ar an institiúid infheistiúcháin (féach míreanna 10–14);

    (b)

    nochtadh do thorthaí athraitheacha ón mbaint atá aige leis an institiúid infheistiúcháin (féach míreanna 15 agus 16); agus

    (c)

    an cumas an chumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin a úsáid chun difear a dhéanamh do mhéid thorthaí an infheisteora (féach míreanna 17 agus 18).

    8

    Déanfaidh infheisteoir na fíorais agus na himthosca go léir a mheas agus measúnú á dhéanamh aige i dtaobh an bhfuil rialú aige ar institiúid infheistiúcháin. Déanfaidh infheisteoir athmheasúnú ar cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé institiúid infheistiúcháin má léiríonn fíorais agus imthosca gur tháinig athruithe ar cheann amháin nó níos mó de na trí eilimint rialaithe a liostaítear i mír 7 (féach míreanna B80–B85).

    9

    Rialaíonn dhá infheisteoir nó níos mó institiúid infheistiúcháin le chéile nuair a chaitheann siad gníomhú le chéile chun na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. I gcásanna den sórt sin, toisc nach féidir le haon infheisteoir na gníomhaíochtaí a stiúradh gan dul i gcomhar leis na hinfheisteoirí eile, ní rialaíonn infheisteoir ar bith an institiúid infheistiúcháin ina aonar. Thabharfadh gach infheisteoir cuntas ar a leas san institiúid infheistiúcháin de réir na IFRSanna ábhartha, amhail IFRS 11 Comhshocruithe, IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair nó IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    Cumhacht

    10

    Tá cumhacht ag infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin, nuair atá cearta aige atá ann cheana féin lena dtugtar dó an cumas reatha na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh, i.e. na gníomhaíochtaí a dhéanann difear mór do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin.

    11

    Eascraíonn cumhacht as cearta. Uaireanta bíonn sé simplí cumhacht a mheasúnú, mar shampla nuair a fhaightear cumhacht ar institiúid infheistiúcháin go díreach ó na cearta vótála a dheonaítear le hionstraimí cothromais amhail scaireanna agus ó na cearta sin amháin, agus is féidir í a mheas trí na cearta vótála a thagann ó na scaireanna sin a bhreithniú. I gcásanna eile, beidh an measúnú níos casta agus beidh gá le níos mó ná fachtóir amháin a chur san áireamh, mar shampla nuair a thagann cumhacht as socrú conarthach amháin nó níos mó.

    12

    Tá cumhacht ag infheisteoir a bhfuil an cumas reatha aige na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh fiú mura bhfuil a chearta chun stiúradh a dhéanamh curtha i bhfeidhm aige fós. Féadfaidh fianaise go bhfuil gníomhaíochtaí ábhartha á stiúradh ag an infheisteoir cuidiú lena chinneadh an bhfuil cumhacht ag an infheisteoir, ach níl fianaise den sórt sin, aisti féin, dochloíte maidir le cinneadh a dhéanamh an bhfuil cumhacht ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin.

    13

    Má tá cearta reatha ag dhá infheisteoir nó níos mó lena dtugtar an cumas aontaobhach dóibh gníomhaíochtaí ábhartha éagsúla a stiúradh, beidh cumhacht ag an infheisteoir a bhfuil an cumas reatha aige na gníomhaíochtaí is mó a mbíonn tionchar acu ar thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a stiúradh.

    14

    Is féidir le hinfheisteoir cumhacht a bheith aige ar institiúid infheistiúcháin fiú má tá cearta reatha ag eintitis eile ar cearta iad lena dtugtar an cumas reatha dóibh a bheith rannpháirteach i stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha, mar shampla nuair a bhíonn tionchar suntasach ag eintiteas eile. Mar sin féin, níl cumhacht ag infheisteoir nach bhfuil aige ach cearta cosantacha ar institiúid infheistiúcháin (féach míreanna B26–B28), agus dá bhrí sin ní rialaíonn sé an institiúid infheistiúcháin.

    Torthaí

    15

    Tá infheisteoir nochta do thorthaí athraitheacha ón mbaint atá aige leis an institiúid infheistiúcháin nó tá cearta aige i leith na dtorthaí sin, nuair a d’fhéadfadh torthaí an infheisteora óna rannpháirtíocht a bheith éagsúil mar thoradh ar fheidhmíocht na hinstitiúide infheistiúcháin. Féadann torthaí an infheisteora a bheith dearfach amháin, diúltach amháin nó ina meascán de thorthaí dearfacha agus diúltacha.

    16

    Cé nach féidir ach le hinfheisteoir amháin institiúid infheistiúcháin a rialú, is féidir le níos mó ná páirtí amháin sciar de thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a fháil. Mar shampla, is féidir le sealbhóirí leasanna neamh-rialaithe sciar de bhrabúis nó de dáiltí de chuid institiúide infheistiúcháin a fháil.

    An nasc idir cumhacht agus torthaí

    17

    Rialaíonn infheisteoir institiúid infheistiúcháin más rud é go bhfuil cumhacht aige ar an institiúid infheistiúcháin agus go bhfuil sé nochta do thorthaí athraitheacha mar gheall ar a bhaint leis an institiúid infheistiúcháin nó cearta ina leith, nó go bhfuil sé de chumas aige difear a dhéanamh do na torthaí sin tríd an gcumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin.

    18

    Mar sin, déanfaidh infheisteoir a bhfuil cearta cinnteoireachta aige measúnú ar cé acu príomhaí nó gníomhaire atá ann. Ní rialaíonn infheisteoir ar gníomhaire é de réir mhíreanna B58–B72 institiúid infheistiúcháin nuair a fheidhmíonn sé na cearta cinnteoireachta arna sannadh chuige.

    CEANGLAIS CHUNTASAÍOCHTA

    19

    Ullmhóidh máthaireintiteas ráitis airgeadais chomhdhlúite ag bainte úsáid as beartais aonfhoirmeacha chuntasaíochta maidir le hidirbhearta comhchosúla agus maidir le teagmhais chomhchosúla in imthosca comhchosúla.

    20

    Cuirfear tús le hinstitiúid infheistiúcháin a chomhdhlúthú ón dáta a gheobhaidh an t-infheisteoir rialú ar an institiúid infheistiúcháin agus cuirfear deireadh leis nuair a bheidh rialú ar an institiúid infheistiúcháin caillte ag an infheisteoir.

    21

    Leagtar amach treoir maidir leis na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i míreanna B86–B93.

    Leasanna neamh-urlámhais

    22

    Maidir le leasanna neamh-urlámhais, cuirfidh an máthaireintiteas iad i láthair sa ráiteas comhdhlúite ar an staid airgeadais laistigh de chothromas i líne ar leithligh ón líne ina mbeidh cothromas úinéirí an mháthaireintitis.

    23

    Is idirbhearta cothromais iad athruithe ar leas úinéireachta máthaireintitis i bhfochuideachta nach mbíonn cailliúint i rialú na fochuideachta ag an máthaireintiteas mar thoradh orthu (i.e. idirbhearta le húinéirí ina gcáil mar úinéirí).

    24

    Leagtar amach treoir maidir le cuntas a thabhairt ar leasanna neamh-urlámhais i míreanna B94–B96.

    Caillteanas i rialú

    25

    Má chailleann máthaireintiteas rialú ar fhochuideachta, déanfaidh sí na nithe seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní agus dliteanais na hiarfhochuideachta a dhí-aithint ón ráiteas comhdhlúite ar an staid airgeadais.

    (b)

    aithnítear aon infheistíocht a coinníodh san iar-fhochuideachta ag a luach cóir nuair a chailltear rialú agus ina dhiaidh sin tugann sé cuntas uirthi agus as aon mhéideanna atá dlite don iar-fhochuideachta nó di de réir IFRSanna ábhartha. Measfar luach cóir an leasa choinnithe mar a luach cóir ar aitheantas tosaigh mar shócmhainn airgeadais i gcomhréir le IFRS 9 nó, nuair is iomchuí, an costas ar aitheantas tosaigh a bhaineann le hinfheistíocht i bhfiontar gaolmhar nó i gcomhfhiontar.

    (c)

    na gnóthachain nó caillteanais a bhaineann le caillteanas i rialú agus atá inchurtha i leith na leasanna urlámhais roimhe seo a aithint.

    26

    Leagtar amach i míreanna B97–B99 treoir maidir le cuntasaíocht a dhéanamh ar chaillteanas i rialú.

    CINNEADH A DHÉANAMH MAIDIR LE CÉ ACU A bhFUIL NÓ NACH bhFUIL SÉ INA EINTITEAS INFHEISTÍOCHTA

    27

    Déanfaidh máthaireintiteas cinneadh maidir le cé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé ina eintiteas infheistíochta. Is éard is eintiteas infheistíochta ann, eintiteas a dhéanann na nithe seo a leanas:

    (a)

    cistí a fháil ó infheisteoir amháin nó níos mó chun críche seirbhísí bainistíochta infheistíochtaí a sholáthar don infheisteoir/do na hinfheisteoirí sin;

    (b)

    gealltanas a thabhairt dá infheisteoir(í) gurb é a chuspóir gnó cistí a infheistiú ar mhaithe le torthaí ar luachmhéadú caipitil, toradh ar chaipiteal, nó ar mhaithe leis an dá rud sin; agus

    (c)

    feidhmiú a chuid infheistíochtaí ar fad, go substaintiúil, a thomhas agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhonn luach cóir.

    Le míreanna B85A–B85M, soláthraítear treoir ghaolmhar maidir le cur i bhfeidhm.

    28

    Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann sé an sainmhíniú a thuairiscítear i mír 27, breithneoidh eintiteas an bhfuil na saintréithe seo a leanas de chuid eintitis infheistíochta aige:

    (a)

    tá níos mó ná infheistíocht amháin aige (féach míreanna B85O–B85P);

    (b)

    tá níos mó ná infheisteoir amháin aige (féach míreanna B85Q–B85S);

    (c)

    tá infheisteoirí aige nach páirtithe gaolmhara den eintiteas iad (féach míreanna B85T–B85U); agus

    (d)

    tá leasanna úinéireachta aige i bhfoirm cothromais nó leasanna comhchosúla (féach míreanna B85V–B85W).

    Ní gá go ndícháilítear eintiteas ó bheith aicmithe mar eintiteas infheistíochta má tá ceann amháin de na gnáth-shaintréithe sin in easnamh. Soláthraíonn eintiteas infheistíochta nach bhfuil na gnáth-shaintréithe sin seo go léir aige an nochtadh breise a cheanglaítear le mír 9A de IFRS 12 Nochtadh leasanna in eintitis eile.

    29

    Má thugann fíorais agus imthosca le fios go bhfuil athruithe ar cheann amháin nó níos mó de na trí eilimint ar cuid iad den sainmhíniú ar eintiteas infheistíochta, mar a thuairiscítear i mír 27, nó ar na gnáth-shaintréithe atá ag eintiteas infheistíochta, mar a thuairiscítear i mír 28, déanfaidh máthaireintiteas athmheasúnú i dtaobh an eintiteas infheistíochta é.

    30

    Maidir le máthaireintiteas a scoireann de bheith ina eintiteas infheistíochta nó a éiríonn ina eintiteas infheistíochta, coinneoidh sé cuntas ar an athrú ón dáta a tharla an t-athrú ar stádas (féach míreanna B100–B101).

    EINTITIS INFHEISTÍOCHTA: EISCEACHT ÓN gCOMHDHLUTHÚ

    31

    Ach amháin mar a thuairiscítear i mír 32, ní dhéanfaidh eintiteas infheistíochta a fhochuideachtaí a chomhdhlúthú ná IFRS 3 a chur i bhfeidhm nuair a ghabhann sé eintiteas eile. Ina ionad sin, déanfaidh eintiteas infheistíochta infheistíocht i bhfochuideachta a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9 (55).

    32

    D’ainneoin an cheanglais i mír 31, má tá fochuideachta ag eintiteas infheistíochta nach eintiteas infheistíochta atá inti féin agus arb é is príomhchuspóir agus príomhghníomhaíocht di seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht atá bainteach le gníomhaíochtaí infheistíochta an eintitis infheistíochta (féach míreanna B85C–B85D), déanfaidh sé an fhochuideachta sin a chomhdhlúthú i gcomhréir le míreanna 19–26 den IFRS seo agus cuirfidh sé ceanglais IFRS 3 i bhfeidhm maidir le haon fhochuideachta den sórt sin a fháil.

    33

    Déanfaidh máthaireintiteas eintitis infheistíochta na heintitis go léir a rialaíonn sé a chomhdhlúthú, lena n-áirítear na heintitis sin arna rialú trí fhochuideachta de chuid eintitis infheistíochta, mura rud é gur eintiteas infheistíochta an máthaireintiteas féin.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    ráitis airgeadais chomhdhlúite

    Ráitis airgeadais grúpa ina gcuirtear sócmhainní, dliteanais, cothromas, ioncam, speansais agus sreafaí airgid na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí i láthair mar nithe a bhaineann le haon eintiteas eacnamaíoch amháin.

    rialú institiúid infheistiúcháin

    Rialaíonn infheisteoir institiúid infheistiúcháin nuair atá sé nochta do thorthaí athraitheacha mar gheall ar a bhainteacht leis an institiúid infheistiúcháin, nó go bhfuil sé de chumas aige difear a dhéanamh do na thorthaí sin tríd an gcumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin.

    cinnteoir

    Eintiteas a bhfuil cearta cinnteoireachta aige agus atá ina phríomhaí nó ina ghníomhaire do pháirtithe eile.

    grúpa

    Máthairchuideachta agus a fochuideachtaí.

    eintiteas infheistíochta

    Eintiteas a dhéanann na nithe seo a leanas:

    (a)

    cistí a fháil ó infheisteoir amháin nó níos mó chun críche seirbhísí bainistíochta infheistíochtaí a sholáthar don infheisteoir/do na hinfheisteoirí sin;

    (b)

    gealltanas a thabhairt dá infheisteoir(í) gurb é a chuspóir gnó cistí a infheistiú ar mhaithe le torthaí ar luachmhéadú caipitil, toradh ar chaipiteal, nó ar mhaithe leis an dá rud sin; agus

    (c)

    feidhmiú a chuid infheistíochtaí ar fad, go substaintiúil, a thomhas agus meastóireacht a dhéanamh orthu ar bhonn luach cóir.

    leas neamh-urlámhais

    An méid cothromais i bhfochuideachta nach bhfuil inchurtha, go díreach nó go hindíreach, i leith máthairchuideachta.

    máthairchuideachta

    Eintiteas a rialaíonn eintiteas amháin nó níos mó.

    cumhacht

    Cearta atá ann cheana féin a bheith ag infheisteoir lena dtugtar dó an cumas reatha na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    cearta cosantacha

    Cearta a cheaptar chun leas an pháirtí a bhfuil na cearta sin ina sheilbh aige a chosaint, gan cumhacht ar an eintiteas lena mbaineann na cearta sin a thabhairt don pháirtí sin.

    gníomhaíochtaí ábhartha

    Chun críche an IFRS seo, is éard is gníomhaíochtaí ábhartha ann ná gníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin a mbíonn tionchar suntasach acu ar thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin.

    cearta chun bainte

    Cearta a údarás cinnteoireachta a bhaint den chinnteoir.

    fochuideachta

    Eintiteas atá faoi rialú ag eintiteas eile.

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas in IFRS 11, IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile, IAS 28 (arna leasú in 2011) nó IAS 24 Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara agus tá an bhrí leo san IFRS seo a shonraítear sna IFRS sin:

    comhlach

    leas in eintiteas eile

    comhfhiontar

    príomhphearsanra bainistíochta

    páirtí gaolmhar

    tionchar suntasach.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–33 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile de IFRS.

    B1

    Léirítear cásanna hipitéiseacha leis na samplaí san fhoscríbhinn seo. Cé go bhféadfadh roinnt gnéithe de na samplaí a bheith ann i bpatrúin fíorais iarbhír, ba ghá meastóireacht a dhéanamh ar fhíorais agus imthosca uile patrúin fíorais áirithe agus IFRS 10 á chur i bhfeidhm.

    MEASÚNÚ AR RIALÁIL

    B2

    Chun a chinneadh an rialaíonn sé institiúid infheistiúcháin, déanfaidh infheisteoir measúnú i dtaobh an bhfuil gach ceann díobh seo a leanas aige:

    (a)

    cumhacht ar an institiúid infheistiúcháin;

    (b)

    nochtadh do thorthaí athraitheacha ón mbaint atá aige leis an institiúid infheistiúcháin, nó cearta ina leith; agus

    (c)

    an cumas an chumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin a úsáid chun difear a dhéanamh do mhéid thorthaí an infheisteora.

    B3

    D’fhéadfadh na fachtóirí seo a leanas a bheith ina gcabhair agus an cinneadh sin a dhéanamh:

    (a)

    cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin (féach míreanna B5–B8);

    (b)

    cad iad na gníomhaíochtaí ábhartha agus conas a dhéantar cinntí faoi na gníomhaíochtaí sin (féach míreanna B11–B13);

    (c)

    cé acu a thugann nó nach dtugann na cearta atá ag an infheisteoir an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh (féach míreanna B14–B54);

    (d)

    cé acu atá nó nach bhfuil an t-infheisteoir nochta do thorthaí athraitheacha ón mbaint atá aige leis an institiúid infheistiúcháin (féach míreanna B55–B57); agus

    (e)

    cé acu atá nó nach bhfuil an cumas ag an infheisteoir an chumhacht atá aige ar an institiúid infheistiúcháin a úsáid chun difear a dhéanamh do mhéid thorthaí an infheisteora (féach míreanna B58–B72).

    B4

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag infheisteoir ar rialú ar institiúid infheistiúcháin, breithneoidh sé cineál a ghaolmhaireachta leis na páirtithe eile (féach míreanna B73–B75).

    Cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin

    B5

    Agus rialú ar institiúid infheistiúcháin á mheasúnú aige, breithneoidh infheisteoir cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin a d’fhonn na gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint, an chaoi a ndéantar cinntí faoi na gníomhaíochtaí ábhartha, cé aige a bhfuil an cumas reatha na gníomhaíochtaí sin a stiúradh agus cé a fhaigheann torthaí ar na gníomhaíochtaí sin.

    B6

    Nuair a mheastar cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin, d’fhéadfadh sé a bheith soiléir go bhfuil institiúid infheistiúcháin á rialú trí bhíthin ionstraimí cothromais a thugann cearta vótála comhréireacha don sealbhóir, amhail gnáthscaireanna san institiúid infheistiúcháin. Sa chás seo, in éagmais aon socruithe breise lena n-athraítear an chinnteoireacht, dírítear sa mheasúnú rialaithe ar cé acu páirtí, más ann dó, atá in ann cearta vótála a fheidhmiú atá leordhóthanach chun beartais oibriúcháin agus maoinithe na hinstitiúide infheistiúcháin a chinneadh (féach míreanna B34–B50). Sa chás is simplí, is é an t-infheisteoir a shealbhaíonn tromlach na gceart vótála sin, in éagmais aon tosca eile, a rialaíonn an institiúid infheistiúcháin.

    B7

    D’fhonn a chinneadh an rialaíonn infheisteoir institiúid infheistiúcháin, i gcásanna níos casta, d’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach roinnt de na fachtóirí eile i mír B3 nó gach ceann díobh a mheas.

    B8

    Féadfar institiúid infheistiúcháin a cheapadh sa chaoi nach tosca ceannasacha a bheidh sna cearta vótála agus cinneadh á dhéanamh faoi cé a rialóidh an t-eintiteas, amhail nuair a bhainfidh aon cheart vótála le tascanna riaracháin agus leo sin amháin agus nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh trí bhíthin socruithe conarthacha. I gcásanna den sórt sin, beidh aird ag an infheisteoir freisin ar na rioscaí a bhfuil an institiúid infheistiúcháin ceaptha a bheith nochta dóibh, na rioscaí a bhfuil sí ceaptha a chur ar aghaidh chuig na páirtithe atá bainteach leis an institiúid infheistiúcháin agus cé acu atá nó nach bhfuil an t-infheisteoir nochta do chuid de na rioscaí sin nó do na rioscaí sin go léir. Le breithniú an rioscaí áirítear ní hamháin an riosca i dtreo an taobh thíos. ach freisin an acmhainneacht go mbeidh ann do rioscaí i dtreo an taobh thuas.

    Cumhacht

    B9

    Chun go mbeadh cumhachtaí aige ar institiúid infheistiúcháin, ní mór cearta atá ann cheana féin a bheith ag infheisteoir lena dtugtar dó an cumas reatha na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Chun críocha cumhacht a mheasúnú, ní dhéanfar ach cearta substainteacha agus cearta nach cearta cosantacha iad a mheas (féach míreanna B22–B28).

    B10

    Braitheann an cinneadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil cumhacht ag infheisteoir ar na gníomhaíochtaí ábhartha, ar an gcaoi a ndéantar cinntí faoi na gníomhaíochtaí ábhartha agus ar na cearta atá ag an infheisteoir agus ag páirtithe eile i ndáil leis an institiúid infheistiúcháin.

    Gníomhaíochtaí ábhartha agus stiúradh ar ghníomhaíochtaí ábhartha

    B11

    I gcás go leor institiúidí infheistiúcháin, déanann raon gníomhaíochtaí oibriúcháin agus maoiniúcháin difear mór dá dtorthaí. Ar na gníomhaíochtaí ar féidir leo, ag brath ar na cúinsí, a bheith ina ngníomhaíochtaí ábhartha tá na gníomhaíochtaí seo a leanas, ach ní hiad na gníomhaíochtaí seo amháin atá i gceist:

    (a)

    earraí nó seirbhísí a dhíol agus a cheannach;

    (b)

    sócmhainní airgeadais a bhainistiú le linn a ré (lena n-áirítear i gcás mainneachtana);

    (c)

    sócmhainní a roghnú, a fháil nó a dhiúscairt;

    (d)

    taighde a dhéanamh ar tháirgí nó próisis nua agus iad a fhorbairt; agus

    (e)

    struchtúr cistiúcháin a chinneadh nó cistiú a fháil.

    B12

    Áirítear na nithe seo a leanas ar shamplaí de chinntí maidir le gníomhaíochtaí ábhartha, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    cinntí oibriúcháin agus caipitil na hinstitiúide infheistiúcháin a bhunú, lena n-áirítear buiséid; agus

    (b)

    príomhphearsanra bainistíochta na hinstitiúide infheistiúcháin nó soláthraithe seirbhíse a cheapadh agus a íoc agus a gcuid seirbhísí nó a bhfostaíocht a fhoirceannadh.

    B13

    I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé gur gníomhaíochtaí ábhartha iad gníomhaíochtaí a dhéantar sula dtagann tacar áirithe imthosca chun cinn nó ina dhiaidh, nó sula dtarlaíonn teagmhas nó ina dhiaidh. I gcás ina mbeidh sé ar a gcumas ag dhá cheann nó níos mó d’infheisteoirí gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh agus má tharlaíonn na gníomhaíochtaí sin ag tráthanna éagsúla, cinnfidh na hinfheisteoirí cé acu ceann de na hinfheisteoirí a fhéadann na gníomhaíochtaí is mó a dhéanann difear suntasach do na torthaí sin a stiúradh go comhsheasmhach leis an mbealach a láimhseáiltear cearta cinnteoireachta comhreathacha (féach mír 13). Athbhreithneoidh na hinfheisteoirí an measúnú sin le himeacht ama má thagann athrú ar fhíorais nó imthosca ábhartha.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 1

    Cruthaíonn beirt infheisteoirí institiúid infheistiúcháin chun táirge leighis a fhorbairt agus a chur ar an margadh. Tá infheisteoir amháin freagrach as an táirge leighis a fhorbairt agus formheas rialála a fháil lena aghaidh—mar chuid den fhreagracht sin tá an cumas aontaobhach aige gach cinneadh a bhaineann le forbairt an táirge agus fáil an fhormheasa rialála a dhéanamh. A luaithe a bheidh an táirge formheasta, déanfaidh an t-infheisteoir eile é a mhonarú agus a chur ar an margadh—tá an cumas aontaobhach ag an infheisteoir sin gach cinneadh maidir le monarú agus margú an táirge a dhéanamh. Más gníomhaíochtaí ábhartha iad na gníomhaíochtaí uile—an táirge leighis a fhorbairt agus formheas rialála a fháil lena aghaidh, mar aon lena mhonarú agus a mhargú—tá ar gach infheisteoir a chinneadh cé acu a fhéadann nó nach bhféadann na gníomhaíochtaí is mó a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a stiúradh. Dá réir sin, tá ar gach infheisteoir a bhreithniú arb é forbairt an táirge leighis agus formheas rialála a fháil lena aghaidh nó monarú agus margú an táirge leighis an ghníomhaíocht is mó a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin agus cé acu a fhéadann nó nach bhféadann sé an ghníomhaíocht sin a stiúradh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu infheisteoir a bhfuil cumhachtaí aige, bhreithneodh na hinfheisteoirí na nithe seo a leanas:

    (a)

    cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin;

    (b)

    na fachtóirí lena gcinntear corrlach brabúis, ioncam agus luach na hinstitiúide infheistiúcháin mar aon le luach an táirge leighis;

    (c)

    an iarmhairt ar thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a leanann as údarás cinnteoireachta gach infheisteora maidir leis na fachtóirí in (b); agus

    (d)

    nochtadh na n-infheisteoirí d’athraitheacht torthaí.

    Sa sampla áirithe sin, bhreithneodh na hinfheisteoirí na nithe seo a leanas freisin:

    (e)

    an éiginnteacht a bhaineann le formheas rialála a fháil agus an dua is gá a chaitheamh lena aghaidh (i bhfianaise dhea-theist an infheisteora táirgí leighis a fhorbairt agus formheas rialála a fháil); agus

    (f)

    cé acu infheisteoir a rialóidh an táirge leighis nuair a éireoidh leis an gcéim forbartha.

    Sampla 2

    Déantar feithicil infheistíochta (an institiúid infheistiúcháin) a chruthú agus a mhaoiniú trí ionstraim fiachais arna sealbhú ag infheisteoir (an t-infheisteoir fiachais) agus trí ionstraimí cothromais arna sealbhú ag roinnt infheisteoirí eile. Tá an tráinse cothromais ceaptha na chéad chaillteanais a mhaolú agus aon toradh iarmhar ón institiúid infheistiúcháin a fháil. Duine de na hinfheisteoirí cothromais a bhfuil 30 faoin gcéad den chothromas aige, is é an bainisteoir sócmhainní freisin é. Úsáideann an institiúid infheistiúcháin a cuid fáltas chun punann infheistíochtaí airgeadais a cheannach, rud a nochtann an institiúid infheistiúcháin don riosca mainneachtana atá bainteach leis an mainneachtain fhéideartha ar íocaíochtaí caipitil agus úis na sócmhainní. Déantar an t-idirbheart a mhargú leis an infheisteoir fiachais mar infheistíocht nach nochtann é ach do mhéid an-bheag den riosca mainneachtana atá bainteach le mainneachtain fhéideartha na sócmhainní sa phunann i ngeall ar chineál na sócmhainní sin agus toisc go bhfuil an tráinse cothromais ceaptha na chéad chaillteanais ag an institiúid infheistiúcháin a mhaolú. An bhainistíocht ar phunann sócmhainní na hinstitiúide infheistiúcháin, lena n-áirítear cinntí maidir le roghnú, éadáil agus diúscairt na sócmhainní de réir treoirlínte punainne agus an bhainistíocht a dhéantar i gcás mainneachtana ar aon sócmhainn punainne, déanann sin difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin. Déanann an bainisteoir sócmhainní bainistíocht ar na gníomhaíochtaí sin uile go dtí go mbeidh cásanna mainneachtana ina gcion sonraithe de luach na punainne (i.e. nuair atá luach na punainne i riocht agus gur tomhlaíodh tráinse cothromais na hinstitiúide infheistiúcháin). Ón tráth sin, déanann iontaobhaí tríú páirtí bainistíocht ar na sócmhainní de réir threoracha an infheisteora fiachais. Is é bainistiú phunann sócmhainní na hinstitiúide infheistiúcháin gníomhaíocht ábhartha na hinstitiúide infheistiúcháin. Tá sé de chumas ag an mbainisteoir sócmhainní na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh go dtí go mbeidh sócmhainní ar mainneachtain ina gcion sonraithe de luach na punainne; tá sé de chumas ag an infheisteoir fiachais na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh nuair is mó luach na sócmhainní ar mainneachtain ná an cion sonraithe sin de luach na punainne. Is gá don bhainisteoir sócmhainní agus don infheisteoir fiachais araon a chinneadh cé acu a fhéadann nó nach bhféadann siad na gníomhaíochtaí is mó a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a stiúradh, lena n-áirítear breithniú ar chuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin agus ar an nochtadh atá ag gach páirtí d’athraitheacht torthaí.

    Cearta lena dtugtar cumhachtaí d’infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin

    B14

    Eascraíonn cumhacht as cearta. Chun go mbeadh cumhachtaí aige ar institiúid infheistiúcháin, ní mór cearta atá ann cheana féin a bheith ag infheisteoir lena dtugtar dó an cumas reatha na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Na cearta lena bhféadfaí cumhachtaí a thabhairt don infheisteoir, is féidir cinn éagsúla a bheith ag institiúidí infheistiúcháin éagsúla.

    B15

    Áirítear na nithe seo a leanas ar shamplaí de chearta, ina n-aonar nó in éineacht le chéile, lenar féidir cumhachtaí a thabhairt d’infheisteoir, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    cearta i bhfoirm cearta vótála (nó cearta féideartha vótála) institiúide infheistiúcháin (féach míreanna B34–B50);

    (b)

    cearta chun comhaltaí de phríomhphearsanra bainistíochta institiúide infheistiúcháin, a bhfuil sé de chumas acu na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh, a cheapadh, a athshannadh nó a bhaint;

    (c)

    cearta chun eintiteas eile a stiúrann na gníomhaíochtaí ábhartha a cheapadh nó a bhaint;

    (d)

    cearta chun treoir a thabhairt don institiúid infheistiúcháin idirbhearta a dhéanamh, nó aon athrú ar idirbhearta a chrosadh, chun leas an infheisteora; agus

    (e)

    cearta eile (amhail cearta cinnteoireachta arna sonrú i gconradh bainistíochta) lena dtugtar an cumas don sealbhóir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    B16

    Go ginearálta, i gcás ina mbeidh raon gníomhaíochtaí oibriúcháin agus maoiniúcháin ag institiúid infheistiúcháin a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin agus ina mbeidh gá leanúnach le cinnteoireacht shubstainteach i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin, is cearta vótála nó cearta comhchosúla iad na cearta a thabharfaidh cumhachtaí d’infheisteoir, ina n-aonar nó in éineacht le comhshocruithe eile.

    B17

    I gcás nach féidir iarmhairt shuntasach a bheith ag cearta vótála ar thorthaí institiúide infheistiúcháin, amhail cás ina mbaineann cearta vótála le cúraimí riaracháin amháin agus ina ndéantar stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha a chinneadh trí bhíthin comhshocruithe conarthacha, is gá don infheisteoir measúnú a dhéanamh ar na comhshocruithe conarthacha sin chun a chinneadh an bhfuil cearta leordhóthanacha aige a thabharfadh cumhachtaí ar an institiúid infheistiúcháin dó. Chun a chinneadh an bhfuil cearta ag infheisteoir atá leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó, breithneoidh an t-infheisteoir cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin (féach míreanna B5–B8) agus na ceanglais i míreanna B51–B54 in éineacht le míreanna B18–B20.

    B18

    I roinnt imthosca, d’fhéadfadh sé a bheith deacair a chinneadh an bhfuil cearta infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí ar institiúid infheistiúcháin a thabhairt dó. Sna cásanna sin, chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar na cumhachtaí, breithneoidh an t-infheisteoir fianaise maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an cumas praiticiúil aige na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh go haontaobhach. Breithneofar na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh, a d’fhéadfadh, nuair a bhreithnítear iad in éineacht lena chearta agus leis na táscairí i míreanna B19 agus B20, fianaise a sholáthar go bhfuil cearta an infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí ar an institiúid infheistiúcháin a thabhairt dó:

    (a)

    Féadann an t-infheisteoir príomhphearsanra bainistíochta institiúide infheistiúcháin, a bhfuil sé de chumas acu na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh, a cheapadh nó a fhormheas gan an ceart conarthach a bheith aige déanamh amhlaidh.

    (b)

    Féadann an t-infheisteoir treoir a thabhairt don institiúid infheistiúcháin idirbhearta suntasacha a dhéanamh, nó aon athrú ar idirbhearta suntasacha a chrosadh, chun leas an infheisteora, gan an ceart conarthach a bheith aige déanamh amhlaidh.

    (c)

    Féadann an t-infheisteoir dul i gceannas ar an bpróiseas ainmniúcháin chun comhaltaí bhord bainistíochta na hinstitiúide infheistiúcháin a thoghadh nó i gceannas ar a bheith ag fáil ionadaithe ó shealbhóirí eile ceart vótála.

    (d)

    Is páirtithe gaolmhara leis an infheisteoir iad príomhphearsanra bainistíochta na hinstitiúide infheistiúcháin (is é an duine céanna é príomhoifigeach feidhmiúcháin na hinstitiúide infheistiúcháin agus príomhoifigeach feidhmiúcháin an infheisteora, mar shampla).

    (e)

    Is páirtithe gaolmhara leis an infheisteoir iad an tromlach de chomhaltaí bhord bainistíochta na hinstitiúide infheistiúcháin.

    B19

    Beidh tásca ann uaireanta a léiríonn go bhfuil gaolmhaireacht speisialta ag an infheisteoir leis an institiúid infheistiúcháin, rud a thugann le tuiscint go bhfuil níos mó ná leas éighníomhach ag an infheisteoir san institiúid infheistiúcháin. Ní gá go gciallódh aon tásc aonair a bheith ann, nó comhcheangal áirithe de thásca a bheith ann, go gcomhlíontar an critéar cumhachta. Má bhíonn níos mó ná leas éighníomhach ag an infheisteoir san institiúid infheistiúcháin, áfach, d’fhéadfadh sé sin a léiriú go bhfuil cearta gaolmhara eile ag an infheisteoir atá leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó nó d’fhéadfadh sé fianaise a thabhairt maidir le cumhachtaí atá aige cheana ar institiúid infheistiúcháin. Tugann an méid seo a leanas, mar shampla, le tuiscint go bhfuil níos mó ná leas éighníomhach ag an infheisteoir san institiúid infheistiúcháin agus, in éineacht le cearta eile, d’fhéadfadh sé a léiriú go bhfuil cumhachtaí aige:

    (a)

    Is fostaithe de chuid an infheisteora faoi láthair nó fostaithe a bhí ag an infheisteoir roimhe seo iad príomhphearsanra bainistíochta na hinstitiúide infheistiúcháin, a bhfuil sé de chumas acu na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    (b)

    Braitheann oibríochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin ar an infheisteoir, amhail sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    Braitheann an institiúid infheistiúcháin ar an infheisteoir chun sciar suntasach dá hoibríochtaí a chistiú.

    (ii)

    Ráthaíonn an t-infheisteoir sciar suntasach d’oibleagáidí na hinstitiúide infheistiúcháin.

    (iii)

    Braitheann an institiúid infheistiúcháin ar an infheisteoir le haghaidh seirbhísí, teicneolaíochta, soláthairtí nó amhábhar ríthábhachtach.

    (iv)

    Rialaíonn an t-infheisteoir sócmhainní amhail ceadúnais nó trádmharcanna atá ríthábhachtach d’oibríochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin.

    (v)

    Braitheann an institiúid infheistiúcháin ar an infheisteoir le haghaidh príomhphearsanra bainistíochta, amhail cás ina bhfuil saineolas speisialaithe ag pearsanra an infheisteora ar oibríochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin.

    (c)

    Baineann sciar suntasach d’oibríochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin leis an infheisteoir nó déantar thar a ceann iad.

    (d)

    Nochtadh an infheisteora do thorthaí ar na bhainteacht leis an institiúid infheistiúcháin, nó a chearta chun na dtorthaí sin, is mó go díréireach iad ná a chearta vótála nó comhchosúla eile. D’fhéadfadh cás a bheith ann ina bhfuil infheisteoir i dteideal níos mó ná a leath de thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin, nó ina bhfuil sé nochta dóibh, ach a bhfuil níos lú ná a leath de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin aige, mar shampla.

    B20

    Dá mhéad atá infheisteoir nochta d’athraitheacht torthaí ar a bhainteacht le hinstitiúid infheistiúcháin, nó dá mhéad a chearta chun na dtorthaí sin, is ea is mó an dreasacht atá ag an infheisteoir cearta a fháil a bheadh leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó. Dá bhrí sin, má tá infheisteoir nochta go mór d’athraitheacht torthaí, is léiriú é sin go bhféadfadh cumhachtaí a bheith aige. Méid nochta an infheisteora, áfach, ní hé ann féin a chinneann cé acu atá nó nach bhfuil cumhachtaí aige ar an institiúid infheistiúcháin.

    B21

    Nuair a bhreithnítear na fachtóirí a leagtar amach i mír B18 agus na táscairí a leagtar amach i míreanna B19 agus B20 in éineacht le cearta infheisteora, tabharfar ualú níos mó don fhianaise ar chumhachtaí a dtugtar tuairisc i mír B18 uirthi.

    Cearta substainteacha

    B22

    Agus measúnú á dhéanamh ag infheisteoir ar cé acu atá nó nach bhfuil cumhachtaí aige, ní bhreithníonn sé ach cearta substainteacha a bhaineann leis an institiúid infheistiúcháin (arna sealbhú ag an infheisteoir agus páirtithe eile). Chun go mbeadh ceart substainteach, ní mór an cumas praiticiúil a bheith ag an sealbhóir an ceart sin a fheidhmiú.

    B23

    Ní mór breithiúnas, ina gcuirtear san áireamh na fíorais agus na himthosca uile, chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cearta substainteach. Áirítear na nithe seo a leanas ar fhachtóirí atá le breithniú chun an cinntiúchán sin a dhéanamh, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    Cé acu atá nó nach bhfuil aon bhacainn (eacnamaíoch nó eile) ann a choisceann an sealbhóir (nó na sealbhóirí) ó bheith ag feidhmiú na gceart. Ar shamplaí de bhacainní den sórt sin tá na nithe seo a leanas, ach ní hiad na bacainní seo amháin atá i gceist:

    (i)

    pionóis agus dreasachtaí airgeadais a choiscfeadh (nó a dhíspreagfadh) an sealbhóir ó bheith ag feidhmiú a cheart.

    (ii)

    praghas feidhmithe nó comhshó a chruthaíonn bacainn airgeadais a choiscfeadh (nó a dhíspreagfadh) an sealbhóir ó bheith ag feidhmiú a cheart.

    (iii)

    téarmaí agus coinníollacha a fhágann nach móide go bhfeidhmeofaí na cearta, coinníollacha lena gcuirtear teorainn chúng le huainiú an fheidhmithe, mar shampla.

    (iv)

    gan sásra sainráite réasúnta a bheidh i ndoiciméid bhunaitheacha institiúide infheistiúcháin nó i ndlíthe nó rialacháin is infheidhme a cheadódh don sealbhóir a chearta a fheidhmiú.

    (v)

    gan sealbhóir na gceart a bheith in ann an fhaisnéis is gá a fháil chun a chearta a fheidhmiú.

    (vi)

    bacainní nó dreasachtaí oibriúcháin a choiscfeadh (nó a dhíspreagfadh) an sealbhóir ó bheith ag feidhmiú a cheart (e.g. gan bainisteoirí eile a bheith ann a bheadh toilteanach nó in ann seirbhísí speisialaithe a sholáthar nó na seirbhísí a sholáthar agus leasanna eile arna sealbhú ag an mbainisteoir faoi láthair a ghlacadh).

    (vii)

    ceanglais dhlíthiúla nó rialála a choiscfeadh an sealbhóir ó bheith ag feidhmiú a cheart (e.g. i gcás ina dtoirmeasctar ar infheisteoir eachtrach a chearta a fheidhmiú).

    (b)

    I gcás ina gceanglaítear leis an bhfeidhmiú ceart go gcomhaontódh níos mó ná páirtí amháin leis, nó i gcás ina bhfuil na cearta arna sealbhú ag níos mó ná páirtí amháin, cé acu atá nó nach bhfuil sásra ann lena gcuirtear ar a gcumas do na páirtithe sin, go praiticiúil, a gcearta a fheidhmiú i gcomhpháirt má roghnaíonn siad déanamh amhlaidh. Mura bhfuil sásra den sórt sin ann, is léiriú é go bhféadfadh sé nach mbeadh na cearta substainteach. Dá liacht páirtithe is gá comhaontú a dhéanamh chun na cearta a fheidhmiú, is ea is lú an dóchúlacht go bhfuil na cearta sin substainteach. Féadfaidh bord stiúrthóirí a bhfuil a chomhaltaí neamhspleách ar an gcinnteoir, áfach, a fheidhmiú mar shásra trína bhféadfaidh infheisteoirí iomadúla gníomhú i gcomhpháirt chun a gcearta a fheidhmiú. Dá bhrí sin, is dóchúla gur cearta substainteacha a bheadh i gcearta chun bainte atá infheidhmithe ag bord stiúrthóirí neamhspleách ná na cearta céanna agus iad infheidhmithe ina n-aonar ag líon mór infheisteoirí.

    (c)

    Cé acu a bheadh nó nach mbeadh an páirtí nó na páirtithe a bhfuil na cearta acu ag tairbhiú d’fheidhmiú na gceart sin. Sealbhóir ceart féideartha vótála in institiúid infheistiúcháin (féach míreanna B47–B50), mar shampla, breithneoidh sé praghas feidhmithe nó comhshó na hionstraime. Is dóchúla go mbeidh téarmaí agus coinníollacha ceart féideartha vótála substainteach i gcás ina bhfuil an ionstraim san airgead nó ina dtairbhíonn an t-infheisteoir d’fheidhmiú nó de chomhshó na hionstraime ar chúiseanna eile (e.g. de bharr sineirgí idir an t-infheisteoir agus an institiúid infheistiúcháin a réadú).

    B24

    Chun go mbeidís substainteach, caithfidh cearta a bheith infheidhmithe freisin nuair is gá cinntí a dhéanamh maidir le stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha. De ghnáth, caithfidh na cearta a bheith infheidhmithe faoi láthair chun go mbeidís substainteach. Uaireanta, áfach, féadann cearta a bheith substainteach fiú nuair nach bhfuil na cearta infheidhmithe faoi láthair.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 3

    Bíonn cruinnithe scairshealbhóirí bliantúla ag an institiúid infheistiúcháin ina ndéantar cinntí maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Beidh an chéad chruinniú scairshealbhóirí sceidealaithe eile i gceann 8 mí. Féadann scairshealbhóirí a bhfuil 5 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála acu, áfach, ina n-aonar nó i gcomhpháirt, cruinniú speisialta a ghairm chun na beartais atá ann cheana maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a athrú, ach fágann an ceanglas gur gá fógra a thabhairt do na scairshealbhóirí eile faoi nach féidir cruinniú den sórt sin a reáchtáil go ceann 30 lá ar a laghad. Ní féidir beartais maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a athrú ach amháin ag cruinnithe scairshealbhóirí speisialta nó sceidealaithe. Áirítear leis sin díolacháin ábhartha sócmhainní a fhormheas agus infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh nó a dhiúscairt.

    Tá feidhm ag an bpatrún fíoras sin thuas maidir le samplaí 3A–3D a dtugtar tuairisc orthu thíos. Breithnítear gach sampla ina aonar.

    Sampla 3A

    Tá tromlach na gceart vótála san institiúid infheistiúcháin ag infheisteoir. Tá cearta vótála an infheisteora substainteach toisc go bhfuil an t-infheisteoir in ann cinntí a dhéanamh maidir le stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha nuair is gá iad a dhéanamh. Ní bhaintear den infheisteoir, de dheasca an 30 lá sin a thógann sé sula bhféadann sé a chearta vótála a fheidhmiú, an cumas reatha atá aige na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh ón tráth a fhaigheann an t-infheisteoir an scairshealbhóireacht.

    Sampla 3B

    Tá infheisteoir ina pháirtí i gconradh réamhcheaptha chun tromlach na scaireanna san institiúid infheistiúcháin a fháil. Beidh dáta socraíochta an chonartha réamhcheaptha i gceann 25 lá. Níl na scairshealbhóirí atá ann cheana in ann na beartais atá ann cheana maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a athrú toisc nach féidir cruinniú speisialta a reáchtáil go ceann 30 lá ar a laghad, agus beidh an conradh réamhcheaptha socraithe faoin tráth sin. Dá réir sin, tá cearta vótála ag an infheisteoir atá coibhéiseach go bunúsach leo siúd atá ag an scairshealbhóir is mó i sampla 3A thuas (i.e. féadann an t-infheisteoir a bhfuil an conradh réamhcheaptha aige cinntí a dhéanamh maidir le stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha nuair is gá iad a dhéanamh). Is ceart substainteach é conradh réamhcheaptha an infheisteora lena dtugtar an cumas reatha don infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh fiú sula socrófar an conradh réamhcheaptha.

    Sampla 3C

    Tá scair-rogha shubstainteach ag infheisteoir chun tromlach na scaireanna san institiúid infheistiúcháin a fháil, ar scaireanna iad atá infheidhmithe i gceann 25 lá agus go domhain san airgead. Thiocfaí ar an gconclúid chéanna leis an gceann i sampla 3B.

    Sampla 3D

    Tá infheisteoir ina pháirtí i gconradh réamhcheaptha chun tromlach na scaireanna san institiúid infheistiúcháin a fháil, gan aon cheart gaolmhar eile ar an institiúid infheistiúcháin a bheith aige. Beidh dáta socraíochta an chonartha réamhcheaptha ann i gceann 6 mhí. I gcodarsnacht leis na samplaí thuas, níl an cumas reatha ag an infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Tá an cumas reatha ag na scairshealbhóirí atá ann cheana na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh toisc go bhféadann siad na beartais atá ann cheana maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha a athrú sula socrófar an conradh réamhcheaptha.

    B25

    Is féidir le cearta substainteacha is infheidhmithe ag páirtithe eile infheisteoir a chosc ó bheith ag rialú na hinstitiúide infheistiúcháin lena mbaineann na cearta sin. Ní cheanglaítear leis na cearta substainteacha sin go mbeidh an cumas ag na sealbhóirí cinntí a thionscnamh. Fad nach cearta cosantacha amháin a bheidh sna cearta, féadfaidh cearta substainteacha arna sealbhú ag páirtithe eile an t-infheisteoir a chosc ó bheith ag rialú na hinstitiúide infheistiúcháin fiú mura dtugtar do na sealbhóirí leis na cearta sin ach an cumas reatha cinntí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ábhartha a fhormheas nó a bhlocáil.

    Cearta cosantacha

    B26

    Agus meastóireacht á déanamh aige ar cé acu a thugann nó nach dtugann cearta cumhachtaí d’infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin, déanfaidh an t-infheisteoir measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil a chearta agus na cearta arna sealbhú ag páirtithe eile ina gcearta cosantacha. Baineann cearta cosantacha le hathruithe bunúsacha ar ghníomhaíochtaí institiúide infheistiúcháin nó tá feidhm acu in imthosca eisceachtúla. Ní cearta cosantacha iad gach ceart is infheidhme in imthosca eisceachtúla nó atá teagmhasach ar theagmhais, áfach (féach míreanna B13 agus B53).

    B27

    De bhrí go bhfuil cearta cosantacha ceaptha leasanna a sealbhóra a chosaint gan cumhachtaí ar an institiúid infheistiúcháin a mbaineann na cearta sin léi a thabhairt don pháirtí sin, ní fhéadann infheisteoir nach bhfuil ach cearta cosantacha arna sealbhú aige cumhachtaí a bheith aige ar institiúid infheistiúcháin nó cosc a chur ar pháirtí eile cumhachtaí a bheith aige (féach mír 14).

    B28

    Ar shamplaí de chearta cosantacha tá na nithe seo a leanas, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    ceart iasachtóra chun srian a chur ar iasachtaí gníomhaíochtaí a dhéanamh a d’fhéadfadh riosca mainneachtana an iasachtaí a athrú go suntasach chun aimhleas an iasachtóra.

    (b)

    ceart páirtí a bhfuil leasanna neamh-urlámhais in institiúid infheistiúcháin aige chun formheas a dhéanamh ar chaiteachas caipitil atá níos mó ná an méid is gá i ngnáthchúrsa gnó, nó chun formheas a dhéanamh ar eisiúint ionstraimí cothromais nó fiachais.

    (c)

    ceart iasachtóra sócmhainní iasachtaí a urghabháil má theipeann ar an iasachtaí coinníollacha sonraithe aisíocaíochta iasachta a chomhlíonadh.

    Saincheadúnais

    B29

    Comhaontú saincheadúnais inarb é an institiúid infheistiúcháin an saincheadúnaí, is minic a thugtar cearta leis sin don saincheadúnóir atá ceaptha branda an tsaincheadúnais a chosaint. Le comhaontuithe saincheadúnais, de ghnáth, tugtar roinnt cearta cinnteoireachta do shaincheadúnóirí i ndáil le hoibríochtaí an tsaincheadúnaí.

    B30

    Go ginearálta, ní chuireann cearta saincheadúnóirí srian ar chumas páirtithe eile seachas an saincheadúnóir cinntí a dhéanamh a bhfuil iarmhairt shuntasach acu ar thorthaí an tsaincheadúnaí. Ní gá ach oiread go dtugann cearta an tsaincheadúnóra sna comhaontuithe saincheadúnais an cumas reatha don saincheadúnóir na gníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach do thorthaí an tsaincheadúnaí a stiúradh.

    B31

    Is gá idirdhealú a dhéanamh idir an cumas reatha a bheith aige cinntí a dhéanamh a dhéanann difear suntasach do thorthaí an tsaincheadúnaí agus an cumas cinntí a dhéanamh a chosnaíonn branda an tsaincheadúnais. Níl cumhachtaí ag an saincheadúnóir ar an saincheadúnaí má tá cearta atá ann cheana ag páirtithe lena dtugtar dóibh an cumas reatha gníomhaíochtaí ábhartha an tsaincheadúnaí a stiúradh.

    B32

    Tríd an gcomhaontú saincheadúnais a dhéanamh, tá cinneadh aontaobhach déanta ag an saincheadúnaí a ghnó a oibriú i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe saincheadúnais, ach le haghaidh a chuntais féin.

    B33

    Rialú ar chinntí bunúsacha amhail foirm dhlíthiúil an tsaincheadúnaí agus a struchtúr maoiniúcháin, féadfaidh páirtithe seachas an saincheadúnóir sin a chinneadh agus d’fhéadfadh sé difear suntasach a dhéanamh do thorthaí an tsaincheadúnaí. Dá ísle an leibhéal tacaíochta airgeadais a sholáthraíonn an saincheadúnóir agus dá ísle nochtadh an tsaincheadúnóra d’athraitheacht torthaí ón saincheadúnaí, is ea is dóchúla nach bhfuil ach cearta cosantacha ag an saincheadúnóir.

    Cearta vótála

    B34

    Is minic a bhíonn an ceart reatha ag infheisteoir, trí chearta vótála nó comhchosúla, na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Breithníonn infheisteoir na ceanglais sa roinn seo (míreanna B35–B50) má dhéantar gníomhaíochtaí ábhartha institiúide infheistiúcháin a stiúradh trí chearta vótála.

    Cumhachtaí mar aon le tromlach na gceart vótála

    B35

    Infheisteoir a bhfuil níos mó ná a leath de chearta vótála institiúide infheistiúcháin aige, tá cumhachtaí aige sna cásanna seo a leanas, ach amháin má tá feidhm ag mír B36 nó mír B37:

    (a)

    déantar na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh trí vóta ó shealbhóir thromlach na gceart vótála, nó

    (b)

    déantar tromlach chomhaltaí an bhoird bainistíochta a stiúrann na gníomhaíochtaí ábhartha a cheapadh trí vóta ó shealbhóir thromlach na gceart vótála.

    Tromlach na gceart vótála ach gan cumhachtaí

    B36

    I gcás infheisteora a bhfuil níos mó ná a leath de chearta vótála institiúide infheistiúcháin aige, chun go mbeadh cumhachtaí aige ar institiúid infheistiúcháin, ní mór cearta vótála an infheisteora a bheith substainteach, i gcomhréir le míreanna B22–B25, agus ní mór dóibh an cumas reatha a thabhairt don infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh, ní a tharlóidh go minic trí bheartais oibriúcháin agus airgeadais a chinneadh. Má tá cearta atá ann cheana ag eintiteas eile lena dtugtar don eintiteas an ceart chun na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh agus mura gníomhaireacht de chuid an infheisteora é an t-eintiteas sin, níl cumhachtaí ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin.

    B37

    Níl cumhachtaí ag infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin, cé go bhfuil tromlach na gceart vótála san institiúid infheistiúcháin ag an infheisteoir, nuair nach bhfuil na cearta vótála sin substainteach. Infheisteoir a bhfuil níos mó ná a leath de na cearta vótála in institiúid infheistiúcháin aige, mar shampla, ní fhéadann cumhachtaí a bheith aige má tá na gníomhaíochtaí ábhartha faoi réir stiúradh ag rialtas, cúirt, riarthóir, faighteoir, leachtaitheoir nó rialtóir.

    Cumhachtaí gan tromlach na gceart vótála

    B38

    Féadann cumhachtaí a bheith ag infheisteoir fiú mura bhfuil tromlach ceart vótála institiúide infheistiúcháin aige. Féadann cumhachtaí a bheith ag infheisteoir nach bhfuil tromlach ceart vótála institiúide infheistiúcháin aige, mar shampla, trí bhíthin na nithe seo a leanas:

    (a)

    comhshocrú conarthach idir an t-infheisteoir agus sealbhóirí eile vóta (féach mír B39);

    (b)

    cearta a eascraíonn as comhshocruithe conarthacha eile (féach mír B40);

    (c)

    cearta vótála an infheisteora (féach míreanna B41–B45);

    (d)

    cearta féideartha vótála (féach míreanna B47–B50); nó

    (e)

    meascán de (a)–(d).

    Comhshocrú conarthach le sealbhóirí eile vóta

    B39

    Le comhshocrú conarthach idir infheisteoir agus sealbhóirí eile vóta, féadtar an ceart a thabhairt don infheisteoir cearta vótála a fheidhmiú a bheadh leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt don infheisteoir, fiú mura bhfuil cearta vótála leordhóthanacha ag an infheisteoir chun cumhachtaí a thabhairt dó gan an comhshocrú conarthach. D’fhéadfadh sé go n-áiritheofaí le comhshocrú conarthach, áfach, go bhféadann an t-infheisteoir dóthain sealbhóirí eile vóta a stiúradh maidir le conas vótáil chun é a chur ar a chumas don infheisteoir cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha.

    Cearta ó chomhshocruithe conarthacha eile

    B40

    Le cearta eile cinnteoireachta, in éineacht le cearta vótála, is féidir an cumas reatha a thabhairt d’infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. D’fhéadfadh na cearta a shonraítear i gcomhshocrú conarthach in éineacht le cearta vótála eile, mar shampla, a bheith leordhóthanach chun an cumas reatha a thabhairt d’infheisteoir próisis monaraíochta institiúide infheistiúcháin a stiúradh nó gníomhaíochtaí eile oibriúcháin nó maoiniúcháin institiúide infheistiúcháin a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin a stiúradh. In éagmais aon cheart eile, áfach, ní fhágann spleáchas eacnamaíoch institiúide infheistiúcháin ar infheisteoir (amhail caidrimh idir soláthróir agus a phríomhchustaiméir) go bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin.

    Cearta vótála an infheisteora

    B41

    Infheisteoir a bhfuil méid is lú ná tromlach na gceart vótála aige, tá cearta aige atá leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó i gcás ina bhfuil an cumas praiticiúil aige na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh go haontaobhach.

    B42

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil cearta vótála infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó, breithníonn infheisteoir na fíorais agus na himthosca uile, lena n-áirítear:

    (a)

    méid seilbhe chearta vótála an infheisteora i gcoibhneas le méid agus scaipeadh shealbha na sealbhóirí eile vóta, agus na nithe seo a leanas á dtabhairt ar aird:

    (i)

    dá liacht ceart vótála atá ag infheisteoir, is ea is dóchúla go bhfuil cearta atá ann cheana aige lena dtugtar an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh;

    (ii)

    dá liacht ceart vótála atá ag infheisteoir i gcoibhneas le sealbhóirí eile vóta, is ea is dóchúla go bhfuil cearta atá ann cheana aige lena dtugtar an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh;

    (iii)

    dá liacht páirtí ba ghá gníomhú le chéile chun an ceann is fearr a fháil ar vóta an infheisteora, is ea is dóchúla go bhfuil cearta atá ann cheana aige lena dtugtar an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh;

    (b)

    cearta féideartha vótála arna sealbhú ag an infheisteoir, sealbhóirí eile vóta nó páirtithe eile (féach míreanna B47–B50);

    (c)

    cearta a eascraíonn as comhshocruithe conarthacha eile (féach mír B40); agus

    (d)

    aon fhíoras nó aon imthoisc eile a léiríonn go bhfuil, nó nach bhfuil, an cumas reatha ag an infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh tráth is gá cinntí a dhéanamh, lena n-áirítear patrúin vótála ag cruinnithe scairshealbhóirí roimhe sin.

    B43

    I gcás ina gcinnfear stiúradh gníomhaíochtaí ábhartha trí vótáil tromlaigh agus inar mó go suntasach na cearta vótála atá ag infheisteoir ná ag aon sealbhóir eile vóta nó aon ghrúpa eagraithe sealbhóirí vóta, agus ina mbeidh na scairshealbha eile scaipthe go forleathan, d’fhéadfadh sé a bheith soiléir go bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin, tar éis na fachtóirí a liostaítear i mír B42(a)–(c) amháin a bhreithniú.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 4

    Faigheann infheisteoir 48 faoin gcéad de chearta vótála infheisteora. Tá na cearta vótála atá fágtha arna sealbhú ag na mílte scairshealbhóirí, ach níl níos mó ná 1 faoin gcéad de na cearta vótála ag aon scairshealbhóir faoi leith díobh. Níl aon chomhshocrú ag aon cheann de na scairshealbhóirí dul i gcomhairle le haon cheann de na scairshealbhóirí eile ná cinntí comhchoiteanna a dhéanamh. Nuair a bhí measúnú á dhéanamh aige ar cén cion de na cearta vótála a gheofaí, ar bhonn mhéid coibhneasta na scairshealbh eile, chinn an t-infheisteoir go mbeadh leas 48 faoin gcéad leordhóthanach chun rialú a thabhairt dó. Sa chás sin, ar bhonn mhéid coibhneasta a scairsheilbhe agus mhéid coibhneasta na scairshealbh eile, tagann an t-infheisteoir ar an gconclúid go bhfuil leas aige atá ceannasach go leordhóthanach chun an critéar cumhachta a chomhlíonadh gan gá dó aon fhianaise eile ar chumhachtaí a bhreithniú.

    Sampla 5

    Tá 40 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir A, agus tá 5 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag dhá infheisteoir déag eile an ceann. Le comhaontú scairshealbhóra, deonaítear an ceart d’infheisteoir A an bhainistíocht a bheidh freagrach as stiúradh na ngníomhaíochtaí ábhartha a cheapadh agus a bhaint agus a luach saothair a shocrú. Éilítear vóta tromlaigh dhá thrian de na scairshealbhóirí chun an comhaontú a athrú. Sa chás sin, tagann infheisteoir A ar an gconclúid nach bhfuil dearbhmhéid scairsheilbhe an infheisteora ná méid coibhneasta na scairshealbh eile dochloíte ina n-aonar chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cearta an infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó. Cinneann infheisteoir A, áfach, gur leordhóthanach an ceart conarthach atá aige an bhainistíocht a cheapadh agus a bhaint agus a luach saothair a shocrú chun teacht ar an gconclúid go bhfuil cumhachtaí aige ar an institiúid infheistiúcháin. An fíoras nár fheidhmigh infheisteoir A an ceart sin nó an dóchúlacht go bhfeidhmeoidh infheisteoir A a cheart chun an bhainistíocht a roghnú, a cheapadh nó a bhaint, ní bhreithneofar sin nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cumhachtaí ag infheisteoir A.

    B44

    I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé a bheith soiléir, tar éis na fachtóirí a liostaítear i mír B42(a)–(c) amháin a bhreithniú, nach bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir.

    Sampla den chur i bhfeidhm

    Sampla 6

    Tá 45 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir A. Tá 26 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag dhá infheisteoir eile an ceann. Na cearta vótála atá fágtha, tá siad arna sealbhú ag trí scairshealbhóir eile ag a bhfuil 1 faoin gcéad díobh an ceann. Níl aon chomhshocrú eile ann a dhéanann difear don chinnteoireacht. Sa chás sin, is leordhóthanach méid leasa vótála infheisteoir A agus a mhéid i gcoibhneas leis na scairshealbha eile chun teacht ar an gconclúid nach bhfuil cumhachtaí ag infheisteoir A. Níor ghá ach do dhá infheisteoir eile dul i gcomhar le chéile chun infheisteoir A a chosc ó bheith ag stiúradh gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide infheistiúcháin.

    B45

    D’fhéadfadh sé, áfach, nach mbeidh na fachtóirí a liostaítear i mír B42(a)–(c) amháin dochloíte. Agus na fachtóirí sin breithnithe aige, mura bhfuil sé soiléir don infheisteoir cé acu atá nó nach bhfuil cumhachtaí aige, breithneoidh sé fíorais agus imthosca breise, amhail cé acu a léiríonn nó nach léiríonn patrúin vótála ag cruinnithe scairshealbhóirí roimhe sin go bhfuil na scairshealbhóirí eile de chineál éighníomhach. Áirítear leis sin an measúnú ar na fachtóirí a leagtar amach i mír B18 agus ar na táscairí i míreanna B19 agus B20. Dá laghad ceart vótála atá ag an infheisteoir, agus dá laghad páirtí ba ghá gníomhú le chéile chun an ceann is fearr a fháil ar vóta an infheisteora, is ea is mó a bhraithfí ar na fíorais agus na himthosca breise chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cearta an infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó. Nuair a bhreithnítear na fíorais agus na himthosca i míreanna B18–B20 in éineacht le cearta an infheisteora, tabharfar ualú níos mó don fhianaise ar chumhachtaí i mír B20 ná do na táscairí cumhachta i míreanna B19 agus B20.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 7

    Tá 45 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir. Tá 5 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag aon scairshealbhóir déag eile an ceann. Níl comhshocruithe conarthacha ag aon cheann de na scairshealbhóirí dul i gcomhairle le haon cheann de na scairshealbhóirí eile ná cinntí comhchoiteanna a dhéanamh. Sa chás sin, níl dearbhmhéid scairsheilbhe an infheisteora ná méid coibhneasta na scairshealbh eile dochloíte ina n-aonar chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cearta an infheisteora leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó ar an institiúid infheistiúcháin. Breithneofar fíorais agus imthosca breise a d’fhéadfadh fianaise a sholáthar go bhfuil, nó nach bhfuil, cumhachtaí ag an infheisteoir.

    Sampla 8

    Tá 35 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir. Tá 5 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag trí scairshealbhóir eile an ceann. Na cearta vótála atá fágtha, tá siad arna sealbhú ag scairshealbhóirí iomadúla eile ach níl níos mó ná 1 faoin gcéad de na cearta vótála ag aon cheann faoi leith díobh. Níl comhshocruithe ag aon cheann de na scairshealbhóirí dul i gcomhairle le haon cheann de na scairshealbhóirí eile ná cinntí comhchoiteanna a dhéanamh. Chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide infheistiúcháin, éilítear go bhformheasfar iad trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh ag cruinnithe scairshealbhóirí ábhartha—caitheadh 75 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag cruinnithe scairshealbhóirí ábhartha le déanaí. Sa chás sin, léiríonn rannpháirtíocht ghníomhach na scairshealbhóirí eile ag cruinnithe scairshealbhóirí le déanaí nach mbeadh an cumas praiticiúil ag an infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh go haontaobhach, gan beann ar na gníomhaíochtaí ábhartha a bheith stiúrtha ag an infheisteoir i ngeall ar líon leordhóthanach scairshealbhóirí eile a bheith tar éis vóta a chaitheamh ar an mbealach céanna leis an infheisteoir.

    B46

    Mura bhfuil sé soiléir go bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir tar éis na fachtóirí a liostaítear i mír B42(a)–(d) a bhreithniú, níl cumhachtaí ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin.

    Cearta féideartha vótála

    B47

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar rialú, breithníonn infheisteoir a chearta féideartha vótála mar aon leis na cearta féideartha vótála arna sealbhú ag páirtithe eile chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cumhachtaí aige. Is éard is cearta féideartha vótála ann cearta chun cearta vótála institiúide infheistiúcháin a fháil, amhail iad siúd a eascraíonn as ionstraimí nó scair-roghanna in-chomhshóite, lena n-áirítear conarthaí réamhcheaptha. Ní bhreithnítear na cearta féideartha vótála sin ach amháin má tá na cearta substainteach (féach míreanna B22–B25).

    B48

    Nuair a bheidh cearta féideartha vótála á mbreithniú aige, breithneoidh infheisteoir cuspóir agus dearadh na hionstraime, mar aon le cuspóir agus dearadh aon bhainteacht eile atá ag an infheisteoir leis an institiúid infheistiúcháin. Áirítear leis sin measúnú ar théarmaí agus coinníollacha éagsúla na hionstraime mar aon leis na hionchais is léir a bheith ag an infheisteoir ó bheith ag comhaontú leis na téarmaí agus coinníollacha sin, agus na bunchúiseanna agus fáthanna is léir a bheith aige leis an gcomhaontú sin a dhéanamh.

    B49

    Má tá cearta vótála nó cinnteoireachta ag an infheisteoir a bhaineann le gníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin, déanann an t-infheisteoir measúnú ar cé acu a thugann nó nach dtugann na cearta sin, in éineacht le cearta féideartha vótála, cumhachtaí don infheisteoir.

    B50

    Le cearta féideartha vótála substainteacha ina n-aonar, nó in éineacht le cearta eile, is féidir an cumas reatha a thabhairt d’infheisteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Is dóchúil gurb amhlaidh an scéal nuair atá 40 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir agus, i gcomhréir le mír B23, nuair atá cearta substainteacha aige a eascraíonn as scair-roghanna chun 20 faoin gcéad eile de na cearta vótála a fháil.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 9

    Tá 70 faoin gcéad de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir A. Tá 30 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag infheisteoir B mar aon le scair-rogha chun leath de chearta vótála infheisteoir A a fháil. Tá an scair-rogha infheidhmithe ar feadh an chéad 2 bhliain eile ar phraghas seasta atá go domhain as an airgead (agus a bhfuil coinne leis go bhfanfaidh sé mar sin ar feadh na tréimhse 2 bhliain sin). Bíonn infheisteoir A ag feidhmiú a vótaí agus tá gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide infheistiúcháin á stiúradh go gníomhach aige. I gcás den sórt sin, is dóchúil go gcomhlíonfaidh infheisteoir A an critéar cumhachta mar is cosúil go bhfuil an cumas reatha aige na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh. Cé go bhfuil scair-roghanna ag infheisteoir B is féidir a fheidhmiú faoi láthair chun cearta vótála breise a cheannach (a thabharfadh tromlach na gceart vótála san institiúid infheistiúcháin dó dá bhfeidhmeofaí iad), tá na téarmaí agus coinníollacha atá bainteach leis na scair-roghanna sin i riocht agus nach mbreithnítear go bhfuil siad substainteach.

    Sampla 10

    Tá aon trian de chearta vótála institiúide infheistiúcháin ag infheisteoir A agus dhá infheisteoir eile an ceann. Baineann gníomhaíocht ghnó na hinstitiúide infheistiúcháin go dlúth le hinfheisteoir A. I dteannta na n-ionstraimí cothromais atá aige, tá ionstraimí fiachais ag infheisteoir A freisin atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna san institiúid infheistiúcháin tráth ar bith ar phraghas seasta atá as an airgead (ach gan bheith go domhain as an airgead). Dá ndéanfaí an fiachas a chomhshó, bheadh 60 faoin gcéad de chearta vótála na hinstitiúide infheistiúcháin ag infheisteoir A. Thairbheodh infheisteoir A de réadú sineirgí dá gcomhshófaí na hionstraimí fiachais ina ngnáthscaireanna. Tá cumhachtaí ag infheisteoir A ar an institiúid infheistiúcháin toisc go bhfuil cearta vótála de chuid na hinstitiúide infheistiúcháin aige in éineacht le cearta féideartha vótála lena dtugtar an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    Cumhachtaí i gcás nach bhfuil iarmhairt shuntasach ag cearta vótála nó cearta comhchosúla ar thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin

    B51

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar chuspóir agus dearadh institiúide infheistiúcháin (féach míreanna B5–B8), breithneoidh infheisteoir an bhainteacht leis an institiúid infheistiúcháin agus na cinntí a rinneadh tráth a tionscanta mar chuid dá dearadh, agus déanfaidh sé meastóireacht ar cé acu a thugann nó nach dtugann téarmaí an idirbhirt agus gnéithe na bainteachta cearta don infheisteoir atá leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó. Níl bainteacht le dearadh institiúide infheistiúcháin agus sin amháin leordhóthanach chun rialú a thabhairt don infheisteoir. D’fhéadfadh bainteacht leis an dearadh a léiriú, áfach, go raibh deis ag an infheisteoir cearta a fháil a bheadh leordhóthanach chun cumhachtaí ar an institiúid infheistiúcháin a thabhairt dó.

    B52

    Ina theannta sin, breithneoidh infheisteoir comhshocruithe conarthacha amhail cearta ceannaigh, cearta díola agus cearta leachtaithe arna leagan síos tráth tionscanta na hinstitiúide infheistiúcháin. I gcás ina mbainfidh na comhshocruithe conarthacha sin le gníomhaíochtaí a bhaineann go dlúth leis an institiúid infheistiúcháin, is dlúthchuid de ghníomhaíochtaí foriomlána na hinstitiúide infheistiúcháin iad na gníomhaíochtaí sin, ó thaobh substainte de, cé go bhféadfaidh siad tarlú lasmuigh de theorainneacha dlíthiúla na hinstitiúide infheistiúcháin. Is gá a bhreithniú dá bhrí sin, agus cumhachtaí ar an institiúid infheistiúcháin á gcinneadh, gur gníomhaíochtaí ábhartha iad cearta cinnteoireachta sainráite nó intuigthe atá leabaithe i gcomhshocruithe conarthacha a bhaineann go dlúth leis an institiúid infheistiúcháin.

    B53

    I gcás roinnt institiúidí infheistiúcháin, ní tharlaíonn gníomhaíochtaí ábhartha ach amháin nuair a thagann imthosca áirithe chun cinn nó a tharlaíonn teagmhais áirithe. D’fhéadfaí an institiúid infheistiúcháin a dhearadh ionas go mbeidh stiúradh a gníomhaíochtaí agus a torthaí réamhchinntithe, ach amháin má thagann na himthosca áirithe sin chun cinn nó má tharlaíonn na teagmhais áirithe sin agus go dtí go dtagann nó go dtarlaíonn. Sa chás sin, na cinntí maidir le gníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin a dhéantar tráth a tharlaíonn na himthosca nó teagmhais sin, is iad amháin is féidir difear suntasach a dhéanamh dá torthaí agus a bheith ina ngníomhaíochtaí ábhartha dá réir. Ní gá go mbeadh na himthosca nó teagmhais tar éis tarlú chun go mbeadh cumhachtaí ag infheisteoir a bhfuil an cumas aige na cinntí sin a dhéanamh. An ceart chun cinntí a dhéanamh a bheith teagmhasach ar imthosca a thagann chun cinn nó ar theagmhas a tharlaíonn, ní fhágann sin, ann féin, gur cearta cosantacha sin.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 11

    Is é an t-aon ghníomhaíocht ghnó amháin atá ag institiúid infheistiúcháin, mar a shonraítear ina doiciméid bhunaitheacha, earraí infhaighte a cheannach agus iad a sheirbhísiú le haghaidh a hinfheisteoirí ó lá go lá. Leis an seirbhísiú ó lá go lá, áirítear íocaíochtaí príomhshuime agus úis a bhailiú agus a chur ar aghaidh mar a thagann siad chun bheith dlite. Ar mhainneachtain earra infhaighte, díolann an institiúid infheistiúcháin an earra infhaighte le hinfheisteoir go huathoibríoch mar a chomhaontaítear ar leithligh i gcomhaontú díola idir an t-infheisteoir agus an institiúid infheistiúcháin. An t-aon ghníomhaíocht ábhartha amháin is ea na hearraí infhaighte a bhainistiú ar mainneachtain toisc gurb é sin an t-aon ghníomhaíocht amháin a fhéadann difear suntasach a dhéanamh do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin. Ní gníomhaíocht ábhartha é bainistiú na n-earraí infhaighte roimh mhainneachtain toisc nach n-éilítear leis go ndéanfaí cinntí substainteacha a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin—déantar na gníomhaíochtaí roimh mhainneachtain a réamhchinneadh agus níl iontu ach sreabhadh airgid a bhailiú mar a thagann sé chun bheith dlite agus é a chur ar aghaidh chuig infheisteoirí. Dá bhrí sin, níor cheart ach ceart an infheisteora chun na sócmhainní a bhainistiú ar mainneachtain a bhreithniú agus measúnú á dhéanamh ar na gníomhaíochtaí foriomlána de chuid na hinstitiúide infheistiúcháin a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin. Sa sampla seo, áirithítear le dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin go bhfuil údarás cinnteoireachta ag an infheisteoir ar na gníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach do na torthaí, an t-aon tráth amháin a bhfuil gá leis an údarás cinnteoireachta sin. Is dlúthchuid den idirbheart foriomlán agus de bhunaíocht na hinstitiúide infheistiúcháin iad téarmaí an chomhaontaithe díola. Dá bhrí sin, de bharr théarmaí an chomhaontaithe díola in éineacht le doiciméid bhunaitheacha na hinstitiúide infheistiúcháin, tagtar ar an gconclúid go bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir ar an institiúid infheistiúcháin fiú agus nach nglacann an t-infheisteoir úinéireacht ar na hearraí infhaighte ach ar mainneachtain agus go ndéanann sé bainistíocht ar na hearraí infhaighte mainnithe lasmuigh de theorainneacha dlíthiúla na hinstitiúide infheistiúcháin.

    Sampla 12

    Níl de shócmhainní ag institiúid infheistiúcháin ach earraí infhaighte. Nuair a bhreithnítear cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin, cinntear gurb é an t-aon ghníomhaíocht ábhartha amháin é na hearraí infhaighte a bhainistiú ar mainneachtain. An páirtí a bhfuil an cumas aige na hearraí infhaighte mainnithe a bhainistiú, tá cumhachtaí aige ar an institiúid infheistiúcháin, gan beann ar cé acu a mhainnigh nó nár mhainnigh aon cheann de na hiasachtaithe.

    B54

    D’fhéadfadh infheisteoir a bheith faoi ghealltanas sainráite nó intuigthe chun a áirithiú go leanfaidh institiúid infheistiúcháin de bheith ag oibriú mar a dearadh í. D’fhéadfadh gealltanas den sórt sin méadú ar nochtadh an infheisteora d’athraitheacht torthaí agus, dá réir sin, ar an dreasacht atá ag an infheisteoir cearta a fháil a bheadh leordhóthanach chun cumhachtaí a thabhairt dó. Gealltanas chun a áirithiú go n-oibríonn institiúid infheistiúcháin mar a dearadh í, d’fhéadfadh sé dá bhrí sin a bheith ina tháscaire go bhfuil cumhachtaí ag an infheisteoir ach ní thugann sé, ann féin, cumhachtaí d’infheisteoir ná ní chuireann sé cosc ar chumhachtaí a bheith ag páirtí eile.

    Nochtadh do thorthaí athraitheacha ó institiúid infheistiúcháin, nó cearta ina leith

    B55

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil rialú ag infheisteoir ar institiúid infheistiúcháin, cinneann an t-infheisteoir cé acu atá nó nach bhfuil sé nochta do thorthaí athraitheacha de dhroim a bhainteachta leis an institiúid infheistiúcháin, nó cé acu atá nó nach bhfuil cearta aige ina leith.

    B56

    Is éard is torthaí athraitheacha ann torthaí nach bhfuil seasta agus a d’fhéadfadh athrú mar thoradh ar fheidhmíocht institiúide infheistiúcháin. Féadann torthaí athraitheacha a bheith dearfach amháin, diúltach amháin nó ina meascán de thorthaí dearfacha agus diúltacha (féach mír 15). Déanann infheisteoir measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil torthaí ó institiúid infheistiúcháin athraitheach agus an méid a athraíonn na torthaí sin ar bhonn shubstaint an chomhaontaithe agus gan beann ar fhoirm dhlíthiúil na dtorthaí. Is féidir, mar shampla, banna a bhfuil íocaíochtaí úis sheasta aige a bheith ag infheisteoir. Is torthaí athraitheacha iad na híocaíochtaí úis sheasta sin chun críocha an IFRS seo toisc go bhfuil siad faoi réir riosca mainneachtana agus go nochtann siad an t-infheisteoir do riosca mainneachtana eisitheoir an bhanna. Braitheann an méid athraitheachta (i.e. an méid a athraíonn na torthaí sin) ar riosca mainneachtana an bhanna. Ar an gcuma chéanna, is torthaí athraitheacha iad táillí feidhmíochta seasta as bainistíocht a dhéanamh ar shócmhainní institiúide infheistiúcháin toisc go nochtann siad an t-infheisteoir do riosca feidhmíochta na hinstitiúide infheistiúcháin. Braitheann an méid athraitheachta ar chumas na hinstitiúide infheistiúcháin ioncam leordhóthanach a ghiniúint chun an táille a íoc.

    B57

    Áirítear na nithe seo a leanas ar shamplaí de thorthaí:

    (a)

    díbhinní, dáileacháin tairbhí eacnamaíocha eile as institiúid infheistiúcháin (e.g. ús as urrúis fiachais arna n-eisiúint ag an institiúid infheistiúcháin) agus athruithe ar luach infheistíocht an infheisteora san institiúid infheistiúcháin sin.

    (b)

    luach saothair as sócmhainní nó dliteanais institiúide infheistiúcháin a sheirbhísiú, táillí as tacaíocht creidmheasa nó leachtaithe a sholáthar agus nochtadh do chaillteanas dá dheasca, leasanna iarmharacha i sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide infheistiúcháin ar leachtú na hinstitiúide infheistiúcháin sin, sochair chánach, agus rochtain ar leachtacht amach anseo atá ag infheisteoir de bharr a bhainteachta leis an institiúid infheistiúcháin.

    (c)

    torthaí nach bhfuil ar fáil do shealbhóirí eile leasa. D’fhéadadh infheisteoir a shócmhainní a úsáid in éineacht le sócmhainní na hinstitiúide infheistiúcháin, mar shampla, amhail feidhmeanna oibriúcháin a thabhairt le chéile chun barainneachtaí scála agus coigilteas costais a bhaint amach, táirgí ganna a fhoinsiú, rochtain a fháil ar shaineolas dílseánaigh nó teorainn a chur le roinnt oibríochtaí nó sócmhainní chun breis a chur le luach shócmhainní eile an infheisteora.

    An nasc idir cumhacht agus torthaí

    Cumhachtaí tarmligthe

    B58

    Nuair a dhéanfaidh infheisteoir a bhfuil cearta cinnteoireachta aige (cinnteoir) measúnú ar cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé institiúid infheistiúcháin, cinnfidh sé an bhfuil sé ina phríomhaí nó ina ghníomhaire. Cinnfidh infheisteoir freisin an bhfuil eintiteas eile a bhfuil cearta cinnteoireachta aige ag gníomhú mar ghníomhaire ar son an infheisteora. Is éard is gníomhaire ann páirtí a fhostaítear go príomha chun gníomhú thar ceann agus chun leasa páirtí nó páirtithe eile (an príomhaí (na príomhaithe)) agus nach rialaíonn, dá bhrí sin, an institiúid infheistiúcháin nuair a fheidhmíonn sé a údarás cinnteoireachta (féach míreanna 17 agus 18). Dá réir sin, d’fhéadfadh cumhachtaí príomhaí a bheith arna sealbhú agus infheidhmithe ag gníomhaire, ach thar ceann an phríomhaí. Ní gníomhaire é cinnteoir díreach toisc go bhféadann páirtithe eile tairbhiú de na cinntí a dhéanann sé.

    B59

    Féadfaidh infheisteoir a údarás cinnteoireachta a tharmligean chuig gníomhaire maidir le roinnt saincheisteanna sonracha nó maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha uile. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé institiúid infheistiúcháin, caithfidh an t-infheisteoir leis na cearta cinnteoireachta arna dtarmligean chuig a ghníomhaire mar chearta arna sealbhú ag an infheisteoir go díreach. I gcásanna ina bhfuil níos mó ná príomhaí amháin, déanfaidh gach ceann de na príomhaithe measúnú ar cé atá nó nach bhfuil cumhachtaí aige ar an institiúid infheistiúcháin trí na ceanglais i míreanna B5–B54 a bhreithniú. Le míreanna B60–B72 tugtar treoraíocht maidir lena chinneadh an bhfuil cinnteoir ina ghníomhaire nó ina phríomhaí.

    B60

    Breithneoidh cinnteoir an ghaolmhaireacht fhoriomlán idir é féin, an institiúid infheistiúcháin atá sé a bhainistiú agus páirtithe eile a bhaineann leis an institiúid infheistiúcháin, go háirithe na fachtóirí uile thíos, agus é á chinneadh an bhfuil sé ina ghníomhaire:

    (a)

    raon feidhme a údaráis cinnteoireachta ar an institiúid infheistiúcháin (míreanna B62 agus B63).

    (b)

    na cearta arna sealbhú ag páirtithe eile (míreanna B64–B67).

    (c)

    an luach saothair a bhfuil sé ina theideal i gcomhréir leis an gcomhaontú (na comhaontuithe) pá (míreanna B68–B70).

    (d)

    nochtadh an chinnteora d’athraitheacht torthaí ó leasanna eile atá aige san institiúid infheistiúcháin (míreanna B71 agus B72).

    Cuirfear ualúcháin éagsúla i bhfeidhm ar gach ceann de na fachtóirí ar bhonn fíorais agus imthosca áirithe.

    B61

    Chun a chinneadh an bhfuil cinnteoir ina ghníomhaire, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na fachtóirí uile a liostaítear i mír B60 ach amháin má tá cearta substainteacha ag páirtí aonair chun an cinnteoir a bhaint (cearta chun bainte) agus más féidir leis an bpáirtí sin an cinnteoir a bhaint gan chúis (féach mír B65).

    Raon feidhme an údaráis cinnteoireachta

    B62

    Déantar meastóireacht ar raon feidhme an údaráis cinnteoireachta atá ag cinnteoir trí na nithe seo a leanas a bhreithniú:

    (a)

    na gníomhaíochtaí a cheadaítear de réir an chomhaontaithe (na gcomhaontuithe) cinnteoireachta agus a shonraítear le dlí, agus

    (b)

    an discréid atá ag an gcinnteoir agus cinntí á ndéanamh aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

    B63

    Breithneoidh cinnteoir cuspóir agus dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin, na rioscaí a bhfuil an institiúid infheistiúcháin ceaptha a bheith nochta dóibh, na rioscaí a bhfuil sí ceaptha a chur ar aghaidh chuig páirtithe lena mbaineann agus an leibhéal bainteachta a bhí ag an gcinnteoir i ndearadh na hinstitiúide infheistiúcháin. Má tá baint shuntasach ag cinnteoir le dearadh na hinstitiúide infheistiúcháin (lena n-áirítear le cinneadh raon feidhme an údaráis cinnteoireachta), mar shampla, d’fhéadfadh an bhainteacht sin a léiriú go raibh deis agus dreasacht ag an gcinnteoir cearta a fháil lena dtugtar an cumas don chinnteoir na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    Cearta arna sealbhú ag páirtithe eile

    B64

    D’fhéadfadh cearta substainteacha arna sealbhú ag páirtithe eile difear a dhéanamh do chumas an chinnteora gníomhaíochtaí ábhartha institiúide infheistiúcháin a stiúradh. D’fhéadfadh cearta substainteacha chun bainte nó cearta substainteacha eile a léiriú go bhfuil an cinnteoir ina ghníomhaire.

    B65

    I gcás ina mbeidh cearta substainteacha chun bainte ag páirtí aonair agus inar féidir leis an bpáirtí sin an cinnteoir a bhaint gan chúis, tá sé sin, ann féin, leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid go bhfuil an cinnteoir ina ghníomhaire. Má tá cearta den sórt sin ag níos mó ná páirtí amháin (agus mura féidir le haon pháirtí aonair an cinnteoir a bhaint gan comhaontú na bpáirtithe eile), níl na cearta sin, iontu féin, dochloíte chun a chinneadh go ngníomhaíonn cinnteoir go príomha thar ceann agus chun leasa páirtithe eile. Ina theannta sin, dá liacht páirtí is gá gníomhú le chéile chun cearta bainte cinnteora a fheidhmiú agus dá mhéad iad na leasanna eacnamaíocha eile atá ag an gcinnteoir (i.e. luach saothair agus leasanna eile) agus an athraitheacht atá bainteach leo, is ea is lú an t-ualú a chuirfear ar an bhfachtóir sin.

    B66

    Cearta substainteacha arna sealbhú ag páirtithe eile lena gcuirtear srian ar dhiscréid cinnteora, breithneofar iad ar bhealach comhchosúil leis an mbealach a mbreithnítear cearta chun bainte nuair a dhéantar measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil cinnteoir ina ghníomhaire. Is gníomhaire go ginearálta é cinnteoir a n-éilítear air formheas a fháil le haghaidh a ghníomhaíochtaí ó líon beag páirtithe eile, mar shampla. (Féach míreanna B22–B25 chun treoraíocht bhreise a fháil maidir le cearta agus cé acu atá nó nach bhfuil siad substainteach.)

    B67

    Sa bhreithniú ar chearta arna sealbhú ag páirtithe eile áireofar measúnú ar aon cheart atá infheidhmithe ag bord stiúrthóirí (nó bord bainistíochta eile) institiúide infheistiúcháin agus an iarmhairt atá aige sin ar an údarás cinnteoireachta (féach mír B23(b)).

    Luach saothair

    B68

    Dá mhéad é luach saothair an chinnteora, agus an athraitheacht atá bainteach leis, i gcoibhneas leis na torthaí a bhfuil coinne leo ó ghníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin, is ea is dóchúla go bhfuil an cinnteoir ina phríomhaí.

    B69

    Agus é á chinneadh cé acu príomhaí nó gníomhaire é féin, breithneoidh cinnteoir freisin cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann:

    (a)

    Tá luach saothair an chinnteora comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear.

    (b)

    Ní áirítear sa chomhaontú luach saothair ach téarmaí, coinníollacha nó méideanna arb ann dóibh de ghnáth i gcomhaontuithe maidir le seirbhísí comhchosúla agus leibhéal scileanna arna chaibidliú ar neamhthuilleamaí.

    B70

    Ní fhéadfaidh cinnteoir a bheith ina ghníomhaire murab ann do na coinníollacha a leagtar amach i mír B69(a) agus (b). Níl comhlíonadh na gcoinníollacha sin ann féin, áfach, leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid go bhfuil cinnteoir ina ghníomhaire.

    Nochtadh d’athraitheacht torthaí ó leasanna eile

    B71

    Cinnteoir a bhfuil leasanna eile aige in institiúid infheistiúcháin (e.g. infheistíochtaí san institiúid infheistiúcháin nó leasanna a sholáthraíonn ráthaíochtaí i ndáil le feidhmíocht na hinstitiúide infheistiúcháin), breithneoidh sé a nochtadh d’athraitheacht torthaí ó na leasanna sin agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil sé ina ghníomhaire. Má tá leasanna eile ag cinnteoir in institiúid infheistiúcháin, léiríonn sin go bhféadfadh an cinnteoir a bheith ina phríomhaí.

    B72

    Agus meastóireacht á déanamh aige ar a nochtadh d’athraitheacht torthaí ó leasanna eile san institiúid infheistiúcháin, breithneoidh cinnteoir na nithe seo a leanas:

    (a)

    dá mhéad iad leasanna eacnamaíocha an chinnteora, agus an athraitheacht atá bainteach leo, i bhfianaise a luach saothair agus a leasanna eile ar bhonn comhiomlán, is ea is dóchúla go bhfuil an cinnteoir ina phríomhaí.

    (b)

    cé acu atá nó nach bhfuil a nochtadh d’athraitheacht torthaí éagsúil le nochtadh infheisteoirí eile agus, má tá, an bhféadfadh tionchar a bheith aige sin ar a ghníomhaíochtaí. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina mbeidh leasanna fo-ordaithe ag cinnteoir in institiúid infheistiúcháin nó ina soláthróidh sé foirmeacha eile feabhsaithe creidmheasa di.

    Déanfaidh an cinnteoir meastóireacht ar a nochtadh i gcoibhneas le hathraitheacht torthaí iomlán na hinstitiúide infheistiúcháin. Déantar an mheastóireacht sin go príomha ar bhonn torthaí a bhfuil coinne leo ó ghníomhaíochtaí na hinstitiúide infheistiúcháin, ach ní dhéanfar neamhaird inti ar nochtadh uasta an chinnteora d’athraitheacht torthaí na hinstitiúide infheistiúcháin trí leasanna eile atá ag an gcinnteoir.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 13

    Bunaíonn cinnteoir (bainisteoir cistí) ciste rialáilte liostaithe agus déanann sé margaíocht agus bainistíocht air de réir paraiméadair chúngshainithe a leagtar amach sa sainordú infheistíochta mar a éilítear leis na dlíthe agus rialacháin áitiúla a bhfuil sé faoina réir. Margaíodh an ciste le hinfheisteoirí mar infheistíocht i bpunann éagsúlaithe urrús cothromais d’eintitis liostaithe. Laistigh de na paraiméadair shainithe, tá discréid ag an mbainisteoir cistí maidir leis na sócmhainní a ndéanfar infheistíocht iontu. Tá infheistíocht pro rata 10 faoin gcéad déanta ag an mbainisteoir cistí sa chiste agus faigheann sé táille mhargadhbhunaithe as a sheirbhísí atá cothrom le 1 faoin gcéad de ghlanluach sócmhainní an chiste. Tá na táillí comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear. Níl aon oibleagáid ar an mbainisteoir cistí na caillteanais a chistiú de bhreis ar an infheistíocht 10 faoin gcéad atá aige. Ní éilítear ar an gciste bord stiúrthóirí neamhspleách a bhunú, agus níor bunaíodh. Níl aon cheart substainteach ag na hinfheisteoirí a dhéanfadh difear d’údarás cinnteoireachta an bhainisteora cistí, ach féadann siad a leasanna a fhuascailt laistigh de na teorainneacha áirithe a leagtar síos leis an gciste.

    Cé go bhfuil an bainisteoir cistí ag oibriú laistigh de na paraiméadair a leagtar amach sa sainordú infheistíochta agus i gcomhréir leis na ceanglais rialála, tá cearta cinnteoireachta aige lena dtugtar an cumas reatha dó gníomhaíochtaí ábhartha an chiste a stiúradh—níl cearta substainteacha ag na hinfheisteoirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’údarás cinnteoireachta an bhainisteora cistí. Faigheann an bainisteoir cistí táille mhargadhbhunaithe as a sheirbhísí atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear agus tá infheistíocht pro rata déanta aige sa chiste freisin. Leis an luach saothair agus lena infheistíocht, nochtar an bainisteoir cistí d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste, gan nochtadh a chruthú atá chomh suntasach sin go léiríonn sé go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí.

    Sa sampla seo, léirítear leis an mbreithniú ar nochtadh an bhainisteora cistí d’athraitheacht torthaí ón gciste in éineacht leis an údarás cinnteoireachta atá aige laistigh de pharaiméadair shrianta go bhfuil an bainisteoir cistí ina ghníomhaire. Dá réir sin, tagann an bainisteoir cistí ar an gconclúid nach rialaíonn sé an ciste.

    Sampla 14

    Bunaíonn cinnteoir ciste a sholáthraíonn deiseanna infheistíochta do roinnt infheisteoirí agus déanann sé margaíocht agus bainistíocht air. Ní mór don chinnteoir (an bainisteoir cistí) cinntí a dhéanamh chun sárleasa na n-infheisteoirí uile agus i gcomhréir leis na comhaontuithe lena rialaítear an ciste. Mar sin féin, is mór an discréid chinnteoireachta atá ag an mbainisteoir cistí. Faigheann an bainisteoir cistí táille mhargadhbhunaithe as a sheirbhísí atá cothrom le 1 faoin gcéad de na sócmhainní faoi bhainistíocht agus 20 faoin gcéad de bhrabúis uile an chiste má bhaintear leibhéal sonraithe brabúis amach. Tá na táillí comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear.

    Cé nach mór dó cinntí a dhéanamh chun sárleasa na n-infheisteoirí uile, is forleathan an t-údarás cinnteoireachta atá ag an mbainisteoir cistí chun gníomhaíochtaí ábhartha an chiste a stiúradh. Íoctar leis an mbainisteoir cistí táillí seasta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear. Ina theannta sin, leis an luach saothair cuirtear leasanna an bhainisteora cistí ar chomhréim le leasanna na n-infheisteoirí eile chun luach an chiste a mhéadú, gan nochtadh a chruthú d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste atá chomh suntasach sin go léiríonn sé, nuair a bhreithnítear ann féin é, go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí.

    Tá feidhm ag an bpatrún fíorais agus anailíse thuas maidir le samplaí 14A–14C a dtugtar tuairisc orthu thíos. Breithnítear gach sampla ina aonar.

    Sampla 14A

    Ag an mbainisteoir cistí freisin tá infheistíocht 2 faoin gcéad sa chiste lena gcuirtear a leasanna ar chomhréim le leasanna na n-infheisteoirí eile. Níl aon oibleagáid ar an mbainisteoir cistí na caillteanais a chistiú de bhreis ar an infheistíocht 2 faoin gcéad atá aige. Féadann na hinfheisteoirí an bainisteoir cistí a bhaint trí bhíthin vóta tromlaigh, ach ní féidir sin ach amháin i gcás sárú ar chonradh.

    Déanann infheistíocht 2 faoin gcéad an bhainisteora cistí méadú ar a nochtadh d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste, gan nochtadh a chruthú atá chomh suntasach sin go léiríonn sé go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí. Breithnítear cearta infheisteoirí eile chun an bainisteoir cistí a bhaint a bheith ina gcearta cosantacha toisc nach bhfuil siad infheidhmithe ach amháin i gcás sárú ar chonradh. Sa sampla seo, cé go bhfuil údarás cinnteoireachta forleathan ag an mbainisteoir cistí agus go bhfuil sé nochta d’athraitheacht torthaí óna leas agus óna luach saothair, léiríonn nochtadh an bhainisteora cistí go bhfuil sé ina ghníomhaire. Dá réir sin, tagann an bainisteoir cistí ar an gconclúid nach rialaíonn sé an ciste.

    Sampla 14B

    Tá infheistíocht pro rata níos substaintiúla ag an mbainisteoir cistí sa chiste, ach níl aon oibleagáid air caillteanais a chistiú de bhreis ar an infheistíocht sin. Féadann na hinfheisteoirí an bainisteoir cistí a bhaint trí bhíthin vóta tromlaigh, ach ní féidir sin ach amháin i gcás sárú ar chonradh.

    Sa sampla sin, breithnítear cearta infheisteoirí eile chun an bainisteoir cistí a bhaint a bheith ina gcearta cosantacha toisc nach bhfuil siad infheidhmithe ach amháin i gcás sárú ar chonradh. Cé go n-íoctar leis an mbainisteoir cistí táillí seasta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear, d’fhéadfadh infheistíocht an bhainisteora cistí in éineacht lena luach saothair nochtadh d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste a chruthú atá chomh suntasach sin go léiríonn sé go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí. Dá mhéad iad leasanna eacnamaíocha an bhainisteora cistí, agus an athraitheacht atá bainteach leo (i bhfianaise a luach saothair agus a leasanna eile ar bhonn comhiomlán), is ea is mó a chuirfeadh an bainisteoir cistí na leasanna eacnamaíocha sin i dtábhacht san anailís agus is dóchúla go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí.

    Agus breithniú déanta aige ar a luach saothair agus fachtóirí eile, b’fhéidir go mbreithneodh bainisteoir cistí, mar shampla, go bhfuil infheistíocht 20 faoin gcéad leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid go rialaíonn sé an ciste. In imthosca éagsúla áfach (i.e. más éagsúil an luach saothair nó na fachtóirí eile), d’fhéadfadh rialú teacht chun cinn i gcás leibhéal éagsúil infheistíochta.

    Sampla 14C

    Tá infheistíocht pro rata 20 faoin gcéad ag an mbainisteoir cistí sa chiste, ach níl aon oibleagáid air caillteanais a chistiú de bhreis ar an infheistíocht 20 faoin gcéad atá aige. Tá bord stiúrthóirí ag an gciste a bhfuil a chomhaltaí uile neamhspleách ar an mbainisteoir cistí agus arna gceapadh ag na hinfheisteoirí eile. Ceapann an bord an bainisteoir cistí go bliantúil. Dá ndéanfadh an bord an cinneadh gan conradh an bhainisteora cistí a athnuachan, d’fhéadfadh bainisteoirí eile sa tionscail na seirbhísí a rinne an bainisteoir cistí a dhéanamh.

    Cé go n-íoctar leis an mbainisteoir cistí táillí seasta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear, fágann infheistíocht 20 faoin gcéad an bhainisteora cistí in éineacht lena luach saothair go bhfuil sé nochta d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste atá chomh suntasach sin go léiríonn sé go bhfuil an bainisteoir cistí ina phríomhaí. Tá cearta substainteacha ag na hinfheisteoirí chun an bainisteoir cistí a bhaint, áfach—soláthraíonn an bord stiúrthóirí sásra chun a áirithiú go bhféadann na hinfheisteoirí an bainisteoir cistí a bhaint má chinneann siad déanamh amhlaidh.

    Sa sampla seo, is mó a chuireann an bainisteoir cistí na cearta substainteacha chun bainte i dtábhacht san anailís. Dá réir sin, cé go bhfuil údarás cinnteoireachta forleathan ag an mbainisteoir cistí agus go bhfuil sé nochta d’athraitheacht torthaí an chiste óna luach saothair agus óna infheistíocht, léiríonn na cearta substainteacha arna sealbhú ag na hinfheisteoirí eile go bhfuil an bainisteoir cistí ina ghníomhaire. Dá réir sin, tagann an bainisteoir cistí ar an gconclúid nach rialaíonn sé an ciste.

    Sampla 15

    Cruthaítear institiúid infheistiúcháin chun punann urrús de bhun sócmhainní ar ráta seasta úis a cheannach, arna chistiú ag ionstraimí fiachais agus ionstraimí cothromais ar ráta seasta úis. Tá na hionstraimí cothromais ceaptha cosaint céadchaillteanais a sholáthar do na hinfheisteoirí fiachais agus aon toradh iarmharach de chuid na hinstitiúide infheistiúcháin a fháil. Rinneadh an t-idirbheart a mhargú le hinfheisteoirí féideartha fiachais mar infheistíocht i bpunann urrús de bhun sócmhainní a bhfuil nochtadh aici don riosca mainneachtana atá bainteach le mainneachtain fhéideartha na n-eisitheoirí urrús de bhun sócmhainní sa phunann agus do riosca an ráta úis atá bainteach le bainistiú na punainne. Ar fhoirmiú na n-ionstraimí cothromais, is é atá iontu 10 faoin gcéad de luach na sócmhainní a ceannaíodh. Déanann cinnteoir (an bainisteoir sócmhainní) bainistíocht ar phunann sócmhainní gníomhacha trí chinntí infheistíochta a dhéanamh laistigh de na paraiméadair a leagtar amach i réamheolaire na hinstitiúide infheistiúcháin. As na seirbhísí sin, faigheann an bainisteoir sócmhainní táille sheasta mhargadhbhunaithe (i.e. 1 faoin gcéad de na sócmhainní faoi bhainistíocht) agus táillí a bhaineann le feidhmíocht (i.e. 10 faoin gcéad de bhrabúis) má bhíonn brabúis na hinstitiúide infheistiúcháin níos mó ná leibhéal sonraithe. Tá na táillí comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear. Tá 35 faoin gcéad den chothromas san institiúid infheistiúcháin ag an mbainisteoir sócmhainní.

    Tá an 65 faoin gcéad den chothromas atá fágtha, agus na hionstraimí fiachais uile, arna sealbhú ag líon mór infheisteoirí tríú páirtí neamhghaolmhara atá scaipthe go forleathan. Is féidir an bainisteoir sócmhainní a bhaint trí chinneadh a dhéanann na hinfheisteoirí eile le tromlach simplí.

    Íoctar leis an mbainisteoir sócmhainní táillí seasta agus táillí a bhaineann le feidhmíocht atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear. Leis an luach saothair, cuirtear leasanna an bhainisteora cistí ar chomhréim le leasanna na n-infheisteoirí eile chun luach an chiste a mhéadú. Tá an bainisteoir sócmhainní nochta d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chiste toisc go bhfuil 35 faoin gcéad den chothromas aige agus óna luach saothair.

    Cé go n-oibríonn an bainisteoir sócmhainní laistigh de na paraiméadair a leagtar amach i réamheolaire na hinstitiúide infheistiúcháin, tá an cumas reatha aige cinntí infheistíochta a dhéanamh a dhéanann difear suntasach do thorthaí na hinstitiúide infheistiúcháin—is beag an t-ualú a chuirtear san anailís ar chearta na n-infheisteoirí eile chun bainte toisc go bhfuil na cearta sin arna sealbhú ag líon mór infheisteoirí atá scaipthe go forleathan. An nochtadh atá ag an mbainisteoir sócmhainní d’athraitheacht torthaí an chiste óna ús cothromais, atá fo-ordaithe do na hionstraimí fiachais, is mó a chuireann sé an nochtadh sin i dtábhacht sa sampla seo. Ó tharla go bhfuil 35 faoin gcéad den chothromas aige, tá nochtadh fo-ordaithe aige do chaillteanais agus do chearta chun torthaí na hinstitiúide infheistiúcháin, atá chomh suntasach sin go léiríonn sé go bhfuil an bainisteoir sócmhainní ina phríomhaí. Dá réir sin, tagann an bainisteoir sócmhainní ar an gconclúid go rialaíonn sé an institiúid infheistiúcháin.

    Sampla 16

    Déanann cinnteoir (an t-urraitheoir) urraíocht ar chainéal ildíoltóirí a eisíonn ionstraimí fiachais gearrthéarmacha d’infheisteoirí tríú páirtí neamhghaolmhara. Rinneadh an t-idirbheart a mhargú le hinfheisteoirí féideartha mar infheistíocht i bpunann sócmhainní meántéarmacha a bhfuil ardrátáil acu nach nochtann iad ach do mhéid an-bheag den riosca mainneachtana atá bainteach le mainneachtain fhéideartha eisitheoirí na sócmhainní sa phunann. Trí sheirbhísí aistreoirí éagsúla, díoltar punanna sócmhainní meántéarmacha ardcháilíochta leis an gcainéal. Déanann gach aistreoir bainistíocht ar an bpunann sócmhainní a dhíolann sé leis an gcainéal agus bainistíocht ar earraí infhaighte i gcás mainneachtana, ar tháille seirbhísithe mhargadhbhunaithe. Soláthraíonn gach aistreoir freisin cosaint céadchaillteanais chreidmheasa óna phunann sócmhainní trí rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh na sócmhainní a aistrítear chuig an gcainéal. Leagann an t-urraitheoir téarmaí an chainéil síos agus déanann sé bainistíocht ar oibríochtaí an chainéil ar tháille mhargadhbhunaithe. Tá an táille comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear. Formheasann an t-urraitheoir na díoltóirí a gceadaítear dóibh an cainéal a dhíol, formheasann sé na sócmhainní atá le ceannach ag an gcainéal agus déanann sé cinntí maidir le cistiú an chainéil. Ní mór don urraitheoir gníomhú chun sárleasa na n-infheisteoirí uile.

    Tá an t-urraitheoir i dteideal aon toradh iarmharach de chuid an chainéil agus soláthraíonn sé feabhsú creidmheasa agus saoráidí leachtachta don chainéal freisin. An feabhsú creidmheasa a sholáthraíonn an t-urraitheoir, maolaíonn sé caillteanais suas le 5 faoin gcéad de shócmhainní uile an chainéil, i ndiaidh do na haistreoirí caillteanais a mhaolú. Ní réamhíoctar na saoráidí leachtachta in aghaidh na sócmhainní a mhainnigh. Níl cearta substainteacha ag na hinfheisteoirí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’údarás cinnteoireachta an urraitheora.

    Cé go n-íoctar táille mhargadhbhunaithe leis an urraitheoir as a sheirbhísí atá comhréireach leis na seirbhísí a sholáthraítear, nochtar an t-urraitheoir d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chainéil i ngeall ar a chearta chun aon toradh iarmharach de chuid an chainéil a fháil agus i ngeall ar an bhfeabhsú creidmheasa agus na saoráidí leachtachta a sholáthraíonn sé (i.e. nochtar an cainéal do riosca leachtachta trí ionstraimí fiachais gearrthéarmacha a úsáid chun sócmhainní meántéarmacha a chistiú). Cé go bhfuil cearta cinnteoireachta ag gach ceann de na haistreoirí a dhéanann difear do luach shócmhainní an chainéil, tá údarás cinnteoireachta forleathan ag an urraitheoir lena dtugtar an cumas reatha dó na gníomhaíochtaí is mó a dhéanann difear suntasach do thorthaí an chainéil a stiúradh (i.e. leag an t-urraitheoir téarmaí an chainéil síos agus tá an ceart aige cinntí a dhéanamh maidir leis na sócmhainní (formheas a dhéanamh ar na sócmhainní a ceannaíodh agus aistreoirí na sócmhainní sin) agus maidir le cistiú an chainéil (nach mór infheistíocht nua a aimsiú lena aghaidh ar bhonn tráthrialta)). Nochtar an t-urraitheoir d’athraitheacht torthaí ó ghníomhaíochtaí an chainéil i ngeall ar an gceart chun torthaí iarmharacha de chuid an chainéil a fháil agus i ngeall ar an bhfeabhsú creidmheasa agus na saoráidí leachtachta a sholáthraíonn sé, ar nochtadh é atá éagsúil le nochtadh na n-infheisteoirí eile. Dá réir sin, léiríonn an nochtadh sin go bhfuil an t-urraitheoir ina phríomhaí agus tagann an t-urraitheoir ar an gconclúid dá réir sin go rialaíonn sé an cainéal. Oibleagáid an urraitheora gníomhú chun sárleasa na n-infheisteoirí uile, ní choisceann sin an t-urraitheoir ó bheith ina phríomhaí.

    Gaolmhaireacht le páirtithe eile

    B73

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ag infheisteoir ar rialú, breithneoidh sé cineál a ghaolmhaireachta le páirtithe eile agus cé acu a ghníomhaíonn nó nach ngníomhaíonn na páirtithe eile sin thar ceann an infheisteora (i.e. cé acu is ‘gníomhairí de facto’ iad nó nach ea). Tá gá le breithiúnas chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil páirtithe eile ag gníomhú mar ghníomhairí de facto, ina mbreithnítear cineál na gaolmhaireachta chomh maith leis an mbealach a n-idirghníomhaíonn na páirtithe sin le chéile agus leis an infheisteoir.

    B74

    Ní gá go mbeadh socrú conarthach i gceist le gaolmhaireacht den sórt sin. Is gníomhaire de facto é páirtí i gcás ina bhfuil an cumas ag an infheisteoir, nó acu siúd a stiúrann gníomhaíochtaí an infheisteora, an páirtí sin a stiúradh chun gníomhú thar ceann an infheisteora. Sna himthosca sin, breithneoidh an t-infheisteoir cearta cinnteoireachta a ghníomhaire de facto agus an nochtadh indíreach atá aige do thorthaí athraitheacha, nó na cearta atá aige chun na dtorthaí sin, tríd an ngníomhaire de facto in éineacht lena chuid féin nuair a bheidh measúnú á dhéanamh aige ar rialú institiúide infheistiúcháin.

    B75

    Is samplaí iad na nithe seo a leanas de pháirtithe eile den sórt sin a d’fhéadfadh gníomhú mar ghníomhairí de facto le haghaidh an infheisteora, de bharr chineál a ngaolmhaireachta:

    (a)

    páirtithe gaolmhara an infheisteora.

    (b)

    páirtí a fuair a leas san institiúid infheistiúcháin mar ranníocaíocht nó mar iasacht ón infheisteoir.

    (c)

    páirtí a chomhaontaigh gan a leasanna san institiúid infheistiúcháin a dhíol ná a aistriú ná eire a chur orthu gan formheas an infheisteora roimh ré (ach amháin cásanna ina bhfuil an ceart chun formheasa roimh ré ag an infheisteoir agus ag an bpáirtí eile agus ina bhfuil na cearta bunaithe ar théarmaí arna gcomhaontú go frithpháirteach ag páirtithe neamhspleácha toilteanacha).

    (d)

    páirtí nach féidir leis a oibríochtaí a mhaoiniú gan tacaíocht airgeadais fho-ordaithe ón infheisteoir.

    (e)

    institiúid infheistiúcháin a bhfuil an tromlach de chomhaltaí a boird bainistíochta nó a phríomhphearsanra bainistíochta mar an gcéanna leo siúd atá ag an infheisteoir.

    (f)

    páirtí a bhfuil dlúthghaolmhaireacht ghnó aige leis an infheisteoir, amhail an ghaolmhaireacht idir soláthróir seirbhíse gairmiúla agus ceann dá chliaint shuntasacha.

    Sócmhainní sonraithe a rialú

    B76

    Breithneoidh infheisteoir cé acu a chaitheann nó nach gcaitheann sé le sciar d’institiúid infheistiúcháin mar eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh agus, má chaitheann, cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé an t-eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh.

    B77

    Is mar eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh a chaithfidh infheisteoir le sciar d’institiúid infheistiúcháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll seo a leanas agus sa chás sin amháin:

     

    Is iad sócmhainní sonraithe na hinstitiúide infheistiúcháin (agus feabhsuithe creidmheasa gaolmhara más ann dóibh) an t-aon fhoinse íocaíochta amháin le haghaidh dhliteanais shonraithe na hinstitiúide infheistiúcháin nó le haghaidh leasanna sonraithe eile inti. Níl cearta ná oibleagáidí a bhaineann leis na sócmhainní sonraithe nó le sreabhadh airgid iarmharach ó na sócmhainní sin ag páirtithe seachas iad siúd a bhfuil an dliteanas sonraithe acu. Ó thaobh substainte de, ní fhéadann an institiúid infheistiúcháin atá fágtha aon cheann de na torthaí ó na sócmhainní sonraithe a úsáid agus níl aon cheann de na dliteanais ón eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh iníoctha as sócmhainní na hinstitiúide infheistiúcháin atá fágtha. Dá réir sin, ó thaobh substainte de, sócmhainní, dliteanais agus cothromas uile an eintitis sin a mheastar a bheidh ina eintiteas ar leithligh, tá siad imfhálaithe ón institiúid infheistiúcháin fhoriomlán. Is minic a ghairtear ‘sadhlann’ d’eintiteas den sórt sin a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh.

    B78

    Nuair a chomhlíonfar an coinníoll i mír B77, sainaithneoidh infheisteoir na gníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach do thorthaí an eintitis a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh agus conas a stiúrtar na gníomhaíochtaí sin chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil cumhacht aige ar an sciar sin den institiúid infheistiúcháin. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar rialú ar an eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh, breithneoidh an t-infheisteoir freisin cé acu a nochtar nó nach nochtar é do thorthaí athraitheacha óna bhainteacht leis an eintiteas sin a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh, nó an bhfuil cearta aige i leith na dtorthaí sin, agus cé acu atá nó nach bhfuil cumas aige úsáid a bhaint as a chumhacht ar an sciar sin den institiúid infheistiúcháin chun difear a dhéanamh do mhéid thorthaí an infheisteora.

    B79

    Má rialaíonn an t-infheisteoir an t-eintiteas a mheastar a bheith ina eintiteas ar leithligh, comhdhlúthóidh an t-infheisteoir an sciar sin den institiúid infheistiúcháin. Sa chás sin, eisiann páirtithe eile an sciar sin den institiúid infheistiúcháin agus measúnú ar rialú ar an institiúid infheistiúcháin, agus comhdhlúthú, á dhéanamh uirthi.

    Measúnú leanúnach

    B80

    Déanfaidh infheisteoir athmheasúnú ar cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé institiúid infheistiúcháin má léiríonn fíorais agus imthosca gur tháinig athruithe ar cheann amháin nó níos mó de na trí eilimint rialaithe a liostaítear i mír 7.

    B81

    Má thagann athrú ar an mbealach is féidir cumhacht ar institiúid infheistiúcháin a fheidhmiú, ní mór an t-athrú sin a léiriú sa bhealach a ndéanann infheisteoir measúnú ar a chumhacht ar institiúid infheistiúcháin. De bharr athruithe ar chearta cinnteoireachta, mar shampla, d’fhéadfadh sé nach ndéantar gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh trí chearta vótála a thuilleadh, ach go dtugann comhaontuithe eile, amhail conarthaí, an cumas reatha do pháirtí nó páirtithe eile na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh.

    B82

    Is féidir go ngnóthóidh nó go gcaillfidh infheisteoir cumhacht ar institiúid infheistiúcháin de thoradh teagmhais gan baint a bheith ag an infheisteoir sa teagmhas sin. Is féidir go ngnóthóidh infheisteoir cumhacht ar institiúid infheistiúcháin toisc go dtéann cearta cinnteoireachta, a bhí arna sealbhú ag páirtí nó páirtithe eile agus lenar coisceadh ar an infheisteoir an institiúid infheistiúcháin a rialú roimhe sin, in éag.

    B83

    Breithníonn infheisteoir freisin athruithe a dhéanann difear dá nochtadh do thorthaí athraitheacha óna bhainteacht le hinstitiúid infheistiúcháin nó dá chearta i leith na dtorthaí sin. Infheisteoir a bhfuil cumhacht aige ar institiúid infheistiúcháin, mar shampla, féadann sé rialú ar institiúid infheistiúcháin a chailleadh má scoireann an t-infheisteoir de bheith i dteideal torthaí a fháil nó de bheith nochta d’oibleagáidí, toisc go dteipfeadh ar an infheisteoir mír 7(b) a chomhlíonadh (e.g. má fhoirceanntar conradh chun táillí a bhaineann le feidhmíocht a fháil).

    B84

    Breithneoidh infheisteoir cé acu a athraíodh nó nár athraíodh a mheasúnú go ngníomhaíonn sé mar ghníomhaire nó mar phríomhaí. De dhroim athruithe ar an ngaolmhaireacht fhoriomlán idir an t-infheisteoir agus páirtithe eile, is féidir nach ngníomhaíonn infheisteoir mar ghníomhaire a thuilleadh, cé gur ghníomhaigh sé mar ghníomhaire roimhe sin, agus a mhalairt. Má thagann athruithe ar chearta an infheisteora, nó ar chearta páirtithe eile, mar shampla, athbhreithneoidh an t-infheisteoir a stádas mar phríomhaí nó mar ghníomhaire.

    B85

    Measúnú tosaigh infheisteora ar rialú nó ar a stádas mar phríomhaí nó mar ghníomhaire, ní thiocfadh athrú air díreach mar gheall ar athrú ar dhálaí an mhargaidh (e.g. athrú ar thorthaí institiúide infheistiúcháin agus dálaí an mhargaidh á dtiomáint), ach amháin má dhéanann na hathruithe ar dhálaí an mhargaidh athrú ar cheann amháin nó níos mó de na trí eilimint rialaithe a liostaítear i mír 7 nó athrú ar an ngaolmhaireacht fhoriomlán idir príomhaí agus gníomhaire.

    CINNEADH A DHÉANAMH MAIDIR LE CÉ ACU A bhFUIL NÓ NACH bhFUIL SÉ INA EINTITEAS INFHEISTÍOCHTA

    B85A

    Breithneoidh eintiteas na fíorais agus na himthosca uile nuair a dhéanfaidh sé measúnú ar cé acu is eintiteas infheistíochta é nó nach ea, lena n-áirítear a chuspóir agus a dhearadh. Is eintiteas infheistíochta é eintiteas ag a bhfuil trí eilimint an tsainmhínithe ar eintiteas infheistíochta a leagtar amach i mír 27. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe le míreanna B85B–B85M ar eilimintí an tsainmhínithe.

    Cuspóir gnó

    B85B

    De réir an tsainmhínithe ar eintiteas infheistíochta, éilítear gurb éard is cuspóir don eintiteas infheistíocht a dhéanamh le haghaidh luachmhéadú caipitil, ioncam infheistíochta (amhail díbhinní, ús nó ioncam cíosa), nó an dá rud, agus lena n-aghaidh sin amháin. Doiciméid lena léirítear cuspóirí infheistíochta an eintitis, amhail meabhrán tairisceana an eintitis, foilseacháin arna ndáileadh ag an eintiteas agus doiciméid chorparáideacha nó chomhpháirtíochta eile, soláthrófar fianaise iontu de ghnáth ar an gcuspóir gnó atá ag eintiteas infheistíochta. D’fhéadfaí a áireamh ar fhianaise bhreise an bealach ina gcuirtear an t-eintiteas é féin i láthair do pháirtithe eile (amhail infheisteoirí féideartha nó institiúidí infheistiúcháin féideartha); féadfaidh eintiteas a ghnó a chur i láthair mar ghnó a sholáthraíonn infheistíocht mheántéarmach le haghaidh luachmhéadú caipitil, mar shampla. Os a choinne sin, eintiteas a chuireann é féin i láthair mar infheisteoir arb é is cuspóir dó táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh nó a chur ar an margadh i gcomhpháirt lena institiúidí infheistiúcháin, tá cuspóir gnó aige nach bhfuil comhsheasmhach le cuspóir gnó eintitis infheistíochta, toisc go dtuillfidh an t-eintiteas torthaí ón ngníomhaíocht forbartha, táirgthe nó margaíochta agus óna infheistíochtaí araon (féach mír B85I).

    B85C

    Féadfaidh eintiteas infheistíochta seirbhísí a sholáthar a bhaineann le hinfheistíocht (e.g. seirbhísí comhairliúcháin infheistíochta, seirbhísí bainistíochta infheistíochtaí, tacaíocht infheistíochta agus seirbhísí riaracháin), go díreach nó trí fhochuideachta, do thríú páirtithe agus dá infheisteoirí, fiú más gníomhaíochtaí iad sin atá substaintiúil don eintiteas, faoi réir an t-eintiteas a bheith ag leanúint de bheith ag comhlíonadh an tsainmhínithe ar eintiteas infheistíochta.

    B85D

    Féadfaidh eintiteas infheistíochta a bheith rannpháirteach freisin sna gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le hinfheistíocht, go díreach nó trí fhochuideachta, má dhéantar na gníomhaíochtaí sin chun an toradh infheistíochta (luachmhéadú caipitil nó ioncam infheistíochta) óna institiúidí infheistiúcháin a uasmhéadú agus murab é atá iontu gníomhaíocht ghnó shubstaintiúil ar leithligh ná foinse shubstaintiúil ioncaim ar leithligh le haghaidh an eintitis infheistíochta:

    (a)

    seirbhísí bainistíochta agus comhairle straitéiseach a sholáthar d’institiúid infheistiúcháin; agus

    (b)

    tacaíocht airgeadais, amhail iasacht, gealltanas caipitil nó ráthaíocht, a sholáthar d’institiúid infheistiúcháin.

    B85E

    Má tá fochuideachta ag eintiteas infheistíochta nach eintiteas infheistíochta atá inti féin agus arb é is príomhchuspóir agus príomhghníomhaíocht di seirbhísí nó gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht atá bainteach le gníomhaíochtaí infheistíochta an eintitis infheistíochta, amhail iad siúd a dtugtar tuairisc orthu i míreanna B85C–B85D, a sholáthar don eintiteas nó do pháirtithe eile, comhdhlúthóidh sé an fhochuideachta sin i gcomhréir le mír 32. Más eintiteas infheistíochta í an fhochuideachta a sholáthraíonn na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a bhaineann le hinfheistíocht, déanfaidh an máthaireintiteas infheistíochta an fhochuideachta a thomhas ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 31.

    Straitéisí scoir

    B85F

    Le pleananna infheistíochta eintitis, freisin, soláthraítear fianaise ar a chuspóir gnó. Gné amháin lena ndéantar idirdhealú idir eintiteas infheistíochta agus eintitis eile is ea nach mbeartaíonn eintiteas infheistíochta a chuid infheistíochtaí a shealbhú ar feadh tréimhse éiginnte; sealbhaíonn sé ar feadh tréimhse theoranta iad. Ós rud é go bhféadfaí infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí sócmhainní neamhairgeadaíochta a shealbhú ar feadh tréimhse éiginnte, beidh straitéis scoir ag eintiteas infheistíochta lena ndoiciméadaítear conas a bheartaíonn an t-eintiteas an luachmhéadú caipitil a réadú as na hinfheistíochtaí cothromais agus na hinfheistíochtaí sócmhainní neamhairgeadaíochta ar fad, nach mór, atá aige. Beidh straitéis scoir ag eintiteas infheistíochta maidir le haon ionstraim fiachais a d’fhéadfaí a shealbhú ar feadh tréimhse éiginnte freisin, infheistíochtaí fiachais shuthain mar shampla. Ní gá don eintiteas straitéisí scoir sonracha a dhoiciméadú le haghaidh gach infheistíochta ina haonar, ach sainaithneoidh sé straitéisí féideartha éagsúla le haghaidh cineálacha nó punanna éagsúla infheistíochtaí, lena n-áirítear tráthchlár substainteach faoina scorfar de na hinfheistíochtaí. Sásraí scoir nach gcuirtear i bhfeidhm ach le haghaidh teagmhais mhainneachtana, amhail sárú ar chonradh nó neamhchomhlíonadh, ní bhreithnítear gur straitéisí scoir iad sin chun críoch an mheasúnaithe seo.

    B85G

    Is féidir straitéisí éagsúla scoir a bheith ann i gcás cineálacha éagsúla infheistíochta. I gcás infheistíochtaí in urrúis chothromais phríobháideacha, áirítear ar shamplaí de straitéisí scoir tairiscint tosaigh don phobal, láithriú príobháideach, díolachán trádála gnólachta, dáileacháin leasanna úinéireachta in institiúidí infheistiúcháin (ar infheisteoirí) agus díolacháin sócmhainní (lena n-áirítear díolachán sócmhainní institiúide infheistiúcháin agus leachtú na hinstitiúide infheistiúcháin ina dhiaidh). I gcás infheistíochtaí cothromais a thrádáiltear ar mhargadh soláthair phoiblí, áirítear ar shamplaí de straitéisí scoir díol na hinfheistíochta i láithriú príobháideach nó ar mhargadh soláthair phoiblí. I gcás infheistíochtaí eastáit réadaigh, is sampla de straitéis scoir é díol an eastáit réadaigh trí dhíoltóirí réadmhaoine speisialaithe nó ar an margadh soláthair phoiblí.

    B85H

    Féadfaidh infheistíocht in eintiteas infheistíochta eile a bheith ag eintiteas infheistíochta, a fhoirmítear i gceangal leis an eintiteas ar chúiseanna dlí, rialaitheacha, cánach nó ar chúiseanna comhchosúla gnó. Sa chás sin, ní gá straitéis scoir le haghaidh na hinfheistíochta sin a bheith ag an infheisteoir institiúide infheistiúcháin, ar choinníoll go bhfuil straitéisí scoir iomchuí ag an eintiteas infheistíochta le haghaidh a chuid infheistíochtaí.

    Tuilleamh ó infheistíochtaí

    B85I

    Níl eintiteas ag déanamh infheistíochta le haghaidh luachmhéadú caipitil, ioncam infheistíochta, nó an dá rud, agus lena n-aghaidh sin amháin má fhaigheann an t-eintiteas nó comhalta eile den ghrúpa a bhfuil an t-eintiteas ann (i.e. an grúpa atá faoi rialú mháthairchuideachta deiridh an eintitis infheistíochta) tairbhí eile as infheistíochtaí an eintitis nach bhfuil ar fáil do pháirtí eile nach bhfuil gaolmhar leis an institiúid infheistiúcháin, nó más é is cuspóir dó na tairbhí sin a fháil. Áirítear ar na tairbhí sin:

    (a)

    próisis, sócmhainní nó teicneolaíocht institiúide infheistiúcháin a fháil, a úsáid, a mhalartú nó a shaothrú. D’áireofaí orthu sin cearta díréireacha, nó eisiacha, a bheith ag an eintiteas nó ag comhalta eile den ghrúpa chun sócmhainní, teicneolaíocht, táirgí nó seirbhísí aon institiúid infheistiúcháin a fháil; trí scair-rogha a shealbhú chun sócmhainn a cheannach ó institiúid infheistiúcháin má mheastar gur éirigh le forbairt na sócmhainne, mar shampla;

    (b)

    comhshocruithe (mar a shainmhínítear in IFRS 11) nó comhaontuithe eile idir an t-eintiteas nó comhalta eile den ghrúpa agus institiúid infheistiúcháin chun táirgí nó seirbhísí a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar an margadh nó a sholáthar;

    (c)

    ráthaíochtaí nó sócmhainní airgeadais arna soláthar ag institiúid infheistiúcháin chun go bhfeidhmeoidh siad mar chomhthaobhacht ar shocruithe iasachtaíochta an eintitis nó comhalta eile den ghrúpa (bheadh eintiteas infheistíochta fós in ann infheistíocht in institiúid infheistiúcháin a úsáid mar chomhthaobhacht ar aon cheann dá iasachtaí, áfach);

    (d)

    scair-rogha arna sealbhú ag páirtí gaolmhar leis an eintiteas chun leas úinéireachta in institiúid infheistiúcháin de chuid an eintitis a cheannach ón eintiteas sin nó ó chomhalta eile den ghrúpa;

    (e)

    ach amháin mar a thuairiscítear i mír B85J, idirbhearta idir an t-eintiteas nó comhalta eile den ghrúpa agus institiúid infheistiúcháin arb amhlaidh na nithe seo a leanas ina leith:

    (i)

    déantar iad ar théarmaí nach bhfuil ar fáil d’eintitis nach páirtithe gaolmhara leis an eintiteas, le comhalta eile den ghrúpa nó leis an institiúid infheistiúcháin iad;

    (ii)

    níl siad ar luach cóir; nó

    (iii)

    is éard atá iontu sciar substaintiúil de ghníomhaíocht ghnó na hinstitiúide infheistiúcháin nó an eintitis, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gnó grúpeintiteas eile.

    B85J

    Féadfaidh straitéis a bheith ag eintiteas infheistíochta chun infheistíocht a dhéanamh i níos mó ná institiúid infheistiúcháin amháin sa tionscal, margadh nó limistéar geografach céanna chun tairbhiú de shineirgí a mhéadaíonn ar an luachmhéadú caipitil agus ar an ioncam infheistíochta ó na hinstitiúidí infheistiúcháin sin. Institiúidí infheistiúcháin den sórt sin a bheith ag trádáil le chéile, ní fhágann sin ann féin, d’ainneoin mhír B85I(e), go ndícháilítear eintiteas ó bheith aicmithe mar eintiteas infheistíochta.

    Tomhas luach cóir

    B85K

    Eilimint fhíor-riachtanach de chuid an tsainmhínithe ar eintiteas infheistíochta is ea go ndéanann sé tomhas agus meastóireacht ar fheidhmíocht a chuid infheistíochtaí ar fad, nach mór, ar bhonn luacha chóir, toisc go leanann faisnéis níos ábhartha as luach cóir a úsáid ná mar a leanann as fochuideachtaí a chomhdhlúthú nó as modh an chothromais a úsáid, mar shampla, le haghaidh a leasanna in eintitis chomhlachaithe nó i gcomhfhiontair. Chun a léiriú go gcomhlíonann sé an eilimint sin den sainmhíniú, déanann eintiteas infheistíochta na nithe seo a leanas:

    (a)

    soláthraíonn sé faisnéis maidir le luach cóir d’infheisteoirí agus tomhaiseann sé a chuid infheistíochtaí ar fad, nach mór, ar luach cóir ina ráitis airgeadais pé uair a éilítear nó a cheadaítear luach cóir i gcomhréir le IFRSanna; agus

    (b)

    déanann sé faisnéis maidir le luach cóir a thuairisciú go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis (mar a shainmhínítear in IAS 24), a úsáideann luach cóir mar phríomhaitreabúid tomhais chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a chuid infheistíochtaí ar fad, nach mór, agus chun cinntí infheistíochta a dhéanamh.

    B85L

    Chun an ceanglas in B85K(a) a chomhlíonadh, dhéanfadh eintiteas infheistíochta na nithe seo a leanas:

    (a)

    rogha a dhéanamh cuntas a choinneáil ar aon réadmhaoin infheistíochta tríd an tsamhail luacha chóir in IAS 40 Réadmhaoin Infheistíochta a úsáid;

    (b)

    an díolúine a roghnú gan modh an chothromais in IAS 28 a chur i bhfeidhm maidir lena chuid infheistíochtaí in eintitis chomhlachaithe agus i gcomhfhiontair; agus

    (c)

    a shócmhainní airgeadais a thomhas ar luach cóir ag úsáid na gceanglas in IFRS 9.

    B85M

    Féadfaidh roinnt sócmhainní neamhinfheistíochta a bheith ag eintiteas infheistíochta, amhail réadmhaoin oifige cláraithe agus trealamh gaolmhar, agus féadfaidh dliteanais airgeadais a bheith aige freisin. Eilimint an tsainmhínithe ar eintiteas infheistíochta i mír 27(c) a bhaineann le tomhas luach cóir, tá feidhm aici maidir le hinfheistíochtaí eintitis infheistíochta. Dá réir sin, ní gá d’eintiteas infheistíochta a shócmhainní nó a dhliteanais neamhinfheistíochta a thomhas ar luach cóir.

    Gnáth-shaintréithe eintitis infheistíochta

    B85N

    Chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé an sainmhíniú ar eintiteas infheistíochta, breithneoidh eintiteas cé acu a léiríonn nó nach léiríonn sé gnáth-shaintréithe eintitis infheistíochta (féach mír 28). Ní gá go ndícháilítear eintiteas ó bheith aicmithe mar eintiteas infheistíochta má tá ceann amháin nó níos mó de na gnáth-shaintréithe sin in easnamh, ach léiríonn sé go bhfuil gá le breithiúnas breise chun a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas ina eintiteas infheistíochta.

    Breis agus infheistíocht amháin

    B85O

    Tá roinnt infheistíochtaí arna sealbhú ag eintiteas infheistíochta chun a riosca a éagsúlú agus a thorthaí a uasmhéadú. Féadfaidh eintiteas punann infheistíochtaí a shealbhú go díreach nó go hindíreach, trí infheistíocht aonair in eintiteas infheistíochta eile a shealbhú a bhfuil roinnt infheistíochtaí aige féin.

    B85P

    D’fhéadfadh sé go mbeadh tráthanna ann ina mbíonn infheistíocht aonair ag an eintiteas. Mura bhfuil ach infheistíocht aonair ag eintiteas, áfach, ní gá go gcoisceann sin air an sainmhíniú ar eintiteas infheistíochta a chomhlíonadh. Féadfaidh gan ach infheistíocht amháin a bheith ag eintiteas infheistíochta, mar shampla, nuair is amhlaidh na nithe seo a leanas maidir leis an eintiteas:

    (a)

    tá sé ina thréimhse tionscanta agus níor shainaithin sé infheistíochtaí oiriúnacha go fóill agus, dá bhrí sin, níor fheidhmigh sé a phlean infheistíochta go fóill chun roinnt infheistíochtaí a fháil;

    (b)

    níl infheistíochtaí eile arna ndéanamh go fóill aige a chuirfeadh sé in ionad na n-infheistíochtaí a dhiúscair sé;

    (c)

    tá sé arna bhunú chun cistí infheisteoirí a chomhthiomsú chun iad a infheistiú in infheistíocht aonair i gcás nach mbeidh fáil ag infheisteoirí aonair ar an infheistíocht sin (e.g. i gcás ina mbeidh an infheistíocht íosta a éilítear ró-ard d’infheisteoir aonair); nó

    (d)

    tá sé i mbun leachtaithe.

    Breis agus infheisteoir amháin

    B85Q

    De ghnáth, bheadh roinnt infheisteoirí ag eintiteas infheistíochta a chomhthiomsaíonn a gcistí chun rochtain a fháil ar sheirbhísí bainistíochta infheistíochtaí agus ar dheiseanna infheistíochta arbh fhéidir nach mbeadh rochtain acu orthu ina n-aonar. Ba lú an dóchúlacht go bhfaigheadh an t-eintiteas, nó comhaltaí eile den ghrúpa ina bhfuil an t-eintiteas, tairbhí seachas luachmhéadú caipitil nó ioncam infheistíochta dá mbeadh roinnt infheisteoirí ag an eintiteas nó ag na comhaltaí sin (féach mír B85I).

    B85R

    De rogha air sin, féadfaidh infheisteoir aonair eintiteas infheistíochta a bhunú, nó féadfar eintiteas infheistíochta a bhunú le haghaidh infheisteoir aonair, a dhéanann ionadaíocht nó a thugann tacaíocht do leasanna grúpa infheisteoirí níos leithne (e.g. ciste pinsin, ciste infheistíochta rialtais nó iontaobhas teaghlaigh).

    B85S

    D’fhéadfadh sé go mbeadh tráthanna ann freisin ina mbíonn infheisteoir amháin ag an eintiteas go sealadach. Féadfaidh gan ach infheisteoir amháin a bheith ag eintiteas infheistíochta nuair is amhlaidh na nithe seo a leanas maidir leis an eintiteas, mar shampla:

    (a)

    tá sé laistigh dá thréimhse tairisceana tosaigh, nach bhfuil dulta in éag, agus bíonn an t-eintiteas ag sainaithint infheisteoirí oiriúnacha go gníomhach;

    (b)

    níor shainaithin sé infheisteoirí oiriúnacha go fóill chun leasanna úinéireachta a fuasclaíodh a athsholáthar; nó

    (c)

    tá sé i mbun leachtaithe.

    Infheisteoirí neamhghaolmhara

    B85T

    De ghnáth, bíonn roinnt infheisteoirí ag eintiteas infheistíochta nach páirtithe gaolmhara iad (mar a shainmhínítear in IAS 24) leis an eintiteas nó le comhaltaí eile den ghrúpa ina bhfuil an t-eintiteas. Ba lú an dóchúlacht go bhfaigheadh an t-eintiteas, nó comhaltaí eile den ghrúpa ina bhfuil an t-eintiteas, tairbhí seachas luachmhéadú caipitil nó ioncam infheistíochta dá mbeadh infheisteoirí neamhghaolmhara ag an eintiteas nó ag na comhaltaí sin (féach mír B85I).

    B85U

    Féadfaidh eintiteas a cháiliú mar eintiteas infheistíochta fós, áfach, cé go bhfuil a infheisteoirí gaolmhar leis an eintiteas. Féadfaidh eintiteas infheistíochta ciste ‘comhthreomhar’ ar leithligh a bhunú le haghaidh grúpa dá chuid fostaithe (amhail príomhphearsanra bainistíochta) nó le haghaidh infheisteoir ar páirtí gaolmhar eile é (nó infheisteoirí ar páirtithe gaolmhara eile iad), a fhreagraíonn d’infheistíochtaí phríomhchiste infheistíochta an eintitis. Féadfaidh an ciste ‘comhthreomhar’ sin a cháiliú mar eintiteas infheistíochta cé gur páirtithe gaolmhara iad a infheisteoirí uile.

    Leasanna úinéireachta

    B85V

    Is eintiteas dlítheanach ar leithligh é eintiteas infheistíochta de ghnáth, ach ní éilítear sin air. Is i bhfoirm cothromais nó leasanna comhchosúla (e.g. leasanna comhpháirtíochta) a bhíonn leasanna úinéireachta in eintiteas infheistíochta de ghnáth, a gcuirtear sciartha comhréireacha de ghlansócmhainní an eintitis infheistíochta ina leith. Má tá aicmithe éagsúla infheisteoirí ag eintiteas, nach bhfuil ag cuid díobh ach cearta chun infheistíochta sonraí nó chun grúpaí sonracha infheistíochtaí nó a bhfuil sciartha comhréireacha éagsúla de na glansócmhainní acu, ní chuireann sin cosc ar eintiteas ó bheith ina eintiteas infheistíochta, áfach.

    B85W

    Ina theannta sin, eintiteas a bhfuil leasanna úinéireachta suntasacha aige i bhfoirm fiachais nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar chothromas i gcomhréir le IFRSanna eile is infheidhme, féadfaidh sé a cháiliú fós mar eintiteas infheistíochta, ar choinníoll go nochtar na sealbhóirí fiachais do thorthaí athraitheacha ó athruithe ar luach cóir ghlansócmhainní an eintitis.

    CEANGLAIS CHUNTASAÍOCHTA

    Nósanna imeachta um chomhdhlúthú

    B86

    Ráitis airgeadais chomhdhlúite:

    (a)

    cuirtear in éineacht le chéile iontu míreanna comhchosúla sócmhainní, dliteanas, cothromais, ioncaim, speansas agus sreafaí airgid na máthairchuideachta agus a fochuideachtaí.

    (b)

    fritháirítear (díothaítear) iontu suim ghlanluacha infheistíocht na máthairchuideachta i ngach fochuideachta agus sciar na máthairchuideachta de chothromas gach fochuideachta (mínítear le IFRS 3 conas cuntas a choinneáil ar aon cháilmheas gaolmhar).

    (c)

    díothaítear ina n-iomláine iontu sócmhainní agus dliteanais, cothromas, ioncam, speansais agus sreafaí airgid inghrúpa a bhaineann le hidirbhearta idir eintitis an ghrúpa (díothaítear ina n-iomláine brabúis nó caillteanais a leanann as idirbhearta inghrúpa den sórt sin a aithnítear i sócmhainní, amhail fardal agus sócmhainní dochta). D’fhéadfadh caillteanais inghrúpa a léiriú go bhfuil lagú ann is gá a aithint sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Tá feidhm ag IAS 12 Cánacha Ioncaim maidir le difríochtaí sealadacha a eascraíonn as díothú brabús agus caillteanas a leanann as idirbhearta inghrúpa.

    Beartais chuntasaíochta aonfhoirmeacha

    B87

    Má bhaineann comhalta den ghrúpa úsáid as beartais chuntasaíochta seachas na beartais arna nglacadh sna ráitis airgeadais chomhdhlúite le haghaidh idirbhearta agus teagmhais chosúla i ndálaí comhchosúla, déantar coigeartuithe iomchuí ar ráitis airgeadais an chomhalta grúpa sin agus na ráitis airgeadais chomhdhlúite á n-ullmhú chun comhréireacht le beartais chuntasaíochta an ghrúpa a áirithiú.

    Tomhas

    B88

    Cuireann eintiteas ioncam agus speansais fochuideachta san áireamh sna ráitis airgeadais chomhdhlúite ón dáta a fhaigheann sé rialú go dtí an dáta a scoireann an t-eintiteas de bheith ag rialú na fochuideachta. Tá ioncam agus speansais na fochuideachta bunaithe ar mhéideanna na sócmhainní agus na ndliteanas a aithnítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite ar an dáta éadála. Speansas dímheasa a aithnítear sa ráiteas comhdhlúite ar ioncam cuimsitheach i ndiaidh an dáta éadála, mar shampla, tá sé bunaithe ar luachanna córa na sócmhainní in-dímheasa gaolmhara a aithnítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite ar an dáta éadála.

    Cearta féideartha vótála

    B89

    I gcás inarb ann do chearta féideartha vótála, nó d’ionstraimí díorthacha eile ina bhfuil cearta féideartha vótála, déantar an cion brabúis nó caillteanais agus an cion athruithe cothromais a leithdháiltear ar an máthairchuideachta agus ar leasanna neamh-urlámhais, agus na ráitis airgeadais chomhdhlúite á n-ullmhú, a chinneadh ar bhonn leasanna úinéireachta atá ann cheana, agus ar an mbonn sin amháin, agus ní léirítear leis feidhmiú ná comhshó féideartha ceart féideartha vótála agus ionstraimí díorthacha eile, ach amháin má tá feidhm ag mír B90.

    B90

    In imthosca áirithe, tá leas úinéireachta atá ann cheana ag eintiteas, ó thaobh substainte de, de thoradh idirbhirt lena dtugtar rochtain faoi láthair don eintiteas ar na torthaí atá bainteach le leas úinéireachta. In imthosca den sórt sin, déantar an cion a leithdháiltear ar an máthairchuideachta agus ar leasanna neamh-urlámhais, agus na ráitis airgeadais chomhdhlúite á n-ullmhú, a chinneadh trína chur san áireamh feidhmiú na gceart féideartha vótála agus na n-ionstraimí díorthacha sin faoi dheireadh lena dtugtar rochtain faoi láthair don eintiteas ar na torthaí.

    B91

    Níl feidhm ag IFRS 9 maidir le fochuideachtaí atá comhdhlúite. I gcás ina dtabharfaidh ionstraimí ina bhfuil cearta féideartha vótála, ó thaobh substainte de, rochtain faoi láthair ar na torthaí a bhaineann le leas úinéireachta i bhfochuideachta, níl na hionstraimí faoi réir cheanglais IFRS 9. I ngach cás eile, is i gcomhréir le IFRS 9 a choinnítear cuntas ar ionstraimí ina bhfuil cearta féideartha vótála i bhfochuideachta.

    Dáta tuairiscithe

    B92

    Ráitis airgeadais na máthairchuideachta agus ráitis airgeadais a fochuideachtaí a úsáidtear chun na ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú, beidh an dáta tuairiscithe céanna acu. I gcás ina mbeidh deireadh thréimhse tuairiscithe na máthairchuideachta éagsúil le deireadh thréimhse tuairiscithe fochuideachta, ullmhaíonn an fhochuideachta, chun críoch comhdhlúthúcháin, faisnéis airgeadais bhreise ón dáta céanna le dáta ráitis airgeadais na máthairchuideachta ionas go gcuirfear ar a cumas don mháthairchuideachta faisnéis airgeadais na fochuideachta a chomhdhlúthú, ach amháin i gcás gur dofheidhmithe déanamh amhlaidh.

    B93

    Má bhíonn sé dofheidhmithe déanamh amhlaidh, comhdhlúthóidh an mháthairchuideachta faisnéis airgeadais na fochuideachta ag úsáid na ráiteas airgeadais is déanaí ag an bhfochuideachta, arna gcoigeartú i leith iarmhairtí idirbheart nó teagmhas suntasach a tharlaíonn idir dáta na ráiteas airgeadais sin agus dáta na ráiteas airgeadais comhdhlúite. In aon chás, ní bheidh an difríocht idir dáta ráitis airgeadais na fochuideachta agus dáta na ráiteas airgeadais comhdhlúite níos mó ná 3 mhí, agus beidh fad na dtréimhsí tuairiscithe agus aon difríocht idir dátaí na ráiteas airgeadais mar an gcéanna ó thréimhse go tréimhse.

    Leasanna neamh-urlámhais

    B94

    Déanfaidh eintiteas an brabús nó caillteanas agus gach comhpháirt d’ioncam cuimsitheach eile a chur i leith úinéirí na máthairchuideachta agus i leith na leasanna neamh-urlámhais. Cuirfidh an t-eintiteas an t-ioncam cuimsitheach iomlán i leith úinéirí na máthairchuideachta agus i leith na leasanna neamh-urlámhais freisin fiú má bhíonn easnamh in iarmhéid na leasanna neamh-urlámhais dá thoradh.

    B95

    Má bhíonn ag fochuideachta scaireanna tosaíochta carnacha gan íoc arna n-aicmiú mar chothromas agus arna sealbhú ag leasanna neamh-urlámhais, ríomhfaidh an t-eintiteas a sciar den bhrabús nó caillteanas i ndiaidh coigeartú a dhéanamh i leith na ndíbhinní ar scaireanna den sórt sin, cibé acu a dearbhaíodh nó nár dearbhaíodh na díbhinní sin.

    Athruithe ar an gcion arna shealbhú ag leasanna neamh-urlámhais

    B96

    I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an gcion den chothromas arna shealbhú ag leasanna neamh-urlámhais, déanfaidh eintiteas suimeanna glanluacha na leasanna urlámhais agus neamh-urlámhais a choigeartú chun na hathruithe ar a leasanna coibhneasta san fhochuideachta a léiriú. Is go díreach i gcothromas a aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid ar dá réir a choigeartaítear na leasanna neamh-urlámhais agus luach cóir na comaoine arna híoc nó arna fáil, agus cuirfidh sé i leith úinéirí na máthairchuideachta í.

    Caillteanas i rialú

    B97

    D’fhéadfadh máthairchuideachta rialú ar fhochuideachta a chailleadh in dhá cheann nó níos mó de shocruithe (idirbhearta). Uaireanta, áfach, léiríonn imthosca gur cheart cuntas a choinneáil ar na socruithe iomadúla mar idirbheart aonair. Agus máthairchuideachta á chinneadh an gcoinneoidh sí cuntas ar na socruithe mar idirbheart aonair, breithneoidh sí téarmaí agus coinníollacha uile na socruithe agus a n-iarmhairtí eacnamaíocha. Más amhlaidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, léirítear gur cheart don mháthairchuideachta cuntas a choinneáil ar na socruithe iomadúla mar idirbheart aonair:

    (a)

    Déantar iad an tráth céanna nó in oirchill a chéile.

    (b)

    Is idirbheart aonair iad atá ceaptha iarmhairt tráchtála fhoriomlán a bhaint amach.

    (c)

    Braitheann tarlú socraithe amháin ar tharlú socraithe amháin eile ar a laghad.

    (d)

    Níl údar eacnamaíoch le socrú amháin a bhreithnítear ina aonar, ach tá údar eacnamaíoch leis nuair a bhreithnítear in éineacht le socruithe eile é. Sampla de sin is ea diúscairt scaireanna arna praghsáil faoi bhun an mhargaidh a chúitítear le diúscairt ina dhiaidh sin arna praghsáil os cionn an mhargaidh.

    B98

    Má chailleann máthairchuideachta rialú ar fhochuideachta, déanfaidh sí na nithe seo a leanas:

    (a)

    dí-aithneoidh sí:

    (i)

    sócmhainní (lena n-áirítear aon cháilmheas) agus dliteanais na fochuideachta ar a suimeanna glanluacha ar an dáta a chailltear rialú; agus

    (ii)

    suim ghlanluacha aon leas neamh-urlámhais san iar-fhochuideachta ar an dáta a chailltear rialú (lena n-áirítear aon chomhpháirt d’ioncam cuimsitheach eile atá inchurtha ina leith).

    (b)

    aithneoidh sí:

    (i)

    luach cóir na comaoine, más ann di, arna fáil ón idirbheart, ón teagmhas nó ó na himthosca as ar lean an caillteanas i rialú;

    (ii)

    má bhaineann dáileachán scaireanna de chuid na fochuideachta ar úinéirí ina gcáil mar úinéirí leis an idirbheart, an teagmhas nó na himthosca as ar lean an caillteanas i rialú, an dáileachán sin; agus

    (iii)

    aon infheistíocht arna coinneáil san iar-fhochuideachta ar a luach cóir ar an dáta a chailltear rialú.

    (c)

    déanfaidh sí na méideanna a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile i ndáil leis an bhfochuideachta a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas, nó a aistriú go díreach chuig tuilleamh coimeádta má éilítear sin le IFRSanna eile, ar an mbonn a dtugtar tuairisc air i mír B99.

    (d)

    aithneoidh sí aon difríocht a leanann as sin mar ghnóthachan nó caillteanas i mbrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith na máthairchuideachta.

    B99

    Má chailleann máthairchuideachta rialú ar fhochuideachta, coinneoidh an mháthairchuideachta cuntas ar na méideanna uile a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile i ndáil leis an bhfochuideachta sin ar an mbonn céanna agus a d’éileofaí dá ndiúscródh an mháthairchuideachta na sócmhainní gaolmhara nó na dliteanais ghaolmhara go díreach. Dá bhrí sin, dá ndéanfaí gnóthachan nó caillteanas a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a athaicmiú chuig brabús nó caillteanas ar dhiúscairt na sócmhainní gaolmhara nó na ndliteanas gaolmhar, déanfaidh an mháthairchuideachta an gnóthachan nó caillteanas a athaicmiú ó chothromas chuig brabús nó caillteanas (mar choigeartú athaicmithe) nuair a chailleann sí rialú ar an bhfochuideachta. Dá ndéanfaí barrachas athluachála a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile a aistriú go díreach chuig tuilleamh coimeádta ar dhiúscairt na sócmhainne, aistreoidh an mháthairchuideachta an barrachas athluachála go díreach chuig tuilleamh coimeádta nuair a chailleann sí rialú ar a bhfochuideachta.

    CUNTAS A CHOINNEÁIL AR ATHRÚ AR STÁDAS EINTITIS INFHEISTÍOCHTA

    B100

    Nuair a scoireann eintiteas de bheith ina eintiteas infheistíochta, cuirfidh sé IFRS 3 i bhfeidhm maidir le haon fhochuideachta a tomhaiseadh roimhe sin ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 31. Meastar gurb é an dáta éadála dáta an athraithe ar stádas. Léireoidh luach cóir na fochuideachta ar an dáta éadála measta an chomaoin mheasta aistrithe agus tomhas á dhéanamh ar aon cháilmheas nó gnóthachan as ceannach sladmhargaidh a eascraíonn as an éadáil mheasta. Comhdhlúthófar gach fochuideachta i gcomhréir le míreanna 19–24 den IFRS seo ón dáta athraithe stádais.

    B101

    Nuair a thagann eintiteas chun bheith ina eintiteas infheistíochta, scoirfidh sé de chomhdhlúthú a fhochuideachtaí ar an dáta athraithe stádais, ach amháin i gcás aon fhochuideachta a leanfar dá comhdhlúthú i gcomhréir le mír 32. Cuirfidh an t-eintiteas infheistíochta ceanglais mhíreanna 25 agus 26 i bhfeidhm maidir leis na fochuideachtaí sin a scoireann sé dá gcomhdhlúthú amhail agus gur chaill an t-eintiteas infheistíochta rialú ar na fochuideachtaí sin ar an dáta sin.

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile IFRS.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    C1

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 11, IFRS 12, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leith agus IAS 28 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm an tráth céanna.

    C1A

    Le Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, Comhshocruithe agus Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile: Treoraíocht Aistrithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 11 agus IFRS 12), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2012, leasaíodh míreanna C2–C6 agus cuireadh míreanna C2A–C2B, C4A–C4C, C5A agus C6A–C6B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IFRS 10 i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe sin i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    C1B

    Le hEintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh míreanna 2, 4, C2A, C6A agus Foscríbhinn A agus cuireadh míreanna 27–33, B85A–B85W, B100–B101 agus C3A–C3F leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm luath. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    C1D

    Eintitis Infheistíochta: Le Cur i bhFeidhm Eisceacht an Chomhdhlúthaithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 28), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh míreanna 4, 32, B85C, B85E agus C2A agus cuireadh míreanna 4A–4B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    TRASDUL

    C2

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta, ach amháin mar a shonraítear i míreanna C2A–C6.

    C2A

    D’ainneoin cheanglais mhír 28 de IAS 8, ní gá d’eintiteas ach an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair le haghaidh na tréimhse bliantúla díreach roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh an IFRS seo (an ‘tréimhse díreach roimhe’) nuair a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair, agus nuair a chuirtear na leasuithe dar teideal Eintitis Infheistíochta agus Eintitis Infheistíochta: Cur i bhFeidhm na leasuithe ar Eisceacht an Chomhdhlúthaithe i bhfeidhm a ghabhann leis an IFRS seo den chéad uair, ní gá d’eintiteas ach an fhaisnéis chainníochtúil a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair don tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh an IFRS seo (an ‘tréimhse díreach roimhe sin’). Féadfaidh eintiteas an fhaisnéis sin a chur i láthair le haghaidh na tréimhse reatha nó tréimhsí inchomparáide níos luaithe freisin, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh.

    C2B

    Chun críocha an IFRS seo, is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh é tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ar lena haghaidh a gcuirtear an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair.

    C3

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ní éilítear ar eintiteas an chuntasaíocht roimhe sin a choigeartú i leith a bhainteachta le ceachtar díobh seo a leanas:

    (a)

    eintitis a bheadh comhdhlúite ar an dáta sin i gcomhréir le IAS 27 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus ar Leith agus le Comhdhlúthú—Aonáin Shainchuspóireacha le Buanchoiste Léirmhíniúcháin-12 agus atá fós comhdhlúite i gcomhréir leis an IFRS seo; nó

    (b)

    eintitis nach mbeadh comhdhlúite ar an dáta sin i gcomhréir le IAS 27 agus Buanchoiste Léirmhíniúcháin-12 agus nach bhfuil comhdhlúite i gcomhréir leis an IFRS seo.

    C3A

    Ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil sé ina eintiteas infheistíochta ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh ar an dáta sin. Má thagann eintiteas ar an gconclúid, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, go bhfuil sé ina eintiteas infheistíochta, cuirfidh sé ceanglais mhíreanna C3B–C3F i bhfeidhm in ionad cheanglais mhíreanna C5–C5A.

    C3B

    Ach amháin i gcás aon fhochuideachta atá comhdhlúite i gcomhréir le mír 32 (a bhfuil feidhm ag míreanna C3 agus C6 nó míreanna C4–C4C maidir léi, cibé acu is ábhartha), tomhaisfidh eintiteas infheistíochta a infheistíocht i ngach fochuideachta ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas amhail agus dá mbeadh éifeacht i gcónaí le ceanglais an IFRS seo. Déanfaidh an t-eintiteas infheistíochta an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh agus cothromas ag tús na tréimhse díreach roimhe sin araon a choigeartú go cúlghabhálach i leith aon difríocht idir:

    (a)

    suim ghlanluacha na fochuideachta roimhe sin; agus

    (b)

    luach cóir infheistíocht an eintitis infheistíochta san fhochuideachta.

    Aistreofar méid carnach aon choigeartuithe ar luach cóir a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile chuig tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    C3C

    Roimh an dáta a ghlactar le IFRS 13 Tomhas Luach Cóir, úsáidfidh eintiteas infheistíochta na méideanna luach cóir a tuairiscíodh roimhe sin d’infheisteoirí nó don bhainistíocht, i gcás go léiríonn na méideanna sin an méid dá bhféadfaí an infheistíocht a mhalartú idir pháirtithe eolasacha agus toilteanacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí ar dháta na luachála.

    C3D

    Má bhíonn sé dofheidhmithe (mar a shainmhínítear in IAS 8) infheistíocht i bhfochuideachta a thomhas i gcomhréir le míreanna C3B–C3C, cuirfidh eintiteas infheistíochta ceanglais an IFRS seo i bhfeidhm ag tús na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm mhíreanna C3B–C3C infheidhmithe ina leith, arbh fhéidir gurb í an tréimhse reatha í. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe. Más amhlaidh sin, aithneofar an coigeartú cothromais ag tús na tréimhse reatha.

    C3E

    Má dhiúscair eintiteas infheistíochta infheistíocht i bhfochuideachta roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh an IFRS seo, nó má chaill sé rialú uirthi roimh an dáta sin, ní éilítear ar an eintiteas infheistíochta coigeartuithe a dhéanamh ar an gcuntasaíocht roimhe sin ar an infheistíocht sin.

    C3F

    Má chuireann eintiteas na leasuithe in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm le haghaidh tréimhse is déanaí ná an tráth a chuireann sé IFRS 10 i bhfeidhm den chéad uair, léifear tagairtí do ‘dháta an chur i bhfeidhm tosaigh’ i míreanna C3A–C3E mar ‘thús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ar lena haghaidh a gcuirtear na leasuithe in Eintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, i bhfeidhm den chéad uair.’

    C4

    Má thagann infheisteoir ar an gconclúid, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, go gcomhdhlúthóidh sé institiúid infheistiúcháin nach raibh comhdhlúite i gcomhréir le IAS 27 agus Buanchoiste Léirmhíniúcháin-12, déanfaidh an t-infheisteoir an méid seo a leanas:

    (a)

    más gnólacht í an institiúid infheistiúcháin (mar a shainmhínítear in IFRS 3 Comhcheangail Ghnó), déanfaidh sé na sócmhainní, na dliteanais agus na leasanna neamh-urlámhais san institiúid infheistiúcháin sin nach raibh comhdhlúite roimhe sin a thomhas amhail agus dá mbeadh an institiúid infheistiúcháin sin comhdhlúite (agus amhail agus dá mbeadh cuntasaíocht éadála curtha i bhfeidhm aici dá réir sin i gcomhréir le IFRS 3) ón dáta a fuair an t-infheisteoir rialú ar an institiúid infheistiúcháin sin ar bhonn cheanglais an IFRS seo. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach. I gcás inar luaithe é an dáta a fuarthas rialú ná tús na tréimhse díreach roimhe sin, aithneoidh an t-infheisteoir, mar choigeartú cothromais ag tús na tréimhse díreach roimhe sin, aon difríocht idir na nithe seo a leanas:

    (i)

    an méid sócmhainní, dliteanas agus leasanna neamh-urlámhais a aithnítear; agus

    (ii)

    suim ghlanluacha bhainteacht an infheisteora leis an institiúid infheistiúcháin roimhe sin.

    (b)

    mura gnólacht í an institiúid infheistiúcháin (mar a shainmhínítear in IFRS 3), déanfaidh sé na sócmhainní, na dliteanais agus na leasanna neamh-urlámhais san institiúid infheistiúcháin sin nach raibh comhdhlúite roimhe sin a thomhas amhail agus dá mbeadh an institiúid infheistiúcháin sin comhdhlúite (agus an modh éadála mar a thuairiscítear in IFRS 3 á chur i bhfeidhm aige ach gan aon cháilmheas a aithint le haghaidh na hinstitiúide infheistiúcháin) ón dáta a fuair an t-infheisteoir rialú ar an institiúid infheistiúcháin sin ar bhonn cheanglais an IFRS seo. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach. I gcás inar luaithe é an dáta a fuarthas rialú ná tús na tréimhse díreach roimhe sin, aithneoidh an t-infheisteoir, mar choigeartú cothromais ag tús na tréimhse díreach roimhe sin, aon difríocht idir na nithe seo a leanas:

    (i)

    an méid sócmhainní, dliteanas agus leasanna neamh-urlámhais a aithnítear; agus

    (ii)

    suim ghlanluacha bhainteacht an infheisteora leis an institiúid infheistiúcháin roimhe sin.

    C4A

    Má bhíonn sé dofheidhmithe (mar a shainmhínítear in IAS 8) sócmhainní, dliteanais agus leasanna neamh-urlámhais institiúide infheistiúcháin a thomhas i gcomhréir le mír C4(a) nó (b), déanfaidh infheisteoir an méid seo a leanas:

    (a)

    más gnólacht í an institiúid infheistiúcháin, cuirfidh sé ceanglais IFRS 3 i bhfeidhm ón dáta éadála measta. Is éard a bheidh sa dáta éadála measta tús na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm mhíreanna C4(a) infheidhmithe ina leith, arbh fhéidir gurb í an tréimhse reatha í.

    (b)

    mura gnólacht í an institiúid infheistiúcháin, cuirfidh sé an modh éadála a thuairiscítear in IFRS 3 i bhfeidhm ach gan aon cháilmheas a aithint le haghaidh na hinstitiúide infheistiúcháin ón dáta éadála measta. Is éard a bheidh sa dáta éadála measta tús na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm mhíreanna C4(b) infheidhmithe ina leith, arbh fhéidir gurb í an tréimhse reatha í.

    Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe. I gcás inar luaithe é an dáta éadála measta ná tús na tréimhse díreach roimhe sin, aithneoidh an t-infheisteoir, mar choigeartú cothromais ag tús na tréimhse díreach roimhe sin, aon difríocht idir na nithe seo a leanas:

    (c)

    an méid sócmhainní, dliteanas agus leasanna neamh-urlámhais a aithnítear; agus

    (d)

    suim ghlanluacha bhainteacht an infheisteora leis an institiúid infheistiúcháin roimhe sin.

    Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe.

    C4B

    I gcás ina gcuirfidh infheisteoir míreanna C4–C4A i bhfeidhm agus inar déanaí ná dáta éifeachtach IFRS 3 arna athbhreithniú in 2008 (IFRS 3 (2008)) é an dáta a fuarthas rialú, is do IFRS 3 (2008) a bheidh an tagairt do IFRS 3 i míreanna C4 agus C4A. Má fuarthas rialú roimh dháta éifeachtach IFRS 3 (2008), cuirfidh infheisteoir IFRS 3 (2008) nó IFRS 3 (arna eisiúint in 2004) i bhfeidhm.

    C4C

    I gcás ina gcuirfidh infheisteoir míreanna C4–C4A i bhfeidhm agus inar déanaí ná dáta éifeachtach IAS 27 arna athbhreithniú in 2008 (IAS 27 (2008)) é an dáta a fuarthas rialú, cuirfidh infheisteoir ceanglais an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí uile a gcomhdhlúthaítear an institiúid infheistiúcháin go cúlghabhálach ina leith i gcomhréir le míreanna C4–C4A. Má fuarthas rialú roimh dháta éifeachtach IAS 27 (2008), cuirfidh infheisteoir ceachtar díobh seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    ceanglais an IFRS seo le haghaidh na dtréimhsí uile dá bhfuil an institiúid infheistiúcháin comhdhlúite go cúlghabhálach i gcomhréir le míreanna C4–C4A; nó

    (b)

    ceanglais an leagain de IAS 27 arna eisiúint in 2003 (IAS 27 (2003)) le haghaidh na dtréimhsí sin roimh dháta éifeachtach IAS 27 (2008) agus dá éis sin ceanglais an IFRS seo le haghaidh tréimhsí ina dhiaidh sin.

    C5

    Má thagann infheisteoir ar an gconclúid, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, nach gcomhdhlúthóidh sé a thuilleadh institiúid infheistiúcháin a bhí comhdhlúite i gcomhréir le IAS 27 agus Buanchoiste Léirmhíniúcháin-12, déanfaidh an t-infheisteoir a leas san institiúid infheistiúcháin a thomhas ar an luach ar a dtomhaisfí é dá mbeadh éifeacht le ceanglais an IFRS seo nuair a tháinig an t-infheisteoir chun bheith páirteach leis an institiúid infheistiúcháin (ach nach bhfuair sé rialú i gcomhréir leis IFRS seo), nó nuair a chaill sé rialú ar an institiúid infheistiúcháin. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach. I gcás inar déanaí tús na tréimhse díreach roimhe sin ná an dáta a tháinig an t-infheisteoir chun bheith páirteach leis an institiúid infheistiúcháin (ach nach bhfuair rialú i gcomhréir leis an IFRS seo), nó a chaill sé rialú ar an institiúid infheistiúcháin, aithneoidh an t-infheisteoir, mar choigeartú cothromais ag tús na tréimhse díreach roimhe sin, aon difríocht idir na nithe seo a leanas:

    (a)

    suim ghlanluacha na sócmhainní, na dliteanas agus na leasanna neamh-urlámhais roimhe sin; agus

    (b)

    an méid leasa a aithnítear a bheith ag an infheisteoir san institiúid infheistiúcháin.

    C5A

    Má bhíonn sé dofheidhmithe (mar a shainmhínítear in IAS 8) an leas san institiúid infheistiúcháin a thomhas i gcomhréir le mír C5, cuirfidh infheisteoir ceanglais an IFRS seo i bhfeidhm ag tús na tréimhse is luaithe a bhfuil cur i bhfeidhm mhír C5 infheidhmithe ina leith, arbh fhéidir gurb í an tréimhse reatha í. Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe. I gcás inar déanaí tús na tréimhse díreach roimhe sin ná an dáta a tháinig an t-infheisteoir chun bheith páirteach leis an institiúid infheistiúcháin (ach nach bhfuair rialú i gcomhréir leis an IFRS seo), nó a chaill sé rialú ar an institiúid infheistiúcháin, aithneoidh an t-infheisteoir, mar choigeartú cothromais ag tús na tréimhse díreach roimhe sin, aon difríocht idir na nithe seo a leanas:

    (a)

    suim ghlanluacha na sócmhainní, na dliteanas agus na leasanna neamh-urlámhais roimhe sin; agus

    (b)

    an méid leasa a aithnítear a bheith ag an infheisteoir san institiúid infheistiúcháin.

    Déanfaidh an t-infheisteoir an tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a choigeartú go cúlghabhálach, ach amháin i gcás inarb í an tréimhse reatha tús na tréimhse is luaithe dá bhfuil cur i bhfeidhm na míre seo infheidhmithe.

    C6

    Ba leasuithe ar IAS 27 arna ndéanamh in 2008 iad míreanna 23, 25, B94 agus B96–B99 a tugadh ar aghaidh go dtí IFRS 10. Ach amháin i gcás ina gcuirfidh eintiteas mír C3 i bhfeidhm, nó ina n-éilítear air míreanna C4–C5A a chur i bhfeidhm, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais sna míreanna sin i bhfeidhm mar a leanas:

    (a)

    Ní athshonróidh eintiteas aon sannadh brabúis nó caillteanais le haghaidh tréimhsí tuairiscithe a bhí ann sular chuir sé an leasú i mír B94 i bhfeidhm den chéad uair.

    (b)

    Na ceanglais i míreanna 23 agus B96 maidir le cuntas a choinneáil ar athruithe ar leasanna úinéireachta i bhfochuideachta tar éis rialú a fháil, níl feidhm acu maidir le hathruithe a tharla sular chuir eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair.

    (c)

    Ní athshonróidh eintiteas suim ghlanluacha infheistíochta in iar-fhochuideachta má chaill sé rialú uirthi sular chuir sé an leasú i míreanna 25 agus B97–B99 i bhfeidhm den chéad uair. Ina theannta sin, ní athríomhfaidh eintiteas aon ghnóthachan nó aon chaillteanas ar chaillteanas i rialú ar fhochuideachta a tharla sular cuireadh na leasuithe i míreanna 25 agus B98–B99 i bhfeidhm den chéad uair.

    Tagairtí don ‘tréimhse díreach roimhe’

    C6A

    D’ainneoin na dtagairtí don tréimhse bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh (an ‘tréimhse díreach roimhe’) i míreanna C3B–C5A, féadfaidh eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach a chur i láthair freisin le haghaidh aon tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh. Más amhlaidh a chuireann eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, léifear na tagairtí uile do ‘tús na tréimhse díreach roimhe’ i míreanna C3B–C5A mar ‘an tréimhse choigeartaithe chomparáideach is luaithe a chuirtear i láthair’.

    C6B

    Má chuireann eintiteas faisnéis neamhchoigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir an fhaisnéis nár coigeartaíodh, luafaidh sé gur ullmhaíodh í ar bhonn difriúil, agus míneoidh sé an bonn sin.

    Tagairtí do IFRS 9

    C7

    Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, déanfaidh sé aon tagairt san IFRS seo do IFRS 9 a léamh mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas.

    AISTARRAINGT IFRSanna EILE

    C8

    Gabhann an IFRS seo in ionad na gceanglas a bhaineann le ráitis airgeadais chomhdhlúite in IAS 27 (arna leasú in 2008).

    C9

    Gabhann an IFRS seo in ionad Comhdhlúthú—Aonáin Shainchuspóireacha le Buanchoiste Léirmhíniúcháin-12 freisin.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 11

    Comhshocruithe

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo prionsabail a bhunú le haghaidh tuairisciú airgeadais ag eintitis a bhfuil leas acu i socruithe comhrialaithe (i.e. comhshocruithe).

    An cuspóir a chomhlíonadh

    2

    Chun an cuspóir i mír 1 a chomhlíonadh, leis an IFRS seo sainmhínítear comhrialú agus éilítear ar eintiteas is páirtí i gcomhshocrú an cineál comhshocraithe a mbaineann sé leis a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar a chearta agus a oibleagáidí agus trí chuntas a choinneáil ar na cearta agus na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis an gcineál comhshocraithe sin.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfidh na heintitis uile is páirtí i gcomhshocrú an IFRS seo i bhfeidhm.

    COMHSHOCRUITHE

    4

    Is éard is comhshocrú ann, socrú ina bhfuil comhrialú ag dhá pháirtí nó níos mó.

    5

    Tá na saintréithe seo a leanas ag comhshocrú:

    (a)

    Tá na páirtithe faoi cheangal socrú conarthach (féach míreanna B2–B4).

    (b)

    Leis an socrú conarthach, tugtar comhrialú ar an socrú do dhá cheann nó níos mó de na páirtithe sin (féach míreanna 7–13).

    6

    Is éard is comhshocrú ann oibríocht chomhpháirteach nó comhfhiontar.

    Comhrialú

    7

    Comhroinnt rialaithe comhaontaithe go conarthach ar shocrú is ea comhrialú, nach ann de ach nuair is gá toiliú d'aon toil na bpáirtithe a roinneann an rialú chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha.

    8

    Déanfaidh eintiteas is páirtí i gcomhshocrú measúnú ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar leis an socrú conarthach rialú comhchoiteann ar an socrú do na páirtithe uile, nó do ghrúpa de na páirtithe. Tá rialú comhchoiteann ar an socrú ag na páirtithe uile, nó ag grúpa de na páirtithe, i gcás nach mór dóibh gníomhú le chéile chun na gníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach do thorthaí an tsocraithe (i.e. na gníomhaíochtaí ábhartha) a stiúradh.

    9

    Nuair a bheidh sé cinnte go bhfuil rialú comhchoiteann ar an socrú ag na páirtithe uile, nó ag grúpa de na páirtithe, ní ann do chomhrialú ach i gcás ina n-éilítear toiliú d’aon toil na bpáirtithe a bhfuil rialú comhchoiteann acu ar an socrú chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha.

    10

    I gcomhshocrú, ní rialaíonn aon pháirtí aonair ann féin an socrú. Féadann páirtí a bhfuil comhrialú aige ar shocrú cosc a chur ar aon cheann de na páirtithe eile, nó ar ghrúpa de na páirtithe, ó bheith ag rialú an tsocraithe.

    11

    Féadann socrú a bheith ina chomhshocrú fiú gan comhrialú ar an socrú a bheith ag na páirtithe uile ann. Déantar idirdhealú leis an IFRS seo idir páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar chomhshocrú (oibreoirí comhpháirteacha nó comhfhiontraithe) agus páirtithe atá rannpháirteach i gcomhshocrú ach nach bhfuil comhrialú acu air.

    12

    Beidh ar eintiteas breithiúnas a thabhairt agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil rialú comhchoiteann ar shocrú ag na páirtithe uile, nó ag grúpa de na páirtithe. Déanfaidh eintiteas an measúnú sin ach na fíorais agus na himthosca uile a bhreithniú (féach míreanna B5–B11).

    13

    Má athraíonn na fíorais agus na himthosca, déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil comhrialú ar an socrú aige fós.

    Cineálacha comhshocraithe

    14

    Déanfaidh eintiteas an cineál comhshocraithe lena mbaineann sé a chinneadh. Braitheann aicmiú comhshocraithe mar oibríocht chomhpháirteach nó mar chomhfhiontar ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa socrú.

    15

    Is éard is oibríocht chomhpháirteach ann comhshocrú ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i ndáil leis na dliteanais, a bhaineann leis an socrú. Tugtar oibreoirí comhpháirteacha ar na páirtithe sin.

    16

    Is éard is comhfhiontar ann, comhshocrú ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na glansócmhainní a bhaineann leis an socrú. Tugtar comhfhiontraithe ar na páirtithe sin.

    17

    Tugann eintiteas breithiúnas agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu oibríocht chomhpháirteach nó comhfhiontar atá i gcomhshocrú. Déanfaidh eintiteas an cineál comhshocraithe lena mbaineann sé a chinneadh trí bhreithniú a dhéanamh ar na cearta agus na hoibleagáidí atá aige a eascraíonn as an gcomhshocrú. Déanann eintiteas measúnú ar a chearta agus a oibleagáidí trí bhreithniú a dhéanamh ar struchtúr agus foirm dhlíthiúil an tsocraithe, ar na téarmaí arna gcomhaontú ag na páirtithe sa socrú conarthach agus, i gcás inarb ábhartha, ar fhíorais agus imthosca eile (féach míreanna B12–B33).

    18

    Uaireanta, bíonn na páirtithe faoi cheangal creat-chomhaontú lena leagtar síos na téarmaí conarthacha ginearálta faoina ndéantar gníomhaíocht amháin nó níos mó. D’fhéadfaí a leagan amach leis an gcreat-chomhaontú go ndéanfaidh na páirtithe comhshocruithe éagsúla a leagan síos chun déileáil le gníomhaíochtaí sonracha ar cuid den socrú iad. Cé go bhfuil na comhshocruithe sin gaolmhar leis an gcreat-chomhaontú céanna, d’fhéadfaidís a bheith de chineálacha éagsúla má bhíonn cearta agus oibleagáidí éagsúla ag na páirtithe nuair a dhéanann siad na gníomhaíochtaí éagsúla a ndéileáiltear leo sa chreat-chomhaontú. Dá thoradh sin, is féidir oibríochtaí comhpháirteacha agus comhfhiontair a bheith ann i gcomhthráth nuair a dhéanann na páirtithe gníomhaíochtaí éagsúla ar cuid den chreat-chomhaontú céanna iad.

    19

    Má athraíonn na fíorais agus na himthosca, déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar cé acu a tháinig nó nár tháinig athrú ar an gcineál comhshocraithe lena mbaineann sé.

    RÁITIS AIRGEADAIS PÁIRTITHE I gCOMHSHOCRÚ

    Oibríochtaí comhpháirteacha

    20

    Déanfaidh oibreoir comhpháirteach na nithe seo a leanas a aithint i ndáil lena leas in oibríocht chomhpháirteach:

    (a)

    a chuid sócmhainní, lena n-áirítear an scair atá aige d’aon sócmhainn arna sealbhú i gcomhpháirt;

    (b)

    a chuid dliteanas, lena n-áirítear an scair atá aige d’aon dliteanas arna thabhú i gcomhpháirt;

    (c)

    a chuid ioncaim as díol na scaire den aschur atá aige a eascraíonn as an oibríocht chomhpháirteach;

    (d)

    an scair den ioncam atá aige as aschur na hoibríochta comhpháirtí a dhíol; agus

    (e)

    a chuid speansas, lena n-áirítear an scair atá aige d’aon speansas arna thabhú i gcomhpháirt.

    21

    Coinneoidh oibreoir comhpháirteach cuntas ar na sócmhainní, dliteanais, ioncaim agus speansais a bhaineann lena leas i gcomhshocrú i gcomhréir leis na IFRSanna is infheidhme maidir leis na sócmhainní, dliteanais, ioncaim agus speansais faoi leith.

    21A

    I gcás ina bhfaighidh eintiteas leas in oibríocht chomhpháirteach inar gnólacht, mar a shainmhínítear in IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, é an rud atá i ngníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí, déanfaidh sé na prionsabail uile in IFRS 3, agus in IFRSanna eile, maidir le cuntas a choinneáil ar chomhcheangail ghnó nach bhfuil i gcoinbhleacht le treoraíocht an IFRS seo a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann lena scair i gcomhréir le mír 20, agus nochtfaidh sé an fhaisnéis a éilítear sna IFRSanna sin maidir le comhcheangail ghnó. Baineann sin le héadáil an leasa tosaigh agus leasanna breise in oibríocht chomhpháirteach inar gnólacht í gníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí. Sonraítear i míreanna B33A–B33D an chuntasaíocht le haghaidh éadáil leasa in oibríocht chomhpháirteach den sórt sin.

    22

    Sonraítear i míreanna B34–B37 an chuntasaíocht le haghaidh idirbhearta amhail sócmhainní a dhíol, a ranníoc nó a cheannach idir eintiteas agus oibríocht chomhpháirteach inar oibreoir comhpháirteach é.

    23

    Páirtí atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach ach nach bhfuil comhrialú aige air, coinneoidh sé cuntas freisin ar a leas sa socrú i gcomhréir le míreanna 20–22 má bhíonn cearta ag an bpáirtí sin chun na sócmhainní agus oibleagáidí air i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an oibríocht chomhpháirteach. Mura mbíonn cearta chun sócmhainní ag páirtí atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach ach nach bhfuil comhrialú aige air, nó mura mbíonn oibleagáidí air i leith na dliteanas, a bhaineann leis an oibríocht chomhpháirteach sin, coinneoidh sé cuntas ar a leas san oibríocht chomhpháirteach i gcomhréir leis na IFRSanna is infheidhme maidir leis an leas sin.

    Comhfhiontair

    24

    Is mar infheistíocht a aithneoidh comhfhiontraí a leas i gcomhfhiontar agus coinneoidh sé cuntas ar an infheistíocht sin ag úsáid mhodh an chothromais i gcomhréir le IAS 28 Infheistíochtaí in Eintitis Chomhlachaithe agus i gComhfhiontair ach amháin má bhíonn an t-eintiteas díolmhaithe ó mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm mar a shonraítear sa chaighdeán sin.

    25

    Páirtí atá rannpháirteach i gcomhfhiontar ach nach bhfuil comhrialú aige air, coinneoidh sé cuntas ar a leas sa socrú i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais ach amháin má bhíonn tionchar suntasach aige ar an gcomhfhiontar, agus sa chás sin coinneoidh sé cuntas air i gcomhréir le IAS 28 (arna leasú in 2011).

    RÁITIS AIRGEADAIS AR LEITHLIGH

    26

    Ina ráitis airgeadais ar leith, coinneoidh oibreoir comhpháirteach nó comhfhiontraí cuntas ar a leas sna nithe seo a leanas:

    (a)

    oibríocht chomhpháirteach i gcomhréir le míreanna 20–22;

    (b)

    comhfhiontar i gcomhréir le mír 10 de IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leith.

    27

    Ina ráitis airgeadais ar leith, coinneoidh páirtí atá rannpháirteach i gcomhshocrú ach nach bhfuil comhrialú aige air cuntas ar a leas sna nithe seo a leanas:

    (a)

    oibríocht chomhpháirteach i gcomhréir le mír 23;

    (b)

    comhfhiontar i gcomhréir le IFRS 9, ach amháin má bhíonn tionchar suntasach ag an eintiteas ar an gcomhfhiontar, agus sa chás sin cuirfidh sé mír 10 de IAS 27 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    comhshocrú

    Socrú ina bhfuil comhrialú ag dhá pháirtí nó níos mó.

    comhrialú

    Comhroinnt rialaithe comhaontaithe go conarthach ar shocrú, nach ann de ach nuair is gá toiliú d’aon toil na bpáirtithe a roinneann an rialú chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha.

    oibríocht chomhpháirteach

    Comhshocrú i gcás ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i ndáil leis na dliteanais, a bhaineann leis an socrú.

    oibreoir comhpháirteach

    Páirtí in oibríocht chomhpháirteach a bhfuil comhrialú aige ar an oibríocht chomhpháirteach sin.

    comhfhiontar

    Comhshocrú i gcás ina bhfuil cearta ag na páirtithe a bhfuil comhrialú acu ar an socrú i ndáil leis na glansócmhainní a bhaineann leis an socrú.

    comhfhiontraí

    Páirtí i gcomhfhiontar a bhfuil comhrialú aige ar an gcomhfhiontar sin.

    páirtí i gcomhshocrú

    Eintiteas atá rannpháirteach i gcomhshocrú gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil comhrialú ag an eintiteas ar an socrú.

    meán ar leith

    Struchtúr airgeadais atá inaitheanta ar leithligh, lena n-áirítear eintitis dhlítheanacha ar leithligh nó eintitis ar leithligh a aithnítear le reacht, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach ag na heintitis sin.

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas in IAS 27 (arna leasú in 2011), IAS 28 (arna leasú in 2011) nó IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus úsáidtear san IFRS seo iad de réir na mbríonna a shonraítear sna IFRSanna sin:

    rialú institiúid infheistiúcháin

    modh an chothromais

    cumhacht

    cearta cosantacha

    gníomhaíochtaí ábhartha

    ráitis airgeadais ar leithligh

    tionchar suntasach.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–27 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile de IFRS.

    B1

    Léirítear cásanna hipitéiseacha leis na samplaí san fhoscríbhinn seo. Cé go bhféadfadh roinnt gnéithe de na samplaí a bheith ann i bpatrúin fíorais iarbhír, ba ghá meastóireacht a dhéanamh ar fhíorais agus imthosca ábhartha uile patrúin fíorais áirithe agus IFRS 11 á chur i bhfeidhm.

    COMHSHOCRUITHE

    Socrú conarthach (mír 5)

    B2

    Is féidir fianaise ar shocruithe conarthacha a chur ar fáil ar roinnt bealaí. Go minic, ach ní i gcónaí, is i scríbhinn, i bhfoirm conartha nó plé doiciméadaithe idir na páirtithe de ghnáth, a bhíonn socrú conarthach infhorfheidhmithe. Is féidir socruithe infhorfheidhmithe a chruthú le sásraí reachtúla freisin, astu féin nó i gcomhar le conarthaí idir na páirtithe.

    B3

    I gcás ina mbeidh na comhshocruithe struchtúraithe trí ionstraim ar leith (féach míreanna B19–B33), déanfar an socrú conarthach, nó roinnt gnéithe den socrú conarthach, a chorprú i roinnt cásanna in airteagail, i gcairt nó i bhfodhlíthe na hionstraime ar leith.

    B4

    Leagtar amach leis an socrú conarthach na téarmaí faoina mbíonn na páirtithe rannpháirteach sa ghníomhaíocht is ábhar don socrú. Leis an socrú conarthach, déileáiltear go ginearálta le hábhair amhail na nithe seo a leanas:

    (a)

    cuspóir, gníomhaíocht agus fad an chomhshocraithe.

    (b)

    conas a cheaptar comhaltaí bhord stiúrthóirí an chomhshocraithe, nó comhaltaí comhlachta choibhéisigh lena rialaítear an comhshocrú.

    (c)

    an próiseas cinnteoireachta: na hábhair ar gá do na páirtithe cinntí a dhéanamh ina leith, cearta vótála na bpáirtithe agus an leibhéal tacaíochta is gá le haghaidh na n-ábhar sin. Leis an bpróiseas cinnteoireachta a léirítear sa socrú conarthach, leagtar síos comhrialú ar an socrú (féach míreanna B5–B11).

    (d)

    an caipiteal nó na ranníocaíochtaí eile a éilítear ar na páirtithe.

    (e)

    conas a roinneann na páirtithe sócmhainní, dliteanais, ioncaim, speansais nó brabús nó caillteanas a bhaineann leis an gcomhshocrú.

    Comhrialú (míreanna 7–13)

    B5

    Agus measúnú á dhéanamh aige ar cé acu atá nó nach bhfuil comhrialú ag eintiteas ar shocrú, déanfaidh eintiteas measúnú ar dtús ar cé acu atá nó nach bhfuil rialú ag na páirtithe uile, nó ag grúpa de na páirtithe, ar an socrú. Sainmhínítear rialú in IFRS 10 agus úsáidfear an sainmhíniú sin chun a chinneadh cé acu a nochtar nó nach nochtar na páirtithe, nó grúpa de na páirtithe, do thorthaí athraitheacha óna mbainteacht leis an socrú, nó cé acu atá cearta acu i leith na dtorthaí nó nach bhfuil, agus an bhfuil sé ar a gcumas dóibh difear a dhéanamh do na torthaí sin trí bhíthin a gcumhachtaí ar an socrú. I gcás ina mbeidh na páirtithe uile, nó grúpa de na páirtithe, arna mbreithniú i gcomhpháirt, in ann na gníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach do thorthaí an tsocraithe (i.e. na gníomhaíochtaí ábhartha) a stiúradh, tá comhrialú ag na páirtithe ar an socrú.

    B6

    Tar éis d’eintiteas teacht ar an gconclúid go bhfuil rialú ag na páirtithe uile, nó ag grúpa de na páirtithe, ar an socrú, déanfaidh sé measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil comhrialú aige ar an socrú. Ní ann do chomhrialú ach i gcás ina n-éilítear toiliú d’aon toil na bpáirtithe a bhfuil rialú comhchoiteann acu ar an socrú chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Is féidir gur gá breithiúnas a thabhairt chun measúnú a dhéanamh an bhfuil comhrialú ar an socrú ag na páirtithe uile ann nó grúpa de na páirtithe, nó ag ceann amháin dá pháirtithe ina aonar.

    B7

    Uaireanta, leanann comhrialú go hintuigthe as an bpróiseas cinnteoireachta a chomhaontaíonn na páirtithe ina socrú conarthach. Glac leis, mar shampla, go leagann dhá pháirtí socrú síos ina bhfuil 50 faoin gcéad de na cearta vótála acu araon agus go sonraítear sa socrú conarthach go n-éilítear 51 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Sa chás sin, chomhaontaigh na páirtithe go hintuigthe go bhfuil comhrialú acu ar an socrú toisc nach féidir cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha gan an dá pháirtí a bheith ar chomhaontú.

    B8

    In imthosca eile, éilítear leis an socrú conarthach go mbeidh cion íosta de na cearta vótála ag páirtí chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha. I gcás inar féidir an cion íosta sin de na cearta vótála a éilítear a bhaint amach trí níos mó ná comhcheangal amháin de na páirtithe a bheith ag comhaontú le chéile, ní comhshocrú é an socrú sin ach amháin má shonraítear leis an socrú conarthach cé acu páirtithe (nó comhcheangail de pháirtithe) is gá comhaontú d’aon toil le cinntí maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe.

    Samplaí den chur i bhfeidhm

    Sampla 1

    Glac leis go leagann trí pháirtí socrú síos: Tá 50 faoin gcéad de na cearta vótála sa socrú ag A, 30 faoin gcéad ag B agus 20 faoin gcéad ag C. Sonraítear leis an socrú conarthach idir A, B agus C go n-éilítear 75 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe. Cé go bhféadann A aon chinneadh a bhlocáil, níl rialú aige ar an socrú de bhrí go dteastaíonn comhaontú ó B uaidh. Tugtar le tuiscint le téarmaí a socraithe chonarthaigh, lena n-éilítear 75 faoin gcéad de na cearta vótála chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha, go bhfuil comhrialú ag A agus B ar an socrú toisc nach féidir cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe gan A agus B araon a bheith ar chomhaontú.

    Sampla 2

    Glac leis go bhfuil trí pháirtí i socrú: Tá 50 faoin gcéad de na cearta vótála sa socrú ag A, agus tá 25 faoin gcéad ag B agus C araon. Sonraítear leis an socrú conarthach idir A, B agus C go n-éilítear 75 faoin gcéad ar a laghad de na cearta vótála chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe. Cé go bhféadann A aon chinneadh a bhlocáil, níl rialú aige ar an socrú toisc go dteastaíonn comhaontú ó B nó ó C uaidh. Sa sampla seo, tá rialú comhchoiteann ag A, B agus C ar an socrú. Tá níos mó ná aon chomhcheangal amháin de pháirtithe ann, áfach, is féidir comhaontú a dhéanamh 75 faoin gcéad de na cearta vótála a bhaint amach (i.e. A agus B nó A agus C). I gcás den sórt sin, chun go mbeadh an socrú conarthach ina chomhshocrú, bheadh ar na páirtithe a shonrú cé acu comhcheangal de na páirtithe is gá comhaontú d’aon toil le cinntí maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe.

    Sampla 3

    Glac leis go bhfuil socrú ann ina bhfuil 35 faoin gcéad de na cearta vótála ag A agus B araon, agus an 30 faoin gcead eile scaipthe go forleathan. Éilítear tromlach na gceart vótála chun cinntí a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha. Níl comhrialú ag A agus B ar an socrú ach amháin má shonraítear leis an socrú conarthach go n-éilítear go mbeidh A agus B ar chomhaontú chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an tsocraithe.

    B9

    Ciallaíonn an ceanglas maidir le toiliú d’aon toil go bhféadann aon pháirtí a bhfuil comhrialú ar an socrú aige cosc a chur ar aon cheann de na páirtithe eile, nó ar ghrúpa de na páirtithe, ó bheith ag déanamh cinntí aontaobhacha (maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha) gan a thoiliú. Mura mbaineann an ceanglas maidir le toiliú d’aon toil ach le cinntí lena dtugtar cearta cosantacha do pháirtí agus ní le cinntí maidir le gníomhaíochtaí ábhartha socraithe, níl an páirtí sin ina pháirtí a bhfuil comhrialú aige ar an socrú.

    B10

    D’fhéadfadh clásail maidir le réiteach díospóidí, amhail clásail eadrána, a bheith san áireamh i socrú conarthach. Féadfar a cheadú leis na forálacha sin go ndéanfaí cinntí gan toiliú d’aon toil a bheith idir na páirtithe a bhfuil comhrialú acu. Le forálacha den sórt sin a bheith ann, ní chuirtear cosc ar an socrú a bheith faoi chomhrialú ná a bheith ina chomhshocrú dá thoradh sin.

    Measúnú a dhéanamh ar chomhrialú

    Image 3

    B11

    I gcás ina mbeidh socrú lasmuigh de raon feidhme IFRS 11, coinníonn eintiteas cuntas ar a leas sa socrú i gcomhréir le IFRSanna ábhartha, amhail IFRS 10, IAS 28 (arna leasú in 2011) nó IFRS 9.

    CINEÁLACHA COMHSHOCRAITHE (MÍREANNA 14–19)

    B12

    Leagtar síos comhshocruithe chun críoch éagsúil (e.g. chun go mbeidh páirtithe in ann costais agus rioscaí a roinnt, nó chun rochtain ar theicneolaíocht nua nó ar mhargaí nua a sholáthar do na páirtithe), agus is féidir iad a leagan síos ag úsáid struchtúir agus foirmeacha dlíthiúla éagsúla.

    B13

    Le roinnt socruithe, ní éilítear gur in ionstraim ar leith a bheidh an ghníomhaíocht atá faoi réir an tsocraithe atá le déanamh. Leagtar síos ionstraim ar leith i gcás socruithe eile, áfach.

    B14

    Aicmiú comhshocruithe a éilítear leis an IFRS seo, braitheann sé ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an socrú i ngnáthchúrsa gnó. Leis an IFRS seo aicmítear comhshocruithe mar oibríochtaí comhpháirteacha nó mar chomhfhiontair. I gcás ina bhfuil cearta ag an eintiteas chun na sócmhainní, agus oibleagáidí air i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú, is oibríocht chomhpháirteach é an socrú. I gcás ina bhfuil cearta ag an eintiteas chun glansócmhainní an tsocraithe, is comhfhiontar é an socrú. Leagtar amach le míreanna B16–B33 an measúnú a dhéanann eintiteas chun a chinneadh cé acu in oibríocht chomhpháirteach nó i gcomhfhiontar a bhfuil leas aige.

    Aicmiú comhshocraithe

    B15

    Mar a luaitear i mír B14, éilítear le haicmiú comhshocruithe go ndéanfaidh na páirtithe measúnú ar a gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as an socrú. Agus an measúnú sin á dhéanamh aige, breithneoidh eintiteas na nithe seo a leanas:

    (a)

    struchtúr an chomhshocraithe (féach míreanna B16–B21).

    (b)

    i gcás ina struchtúraítear an comhshocrú trí ionstraim ar leith:

    (i)

    foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith (féach míreanna B22–B24);

    (ii)

    téarmaí an tsocraithe chonarthaigh (féach míreanna B25–B28); agus

    (iii)

    i gcás inarb ábhartha, fíorais agus imthosca eile (féach míreanna B29–B33).

    Struchtúr an chomhshocraithe

    Comhshocruithe nach struchtúraítear trí ionstraim ar leith

    B16

    Is oibríocht chomhpháirteach é comhshocrú nach struchtúraítear trí ionstraim ar leith. Sna cásanna sin, leagtar síos leis an socrú conarthach cearta na bpáirtithe chun na sócmhainní, agus a n-oibleagáidí i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú, agus cearta na bpáirtithe chun na n-ioncam comhfhreagrach agus a n-oibleagáidí i leith na speansas comhfhreagrach.

    B17

    Is minic a thugtar tuairisc sa socrú conarthach ar chineál na ngníomhaíochtaí atá faoi réir an tsocraithe agus ar conas a bheartaíonn na páirtithe na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh le chéile. D’fhéadfadh na páirtithe i gcomhshocrú teacht ar chomhaontú maidir le táirge a mhonarú le chéile, mar shampla, agus bheadh gach páirtí freagrach as cúram sonrach agus dhéanfadh gach páirtí a shócmhainní dílse a úsáid agus a dhliteanais dílse a thabhú. D’fhéadfaí a shonrú leis an socrú conarthach freisin conas atá na hioncaim agus na speansais atá i gcoiteann ag na páirtithe le roinnt eatarthu féin. I gcás den sórt sin, aithníonn gach oibreoir comhpháirteach ina ráitis airgeadais na sócmhainní agus dliteanais a úsáidtear le haghaidh an chúraim shonraigh, agus aithníonn sé a sciar de na hioncaim agus na speansais i gcomhréir leis an socrú conarthach.

    B18

    I gcásanna eile, mar shampla, d’fhéadfadh na páirtithe i gcomhshocrú teacht ar chomhaontú maidir le sócmhainn a roinnt agus a oibriú le chéile. I gcás den sórt sin, leagtar síos leis an socrú conarthach cearta na bpáirtithe chun na sócmhainní a oibrítear i gcomhpháirt, agus conas a roinntear idir na páirtithe aschur nó ioncam ón tsócmhainn mar aon le costais oibriúcháin. Coinníonn gach oibreoir comhpháirteach cuntas ar a sciar den shócmhainn chomhpháirteach agus ar a sciar comhaontaithe d’aon dliteanas, agus aithníonn sé a sciar den aschur, de na hioncaim agus de na speansais i gcomhréir leis an socrú conarthach.

    Comhshocruithe a struchtúraítear trí ionstraim ar leith

    B19

    Comhshocrú a bhfuil na sócmhainní agus dliteanais a bhaineann leis an socrú arna sealbhú in ionstraim ar leith ann, féadann sé a bheith ina chomhfhiontar nó ina oibríocht chomhpháirteach.

    B20

    Cé acu oibreoir comhpháirteach nó comhfhiontraí atá sa pháirtí, braitheann sé ar chearta an pháirtí chun na sócmhainní, agus ar a oibleagáidí i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú atá arna sealbhú san ionstraim ar leith.

    B21

    Mar a luaitear i mír B15, i gcás ina mbeidh comhshocrú arna struchtúrú ag na páirtithe in ionstraim ar leith, is gá do na páirtithe measúnú a dhéanamh ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar na nithe seo a leanas dóibh de dhroim fhoirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith, théarmaí an tsocraithe chonarthaigh agus, i gcás inarb ábhartha, aon fhíoras nó imthoisc eile:

    (a)

    cearta chun na sócmhainní, agus oibleagáidí i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú (i.e. is oibríocht chomhpháirteach é an socrú); nó

    (b)

    cearta chun glansócmhainní an tsocraithe (i.e. is comhfhiontar é an socrú).

    Aicmiú comhshocraithe: measúnú ar chearta agus oibleagáidí na bpáirtithe a eascraíonn as an socrú

    Image 4

    Foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith

    B22

    Is ábhartha foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith i gcás ina mbeidh measúnú á dhéanamh ar an gcineál comhshocraithe. Cuidíonn an fhoirm dhlíthiúil leis an measúnú tosaigh ar chearta na bpáirtithe chun na sócmhainní agus ar a n-oibleagáidí i leith na ndliteanas arna sealbhú san ionstraim ar leith, amhail cé acu atá nó nach bhfuil leasanna ag na páirtithe sna sócmhainní arna sealbhú san ionstraim ar leith agus cé acu atá nó nach bhfuil siad faoi dhliteanas i leith na ndliteanas arna sealbhú san ionstraim ar leith.

    B23

    D’fhéadfadh na páirtithe an comhshocrú a dhéanamh trí ionstraim ar leith, a bhfuil a foirm dhlíthiúil i riocht agus go bhfágann sí go mbreithnítear an ionstraim ar leith ina ceart féin, mar shampla (i.e. is sócmhainní agus dliteanais na hionstraime ar leith iad na sócmhainní agus na dliteanais arna sealbhú san ionstraim ar leith, agus ní sócmhainní agus dliteanais na bpáirtithe iad). I gcás den sórt sin, de dhroim an mheasúnaithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith, léirítear gur comhfhiontar é an socrú. An measúnú ar na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith, féadann na téarmaí arna gcomhaontú ag na páirtithe ina socrú conarthach (féach míreanna B25–B28) agus, i gcás inarb ábhartha, fíorais agus imthosca eile (féach míreanna B29–B33) é a shárú, áfach.

    B24

    An measúnú ar na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith, tá sé leordhóthanach chun teacht ar an gconclúid gur oibríocht chomhpháirteach é an socrú sa chás amháin go ndéanann na páirtithe an comhshocrú in ionstraim ar leith nach bhfágann a foirm dhlíthiúil go bhfuil deighilt idir na páirtithe agus an ionstraim ar leith (i.e. is sócmhainní agus dliteanais na bpáirtithe iad na sócmhainní agus na dliteanais arna sealbhú san ionstraim ar leith).

    Measúnú a dhéanamh ar théarmaí an tsocraithe chonarthaigh

    B25

    In go leor cásanna, tá na cearta agus na hoibleagáidí arna gcomhaontú ag na páirtithe ina socruithe conarthacha comhsheasmhach leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith inar struchtúraíodh an socrú, nó níl na cearta agus na hoibleagáidí sin i gcoinbhleacht.

    B26

    I gcásanna eile, baineann na páirtithe úsáid as an socrú conarthach chun na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith inar struchtúraíodh an socrú a chur droim ar ais nó a mhodhnú.

    Sampla den chur i bhfeidhm

    Sampla 4

    Glac leis go struchtúraíonn dhá pháirtí comhshocrú in eintiteas corpraithe. Tá leas úinéireachta 50 faoin gcéad ag gach páirtí san eintiteas corpraithe. Leis an gcorprú, cumasaítear deighilt an eintitis óna úinéirí agus dá thoradh sin is sócmhainní agus dliteanais an eintitis chorpraithe iad na sócmhainní agus na dliteanais arna sealbhú san eintiteas. I gcás den sórt sin, de dhroim an mheasúnaithe ar na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar do na páirtithe le foirm dhlíthiúil na hionstraime ar leith, léirítear go bhfuil cearta ag na páirtithe chun glansócmhainní an tsocraithe.

    Modhnaíonn na páirtithe gnéithe an chorpraithe tríd an socrú conarthach atá acu, áfach, ionas go bhfuil leas acu araon i sócmhainní an eintitis chorpraithe agus go bhfuil cion sonraithe ann de dhliteanais an eintitis chorpraithe a bhfuil an dá pháirtí faoina ndliteanas. Is féidir go bhfágfaidh modhnuithe conarthacha den sórt sin ar ghnéithe corpraithe go mbeidh socrú ina oibríocht chomhpháirteach.

    B27

    Sa tábla seo a leanas, déantar téarmaí comónta i socruithe conarthacha ag páirtithe in oibríocht chomhpháirteach a chur i gcomparáid le téarmaí comónta i socruithe conarthacha ag páirtithe i gcomhfhiontar. Ní cuimsitheach iad na samplaí de théarmaí conarthacha a sholáthraítear sa tábla seo a leanas.

    Measúnú a dhéanamh ar théarmaí an tsocraithe chonarthaigh

     

    Oibríocht chomhpháirteach

    Comhfhiontar

    Téarmaí an tsocraithe chonarthaigh

    Leis an socrú conarthach, soláthraítear do na páirtithe sa chomhshocrú cearta chun na sócmhainní, agus oibleagáidí i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú.

    Leis an socrú conarthach, soláthraítear do na páirtithe sa chomhshocrú cearta chun glansócmhainní an tsocraithe (i.e. is í an ionstraim ar leith, ní na páirtithe, a bhfuil cearta aici chun na sócmhainní, agus oibleagáidí uirthi i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú).

    Cearta chun sócmhainní

    Leagtar síos leis an socrú conarthach go roinnfidh na páirtithe sa chomhshocrú gach leas (e.g. cearta, teideal nó úinéireacht) sna sócmhainní a bhaineann leis an socrú de réir cion sonraithe (e.g. i gcomhréir le leas úinéireachta na bpáirtithe sa socrú nó i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéantar tríd an socrú atá inchurtha go díreach ina leith).

    Leagtar síos leis an socrú conarthach gur sócmhainní an tsocraithe iad na sócmhainní a thugtar isteach sa socrú nó a fhaightear ina dhiaidh sin tríd an gcomhshocrú. Níl aon leas (i.e. aon cheart, teideal ná úinéireacht) ag na páirtithe i sócmhainní an tsocraithe.

    Oibleagáidí i leith dliteanas

    Leagtar síos leis an socrú conarthach go roinnfidh na páirtithe sa chomhshocrú gach dliteanas, oibleagáid, costas agus speansas de réir cion sonraithe (e.g. i gcomhréir le leas úinéireachta na bpáirtithe sa socrú nó i gcomhréir leis an ngníomhaíocht a dhéantar tríd an socrú atá inchurtha go díreach ina leith).

    Leagtar síos leis an socrú conarthach go bhfuil an comhshocrú faoi dhliteanas fhiachais agus oibleagáidí an tsocraithe.

     

     

    Leagtar síos leis an socrú conarthach nach bhfuil na páirtithe sa chomhshocrú faoi dhliteanas an tsocraithe ach amháin i leith mhéid a n-infheistíochtaí faoi seach sa socrú nó i leith a n-oibleagáidí faoi seach chun aon chaipiteal gan íoc nó aon chaipiteal breise a ranníoc leis an socrú, nó an dá rud.

    Leagtar síos leis an socrú conarthach go bhfuil na páirtithe sa chomhshocrú faoi dhliteanas éileamh arna ndéanamh ag tríú páirtithe.

    Luaitear sa socrú conarthach nach bhfuil cearta cúláraigh ag creidiúnaithe an chomhshocraithe in aghaidh aon pháirtí i ndáil le fiachais nó oibleagáidí an tsocraithe.

    Ioncaim, speansais, brabús nó caillteanas

    Leagtar síos leis an socrú conarthach an leithdháileadh ioncam agus speansas ar bhonn fheidhmíocht choibhneasta gach páirtí sa chomhshocrú. D’fhéadfaí a leagan síos leis an socrú conarthach, mar shampla, go leithdháiltear ioncaim agus speansais ar bhonn na n-inniúlachtaí a mbaineann gach páirtí úsáid astu i monarcha a oibrítear go comhpháirteach, rud a d’fhéadfadh a bheith éagsúil lena leas úinéireachta sa chomhshocrú. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé gur chomhaontaigh na páirtithe an brabús nó caillteanas a bhaineann leis an socrú a roinnt ar bhonn cion sonraithe amhail leas úinéireachta na bpáirtithe sa socrú. Ní chuirfí cosc leis sin ar an socrú a bheith ina oibríocht chomhpháirteach má bhíonn cearta ag na páirtithe chun na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú.

    Leagtar síos leis an socrú conarthach sciar gach páirtí sa bhrabús nó sa chaillteanas a bhaineann le gníomhaíochtaí an tsocraithe.

    Ráthaíochtaí

    Is minic a éilítear ar na páirtithe i gcomhshocruithe ráthaíochtaí a sholáthar do thríú páirtithe a fhaigheann seirbhís ón gcomhshocrú, mar shampla, nó a sholáthraíonn maoiniú don chomhshocrú. Ráthaíochtaí den sórt sin a sholáthar, nó gealltanas a bheith tugtha ag na páirtithe go soláthróidh siad iad, ní rud é sin a chinneann, ann féin, gur oibríocht chomhpháirteach é an comhshocrú. Cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáidí ag na páirtithe i leith na ndliteanas a bhaineann leis an socrú (a bhféadfadh sé gur thug nó nár thug na páirtithe ráthaíocht maidir le roinnt acu), sin í an ghné a chinneann cé acu oibríocht chomhpháirteach nó comhfhiontar atá i gcomhshocrú.

    B28

    I gcás ina sonraítear leis an socrú conarthach go bhfuil cearta ag na páirtithe chun na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú, is páirtithe iad i gcomhshocrú agus ní gá dóibh fíorais ná imthosca eile (míreanna B29–B33) a bhreithniú chun an comhshocrú a aicmiú.

    Measúnú a dhéanamh ar fhíorais agus imthosca eile

    B29

    I gcás nach sonraítear le téarmaí an tsocraithe chonarthaigh go bhfuil cearta ag na páirtithe chun na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú, breithneoidh na páirtithe fíorais agus imthosca eile chun measúnú a dhéanamh ar cé acu oibríocht chomhpháirteach nó comhfhiontar atá sa socrú.

    B30

    D’fhéadfaí comhshocrú a struchtúrú in ionstraim ar leith a gcruthaíonn a foirm dhlíthiúil deighilt idir na páirtithe agus an ionstraim ar leith. Na téarmaí a chomhaontaítear idir na páirtithe, d’fhéadfadh sé nach sonrófaí leo cearta na bpáirtithe chun na sócmhainní ná a n-oibleagáidí i leith na ndliteanas, ach is féidir go mbeidh mar thoradh ar fhíorais agus imthosca eile a bhreithniú go n-aicmeofar socrú den sórt sin mar oibríocht chomhpháirteach. Is amhlaidh a bheidh an scéal i gcás ina dtabharfaidh fíorais agus imthosca eile cearta do na páirtithe chun na sócmhainní, agus oibleagáidí orthu i leith na ndliteanas, a bhaineann leis an socrú.

    B31

    I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí an tsocraithe ceaptha go príomha aschur a sholáthar do na páirtithe, léiríonn sé sin go bhfuil ceart ag na páirtithe chun tairbhí eacnamaíocha shócmhainní an tsocraithe uile go substaintiúil. Is minic a áirithíonn na páirtithe i socruithe den sórt sin go mbeidh rochtain acu ar na haschuir arna soláthar ag an socrú trí chosc a chur ar an socrú ó bheith ag díol aschur le tríú páirtithe.

    B32

    An iarmhairt atá ag socrú a bhfuil a dhearadh agus a chuspóir amhlaidh is ea go ndéantar na dliteanais arna dtabhú ag an socrú a chomhlíonadh, ó thaobh substainte de, de bharr an tsreafa airgid a fhaightear ó na páirtithe a bhíonn ag ceannach an aschuir. I gcás inarb iad na páirtithe iad, go substaintiúil, an t-aon fhoinse amháin sreafa airgid a chuireann le leanúnachas oibríochtaí an tsocraithe, léiríonn sé sin go bhfuil oibleagáid ar na páirtithe i leith na ndliteanas a bhaineann leis an socrú.

    Sampla den chur i bhfeidhm

    Sampla 5

    Glac leis go struchtúraíonn dhá pháirtí comhshocrú in eintiteas corpraithe (eintiteas C) ina bhfuil leas úinéireachta 50 faoin gcéad acu araon. Is é is cuspóir don socrú ábhair a mhonarú a bhfuil gá ag na páirtithe leo le haghaidh a bpróiseas monaraíochta aonair féin. Áirithítear leis an socrú go n-oibríonn na páirtithe an tsaoráid ina dtáirgtear na hábhair de réir shonraíochtaí cainníochta agus cáilíochta na bpáirtithe.

    Léiríonn foirm dhlíthiúil eintiteas C (eintiteas corpraithe), trína ndéantar na gníomhaíochtaí ar dtús, gur sócmhainní agus dliteanais eintiteas C iad na sócmhainní agus na dliteanais arna sealbhú in eintiteas C. Ní shonraítear leis an socrú conarthach idir na páirtithe go bhfuil cearta ag na páirtithe chun sócmhainní eintiteas C nó oibleagáid orthu i leith dhliteanais eintiteas C. Dá réir sin, léiríonn foirm dhlíthiúil eintiteas C agus téarmaí an tsocraithe chonarthaigh gur comhfhiontar é an socrú.

    Breithníonn na páirtithe na gnéithe seo a leanas den socrú freisin, áfach:

    Chomhaontaigh na páirtithe an t-aschur uile arna tháirgeadh ag eintiteas C a cheannach ar chóimheas 50:50. Ní fhéadann eintiteas C aon chuid den aschur a dhíol le tríú páirtithe, ach amháin má fhormheasann an dá pháirtí sa chomhshocrú sin. De bhrí gurb é is cuspóir don socrú an t-aschur a bhfuil gá ag na páirtithe leis a sholáthar dóibh, tá coinne leis nach dtarlóidh díolacháin den sórt sin le tríú páirtithe ach go hannamh agus nach mbeidh siad ábhartha.

    Socraíonn an dá pháirtí praghas an aschuir a dhíoltar leis na páirtithe ar leibhéal atá ceaptha na costais táirgthe agus na speansais riaracháin a thabhaíonn eintiteas C a chumhdach. Ar bhonn na samhla oibriúcháin sin, tá an socrú beartaithe a bheith ag obair ar leibhéal meá ar mheá.

    Ón bpatrún fíoras thuas, is ábhartha na fíorais agus na himthosca seo a leanas:

    An oibleagáid atá ar na páirtithe an t-aschur uile arna tháirgeadh ag eintiteas C a cheannach, léiríonn sé go mbraitheann eintiteas C go heisiach ar na páirtithe chun sreabhadh airgid a ghiniúint agus, dá bhrí sin, go bhfuil oibleagáid ar na páirtithe socraíocht dhliteanais eintiteas C a chistiú.

    An fíoras go bhfuil cearta ag na páirtithe chun an aschuir uile a tháirgeann eintiteas C, ciallaíonn sé go dtomhlaíonn na páirtithe na tairbhí eacnamaíocha uile a ghabhann le sócmhainní eintiteas C agus, dá bhrí sin, go bhfuil cearta acu chun na dtairbhí sin.

    Léiríonn na fíorais agus na himthosca sin gur oibríocht chomhpháirteach é an socrú. Dá ndíolfadh na páirtithe a scair den aschur le tríú páirtithe, in ionad an scair sin den aschur a bheith á húsáid ag na páirtithe iad féin i bpróiseas monaraíochta ina dhiaidh sin, ní thiocfadh athrú ar an gconclúid maidir le haicmiú an chomhshocraithe sna himthosca sin.

    Dá n-athródh na páirtithe téarmaí an tsocraithe chonarthaigh ionas go mbeifí in ann aschur a dhíol le tríú páirtithe faoin socrú, is é an toradh a bheadh air sin go ngabhfadh eintiteas C rioscaí éilimh, fardail agus mainneachtana chuige féin. Sa chás sin, ba ghá athmheasúnú a dhéanamh ar aicmiú an chomhshocraithe de dhroim athrú den sórt sin ar na fíorais agus na himthosca. Léireodh fíorais agus imthosca den sórt sin gur comhfhiontar é an socrú.

    B33

    Leis an tsreabhchairt seo a leanas, léirítear an measúnú a dhéanann eintiteas chun socrú a aicmiú i gcás ina struchtúraítear an comhshocrú trí ionstraim ar leith:

    Aicmiú comhshocraithe a struchtúraítear trí ionstraim ar leith

    Image 5

    RÁITIS AIRGEADAIS PÁIRTITHE I gCOMHSHOCRÚ (MÍREANNA 21A–22)

    Cuntas a choinneáil ar éadálacha leasanna in oibríochtaí comhpháirteacha

    B33A

    I gcás ina bhfaighidh eintiteas leas in oibríocht chomhpháirteach inar gnólacht, mar a shainmhínítear in IFRS 3, é an rud atá i ngníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí, déanfaidh sé na prionsabail uile in IFRS 3, agus in IFRSanna eile, maidir le cuntas a choinneáil ar chomhcheangail ghnó nach bhfuil i gcoinbhleacht le treoraíocht an IFRS seo a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann lena scair i gcomhréir le mír 20, agus nochtfaidh sé an fhaisnéis a éilítear leis na IFRSanna sin maidir le comhcheangail ghnó. Ar na prionsabail maidir le cuntas a choinneáil ar chomhcheangail ghnó nach bhfuil i gcoinbhleacht le treoraíocht an IFRS seo, áirítear na nithe seo a leanas, ach ní hiad na nithe seo amháin atá i gceist:

    (a)

    sócmhainní agus dliteanais in-sainaitheanta a thomhas ar luach cóir, seachas míreanna dá luaitear eisceachtaí in IFRS 3 agus IFRSanna eile;

    (b)

    costais éadála a aithint mar speansais sna tréimhsí ina dtabhaítear na costais agus ina bhfaightear na seirbhísí, cé is moite den eisceacht go ndéantar na costais eisiúna urrús fiachais nó cothromais a aithint i gcomhréir le IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair agus IFRS 9 (56);

    (c)

    aitheantas a thabhairt do shócmhainní cánach iarchurtha agus do dhliteanais chánach iarchurtha a eascraíonn as aitheantas tosaigh sócmhainní nó dliteanas, ach amháin dliteanais chánach iarchurtha a eascraíonn as aitheantas tosaigh cáilmheasa, mar a éilítear le IFRS 3 agus IAS 12 Cánacha Ioncaim le haghaidh comhcheangail ghnó;

    (d)

    an farasbarr comaoine arna haistriú thar ghlanmhéideanna na sócmhainní in-sainaitheanta a fuarthas, ar an dáta éadála, agus na ndliteanas gafa, más ann dóibh, a aithint mar cháilmheas; agus

    (e)

    tástáil le haghaidh lagaithe a dhéanamh ar aonad giniúna airgid a bhfuil cáilmheas leithdháilte go bliantúil ar a laghad air, agus tráth ar bith atá táscaire ann go bhféadfadh an t-aonad a bheith lagaithe, mar a éilítear le IAS 36 Lagú Sócmhainní le haghaidh cáilmheas a fuarthas i gcomhcheangal gnó.

    B33B

    Tá feidhm ag míreanna 21A agus B33A freisin maidir le foirmiú oibríochta comhpháirtí sa chás ina ndéanann ceann de na páirtithe atá rannpháirteach san oibríocht chomhpháirteach gnólacht atá ann cheana, mar a shainmhínítear in IFRS 3, a rannchuidiú leis an oibríocht chomhpháirteach ar a foirmiú, agus sa chás sin amháin. Níl feidhm ag na míreanna sin, áfach, maidir le foirmiú oibríochta comhpháirtí mura ndéanann na páirtithe uile atá rannpháirteach san oibríocht chomhpháirteach ach sócmhainní nó grúpaí sócmhainní nach gnólachtaí atá iontu a rannchuidiú leis an oibríocht chomhpháirteach ar a foirmiú.

    B33C

    D’fhéadfadh oibreoir comhpháirteach méadú ar a leas in oibríocht chomhpháirteach inar gnólacht, mar a shainmhínítear in IFRS 3, í gníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí trí leas breise san oibríocht chomhpháirteach a fháil. I gcásanna den sórt sin, ní dhéantar leasanna arna sealbhú roimhe sin san oibríocht chomhpháirteach a atomhas má choinníonn an t-oibreoir comhpháirteach rialú uirthi.

    B33CA

    Páirtí atá rannpháirteach in oibríocht chomhpháirteach ach nach bhfuil rialú aige uirthi, d’fhéadfadh sé comhrialú a fháil ar an oibríocht chomhpháirteach inar gnólacht, mar a shainmhínítear in IFRS 3, í gníomhaíocht na hoibríochta comhpháirtí. I gcásanna den sórt sin, ní dhéantar leasanna arna sealbhú roimhe sin san oibríocht chomhpháirteach a atomhas.

    B33D

    Níl feidhm ag míreanna 21A agus B33A–B33C ar éadáil leasa in oibríocht chomhpháirteach i gcás ina bhfuil na páirtithe a bhfuil comhrialú acu, lena n-áirítear an t-eintiteas a fhaigheann an leas san oibríocht chomhpháirteach, faoi rialú comhchoiteann an pháirtí nó na bpáirtithe rialaithe céanna ar deireadh, roimh an éadáil agus ina diaidh, agus i gcás nach bhfuil an rialú sin idirthréimhseach.

    Cuntas a choinneáil ar dhíolacháin nó ranníoc sócmhainní le hoibríocht chomhpháirteach

    B34

    I gcás ina ndéanfaidh eintiteas idirbheart le hoibríocht chomhpháirteach inar oibreoir comhpháirteach é an t-eintiteas, amhail díolachán nó ranníoc sócmhainní, tá an t-idirbheart á dhéanamh aige leis na páirtithe eile san oibríocht chomhpháirteach agus, dá réir sin, ní aithneoidh an t-oibreoir comhpháirteach gnóthachain ná caillteanais a leanann as idirbheart den sórt sin ach amháin de réir mhéid leasanna na bpáirtithe eile san oibríocht chomhpháirteach.

    B35

    I gcás ina soláthrófar fianaise le hidirbhearta den sórt sin ar laghdú ar ghlanluach inréadaithe na sócmhainní atá le díol nó le ranníoc leis an oibríocht chomhpháirteach, nó ar chaillteanas lagaithe na sócmhainní sin, aithneoidh an t-oibreoir comhpháirteach na caillteanais sin go hiomlán.

    Cuntas a choinneáil ar dhíolacháin sócmhainní ó oibríocht chomhpháirteach

    B36

    I gcás ina ndéanfaidh eintiteas idirbheart le hoibríocht chomhpháirteach inar oibreoir comhpháirteach é an t-eintiteas, amhail díolachán sócmhainní, ní aithneoidh an t-oibreoir comhpháirteach a sciar de na gnóthachain ná na caillteanais go dtí go n-athdhíolann sé na sócmhainní sin le tríú páirtí.

    B37

    I gcás ina soláthrófar fianaise le hidirbhearta den sórt sin ar laghdú ar ghlanluach inréadaithe na sócmhainní atá le ceannach, nó ar chaillteanas lagaithe na sócmhainní sin, aithneoidh oibreoir comhpháirteach a sciar de na caillteanais sin.

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach, aistriú agus aistarraingt IFRSanna eile

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile IFRS.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    C1

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 10, IFRS 12 Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile, IAS 27 (arna leasú in 2011) agus IAS 28 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm an tráth céanna.

    C1A

    Le Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, Comhshocruithe agus Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile: Treoraíocht maidir le hAistriú (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 11 agus IFRS 12), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2012, leasaíodh míreanna C2–C5, C7–C10 agus C12 agus cuireadh míreanna C1B agus C13A–C13B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IFRS 11 i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe sin i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    C1AA

    Le Cuntas a Choinneáil ar Éadálacha Leasanna in Oibríochtaí Comhpháirteacha (Leasuithe ar IFRS 11), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh an ceannteideal tar éis mhír B33 agus cuireadh míreanna 21A, B33A–B33D agus C14A agus a gceannteidil ghaolmhara leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach i dtréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm i dtréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    C1AB

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2015–2017 ar Chaighdeáin IFRS, arna eisiúint i mí na Nollag 2017, cuireadh mír B33CA leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ina bhfaigheann sé comhrialú ar dháta tosaigh na chéad tréimhse tuairiscithe bliantúla, nó ina dhiaidh sin, dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    Aistriú

    C1B

    D’ainneoin cheanglais mhír 28 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta, nuair a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair, ní gá d’eintiteas ach an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair le haghaidh na tréimhse bliantúla díreach roimh an chéad tréimhse bhliantúil a gcuirtear IFRS 11 i bhfeidhm lena haghaidh (an ‘tréimhse díreach roimhe’). Féadfaidh eintiteas an fhaisnéis sin a chur i láthair le haghaidh na tréimhse reatha nó tréimhsí inchomparáide níos luaithe freisin, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh.

    Comhfhiontair—aistriú ó chomhdhlúthú comhréireach chuig modh an chothromais

    C2

    I gcás ina mbeidh eintiteas ag aistriú ó chomhdhlúthú comhréireach chuig modh an chothromais, aithneoidh sé a infheistíocht sa chomhfhiontar ó thús na tréimhse díreach roimhe. Déanfar an infheistíocht tosaigh sin a thomhas mar mhéid comhiomlán shuimeanna glanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas a chomhdhlúthaigh an t-eintiteas go comhréireach roimhe sin, lena n-áirítear aon cháilmheas a eascraíonn as éadáil. Má ba le haonad giniúna airgid ní ba mhó, nó le grúpa d’aonaid giniúna airgid ní ba mhó, an cáilmheas roimhe sin, leithdháilfidh an t-eintiteas cáilmheas ar an gcomhfhiontar ar bhonn shuimeanna glanluacha coibhneasta an chomhfhiontair agus an aonaid giniúna airgid, nó an ghrúpa d’aonaid giniúna airgid, ar leis é.

    C3

    Is mar chostas measta na hinfheistíochta ar aitheantas tosaigh a bhreathnaítear ar iarmhéid tosaigh na hinfheistíochta arna chinneadh i gcomhréir le mír C2. Cuirfidh eintiteas míreanna 40–43 de IAS 28 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm maidir le hiarmhéid tosaigh na hinfheistíochta chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá an infheistíocht lagaithe nó nach bhfuil agus aithneoidh sé aon chaillteanas lagaithe mar choigeartú ar thuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse díreach roimhe. Níl feidhm ag an eisceacht aitheantais tosaigh i míreanna 15 agus 24 de IAS 12 Cánacha Ioncaim i gcás ina n-aithníonn an t-eintiteas infheistíocht i gcomhfhiontar a leanann as cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le haistriú comhfhiontar a comhdhlúthaíodh go comhréireach roimhe.

    C4

    Más ann do ghlansócmhainní diúltacha de bharr chomhiomlánú na sócmhainní agus na ndliteanas uile a comhdhlúthaíodh go comhréireach roimhe sin, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáidí inchiallaithe aige i ndáil leis na glansócmhainní diúltacha agus, má tá, aithneoidh an t-eintiteas an dliteanas comhfhreagrach. Má thagann an t-eintiteas ar an gconclúid nach bhfuil oibleagáidí dlíthiúla nó inchiallaithe aige i ndáil leis na glansócmhainní diúltacha, ní aithneoidh sé an dliteanas comhfhreagrach ach coigeartóidh sé an tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse díreach roimhe. Nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin, mar aon leis an sciar neamhaitheanta carnach de na caillteanais atá aige ina chomhfhiontair ó thús na tréimhse díreach roimhe agus ón dáta a chuirtear an IFRS seo i bhfeidhm den chéad uair.

    C5

    Miondealú ar na sócmhainní agus na dliteanais a comhiomlánaíodh ina n-iarmhéid infheistíochta ar líne amháin, nochtfaidh eintiteas an miondealú sin ó thús na tréimhse díreach roimhe. Ullmhófar an nochtadh sin ar bhealach comhiomlánaithe le haghaidh na gcomhfhiontar uile a gcuireann eintiteas na ceanglais maidir le haistriú dá dtagraítear i míreanna C2–C6 i bhfeidhm lena n-aghaidh.

    C6

    Tar éis aitheantas tosaigh, úsáidfidh eintiteas modh an chothromais chun cuntas a choinneáil ar a infheistíocht sa chomhfhiontar i gcomhréir le IAS 28 (arna leasú in 2011).

    Oibríochtaí comhpháirteacha—aistriú ó mhodh an chothromais chuig cuntas a choinneáil ar shócmhainní agus dliteanais

    C7

    Agus eintiteas ag athrú ó bheith ag úsáid mhodh an chothromais go dtí a bheith ag coinneáil cuntais ar shócmhainní agus dliteanais i ndáil lena leas in oibríocht chomhpháirteach, dí-aithneoidh sé, ag tús na tréimhse díreach roimhe, an infheistíocht ar coinníodh cuntas uirthi roimhe sin ag úsáid mhodh an chothromais agus aon mhír eile ba chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis sa socrú i gcomhréir le mír 38 de IAS 28 (arna leasú in 2011) agus aithneoidh sé a sciar de gach ceann de na sócmhainní agus na dliteanais i ndáil lena leas san oibríocht chomhpháirteach, lena n-áirítear aon cháilmheas arbh fhéidir gur chuid de shuim ghlanluacha na hinfheistíochta é.

    C8

    Déanfaidh eintiteas a leas sna sócmhainní agus sna dliteanais a bhaineann le hoibríocht chomhpháirteach a chinneadh ar bhonn a cheart agus a oibleagáidí de réir cion sonraithe i gcomhréir leis an socrú conarthach. Déanann eintiteas suimeanna glanluacha tosaigh na sócmhainní agus na ndliteanas a thomhas ach iad a dhíchomhiomlánú ó shuim ghlanluacha na hinfheistíochta ag tús na tréimhse díreach roimhe ar bhonn na faisnéise a d’úsáid an t-eintiteas chun modh an chothromais a chur i bhfeidhm.

    C9

    Aon difríocht a aithnítear a eascraíonn as an infheistíocht ar coinníodh cuntas uirthi roimhe sin ag úsáid mhodh an chothromais in éineacht le haon mhír eile ba chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis sa socrú i gcomhréir le mír 38 de IAS 28 (arna leasú in 2011), agus glanmhéid na sócmhainní agus na ndliteanas, lena n-áirítear aon cháilmheas:

    (a)

    déanfar í a fhritháireamh in aghaidh aon cháilmheas a bhaineann leis an infheistíocht agus déanfar aon difríocht atá fágtha a choigeartú in aghaidh tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse díreach roimhe, má tá glanmhéid na sócmhainní agus na ndliteanas a aithnítear, lena n-áirítear cáilmheas, níos mó ná an infheistíocht a dhí-aithnítear (lena n-áirítear aon mhír eile ba chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis).

    (b)

    déanfar í a choigeartú in aghaidh tuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse díreach roimhe, má tá glanmhéid na sócmhainní agus na ndliteanas a aithnítear, lena n-áirítear cáilmheas, níos lú ná an infheistíocht a dhí-aithnítear (lena n-áirítear aon mhír eile ba chuid de ghlaninfheistíocht an eintitis).

    C10

    Eintiteas a athraíonn ó bheith ag úsáid mhodh an chothromais go dtí a bheith ag coinneáil cuntais ar shócmhainní agus dliteanais, soláthróidh sé réiteach cuntas idir an infheistíocht a dhí-aithnítear, agus na sócmhainní agus na dliteanais a aithnítear, in éineacht le haon difríocht atá fágtha arna coigeartú in aghaidh tuilleamh coimeádta, ag tús na tréimhse díreach roimhe.

    C11

    Níl feidhm ag an eisceacht aitheantais tosaigh i míreanna 15 agus 24 de IAS 12 i gcás ina n-aithníonn an t-eintiteas sócmhainní agus dliteanais a bhaineann lena leas in oibríocht chomhpháirteach.

    Forálacha idirthréimhseacha sna ráitis airgeadais ar leith ag eintiteas

    C12

    Eintiteas a choinnigh cuntas roimhe sin ina ráitis airgeadais ar leith, i gcomhréir le mír 10 de IAS 27, ar a leas in oibríocht chomhpháirteach mar infheistíocht ar chostas nó i gcomhréir le IFRS 9, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    an infheistíocht a dhí-aithint agus na sócmhainní agus na dliteanais i ndáil lena leas san oibríocht chomhpháirteach a aithint ar na méideanna arna gcinneadh i gcomhréir le míreanna C7–C9.

    (b)

    réiteach cuntas idir an infheistíocht a dhí-aithnítear, agus na sócmhainní agus dliteanais a aithnítear, a sholáthar in éineacht le haon difríocht atá fágtha arna gcoigeartú i dtuilleamh coimeádta, ag tús na tréimhse díreach roimhe.

    C13

    Níl feidhm ag an eisceacht aitheantais tosaigh i míreanna 15 agus 24 de IAS 12 i gcás ina ndéanann an t-eintiteas sócmhainní agus dliteanais a bhaineann lena leas in oibríocht chomhpháirteach a aithint ina ráitis airgeadais ar leith a leanann as cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le haistriú oibríochtaí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír C12.

    Tagairtí don ‘tréimhse díreach roimhe’

    C13A

    D’ainneoin na dtagairtí don ‘tréimhse díreach roimhe’ i míreanna C2–C12, féadfaidh eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach a chur i láthair freisin le haghaidh aon tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh. Má chuireann eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, léifear na tagairtí uile don ‘tréimhse díreach roimhe’ i míreanna C2–C12 mar ‘an tréimhse choigeartaithe chomparáideach is luaithe a chuirtear i láthair’.

    C13B

    Má chuireann eintiteas faisnéis neamhchoigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse níos luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir an fhaisnéis nár coigeartaíodh, luafaidh sé gur ullmhaíodh í ar bhonn difriúil, agus míneoidh sé an bonn sin.

    Tagairtí do IFRS 9

    C14

    Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, déanfaidh sé aon tagairt do IFRS 9 a léamh mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas.

    Cuntas a choinneáil ar éadálacha leasanna in oibríochtaí comhpháirteacha

    C14A

    Le Cuntas a Choinneáil ar Éadálacha Leasanna in Oibríochtaí Comhpháirteacha (Leasuithe ar IFRS 11), arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh an ceannteideal i ndiaidh mhír B33 agus cuireadh míreanna 21A, B33A–B33D, C1AA agus a gceannteidil ghaolmhara leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm go hionchasach maidir le héadálacha leasanna in oibríochtaí comhpháirteacha inar gnólachtaí, mar a shainmhínítear in IFRS 3, iad gníomhaíochtaí na n-oibríochtaí comhpháirteacha le haghaidh na n-éadálacha a tharlaíonn ó thús na chéad tréimhse ina gcuireann sé na leasuithe sin i bhfeidhm. Dá thoradh sin, ní choigeartófar méideanna a aithnítear le haghaidh éadálacha in oibríochtaí comhpháirteacha a tharlaíonn i réamhthréimhsí.

    AISTARRAINGT IFRSanna EILE

    C15

    Gabhann an IFRS seo in ionad na IFRSanna seo a leanas:

    (a)

    IAS 31 Leasanna i gComhfhiontair; agus

    (b)

    An Buanchoiste Léirmhíniúcháin-13 Eintitis Chomhrialaithe—Ranníocaíochtaí Neamhairgeadaíochta Fiontraithe.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 12

    Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don IFRS seo a chur de cheangal ar eintitis nochtuithe a sholáthar ina ráitis airgeadais a chuireann ar a gcumas d’úsáideoirí meastóireacht a dhéanamh ar na nithe a leanas:

    (a)

    cineál a leasa in eintitis eile agus na rioscaí a bhaineann leo; agus

    (b)

    iarmhairtí na leasanna sin ar a staid airgeadais, ar a fheidhmíocht airgeadais agus ar a shreabhadh airgid.

    An cuspóir a chomhlíonadh

    2

    Chun an cuspóir i mír 1 a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    na breithiúnais agus na toimhdí suntasacha a rinne sé chun na nithe seo a leanas a chinneadh:

    (i)

    cineál a leasa in eintiteas nó i socrú eile;

    (ii)

    an cineál comhshocraithe a bhfuil leas aige ann (míreanna 7–9);

    (iii)

    go gcomhlíonann sé an sainmhíniú ar eintiteas infheistíochta, más infheidhme (mír 9A); agus

    (b)

    faisnéis faoina leasanna sna réimsí seo a leanas:

    (i)

    fochuideachtaí (míreanna 10–19);

    (ii)

    comhshocruithe agus eintitis chomhlachaithe (míreanna 20–23); agus

    (iii)

    eintitis struchtúrtha nach bhfuil á rialú ag an eintiteas (eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite) (míreanna 24–31).

    3

    Mura gcomhlíonann na nochtaí a cheanglaítear leis an IFRS seo, mar aon le nochtaí a cheanglaítear le IFRSanna eile, an cuspóir i mír 1, nochtfaidh eintiteas cibé faisnéis bhreise is gá chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

    4

    Déanfaidh eintiteas breithniú ar an méid mionsonraí a bhfuil gá leo chun an cuspóir maidir le nochtadh a chomhlíonadh, mar aon leis an méid is gá gach ceann de na ceanglais san IFRS seo a chur i dtábhacht. Déanfaidh sé nochtaí a chomhiomlánú nó a dhí-chomhiomlánú ionas nach mbeidh faisnéis úsáideach doiléir trí mhéid mór sonraí neamhshuntasacha a áireamh nó trí mhíreanna a bhfuil saintréithe éagsúla acu a chomhiomlánú (féach míreanna B2–B6).

    RAON FEIDHME

    5

    Cuirfidh eintiteas a bhfuil leas aige in aon cheann de na nithe seo a leanas an IFRS seo i bhfeidhm:

    (a)

    fochuideachtaí

    (b)

    comhshocruithe (i.e. oibríochtaí comhpháirteacha nó comhfhiontair)

    (c)

    eintitis chomhlachaithe

    (d)

    eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    5A

    Ach amháin mar a thuairiscítear i mír B17, tá feidhm ag na ceanglais san IFRS seo maidir le leasanna eintitis a liostaítear i mír 5 agus atá aicmithe (nó a áirítear i ngrúpa diúscartha atá aicmithe) mar leasanna arna sealbhú lena ndíol (nó mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol) nó mar oibríochtaí scortha i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha

    6

    Níl feidhm ag an IFRS seo maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    pleananna sochair iarfhostaíochta nó pleananna sochar fostaithe fadtéarmacha eile a bhfuil feidhm ag IAS 19 Sochair Fostaithe maidir leo.

    (b)

    ráitis airgeadais ar leithligh de chuid eintitis a bhfuil feidhm ag IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh ina leith. Mar sin féin,:

    (i)

    má tá leasanna ag eintiteas in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite agus má ullmhaíonn sé ráitis airgeadais ar leithligh mar a ráitis airgeadais amháin, cuirfidh sé na ceanglais i míreanna 24–31 i bhfeidhm agus na ráitis airgeadais ar leithligh sin á n-ullmhú aige.

    (ii)

    eintiteas infheistíochta a ullmhaíonn ráitis airgeadais ina ndéantar a fhochuideachtaí uile a thomhas ar cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le mír 31 de IFRS 10, cuirfidh sé na nochtaí a bhaineann le heintitis infheistíochta a cheanglaítear leis an IFRS seo i láthair.

    (c)

    leas arna shealbhú ag eintiteas a ghlacann páirt i gcomhshocrú, ach nach bhfuil rialú comhpháirteach aige ar chomhshocrú mura rud é go mbíonn tionchar suntasach ar an socrú mar thoradh ar an leas sin nó gur leas é in eintiteas struchtúrtha.

    (d)

    leas in eintiteas eile a gcoinnítear cuntas air i gcomhréir le IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais. Mar sin féin, cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm:

    (i)

    i gcás inar leas é an leas sin in eintiteas comhlachaithe nó i gcomhfhiontar a thomhaistear, i gcomhréir le IAS 28 Infheistíochtaí in Eintitis Chomhlachaithe agus i gComhfhiontair, ar cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas; nó

    (ii)

    i gcás inar leas in eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite é an leas sin.

    BREITHIÚNAIS AGUS TOIMHDÍ SUNTASACHA

    7

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir le breithiúnais agus toimhdí suntasacha a rinne sé (agus athruithe ar na breithiúnais agus na toimhdí sin) agus an méid seo a leanas á chinneadh aige:

    (a)

    go bhfuil rialú aige ar eintiteas eile, ie institiúid infheistiúcháin mar a thuairiscítear i míreanna 5 agus 6 de IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite;

    (b)

    go bhfuil rialú comhpháirteach aige ar shocrú nó go bhfuil tionchar suntasach aige ar eintiteas eile; agus

    (c)

    an cineál comhshocraithe (i.e. oibríocht chomhpháirteach nó comhfhiontar) i gcás ina struchtúraíodh an socrú trí mheán ar leithligh.

    8

    Áirítear ar na breithiúnais agus toimhdí suntasacha a nochtar i gcomhréir le mír 7 na breithiúnais agus na toimhdí a rinne an t-eintiteas i gcás ina bhfuil athruithe ar fhíorais agus ar imthosca de chineál a fhágann go bhfuil rialú aige, rialú comhpháirteach nó athruithe tionchair shuntasaigh aige le linn na tréimhse tuairiscithe.

    9

    Chun mír 7 a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas, mar shampla, breithiúnais agus toimhdí suntasacha a rinneadh agus an méid seo a leanas á chinneadh:

    (a)

    ní rialaíonn sé eintiteas eile cé go bhfuil níos mó ná leath de chearta vótála an eintitis eile aige.

    (b)

    rialaíonn sé eintiteas eile cé go bhfuil níos lú ná leath de chearta vótála an eintitis eile aige.

    (c)

    is gníomhaire nó príomhaí é (féach míreanna B58–B72 de IFRS 10).

    (d)

    níl tionchar suntasach aige cé go bhfuil 20 faoin gcéad nó níos mó de chearta vótála eintitis eile aige.

    (e)

    tá tionchar suntasach aige cé go bhfuil níos lú ná 20 faoin gcéad de chearta vótála eintitis eile aige.

    Stádas eintiteas infheistíochta

    9A

    Nuair a chinneann máthairinstitiúid gur eintiteas infheistíochta é i gcomhréir le mír 27 de IFRS 10, nochtfaidh an t-eintiteas infheistíochta faisnéis faoi bhreithiúnais shuntasacha agus faoi thoimhdí a rinne sé agus é á chinneadh gur eintiteas infheistíochta é. Mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de ghnáth-shaintréithe eintitis infheistíochta ag an eintiteas infheistíochta (féach mír 28 de IFRS 10), nochtfaidh sé na cúiseanna atá aige lena chinneadh gur eintiteas infheistíochta é mar sin féin.

    9B

    Nuair a thiocfaidh eintiteas chun bheith ina eintiteas infheistíochta, nó nuair a scoirfidh sé de bheith ina eintiteas infheistíochta, nochtfaidh sé an t-athrú ar stádas eintitis infheistíochta agus na cúiseanna leis an athrú. Ina theannta sin, nochtfaidh eintiteas a thagann chun bheith ina eintiteas infheistíochta éifeacht an athraithe stádais ar na ráitis airgeadais don tréimhse a chuirtear i láthair, lena n-áirítear:

    (a)

    cóirluach iomlán, ó dháta an athraithe stádais, na bhfochuideachtaí nach bhfuil á gcomhdhlúthú a thuilleadh;

    (b)

    an gnóthachan iomlán nó an caillteanas iomlán, más ann dó, arna ríomh i gcomhréir le mír B101 de IFRS 10; agus

    (c)

    an mhír líne/na míreanna líne mar bhrabús nó mar chaillteanas ina n-aithnítear an gnóthachan nó an caillteanas (mura gcuirtear i láthair ar leithligh í).

    LEASANNA I bhFOCHUIDEACHTAÍ

    10

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuireann ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais comhdhlúite

    (a)

    a thuiscint:

    (i)

    comhdhéanamh an ghrúpa; agus

    (ii)

    an leas atá ag leasanna neamh-urlámhais i ngníomhaíochtaí agus i sreabhadh airgid an ghrúpa (mír 12); agus

    (b)

    chun meastóireacht a dhéanamh ar:

    (i)

    cineál agus méid na srianta suntasacha ar a chumas sócmhainní a rochtain nó a úsáid, agus dliteanais an ghrúpa a shocrú (mír 13);

    (ii)

    cineál na rioscaí a bhaineann lena leasanna in eintitis struchtúrtha chomhdhlúite agus na hathruithe orthu (míreanna 14–17);

    (iii)

    iarmhairtí athruithe ar a leas úinéireachta i bhfochuideachta nach mbeidh caillteanas rialaithe mar thoradh orthu (mír 18); agus

    (iv)

    na hiarmhairtí a bhaineann le rialú fochuideachta a chailleadh le linn na tréimhse tuairiscithe (mír 19).

    11

    I gcás ina mbeidh ráitis airgeadais fochuideachta a úsáidtear in ullmhú ráiteas airgeadais comhdhlúite amhail ar dháta nó ar feadh tréimhse atá éagsúil ó dháta nó ó thréimhse na ráiteas airgeadais comhdhlúite (féach míreanna B92 agus B93 de IFRS 10), nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    dáta dheireadh thréimhse tuairiscithe ráitis airgeadais na fochuideachta sin; agus

    (b)

    an chúis atá le dáta nó tréimhse dhifriúil a úsáid.

    An leas atá ag leasanna neamh-urlámhais i ngníomhaíochtaí agus i sreabhadh airgid an ghrúpa

    12

    Maidir le gach ceann dá fhochuideachtaí a bhfuil leasanna neamh-urlámhais acu atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    ainm na fochuideachta.

    (b)

    príomháit ghnó (agus an tír chorpraithe murab ionann í agus príomháit ghnó) na fochuideachta.

    (c)

    an sciar de leasanna úinéireachta arna sealbhú ag leasanna neamh-urlámhais.

    (d)

    cion na gceart vótála atá arna sealbhú ag leasanna neamh-urlámhais, murab ionann é agus cion na leasanna úinéireachta arna sealbhú.

    (e)

    an brabús nó an caillteanas arna leithdháileadh ar leasanna neamh-urlámhais na fochuideachta le linn na tréimhse tuairiscithe.

    (f)

    leasanna neamh-urlámhais carntha na fochuideachta ag deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    (g)

    achoimre ar fhaisnéis airgeadais faoin bhfochuideachta (féach mír B10).

    Cineál agus méid na srianta suntasacha

    13

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    srianta suntasacha (e.g. srianta reachtúla, conarthacha agus rialála) ar a chumas na sócmhainní a rochtain nó a úsáid agus dliteanais an ghrúpa a shocrú, amhail:

    (i)

    iad siúd a chuireann srian ar chumas máthairchuideachta nó a fochuideachtaí airgead tirim nó sócmhainní eile a aistriú chuig eintitis eile laistigh den ghrúpa nó ó eintitis eile laistigh den ghrúpa.

    (ii)

    ráthaíochtaí nó ceanglais eile a d’fhéadfadh srian a chur le díbhinní agus dáiltí caipitil eile arna n-íoc, nó le hiasachtaí agus airleacain arna ndéanamh nó arna n-aisíoc le heintitis eile laistigh den ghrúpa (nó uathu).

    (b)

    cineál na gceart cosantach de chuid leasanna neamh-urlámhais agus an méid a fhéadfaidh siad srian suntasach a chur ar chumas an eintitis rochtain a fháil ar shócmhainní an ghrúpa nó iad a úsáid agus dliteanais an ghrúpa a shocrú (amhail i gcás ina bhfuil oibleagáid ar mháthairchuideachta dliteanais fochuideachta a shocrú sula socraíonn sí a dliteanais féin, nó i gcás ina n-éilítear formheas leasanna neamh-urlámhais chun rochtain a fháil ar na sócmhainní nó chun dliteanais fochuideachta a shocrú).

    (c)

    na suimeanna glanluacha sna ráitis airgeadais chomhdhlúite maidir leis na sócmhainní agus na dliteanais lena mbaineann na srianta sin.

    Cineál na rioscaí a bhaineann le leasanna eintitis in eintitis struchtúrtha chomhdhlúite

    14

    Nochtfaidh eintiteas téarmaí aon socrú conarthach a d’fhéadfadh a cheangal ar an máthairchuideachta nó ar a fochuideachtaí tacaíocht airgeadais a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha comhdhlúite, lena n-áirítear teagmhais nó imthosca a d’fhéadfadh an t-eintiteas tuairiscithe a nochtadh do chaillteanas (e.g. socruithe leachtachta nó truicir rátála creidmheasa a bhaineann le hoibleagáidí sócmhainní an eintitis struchtúraithe a cheannach nó tacaíocht airgeadais a sholáthar).

    15

    Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, gur chuir máthairchuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí, gan oibleagáid chonarthach a bheith orthu déanamh amhlaidh, tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile ar fáil d’eintiteas struchtúrtha comhdhlúite (e.g. ceannach sócmhainní nó ionstraimí arna n-eisiúint ag an eintiteas struchtúrtha), nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál agus méid na tacaíochta a soláthraíodh, lena n-áirítear cásanna inar chabhraigh an mháthairchuideachta nó a fochuideachtaí leis an eintiteas struchtúrtha tacaíocht airgeadais a fháil; agus

    (b)

    na cúiseanna leis an tacaíocht a chur ar fáil.

    16

    Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, gur chuir máthairchuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí, gan oibleagáid chonarthach a bheith orthu déanamh amhlaidh, tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile ar fáil d’eintiteas struchtúrtha nár comhdhlúthaíodh roimhe sin agus gurbh é an t-eintiteas a rialaíonn an t-eintiteas struchtúrtha a bhí mar thoradh ar sholáthar na tacaíochta sin, nochtfaidh an t-eintiteas míniú ar na fachtóirí ábhartha a bhain leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

    17

    Nochtfaidh eintiteas aon intinn reatha tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha comhdhlúite, lena n-áirítear rúin chun cabhrú leis an eintiteas struchtúrtha tacaíocht airgeadais a fháil.

    Iarmhairtí na n-athruithe ar leas úinéireachta tuismitheora i bhfochuideachta nach gcailltear rialú mar thoradh orthu

    18

    Cuirfidh eintiteas i láthair sceideal ina léireofar na hiarmhairtí ar an gcothromas atá inchurtha i leith úinéirí na máthairchuideachta maidir le haon athrú ar a leas úinéireachta i bhfochuideachta nach bhfuil caillteanas rialaithe mar thoradh orthu.

    Na hiarmhairtí a bhaineann le rialú fochuideachta a chailleadh le linn na tréimhse tuairiscithe

    19

    Nochtfaidh eintiteas an gnóthachan nó an caillteanas, más ann dó, arna ríomh i gcomhréir le mír 25 de IFRS 10, agus:

    (a)

    an chuid den ghnóthachan nó den chaillteanas sin is inchurtha i leith tomhas a dhéanamh ar aon infheistíocht a coinníodh san iarfhochuideachta ar a cóirluach ar an dáta a chailltear an rialú; agus

    (b)

    an mhír líne/na míreanna líne mar bhrabús nó mar chaillteanas ina n-aithnítear an gnóthachan nó an caillteanas (mura gcuirtear i láthair ar leithligh í).

    LEASANNA I bhFOCHUIDEACHTAÍ NEAMH-CHOMHDHLÚITE (EINTITIS INFHEISTÍOCHTA)

    19A

    Maidir le heintiteas infheistíochta a gceanglaítear air, i gcomhréir le IFRS 10, an eisceacht a chur i bhfeidhm maidir le comhdhlúthú agus, ina ionad sin, cuntas a choinneáil ar a infheistíocht i bhfochuideachta ar cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nochtfaidh sé an méid sin.

    19B

    I gcás gach fochuideachta neamh-chomhdhlúite, nochtfaidh eintiteas infheistíochta an méid seo a leanas:

    (a)

    ainm na fochuideachta;

    (b)

    príomháit ghnó (agus an tír chorpraithe murab ionann í agus príomháit ghnó) na fochuideachta; agus

    (c)

    cion an leasa úinéireachta arna shealbhú ag an eintiteas infheistíochta agus, murab ionann é, cion na gceart vótála arna sealbhú.

    19C

    Más rud é gur máthaireintiteas infheistíochta d’eintiteas infheistíochta eile é eintiteas infheistíochta, soláthróidh an mháthairchuideachta na nochtaí in 19B(a)–(c) freisin le haghaidh infheistíochtaí atá á rialú ag a fhochuideachta eintitis infheistíochta. Féadfar an nochtadh a sholáthar trí ráitis airgeadais na fochuideachta (nó na bhfochuideachtaí) ina bhfuil an fhaisnéis thuas a chur san áireamh i ráitis airgeadais na máthairchuideachta.

    19D

    Nochtfaidh eintiteas infheistíochta an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál agus méid aon srian suntasach (e.g. mar thoradh ar shocruithe iasachtaíochta, ceanglais rialála nó socruithe conarthacha) ar chumas fochuideachta neamh-chomhdhlúite cistí a aistriú chuig an eintiteas infheistíochta i bhfoirm díbhinní airgid nó iasachtaí nó airleacain a thug an t-eintiteas infheistíochta don fhochuideachta neamh-chomhdhlúite a aisíoc; agus

    (b)

    aon ghealltanas reatha nó aon rún chun tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile a sholáthar d’fhochuideachta neamh-chomhdhlúite, lena n-áirítear gealltanais nó rúin chun cabhrú leis an bhfochuideachta tacaíocht airgeadais a fháil.

    19E

    Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, go ndearna eintiteas infheistíochta nó aon cheann dá fhochuideachtaí, gan oibleagáid chonarthach a bheith orthu déanamh amhlaidh, tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile a sholáthar d’fhochuideachta neamh-chomhdhlúite (e.g. sócmhainní de chuid na fochuideachta nó ionstraimí arna n-eisiúint ag an bhfochuideachta a cheannach nó cabhrú leis an bhfochuideachta tacaíocht airgeadais a fháil), nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál agus méid na tacaíochta a sholáthraítear do gach fochuideachta neamh-chomhdhlúite; agus

    (b)

    na cúiseanna leis an tacaíocht a chur ar fáil.

    19F

    Nochtfaidh eintiteas infheistíochta téarmaí aon socrú conarthach a d’fhéadfadh ceangal a chur ar an eintiteas nó ar a fhochuideachtaí neamh-chomhdhlúite tacaíocht airgeadais a sholáthar d’eintiteas neamh-chomhdhlúite, rialaithe, struchtúrtha, lena n-áirítear teagmhais nó imthosca a d’fhéadfadh an t-eintiteas tuairiscithe a nochtadh do chaillteanas (e.g. socruithe leachtachta nó truicir rátála creidmheasa a bhaineann le hoibleagáidí sócmhainní an eintitis struchtúraithe a cheannach nó tacaíocht airgeadais a sholáthar).

    19G

    Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, gur chuir máthairchuideachta nó aon cheann dá fochuideachtaí, gan oibleagáid chonarthach a bheith orthu déanamh amhlaidh, tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile ar fáil d’eintiteas struchtúrtha nár comhdhlúthaíodh roimhe sin agus gurbh é an t-eintiteas a rialaíonn an t-eintiteas struchtúrtha a bhí mar thoradh ar sholáthar na tacaíochta sin, nochtfaidh an t-eintiteas míniú ar na fachtóirí ábhartha a bhain leis an gcinneadh sin a dhéanamh.

    LEASANNA I gCOMHSHOCRUITHE AGUS IN EINTITIS CHOMHLACHAITHE

    20

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuirfidh ar chumas úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    cineál, méid agus iarmhairtí airgeadais a leasanna i gcomhshocruithe agus in eintitis chomhlachaithe, lena n-áirítear cineál agus iarmhairtí a chaidrimh chonarthaigh leis na hinfheisteoirí eile a bhfuil comhrialú, nó tionchar suntasach, acu ar shocruithe comhpháirteacha agus ar eintitis chomhlachaithe (míreanna 21 agus 22); agus

    (b)

    cineál agus athruithe ar na rioscaí a bhaineann lena leasanna i gcomhfhiontair agus in eintitis chomhlachaithe (mír 23).

    Cineál, méid agus iarmhairtí airgeadais leasanna eintitis i gcomhshocruithe agus in eintitis chomhlachaithe

    21

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    maidir le gach socrú comhpháirteach agus eintiteas comhlachaithe atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe:

    (i)

    ainm an chomhshocraithe nó an eintitis chomhlachaithe.

    (ii)

    cineál chaidreamh an eintitis leis an gcomhshocrú nó leis eintiteas comhlachaithe (trí thuairisc a thabhairt, mar shampla, ar chineál ghníomhaíochtaí an chomhshocraithe nó an eintitis chomhlachaithe agus ce acu atá nó nach bhfuil siad straitéiseach maidir le gníomhaíochtaí an eintitis).

    (iii)

    príomháit ghnó (agus an tír chorpraithe, más infheidhme agus murab ionann agus príomháit ghnó) an chomhshocraithe nó an eintitis chomhlachaithe.

    (iv)

    cion an leasa úinéireachta nó na scaire rannpháirtí atá arna shealbhú ag an eintiteas agus, murab ionann iad, cion na gceart vótála arna sealbhú ag an eintiteas (más infheidhme).

    (b)

    maidir le gach comhfhiontar agus eintiteas comhlachaithe atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe:

    (i)

    cé acu a dhéantar nó nach ndéantar an infheistíocht sa chomhfhiontar nó san eintiteas comhlachaithe a thomhas agus úsáid á baint as an modh cothromais nó ar cóirluach.

    (ii)

    achoimre ar fhaisnéis airgeadais faoin gcomhfhiontar nó faoin eintiteas comhlachaithe mar a shonraítear i míreanna B12 agus B13.

    (iii)

    má choinnítear cuntas ar an gcomhfhiontar nó ar an eintiteas comhlachaithe as modh an chothromais a úsáid, cóirluach a infheistíochta sa chomhfhiontar nó san eintiteas comhlachaithe, má tá praghas margaidh luaite ar an infheistíocht.

    (c)

    faisnéis airgeadais mar a shonraítear i mír B16 faoi infheistíochtaí an eintitis i gcomhfhiontair agus in eintitis chomhlachaithe nach bhfuil ábhartha ar bhonn aonair:

    (i)

    i gcomhiomlán do gach comhfhiontar neamhábhartha ar leithligh agus, ar leithligh,

    (ii)

    i gcomhiomlán do gach eintiteas comhlachaithe neamhábhartha ar leithligh.

    21A

    Ní gá d’eintiteas infheistíochta na nochtaí a cheanglaítear le míreanna 21(b)–21(c) a sholáthar.

    22

    Nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    cineál agus méid aon srian suntasach (e.g. mar thoradh ar shocruithe iasachtaíochta, ceanglais rialála nó socruithe conarthacha idir infheisteoirí a bhfuil comhrialú nó tionchar suntasach acu ar chomhfhiontar nó ar eintiteas comhlachaithe) ar chumas comhfhiontar nó eintitis chomhlachaithe cistí a aistriú chuig an eintiteas i bhfoirm díbhinní airgid, nó iasachtaí nó airleacain arna ndéanamh ag an eintiteas a aisíoc.

    (b)

    nuair atá ráitis airgeadais comhfhiontair nó eintitis chomhlachaithe a úsáidtear chun an modh cothromais a chur i bhfeidhm ó dháta nó ar feadh tréimhse atá éagsúil ó dháta an eintitis nó ó thréimhse an eintitis:

    (i)

    dáta dheireadh thréimhse tuairiscithe ráitis airgeadais an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe sin; agus

    (ii)

    an chúis atá le dáta nó tréimhse dhifriúil a úsáid.

    (c)

    sciar neamhaitheanta na gcaillteanas i gcomhfhiontar nó in eintiteas comhlachaithe, don tréimhse tuairiscithe agus go carnach araon, más rud é gur stad an t-eintiteas dá sciar de chaillteanais an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe a aithint agus an modh cothromais á chur i bhfeidhm.

    Rioscaí a bhaineann le leasanna eintitis i gcomhfhiontair agus in eintitis chomhlachaithe

    23

    Nochtfaidh eintiteas an méid a leanas:

    (a)

    gealltanais atá aige a bhaineann lena chomhfhiontair ar leithligh ó mhéid na ngealltanas eile mar a shonraítear i míreanna B18–B20.

    (b)

    i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, más rud é gur beag an dóchúlacht go mbeidh caillteanais ann, dliteanais theagmhasacha a thabhaítear a bhaineann lena leasanna i gcomhfhiontair nó in eintitis chomhlachaithe (lena n-áirítear a sciar de dhliteanais theagmhasacha arna dtabhú i gcomhpháirt le hinfheisteoirí eile a bhfuil rialú comhpháirteach nó tionchar suntasach acu ar na comhfhiontair nó ar na heintitis chomhlachaithe), ar leithligh ó mhéid na ndliteanas teagmhasach eile.

    LEASANNA IN EINTITIS STRUCHTÚRTHA NEAMH-CHOMHDHLÚITE

    24

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuirfidh ar a gcumas d’úsáideoirí na ráiteas airgeadais:

    (a)

    cineál agus méid a leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite a thuiscint (míreanna 26–28); agus

    (b)

    meastóireacht a dhéanamh ar chineál na rioscaí a bhaineann lena leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite, agus ar athruithe ar na rioscaí sin (míreanna 29–31).

    25

    Áirítear san fhaisnéis a cheanglaítear le mír 24(b) faisnéis faoi neamhchosaint eintitis ar riosca ó rannpháirtíocht a bhí aige le heintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite i dtréimhsí roimhe sin (e.g. an t-eintiteas struchtúraithe a urrú), fiú mura bhfuil aon bhaint chonarthach ag an eintiteas leis an eintiteas struchtúrtha ar an dáta tuairiscithe.

    25A

    Ní gá d’eintiteas infheistíochta na nochtaí a cheanglaítear le mír 24 a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite a rialaíonn sé agus a gcuireann sé na nochtaí a cheanglaítear le míreanna 19A–19G i láthair ina leith.

    Cineál na leasanna

    26

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoina leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, cineál, cuspóir, méid agus gníomhaíochtaí an eintitis struchtúraithe agus an chaoi a maoinítear an t-eintiteas struchtúrtha.

    27

    I gcás ina ndearna eintiteas urraíocht ar eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite nach gcuireann sé faisnéis ar fáil a cheanglaítear le mír 29 (e.g. toisc nach bhfuil leas aige san eintiteas ar an dáta tuairiscithe), nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    conas a chinn sí cé na heintitis struchtúrtha a d’urraigh sí;

    (b)

    ioncam ó na heintitis struchtúrtha sin le linn na tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear tuairisc ar na cineálacha ioncaim arna gcur i láthair; agus

    (c)

    suim ghlanluacha (tráth an aistrithe) na sócmhainní uile arna n-aistriú chuig na heintitis struchtúrtha sin le linn na tréimhse tuairiscithe.

    28

    Cuirfidh eintiteas an fhaisnéis i mír 27(b) agus (c) i láthair i bhformáid tábla, mura bhfuil formáid eile níos iomchuí, agus déanfaidh sé a ghníomhaíochtaí urraíochta a aicmiú i gcatagóirí ábhartha (féach míreanna B2–B6).

    Cineál na rioscaí

    29

    Nochtfaidh eintiteas i bhformáid tábla, mura bhfuil formáid eile níos iomchuí, achoimre ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    suimeanna glanluacha na sócmhainní agus na ndliteanas a aithnítear ina ráitis airgeadais a bhaineann lena leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    (b)

    na míreanna líne sa ráiteas ar an staid airgeadais ina n-aithnítear na sócmhainní agus na dliteanais sin.

    (c)

    an méid is fearr a léiríonn neamhchosaint uasta an eintitis ar chaillteanas óna leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite, lena n-áirítear conas a chinntear an neamhchosaint uasta ar chaillteanas. Mura féidir le heintiteas a neamhchosaint uasta ar chaillteanas óna leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite a chainníochtú, nochtfaidh sé an méid sin agus na cúiseanna atá leis.

    (d)

    comparáid idir suimeanna glanluacha shócmhainní agus dhliteanais an eintitis a bhaineann lena leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite agus neamhchosaint uasta an eintitis ar chaillteanas ó na heintitis sin.

    30

    Más rud é, le linn na tréimhse tuairiscithe, go bhfuil eintiteas, gan oibleagáid chonarthach a bheith air, tar éis tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha neamhchomhdhlúite ina raibh leas aige roimhe sin nó ina bhfuil leas aige faoi láthair (mar shampla, sócmhainní nó ionstraimí arna n-eisiúint ag an eintiteas struchtúrtha a cheannach), nochtfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál agus méid na tacaíochta a soláthraíodh, lena n-áirítear cásanna inar chabhraigh an t-eintiteas leis an eintiteas struchtúrtha tacaíocht airgeadais a fháil; agus

    (b)

    na cúiseanna leis an tacaíocht a chur ar fáil.

    31

    Nochtfaidh eintiteas aon rún reatha chun tacaíocht airgeadais nó tacaíocht eile a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite, lena n-áirítear rúin chun cabhrú leis an eintiteas struchtúrtha tacaíocht airgeadais a fháil.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    ioncam ó eintitis struchtúrtha

    Chun críoch an IFRS seo, áirítear le hioncam ó eintiteas struchtúrtha táillí, ús, díbhinní, gnóthachain nó caillteanais athfhillteacha agus neamh-aisfhillteacha ar athbheartú nó dí-aithint leasanna in eintitis struchtúrtha agus gnóthachain nó caillteanais ó aistriú sócmhainní agus dliteanas chuig an eintiteas struchtúrtha.

    leas in eintiteas eile

    Chun críoch an IFRS seo, tagraíonn leas in eintiteas eile do rannpháirtíocht chonarthach agus neamhchonarthach a nochtann eintiteas d’inathraitheacht torthaí ó fheidhmíocht an eintitis eile. Is féidir leas in eintiteas eile a fhianú le sealúchas cothromais nó ionstraimí fiachais chomh maith le cineálacha eile rannpháirtíochta amhail cistiú a sholáthar, tacaíocht leachtachta, feabhsú creidmheasa agus ráthaíochtaí, ach níl sé teoranta don mhéid sin. Áirítear ann na modhanna lena bhfuil rialú nó rialú comhpháirteach ag eintiteas ar eintiteas eile, nó a bhfuil tionchar suntasach aige air. Ní gá go mbeadh leas ag eintiteas in eintiteas eile mar gheall ar ghnáthchaidreamh custaiméara agus mar gheall air sin amháin.

    Soláthraítear le míreanna B7–B9 tuilleadh faisnéise faoi leasanna in eintitis eile.

    Mínítear i míreanna B55–B57 de IFRS 10 athraitheacht na dtuairisceán.

    eintitis struchtúrtha

    Eintiteas atá deartha ar bhealach nach fachtóirí ceannasacha a bheidh sna cearta vótála ná na cearta comhchosúla agus cinneadh á dhéanamh faoi cé a rialóidh an t-eintiteas, amhail nuair a bhainfidh aon cheart vótála le tascanna riaracháin agus iad sin amháin agus nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh trí bhíthin socruithe conarthacha.

    Le míreanna B22–B24 tugtar tuilleadh faisnéise faoi eintitis struchtúrtha.

    Sainmhínítear na téarmaí seo a leanas in IAS 27 (arna leasú in 2011), IAS 28 (arna leasú in 2011), IFRS 10 agus IFRS 11 Comhshocraíochtaí agus úsáidtear iad san IFRS seo leis na bríonna a shonraítear sna IFRSanna sin:

    comhlach

    ráitis airgeadais chomhdhlúite

    eintiteas a rialú

    modh an chothromais

    grúpa

    eintiteas infheistíochta

    comhshocrú

    comhrialú

    oibríocht chomhpháirteach

    comhfhiontar

    leas neamh-urlámhais

    máthairchuideachta

    cearta cosantacha

    gníomhaíochtaí ábhartha

    ráitis airgeadais ar leithligh

    meán ar leith

    tionchar suntasach

    fochuideachta.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–31 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile de IFRS.

    B1

    Léirítear cásanna hipitéiseacha leis na samplaí san fhoscríbhinn seo. Cé go bhféadfadh roinnt gnéithe de na samplaí a bheith ann i bpatrúin fíorais iarbhír, ba ghá meastóireacht a dhéanamh ar fhíorais agus imthosca ábhartha uile patrúin fíorais áirithe agus IFRS 12 á chur i bhfeidhm.

    COMHIOMLÁNÚ (MÍR 4)

    B2

    Cinnfidh eintiteas, i bhfianaise a chúinsí, cé mhéad mionsonraí a sholáthraíonn sé chun riachtanais faisnéise na n-úsáideoirí a shásamh, an méid béime a leagann sé ar ghnéithe éagsúla de na ceanglais agus conas a chomhthiomsaíonn sé an fhaisnéis. Is gá cothromaíocht a bhaint amach idir ualach rómhór a chur ar ráitis airgeadais le mionsonraí iomarcacha rud nach gcuideoidh b’fhéidir le húsáideoirí na ráiteas airgeadais agus a cheilfidh faisnéis de thoradh iomarca comhiomlánaithe.

    B3

    Féadfaidh eintiteas na nochtaí a cheanglaítear leis an IFRS seo a chomhiomlánú le haghaidh leasanna in eintitis chomhchosúla má tá an comhiomlánú comhsheasmhach leis an gcuspóir nochta agus leis an gceanglas i mír B4, agus mura ndéanann sé an fhaisnéis arna soláthar a cheilt. Nochtfaidh eintiteas conas a rinne sé a leasanna a chomhiomlánú in eintitis chomhchosúla.

    B4

    Cuirfidh eintiteas faisnéis i láthair ar leithligh le haghaidh leasanna sna nithe seo a leanas:

    (a)

    fochuideachtaí;

    (b)

    comhfhiontair;

    (c)

    oibríochtaí comhpháirteacha;

    (d)

    gnólachtaí comhlachaithe; agus

    (e)

    eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    B5

    Agus cinneadh á dhéanamh ar cheart faisnéis a chomhiomlánú, déanfaidh eintiteas faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a mheas maidir leis na saintréithe éagsúla riosca agus toraidh a bhaineann le gach eintiteas atá á mheas aige le haghaidh comhiomlánú agus tábhacht gach eintitis den sórt sin don eintiteas tuairiscithe. Cuirfidh an t-eintiteas na nochtaí i láthair ar bhealach a míneoidh go soiléir d’úsáideoirí ráiteas airgeadais cineál agus méid a leasanna sna heintitis eile sin.

    B6

    Seo a leanas samplaí de leibhéil chomhiomlánaithe laistigh d’aicmí na n-eintiteas a leagtar amach i mír B4 a d’fhéadfadh a bheith iomchuí:

    (a)

    cineál na ngníomhaíochtaí (e.g. eintiteas taighde agus forbartha, eintiteas urrúsaithe cárta creidmheasa imrothlaigh).

    (b)

    aicmiú tionscail.

    (c)

    tíreolaíocht (m.sh. tír nó réigiún).

    LEASANNA IN EINTITIS EILE

    B7

    Tagraíonn leas in eintiteas eile do rannpháirtíocht chonarthach agus neamhchonarthach a nochtann an t-eintiteas tuairiscithe d’inathraitheacht na dtorthaí ó fheidhmíocht an eintitis eile. Féadfaidh breithniú ar chuspóir agus ar dhearadh an eintitis eile cuidiú leis an eintiteas tuairiscithe agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil leas aige san eintiteas sin agus, dá bhrí sin, an bhfuil sé de cheangal air na nochtaí a sholáthar san IFRS seo. Áireofar sa mheasúnú sin breithniú ar na rioscaí ar ceapadh an t-eintiteas eile chun iad a chruthú agus ar na rioscaí ar ceapadh an t-eintiteas eile chun iad a chur ar aghaidh chuig an eintiteas tuairiscithe agus chuig páirtithe eile.

    B8

    De ghnáth bíonn eintiteas tuairiscithe neamhchosanta ar inathraitheacht torthaí ó fheidhmíocht eintitis eile trí ionstraimí sealúchais (amhail ionstraimí cothromais nó ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an eintiteas eile) nó trí rannpháirtíocht eile a ionsúnn inathraitheacht. Mar shampla, glacadh leis go bhfuil punann iasachta ag eintiteas struchtúrtha. Faigheann an t-eintiteas struchtúrtha babhtáil mainneachtana creidmheasa ó eintiteas eile (an t-eintiteas tuairiscithe) chun é féin a chosaint ar mhainneachtain úis agus íocaíochtaí príomhshuime ar na hiasachtaí. Tá rannpháirtíocht ag an eintiteas tuairiscithe a nochtann é d’inathraitheacht na dtorthaí ó fheidhmíocht an eintitis struchtúraithe toisc go maolaíonn an bhabhtáil mainneachtana creidmheasa inathraitheacht thorthaí an eintitis struchtúraithe.

    B9

    Ceapadh roinnt ionstraimí chun riosca a aistriú ó eintiteas tuairiscithe go heintiteas eile. Cruthaíonn ionstraimí den sórt sin inathraitheacht na dtuairisceán le haghaidh an eintitis eile ach de ghnáth ní nochtar an t-eintiteas tuairiscithe d’inathraitheacht na dtorthaí ó fheidhmíocht an eintitis eile. Mar shampla, bunaítear eintiteas struchtúrtha chun deiseanna infheistíochta a chur ar fáil d’infheisteoirí ar mian leo neamhchosaint a bheith acu ar riosca creidmheasa eintiteas Z (ní bhaineann eintiteas Z le haon pháirtí a bhfuil baint aige leis an socrú). Faigheann an t-eintiteas struchtúrtha cistiú trí eisiúint do na hinfheisteoirí sin, tugann sé dá aire atá nasctha le riosca creidmheasa eintiteas Z (nótaí creidmheas-nasctha) agus a úsáideann na fáltais chun infheistíocht a dhéanamh i bpunann sócmhainní airgeadais saor ó riosca. Faigheann an t-eintiteas struchtúrtha neamhchosaint ar riosca creidmheasa eintiteas Z trí bhabhtáil mainneachtana creidmheasa (CDS) a dhéanamh le contrapháirtí babhtála. Tugann an CDS riosca creidmheasa eintiteas Z chuig an eintiteas struchtúrtha i gcomaoin táille a d’íoc an contrapháirtí babhtála. Faigheann na hinfheisteoirí san eintiteas struchtúrtha toradh níos airde a léiríonn toradh an eintitis struchtúrtha óna phunann sócmhainní agus an táille CDS. Níl baint ag an gcontrapháirtí babhtála leis an eintiteas struchtúrtha a nochtann é d’athraitheacht na dtorthaí ó fheidhmíocht an eintitis struchtúraithe toisc go n-aistríonn an CDS inathraitheacht chuig an eintiteas struchtúrtha, seachas inathraitheacht thorthaí an eintitis struchtúraithe a ionsú.

    ACHOIMRE AR FHAISNÉIS AIRGEADAIS D’FHOCHUIDEACHTAÍ, DO CHOMHFHIONTAIR AGUS D’EINTITIS CHOMHLACHAITHE (MÍREANNA 12 AGUS 21)

    B10

    Maidir le gach fochuideachta ag a bhfuil leasanna neamh-urlámhais atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    díbhinní arna n-íoc le leasanna neamh-urlámhais.

    (b)

    achoimre ar fhaisnéis airgeadais faoi shócmhainní, dliteanais, brabús nó caillteanas agus sreabhadh airgid na fochuideachta a chuireann ar chumas úsáideoirí tuiscint a fháil ar an leas atá ag leasanna neamh-urlámhais i ngníomhaíochtaí agus sreabhadh airgid an ghrúpa. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an bhfaisnéis sin, mar shampla, sócmhainní reatha, sócmhainní neamhreatha, dliteanais reatha, dliteanais neamhreatha, ioncam, brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach iomlán, ach níl sí teoranta dóibh sin amháin.

    B11

    Is éard a bheidh san fhaisnéis airgeadais achoimrithe a cheanglaítear le mír B10(b) na méideanna sula ndíchuirtear idirchuideachta í.

    B12

    Maidir le gach comhfhiontar agus eintiteas comhlachaithe atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    díbhinní arna bhfáil ón gcomhfhiontar nó ón eintiteas comhlachaithe.

    (b)

    achoimre ar fhaisnéis airgeadais faoin gcomhfhiontar nó faoin eintiteas comhlachaithe (féach míreanna B14 agus B15) lena n-áirítear an méid seo a leanas, gan bheith teoranta dó:

    (i)

    sócmhainní reatha.

    (ii)

    sócmhainní neamhreatha.

    (iii)

    dliteanais reatha.

    (iv)

    dliteanais neamhreatha.

    (v)

    ioncam.

    (vi)

    brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha.

    (vii)

    brabús nó caillteanas iarchánach ó oibríochtaí scortha.

    (viii)

    ioncam cuimsitheach eile.

    (ix)

    ioncam cuimsitheach iomlán.

    B13

    Sa bhreis ar an achoimre ar fhaisnéis airgeadais a éilítear le mír B12, maidir le gach comhfhiontar atá ábhartha don eintiteas tuairiscithe, nochtfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim a áirítear i mír B12(b)(i).

    (b)

    dliteanais airgeadais reatha (gan infháltais trádála agus eile agus forálacha san áireamh) a áirítear i mír B12(b)(iii).

    (c)

    dliteanais airgeadais neamhreatha (gan infháltais trádála agus eile agus forálacha san áireamh) a áirítear i mír B12(b)(iv).

    (d)

    dímheas agus amúchadh.

    (e)

    ioncam úis.

    (f)

    speansas úis.

    (g)

    speansas cáin ioncaim nó ioncam.

    B14

    Is éard a bheidh san achoimre ar fhaisnéis airgeadais arna cur i láthair i gcomhréir le míreanna B12 agus B13, na méideanna a áirítear i ráitis airgeadais IFRS an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe (agus ní sciar an eintitis de na méideanna sin). Má dhéanann an t-eintiteas an infheistíocht sa chomhfhiontar nó san eintiteas comhlachaithe agus úsáid á baint as modh an chothromais:

    (a)

    déanfar na méideanna a áirítear i ráitis airgeadais IFRS an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe a choigeartú chun coigeartuithe a rinne an t-eintiteas agus modh an chothromais á úsáid aige a léiriú, amhail coigeartuithe cóirluacha a rinneadh tráth na héadálach agus coigeartuithe le haghaidh difríochtaí i mbeartais chuntasaíochta.

    (b)

    soláthróidh an t-eintiteas réiteach ar an achoimre ar an bhfaisnéis airgeadais a chuirtear i láthair le suim ghlanluacha a leas sa chomhfhiontar nó san eintiteas comhlachaithe.

    B15

    Féadfaidh eintiteas an achoimre ar an bhfaisnéis airgeadais a éilítear le míreanna B12 agus B13 a chur i láthair ar bhonn ráitis airgeadais an chomhfhiontair nó an eintitis chomhlachaithe más rud é:

    (a)

    go dtomhaiseann an t-eintiteas a leas sa chomhfhiontar nó san eintiteas comhlachaithe ar cóirluach i gcomhréir le IAS 28 (arna leasú in 2011); agus

    (b)

    nach n-ullmhaíonn an comhfhiontar nó an t-eintiteas comhlachaithe ráitis airgeadais IFRS agus go mbeadh ullmhú ar an mbonn siad dofheidhmithe nó go gcruthódh sé costas míchuí.

    Sa chás sin, nochtfaidh an t-eintiteas an bonn ar ar ullmhaíodh an achoimre ar fhaisnéis airgeadais.

    B16

    Nochtfaidh eintiteas, i bhfoirm chomhiomlán, suim ghlanluacha a leasanna i ngach comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe neamhábhartha ar a gcoinnítear cuntas ag úsáid mhodh an chothromais. Déanfaidh eintiteas méid comhlán a sciar sna ‘comhfhiontair’ nó sna ‘heintitis chomhlachaithe’ sin a nochtadh ar leithligh freisin:

    (a)

    brabús nó caillteanas ó oibríochtaí leanúnacha.

    (b)

    brabús nó caillteanas iarchánach ó oibríochtaí scortha.

    (c)

    ioncam cuimsitheach eile.

    (d)

    ioncam cuimsitheach iomlán.

    Soláthraíonn eintiteas na nochtaí ar leithligh maidir le comhfhiontair agus eintitis chomhlachaithe.

    B17

    I gcás ina mbeidh leas eintitis i bhfochuideachta, i gcomhfhiontar nó in eintiteas comhlachaithe (nó sciar dá leas i gcomhfhiontar nó in eintiteas comhlachaithe) aicmithe (nó áirithe i ngrúpa diúscartha atá aicmithe) mar leas (nó mar ghrúpa) arna shealbhú lena dhíol i gcomhréir le IFRS 5, ní cheanglaítear ar an eintiteas achoimre ar fhaisnéis airgeadais a nochtadh maidir leis an bhfochuideachta, comhfhiontar nó eintiteas comhlachaithe sin i gcomhréir le míreanna B10–B16.

    GEALLTANAIS MAIDIR LE COMHFHIONTAIR (MÍR 23(a))

    B18

    Nochtfaidh eintiteas an méid iomlán gealltanas atá déanta aige ach nach bhfuil aitheanta ar an dáta maidir le tuairisciú (lena n-áirítear an sciar gealltanas atá déanta aige i gcomhpháirt le hinfheisteoirí eile a bhfuil comhrialú acu ar chomhfhiontar) a bhaineann lena leasanna i gcomhfhiontair. Is ionann gealltanais agus na gealltanais sin as a bhféadfadh eis-sreabhadh airgid nó acmhainní eile eascairt amach anseo.

    B19

    Áirítear le gealltanais as a bhféadfadh eis-sreabhadh airgid nó acmhainní eile eascairt amach anseo:

    (a)

    gealltanais neamhaitheanta chun cistiú nó acmhainní a sholáthar de thoradh, mar shampla:

    (i)

    bunreacht nó comhaontuithe éadála comhfhiontair (lena gceanglaítear ar eintiteas cistí a ranníoc thar thréimhse shonrach ama, mar shampla).

    (ii)

    tionscadail atá dian ar chaipiteal arna ndéanamh ag comhfhiontar.

    (iii)

    oibleagáidí ceannaigh neamhchoinníollacha, lena gcuimsítear soláthar trealaimh, fardail nó seirbhísí a thug eintiteas gealltanas iad a cheannach ó chomhfhiontar nó thar a cheann.

    (iv)

    gealltanais neamhaitheanta chun iasachtaí nó tacaíocht airgeadais eile a sholáthar do chomhfhiontar.

    (v)

    gealltanais neamhaitheanta chun acmhainní a sholáthar do chomhfhiontar, amhail sócmhainní nó seirbhísí.

    (vi)

    gealltanais neamhaitheanta eile nach féidir a chealú a bhaineann le comhfhiontar.

    (b)

    gealltanais neamhaitheanta leas úinéireachta (nó sciar den leas úinéireachta sin) páirtí eile i gcomhfhiontar a fháil má tharlaíonn nó mura dtarlaíonn teagmhas áirithe amach anseo.

    B20

    Léiríonn na ceanglais agus na samplaí i míreanna B18 agus B19 cuid de na cineálacha nochta a éilítear le mír 18 de IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara.

    LEASANNA IN EINTITIS STRUCHTÚRTHA NEAMH-CHOMHDHLÚITE (MÍREANNA 24–31)

    Eintitis struchtúrtha

    B21

    Is éard is eintiteas struchtúrtha ann eintiteas atá deartha ar bhealach nach tosca ceannasacha a bheidh sna cearta vótála ná na cearta comhchosúla agus cinneadh á dhéanamh faoi cé a rialóidh an t-eintiteas, amhail nuair a bhainfidh aon cheart vótála le tascanna riaracháin agus iad sin amháin agus nuair a dhéantar na gníomhaíochtaí ábhartha a stiúradh trí bhíthin socruithe conarthacha.

    B22

    Is minic a bhíonn roinnt de na gnéithe seo a leanas nó na gnéithe uile seo a leanas ag eintiteas struchtúrtha:

    (a)

    gníomhaíochtaí srianta.

    (b)

    cuspóir caol dea-shainmhínithe, amhail léas a bheidh éifeachtúil ó thaobh cánach de a chur i bhfeidhm, taighde agus gníomhaíochtaí forbraíochta a dhéanamh, foinse chaipitil nó chistiúcháin a sholáthar d’eintiteas nó deiseanna infheistíochta le haghaidh infheisteoirí a sholáthar trí rioscaí agus luaíochtaí a thabhairt ar aghaidh ar rioscaí agus luaíochtaí iad atá bainteach le sócmhainní an eintitis struchtúrtha d’infheisteoirí.

    (c)

    cothromas neamh-leordhóthanach chun ceadú don eintiteas struchtúrtha a ghníomhaíochtaí a mhaoiniú gan tacaíocht airgeadais fho-ordaithe.

    (d)

    maoiniú i bhfoirm ilionstraimí a bhfuil nasc conarthach eatarthu d’infheisteoirí lena gcruthaítear comhchruinnithe creidmheasa nó rioscaí eile (tráinsí).

    B23

    Ar shamplaí d’eintitis a mheastar mar eintitis struchtúrtha iad tá na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    meáin urrúsúcháin.

    (b)

    maoinithe de bhun sócmhainní.

    (c)

    cistí infheistíochta áirithe.

    B24

    Ní eintiteas struchtúrtha é eintiteas arna rialú le cearta vótála díreach mar gheall go bhfaigheann sé cistiú ó thríú páirtithe i ndiaidh athstruchtúrú, mar shampla.

    Cineál na rioscaí ó leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite (míreanna 29–31)

    B25

    Sa bhreis ar an bhfaisnéis a éilítear le míreanna 29–31, nochtfaidh eintiteas aon fhaisnéis bhreise is gá chun an cuspóir maidir le nochtadh i mír 24(b) a chomhlíonadh.

    B26

    Is iad seo a leanas samplaí d’fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, ag brath ar na himthosca, maidir le measúnú ar na rioscaí dá bhfuil eintiteas neamhchosanta i gcás ina bhfuil leas aige in eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite:

    (a)

    téarmaí socraithe lena bhféadfaí a cheangal ar an eintiteas tacaíocht airgeadais a sholáthar d’eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite (e.g. socruithe leachtachta nó truicir rátála creidmheasa atá bainteach le hoibleagáidí maidir le sócmhainní an eintitis struchtúrtha a cheannach, nó tacaíocht airgeadais a sholáthar), lena n-áirítear:

    (i)

    tuairisc ar theagmhais nó imthosca ar dá mbarr a bhféadfadh neamhchosaint ar chaillteanas teacht ar an eintiteas tuairiscithe.

    (ii)

    cé acu atá aon téarma ann a chuirfeadh teorainn ar an oibleagáid nó nach bhfuil.

    (iii)

    cé acu atá aon pháirtí eile ann a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais nó nach bhfuil, agus má tá, cad é oibleagáid an eintitis tuairiscithe i gcomparáid le hoibleagáid páirtithe eile.

    (b)

    caillteanais a thabhaíonn an t-eintiteas le linn na tréimhse tuairiscithe a bhaineann lena leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    (c)

    na cineálacha ioncaim a fuair an t-eintiteas le linn na tréimhse tuairiscithe óna leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    (d)

    cé acu a cheanglaítear ar an eintiteas caillteanais eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite a sheasamh roimh pháirtithe eile nó nach gceanglaítear, uasteorainn caillteanas den sórt sin don eintiteas, agus (más ábhartha), rangú agus méideanna na gcaillteanas féideartha arna seasamh ag páirtithe a rangaítear a leasanna níos ísle ná leas an eintitis san eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    (e)

    faisnéis faoi aon socrú leachtachta, ráthaíocht nó gealltanas eile le tríú páirtithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chóirluach nó do riosca leasanna in eintitis struchtúrtha neamh-chomhdhlúite.

    (f)

    aon deacracht a bhain d’eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite maidir lena ghníomhaíochtaí a mhaoiniú le linn na tréimhse tuairiscithe.

    (g)

    maidir le heintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite a chistiú, na foirmeacha cistithe (mar shampla, páipéar tráchtála nó nótaí meántéarmacha) agus a meánré ualaithe. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an bhfaisnéis sin anailís aibíochta ar shócmhainní agus cistiú eintiteas struchtúrtha neamh-chomhdhlúite má tá sócmhainní níos fadtéarmaí ag an eintiteas struchtúrtha arna gcistiú le cistiú níos gearrthéarmaí.

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile IFRS.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    C1

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    C1A

    Le Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, Comhshocruithe agus Nochtadh Leasanna in Eintitis Eile: Treoraíocht Aistrithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 11 agus IFRS 12), arna eisiúint i mí an Mheithimh 2012, cuireadh míreanna C2A–C2B leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IFRS 12 i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe sin i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    C1B

    Le hEintitis Infheistíochta (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 27), arna eisiúint i mí Dheireadh Fómhair 2012, leasaíodh mír 2 agus Foscríbhinn A agus cuireadh míreanna 9A–9B, 19A–19G, 21A agus 25A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2014 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé gach leasú a áirítear in Eintitis Infheistíochta i bhfeidhm an tráth céanna.

    C1C

    Eintitis Infheistíochta: Le Cur i bhFeidhm Eisceacht an Chomhdhlúthaithe (Leasuithe ar IFRS 10, IFRS 12 agus IAS 28), arna eisiúint i mí na Nollag 2014, leasaíodh mír 6. Cuirfidh an t-eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2016 nó dá éis sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    C1D

    Le Feabhsuithe Bliantúla maidir le Caighdeáin IFRS 2014–2016, arna eisiúint i mí na Nollag 2016, cuireadh mír 5A leis agus leasaíodh mír B17. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta maidir le tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2017 nó ina dhiaidh.

    C2

    Moltar d’eintiteas an fhaisnéis a éilítear leis an IFRS seo a sholáthar le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ach roinnt de na nochtaí a éilítear leis an IFRS seo a sholáthar, ní chuirtear iallach ar an eintiteas ceanglais uile an IFRS seo a chomhlíonadh ná IFRS 10, IFRS 11, IAS 27 (arna leasú in 2011) agus IAS 28 (arna leasú in 2011) a chur i bhfeidhm go luath.

    C2A

    Ní gá na ceanglais maidir le nochtadh san IFRS seo a chur i bhfeidhm le haghaidh aon tréimhse arna cur in iúl a thosaíonn roimh an tréimhse bhliantúil díreach roimh an gcéad tréimhse bhliantúil dá gcuirtear IFRS 12 i bhfeidhm.

    C2B

    Ní gá na ceanglais maidir le nochtadh i míreanna 24–31 agus an treoraíocht chomhfhreagrach i míreanna B21–B26 den IFRS seo a chur i bhfeidhm le haghaidh aon tréimhse arna cur in iúl a thosaíonn roimh an gcéad tréimhse bhliantúil dá gcuirtear IFRS 12 i bhfeidhm.

    TAGAIRTÍ DO IFRS 9

    C3

    Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, déanfaidh sé aon tagairt do IFRS 9 a léamh mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 13

    Tomhas Cóirluacha

    CUSPÓIR

    1

    Leis an IFRS seo:

    (a)

    sainmhínítear cóirluach;

    (b)

    leagtar amach aon chreat IFRS amháin chun cóirluach a thomhas; agus

    (c)

    éilítear nochtaí maidir le tomhais cóirluacha.

    2

    Is tomhas margadhbhunaithe, ní tomhas a bhaineann go sonrach le heintiteas, is ea cóirluach. D’fhéadfadh idirbhearta margaidh inbhraite nó faisnéis faoin margadh bheith ar fáil maidir le sócmhainní agus dliteanais áirithe. Maidir le sócmhainní agus dliteanais eile, d’fhéadfadh sé nach mbeidh idirbhearta margaidh inbhraite nó faisnéis faoin margadh bheith ar fáil. Is é an cuspóir céanna atá ag tomhas cóirluach sa dá chás sin, áfach—meastachán a thabhairt ar an bpraghas ar a ndéanfaí idirbheart ordúil chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh (ie praghas scoir ar dháta an tomhais ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an tsócmhainn á sealbhú aige nó a bhfuil an dliteanas amuigh air).

    3

    Nuair nach bhfuil praghas le haghaidh sócmhainne nó dliteanais inbhraite, tomhaiseann eintiteas cóirluach agus teicníc luachála eile a úsáid lena n-uasmhéadaítear úsáid ionchur inbhraite agus lena n-íoslaghdaítear úsáid ionchur dobhraite. Ós rud é gur tomhas margadhbhunaithe é cóirluach, tomhaistear é ag úsáid na dtoimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu, lena n-áirítear toimhdí faoi riosca. Dá thoradh sin, níl rún eintitis maidir le sócmhainn a shealbhú nó maidir le dliteanas a shocrú nó a chomhlíonadh ar shlí eile, níl sé ábhartha agus cóirluach á thomhas.

    4

    Díríonn an sainmhíniú ar chóirluach ar shócmhainní agus dliteanais mar gheall gur príomhábhar den tomhas cuntasaíochta iad. Sa bhreis air sin, cuirfear an IFRS seo i bhfeidhm maidir le hionstraimí cothromais dílse eintitis arna dtomhas ar cóirluach.

    RAON FEIDHME

    5

    Tá feidhm ag an IFRS seo nuair a éilítear nó nuair a cheadaítear tomhais cóirluach nó nochtaí faoi thomhais cóirluacha (agus tomhais, amhail cóirluach lúide costais a bhaineann le díol, bunaithe ar chóirluach nó nochtaí faoi na tomhais sin) le IFRS eile, ach amháin mar a shonraítear i míreanna 6 agus 7.

    6

    Níl feidhm ag ceanglais maidir le tomhas nochtadh san IFRS seo maidir leis na nithe a leanas:

    (a)

    idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe faoi raon feidhme IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe;

    (b)

    idirbhearta léasaithe a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna; agus

    (c)

    tomhais a bhfuil roinnt cosúlachtaí acu le cóirluach ach nach cóirluach iad, amhail glanluach inréadaithe in IAS 2 Fardail nó luach úsáide in IAS 36 Lagú Sócmhainní.

    7

    Ní éilítear na nochtaí a éilítear leis an IFRS seo maidir leis na nithe a leanas:

    (a)

    sócmhainní plean a thomhaistear ar cóirluach i gcomhréir le IAS 19 Sochair Fostaithe;

    (b)

    infheistíochtaí plean sochair scoir a thomhaistear ar cóirluach i gcomhréir le IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir; agus

    (c)

    sócmhainní arb é an cóirluach lúide costais diúscartha ina leith an méid is in-aisghabhála, i gcomhréir le IAS 36.

    8

    Tá feidhm ag an gcreat um tomhas cóirluacha ar a dtugtar tuairisc san IFRS seo maidir le tomhas tosaigh agus tomhas ina dhiaidh sin má éilítear nó má cheadaítear cóirluacha le IFRSanna eile.

    TOMHAS

    Sainmhíniú ar chóirluach

    9

    Sainmhínítear luach cóir san IFRS seo mar an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais.

    10

    Tugtar tuairisc i mír B2 ar an gcur chuige foriomlán maidir le tomhas luach cóir.

    An tsócmhainn nó an dliteanas

    11

    Is le haghaidh sócmhainn nó dliteanas ar leith é tomhas luach cóir. Dá bhrí sin, agus luach cóir á thomhas aige, cuirfidh eintiteas saintréithe na sócmhainne nó an dliteanais san áireamh dá gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh na saintréithe sin san áireamh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu ar dháta an tomhais. Áirítear le saintréithe den sórt sin, mar shampla, na nithe a leanas:

    (a)

    staid agus suíomh na sócmhainne; agus

    (b)

    srianta, más ann dóibh, ar dhíol nó ar úsáid na sócmhainne.

    12

    Beidh iarmhairtí difriúla ar an tomhas a eascraíonn as saintréith faoi léith ag brath ar an mbealach a gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh an tsaintréith sin san áireamh.

    13

    D’fhéadfadh ceann ar bith de na nithe a leanas a bheith sa tsócmhainn nó sa dliteanas a thomhaistear ar luach cóir:

    (a)

    sócmhainn nó dliteanas neamhspleách (e.g. ionstraim airgeadais nó sócmhainn neamhairgeadais); nó

    (b)

    grúpa sócmhainní, grúpa dliteanas nó grúpa sócmhainní agus dliteanas (e.g. aonad giniúna airgid nó gnólacht).

    14

    Tá cineál na sócmhainne nó dliteanais, eadhon sócmhainn nó dliteanas neamhspleách, grúpa sócmhainní, grúpa dliteanas, nó grúpa sócmhainní agus dliteanas chun críoch aitheantais nó nochta, ag brath ar an aonad cuntais a bhaineann léi, leis nó leo. Cinnfear an t-aonad cuntais don tsócmhainn nó don dliteanas i gcomhréir leis an IFRS lena n-éilítear nó a gceadaítear an tomhas luach cóir, ach amháin mar a bhforáiltear dó san IFRS seo.

    An t-idirbheart

    15

    Le tomhas luach cóir, glactar leis go malartaítear an tsócmhainn nó an dliteanas in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh chun an tsócmhainn a dhíol nó an dliteanas a aistriú ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh.

    16

    Le tomhas luach cóir, glactar leis go ndéantar an t-idirbheart chun an tsócmhainn a dhíol nó an dliteanas a aistriú:

    (a)

    sa phríomh-mhargadh don tsócmhainn nó don dliteanas; nó

    (b)

    in éagmais príomh-mhargaidh, sa mhargadh is buntáistí don tsócmhainn nó don dliteanas.

    17

    Ní gá d’eintiteas cuardach uileghabhálach a dhéanamh sna margaí féideartha uile chun an príomh-mhargadh a shainaithint, nó, in éagmais príomh-mhargaidh, an margadh is buntáistí, ach déanfaidh sé an fhaisnéis uile atá ar fáil go réasúnach a chur san áireamh. In éagmais fianaise ar a mhalairt, glactar leis gurb ionann an margadh ina ndéanfadh an t-eintiteas idirbheart, de ghnáth, chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú, agus an príomh-mhargadh nó, in éagmais príomh-mhargaidh, an margadh is buntáistí.

    18

    Má tá príomh-mhargadh ann don tsócmhainn nó don dliteanas, léireoidh an tomhas luach cóir an praghas sa mhargadh sin (cé acu atá an praghas sin inbhraite go díreach nó a ndéantar meastachán air ag úsáid teicníc luachála eile), fiú i gcás ina bhféadfadh an praghas i margadh eile bheith níos buntáistí ar dháta an tomhais.

    19

    Ní mór rochtain a bheith ag an eintiteas ar an bpríomh-mhargadh (nó ar an margadh is buntáistí) ar dháta an tomhais. Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh rochtain ar mhargaí difriúla ag eintitis dhifriúla (agus ag gnólachtaí difriúla laistigh de na heintitis sin), d’fhéadfadh an príomh-mhargadh (nó an margadh is buntáistí) don tsócmhainn nó don dliteanas céanna a bheith difriúil d’eintitis dhifriúla (agus do ghnólachtaí laistigh de na heintitis sin). Dá bhrí sin, breithneofar an príomh-mhargadh (nó an margadh is buntáistí) (agus dá réir sin, rannpháirtithe sa mhargadh) ó pheirspictíocht an eintitis, ag leis sin, déanfar lamháil do dhifríochtaí idir eintitis a bhfuil gníomhaíochtaí difriúla acu, agus eatarthu.

    20

    Cé nach mór d’eintiteas bheith in ann rochtain a fháil ar an margadh, ní gá d’eintiteas a bheith in ann an tsócmhainn ar leith a dhíol nó an dliteanas ar leith a aistriú ar dháta an tomhais le bheith in ann tomhas ar luach cóir a dhéanamh ar bhonn an phraghais sa mhargadh sin.

    21

    Fiú nuair nach bhfuil aon mhargadh inbhraite ann chun faisnéis ar phraghsanna a sholáthar maidir le díol sócmhainne nó aistriú dliteanais ar dháta an tomhais, le tomhas luach cóir, glacfar leis go ndéantar idirbheart ar an dáta sin, arna bhreithniú ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an tsócmhainn ina sheilbh aige nó a bhfuil an dliteanas amuigh air. Leis an idirbheart sin a nglactar lena dhéanamh, cruthaítear bonn chun meastachán a thabhairt ar an bpraghas chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú.

    Rannpháirtithe sa mhargadh

    22

    Tomhaisfidh eintiteas cóirluach sócmhainne nó dliteanais ag úsáid na dtoimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu, ag glacadh leis go bhfeidhmíonn rannpháirtithe sa mhargadh chun a leas eacnamaíoch dílse.

    23

    Agus na toimhdí sin á bhforbairt aige, ní gá d’eintiteas rannpháirtithe sonracha sa mhargadh a shainaithint. Ina ionad sin, sainaithneoidh an t-eintiteas saintréithe a dhéanann idirdhealú idir rannpháirtithe sa mhargadh go ginearálta, ag breithniú fachtóirí a bhaineann go sonrach leis na nithe a leanas:

    (a)

    an tsócmhainn nó an dliteanas;

    (b)

    an príomh-mhargadh (nó an margadh is buntáistí) don tsócmhainn nó don dliteanas; agus

    (c)

    na rannpháirtithe sa mhargadh lena ndéanfadh an t-eintiteas idirbheart sa mhargadh sin.

    An praghas

    24

    Is éard is luach cóir ann, an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh (i.e. praghas scoir) beag beann ar cibé acu atá an praghas sin inbhraite go díreach nó a ndéantar meastachán air ag úsáid teicníc luachála eile.

    25

    An praghas sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) a úsáidtear chun luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais a thomhas, ní dhéanfar é a choigeartú i leith costas idirbheart. Coinneofar cuntas ar chostais idirbheart i gcomhréir le IFRSanna eile. Ní saintréith de shócmhainn ná de dhliteanas iad costais idirbheart; Ina ionad sin, baineann siad go sonrach le hidirbheart agus beidh siad difriúil lena chéile ag brath ar an mbealach a dhéanann eintiteas idirbheart don tsócmhainn nó don dliteanas.

    26

    Ní áirítear costais iompair le costais idirbheart. Más saintréith den tsócmhainn é suíomh (rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás tráchtearra, mar shampla), déanfar an praghas sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) a choigeartú i leith na gcostas, más ann dóibh, a thabhófaí chun an tsócmhainn a iompar óna suíomh reatha chuig an margadh sin.

    Cur i bhfeidhm maidir le sócmhainní neamhairgeadais

    An úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainní neamhairgeadais

    27

    Le tomhas luach cóir ar shócmhainn neamhairgeadais, cuirtear san áireamh cumas rannpháirtí sa mhargadh chun tairbhí eacnamaíocha a ghiniúint trí bhíthin an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as an tsócmhainn nó trí bhíthin í a dhíol le rannpháirtí eile sa mhargadh a mbainfeadh an úsáid is airde agus is fearr as an tsócmhainn.

    28

    Leis an úsáid is airde agus an úsáid is fearr a bhaint as sócmhainn, cuirtear san áireamh úsáid atá indéanta go fisiciúil, incheadaithe ó thaobh an dlí de agus praiticiúil ó thaobh airgeadais de a bhaint as an tsócmhainn, mar a leanas:

    (a)

    Le húsáid atá indéanta go fisiciúil, cuirtear san áireamh saintréithe fisiciúla na sócmhainne a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh agus an tsócmhainn á praghsáil acu (e.g. suíomh nó méid sócmhainne).

    (b)

    Le húsáid atá incheadaithe ó thaobh an dlí de, cuirtear san áireamh aon srian dlíthiúil ar úsáid a bhaint as an tsócmhainn a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh agus an tsócmhainn á praghsáil acu (e.g. na rialacháin chriosúcháin atá infheidhme maidir le réadmhaoin).

    (c)

    Le húsáid atá praiticiúil ó thaobh airgeadais de, cuirtear san áireamh cé acu a ghintear nó nach ngintear ioncam nó sreabhadh airgid leordhóthanach le húsáid atá indéanta go fisiciúil agus incheadaithe ó thaobh an dlí de a bhaint as an tsócmhainn (agus na costais chun an tsócmhainn a thiontú ar an úsáid sin á gcur san áireamh) chun an toradh infheistíochta a fháil a d’éileodh rannpháirtithe sa mhargadh ó infheistíocht sa tsócmhainn sin a úsáid ar an tslí sin.

    29

    Cinntear an úsáid is airde agus an úsáid is fearr ó pheirspictíocht rannpháirtithe sa mhargadh, fiú má tá úsáid difriúil beartaithe ag an eintiteas. Glactar leis gurb í an úsáid is airde agus is fearr atá san úsáid reatha a bhaineann eintiteas as sócmhainn neamhairgeadais, ach amháin má thugann fachtóirí margaidh nó fachtóirí eile le tuiscint go ndéanfaí luach na sócmhainne a uasmhéadú dá mbainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh úsáid eile aisti.

    30

    Chun a shuíomh iomaíoch a chosaint, nó ar chúiseanna eile, féadfaidh eintiteas a bheartú gan úsáid ghníomhach a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a fuarthas, nó féadfaidh sé a bheartú gan an tsócmhainn a úsáid de réir na húsáide is airde agus is fearr atá aici. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás sócmhainn dholáimhsithe a fuarthas, mar shampla, a bheartaíonn an t-eintiteas a úsáid ar bhealach cosantach trí chosc a chur ar a húsáid ag páirtithe eile. Mar sin féin, tomhaisfidh an t-eintiteas luach cóir na sócmhainne neamhairgeadais agus é á ghlacadh leis go mbainfidh rannpháirtithe sa mhargadh an úsáid is airde agus is fearr aisti.

    Bonn luachála le haghaidh sócmhainní neamhairgeadais

    31

    Is leis an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais a bhunaítear an bonn luachála chun luach cóir na sócmhainne a thomhas, mar a leanas:

    (a)

    D’fhéadfadh an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais luach uasta a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh trína húsáid i gcomhcheangal le sócmhainní eile mar ghrúpa (mar a shuiteáiltear nó mar a chumraítear ar bhealach eile le húsáid) nó i gcomhcheangal le sócmhainní agus dliteanais eile (e.g. gnólacht).

    (i)

    Más é atá san úsáid is airde agus is fearr a bhaint as an tsócmhainn, an tsócmhainn a úsáid i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile, is é atá i luach cóir na sócmhainne, an praghas a gheofaí in idirbheart reatha chun an tsócmhainn a dhíol ag glacadh leis go n-úsáidfí an tsócmhainn le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile agus go mbeadh na sócmhainní agus dliteanais sin (i.e. a sócmhainní comhlántacha agus na dliteanais bhainteacha) ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh.

    (ii)

    Áirítear dliteanais a chistíonn caipiteal oibre le dliteanais atá bainteach leis an tsócmhainn agus leis na sócmhainní comhlántacha, ach ní áirítear leo dliteanais a úsáidtear chun sócmhainní seachas na cinn laistigh den ghrúpa sócmhainní a chistiú.

    (iii)

    Toimhdí faoin úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais, beidh siad comhsheasmhach le haghaidh na sócmhainní uile (dá bhfuil an úsáid is airde agus is fearr ábhartha) sa ghrúpa sócmhainní nó sa ghrúpa sócmhainní agus dliteanais ar laistigh díobh a d’úsáidfí an tsócmhainn.

    (b)

    D’fhéadfadh an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as sócmhainn neamhairgeadais luach uasta a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh trína húsáid ar bhonn neamhspleách. Más é atá san úsáid is airde agus is fearr a bhaint as an tsócmhainn, í a úsáid ar bhonn neamhspleách, is é atá i luach cóir na sócmhainne, an praghas a gheofaí in idirbheart reatha chun an tsócmhainn a dhíol le rannpháirtithe sa mhargadh a bhainfeadh úsáid as an tsócmhainn ar bhonn neamhspleách.

    32

    Le tomhas cóirluacha ar shócmhainn neamhairgeadais, glactar leis go ndíoltar an tsócmhainn i gcomhréir leis an aonad cuntais arna shonrú in IFRSanna eile (d’fhéadfadh sócmhainn aonair a bheith i gceist leis sin). Is amhlaidh an cás fiú amháin nuair a ghlactar leis tríd an tomhas cóirluacha gurb í an úsáid is airde agus is fearr a bhaint as an tsócmhainn ná í a úsáid i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile mar gheall go nglactar leis trí thomhas cóirluacha go bhfuil na sócmhainní comhlántacha agus na dliteanais bhainteacha i seilbh an rannpháirtí sa mhargadh cheana féin.

    33

    Tugtar tuairisc i mír B3 ar chur i bhfeidhm choincheap an bhoinn luachála le haghaidh sócmhainní neamhairgeadais.

    Cur i bhfeidhm maidir le dliteanais agus ionstraimí cothromais dílse eintitis

    Prionsabail ghinearálta

    34

    Le tomhas luach cóir, glactar leis go n-aistrítear dliteanas airgeadais nó dliteanas neamhairgeadais ar ionstraim chothromais dhílis eintitis (e.g. leasanna cothromais arna n-eisiúint mar chomaoin i gcomhcheangal gnó) chuig rannpháirtí sa mhargadh ar dháta an tomhais. Le dliteanas nó ionstraim chothromais dhílis eintitis a aistriú, glactar leis na nithe a leanas:

    (a)

    Bheadh dliteanas fós gan íoc agus d’éileofaí ar an rannpháirtí is aistrí sa mhargadh an oibleagáid a chomhlíonadh. Ní shocrófaí an dliteanas leis an gcontrapháirtí ná ní mhúchfaí é ar bhealach eile ar dháta an tomhais.

    (b)

    Bheadh ionstraim chothromais dhílis eintitis fós gan íoc agus ghlacfadh an rannpháirtí is aistrí sa mhargadh chuige féin na cearta agus na freagrachtaí atá bainteach leis an ionstraim. Ní chealófaí an ionstraim ná ní mhúchfaí í ar bhealach eile ar dháta an tomhais.

    35

    Fiú nuair nach bhfuil aon mhargadh inbhraite ann chun faisnéis praghsála a sholáthar faoi aistriú dliteanais nó ionstraime cothromais dílse eintitis (e.g. mar gheall go gcuireann srianta conarthacha nó srianta dlíthiúla eile cosc ar mhíreanna den sórt sin a aistriú), d’fhéadfadh margadh inbhraite a bheith ann le haghaidh míreanna den sórt sin má tá siad arna sealbhú ag páirtithe eile mar acmhainní (e.g. banna corparáide nó céadrogha ar cheannach ar scaireanna eintitis).

    36

    I ngach cás, déanfaidh eintiteas úsáid ionchur inbhraite ábhartha a uasmhéadú agus úsáid ionchur dobhraite a íoslaghdú chun an cuspóir a chomhlíonadh maidir le tomhas luach cóir a bhaint amach, eadhon meastachán a thabhairt ar an bpraghas a bheadh ar idirbheart ordúil chun an dliteanas nó an ionstraim chothromais a aistriú idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh.

    Dliteanais agus ionstraimí cothromais arna sealbhú ag páirtithe eile mar shócmhainní

    37

    Nuair nach bhfuil fáil ar phraghas luaite chun dliteanas comhionann nó comhchosúil nó ionstraim chothromais dhílis eintitis a aistriú, agus nuair atá an mhír chomhionann arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn, tomhaisfidh eintiteas luach cóir an dliteanais nó na hionstraime cothromais ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an mhír chomhionann á sealbhú aige mar shócmhainn ar dháta an tomhais.

    38

    Sna cásanna sin, tomhaisfidh eintiteas luach cóir an dliteanais nó na hionstraime cothromais mar a leanas:

    (a)

    an praghas luaite a úsáid i margadh gníomhach don mhír chomhionann arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn, mura bhfuil fáil ar an bpraghas sin.

    (b)

    mura bhfuil fáil ar an bpraghas sin, ionchuir inbhraite eile a úsáid, amhail an praghas luaite i margadh nach bhfuil gníomhach don mhír chomhionann arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn.

    (c)

    mura bhfuil fáil ar na praghsanna inbhraite in (a) agus (b), teicníc luachála eile a úsáid, amhail:

    (i)

    cur chuige ioncaim (e.g. teicníc luach láithreach lena gcuirtear san áireamh an sreabhadh airgid todhchaí a bheadh coinne ag rannpháirtí sa mhargadh leis a fháil ón dliteanas nó ón ionstraim chothromais a shealbhú mar shócmhainn; féach míreanna B10 agus B11).

    (ii)

    cur chuige margaidh (e.g. praghsanna luaite le haghaidh dliteanas comhchosúil nó ionstraimí cothromais arna sealbhú ag páirtithe eile mar shócmhainní a úsáid; féach míreanna B5–B7).

    39

    Ní dhéanfaidh eintiteas praghas luaite dliteanais ná ionstraime cothromais dílse eintitis arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn a choigeartú ach amháin más ann d’fhachtóirí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nach bhfuil infheidhme maidir le tomhas cóirluacha an dliteanais nó na hionstraime cothromais. Áiritheoidh eintiteas nach léiríonn praghas na sócmhainne an iarmhairt a bheadh ag srian lena gcuirfí cosc ar dhíol na sócmhainne sin. I measc na bhfachtóirí a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint gur cheart praghas luaite na sócmhainne a choigeartú tá na nithe a leanas:

    (a)

    Baineann an praghas luaite le haghaidh na sócmhainne le dliteanas nó ionstraim chothromais arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn atá cosúil (ach nach bhfuil comhionann). Mar shampla, d’fhéadfadh saintréith ar leith a bheith ag an dliteanas nó ag an ionstraim chothromais (e.g. cáilíocht chreidmheasa an eisitheora) atá difriúil ón tsaintréith a léirítear i luach cóir an dliteanais chomhchosúil nó na hionstraime cothromais comhchosúla arna sealbhú mar shócmhainn.

    (b)

    Níl an t-aonad cuntais le haghaidh na sócmhainne mar an gcéanna leis an aonad cuntais le haghaidh an dliteanais nó na hionstraime cothromais. Mar shampla, maidir le dliteanais, léiríonn an praghas le haghaidh sócmhainne praghas comhcheangailte le haghaidh pacáiste a chuimsíonn na méideanna dlite ón eisitheoir agus feabhsú creidmheasa tríú páirtí, i gcásanna áirithe. Mura bhfuil an t-aonad cuntais don dliteanas le haghaidh an phacáiste comhcheangailte, is é an cuspóir atá ann ná luach cóir dhliteanas an eisitheora a thomhas, agus ní luach cóir an phacáiste comhcheangailte. Dá réir sin, sna cásanna sin, dhéanfadh an t-eintiteas coigeartú ar an bpraghas braite le haghaidh na sócmhainne chun iarmhairt an fheabhsaithe creidmheasa tríú páirtí a chur as an áireamh.

    Dliteanais agus ionstraimí cothromais nach bhfuil arna sealbhú ag páirtithe eile mar shócmhainní

    40

    Nuair nach bhfuil fáil ar phraghas luaite chun dliteanas comhionann nó comhchosúil ná ionstraim chothromais dhílis eintitis a aistriú, agus nuair nach bhfuil an mhír chomhionann arna sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn, tomhaisfidh eintiteas luach cóir an dliteanais nó na hionstraime cothromais, agus teicníc luachála á húsáid aige ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an dliteanas amuigh air nó a d’eisigh an t-éileamh iarmharach.

    41

    Mar shampla, nuair atá teicníc luach láithreach á cur i bhfeidhm aige, d’fhéadfadh eintiteas ceachtar den dá rud a leanas a chur san áireamh:

    (a)

    an sreabhadh airgid todhchaí a mbeadh súil ag rannpháirtí sa mhargadh leis go dtabhódh sé agus an oibleagáid á comhlíonadh aige, lena n-áirítear an cúiteamh a d’éileodh rannpháirtí sa mhargadh as an oibleagáid a ghlacadh chuige féin (féach míreanna B31–B33).

    (b)

    an méid a bhfaigheadh rannpháirtí sa mhargadh chun dliteanas comhionann nó ionstraim chothromais chomhionann a dhéanamh nó a eisiúint, ag úsáid na dtoimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an mhír chomhionann á praghsáil acu (e.g. na saintréithe creidmheasa céanna a bheith acu) sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) chun dliteanas nó ionstraim chothromais leis na téarmaí conarthacha céanna a eisiúint.

    Riosca neamhchomhlíonta

    42

    Léiríonn luach cóir dliteanais iarmhairt an riosca neamhchomhlíonta. Cuimsítear le riosca neamhchomhlíonta, gan bheith teoranta dó, riosca creidmheasa dílis eintitis (mar a shainmhínítear in IFRS 7 Ionstraim Airgeadais: Nochtuithe). Glactar leis go bhfuil riosca neamhchomhlíonta mar an gcéanna roimh an dliteanas a aistriú agus ina dhiaidh.

    43

    Agus luach cóir dliteanais á thomhas aige, cuirfidh eintiteas an iarmhairt a bheidh ag a riosca creidmheasa (seasamh creidmheasa) san áireamh, chomh maith le haon fhachtóir eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an dóchúlacht go gcomhlíonfar nó nach gcomhlíonfar an oibleagáid. Féadfaidh an iarmhairtí difriúla a bheith i gceist leis sin ag brath ar an dliteanas, mar shampla:

    (a)

    cé acu is oibleagáid chun airgead tirim a sholáthar (dliteanas airgeadais) nó oibleagáid chun earraí agus seirbhísí a sholáthar (dliteanas neamhairgeadais) é an dliteanas.

    (b)

    téarmaí na bhfeabhsuithe creidmheasa a bhaineann leis an dliteanas, más ann dóibh.

    44

    Léiríonn luach cóir dliteanais iarmhairt an riosca neamhchomhlíonta ar bhonn a aonaid cuntais. Maidir le heisitheoir dliteanais arna eisiúint le feabhsú creidmheasa tríú páirtí doscartha a gcoinnítear cuntas air ar leithligh ón dliteanas, ní chuirfidh sé iarmhairt an fheabhsaithe creidmheasa (e.g. ráthaíocht fiachais tríú páirtí) san áireamh i dtomhas luach cóir an dliteanais. Má choinnítear cuntas ar an bhfeabhsú creidmheasa ar leithligh ón dliteanas, chuirfeadh an t-eisitheoir a sheasamh creidmheasa dílis san áireamh, agus ní seasamh creidmheasa an ráthóra tríú páirtí, agus luach cóir an dliteanais á thomhas aige.

    Srian chun cosc a chur ar dhliteanas nó ionstraim chothromais dhílis eintitis a aistriú

    45

    Agus luach cóir dliteanais nó a ionstraime cothromais dílse á thomhas ag eintiteas, ní chuirfidh an t-eintiteas ionchur ar leithligh ná coigeartú ar ionchuir eile a bhaineann le srian a chuireann cosc ar aistriú na míre san áireamh. Maidir leis an iarmhairt atá ag srian a chuireann cosc ar aistriú dliteanais nó ionstraime cothromais dílse eintitis, déantar í a chur san áireamh go hintuigthe nó go sainráite sna hionchuir eile leis an tomhas luach cóir.

    46

    Mar shampla, ar dháta an idirbhirt, ghlac an creidiúnaí agus an t-oibleagáideoir leis an bpraghas idirbhirt don dliteanas agus iad láneolach go bhfuil srian leis an oibleagáid a chuireann cosc ar a haistriú. De thoradh an srian a chur san áireamh sa phraghas idirbhirt, ní éilítear ionchur ar leithligh ná coigeartú ar ionchur atá ann cheana féin ar dháta an idirbhirt chun iarmhairt an tsriain ar aistriú a léiriú. Mar an gcéanna, ní éilítear ionchur ar leithligh ná coigeartú ar ionchur atá ann cheana féin ar dhátaí tomhais ina dhiaidh sin chun iarmhairt an tsriain ar aistriú a léiriú.

    Dliteanas airgeadais a bhfuil gné éilimh aige

    47

    Níl luach cóir dhliteanas airgeadais a bhfuil gné éilimh aige (e.g. taisce prapéilimh) níos lú ná an méid is iníoctha ar éileamh, lascainithe ón gcéad dáta ar a bhféadfaí a éileamh go n-íocfaí an méid.

    Cur i bhfeidhm maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais a bhfuil suíomhanna fritháirimh acu i rioscaí margaidh nó riosca creidmheasa contrapháirtí

    48

    Tá eintiteas a bhfuil grúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais ina sheilbh aige neamhchosanta ar rioscaí margaidh (mar a shainmhínítear in IFRS 7) agus ar an riosca creidmheasa (mar a shainmhínítear in IFRS 7) atá ag gach ceann de na contrapháirtithe. Má bhainistíonn an t-eintiteas an grúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais sin ar bhonn a ghlan-neamhchosanta ar rioscaí margaidh nó ar riosca creidmheasa, ceadaítear don eintiteas eisceacht ón IFRS seo a chur i bhfeidhm maidir le luach cóir a thomhas. Leis an eisceacht sin, ceadaítear don eintiteas luach cóir ghrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a thomhas ar bhonn an praghas a gheofaí chun glansuíomh fada (i.e. sócmhainn) a dhíol le haghaidh neamhchosaint áirithe ar riosca nó ar bhonn an praghas a d’íocfaí chun glansuíomh gearr (i.e. dliteanas) a aistriú le haghaidh neamhchosaint áirithe ar riosca in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Dá réir sin, tomhaisfidh eintiteas luach cóir an ghrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais i gcomhréir leis an mbealach a phraghsálfadh rannpháirtithe sa mhargadh an ghlan-neamhchosaint ar riosca ar dháta an tomhais.

    49

    Ní cheadaítear d’eintiteas an eisceacht i mír 48 a úsáid ach amháin i gcás ina ndéanann an t-eintiteas na nithe uile a leanas:

    (a)

    an grúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a bhainistiú ar bhonn glan-neamhchosaint an eintitis ar riosca (nó rioscaí) margaidh ar leith nó ar riosca creidmheasa contrapháirtí ar leith i gcomhréir le straitéis dhoiciméadaithe an eintitis maidir le bainistíocht riosca nó infheistíocht;

    (b)

    faisnéis faoin ngrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a sholáthar ar an mbonn sin do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis, mar a shainmhínítear in IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara; agus

    (c)

    éilítear air nó roghnaigh sé na sócmhainní airgeadais agus na dliteanais airgeadais sin a thomhas ar luach cóir sa ráiteas ar an staid airgeadais ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe.

    50

    Níl feidhm ag an eisceacht i mír 48 maidir le cur i láthair ráiteas airgeadais. I gcásanna áirithe, tá an bonn le cur i láthair ionstraimí airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais difriúil ón mbonn le hionstraimí airgeadais a thomhas, mar shampla, mura n-éilítear nó mura gceadaítear le IFRS ionstraimí airgeadais a chur i láthair ar ghlanbhonn. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé gur ghá don eintiteas na coigeartuithe ar leibhéal na punainne (féach míreanna 53–56) a leithdháileadh ar na sócmhainní nó dliteanais aonair a chomhdhéanann an grúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a bhainistítear ar bhonn na glan-neamhchosanta ar riosca atá ag an eintiteas. Déanfaidh eintiteas leithdháiltí den sórt sin ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach ag úsáid modheolaíocht a bheidh iomchuí sna himthosca.

    51

    Déanfaidh eintiteas cinneadh faoi bheartas cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta maidir leis an eisceacht i mír 48 a úsáid. Eintiteas a úsáideann an eisceacht sin, cuirfidh sé an beartas cuntasaíochta sin i bhfeidhm, lena n-áirítear a bheartas maidir le coigeartuithe ar an raon difríochta idir tairiscint agus iarraidh (féach míreanna 53–55) agus coigeartuithe creidmheasa (féach mír 56), más infheidhme, go comhsheasmhach ó thréimhse go tréimhse, maidir le punann faoi leith.

    52

    Níl feidhm ag an eisceacht i mír 48 ach amháin le sócmhainní airgeadais, dliteanais airgeadais agus conarthaí eile faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais (nó IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas, murar glacadh fós le IFRS 9). Ba cheart na tagairtí do shócmhainní airgeadais agus do dhliteanais airgeadais i míreanna 48–51 agus 53–56 a léamh mar fheidhm a bheith acu le gach conradh faoi raon feidhme IFRS 9 (nó IAS 39, murar glacadh fós le IFRS 9) agus a gcoinnítear cuntas air i gcomhréir le IFRS 9 (nó IAS 39, murar glacadh fós le IFRS 9), beag beann ar cé acu a chomhlíonann siad na sainmhínithe ar shócmhainní airgeadais nó dliteanais airgeadais in IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair.

    Neamhchosaint ar rioscaí margaidh

    53

    Agus an eisceacht i mír 48 á húsáid aige chun luach cóir ghrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais arna bhainistiú ar bhonn ghlan-neamhchosaint an eintitis ar riosca (nó rioscaí) margaidh faoi leith a thomhas, cuirfidh an t-eintiteas an praghas laistigh den raon difríochta idir tairiscint agus iarraidh is mó a dhéanann ionadaíocht ar luach cóir sna himthosca i bhfeidhm maidir le glan-neamhchosaint an eintitis ar na rioscaí margaidh sin (féach míreanna 70 agus 71).

    54

    Agus an eisceacht i mír 48 á húsáid aige, áiritheoidh eintiteas gur mar an gcéanna go substaintiúil atá an riosca (nó na rioscaí) margaidh dá bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta laistigh den ghrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais sin. Mar shampla, ní chomhcheanglódh eintiteas an riosca ráta úis a bhaineann le sócmhainn airgeadais leis an riosca praghais tráchtearraí a bhaineann le dliteanas airgeadais, mar ní mhaolófaí neamhchosaint an eintitis ar riosca ráta úis na ar riosca praghais tráchtearraí trí sin a dhéanamh. Agus an eisceacht i mír 48 á húsáid, déanfar aon riosca boinn a leanann as na paraiméadair riosca margaidh gan bheith comhionann, a chur san áireamh sa tomhas luach cóir ar na sócmhainní airgeadais agus ar na dliteanais airgeadais laistigh den ghrúpa.

    55

    Mar an gcéanna, beidh fad neamhchosaint an eintitis ar riosca (nó rioscaí) margaidh ar leith a eascraíonn as na sócmhainní airgeadais agus as na dliteanais airgeadais mar an gcéanna go substaintiúil. Mar shampla, eintiteas a úsáideann conradh todhchaíochtaí 12 mhí in aghaidh an tsreafa airgid a bhaineann le cion 12 mhí neamhchosaint ar riosca ráta úis ar ionstraim airgeadais 5 bliana laistigh de ghrúpa atá comhdhéanta de na sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais sin amháin, tomhaiseann sé luach cóir na neamhchosanta ar riosca ráta úis 12 mhí ar ghlanbhonn agus an neamhchosaint ar riosca ráta úis atá fanta (i.e. blianta 2–5) ar bhonn comhlán.

    Neamhchosaint ar riosca creidmheasa contrapháirtí faoi leith

    56

    Agus an eisceacht i mír 48 á húsáid chun luach cóir ghrúpa sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais a rinneadh le contrapháirtí a thomhas, déanfaidh an t-eintiteas iarmhairt ghlan-neamhchosaint an eintitis ar riosca creidmheasa an chontrapháirtí sin, nó glan-neamhchosaint an chontrapháirtí ar riosca creidmheasa an eintitis a chur san áireamh sa tomhas luach cóir nuair a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh aon socrú reatha lena maolaítear neamhchosaint ar riosca creidmheasa i gcás mainneachtana san áireamh (e.g. comhaontú glanluachála leis an gcontrapháirtí nó comhaontú a éilíonn malartú comhthaobhachta ar bhonn ghlan-neamhchosaint gach páirtí ar riosca creidmheasa an pháirtí eile). Léireoidh an tomhas luach cóir ionchais rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an dóchúlacht go mbeadh socrú den sórt sin infhorfheidhmithe le dlí i gcás mainneachtana.

    Luach cóir tráth aitheantais tosaigh

    57

    Nuair a fhaightear sócmhainn nó nuair a ghabhtar dliteanas in idirbheart malairte don tsócmhainn nó don dliteanas sin, is éard atá sa phraghas idirbhirt ná an praghas a íoctar chun an tsócmhainn a fháil nó an praghas a fhaightear chun an dliteanas a ghabháil (praghas iontrála). Os a choinne sin, is é luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais ná an praghas a gheofaí chun an tsócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun an dliteanas a aistriú (praghas scoir). Ní gá go ndíolann eintitis sócmhainní ar na praghsanna a d’íoc siad chun iad a fháil. Mar an gcéanna, ní gá go n-aistríonn eintitis dliteanais ar na praghsanna a fuarthas chun iad a ghabháil.

    58

    I gcuid mhór cásanna, beidh an praghas idirbhirt cothrom leis an luach cóir (e.g. d’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh nuair a dhéantar an t-idirbheart chun sócmhainn a cheannach, ar dháta an idirbhirt, sa mhargadh ina ndíolfaí an tsócmhainn).

    59

    Agus é ag cinneadh cé acu atá an luach cóir tráth aitheantais tosaigh cothrom leis an bpraghas idirbhirt nó nach bhfuil, déanfaidh eintiteas fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an idirbheart agus leis an tsócmhainn nó an dliteanas a chur san áireamh. Tugtar tuairisc i mír B4 ar chásanna ina bhféadfadh sé nach léiríonn an praghas idirbhirt luach cóir sócmhainne nó dliteanais tráth aitheantais tosaigh.

    60

    Má éilítear ar eintiteas nó má cheadaítear d’eintiteas le IFRS eile sócmhainn nó dliteanas a thomhas ar luach cóir ar dtús, agus má tá an praghas idirbhirt difriúil ón luach cóir, aithneoidh an t-eintiteas an gnóthachan nó caillteanas a leanann as sin i mbrabús nó caillteanas, ach amháin i gcás ina sonraítear a mhalairt san IFRS sin.

    Teicnící luachála

    61

    Úsáidfidh eintiteas teicnící luachála atá iomchuí sna himthosca, agus a bhfuil sonraí leordhóthanacha ar fáil ina leith, chun luach cóir a thomhas, rud a uasmhéadaíonn úsáid ionchur inbhraite agus a íoslaghdaíonn úsáid ionchur dobhraite.

    62

    Is é an cuspóir atá le teicníc luachála a úsáid ná meastachán a thabhairt ar an bpraghas ar a ndéanfaí idirbheart ordúil chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Trí theicníc luachála a úsáidtear go forleathan iad cur chuige an mhargaidh, cur chuige costais agus an cur chuige ioncaim. Tugtar achoimre ar phríomhghnéithe na gcur chuige sin i míreanna B5–B11. Úsáidfidh eintiteas teicnící luachála atá comhsheasmhach le ceann amháin nó níos mó de na cuir chuige sin chun luach cóir a thomhas.

    63

    Beidh teicníc luachála aonair iomchuí i gcásanna áirithe (e.g. nuair atá sócmhainn nó dliteanas á luacháil ag úsáid praghsanna luaite i margadh gníomhach le haghaidh sócmhainní nó dliteanas atá comhionann). Beidh teicnící luachála iolracha iomchuí i gcásanna eile (e.g. d’fhéadfadh sin a bheith amhlaidh agus aonad giniúna airgid á luacháil). Má úsáidtear teicnící luachála chun luach cóir a thomhas, déanfar meastóireacht ar na torthaí (i.e. táscairí faoi seach maidir le luach cóir) agus réasúnacht an raoin luachanna a thugann na torthaí sin le tuiscint á cur san áireamh. An pointe laistigh den raon sin is mó a léiríonn luach cóir sna himthosca is ea tomhas luach cóir.

    64

    Más luach cóir tráth aitheantais tosaigh atá sa phraghas idirbhirt, agus más teicníc luachála a úsáideann ionchuir dhobhraite a úsáidfear chun luach cóir a thomhas i dtréimhsí ina dhiaidh sin, déanfar an teicníc luachála a chalabrú le go mbeidh toradh na teicníce luachála cothrom leis an bpraghas idirbhirt tráth aitheantais tosaigh. Le calabrú, áirithítear go léiríonn an teicníc luachála dálaí reatha an mhargaidh agus cuidíonn sé le heintiteas a chinneadh cé acu is gá coigeartú a dhéanamh ar an teicníc luachála nó nach gá (e.g. d’fhéadfadh saintréith den tsócmhainn nó den dliteanas a bheith ann nach ngabhann an teicníc luachála) I ndiaidh an aitheantais tosaigh, agus luach cóir á thomhas ag úsáid teicníc nó teicnící luachála a úsáideann ionchuir dobhraite, áiritheoidh eintiteas go léiríonn na teicnící luachála sin sonraí margaidh inbhraite (e.g. an praghas ar shócmhainn chomhchosúil nó dliteanas comhchosúil) ar dháta an tomhais.

    65

    Déanfar teicnící luachála a úsáidtear chun luach cóir a thomhas a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Is iomchuí athrú a dhéanamh ar theicníc luachála nó ar a cur i bhfeidhm (e.g. athrú ar a hualú nuair a úsáidtear teicnící luachála iolracha nó athrú ar choigeartú arna chur i bhfeidhm maidir le teicníc luachála), áfach, más é tomhas atá chomh ionadaíoch céanna nó níos ionadaí ar luach cóir sna himthosca a bheidh mar thoradh ar an athrú. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh más rud é, mar shampla, go dtarlaíonn aon cheann de na teagmhais a leanas:

    (a)

    tagann margaí nua chun cinn;

    (b)

    tá fáil ar fhaisnéis nua;

    (c)

    níl fáil níos mó ar fhaisnéis a d’úsáideadh roimhe seo;

    (d)

    cuirtear feabhas ar theicnící luachála; nó

    (e)

    tagann athrú ar dhálaí an mhargaidh.

    66

    Coinneofar cuntas ar athbhreithnithe a leanann as athrú ar an teicníc luachála nó ar a cur i bhfeidhm mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8. Ní éilítear na nochtaí in IAS 8 le haghaidh athrú ar an meastachán cuntasaíochta maidir le hathbhreithnithe a leanann as athrú ar theicníc luachála nó ar a cur i bhfeidhm, áfach.

    Ionchuir le teicnící luachála

    Prionsabail ghinearálta

    67

    Teicnící luachála a úsáidtear chun cóirluacha a thomhas, uasmhéadóidh siad an úsáid a mbaintear as ionchuir inbhraite ábhartha agus íoslaghdóidh siad an úsáid a bhaintear as ionchuir dobhraite.

    68

    Áirítear le samplaí de mhargaí ina bhféadfadh ionchuir a bheith inbhraite le haghaidh sócmhainní agus dliteanais áirithe (e.g. ionstraimí airgeadais) margaí malairte, margaí déileálaí, margaí faoi bhróicéireacht agus margaí thar an gcuntar (féach mír B34).

    69

    Roghnóidh eintiteas ionchuir atá comhsheasmhach le saintréithe na sócmhainne nó an dliteanais a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh in idirbheart le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais (féach míreanna 11 agus 12). Cuirtear coigeartú i bhfeidhm mar thoradh ar na saintréithe sin i gcásanna áirithe, amhail préimh nó lascaine (e.g. préimh rialaithe nó lascaine ar leasanna neamhurlámhais). Ní chorprófar préimh nó lascaine atá neamh-chomhsheasmhach leis an aonad cuntais san IFRS lena n-éilítear nó a gceadaítear tomhas luach cóir (féach míreanna 13 agus 14) i dtomhas luach cóir, áfach. Préimheanna nó lascainí a léiríonn méid mar shaintréith dá bhfuil á sealbhú ag an eintiteas (go sonrach, fachtóir bactha lena gcoigeartaítear praghas luaite sócmhainne nó dliteanais ós rud é nach bhfuil gnáthmhéid trádála laethúla an mhargaidh leordhóthanach chun an méid atá arna sealbhú ag eintiteas a iompar, mar a shainmhínítear i mír 80), seachas mar shaintréith den sócmhainn nó den dliteanas (e.g. préimh rialaithe agus luach cóir leas urlámhais á thomhas), ní cheadaítear iad i dtomhas luach cóir. I ngach cás, má tá praghas luaite i margadh gníomhach (i.e. ionchur Leibhéal 1) le haghaidh sócmhainne nó dliteanais, úsáidfidh eintiteas an praghas sin gan choigeartú agus luach cóir á thomhas aige, seachas mar a shonraítear i mír 79.

    Ionchuir atá bunaithe ar phraghsanna tairisceana agus iarrata

    70

    Má tá praghas tairisceana agus praghas iarrata ag sócmhainn nó ag dliteanas a thomhaistear ar luach cóir (e.g. ionchur ó mhargadh déileálaí), úsáidfear an praghas laistigh den raon difríochta idir tairiscint agus iarraidh is mó a léiríonn luach cóir sna himthosca chun luach cóir a thomhas, beag beann ar an áit a ndéantar an t-ionchur a chatagóiriú laistigh den ordlathas luacha chóir (i.e. Leibhéal 1, 2 nó 3); féach míreanna 72–90). Ceadaítear praghsanna tairgthe a úsáid le haghaidh suíomhanna sócmhainní agus praghsanna iarrata le haghaidh suíomhanna dliteanais ach ní éilítear é.

    71

    Ní chuirtear bac ar úsáid phraghsáil meánmhargaidh nó gnásanna praghsála eile a úsáideann rannpháirtithe sa mhargadh mar bheart praiticiúil le haghaidh tomhas luach cóir laistigh de raon difríochta idir tairiscint agus iarraidh leis an IFRS seo.

    Ordlathas luacha chóir

    72

    Chun comhsheasmhacht agus inchomparáideacht i dtomhais luacha chóir agus nochtaí gaolmhara a mhéadú, bunaítear ordlathas luacha chóir leis an IFRS seo lena ndéantar na hionchuir le teicnící luachála arna n-úsáid chun luach cóir a thomhas a chatagóiriú ina dtrí leibhéal (féach míreanna 76–90). Leis an ordlathas luacha chóir, tugtar an tosaíocht is airde do phraghsanna luaite (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní comhionanna nó dliteanas comhionann (ionchuir Leibhéal 1) agus tugtar an tosaíocht is ísle d’ionchuir dhobhraite (ionchuir Leibhéal 3).

    73

    I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí na hionchuir arna n-úsáid chun luach cóir sócmhainne nó dliteanais a thomhas a chatagóiriú laistigh de leibhéil éagsúla den ordlathas luacha chóir. Sna cásanna sin, déantar an tomhas luach cóir a chatagóiriú ina iomláine sa leibhéal céanna den ordlathas luacha chóir leis an ionchur ar an leibhéal is ísle atá suntasach maidir leis an tomhas iomlán. Chun measúnú a dhéanamh ar shuntasacht ionchuir faoi leith maidir leis an tomhas iomlán, éilítear breithiúnas, agus fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas a chur san áireamh. Coigeartuithe chun teacht ar thomhais a bhunaítear ar luach cóir, amhail costais a bhaineann le díol nuair atá luach cóir lúide costais le díol á thomhas, ní chuirfear san áireamh iad nuair atá leibhéal an ordlathais luacha chóir á chinneadh ar laistigh de a dhéantar tomhas luach cóir a chatagóiriú.

    74

    D’fhéadfadh fáil ar ionchuir ábhartha agus a suibiachtúlacht choibhneasta difear a dhéanamh do roghnú teicnící luachála iomchuí (féach mír 61). Leis an ordlathas luacha chóir, áfach, tugtar tosaíocht do na hionchuir le teicnící luachála agus ní do na teicnící luachála arna n-úsáid chun luach cóir a thomhas. Mar shampla, d’fhéadfaí tomhas luach cóir arna fhorbairt ag úsáid teicníc luach láithreach a chatagóiriú laistigh de Leibhéal 2 nó Leibhéal 3, ag brath ar na hionchuir atá suntasach maidir leis an tomhas iomlán agus leibhéal an ordlathais luacha chóir ar laistigh de a dhéantar na hionchuir sin a chatagóiriú.

    75

    Má éilíonn ionchur inbhraite coigeartú ag úsáid ionchur dobhraite agus más tomhas luach cóir atá níos airde nó níos ísle go suntasach atá mar thoradh ar an gcoigeartú sin, dhéanfaí an tomhas dá thoradh sin a chatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir. Mar shampla, dá ndéanfadh rannpháirtí sa mhargadh an iarmhairt ag srian ar dhíol sócmhainne a chur san áireamh agus an praghas don tsócmhainn á mheas, dhéanfadh eintiteas coigeartú ar an bpraghas luaite chun iarmhairt an tsriain sin a léiriú. Más ionchur Leibhéal 2 atá sa phraghas luaite sin agus más ionchur dobhraite atá suntasach maidir leis an tomhas iomlán atá sa choigeartú, dhéanfaí an tomhas a chatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir.

    Ionchuir Leibhéal 1

    76

    Is éard atá in ionchuir Leibhéal 1 ná praghsanna luaite (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní chomhionanna nó dliteanas comhionann gur féidir leis an eintiteas a rochtain ar dháta an tomhais.

    77

    Is é praghas luaite i margadh gníomhach a sholáthraíonn an fhianaise is iontaofa ar chóirluach agus úsáidfear é gan choigeartú chun cóirluach a thomhas am ar bith a bheidh sé ar fáil, ach amháin mar a shonraítear i mír 79.

    78

    Beidh fáil ar ionchur Leibhéal 1 le haghaidh go leor sócmhainní airgeadais agus dliteanas airgeadais, a bhféadfadh roinnt díobh a bheith á malartú i margaí gníomhacha (e.g. ar mhalartáin éagsúla). Dá bhrí sin, leagtar béim laistigh de Leibhéal 1 ar an dá cheann de na nithe a leanas a chinneadh:

    (a)

    an phríomh-mhargadh don tsócmhainn nó don dliteanas, nó, in éagmais príomh-mhargaidh, an margadh is buntáistí don tsócmhainn nó don dliteanas; agus

    (b)

    cé acu a fhéadfaidh an t-eintiteas idirbheart a dhéanamh don tsócmhainn nó don dliteanas ar an bpraghas sa mhargadh sin ar dháta an tomhais, nó nach bhféadfaidh.

    79

    Ní dhéanfaidh eintiteas coigeartú ar ionchur Leibhéal 1 ach amháin sna himthosca a leanas:

    (a)

    nuair atá líon mór sócmhainní nó dliteanas (e.g. urrúis fiachais) atá comhchosúil (ach nach bhfuil comhionann) á sealbhú ag eintiteas, arna dtomhas ar luach cóir agus a bhfuil praghas luaite i margadh gníomhach nach bhfuil rochtain éasca air ar fáil do gach ceann de na sócmhainní nó dliteanais sin go haonarach (i.e. i bhfianaise an lín mhóir sócmhainní chomhchosúla nó dliteanas comhchosúil atá arna sealbhú ag an eintiteas, bheadh sé deacair faisnéis praghsála a fháil le haghaidh gach sócmhainn nó dliteanas aonair ar dháta an tomhais). Sa chás sin, mar bheart praiticiúil, féadfaidh eintiteas luach cóir a thomhas ag úsáid modh praghsála malartach nach mbraitheann go heisiach ar phraghsanna luaite (e.g. praghsáil maitríse). Mar sin féin, is tomhas luach cóir arna chatagóiriú laistigh de leibhéal níos ísle den ordlathas luacha chóir atá mar thoradh ar mhodh praghsála malartach a úsáid.

    (b)

    nuair nach léiríonn praghas luaite i margadh gníomhach luach cóir ar dháta an tomhais. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás, mar shampla, go dtarlaíonn teagmhais shuntasacha (amhail idirbhearta i margadh thar an gcuntar, trádáil i margadh faoi bhróicéireacht nó fógraí) i ndiaidh dhúnadh margaidh ach roimh dháta an tomhais. Déanfaidh eintiteas beartas a bhunú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach chun na teagmhais sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thomhais luach cóir a shainaithint. Má dhéantar an praghas luaite a choigeartú i leith faisnéis nua, áfach, is tomhas luach cóir arna chatagóiriú laistigh de leibhéal níos ísle den ordlathas luacha chóir atá mar thoradh ar an gcoigeartú.

    (c)

    nuair a dhéantar tomhas ar luach cóir dliteanais nó ionstraime cothromais dílse eintitis ag úsáid an praghas luaite ar an mír chomhionann arna trádáil mar shócmhainn i margadh gníomhach agus más gá an praghas sin a choigeartú i leith fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an mír nó leis an tsócmhainn (féach mír 39). Mura n-éilítear aon choigeartú ar phraghas luaite na sócmhainne, is é an toradh air sin ná tomhas luach cóir arna chatagóiriú laistigh de Leibhéal 1 den ordlathas luacha chóir. Is tomhas luach cóir arna chatagóiriú laistigh de leibhéal níos ísle den ordlathas luacha chóir atá mar thoradh ar aon choigeartú ar phraghas luaite na sócmhainne, áfach.

    80

    Má tá suíomh ag eintiteas i sócmhainn nó dliteanas aonair (lena n-áirítear suíomh atá comhdhéanta de líon mór sócmhainní comhionanna nó dliteanas comhionann, amhail sealúchas ionstraimí airgeadais) agus má thrádáiltear an tsócmhainn nó an dliteanas i margadh gníomhach, tomhaisfear luach cóir na sócmhainne nó an dliteanais laistigh de Leibhéal 1 mar an toradh ar an bpraghas luaite le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais aonair agus an méid atá arna sealbhú ag an eintiteas. Is amhlaidh an cás sin fiú mura bhfuil gnáthmhéid trádála laethúla an mhargaidh leordhóthanach chun an méid atá arna shealbhú a iompar agus go bhféadfadh orduithe a dhéanamh chun an suíomh a dhíol in aon idirbheart amháin difear a dhéanamh don phraghas luaite.

    Ionchuir Leibhéal 2

    81

    Is éard atá in ionchuir Leibhéal 2 ná ionchuir seachas praghsanna luaite a áirítear laistigh de Leibhéal 1 atá inbhraite don tsócmhainn nó don dliteanas, go díreach nó go hindíreach.

    82

    Má tá téarma (conarthach) sonraithe ag an tsócmhainn nó ag an dliteanas, ní mór d’ionchur Leibhéal 2 a bheith inbhraite ar feadh téarma iomlán na sócmhainne nó an dliteanais, go substaintiúil. Áirítear iad seo a leanas le hionchuir Leibhéal 2:

    (a)

    praghsanna luaite le haghaidh sócmhainní comhchosúla nó dliteanas comhchosúil i margaí gníomhacha.

    (b)

    praghsanna luaite le haghaidh sócmhainní nó dliteanais atá comhionann nó comhchosúil i margaí nach bhfuil gníomhach.

    (c)

    ionchuir seachas praghsanna luaite atá inbhraite don tsócmhainn nó don dliteanas, mar shampla:

    (i)

    rátaí úis agus cuair toraidh inbhraite ag eatraimh a luaitear go minic;

    (ii)

    luaineachtaí intuigthe; agus

    (iii)

    raonta difríochta creidmheasa.

    (d)

    ionchuir mhargadh-chomhthacaithe.

    83

    Beidh éagsúlacht i gceist leis na coigeartuithe ar ionchuir Leibhéal 2 ag brath ar fhachtóirí a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas. Áirítear iad seo a leanas leis na fachtóirí sin:

    (a)

    staid nó suíomh na sócmhainne;

    (b)

    a mhéid a bhaineann ionchuir le míreanna atá inchomparáide leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas (lena n-áirítear na fachtóirí sin a dtugtar tuairisc orthu i mír 39); agus

    (c)

    méid nó leibhéal na gníomhaíochta sna margaí ar laistigh díobh a bhraitear na hionchuir.

    84

    D’fhéadfadh tomhas luach cóir arna chatagóirí laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir a bheith mar thoradh ar choigeartú ar ionchur Leibhéal 2 atá suntasach maidir leis an tomhas iomlán má úsáideann an coigeartú ionchuir dhobhraite.

    85

    Tugtar tuairisc i mír B35 ar úsáid ionchur Leibhéal 2 le haghaidh sócmhainní agus dliteanas faoi leith.

    Ionchuir Leibhéal 3

    86

    Is ionchuir dhobhraite don tsócmhainn nó don dliteanas iad ionchuir Leibhéal 3.

    87

    Úsáidfear ionchuir dhobhraite chun luach cóir a thomhas a mhéid nach bhfuil fáil ar ionchuir inbhraite ábhartha, agus mar sin ceadófar do chásanna ina bhfuil fíorbheagán gníomhaíochta margaidh don tsócmhainn nó don dliteanas ar dháta an tomhais, má tá gníomhaíocht mhargaidh ar bith ann. Fanann an cuspóir maidir le tomhas luach cóir mar an gcéanna, áfach, i.e. praghas scoir ar dháta an tomhais ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh a bhfuil an tsócmhainn á sealbhú aige nó a bhfuil an dliteanas amuigh air. Dá bhrí sin, léireoidh ionchuir dhobhraite na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtí sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu, lena n-áirítear toimhdí faoi riosca.

    88

    Áirítear le toimhdí maidir le riosca, an riosca is gné dhílis den teicníc luachála áirithe a úsáidtear chun luach cóir a thomhas (amhail samhail phraghsála) agus an riosca is gné dhílis de na hionchuir leis an teicníc luachála. Tomhas nach n-áirítear coigeartú le haghaidh riosca leis, ní léireodh sé tomhas luach cóir i gcás ina gcuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh ceann san áireamh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á bpraghsáil á praghsáil nó á phraghsáil acu. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur ghá coigeartú riosca a chur san áireamh nuair atá éiginnteacht shuntasach ann maidir le tomhas (e.g. nuair a tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó ar leibhéal na gníomhaíochta i gcomparáid le gnáthghníomhaíocht mhargaidh don tsócmhainn nó don dliteanas, nó do shócmhainní comhchosúla agus dliteanais chomhchosúla, agus nuair a chinn an t-eintiteas nach léiríonn an praghas idirbhirt nó an praghas luaite luach cóir, mar a dtugtar tuairisc air i míreanna B37–B47).

    89

    Forbróidh eintiteas ionchuir dhobhraite ag úsáid na faisnéise is fearr atá le fáil sna himthosca, a d’fhéadfadh sonraí dílse an eintitis a bheith i gceist léi. Agus ionchuir dhobhraite á bhforbairt aige, féadfaidh eintiteas tosú lena shonraí dílse, ach déanfaidh sé coigeartú ar na sonraí sin má thugann faisnéis atá ar fáil go réidh le tuiscint go n-úsáidfeadh rannpháirtithe eile sa mhargadh sonraí difriúla nó go bhfuil rud éigin faoi leith a bhaineann leis an eintiteas nach bhfuil ar fáil do rannpháirtithe eile sa mhargadh (e.g. sineirge a bhaineann go sonrach leis an eintiteas). Ní gá d’eintiteas iarrachtaí uileghabhálacha a dhéanamh chun teacht ar fhaisnéis faoi thoimhdí rannpháirtithe sa mhargadh. Mar sin féin, déanfaidh eintiteas an fhaisnéis uile faoi thoimhdí rannpháirtithe sa mhargadh atá ar fáil go réasúnach a chur san áireamh. Meastar gur thoimhdí rannpháirtithe sa mhargadh iad ionchuir dhobhraite arna bhforbairt ar an mbealach a dtugtar tuairisc air thuas agus comhlíonann siad an cuspóir maidir le tomhas luach cóir.

    90

    Tugtar tuairisc i mír B36 ar úsáid ionchur Leibhéal 3 le haghaidh sócmhainní agus dliteanas faoi leith.

    NOCHTADH

    91

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis a chuideoidh le húsáideoirí a ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar an dá rud a leanas:

    (a)

    maidir le sócmhainní agus dliteanais arna dtomhas ar cóirluach ar bhonn athfhillteach nó neamh-athfhillteach sa ráiteas ar an staid airgeadais i ndiaidh aitheantais tosaigh, na teicnící luachála agus na hionchuir arna n-úsáid chun na tomhais sin a fhorbairt.

    (b)

    maidir le tomhais cóirluacha athfhillteacha ag úsáid ionchur dobhraite suntasach (Leibhéal 3), iarmhairt na dtomhas ar bhrabús nó caillteanas nó ar ioncam cuimsitheach eile don tréimhse.

    92

    Breithneoidh eintiteas na nithe seo uile a leanas chun na cuspóirí i mír 91 a chomhlíonadh:

    (a)

    an méid mionsonraí a bhfuil gá leis chun na ceanglais maidir le nochtadh a chomhlíonadh;

    (b)

    an méid béime is gá a chur ar gach ceann de na ceanglais éagsúla;

    (c)

    an méid comhiomlánaithe nó dí-chomhiomlánaithe atá le déanamh; agus

    (d)

    cé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn faisnéis bhreise ó úsáideoirí ráiteas airgeadais chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis chainníochtúil a nochtar.

    Mura leordhóthanach iad na nochtaí a sholáthraítear i gcomhréir leis an IFRSanna seo agus IFRSanna eile chun na cuspóirí i mír 91 a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas faisnéis bhreise is gá chun na cuspóirí sin a chomhlíonadh.

    93

    Chun na cuspóirí i mír 91 a chomhlíonadh, nochtfaidh eintiteas, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach aicme sócmhainní agus dliteanas (féach mír 94 le haghaidh faisnéis faoi aicmí iomchuí sócmhainní agus dliteanas) arna dtomhas ar luach cóir (lena n-áirítear tomhais arna mbunú ar luach cóir faoi raon feidhme an IFRS seo) sa ráiteas ar an staid airgeadais i ndiaidh aitheantais tosaigh:

    (a)

    maidir le tomhais luach cóir athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha, an tomhas luach cóir ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, agus maidir le tomhais luach cóir neamh-athfhillteacha, na cúiseanna leis an tomhas. Is éard is tomhais luach cóir athfhillteacha ar shócmhainní nó dliteanais ann tomhais luach cóir a éilítear nó a cheadaítear le IFRSanna eile sa ráiteas ar an staid airgeadais ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe. Is éard is tomhais luach cóir neamh-athfhillteacha ar shócmhainní nó dliteanais ann na cinn sin a éilítear nó a cheadaítear le IFRSanna eile sa ráiteas ar an staid airgeadais in imthosca áirithe (e.g. i gcás ina dtomhaiseann eintiteas sócmhainn arna sealbhú lena díol ar luach cóir lúide costais lena díol i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha mar gheall go bhfuil luach cóir na sócmhainne lúide costais lena díol níos ísle ná a suim ghlanluacha).

    (b)

    maidir le tomhais luach cóir athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha, leibhéal an ordlathais luacha chóir ar laistigh de a ndéantar na tomhais luach cóir a chatagóiriú ina n-iomláine (Leibhéal 1, 2 nó 3).

    (c)

    maidir le sócmhainní agus dliteanais arna sealbhú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe arna dtomhas ar luach cóir ar bhonn athfhillteach, méideanna aon aistriú idir Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 den ordlathas luacha chóir, na cúiseanna leis na haistrithe sin agus beartas an eintitis lena chinneadh cathain a mheastar gur tharla aistrithe idir leibhéil (féach mír 95). Nochtfar aistrithe isteach i ngach leibhéal agus pléifear iad ar leithligh ó aistrithe amach as gach leibhéal.

    (d)

    maidir le tomhais luach cóir athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir, tuairisc ar an teicníc luachála (ar na teicnící luachála) agus ar na hionchuir a úsáidtear sa tomhas luach cóir. I gcás inar tháinig athrú ar an teicníc luachála (e.g. athrú ó chur chuige margaidh go dtí cur chuige ioncaim nó úsáid a bhaint as teicníc luachála bhreise), nochtfaidh an t-eintiteas an t-athrú sin agus an chúis (na cúiseanna) lena dhéanamh. Maidir le tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir, soláthróidh eintiteas faisnéis chainníochtúil faoi na hionchuir dhobhraite a úsáidtear sa tomhas luach cóir. Ní éilítear ar eintiteas faisnéis chainníochtúil a chruthú chun an riachtanas seo maidir le nochtadh a chomhlíonadh i gcás nach bhforbraíonn an t-eintiteas ionchuir dhobhraite ag luach cóir á thomhas (e.g. nuair a úsáideann eintiteas praghsanna ó idirbhearta roimhe seo nó faisnéis praghsála tríú páirtí gan choigeartú). Agus an nochtadh sin á sholáthar aige, áfach, ní fhéadfadh eintiteas neamhaird a thabhairt ar ionchuir dhobhraite chainníochtúla atá suntasach maidir leis an tomhas luach cóir agus atá ar fáil go réasúnach don eintiteas.

    (e)

    maidir le tomhais luach cóir athfhillteacha arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir, réiteach ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh, ag nochtadh ar leithligh athruithe le linn na tréimhse atá inchurtha i leith iad seo a leanas:

    (i)

    gnóthachain nó caillteanais iomlána don tréimhse a aithnítear i mbrabús nó caillteanas, agus an mhír líne (na míreanna líne) i mbrabús nó caillteanas ina n-aithnítear na gnóthachain nó caillteanais sin.

    (ii)

    gnóthachain agus caillteanais iomlána don tréimhse a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, agus an mhír líne (na míreanna líne) in ioncam cuimsitheach eile ina n-aithnítear na gnóthachain nó caillteanais sin.

    (iii)

    ceannacháin, díolacháin, eisiúintí agus socraíochtaí (nochtar gan ceann de na cineálacha athruithe sin ar leithligh).

    (iv)

    méideanna aon aistriú isteach i Leibhéal 3 nó amach as Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir, na cúiseanna leis na haistrithe sin agus beartas an eintitis lena chinneadh cathain a mheastar gur tharla aistrithe idir leibhéil (féach mír 95). Nochtfar aistrithe isteach i Leibhéal 3 agus pléifear iad ar leithligh ó aistrithe amach as Leibhéal 3.

    (f)

    maidir le tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir, méid na ngnóthachan nó caillteanas iomlán don tréimhse in (e)(i) a áirítear i mbrabús nó caillteanas atá inchurtha i leith an athrú i ngnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe a bhaineann leis na sócmhainní agus dliteanais sin arna sealbhú ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, agus an mhír líne (na míreanna líne) i mbrabús nó caillteanas ina n-aithnítear na gnóthachain nó caillteanais neamhréadaithe sin.

    (g)

    maidir le tomhais luach cóir athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luach cóir, tuairisc ar na teicnící luachála a úsáideann an t-eintiteas (lena n-áirítear, mar shampla, an bealach a chinneann eintiteas a mbeartais agus nósanna imeachta luachála agus a dhéanann sé anailís ar athruithe i dtomhais luach cóir ó thréimhse go tréimhse).

    (h)

    maidir le tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luach cóir:

    (i)

    maidir le gach tomhas den sórt sin, tuairisc insinte ar íogaireacht an tomhais luacha chóir maidir le hathruithe ar ionchuir dhobhraite i gcás go bhféadfadh tomhas luach cóir níos airde nó níos ísle go suntasach a bheith mar thoradh ar athrú ar na hionchuir sin. Má tá idirghaolmhaireachtaí ann idir na hionchuir sin agus ionchuir dobhraite eile arna n-úsáid sa tomhas luach cóir, soláthróidh eintiteas tuairisc ar na hidirghaolmhaireachtaí sin agus ar an mbealach a d’fhéadfaidís iarmhairt na n-athruithe ar na hionchuir dhobhraite ar an tomhas luach cóir a mhéadú nó a mhaolú. Chun an ceanglas sin maidir le nochtadh a chomhlíonadh, áireofar leis an tuairisc insinte ar an íogaireacht ar athruithe ar ionchuir dhobhraite, ar a laghad, na hionchuir dhobhraite a nochtar agus (d) á chomhlíonadh.

    (ii)

    maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais, dá gcuirfí athrú suntasach ar luach cóir trí athrú a chur ar cheann amháin nó níos mó de na hionchuir dhobhraite chun toimhdí malartacha a léiriú a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnach, luafaidh eintiteas an méid sin agus nochtfaidh sé iarmhairt na n-athruithe sin. Nochtfaidh an t-eintiteas an bealach a ríomhadh an iarmhairt a bheadh ag athrú chun toimhde malartach a léiriú a d’fhéadfadh a bheith ann go réasúnach. Chun na críche sin, tabharfar breithiúnas ar shuntasacht maidir le brabús nó caillteanas, agus sócmhainní iomlána nó dliteanais iomlána, nó maidir le cothromas iomlán nuair a aithnítear athruithe ar chóirluach in ioncam cuimsitheach eile.

    (i)

    maidir le tomhais cóirluacha athfhillteacha agus neamh-athfhillteacha, má tá an úsáid is airde agus is fearr a bhaintear as sócmhainn neamhairgeadais difriúil ón úsáid reatha a mbaintear aisti, nochtfaidh eintiteas an méid sin agus an chúis leis an tsócmhainn neamhairgeadais a bheith á húsáid ar bhealach atá éagsúil leis an úsáid is airde agus is fearr a bhaint aisti.

    94

    Cinnfidh eintiteas aicmí iomchuí sócmhainní agus dliteanas ar bhonn an mhéid seo a leanas:

    (a)

    cineál, saintréithe agus rioscaí na sócmhainne nó an dliteanais; agus

    (b)

    an leibhéal den ordlathas luacha chóir ar laistigh de a dhéantar tomhas luach cóir a chatagóiriú.

    D’fhéadfadh sé gur ghá líon níos mó aicmí a bheith ann le haghaidh tomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir ós rud é go bhfuil níos mó éiginnteachta agus suibiachtúlachta ag na tomhais sin. Éilítear breithiúnas chun aicmí iomchuí sócmhainní agus dliteanas a chinneadh ar cheart nochtadh maidir le tomhas luach cóir a sholáthar ina leith. Is minic a éileofar níos mó dí-chomhiomlánaithe maidir le haicme sócmhainní agus dliteanas ná mar a éileofar maidir leis na míreanna líne sa ráiteas ar an staid airgeadais. Mar sin féin, soláthróidh eintiteas faisnéis leordhóthanach ionas go gceadófar na míreanna líne a chuirtear i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais a réiteach. Má shonraítear le IFRS eile an aicme le haghaidh sócmhainne nó dliteanais, féadfaidh eintiteas an aicme sin a úsáid chun na nochtaí a sholáthar a éilítear san IFRS seo má chomhlíonann an aicme sin na ceanglais sa mhír seo.

    95

    Nochtfaidh eintiteas a bheartas lena chinneadh an uair a meastar a tharla aistrithe dliteanas idir leibhéil den ordlathas luacha chóir, agus leanfaidh sé an beartas sin go comhsheasmhach, i gcomhréir le mír 93(c) agus (e)(iv). An beartas um uainiú maidir le haistrithe a aithint, is é an t-aon bheartas amháin a bheidh i bhfeidhm le haghaidh aistrithe isteach sna leibhéil agus le haghaidh aistrithe amach as na leibhéil. Áirítear an méid seo a leanas le samplaí de bheartais chun uainiú aistrithe a chinneadh:

    (a)

    dáta an teagmhais nó an athraithe ar imthosca ba chúis leis an aistriú.

    (b)

    tús na tréimhse tuairiscithe.

    (c)

    deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    96

    Má dhéanann eintiteas cinneadh maidir le beartas cuntasaíochta chun an eisceacht i mír 48 a úsáid, nochtfaidh sé an méid sin.

    97

    Maidir le gach aicme sócmhainní agus dliteanas nach dtomhaistear í ar luach cóir sa ráiteas ar an staid airgeadais, ach dá nochtar luach cóir, nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis a éilítear le mír 93(b), (d) agus (i). Mar sin féin, ní éilítear ar eintiteas na nochtaí cainníochtúla faoi ionchuir dhobhraite shuntasacha a úsáidtear i dtomhais luach cóir arna gcatagóiriú laistigh de Leibhéal 3 den ordlathas luacha chóir a éilítear le mír 93(d) a sholáthar. Ní gá d’eintiteas na nochtaí eile a éilítear leis an IFRS seo a sholáthar maidir le sócmhainní agus dliteanais den sórt sin.

    98

    Maidir le dliteanas arna thomhas ar luach cóir agus a eisítear feabhsú creidmheasa tríú páirtí doscartha ina leith, nochtfaidh eisitheoir an feabhsú creidmheasa sin agus cé acu a léirítear é i dtomhas luach cóir an dliteanais nó nach léirítear.

    99

    Cuirfidh eintiteas na nochtaí cainníochtúla a éilítear leis an IFRS seo i láthair i dtábla mura mbeidh formáid eile níos iomchuí.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo.

    margadh gníomhach

    Margadh ina ndéantar idirbhearta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais le minicíocht agus le méid leordhóthanach chun faisnéis ar phraghsanna a sholáthar ar bhonn leanúnach.

    cur chuige costais

    Teicníc luachála lena léirítear an méid a cheanglófaí faoi láthair chun acmhainn seirbhíse sócmhainne a athsholáthar (dá ngairtear go minic costas athsholáthair reatha).

    praghas iontrála

    An praghas a íoctar chun sócmhainn a fháil nó an praghas a fhaightear chun dliteanas a ghabháil in idirbhearta malairte.

    praghas scoir

    An praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú.

    sreabhadh airgid ionchasach

    An meán ualaithe dóchúlachta (i.e. meán an dáilte) maidir le sreabhadh airgid todhchaí féideartha.

    lach cóir

    An praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais.

    an úsáid is airde agus is fearr

    Úsáid á baint ag rannpháirtithe sa mhargadh as sócmhainn neamhairgeadais lena n-uasmhéadófaí luach na sócmhainne nó an ghrúpa sócmhainní agus dliteanas (e.g. gnólacht) ar laistigh de a d’úsáidfí an tsócmhainn.

    cur chuige ioncaim

    Teicnící luachála lena dtiontófar méideanna todhchaí (e.g. sreabhadh airgid nó ioncam agus speansais) ina méid aonair reatha (i.e. lascainithe). Cinntear an tomhas luach cóir ar bhonn an luacha arna léiriú ag ionchais reatha an mhargaidh faoi na méideanna sin amach anseo.

    Ionchuir

    Na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu, lena n-áirítear toimhdí faoi riosca, amhail na nithe seo a leanas:

    (a)

    an riosca is gné dhílis den teicníc luachála áirithe a úsáidtear chun luach cóir a thomhas (amhail samhail phraghsála); agus

    (b)

    an riosca is gné dhílis de na hionchuir leis an teicníc luachála.

    Féadfaidh ionchuir a bheith inbhraite nó dobhraite.

    Ionchuir Leibhéal 1

    Praghsanna luaite (neamhchoigeartaithe) i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní chomhionanna nó dliteanas comhionann gur féidir leis an eintiteas a rochtain ar dháta an tomhais.

    Ionchuir Leibhéal 2

    Praghsanna luaite a áirítear laistigh de Leibhéal 1 atá inbhraite le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, go díreach nó go hindíreach.

    Ionchuir Leibhéal 3

    Ionchuir dhobhraite le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais.

    cur chuige margaidh

    Teicníc luachála a úsáideann praghsanna agus faisnéis ábhartha eile a ghintear le hidirbhearta margaidh ina bhfuil sócmhainní, dliteanais nó grúpa sócmhainní agus dliteanas, amhail gnó, atá comhionann nó inchomparáide (i.e. comhchosúil).

    ionchuir mhargadh-chomhthacaithe

    Ionchuir a dhíorthaítear go príomha ó shonraí margaidh inbhraite, nó a gcomhthacaítear leo ag sonraí margaidh inbhraite nó ó mhodhanna eile.

    rannpháirtithe sa mhargadh

    Ceannaitheoirí agus díoltóirí sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais a bhfuil na saintréithe uile seo a leanas acu:

    (a)

    Tá siad neamhspleách óna chéile, i.e. ní páirtithe gaolmhara iad mar a shainmhínítear in IAS 24, cé go bhféadtar an praghas in idirbheart páirtithe gaolmhara a úsáid mar ionchur le tomhas luach cóir má tá fianaise ag an eintiteas go ndearnadh an t-idirbheart ar théarmaí an mhargaidh.

    (b)

    Tá siad eolasach agus tuiscint réasúnach acu ar an tsócmhainn nó ar an ndliteanas agus ar an idirbheart ag úsáid an fhaisnéis uile atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a d’fhéadfaí a fháil trí iarrachtaí díchill chuí ar gnách agus iondúil iad.

    (c)

    Tá siad in ann idirbheart a dhéanamh le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais.

    (d)

    Tá siad toilteanach idirbheart a dhéanamh don tsócmhainn nó don dliteanas, i.e. spreagtar iad ach níl sé éigeantach ná ní chuirtear iallach orthu amhlaidh a dhéanamh.

    an margadh is buntáistí

    An margadh a uasmhéadaíonn an méid a gheofaí chun an tsócmhainn a dhíol nó a íoslaghdaíonn an méid a d’íocfaí chun an dliteanas a aistriú, i ndiaidh costais idirbheart agus costais iompair a chur san áireamh.

    riosca neamhchomhlíonta

    An riosca nach gcomhlíonfaidh eintiteas oibleagáid. Áirítear le riosca neamhchomhlíonta, gan bheith teoranta dó, riosca creidmheasa dílis eintitis.

    ionchuir inbhraite

    Ionchuir arna bhforbairt ag úsáid sonraí margaidh, amhail faisnéis atá ar fáil go poiblí faoi theagmhais nó idirbhirt iarbhír, agus a léiríonn na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu.

    idirbheart ordúil

    Idirbheart a ghlacann leis go ndéantar teagmháil leis an margadh ar feadh tréimhse roimh dháta an tomhais chun ceadú do ghníomhaíochtaí margaidh ar gnách agus iondúil iad le haghaidh idirbheart a bhaineann le sócmhainní nó dliteanais den sórt sin; ní idirbheart éigeantach é (e.g. leachtú éigeantach nó díol faoi bhroid).

    príomh-mhargadh

    An margadh ag a bhfuil an méid agus leibhéal is mó gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais.

    préimh riosca

    Cúiteamh arna lorg ag rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil col riosca acu as an éiginnteacht is gné dhílis de shreabhadh airgid sócmhainne nó dliteanais a sheasamh. Tagraítear di mar ‘choigeartú riosca’ freisin.

    costais beartaíochta

    Na costais a bhaineann le sócmhainn a dhíol nó dliteanas a aistriú sa phríomh-mhargadh (nó sa mhargadh is buntáistí) don tsócmhainn nó don dliteanas atá inchurtha go díreach i leith diúscairt na sócmhainne nó aistriú an dliteanais agus a chomhlíonann an dá cheann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    Eascraíonn siad go díreach as an idirbheart sin agus tá siad fíor-riachtanach maidir leis.

    (b)

    Ní bheadh siad tabhaithe ag an eintiteas mura ndearnadh an cinneadh chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú (cosúil le costais a bhaineann le díol, mar a shainmhínítear in IFRS 5).

    costais iompair

    Na costais a thabhófaí chun sócmhainn a iompar óna suíomh reatha chuig a príomh-mhargadh (nó chuig an margadh is buntáistí).

    aonad cuntais

    An leibhéal ar a ndéantar sócmhainn nó dliteanas a chomhiomlánú nó a dhí-chomhiomlánú in IFRS chun críche aitheantais.

    ionchuir dhobhraite

    Ionchuir nach bhfuil sonraí margaidh ar fáil ina leith agus a fhorbraítear ag úsáid an fhaisnéis is fearr atá ar fáil faoi na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus sócmhainn nó dliteanas á phraghsáil acu.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–99 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile de IFRS.

    B1

    Féadfaidh na breithiúnais a chuirtear i bhfeidhm i gcásanna difriúla luachála a bheith difriúil óna chéile. Tugtar tuairisc an fhoscríbhinn seo ar na breithiúnais a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm nuair a thomhaiseann eintiteas luach cóir i gcásanna difriúla luachála.

    AN CUR CHUIGE MAIDIR LE TOMHAS LUACH CÓIR

    B2

    Is é is cuspóir le tomhas luach cóir meastachán a dhéanamh ar an bpraghas ar a ndéanfaí idirbheart ordúil chun an tsócmhainn a dhíol nó chun an dliteanas a aistriú idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh. Le tomhas luach cóir, éilítear ar eintiteas na nithe uile seo a leanas a chinneadh:

    (a)

    an tsócmhainn nó dliteanas faoi leith arb í nó é is ábhar den tomhas (i gcomhréir lena (h)aonad cuntais).

    (b)

    maidir le sócmhainn neamhairgeadais, an bonn luachála is iomchuí don tomhas (i gcomhréir lena úsáid is airde agus is fearr).

    (c)

    an príomh-mhargadh (nó an margadh is buntáistí) don tsócmhainn nó don dliteanas.

    (d)

    an teicníc luachála (na teicnící luachála) is iomchuí don tomhas, agus aird ar an bhfáil ar shonraí lena bhféadtar ionchuir a fhorbairt a léiríonn na toimhdí a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu agus an leibhéal den ordlathas luacha chóir ar laistigh de a ndéantar na hionchuir a chatagóiriú.

    BONN LUACHÁLA LE hAGHAIDH SÓCMHAINNÍ NEAMHAIRGEADAIS (MÍREANNA 31–33)

    B3

    Agus tomhas á dhéanamh ar luach cóir sócmhainne neamhairgeadais a úsáidtear i gcomhcheangal le sócmhainní eile mar ghrúpa (mar a shuiteáiltear nó mar a chumraítear ar bhealach eile le húsáid) nó i gcomhcheangal le sócmhainní agus dliteanais eile (e.g. gnólacht), braitheann iarmhairt an bhoinn luachála ar na himthosca. Mar shampla:

    (a)

    d’fhéadfadh luach cóir na sócmhainne a bheith mar an gcéanna cé acu a úsáidtear an tsócmhainn ar bhonn neamhspleách nó i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh más gnólacht í an tsócmhainn a leanfadh rannpháirtithe sa mhargadh dá oibriú. Sa chás sin, is é an gnólacht ina iomláine a luacháil a bheadh i gceist leis an idirbheart. Trí na sócmhainní a úsáid mar ghrúpa i ngnólacht leanúnach, ghinfí sineirgí a bheadh ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh (i.e. sineirgí rannpháirtithe sa mhargadh ar cheart dóibh difear a dhéanamh, dá bhrí sin, do luach cóir na sócmhainne ar bhonn neamhspleách nó i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile).

    (b)

    d’fhéadfaí úsáid sócmhainne i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile a ionchorprú sa tomhas luach cóir trí choigeartuithe ar luach na sócmhainne arna húsáid ar bhonn neamhspleách. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh más meaisín í an tsócmhainn agus má chinntear an tomhas luach cóir ag úsáid praghais bhraite le haghaidh meaisín comhchosúil (nach bhfuil suiteáilte ná cumraithe ar bhealach eile le húsáid), arna choigeartú i leith costais iompair agus suiteála ionas go léiríonn an tomhas luach cóir staid agus suíomh reatha an mheaisín (suiteáilte agus cumraithe le húsáid).

    (c)

    d’fhéadfaí úsáid sócmhainne i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile a ionchorprú sa tomhas luach cóir trí thoimhdí na rannpháirtithe sa mhargadh a úsáidtear chun luach cóir na sócmhainne a thomhas. Mar shampla, más fardal oibre idir lámha atá uathúil í an tsócmhainn agus dá dtiontódh rannpháirtithe sa mhargadh an fardal ina n-earraí críochnaithe, ghlacfadh luach cóir an fhardail leis go bhfuil aon innealra speisialaithe a theastódh chun an fardal a thiontú ina n-earraí críochnaithe faighte ag rannpháirtithe sa mhargadh, nó go bhfaigheadh siad é.

    (d)

    d’fhéadfaí úsáid sócmhainne i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile a ionchorprú sa teicníc luachála a úsáidtear chun luach cóir na sócmhainne a thomhas. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh nuair a úsáidtear an modh tuillimh iomarcaigh iltréimhse chun luach cóir sócmhainne doláimhsithe a thomhas, ós rud é go gcuirtear san áireamh go sonrach, leis an teicníc luachála sin, ranníocaíocht aon sócmhainn chomhlántach agus na dliteanais ghaolmhara sa ghrúpa in n-úsáidfí sócmhainn dholáimhsithe den sórt sin.

    (e)

    i gcásanna níos teoranta, nuair a úsáideann eintiteas sócmhainn laistigh de ghrúpa sócmhainní, d’fhéadfadh an t-eintiteas an tsócmhainn a thomhas ar mhéid atá ina neastachán ar a luach cóir agus luach cóir an ghrúpa sócmhainní á leithdháileadh ar shócmhainní aonair an ghrúpa. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh má bhaineann an luacháil le réadmhaoin agus má leithdháiltear luach cóir mhaoin fheabhsaithe (i.e. grúpa sócmhainní) ar a sócmhainní comhpháirte (amhail talamh agus feabhsuithe).

    LUACH CÓIR TRÁTH AITHEANTAS TOSAIGH (MÍREANNA 57–60)

    B4

    Agus é ag cinneadh cé acu atá an luach cóir tráth aitheantais tosaigh cothrom leis an bpraghas idirbhirt nó nach bhfuil, déanfaidh eintiteas fachtóirí a bhaineann go sonrach leis an idirbheart agus leis an tsócmhainn nó an dliteanas a chur san áireamh. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach léiríonn an praghas idirbhirt luach cóir sócmhainne nó dliteanais tráth aitheantais tosaigh más ann d’aon cheann de na dálaí seo a leanas:

    (a)

    Is idir pháirtithe gaolmhara a dhéantar an t-idirbheart, cé go bhféadtar an praghas in idirbheart páirtithe gaolmhara a úsáid mar ionchur le tomhas luach cóir má tá fianaise ag an eintiteas go ndearnadh an t-idirbheart ar théarmaí an mhargaidh.

    (b)

    Déantar an t-idirbheart faoi éigeantas nó cuirtear iallach ar an díoltóir glacadh leis an bpraghas san idirbheart. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh más rud é, mar shampla, go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag an díoltóir.

    (c)

    Tá an t-aonad cuntais arna léiriú ag an bpraghas idirbhirt difriúil ón aonad cuntais le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais arna thomhas ar cóirluach. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh mura bhfuil sa tsócmhainn nó sa dliteanas a thomhaistear ar cóirluach ach ceann amháin de na gnéithe san idirbheart (e.g. i gcomhcheangal gnó), má tá cearta agus pribhléidí neamhluaite arna dtomhas ar leithligh i gcomhréir le IFRS eile san áireamh san idirbheart, nó má tá costais idirbheart san áireamh sa phraghas idirbhirt.

    (d)

    Tá an margadh ina ndéantar an t-idirbheart difriúil ón bpríomh-mhargadh (nó ón margadh is buntáistí). Mar shampla, d’fhéadfadh na margaí sin a bheith difriúil más déileálaí é an t-eintiteas a dhéanann idirbhirt le custaiméirí sa mhargadh miondíola, ach gur le déileálaithe eile sa mhargadh déileálaí atá an príomh-mhargadh (nó an margadh is buntáistí) le haghaidh na n-idirbheart scoir.

    TEICNÍCÍ LUACHÁLA (MÍREANNA 61–66)

    Cur chuige margaidh

    B5

    Leis an gcur chuige margaidh, úsáidtear praghsanna agus faisnéis ábhartha eile a ghintear le hidirbhirt mhargaidh a bhaineann le sócmhainní, dliteanais nó grúpa sócmhainní agus dliteanas atá comhionann nó inchomparáide (i.e. comhchosúil), amhail gnólacht.

    B6

    Mar shampla, is minic a bhaineann teicnící luachála atá comhsheasmhach leis an gcur chuige margaidh úsáid as iolraí margaidh a dhíorthaítear ó shraith gnólachtaí inchomparáide. D’fhéadfadh iolraí a bheith i raonta agus iolra difriúil a bheith ann le haghaidh gach gnólacht inchomparáide. Ní mór breithiúnas a úsáid chun an t-iolra iomchuí laistigh den raon a roghnú, agus breithniú á dhéanamh ar fhachtóirí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhaineann go sonrach leis an tomhas.

    B7

    Áirítear praghsáil maitríse le teicnící luachála atá comhsheasmhach leis an gcur chuige margadh. Is éard is praghsáil maitríse ann teicníc mhatamaiticiúil a úsáidtear go príomha chun roinnt cineálacha ionstraimí airgeadais, amhail urrúis fiachais, a luacháil, gan bheith ag brath go hiomlán ar phraghsanna luaite le haghaidh na n-urrús sonrach, ach a bheith ag brath ar ghaolmhaireacht na n-urrús le hurrúis thagarmhairc luaite eile.

    Cur chuige costais

    B8

    Léiríonn an cur chuige costais an méid a d’éileofaí faoi láthair chun acmhainn seirbhíse sócmhainne a athsholáthar (dá dtagraítear mar chostas athsholáthair reatha go minic).

    B9

    Ó pheirspictíocht díoltóra is rannpháirtí sa mhargadh, tá an praghas a gheofaí don tsócmhainn bunaithe ar an gcostas do cheannaitheoir is rannpháirtí sa mhargadh chun sócmhainn ionaid le húsáideacht inchomparáide, coigeartaithe i leith dífheidhmeachta, a fháil nó a dhéanamh. Is amhlaidh sin ós rud é nach n-íocfadh ceannaitheoir is rannpháirtí sa mhargadh níos mó as sócmhainn ná an méid ar a bhféadfadh sé acmhainn seirbhíse na sócmhainne sin a athsholáthar. Cuimsíonn dífheidhmeacht trochlú fisiciúil, dífheidhmeacht fheidhme (teicneolaíoch) agus dífheidhmeacht eacnamaíoch (seachtrach) agus tá sí níos leithne ná dímheas chun críocha tuairiscithe airgeadais (leithdháileadh costas stairiúil) nó chun críocha cánach (réanna feidhme sonraithe a úsáid). In gcuid mhór cásanna, úsáidtear modh an chostais athsholáthair reatha chun luach cóir sócmhainní inláimhsithe a úsáidtear i gcomhcheangal le sócmhainní eile nó le sócmhainní agus dliteanais eile a thomhas.

    Cur chuige ioncaim

    B10

    Leis an gcur chuige ioncam, tiontaítear méideanna todhchaí (e.g. sreabhadh airgid nó ioncam agus speansais) ina méid aonair reatha (i.e. lascainithe). Nuair a úsáidtear an cur chuige ioncaim, léiríonn an tomhas luach cóir ionchais reatha an mhargaidh faoi na méideanna todhchaí sin.

    B11

    Áirítear leis na teicnící luachála sin, mar shampla, na nithe seo a leanas:

    (a)

    teicnící maidir le luach láithreach (féach míreanna B12–B30);

    (b)

    samhlacha praghsála céadrogha, amhail foirmle Black-Scholes-Merton nó samhail dhé-ainmniúil (i.e. samhail laitíse), lena gcuimsítear teicníc maidir le luach láithreach agus lena léirítear idir amluach agus luach intreach rogha; agus

    (c)

    an modh tuillimh iomarcaigh iltréimhse, a úsáidtear chun luach cóir roinnt sócmhainní doláimhsithe a thomhas.

    Teicnící maidir le luach láithreach

    B12

    Tugtar tuairisc i míreanna B13–B30 ar theicnící maidir le luach láithreach a úsáid chun luach cóir a thomhas. Dírítear sna míreanna sin ar theicníc maidir le coigeartú ráta lascaine agus ar theicníc maidir le sreabhadh airgid ionchasach (luach láithreach ionchasach). Sna míreanna sin, ní fhorordaítear aon teicníc maidir le luach láithreach shonrach amháin a úsáid, ná ní chuirtear srian le teicnící maidir le luach láithreach a úsáid chun luach cóir a thomhas chuig na teicnící a pléadh. Beidh an teicníc maidir le luach láithreach a úsáidfear chun luach cóir a thomhas ag brath ar fhíorais agus imthosca a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas atá á tomhas nó á thomhas (e.g. cé acu is féidir praghsanna le haghaidh sócmhainn nó dliteanas inchomparáide a bhrath sa mhargadh nó nach féidir) agus fáil ar shonraí leordhóthanacha.

    Comhpháirteanna de thomhas luach láithreach

    B13

    Is uirlis é luach láithreach (i.e. cur i bhfeidhm an chuir chuige ioncaim) a úsáidtear chun méideanna sa todhchaí (e.g. sreabhadh airgid nó luachanna) a nascadh le méid láithreach, ag úsáid ráta lascaine. Le tomhas luach cóir ar shócmhainn nó ar dhliteanas ag úsáid teicníc maidir le luach láithreach, gabhtar na gnéithe uile seo a leanas ó pheirspictíocht rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais:

    (a)

    meastachán ar shreabhadh airgid todhchaí le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais atá á tomhas nó á thomhas.

    (b)

    ionchais faoi éagsúlachtaí féideartha i méid agus uainiú an tsreafa airgid a léiríonn an éiginnteacht is gné dhílis den sreabhadh airgid.

    (c)

    amluach airgid, arna léiriú ag an ráta ar shócmhainní airgeadaíochta saor ó riosca ag a bhfuil dátaí aibíochta nó faid arb ionann iad agus an tréimhse arna cumhdach leis an sreabhadh airgid agus nach gcruthaíonn éiginnteacht san uainiú ná riosca mainneachtana don sealbhóir (i.e. ráta úis saor ó riosca).

    (d)

    an praghas ar an éiginnteacht is gné dhílis den tsócmhainn a sheasamh (i.e. préimh riosca).

    (e)

    fachtóirí eile a chuirfeadh rannpháirtithe sa mhargadh san áireamh sna himthosca.

    (f)

    maidir le dliteanas, an riosca neamhchomhlíonta a bhaineann leis an dliteanas sin, lena n-áirítear riosca creidmheasa dílis an eintitis (i.e. an oibleagáideora).

    Prionsabail ghinearálta

    B14

    Tá difríochtaí idir theicnící maidir le luach láithreach sa bhealach a ghabhann siad na gnéithe i mír B13. Mar sin féin, is iad na prionsabail ghinearálta uile seo a leanas a rialaíonn cur i bhfeidhm aon teicníc maidir le luach láithreach a úsáidtear chun luach cóir a thomhas:

    (a)

    Ba cheart do shreabhadh airgid agus rátaí lascaine na toimhdí a léiriú a d’úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh agus an tsócmhainn nó an dliteanas á praghsáil nó á phraghsáil acu.

    (b)

    Níor cheart do shreabhadh airgid agus rátaí lascaine a chur san áireamh ach na fachtóirí atá inchurtha i leith na sócmhainne nó an dliteanais atá á tomhas nó á thomhas.

    (c)

    Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint nó chun iarmhairtí fachtóirí riosca a fhágáil ar lár a sheachaint, ba cheart do na rátaí lascaine toimhdí a léiriú atá comhsheasmhach leis na cinn is gné dhílis den sreabhadh airgid. Mar shampla, tá ráta lascaine a léiríonn an éiginnteacht in ionchais faoi mhainneachtain sa todhchaí iomchuí má úsáideann sé sreabhadh airgid conarthach iasachta (i.e. teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine). Níor cheart an ráta céanna sin a úsáid má tá sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis (i.e. ualaithe de réir dóchúlachta) á úsáid (i.e teicníc maidir le luach láithreach ionchasach) toisc go léiríonn an sreabhadh airgid ionchasach toimhdí faoin éiginnteacht i mainneachtain amach anseo cheana féin; seachas sin, ba cheart ráta lascaine atá ar cóimhéid leis an riosca is gné dhílis den sreabhadh airgid ionchasach a úsáid.

    (d)

    Ba cheart toimhdí maidir le sreabhadh airgid agus ráta lascaine a bheith comhsheasmhach go hinmheánach. Mar shampla, ba cheart sreabhadh airgid ainmniúil, lena n-áirítear iarmhairt an bhoilscithe, a lascainiú ag ráta lena n-áirítear iarmhairt an bhoilscithe. Áirítear iarmhairt an bhoilscithe leis an ráta úis ainmniúil saor ó riosca. Ba cheart fíorshreabhadh airgid, lena n-eisiatar iarmhairt an bhoilscithe, a lascainiú ar ráta lena n-eisiatar iarmhairt an bhoilscithe. Mar an gcéanna, ba cheart sreabhadh airgid iarchánach a lascainiú ag úsáid ráta lascaine iarchánach. Ba cheart sreabhadh airgid réamhchánach a lascainiú ar ráta atá comhsheasmhach leis an sreabhadh airgid sin.

    (e)

    Ba cheart do rátaí lascaine a bheidh comhsheasmhach le bunfhachtóirí eacnamaíocha an airgeadra ina n-ainmnítear an sreabhadh airgid.

    Riosca agus éiginnteacht

    B15

    Déantar tomhas luach cóir ag úsáid teicnící maidir le luach láithreach faoi choinníollacha éiginnteachta toisc gur mheastachán seachas méid is eol atá sa sreabhadh airgid. I gcuid mhór cásanna, tá idir mhéid agus uainiú an tsreafa airgid éiginnte. Tá méideanna a shocraítear le conradh fiú, amhail na híocaíochtaí ar iasacht, éiginnte má tá riosca mainneachtana ann.

    B16

    Go ginearálta, lorgaíonn rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil col riosca acu cúiteamh (i.e. préimh riosca) as an éiginnteacht is gné dhílis de shreabhadh airgid sócmhainne nó dliteanais a sheasamh. Ba cheart do thomhas luach cóir préimh riosca a chur san áireamh a léiríonn an méid a d’éileodh rannpháirtithe sa mhargadh mar chúiteamh as an éiginnteacht is gné dhílis den sreabhadh airgid. Seachas sin, ní thabharfadh an tomhas léiriú dílis ar luach cóir. D’fhéadfadh sé a bheith deacair an phréimh riosca iomchuí a chinneadh, i roinnt cásanna. Mar sin féin, ní cúis leordhóthanach é an méid deacrachta ann féin chun préimh riosca a fhágáil ar lár.

    B17

    Tá difríochtaí idir theicnící maidir le luach láithreach sa bhealach a dhéanann siad coigeartú le haghaidh riosca agus sa chineál sreafa airgid a úsáideann siad. Mar shampla:

    (a)

    Leis an teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine (féach míreanna B18–B22), úsáidtear ráta lascaine riosca-choigeartaithe agus sreabhadh airgid conarthach, geallta nó an sreabhadh airgid is dóchúla.

    (b)

    Le Modh 1 den teicníc maidir le luach láithreach ionchasach (féach mír B25), úsáidtear sreabhadh airgid ionchasach riosca-choigeartaithe agus ráta saor ó riosca.

    (c)

    Le Modh 2 den teicníc maidir le luach láithreach ionchasach (féach mír B26), úsáidtear sreabhadh airgid ionchasach nach bhfuil riosca-choigeartaithe agus ráta lascaine arna choigeartú chun an phréimh riosca a éilíonn rannpháirtithe sa mhargadh a chur san áireamh. Tá an ráta sin difriúil ón ráta a úsáidtear sa teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine.

    Teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine

    B18

    Leis an teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine, úsáidtear aon tacar amháin de shreafaí airgid ó raon méideanna measta féideartha, cé acu sreabhadh airgid conarthach, sreabhadh airgid geallta (i gcás banna) nó sreabhadh airgid is dóchúla. I ngach cás, braitheann an sreabhadh airgid ar tharlú teagmhas sonraithe (e.g. braitheann sreabhadh airgid conarthach nó sreabhadh airgid geallta le haghaidh banna ar theagmhas neamh-mhainneachtana ag an bhféichiúnaí). Díorthaítear an ráta lascaine a úsáidtear sa teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine ó rátaí toraidh braite le haghaidh sócmhainní nó dliteanas inchomparáide a thrádáiltear sa mhargadh. Dá réir sin, déantar an sreabhadh airgid conarthach, an sreabhadh airgid geallta nó an sreabhadh airgid is dóchúla a lascainiú ar ráta margaidh braite nó measta le haghaidh sreabhadh airgid coinníollach den sórt sin (i.e. rata toraidh an mhargaidh).

    B19

    Leis an teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine, éilítear anailís ar shonraí an mhargaidh le haghaidh sócmhainní nó dliteanas inchomparáide. Déantar inchomparáideacht a shuí trí bhreithniú a dhéanamh ar chineál an tsreafa airgid (e.g. cé acu sreabhadh airgid conarthach nó neamh-chonarthach atá ann agus cé acu is dócha go bhfreagróidh siad ar an mbealach céanna d’athruithe ar dhálaí eacnamaíocha nó nach dócha), chomh maith le fachtóirí eile (e.g. seasamh creidmheasa, comhthaobhacht, fad, cúnaint shriantacha agus leachtacht). De rogha air sin, mura dtugann aon tsócmhainn nó dliteanas inchomparáide amháin léiriú cóir ar an riosca is gné dhílis de shreabhadh airgid na sócmhainne nó an dliteanais atá á tomhas nó á thomhas, d’fhéadfadh sé gur féidir ráta lascaine a dhíorthú ag úsáid sonraí le haghaidh roinnt sócmhainní nó dliteanas inchomparáide i gcomhar leis an gcuar toraidh saor ó riosca (i.e. cur chuig ‘méadaithe’ a úsáid).

    B20

    Chun cur chuige méadaithe a léiriú, cuir i gcás gur cheart conarthach chun AA800 (57) a fháil in 1 bhliain amháin (i.e. níl aon éiginnteacht ann ó thaobh uainithe) í Sócmhainn A. Tá margadh bunaithe ann le haghaidh sócmhainní inchomparáide, agus tá fáil ar fhaisnéis faoi na sócmhainní sin, lena n-áirítear faisnéis faoi phraghsanna. As na sócmhainní inchomparáide sin:

    (a)

    Is ceart conarthach chun AA1,200 a fháil in 1 bhliain amháin í Sócmhainn B agus tá margadhphraghas AA1,083 aici. Dá réir sin, is 10.8 faoin gcéad [(AA1,200/AA1,083) – 1] é an ráta toraidh bliantúil intuigthe (i.e. ráta toraidh margaidh bliain amháin).

    (b)

    Is ceart conarthach chun AA700 a fháil in 2 bhliain í Sócmhainn C agus tá margadhphraghas AA566 aici. Dá réir sin, is 11.2 faoin gcéad [(AA700/AA566)^0.5 – 1] é an ráta toraidh bliantúil intuigthe (i.e. ráta toraidh margaidh 2 bhliain).

    (c)

    Tá na trí shócmhainn inchomparáide maidir le riosca (i.e. scaipeadh deathoraidh féideartha agus creidmheasa).

    B21

    Ar bhonn uainiú na n-íocaíochtaí conarthacha atá le fáil le haghaidh Shócmhainn A i gcoibhneas leis an uainiú le haghaidh Shócmhainn B agus Shócmhainn C (i.e. 1 bhliain amháin le haghaidh Shócmhainn B seachas 2 bhliain le haghaidh Shócmhainn C), meastar go bhfuil Sócmhainn B níos inchomparáide le Sócmhainn A. Agus úsáid á baint as an íocaíocht chonarthach atá le fáil le haghaidh Shócmhainn A (CU800) agus an ráta margaidh 1 bhliain amháin arna dhíorthú ó Shócmhainn B (10,8 faoin gcéad), is CU722 (CU800/1,108) atá i gcóirluach Shócmhainn A. De rogha air sin, in éagmais fáil ar fhaisnéis mhargaidh le haghaidh Sócmhainne B, d’fhéadfaí an ráta margaidh 1 bhliain amháin a dhíorthú ó Shócmhainn C, tríd an gcur chuige méadaithe a úsáid. Sa chás sin dhéanfaí an ráta margaidh 2 bhliain a léirítear le Sócmhainn C (11.2 faoin gcéad) a coigeartú chuig ráta margaidh 1 bhliain amháin trí struchtúr téarma an chuair thoraidh saor ó riosca a úsáid. D’fhéadfadh go mbeadh gá le faisnéis agus anailís bhreise lena chinneadh cé acu atá na préimheanna riosca le haghaidh sócmhainne 1 bhliain amháin agus sócmhainne 2 bhliain mar an gcéanna nó nach bhfuil. Má chinntear nach bhfuil na préimheanna riosca le haghaidh sócmhainne 1 bhliain amháin agus sócmhainne 2 bhliain mar an gcéanna, dhéanfaí an ráta toraidh margaidh 2 bhliain a choigeartú a thuilleadh i leith na hiarmharta sin.

    B22

    Nuair a chuirtear an teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine i bhfeidhm maidir le fáltais nó íocaíochtaí seasta, déantar an coigeartú le haghaidh riosca is gné dhílis de shreabhadh airgid na sócmhainne nó an dliteanais atá á tomhas nó á thomhas a chur san áireamh sa ráta lascaine. I roinnt cásanna den teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine a bheith á chur i bhfeidhm maidir le sreabhadh airgid nach fáltais ná íocaíochtaí seasta é, d’fhéadfadh gur ghá coigeartú a dhéanamh ar an sreabhadh airgid chun inchomparáideacht leis an tsócmhainn bhraite nó dliteanas braite óna ndíorthaítear an ráta lascaine a bhaint amach.

    Teicníc maidir le luach láithreach ionchasach

    B23

    Leis an teicníc maidir le luach láithreach ionchasach, úsáidtear mar thúsphointe tacar sreafa airgid a léiríonn an meán ualaithe de réir dóchúlachta maidir le gach sreabhadh airgid todhchaí féideartha (i.e. an sreabhadh airgid a bhfuil coinne leis). Tá an meastachán dá thoradh sin comhionann leis an luach ionchais arb é atá ann, i dtéarmaí staitistiúla, meán ualaithe luachanna féideartha athróige randamaí scoite, agus is iad na dóchúlachtaí faoi seach na hualaí. Ós rud é go bhfuil gach sreabhadh airgid ionchasach ualaithe de réir dóchúlachta, ní bhraitheann an sreabhadh airgid ionchasach dá thoradh sin ar tharlú teagmhas sonraithe (murab ionann agus an sreabhadh airgid a úsáidtear sa teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine).

    B24

    Agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh acu, dhéanfadh rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil col riosca acu an riosca go bhféadfadh an sreabhadh airgid iarbhír bheith difriúil ón sreabhadh airgid ionchasach a chur san áireamh. Déanann teoiric phunainne idirdhealú idir dhá chineál riosca:

    (a)

    riosca neamhchórasach (cuideachta-shonrach), arb é an riosca a bhaineann go sonrach le sócmhainn nó dliteanas.

    (b)

    riosca córasach (nach bhfuil cuideachta-shonrach), arb é an riosca comhchoiteann arna roinnt ag sócmhainn nó dliteanas leis na míreanna eile i bpunann éagsúlaithe.

    De réir na teoirice punainne, i margadh atá i gcothromaíocht, ní chúiteofar rannpháirtithe sa mhargadh ach as an riosca córasach is gné dhílis den sreabhadh airgid a sheasamh. (I margaí atá neamhéifeachtúil nó as cothromaíocht, d’fhéadfadh cineálacha eile toraidh nó cúitimh a bheith ar fáil.)

    B25

    Le modh 1 den teicníc maidir le luach láithreach ionchasach, déantar coigeartú ar shreabhadh airgid ionchasach sócmhainne le haghaidh riosca córasach (i.e. riosca margaidh) trí phréimh riosca airgid a asbhaint (i.e. sreabhadh airgid ionchasach riosca-choigeartaithe). Léiríonn an sreabhadh airgid ionchasach riosca-choigeartaithe sin sreabhadh airgid coibhéis cinnteachta, a lascainítear ar ráta úis saor ó riosca. Tagraíonn sreabhadh airgid coibhéis cinnteachta do shreabhadh airgid ionchasach (mar a shainmhínítear é), arna choigeartú i leith riosca ionas go bhfuil rannpháirtí sa mhargadh neafaiseach ar shreabhadh airgid áirithe a thrádáil ar shreabhadh airgid ionchasach. Mar shampla, dá mbeadh rannpháirtí sa mhargadh toilteanach sreabhadh airgid ionchasach AA1,200 a thrádáil ar shreabhadh airgid cinnte AA1,000, is é an AA1,000 coibhéis cinnteachta an AA1,200 (i.e. léireodh an AA200 an phréimh riosca airgid). Sa chás sin, bheadh an rannpháirtí sa mhargadh neafaiseach ar an tsócmhainn arna sealbhú.

    B26

    Os a choinne sin, le Modh 2 den teicníc maidir le luach láithreach ionchasach, déantar coigeartú ar riosca córasach (i.e. riosca margaidh) trí phréimh riosca airgid a chur i bhfeidhm maidir leis an ráta úis saor ó riosca. Dá réir sin, déantar an sreabhadh airgid ionchasach a lascainiú ar ráta a chomhfhreagraíonn le ráta ionchasach atá bainteach le sreabhadh airgid atá ualaithe de réir dóchúlachta (i.e. ráta toraidh ionchasach). Féadtar samhlacha a úsáidtear chun sócmhainní rioscúla a phraghsáil, amhail an tsamhail praghsála i leith sócmhainní caipitiúla, a úsáid chun meastachán a thabhairt ar an ráta toraidh ionchasach. Ós rud é gur ráta toraidh atá bainteach le sreabhadh airgid coinníollach é an ráta lascaine a úsáidtear sa teicníc maidir le coigeartú ráta lascaine, is dócha go mbeidh sé níos airde ná an ráta lascaine a úsáidtear i Modh 2 den teicníc maidir le luach láithreach ionchasach, ar ráta toraidh ionchasach é atá bainteach le sreabhadh airgid ionchasach nó atá ualaithe de réir dóchúlachta.

    B27

    Chun Modhanna 1 agus 2 a léiriú, cuir i gcás go bhfuil sreabhadh airgid ionchasach AA780 in 1 bhliain amháin ag sócmhainn, a chinntear ar bhonn an tsreafa airgid ionchasaigh agus na dóchúlachtaí a thaispeántar thíos. Is 5 faoin gcéad atá sa ráta úis saor ó riosca is infheidhme maidir le sreabhadh airgid ag a bhfuil tréimhse tuartha 1 bhliain amháin, agus is 3 faoin gcéad atá sa phréimh riosca córasaigh maidir le sócmhainn a bhfuil an phróifíl riosca chéanna aici.

    Sreabhadh airgid féideartha

    Dóchúlacht

    Sreabhadh airgid atá ualaithe de réir dóchúlachta

    CU500

    15 %

    CU75

    CU800

    60 %

    CU480

    CU900

    25 %

    CU225

    Sreabhadh airgid ionchasach

     

    CU780

    B28

    Sa léiriú simplí sin, léiríonn an sreabhadh airgid ionchasach (AA780) an meán ualaithe de réir dóchúlachta de na trí thoradh fhéideartha. I gcásanna níos réadúla, d’fhéadfadh go leor torthaí féideartha a bheith ann. Chun an teicníc maidir le luach láithreach ionchasach a chur i bhfeidhm, áfach, ní gá dáileacháin gach sreafa airgid fhéideartha, ag úsáid samhlacha agus teicnící casta, a chur san áireamh. Seachas sin, d’fhéadfadh sé gurbh fhéidir líon teoranta cásanna agus dóchúlachtaí scoite a fhorbairt a ghabhann ar raon sreafa airgid féideartha. Mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas sreabhadh airgid réadaithe a úsáid le haghaidh réamhthréimhse ábhartha éigin, coigeartaithe i leith athruithe ar imthosca a tharla ina dhiaidh sin (e.g. athruithe ar fhachtóirí seachtracha, lena n-áirítear dálaí margaidh nó eacnamaíocha, treochtaí tionscail agus iomaíochais, chomh maith le hathruithe ar fhachtóirí inmheánacha a dhéanann difear don eintiteas ar bhealach níos sonraí), agus toimhdí rannpháirtithe sa mhargadh á gcur san áireamh.

    B29

    Go teoiriciúil, tá luach láithreach (i.e. luach cóir) shreabhadh airgid na sócmhainne mar an gcéanna cé acu a chinntear é le Modh 1 nó Modh 2, mar a leanas:

    (a)

    Agus Modh 1 á úsáid, déantar coigeartú ar an sreabhadh airgid ionchasach i leith riosca córasach (margaidh). In éagmais sonraí margaidh a léiríonn go díreach méid an choigeartaithe riosca, d’fhéadfaí coigeartú den sórt sin a dhíorthú ó shamhail praghsála sócmhainní, ag úsáid coincheap na gcoibhéisí cinnteachta. Mar shampla, d’fhéadfaí an coigeartú riosca (i.e. an phréimh riosca airgid AA22) a chinneadh ag úsáid na préimhe riosca córasaigh 3 faoin gcéad (AA780 – [AA780 × (1.05/1.08)]), as a leanann sreabhadh airgid ionchasach riosca-choigeartaithe AA758 (AA780 – AA22). Is é AA758 coibhéis cinnteachta AA780 agus déantar é a lascainiú ar an ráta úis saor ó riosca (5 faoin gcéad). Is AA722 (AA758/1.05) atá i luach láithreach (i.e. luach cóir) na sócmhainne).

    (b)

    Agus Modh 2 á úsáid, ní dhéantar coigeartú ar an sreabhadh airgid ionchasach i leith riosca córasach (i.e. margaidh). Seachas sin, cuirtear an coigeartú le haghaidh an riosca sin san áireamh sa ráta lascaine. Dá réir sin, déantar an sreabhadh airgid ionchasach a lascainiú ar ráta toraidh ionchasach 8 faoin gcéad (i.e. an ráta úis saor ó riosca 5 faoin gcéad móide an phréimh riosca córasaigh 3 faoin gcéad). Is AA722 (AA780/1.08) atá i luach láithreach (i.e. luach cóir) na sócmhainne).

    B30

    Agus teicníc maidir le luach láithreach ionchasach á húsáid chun luach cóir a thomhas, d’fhéadfaí Modh 1 nó Modh 2 a úsáid. Beidh roghnú Mhodh 1 nó Mhodh 2 ag brath ar fhíorais agus imthosca a bhaineann go sonrach leis an tsócmhainn nó leis an dliteanas atá á tomhas nó á thomhas, a mhéid atá fáil ar shonraí leordhóthanacha agus na breithiúnais curtha i bhfeidhm.

    TEICNÍCÍ MAIDIR LE LUACH LÁITHREACH A CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LE DLITEANAIS AGUS IONSTRAIMÍ COTHROMAIS DÍLSE EINTITIS NACH BHFUIL ARNA SEALBHÚ AG PÁIRTITHE EILE MAR SHÓCMHAINNÍ (MÍREANNA 40 AGUS 41)

    B31

    Agus teicníc maidir le luach láithreach á húsáid chun luach cóir dliteanas nach bhfuil á sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn a thomhas (e.g. dliteanas díchoimisiúnaithe), déanfaidh eintiteas, i measc nithe eile, meastachán ar an sreabhadh airgid todhchaí a mbeadh súil ag rannpháirtithe sa mhargadh leis go dtabhódh siad agus an oibleagáid á comhlíonadh acu. Áirítear leis an sreabhadh airgid todhchaí sin, ionchais rannpháirtithe sa mhargadh faoi na costais a bhaineann leis an oibleagáid a chomhlíonadh agus an cúiteamh a d’éileodh rannpháirtí sa mhargadh as an oibleagáid a ghlacadh chuige féin. Tá an toradh a d’éileodh rannpháirtí sa mhargadh maidir leis an méid seo a leanas san áireamh i gcúiteamh den sórt sin:

    (a)

    tabhairt faoin ngníomhaíocht (i.e. an luach a bhainfeadh leis an oibleagáid a chomhlíonadh; e.g. trí acmhainní a úsáid a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí eile); agus

    (b)

    an riosca a bhaineann leis an oibleagáid a ghlacadh chuige féin (i.e. préimh riosca a léiríonn an riosca go bhféadfadh an sreabhadh airgid iarbhír bheith difriúil ón sreabhadh airgid ionchasach); féach mír B33).

    B32

    Mar shampla, níl ráta toraidh conarthach i ndliteanas neamhairgeadais agus ní aon toradh margaidh inbhraite don dliteanas sin. I roinnt cásanna, ní fhéadtar comhpháirteanna an toraidh a d’éileodh rannpháirtithe sa mhargadh a idirdhealú óna chéile (e.g. nuair a úsáidtear an praghas a ghearrfadh conraitheoir tríú páirtí ar bhonn táille seasta). I gcásanna eile is gá don eintiteas meastachán ar leithligh a thabhairt ar na comhpháirteanna sin (e.g. nuair a úsáidtear an praghas a ghearrfadh conraitheoir tríú páirtí ar bhonn costais plus toisc nach seasfadh an conraitheoir sa chás sin an riosca maidir le hathruithe ar chostais sa todhchaí).

    B33

    Féadfaidh préimh riosca a chur san áireamh sa tomhas luach cóir ar dhliteanas nó ar ionstraim chothromais dhílis eintitis nach bhfuil a sealbhú ag páirtí eile mar shócmhainn ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:

    (a)

    tríd an sreabhadh airgid a choigeartú (i.e. mar mhéadú ar mhéid an tsreafa airgid); nó

    (b)

    tríd an ráta a úsáidtear chun an sreabhadh airgid todhchaí a lascainiú a choigeartú chuig a luach láithreach (i.e. mar laghdú ar an ráta lascaine).

    Áiritheoidh eintiteas nach ndéanfaidh sé comhaireamh dúbailte ar choigeartuithe le haghaidh riosca, ná iad a fhágáil ar lár. Mar shampla, má mhéadaítear an sreabhadh airgid measta chun an cúiteamh as glacadh leis an riosca a bhaineann leis an oibleagáid a chur san áireamh, níor cheart an ráta lascaine a choigeartú chun an riosca sin a léiriú.

    IONCHUIR LE TEICNÍCÍ LUACHÁLA (MÍREANNA 67–71)

    B34

    Áirítear le samplaí de mhargaí a d’fhéadfadh a bheith inbhraite maidir le roinnt sócmhainní agus dliteanais (e.g. ionstraimí airgeadais) na cinn seo a leanas:

    (a)

    Margaí malairte. I margaidh malairte, tá praghsanna scoir ar fáil go héasca agus léiríonn siad luach cóir go ginearálta. Is sampla de mhargadh den sórt sin é Stocmhalartán Londain.

    (b)

    Margaí déileálaí. I margadh déileálaí, tá déileálaithe réidh le trádáil dílseánaigh a dhéanamh (díol nó ceannach dílseánach), agus mar sin soláthraíonn siad leachtacht trína gcaipiteal a úsáid chun fardal a shealbhú de na míreanna dá ndéanann siad margadh. Tá fáil ar phraghsanna tairisceana agus iarrata (a léiríonn an praghas ara bhfuil an déileálaí toilteanach a cheannach agus an praghas ar a bhfuil an déileálaí toilteanach a dhíol, faoi seach) níos éasca ná mar atá ar phraghsanna scoir. Is margaí déileálaí iad margaí thar an gcuntar (a thuairiscítear praghsanna ina leith go poiblí). Tá margaí déileálaí ann le haghaidh sócmhainní agus dliteanais áirithe eile freisin, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais, tráchtearraí agus sócmhainní fisiciúla áirithe (e.g. trealamh úsáidte).

    (c)

    Margaí faoi bhróicéireacht. I margadh faoi bhróicéireacht, déanann bróicéirí iarracht ceannaitheoirí a mheaitseáil le díoltóirí ach níl siad réidh le trádáil dílseánach a dhéanamh. I bhfocail eile, ní úsáideann bróicéirí a gcaipiteal dílis chun fardal a shealbhú de na míreanna dá ndéanann siad margadh. Is eol don bhróicéir na praghsanna arna dtairiscint agus arna n-iarraidh ag na páirtithe faoi seach, ach níl gach páirtí feasach faoi cheanglais phraghsanna páirtí eile, de ghnáth. Bíonn fáil ar phraghsanna idirbheart atá tugtha chun críche, uaireanta. Áirítear le margaí faoi bhróicéireacht líonraí cumarsáide leictreonaí, ina meaitseáiltear orduithe ceannaigh agus díola, agus margaí réadmhaoine cónaithe agus tráchtála.

    (d)

    Margaí thar an gcuntar. I margadh thar an gcuntar, déantar idirbhearta tionscanta agus athdhíola araon a chaibidliú go neamhspleách gan aon idirghabhálaí. D’fhéadfaí gan ach beagán faisnéise faoi na hidirbhearta sin a chur ar fáil go poiblí.

    ORDLATHAS LUACHA CHÓIR (MÍREANNA 72–90)

    Ionchuir Leibhéal 2 (míreanna 81–85)

    B35

    Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí d’ionchuir Leibhéal 2 le haghaidh sócmhainní agus dliteanais áirithe:

    (a)

    Babhtáil ráta úis íoca-snámhach, fála-seasta bunaithe ar ráta babhtála Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR). An ráta babhtála LIBOR a bheadh in ionchur Leibhéal 2 dá mbeadh an ráta sin inbhraite ag eatraimh a luaitear go minic ar feadh téarma iomlán na babhtála, go substaintiúil.

    (b)

    Babhtáil ráta úis íoca-snámhach, fála-seasta bunaithe ar chuar toraidh arna ainmniú in airgeadra eachtrach. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná an ráta babhtála bunaithe ar chuar toraidh arna ainmniú in airgeadra eachtrach atá inbhraite ag eatraimh a luaitear go minic ar feadh téarma iomlán na babhtála, go substaintiúil. Is amhlaidh an cás más 10 mbliana atá i dtéarma na babhtála agus má tá an ráta sin inbhraite ag eatraimh a luaitear go minic ar feadh 9 mbliana, ar choinníoll nach mbeadh aon eachtarshuíomh réasúnach maidir leis an gcuar toraidh le haghaidh bliain 10 suntasach do thomhas cóirluacha na babhtála ina hiomláine.

    (c)

    Babhtáil ráta úis íoca-snámhach, fála-seasta bunaithe ar bhonnráta bhanc sonrach. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná bonnráta an bhainc arna dhíorthú trí eachtarshuíomh má chomhthacaítear na luachanna eachtarshuite le sonraí margaidh inbhraite, mar shampla, trí eachtarshuíomh le ráta úis atá inbhraite thar théarma iomlán na babhtála, go substaintiúil.

    (d)

    Céadrogha 3 bliana ar scaireanna arna dtrádáil ar an stocmhalartán. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná an luaineacht intuigthe le haghaidh na scaireanna arna dhíorthú trí eachtarshuíomh chuig bliain 3 más ann don dá choinníoll seo a leanas:

    (i)

    Tá praghsanna le haghaidh céadrogha 1 bhliain agus céadrogha 2 bhliain inbhraite.

    (ii)

    Comhthacaítear le luaineacht intuigthe chéadrogha 3 bliana le sonraí margaidh inbhraite ar feadh téarma iomlán na céadrogha, go substaintiúil.

    Sa chás sin, d’fhéadfaí an luaineacht intuigthe a dhíorthú trí eachtarshuí ó luaineacht intuigthe na gcéadroghanna 1 bhliain agus 2 bhliain ar na scaireanna agus d’fhéadfaí comhthacú léi leis an luaineacht intuigthe le haghaidh céadroghanna 3 bliana ar scaireanna eintiteas inchomparáide, ar choinníoll go bhfuil an comhchoibhneas sin leis na luaineachtaí intuigthe 1 bhliain agus 2 bhliain bunaithe cheana féin.

    (e)

    Socrú ceadúnúcháin. Maidir le socrú ceadúnúcháin a fuarthas i gcomhcheangal gnó agus a caibidlíodh le déanaí le páirtí neamhghaolmhar ag an eintiteas a fuarthas (an páirtí leis an socrú ceadúnúcháin), is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná an ráta ríchíosa sa chonradh leis an bpáirtí neamhghaolmhar tráth tionscanta an tsocraithe.

    (f)

    Fardal earraí críochnaithe ag asraon miondíola. Maidir le fardal earraí críochnaithe a fuarthas i gcomhcheangal gnó, is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná praghas do chustaiméirí i margadh miondíola nó praghas do mhiondíoltóirí i margadh mórdhíola, arna choigeartú i leith difríochtaí idir bail agus suíomh na míre fardail agus na míreanna fardail inchomparáide (i.e. comhchosúla) ionas go léiríonn an tomhas luach cóir an praghas a gheofaí in idirbheart chun an fardal a dhíol le miondíoltóir eile lena dtabharfaí na hiarrachtaí díolacháin riachtanacha chun críche. Ó thaobh coincheapa de, beidh an tomhas luach cóir mar an gcéanna, cé acu a dhéantar coigeartuithe ar phraghas miondíola (ísliú) nó ar phraghas mórdhíola (ardú). Go ginearálta, ba cheart úsáid a bhaint as an bpraghas a éilíonn an méid is lú coigeartuithe suibiachtúla don tomhas luach cóir.

    (g)

    Foirgneamh arna shealbhú agus arna úsáid. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná an praghas in aghaidh méadair chearnaigh ar an bhfoirgneamh (iolra luachála) arna dhíorthú ó shonraí margadh inbhraite, e.g. iolraí arna ndíorthú ó phraghsanna in idirbhearta breathnaithe a bhaineann le foirgnimh inchomparáide (i.e chomhchosúla) i suíomhanna comhchosúla.

    (h)

    Aonad giniúna airgid. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 2 ná iolra luachála (e.g. iolra tuilleamh nó ioncaim ar thomhas feidhmíochta comhchosúil) arna dhíorthú ó shonraí margadh inbhraite, e.g. iolraí arna ndíorthú ó phraghsanna in idirbhearta breathnaithe a bhaineann le gnólachtaí inchomparáide (i.e comhchosúla) agus fachtóirí oibriúcháin, margaidh, airgeadais agus neamhairgeadais á gcur san áireamh.

    Ionchuir Leibhéal 3 (míreanna 86–90)

    B36

    Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí d’ionchuir Leibhéal 3 le haghaidh sócmhainní agus dliteanais áirithe:

    (a)

    Babhtáil airgeadra fadreathach. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 3 ná ráta úis in airgeadra sonraithe nach bhfuil inbhraite agus nach féidir comhthacú leis le sonraí margaidh atá inbhraite ag eatraimh a luaitear go minic ná ar shlí eile ar feadh téarma iomlán na babhtála airgeadra, go substaintiúil. Is éard atá sna rátaí úis i mbabhtáil airgeadra ná na rátaí babhtála arna ríomh ó chuair thoraidh na dtíortha faoi seach.

    (b)

    Céadrogha 3 bliana ar scaireanna arna dtrádáil ar an stocmhalartán. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 3 ná luaineacht stairiúil, i.e. an luaineacht do na scaireanna arna ndíorthú ó phraghsanna stairiúla na scaireanna. Ní léiríonn luaineacht stairiúil ionchais rannpháirtithe reatha sa mhargadh maidir le luaineacht sa todhchaí, de gnáth, fiú más í an t-aon fhaisnéis atá ar fáil chun céadrogha a phraghsáil.

    (c)

    Babhtáil ráta úis. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 3 ná coigeartú ar chomhdhearcadh meánmhargaidh (neamhcheangailteach) ar an mbabhtáil arna fhorbairt ag úsáid sonraí nach bhfuil inbhraite go díreach agus nach féidir comhthacú leo seachas sin le sonraí margaidh inbhraite.

    (d)

    Dliteanas díchoimisiúnaithe gafa i gcomhcheangal gnó. Meastachán reatha a bheadh in ionchur Leibhéal 3 ag úsáid sonraí dílse an eintitis faoin sreabhadh airgid todhchaí a bheadh le híoc chun an oibleagáid a chomhlíonadh (lena n-áirítear ionchais rannpháirtithe sa mhargadh faoi na costais chun an oibleagáid a chomhlíonadh agus an cúiteamh a d’éileodh rannpháirtí sa mhargadh as an oibleagáid chun an tsócmhainn a bhaint ó chéile a ghlacadh chuige féin) mura bhfuil fáil ar aon fhaisnéis réasúnach a léiríonn go n-úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh toimhdí difriúla. D’úsáidfí an t-ionchur Leibhéal 3 sin i dteicníc maidir le luach láithreach in éineacht le hionchuir eile, e.g. ráta úis reatha saor ó riosca nó ráta arna choigeartú i leith creidmheasa saor ó riosca má léirítear iarmhairt sheasamh creidmheasa an eintitis ar chóirluach an dliteanais sa ráta lascaine seachas sa mheastachán ar shreabhadh airgid todhchaí.

    (e)

    Aonad giniúna airgid. Is éard a bheadh in ionchur Leibhéal 3 ná réamhaisnéis airgeadais (e.g. maidir le sreabhadh airgid nó brabús nó caillteanas) arna forbairt ag úsáid sonraí dílse an eintitis mura bhfuil fáil ar aon fhaisnéis réasúnach a léiríonn go n-úsáidfeadh rannpháirtithe sa mhargadh toimhdí difriúla.

    LUACH CÓIR A THOMHAS I gCÁS INAR THÁINIG LAGHDÚ SUNTASACH AR MHÉID NÓ LEIBHÉAL NA GNÍOMHAÍOCHTA LE hAGHAIDH SÓCMHAINNE NÓ DLITEANAIS

    B37

    D’fhéadfaí difear a dhéanamh do luach cóir sócmhainne nó dliteanais nuair a tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais sin i ndáil le gnáthghníomhaíocht margaidh le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais (nó sócmhainní comhchosúla nó dliteanais chomhchosúla). Chun a chinneadh, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, cé acu ar tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, nó nár tháinig, déanfaidh eintiteas meastóireacht ar shuntasacht agus ábharthacht fachtóirí amhail na nithe seo a leanas:

    (a)

    Ní dhearnadh ach méid beag idirbheart le déanaí.

    (b)

    Ní fhorbraítear praghasluachana ag úsáid faisnéise reatha.

    (c)

    Tá éagsúlacht shuntasach i gceist le praghasluachana le himeacht ama nó i measc cruthaitheoirí margaidh (e.g. roinnt margaí faoi bhróicéireacht).

    (d)

    Innéacsanna a bhí comhghaolaithe go mór le luachanna cóir na sócmhainne nó an dliteanais roimhe seo, is léir nach bhfuil siad comhghaolaithe le táscairí le déanaí maidir le luach cóir le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais sin.

    (e)

    Tá ardú suntasach ar phréimheanna riosca leachtachta, torthaí nó táscairí feidhmíochta (amhail rátaí faillí nó dian-chaillteanais) le haghaidh idirbheart breathnaithe nó praghsanna luaite nuair a dhéantar comparáid le meastachán an eintitis ar shreabhadh airgid ionchasach, agus na sonraí margaidh uile atá ar fáil faoi chreidmheas agus riosca neamhchomhlíonta eile le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais á gcur san áireamh.

    (f)

    Tá raon tairisceana-iarrata leathan ann nó méadú suntasach ar an raon tairisceana-iarrata.

    (g)

    Tá laghdú suntasach ar an ngníomhaíocht, nó tá easpa gníomhaíochta, i margadh le haghaidh eisiúintí nua (i.e. príomh-mhargadh), le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais nó le haghaidh sócmhainní comhchosúla nó dliteanais chomhchosúil.

    (h)

    Níl ach beagán faisnéise ar fáil go poiblí (e.g. maidir le hidirbhearta a dhéantar i margadh thar an gcuntar).

    B38

    Má thagann eintiteas ar an gconclúid gur tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais i ndáil le gnáthghníomhaíocht margaidh le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais (nó sócmhainní comhchosúla nó dliteanais chomhchosúla), is gá tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na hidirbhearta nó ar na praghsanna luaite. Seans nach dtabharfaidh laghdú ar mhéid nó ar leibhéal gníomhaíochta as féin le tuiscint nach léiríonn praghas idirbhirt nó praghas luaite luach cóir, nó nach ordúil é idirbheart sa mhargadh sin. Mar sin féin, má chinneann eintiteas nach léiríonn idirbheart nó praghas luaite luach cóir (e.g. féadfaidh idirbhearta nach bhfuil ordúil a bheith ann), beidh gá le coigeartú a dhéanamh ar na hidirbhearta nó praghsanna luaite má úsáideann an t-eintiteas na praghsanna sin mar bhonn le luach cóir a thomhas, agus d’fhéadfadh an coigeartú sin a bheith suntasach don tomhas luach cóir ina iomláine. D’fhéadfadh sé gur ghá coigeartuithe a dhéanamh in imthosca eile (e.g. nuair is gá coigeartú suntasach a dhéanamh ar phraghas le haghaidh sócmhainne comhchosúla ionas go mbeidh sí inchomparáide leis an tsócmhainn atá á tomhas, nó nuair atá an praghas as dáta).

    B39

    Ní fhorordaítear modheolaíocht chun coigeartuithe suntasacha a dhéanamh ar idirbhearta ná praghsanna luaite leis an IFRS seo. Féach míreanna 61–66 agus B5–B11 le haghaidh plé ar theicnící luachála a úsáid agus luach cóir á thomhas. Beag beann ar an teicníc luachála a úsáidtear, déanfaidh eintiteas coigeartuithe riosca iomchuí, lena n-áirítear préimh riosca a léiríonn an méid a d’éileodh rannpháirtithe sa mhargadh mar chúiteamh as an éiginnteacht is gné dhílis de shreabhadh airgid sócmhainne nó dliteanais (féach mír B17) a chur san áireamh. Seachas sin, ní thugann an tomhas léiriú dílis ar luach cóir. D’fhéadfadh sé a bheith deacair an coigeartú riosca iomchuí a chinneadh, i roinnt cásanna. Mar sin féin, ní bonn leordhóthanach é an méid deacrachta ann féin chun coigeartú riosca a fhágáil ar lár. Tabharfaidh an coigeartú riosca léiriú ar idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh.

    B40

    Má tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí athrú a dhéanamh ar theicníc luachála nó teicnící luachála iolracha a úsáid (e.g. cur chuige margaidh agus teicníc maidir le luach láithreach a úsáid). Agus táscairí ar luach cóir a leanann as teicnící luachála iolracha a úsáid á n-ualú ag eintiteas, breithneoidh sé réasúnacht an raoin tomhas luach cóir. An cuspóir leis sin ná an pointe laistigh den raon sin is mó a léiríonn luach cóir faoi dhálaí reatha an mhargaidh a chinneadh. D’fhéadfadh raon leathan tomhas luach cóir a bheith ina tháscaire gur ghá tuilleadh anailíse a dhéanamh.

    B41

    Fiú nuair a tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, is mar an gcéanna é an cuspóir, eadhon tomhas luach cóir. Is éard is cóirluach ann an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil (i.e. nach leachtú éigeantach ná díol faoi bhroid é) idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh.

    B42

    Maidir le meastachán a dhéanamh ar an bpraghas ar a mbeadh rannpháirtithe sa mhargadh toilteanach idirbheart a dhéanamh ar dháta an tomhais faoi dhálaí reatha an mhargaidh má tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, braitheann sin ar na fíorais agus imthosca arb ann dóibh ar dháta an tomhais agus éilítear breithiúnas ina leith. Níl rún eintitis maidir leis an tsócmhainn a shealbhú ná maidir leis an dliteanas a shocrú nó a chomhlíonadh ar shlí eile, níl sé ábhartha agus luach cóir á thomhas, ós rud é gur thomhas margadhbhunaithe agus ní tomhas a bhaineann go sonrach le heintiteas é luach cóir.

    Idirbhearta nach ordúil iad a shainaithint

    B43

    Is deacra a chinneadh cé acu is ordúil nó nach ordúil é idirbheart má tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais i ndáil le gnáthghníomhaíocht margaidh le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais (nó sócmhainní comhchosúla nó dliteanais chomhchosúla). Níl sé iomchuí, in imthosca den sórt sin, teacht ar an gconclúid nach ordúil iad na hidirbhearta uile sa mhargadh sin (i.e. leachtú éigeantach nó díol faoi bhroid). I measc na n-imthosca a d’fhéadfadh a thabhairt le fios nach ordúil é idirbheart, tá na nithe seo a leanas:

    (a)

    Ní raibh teagmháil leordhóthanach leis an margadh ar feadh tréimhse roimh dháta an tomhais chun ceadú do ghníomhaíochtaí margaidh ar gnách agus iondúil iad le haghaidh idirbheart a bhaineann le sócmhainní nó dliteanais den sórt sin faoi dhálaí reatha an mhargaidh.

    (b)

    Bhí tréimhse margaíochta gnách agus iondúil ann, ach rinne an díoltóir margaíocht le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais chuig aon rannpháirtí sa mhargadh amháin.

    (c)

    Tá an díoltóir i bhféimheacht nó gar di, nó faoi ghlacadóireacht (i.e. tá an díoltóir ar an anás).

    (d)

    Ceanglaíodh ar an díoltóir díol chun ceanglais rialaitheacha nó dlí a chomhlíonadh (i.e. cuireadh iallach ar an díoltóir).

    (e)

    Is asluiteach é an praghas idirbhirt i gcomparáid le hidirbhearta eile a rinneadh le déanaí le haghaidh na sócmhainne céanna nó an dliteanais chéanna, nó le haghaidh sócmhainn nó dliteanas a bhí comhchosúil.

    Déanfaidh eintiteas meastóireacht ar na himthosca lena chinneadh cé acu is ordúil nó nach ordúil é an t-idirbheart, de réir na fianaise atá ar fáil.

    B44

    Déanfaidh eintiteas breithniú ar na nithe uile seo a leanas agus luach cóir á thomhas aige nó meastóireacht á déanamh aige ar préimheanna riosca margaidh:

    (a)

    Má léiríonn an fhianaise nach bhfuil idirbheart ordúil, ní thabharfaidh eintiteas ach ualú beag, má thugann sé ualú ar bith (i gcomparáid le táscairí eile ar luach cóir) don phraghas idirbhirt sin.

    (b)

    Má léiríonn an fhianaise go bhfuil idirbheart ordúil, cuirfidh eintiteas an praghas idirbhirt sin san áirimh. Braithfidh an méid ualaithe a thugtar don phraghas idirbhirt sin, i gcomparáid le táscairí eile ar luach cóir, ar na fíorais agus imthosca, amhail iad seo a leanas:

    (i)

    méid an idirbhirt.

    (ii)

    inchomparáideacht an idirbhirt leis an tsócmhainn nó an dliteanas arna tomhas nó arna thomhas.

    (iii)

    gaireacht an idirbhirt le dáta an tomhais.

    (c)

    Mura bhfuil faisnéis leordhóthanach ag eintiteas lena dhéanamh amach cé acu atá idirbheart ordúil nó nach bhfuil, cuirfidh sé an praghas idirbhirt san áireamh. D’fhéadfadh sé nach léireoidh an praghas idirbhirt sin luach cóir, áfach (i.e. ní gá gurb é an praghas idirbhirt an t-aon bhonn ná an príomhbhonn chun luach cóir a thomhas nó chun meastachán a dhéanamh ar phréimheanna riosca margaidh). Nuair nach bhfuil faisnéis leordhóthanach ag eintiteas lena dhéanamh amach cé acu atá idirbheart ordúil nó nach bhfuil, tabharfaidh an t-eintiteas ualú níos lú do na hidirbhearta sin i gcomparáid le hidirbhearta eile is eol a bheith ordúil.

    Ní gá d’eintiteas iarrachtaí uileghabhálacha a dhéanamh lena chinneadh cé acu atá idirbheart ordúil nó nach bhfuil, ach ní ach ní dhéanfaidh sé neamhaird ar fhaisnéis atá ar fáil go réasúnach. Nuair atá eintiteas ina pháirtí le hidirbheart, measfar go bhfuil faisnéis leordhóthanach aige lena dhéanamh amach cé acu atá idirbheart ordúil nó nach bhfuil.

    Úsáid a bhaint as praghsanna luaite arna soláthar ag tríú páirtithe

    B45

    Leis an IFRS seo, ní chuirtear bac ar phraghsanna luaite arna soláthar ag tríú páirtithe a úsáid, amhail seirbhísí praghsála nó bróicéirí, má tá sé cinnte ag eintiteas go bhfuil na praghsanna luaite sin forbartha ag na páirtithe sin i gcomhréir leis na IFRS seo.

    B46

    Má tháinig laghdú suntasach ar mhéid nó leibhéal na gníomhaíochta le haghaidh na sócmhainne nó an dliteanais, déanfaidh eintiteas meastóireacht ar cé acu atá na praghsanna luaite arna soláthar ag tríú páirtithe forbartha ag úsáid faisnéis reatha a léiríonn idirbhearta ordúla nó teicníc luachála a léiríonn toimhdí rannpháirtí sa mhargadh (lena n-áirítear toimhdí maidir le riosca) nó nach bhfuil. Agus praghas luaite a ualú mar ionchur le tomhas luach cóir, tugann eintiteas níos lú ualaithe (i gcomparáid le táscairí eile ar luach cóir a léiríonn torthaí idirbheart) ar luachaintí nach léiríonn torthaí idirbheart.

    B47

    Thairis sin, cuirfear cineál luachana (e.g. cé acu praghas táscach nó tairiscint cheangailteach í an luachan) san áireamh agus an fhaisnéis atá ar fáil á hualú, agus tabharfar níos mó ualaithe do luachaintí arna soláthar ag tríú páirtithe a léiríonn tairiscintí ceangailteacha.

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid de IFRS í an fhoscríbhinn seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile IFRS.

    C1

    Cuirfidh eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an IFRS seo i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    C2

    Cuirfear an IFRS seo i bhfeidhm go hionchasach ó thús na tréimhse bliantúla ina gcuirtear i bhfeidhm den chéad uair é.

    C3

    Ní gá na ceanglais den IFRS maidir le nochtadh a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis chomparáideach arna soláthar le haghaidh tréimhsí roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh an IFRS seo.

    C4

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2011–2013, arna eisiúint i mí na Nollag 2013, leasaíodh mír 52. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2014 nó ina dhiaidh sin. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go hionchasach ó thús na chéad tréimhse bliantúla inar cuireadh IFRS 13 i bhfeidhm den chéad uair. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an leasú sin i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    C5

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 52. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    C6

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2016, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 15

    Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí

    CUSPÓIR

    1

    Is é is cuspóir don Chaighdeán seo na prionsabail a leagan síos a chuirfidh eintiteas i bhfeidhm iad chun faisnéis úsáideach a thuairisciú d’úsáideoirí ráiteas airgeadais maidir le cineál, méid, uainiú agus éiginnteacht ioncaim agus sreafa airgid ag eascairt as conradh a dhéantar le custaiméir.

    An cuspóir a chomhlíonadh

    2

    Leis an gcuspóir i mír 1 a chomhlíonadh, is é croí-phrionsabal an Chaighdeáin seo go n-aithneoidh eintiteas ioncam chun aistriú earraí agus seirbhísí chuig custaiméirí a thaispeáint ag méid lena léireofar an chomaoin a bhfuil coinne ag an eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó seirbhísí sin.

    3

    Breithneoidh eintiteas téarmaí an chonartha agus gach fíoras agus imthoisc ábhartha agus an Caighdeán seo á chur i bhfeidhm. Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm, lena n-áirítear úsáid aon bheart praiticiúil, go comhsheasmhach ar chonarthaí lena mbaineann saintréithe comhchosúla agus imthosca comhchosúla.

    4

    Sonraítear leis an gCaighdeán seo an chuntasaíocht le haghaidh conradh aonair le custaiméir. Mar bheart praiticiúil áfach, féadfaidh eintiteas an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm ar phunann conarthaí (nó ar oibleagáidí feidhmíochta) lena mbaineann saintréithe comhchosúla má tá coinne réasúnta ag an eintiteas leis nach bhfuil difríocht ábhartha ann idir na héifeachtaí ar na ráitis airgeadais ó chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo ar an bpunann agus ó chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo ar na conarthaí aonair (nó ar na hoibleagáidí feidhmíochta) laistigh den phunann sin. Nuair a choinnítear cuntas ar phunann, úsáidfidh eintiteas meastacháin agus toimhdí lena léirítear méid agus comhdhéanamh na punainne.

    RAON FEIDHME

    5

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na conarthaí uile le custaiméirí, seachas an méid seo a leanas:

    (a)

    conarthaí léasa faoi raon feidhme IFRS 16 Léasanna;

    (b)

    conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais. Féadfaidh eintiteas a roghnú, áfach, an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí árachais arb é is príomhchuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar ar tháille sheasta i gcomhréir le mír 8 de IFRS 17;

    (c)

    ionstraimí airgeadais agus cearta nó oibleagáidí conarthacha eile faoi raon feidhme IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite, IFRS 11 Socruithe Chomhpháirteacha, IAS 27 Ráitis Airgeadais ar Leithligh agus IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair; agus

    (d)

    malartuithe neamhairgeadaíochta idir eintitis sa chineál gnó céanna chun éascú do dhíolacháin le custaiméirí nó le custaiméirí féideartha. Mar shampla, ní chuirfí an Caighdeán seo i bhfeidhm ar chonradh idir dhá chuideachta ola a chomaontaíonn ar mhalartú ola le héileamh óna gcustaiméirí a chomhlíonadh i suíomhanna sonraithe difriúla ar bhonn tráthúil.

    6

    Ní chuirfidh eintiteas an Caighdeán seo a leanas i bhfeidhm (seachas conradh a liostaítear i mír 5) ach amháin más custaiméir é an contrapháirtí sa chonradh. Is é an rud is custaiméir ann páirtí a rinne conradh le heintiteas chun earraí nó seirbhísí atá mar aschur ghnáthghníomhaíochtaí an eintitis a fháil mar mhalairt ar chomaoin. Níorbh chustaiméir é contrapháirtí sa chonradh, dá mba rud é, mar shampla, go ndearna an contrapháirtí conradh leis an eintiteas chun rannpháirt i ghlacadh i ngníomhaíocht nó próiseas ina gcomhroinneann na páirtithe sa chonradh na rioscaí agus na sochair de thoradh na gníomhaíochta nó an phróisis (amhail sócmhainn a fhorbairt i gcomhshocrú dea-mhéine) seachas chun aschur ghnáthghníomhaíochtaí an eintitis a fháil.

    7

    Féadann conradh le custaiméir a bheith faoi pháirtraon feidhme an Chaighdeáin seo agus faoi pháirtraon feidhme Caighdeán eile a liostaítear i mír 5.

    (a)

    Má shonraítear leis na Caighdeáin eile conas cuid amháin nó níos mó den chonradh a scaradh agus/nó a thomhas ar dtús, cuirfidh eintiteas na ceanglais scartha agus/nó tomhais sna Caighdeáin sin i bhfeidhm ar dtús. Eisiafaidh eintiteas ón bpraghas idirbhirt méid na coda (nó na gcodanna) den chonradh a thomhaistear ar dtús i gcomhréir le Caighdeáin eile, agus cuirfidh sé míreanna 73–86 i bhfeidhm chun méid an phraghais idirbhirt atá fágtha (más ann dó) a leithdháileadh ar gach oibleagáid feidhmíochta a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo agus ar aon chuid eile den chonradh a shainaithnítear le mír 7(b).

    (b)

    Mura sonraítear leis na Caighdeáin eile conas cuid amháin nó níos mó den chonradh a scaradh agus/nó a thomhas ar dtús, cuirfidh an t-eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm chun an chuid (nó na codanna) den chonradh a scaradh agus/nó a thomhas ar dtús.

    8

    Sonraítear leis an gCaighdeán seo an chuntasaíocht le haghaidh na gcostas incriminteach a bhaineann le conradh le custaiméir a fháil, agus le haghaidh na gcostas a thabhaítear chun conradh le custaiméir a chomhlíonadh, más rud é nach bhfuil na costais sin faoi raon feidhme Caighdeáin eile (féach míreanna 91–104). Ní chuirfidh eintiteas i bhfeidhm na míreanna sin ach amháin ar na costais a thabhaítear i ndáil le conradh le custaiméir (nó i ndáil le cuid den chonradh sin) atá faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo.

    AITHINT

    An conradh a shainaithint

    9

    Ní choinneoidh eintiteas cuntas ar chonradh le custaiméir atá faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo ach amháin nuair a chomhlíontar na critéir uile seo a leanas:

    (a)

    tá a bhformheas tugtha ag na páirtithe sa chonradh don chonradh (i scríbhinn, ó bhéal, nó i gcomhréir lena ngnáthchleachtais ghnó) agus tá siad tiomanta chun a gcuid oibleagáidí faoi seach a fheidhmiú;

    (b)

    is féidir leis an eintiteas ceart gach páirtí a shainaithint maidir leis na hearraí nó na seirbhísí atá le haistriú;

    (c)

    is féidir leis an eintiteas na téarmaí íocaíochta a shainaithint le haghaidh na n-earraí nó seirbhísí atá le haistriú;

    (d)

    baineann substaint tráchtála leis an gconradh (i.e. tá coinne leis go n-athrófar riosca, uainiú nó méid shreafa airgid an eintitis amach anseo de thoradh an chonartha); agus

    (e)

    is dóchúil go mbaileoidh an t-eintiteas comaoin a mbeidh sé ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó seirbhísí a aistreofar chuig an gcustaiméir. Agus dóchúlacht inbhailitheacht mhéid comaoine á meas, ní bhreithneoidh eintiteas ach amháin cumas agus rún an chustaiméara an méid sin den chomaoin a íoc a luaithe a bheidh sé dlite. Féadfaidh méid na comaoine a mbeidh an t-eintiteas ina theideal a bheith níos lú ná an praghas a luaitear sa chonradh más rud é gurb inathraithe í an chomaoin de bharr go bhféadfadh an t-eintiteas lamháltas praghais a thairscint don chustaiméir (féach mír 52).

    10

    Is é is conradh ann comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe. Is ábhar dlí é in-fhorfheidhmitheacht na gceart agus na n-oibleagáidí i gconradh. Féadfaidh conarthaí a bheith i scríbhinn, ó bhéal nó intuigthe le gnáthchleachtais ghnó an eintitis. Bíonn cleachtais agus próisis éagsúla ann chun conarthaí a shuíomh le custaiméirí ar fud dlínsí, tionscail agus eintitis dhlíthiúla. Ina theannta sin, féadfaidh cleachtais agus próisis éagsúla a bheith ann laistigh d’eintiteas (mar shampla, d’fhéadfaidís a bheith ag brath ar an aicme custaiméara nó ar chineál na n-earraí nó na seirbhísí atá geallta). Breithneoidh eintiteas na cleachtais agus na próisis sin agus cinneadh a dhéanamh cé acu a chruthaítear nó nach gcruthaítear cearta agus oibleagáidí in-fhorfheidhmithe trí chomhaontú le custaiméir, agus an uair a chruthaítear na cearta agus oibleagáidí sin.

    11

    Féadann roinnt conarthaí le custaiméirí a bheith gan fad seasta, agus is féidir le ceachtar den pháirtí iad a fhoirceannadh nó a mhodhnú ag tráth ar bith. Féadtar conarthaí eile a athnuachan go huathoibríoch ar bhonn tréimhsiúil atá sonraithe sa chonradh. Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ar ré an chonartha (i.e. an tréimhse chonarthach) a bhfuil cearta agus oibleagáidí in-fhorfheidhmithe láithreacha ag na páirtithe sa chonradh iontu.

    12

    Chun na críche an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm, ní ann do conradh má tá an ceart aontaobhach in-fhorfheidhmithe ag gach páirtí sa chonradh conradh atá go hiomlán neamhfheidhmithe gan cúiteamh a thabhairt don pháirtí eile (nó do na páirtithe eile). Tá conradh go hiomlán neamhfheidhmithe má chomhlíontar an dá cheann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    níor aistrigh an t-eintiteas go fóill aon earra ná seirbhís a bhí geallta chuig an gcustaiméir; agus

    (b)

    ní bhfuair an t-eintiteas go fóill, agus níl sé ina teideal, aon chomaoin a fháil mar mhalairt ar earraí ná seirbhísí geallta.

    13

    Má chomhlíonann conradh le custaiméir na critéir i mír 9 ag tionscnamh an chonartha, ní dhéanfaidh eintiteas athmheasúnú ar na critéir sin mura bhfuil tásc ann faoi athrú suntasach i bhfíorais agus in imthosca. Mar shampla, má mheathlaíonn cumas an chustaiméara chun an chomaoin a íoc go mór, dhéanfadh eintiteas athmheasúnú ar cé acu ar dóchúil nó nach dóchúil go mbaileoidh an t-eintiteas an chomaoin a bhfuil an t-eintiteas ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó seirbhísí atá fágtha a aistreofar chuig an gcustaiméir.

    14

    Mura gcomhlíonann conradh le custaiméir na critéir i mír 9, leanfaidh eintiteas leis ag measúnú an chonartha lena chinneadh cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir i mír 9 ina dhiaidh sin.

    15

    Nuair nach gcomhlíonann conradh le custaiméir na critéir i mír 9 agus faigheann eintiteas comaoin ón gcustaiméir, ní aithneoidh an t-eintiteas an chomaoin mar ioncam ach amháin nuair a tharlóidh ceachtar de na teagmhais seo a leanas:

    (a)

    níl aon oibleagáid fágtha ag an eintiteas chun earraí nó seirbhísí a aistriú chuig an gcustaiméir agus tá an chomaoin uile, nó an chuid is mó di, a bhí geallta ag an gcustaiméir faighte ag an eintiteas, agus is comaoin neamh-inaisíoctha atá inti; nó

    (b)

    tá an conradh foirceanta agus ní in-aisíoctha í an chomaoin a fuarthas ón gcustaiméir.

    16

    Aithneoidh eintiteas an chomaoin a fuarthas ó chustaiméir mar dhliteanas go dtí go dtarlaíonn ceann de na teagmhais i mír 15 nó go dtí go gcomhlíontar na critéir i mír 9 ina dhiaidh sin (féach mír 14). Ag brath ar na fíorais agus na himthosca a bhaineann leis an gconradh, is ionann an dliteanas aitheanta agus oibleagáid an eintitis chun earraí nó aistriú amach anseo nó chun an chomaoin a fuarthas a aisíoc. I gceachtar cás, déanfar an dliteanas a thomhas ag méid na comaoine a fuarthas ón gcustaiméir.

    Comhcheangal conarthaí

    17

    Comhcheanglóidh eintiteas dhá chonradh nó níos mó a rinneadh i gcomhthráth nó i ngaireacht comhthrátha leis an gcustaiméir céanna (nó le páirtithe gaolmhara leis an gcustaiméir) agus coinneoidh sé cuntas ar na conarthaí mar chonradh aonair más rud é go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

    (a)

    déantar na conarthaí a idirbheartú mar phacáiste ag a bhfuil cuspóir tráchtála aonair;

    (b)

    braitheann méid na comaoine a bheidh le híoc i gconradh amháin ar phraghas nó ar chomhlíonadh an chonartha eile; nó

    (c)

    is oibleagáid feidhmíochta aonair atá sna hearraí nó seirbhísí atá geallta sna conarthaí (nó roinnt de na hearraí nó seirbhísí atá geallta i ngach ceann de na conarthaí) i gcomhréir le míreanna 22–30.

    Modhnuithe conartha

    18

    Is éard is modhnú conartha ann athrú ar an raon feidhme nó ar an bpraghas (nó an dá ní sin) maidir le conradh arna fhormheas ag na páirtithe sa chonradh. I roinnt tionscal agus dlínsí, féadtar tuairisc a thabhairt ar mhodhnú conartha mar ordú athraithe, athrúchán nó leasú. Is ann do mhodhnú conartha nuair a fhormheasann na páirtithe i gconradh modhnú lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí in-fhorfheidhmithe nua leis na páirtithe sa chonradh, nó lena n-athraítear iad. D’fhéadfaí modhnú conartha a fhormheas i scríbhinn, trí chomhaontú béil nó a bheith intuigthe trí ghnáthchleachtais ghnó. Mura bhfuil formheas tugtha ag na páirtithe sa chonradh do mhodhnú conartha, leanfaidh eintiteas ar aghaidh ag cur an Chaighdeáin seo i bhfeidhm ar an gconradh atá i bhfeidhm go dtí go mbeidh an modhnú conartha formheasta.

    19

    Is féidir gurb ann do mhodhnú conartha cé go bhfuil aighneas idir na páirtithe sa chonradh maidir le raon feidhme nó praghas (nó an dá ghné) an mhodhnaithe, nó gur fhormheas na páirtithe athrú maidir le raon feidhme an chonartha ach nach bhfuil an t-athrú comhfhreagrach sa phraghas cinnte acu go fóill. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu atá na cearta agus oibleagáidí a chruthaítear nó a athraítear le modhnú in-fhorfheidhmithe nó nach bhfuil, breithneoidh eintiteas gach fíoras agus imthoisc ábhartha lena n-áirítear téarmaí an chonartha agus fianaise eile. Má tá a bhformheas tugtha ag na páirtithe i gconradh d’athrú maidir le raon feidhme an chonartha ach nach bhfuil an t-athrú comhfhreagrach sa phraghas cinnte acu go fóill, déanfaidh eintiteas meastachán ar phraghas an idirbhirt a eascraíonn as an modhnú i gcomhréir le míreanna 50–54 maidir le meastachán a dhéanamh ar chomaoin athraitheach agus le míreanna 56–58 maidir le meastacháin ar chomaoin athraitheach a shrianadh.

    20

    Coinneoidh eintiteas cuntas ar mhodhnú conartha mar chonradh ar leithligh más rud é go bhfuil an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas i láthair ann:

    (a)

    tagann méadú ar raon feidhme an chonartha mar gheall ar earraí nó seirbhísí geallta atá leithleach (i gcomhréir le míreanna 26–30); agus

    (b)

    tagann méadú ar phraghas an chonartha faoi mhéid comaoine lena léirítear praghsanna díola neamhspleácha an eintitis ar na hearraí nó seirbhísí geallta breise agus aon choigeartú iomchuí ar an bpraghas sin chun imthosca an chonartha áirithe sin a léiriú. Mar shampla, féadfaidh eintiteas praghas díolta neamhspleách le hearra nó seirbhís bhreise a choigeartú le haghaidh lascaine a fhaigheann an custaiméir, toisc nach gá don eintiteas na costais i ndáil le díol a thabhú ná mar a thabhódh sé nuair a bheifí ag dúil earraí nó seirbhís chomhchosúil chuig custaiméir nua.

    21

    Mura gcoinnítear cuntas ar mhodhnú conartha mar chonradh ar leithligh i gcomhréir le mír 20, coinneoidh eintiteas cuntas ar na hearraí nó seirbhísí geallta nach bhfuil aistrithe go fóill ar dháta an mhodhnaithe conartha (i.e. na hearraí nó seirbhísí geallta atá fágtha) i cibé ceann de na bealaí seo a leanas is infheidhme:

    (a)

    Coinneoidh eintiteas cuntas ar an modhnú conartha amhail is dá mb’fhoirceannadh an chonartha agus cruthú conartha nua a bheadh ann, más difriúil iad na hearraí nó seirbhísí atá fágtha ó na hearraí nó seirbhísí a aistríodh ar dháta an mhodhnaithe conartha nó roimhe sin. Is ionann an méid comaoine atá le leithdháileadh ar na hoibleagáidí feidhmíochta atá fágtha (nó na hearraí nó seirbhísí leithleacha atá fágtha in oibleagáidí feidhmíochta aonair arna sainaithint i gcomhréir le mír 22(b)) agus suim:

    (i)

    na comaoine a bhí geallta ag an gcustaiméir (lena n-áirítear méideanna atá faighte ón gcustaiméir cheana féin) a áiríodh leis an meastachán ar phraghas an idirbhirt agus nach raibh aitheanta mar ioncam; agus

    (ii)

    na comaoine a bhí geallta mar chuid den mhodhnú conartha.

    (b)

    Coinneoidh eintiteas cuntas ar an modhnú conartha amhail is dá mba chuid den chonradh atá i bhfeidhm faoi láthair é mura difriúil iad na hearraí nó seirbhísí atá fágtha, agus dá bhrí sin gur cuid d’oibleagáid feidhmíochta aonair é atá páirt-chomhlíonta ar dháta an modhnaithe conartha. An éifeacht a bhíonn ag an modhnú conartha ar phraghas an idirbhirt, agus ar thomhas dhul chun cinn an eintitis i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta; aithnítear mar choigeartú ar ioncam í (mar mhéadú nó laghdú ar ioncam) ar dháta modhnaithe an chonartha (i.e. déantar an coigeartú ar ioncam ar bhonn carnach cúitimh).

    (c)

    Más comhcheangal de mhíreanna (a) agus (b) iad na hearraí nó seirbhísí atá fágtha, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ansin ar éifeachtaí an mhodhnaithe ar na hoibleagáidí feidhmíochta neamh-chomhlíonta (lena n-áirítear páirt-neamhchomhlíonta) sa chonradh modhnaithe ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le cuspóirí na míre seo.

    Oibleagáidí feidhmíochta a shainaithint

    22

    Ar thionscnamh an chonartha, déanfaidh eintiteas measúnú ar na hearraí nó seirbhísí atá geallta i gconradh le custaiméir, agus sainaithneoidh gach geall mar oibleagáid feidhmíochta chun na nithe seo a leanas a aistriú chuig an gcustaiméir:

    (a)

    earra nó seirbhís (nó cnuasach earraí nó seirbhísí) atá leithleach; nó

    (b)

    sraith earraí nó seirbhísí leithleacha atá mar an gcéanna den chuid is mó agus ag a bhfuil an patrún céanna aistrithe chuig an gcustaiméir (féach mír 23).

    23

    Baineann an patrún aistrithe céanna chuig an gcustaiméir le sraith earraí nó seirbhísí leithleacha má chomhlíontar an dá cheann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    chomhlíonfadh gach earra nó seirbhís leithleach sa tsraith a gheallann an t-eintiteas lena haistriú chuig an gcustaiméir na critéir i mír 35 le bheith ina hoibleagáid feidhmíochta atá comhlíonta thar thréimhse ama; agus

    (b)

    i gcomhréir le míreanna 39–40, d’úsáidfí an modh céanna le tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn an eintitis i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta le gach earra nó seirbhís leithleach sa tsraith a aistriú chuig an gcustaiméir.

    Gealltanais i gconarthaí le custaiméirí

    24

    Is iondúil go luaitear go sainráite i gconradh le custaiméir na hearraí nó na seirbhísí a gheallann eintiteas a aistriú chuig custaiméir. Is féidir nach mbeidh na hoibleagáidí feidhmíochta a shainaithnítear i gconradh le custaiméir teoranta do na hearraí nó seirbhísí a luaitear go sainráite sa chonradh sin áfach. Is amhlaidh an méid sin toisc go bhféadfar gealltanais a áireamh i gconradh le custaiméir atá intuigthe de réir ghnáthchleachtais ghnó, bheartais fhoilsithe nó ráitis shonracha eintitis, más rud é i gcomhthráth le déanamh an chonartha, go gcruthaítear ionchas bailí sa chustaiméir go n-aistreoidh an t-eintiteas earra nó seirbhís chuig an gcustaiméir.

    25

    Ní áirítear le hoibleagáidí feidhmíochta gníomhaíochtaí nach mór d’eintiteas gealltanas a thabhairt le conradh a chomhlíonadh mura n-aistrítear earra nó seirbhís chuig custaiméir leis na gníomhaíochtaí sin. Mar shampla, is féidir gur gá do sholáthraí seirbhísí cúraimí riaracháin éagsúla a dhéanamh le conradh a chur ar bun. Ní aistrítear seirbhís chuig an gcustaiméir de bharr fheidhmiú na gcúraimí sin de réir mar a fheidhmítear iad. Dá bhrí sin, ní oibleagáid feidhmíochta atá sna gníomhaíochtaí bunaithe sin.

    Earraí nó seirbhísí leithleacha

    26

    Ag brath ar an gconradh atá i gceist, d’fhéadfaí a áireamh ar earraí nó seirbhísí atá geallta na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    díol earraí arna dtáirgeadh ag eintiteas (mar shampla, fardal monaróra);

    (b)

    athdhíol earraí arna gceannach ag eintiteas (mar shampla, marsantacht miondíoltóra);

    (c)

    athdhíol ceart ar earraí nó seirbhísí arna gceannach ag eintiteas (mar shampla, ticéad a athdhíolann eintiteas ag gníomhú mar phríomhaí, mar a thuairiscítear i míreanna B34-B38);

    (d)

    cúram (nó cúraimí) a bhfuil comhaontú conarthach ann ina leith a chur i gcrích le haghaidh custaiméara;

    (e)

    seirbhís fuireachais a sholáthar chun earraí nó seirbhísí a chur ar fáil (mar shampla, nuashonruithe neamhshonraithe ar bhogearraí a sholáthraítear ar bhonn de réir mar is gá agus más gá) nó earraí nó seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméir lena n-úsáid de réir mar a chinneann an custaiméir agus nuair a chinneann sé amhlaidh;

    (f)

    seirbhís a sholáthar chun socrú a dhéanamh go n-aistreodh páirtí eile earraí nó seirbhísí le custaiméir (mar shampla, ag gníomhú mar ghníomhaire le páirtí eile, mar a thuairiscítear i míreanna B34–B38);

    (g)

    cearta ar earraí nó seirbhísí a dheonú lena soláthar amach anseo ar féidir le custaiméir iad a athdhíol nó a chur ar fáil dá chustaiméir (mar shampla, geallann eintiteas a dhíolann táirge le miondíoltóir earra nó seirbhís bhreise a aistriú chuig duine aonair a cheannaíonn an táirge ón miondíoltóir);

    (h)

    sócmhainn a thógáil, a mhonarú nó a fhorbairt thar ceann custaiméara;

    (i)

    ceadúnais a dheonú (féach míreanna B52–B63B); agus

    (j)

    roghanna a dheonú chun earraí nó seirbhísí breise a cheannach (i gcás ina dtugtar ceart ábhartha do chustaiméir leis na roghanna sin, mar a thuairiscítear i míreanna B39–B3).

    27

    Is leithleach é earra nó seirbhís a ghealltar do chustaiméir más rud é go gcomhlíontar an dá cheann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    gur féidir leis an gcustaiméir tairbhiú den earra nó seirbhís ar a chonlán féin nó in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca don chustaiméir (i.e. is féidir leis an earra nó seirbhís a bheith leithleach); agus

    (b)

    gurb in-sainaitheanta ar leithligh é gealltanas an eintitis an t-earra nó seirbhís a aistriú chuig an gcustaiméir ó ghealltanais eile sa chonradh (i.e. is gealltanas leithleach laistigh de chomhthéacs an chonartha é an gealltanas an t-earra nó an tseirbhís a aistriú).

    28

    Is féidir le custaiméir tairbhiú d’earra nó seirbhís i gcomhréir le mír 27(a) dá mba rud é go bhféadfaí an t-earra nó seirbhís a úsáid, a thomhailt, a dhíol ar mhéid is mó ná dramhluach nó go bhféadfaí é nó í a choinneáil ar bhealach éigin eile lena nginfí sochair eacnamaíocha. I gcás roinnt earraí nó seirbhísí, is féidir go mbeidh custaiméir in ann tairbhiú d’earra nó seirbhís ar a chonlán féin. I gcás earraí nó seirbhísí eile, is féidir nach mbeidh custaiméir in ann tairbhiú de d’earra nó seirbhís ach amháin in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca. Is ionann acmhainn atá ar fáil go héasca agus earra nó seirbhís a dhíoltar ar leithligh (ag an eintiteas nó ag eintiteas eile) nó acmhainn a fuair an custaiméir ón eintiteas cheana féin (lena n-áirítear earraí nó seirbhísí a bheidh aistrithe chuig an gcustaiméir de réir an chonartha cheana féin) nó ó idirbhearta nó teagmhais eile. Is féidir fianaise a sholáthar ó roinnt fachtóirí eile gur féidir leis an gcustaiméir tairbhiú d’earra nó seirbhís ar a chonlán féin nó in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca. Mar shampla, thabharfaí le fios leis an gcaoi a ndíolann an t-eintiteas earra nó seirbhís ar leithligh go tráthrialta gur féidir le custaiméir tairbhiú den earra nó seirbhís ar a chonlán féin nó in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca.

    29

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil gealltanais eintitis chun earraí nó seirbhísí a aistriú chuig an gcustaiméir in-sainaitheanta ar leithligh i gcomhréir le mír 27(b), is é an cuspóir a chinneadh cé acu arb é nó nach é cineál an ghealltanais, laistigh de chomhthéacs an chonartha, chun gach ceann de na hearraí nó seirbhísí sin a aistriú ina n-aonar, nó ina ionad sin, chun mír nó míreanna comhcheangailte a aistriú arb ionchuir iontu iad na hearraí nó seirbhísí atá geallta. Áirítear na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh, ar na fachtóirí lena dtugtar le fios nach in-sainaitheanta ar leithligh iad dhá cheann nó níos mó de na gealltanais chun earraí nó seirbhísí a aistriú chuig custaiméir:

    (a)

    cuireann an t-eintiteas seirbhís shuntasach ar fáil de chomhtháthú na n-earraí nó seirbhísí le hearraí nó seirbhísí eile atá geallta sa chonradh ina gcuach earraí nó seirbhísí, arb ionann iad agus an t-aschur nó na haschuir chomhcheangailte dár conraíodh an custaiméir. I bhfocail eile, tá an t-eintiteas ag úsáid na n-earraí nó seirbhísí mar ionchuir chun an t-aschur nó na haschuir chomhcheangailte arna sonrú ag an gcustaiméir a tháirgeadh nó a sholáthar. D’fhéadfaí a áireamh le haschur nó aschuir chomhcheangailte níos mó ná céim, gné nó aonad amháin.

    (b)

    modhnaítear nó saincheaptar go suntasach le ceann amháin nó níos mó de na hearraí nó seirbhísí, nó modhnaítear nó saincheaptar go suntasach iad, le ceann amháin nó níos mó de na hearraí nó seirbhísí eile atá geallta sa chonradh.

    (c)

    tá na hearraí nó seirbhísí idirspleách nó idirghaolmhar go mór le chéile. I bhfocail eile, déanann ceann amháin nó níos mó de na hearraí nó seirbhísí eile sa chonradh difear suntasach do gach ceann de na hearraí nó seirbhísí sa chonradh. Mar shampla, i roinnt cásanna, déanann dhá earra nó sheirbhís nó níos mó difear go suntasach dá chéile toisc nárbh fhéidir leis an eintiteas a ghealltanas a chomhlíonadh trí gach ceann de na hearraí nó seirbhísí a aistriú go neamhspleách ar a chéile.

    30

    Mura leithleach é earra nó seirbhís atá geallta, comhcheanglóidh eintiteas an t-earra nó seirbhís sin le hearraí nó seirbhísí eile atá geallta go dtí go sainaithníonn sé cuach earraí nó seirbhísí atá leithleach. I roinnt cásanna, ba é an toradh a bheadh air sin go gcoinneodh an t-eintiteas cuntas ar na hearraí nó seirbhísí geallta uile i gconradh mar oibleagáid feidhmíochta aonair.

    Oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíonadh

    31

    Aithneoidh eintiteas ioncam a luaithe (nó de réir mar) a chomhlíonann an t-eintiteas oibleagáid feidhmíochta trí earra nó seirbhís atá geallta a aistriú (i.e. sócmhainn) chuig custaiméir. Aistrítear sócmhainn a luaithe a (nó de réir mar a) fhaigheann an custaiméir rialú ar an tsócmhainn sin.

    32

    I gcás gach oibleagáid feidhmíochta a shainaithnítear i gcomhréir le míreanna 22–30, cinnfidh eintiteas ar thionscnamh an chonartha cé acu thar thréimhse ama (i gcomhréir le míreanna 35–37) nó le himeacht ama (i gcomhréir le mír 38) a chomhlíonann sé an oibleagáid feidhmíochta. Mura gcomhlíonann eintiteas oibleagáid feidhmíochta thar thréimhse ama, comhlíontar an oibleagáid feidhmíochta thar am ar leith.

    33

    Is sócmhainní iad earraí agus seirbhísí, fiú murarbh ach ar feadh meandair amháin é, a luaithe a fhaightear agus a úsáidtear iad (mar is amhlaidh i gcás go leor seirbhísí). Tagraítear le rialú sócmhainne don chumas úsáid na sócmhainne a threorú, agus beagnach gach ceann de na sochair atá fágtha a fháil uaithi. Áirítear ar rialú an cumas chun eintitis eile a chosc ó úsáid sócmhainne a threorú, agus ó na sochair a fháil uaithi. Is ionann sochair sócmhainne agus an sreabhadh airgid féideartha (insreabhadh nó coigilteas ar eis-sreabhadh) is féidir a fháil go díreach nó go hindíreach ar go leor bealaí, amhail:

    (a)

    trí úsáid a bhaint as an tsócmhainn chun earraí a tháirgeadh nó seirbhísí a sholáthar (lena n-áirítear seirbhísí poiblí);

    (b)

    trí úsáid a bhaint as an tsócmhainn le luach sócmhainní eile a fheabhsú;

    (c)

    trí úsáid a bhaint as an tsócmhainn le dliteanais a ghlanadh nó speansais a laghdú;

    (d)

    tríd an tsócmhainn a dhíol nó a bhabhtáil;

    (e)

    tríd an tsócmhainn a chur i ngeall mar urrú iasachta; agus

    (f)

    tríd an tsócmhainn a choinneáil.

    34

    Agus meastóireacht á déanamh cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann custaiméir rialú ar shócmhainn, breithneoidh eintiteas aon chomhaontú chun an tsócmhainn a athcheannach (féach míreanna B64–B76).

    Oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama

    35

    Aistríonn eintiteas rialú ar earra nó seirbhís thar thréimhse ama, agus dá bhrí sin, comhlíonann sé oibleagáid feidhmíochta agus aithníonn sé ioncam thar thréimhse ama, más rud go gcomhlíontar ceann amháin de na critéir seo a leanas:

    (a)

    faigheann agus ídíonn an custaiméir na tairbhí go comhuaineach arna soláthar ag feidhmíocht an eintitis de réir mar a fheidhmíonn an t-eintiteas (féach míreanna B3–B4);

    (b)

    cruthaítear nó feabhsaítear sócmhainn le feidhmíocht an eintitis (mar shampla, obair ar siúl) a rialaíonn an custaiméir de réir mar a chruthaítear nó a fheabhsaítear an tsócmhainn (féach mír B5); nó

    (c)

    ní chruthaítear sócmhainn le feidhmíocht an eintitis ag a bhfuil úsáid mhalartach don eintiteas (féach mír 36) agus tá ceart in-fhorfheidhmithe ar íocaíocht ag an eintiteas le haghaidh feidhmíocht atá curtha i gcrích go nuige seo (féach mír 37).

    36

    Ní bhíonn úsáid mhalartach ag sócmhainn arna cruthú le feidhmíocht eintitis d’eintiteas más rud é go bhfuil srian conarthach ar an eintiteas ó threorú na sócmhainne go héasca chun úsáide eile le linn chruthú nó fheabhsú na sócmhainne sin nó go bhfuil teorannú praiticiúil air ó threorú na sócmhainne go héasca ina riocht críochnaithe chun úsáide eile. Is ar thionscnamh an chonartha a dhéantar an measúnú cé acu a bhaineann nó nach mbaineann úsáid mhalartach ag sócmhainn don eintiteas. I ndiaidh thionscnamh an chonartha, ní tabharfaidh eintiteas an measúnú ar úsáid mhalartach sócmhainne suas chun dáta mura bhformheasann na páirtithe sa chonradh modhnú conartha lena n-athraítear go substainteach an oibleagáid feidhmíochta. Is i míreanna B6–B8 a thugtar treoraíocht maidir le measúnú a dhéanamh cé acu atá nó nach bhfuil úsáid mhalartach ag sócmhainn d’eintiteas.

    37

    Breithneoidh eintiteas téarmaí an chonartha, chomh maith le haon dlí ag a bhfuil feidhm maidir leis an gconradh, agus meastóireacht á déanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ceart in-fhorfheidhmithe aige chun íocaíochta ar fheidhmíocht atá curtha i gcrích go nuige seo i gcomhréir le mír 35(c). Ní gá gur ar mhéid seasta é an ceart chun íocaíochta ar fheidhmíocht atá curtha i gcrích go nuige seo. Ag gach tráth le linn ré an chonartha áfach, ní mór an t-eintiteas a bheith i dteideal méid lena gcúitítear an t-eintiteas ar a laghad as an bhfeidhmíocht atá curtha i gcrích go nuige sin más rud é gurb é an custaiméir nó páirt eile a fhoirceannann an conradh ar chúiseanna seachas mainneachtain an eintitis chun feidhmiú mar a bhí geallta. Tugtar treoraíocht i míreanna B9–B13 le measúnú a dhéanamh ar cheart chun íocaíochta a bheith ann agus ar a in-fhorfheidhmitheacht, agus ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh ceart chun íocaíochta ag eintiteas ina theideal don eintiteas íocaíocht a fháil as a fheidhmíocht atá curtha i gcrích go nuige seo.

    Oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíontar thar am ar leith

    38

    Mura gcomhlíontar oibleagáid feidhmíochta thar thréimhse ama i gcomhréir le míreanna 35–37, comhlíonann eintiteas an oibleagáid feidhmíochta thar am ar leith. Leis an am ar leith ag a bhfaigheann custaiméir rialú ar shócmhainn atá geallta agus ag a gcomhlíonann an t-eintiteas oibleagáid feidhmíochta a chinneadh, breithneoidh an t-eintiteas na ceanglais le haghaidh rialú i míreanna 31–34. Ina theannta sin, breithneoidh eintiteas táscairí d’aistriú rialaithe, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    Is ann do cheart láithreach chun íocaíochta ag an eintiteas—má tá oibleagáid go láithreach ar chustaiméir chun íoc as sócmhainn, ansin d’fhéadfaí a thabhairt le fios leis sin go bhfuair an custaiméir an cumas úsáid na sócmhainne i malartú a threorú, agus beagnach gach ceann de na sochair atá fágtha uaithi a fháil.

    (b)

    Tá teideal dlíthiúil ag an gcustaiméir ar an tsócmhainn—is féidir a thabhairt le fios leis an teideal dlíthiúil an páirtí i gconradh ag a bhfuil an cumas úsáid sócmhainne a threorú, agus beagnach gach ceann de na sochair atá fágtha uaithi a fháil, nó chun srian a chur le rochtain eintiteas eile ar na sochair sin. Dá bhrí sin, is féidir a thabhairt le fios le haistriú teidil dhlíthiúil go bhfuair an custaiméir rialú ar an tsócmhainn. Mura gcoinníonn eintiteas teideal dlíthiúil ach amháin mar chosaint in aghaidh mhainneachtain an chustaiméara chun íoc, ní chuirfí cosc ar an gcustaiméir ó rialú na sócmhainne a fháil leis na cearta úd atá ag an eintiteas.

    (c)

    D’aistrigh an t-eintiteas seilbh fhisiceach na sócmhainne—is féidir le seilbh fhisiceach an chustaiméara ar shócmhainn a thabhairt le fios go bhfuil an cumas ag an gcustaiméir úsáid na sócmhainne a threorú, agus beagnach gach ceann de na sochair atá fágtha uaithi a fháil, nó chun srian a chur le rochtain eintiteas eile ar na sochair sin. Is féidir áfach nach ionann seilbh fhisiceach ar shócmhainn agus rialú uirthi. I roinnt comhaontuithe athcheannaigh agus i roinnt socruithe coinsíneachta mar shampla, d’fhéadfadh seilbh fhisiceach a bheith ag custaiméir nó ag coinsíní ar shócmhainn atá á rialú ag an eintiteas. Os a choinne sin, i roinnt socruithe billeáil agus coinnigh, d’fhéadfadh seilbh fhisiceach a bheith ag an eintiteas ar shócmhainn atá á rialú ag an gcustaiméir. Soláthraítear treoraíocht i míreanna B64–B76, B77–B78 agus B79–B82 maidir leis an gcuntasaíocht le haghaidh comhaontuithe athcheannaigh, socruithe coinsíneachta agus socruithe billeáil agus coinnigh, faoi seach.

    (d)

    Tá na rioscaí agus luaíochtaí suntasacha úinéireachta ag an gcustaiméir ar an tsócmhainn–d’fhéadfadh aistriú na rioscaí agus na luaíochtaí suntasacha úinéireachta ar shócmhainn chuig an gcustaiméir tabhairt le fios gur bhain an custaiméir an cumas amach úsáid na sócmhainne a threorú, agus gach ceann de na tairbhí a bheidh fágtha ón tsócmhainn, a fháil go substaintiúil. Le linn meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí agus luaíochtaí úinéireachta sócmhainne geallta áfach, fágfaidh eintiteas aon riosca as a n-eascraíonn oibleagáid feidhmíochta ar leithligh as an áireamh in éineacht leis an oibleagáid feidhmíochta chun an tsócmhainn a aistriú. D’fhéadfadh sé gur aistrigh eintiteas rialú sócmhainne chuig custaiméir ach nár chomhlíon sé oibleagáid feidhmíochta bhreise go fóill mar shampla chun seirbhísí cothabhála a bhaineann leis an tsócmhainn aistrithe a sholáthar.

    (e)

    Ghlac an custaiméir leis an tsócmhainn–d’fhéadfadh glacadh an chustaiméara le sócmhainn tabhairt le fios go bhfuair sé an cumas úsáid na sócmhainne a threorú, agus gach ceann de na tairbhí a bheidh fágtha ón tsócmhainn, a fháil go substaintiúil. Chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt a bhíonn ag clásal glactha custaiméara i gconradh ar cathain a aistrítear rialú sócmhainne, breithneoidh eintiteas an treoraíocht i míreanna B83–B86.

    Dul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta a thomhas

    39

    Maidir le gach oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama i gcomhréir le míreanna 35–37, aithneoidh eintiteas ioncam le himeacht ama tríd an dul chun cinn i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta sin a thomhas. Is é an cuspóir le linn don dul chun cinn a bheith á thomhas léiriú a thabhairt ar fheidhmíocht eintitis maidir le rialú earraí nó seirbhísí arna ngealladh do chustaiméir a aistriú (i.e. oibleagáid feidhmíochta eintitis a chomhlíonadh).

    40

    Cuirfidh eintiteas modh aonair i bhfeidhm maidir le dul chun cinn a thomhas le haghaidh gach oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama agus cuirfidh an t-eintiteas an modh sin i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le hoibleagáidí feidhmíochta comhchosúla agus in imthosca comhchosúla. Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas a dhul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama a atomhas.

    Modhanna chun dul chun cinn a thomhas

    41

    Áirítear modhanna aschuir agus modhanna ionchuir ar na modhanna iomchuí chun dul chun cinn a thomhas. Soláthraítear treoraíocht i míreanna B14–B19 maidir le modhanna aschuir agus modhanna ionchuir a úsáid chun dul chun cinn eintitis i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta a thomhas. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an modh iomchuí chun dul chun cinn a thomhas, breithneoidh eintiteas cineál an earra nó na seirbhíse a gheall an t-eintiteas a aistriú chuig an gcustaiméir.

    42

    Le linn dó modh a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a thomhas, fágfaidh eintiteas as an áireamh as an tomhas ar dhul chun cinn aon earra nó seirbhís nach n-aistríonn an t-eintiteas rialú chuig custaiméir dó. Os a choinne sin, cuirfidh eintiteas san áireamh sa tomhas ar dhul chun cinn aon earra nó seirbhís dá n-aistríonn an t-eintiteas rialú chuig custaiméir le linn dó an oibleagáid feidhmíochta sin a chomhlíonadh.

    43

    De réir mar a athraíonn imthosca le himeacht ama, tabharfaidh eintiteas a thomhas ar dhul chun cinn cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar aon athrú ar thoradh na hoibleagáide feidhmíochta. Coinneofar cuntas ar athruithe den sórt sin ar thomhas eintitis ar dhul chun cinn mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta.

    Tomhais réasúnta ar dhul chun cinn

    44

    Ní aithneoidh eintiteas ioncam le haghaidh oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama ach amháin más féidir leis an eintiteas a dhul chun cinn i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta a thomhas go réasúnta. Ní bheadh eintiteas in ann tomhas a dhéanamh go réasúnta ar a dhul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta mura bhfuil faisnéis iontaofa aige a cheanglófaí chun modh iomchuí a chur i bhfeidhm maidir le dul chun cinn a thomhas.

    45

    I roinnt imthosca (i gcéimeanna tosaigh conartha, mar shampla), féadfaidh sé nach mbeidh eintiteas in ann toradh oibleagáide feidhmíochta a thomhas go réasúnta, ach tá coinne leis ag an eintiteas go ndéanfaidh sé na costais a tabhaíodh chun an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh, a aisghabháil. Sna himthosca sin, ní aithneoidh an t-eintiteas ioncam ach amháin a mhéid a bhaineann leis na costais a tabhaíodh go dtí gur féidir leis toradh na hoibleagáide feidhmíochta a thomhas go réasúnta.

    TOMHAS

    46

    Nuair (nó de réir) a chomhlíontar oibleagáid feidhmíochta, aithneoidh eintiteas mar ioncam méid an phraghais idirbhirt (ina n-eisiatar meastacháin de chomaoin athraitheach a bhfuil srian orthu i gcomhréir le míreanna 56–58) a leithdháiltear ar an oibleagáid feidhmíochta sin.

    An praghas idirbhirt a chinneadh

    47

    Breithneoidh eintiteas téarmaí an chonartha agus a ghnáthchleachtais ghnó chun an praghas idirbhirt a chinneadh. Is éard atá sa phraghas idirbhirt an méid comaoine a bhfuil coinne ag eintiteas le bheith ina teideal mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí geallta a aistriú chuig custaiméir, gan méideanna a bhailítear thar ceann tríú páirtithe (cánacha áirithe ar dhíolacháin, mar shampla) a bheith san áireamh. Féadfar méideanna socraithe, méideanna athraitheacha, nó an dá cheann a áireamh sa chomaoin a ghealltar i gconradh.

    48

    Déanann cineál, uainiú agus méid na comaoine arna gealladh ag custaiméir difear don mheastachán ar an bpraghas idirbhirt. Agus an praghas idirbhirt á chinneadh, breithneoidh eintiteas na hiarmhairtí a bheidh ag gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    comaoin athraitheach (féach míreanna 50–55 agus mír 59);

    (b)

    meastacháin shriantacha ar an gcomaoin athraitheach (féach míreanna 56–58);

    (c)

    gurb ann do chomhpháirt maoiniúcháin shuntasach sa chonradh (féach míreanna 60–65);

    (d)

    an chomaoin neamhairgid (féach míreanna 66–69); agus

    (e)

    comaoin is iníoctha le custaiméir (féach míreanna 70–72).

    49

    Chun an praghas idirbhirt a chinneadh, glacfaidh eintiteas leis go n-aistreofar na hearraí nó na seirbhísí chuig an gcustaiméir faoi mar a gealladh i gcomhréir leis an gconradh reatha agus nach gcuirfear an conradh ar ceal, nach ndéanfar é a athnuachan ná a mhodhnú.

    Comaoin athraitheach

    50

    Má áirítear méid athraitheach leis an gcomaoin a ghealltar i gconradh, tabharfaidh eintiteas meastachán ar mhéid na comaoine dá mbeidh an t-eintiteas ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí geallta a aistriú chuig custaiméir.

    51

    Is féidir le méid comaoine a bheith éagsúil mar gheall ar lascainí, lacáistí, aisíocaíochtaí, creidmheasanna, lamháltais praghsanna, dreasachtaí, bónais feidhmíochta, pionóis nó míreanna comhchosúla eile. Is féidir leis an gcomaoin arna gealladh a bheith éagsúil freisin má bhíonn teidlíocht eintitis ar an gcomaoin ag brath ar theagmhas a tharlóidh nó nach dtarlóidh amach anseo. Bheadh méid comaoine athraitheach, mar shampla, dá mba rud é gur díoladh táirge le ceart maidir lena chur ar ais nó i gcás ina ngealltar méid socraithe mar bhónas feidhmíochta ar gharsprioc shonraithe a bhaint amach.

    52

    Féadfar an athraitheacht a bhaineann leis an gcomaoin arna gealladh ag custaiméir a lua go sainráite sa chonradh. I dteannta théarmaí an chonartha, beidh an chomaoin gheallta athraitheach más ann do cheachtar de na himthosca seo a leanas:

    (a)

    tá ionchas bailí ag an gcustaiméir a eascraíonn as gnáthchleachtais ghnó eintitis, beartais fhoilsithe eintitis nó ráitis shonracha go nglacfaidh an t-eintiteas le méid comaoine ar lú é ná an praghas a luaitear sa chonradh. Is é sin, go bhfuil coinne leis go dtairgfidh an t-eintiteas lamháltas maidir leis an bpraghas. Ag brath ar an dlínse, ar an tionscal nó ar an gcustaiméir d’fhéadfaí tagairt don tairiscint sin mar lascaine, lacáiste nó creidmheas.

    (b)

    tugann fíorais agus imthosca eile le fios gurb é rún an eintitis, le linn dó an conradh a dhéanamh leis an gcustaiméir, lamháltas praghsanna a thairiscint don chustaiméir.

    53

    Tabharfaidh eintiteas meastachán ar mhéid comaoine athraithí trí cheachtar de na modhanna seo a leanas a úsáid, ag brath ar cén modh atá coinne leis ag an eintiteas a thabharfaidh an tuar is fearr ar mhéid na comaoine dá mbeidh sé i dteideal:

    (a)

    An luach ionchais–is é an luach ionchais suim na méideanna ualaithe dóchúlachta i raon méideanna comaoine féideartha. Féadfaidh meastachán iomchuí ar mhéid na comaoine athraithí a bheith i gceist leis an luach ionchais má tá líon mór conarthaí ag eintiteas a bhfuil na saintréithe céanna acu.

    (b)

    An méid is dóchúla–is é an méid is dóchúla an méid aonair is dóchúla i raon méideanna comaoine féideartha (i.e. an toradh aonair is dóchúla ar an gconradh). Féadfar gur meastachán iomchuí ar mhéid na comaoine athraithí a bheidh sa mhéid is dóchúla mura bhfuil ach dhá thoradh fhéideartha ag an gconradh (baineann nó ní bhaineann eintiteas bónas feidhmíochta amach, mar shampla).

    54

    Cuirfidh eintiteas modh amháin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar feadh an chonartha le linn dó meastachán a thabhairt ar an iarmhairt a bheidh ag éiginnteacht maidir le méid comaoine athraithí dá mbeidh an t-eintiteas i dteideal. Ina theannta sin, breithneoidh eintiteas an fhaisnéis uile (stairiúil, reatha agus réamh-mheasta) atá ar fáil go réasúnta don eintiteas agus sainaithneoidh sé líon réasúnta méideanna comaoine féideartha. Bheadh an fhaisnéis a úsáideann eintiteas chun meastachán a thabhairt ar mhéid na comaoine athraithí comhchosúil go hiondúil leis an bhfaisnéis a úsáideann bainistíocht an eintitis le linn an phróisis tairisceana agus togra agus chun praghsanna a shuí le haghaidh earraí agus seirbhísí arna ngealladh.

    Dliteanais aisíocaíochta

    55

    Aithneoidh eintiteas dliteanas aisíocaíochta má fhaigheann an t-eintiteas comaoin ó chustaiméir agus má tá coinne aige le cuid den chomaoin sin nó leis an gcomaoin ar fad a aisíoc leis an gcustaiméir. Tomhaistear dliteanas aisíocaíochta ar mhéid na comaoine arna fáil (nó is infhaighte) nach bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith ina teideal (i.e. méideanna nach bhfuil áirithe sa phraghas idirbhirt). Déanfar an dliteanas aisíocaíochta (agus an t-athrú dá réir sin ar an bpraghas idirbhirt agus, dá bhrí sin, ar an dliteanas conartha) a thabhairt cothrom le dáta ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe maidir le hathruithe ar imthosca. Chun cuntas a choinneáil ar dhliteanas aisíocaíochta a bhaineann le díol lena ngabhann ceart cur ar ais, cuirfidh eintiteas an treoraíocht i míreanna B20–B27 i bhfeidhm.

    Meastacháin shriantacha ar chomaoin athraitheach

    56

    Ní áireoidh eintiteas sa phraghas idirbhirt ach roinnt de mhéid na comaoine athraithí nó an méid iomlán comaoine athraithí ar tugadh meastachán maidir leis i gcomhréir le mír 53 ach amháin a mhéid atá sé thar a bheith dóchúil nach dtarlóidh cealú suntasach ar mhéid an ioncaim charnaigh arna aithint nuair a dhéanfar an éiginnteacht atá bainteach leis an gcomaoin athraitheach a réiteach ina dhiaidh sin.

    57

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá sé nó nach bhfuil sé thar a bheith dóchúil nach dtarlóidh cealú suntasach ar mhéid an ioncaim charnaigh a luaithe a réiteofar an éiginnteacht a bhaineann leis an gcomaoin athraitheach ina dhiaidh sin, breithneoidh eintiteas an dóchúlacht go gcealófar an t-ioncam agus méid an chealaithe ioncaim araon. Áirítear aon cheann díobh seo a leanas ar na fachtóirí a d’fhéadfadh an dóchúlacht go gcealófar ioncam a mhéadú nó méid an chealaithe ioncaim a mhéadú, ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    tá méid na comaoine thar a bheith soghabhálach d’fhachtóirí atá lasmuigh de thionchar an eintitis. D’fhéadfaí luaineacht sa mhargadh, breithiúnas nó gníomhaíochtaí tríú páirtithe, dálaí aimsire agus riosca ard dífheidhmeachta na n-earraí nó na seirbhísí arna ngealladh a áireamh ar na fachtóirí sin.

    (b)

    níl coinne leis go réiteofar an éiginnteacht maidir le méid na comaoine ar feadh tréimhse fada ama.

    (c)

    tá teorainn le taithí (nó fianaise eile) an eintitis le cineálacha conarthaí comhchosúla, nó tá luach tuarthach teoranta ag baint leis an taithí sin (nó fianaise eile).

    (d)

    tá cleachtas ag an eintiteas maidir le raon leathan lamháltas praghsanna a thairiscint nó téarmaí agus coinníollacha íocaíochta conarthaí comhchosúla a athrú in imthosca comhchosúla.

    (e)

    tá líon mór agus raon leathan méideanna comaoine féideartha ag an gconradh.

    58

    Cuirfidh eintiteas mír B63 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar chomaoin i bhfoirm ríchíosa ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide arna ghealladh mar mhalairt ar cheadúnas maoine intleachtúla.

    Athmheasúnú ar an gcomaoin athraitheach

    59

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, tabharfaidh eintiteas an praghas idirbhirt measta cothrom le dáta (lena n-áirítear a mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil meastachán ar chomaoin athraitheach srianta) chun léiriú dílis a thabhairt ar na himthosca arb ann dóibh ag deireadh na tréimhse tuairiscithe agus na hathruithe ar imthosca le linn na tréimhse tuairiscithe. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar athruithe ar an bpraghas idirbhirt i gcomhréir le míreanna 87–90.

    Comhpháirt maoiniúcháin shuntasach sa chonradh

    60

    Agus an praghas idirbhirt á chinneadh, coigeartóidh eintiteas an méid comaoine a gealladh i leith iarmhairtí an amluacha airgid má sholáthraíonn uainiú na n-íocaíochtaí arna gcomhaontú ag na páirtithe sa chonradh (go sainráite nó go hintuigthe) tairbhe shuntasach don chustaiméir nó don eintiteas chun aistriú earraí nó seirbhísí chuig an gcustaiméir a mhaoiniú. Sna himthosca sin, bíonn comhpháirt maoiniúcháin shuntasach sa chonradh. Féadfar gurb ann do chomhpháirt maoiniúcháin shuntasach gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an gealltanas maoiniúcháin luaite go sainráite sa chonradh nó go bhfuil sé intuigthe leis na téarmaí íocaíochta arna gcomhaontú ag na páirtithe sa chonradh.

    61

    Is é is cuspóir le linn don mhéid comaoine geallta a bheith á choigeartú i leith comhpháirt maoiniúcháin shuntasach go n-aithneoidh eintiteas ioncam ag méid lena léirítear an praghas a d’íocfadh custaiméir ar na hearraí nó na seirbhísí geallta dá mba rud é gur íoc an custaiméir ar na hearraí nó na seirbhísí sin le hairgead tirim le linn (nó de réir mar a aistríonn siad) dóibh aistriú chuig an gcustaiméir (i.e. an praghas díola in airgead tirim). Breithneoidh eintiteas na fíorais agus na himthosca ábhartha uile le linn dó measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil comhpháirt maoiniúcháin i gconradh agus cé acu atá nó nach bhfuil an chomhpháirt maoiniúcháin sin suntasach maidir leis an gconradh, lena n-áirítear iad seo a leanas araon:

    (a)

    an difríocht, más ann di, idir méid na comaoine geallta agus praghas díola na n-earraí nó na seirbhísí geallta in airgead tirim; agus

    (b)

    iarmhairt chomhcheangailte an dá cheann acu seo a leanas:

    (i)

    an fad ama a bhfuil coinne leis idir an tráth a aistríonn an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí geallta chuig an gcustaiméir agus an tráth a íocann an custaiméir as na hearraí nó na seirbhísí sin; agus

    (ii)

    na rátaí úis atá i réim sa mhargadh ábhartha.

    62

    D’ainneoin an mheasúnúcháin i mír 61, ní bheadh comhpháirt maoiniúcháin shuntasach ag conradh le custaiméir i gcás inarb ann d’aon cheann de na fachtóirí seo a leanas:

    (a)

    d’íoc an custaiméir as na hearraí nó na seirbhísí roimh ré agus tá uainiú aistriú na n-earraí nó na seirbhísí sin faoi dhiscréid an chustaiméara.

    (b)

    is comaoin athraitheach méid substaintiúil den chomaoin arna gealladh ag an gcustaiméir agus beidh méid nó uainiú na comaoine sin éagsúil ar bhonn teagmhais a tharlóidh nó nach dtarlóidh amach anseo nach bhfuil laistigh de rialú an chustaiméara nó an eintitis go substaintiúil (más ríchíos ar bhonn díolachán í an chomaoin, mar shampla).

    (c)

    tagann an difríocht idir an chomaoin gheallta agus praghas díola an earra nó na seirbhíse in airgead tirim (mar a thuairiscítear i mír 61) chun cinn ar chúiseanna seachas soláthar maoiniúcháin don chustaiméir nó don eintiteas, agus tá an difríocht idir na méideanna sin i gcomhréir leis an gcúis atá leis an difríocht. D’fhéadfadh na téarmaí íocaíochta cosaint a sholáthar don eintiteas nó don chustaiméir ó mhainneachtain an pháirtí eile roinnt dá chuid oibleagáidí nó iad ar fad a thabhairt i gcrích faoin gconradh, mar shampla.

    63

    Mar bheart praiticiúil, ní gá d’eintiteas méid geallta na comaoine a choigeartú i leith iarmhairtí comhpháirte maoiniúcháin suntasaí má tá coinne ag an eintiteas leis, tráth tionscanta an chonartha, gur tréimhse 1 bhliain amháin nó níos lú a bheidh idir an tráth a aistríonn an t-eintiteas earra nó seirbhís gheallta chuig custaiméir agus an tráth a íocann an custaiméir as an earra nó seirbhís sin.

    64

    Chun an cuspóir i mír 61 a chomhlíonadh le linn don mhéid comaoine arna gealladh a choigeartú i leith comhpháirt maoiniúcháin shuntasach, úsáidfidh eintiteas an ráta lascaine a léireofaí in idirbheart maoiniúcháin ar leithligh idir an t-eintiteas agus a chustaiméir tráth tionscanta an chonartha. Thabharfadh an ráta léiriú ar shaintréithe creidmheasa an pháirtí a fhaigheann maoiniú sa chonradh, chomh maith le haon chomhthaobhacht nó urrús arna soláthar ag an gcustaiméir nó ag an eintiteas, lena n-áirítear sócmhainní a aistrítear sa chonradh. D’fhéadfadh eintiteas a bheith in ann an ráta sin a chinneadh tríd an ráta lena ndéantar lascainiú ar mhéid ainmniúil na comaoine geallta a shainaithint leis an bpraghas a d’íocfadh an custaiméir as na hearraí nó seirbhísí le hairgead tirim le linn iad a aistriú chuig an gcustaiméir (nó de réir mar a aistrítear iad). Tar éis thionscnamh an chonartha, ní thabharfaidh eintiteas an ráta lascaine le haghaidh athruithe ar rátaí úis nó imthosca eile cothrom le dáta (amhail athrú ar an measúnú ar riosca creidmheasa an chustaiméara).

    65

    Cuirfidh eintiteas na hiarmhairtí maoiniúcháin (ioncam ó ús nó speansas úis) i láthair ar leithligh ó ioncam ó chonarthaí le custaiméirí sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach. Ní aithnítear ioncam ó ús nó speansas úis ach amháin a mhéid a aithnítear sócmhainn chonartha (nó infhaighte) nó dliteanas conartha sa chuntasaíocht le haghaidh conradh le custaiméir.

    Comaoin neamhairgid

    66

    Chun an praghas idirbhirt a chinneadh le haghaidh conarthaí ina ngeallann custaiméir comaoin i bhfoirm seachas airgead tirim, tomhaisfidh eintiteas an chomaoin neamhairgid (nó gealltanas de chomaoin neamhairgid) ar cóirluach.

    67

    Mura féidir le heintiteas meastachán a thabhairt go réasúnta ar chóirluach na comaoine neamhairgid, tomhaisfidh an t-eintiteas an chomaoin go hindíreach faoi threoir phraghas díola neamhspleách na n-earraí nó na seirbhísí arna ngealladh don chustaiméir (nó aicme custaiméara) mar mhalairt ar an gcomaoin.

    68

    D’fhéadfadh cóirluach na comaoine neamhairgid a bheith éagsúil mar gheall ar fhoirm na comaoine (athrú ar phraghas sciar atá an t-eintiteas i dteideal a fháil ó chustaiméir, mar shampla). Má tá luach cóir na comaoine neamhairgid arna gealladh ag custaiméir éagsúil ar chúiseanna seachas foirm na comaoine amháin (d’fhéadfadh an luach cóir a bheith éagsúil mar gheall ar fheidhmíocht an eintitis, mar shampla), cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais i míreanna 56–58 i bhfeidhm.

    69

    Má rannchuidíonn custaiméir earraí nó seirbhísí (ábhair, trealamh nó saothar, mar shampla) chun comhlíonadh eintitis leis an gconradh a éascú, déanfaidh an t-eintiteas measúnú ar cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann sé rialú ar na hearraí nó ar na seirbhísí sin arna rannchuidiú. Más amhlaidh a fhaigheann, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar na hearraí nó na seirbhísí a rannchuidíodh mar chomaoin neamhairgid arna fáil ón gcustaiméir.

    Comaoin is iníoctha le custaiméir

    70

    Áirítear le comaoin is iníoctha le custaiméir méideanna airgid tirim a íocann eintiteas, nó a bhfuil coinne aige lena íoc, leis an gcustaiméir (nó le páirtithe eile a cheannaíonn earraí nó seirbhísí an eintitis ón gcustaiméir). Áirítear freisin le comaoin is iníoctha le custaiméir creidmheas nó míreanna eile (cúpón nó dearbhán, mar shampla) is féidir a chur i bhfeidhm in aghaidh méideanna atá dlite don eintiteas (nó do pháirtithe eile a cheannaíonn earraí nó seirbhísí an eintitis ón gcustaiméir). Coinneoidh eintiteas cuntas ar chomaoin is iníoctha le custaiméir mar laghdú ar an bpraghas idirbhirt agus, dá bhrí sin, ar ioncam mura ndearnadh an íocaíocht leis an gcustaiméir mar mhalairt ar earra nó seirbhís ar leith (mar a thuairiscítear i míreanna 26–30) a aistríonn an custaiméir chuig an eintiteas. Má áirítear méid athraitheach leis an gcomaoin is iníoctha le custaiméir, tabharfaidh eintiteas meastachán ar an bpraghas idirbhirt (lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an meastachán maidir leis an gcomaoin athraitheach srianta) i gcomhréir le míreanna 50–58.

    71

    Más ionann an chomaoin is iníoctha le custaiméir agus íocaíocht ar earra nó seirbhís ar leith ón gcustaiméir, ansin coinneoidh eintiteas cuntas ar cheannach an earra nó na seirbhíse ar an mbealach céanna a gcoinníonn sé cuntas ar cheannacháin eile ó sholáthróirí. Más mó méid na comaoine is iníoctha leis an gcustaiméir ná luach cóir an earra nó na seirbhíse ar leith a fhaigheann an t-eintiteas ón gcustaiméir, ansin coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar fharasbarr den sórt sin mar laghdú ar an bpraghas idirbhirt. Mura féidir leis an eintiteas meastachán réasúnta a thabhairt ar luach cóir an earra nó na seirbhíse a fhaightear ón gcustaiméir, coinneoidh sé cuntas ar an gcomaoin uile is iníoctha leis an gcustaiméir mar laghdú ar an bpraghas idirbhirt.

    72

    Dá réir sin, má choinnítear cuntas ar an gcomaoin is iníoctha le custaiméir mar laghdú ar an bpraghas idirbhirt, aithneoidh eintiteas an laghdú ar ioncam nuair a tharlaíonn (nó de réir mar a tharlaíonn) an ceann is déanaí de cheachtar de na teagmhais seo a leanas:

    (a)

    aithníonn an t-eintiteas ioncam maidir le haistriú na n-earraí nó na seirbhísí gaolmhara chuig an gcustaiméir; agus

    (b)

    íocann an t-eintiteas an chomaoin nó geallann sé í a íoc (fiú má tá an íocaíocht coinníollach ar theagmhas amach anseo). D’fhéadfadh an gealltanas sin a bheith intuigthe le gnáthchleachtais ghnó an eintitis.

    An praghas idirbhirt a leithdháileadh ar oibleagáidí feidhmíochta

    73

    Is é an cuspóir nuair atá an praghas idirbhirt á leithdháileadh go leithdháilfidh eintiteas an praghas idirbhirt ar gach oibleagáid feidhmíochta (nó earra nó seirbhís ar leith) i méid lena léirítear méid na comaoine a bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí geallta a aistriú chuig an gcustaiméir.

    74

    Chun an cuspóir maidir le leithdháileadh a chomhlíonadh, leithdháilfidh eintiteas an praghas idirbhirt ar gach oibleagáid feidhmíochta a shainaithnítear sa chonradh ar bhonn praghas díola neamhspleách coibhneasta i gcomhréir le míreanna 76–80, ach amháin mar a shonraítear i míreanna 81–83 (maidir le lascainí a leithdháileadh) agus míreanna 84–86 (maidir le leithdháileadh comaoine ina gcuimsítear méideanna athraitheacha).

    75

    Níl feidhm ag míreanna 76–86 mura bhfuil ach oibleagáid feidhmíochta amháin ag conradh. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag míreanna 84–86 áfach má gheallann eintiteas go n-aistreoidh sé sraith earraí nó seirbhísí ar leith arna n-aithint mar oibleagáid feidhmíochta aonair i gcomhréir le mír 22(b) agus i gcás ina n-áirítear méideanna athraitheacha leis an gcomaoin arna gealladh.

    Leithdháileadh bunaithe ar phraghsanna díola neamhspleácha

    76

    Chun an praghas idirbhirt a leithdháileadh ar gach oibleagáid feidhmíochta ar bhonn praghas díola neamhspleách coibhneasta, cinnfidh eintiteas an praghas díola neamhspleách tráth tionscanta an chonartha don earra nó seirbhís ar leith is bonn le gach oibleagáid feidhmíochta sa chonradh agus leithdháilfidh sé an praghas idirbhirt i gcomhréir leis na praghsanna díola neamhspleácha sin.

    77

    Is ionann an praghas díola neamhspleách agus an praghas ag a ndíolfadh eintiteas earra nó seirbhís gheallta ar leithligh le custaiméir. An fhianaise is fearr de phraghas díola neamhspleách is ea praghas inbhraite earra nó seirbhíse i gcás ina ndíolann an t-eintiteas an t-earra nó an tseirbhís sin ar leithligh in imthosca comhchosúla agus le custaiméirí comhchosúla. D’fhéadfadh sé gurb é (ach ní ghlacfar leis gurb é) an praghas luaite ar bhonn conarthach nó praghasliosta le haghaidh earra nó seirbhíse an praghas díola neamhspleách ar an earra nó seirbhís sin.

    78

    Mura bhfuil praghas díola neamhspleách inbhraite go díreach, tabharfaidh eintiteas meastachán ar an bpraghas díola neamhspleách ag méid as a leanfadh leithdháileadh an phraghais idirbhirt ag comhlíonadh an chuspóra maidir le leithdháileadh i mír 73. Le linn do phraghas díola neamhspleách a bheith á mheas, breithneoidh eintiteas an fhaisnéis uile (lena n-áirítear dálaí an mhargaidh, fachtóirí a bhaineann go sonrach le heintiteas agus faisnéis maidir leis an gcustaiméir nó an aicme custaiméara) atá ar fáil go réasúnta don eintiteas. Agus sin á dhéanamh, uasmhéadóidh eintiteas an úsáid a bhaintear as ionchuir inbhraite agus cuirfidh sé modhanna meastacháin i bhfeidhm go comhsheasmhach in imthosca comhchosúla.

    79

    Áirítear iad seo a leanas ar na modhanna oiriúnacha chun meastachán a thabhairt ar phraghas díola neamhspleách earra nó seirbhíse, ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    Cur chuige measúnúcháin an mhargaidh arna choigeartú–d’fhéadfadh eintiteas meastóireacht a dhéanamh ar an margadh ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí agus d’fhéadfadh sé meastachán a thabhairt ar an bpraghas a bheadh custaiméir sa mhargadh sin toilteanach a íoc ar na hearraí nó na seirbhísí sin. D’fhéadfaí a áireamh freisin leis an gcur chuige sin tagairt a dhéanamh do phraghsanna ó iomaitheoirí an eintitis le haghaidh earraí nó seirbhísí comhchosúla agus na praghsanna sin a choigeartú de réir mar is gá chun léiriú a thabhairt ar chostais agus ar chorrlaigh an eintitis.

    (b)

    An costas a bhfuil coinne leis móide cur chuige maidir le corrlach–d’fhéadfadh eintiteas réamhaisnéis a thabhairt ar na costais a bhfuil coinne aige leo chun oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh agus ansin an corrlach iomchuí a chur leis le haghaidh an earra nó na seirbhíse sin.

    (c)

    Cur chuige iarmhair–féadfaidh eintiteas meastachán a thabhairt ar an bpraghas díola neamhspleách faoi threoir an phraghais idirbhirt iomláin lúide suim na bpraghsanna díola neamhspleácha inbhraite ar earraí nó seirbhísí eile a gealladh sa chonradh. Ní fhéadfaidh eintiteas cur chuige iarmhair a úsáid áfach chun meastachán a thabhairt, i gcomhréir le mír 78, ar phraghas díola neamhspleách earra nó seirbhíse ach amháin má chomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:

    (i)

    díolann an t-eintiteas an t-earra nó an tseirbhís chéanna le custaiméirí difriúla (ag tráth céanna nó gar don tráth céanna) ar raon leathan méideanna (i.e. tá an praghas díola thar a bheith athraitheach toisc nach bhfuil praghas díola neamhspleách ionadaíoch inbhraite ó idirbhearta roimhe nó ó fhianaise eile inbhraite); nó

    (ii)

    níor leag an t-eintiteas praghas síos go fóill don earra nó don tseirbhís sin agus níor díoladh an t-earra nó an tseirbhís roimhe sin ar bhonn neamhspleách (i.e. tá an praghas díola éiginnte).

    80

    D’fhéadfadh sé gur ghá meascán modhanna a úsáid chun meastachán a thabhairt ar phraghsanna díola neamhspleácha na n-earraí nó na seirbhísí a gealladh sa chonradh má tá praghsanna díola neamhspleácha thar a bheith athraitheach nó éiginnte ag dhá cheann nó níos mó de na hearraí nó na seirbhísí sin. Féadfaidh eintiteas cur chuige iarmhair a úsáid mar shampla chun meastachán a thabhairt ar phraghas díola neamhspleách comhiomlán na n-earraí nó na seirbhísí geallta sin ag a bhfuil praghsanna díola neamhspleácha atá thar a bheith athraitheach nó éiginnte agus ansin modh eile a úsáid chun meastachán a thabhairt ar phraghsanna díola neamhspleácha na n-earraí nó na seirbhísí aonair i gcoibhneas leis an bpraghas díola neamhspleách comhiomlán measta sin arna chinneadh leis an gcur chuige iarmhair. I gcás ina n-úsáideann eintiteas meascán modhanna chun meastachán a thabhairt ar phraghas díola neamhspleách gach earra nó seirbhíse a gealladh sa chonradh, déanfaidh an t-eintiteas meastóireacht ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh leithdháileadh an phraghais idirbhirt ag na praghsanna díola neamhspleácha measta sin comhsheasmhach leis an gcuspóir leithdháilte i mír 73 agus leis na ceanglais maidir le meastachán a thabhairt ar phraghsanna díola neamhspleácha i mír 78.

    Leithdháileadh lascaine

    81

    Faigheann custaiméir lascaine as beart earraí nó seirbhísí a cheannach más mó suim phraghsanna díola neamhspleácha na n-earraí nó na seirbhísí geallta sin sa chonradh ná an chomaoin a ghealltar i gconradh. Ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise inbhraite ag eintiteas i gcomhréir le mír 82 nach mbaineann an lascaine iomlán ach le ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí feidhmíochta i gconradh, ach ní leo ar fad, leithdháilfidh an t-eintiteas lascaine go comhréireach maidir leis na hoibleagáidí feidhmíochta uile sa chonradh. Beidh leithdháileadh comhréireach an lascaine sna himthosca sin ina iarmhairt den eintiteas a bheith ag leithdháileadh an phraghais idirbhirt ar gach oibleagáid feidhmíochta ar bhonn phraghsanna díola neamhspleácha coibhneasta na n-earraí nó na seirbhísí foluiteacha ar leith.

    82

    Leithdháilfidh eintiteas lascaine go hiomlán ar cheann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh, ach ní orthu ar fad má chomhlíontar gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    díolann an t-eintiteas go tráthrialta gach earra nó seirbhís ar leith (nó gach beart earraí nó seirbhísí ar leith) sa chonradh ar bhonn neamhspleách;

    (b)

    díolann an t-eintiteas go tráthrialta freisin ar bhonn neamhspleách beart (nó bearta) de roinnt de na hearraí nó seirbhísí ar leith sin ar lascaine le praghsanna díola neamhspleácha na n-earraí nó na seirbhísí i ngach beart; agus

    (c)

    tá an lascaine atá inchurtha i leith gach beart earraí nó seirbhísí a thuairiscítear i mír 82(b) mar an gcéanna den chuid is mó leis an lascaine sa chonradh agus soláthraíonn anailís ar na hearraí nó na seirbhísí i ngach beart fianaise inbhraite ar an oibleagáid feidhmíochta (nó na hoibleagáidí feidhmíochta) ar léi an lascaine iomlán sa chonradh.

    83

    Má leithdháiltear lascaine go hiomlán ar cheann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh i gcomhréir le mír 82, leithdháilfidh eintiteas an lascaine roimh an gcur chuige iarmhair a úsáid chun meastachán a thabhairt ar phraghas díola neamhspleách earra nó seirbhíse i gcomhréir le mír 79(c).

    Leithdháileadh comaoine athraithí

    84

    Féadfaidh comaoin athraitheach a ghealltar i gconradh a bheith inchurtha i leith an chonartha iomláin nó i leith cuid shonrach den chonradh, amhail ceachtar díobh seo a leanas:

    (a)

    ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh, ach ní iad ar fad (d’fhéadfadh bónas a bheith ag brath ar eintiteas earra nó seirbhís gheallta a aistriú laistigh de thréimhse ama shonraithe, mar shampla); nó

    (b)

    ceann amháin nó níos mó d’earraí nó seirbhísí ar leith, ach ní iad ar fad, a gealladh i sraith earraí nó seirbhísí ar leith atá mar chuid d’oibleagáid feidhmíochta aonair i gcomhréir le mír 22(b) (méadóidh an chomaoin a gealladh den dara bliain de chonradh seirbhíse glantacháin dhá bhliain ar bhonn gluaiseachtaí in innéacs boilscithe sonraithe, mar shampla).

    85

    Leithdháilfidh eintiteas méid athraitheach (agus athruithe ina dhiaidh sin ar an méid sin) go hiomlán ar oibleagáid feidhmíochta nó ar earra nó seirbhís ar leith atá mar chuid d’oibleagáid feidhmíochta aonair i gcomhréir le mír 22(b) má chomhlíontar na critéir seo a leanas araon:

    (a)

    baineann téarmaí íocaíochta athraithí go sonrach le hiarrachtaí an eintitis an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh nó an t-earra nó an tseirbhís ar leith a aistriú (nó toradh sonrach ó chomhlíonadh na hoibleagáide feidhmíochta nó ó aistriú an earra nó na seirbhíse ar leith); agus

    (b)

    méid athraitheach na comaoine a leithdháileadh go hiomlán ar an oibleagáid feidhmíochta nó i gcás ina bhfuil an t-earra nó an tseirbhís ar leith comhsheasmhach leis an gcuspóir leithdháilte i mír 73 nuair atá gach ceann de na hoibleagáidí feidhmíochta agus na téarmaí íocaíochta sa chonradh á meas.

    86

    Cuirfear na ceanglais maidir le leithdháileadh i míreanna 73–83 i bhfeidhm chun an méid atá fágtha den phraghas idirbhirt nach gcomhlíonann na critéir i mír 85 a leithdháileadh.

    Athruithe ar an bpraghas idirbhirt

    87

    Tar éis tionscnamh conartha, is féidir leis an bpraghas idirbhirt athrú ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear réiteach teagmhas éiginnte nó athruithe eile ar imthosca lena n-athraítear an méid comaoine a mbeidh coinne ag eintiteas le bheith ina teideal mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí geallta.

    88

    Leithdháilfidh eintiteas ar na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh aon athrú ina dhiaidh sin ar an bpraghas idirbhirt ar an mbunús céanna agus a rinneadh tráth tionscanta an chonartha. Dá dheasca sin, ní leithdháilfidh eintiteas an praghas idirbhirt an athuair chun léiriú a thabhairt ar athruithe ar phraghsanna díola neamhspleácha tar éis thráth tionscanta an chonartha. Méideanna arna leithdháileadh ar oibleagáid feidhmíochta atá comhlíonta, aithneofar iad mar ioncam, nó mar laghdú ar ioncam, sa tréimhse ina n-athraítear an praghas idirbhirt.

    89

    Leithdháilfidh eintiteas athrú ar an bpraghas idirbhirt go hiomlán ar oibleagáid feidhmíochta amháin nó níos mó nó ar earraí nó seirbhísí ar leith atá geallta i sraith atá mar chuid d’oibleagáid feidhmíochta aonair, ach ní orthu ar fad, i gcomhréir le mír 22(b) ach amháin má chomhlíontar na critéir i mír 85 maidir le comaoin athraitheach a leithdháileadh.

    90

    Coinneoidh eintiteas cuntas ar athrú ar an bpraghas idirbhirt a eascraíonn de thoradh modhnú conartha i gcomhréir le míreanna 18–21. I gcás athrú ar an bpraghas idirbhirt a tharlaíonn tar éis modhnú conartha, áfach, cuirfidh eintiteas míreanna 87–89 i bhfeidhm chun an t-athrú ar an bpraghas idirbhirt a leithdháileadh i cibé ceann de na bealaí a leanas is infheidhme:

    (a)

    Leithdháilfidh eintiteas an t-athrú ar an bpraghas idirbhirt ar na hoibleagáidí feidhmíochta arna sainaithint sa chonradh roimh an modhnú má bhíonn, agus a mhéid atá, an t-athrú ar an bpraghas idirbhirt inchurtha i leith méid comaoine athraithí arna gealladh roimh an modhnú agus coinnítear cuntas ar an modhnú i gcomhréir le mír 21(a).

    (b)

    I ngach cás eile nár coinníodh cuntas ar an modhnú mar chonradh ar leithligh i gcomhréir le mír 20, leithdháilfidh eintiteas an t-athrú ar an bpraghas idirbhirt ar na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh modhnaithe (i.e. na hoibleagáidí feidhmíochta nár comhlíonadh nó nár comhlíonadh ach go páirteach láithreach tar éis an mhodhnaithe).

    COSTAIS CHONARTHA

    Na costais incriminteacha maidir le conradh a fháil

    91

    Aithneoidh eintiteas mar shócmhainn na costais incriminteacha maidir le conradh a fháil le custaiméir má tá coinne ag an eintiteas leis go ndéanfaidh sé na costais sin a aisghabháil.

    92

    Is iad na costais incriminteacha maidir le conradh a fháil na costais sin a thabhaíonn eintiteas chun conradh a fháil le custaiméir nach dtabhódh sé mura bhfaighfí an conradh (coimisiún díolacháin, mar shampla).

    93

    Na costais maidir le conradh a fháil a thabhófaí gan beann ar cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas an conradh, aithneofar iad mar speansas nuair a thabhófar iad, mura bhfuil na costais sin inmhuirearaithe go sainráite don chustaiméir gan beann ar cé acu a fhaightear nó nach bhfaightear an conradh.

    94

    Mar bheart praiticiúil, féadfaidh eintiteas na costais incriminteacha maidir le conradh a fháil a aithint mar speansas nuair a thabhaítear iad más ionann tréimhse amúchta na sócmhainne a d’aithneodh an t-eintiteas ar shlí eile agus 1 bhliain amháin nó níos lú.

    Na costais maidir le conradh a chomhlíonadh

    95

    Mura bhfuil na costais a tabhaíodh chun conradh a chomhlíonadh le custaiméir faoi raon feidhme Caighdeáin eile (IAS 2 Fardail, IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh nó IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe) mar shampla, ní aithneoidh eintiteas sócmhainn ó na costais a tabhaíodh chun conradh a chomhlíonadh ach amháin má chomhlíonann na costais sin gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    baineann na costais go díreach le conradh nó le conradh beartaithe is féidir leis an eintiteas a shainaithint go sonrach (costais a bhaineann le seirbhísí a sholáthrófar faoi athnuachan conartha reatha nó na costais a bhaineann le sócmhainn a dhearadh, sócmhainn atá le haistriú faoi chonradh sonrach nár formheasadh go fóill, mar shampla);

    (b)

    leis na costais gintear nó feabhsaítear acmhainní an eintitis a úsáidfear chun oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíonadh (nó leanúint dá gcomhlíonadh) amach anseo; agus

    (c)

    tá coinne leis go ndéanfar na costais a aisghabháil.

    96

    I gcás costais a tabhaíodh chun conradh le custaiméir a chomhlíonadh atá faoi raon feidhme Caighdeáin eile, coinneoidh eintiteas cuntas ar na costais sin i gcomhréir leis na Caighdeáin eile sin.

    97

    Cuimsítear le costais a bhaineann go díreach le conradh (nó le conradh sonrach a bheartaítear) aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    saothar díreach (tuarastail agus pá fostaithe a sholáthraíonn na seirbhísí a ghealltar díreach don chustaiméir, mar shampla);

    (b)

    ábhair dhíreacha (soláthairtí a úsáidtear chun na seirbhísí geallta a sholáthar do chustaiméir, mar shampla);

    (c)

    leithdháiltí costas a bhaineann go díreach leis an gconradh nó le gníomhaíochtaí an chonartha (costais maidir le bainistíocht agus formhaoirseacht conartha, árachas agus dímheas uirlisí, trealaimh agus sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a úsáidtear chun an conradh a chomhlíonadh, mar shampla);

    (d)

    costais is inmhuirearaithe go sainráite don chustaiméir faoin gconradh; agus

    (e)

    costais eile nach dtabhaítear ach amháin toisc go bhfuil an conradh déanta ag eintiteas (íocaíochtaí le fochonraitheoirí, mar shampla).

    98

    Aithneoidh eintiteas na costais seo a leanas mar speansais nuair a thabhaítear iad:

    (a)

    costais ghinearálta agus costais riaracháin (mura bhfuil na costais sin inmhuirearaithe go sainráite don chustaiméir faoin gconradh, agus i gcás mar sin déanfaidh eintiteas meastóireacht ar na costais sin i gcomhréir le mír 97);

    (b)

    na costais a bhaineann le hábhair a chuirtear amú, costais saothair nó acmhainní eile chun an conradh a chomhlíonadh agus nár léiríodh i bpraghas an chonartha;

    (c)

    costais a bhaineann le hoibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh (nó oibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh go páirteach) sa chonradh (i.e. costais a bhaineann le feidhmíocht roimhe seo); agus

    (d)

    costais nach féidir le heintiteas idirdhealú a dhéanamh ina leith faoi cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na costais le hoibleagáidí feidhmíochta nár comhlíonadh nó le hoibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh (nó oibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh go páirteach).

    Amúchadh agus lagú

    99

    Sócmhainn arna haithint i gcomhréir le mír 91 nó 95, déanfar í a amúchadh ar bhonn córasach atá comhsheasmhach leis an aistriú chuig an gcustaiméir ar na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann an tsócmhainn. D’fhéadfadh baint a bheith ag an tsócmhainn le hearraí nó le seirbhísí a aistreofar faoi chonradh sonrach atá beartaithe (mar a thuairiscítear i mír 95(a)).

    100

    % Tabharfaidh eintiteas an t-amúchadh cothrom le dáta chun léiriú a thabhairt ar athrú suntasach ar uainiú an aistrithe lena bhfuil coinne chuig custaiméir na n-earraí nó na seirbhísí lena mbaineann an tsócmhainn. Coinneofar cuntas ar athrú den sórt sin mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8.

    101

    Aithneoidh eintiteas caillteanas lagaithe i mbrabús nó caillteanas a mhéid ar mó suim ghlanluacha sócmhainne a aithnítear i gcomhréir le mír 91 nó 95:

    (a)

    ná méid na comaoine atá fágtha agus lena bhfuil coinne ag an eintiteas a fháil mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí lena mbaineann an tsócmhainn; lúide

    (b)

    na costais a bhaineann go díreach leis na hearraí nó na seirbhísí sin a sholáthar agus nár aithníodh mar speansais (féach mír 97).

    102

    Chun mír 101 a chur i bhfeidhm chun méid na comaoine a bhfuil coinne ag eintiteas lena fháil a chinneadh, bainfidh eintiteas úsáid as na prionsabail chun an praghas idirbhirt a chinneadh (ach amháin na ceanglais i míreanna 56–58 maidir le meastacháin de chomaoin athraitheach a shrianadh) agus coigeartóidh sé an méid sin chun léiriú a thabhairt ar iarmhairtí riosca creidmheasa an chustaiméara.

    103

    Sula n-aithníonn eintiteas caillteanas lagaithe le haghaidh sócmhainne a aithnítear i gcomhréir le mír 91 nó 95, aithneoidh an t-eintiteas aon chaillteanas lagaithe le haghaidh sócmhainní a bhaineann leis an gconradh a aithnítear i gcomhréir le Caighdeán eile (IAS 2, IAS 16 agus IAS 38, mar shampla). Tar éis an tástáil lagaithe i mír 101 a chur i bhfeidhm, áireoidh eintiteas suim ghlanluacha na sócmhainne dá thoradh sin arna aithint i gcomhréir le mír 91 nó 95 i suim ghlanluacha an aonaid giniúna airgid ar leis é chun IAS 36 Lagú Sócmhainní a chur i bhfeidhm maidir leis an aonad giniúna airgid sin.

    104

    Aithneoidh eintiteas i mbrabús nó caillteanas cealú roinnt den chaillteanas lagaithe, nó an t-iomlán de, a aithníodh roimhe i gcomhréir le mír 101 nuair nach ann do na dálaí lagaithe a thuilleadh nó go bhfuil feabhas curtha orthu. Ní rachaidh suim ghlanluacha mhéadaithe na sócmhainne thar an méid a chinnfí (glan ar amúchadh) i gcás nár aithníodh aon chaillteanas lagaithe roimhe sin.

    CUR I LÁTHAIR

    105

    I gcás feidhmiú ceachtar páirtí i gconradh, cuirfidh eintiteas an conradh i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais mar shócmhainn conartha nó mar dhliteanas conartha, ag brath ar an ngaolmhaireacht idir feidhmíocht an eintitis agus íocaíocht an chustaiméara. Cuirfidh eintiteas aon cheart neamhchoinníollach ar chomaoin i láthair ar leithligh mar shuim infhaighte.

    106

    Má íocann custaiméir comaoin, nó má tá ceart ag eintiteas chun méid comaoine nach bhfuil coinníollach (i.e. suim infhaighte), sula n-aistríonn an t-eintiteas earra nó seirbhís chuig an gcustaiméir, cuirfidh an t-eintiteas an conradh i láthair mar dhliteanas conartha nuair a dhéantar an íocaíocht nó nuair a bheidh an íocaíocht dlite (cibé acu is túisce). Is ionann dliteanas conartha agus oibleagáid eintitis earraí nó seirbhísí a aistriú chuig custaiméir dá bhfuil comaoin faighte ag an eintiteas (nó dá bhfuil méid comaoine dlite) ón gcustaiméir.

    107

    Má fheidhmíonn eintiteas trí earraí nó seirbhísí a aistriú chuig custaiméir sula n-íocann an custaiméir comaoin nó sula mbíonn íocaíocht dlite, cuirfidh an t-eintiteas an conradh i láthair mar shócmhainn chonartha, agus aon mhéid arna chur i láthair mar shuim infhaighte curtha as an áireamh. Is ionann sócmhainn chonartha agus ceart eintitis chun comaoine mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí a d’aistrigh an t-eintiteas chuig custaiméir. Déanfaidh eintiteas measúnú ar shócmhainn chonartha i gcomhair lagú i gcomhréir le IFRS 9. Déanfar lagú ar shócmhainn conartha a thomhas, a chur i láthair agus a nochtadh ar an mbunús céanna le sócmhainn airgeadais atá faoi raon feidhme IFRS 9 (féach freisin mír 113(b)).

    108

    Is éard is suim infhaighte ann ceart eintitis chun comaoin atá neamhchoinníollach. Ní ceart neamhchoinníollach é ceart chun comaoine ach amháin má cheanglaítear an t-imeacht ama sula mbeidh íocaíocht na comaoine sin dlite. D’aithneodh eintiteas suim infhaighte má tá ceart aige faoi láthair chun íocaíochta cé go bhféadfadh an méid sin a bheith faoi réir aisíocaíochta amach anseo, mar shampla. Coinneoidh eintiteas cuntas ar shuim infhaighte i gcomhréir le IFRS 9. Tráth aitheantais tosaigh suim infhaighte ó chonradh le custaiméir, aon difríocht idir tomhas na suime infhaighte i gcomhréir le IFRS 9 agus an méid comhfhreagrach ioncaim arna aithint, cuirfear i láthair é mar speansas (mar chaillteanas lagaithe, mar shampla).

    109

    Leis an gCaighdeán seo úsáidtear na téarmaí ‘sócmhainn conartha’ agus ‘dliteanas conartha’ ach ní chuirtear toirmeasc leis ar eintiteas tuairiscí malartacha a úsáid sa ráiteas ar an staid airgeadais maidir leis na míreanna sin. Má úsáideann eintiteas tuairisc mhalartach le haghaidh sócmhainn conartha, soláthróidh an t-eintiteas faisnéis leordhóthanach d’úsáideoir na ráiteas airgeadais chun idirdhealú a dhéanamh idir suimeanna infhaighte agus sócmhainní conartha.

    NOCHTADH

    110

    Is é is cuspóir do na ceanglais maidir le nochtadh go nochtfaidh eintiteas faisnéis leordhóthanach chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar chineál, ar mhéid, uainiú agus éiginnteacht an tsreafa ioncaim agus an tsreafa airgid a eascraíonn as conarthaí le custaiméirí. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil maidir leo seo a leanas ar fad:

    (a)

    a chonarthaí le custaiméirí (féach míreanna 113–122);

    (b)

    na breithiúnais shuntasacha, agus athruithe ar na breithiúnais, a rinneadh chun an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin (féach míreanna 123–126); agus

    (c)

    aon sócmhainn arna haithint ó na costais chun conradh le custaiméir a fháil nó a chomhlíonadh i gcomhréir le mír 91 nó 95 (féach míreanna 127–128).

    111

    Déanfaidh eintiteas breithniú ar an méid mionsonraí a bhfuil gá leo chun an cuspóir maidir le nochtadh a chomhlíonadh, mar aon leis an méid béime is gá a chur ar gach ceann de na ceanglais éagsúla. Déanfaidh eintiteas nochtaí a chomhiomlánú nó a dhí-chomhiomlánú ionas nach ndéanfar faisnéis úsáideach a fholú trí líon mór mionsonraí neamhshuntasacha a chuimsiú nó trí mhíreanna a bhfuil saintréithe difriúla acu a chomhiomlánú.

    112

    Ní gá d’eintiteas faisnéis a nochtadh i gcomhréir leis an gCaighdeán seo má sholáthair sé an fhaisnéis i gcomhréir le Caighdeán eile.

    Conarthaí le custaiméirí

    113

    Nochtfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas le haghaidh na tréimhse tuairiscithe mura gcuirtear na méideanna sin i láthair ar leithligh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach i gcomhréir le Caighdeáin eile:

    (a)

    ioncam arna aithint ó chonarthaí le custaiméirí, a nochtfaidh an t-eintiteas ar leithligh óna chuid foinsí eile ioncaim; agus

    (b)

    aon chaillteanas lagaithe arna aithint (i gcomhréir le IFRS 9) maidir le haon suim infhaighte nó sócmhainn conartha a eascraíonn as conarthaí eintitis le custaiméirí, a nochtfaidh an t-eintiteas ar leithligh ó chaillteanais lagaithe ó chonarthaí eile.

    Dí-chomhiomlánú ioncaim

    114

    Déanfaidh eintiteas dí-chomhiomlánú ar ioncam arna aithint ó chonarthaí le custaiméirí i gcatagóirí lena léirítear conas a dhéanann fachtóirí eacnamaíocha difear do chineál, méid, uainiú agus éiginnteacht sreafa ioncaim agus sreafa airgid. Cuirfidh eintiteas an treoraíocht i míreanna B87–B89 i bhfeidhm le linn roghnú na gcatagóirí a úsáidfidh sé chun an t-ioncam a dhí-chomhiomlánú.

    115

    Ina theannta sin, nochtfaidh eintiteas faisnéis leordhóthanach chun cur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar an ngaolmhaireacht idir nochtadh ioncaim dí-chomhiomlánaithe (i gcomhréir le mír 114) agus faisnéis ioncaim a nochtar maidir le gach deighleog intuarascála, má chuireann an t-eintiteas IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin i bhfeidhm.

    Iarmhéideanna conartha

    116

    Nochtfaidh eintiteas gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    iarmhéideanna tosaigh agus iarmhéideanna deiridh suimeanna infhaighte, sócmhainní conartha agus dliteanas conartha ó chonarthaí le custaiméirí, mura gcuirtear i láthair nó mura nochtar ar leithligh iad ar shlí eile;

    (b)

    ioncam a aithníodh sa tréimhse thuairiscithe a cuireadh san áireamh san iarmhéid dliteanais conartha ag tús na tréimhse; agus

    (c)

    ioncam arna aithint sa tréimhse thuairiscithe ó oibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh (nó a comhlíonadh go páirteach) i dtréimhsí roimhe seo (athruithe ar an bpraghas idirbhirt, mar shampla).

    117

    Míneoidh eintiteas conas atá baint ag uainiú chomhlíonadh a oibleagáidí feidhmíochta (féach mír 119(a)) le gnáthuainiú íocaíochta (féach mír 119(b)) agus an iarmhairt a bhíonn ag na fachtóirí sin ar iarmhéideanna na sócmhainne conartha agus an dliteanais conartha. D’fhéadfaí faisnéis cháilíochtúil a úsáid sa mhíniú a sholáthrófar.

    118

    Soláthróidh eintiteas míniú ar na hathruithe suntasacha ar iarmhéideanna na sócmhainne conartha agus an dliteanais conartha le linn na tréimhse tuairiscithe. Áireofar faisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil sa mhíniú. I measc na samplaí d’athruithe ar iarmhéideanna shócmhainní conartha agus dhliteanais conartha an eintitis tá aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    athruithe i ngeall ar na comhcheangail ghnó;

    (b)

    coigeartuithe carnacha coinbhéirseachta ar ioncam a dhéanann difear don tsócmhainn chonartha nó don dliteanas conartha comhfhreagrach, lena n-áirítear coigeartuithe a eascraíonn as athrú ar an tomhas a dhéantar ar dhul chun cinn, athrú ar mheastachán den phraghas idirbhirt (lena n-áirítear aon athrú ar an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil meastachán ar chomaoin athraitheach srianta) nó modhnú conartha;

    (c)

    lagú ar shócmhainn conartha;

    (d)

    athrú ar an gcreat ama ina mbeidh ceart comaoine neamhchoinníollach (.i.e. ionas go ndéanfar sócmhainn conartha a athaicmiú chuig suim infhaighte); agus

    (e)

    athrú ar an gcreat ama ina gcomhlíonfar oibleagáid feidhmíochta (i.e. chun ioncam a eascraíonn as dliteanas conartha a aithint).

    Oibleagáidí feidhmíochta

    119

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir lena oibleagáidí feidhmíochta i gconarthaí le custaiméirí, lena n-áirítear tuairisc ar gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    i gcás ina gcomhlíonann an t-eintiteas a oibleagáidí feidhmíochta de ghnáth (ar loingsiú, ar sheachadadh, de réir mar a sholáthraítear seirbhísí nó ar thabhairt i gcrích seirbhíse, mar shampla), lena n-áirítear nuair a chomhlíontar oibleagáidí feidhmíochta i socrú billeáil agus coinnigh;

    (b)

    na téarmaí íocaíochta suntasacha (nuair a bhíonn íocaíocht dlite de ghnáth, mar shampla, cé acu atá nó nach bhfuil comhpháirt maoiniúcháin shuntasach ag an gconradh, cé acu atá nó nach bhfuil méid na comaoine athraitheach agus cé acu atá nó nach bhfuil an meastachán ar chomaoin athraitheach srianta de ghnáth i gcomhréir le míreanna 56–58);

    (c)

    cineál na n-earraí nó na seirbhísí a gheall an t-eintiteas a aistriú, ag cur i dtábhacht aon oibleagáid feidhmíochta chun socrú a dhéanamh do pháirtí eile earraí nó seirbhísí a aistriú (i.e. má tá an t-eintiteas ag gníomhú mar ghníomhaire);

    (d)

    oibleagáidí maidir le nithe a fhaightear ar ais, aisíocaíochtaí agus oibleagáidí comhchosúla eile; agus

    (e)

    cineálacha barántaí agus oibleagáidí gaolmhara.

    Praghas idirbhirt a leithdháiltear ar na hoibleagáidí feidhmíochta atá fágtha

    120

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis seo a leanas maidir lena oibleagáidí feidhmíochta atá fágtha:

    (a)

    méid comhiomlán an phraghais idirbhirt a leithdháiltear ar fheidhmiú oibleagáidí nár comhlíonadh (nó a comhlíonadh go páirteach) ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (b)

    míniú ar cathain atá coinne ag an eintiteas leis an méid arna nochtadh i gcomhréir le mír 120(a) a aithint mar ioncam, rud a nochtfaidh an t-eintiteas ar cheachtar de na bealaí seo a leanas:

    (i)

    ar bhonn cainníochtúil ag úsáid na mbandaí ama ab oiriúnaí le haghaidh fhad na n-oibleagáidí feidhmíochta atá fágtha; nó

    (ii)

    trí fhaisnéis cháilíochtúil a úsáid.

    121

    Mar bheart praiticiúil, ní gá d’eintiteas an fhaisnéis i mír 120 a nochtadh maidir le hoibleagáid feidhmíochta má chomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    is cuid de chonradh í an oibleagáid feidhmíochta a bhfuil fad ionchais bunaidh 1 bhliain amháin nó níos lú ag gabháil léi; nó

    (b)

    aithníonn an t-eintiteas ioncam ó chomhlíonadh na hoibleagáide feidhmíochta i gcomhréir le mír B16.

    122

    Míneoidh eintiteas ar bhonn cáilíochtúil cé acu atá nó nach bhfuil sé ag cur an bhirt phraiticiúil i mír 121 i bhfeidhm agus cé acu atá nó nach bhfuil aon chomaoin ó chonarthaí le custaiméirí san áireamh sa phraghas idirbhirt agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sí san áireamh san fhaisnéis arna nochtadh i gcomhréir le mír 120. Ní áireofaí le meastachán den phraghas idirbhirt mar shampla aon mhéid measta de chomaoin athraitheach atá srianta (féach míreanna 56–58).

    Breithiúnais shuntasacha maidir le cur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo

    123

    Nochtfaidh eintiteas na breithiúnais, agus na hathruithe ar na breithiúnais, arna ndéanamh chun an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm, caighdeán a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh don chinneadh maidir le méid agus uainiú an ioncaim ó chonarthaí le custaiméirí. Go háirithe, míneoidh eintiteas na breithiúnais, agus na hathruithe ar na breithiúnais, a úsáideadh chun iad seo a leanas araon a chinneadh:

    (a)

    uainiú chomhlíonadh na n-oibleagáidí feidhmíochta (féach míreanna 124–125); agus

    (b)

    an praghas idirbhirt agus na méideanna arna leithdháileadh ar oibleagáidí feidhmíochta (féach mír 126).

    Uainiú chomhlíonadh na n-oibleagáidí feidhmíochta a chinneadh

    124

    I gcás oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíonann eintiteas le himeacht ama, nochtfaidh eintiteas iad seo a leanas araon:

    (a)

    na modhanna a úsáidtear chun ioncam a aithint (tuairisc ar na modhanna aschuir nó na modhanna ionchuir a úsáidtear mar shampla agus conas a chuirtear na modhanna sin i bhfeidhm); agus

    (b)

    míniú ar an bhfáth a dtugann na modhanna a úsáidtear léiriú cruinn ar an aistriú earraí nó seirbhísí.

    125

    I gcás oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíontar ag pointe ama, nochtfaidh eintiteas na breithiúnais shuntasacha a rinneadh chun meastóireacht a dhéanamh ar cathain a fhaigheann custaiméir rialú ar earraí nó seirbhísí geallta.

    An praghas idirbhirt a chinneadh agus na méideanna arna leithdháileadh ar oibleagáidí feidhmíochta

    126

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis maidir leis na modhanna, na hionchuir agus na toimhdí a úsáideadh le haghaidh gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    an praghas idirbhirt a chinneadh, ina gcuimsítear meastachán a thabhairt ar an gcomaoin athraitheach, an chomaoin a choigeartú i leith iarmhairtí an amluacha airgid agus comaoin neamhairgid a thomhas, ach gan bheith teoranta dóibh sin;

    (b)

    measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil comaoin athraitheach srianta;

    (c)

    an praghas idirbhirt a leithdháileadh, lena n-áirítear meastachán a thabhairt maidir le praghsanna díola neamhspleácha earraí nó seirbhísí geallta agus lascainí agus comaoin athraitheach a leithdháileadh ar chuid shonrach den chonradh (más infheidhme); agus

    (d)

    oibleagáidí a thomhas maidir le nithe a fhaightear ar ais, aisíocaíochtaí agus oibleagáidí comhchosúla eile.

    Sócmhainní arna n-aithint ó na costais chun conradh le custaiméir a fháil nó a chomhlíonadh

    127

    Tabharfaidh eintiteas tuairisc orthu seo a leanas araon:

    (a)

    na breithiúnais a thugtar chun méid na gcostas a tabhaíodh chun conradh le custaiméir a fháil nó a chomhlíonadh a chinneadh (i gcomhréir le mír 91 nó 95); agus

    (b)

    an modh a úsáideann sé chun an t-amúchadh a chinneadh le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe.

    128

    Nochtfaidh eintiteas gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    iarmhéideanna deiridh sócmhainní arna n-aithint ó na costais a tabhaíodh chun conradh le custaiméir a fháil nó a chomhlíonadh (i gcomhréir le mír 91 nó 95), trí phríomhchatagóir sócmhainne (costais chun conarthaí le custaiméirí a fháil, costais réamhchonartha agus costais tionscanta, mar shampla); agus

    (b)

    an méid amúchta agus aon chaillteanas lagaithe arna n-aithint sa tréimhse thuairiscithe.

    Bearta praiticiúla

    129

    Má roghnaíonn eintiteas an beart praiticiúil i mír 63 (maidir le comhpháirt maoiniúcháin shuntasach a bheith ann) nó i mír 94 (maidir leis na costais incriminteacha chun conradh a fháil), nochtfaidh eintiteas an méid sin.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

    conradh

    Comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe.

    sócmhainn chonartha

    Ceart eintitis chun comaoine mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí a d’aistrigh an t-eintiteas chuig custaiméir i gcás ina mbeidh an ceart sin coinníollach ar rud éigin seachas an t-imeacht ama (feidhmíocht an eintitis amach anseo, mar shampla).

    dliteanas conartha

    An oibleagáid atá ar eintiteas earraí nó seirbhísí a aistriú chuig custaiméir dá bhfuil comaoin faighte ag an eintiteas (nó dá bhfuil an méid dlite) ón gcustaiméir.

    custaiméir

    Páirtí a rinne conradh le heintiteas chun earraí nó seirbhísí atá mar aschur ghnáthghníomhaíochtaí an eintitis a fháil mar mhalairt ar chomaoin.

    ioncam

    Méaduithe ar thairbhí eacnamaíocha le linn na tréimhse cuntasaíochta i bhfoirm insreafa nó feabhsuithe ar shócmhainní nó laghduithe ar dhliteanais as a leanann méadú ar chothromas, seachas iad sin a bhaineann le ranníocaíochtaí ó rannpháirtithe cothromais.

    oibleagáid feidhmíochta

    Gealltanas i gconradh le custaiméir chun ceachtar díobh seo a leanas a aistriú chuig an gcustaiméir:

    (a)

    earra nó seirbhís (nó cnuasach earraí nó seirbhísí) atá leithleach; nó

    (b)

    sraith earraí nó seirbhísí leithleacha atá mar an gcéanna den chuid is mó agus ag a bhfuil an patrún céanna aistrithe chuig an gcustaiméir.

    ioncam

    Ioncam a eascraíonn le linn gnáthghníomhaíochtaí eintitis.

    praghas díola neamhspleách (earra nó seirbhís)

    An praghas ag a ndíolfadh eintiteas earra nó seirbhís gheallta ar leithligh le custaiméir.

    praghas idirbhirt (ar chonradh le custaiméir)

    An méid comaoine lena bhfuil coinne ag eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar earraí nó seirbhísí geallta a aistriú chuig custaiméir, gan méideanna a bhailítear thar ceann tríú páirtithe san áireamh.

    Aguisín B

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo. Tugtar tuairisc inti ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–129 agus tá an t-údarás céanna aici agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

    B1

    Eagraítear an treoraíocht seo maidir le cur i bhfeidhm sna catagóirí seo a leanas:

    (a)

    oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama (míreanna B2–B13);

    (b)

    modhanna chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta (míreanna B14–B19);

    (c)

    díol le ceart cur ar ais (míreanna B20–B27);

    (d)

    barántaí (míreanna B28–B33);

    (e)

    comaoineacha príomhaí seachas gníomhaire (míreanna B34–B38);

    (f)

    roghanna an chustaiméara le haghaidh earraí nó seirbhísí breise (míreanna B39–B43);

    (g)

    cearta custaiméirí nach bhfeidhmítear (míreanna B44–B47);

    (h)

    táillí tosaigh neamh-inaisíoctha (agus roinnt costais ghaolmhara) (míreanna B48–B51);

    (i)

    ceadúnú (míreanna B52–B63B);

    (j)

    comhaontuithe athcheannaigh (míreanna B64–B76);

    (k)

    socruithe coinsíneachta (míreanna B77–B78);

    (l)

    socruithe billeáil agus coinnigh (míreanna B79–B82);

    (m)

    glacadh custaiméara (míreanna B83–B86); agus

    (n)

    nochtadh maidir le hioncam dí-chomhiomlánaithe (míreanna B87–B89).

    Oibleagáidí feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama

    B2

    I gcomhréir le mír 35, comhlíontar oibleagáid feidhmíochta le himeacht ama má chomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    faigheann agus ídíonn an custaiméir na tairbhí go comhuaineach arna soláthar ag feidhmíocht an eintitis de réir mar a fheidhmíonn an t-eintiteas (féach míreanna B3–B4);

    (b)

    cruthaítear nó feabhsaítear sócmhainn le feidhmíocht an eintitis (mar shampla, obair ar siúl) a rialaíonn an custaiméir de réir mar a chruthaítear nó a fheabhsaítear an tsócmhainn (féach mír B5); nó

    (c)

    ní chruthaíonn feidhmíocht an eintitis sócmhainn ag a bhfuil úsáid mhalartach don eintiteas (féach míreanna B6–B8) agus tá ceart in-fhorfheidhmithe ag an eintiteas chun íocaíochta as feidhmíocht a tugadh chun críche go dtí seo (féach míreanna B9–B13).

    Fáil agus ídiú comhuaineach thairbhí fheidhmíocht an eintitis (mír 35(a))

    B3

    I gcás cineálacha oibleagáidí feidhmíochta, beidh an measúnú ar cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann custaiméir na tairbhí a bhaineann le feidhmíocht eintitis de réir mar a fheidhmíonn an t-eintiteas agus de réir mar a ídíonn sé go comhuaineach na tairbhí sin de réir mar a fhaightear iad, beidh an measúnú sin simplí. I measc na samplaí tá gnáthsheirbhísí nó seirbhísí athfhillteacha (amhail seirbhís ghlantacháin) inar féidir an fháil agus an t-ídiú comhuaineach a dhéanann an custaiméir ar thairbhí fheidhmíocht an eintitis a shainaithint go héasca.

    B4

    Maidir le cineálacha eile oibleagáidí feidhmíochta, féadfar nach mbeidh eintiteas in ann a shainaithint go héasca cé acu a fhaigheann agus a ídíonn nó nach bhfaigheann agus nach n-ídíonn custaiméir go comhuaineach na tairbhí ó fheidhmíocht an eintitis de réir mar a fheidhmíonn an t-eintiteas. Sna himthosca sin, comhlíontar oibleagáid feidhmíochta le himeacht ama má chinneann eintiteas nár ghá d’eintiteas eile an obair a thug an t-eintiteas i gcrích go dtí seo a fheidhmiú an athuair dá mba rud é go raibh an t-eintiteas eile sin in ann an oibleagáid feidhmíochta atá fágtha a chomhlíonadh don chustaiméir. Agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu ar ghá nó nár ghá d’eintiteas eile an obair a rinne an t-eintiteas go dtí seo a athfheidhmiú, déanfaidh eintiteas an dá thoimhde seo a leanas:

    (a)

    déanfaidh sé neamhaird de na srianta conarthacha féideartha nó na teorainneacha praiticiúla a chuirfeadh cosc ar an eintiteas ar shlí eile an oibleagáid feidhmíochta atá fágtha a aistriú chuig eintiteas eile; agus

    (b)

    glacfaidh sé leis nach mbeadh ag eintiteas eile a bheadh ag comhlíonadh an chuid eile den oibleagáid feidhmíochta an tairbhe maidir le haon sócmhainn atá á rialú ag an eintiteas i láthair na huaire agus a bheadh fós á rialú ag an eintiteas dá ndéanfaí an oibleagáid feidhmíochta a aistriú chuig eintiteas eile.

    Rialaíonn an custaiméir an tsócmhainn amhail agus gur cruthaíodh nó gur feabhsaíodh í (mír 35(b))

    B5

    Agus cinneadh á dhéanamh faoi cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn custaiméir sócmhainn amhail agus gur cruthaíodh nó gur feabhsaíodh í i gcomhréir le mír 35(b), cuirfidh eintiteas na ceanglais maidir le rialú i míreanna 31–34 agus mír 38 i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé gur sócmhainn inláimhsithe nó sócmhainn dholáimhsithe í an tsócmhainn atá á cruthú nó á feabhsú (sócmhainn d’obair idir lámha, mar shampla).

    Ní chruthaíonn feidhmíocht eintitis sócmhainn ag a bhfuil úsáid mhalartach (mír 35(c))

    B6

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil úsáid mhalartach ag sócmhainn d’eintiteas i gcomhréir le mír 36, breithneoidh eintiteas na hiarmhairtí a bhíonn ag srianta conarthacha agus ag teorainneacha praiticiúla ar chumas an eintitis an tsócmhainn sin a threorú go héasca le haghaidh úsáid eile, amhail í a dhíol le custaiméir difriúil. Ní comaoin ábhartha í an fhéidearthacht go ndéanfar an conradh leis an gcustaiméir a fhoirceannadh nuair atá measúnú á dhéanamh ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh an t-eintiteas in ann an tsócmhainn a threorú go héasca le haghaidh úsáid eile.

    B7

    Srian conarthach ar chumas eintitis sócmhainn a threorú i gcomhair úsáid eile, ní mór dó a bheith substainteach ionas nach mbeidh úsáid mhalartach ag an tsócmhainn don eintiteas. Beidh srian conarthach substainteach i gcás ina bhféadfadh custaiméir a chearta a fhorfheidhmiú maidir leis an tsócmhainn gheallta dá bhféachfadh an t-eintiteas leis an tsócmhainn a threorú le haghaidh úsáid eile. Os a choinne sin, ní bheidh srian conarthach substainteach má tá sócmhainn, mar shampla, inmhalartaithe den chuid is mó le sócmhainní eile a d’fhéadfadh an t-eintiteas a aistriú chuig custaiméir eile gan an conradh a shárú agus gan costais shuntasacha a thabhú, costais nach dtabhófaí murach sin i ndáil leis an gconradh sin.

    B8

    Is ann do theorainn phraiticiúil ar chumas eintitis sócmhainn a threorú le haghaidh úsáid eile dá dtabhódh eintiteas caillteanais eacnamaíochta chun an tsócmhainn a threorú le haghaidh úsáid eile. D’fhéadfadh caillteanas suntasach eacnamaíochta teacht chun cinn toisc go dtabhódh an t-eintiteas costais shuntasacha chun an tsócmhainn a athoibriú nó ní bheadh sé in ann an tsócmhainn a dhíol ach ar chaillteanas suntasach amháin. D’fhéadfadh eintiteas a bheith teoranta go praiticiúil mar shampla, ó shócmhainní ag a bhfuil sonraíochtaí deartha atá uathúil do chustaiméir nó atá lonnaithe i limistéir iargúlta a atreorú.

    Ceart chun íocaíochta le haghaidh feidhmíocht arna déanamh go dtí seo (mír 35(c))

    B9

    I gcomhréir le mír 37, tá ceart chun íocaíochta ag eintiteas as feidhmíocht arna déanamh go dtí seo i gcás ina mbeadh an t-eintiteas i dteideal méid lena gcúitítear an t-eintiteas ar a laghad as a chuid feidhmíochta go dtí seo i gcás ina ndéanann an custaiméir nó páirtí eile an conradh a fhoirceannadh ar chúiseanna seachas mainneachtain an eintitis feidhmiú de réir mar a gealladh. Bheadh i méid a chúiteodh eintiteas as feidhmíocht arna déanamh go dtí seo méid lena neasaítear praghas díola na n-earraí nó na seirbhísí arna n-aistriú go dtí seo (aisghabháil na gcostas arna dtabhú ag an eintiteas chun an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh móide corrlach brabúis réasúnta, mar shampla) in ionad cúiteamh as caillteanas brabúis an eintitis amháin i gcás ina ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh. Ní bheadh cúiteamh as corrlach brabúis réasúnta cothrom leis an gcorrlach brabúis lena mbeadh coinne dá gcomhlíonfaí an conradh mar a gealladh, ach ba cheart d’eintiteas a bheith i dteideal cúitimh le haghaidh ceachtar de na méideanna seo a leanas:

    (a)

    cion den chorrlach brabúis a bhfuil coinne leis sa chonradh lena léirítear go réasúnta méid fheidhmíocht an eintitis faoin gconradh sula ndéanann an custaiméir (nó páirtí eile) é a fhoirceannadh; nó

    (b)

    toradh réasúnta ar chostas caipitil an eintitis as conarthaí comhchosúla (nó gnáthchorrlach oibriúcháin an eintitis i gcomhair conarthaí comhchosúla) má tá an corrlach a bhaineann go sonrach leis an gconradh níos airde ná an toradh a ghineann an t-eintiteas go hiondúil ó chonarthaí comhchosúla.

    B10

    Ní gá go gcuirfí ceart neamhchoinníollach chun íocaíochta i láthair le ceart an eintitis chun íocaíochta as feidhmíocht arna déanamh go dáta. I gcuid mhaith cásanna, ní bheidh ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas chun íocaíochta ach amháin ar gharsprioc a bheidh comhaontaithe nó ar chomhlíonadh na hoibleagáide feidhmíochta go hiomlán. Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ceart chun íocaíochta aige as feidhmíocht arna tabhairt i gcrích go dtí seo, breithneoidh eintiteas cé acu a bheadh nó nach mbeadh ceart in-fhorfheidhmithe aige íocaíocht a éileamh nó a choinneáil as feidhmíocht arna tabhairt i gcrích go dtí seo i gcás ina ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh sula dtabharfaí i gcrích é ar chúiseanna seachas mainneachtain an eintitis feidhmiú mar a gealladh.

    B11

    I roinnt conarthaí, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé de cheart ag custaiméir an conradh a fhoirceannadh ach ag amanna sonraithe amháin le linn shaolré an chonartha nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh aon cheart ag an gcustaiméir an conradh a fhoirceannadh. Má ghníomhaíonn custaiméir chun conradh a fhoirceannadh gan de cheart aige an conradh a fhoirceannadh an tráth sin (lena n-áirítear i gcás ina mainníonn an custaiméir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh mar a gealladh), d’fhéadfadh sé go dtabharfadh an conradh (nó dlíthe eile) teidlíocht don eintiteas leanúint den aistriú chuig an gcustaiméir ar na hearraí nó na seirbhísí a gealladh sa chonradh agus d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar an gcustaiméir an chomaoin a gealladh a íoc mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí sin. Sna himthosca sin, tá ceart chun íocaíochta ag eintiteas as feidhmíocht arna tabhairt i gcrích go dtí seo toisc go bhfuil sé de cheart ag an eintiteas leanúint de thabhairt i gcrích a chuid oibleagáidí i gcomhréir leis an gconradh agus a chur de cheangal ar an gcustaiméir a chuid oibleagáidí a thabhairt i gcrích (ina n-áirítear an chomaoin gheallta a íoc).

    B12

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu arb ann do cheart chun íocaíochta as feidhmíocht arna tabhairt i gcrích go dtí seo agus in-fhorfheidhmitheacht an chirt sin, breithneoidh eintiteas na téarmaí conarthacha chomh maith le haon reachtaíocht nó aon fasach dlí a d’fhéadfadh na téarmaí conarthacha sin a fhorlíonadh nó a shárú. D’áireofaí leis sin measúnú ar cé acu:

    (a)

    a thugann nó nach dtugann reachtaíocht, cleachtas riaracháin nó fasach dlí ceart chun íocaíochta don eintiteas maidir le feidhmíocht go dtí seo cé nach bhfuil an ceart sin sonraithe sa chonradh leis an gcustaiméir;

    (b)

    a thugtar nó nach dtugtar le fios le fasach dlí ábhartha nach bhfuil aon éifeacht dhlíthiúil cheangailteach ag cearta comhchosúla chun íocaíochta as feidhmíocht arna tabhairt i gcrích go dtí seo i gconarthaí comhchosúla; nó

    (c)

    a d’fhág nó nár fhág gnáthchleachtais ghnó eintitis gan roghnú ceart chun íocaíochta a fhorfheidhmiú go bhfuil an ceart neamh-infhorfheidhmithe sa timpeallacht dhlíthiúil sin. Mar sin féin, d’ainneoin go bhféadfadh eintiteas roghnú a cheart chun íocaíochta a tharscaoileadh i gconarthaí comhchosúla, leanfadh a cheart chun íocaíochta go dtí seo de bheith ag eintiteas i gcás ina bhfuil, sa chonradh leis an gcustaiméir, a cheart chun íocaíochta as feidhmíocht go dtí seo fós in-fhorfheidhmithe.

    B13

    Ní gá go dtabharfaí le fios leis an sceideal íocaíochta atá sonraithe i gconradh cé acu atá nó nach bhfuil ceart in-fhorfheidhmithe ag eintiteas ar íocaíocht as feidhmíocht a tugadh i gcrích go dtí seo. Cé go sonraítear leis an sceideal íocaíochta i gconradh uainiú agus méid na comaoine atá iníoctha ag custaiméir, ní gá go soláthrófaí leis an sceideal íocaíochta fianaise ar cheart an eintitis chun íocaíochta as feidhmíocht a tugadh i gcrích go dtí seo. Tá sé sin amhlaidh, mar shampla, toisc go bhféadfaí a shonrú sa chonradh go bhfuil an chomaoin a fuarthas ón gcustaiméir inaisíoctha ar chúiseanna seachas gur mhainnigh ar an eintiteas feidhmiú mar a gealladh sa chonradh.

    Modhanna chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta

    B14

    Áirítear iad seo a leanas ar na modhanna is féidir a úsáid chun dul chun cinn eintitis i dtreo comhlíonadh iomlán oibleagáide feidhmíochta a comhlíonadh le himeacht ama i gcomhréir le míreanna 35–37 a thomhas:

    (a)

    modhanna aschuir (féach míreanna B15–B17); agus

    (b)

    modhanna ionchuir (féach míreanna B18–B19).

    Modhanna aschuir

    B15

    Aithnítear ioncam le modhanna aschuir ar bhonn tomhais dhíreacha ar luach na n-earraí nó na seirbhísí a aistríodh go dtí seo don chustaiméir, i gcoibhneas leis na hearraí nó na seirbhísí atá fágtha agus a gealladh faoin gconradh. Áirítear ar mhodhanna aschuir modhanna amhail suirbhéanna ar fheidhmíocht a tugadh i gcrích go dtí seo, breithmheasanna ar na torthaí a baineadh amach, garspriocanna a sroicheadh, an t-am atá caite agus na haonaid a táirgeadh nó na haonaid a seachadadh. Le linn d’eintiteas meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh sé an modh aschuir i bhfeidhm chun a dhul chun cinn a thomhas, breithneoidh an t-eintiteas cé acu a thabharfadh nó nach dtabharfadh an t-aschur arna roghnú léiriú dílis ar fheidhmíocht an eintitis i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta. Ní sholáthródh modh aschuir léiriú dílis ar fheidhmíocht an eintitis dá dteipfeadh ar an aschur a roghnófaí roinnt de na hearraí nó na seirbhísí dá bhfuil rialú aistrithe chuig an gcustaiméir a thomhas. Ní thabharfadh modhanna aschuir atá bunaithe ar aonaid a táirgeadh nó aonaid a seachadadh léiriú dílis mar shampla ar fheidhmíocht eintitis maidir le hoibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh i gcás, ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, gur cruthaíodh obair idir lámha nó earraí críochnaithe le feidhmíocht an eintitis arna rialú ag an gcustaiméir agus nach bhfuil áirithe sa tomhas ar an aschur.

    B16

    Mar bheart praiticiúil, i gcás ina bhfuil ceart comaoine ag eintiteas ó chustaiméir i méid a chomhfhreagraíonn go díreach leis an luach don chustaiméir maidir le feidhmíocht an eintitis a tugadh i gcrích go dtí seo (conradh seirbhíse ina seolann eintiteas bille de mhéid socraithe le haghaidh gach uair an chloig seirbhíse arna soláthar, mar shampla), féadfaidh an t-eintiteas ioncam a aithint sa mhéid dá bhfuil ceart ag an eintiteas sonrasc a ghearradh.

    B17

    I measc na míbhuntáistí atá le modhanna aschuir d’fhéadfadh sé nach bhfuil na haschuir a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas inbhraite go díreach agus d’fhéadfadh sé nach bhfuil an fhaisnéis is gá chun iad a chur i bhfeidhm ar fáil d’eintiteas gan costas míchuí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gá a bheith le modh ionchuir.

    Modhanna ionchuir

    B18

    Aithnítear ioncam le modhanna ionchuir ar bhonn iarrachtaí nó ionchuir an eintitis oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh (acmhainní a ídíodh, uaireanta saothair a caitheadh, costais a tabhaíodh, an t-am atá caite nó uaireanta meaisín a úsáideadh, mar shampla) i gcoibhneas leis an líon iomlán ionchur a bhfuil coinne leo chun an oibleagáid feidhmíochta sin a chomhlíonadh. Má chaitear iarrachtaí nó ionchuir an eintitis go cothrom ar feadh na tréimhse feidhmíochta, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí don eintiteas ioncam a aithint de réir méid chothroim.

    B19

    Easnamh de chuid na modhanna ionchuir is ea go bhféadfadh sé nach bhfuil gaolmhaireacht dhíreach idir ionchuir eintitis agus an t-aistriú ar rialú earraí nó seirbhísí chuig custaiméir. Dá bhrí sin, fágfaidh eintiteas ar lár ó mhodh ionchuir na hiarmhairtí a bhíonn ag aon ionchur nach dtugann, i gcomhréir leis an gcuspóir maidir le dul chun cinn a thomhas i mír 39, léiriú ar fheidhmíocht an eintitis maidir le rialú earraí nó seirbhísí a aistriú chuig an gcustaiméir. I gcás ina n-úsáidtear modh ionchuir costasbhunaithe, mar shampla, d’fhéadfadh gá a bheith ann an tomhas ar dhul chun cinn a choigeartú sna himthosca seo a leanas:

    (a)

    I gcás nach rannchuidíonn costas a thabhaítear le dul chun cinn eintitis an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh. Ní aithneodh eintiteas ioncam mar shampla ar bhonn na gcostas a tabhaíodh atá inchurtha i leith neamhéifeachtúlachtaí suntasacha i bhfeidhmíocht an eintitis nár léiríodh i bpraghas an chonartha (na costais a bhain mar shampla le méideanna ábhar a cuireadh amú nach raibh coinne leo, saothar nó acmhainní eile a tabhaíodh chun an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh).

    (b)

    I gcás nach bhfuil costas a tabhaíodh i gcomhréir le dul chun cinn eintitis chun an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé gurb é an léiriú ab fhearr ar fheidhmíocht an eintitis an modh ionchuir a choigeartú ionas nach n-aithneofar ioncam ach amháin a mhéid a bhaineann leis an gcostas sin a tabhaíodh. Mar léiriú dílis ar fheidhmíocht eintitis mar shampla d’fhéadfaí ioncam a aithint ag méid atá cothrom le costas earra a úsáideadh chun oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh má tá coinne leis ag an eintiteas, tráth tionscanta an chonartha, go gcomhlíonfaí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (i)

    ní earra ar leith é;

    (ii)

    tá coinne leis go bhfaighidh an custaiméir rialú ar an earra go suntasach sula bhfaighidh sé na seirbhísí a bhaineann leis an earra;

    (iii)

    tá costas an earra aistrithe suntasach i gcoibhneas leis na costais iomlána a bhfuil coinne leo go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán an oibleagáid feidhmíochta; agus

    (iv)

    faigheann an t-eintiteas an t-earra ó thríú páirtí agus níl baint shuntasach aige le dearadh agus le monaraíocht an earra (ach tá an t-eintiteas ag gníomhú mar phríomhaí i gcomhréir le míreanna B34–B38).

    Díol le ceart cur ar ais

    B20

    I roinnt conarthaí, aistríonn eintiteas rialú táirge chuig custaiméir agus deonaíonn sé ceart freisin don chustaiméir an táirge a chur ar ais ar chúiseanna éagsúla (amhail míshástacht leis an táirge) agus faigheann sé aon teaglaim díobh seo a leanas:

    (a)

    aisíocaíocht iomlán nó i bpáirt ar aon chomaoin a íocadh;

    (b)

    creidmheas is féidir a chur i bhfeidhm in aghaidh méideanna atá dlite, nó a bheidh dlite, don eintiteas; agus

    (c)

    táirge malairte eile.

    B21

    Chun cuntas a choinneáil ar aistriú táirgí lena ngabhann ceart cur ar ais (agus i gcás roinnt seirbhísí a sholáthraítear faoi réir aisíocaíochta), aithneoidh eintiteas gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    ioncam maidir leis na táirgí aistrithe i méid na comaoine a bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith ina teideal (dá bhrí sin, ní aithneofaí ioncam le haghaidh na dtáirgí a bhfuil coinne lena gcur ar ais);

    (b)

    dliteanas aisíocaíochta; agus

    (c)

    sócmhainn (agus an coigeartú comhfhreagrach ar chostas díolachán) maidir lena ceart táirgí a aisghabháil ó chustaiméirí nuair a ghlantar an dliteanas aisíocaíochta.

    B22

    Gealltanas eintitis a bheith réidh chun glacadh le táirge a cuireadh ar ais le linn na tréimhse chun táirge a chur ar ais, ní choinneofar cuntas air mar oibleagáid feidhmíochta anuas ar an oibleagáid maidir le haisíocaíocht a sholáthar.

    B23

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais i míreanna 47–72 i bhfeidhm (lena n-áirítear na ceanglais maidir le meastacháin de chomaoin athraitheach a shrianadh i míreanna 56–58) chun an méid comaoine a bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith ina teideal a chinneadh (i.e. gan na táirgí a bhfuil coinne lena gcur ar ais a chur san áireamh). I gcás aon mhéid a fhaightear (nó is infhaighte) nach bhfuil coinne ag eintiteas le bheith ina theideal, ní aithneoidh an t-eintiteas ioncam le linn dó táirgí a aistriú chuig custaiméirí ach aithneoidh sé na méideanna sin a fuarthas (nó is infhaighte) mar dhliteanas aisíocaíochta. Ina dhiaidh sin, ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, tabharfaidh an t-eintiteas cothrom le dáta a mheasúnú ar na méideanna a bhfuil coinne aige le bheith ina dteideal mar mhalairt ar na táirgí a aistreofar agus déanfaidh sé athrú comhfhreagrach ar an bpraghas idirbhirt agus, dá bhrí sin, ar an méid ioncaim arna aithint.

    B24

    Tabharfaidh eintiteas an tomhas ar an dliteanas aisíocaíochta cothrom le dáta ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe maidir le hathruithe ar ionchais maidir leis an méid aisíocaíochtaí. Aithneoidh eintiteas coigeartuithe comhfhreagracha mar ioncam (nó laghduithe ar ioncam).

    B25

    Sócmhainn arna haithint le haghaidh ceart eintitis chun táirgí a aisghabháil ó chustaiméir ar ghlanadh dliteanas aisíocaíochta, tomhaisfear í ar dtús faoi threoir iarshuim ghlanluacha an táirge (fardal, mar shampla) lúide aon chostas a bhfuil coinne leis chun na táirgí sin a aisghabháil (lena n-áirítear laghduithe féideartha ar an luach a bheidh ar tháirgí a chuirfear ar ais don eintiteas). Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, tabharfaidh eintiteas cothrom le dáta an tomhas ar an tsócmhainn a eascróidh as athruithe ar ionchais faoi tháirgí a bheidh le cur ar ais. Cuirfidh eintiteas an tsócmhainn i láthair ar leithligh ón dliteanas aisíocaíochta.

    B26

    Maidir le táirge a mhalartaíonn custaiméir ar tháirge eile den chineál, cáilíocht, riocht agus praghas céanna (dath nó méid amháin ar cheann eile, mar shampla), ní bhreithnítear gur cuireadh na táirgí sin ar ais chun críocha chur i bhfeidhm an Chaighdeáin seo.

    B27

    Déanfar meastóireacht ar chonarthaí ina bhféadfaidh custaiméir táirge lochtach a chur ar ais agus táirge feidhmiúil a fháil ina ionad i gcomhréir leis an treoraíocht maidir le barántaí i míreanna B28–B33.

    Barántaí

    B28

    Is gnách d’eintiteas baránta a sholáthar (i gcomhréir leis an gconradh, an dlí nó le gnáthchleachtais ghnó an eintitis) maidir le díol táirge (bíodh sé ina earra nó ina sheirbhís). Is féidir leis an gcineál baránta a bheith an-éagsúil thar thionscail agus conarthaí. Soláthraítear cinnteacht do chustaiméir le roinnt barántaí go bhfeidhmeoidh an táirge gaolmhar de réir mar a bhí beartaithe ag na páirtithe toisc go gcomhlíonann sé sonraíochtaí a comhaontaíodh. Soláthraíonn barántaí eile seirbhís don chustaiméir in éineacht leis an gcinnteacht go gcomhlíonann an táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh.

    B29

    Má tá an rogha ag custaiméir baránta a cheannach ar leithligh (toisc go ndéantar an baránta a phraghsáil nó a chaibidliú ar leithligh, mar shampla), is seirbhís ar leith é an baránta toisc go ngeallann an t-eintiteas an tseirbhís a sholáthar don chustaiméir in éineacht leis an táirge ag a bhfuil an fheidhmiúlacht ar a dtugtar tuairisc sa chonradh. Sna himthosca sin, coinneoidh eintiteas cuntas ar an mbaránta geallta mar oibleagáid feidhmíochta i gcomhréir le míreanna 22–30 agus leithdháilfidh sé sciar den phraghas idirbhirt ar an oibleagáid feidhmíochta sin i gcomhréir le míreanna 73–86.

    B30

    Mura bhfuil an rogha ag custaiméir baránta a cheannach ar leithligh, coinneoidh eintiteas cuntas ar an mbaránta i gcomhréir le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha mura soláthraíonn an baránta geallta, nó cuid den bharánta geallta, seirbhís don chustaiméir in éineacht leis an gcinnteacht go gcomhlíonann an táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh.

    B31

    Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn baránta seirbhís do chustaiméir in éineacht leis an gcinnteacht go gcomhlíonann an táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh, breithneoidh eintiteas fachtóirí amhail:

    (a)

    Cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear an baránta de réir dlí–má cheanglaítear ar an eintiteas de réir dlí baránta a sholáthar, tugtar le fios leis an dlí sin nach oibleagáid feidhmíochta é an baránta geallta toisc gurb ann do cheanglais den sórt sin de ghnáth chun custaiméirí a chosaint ón riosca go gceannóidh siad táirgí lochtacha.

    (b)

    Fad thréimhse cumhdaigh an bharánta–dá fhaide an tréimhse cumhdaigh, is ea is dóchúla gur oibleagáid feidhmíochta é an baránta geallta toisc gur mó dóchúlacht atá ann go soláthróidh sé seirbhís in éineacht leis an gcinnteacht go gcomhlíonann an táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh.

    (c)

    Cineál na gcúraimí a gheallann an t-eintiteas a fheidhmiú–más gá d’eintiteas cúraimí sonraithe a dhéanamh chun an chinnteacht a sholáthar go gcomhlíonann táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh (seirbhís loingis chun táirge lochtach a chur ar ais, mar shampla), ansin is dóigh nach dtiocfaidh oibleagáid feidhmíochta chun cinn de bharr na gcúraimí sin.

    B32

    Má sholáthraíonn baránta, nó cuid de bharánta, seirbhís do chustaiméir in éineacht leis an gcinnteacht go gcomhlíonann an táirge sonraíochtaí a comhaontaíodh, ansin is oibleagáid feidhmíochta í an tseirbhís gheallta. Dá bhrí sin, leithdháilfidh eintiteas an praghas idirbhirt ar an táirge agus ar an tseirbhís. Má gheallann eintiteas baránta de chineál cinnteachta agus baránta de chineál seirbhíse ach nach féidir leis go réasúnta cuntas ar leithligh a choinneáil orthu, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an dá bharánta le chéile mar oibleagáid feidhmíochta aonair.

    B33

    Dlí lena gceanglaítear ar eintiteas cúiteamh a íoc má chruthaíonn a chuid táirgí díobháil nó damáiste, ní thagann oibleagáid feidhmíochta chun cinn de bharr an dlí sin. D’fhéadfadh monaróir táirgí a dhíol mar shampla i ndlínse a fhágann go mbíonn an monaróir faoi dhliteanas maidir le haon damáiste (do réadmhaoin phearsanta, mar shampla) a d’fhéadfadh tarlú i gcás ina n-úsáideann tomhaltóir táirge dá chuspóir beartaithe. Mar an gcéanna, gealltanas eintitis an custaiméir a shlánú le haghaidh dliteanais agus damáistí a eascraíonn as éilimh ar phaitinn, cóipcheart, trádmharc nó sárú eile a dhéanann táirgí an eintitis, ní eascraíonn oibleagáid feidhmíochta dá bharr. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar oibleagáidí den sórt sin i gcomhréir le IAS 37.

    Príomhaí in éadan comaoineacha gníomhaire

    B34

    I gcás ina mbíonn páirtí eile ag gabháil d’earraí nó seirbhísí a sholáthar do chustaiméir, cinnfidh an t-eintiteas cé acu oibleagáid feidhmíochta atá i gcineál a ghealltanais chun na hearraí nó na seirbhísí sonraithe a sholáthar é féin (i.e. is príomhaí é an t-eintiteas) nó socrú a dhéanamh ionas go soláthróidh an páirtí eile na hearraí nó na seirbhísí sin (i.e. is gníomhaire é an t-eintiteas). Cinneann eintiteas cé acu príomhaí nó gníomhaire é le haghaidh gach earra nó seirbhís sonraithe a ghealltar don chustaiméir. Is earra nó seirbhís ar leith é earra nó seirbhís shonraithe (nó cnuasach earraí nó seirbhísí ar leith) a sholáthrófar don chustaiméir (féach míreanna 27–30). Má áirítear i gconradh le custaiméir níos mó ná earra nó seirbhís shonraithe amháin, d’fhéadfadh an t-eintiteas a bheith ina phríomhaí le haghaidh roinnt earraí nó seirbhísí sonraithe agus ina ghníomhaire le haghaidh cinn eile.

    B34A

    Chun cineál a ghealltanais a chinneadh (mar a thugtar tuairisc air i mír B34), déanfaidh eintiteas na nithe seo a leanas:

    (a)

    sainaithneoidh sé na hearraí nó na seirbhísí sonraithe a bheidh le soláthar don chustaiméir (a d’fhéadfadh, mar shampla, a bheith ina cheart maidir le hearra nó seirbhís atá le soláthar ag páirtí eile (féach mír 26)); agus

    (b)

    measúnú ar cé acu a rialaíonn nó nach rialaíonn sé (mar a dtugtar tuairisc air i mír 33) gach earra nó seirbhís shonraithe sula n-aistrítear an t-earra nó an tseirbhís sin chuig an gcustaiméir.

    B35

    Is príomhaí é eintiteas má rialaíonn sé an t-earra nó an tseirbhís shonraithe sula n-aistrítear an t-earra nó an tseirbhís sin chuig custaiméir. Ní gá go rialódh eintiteas earra sonraithe áfach má fhaigheann an t-eintiteas teideal dlíthiúil ar an earra sin go móimintiúil amháin sula n-aistrítear an teideal dlíthiúil chuig custaiméir. Eintiteas ar príomhaí é féadfaidh sé a oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh maidir leis an earra nó an tseirbhís shonraithe a sholáthar nó féadfaidh sé páirtí eile a fhostú (fochonraitheoir, mar shampla) chun roinnt de na hoibleagáidí feidhmíochta nó iad ar fad a chomhlíonadh ar a shon.

    B35A

    I gcás ina mbeidh páirtí eile ag gabháil do sholáthar earraí nó seirbhísí do chustaiméir, faigheann eintiteas ar príomhaí é rialú ar aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    earra nó sócmhainn eile ón bpáirtí eile a aistríonn sé ansin chuig an gcustaiméir.

    (b)

    ceart maidir le seirbhís arna déanamh ag an bpáirtí eile, a thugann an cumas don eintiteas ordú a thabhairt go soláthróidh an páirtí sin an tseirbhís don chustaiméir thar ceann an eintitis.

    (c)

    earra nó seirbhís ón bpáirtí eile a chomhcheanglaíonn sé ansin le hearraí nó seirbhísí eile chun an t-earra nó an tseirbhís shonraithe a sholáthar don chustaiméir. I gcás ina soláthraíonn eintiteas seirbhís shuntasach de chomhtháthú earraí nó seirbhísí mar shampla (féach mír 29(a)) arna soláthar ag páirtí eile san earra nó sa tseirbhís shonraithe dá bhfuil conradh déanta ag an gcustaiméir, rialaíonn an t-eintiteas an t-earra nó an tseirbhís shonraithe sula n-aistrítear an t-earra nó an tseirbhís sin chuig an gcustaiméir. Tá sé sin amhlaidh toisc go bhfaigheann an t-eintiteas rialú ar dtús ar na hionchuir leis an earra nó an seirbhís shonraithe (ina n-áirítear earraí nó seirbhísí ó pháirtithe eile) agus go n-ordaíonn sé a n-úsáid chun an t-aschur comhcheangailte a chruthú arb é an t-earra nó an tseirbhís shonraithe é.

    B35B

    I gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas ar príomhaí é oibleagáid feidhmíochta, nó de réir mar a chomhlíonann sé í, aithníonn an t-eintiteas ioncam sa mhéid comhlán comaoine a bhfuil coinne aige le bheith ina teideal mar mhalairt ar an earra nó seirbhís shonraithe a aistrítear.

    B36

    Is gníomhaire é eintiteas más é oibleagáid feidhmíochta an eintitis socrú a dhéanamh chun go soláthróidh páirtí eile an t-earra nó an tseirbhís shonraithe. Eintiteas ar gníomhaire é, ní rialaíonn sé an t-earra nó an tseirbhís shonraithe arna soláthar ag páirtí eile sula n-aistrítear an t-earra nó an tseirbhís sin chuig an gcustaiméir. I gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas ar gníomhaire é oibleagáid feidhmíochta, nó de réir mar a chomhlíonann sé í, aithníonn an t-eintiteas ioncam i méid aon táille nó coimisiúin a bhfuil coinne aige le bheith ina theideal mar mhalairt ar shocrú a dhéanamh go soláthróidh páirtí eile na hearraí nó na seirbhísí sonraithe. D’fhéadfadh sé gurb ionann táille nó coimisiún eintitis agus glanmhéid comaoine a choinníonn an t-eintiteas tar éis an chomaoin arna fáil mar mhalairt ar na hearraí nó na seirbhísí a bheidh le soláthar ag an bpáirtí sin a íoc leis an bpáirtí eile.

    B37

    Áirítear iad seo a leanas ar na táscairí go rialaíonn eintiteas an t-earra nó an tseirbhís shonraithe sula n-aistrítear é chuig an gcustaiméir (agus is príomhaí é dá bhrí sin (féach mír B35)), ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    tá an t-eintiteas freagrach go príomha as an ngealltanas an t-earra nó an tseirbhís gheallta a sholáthar. Áirítear leis sin de ghnáth freagracht as glacadh leis an earra nó seirbhís shonraithe (príomhfhreagracht as an earra nó seirbhís sonraíochtaí an chustaiméara a chomhlíonadh, mar shampla). Má tá an t-eintiteas freagrach go príomha as an ngealltanas an t-earra nó an tseirbhís shonraithe a sholáthar, d’fhéadfaí tabhairt le fios leis sin go bhfuil an páirtí eile atá ag gabháil do sholáthar an earra nó na seirbhíse sonraithe ag gníomhú thar ceann an eintitis.

    (b)

    tá riosca fardail ag an eintiteas sula n-aistrítear an t-earra nó an tseirbhís shonraithe chuig custaiméir nó tar éis rialú a aistriú chuig an gcustaiméir (má tá ceart maidir le cur ar ais ag an gcustaiméir, mar shampla). Má fhaigheann an t-eintiteas, nó má gheallann sé go bhfaighidh sé, mar shampla, an t-earra nó an tseirbhís shonraithe sula bhfaighidh sé conradh le custaiméir, d’fhéadfaí tabhairt le fios leis sin go bhfuil sé de chumas ag an eintiteas treoir a thabhairt maidir le húsáid an earra nó na seirbhíse, agus na tairbhí uile atá fágtha a fháil go substaintiúil ón earra nó ón tseirbhís, sula n-aistrítear chuig an gcustaiméir é.

    (c)

    tá discréid ag an eintiteas praghas an earra nó na seirbhíse sonraithe a shuí. Ach an praghas a íocann an custaiméir ar an earra nó seirbhís shonraithe a shuí, d’fhéadfaí tabhairt le fios go bhfuil sé de chumas ag an eintiteas úsáid an earra nó na seirbhíse sin a threorú agus gach ceann de na tairbhí atá fágtha a fháil go substaintiúil. Is féidir le gníomhaire discréid a bheith aige áfach chun praghsanna a shuí i roinnt cásanna. D’fhéadfadh roinnt solúbthachta a bheith ag gníomhaire mar shampla, chun praghsanna a shocrú chun ioncam breise a ghiniúint óna sheirbhís maidir le socrú a dhéanamh go soláthróidh páirtithe eile earraí nó seirbhísí do chustaiméirí.

    B37A

    D’fhéadfadh na táscairí i mír B37 a bheith níos ábhartha nó d’fhéadfaidís gan bheith chomh hábhartha don mheasúnú ar rialú ag brath ar chineál an earra nó na seirbhíse sonraithe agus ar théarmaí agus coinníollacha an chonartha. Ina theannta sin, d’fhéadfadh táscairí difriúla fianaise níos áitithí a sholáthar i gconarthaí difriúla.

    B38

    I gcás ina nglacann eintiteas eile le hoibleagáidí feidhmíochta an eintitis agus leis na cearta conarthacha sa chonradh ionas nach mbeidh oibleagáid a thuilleadh ar an eintiteas an oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh chun an t-earra nó an tseirbhís shonraithe a aistriú chuig an gcustaiméir (i.e. níl an t-eintiteas ag gníomhú mar an príomhaí a thuilleadh), ní aithneoidh an t-eintiteas ioncam don oibleagáid feidhmíochta sin. In ionad sin, déanfaidh an t-eintiteas meastóireacht ar cé acu a aithneoidh nó nach n-aithneoidh sé ioncam chun oibleagáid feidhmíochta a chomhlíonadh chun conradh a fháil don pháirtí eile (i.e. cé acu atá nó nach bhfuil an t-eintiteas ag gníomhú mar ghníomhaire).

    Roghanna an chustaiméara le haghaidh earraí nó seirbhísí breise

    B39

    Is ann do roghanna an chustaiméara chun earraí nó seirbhísí breise a fháil saor in aisce nó ar lascaine ar go leor bealaí, lena n-áirítear dreasachtaí díolachán, creidmheasanna (nó pointí) dámhachtana do chustaiméir, roghanna chun conarthaí a athnuachan nó lascainí eile maidir le hearraí nó seirbhísí amach anseo.

    B40

    I gcás ina ndeonaíonn eintiteas, i gconradh, an rogha do chustaiméir earraí nó seirbhísí breise a fháil, as an rogha sin ní eascraíonn oibleagáid feidhmíochta sa chonradh ach amháin má sholáthraítear ceart ábhartha don chustaiméir leis an rogha nach bhfaigheadh sé gan an conradh sin a dhéanamh (lascaine atá incriminteach don raon lascainí a thugtar de ghnáth le haghaidh na n-earraí nó na seirbhísí sin don aicme sin custaiméara sa limistéar geografach nó sa mhargadh sin). Má sholáthraítear ceart ábhartha don chustaiméir leis an rogha, go bunúsach íocann an custaiméir an t-eintiteas roimh ré as earraí nó seirbhísí amach anseo agus aithníonn an t-eintiteas ioncam le linn na hearraí nó na seirbhísí sin amach anseo a aistriú nó nuair a théann an rogha in éag.

    B41

    Má tá an rogha ag custaiméir earra nó seirbhís bhreise a fháil ar phraghas a léireodh an praghas díola neamhspleách don earra nó don tseirbhís sin, ní sholáthraíonn an rogha sin ceart ábhartha don chustaiméir fiú mura féidir an rogha a fheidhmiú ach amháin trí chonradh roimhe sin a dhéanamh. Sna cásanna sin, tá tairiscint mhargaíochta déanta ag an eintiteas nach gcoinneoidh sé cuntas air i gcomhréir leis an gCaighdeán seo ach amháin nuair a thugann an custaiméir an rogha maidir leis na hearraí nó na seirbhísí breise a cheannach i gcrích.

    B42

    Ceanglaítear le mír 74 ar eintiteas an praghas idirbhirt a leithdháileadh ar oibleagáidí feidhmíochta ar bhonn praghas díola neamhspleách coibhneasta. Mura bhfuil an praghas díola neamhspleách le haghaidh rogha custaiméara chun earraí nó seirbhísí breise a fháil inbhraite go díreach, tabharfaidh eintiteas meastachán maidir leis. Léireofar sa mheastachán sin an lascaine a gheobhadh an custaiméir le linn dó an rogha sin a fheidhmiú, arna choigeartú i leith an dá cheann acu seo a leanas:

    (a)

    aon lascaine a d’fhéadfadh an custaiméir a fháil gan an rogha a fheidhmiú; agus

    (b)

    an dóchúlacht go bhfeidhmeofar an rogha.

    B43

    Má tá ceart ábhartha ag custaiméir earraí nó seirbhísí a fháil amach anseo agus má tá na hearraí nó na seirbhísí sin cosúil leis na hearraí nó na seirbhísí bunaidh sa chonradh agus má sholáthraítear iad i gcomhréir le téarmaí an chonartha bhunaidh, ansin féadfaidh eintiteas, mar rogha mhalartach phraiticiúil ar mheastachán a thabhairt ar phraghas díola neamhspleách na rogha, an praghas idirbhirt a leithdháileadh ar na hearraí nó na seirbhísí roghnacha faoi threoir na hearraí nó na seirbhísí a bhfuil coinne leo a sholáthar agus faoi threoir na comaoine comhfhreagraí a bhfuil coinne léi. Is le haghaidh athnuaití conarthaí a bhíonn na cineálacha sin roghanna de ghnáth.

    Cearta custaiméirí nach bhfeidhmítear

    B44

    I gcomhréir le mír 106, ar fháil réamhíocaíocht dó ó chustaiméir, aithneoidh eintiteas dliteanas conartha i méid na réamhíocaíochta chun go n-aistreofar a oibleagáid feidhmíochta, nó beidh sé réidh chun earraí nó seirbhísí a aistriú amach anseo. Dí-aithneoidh eintiteas an dliteanas conartha sin (agus aithneoidh sé ioncam) le linn dó na hearraí nó na seirbhísí sin a aistriú agus, dá bhrí sin, comhlíonann sé a oibleagáid feidhmíochta.

    B45

    Le réamhíocaíocht neamh-inaisíoctha custaiméara le heintiteas tugtar an ceart do chustaiméir earra nó seirbhís a fháil amach anseo (agus cuirtear oibleagáid ar an eintiteas a bheith réidh chun earra nó seirbhís a aistriú). D’fhéadfadh custaiméirí gan a gcearta conarthacha uile a fheidhmiú áfach. Tagraítear do na cearta sin nár feidhmíodh go minic mar bhriseadh.

    B46

    Má tá coinne ag eintiteas le bheith i dteideal méid briste i ndliteanas conartha, aithneoidh an t-eintiteas an méid briste a bhfuil coinne leis mar ioncam i gcomhréir leis an bpatrún ceart arna fheidhmiú ag an gcustaiméir. Mura bhfuil coinne ag eintiteas le bheith i dteideal méid briste, aithneoidh an t-eintiteas an méid briste a bhfuil coinne leis mar ioncam nuair is beag dóchúlachta atá ann go bhfeidhmeoidh an custaiméir na cearta atá fágtha aige. Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil coinne ag an eintiteas le bheith i dteideal méid briste, breithneoidh an t-eintiteas na ceanglais i míreanna 56–58 maidir le meastacháin de chomaoin athraitheach a shrianadh.

    B47

    Aithneoidh eintiteas dliteanas (agus ní ioncam) maidir le haon chomaoin arna fáil agus atá inchurtha i leith ceart neamhfheidhmithe custaiméara dá bhfuil ceangal ar an eintiteas a íoc le páirtí eile, mar shampla, eintiteas rialtais i gcomhréir leis na dlíthe réadmhaoine gan éileamh is infheidhme.

    Táillí tosaigh neamh-inaisíoctha (agus roinnt costais ghaolmhara)

    B48

    I roinnt conarthaí, muirearaíonn eintiteas táille tosaigh neamh-inaisíoctha do chustaiméir tráth tionscanta an chonartha nó gar dó. I measc na samplaí tá táillí clárúcháin i gconarthaí ballraíochta club sláinte, táillí gníomhachtaithe i gconarthaí teileachumarsáide, táillí bunaithe i roinnt conarthaí seirbhísí agus táillí tosaigh i roinnt conarthaí soláthair.

    B49

    Chun oibleagáidí feidhmíochta i gconarthaí den sórt sin a shainaithint, déanfaidh eintiteas measúnú ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an táille le haistriú earra nó seirbhíse geallta. I gcuid mhaith cásanna, cé go mbaineann táille tosaigh neamh-inaisíoctha le gníomhaíocht a cheanglaítear ar an eintiteas a dhéanamh tráth tionscanta an chonartha nó gar dó chun an conradh a chomhlíonadh, ní aistrítear earra nó seirbhís gheallta chuig an gcustaiméir de bharr na gníomhaíochta (féach mír 25). In ionad sin, is réamhíocaíocht a bhíonn sa táille tosaigh le haghaidh earraí nó seirbhísí amach anseo agus, dá bhrí sin, d’aithneofaí í mar ioncam nuair a sholáthraítear na hearraí nó na seirbhísí sin amach anseo. Chuirfí síneadh leis an tréimhse aitheantais ioncaim thar an gcéad thréimhse chonarthach i gcás ina ndeonaíonn an t-eintiteas an rogha don chustaiméir an conradh a athnuachan agus go soláthraíonn an rogha sin ceart ábhartha don chustaiméir mar a thuairiscítear i mír B40.

    B50

    Má bhaineann an táille tosaigh neamh-inaisíoctha le hearra nó seirbhís, déanfaidh an t-eintiteas meastóireacht ar cé acu a choinneoidh nó nach gcoinneoidh sé cuntas ar an earra nó seirbhís mar oibleagáid feidhmíochta ar leithligh i gcomhréir le míreanna 22–30.

    B51

    Féadfaidh eintiteas táille neamh-inaisíoctha a mhuirearú go páirteach mar chúiteamh do chostais a tabhaíodh chun conradh a bhunú (nó cúraimí eile riaracháin mar a thuairiscítear i mír 25). Mura gcomhlíontar oibleagáid feidhmíochta leis na gníomhaíochtaí bunaithe sin, déanfaidh an t-eintiteas neamhaird de na gníomhaíochtaí sin (agus na costais ghaolmhara) le linn dó an dul chun cinn a thomhas i gcomhréir le mír B19. Tá sé sin amhlaidh toisc nach dtugann costais na ngníomhaíochtaí bunaithe léiriú ar an aistriú seirbhísí chuig an gcustaiméir. Déanfaidh an t-eintiteas measúnú ar cé acu a cruthaíodh nó nár cruthaíodh sócmhainn a aithneofar i gcomhréir le mír 95 de thoradh na gcostas a tabhaíodh chun conradh a bhunú.

    Ceadúnú

    B52

    Leagtar síos cearta custaiméara ar mhaoin intleachtúil eintitis le ceadúnas. D’fhéadfaí a áireamh le ceadúnais maoine intleachtúla, ach níl siad teoranta dóibh, ceadúnais d’aon cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    bogearraí agus teicneolaíocht;

    (b)

    scannáin, ceol agus foirmeacha eile meán agus siamsaíochta;

    (c)

    saincheadúnais; agus

    (d)

    paitinní, trádmharcanna agus cóipchirt.

    B53

    In éineacht le gealltanas ceadúnas (nó ceadúnais) a dheonú do chustaiméir, féadfaidh eintiteas gealltanas a thabhairt freisin go n-aistreoidh sé earraí nó seirbhísí eile chuig an gcustaiméir. Féadfar na gealltanais sin a lua go sainráite sa chonradh nó iad a bheith intuigthe le gnáthchleachtais ghnó eintitis, lena bheartais fhoilsithe nó le ráitis shonracha (féach mír 24). Murab ionann agus cineálacha eile conarthaí, i gcás ina n-áirítear gealltanas chun ceadúnas (nó ceadúnais) a dheonú i gconradh le custaiméir in éineacht le hearraí nó seirbhísí eile geallta, cuirfidh eintiteas míreanna 22–30 i bhfeidhm chun gach ceann de na hoibleagáidí feidhmíochta sa chonradh a shainaithint.

    B54

    Mura féidir an gealltanas chun ceadúnas a dheonú a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí eile geallta sa chonradh i gcomhréir le míreanna 26–30, coinneoidh eintiteas cuntas ar an ngealltanas ceadúnas a dheonú agus na hearraí nó na seirbhísí eile sin a gealladh in éineacht mar oibleagáid feidhmíochta aonair. Áirítear iad seo a leanas ar shamplaí de cheadúnais nach féidir iad a idirdhealú ó earraí nó seirbhísí eile a gealladh sa chonradh:

    (a)

    ceadúnas ar comhpháirt é d’earra inláimhsithe agus ar cuid lárnach é d’fheidhmiúlacht an earra; agus

    (b)

    ceadúnas nach féidir leis an gcustaiméir tairbhiú de ach amháin le seirbhís ghaolmhar (amhail seirbhís ar líne arna soláthar ag an eintiteas a chuireann ar a chumas don chustaiméir, trí cheadúnas a dheonú, ábhar a rochtain).

    B55

    Mura ceadúnas ar leith é, cuirfidh eintiteas míreanna 31–38 i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu ar oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama nó a chomhlíontar ag tráth ar leith í an oibleagáid feidhmíochta (ina gcuimsítear an ceadúnas geallta).

    B56

    Más féidir an gealltanas chun an ceadúnas a dheonú a idirdhealú ó na hearraí nó na seirbhísí eile geallta sa chonradh agus, dá bhrí sin, gur oibleagáid feidhmíochta ar leithligh an gealltanas chun an ceadúnas a dheonú, cinnfidh eintiteas cé acu a aistríonn an ceadúnas chuig custaiméir ag tráth ar leith nó le himeacht ama. Agus an cinneadh sin á dhéanamh aige, breithneoidh eintiteas arb ionann cineál ghealltanas an eintitis maidir leis an gceadúnas a dheonú do chustaiméir agus aon cheann díobh seo a leanas a sholáthar don chustaiméir:

    (a)

    ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a rochtain mar is ann dó ar feadh thréimhse an cheadúnais; nó

    (b)

    ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a úsáid mar is ann dó an tráth ar leith a dheonaítear an ceadúnas.

    Cineál ghealltanas an eintitis a chinneadh

    B57

    [Scriosta]

    B58

    Is ionann cineál ghealltanas an eintitis maidir le ceadúnas a dheonú agus gealltanas chun ceart rochtana a sholáthar ar mhaoin intleachtúil an eintitis má chomhlíontar gach ceann de na critéir seo a leanas:

    (a)

    ceanglaítear leis an gconradh, nó tá coinne réasúnta ag an gcustaiméir leis, go dtabharfaidh an t-eintiteas faoi ghníomhaíochtaí a dhéanann difear suntasach don mhaoin intleachtúil dá bhfuil cearta ag an gcustaiméir (féach míreanna B59 agus B59A);

    (b)

    leis na cearta arna ndeonú leis an gceadúnas nochtar an custaiméir go díreach d’aon iarmhairt dheimhneach nó dhiúltach ag gníomhaíochtaí an eintitis a shainaithnítear i mír B58(a); agus

    (c)

    ní aistrítear earra nó seirbhís chuig an gcustaiméir de réir mar a tharlaíonn na gníomhaíochtaí de thoradh na ngníomhaíochtaí sin (féach mír 25).

    B59

    I measc na bhfachtóirí a d’fhéadfadh tabhairt le fios go bhféadfadh coinne réasúnta a bheith ag custaiméir leis go dtabharfaidh eintiteas faoi na gníomhaíochtaí lena ndéantar difear suntasach don mhaoin intleachtúil tá gnáthchleachtais ghnó an eintitis, a bheartais fhoilsithe nó a ráitis shonracha. Cé nach rud cinntitheach é, nuair is ann do leas eacnamaíoch comhroinnte (ríchíos díolachán-bhunaithe, mar shampla) idir an t-eintiteas agus an custaiméir a bhaineann leis an maoin intleachtúil dá bhfuil cearta ag an gcustaiméir, d’fhéadfaí tabhairt le fios leis freisin go bhféadfadh coinne réasúnta a bheith ag an gcustaiméir leis go dtabharfaidh an t-eintiteas faoi ghníomhaíochtaí den sórt sin.

    B59A

    Déanann gníomhaíochtaí an eintitis difear suntasach don mhaoin intleachtúil dá bhfuil cearta ag an gcustaiméir i gcás:

    (a)

    ina bhfuil coinne leis go n-athrófar leis na gníomhaíochtaí sin foirm (dearadh nó ábhar, mar shampla) nó feidhmiúlacht (an cumas feidhm nó cúram a dhéanamh, mar shampla) na maoine intleachtúla; nó

    (b)

    ina ndéantar an cumas atá ag an gcustaiméir tairbhe a fháil ón maoin intleachtúil, a dhíorthú go substaintiúil ó na gníomhaíochtaí sin, nó tá siad ag brath ar na gníomhaíochtaí sin. Déantar an tairbhe ó bhranda a dhíorthú go minic ó ghníomhaíochtaí leanúnacha an eintitis lena dtacaítear nó lena gcoinnítear ar bun luach na maoine intleachtúla, mar shampla, nó bíonn an tairbhe ag brath ar na gníomhaíochtaí sin.

    Dá réir sin, má tá feidhmiúlacht neamhspleách shuntasach ag an maoin intleachtúil dá bhfuil cearta ag an gcustaiméir, díorthaítear sciar mhór de thairbhe na maoine intleachtúla sin ón bhfeidhmiúlacht sin. Dá dhroim sin, ní dhéanfadh gníomhaíochtaí an eintitis difear suntasach do chumas an chustaiméara tairbhe a fháil ón maoin intleachtúil sin mura n-athraítear a bhfoirm nó a bhfeidhmiúlacht go suntasach de bharr na ngníomhaíochtaí sin. I measc na gcineálacha maoine intleachtúla a mbíonn feidhmiúlacht neamhspleách shuntasach acu go minic tá bogearraí, comhdhúile bitheolaíocha nó foirmlí drugaí, agus ábhar meán arna dtabhairt i gcrích (scannáin, seónna teilifíse agus taifeadtaí ceoil, mar shampla).

    B60

    Má chomhlíontar na critéir i mír B58, coinneoidh eintiteas cuntas ar an ngealltanas ceadúnas a dheonú mar oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar le himeacht ama toisc go bhfaighidh agus go n-ídeoidh an custaiméir go comhuaineach an tairbhe ó fheidhmíocht an eintitis maidir le rochtain a sholáthar ar a mhaoin intleachtúil de réir mar a tharlaíonn an fheidhmíocht (féach mír 35(a)). Cuirfidh eintiteas míreanna 39–45 i bhfeidhm chun modh iomchuí a roghnú lena dhul chun cinn i dtreo chomhlíonadh iomlán na hoibleagáide feidhmíochta sin maidir le rochtain a sholáthar, a thomhas.

    B61

    Mura gcomhlíontar na critéir i mír B58, is é cineál ghealltanas eintitis ceart a sholáthar chun maoin intleachtúil an eintitis a úsáid de réir mar is ann don mhaoin intleachtúil sin (i dtéarmaí foirme agus feidhmiúlachta) an tráth ar leith a dheonaítear an ceadúnas don chustaiméir. Ciallaíonn sé sin gur féidir leis an gcustaiméir úsáid an cheadúnais an tráth ar leith a aistrítear an ceadúnas a threorú, agus gach ceann de na tairbhí atá fágtha a fháil go substaintiúil. Coinneoidh eintiteas cuntas ar an ngealltanas maidir le ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a úsáid mar oibleagáid feidhmíochta a chomhlíontar ag tráth ar leith. Cuirfidh eintiteas mír 38 i bhfeidhm chun an tráth ar leith a aistrítear an ceadúnas chuig an gcustaiméir a chinneadh. Ní féidir ioncam a aithint áfach le haghaidh ceadúnais lena soláthraítear ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a úsáid roimh thús na tréimhse ar féidir leis an gcustaiméir an ceadúnas a úsáid agus tairbhiú de, lena linn. Má thosaíonn tréimhse ceadúnais mar shampla sula soláthraíonn eintiteas (nó sula gcuireann sé ar fáil) do chustaiméir cód lena gcuirtear ar a chumas don chustaiméir an bogearraí a úsáid láithreach, ní aithneodh an t-eintiteas ioncam sula soláthraítear (nó a chuirtear ar fáil) an cód sin.

    B62

    Déanfaidh eintiteas neamhaird de na fachtóirí seo a leanas le linn dó a chinneadh cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn ceadúnas ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a rochtain nó ceart chun maoin intleachtúil an eintitis a úsáid:

    (a)

    Srianta maidir le ham, réigiún geografach nó úsáid–sainítear leis na srianta sin saintréithe an cheadúnais gheallta, in ionad a shainiú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-eintiteas a oibleagáid feidhmíochta ag tráth ar leith nó le himeacht ama.

    (b)

    Ráthaíochtaí arna soláthar ag eintiteas go bhfuil paitinn bhailí acu ar mhaoin intleachtúil agus go dtabharfaidh sé cosaint don phaitinn sin ar úsáid neamhúdaraithe–ní oibleagáid feidhmíochta é gealltanas chun ceart paitinne a chosaint toisc go gcosnaítear leis an ngníomh paitinn a chosaint luach shócmhainní maoine intleachtúla an eintitis agus soláthraíonn sé cinnteacht don chustaiméir go gcomhlíonann an ceadúnas arna aistriú sonraíochtaí an cheadúnais a gealladh sa chonradh.

    Ríchíosanna ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide

    B63

    D’ainneoin na gceanglas i míreanna 56–59, ní aithneoidh eintiteas ioncam le haghaidh ríchíos ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide arna ghealladh mar mhalairt ar cheadúnas maoine intleachtúla ach amháin nuair a tharlaíonn (nó de réir mar a tharlaíonn) an ceann is déanaí de na teagmhais seo a leanas:

    (a)

    tarlaíonn an díol nó an úsáid ina dhiaidh sin; agus

    (b)

    tá an oibleagáid feidhmíochta dár leithdháileadh roinnt den ríchíos ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide nó an ríchíos ar fad comhlíonta (nó comhlíonta go páirteach).

    B63A

    Beidh feidhm ag an gceanglas maidir le ríchíos ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide i mír B63 i gcás nach mbaineann an ríchíos ach amháin le ceadúnas maoine intleachtúla nó i gcás inarb é an ceadúnas maoine intleachtúla an mhír cheannasach lena mbaineann an ríchíos (d’fhéadfadh an ceadúnas maoine intleachtúla a bheith ar an mír cheannasach lena mbaineann an ríchíos i gcás ina mbeidh coinne réasúnta ag an eintiteas leis go leagfadh an custaiméir níos mó luach ar an gceadúnas ná ar na hearraí nó seirbhísí eile lena mbaineann an ríchíos).

    B63B

    I gcás ina gcomhlíontar an ceanglas i mír B63A, aithneofar go hiomlán ioncam ó ríchíos ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide i gcomhréir le mír B63. I gcás nach gcomhlíontar an ceanglas i mír B63A, beidh feidhm ag na ceanglais maidir le comaoin athraitheach i míreanna 50–59 maidir leis an ríchíos ar bhonn díolachán nó ar bhonn úsáide.

    Comhaontuithe athcheannaigh

    B64

    Is éard is comhaontú athcheannaigh ann conradh ina ndíolann eintiteas sócmhainn agus ina ngeallann sé freisin agus ina bhfuil an rogha aige (sa chonradh céanna nó i gconradh eile) an tsócmhainn a athcheannach. D’fhéadfadh sé gurb í an tsócmhainn athcheannaithe an tsócmhainn a díoladh ar dtús leis an gcustaiméir, sócmhainn atá mar an gcéanna go substaintiúil leis an tsócmhainn sin, nó sócmhainn eile ar comhpháirt í den tsócmhainn a díoladh an chéad lá riamh.

    B65

    Bíonn trí chineál i gceist le comhaontú athcheannaigh go ginearálta:

    (a)

    oibleagáid eintitis an tsócmhainn a athcheannach (conradh réamhcheaptha);

    (b)

    ceart an eintitis an tsócmhainn a athcheannach (céadrogha ar cheannach); agus

    (c)

    oibleagáid eintitis an tsócmhainn a athcheannach ar iarraidh ón gcustaiméir (céadrogha ar dhíol).

    Conradh réamhcheaptha nó céadrogha ar cheannach

    B66

    Má tá oibleagáid nó ceart ag eintiteas an tsócmhainn a athcheannach (conradh réamhcheaptha nó céadrogha ar cheannach), ní fhaigheann custaiméir rialú ar an tsócmhainn toisc go bhfuil an custaiméir teoranta maidir lena chumas úsáid na sócmhainne a threorú cé go bhféadfadh seilbh fhisiceach a bheith ag an gcustaiméir ar an tsócmhainn, agus na tairbhí uile atá fágtha a fháil go substaintiúil. Dá dhroim sin, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an gconradh mar cheachtar díobh seo a leanas:

    (a)

    léas i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna i gcás inar féidir leis an eintiteas an tsócmhainn a athcheannach nó i gcás nach mór dó an tsócmhainn a athcheannach ar mhéid ar lú é ná praghas díola bunaidh na sócmhainne, murar cuid d’idirbheart díolacháin agus aisléasúcháin é an conradh. Más cuid d’idirbheart díolacháin agus aisléasúcháin é an conradh, leanfaidh an t-eintiteas de dhí-aithint na sócmhainne agus aithneoidh sé dliteanas airgeadais maidir le haon chomaoin a fhaightear ón gcustaiméir. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an dliteanas airgeadais in IFRS 9; nó

    (b)

    socrú maoiniúcháin i gcomhréir le mír B68 i gcás inar féidir leis an eintiteas an tsócmhainn a athcheannach nó i gcás nach mór dó an tsócmhainn a athcheannach ar mhéid arb ionann é nó ar mó é ná praghas díola bunaidh na sócmhainne.

    B67

    Agus comparáid á déanamh idir an praghas athcheannaigh agus an praghas díola, breithneoidh an t-eintiteas an t-amluach airgid.

    B68

    Más socrú maoiniúcháin é an comhaontú athcheannaigh, leanfaidh an t-eintiteas ag aithint na sócmhainne agus ag aithint dliteanas airgeadais freisin maidir le haon chomaoin a fhaightear ón gcustaiméir. Aithneoidh an t-eintiteas an difríocht idir méid na comaoine a fhaightear ón gcustaiméir agus méid na comaoine a íocfar leis an gcustaiméir mar ús agus, más infheidhme, mar chostais phróiseála nó mar chostais choinneála (árachas, mar shampla).

    B69

    Má ghabhann an rogha in éag gan í a fheidhmiú, dí-aithneoidh eintiteas an dliteanas agus aithneoidh sé ioncam.

    Céadrogha ar dhíol

    B70

    Má tá oibleagáid ar eintiteas an tsócmhainn a athcheannach ar iarraidh ón gcustaiméir (céadrogha ar dhíol) ar phraghas atá níos ísle ná praghas díola bunaidh na sócmhainne, breithneoidh an t-eintiteas tráth tionscanta an chonartha cé acu atá nó nach bhfuil dreasacht mhór eacnamaíoch ag an gcustaiméir an ceart sin a fheidhmiú. De bharr go bhfeidhmíonn an custaiméir an ceart sin fágann sé sin go bunúsach go n-íocann an custaiméir comaoin leis an eintiteas as an gceart sócmhainn shonraithe a úsáid ar feadh tréimhse ama. Dá bhrí sin, má tá dreasacht mhór eacnamaíoch ag an gcustaiméir an ceart sin a fheidhmiú, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an gcomhaontú mar léas i gcomhréir le IFRS 16, murar cuid d’idirbheart díolacháin agus aisléasúcháin é an conradh. Más cuid d’idirbheart díolacháin agus aisléasúcháin é an conradh, leanfaidh an t-eintiteas de dhí-aithint na sócmhainne agus aithneoidh sé dliteanas airgeadais maidir le haon chomaoin a fhaightear ón gcustaiméir. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an dliteanas airgeadais in IFRS 9.

    B71

    Chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil dreasacht mhór eacnamaíoch ag custaiméir chun a cheart a fheidhmiú, breithneoidh eintiteas fachtóirí éagsúla, lena n-áirítear gaolmhaireacht an phraghais athcheannaigh le margadhluach na sócmhainne a bhfuil coinne leis ar dháta an athcheannaigh agus an méid ama go dtí go rachaidh an ceart in éag. Má tá coinne leis go mbeidh an praghas athcheannaigh i bhfad níos mó ná margadhluach na sócmhainne, mar shampla, d’fhéadfadh sé sin tabhairt le fios go bhfuil dreasacht mhór eacnamaíoch ag an gcustaiméir an céadrogha ar dhíol sin a fheidhmiú.

    B72

    Mura bhfuil dreasacht mhór eacnamaíoch ag an gcustaiméir a cheart a fheidhmiú ar phraghas atá níos ísle ná praghas díola bunaidh na sócmhainne, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an gcomhaontú amhail agus gur díol táirge é lena ngabhann ceart maidir le cur ar ais mar a thuairiscítear i míreanna B20–B27.

    B73

    Má tá praghas athcheannaigh na sócmhainne níos mó ná an praghas díola bunaidh nó cothrom leis agus má tá sé níos mó ná margadhluach na sócmhainne a bhfuil coinne leis, ciallaíonn sé sin go bunúsach gur socrú maoiniúcháin é an conradh agus, dá bhrí sin, coinneofar cuntas air mar a thuairiscítear i mír B68.

    B74

    Má tá praghas athcheannaigh na sócmhainne cothrom le nó níos mó ná an praghas díola bunaidh agus má tá sé níos lú ná nó cothrom le margadhluach na sócmhainne a bhfuil coinne leis, agus mura bhfuil dreasacht mhór eacnamaíoch ag an gcustaiméir a cheart a fheidhmiú, ansin coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an gcomhaontú amhail agus gur díol táirge é lena ngabhann ceart é a chur ar ais faoi mar a thuairiscítear i míreanna B20–B27.

    B75

    Agus comparáid á déanamh idir an praghas athcheannaigh agus an praghas díola, breithneoidh an t-eintiteas an t-amluach airgid.

    B76

    Má ghabhann an rogha in éag gan í a fheidhmiú, dí-aithneoidh eintiteas an dliteanas agus aithneoidh sé ioncam.

    Socruithe coinsíneachta

    B77

    I gcás ina gcuirfidh eintiteas táirge ar fáil do pháirtí eile (amhail déileálaí nó dáileoir) lena dhíol le custaiméirí deiridh, déanfaidh an t-eintiteas meastóireacht ar cé acu a fuair nó nach bhfuair an páirtí eile sin rialú ar an táirge an tráth sin ar leith. Táirge a cuireadh ar fáil do pháirtí eile féadfar é a shealbhú i socrú coinsíneachta mura bhfuair an páirtí eile sin rialú ar an táirge. Dá réir sin, ní aithneoidh eintiteas ioncam ar sholáthar táirge do pháirtí eile má tá an táirge arna sholáthar á shealbhú ar choinsíneacht.

    B78

    Áirítear iad seo a leanas ar na táscairí gur socrú coinsíneachta é socrú, ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    tá an táirge á rialú ag an eintiteas go dtí go dtarlaíonn teagmhas sonraithe, amhail díol an táirge le custaiméir de chuid an déileálaí nó go dtí go ngabhann tréimhse shonraithe in éag;

    (b)

    tá an t-eintiteas in ann a cheangal go gcuirfear an táirge ar ais nó go n-aistreofar an táirge chuig tríú páirtí (amhail déileálaí eile); agus

    (c)

    níl oibleagáid neamhchoinníollach ar an déileálaí chun íoc as an táirge (cé go bhféadfaí é sin a éileamh chun éarlais a íoc).

    Socruithe billeáil agus coinnigh

    B79

    Is conradh é socrú billeáil agus coinnigh faoina seolann eintiteas bille chuig custaiméir maidir le táirge ach coinníonn an t-eintiteas seilbh fhisiceach ar an táirge go dtí go n-aistrítear é chuig an gcustaiméir tráth ar leith amach anseo. D’fhéadfadh custaiméir iarraidh ar eintiteas conradh a dhéanamh mar shampla mar gheall ar easpa spáis a bheith ar fáil don chustaiméir don táirge nó mar gheall ar mhoill ar sceidil táirgeachta an chustaiméara.

    B80

    Cinnfidh eintiteas cathain a bheidh a oibleagáid feidhmíochta comhlíonta aige maidir le táirge a aistriú trína mheas cathain a gheobhaidh custaiméir rialú ar an táirge sin (féach mír 38). I gcás roinnt conarthaí, aistrítear an rialú nuair a sheachadtar an táirge chuig láthair an chustaiméara nó nuair a dhéantar an táirge a loingsiú, ag brath ar théarmaí an chonartha (lena n-áirítear téarmaí seachadta agus loingis). I gcás roinnt conarthaí, áfach, féadfaidh custaiméir rialú a fháil ar tháirge fiú má tá an táirge sin fós i seilbh fhisiceach eintitis. Sa chás sin, tá sé de chumas ag an gcustaiméir úsáid an táirge a threorú, agus na tairbhí uile atá fágtha ón táirge a fháil, cé go bhfuil cinneadh déanta aige gan a cheart chun seilbh fhisiceach a ghlacadh ar an táirge sin a fheidhmiú. Dá dheasca sin, níl rialú ag an eintiteas ar an táirge. In ionad sin, soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí cumhdaigh don chustaiméir ar shócmhainn an chustaiméara.

    B81

    Anuas ar na ceanglais i mír 38 a chur i bhfeidhm, ionas go mbeidh rialú ag custaiméir ar tháirge i socrú billeáil agus coinnigh, ní mór gach ceann de na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    ní mór don chúis atá leis an socrú billeáil agus coinnigh a bheith substainteach (d’iarr an custaiméir an socrú, mar shampla);

    (b)

    ní mór an táirge a shainaithint ar leithligh mar tháirge ar leis an gcustaiméir é;

    (c)

    ní mór don táirge a bheith réidh faoi láthair lena aistriú go fisiceach chuig an gcustaiméir; agus

    (d)

    ní féidir é a bheith de chumas ag an eintiteas an táirge a úsáid nó é a threorú chuig custaiméir eile.

    B82

    Má aithníonn eintiteas ioncam maidir le díol táirge ar bhonn billeáil agus coinnigh, breithneoidh an t-eintiteas cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáidí feidhmíochta fágtha aige (le haghaidh seirbhísí cumhdaigh, mar shampla) i gcomhréir le míreanna 22–30 lena leithdháilfidh an t-eintiteas sciar den phraghas idirbhirt i gcomhréir le míreanna 73–86.

    Glacadh custaiméara

    B83

    I gcomhréir le mír 38(e), féadfaidh an glacadh a dhéanfaidh custaiméir ar shócmhainn tabhairt le fios go bhfuair an custaiméir rialú ar an tsócmhainn. Ceadaítear le clásal glactha an chustaiméara do chustaiméir conradh a chealú nó a chur de cheangal ar eintiteas gníomhaíocht cheartaitheach a ghlacadh mura gcomhlíonann earra nó seirbhís sonraíochtaí a bhí comhaontaithe. Breithneoidh eintiteas clásail den sórt sin le linn dó meastóireacht a dhéanamh ar an uair a fhaigheann custaiméir rialú ar earra nó seirbhís.

    B84

    Más féidir le heintiteas a chinneadh go hoibiachtúil gur aistríodh rialú earra nó seirbhíse chuig an gcustaiméir i gcomhréir leis na sonraíochtaí a comhaontaíodh sa chonradh, ansin is foirmiúlacht é glacadh an chustaiméara nach ndéanfadh difear do chinneadh an eintitis maidir le cathain a fuair an custaiméir rialú ar an earra nó seirbhís. Má tá clásal glactha an chustaiméara bunaithe ar shaintréithe sonraithe maidir le méid agus meáchan a chomhlíonadh, mar shampla, bheadh eintiteas in ann a chinneadh cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir sin roimh dó deimhniú a fháil maidir le glacadh an chustaiméara. Leis an taithí atá ag an eintiteas ar chonarthaí le haghaidh earraí nó seirbhísí comhchosúla, is féidir fianaise a sholáthar go bhfuil earra nó seirbhís arna soláthar don chustaiméir i gcomhréir leis na sonraíochtaí a comhaontaíodh sa chonradh. Má aithnítear ioncam roimh ghlacadh an chustaiméara, ní mór don eintiteas a bhreithniú fós cé acu atá nó nach bhfuil aon oibleagáid feidhmíochta fágtha (suiteáil trealaimh, mar shampla) agus meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a choinneofar nó nach gcoinneofar cuntas orthu ar leithligh.

    B85

    Mura féidir le heintiteas a chinneadh go hoibiachtúil áfach go bhfuil an t-earra nó seirbhís arna soláthar don chustaiméir i gcomhréir leis na sonraíochtaí a comhaontaíodh sa chonradh, ansin ní bheadh an t-eintiteas in ann a bhaint de thátal as go bhfuair an custaiméir rialú go dtí go bhfaigheann an t-eintiteas glacadh an chustaiméara. Tá sé amhlaidh toisc nach féidir leis an eintiteas san imthoisc sin a chinneadh go bhfuil sé de chumas ag an gcustaiméir úsáid an earra nó na seirbhíse a threorú, agus na tairbhí uile atá fágtha den earra nó seirbhís, a fháil go substaintiúil.

    B86

    Má sheachadann eintiteas táirgí ar chustaiméir chun críocha trialach nó meastóireachta agus mura bhfuil an custaiméir faoi ghealltanas aon chomaoin a íoc go dtí go rachaidh an tréimhse trialach in éag, ní aistrítear rialú an táirge chuig an gcustaiméir go dtí go nglacann an custaiméir leis an táirge nó go dtí go ngabhann an tréimhse trialach in éag.

    Nochtadh maidir le hioncam dí-chomhiomlánaithe

    B87

    Ceanglaítear le mír 114 ar eintiteas dí-chomhiomlánú a dhéanamh ar ioncam ó chonarthaí le custaiméirí i gcatagóirí lena léirítear conas a dhéanann fachtóirí eacnamaíocha difear do chineál, méid, uainiú agus éiginnteacht ioncaim agus sreafa airgid. Dá dhroim sin, beidh a mhéid a bheidh ioncam an eintitis dí-chomhiomlánaithe chun críocha an nochta sin ag brath ar na fíorais agus na himthosca a bhaineann le conarthaí an eintitis le custaiméirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá do roinnt eintitis níos mó ná cineál amháin catagóire a úsáid chun an cuspóir i mír 114 maidir le hioncam a dhí-chomhiomlánú a chomhlíonadh. D’fhéadfadh gá a bheith d’eintitis eile an cuspóir a chomhlíonadh trí aon chineál amháin catagóire a úsáid maidir le hioncam a dhí-chomhiomlánú.

    B88

    Le linn dó an cineál catagóire (nó catagóirí) a úsáidfear chun ioncam a dhí-chomhiomlánú a roghnú, breithneoidh eintiteas an chaoi ar cuireadh faisnéis maidir le hioncam an eintitis i láthair chun críocha eile, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    nochtaí arna gcur i láthair lasmuigh de na ráitis airgeadais (in eisiúintí maidir le tuilleamh, tuarascálacha bliantúla nó cuir i láthair ó infheisteoirí, mar shampla);

    (b)

    faisnéis arna hathbhreithniú go tráthrialta ag an bpríomhchinnteoir oibriúcháin chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais na ndeighleog oibriúcháin; agus

    (c)

    faisnéis eile atá comhchosúil leis na cineálacha faisnéise a shainaithnítear i mír B88(a) agus (b) agus a úsáideann an t-eintiteas nó úsáideoirí ráitis airgeadais an eintitis chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht airgeadais an eintitis nó chun cinntí a dhéanamh maidir le leithdháileadh acmhainní.

    B89

    Áirítear iad seo a leanas ar fad ar na samplaí de chatagóirí a d’fhéadfadh a bheith iomchuí, ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    an cineál earra nó seirbhíse (mórlínte táirgí, mar shampla);

    (b)

    an réigiún geografach (tír nó réigiún, mar shampla);

    (c)

    an margadh nó an cineál custaiméara (custaiméirí rialtais agus neamhrialtais, mar shampla);

    (d)

    an cineál conartha (conarthaí ar phraghas seasta agus conarthaí ama agus ábhair, mar shampla);

    (e)

    fad conartha (conarthaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha, mar shampla);

    (f)

    uainiú aistriú na n-earraí nó seirbhísí (ioncam ó earraí nó seirbhísí arna n-aistriú chuig custaiméirí ag tráth ar leith agus ioncam ó earraí nó seirbhísí arna n-aistriú le himeacht ama, mar shampla); agus

    (g)

    bealaí díolachán (earraí a dhíoltar go díreach le tomhaltóirí agus earraí a dhíoltar idir idirghabhálaithe, mar shampla).

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    C1

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin.

    C1A

    Le IFRS 16 Léasanna, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh míreanna 5, 97, B66 agus B70. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 16 á chur i bhfeidhm aige.

    C1B

    Le Soiléirithe ar IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí Aibreáin 2016, leasaíodh míreanna 26, 27, 29, B1, B34–B38, B52–B53, B58, C2, C5 agus C7, scriosadh mír B57 agus cuireadh míreanna B34A, B35A, B35B, B37A, B59A, B63A, B63B, C7A agus C8A leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    C1C

    Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm aige.

    TRASDUL

    C2

    Chun críocha na gceanglas aistrithe i míreanna C3–C8A:

    (a)

    is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair; agus

    (b)

    conradh arna thabhairt i gcrích is ea conradh lenar aistrigh an t-eintiteas na hearraí nó na seirbhísí ar fad arna sainaithint i gcomhréir le IAS 11 Conarthaí Foirgníochta, IAS 18 Ioncam agus Léirmhínithe gaolmhara.

    C3

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ag úsáid ceann amháin den dá mhodh seo a leanas:

    (a)

    go cúlghabhálach maidir le gach tréimhse tuairiscithe roimhe sin a cuireadh i láthair i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe i Meastacháin Chuntasaíochta agus in Earráidí Cuntasaíochta, faoi réir na mbeart i mír C5; nó

    (b)

    go cúlghabhálach leis an iarmhairt charnach ag an gCaighdeán seo a aithint ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a chur i bhfeidhm den chéad uair i gcomhréir le míreanna C7–C8.

    C4

    D'ainneoin cheanglais mhír 28 de IAS 8, nuair a chuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, ní gá d’eintiteas ach an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair le haghaidh na tréimhse bliantúla díreach roimh an chéad tréimhse bhliantúil a gcuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm lena haghaidh (an ‘tréimhse díreach roimhe’) agus ní dhéanfar é sin ach amháin má chuireann an t-eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C3(a). Féadfaidh eintiteas an fhaisnéis sin a chur i láthair le haghaidh na tréimhse reatha nó tréimhsí inchomparáide níos luaithe freisin, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh.

    C5

    Féadfaidh eintiteas ceann amháin nó níos mó de na bearta praiticiúla seo a leanas a úsáid le linn dó an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C3(a):

    (a)

    le haghaidh conarthaí arna dtabhairt i gcrích, ní gá d’eintiteas na conarthaí seo a leanas a athshonrú:

    (i)

    conarthaí a thosaíonn agus a chríochnaíonn laistigh den tréimhse tuairiscithe bhliantúil chéanna; nó

    (ii)

    conarthaí ar conarthaí iad a tugadh i gcrích ag tús na tréimhse is luaithe arna cur i láthair.

    (b)

    i gcás conarthaí atá tugtha i gcrích ag a bhfuil comaoin athraitheach, féadfaidh eintiteas an praghas idirbhirt ar an dáta a tugadh an conradh i gcrích a úsáid in ionad meastachán a thabhairt ar mhéideanna comaoine athraithí sna tréimhsí tuairiscithe ina ndéantar comparáid.

    (c)

    i gcás conarthaí a modhnaíodh roimh thús na tréimhse is luaithe arna cur i láthair, ní gá d’eintiteas an conradh a athshonrú go cúlghabhálach maidir leis na modhnuithe conartha sin i gcomhréir le míreanna 20–21. In ionad sin, léireoidh eintiteas iarmhairt chomhiomlán na modhnuithe uile a tharlaíonn roimh thús na tréimhse is luaithe arna cur i láthair le linn dó:

    (i)

    na hoibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh agus nár comhlíonadh a shainaithint;

    (ii)

    an praghas idirbhirt a chinneadh; agus

    (iii)

    an praghas idirbhirt a leithdháileadh ar na hoibleagáidí feidhmíochta a comhlíonadh agus nár comhlíonadh.

    (d)

    maidir le gach tréimhse tuairiscithe a chuirtear i láthair roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ní gá d’eintiteas nochtadh a dhéanamh maidir le méid an phraghais idirbhirt a leithdháileadh ar na hoibleagáidí feidhmíochta atá fágtha agus ní gá dó míniú a thabhairt ar cathain atá coinne ag an eintiteas leis an méid sin a aithint mar ioncam (féach mír 120).

    C6

    Maidir le haon cheann de na bearta praiticiúla i mír C5 a úsáideann eintiteas, cuirfidh an t-eintiteas an beart sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar gach conradh laistigh de gach tréimhse tuairiscithe a chuirtear i láthair. Ina theannta sin, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis seo a leanas ar fad:

    (a)

    na bearta a úsáideadh; agus

    (b)

    a mhéid is féidir go réasúnta, measúnú cáilíochtúil ar an iarmhairt mheasta a bhaineann le gach ceann de na bearta sin a chur i bhfeidhm.

    C7

    Má roghnaíonn eintiteas an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C3(b), aithneoidh an t-eintiteas an iarmhairt charnach a bhainfidh leis an gCaighdeán sin a chur i bhfeidhm den chéad uair mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó gné den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí) den tréimhse tuairiscithe bhliantúil ina gcuimsítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh. Faoin modh aistrithe sin, féadfaidh eintiteas roghnú gan an Caighdeán sin a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ach amháin ar chonarthaí ar conarthaí iad nach dtugtar i gcrích ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh (1 Eanáir 2018 d’eintiteas a bhfuil an 31 Nollaig mar dheireadh bliana aige, mar shampla).

    C7A

    Eintiteas a chuirfidh an Caighdeán sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C3(b), féadfaidh sé an beart praiticiúil ar a dtugtar tuairisc i mír C5(c) a úsáid freisin, maidir le:

    (a)

    gach modhnú conartha a tharlaíonn roimh thús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair; nó

    (b)

    gach modhnú conartha a tharlaíonn roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    Má úsáideann eintiteas an beart praiticiúil sin, cuirfidh an t-eintiteas an beart i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach conradh agus nochtfaidh sé an fhaisnéis a cheanglaítear le mír C6.

    C8

    Maidir le gach tréimhse tuairiscithe ina gcuimsítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh, soláthróidh eintiteas an dá nochtadh breise seo a leanas má chuirtear an Caighdeán sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C3(b):

    (a)

    an méid faoina ndéantar difear do gach mír líne sa ráiteas airgeadais sa tréimhse tuairiscithe reatha le cur i bhfeidhm an Chaighdeáin sin i gcomparáid le IAS 11, IAS 18 agus Léirmhínithe gaolmhara a tháinig i bhfeidhm roimh an athrú; agus

    (b)

    míniú ar na cúiseanna a bhí leis na hathruithe suntasacha a shainaithnítear in C8(a).

    C8A

    Cuirfidh eintiteas Soiléirithe ar IFRS 15 i bhfeidhm (féach mír C1B) go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8. Agus na leasuithe á gcur i bhfeidhm go cúlghabhálach, cuirfidh eintiteas na leasuithe i bhfeidhm amhail agus gur cuireadh san áireamh iad in IFRS 15 ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Dá dhroim sin, ní chuirfidh eintiteas na leasuithe ar thréimhsí tuairiscithe nó ar chonarthaí nach bhfuil ceanglais IFRS 15 curtha i bhfeidhm maidir leo i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna C2–C8. Má chuireann eintiteas IFRS 15 i bhfeidhm mar shampla i gcomhréir le mír C3(b) ar chonarthaí amháin nach conarthaí iad atá tugtha i gcrích ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ní athshonraíonn an t-eintiteas na conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 15 i ngeall ar iarmhairtí na leasuithe sin.

    Tagairtí do IFRS 9

    C9

    Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais i bhfeidhm go fóill, léifear aon tagairt sa Chaighdeán seo do IFRS 9 mar thagairt d’Ionstraimí Airgeadais IAS 39: Aitheantas agus Tomhas.

    CAIGHDEÁIN EILE A AISTARRAINGT

    C10

    Cuirtear an Caighdeán seo in ionad na gCaighdeán seo a leanas:

    (a)

    IAS 11 Conarthaí Foirgníochta;

    (b)

    IAS 18 Ioncam;

    (c)

    IFRIC 13 Cláir Dílseachta Custaiméirí;

    (d)

    IFRIC 15 Comhaontuithe maidir le Foirgníocht Eastáit Réadaigh;

    (e)

    IFRIC 18 Aistrithe Sócmhainní ó Chustaiméirí; agus

    (f)

    SIC-31 Ioncam—Idirbhearta Malartúcháin lena ngabhann Seirbhísí Fógraíochta.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 16

    Léasanna

    CUSPÓIR

    1

    Leagtar amach sa Chaighdeán seo na prionsabail maidir le léasanna a aithint, a thomhas, a chur i láthair agus a nochtadh. Is é is cuspóir dó a áirithiú go ndéanann leasaithee agus léasóirí faisnéis ábhartha a sholáthar ar bhealach ina léirítear go dílis na hidirbhearta sin. Tugann an fhaisnéis sin bunús d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag léasanna ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhadh airgid eintitis.

    2

    Breithneoidh eintiteas téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí agus na fíricí agus na himthosca ábhartha uile agus an Caighdeán seo á chur i bhfeidhm. Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le conarthaí a bhfuil saintréithe comhchosúla acu agus in imthosca comhchosúla.

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir le gach léas, lena n-áirítear léasanna ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide i bhfoléas, seachas:

    (a)

    léasanna chun mianraí, ola, gás nádúrtha agus acmhainní neamh-athghiniúnacha comhchosúla a thaiscéaladh nó a úsáid;

    (b)

    léasanna ar shócmhainní bitheolaíocha laistigh de raon feidhme IAS 41 Talmhaíocht atá i seilbh léasaí;

    (c)

    socruithe lamháltais seirbhíse laistigh de raon feidhme Socruithe Lamháltais Seirbhíse IFRS 12;

    (d)

    ceadúnais maoine intleachtúla arna ndeonú ag léasóir faoi raon feidhme IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí; agus

    (e)

    cearta arna sealbhú ag léasaí faoi chomhaontuithe ceadúnaithe laistigh de raon feidhme IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe le haghaidh míreanna amhail scannáin pictiúr reatha, fístaifeadtaí, drámaí, lámhscríbhinní, paitinní agus cóipchearta.

    4

    Féadfaidh léasaí an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm, ach níl sé de cheangal air é sin a dhéanamh, maidir le léasanna ar shócmhainní doláimhsithe seachas iad siúd a thuairiscítear i mír 3(e).

    DÍOLÚINTÍ AITHEANTAIS (MÍREANNA B3–B8)

    5

    Féadfaidh léasaí a roghnú gan na ceanglais i míreanna 22–49 a chur i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    léasanna gearrthéarmacha; agus

    (b)

    léasanna a bhfuil luach íseal ag baint leis an mtsócmhainn fholuiteach ina leith (mar a thuairiscítear i míreanna B3–B8).

    6

    Má roghnaíonn léasaí gan na ceanglais i míreanna 22–49 a chur i bhfeidhm maidir le léasanna gearrthéarmacha nó léasanna a bhfuil luach íseal ar an tsócmhainn fholuiteach ina leith, aithneoidh an léasaí na híocaíochtaí léasa a bhaineann leis na léasanna sin mar chostas ar bhonn líne dírí thar théarma an léasa nó ar bhonn córasach eile. Cuirfidh an léasaí bonn córasach eile i bhfeidhm más léiriú níos fearr é ar phatrún leasa an léasaí.

    7

    Má dhéanann léasaí cuntas ar léasanna gearrthéarmacha a chuireann mír 6 i bhfeidhm, measfaidh an léasaí gur léas nua chun críocha an Chaighdeáin seo an léas, sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    má dhéantar modhnú ar an léas; nó

    (b)

    má dhéantar aon athrú ar théarma an léasa (mar shampla, feidhmíonn an léasaí rogha nár áiríodh roimhe sin ina chinneadh ar théarma an léasa).

    8

    Is de réir aicme na sócmhainne foluití lena mbaineann an ceart úsáide a dhéanfar an rogha do léasanna gearrthéarmacha. Is éard atá in aicme sócmhainne foluití grúpáil sócmhainní foluiteacha de chineál agus d’úsáid chomhchosúil in oibríochtaí eintitis. Maidir le léasanna a bhfuil luach íseal ag baint leis an tsócmhainn fholuití ina leith, is féidir an rogha a dhéanamh ar bhonn léasa ar léas.

    LÉAS A SHAINAITHINT (MÍREANNA B9–B33)

    9

    Tráth a dtionscnófar conradh, déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh an léas atá sa chonradh nó an bhfuil léas ann. Léas atá i gconradh, nó is é léas atá istigh ann, ach sin má thíolacann an conradh an ceart chun úsáid sócmhainne aitheanta a rialú ar feadh tréimhse ama mar mhalairt ar chomaoin. Leagtar amach i míreanna B9–B31 treoraíocht maidir leis an measúnú maidir le cibé acu an léas é nó nach léas é conradh nó an bhfuil léas istigh sa chonradh.

    10

    Féadfar tréimhse ama a thuairisciú i dtéarmaí méid úsáide sócmhainne sainaitheanta (mar shampla, líon na n-aonad táirgthe a úsáidfear chun trealaimh a tháirgeadh).

    11

    Ní dhéanfaidh eintiteas athmheasúnú ar cibé acu an léas é nó nach léas é conradh nó an bhfuil léas istigh sa chonradh, ach amháin má athraítear téarmaí agus coinníollacha an chonartha.

    Comhpháirteanna conartha a dheighilt

    12

    Maidir le conradh ar léas é, nó ina bhfuil léas, tabharfaidh eintiteas cuntas ar gach comhpháirt léasa laistigh den chonradh mar léas ar leithligh ó chomhpháirteanna an chonartha nach bhfuil léasaithe, ach amháin má chuireann an t-eintiteas an beart praiticiúil i mír 15 i bhfeidhm. Leagtar amach i míreanna B32–B33 treoraíocht maidir le comhpháirteanna conartha a dheighilt.

    Léasaí

    13

    Maidir le conradh ina bhfuil comhpháirt léasa agus comhpháirt bhreise léasa nó neamhléasa amháin nó níos mó, leithdháilfidh léasaí an chomaoin sa chonradh ar gach comhpháirt léasa ar bhonn phraghas coibhneasta neamhspleách chomhpháirt an léasa agus ar bhonn phraghas neamhspleách comhiomlán na gcomhpháirteanna neamhléasa.

    14

    Déanfar praghas coibhneasta neamhspleách na gcomhpháirteanna léasa agus neamhléasa a chinneadh ar bhonn an phraghais a ghearrfadh an léasóir, nó soláthróir comhchosúil, ar eintiteas as an gcomhpháirt sin, nó as comhpháirt chomhchosúil, ar bhonn leithleach. Mura bhfuil praghas neamhspleách inbhraite ar fáil go héasca, déanfaidh an léasaí an praghas neamhspleách a mheas, agus an úsáid is mó is féidir a bhaint as faisnéis inbhraite.

    15

    Mar bheart praiticiúil, féadfaidh léasaí a roghnú, de réir aicme sócmhainne foluití, gan comhpháirteanna neamhléasa a dheighilt ó chomhpháirteanna léasa, agus ina ionad sin cuntas a thabhairt ar gach comhpháirt léasa agus ar aon chomhpháirt gaolmhar neamhléasta mar chomhpháirt léasa aonair. Ní chuirfidh léasaí an beart praiticiúil seo i bhfeidhm maidir le díorthaigh leabaithe a chomhlíonann na critéir i mír 4.3.3 de IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais.

    16

    Mura gcuirtear an beart praiticiúil i mír 15 i bhfeidhm, tabharfaidh léasaí cuntas ar chomhpháirteanna neamhléasa a chuireann Caighdeáin infheidhme eile i bhfeidhm.

    Léasóir

    17

    Maidir le conradh ina bhfuil comhpháirt léasa agus comhpháirt bhreise léasa nó neamhléasa amháin nó níos mó, leithdháilfidh léasóir an chomaoin sa chonradh lena gcuirtear míreanna 73–90 de IFRS 15 i bhfeidhm.

    TÉARMA LÉASA (MÍREANNA B34–B41)

    18

    Cinnfidh eintiteas téarma an léasa mar thréimhse neamh-inchealaithe léasa, mar aon leis an dá cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    tréimhsí a chumhdaítear leis an rogha an léas a shíneadh má tá an léasaí sách cinnte an rogha sin a fheidhmiú; agus

    (b)

    tréimhsí a chumhdaítear leis an rogha an léas a fhoirceannadh má tá an léasaí sách cinnte gan an rogha sin a fheidhmiú.

    19

    Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeodh sé rogha chun léas a shíneadh, nó gan rogha a fheidhmiú chun léas a fhoirceannadh, breithneoidh eintiteas na fíorais agus na himthosca ábhartha uile lena gcruthaítear dreasacht eacnamaíoch don léasaí an rogha a fheidhmiú an léas a shíneadh, nó gan an rogha a fheidhmiú an léas a fhoirceannadh, mar a thuairiscítear i míreanna B37–B40.

    20

    Déanfaidh léasaí athmheasúnú ar cibé an bhfuil sé réasúnta cinnte rogha sínte a fheidhmiú, nó gan rogha foirceanta a fheidhmiú, nuair a tharlaíonn teagmhas suntasach nó athrú suntasach sna cúinsí seo a leanas:

    (a)

    atá faoi rialú an léasaí; agus

    (b)

    a dhéanann difear do cibé acu atá nó nach bhfuil an léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeodh sé rogha nár cuireadh san áireamh roimhe sin ina foirceannadh ar théarma an léasa, nó gan rogha a fheidhmiú a cuireadh san áireamh roimhe sin ina fhoirceannadh ar théarma an léasa (mar a thuairiscítear i mír B41).

    21

    Athbhreithneoidh eintiteas an téarma léasa má thagann athrú ar thréimhse neamh-inchealaithe léasa. Mar shampla, athróidh tréimhse neamh-inchealaithe léasa sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    feidhmíonn an léasaí rogha nár cuireadh san áireamh roimhe sin i gcinneadh an eintitis ar théarma an léasa;

    (b)

    ní fheidhmíonn an léasaí rogha a cuireadh san áireamh roimhe sin i gcinneadh an eintitis ar théarma an léasa;

    (c)

    go dtarlaíonn teagmhas a chuireann oibleagáid chonarthach ar an léasaí rogha nár cuireadh san áireamh roimhe sin i gcinneadh an eintitis ar théarma an léasa a fheidhmiú; nó

    (d)

    tarlaíonn teagmhas a chuireann toirmeasc conarthach ar an léasaí rogha a fheidhmiú a cuireadh san áireamh roimhe sin i gcinneadh an eintitis ar théarma an léasa.

    LÉASAÍ

    Aitheantas

    22

    Ar an dáta tosaithe feidhme, aithneoidh léasaí sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa.

    Tomhas

    Tomhas tosaigh

    Tomhas tosaigh na sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide

    23

    Ar an dáta tosaithe, déanfaidh léasaí an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas, agus sin ar costas.

    24

    Seo a leanas costas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide:

    (a)

    méid thomhas tosaigh an dliteanais léasa, mar a thuairiscítear i mír 26;

    (b)

    aon íocaíocht léasa a rinneadh ar an dáta tosaithe nó roimhe, lúide aon dreasacht léasa a fuarthas;

    (c)

    aon chostas díreacha tosaigh arna dtabhú ag an léasaí; agus

    (d)

    meastachán ar na costais atá le tabhú ag an léasaí le linn na sócmhainne foluití a dhíchóimeáil agus a bhaint, an láithreán ar a bhfuil sí suite a athchóiriú nó an tsócmhainn fholuiteach a athchóiriú faoi réir an choinníll a cheanglaítear le téarmaí agus coinníollacha an léasa, mura dtabhaítear na costais sin chun fardail a tháirgeadh. Tabhaíonn an léasaí an oibleagáid maidir leis na costais sin ar an dáta tosaigh nó mar thoradh ar an tsócmhainn fholuití a úsáid le linn tréimhse áirithe.

    25

    Aithneoidh léasaí na costais a bhfuil tuairisc orthu i mír 24(d) mar chuid de chostas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nuair a thabhaíonn sé oibleagáid le haghaidh na gcostas sin. Cuireann léasaí Fardail IAS 2 i bhfeidhm maidir le costais a thabhaítear le linn tréimhse áirithe mar thoradh ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a úsáid chun fardail a tháirgeadh le linn na tréimhse sin. Aithnítear agus tomhaistear na hoibleagáidí a bhaineann le costais den sórt sin a chur i bhfeidhm tríd an gCaighdeán seo nó IAS 2 a chur i bhfeidhm agus trí fhorálacha IAS 37, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha a chur i bhfeidhm.

    Dliteanas an léasa a thomhas i dtosach

    26

    Ar an dáta tosaithe, déanfaidh léasaí dliteanas an léasa a thomhas ar luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa nach mbeidh íoctha ar an dáta sin. Déanfar na híocaíochtaí léasa a lascainiú trí úsáid a bhaint as anráta úis atá intuigthe sa léas, más féidir an ráta sin a chinneadh go héasca. Mura féidir an ráta sin a chinneadh go héasca, úsáidfidh an léasaí ráta iasachta incriminteach anléasaí.

    27

    Ar an dáta tosaithe, ar na híocaíochtaí léasa a áirítear i dtomhas dhliteanas an léasa, bhí na híocaíochtaí seo a leanas as an gceart chun an tsócmhainn fholuiteach a úsáid le linn théarma an léasa nach n-íoctar ar an dáta tosaithe:

    (a)

    íocaíochtaí seasta (lena n-áirítear íocaíochtaí seasta in-substainte mar a thuairiscítear i mír B42), lúide aon dreasacht léasa is infhaighte;

    (b)

    íocaíochtaí léasa athraitheacha a bhraitheann ar innéacs nó ar ráta, arna dtomhas i dtosach ag úsáid an innéacs nó an ráta ar an dáta tosaithe (mar a thuairiscítear i mír 28);

    (c)

    méideanna a mheastar a bheidh iníoctha ag an léasaí faoi ráthaíochtaí luacha iarmharaigh;

    (d)

    praghas feidhmithe na rogha ceannaigh má tá an léasaí cinnte go réasúnta go bhfeidhmeoidh sé an rogha sin (arna mheasúnú trí na fachtóirí a bhfuil tuairisc orthu i míreanna B37–B40 a chur san áireamh); agus

    (e)

    pionóis a íoc as an léas a fhoirceannadh, más léiriú é téarma an léasa ar an léasaí a fheidhmíonn rogha an léas a fhoirceannadh.

    28.

    Ar na híocaíochtaí léasa athraitheacha a bhraitheann ar innéacs nó ar ráta a thuairiscítear i mír 27(b), tá, mar shampla, íocaíochtaí atá nasctha le hinnéacs praghsanna do thomhaltóirí, íocaíochtaí atá nasctha le ráta úis tagarmhairc (amhail LIBOR) nó íocaíochtaí a athraíonn chun athruithe ar rátaí cíosa margaidh a léiriú.

    Tomhas dá éis sin

    Tomhas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide dá éis sin

    29.

    Tar éis an dáta tosaithe, déanfaidh léasaí an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas trí shamhail chostais a chur i bhfeidhm, ach amháin má chuireann sé ceachtar de na samhlacha tomhais a thuairiscítear i míreanna 34 agus 35 i bhfeidhm.

    Samhail chostais

    30

    Chun samhail chostais a chur i bhfeidhm, déanfaidh léasaí an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a thomhas ar chostas:

    (a)

    lúide aon dímheas carntha agus aon chaillteanas bhearnaithe carntha; agus

    (b)

    arna choigeartú le haghaidh aon athbhearta ar an dliteanas léasa a shonraítear i mír 36(c).

    31

    Cuirfidh léasaí na ceanglais dímheasa in IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh i ndímheas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide i bhfeidhm, faoi réir na gceanglas i mír 32.

    32

    Má aistríonn an léas úinéireacht na sócmhainne foluití chuig an léasaí faoi dheireadh théarma an léasa nó má léiríonn costas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide go bhfeidhmeoidh an léasaí rogha ceannaigh, déanfaidh an léasaí an tsócmhainn cheart úsáide a dhímheas ón dáta tosaithe go dtí deireadh shaolré úsáideach na sócmhainne foluití. Seachas sin, déanfaidh an léasaí an tsócmhainn cheart úsáide a dhímheas ón dáta tosaithe go dtí an dáta is luaithe de shaolré úsáideach na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa.

    33

    Cuirfidh léasaí IAS 36 Lagú Sócmhainní i bhfeidhm chun a chinneadh an bhfuil an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide lagaithe agus chun aon chaillteanas bearnúcháin arna shainaithint a chur sa chuntas.

    Samhlacha tomhais eile

    34

    Má chuireann léasaí an tsamhail chóirluacha in IAS 40 Maoin Infheistíochta i bhfeidhm maidir lena mhaoin infheistíochta, cuirfidh an léasaí samhail an luacha chóir sin i bhfeidhm maidir le sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a chomhlíonann an sainmhíniú ar mhaoin infheistíochta in IAS 40.

    35

    Má bhaineann sócmhainní ceart úsáide le haicme maoine, gléasra agus trealaimh a gcuireann an léasaí an tsamhail athluachála i bhfeidhm ina leith in IAS 16, féadfaidh léasaí a roghnú an tsamhail athluachála sin a chur i bhfeidhm maidir leis na sócmhainn lena ngabhanní ceart úsáide uile a bhaineann leis an aicme sin maoine, gléasra agus trealaimh.

    Dliteanas an léasa a thomhas dá éis sin

    36

    Tar éis an dáta tosaithe, déanfaidh léasaí dliteanas an léasa a thomhas:

    (a)

    an tsuim ghlanluacha a mhéadú chun ús ar dhliteanas an léasa a léiriú;

    (b)

    an tsuim ghlanluacha a laghdú chun na híocaíochtaí léasa a rinneadh a léiriú; agus

    (c)

    an tsuim ghlanluacha a aththomhais chun aon mhodhnú athmheasúnaithe nó léasa a shonraítear i míreanna 39–46 a léiriú, nó chun íocaíochtaí léasa sheasta in-substainte athbhreithnithe a léiriú (féach mír B42).

    37

    An t-ús ar dhliteanas an léasa i ngach tréimhse i rith théarma an léasa, is é sin an méid a thabharfaidh ráta seasta tréimhsiúil úis ar an iarmhéid a bheidh fágtha den dliteanas léasa. Is é an ráta úis tréimhsiúil an ráta lascaine a thuairiscítear i mír 26, nó más infheidhme an ráta lascaine athbhreithnithe a thuairiscítear i mír 41, mír 43 nó mír 45(c).

    38

    Tar éis an dáta tosaithe, mura n-áirítear na costais i suim ghlanluacha sócmhainne eile a chuireann Caighdeáin infheidhme eile i bhfeidhm, aithneoidh léasaí mar bhrabús nó mar chaillteanas an dá rud seo a leanas:

    (a)

    ús ar dhliteanas an léasa; agus

    (b)

    íocaíochtaí léasa athraitheacha nach n-áirítear i dtomhas dhliteanas an léasa sa tréimhse ina dtarlaíonn an teagmhas nó an coinníoll lena spreagtar na híocaíochtaí sin.

    Athmheasúnú ar dhliteanas an léasa

    39

    Tar éis an dáta tosaithe, cuirfidh léasaí míreanna 40–43 i bhfeidhm chun an dliteanas léasa a athomhas chun athruithe ar na híocaíochtaí léasa a léiriú. Aithneoidh léasaí méid an atomhais ar dhliteanas an léasa mar choigeartú ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide. Mar sin féin, má laghdaítear suim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide go nialas agus má dhéantar laghdú breise ar dhliteanas an léasa a thomhas, aithneoidh léasaí aon mhéid atá fágtha den athbheartú ar bhrabús nó ar chaillteanas.

    40

    Déanfaidh léasaí dliteanas an léasa a atomhais trí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe a lascainiú trí ráta lascaine athbhreithnithe a úsáid, más amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá athrú ar théarma an léasa, mar a thuairiscítear i míreanna 20–21. Cinnfidh léasaí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe ar bhonn théarma an léasa athbhreithnithe; nó

    (b)

    tá athrú sa mheasúnú ar an rogha an tsócmhainn fholuiteach a cheannach, trí na teagmhais agus na himthosca a thuairiscítear i míreanna 20–21 a chur san áireamh i gcomhthéacs rogha ceannaigh. Cinnfidh léasaí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe chun an t-athrú ar mhéideanna is iníoctha faoin rogha cheannaigh a léiriú.

    41

    I gcur i bhfeidhm mhír 40, cinnfidh léasaí an ráta lascaine athbhreithnithe mar an ráta úis atá intuigthe sa léas don chuid eile de théarma an léasa, más féidir an ráta sin a chinneadh go héasca, nó ráta iasachta incriminteach an léasaí ar dháta an athmheasúnaithe, mura féidir an ráta úis atá intuigthe sa léas a chinneadh go héasca.

    42

    Déanfaidh léasaí dliteanas an léasa a atomhais trí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe a lascainiú, más amhlaidh ceachtar de na nithe seo a leanas:

    (a)

    tá athrú ar na méideanna a mheastar a bheidh iníoctha faoi ráthaíocht luacha iarmharaigh. Cinnfidh léasaí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe chun an t-athrú ar mhéideanna a mheastar a bheidh iníoctha faoin ráthaíocht luacha iarmharaigh a léiriú.

    (b)

    tá athrú ar íocaíochtaí léasa todhchaí mar thoradh ar athrú ar innéacs nó ar ráta a úsáidtear chun na híocaíochtaí sin a chinneadh, lena n-áirítear, mar shampla, athrú chun athruithe ar rátaí cíosa margaidh a léiriú tar éis athbhreithniú ar chíos margaidh. Ní dhéanfaidh an léasaí an dliteanas léasa a thomhas chun na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe sin a léiriú ach amháin nuair a bheidh athrú ar an sreabhadh airgid (i.e. nuair a thiocfaidh an coigeartú ar na híocaíochtaí léasa i bhfeidhm). Cinnfidh léasaí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe don chuid eile de théarma an léasa bunaithe ar na híocaíochtaí conarthacha athbhreithnithe.

    43

    I gcur i bhfeidhm mhír 42, úsáidfidh léasaí ráta lascaine gan athrú, murab é go mbeidh an t-athrú ar íocaíochtaí léasa mar thoradh ar athrú ar rátaí úis comhlúthacha. Sa chás sin, úsáidfidh an léasaí ráta lascaine athbhreithnithe lena léirítear athruithe ar an ráta úis.

    Modhnuithe ar an léas

    44

    Tabharfaidh léasaí cuntas ar mhodhnú léasa mar léas ar leithligh más amhlaidh an dá rud seo a leanas:

    (a)

    méadaíonn an modhnú raon feidhme an léasa tríd an gceart chun sócmhainn fholuiteach amháin nó níos mó a úsáid; agus

    (b)

    méadaíonn an chomaoin i leith an léasa de mhéid atá i gcomhréir leis an bpraghas neamhspleách don mhéadú ar raon feidhme agus d’aon choigeartú iomchuí ar an bpraghas leithleach sin chun imthosca an chonartha ar leith a léiriú.

    45

    I gcás modhnú léasa nach dtugtar cuntas air mar léas ar leithligh, déanfaidh léasaí, ar dháta éifeachta an mhodhnaithe léasa, déanfaidh an léasaí ab n eid seoi a leanas:

    (a)

    an chomaoin a leithdháileadh sa chonradh modhnaithe lena gcuirtear míreanna 13–16 i bhfeidhm;

    (b)

    téarma léasa an léasa mhodhnaithe a chinneadh lena gcuirtear míreanna 18–19 i bhfeidhm; agus

    (c)

    dliteanas an léasa a thomhas trí na híocaíochtaí léasa athbhreithnithe a lascainiú trí ráta lascaine athbhreithnithe a úsáid. Cinntear an ráta lascaine athbhreithnithe mar an ráta úis atá intuigthe sa léas ar feadh a bhfuil fágtha de théarma an léasa, más féidir an ráta sin a chinneadh go héasca, nó ráta iasachta incriminteach an léasaí ar dháta éifeachtach an mhodhnaithe, mura féidir an ráta úis atá intuigthe sa léas a chinneadh go héasca.

    46

    I gcás modhnú léasa nach dtugtar cuntas air mar léas ar leithligh, tabharfaidh an léasaí cuntas ar dhliteanas an léasa a atomhas:

    (a)

    laghdú a dhéanamh ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide chun foirceannadh páirteach nó iomlán an léasa le haghaidh modhnuithe ar léas a léiriú lena laghdaítear raon feidhme an léasa. Aithneoidh an léasaí mar bhrabús nó mar chaillteanas aon ghnóchan nó caillteanas a bhaineann le foirceannadh páirteach nó iomlán an léasa.

    (b)

    coigeartú comhréire a dhéanamh ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide le haghaidh gach modhnaithe léasa eile.

    46A

    Mar bheart praiticiúil, féadfaidh léasaí a roghnú gan a mheas cibé an modhnú ar léas é lamháltas cíosa a chomhlíonann na coinníollacha i mír 46B. Tabharfaidh léasaí a dhéanann an rogha sin cuntas ar aon athrú ar íocaíochtaí léasa a eascraíonn as an lamháltas cíosa ar an gcaoi chéanna agus a thabharfadh sé cuntas ar an athrú lena gcuirtear an Caighdeán seo i bhfeidhm mura modhnú léasa é an t-athrú.

    46B

    An beart praiticiúil i mír 46A, níl feidhm aige ach amháin maidir le lamháltais chíosa a tharlaíonn mar iarmhairt dhíreach ar phaindéim COVID-19 agus mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    mar gheall ar an athrú ar íocaíochtaí léasa, athbhreithnítear an chomaoin ar an léas, comaoin arb ionann í go substaintiúil agus comaoin an léasa go díreach roimh an athrú, nó ar lú í ná an chomaoin sin;

    (b)

    ní bhaineann aon laghdú ar íocaíochtaí léasa ach le híocaíochtaí atá dlite an 30 Meitheamh 2022 nó roimhe (mar shampla, chomhlíonfadh lamháltas cíosa an coinníoll sin dá laghdófaí leis íocaíochtaí léasa an 30 Meitheamh 2022 nó roimhe agus dá méadófaí leis íocaíochtaí léasa a bheadh á ndéanamh níos moille ná an 30 Meitheamh 2022); agus

    (c)

    ní dhéantar aon athrú substainteach ar théarmaí agus ar choinníollacha eile an léasa.

    Cur i Láthair

    47

    Déanfaidh an léasaí an méid seo a leanas a chur i láthair sa ráiteas staide airgeadais, nó nochtfaidh sé na nithe seo a leanas sna nótaí:

    (a)

    sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ar leithligh ó shócmhainní eile. Mura dtíolacfaidh léasaí sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ar leithligh sa ráiteas staide airgeadais, déanfaidh an léasaí an méid seo a leanas:

    (i)

    folaíonn sé sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide laistigh den ítim líne chéanna ina ndéanfaí na sócmhainní foluiteacha comhfhreagracha a thíolacadh dá mbeidís faoi úinéireacht; agus

    (ii)

    Tuairisc ar mhíreanna líne sa ráiteas staide airgeadais ina n-áirítear sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide.

    (b)

    dliteanais a léasú ar leithligh ó dhliteanais eile. Mura dtíolacfaidh an léasaí dliteanais léasa ar leithligh sa ráiteas staide airgeadais, nochtfaidh an léasaí cé na hítimí líne atá sa ráiteas staide airgeadais lena n-áirítear na dliteanais sin.

    48

    Níl feidhm ag an gceanglas i mír 47(a) maidir le sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar mhaoin infheistíochta, a chuirfear i láthair sa ráiteas staide airgeadais mar mhaoin infheistíochta.

    49

    Sa ráiteas ar bhrabús nó caillteanas agus ar ioncam cuimsitheach eile, tíolacfaidh léasaí caiteachas úis ar an dliteanas léasa ar leithligh ón muirear dímheasa le haghaidh na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide. Is cuid de chostais airgeadais é an caiteachas úis ar dhliteanas an léasa, agus is gá mír 82(b) de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais a chur i láthair ar leithligh sa ráiteas brabúis nó caillteanais agus in ioncam cuimsitheach eile.

    50

    Sa ráiteas ar shreabhadh airgid, aicmeoidh léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    íocaíochtaí in airgead tirim don phríomhchuid de dhliteanas an léasa laistigh de ghníomhaíochtaí maoiniúcháin;

    (b)

    íocaíochtaí airgid don chuid úis den dliteanas léasa agus na ceanglais in IAS 7 Ráiteas Sreafa Airgid le haghaidh úis íoctha á gcur i bhfeidhm; agus

    (c)

    íocaíochtaí léasa gearrthéarmacha, íocaíochtaí le haghaidh léasanna sócmhainní ar luach íseal agus íocaíochtaí léasa athraitheacha nach n-áirítear chun dliteanas an léasa laistigh de ghníomhaíochtaí oibriúcháin a thomhas.

    Nochtadh

    51

    Is é is cuspóir do na nochtuithe go nochtfaidh eintiteas faisnéis sna nótaí, lena ndéanfar in éineacht leis an bhfaisnéis arna soláthar sa ráiteas staide airgeadais, sa ráiteas ar bhrabúis nó caillteanas agus sa ráiteas ar shreabhadh airgid, bunús a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhadh airgid an léasaithe. Sonraítear i míreanna 52–60 ceanglais maidir le conas an cuspóir sin a chomhlíonadh.

    52

    Déanfaidh léasaí faisnéis faoina léasanna ar léasaí é ina leith a nochtadh in aon nóta amháin nó i roinn ar leith ina ráitis airgeadais. Mar sin féin, ní gá do léasaí faisnéis a dhúbailt atá curtha i láthair cheana in áit eile sna ráitis airgeadais, ar choinníoll go n-ionchorpraítear an fhaisnéis trí chrostagairt sa nóta aonair nó sa roinn ar leith faoi léasanna.

    53

    Nochtfaidh léasaí na méideanna seo a leanas le haghaidh na tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    muirear dímheasa le haghaidh sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide de réir aicme na sócmhainne foluití;

    (b)

    costais úis ar dhliteanais léasa;

    (c)

    an costas a bhaineann le léasanna gearrthéarmacha a áiríodh chun mír 6 a chur i bhfeidhm. Ní gá an speansas a bhaineann le léasanna de théarma léasa mhí amháin nó níos lú a áireamh leis an speansas sin;

    (d)

    an caiteachas a bhaineann le léasanna ar shócmhainní ar luach íseal a áiríodh chun mír 6 a chur i bhfeidhm. Ní áireofar sa chostas sin an caiteachas a bhaineann le léasanna gearrthéarmacha ar shócmhainní ar luach íseal a áirítear i mír 53(c);

    (e)

    an costas a bhaineann le híocaíochtaí léasa athraitheacha nach n-áirítear le tomhas na ndliteanas léasa é;

    (f)

    ioncam ó fholéasú sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide;

    (g)

    eis-sreabhadh iomlán airgid le haghaidh léasanna;

    (h)

    breiseanna ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide;

    (i)

    gnóthachain nó caillteanais a eascraíonn as idirbheart um díol agus um aisléasú; agus

    (j)

    suim ghlanluacha na sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ag deireadh na tréimhse tuairiscithe de réir aicme na sócmhainne foluití.

    54

    Soláthróidh léasaí na nochtuithe a shonraítear i mír 53 i bhformáid tábla, mura mbeidh formáid eile níos iomchuí. Áireofar sna méideanna a nochtfar costais a chuir léasaí san áireamh i suim ghlanluacha sócmhainne eile le linn na tréimhse tuairiscithe.

    55

    Nochtfaidh léasaí méid a oibleagáidí léasa le haghaidh léasanna gearrthéarmacha lena dtugtar cuntas orthu trí mhír 6 a chur i bhfeidhm má tá punann na léasanna gearrthéarmacha dá bhfuil sí geallta ag deireadh na tréimhse tuairiscithe ar neamhréir le punann na léasanna gearrthéarmacha lena mbaineann an caiteachas ar léas gearrthéarmach a nochtar trí mhír 53(c) a chur i bhfeidhm.

    56

    Má chomhlíonann sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide an sainmhíniú ar mhaoin infheistíochta, cuirfidh léasaí na ceanglais maidir le nochtadh in IAS 40 i bhfeidhm. Sa chás sin, ní cheanglaítear ar léasaí na nochtuithe i mír 53(a), (f), (h) nó (j) a sholáthar le haghaidh na sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide sin.

    57

    Má thomhaiseann léasaí sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide ar mhéideanna athluacháilte lena gcuirtear IAS 16 i bhfeidhm, nochtfaidh an léasaí an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 77 de IAS 16 le haghaidh na sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide sin.

    58

    Nochtfaidh léasaí anailís aibíochta ar dhliteanais léasa agus trí mhíreanna 39 agus B11 de IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais a chur i bhfeidhm: Nochtuithe ar leithligh ó na hanailísí aibíochta ar dhliteanais airgeadais eile.

    59

    I dteannta na nochtuithe a cheanglaítear i míreanna 53–58, nochtfaidh léasaí faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil bhreise faoina ghníomhaíochtaí léasaithe atá ag teastáil chun an cuspóir nochta i mír 51 (mar a thuairiscítear i mír B48) a bhaint amach. D’fhéadfadh faisnéis a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis bhreise sin, ach gan a bheith teoranta di:

    (a)

    cineál ghníomhaíochtaí léasaithe an léasaí;

    (b)

    eis-sreabhadh airgid todhchaí a bhféadfadh an léasaí a bheith neamhchosanta orthu agus nach léirítear i dtomhas na ndliteanas léasa. Áirítear leis sin nochtadh a eascraíonn as an méid seo a leanas:

    (i)

    íocaíochtaí léasa inathraithe (mar a thuairiscítear i mír B49);

    (ii)

    roghanna sínte agus roghanna foirceanta (mar a thuairiscítear i mír B50);

    (iii)

    ráthaíochtaí luacha iarmharaigh (mar a thuairiscítear i mír B51); agus

    (iv)

    léasanna nár cuireadh tús leo go fóill agus a bhfuil gealltanas tugtha ag an léasaí tina leith.

    (c)

    srianta nó cúnaint a fhorchuirtear le léasanna; agus

    (d)

    idirbhearta um díol agus um aisléasú (mar a thuairiscítear i mír B52).

    60

    Más amhlaidh go gcuireann léasaí léasanna gearrthéarmacha nó léasanna ar shócmhainní ar luach íseal i gcuntas i gcomhréir le mír 6, nochtfaidh sé an méid sin.

    60A

    Má chuireann léasaí an beart praiticiúil i mír 46A i bhfeidhm, nochtfaidh an léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil an beart praiticiúil curtha i bhfeidhm aige ar gach lamháltas cíosa a chomhlíonann na coinníollacha i mír 46B nó, mura bhfuil sé curtha i bhfeidhm aige maidir le gach lamháltas cíosa den sórt sin, tabharfaidh sé faisnéis faoi chineál na gconarthaí ar ina leith a chuir sé an beart praiticiúil i bhfeidhm (féach mír 2); agus

    (b)

    an méid a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas don tréimhse tuairiscithe chun athruithe ar íocaíochtaí léasa a léiriú, athruithe a eascraíonn as lamháltais chíosa ar ina leith a chuir an léasaí an beart praiticiúil i mír 46A i bhfeidhm.

    LÉASÓIR

    Aicmiú léasanna (míreanna B53–B58)

    61

    Aicmeoidh léasóir gach ceann dá léasanna mar léas oibriúcháin nó mar léas airgeadais.

    62

    Aicmítear léas mar léas airgeadais más amhlaidh go n-aistrítear go substaintiúil na rioscaí agus luaíochtaí uile a ghabhann le húinéireacht na sócmhainne foluití. Aicmítear leas mar léas oibriúcháin más amhlaidh nach n-aistrítear go substaintiúil na rioscaí agus na luaíochtaí uile a ghabhann le húinéireacht na sócmhainne foluití.

    63

    Maidir le cibé acu an léas airgeadais nó léas oibriúcháin é léas, braitheann sé ar shubstaint an idirbhirt seachas ar fhoirm an chonartha. Seo a leanas samplaí de chásanna a d’fhágfadh, astu féin nó i gcomhcheangal le chéile, go n-aicmeofaí léas mar léas airgeadais de ghnáth:

    (a)

    aistríonn an léas úinéireacht na sócmhainne foluití chuig an léasaí faoi dheireadh théarma an léasa;

    (b)

    tá an rogha ag an léasaí an tsócmhainn fholuiteach a cheannach ar phraghas a mheastar a bheith íseal go leor agus níos ísle ná an cóirluach ar an dáta a thiocfaidh an rogha chun bheith réasúnta cinnte, ar an dáta tionscanta, go bhfeidhmeofar an rogha;

    (c)

    baineann téarma an léasa leis an gcuid is mó de shaolré eacnamaíoch na sócmhainne foluití, fiú amháin mura n-aistrítear teideal;

    (d)

    ar an dáta tionscanta, cóirluach uile na sócmhainne foluití is ea é luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa, go substaintiúil ar a laghad ar bith; agus

    (e)

    an tsócmhainn fholuiteach, is de chineál í atá chomh speisialaithe sin nach féidir ach leis an léasaí í a úsáid gan modhnuithe móra.

    64

    Is iad seo a leanas na táscairí ar chásanna a d’fhéadfadh, astu féin nó i dteannta a chéile, léas a aicmiú mar léas airgeadais:

    (a)

    más féidir leis an léasaí an léas a chealú, is é an léasaí a iompróidh caillteanais an léasóra a bhaineann leis an gcealú sin;

    (b)

    gnóthachain nó caillteanais ó luaineacht i cóirluach an iarmharaigh arna fhabhrú chuig an léasaí (mar shampla, i bhfoirm lacáiste cíosa agus é cothrom le formhór na bhfáltas díolacháin ag deireadh an léasa); agus

    (c)

    tá an léasaí in ann an léas a choinneáil ar feadh an dara tréimhse ar leibhéal cíosa atá i bhfad níos ísle ná cíos an mhargaidh.

    65

    Ní i gcónaí a bhíonn na samplaí agus na táscairí i míreanna 63–64 dochloíte. Más léir ó ghnéithe eile nach n-aistríonn an léas go substaintiúil na rioscaí agus na luaíochtaí go léir atá teagmhasach le húinéireacht sócmhainne foluití, aicmítear an léas mar léas oibriúcháin. Mar shampla, is amhlaidh a bheadh dá n-aistreofaí úinéireacht na sócmhainní foluiteacha ag deireadh an léasa ar íocaíocht athraitheach atá cothrom lena luach cóir ag an am sin, nó dá mbeadh íocaíochtaí léasa athraitheacha ann, íocaíochtaí a d’fhágfadh nach n-aistríeofaí an léasóir go substaintiúil na rioscaí agus na luaíochtaí sin go léir dá bharr.

    66

    Déantar aicmiú léasa ag an dáta tionscanta agus ní dhéantar athmheasúnú air ach amháin má dhéantar léas a mhodhnú. Ní eascraíonn aicmiú nua léasa chun críocha cuntasaíochta as athruithe ar mheastacháin (mar shampla, athruithe ar mheastacháin ar an saolré eacnamaíoch nó ar luach iarmharach na sócmhainne foluití), ná as athruithe ar imthosca (mar shampla, mainneachtain ag an léasaí).

    Léasanna airgeadais

    Aitheantas agus tomhas

    67

    Ar an dáta tosaithe, aithneoidh léasóir sócmhainní a bheidh i seilbh ag léas airgeadais ina ráiteas staide airgeadais agus cuirfear i láthair iad mar shócmhainní infhaighte ar cóimhéid leis an nglaninfheistíocht sa léas.

    Tomhas tosaigh

    68

    Úsáidfidh an léasóir an ráta úis atá intuigthe sa léas chun an ghlaninfheistíocht sa léas a thomhas. I gcás foléasa, mura féidir an ráta úis intuigthe san fholéas a chinneadh go héasca, féadfaidh léasóir idirmheánach an ráta lascaine arna úsáid don cheannléas (arna choigeartú le haghaidh aon chostas díreach tosaigh a bhaineann leis an bhfoléas) a úsáid chun an ghlaninfheistíocht san fholéas a thomhas.

    69

    Áirítear costais dhíreacha tosaigh, seachas na costais sin a thabhaíonn léasóirí monaróra nó déileálaithe, i dtomhas tosaigh na glaninfheistíochta sa léas agus laghdaítear méid an ioncaim a aithnítear thar théarma an léasa. Sainmhínítear an ráta úis atá intuigthe sa léas ar bhealach lena n-áirítear na costais dhíreacha tosaigh go huathoibríoch sa ghlaninfheistíocht sa léas; ní gá iad a chur leis ar leithligh.

    Tomhas tosaigh íocaíochtaí an léasa a áirítear i nglaninfheistíocht an léasa

    70

    Ar an dáta tosaithe, ar na híocaíochtaí léasa a áirítear i dtomhas na glaninfheistíochta sa léas, bhí na híocaíochtaí seo a leanas as an gceart chun an tsócmhainn fholuiteach a úsáid le linn théarma an léasa nach bhfaightear ar an dáta tosaithe:

    (a)

    íocaíochtaí seasta (lena n-áirítear íocaíochtaí seasta in-substainte mar a thuairiscítear i mír B42), lúide aon dreasacht léasa is iníoctha;

    (b)

    íocaíochtaí léasa athraitheacha a bhraitheann ar innéacs nó ar ráta, arna dtomhas ar dtús ag úsáid an innéacs nó an ráta ar an dáta tosaithe;

    (c)

    aon ráthaíocht luacha iarmharaigh arna soláthar don léasóir ag an léasaí, ag páirtí atá gaolmhar leis an léasaí nó ag tríú páirtí nach bhfuil gaol aige leis an léasóir agus atá ábalta ó thaobh airgeadais de na hoibleagáidí faoin ráthaíocht a chomhlíonadh;

    (d)

    praghas feidhmithe na rogha ceannaigh má tá an léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeoidh sé an rogha sin (arna mheasúnú agus na fachtóirí a bhfuil tuairisc orthu i mír B37 á gcur san áireamh); agus

    (e)

    pionóis a íoc as an léas a fhoirceannadh, más léiriú é téarma an léasa ar an léasaí a fheidhmíonn rogha an léas a fhoirceannadh.

    Monaróirí nó léasóirí is déalálaithe

    71

    Ar an dáta tosaithe, aithneoidh monaróir nó déileálaí an méid seo a leanas le haghaidh gach ceann dá léasanna airgeadais:

    (a)

    ioncam arb é cóirluach na sócmhainne foluití é, nó, más ísle é, luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa a fhabhraíonn chuig an léasóir, lascainithe ag úsáid ráta úis margaidh;

    (b)

    costas díola is ea an costas na sócmhainne foluití, nó suim ghlanluacha murab ionann iad, lúide luach láithreach an luacha iarmharaigh neamhráthaithe; agus

    (c)

    brabús nó caillteanas a dhíol (is é sin an difríocht idir ioncam agus costas an díola) i gcomhréir lena bheartas maidir le díolacháin glan amach a bhfuil feidhm ag IFRS 15 maidir leo. An monaróir nó an léasóir is déileálaí, aithneoidh sé brabús nó caillteanas díola ar léas airgeadais ar an dáta tosaithe, is cuma cé acu a aistríonn nó nach n-aistríonn an léasóir an tsócmhainn fholuiteach mar a thuairiscítear in IFRS 15.

    72

    Is minic a thairgeann monaróirí nó déileálaithe do chustaiméirí an rogha sócmhainn a cheannach nó a léasú. Bíonn brabús nó caillteanas ann atá coibhéiseach leis an mbrabús nó leis an gcaillteanas mar thoradh ar léas airgeadais sócmhainne ag monaróir nó ag déileálaí is léasóir, ag gnáthphraghsanna díola, rud ar léiriú é ar aon mhéid nó lascainí trádála is infheidhme.

    73

    Ar uairibh tugann monaróir nó léasóirí is déileálaithe rátaí úis atá íseal go saorga chun custaiméirí a mhealladh. Dá n-úsáidfí ráta den sórt sin, d’aithneodh léasóir cion iomarcach den ioncam iomlán ón idirbheart ar an dáta tosaithe. Má thugtar rátaí úis atá íseal go saorga, cuirfidh monaróir nó déileálaí srian le brabús díola leis an mbrabús a mbeadh feidhm aige dá muirearófaí ráta margaidh úis.

    74

    An monaróir nó an léasóir is déileálaí, aithneoidh sé costais mar chostas arna dtabhú i ndáil le léas airgeadais a fháil ar an dáta tosaithe toisc go mbaineann siad go príomha le brabús an mhonaróra nó an déileálaí a thuilleamh. Na costais a thabhaíonn monaróir nó déileálaithe is léasóirí i ndáil le léas airgeadais a fháil, eisiatar iad ón sainmhíniú ar chostais dhíreacha tosaigh agus, dá bhrí sin, eisiatar iad ón nglaninfheistíocht sa léas.

    Tomhas dá éis sin

    75

    Aithneoidh léasóir ioncam maoiniúcháin thar théarma an léasa, bunaithe ar phatrún a léiríonn ráta seasta tréimhsiúil toraidh ar ghlaninfheistíocht an léasóra sa léas.

    76

    Is é is aidhm do léasóir ioncam airgeadais a leithdháileadh thar théarma an léasa ar bhonn córasach réasúnach. Déanfaidh léasóir na híocaíochtaí léasa a bhaineann leis an tréimhse a chur i bhfeidhm in aghaidh na hinfheistíochta comhlán sa léas chun an phríomhshuim agus an t-ioncam maoiniúcháin neamhthuillte araon a laghdú.

    77

    Cuirfidh léasóir na ceanglais dí-aitheanta agus lagaithe in IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis an nglaninfheistíocht sa léas. Déanfaidh léasóir athbhreithniú ar luachanna iarmharacha neamhráthaithe a mheastar go rialta agus a úsáidtear chun ollinfheistíocht sa léas a ríomh. Má tháinig laghdú ar an iarmharluach measta gan ráthaíocht, déanfaidh an léasóir an leithdháileadh ioncaim a athbhreithniú thar théarma an léasa agus aithneoidh sé láithreach aon laghdú i leith méideanna fabhraithe.

    78

    An léasóir a aicmíonn sócmhainn faoi léas airgeadais mar shócmhainn arna sealbhú le díol (nó í a áireamh i ngrúpa diúscartha atá aicmithe mar shócmhainn arna sealbhú le díol) agus IFRS 5 Sócmhainní neamhreatha arna sealbhú le díol agus Oibríochtaí Scortha á chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé cuntas ar an tsócmhainn i gcomhréir leis an gCaighdeán sin.

    Modhnuithe léasa

    79

    Tabharfaidh léasóir cuntas ar mhodhnú ar léas airgeadais mar léas ar leithligh más amhlaidh an dá rud seo a leanas:

    (a)

    méadaíonn an modhnú raon feidhme an léasa tríd an gceart chun sócmhainn fholuiteach amháin nó níos mó a úsáid; agus

    (b)

    méadaíonn an chomaoin i leith an léasa de mhéid atá i gcomhréir leis an bpraghas neamhspleách don mhéadú ar raon feidhme agus d’aon choigeartú iomchuí ar an bpraghas leithleach sin chun imthosca an chonartha ar leith a léiriú.

    80

    I gcás modhnú ar léas airgeadais nach dtugtar cuntas air mar léas ar leithligh, tabharfaidh léasóir cuntas ar an modhnú mar seo a leanas:

    (a)

    dá n-aicmeofaí an léas mar léas oibriúcháin, i gcás ina mbeadh an modhnú i bhfeidhm ar an dáta tionscanta, déanfaidh an léasóir an méid seo a leanas:

    (i)

    cuntas a thabhairt ar an modhnú ar an léas mar léas nua ó dháta éifeachta an mhodhnaithe; agus

    (ii)

    déan suim ghlanluacha na sócmhainne foluití a thomhas mar ghlaninfheistíocht sa léas díreach roimh dháta éifeachta mhodhnú an léasa.

    (b)

    seachas sin, cuirfidh an léasóir ceanglais IFRS 9 i bhfeidhm.

    Léasanna oibriúcháin

    Aitheantas agus tomhas

    81

    Aithneoidh léasóir íocaíochtaí léasa ó léasanna oibriúcháin mar ioncam ar bhonn líne dírí nó ar bhonn córasach eile. Cuirfidh an léasóir bonn córasach eile i bhfeidhm más léiriú níos fearr é ar an bpatrún ina laghdaítear an leas a bhaineann le húsáid na sócmhainne foluite.

    82

    Aithneoidh léasóir costais, lena n-áirítear dímheas, a tabhaíodh trí ioncam an léasa a thuilleamh mar chostas.

    83

    Déanfaidh léasóir na costais dhíreacha tosaigh a tabhaíodh chun léas oibriúcháin a fháil a shuimiú le suim ghlanluacha na sócmhainne foluitíagus aithneoidh sé na costais sin mar chaiteachas thar théarma an léasa ar an mbonn céanna leis an ioncam léasa.

    84

    Beidh an beartas dímheasa le haghaidh sócmhainní foluiteacha dímheasa faoi réir léasanna oibriúcháin comhsheasmhach le gnáthbheartas dímheasa an léasóra le haghaidh sócmhainní comhchosúla. Déanfaidh léasóir dímheas a ríomh i gcomhréir le IAS 16 agus IAS 38.

    85

    Cuirfidh léasóir IAS 36 i bhfeidhm chun a chinneadh an bhfuil sócmhainn fholuiteach atá faoi réir léasa oibriúcháin lagaithe agus chun cuntas a thabhairt ar aon chaillteanas bearnúcháin a aithnítear.

    86

    Ní aithníonn monaróir nó déileálaí is léásóir aon bhrabús díola ar dhul isteach i léas oibriúcháin toisc nach ionann é agus díolachán.

    Modhnuithe ar an léas

    87

    Tabharfaidh léasóir cuntas ar mhodhnú ar léas oibríochta mar léas nua ó dháta éifeachta an mhodhnaithe, ag breithniú aon íocaíochtaí léasa réamhíoctha nó faibhrithe a bhaineann leis an léas bunaidh mar chuid de na híocaíochtaí léasa i leith an léasa nua.

    Cur i Láthair

    88

    Tíolacfaidh léasóir sócmhainní foluiteacha faoi réir léasanna oibriúcháin ina ráiteas staide airgeadais de réir chineál na sócmhainne foluití.

    Nochtadh

    89

    Is é is cuspóir do na nochtuithe go nochtfaidh léasóirí faisnéis sna nótaí, lena ndéanfar in éineacht leis an bhfaisnéis arna soláthar sa ráiteas staide airgeadais, sa ráiteas ar bhrabúis nó caillteanas agus sa ráiteas ar shreabhadh airgid, bunús a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhadh airgid an léasóra. Sonraítear i míreanna 90–97 ceanglais maidir le conas an cuspóir sin a chomhlíonadh.

    90

    Nochtfaidh léasóir na méideanna seo a leanas le haghaidh na tréimhse tuairiscithe:

    (a)

    i gcás léasanna airgeadais:

    (i)

    brabús nó caillteanas díola;

    (ii)

    ioncam airgeadais ar an nglan-infheistíocht i léas airgeadais; agus

    (iii)

    ioncam a bhaineann le híocaíochtaí léasa athraitheacha nach n-áirítear le tomhas na glaninfheistíochta sa léas airgeadais é.

    (b)

    i gcás léasanna oibriúcháin, ioncam léasa, ioncam a nochtadh ar leithligh, ioncam a bhaineann le híocaíochtaí léasa inathraithe nach mbraitheann ar innéacs ná ar ráta.

    91

    Soláthróidh léasóir na nochtuithe a shonraítear i mír 90 i bhformáid tábla, mura mbeidh formáid eile níos iomchuí.

    92

    Nochtfaidh léasóir faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil bhreise faoina ghníomhaíochtaí léasaithe is gá chun an cuspóir nochta i mír 89 a chomhlíonadh. Áirítear leis an bhfaisnéis bhreise sin faisnéis a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta di:

    (a)

    cineál ghníomhaíochtaí léasaithe an léasóra; agus

    (b)

    an chaoi a mbainistíonn an léasóir an riosca a bhaineann le haon cheart a choimeádann sé i sócmhainní foluiteacha. Go háirithe, nochtfaidh léasóir a straitéis bainistithe riosca maidir leis na cearta a choimeádann sé i sócmhainní foluiteacha, lena n-áirítear aon mhodh trína laghdaíonn an léasóir an riosca sin. Féadfar a áireamh ar na modhanna sin, mar shampla, comhaontuithe aischeannaigh, ráthaíochtaí luacha iarmharaigh nó íocaíochtaí léasa athraithigh lena n-úsáid os cionn teorainneacha sonraithe.

    Léasanna airgeadais

    93

    Soláthróidh léasóir míniú cáilíochtúil agus cainníochtúil ar na hathruithe suntasacha i suim ghlanluacha na glaninfheistíochta i léasanna airgeadais.

    94

    Nochtfaidh léasóir anailís aibíochta ar na híocaíochtaí léasa is infhaighte, ina dtaispeánfar na híocaíochtaí léasa neamhlascainithe atá le fáil ar bhonn bliantúil ar feadh íosmhéid gach ceann de na chéad chúig bliana agus iomlán na méideanna do na blianta atá fágtha. Déanfaidh léasóir na híocaíochtaí léasa neamhlascainithe a réiteach leis an nglaninfheistíocht sa léas. Sainaithneofar sa réiteach an t-ioncam maoiniúcháin neamhthuillte a bhaineann leis na híocaíochtaí léasa is infhaighte agus aon luach iarmharach lascainithe gan ráthaíocht.

    Léasanna oibriúcháin

    95

    I gcás ítimí maoine, gléasra agus trealaimh atá faoi réir léasa oibriúcháin, cuirfidh léasóir ceanglais nochta IAS 16 i bhfeidhm. Agus na ceanglais maidir le nochtadh in IAS 16 á gcur i bhfeidhm, déanfaidh léasóir gach aicme maoine, gléasra agus trealaimh a dhí-chomhiomlánú ina sócmhainní atá faoi réir léasanna oibriúcháin agus sócmhainní nach bhfuil faoi réir léasanna oibriúcháin. Dá réir sin, soláthróidh léasóir na nochtuithe a cheanglaítear le IAS 16 le haghaidh sócmhainní atá faoi réir léasa oibriúcháin (de réir aicme na sócmhainne foluití) ar leithligh ó shócmhainní faoi úinéireacht arna sealbhú agus arna n-úsáid ag an léasóir.

    96

    Cuirfidh léasóir na ceanglais maidir le nochtadh i bhfeidhm in IAS 36, IAS 38, IAS 40 agus IAS 41 le haghaidh sócmhainní atá faoi réir léasanna oibriúcháin.

    97

    Nochtfaidh léasóir anailís aibíochta ar íocaíochtaí léasa, ina dtaispeánfar na híocaíochtaí léasa neamhlascanta atá le fáil ar bhonn bliantúil ar feadh íosmhéid gach ceann de na chéad chúig bliana agus iomlán na méideanna do na blianta atá fágtha.

    IDIRBHEARTA UM DÍOL AGUS UM AISLÉASÚ

    98

    Má aistríonn eintiteas (léasaí an díoltóra) sócmhainn chuig eintiteas eile (an ceannaitheoir-léasóir) agus má léasaíonn sé an tsócmhainn sin ar ais ón gceannaitheoir-léasóir, tabharfaidh an díoltóir agus an léasaí ceannaithe araon cuntas ar an gconradh aistrithe agus ar an léas lena gcuirtear míreanna 99–103 i bhfeidhm.

    Measúnú a dhéanamh maidir le cé acu an díol atá in aistriú na sócmhainne nó nach ea

    99

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais i bhfeidhm chun a chinneadh cathain a chomhlíontar oibleagáid feidhmíochta in IFRS 15 chun a chinneadh an dtugtar cuntas ar aistriú sócmhainne mar dhíolachán na sócmhainne sin.

    Is díol é aistriú na sócmhainne

    100

    % Má chomhlíonann aistriú sócmhainne ag an díoltóir is léasaí ceanglais IFRS 15 a bhfuil cuntas le tabhairt air mar dhíolachán na sócmhainne:

    (a)

    tomhaisfidh an díoltóir an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn ón léas ar ais ag an gcion de shuim ghlanluacha na sócmhainne roimhe sin a bhaineann leis an gceart úsáide atá coinnithe ag an díoltóir. Dá réir sin, ní aithneoidh an díoltóir ach méid aon ghnóchain nó caillteanais a bhaineann leis na cearta a aistrítear chuig an gceannaitheoir.

    (b)

    tabharfaidh an ceannaitheoir-léasóir cuntas ar cheannach na sócmhainne a chuireann na Caighdeáin is infheidhme i bhfeidhm, agus ar an léas lena gcuirtear ceanglais chuntasaíochta an léasóra i bhfeidhm sa Chaighdeán seo.

    101

    Mura bhfuil cóirluach na comaoine i leith sócmhainn a dhíol cothrom le cóirluach na sócmhainne, nó mura bhfuil na híocaíochtaí i leith an léasa ar rátaí an mhargaidh, déanfaidh eintiteas na coigeartuithe seo a leanas chun tomhas a dhéanamh ar na fáltais díola ar cóirluach:

    (a)

    tabharfar cuntas ar aon téarmaí faoi bhun an mhargaidh mar réamhíocaíocht ar íocaíochtaí léasa; agus

    (b)

    tabharfar cuntas ar aon téarmaí os cionn an mhargaidh mar mhaoiniú breise arna sholáthar ag an gceannaitheoir nó don díoltóir is léasaí.

    102

    Déanfaidh an t-eintiteas aon choigeartú féideartha a cheanglaítear le mír 101 a thomhas ar bhonn na nithe seo a leanas is so-chinntithe:

    (a)

    an difríocht idir cóirluach na comaoine don díol agus cóirluach na sócmhainne; agus

    (b)

    an difríocht idir luach láithreach na n-íocaíochtaí conarthacha don léas agus luach láithreach na n-íocaíochtaí le haghaidh an léasa ag rátaí an mhargaidh.

    Ní díol é aistriú na sócmhainne

    103

    Muna gcomhlíonann aistriú sócmhainne ag an díoltóir is léasaí ceanglais IFRS 15 a bhfuil cuntas le tabhairt air mar dhíol na sócmhainne:

    (a)

    leanfaidh an díoltóir is léásaí de bheith ag aithint na sócmhainne aistrithe agus aithneoidh sé dliteanas airgeadais atá cothrom le fáltais an aistrithe. Tabharfaidh sé cuntas ar an dliteanas airgeadais agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm.

    (b)

    ní aithneoidh an ceannaitheoir is léasóir an tsócmhainn aistrithe agus aithneoidh sé sócmhainn airgeadais atá cothrom le fáltais an aistrithe. Tabharfaidh sé cuntas ar an tsócmhainn airgeadais agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm.

    EISCEACHT SHEALADACH ARNA hEASCAIRT AS ATHCHÓIRIÚ AN TAGARMHAIRC RÁTA ÚIS

    104

    Cuirfidh léasaí míreanna 105-106 i bhfeidhm maidir leis na modhnuithe uile ar léas a athraíonn an bonn lena ndéanfar íocaíochtaí léasa a chinneadh amach anseo mar thoradh ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis (féach míreanna 5.4.6 agus 5.4.8 de IFRS 9). Níl feidhm ag na míreanna seo ach amháin maidir le modhnuithe den sórt sin ar léas. Chun na críche sin, tagraíonn an téarma “athchóiriú an tagarmhairc ráta úis” don athchóiriú a dhéantar ar fud an mhargaidh ar thagarmharc ráta úis mar a thuairiscítear i mír 6.8.2 de IFRS 9.

    105

    Mar bheart praiticiúil, cuirfidh léasaí mír 42 i bhfeidhm chun modhnú ar léas a chur san áireamh faoi mar is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis. Níl feidhm ag an mbeart praiticiúil sin ach maidir le modhnuithe den sórt sin. Chun na críche sin, is gá modhnú ar léas le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo agus sa chás sin amháin:

    (a)

    is gá leis an modhnú mar thoradh díreach ar athchóiriú an tagarmhairc ráta úis; agus

    (b)

    tá an bonn nua chun íocaíochtaí léasa a chinneadh coibhéiseach leis an mbonn roimhe sin ó thaobh an gheilleagair de (i.e. an bonn atá díreach roimh an modhnú).

    106

    Má dhéantar modhnuithe ar léas sa bhreis ar na modhnuithe ar léas sin is gá le haghaidh athchóiriú an tagarmhairc ráta úis, cuirfidh léasaí na ceanglais is infheidhme sa Chaighdeán seo i bhfeidhm chun na modhnuithe uile ar léas a dhéantar ag an am céanna a chur san áireamh, lena n-áirítear na modhnuithe sin ar léas a cheanglaítear le hathchóiriú an tagarmhairc ráta úis.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo.

    dáta tosaithe an léasa (dáta tosaithe)

    An dáta ar a gcuireann léasóir sócmhainn foluite ar fáil lena húsáid ag léasaí.

    an saolré eacnamaíoch

    An tréimhse ar lena linn a meastar go mbeidh sócmhainn inúsáidte go heacnamaíoch ag úsáideoir amháin nó níos mó nó líon na n-aonad táirgthe nó aonaid chomhchosúla a gheobhaidh úsáideoir amháin nó níos mó, dar leo, ó shócmhainn.

    dáta éifeachtach an mhodhnaithe

    An dáta a thagann an dá pháirtí ar chomhaontú maidir le modhnú léasa.

    lach cóir

    Chun críche ceanglais chuntasaíochta an léasóra sa Chaighdeán seo a chur i bhfeidhm, an méid a bhféadfaí sócmhainn a mhalartú ina leith, nó dliteanas a shocrú, idir páirtithe eolacha toilteanacha in idirbheart ar neamhthuilleamaí.

    léas airgeadais

    Is éard is léas airgeadais ann léas ina n-aistrítear go substaintiúil na rioscaí agus luaíochtaí uile a ghabhann le húinéireacht na sócmhainne foluití.

    íocaíochtaí socraithe

    Íocaíochtaí arna ndéanamh ag léasaí le léasóir as an gceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid i rith théarma an léasa, cé is moite d’ íocaíochtaí léasa inathraithe.

    ollinfheistíocht sa léas

    Suim na nithe seo a leanas:

    (a)

    na n-íocaíochtaí léasa is infhaighte ag an léasóir faoi léas airgeadais; agus

    (b)

    aon luach iarmharach neamhráthaithe a fhabhraíonn don léasóir.

    dáta tionscanta an léasa (dáta tionscanta)

    An dáta is luaithe de dháta comhaontaithe léasa agus an dáta ar a dtabharfaidh na páirtithe gealltanas i dtaobh phríomhthéarmaí agus phríomhchoinníollacha an léasa.

    costais dhíreacha tosaigh

    Costais incriminteacha a bhaineann le léas a fháil nach dtabhófaí mura bhfuarthas an léas, seachas costais den sórt sin arna dtabhú ag monaróir nó ag déileálaí is léasóir i dtaca le léas airgeadais.

    ráta úis intuigthe sa léas

    An ráta úis is cúis le luach láithreach (a) na n- íocaíochtaí léasa agus (b) an t-iarmharluach nach bhfuil ráthaithe atá cothrom le suim (i) cóirluach na sócmhainne foluití agus (ii) aon chostas díreach tosaigh de chuid an léasóra.

    léas

    Conradh, nó páirt de chonradh, a thugann an ceart chun sócmhainn (an tsócmhainn fholuiteach) a úsáid ar feadh tréimhse ama mar mhalairt ar chomaoin.

    dreasachtaí léasa

    Íocaíochtaí arna ndéanamh ag léasóir le léasaí a bhfuil baint aige le léas, nó aisíoc nó glacadh costas léasaí ag léasaí.

    Modhnú léasa

    Athrú ar raon feidhme léasa, nó an chomaoin do léas, nach raibh mar chuid de bhuntéarmaí agus de bhunchoinníollacha an léasa (mar shampla, an ceart chun sócmhainn fholuiteach amháin nó níos mó a úsáid nó a fhoirceannadh, nó téarma an léasa chonarthaigh a shíneadh nó a ghiorrú).

    íocaíochtaí léasa

    Íocaíochtaí arna ndéanamh ag léasaí le léasóir a bhaineann leis an gceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid le linn théarma an léasa, lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

    (a)

    íocaíochtaí seasta (lena n-áirítear íocaíochtaí seasta in-substainte), lúide aon dreasachtaí léasa;

    (b)

    íocaíochtaí léasa athraitheacha a bhraitheann ar innéacs nó ar ráta;

    (c)

    praghas feidhmithe rogha ceannaigh má tá an léasaí sách cinnte go bhfeidhmeoidh sé an rogha sin; agus

    (d)

    pionóis a íoc as an léas a fhoirceannadh, más léiriú é téarma an léasa ar an léasaí a fheidhmíonn rogha an léas a fhoirceannadh.

    I gcás an léasaí, áirítear in íocaíochtaí léasa freisin méideanna a mheastar a bheidh iníoctha ag an léasaí faoi ráthaíochtaí luacha iarmharaigh. Ní áirítear in íocaíochtaí léasa íocaíochtaí a leithdháiltear ar chomhpháirteanna neamhléasaithe conartha, ach amháin má roghnaíonn an léasaí comhpháirteanna neamhléasaithe a chomhcheangal le comhpháirt léasa agus cuntas a thabhairt orthu mar chomhpháirt léasa aonair.

    I gcás an léasóra, áirítear freisin in íocaíochtaí léasa aon ráthaíocht luacha iarmharaigh arna soláthar don léasóir ag an léasaí, ag páirtí atá gaolmhar leis an léasaí nó ag tríú páirtí nach bhfuil gaol aige leis an léasóir agus atá ábalta ó thaobh airgeadais de na hoibleagáidí faoin ráthaíocht a chomhlíonadh. Ní áirítear íocaíochtaí a leithdháiltear ar chomhpháirteanna neamhléasta in íocaíochtaí léasa.

    téarma léasa

    An tréimhse neamh-inchealaithe a bhfuil sé de cheart ag léasaí sócmhainn fholuiteach a úsáid ina leith, mar aon leis an dá cheann díobh seo a leanas:

    (a)

    tréimhsí a chumhdaítear leis an rogha an léas a shíneadh má tá an léasaí sách cinnte an rogha sin a fheidhmiú; agus

    (b)

    tréimhsí a chumhdaítear leis an rogha an léas a fhoirceannadh má tá an léasaí sách cinnte gan an rogha sin a fheidhmiú.

    léasaí

    Eintiteas a fhaigheann an ceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid ar feadh tréimhse ama mar mhalairt ar chomaoin.

    ráta iasachta incriminteach léasaí

    An ráta úis nár mhór do léasaí a íoc chun iasacht a fháil thar théarma comhchosúil, agus a mbeadh urrús comhchosúil ag gabháil leis, na cistí is gá chun sócmhainn a fháil ar luach comhchosúil leis an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide i dtimpeallacht eacnamaíoch chomhchosúil.

    léasóir

    Eintitis a fhaigheann an ceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid ar feadh tréimhse ama mar mhalairt ar chomaoin.

    glaninfheistíocht sa léas

    An oll-infheistíocht sa léas airgeadais arna lascainiú ag an ráta úis atá intuigthe sa léas.

    léas oibriúcháin

    Is éard is léas ann léas nach n-aistrítear go substaintiúil leis na rioscaí agus na luaíochtaí uile a ghabhann le húinéireacht na sócmhainne foluití.

    íocaíochtaí roghnach léasa

    Íocaíochtaí atá le déanamh ag léasaí le léasóir as an gceart sócmhainn fholuiteach a úsáid i rith tréimhsí a chumhdaítear leis an rogha léas nach n-áirítear i dtéarma an léasa a shíneadh nó a fhoirceannadh.

    tréimhse úsáide

    An tréimhse iomlán ama a úsáidtear sócmhainn chun conradh a chomhlíonadh le custaiméir (lena n-áirítear aon tréimhse ama nach dtagann i ndiaidh).

    ráthaíocht luacha iarmharaigh

    Ráthaíocht a thugann páirtí don léasóir, ach nach mbaineann leis an léasóir, go mbeidh luach (nó cuid de luach) sócmhainne foluití ag deireadh léasa cothrom le méid sonraithe ar a laghad.

    Sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide

    Sócmhainn a fhagann go bhfuil sé de cheart ag léasaí sócmhainn fholuiteach a úsáid le haghaidh théarma an léasa.

    léas gearrthéarmach

    Léas a bhfuil, ar an dáta tosaithe, téarma léasa 12 mhí nó níos lú aige. Ní léas gearrthéarmach é léas a bhfuil rogha ar cheannach ann.

    foléas

    Foléas is ea idirbheart dá ndéanann léasaí (léasóir idirmheánach) ina ndéantar sócmhainn fholuiteach a athléasú chuig tríú páirtí, agus bíonn an léas (‘ceannléas’) idir an ceannléasóir agus an léasaí fós i bhfeidhm.

    sócmhainn fholuiteach

    Sócmhainn is ábhar do léas, ar sholáthair léasóir ceart chun an tsócmhainn sin a úsáid do léasaí.

    ioncam maoiniúcháin neamhthuillte

    An difríocht idir:

    (a)

    an infheistíocht chomhlán sa léas; agus

    (b)

    an ghlaninfheistíocht sa léas.

    luach iarmharach nach bhfuil ráthaithe

    An chuid sin de luach iarmharach na sócmhainne foluití, nach bhfuil a réadú ag léasóir árachaithe nó ráthaithe ag páirtí atá gaolmhar leis an léasóir amháin.

    íocaíochtaí léasa aithritheacha

    An cion d’íocaíochtaí arna dhéanamh ag léasaí le léasóir as an gceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid le linn an téarma léasa a athraíonn mar gheall ar athruithe ar fhíorais nó ar imthosca a tharlaíonn tar éis an dáta tosaigh, seachas trí imeacht ama.

    Téarmaí a shainmhínítear i gCaighdeáin eile agus a úsáidtear sa Chaighdeán seo de réir na brí céanna

    conradh

    Comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe.

    saolré úsáideach

    An tréimhse ar lena linn a mheastar sócmhainn a bheith ar fáil lena húsáid ag eintiteas; nó an líon aonad táirgthe nó aonad comhchosúil a mheastar a gheobhaidh eintiteas ó shócmhainn.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo. Déantar tuairisc ann ar chur i bhfeidhm mhíreanna 1–103 agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

    Cur i bhfeidhm punainne

    B1

    Sonraítear sa Chaighdeán seo an chuntasaíocht le haghaidh léas aonair. Mar sin féin, mar bheart praiticiúil, féadfaidh eintiteas an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le punann léasanna a bhfuil saintréithe comhchosúla acu más rud é go bhfuil an t-eintiteas ag súil go réasúnach nach mbeadh difríocht ábhartha idir na héifeachtaí ar ráitis airgeadais a bhaineann leis an gCaighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir leis an bpunann agus an Caighdeán sin a chur i bhfeidhm maidir leis na léasanna aonair laistigh den phunann sin. Má thugtar cuntas ar phunann, úsáidfidh eintiteas meastacháin agus toimhdí a léiríonn méid agus comhdhéanamh na punainne.

    Comhcheangal conarthaí

    B2

    Agus an Caighdeán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas dhá chonradh nó níos mó a rinneadh san am céanna nó gar don am céanna a chomhcheangal leis an gcontrapháirtí céanna (nó le páirtithe gaolmhara an chontrapháirtí), agus tabharfaidh sé cuntas ar na conarthaí mar chonradh aonair má chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

    (a)

    déantar na conarthaí a chaibidliú mar phacáiste a bhfuil cuspóir tráchtála foriomlán aige nach féidir a thuiscint gan na conarthaí a bhreithniú le chéile;

    (b)

    braitheann méid na comaoine a bheidh le híoc i gconradh amháin ar phraghas nó ar chomhlíonadh an chonartha eile; nó

    (c)

    is comhchuid léasa aonair iad na cearta chun sócmhainní foluiteacha arna dtíolacadh sna conarthaí a úsáid (nó roinnt ceart chun sócmhainní foluiteacha arna dtíolacadh i ngach ceann de na conarthaí a úsáid) mar a thuairiscítear i mír B32.

    Díolúine aitheantais: léasanna a bhfuil luach íseal ag baint leis an sócmhainn fholuiteach (míreanna 5–8)

    B3

    Seachas mar a shonraítear i mír B7, ceadaíonn an Caighdeán seo do léasaí mír 6 a chur i bhfeidhm chun cuntas a thabhairt ar léasanna a bhfuil luach íseal ag an tsócmhainn fholuiteach ina leith. Déanfaidh léasaí measúnú a dhéanamh ar luach sócmhainne foluití bunaithe ar luach na sócmhainne nuair atá sí nua, gan beann ar aois na sócmhainne atá á léasú.

    B4

    Déantar an measúnú i dtaobh cé acu an bhfuil sócmhainn fhocuiteach ar luach íseal ar bhonn absalóideach nó nach bhfuil. Cáilíonn léasanna ar shócmhainní ar luach íseal don láimhseáil chuntasaíochta i mír 6 is cuma cé acu atá nó nach bhfuil na léasanna sin ábhartha don léasaí. Ní dhéanfaidh méid, cineál ná imthosca an léasaí difear don mheasúnú. Dá réir sin, táthar ag súil go dtiocfaidh léasaithe éagsúla ar na conclúidí céanna maidir le cibé an bhfuil luach íseal ag baint le sócmhainn fholuiteach ar leith.

    B5

    Ní fhéadfaidh sócmhainn fhocuiteach a bheith ar luach íseal ach amháin:

    (a)

    is féidir leis an léasaí leas a bhaint as úsáid na sócmhainne foluití as a stuaim féin nó in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca don léasaí; agus

    (b)

    níl an tsócmhainn fholuiteach ag brath go mór ar shócmhainní eile, ná níl sí an-idirghaolmhar le sócmhainní eile.

    B6

    Ní cháilíonn léas ar shócmhainn fholuiteach mar léas ar shócmhainn ar luach íseal más rud é, de bharr chineál na sócmhainne, nach mbíonn luach íseal ag an tsócmhainn de ghnáth nuair a bhíonn sí nua. Mar shampla, ní cháileodh léasanna gluaisteán mar léasanna ar shócmhainní ar luach íseal toisc nach mbeadh luach íseal ag carr nua de ghnáth.

    B7

    Má dhéanann léasaí sócmhainn a fholéasú, nó má tá coinne aige le sócmhainn a fholéasú, ní cháilíonn an ceannléas mar léas ar shócmhainn ar luach íseal.

    B8

    Ar na samplaí de shócmhainní foluiteacha ar luach íseal, tá táibléad agus ríomhairí pearsanta, troscáin bheaga oifige agus teileafóin.

    Léas a shainaithint (míreanna 9–11)

    B9

    Chun a mheas an dtugann conradh an ceart chun úsáid sócmhainne sainaitheanta a rialú (féach míreanna B13–B20) ar feadh tréimhse ama, measfaidh eintiteas an bhfuil an dá rud seo a leanas ag an gcustaiméir le linn na tréimhse úsáide:

    (a)

    an ceart chun na leasanna eacnamaíocha uile a fháil go substaintiúil ó úsáid na sócmhainne sainaitheanta (mar a thuairiscítear i míreanna B21–B23); agus

    (b)

    an ceart chun úsáid na sócmhainne sainaitheanta a stiúradh (mar a thuairiscítear i míreanna B24–B30).

    B10

    Mura bhfuil sé de cheart ag an gcustaiméir úsáid sócmhainne sainaitheanta a rialú ach ar feadh cuid de théarma an chonartha, beidh léas sa chonradh don chuid sin den téarma.

    B11

    Féadfar conradh chun earraí nó seirbhísí a fháil a dhéanamh trí chomhshocrú, nó thar ceann comhshocrú, mar a shainmhínítear i gComhshocraíochtaí IFRS 11. Sa chás seo, meastar gurb é an comhshocrú an custaiméir sa chonradh. Dá réir sin, agus measúnú á dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil léas i gconradh den sórt sin, déanfaidh eintiteas measúnú féachaint an bhfuil sé de cheart ag an gcomhshocrú úsáid sócmhainne sainaitheanta a rialú le linn na tréimhse úsáide.

    B12

    Déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil léas i gconradh le haghaidh gach comhpháirte léasa ar leithligh a d’fhéadfadh a bheith ann. Féach mír B32 le haghaidh treorach maidir le comhpháirteanna léasa ar leithligh.

    Sócmhainn aitheanta

    B13

    De ghnáth, sainaithnítear sócmhainn trína sonrú go sainráite i gconradh. Mar sin féin, is féidir sócmhainn a shainaithint freisin trí shonrú intuigthe a dhéanamh ag an am a chuirtear an tsócmhainn ar fáil lena húsáid ag an gcustaiméir.

    Cearta ionadaíochta substainteacha

    B14

    Fiú amháin má shonraítear sócmhainn, níl sé de cheart ag custaiméir sócmhainn shainaitheanta a úsáid má tá sé de cheart substainteach ag an soláthróir an tsócmhainn a ionadú le linn na tréimhse úsáide. Níl ceart soláthróra chun sócmhainn a ionadú substainteach ach amháin má tá an dá choinníoll seo a leanas ann:

    (a)

    tá an cumas praiticiúil ag an soláthróir sócmhainní malartacha a ionadú le linn na tréimhse úsáide (mar shampla, ní féidir leis an gcustaiméir cosc a chur ar an soláthróir an tsócmhainn a ionadú agus tá sócmhainní malartacha ar fáil go héasca don soláthróir nó d’fhéadfadh an soláthróir iad a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ama); agus

    (b)

    bhainfeadh an soláthróir leas eacnamaíoch as feidhmiú a chirt chun an tsócmhainn a ionadú (i.e. meastar go rachaidh na leasanna eacnamaíocha a bhaineann le hionadú na sócmhainne thar na costais a bhaineann leis an tsócmhainn a ionadú).

    B15

    Más rud é nach bhfuil sé de cheart nó d’oibleagáid ag an soláthróir an tsócmhainn a ionadú ach amháin ar dháta áirithe nó tar éis dáta áirithe nó tar éis tarlú teagmhais shonraithe, níl ceart ionadaíochta an tsoláthróra substainteach toisc nach bhfuil an cumas praiticiúil ag an soláthróir sócmhainní malartacha a ionadú le linn na tréimhse úsáide.

    B16

    Tá meastóireacht eintitis ar cé acu atá nó nach bhfuil ceart ionadaíochta an tsoláthróra substainteach bunaithe ar fhíorais agus ar imthosca tráth tionscanta an chonartha agus eisiafar leis breithniú ar theagmhais todhchaí nach dóigh, tráth tionscanta an chonartha, go dtarlóidh siad. I measc samplaí d’imeachtaí todhchaí nár dhócha, tráth tionscanta an chonartha, go dtarlódh siad agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a eisiamh ón meastóireacht:

    (a)

    comhaontú ag custaiméir todhchaí ráta os cionn an mhargaidh a íoc maidir le húsáid na sócmhainne;

    (b)

    teicneolaíocht nua a thabhairt isteach nach bhfuil forbartha go substaintiúil tráth tionscanta an chonartha;

    (c)

    difríocht shuntasach idir úsáid na sócmhainne ag an gcustaiméir, nó comhlíonadh na sócmhainne, agus an úsáid nó an comhlíonadh a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ann tráth tionscanta an chonartha; agus

    (d)

    difríocht shuntasach idir praghas margaidh na sócmhainne le linn na tréimhse úsáide, agus praghas an mhargaidh a measadh tráth tionscanta an chonartha.

    B17

    Má tá an tsócmhainn suite in áitreabh an chustaiméara nó in áit eile, bíonn na costais a bhaineann le hionadú níos airde ar bhonn ginearálta ná mar a bhíonn siad agus iad lonnaithe in áitreabh an tsoláthróra agus, dá bhrí sin, is dóchúla go mbeidh siad níos mó ná na leasanna a bhaineann leis an tsócmhainn a ionadú.

    B18

    Le ceart nó oibleagáid an tsoláthróra an tsócmhainn a ionadú le haghaidh deisiúcháin agus cothabhála, mura bhfuil an tsócmhainn ag feidhmiú i gceart nó má thagann uasghrádú teicniúil chun bheith ar fáil, ní chuirtear cosc ar an gcustaiméir an ceart a bheith aige sócmhainn shainaitheanta a úsáid.

    B19

    Mura féidir leis an gcustaiméir a chinneadh go héasca an bhfuil ceart ionadaíochta substainteach ag an soláthraí, glacfaidh an custaiméir leis nach bhfuil aon cheart ionadaíochta substainteach.

    Codanna de shócmhainní

    B20

    Is sócmhainn aitheanta é cion acmhainneachta sócmhainne i gcás ina bhfuil sí éagsúil go fisiceach (mar shampla, urlár foirgnimh). Acmhainneacht nó cuid eile de shócmhainn nach bhfuil leithleach go fisiceach (mar shampla, cuid acmhainneachta de chábla snáthoptaice) ní sócmhainn shainaitheanta í, ach amháin más acmhainneacht iomlán na sócmhainne í go substaintiúil agus, ar an gcaoi sin, tugtar de cheart don chustaiméir na leasanna eacnamaíocha uile a fháil go substaintiúil as úsáid na sócmhainne.

    An ceart chun leasanna eacnamaíocha a fháil ó úsáid

    B21

    Chun úsáid sócmhainne sainaitheanta a rialú, ceanglaítear ar chustaiméir é a bheith de cheart aige na leasanna eacnamaíocha uile a fháil go substaintiúil ó úsáid na sócmhainne le linn na tréimhse úsáide (mar shampla, trí úsáid eisiach na sócmhainne a bheith aige ar feadh na tréimhse sin). Is féidir le custaiméir leasanna eacnamaíocha a fháil as sócmhainn a úsáid go díreach nó go hindíreach ar go leor bealaí, mar atá an tsócmhainn a úsáid, a shealbhú nó a fholéasú. Ar na leasanna eacnamaíocha a bhaineann le húsáid sócmhainne, tá a aschur príomhúíl agus a fotháirgí (lena n-áirítear sreabhadh airgid a d’fhéadfadh a bheith ann a dhíorthaítear ó na hítimí sin), agus sochair eacnamaíocha eile ó úsáid na sócmhainne a d’fhéadfaí a réadú ó idirbheart tráchtála le tríú páirtí.

    B22

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an gceart chun na sochair eacnamaíocha uile a fháil go substaintiúil ó úsáid sócmhainne, breithneoidh eintiteas na sochair eacnamaíocha a eascraíonn as úsáid na sócmhainne laistigh de raon feidhme sainithe cheart custaiméara an tsócmhainn a úsáid (féach mír B30). Mar shampla:

    (a)

    má chuireann conradh teorainn le húsáid mótarfheithicle ionas nach féidir í a úsaid ach in aon chríoch áirithe amháin le linn na tréimhse úsáide, ní bhreithneoidh eintiteas ach na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le húsáid na mótarfheithicle laistigh den chríoch sin, agus ní ina dhiaidh sin.

    (b)

    má shonraítear i gconradh nach féidir le custaiméir mótarfheithicil a thiomáint ach faoi bhun líon áirithe mílte le linn na tréimhse úsáide, ní bhreithneoidh eintiteas ach na leasanna eacnamaíocha a bhaineann le húsáid na mótarfheithicle don mhíleáiste ceadaithe, agus ní ina dhiaidh sin.

    B23

    Má cheanglaítear le conradh ar chustaiméir cuid den sreabhadh airgid a dhíorthaítear ó úsáid sócmhainne a íoc leis an soláthróir nó le páirtí eile, measfar gur cuid de na leasanna eacnamaíocha a fhaigheann an custaiméir ó úsáid na sócmhainne iad an sreabhadh airgid sin a íocadh mar chomaoin. Mar shampla, má cheanglaítear ar an gcustaiméir céatadán na ndíolachán a bhaineann le húsáid an spáis mhiondíola a íoc leis an soláthraí mar chomaoin ar an úsáid sin, ní chuireann an ceanglas sin cosc ar an gcustaiméir an ceart a bheith aige nó aici na tairbhí eacnamaíocha go léir a bhaineann le húsáid an spáis mhiondíola a fháil go substaintiúil. Sin mar atá toisc go meastar gur leasa eacnamaíocha é an sreabhadh airgid a eascraíonn as na díolacháin sin a fhaigheann an custaiméir a bhaineann le húsáid a bhaint as an spás miondíola, cuid de a íocann sé leis an soláthróir mar chomaoin ar an gceart chun an spás sin a úsáid.

    An ceart chun an úsáid a stiúradh

    B24

    Níl sé de cheart ag custaiméir úsáid sócmhainne aitheanta a threorú le linn na tréimhse úsáide ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá sé de cheart ag an gcustaiméir an chaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn le linn na tréimhse úsáide a stiúradh agus cad chuige a n-úsáidtear í (mar a thuairiscítear i míreanna B25–B30); nó

    (b)

    na cinntí ábhartha maidir le conas a úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í, tá siad réamhchinntithe agus:

    (i)

    tá sé de cheart ag an gcustaiméir an tsócmhainn a oibriú (nó daoine eile a stiúradh chun an tsócmhainn a oibriú ar bhealach a chinnfidh sé) le linn na tréimhse úsáide, gan an ceart a bheith ag an soláthróir na treoracha oibriúcháin sin a athrú; nó

    (ii)

    is é an custaiméir a cheap an tsócmhainn (nó gnéithe sonracha den tsócmhainn) ar bhealach a réamhchinneann conas agus cad chuige a n-úsáidfear an tsócmhainn le linn na tréimhse úsáide.

    Conas a úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í

    B25

    Tá sé de cheart ag custaiméir an chaoí a n-úsáidtear an tsócmhainn a stiúradh agus cad chuige a n-úsáidtear í más rud é, laistigh de raon feidhme a chirt úsáide atá sainithe sa chonradh, gur féidir leis athrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn le linn na tréimhse úsáide agus cad chuige a n-úsáidtear í. Agus an measúnú sin á dhéanamh, déanann eintiteas breithniú ar na cearta cinnteoireachta is ábhartha maidir le hathrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn le linn na tréimhse úsáide agus cad chuige a n-úsáidtear í. Tá cearta cinnteoireachta ábhartha nuair a dhéanann siad difear do na leasanna eacnamaíocha a dhíorthófar as úsáid. Is dócha nach ionann na cearta cinnteoireachta is ábhartha i gcás conarthaí éagsúla, ag brath ar chineál na sócmhainne agus ar théarmaí agus coinníollacha an chonartha.

    B26

    Seo a leanas samplaí de chearta cinnteoireachta a dheonaíonn an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn, agus sin ag brath ar na himthosca, agus cad chuige a n-úsáidtear í, laistigh de raon feidhme sainithe cheart úsáide an chustaiméara:

    (a)

    cearta chun athrú a dhéanamh ar an gcineál aschuir a tháirgeann an tsócmhainn (mar shampla, cinneadh a dhéanamh maidir le coimeádán loingseoireachta a úsáid chun earraí a iompar nó lena stóráil, nó chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an meascán táirgí a dhíoltar ón spás miondíola);

    (b)

    cearta chun athrú nuair a tháirgtear an t-aschur (mar shampla, a chinneadh cén uair a úsáidfear ítim innealra nó gléasra cumhachta);

    (c)

    cearta chun athrú i gcás ina dtáirgtear an t-aschur (mar shampla, ceann scríbe trucaile nó loinge a chinneadh, nó a chinneadh cén áit a n-úsáidtear trealamh áirithe); agus

    (d)

    cearta chun athrú a dhéanamh ar cé acu a tháirgtear nó nach dtáirgtear an t-aschur, agus cainníocht an aschuir sin (mar shampla, cinneadh a dhéanamh maidir le fuinneamh a tháirgeadh ó ghléasra cumhachta agus cé mhéad fuinnimh a tháirgeann ón ngléasra cumhachta sin).

    B27

    Samplaí de chearta cinnteoireachta nach ndeonaíonn an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í, áirítear leo cearta atá teoranta don tsócmhainn a oibriú nó a choinneáil ar bun. Féadfaidh an custaiméir nó an soláthróir seilbh a choinneáil ar na cearta sin. Cé gur minic a bhíonn cearta ar nós na gceart sin chun sócmhainn a oibriú nó a chothabháil bunriachtanach d’úsáid éifeachtúil sócmhainne, ní cearta iad chun an chaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn a stiúradh agus cad chuige a n-úsáidtear í agus is minic a bhíonn siad ag brath ar na cinntí maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í. Mar sin féin, féadfaidh cearta chun sócmhainn a oibriú an ceart a dheonú don chustaiméir úsáid na sócmhainne a stiúradh má tá na cinntí ábhartha maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í réamhchinnte (féach mír B24(b)(i)).

    C i n n t í a d h é a n t a r l e l i n n a g u s r o i m h t h r é i m h s e n a h ú s á i d e

    B28

    Is féidir na cinntí ábhartha maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an tsócmhainn agus cad chuige a n-úsáidtear í a réamhchinneadh ar roinnt bealaí. Mar shampla, is féidir na cinntí ábhartha a réamhchinneadh trí cheapadh na sócmhainne nó trí shrianta conarthacha ar úsáid na sócmhainne.

    B29

    Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil sé de cheart ag custaiméir úsáid sócmhainne a stiúradh, ní bhreithneoidh eintiteas ach cearta chun cinntí a dhéanamh maidir le húsáid na sócmhainne le linn na tréimhse úsáide, mura rud é gur cheap an custaiméir an tsócmhainn (nó gnéithe sonracha den tsócmhainn) mar a thuairiscítear i mír B24(b)(ii). Dá bhrí sin, mura bhfuil na coinníollacha i mír B24(b)(ii) ann, ní bhreithneoidh eintiteas cinntí atá réamhchinntithe roimh an tréimhse úsáide. Mar shampla, má tá custaiméir in ann ach aschur sócmhainne roimh an tréimhse úsáide a shonrú, níl sé de cheart ag an gcustaiméir úsáid na sócmhainne sin a stiúradh. An cumas an t-aschur i gconradh a shonrú roimh an tréimhse úsáide, gan aon cheart cinnteoireachta eile a bhaineann le húsáid na sócmhainne a chur san áireamh, tugann sé na cearta céanna do chustaiméir agus d’aon chustaiméir a cheannaíonn earraí nó seirbhísí.

    C e a r t a c o s a n t a c h a

    B30

    D’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha a bheith i gconradh atá ceaptha chun leas an tsoláthróra sa tsócmhainn nó i sócmhainní eile a chosaint, chun a phearsanra a chosaint, nó chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an soláthróir dlíthe nó rialacháin. Is samplaí iad sin de chearta cosantacha. Mar shampla, d’fhéadfadh conradh (i) uasmhéid úsáide sócmhainne a shonrú nó teorainn a chur leis an áit nó an uair is féidir leis an gcustaiméir an tsócmhainn a úsáid, (ii) ceangal a chur ar chustaiméir cleachtais oibriúcháin ar leith a leanúint, nó (iii) ceangal a chur ar chustaiméir an soláthróir a chur ar an eolas faoi athruithe ar an gcaoi a n-úsáidfear sócmhainn. De ghnáth, sainmhíníonn cearta cosantacha raon feidhme cheart úsáide an chustaiméara ach ní choisceann siad, astu féin, an custaiméir an ceart a bheith aige úsáid sócmhainne a stiúradh.

    B31

    Féadfaidh an sreabhchairt seo a leanas cúnamh a thabhairt d’eintitis measúnú a dhéanamh i dtaca le cé acu an léas atá i gconradh, nó an bhfuil léas ann.
    Image 6

    Comhpháirteanna conartha a dheighilt (míreanna 12–17)

    B32

    Comhpháirt léasa ar leithligh is ea é an ceart chun sócmhainn fholuiteach a úsáid sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    is féidir leis an léasaí leas a bhaint as úsáid na sócmhainne foluití as féin nó in éineacht le hacmhainní eile atá ar fáil go héasca don léasaí. Earraí nó seirbhísí a dhíoltar nó a chuirtear ar léas ar leithligh (ag an léásaí nó ag soláthróir eile), is acmhainní iad atá le fáil go héasca, nó acmhainní a fuair an sealbhóir polasaí cheana féin (ón léásóir nó ó idirbhearta nó imeachtaí eile); agus

    (b)

    níl an tsócmhainn fholuiteach ag brath go mór ar na sócmhainní foluiteacha eile sa chonradh ná níl idirghaol an-mhór aici leo. Mar shampla, ós rud é go bhféadfadh léasaí cinneadh a dhéanamh gan an tsócmhainn fholuiteach a léasú gan difear suntasach a dhéanamh dá chearta sócmhainní foluiteacha eile sa chonradh a úsáid, d’fhéadfaí a léiriú nach bhfuil an tsócmhainn fholuiteach ag brath go mór ar na sócmhainní foluiteacha eile sin ná nach bhfuil idirghaol an-mhór aici leo.

    B33

    Féadfar a áireamh i gconradh méid is iníoctha ag an léasaí as gníomhaíochtaí agus costais nach n-aistríonn earra ná seirbhís chuig an léasaí. Mar shampla, féadfaidh léasóir muirear le haghaidh cúraimí riaracháin, nó costais eile a thabhaíonn sé a bhaineann leis an léas, nach n-aistríonn earra ná seirbhís chuig an léasaí, a áireamh sa mhéid iomlán is iníoctha. Ní eascraíonn comhpháirt ar leith den chonradh as na méideanna sin is iníoctha, ach meastar gur cuid den chomaoin iomlán iad a leithdháiltear ar na comhpháirteanna den chonradh atá sainaitheanta ar leithligh.

    Téarma léasa (míreanna 18–21)

    B34

    Agus téarma an léasa á chinneadh agus fad tréimhse neamh-inchealaithe léasa á mheasúnú, cuirfidh eintiteas an sainmhíniú ar chonradh i bhfeidhm agus cinnfidh sé an tréimhse a bhfuil an conradh in-fhorfheidhmithe ina leith. Níl léas infhorghníomhaithe a thuilleadh nuair atá sé de cheart ag an léasaí agus ag an léasóir araon an léas a fhoirceannadh gan cead a fháil ón bpáirtí eile gan níos mó ná pionós neamhshuntasach a bheith i gceist.

    B35

    Mura bhfuil sé de cheart ach ag léasaí léas a fhoirceannadh, meastar gur rogha é an ceart sin an léas a fhoirceannadh atá ar fáil don léasaí a mheasann eintiteas agus téarma an léasa á chinneadh aige. Mura bhfuil sé de cheart ach ag léasóir léas a fhoirceannadh, i dtréimhse neamh-inchealaithe an léasa, tá an tréimhse a chumhdaítear leis an rogha chun an léas a fhoirceannadh.

    B36

    Tosaíonn téarma an léasa ar an dáta tosaithe agus folaíonn sé aon tréimhse saor ó chíos a sholáthraíonn an léasóir don léasaí.

    B37

    Ar an dáta tosaithe, déanann eintiteas measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeodh sé rogha an léas a shíneadh nó an tsócmhainn fholuiteach a cheannach, nó gan an rogha a fheidhmiú an léas a fhoirceannadh. Déanann an t-eintiteas na fíorais agus na himthosca ábhartha uile a mheas, fíorais agus imthosca a chruthaíonn dreasacht eacnamaíoch don léasaí chun an rogha a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú, lena n-áirítear aon athrú ar fhíorais agus ar imthosca a bhfuil coinne leis ón dáta tosaithe go dtí dáta feidhmithe na rogha. Samplaí d’fhachtóirí atá le cur sa mheá is ea iad seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

    (a)

    téarmaí agus coinníollacha conarthacha do na tréimhsí roghnacha i gcomparáid le rátaí margaidh, mar atá:

    (i)

    méid na n-íocaíochtaí le haghaidh an léasa in aon tréimhse roghnach;

    (ii)

    méid aon íocaíochta inathraithe le haghaidh an léasa nó íocaíochtaí teagmhasacha eile, amhail íocaíochtaí a eascraíonn as pionóis fhoirceanta agus ráthaíochtaí luacha iarmharaigh; agus

    (iii)

    téarmaí agus coinníollacha aon rogha is infheidhmithe tar éis tréimhsí tosaigh roghnacha (mar shampla, rogha cheannaigh atá infheidhmithe ag deireadh tréimhse sínithe ag ráta atá faoi bhun rátaí an mhargaidh faoi láthair).

    (b)

    feabhsuithe suntasacha léasachta a rinneadh (nó a bhfuil súil lena ndéanamh) thar théarma an chonartha a leas suntasach eacnamaíoch a bheith ag baint leo don léasaí nuair a bheidh an rogha chun an léas a shíneadh nó a fhoirceannadh, nó an tsócmhainn fholuiteach a cheannach infheidhmithe;

    (c)

    costais a bhaineann le foirceannadh an léasa, mar atá costais chaibidlíochta, costais athshuímh, costais a bhaineann le sócmhainn fholuiteach a shainaithint as a bheith oiriúnach do riachtanais an léasaí, costais a bhaineann le sócmhainn nua a chomhtháthú in oibríochtaí an léasaí, nó pionóis foirceanta agus costais chomhchosúla, lena n-áirítear costais a bhaineann leis an sócmhainn fholuiteach a chur ar ais i riocht a shonraítear go conarthach nó i suíomh a shonraítear sa chonaradh;

    (d)

    tábhacht na sócmhainne foluití sin d’oibríochtaí an léasaí, ag cur san áireamh, mar shampla, an tsócmhainn speisialaithe atá sa sócmhainn fholuiteach, suíomh na sócmhainne foluití agus infhaighteacht roghanna malartacha oiriúnacha; agus

    (e)

    coinníollacht a bhaineann leis an rogha a fheidhmiú (i.e. nuair nach féidir an rogha a fheidhmiú ach amháin má chomhlíontar coinníoll amháin nó níos mó), agus an dóchúlacht go mbeidh na coinníollacha sin ann.

    B38

    Féadfar rogha chun léas a shíneadh nó a fhoirceannadh a chomhcheangal le gné chonarthach amháin nó níos mó (ráthaíocht luacha iarmharaigh, mar shampla) ionas go ráthóidh an léasaí tuairisceán airgid íosta nó seasta don léasóir atá mórán mar an gcéanna gan beann ar an rogha a bheith á feidhmiú. I gcásanna den sórt sin, agus d’ainneoin na treoraíochta maidir le híocaíochtaí seasta in-substainte i mír B42, toimhdeoidh eintiteas go bhfuil an léasaí sách cinnte go bhfeidhmeoidh sé an rogha an léas a shíneadh, nó gan an rogha a fheidhmiú an léas a fhoirceannadh.

    B39

    Dá giorra tréimhse neamh-inchealaithe léasa, is é is dóichí gurb é an léasaí a fheidhmeoidh an rogha an léas a shíneadh nó gan an rogha a fheidhmiú an léas a fhoirceannadh. Is mar sin atá toisc gur dócha go mbeidh na costais a bhaineann le sócmhainn athsholáthair a fháil níos airde go comhréireach an tréimhse neamh-inchealaithe is giorra.

    B40

    An cleachtas a bhí ag léasaí san am atá thart maidir leis an tréimhse ar lena linn a d’úsáid sé cineálacha áirithe sócmhainní (cibé acu léasaithe nó faoi úinéireacht), agus na cúiseanna eacnamaíocha atá aige leis sin a dhéanamh, d’fhéadfadh sé faisnéis a sholáthar atá úsáideach chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu an bhfuil an léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeodh sé rogha, nó nach bhfuil. Mar shampla, má bhí sé de ghnás ag léasaí cineálacha áirithe sócmhainní a úsáid ar feadh tréimhse áirithe ama nó má tá cleachtas ag an léasaí roghanna a fheidhmiú go minic ar léasanna ar chineálacha áirithe sócmhainní foluiteacha, breithneoidh an léasaí na cúiseanna eacnamaíocha atá leis an gcleachtas sin san am atá thart agus measúnú á dhéanamh an bhfuil sé réasúnta cinnte rogha a fheidhmiú maidir le léasanna ar na sócmhainní sin.

    B41

    Sonraítear i mír 20, tar éis an dáta tosaithe, go ndéanfaidh léasaí athmheasúnú ar théarma an léasa ar theagmhas suntasach tarlú nó ar athrú suntasach ar imthosca atá faoi rialú an léasaí agus a dhéanann difear do cibé acu atá nó nach bhfuil an léasaí réasúnta cinnte go bhfeidhmeodh sé rogha nár áiríodh roimhe sin ina chinneadh ar théarma an léasa, nó gan rogha a fheidhmiú a áiríodh roimhe sin ina chinneadh ar théarma an léasa. I measc na samplaí d’imeachtaí suntasacha nó athruithe ar chúinsí tá:

    (a)

    feabhsuithe suntasacha léasachta nach raibh coinne leo ag an dáta tosaithe ach a meastar leas suntasach eacnamaíoch a bheith ag baint leo don léasaí nuair a bheidh an rogha chun an léas a shíneadh nó a fhoirceannadh, nó an tsócmhainn fholuiteach a cheannach infheidhmithe;

    (b)

    modhnú suntasach ar an tsócmhainn fholuiteach, nó saincheapadh na sócmhainne foluití, nach raibh coinne leis ar an dáta tosaithe;

    (c)

    tús a chur le foléas na sócmhainne foluití ar feadh tréimhse tar éis dheireadh an léasa a cinneadh roimhe sin; agus

    (d)

    cinneadh gnó an léasaí a bhaineann go díreach le rogha a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú (mar shampla, cinneadh síneadh a chur le léas sócmhainne comhlántaí, sócmhainn mhalartach a dhiúscairt nó aonad gnó a dhiúscairt ina n-úsáidtear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide).

    Íocaíochtaí léasa shocraithe in-substainte (míreanna 27(a), 36(c) agus 70(a))

    B42

    Áirítear le híocaíochtaí léasa aon íocaíochtaí léasa shocraithe in-substainte. Is éard atá in íocaíochtaí léasa shocraithe in-substainte íocaíochtaí a bhféadfadh inathraitheacht a bheith iontu, i bhfoirm, ach atá dosheachanta ó thaobh substainte de. Is ann d’íocaíochtaí léasa socraithe in-substainte, mar shampla, más rud é:

    (a)

    déantar íocaíochtaí a struchtúrú mar íocaíochtaí léasa athraitheacha, ach níl aon fhíor-athraitheacht sna híocaíochtaí sin. Tá clásail athraitheacha sna híocaíochtaí sin nach bhfuil fíorshubstaint eacnamaíoch ag baint leo. Ar na samplaí de na cineálacha íocaíochtaí sin tá:

    (i)

    íocaíochtaí nach gá a dhéanamh ach amháin má chruthaítear go bhfuil sócmhainn in ann oibriú le linn an léasa, nó sa chás amháin go dtarlaíonn teagmhas nach bhfuil aon fhíordhóchúlacht ann nach dtarlóidh sé; nó

    (ii)

    íocaíochtaí atá struchtúrtha ar dtús mar íocaíochtaí léasa athraitheacha atá nasctha le húsáid na sócmhainne foluití ach a réiteofar an inathraitheacht ina leith tráth éigin tar éis an dáta tosaithe ionas go mbeidh na híocaíochtaí socraithe don chuid eile de théarma an léasa. Déantar íocaíochtaí socraithe de na híocaíochtaí sin nuair a réitítear an inathraitheacht.

    (b)

    tá níos mó ná sraith íocaíochtaí amháin ann a d’fhéadfadh léasaí a dhéanamh, ach níl ach ceann amháin de na sraitheanna íocaíochtaí sin réalaíoch. Sa chás sin, measfaidh eintiteas gur íocaíochtaí léasa an tsraith réalaíoch íocaíochtaí.

    (c)

    tá níos mó ná sraith réalaíoch íocaíochtaí amháin ann a d’fhéadfadh léasaí a dhéanamh, ach ní mór dó ceann amháin ar a laghad de na sraitheanna íocaíochtaí sin a dhéanamh. Sa chás sin, measfaidh eintiteas gur íocaíochtaí léasa iad an tsraith íocaíochtaí arb é a gcomhiomlán an méid is ísle (ar bhonn lascainithe).

    Rannpháirtíocht léasaí leis an sócmhainn fholuiteach roimh an dáta tosaithe

    Costais an léasaí a bhaineann le tógáil nó ceapadh na sócmhainne foluití

    B43

    Féadfaidh eintiteas léas a chaibidliú sula mbeidh an tsócmhainn fholuiteach ar fáil lena húsáid ag an léasaí. I gcás roinnt léasanna, d’fhéadfadh sé gur ghá an tsócmhainn fholuiteach a thógáil nó a athcheapadh lena húsáid ag an léasaí. Ag brath ar théarmaí agus ar choinníollacha an chonartha, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar léasaí íocaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le tógáil nó ceapadh na sócmhainne.

    B44

    Má thabhaíonn léasaí costais a bhaineann le tógáil nó ceapadh na sócmhainne foluití, tabharfaidh an léasaí cuntas ar na costais sin agus Caighdeáin eile is infheidhme á gcur i bhfeidhm aige, mar atá IAS 16. Ní áirítear íocaíochtaí arna ndéanamh ag an léasaí as an gceart an tsócmhainn fholuiteach a úsáid sna costais a bhaineann le tógáil nó ceapadh sócmhainne fpluití. Is íocaíochtaí le haghaidh léasa iad íocaíochtaí le haghaidh an chirt sócmhainn fholuiteach a úsáid, gan beann ar uainiú na n-íocaíochtaí sin.

    Teideal dlíthiúil ar an tsócmhainn fholuiteach

    B45

    Féadfaidh léasaí teideal dlí ar shócmhainn fholuiteach a fháil sula n-aistreofar an teideal dlíthiúil sin chuig an léasóir agus an tsócmhainn a léasú chuig an léasaí. Ní hionann teideal dlí a fháil agus a chinneadh conas cuntas a thabhairt ar an idirbheart.

    B46

    Má tá urlámhas ag an léasaí ar an tsócmhainn fholuiteach (nó má fhaigheann sé urlámhas uirthi) sula n-aistrítear an tsócmhainn sin chuig an léasóir, is idirbheart um díol agus um aisléasú é an t-idirbheart a chuirtear san áireamh agus míreanna 98–103 á gcur i bhfeidhm.

    B47

    Mar sin féin, mura bhfaigheann an léasaí urlámhas ar an tsócmhainn fholuiteach sula n-aistrítear an tsócmhainn chuig an léasóir, ní idirbheart um díol agus um aisléasú é an t-idirbheart. Mar shampla, b’fhéidir gur mar sin a bheadh dá ndéanfadh monaróir, léasóir agus léasaí idirbheart a chaibidliú chun sócmhainn a cheannach ón monaróir ag an léasóir, idirbheart atá léasaithe ag an léasaí ina dhiaidh sin. Féadfaidh an léasaí teideal dlí a fháil ar an sócmhainn fhocuiteach sula n-aistreofar an teideal dlíthiúil chuig an léasóir. Sa chás sin, má fhaigheann an léasaí teideal dlí ar an tsócmhainn fhocuiteach gan urlámhas a fháil ar an tsócmhainn sula n-aistrítear chuig an léasóir í, ní chuirtear an t-idirbheart san áireamh mar idirbheart um díol agus um aisléasú, ach mar léas.

    Nochtuithe an léasaí (mír 59)

    B48

    Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil gá le faisnéis bhreise faoi ghníomhaíochtaí léasaithe chun an cuspóir nochta i mír 51 a bhaint amach, déanfaidh léasaí an méid seo a leanas a mheas:

    (a)

    an bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha d’úsáideoirí ráiteas airgeadais. Ní sholáthróidh léasaí faisnéis bhreise a shonraítear i mír 59 ach amháin má mheastar go mbeidh an fhaisnéis sin ábhartha d’úsáideoirí ráiteas airgeadais. Sa chomhthéacs sin, is dócha gurb amhlaidh a bheidh má chabhraíonn sé leis na húsáideoirí sin na nithe seo a leanas a thuiscint:

    (i)

    an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil le léasanna. Féadfaidh léasanna solúbthacht a sholáthar más féidir le léasaí, mar shampla, a neamhchosaint a laghdú trí roghanna foirceanta a fheidhmiú nó trí léasanna a athnuachan le téarmaí agus coinníollacha fabhracha.

    (ii)

    sriantachtaí a fhorchuirtear le léasanna. D’fhéadfadh léasanna srianta a fhorchur, mar shampla, trína cheangal ar an léasaí cóimheasa airgeadais ar leith a choinneáil ar bun.

    (iii)

    íogaireacht na faisnéise tuairiscithe maidir le príomhathróga. D’fhéadfadh faisnéis tuairiscithe a bheith íogair d’íocaíochtaí léasa athraitheacha todhchaí, mar shampla.

    (iv)

    neamhchosaint ar rioscaí eile a eascraíonn as léasanna.

    (v)

    imeacht ó chleachtas tionscail. Féadfar a áireamh ar dhialltaí den sórt sin, mar shampla, téarmaí agus coinníollacha léasa neamhghnácha nó uathúla a dhéanann difear do phunann léasa léasaí.

    (b)

    cibé atá nó nach bhfuil an fhaisnéis sin follasach bunaithe ar fhaisnéis a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais phríomha nó a nochtar sna nótaí. Ní gá do léasaí faisnéis a dhúbailt atá curtha i láthair cheana in áit eile sna ráitis airgeadais.

    B49

    Maidir le faisnéis bhreise a bhaineann le híocaíochtaí léasa athraitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, ag brath ar na himthosca, chun an cuspóir nochta i mír 51 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí a áireamh inti faisnéis a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh, mar shampla:

    (a)

    cúiseanna an léasaí le híocaíochtaí léasa inathraithe a úsáid agus leitheadúlacht na n-íocaíochtaí sin;

    (b)

    méid coibhneasta na n-íocaíochtaí léasa inathraithe le híocaíochtaí socraithe;

    (c)

    príomhathróga ar a mbraitheann íocaíochtaí léasa athraitheacha agus conas a mheastar go n-athróidh íocaíochtaí mar fhreagairt ar athruithe sna príomhathróga sin; agus

    (d)

    éifeachtaí oibríochtúla agus airgeadais eile a bhaineann le híocaíochtaí léasa athraitheacha.

    B50

    Maidir le faisnéis bhreise a bhaineann le roghanna sínte nó roghanna foirceannta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, ag brath ar na himthosca, chun an cuspóir nochta i mír 51 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí a áireamh inti faisnéis a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh, mar shampla:

    (a)

    na cúiseanna atá ag an léasaí le roghanna sínte nó roghanna foirceanta a úsáid agus leitheadúlacht na roghanna sin;

    (b)

    méid coibhneasta na n-íocaíochtaí léasa roghnacha maidir le híocaíochtaí socraithe;

    (c)

    leitheadúlacht fheidhmiú na roghanna nach n-áirítear le tomhas na ndliteanas léasa é; agus

    (d)

    éifeachtaí oibríochtúla agus airgeadais eile a bhaineann leis na híocaíochtaí sin.

    B51

    Maidir le faisnéis bhreise a bhaineann le ráthaíochtaí luacha iarmharaigh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, ag brath ar na himthosca, chun an cuspóir nochta i mír 51 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí a áireamh inti faisnéis a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh, mar shampla:

    (a)

    na cúiseanna a thug an léasaí ráthaíochtaí luacha iarmharaigh agus leitheadúlacht na ráthaíochtaí sin;

    (b)

    méid neamhchosanta an léasaí ar riosca luacha iarmharaigh;

    (c)

    cineál na sócmhainní foluiteacha ar dóibh a sholáthraítear na ráthaíochtaí sin; agus

    (d)

    éifeachtaí oibríochtúla agus airgeadais eile a bhaineann leis na ráthaíochta sin.

    B52

    Maidir le faisnéis bhreise a bhaineann le hidirbhearta um díol agus um aisléasú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil, ag brath ar na himthosca, chun an cuspóir nochta i mír 51 a chomhlíonadh, d’fhéadfaí faisnéis a áireamh inti a chabhraíonn le húsáideoirí ráiteas airgeadais measúnú a dhéanamh, mar shampla:

    (a)

    cúiseanna an léasaí le hidirbhearta um díol agus um aisléasú agus leitheadúlacht na n-idirbheart sin;

    (b)

    príomhthéarmaí agus príomhchoinníollacha idirbheart aonair um díol agus um aisléasú;

    (c)

    íocaíochtaí nach n-áirítear chun dliteanais léasa a thomhas; agus

    (d)

    éifeacht sreafa airgid na n-idirbheart um díol agus um aisléasú sa tréimhse tuairiscithe.

    Aicmiú léasa léasóra (míreanna 61–66)

    B53

    Tá aicmiú na léasanna le haghaidh léasóirí sa Chaighdeán seo bunaithe ar a mhéid a aistríonn an léas na rioscaí agus na luaíochtaí atá teagmhasach le húinéireacht sócmhainne foluití. Ar na rioscaí sin, tá na féidearthachtaí maidir le caillteanais ó acmhainneacht dhíomhaoin nó ó dhífheidhmeacht theicneolaíoch agus éagsúlachtaí sa toradh mar gheall ar dhálaí eacnamaíocha atá ag athrú. Féadfar luach saothair a léiriú trína bheith ag súil le hoibriú brabúsach thar shaolré eacnamaíoch na sócmhainne foluití agus trí ghnóthachan ó luach iarmharach a luacháil nó a réadú.

    B54

    Féadfar téarmaí agus coinníollacha a áireamh i gconradh léasa chun íocaíochtaí léasa a choigeartú i gcás athruithe áirithe a tharlaíonn idir an dáta tionscanta agus an dáta tosaithe (amhail athrú ar chostas nasócmhainne foluití ar an léasóir nó athrú ar chostas an léasóra chun an léas a mhaoiniú). Sa chás sin, chun an léas a aicmiú, measfar éifeacht aon athraithe den sórt sin a bheith déanta ar an dáta tionscanta.

    B55

    Nuair a áirítear eilimintí talún agus foirgnimh araon i léas, déanfaidh an léasóir aicmiú gach eiliminte mar léas airgeadais nó mar léas oibriúcháin a mheasúnú agus míreanna 62–66 agus B53–B54 á gcur i bhfeidhm ar leithligh. Agus cinneadh á dhéanamh an léas oibriúcháin nó léas airgeadais í an eilimint talún, ní mór a chur san áireamh go mbíonn saolré eacnamaíoch éiginnte ag an talamh de ghnáth.

    B56

    Aon uair is gá chun léas ar thalamh agus ar fhoirgnimh a aicmiú agus cuntas a thabhairt air, leithdháilfidh léasóir íocaíochtaí léasa (lena n-áirítear aon íocaíocht tosaigh cnapshuime) idir an talamh agus eilimintí na bhfoirgneamh i gcomhréir le luachanna córa coibhneasta na leasanna léasachta i ngné na talún agus i ngné foirgneamh an léasa ar an dáta tionscanta. Mura féidir na híocaíochtaí léasa a leithdháileadh go hiontaofa idir an dá eilimint sin, aicmítear an léas iomlán mar léas airgeadais, ach amháin más léir gur léasanna oibriúcháin iad an dá eilimint, agus sa chás sin aicmítear an léas iomlán mar léas oibriúcháin.

    B57

    I gcás léasa ar thalamh agus ar fhoirgnimh nach mbaineann an méid le haghaidh na gné talún le hábhar maidir leis an léas, féadfaidh léasóir caitheamh leis an talamh agus leis na foirgnimh mar aonad aonair chun críche léasaithe a aicmiú agus é a aicmiú mar léas airgeadais nó mar léas oibriúcháin agus míreanna 62–66 agus B53–B54 á gcur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, measfaidh an léasóir gurb é saolré eacnamaíoch na bhfoirgneamh saolré eacnamaíoch na sócmhainne foluití ar fad.

    Foléasú aicmiú

    B58

    Agus foléas á aicmiú, déanfaidh léasóir idirmheánach an foléas a aicmiú mar léas airgeadais nó léas oibriúcháin mar seo a leanas:

    (a)

    más léas gearrthéarmach é an ceannléas a thug an t-eintiteas, mar léasaí, chun cuntas a thabhairt ar mhír 6 a chur i bhfeidhm, aicmeofar an foléas mar léas oibriúcháin.

    (b)

    seachas sin, aicmeofar an foléas faoi threoir na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as an gceannléas, seachas trí thagairt a dhéanamh don sócmhainn fholuiteach (mar shampla, ítim na maoine, an ghléasra nó an trealaimh is ábhar don léas).

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid den Chaighdeán é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag na codanna eile den Chaighdeán.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    C1

    Cuirfidh eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear iarratas níos luaithe d’eintitis a chuireann IFRS 15 Ioncaim ó Chonarthaí le Custaiméirí tráth dháta chur i bhfeidhm tosaigh an Chaighdeáin seo nó roimhe. Má chuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin.

    C1A

    Le Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19, a eisíodh i mí na Bealtaine 2020, cuireadh míreanna 46A, 46B, 60A, C20A agus C20B leis. Cuirfidh an léasaí an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Meitheamh 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear iarratas a dhéanamh níos luaithe ná sin, lena n-áirítear i ráitis airgeadais nár údaraíodh lena n-eisiúint an 28 Bealtaine 2020.

    C1B

    Le hAthchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2, lena leasaíodh IFRS 9, IAS 39, IFRS 7, IFRS 4 agus IFRS 16, a eisíodh i mí Lúnasa 2020, cuireadh míreanna 104 go 106 agus C20C go C20D leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé sin.

    C1C

    Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021, a eisíodh i mí an Mhárta 2021, leasaíodh leo mír 46B agus cuireadh isteach leo míreanna C20BA-C20BC. Cuirfidh an léasaí an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Aibreán 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear iarratas a dhéanamh níos luaithe ná sin, lena n-áirítear i ráitis airgeadais nár údaraíodh lena n-eisiúint an 31 Márta 2021.

    TRASDUL

    C2

    Chun críocha na gceanglas i míreanna C1–C19, is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm an chéaduair.

    Míniú ar léas

    C3

    Mar bheart praiticiúil, níl sé de cheangal ar eintiteas athmheasúnú a dhéanamh i dtaca le cé acu an léas é conradh nó nach ea, nó an bhfuil léas ann, ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Ina ionad sin, is féidir leis an eintiteas:

    (a)

    an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí a sainaithníodh roimhe sin mar léasanna lena gcuirtear Léasanna IAS 17 agus IFRIC 4 i bhfeidhm lena gcinntear an bhfuil Léas i Socrú. Cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais aistrithe i míreanna C5–C18 i bhfeidhm maidir leis na léasanna sin.

    (b)

    gan an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí nár sainaithníodh roimhe sin mar chonarthaí ina bhfuil léas lena gcuirtear IAS 17 agus IFRIC 4 i bhfeidhm.

    C4

    Má roghnaíonn eintiteas an beart praiticiúil i mír C3, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé an beart praiticiúil i bhfeidhm maidir lena chonarthaí go léir. Mar thoradh air sin, ní chuirfidh an t-eintiteas na ceanglais i míreanna 9–11 i bhfeidhm ach amháin maidir le conarthaí a dhéantar (nó a athraíodh) ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh nó ina dhiaidh sin.

    Léasaithe

    C5

    Cuirfidh léasaí an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir lena léasanna:

    (a)

    go cúlghabhálach ar gach tréimhse tuairiscithe roimhe sin a chuirtear i láthair agus IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí á gcur i bhfeidhm; nó

    (b)

    go cúlghabhálach leis an iarmhairt charnach a bhaineann leis an gCaighdeán a aithnítear ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna C7–C13.

    C6

    Cuirfidh léasaí an rogha a thuairiscítear i mír C5 i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir lena léasanna uile inar léasaí é.

    C7

    Má roghnaíonn léasaí an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír C5(b), ní dhéanfaidh an léasaí faisnéis chomparáideach a athlua. Ina ionad sin, aithneoidh an léasaí an iarmhairt charnach a bhaineann leis an Caighdeán sin a chur i bhfeidhm ar dtús mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí, ar an dáta a chuirtear na leasuithe i bhfeidhm den chéad uair.

    Léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léasanna oibriúcháin

    C8

    Má roghnaíonn léasaí an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír C5(b), déanfaidh an léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    dliteanas léasa a aithint ar dháta an iarratais tosaigh ar léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léas oibriúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm. Tomhaisfidh an léasaí an dliteanas léasa sin ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa atá fágtha, lascainithe ag úsáid ráta iasachta incriminteach an léasaí ar dháta a chur i bhfeidhm tosaigh.

    (b)

    sócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a aithint ar dháta an iarratais tosaigh ar léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léas oibriúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm. Roghnóidh an léasaí, ar bhonn léasa ar léas, an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide sin a thomhas:

    (i)

    a shuim ghlanluacha amhail is dá mba rud é gur cuireadh an Caighdeán i bhfeidhm ón dáta tosaithe, ach go ndearnadh é a lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta iasachta incriminteach an léasaí ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh; nó

    (ii)

    méid atá cothrom leis an dliteanas léasa, arna choigeartú le méid aon íocaíochta léasa réamhíoctha nó fabhraithe a bhaineann leis an léas sin a aithníodh sa ráiteas staide airgeadais díreach roimh dháta an iarratais tosaigh.

    (c)

    IAS 36 Leagadh Lagú Sócmhainní ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a chur i bhfeidhm ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, ach amháin má chuireann an léasaí an beart praiticiúil i mír C10(b) i bhfeidhm.

    C9

    D’ainneoin na gceanglas i mír C8, maidir le léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léasanna oibriúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm, déanfaidh léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    nach gceanglaítear air aon choigeartú a dhéanamh ar aistriú le haghaidh léasanna a bhfuil luach íseal ag baint leis an sócmhainn fholuiteach ina leith (mar a thuairiscítear i míreanna B3–B8) a chuirfear san áireamh agus mír 6 á cur i bhfeidhm. Tabharfaidh an léasaí cuntas ar na léasanna sin a chuireann an Caighdeán seo i bhfeidhm ó dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    (b)

    nach bhfuil sé de cheangal air aon choigeartú a dhéanamh ar aistriú le haghaidh léasanna a raibh cuntas orthu roimhe seo mar mhaoin infheistíochta agus úsáid á baint as samhail an chóirluacha in IAS 40 Maoin Infheistíochta. Tabharfaidh an léasaí cuntas ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus ar an dliteanas léasa a eascraíonn as na léasanna sin lena gcuirtear IAS 40 agus an Caighdeán seo i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm tosaigh.

    (c)

    tomhaisfidh sé an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide ar cóirluach ar dháta an iarratais tosaigh ar léasanna ar tugadh cuntas orthu roimhe sin mar léasanna oibriúcháin agus IAS 17 á chur i bhfeidhm agus a chuirfear san áireamh mar mhaoin infheistíochta agus úsáid á baint as samhail an chóirluacha in IAS 40 ó dháta an chur i bhfeidhm tosaigh. Tabharfaidh an léasaí cuntas ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus ar an dliteanas léasa a eascraíonn as na léasanna sin lena gcuirtear IAS 40 agus an Caighdeán seo i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm tosaigh.

    C10

    Féadfaidh léasaí ceann amháin nó níos mó de na háiseanna praiticiúla seo a leanas a úsáid agus an Caighdeán seo á chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le mír C5(b) maidir le léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léasanna oibriúcháin a bhfuil IAS 17 á chur i bhfeidhm acu. Ceadaítear do léasaí na bearta praiticiúla seo a chur i bhfeidhm ar bhonn i gcomhréir le riachtanais an léasa aonair:

    (a)

    féadfaidh léasaí ráta lascaine aonair a chur i bhfeidhm ar phunann léasanna a bhfuil saintréithe réasúnta comhchosúil ag baint leo (amhail léasanna a bhfuil téarma léasa comhchosúil acu atá fágtha le haghaidh aicme chomhchosúil sócmhainne foluití i dtimpeallacht eacnamaíoch chomhchosúil).

    (b)

    féadfaidh léasaí brath ar a mheasúnú maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil léasanna dochraideach agus IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha á gcur i bhfeidhm díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh mar mhalairt ar athbhreithniú ar lagú a dhéanamh. Má roghnaíonn léasaí an beart praiticiúil sin, déanfaidh an léasaí an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a choigeartú ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh de réir mhéid aon fhorála le haghaidh léasanna dochraideacha a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    (c)

    féadfaidh léasaí a roghnú gan na ceanglais i mír C8 a chur i bhfeidhm maidir le léasanna a gcríochnaíonn ad téarma léasa laistigh de 12 mhí ón dáta ar cuireadh i bhfeidhm iad den chéad uair. Sa chás sin, déanfaidh léasaí an méid seo a leanas:

    (i)

    go dtugann siad cuntas ar na léasanna sin ar an gcaoi chéanna le léasanna gearrthéarmacha mar a thuairiscítear i mír 6; agus

    (ii)

    an costas a bhaineann leis na léasanna sin a áireamh laistigh de nochtadh costas léasa ghearrthéarmach sa tréimhse tuairiscithe bhliantúil lena n-áirítear dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    (d)

    féadfaidh léasaí costais dhíreacha tosaigh a eisiamh ó thomhas na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide ar dháta a chur i bhfeidhm tosaigh.

    (e)

    féadfaidh léasaí radharc siar a úsáid, mar shampla chun téarma an léasa a chinneadh má tá roghanna sa chonradh chun an léas a shíneadh nó a fhoirceannadh.

    Léasanna a aicmíodh roimhe sin mar léasanna airgeadais

    C11

    Má roghnaíonn léasaí an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír C5(b), le haghaidh léasanna a aicmíodh mar léasanna airgeadais lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm, is é suim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide agus an dliteanais léasa ar dháta a chur i bhfeidhm tosaigh suim ghlanluacha na sócmhainne léasa agus an dliteanais léasa díreach roimh an dáta sin arna thomhas i gcur i bhfeidhm IAS 17. I gcás na léasanna sin, tabharfaidh léasaí cuntas ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus ar an dliteanas léasa agus an Caighdeán seo á chur i bhfeidhm aige ó dháta a chur i bhfeidhm tosaigh.

    Nochtadh

    C12

    Má roghnaíonn léasaí an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír C5(b), nochtfaidh an léasaí faisnéis faoin iarratas tosaigh a cheanglaítear le mír 28 de IAS 8, seachas an fhaisnéis a shonraítear i mír 28(f) de IAS 8. In ionad na faisnéise a shonraítear i mír 28(f) de IAS 8, nochtfaidh an léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    meánráta iasachta incriminteach ualaithe an léasaí curtha i bhfeidhm ar dhliteanais léasa a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh; agus

    (b)

    míniú ar aon difríocht idir:

    (i)

    gealltanais léas oibriúcháin a nochtar le cur i bhfeidhm IAS 17 ag deireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla go díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh, arna lascainiú leis an ráta iasachta incriminteach ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh faoi mar a dhéantar é a thuairisciú i mír C8(a); agus

    (ii)

    dliteanais léasa a aithníodh sa ráiteas staide airgeadais an dáta a cuireadh i bhfeidhm iad den chéad uair.

    C13

    Má úsáideann léasaí ceann amháin nó níos mó de na háiseanna praiticiúla sonraithe i mír C10, nochtfaidh sé an méid sin.

    Léasóirí

    C14

    Seachas mar a thuairiscítear i mír C15, níl sé de cheangal ar léasóir aon choigeartú a dhéanamh ar idirthréimhse le haghaidh léasanna inar léasóir é agus tabharfaidh sé cuntas ar na léasanna sin a chuireann an Caighdeán seo i bhfeidhm ó dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    C15

    Déanfaidh léasóir idirmheánach an méid seo a leanas:

    (a)

    athmheasúnú a dhéanamh ar fholéasanna a aicmíodh mar léasanna oibriúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm agus atá ar siúl ar dháta an iarratais tosaigh, chun a chinneadh ar cheart gach foléas a aicmiú mar léas oibriúcháin nó mar léas airgeadais a chuireann an Caighdeán seo i bhfeidhm. Déanfaidh an léasóir idirmheánach an measúnú sin ar an dáta a gcuirfear i bhfeidhm den chéad uair é ar bhonn na dtéarmaí conarthacha agus na gcoinníollacha conarthacha atá fágtha sa cheannléas agus san fholéas ar an dáta sin.

    (b)

    i gcás foléasanna a aicmíodh mar léasanna oibriúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm ach le léasanna airgeadais a chuireann an Caighdeán seo i bhfeidhm, áirítear foléas mar léas airgeadais nua a rinneadh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    Idirbhearta um díol agus um aisléasú roimh dháta an chéad chur i bhfeidhm

    C16

    Ní dhéanfaidh eintiteas athmheasúnú ar idirbhearta um díol agus um aisléasú a rinneadh roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh chun a chinneadh an gcomhlíonann aistriú na sócmhainne foluití na ceanglais in IFRS 15 atá le cur san áireamh mar dhíolachán.

    C17

    Má tugadh cuntas ar idirbheart um díol agus um aisléasú mar dhíolachán agus mar léas airgeadais lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm, déanfaidh an díoltóir is léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    an t-aisléas a chur sa chuntas ar an gcaoi chéanna agus is amhlaidh atá i dtaca le haon léas airgeadais eile atá ann ar dháta an iarratais tosaigh; agus

    (b)

    leanúint de bheith ag amúchadh aon ghnóthachan ar dhíol thar théarma an léasa.

    C18

    Má tugadh cuntas ar idirbheart um díol agus um aisléasú mar dhíolachán agus mar léas oibríúcháin lena gcuirtear IAS 17 i bhfeidhm, déanfaidh an díoltóir is léasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    an t-aisléas a chur sa chuntas ar an gcaoi chéanna agus is amhlaidh atá i dtaca le haon léas oibriúcháin eile atá ann ar dháta an iarratais tosaigh; agus

    (b)

    coigeartú a dhéanamh ar an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide aisléasaithe i gcás aon ghnóthachan nó caillteanas iarchurtha a bhaineann le téarmaí eis-mhargaidh a aithnítear sa ráiteas staide airgeadais díreach roimh dháta a chur i bhfeidhm tosaigh.

    Méideanna a aithníodh roimhe sin i leith comhcheangail ghnó

    C19

    Má d’aithin léasaí roimhe sin sócmhainn nó dliteanas lena gcuirtear IFRS 3 Comhcheangail Ghnó i bhfeidhm a bhaineann le téarmaí fabhracha nó neamhfhabhracha léasa oibriúcháin a fuarthas mar chuid de chomhcheangal gnó, dí-aithneoidh an léasaí an tsócmhainn nó an dliteanas sin agus coigeartóidh sé suim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide faoi mhéid comhfhreagrach ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    Tagairtí do IFRS 9

    C20

    Má chuireann eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais i bhfeidhm go fóill, léifear aon tagairt sa Chaighdeán seo do IFRS 9 mar thagairt d’Ionstraimí Airgeadais IAS 39: Aitheantas agus Tomhas.

    Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 le haghaidh léasaithe

    C20A

    Cuirfidh léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm go cúlghabhálach (féach mír C1A), agus aitheantas á thabhairt aige don iarmhairt charnach a bheadh ag an leasú sin a chur i bhfeidhm i dtosach mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó comhpháirt eile de chothromas, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an léasaí an leasú i bhfeidhm den chéad uair.

    C20B

    Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le Covid-19 i bhfeidhm den chéad uair, ní cheanglaítear ar léasaí an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 a nochtadh.

    C20BA

    Cuirfidh léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm go cúlghabhálach tar éis an 30 Meitheamh 2021 (féach mír C1C), agus aitheantas á thabhairt aige don iarmhairt charnach a bheadh ag an leasú sin a chur i bhfeidhm i dtosach mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó comhpháirt eile de chothromas, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an léasaí an leasú i bhfeidhm den chéad uair.

    C20BB

    Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le Covid-19 i bhfeidhm den chéad uair tar éis an 30 Meitheamh 2021, ní cheanglaítear ar léasaí an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 a nochtadh.

    C20BC

    Agus mír 2 den Chaighdeán seo á cur i bhfeidhm aige, cuirfidh léasaí an beart praiticiúil i mír 46A i bhfeidhm i gcomhréir le conarthaí incháilithe a bhfuil na tréithe comhchosúla iontu agus atá in imthosca comhchosúla, gan beann ar cé acu a tháinig an conradh chun bheith incháilithe le haghaidh an bhirt phraiticiúil mar gheall gur Lamháltas Cíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm (féach mír C1A) nó Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021 a bhí á chur i bhfeidhm ag an léasaí (féach mír C1C).

    Athchóiriú an Tagarmhairc Ráta Úis—Céim 2

    C20C

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i mír C20D.

    C20D

    Ní éilítear ar eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Féadfaidh eintiteas réamhthréimhsí a athshonrú más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar agus sa chás sin amháin. Mura n-athshonraíonn eintiteas réamhthréimhsí, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

    CAIGHDEÁIN EILE A AISTARRAINGT

    C21

    Gabhann an Caighdeán seo ionad na gCaighdeán agus na Léirmhínithe seo a leanas:

    (a)

    IAS 17 Léasanna;

    (b)

    IFRIC 4 Léas i Socrú a chinneadh;

    (c)

    SIC-15 Léasanna Oibriúcháin — Dreasachtaí; agus

    (d)

    SIC-27 Meastóireacht a dhéanamh ar Shubstaint Idirbheart a bhfuil Léas i bhFoirm Dlí i dTrácht iontu.

    Aguisín D

    Leasuithe ar Chaighdeáin eile

    Leis an aguisín seo leagtar amach na leasuithe ar Chaighdeáin eile atá ina n-iarmhairt ar IASB a bheith ag eisiúint ag an Chaighdeáin seo. Cuirfidh eintiteas na leasuithe i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos luaithe, cuirfidh sé na leasuithe sin i bhfeidhm freisin le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    Ní cheadaítear d’eintiteas IFRS 16 a chur i bhfeidhm sula gcuireann sé i bhfeidhm IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí (féach mír C1).

    Dá bhrí sin, maidir le Caighdeáin a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016, cuirtear na leasuithe san aguisín seo i láthair bunaithe ar théacs na gCaighdeán sin a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016, arna leasú le IFRS 15. Ní áirítear i dtéacs na gCaighdeán sin san aguisín seo aon leasú eile nach raibh éifeacht leis an 1 Eanáir 2016.

    Maidir le Caighdeáin nach raibh éifeacht leo an 1 Eanáir 2016, cuirtear na leasuithe san aguisín seo i láthair bunaithe ar théacs fhoilsiú tosaigh an Chaighdeáin sin, arna leasú le IFRS 15. Ní áirítear i dtéacs na gCaighdeán sin san aguisín seo aon leasú eile nach raibh éifeacht leis an 1 Eanáir 2016.

    CAIGHDEÁN IDIRNÁISIÚNTA UM THUAIRISCIÚ AIRGEADAIS 17

    Conarthaí Árachais

    CUSPÓIR

    1

    Le Conarthaí Árachais IFRS 17 suítear prionsabail maidir le conarthaí árachais a aithint, a thomhas, a chur i láthair agus a nochtadh, faoi raon feidhme an Chaighdeáin. Is é is cuspóir do IFRS 17 a áirithiú go soláthraíonn eintiteas faisnéis ábhartha lena léirítear na conarthaí sin go dílis. Tugann an fhaisnéis sin bunús d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí árachais ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafadh airgid an eintitis.

    2

    Déanfaidh eintiteas a oibleagáidí agus a chearta substainteacha a bhreithniú, cibé acu an n-eascraíonn siad ó chonradh, dlí nó rialachán, agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm acu. Is é is conradh ann comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe. Is ábhar dlí é in-fhorfheidhmitheacht na gceart agus na n-oibleagáidí i gconradh. Féadfaidh conarthaí a bheith i scríbhinn, ó bhéal nó intuigthe le gnáthchleachtais ghnó an eintitis. Áirítear le téarmaí conarthacha na téarmaí uile, sainráite nó intuigthe, atá i gceist i gconradh, ach déanfaidh eintiteas neamhaird de théarmaí nach bhfuil aon substaint tráchtála leo (i.e. gan aon éifeacht inaitheanta ar eacnamaíocht an chonartha). Maidir le téarmaí intuigthe i gconradh, áirítear na téarmaí sin arna bhforchur le dlí nó le rialachán. Bíonn cleachtais agus próisis éagsúla ann chun conarthaí a shuíomh le custaiméirí ar fud dlínsí, tionscail agus eintitis dhlíthiúla. Ina theannta sin, féadfaidh cleachtais agus próisis éagsúla a bheith ann laistigh d’eintiteas (mar shampla, d’fhéadfaidís a bheith ag brath ar an aicme custaiméara nó ar chineál na n-earraí nó na seirbhísí atá geallta).

    RAON FEIDHME

    3

    Cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    conarthaí árachais, lena n-áirítear conarthaí athárachais, a eisíonn sé;

    (b)

    conarthaí athárachais atá ina sheilbh; agus

    (c)

    conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide a eisíonn sé, ar choinníoll go n-eisíonn an t-eintiteas conarthaí árachais freisin.

    4

    Tá feidhm ag na tagairtí uile in IFRS 17 do chonarthaí árachais maidir leo seo a leanas freisin:

    (a)

    conarthaí athárachais atá ina sheilbh, ach amháin:

    (i)

    maidir le tagairtí do chonarthaí árachais arna n-eisiúint; agus

    (ii)

    mar a thuairiscítear i míreanna 60–70A.

    (b)

    conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide mar a leagtar amach i mír 3(c), ach amháin an tagairt do chonarthaí árachais i mír 3(c) agus mar a thuairiscítear i mír 71.

    5

    Tá feidhm ag na tagairtí uile in IFRS 17 do chonarthaí árachais arna n-eisiúint maidir le conarthaí árachais a fhaigheann an t-eintiteas in aistriú conarthaí árachais nó i gcomhcheangal idir gnólachtaí freisin, seachas na conarthaí athárachais atá ina sheilbh aige.

    6

    Sainmhínítear conradh árachais in Aguisín A agus soláthraítear treoraíocht i míreanna B2–B30 d’Aguisín B maidir le conradh árachais a shainmhíniú.

    7

    Ní chuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    barántaí arna soláthar ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir i ndáil lena chuid earraí nó seirbhísí a dhíol le custaiméir (féach IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí).

    (b)

    sócmhainní agus dliteanais fostóirí ó phleananna sochair fostaithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe agus IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe) agus oibleagáidí sochair scoir arna dtuairisciú ag pleananna scoir le sochar sainithe (féach IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir).

    (c)

    cearta conarthacha nó oibleagáidí conarthacha atá ag brath ar úsáid ítime neamhairgeadais amach anseo, nó ar an gceart chun an ítim sin a úsáid amach anseo (mar shampla, roinnt táillí ceadúnais, ríchíosanna, íocaíochtaí léasa inathraithe agus teagmhasacha agus ítimí comhchosúla: féach IFRS 15, IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe agus LéasannaIFRS 16).

    (d)

    ráthaíochtaí luacha iarmharaigh arna soláthar ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir agus ráthaíochtaí luacha iarmharaigh léasaí nuair atá siad leabaithe i léasa (féach IFRS 15 agus IFRS 16).

    (e)

    conarthaí ráthaíochta airgeadais, ach amháin i gcás inar dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais. Roghnóidh an t-eisitheoir cibé acu díobh seo a leanas a chuirfidh sé i bhfeidhm IFRS 17 nó IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair, IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin. Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh de réir an chonartha, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe.

    (f)

    comaoin theagmhasach is iníoctha nó infhaighte i gcomhcheangal gnó (féach IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí).

    (g)

    conarthaí árachais inarb é an t-eintiteas an sealbhóir polasaí, mura rud é gur conarthaí athárachais atá ina sheilbh atá i gceist (féach mír 3(b)).

    (h)

    conarthaí cárta creidmheasa, nó conarthaí comhchosúla lena soláthraítear socruithe creidmheasa nó íocaíochta, atá ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais más rud é, agus sa chás sin amháin, nach léiríonn an t-eintiteas measúnú ar an riosca árachais a bhaineann le custaiméir ar leith agus praghas an chonartha á shocrú leis an gcustaiméir sin (féach IFRS 9 agus na Caighdeáin IFRS eile is infheidhme). Más rud é go n-éilítear le IFRS 9 go ndéanfaidh eintiteas comhpháirt chumhdaigh árachais (féach mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9) atá leabaithe i gconradh den sórt sin a dheighilt áfach, agus sa chás sin amháin, cuirfidh an t-eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an gcomhpháirt sin.

    8

    Tá roinnt conarthaí ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais ach is é is príomhchuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar ar tháille sheasta. Féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh chun IFRS 15 a chur i bhfeidhm in ionad IFRS 17 maidir le conarthaí den sórt sin a eisíonn sé más rud é, agus sa chás sin amháin, go gcomhlíontar coinníollacha sonraithe. Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh de réir an chonartha, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe. Is iad seo a leanas na coinníollacha:

    (a)

    ní léiríonn an t-eintiteas measúnú ar an riosca a bhaineann le custaiméir ar leith agus praghas an chonartha á shocrú leis an gcustaiméir sin;

    (b)

    tugann an conradh cúiteamh don chustaiméir trí sheirbhísí a sholáthar, seachas íocaíochtaí airgid a dhéanamh leis an gcustaiméir; agus

    (c)

    eascraíonn an riosca árachais a aistrítear leis an gconradh ón úsáid a bhaineann an custaiméir as seirbhísí go príomha, seachas ó neamhchinnteacht faoi chostas na seirbhísí sin.

    8A

    Tá roinnt conarthaí ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais ach cuireann siad teorainn ar an gcúiteamh i ndáil le himeachtaí faoi árachas go dtí an méid a éilítear thairis sin chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí, a chruthaítear leis an gconradh, a chomhlíonadh (mar shampla, iasachtaí le tarscaoiltí báis). Roghnóidh eintiteas go gcuirfidh sé IFRS 17 nó IFRS 9 i bhfeidhm maidir le conarthaí den sórt sin a eisíonn sé ach amháin i gcás ina n-eisiatar na conarthaí sin ó raon feidhme IFRS 17 le mír 7. Déanfaidh an t-eintiteas an rogha sin maidir le gach punann de chonarthaí árachais, agus tá an rogha i gcás gach punainne neamh-inchúlghairthe.

    Comhcheangal conarthaí árachais

    9

    Féadfar éifeacht tráchtála fhoriomlán a bhaint amach le tacar nó sraith conarthaí árachais lena mbaineann an contrapháirtí céanna nó contrapháirtí gaolmhar, nó d’fhéadfaidís a bheith ceaptha chun a leithéid a bhaint amach. Chun bunús conarthaí den sórt sin a thuairisciú, is féidir gur gá plé leis an tacar nó sraith conarthaí ina n-iomláine. Mar shampla, más rud é nach mbaintear aon rud amach leis na cearta nó oibleagáidí i gconradh amháin seachas na cearta nó na hoibleagáidí i gconradh eile a bhréagnú go hiomlán, agus gur cuireadh tús leis an dá chonradh ag an am céanna leis an gcontrapháirtí céanna, is é an éifeacht chomhcheangailte nach ann d’aon cheart nó oibleagáidí.

    Comhpháirteanna a dheighilt ó chonradh árachais (míreanna B31–B35)

    10

    Féadfaidh comhpháirt amháin nó níos mó a bheith i gconradh árachais a thiocfadh faoi raon feidhme Caighdeáin eile dá mba conarthaí ar leithligh iad. Mar shampla, féadfaidh comhpháirt infheistíochta nó comhpháirt le haghaidh seirbhísí seachas seirbhísí conartha árachais (nó iad araon) a bheith san áireamh le conradh árachais. Cuirfidh eintiteas míreanna 11–13 i bhfeidhm chun comhpháirteanna an chonartha a shainaithint agus cuntas a choinneáil orthu.

    11

    Déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh sé IFRS 9 i bhfeidhm chun a chinneadh an ann do dhíorthach leabaithe atá le deighilt agus, más ann dó, conas is ceart cuntas a choinneáil ar an díorthach sin.

    (b)

    déanfaidh sé comhpháirt infheistíochta a dheighilt ó chonradh árachais óstaigh más rud é, agus sa chás sin amháin, go bhfuil an chomhpháirt infheistíochta sin leithleach (féach míreanna B31–B32). Cuirfidh an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt infheistíochta dheighilte ach amháin i gcás inar conradh infheistíochta é ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach mír 3(c)).

    12

    Tar éis mír 11 a chur i bhfeidhm chun aon sreabhadh airgid, a bhaineann le díorthaigh leabaithe agus le comhpháirteanna infheistíochta leithleacha, a dheighilt, déanfaidh eintiteas aon ghealltanas go n-aistreofaí earraí nó seirbhísí leithleacha, seachas seirbhísí conartha árachais, chuig sealbhóir polasaí a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh, agus mír 7 de IFRS 15 á cur i bhfeidhm aige. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar aon ghealltanas den sórt sin agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige. Nuair a bheidh mír 7 de IFRS 15 á cur i bhfeidhm ag an eintiteas chun an gealltanas a dheighilt, cuirfidh sé míreanna B33–B35 de IFRS 17 i bhfeidhm agus, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    cuirfidh sé IFRS 15 i bhfeidhm chun an t-insreabhadh airgid a chur i leith na comhpháirte árachais agus aon ghealltanas go soláthrófar earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais; agus

    (b)

    sannfaidh sé an t-eis-sreabhadh airgid i leith na comhpháirte árachais agus aon earra nó seirbhís leithleach a gealladh seachas seirbhísí conartha árachais; a bhí ina gcúis le IFRS 15 a chur i bhfeidhm ionas:

    (i)

    go sannfar eis-sreafadh airgid a bhaineann go díreach le gach comhpháirt i leith na comhpháirte sin; agus

    (ii)

    go sannfar aon eis-sreafadh airgid atá fágtha ar bhonn córasach agus réasúnach, lena léirítear an t-eis-sreabhadh airgid lena mbeadh coinne ag an eintiteas dá mba conradh ar leithligh é an chomhpháirt sin.

    13

    Tar éis d’eintiteas míreanna 11–12 a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis na comhpháirteanna uile atá fágtha den chonradh árachais óstaigh. Anseo feasta, tagraíonn gach tagairt in IFRS 17 do dhíorthaigh leabaithe do dhíorthaigh nár deighleadh ón gconradh árachais óstaigh agus tagraíonn gach tagairt do chomhpháirteanna infheistíochta do chomhpháirteanna infheistíochta nár deighleadh ón gconradh árachais óstaigh (seachas na tagairtí sin i míreanna B31–B32).

    LEIBHÉAL AN CHOMHIOMLÁNAITHE MAIDIR LE CONARTHAÍ ÁRACHAIS

    14

    Sainaithneoidh eintiteas punanna na gconarthaí árachais. Cuimsítear i bpunann conarthaí atá faoi réir rioscaí comhchosúla agus a ndéantar iad a bhainistiú le chéile. Mheasfaí go mbeadh rioscaí comhchosúla ag baint le conarthaí laistigh de líne táirgí agus, dá bhrí sin, mheasfaí go mbeidís sa phunann chéanna má dhéantar iad a bhainistiú le chéile. Mheasfaí nach mbeadh rioscaí comhchosúla ag baint le conarthaí i línte táirgí difriúla (mar shampla blianachtaí seasta aonphréimhe i gcomparáid le hárachas saoil gnáth-théarma) agus, dá bhrí sin, mheasfaí go mbeidís i bpunanna difriúla.

    15

    Tá feidhm ag míreanna 16–24 maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint. Leagtar amach na ceanglais maidir le leibhéal an chomhiomlánaithe i ndáil le conarthaí athárachais i mír 61.

    16

    Déanfaidh eintiteas punann conarthaí árachais arna n-eisiúint a roinnt sna grúpaí seo a leanas ar a laghad:

    (a)

    grúpa conarthaí atá dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, más ann dóibh;

    (b)

    grúpa conarthaí nach bhfuil aon seans suntasach ann tráth a thugtar aitheantas tosaigh go n-éireoidís dochraideach dá éis sin, más ann dóibh; agus

    (c)

    grúpa de na conarthaí eile sa phunann, más ann dóibh.

    17

    Má tá faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag eintiteas chun teacht ar an gconclúid go mbeidh na conarthaí uile i dtacar conarthaí sa ghrúpa céanna agus mír 16 á cur i bhfeidhm, féadfaidh sé an tacar conarthaí a thomhas chun a chinneadh an bhfuil na conarthaí dochraideach nó nach bhfuil (féach mír 47) agus chun measúnú a dhéanamh ar an tacar conarthaí chun a chinneadh an bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireodh na conarthaí dochraideach dá éis sin (féach mír 19). Mura bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag an eintiteas chun teacht ar an gconclúid go mbeidh na conarthaí uile i dtacar conarthaí sa ghrúpa céanna, cinnfidh sé an grúpa lena mbainfidh na conarthaí trí na conarthaí ar leithligh a bhreithniú.

    18

    Maidir le conarthaí arna n-eisiúint a gcuireann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith (féach míreanna 53–59), glacfaidh an t-eintiteas leis nach bhfuil aon chonradh sa phunann dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, mura léirítear a mhalairt le fíorais agus imthosca. Maidir le conarthaí nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh an t-eintiteas measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach dá éis sin trí mheasúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtiocfadh athruithe ar na fíorais agus na himthosca is infheidhme.

    19

    Maidir le conarthaí arna n-eisiúint nach gcuireann an t-eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith (féach míreanna 53–54), déanfaidh an t-eintiteas measúnú maidir le conarthaí, nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach:

    (a)

    bunaithe ar an dóchúlacht go dtiocfaidh athruithe ar thoimhdí, dá mba rud é go dtarlóidí, a d’fhágfadh go n-éireodh na conarthaí dochraideach;

    (b)

    faisnéis faoi mheastacháin, arna soláthar le tuairisciú inmheánach an eintitis, a úsáid. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh, maidir le conarthaí nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, an bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach dá éis sin:

    (i)

    ní dhéanfaidh eintiteas neamhaird d’fhaisnéis arna soláthar lena chuid tuairiscithe inmheánaigh faoin éifeacht a bheadh ag athruithe i dtoimhdí ar chonarthaí difriúla i ndáil leis an seans go éireoidís dochraideach; ach

    (ii)

    ní éilítear ar eintiteas faisnéis eile a bhailiú sa bhreis ar an bhfaisnéis arna soláthar le tuairisciú inmheánach an eintitis faoin éifeacht a bheadh ag athruithe i dtoimhdí ar chonarthaí difriúla.

    20

    Más rud é, agus míreanna 14–19 á gcur i bhfeidhm, go dtiocfadh conarthaí laistigh de phunann faoi ghrúpaí difriúla de bhrí, agus dá bhrí seo amháin, go gcuirtear srianadh go sonrach, trí bhíthin dlí nó rialacháin, ar chumas praiticiúil an eintitis chun praghas nó leibhéal difriúil sochar a shocrú do shealbhóirí polasaí lena mbaineann saintréithe difriúla, féadfaidh an t-eintiteas na conarthaí sin a chuimsiú sa ghrúpa céanna. Ní chuirfidh an t-eintiteas an mhír sin i bhfeidhm de réir analaí maidir le hítimí eile.

    21

    Ceadaítear don eintiteas na grúpaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 16 a fhoroinnt. Mar shampla, féadfaidh an t-eintiteas rogha a dhéanamh chun na punanna a roinnt mar a leanas:

    (a)

    grúpaí eile nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh—más rud é go soláthraítear faisnéis le tuairisciú inmheánach an eintitis ina ndéantar idirdhealú eatarthu seo a leanas:

    (i)

    leibhéil bhrabúsachta difriúla; nó

    (ii)

    cásanna féideartha difriúla ina bhféadfadh conarthaí éirí dochraideach tar éis aitheantas tosaigh a bheith tugtha; agus

    (b)

    níos mó ná grúpa amháin de chonarthaí atá dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh —más rud é go soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe le tuairisciú inmheánach an eintitis faoina mhéid atá na conarthaí sin dochraideach.

    22

    Ní chuirfidh eintiteas conarthaí san áireamh sa ghrúpa céanna má eisíodh iad níos mó ná bliain ó chéile. Chun é sin a bhaint amach, déanfaidh an t-eintiteas na grúpaí ar a dtugtar tuairisc i míreanna 16–21 a roinnt a thuilleadh más gá.

    23

    Beidh grúpa conarthaí árachais ina gconradh aonair más é sin an toradh a gheofar tar éis míreanna 14–22 a chur i bhfeidhm.

    24

    Cuirfidh eintiteas na ceanglais aitheantais agus tomhais in IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí arna gcinneadh trí mhíreanna 14–23 a chur i bhfeidhm. Bunóidh an t-eintiteas na grúpaí tráth a thabharfar aitheantas tosaigh agus cuirfidh sé conarthaí leis na grúpaí agus mír 28 á cur i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas athmheasúnú ar chomhdhéanamh na ngrúpaí dá éis sin. Chun grúpa conarthaí a thomhas, féadfaidh eintiteas an sreabhadh airgid comhlíonta a mheas ag leibhéal comhiomlánaithe níos airde ná an grúpa nó an phunann, ar choinníoll go mbeidh an t-eintiteas ábalta an sreabhadh airgid comhlíonta iomchuí a chur san áireamh i dtomhas an ghrúpa, agus mír 32(a), mír 40(a)(i) agus mír 40(b), á gcur i bhfeidhm, trí na meastacháin sin a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí.

    AITHINT

    25

    Aithneoidh eintiteas grúpa conarthaí árachais a eisíonn sé ón ceann is luaithe de na dátaí seo a leanas:

    (a)

    tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí;

    (b)

    an dáta ar a mbeidh an chéad íocaíocht dlite ó shealbhóir polasaí sa ghrúpa; agus

    (c)

    i gcás grúpa conarthaí dochraideacha, tráth a éiríonn an grúpa dochraideach.

    26

    Mura bhfuil aon dáta dlite conarthach ann, meastar an chéad íocaíocht ón sealbhóir polasaí a bheith dlite nuair a fhaightear é. Éilítear ar eintiteas a chinneadh arb ionann aon chonradh agus grúpa conarthaí dochraideacha agus mír 16 á cur i bhfeidhm roimh an dáta is luaithe de na dátaí a leagtar amach i míreanna 25(a) agus 25(b) má léirítear le fíorais agus imthosca gurb ann do ghrúpa den sórt sin.

    27

    [Scriosta]

    28

    Agus grúpa conarthaí árachais á n-aithint i dtréimhse tuairiscithe, ní chuimseoidh eintiteas ach conarthaí lena gcomhlíontar ceann de na critéir a leagtar amach i mír 25 agus déanfaidh an t-eintiteas meastacháin maidir leis na rátaí lascaine an dáta a thugtar aitheantas tosaigh (féach mír B73) agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar le linn na tréimhse tuairiscithe (féach mír B119). Féadfaidh eintiteas tuilleadh conarthaí a chuimsiú sa ghrúpa tar éis dheireadh tréimhse tuairiscithe, faoi réir mhíreanna 14–22. Cuirfidh eintiteas conradh leis an ngrúpa le linn na tréimhse tuairiscithe ina gcomhlíonann an conradh sin ceann de na critéir a leagtar amach i mír 25. Mar gheall air sin, d’fhéadfaí cinneadh na rátaí lascaine an dáta a thugtar aitheantas tosaigh a athrú agus mír B73 á cur i bhfeidhm. Cuirfidh eintiteas na rátaí athbhreithnithe i bhfeidhm ó thús na tréimhse tuairiscithe ina gcuirtear na conarthaí nua leis an ngrúpa.

    Sreabhadh airgid éadála árachais (míreanna B35A–B35D)

    28A

    Déanfaidh eintiteas sreabhadh airgid éadála árachais a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí árachais agus modh córasach agus réasúnach á úsáid, agus míreanna B35A–B35B á gcur i bhfeidhm, ach amháin má roghnaíonn sé iad a aithint mar chostais agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm.

    28B

    Mura gcuireann eintiteas mír 59(a) i bhfeidhm, aithneoidh sé mar shócmhainn sreafa airgid éadála árachais a íocadh (nó sreabhadh airgid éadála árachais ar aithníodh dliteanas ina leith agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) sula n-aithneofar an grúpa conarthaí árachais gaolmhar. Aithneoidh eintiteas sócmhainn den sórt sin maidir le gach grúpa conarthaí árachais gaolmhar.

    28C

    Déanfaidh eintiteas sócmhainn a dhí-aithint i ndáil le sreabhadh airgid éadála árachais nuair a chuirtear an sreabhadh airgid éadála árachais san áireamh agus an grúpa conarthaí árachais gaolmhar á thomhas, agus mír 38(c)(i) nó mír 55(a)(iii) á cur i bhfeidhm.

    28D

    Má tá feidhm ag mír 28, cuirfidh eintiteas míreanna 28B–28C i bhfeidhm i gcomhréir le mír B35C.

    28E

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas measúnú ar in-aisghabhálacht sócmhainne i ndáil le sreabhadh airgid éadála árachais má shonraítear le fíorais agus imthosca go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe (féach mír B35D). Má aithníonn eintiteas caillteanas lagaithe, déanfaidh an t-eintiteas suim ghlanluacha na sócmhainne a choigeartú agus aithneoidh sé an caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas.

    28F

    Aithneoidh eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas aon fhreaschur maidir le cuid de chaillteanas lagaithe, nó é go léir, a aithníodh roimhe sin agus mír 28E á cur i bhfeidhm agus méadóidh sé suim ghlanluacha na sócmhainne, a mhéid nach mbeidh na dálaí lagaithe ann a thuilleadh nó go mbeidh feabhas tagtha orthu.

    TOMHAS (MÍREANNA B36–B119F)

    29

    Cuirfidh eintiteas míreanna 30–52 i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí árachais uile a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    le haghaidh grúpaí conarthaí árachais lena gcomhlíontar aon cheann de na critéir a shonraítear i mír 53, féadfaidh eintiteas an grúpa a thomhas ar bhealach níos simplí trí leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna i míreanna 55–59;

    (b)

    le haghaidh grúpaí conarthaí athárachais atá ina sheilbh, cuirfidh eintiteas míreanna 32–46 i bhfeidhm de réir mar a éilítear le míreanna 63–70A. Níl feidhm ag mír 45 (maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí) agus míreanna 47–52 (maidir le conarthaí dochraideacha) maidir le grúpaí conarthaí athárachais atá ina sheilbh ag eintiteas;

    (c)

    le haghaidh grúpaí conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide, cuirfidh eintiteas míreanna 32–52 i bhfeidhm arna modhnú le mír 71.

    30

    Nuair a bheidh IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí á chur i bhfeidhm ag eintiteas maidir le grúpa conarthaí árachais lena ngintear sreabhadh airgid in airgeadra eachtrach, pléifidh an t-eintiteas leis an ngrúpa conarthaí sin, lena n-áirítear an corrlach seirbhíse conarthaí, mar ítim airgeadaíochta.

    31

    I ráitis airgeadais eintitis a eisíonn conarthaí árachais, ní léireoidh an sreabhadh airgid comhlíonta an riosca neamhfheidhmíochta a bhaineann leis an eintiteas sin (sainmhínítear riosca neamhfheidhmíochta in IFRS 13 Tomhas Cóirluacha).

    Tomhas tráth a thugtar aitheantas tosaigh (míreanna B36–B95F)

    32

    Tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh eintiteas grúpa conarthaí árachais a thomhas nuair a fhaightear iomlán na nithe seo a leanas:

    (a)

    na sreafaí airgid comhlíonta, lena n-áirítear:

    (i)

    meastacháin maidir le sreabha airgid todhchaí (míreanna 33–35);

    (ii)

    coigeartú chun an t-amluach airgid agus na rioscaí airgeadais a bhaineann le sreabha airgid todhchaí a léiriú, a mhéid nach gcuirtear na rioscaí airgeadais san áireamh sna meastacháin i ndáil leis an sreabhadh airgid todhchaí (mír 36); agus

    (iii)

    coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (mír 37).

    (b)

    an corrlach seirbhíse conarthaí, arna thomhas trí mhíreanna 38–39 a chur i bhfeidhm.

    Meastacháin maidir le sreabha airgid todhchaí (míreanna B36–B71)

    33

    Nuair a bheidh grúpa conarthaí árachais á dtomhas ag eintiteas cuimseoidh sé na sreabha airgid todhchaí uile laistigh de theorainn gach conartha sa ghrúpa (féach mír 34). Agus mír 24 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas na sreabha airgid todhchaí a mheas ar leibhéal comhiomlánaithe atá níos airde agus na sreabha airgid comhlíonta a thiocfaidh as sin a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí aonair ansin. Beidh an méid seo a leanas i gceist leis na meastacháin ar shreabha airgid todhchaí:

    (a)

    áireofar leo, ar bhealach neamhchlaonta, an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí maidir le méid, uainiú agus neamhchinnteacht na sreabh airgid todhchaí sin (féach míreanna B37–B41). Chun é sin a dhéanamh, déanfaidh eintiteas luach ionchasach (ie an meán arna ualú de réir dóchúlachta) raon iomlán na dtorthaí féideartha a mheas;

    (b)

    léireofar dearcadh an eintitis leo, ar choinníoll go bhfuil na meastacháin ar aon athróg margaidh ábhartha comhsheasmhach le praghsanna margaidh inbhraite na n-athróg sin (féach míreanna B42–B53);

    (c)

    beidh siad cothrom le dáta—léireofar leis na meastacháin na dálaí atá ann ar dháta an tomhais, lena n-áirítear toimhdí faoin todhchaí an dáta sin (féach míreanna B54–B60);

    (d)

    beidh siad sainráite—déanfaidh an t-eintiteas an coigeartú maidir le riosca neamhairgeadais a mheas ar leithligh ó na meastacháin eile (féach mír B90). Déanfaidh an t-eintiteas an sreabhadh airgid a mheas ar leithligh ón gcoigeartú freisin maidir leis an amluach airgid agus le riosca airgeadais, ach amháin i gcás ina gcomhcheanglaítear na meastacháin sin leis an teicníc tomhais is iomchuí (féach mír B46).

    34

    Tá sreabhadh airgid laistigh de theorainn conartha árachais má eascraíonn sé ó chearta substainteacha agus ó oibleagáidí substainteacha atá ann le linn na tréimhse tuairiscithe inar féidir leis an eintiteas iallach a chur ar an sealbhóir polasaí na préimheanna a íoc nó ina bhfuil oibleagáid shubstainteach ar an eintiteas seirbhísí conartha árachais a sholáthar don sealbhóir polasaí (féach míreanna B61–B71). Tiocfaidh deireadh le hoibleagáid shubstainteach chun seirbhísí conartha árachais a sholáthar sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá sé de chumas praiticiúil ag an eintiteas athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an sealbhóir polasaí áirithe agus, dá thoradh sin, féadfaidh sé praghas nó leibhéal sochar a shocrú lena léireofar na rioscaí sin go hiomlán; nó

    (b)

    comhlíontar an dá chritéar seo a leanas:

    (i)

    tá sé de chumas praiticiúil ag an eintiteas athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an bpunann conarthaí árachais ina bhfuil an conradh agus, dá thoradh sin, féadfaidh sé praghas nó leibhéal sochar a shocrú lena léireofar riosca na punainne sin go hiomlán; agus

    (ii)

    ní chuirtear na rioscaí a bhaineann le tréimhsí tar éis dháta an athmheasúnaithe san áireamh agus préimheanna á bpraghsáil chomh fada le dáta athmheasúnaithe na rioscaí.

    35

    Ní dhéanfaidh eintiteas aon mhéid a bhaineann le préimheanna ionchasacha nó éilimh ionchasacha lasmuigh de theorainn an chonartha árachais a aithint mar dhliteanas nó mar shócmhainn. Baineann na méideanna sin le conarthaí árachais todhchaí.

    Rátaí lascaine (míreanna B72–B85)

    36

    Déanfaidh eintiteas na meastacháin ar shreabha airgid todhchaí a choigeartú chun an t-amluach airgid agus na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na sreabha airgid sin a léiriú, a mhéid nach gcuirtear na rioscaí airgeadais san áireamh sna meastacháin ar shreabha airgid. Maidir leis na rátaí lascaine arna gcur i bhfeidhm maidir leis na meastacháin ar na sreabha airgid todhchaí ar a dtugtar tuairisc i mír 33:

    (a)

    léireofar amluach airgid leo, mar aon le saintréithe an sreafa airgid agus saintréithe leachtachta na gconarthaí árachais;

    (b)

    beidh siad comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh reatha atá inbhraite (más ann dóibh) le haghaidh ionstraimí airgeadais le sreabhadh airgid a bhfuil a saintréithe comhsheasmhach le saintréithe na gconarthaí árachais, i dtéarmaí, mar shampla, uainithe, airgeadra agus leachtachta; agus

    (c)

    eisiafar éifeacht na bhfachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna margaidh inbhraite den sórt sin ach nach ndéanann difear do shreabha airgid todhchaí na gconarthaí árachais.

    Coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (míreanna B86–B92)

    37

    Déanfaidh eintiteas an meastachán ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar an gcúiteamh a éilíonn an t-eintiteas maidir leis an neamhchinnteacht a sheasamh i ndáil le méid agus uainiú na sreabh airgid a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais.

    An corrlach seirbhíse conarthaí

    38

    Tá an corrlach seirbhíse conarthaí ina chomhpháirt den tsócmhainn nó dliteanas i gcomhair an ghrúpa conarthaí árachais lena léirítear an brabús neamhthuillte a aithneoidh an t-eintiteas agus seirbhísí conartha árachais á soláthar aige amach anseo. Déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a thomhas tráth a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais ar mhéid, mura bhfuil feidhm ag mír 47 (maidir le conarthaí dochraideacha) nó ag mír B123A (maidir le hioncam árachais a bhaineann le mír 38(c)(ii)), a fhágfaidh nach n-eascródh aon ioncam ná costais ón méid seo a leanas:

    (a)

    aitheantas tosaigh á thabhairt do mhéid i ndáil leis an sreabhadh airgid comhlíonta, arna thomhas trí mhíreanna 32–37 a chur i bhfeidhm;

    (b)

    aon sreabhadh airgid a eascraíonn ó na conarthaí sa ghrúpa an dáta sin;

    (c)

    an méid seo a leanas a dhí-aithint an dáta a thugtar aitheantas tosaigh:

    (i)

    aon sócmhainn le haghaidh sreabhadh airgid éadála árachais lena gcuirtear mír 28C i bhfeidhm; agus

    (ii)

    aon sócmhainn nó dliteanas eile a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreabhadh airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí mar a shonraítear i mír B66A.

    39

    Le haghaidh conarthaí árachais a fhaigheann eintiteas in aistriú conarthaí árachais nó i gcomhcheangal idir gnólachtaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 3, cuirfidh eintiteas mír 38 i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna B93–B95F.

    Tomhas dá éis sin

    40

    Beidh suim ghlanluacha grúpa conarthaí ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe cothrom le suim na nithe seo a leanas:

    (a)

    an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha lena gcuimsítear:

    (i)

    an sreabh airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís amach anseo arna leithdháileadh ar an ngrúpa an dáta sin, á dtomhas trí mhíreanna 33–37 agus B36–B92 a chur i bhfeidhm;

    (ii)

    corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa an dáta sin, arna thomhas trí mhíreanna 43–46 a chur i bhfeidhm; agus

    (b)

    an dliteanas i leith éilimh thabhaithe, lena gcuimsítear an sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís roimhe seo arna leithdháileadh ar an ngrúpa an dáta sin, á dtomhas trí mhíreanna 33–37 agus B36–B92 a chur i bhfeidhm.

    41

    Aithneoidh eintiteas ioncam agus costais maidir leis na hathruithe seo a leanas i suim ghlanluacha an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha:

    (a)

    ioncam árachais—maidir leis an laghdú ar an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha mar gheall ar sheirbhísí arna soláthar le linn na tréimhse, arna thomhas agus míreanna B120–B124 á gcur i bhfeidhm;

    (b)

    costais seirbhíse árachais—maidir le caillteanais ar ghrúpaí de chonarthaí dochraideacha, agus freaschur na gcaillteanas sin (féach míreanna 47–52); agus

    (c)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais—maidir le héifeacht an amluacha airgid agus éifeacht an riosca airgeadais mar a shonraítear i mír 87.

    42

    Aithneoidh eintiteas ioncam agus costais maidir leis na hathruithe seo a leanas i suim ghlanluacha an dliteanais i leith éilimh thabhaithe:

    (a)

    costais seirbhíse árachais—maidir leis an méadú ar an dliteanas mar gheall ar éilimh agus ar chostais arna dtabhú sa tréimhse, gan aon chomhpháirt infheistíochta a chur san áireamh;

    (b)

    costais seirbhíse árachais—maidir le haon athrú dá éis sin i sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe agus costais thabhaithe; agus

    (c)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais—maidir le héifeacht an amluacha airgid agus éifeacht an riosca airgeadais mar a shonraítear i mír 87.

    An corrlach seirbhíse conarthaí (míreanna B96–B119B)

    43

    Leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe léirítear an brabús sa ghrúpa conarthaí árachais nár aithníodh fós mar bhrabús ná mar chaillteanas toisc go mbaineann sé leis an tseirbhís a sholáthrófar amach anseo faoi na conarthaí sa ghrúpa.

    44

    Maidir le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, tá suim ghlanluacha chorrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (a)

    an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

    (b)

    ús arna fhuilleamh ar shuim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le linn na tréimhse tuairiscithe, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b);

    (c)

    na hathruithe i sreabha airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís amach anseo, mar a shonraítear i míreanna B96–B100, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (i)

    tá na méaduithe sin sa sreabhadh airgid comhlíonta níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48(a)); nó

    (ii)

    déantar laghduithe den sórt sin sa sreabhadh airgid comhlíonta a leithdháileadh ar chomhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha agus mír 50(b) á cur i bhfeidhm;

    (d)

    an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

    (e)

    an méid a aithnítear mar ioncam árachais mar gheall ar aistriú sheirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh reatha agus an tréimhse cumhdaigh atá fágtha agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

    45

    Maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach míreanna B101–B118), tá suim ghlanluacha chorrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis na méideanna a shonraítear i bhfomhíreanna (a)–(e) thíos. Ní éilítear ar eintiteas na coigeartuithe sin a aithint ar leithligh. Ina ionad sin, féadfar méid comhcheangailte a chinneadh le haghaidh cuid de na coigeartuithe nó le haghaidh na gcoigeartuithe uile. Is iad seo a leanas na coigeartuithe:

    (a)

    an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

    (b)

    an t-athrú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha (féach mír B104(b)(i)), cé is moite a mhéid is amhlaidh an méid seo a leanas:

    (i)

    tá feidhm ag mír B115 (maidir le maolú riosca);

    (ii)

    tá an laghdú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48); nó

    (iii)

    déantar an méid in (ii) a fhreaschur leis an méadú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

    (c)

    na hathruithe i sreabha airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís amach anseo, mar a shonraítear i míreanna B101–B118, cé is moite a mhéid is amhlaidh an méid seo a leanas:

    (i)

    tá feidhm ag mír B115 (maidir le maolú riosca);

    (ii)

    tá na méaduithe sin sa sreabhadh airgid comhlíonta níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48); nó

    (iii)

    déantar laghduithe den sórt sin sa sreabhbadh airgid comhlíonta a leithdháileadh ar chomhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha agus mír 50(b) á cur i bhfeidhm.

    (d)

    an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra a tharlóidh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

    (e)

    an méid a aithnítear mar ioncam árachais mar gheall ar aistriú sheirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh reatha agus an tréimhse cumhdaigh atá fágtha agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

    46

    Déantar athruithe sa sreabhadh airgid comhlíonta maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a fhritháireamh le roinnt athruithe sa chorrlach seirbhíse conarthaí, agus ní thagann aon athrú ar shuim ghlanluacha iomlán an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha dá thoradh sin. A mhéid nach ndéantar athruithe sa sreabhadh airgid comhlíonta maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a fhritháireamh leis na hathruithe sa chorrlach seirbhíse conarthaí, aithneoidh eintiteas ioncam agus costais i ndáil leis na hathruithe, agus mír 41 á cur i bhfeidhm.

    Conarthaí dochraideacha

    47

    Tá conradh árachais dochraideach an dáta a thugtar aitheantas tosaigh más rud é go bhfuil an sreabhadh airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an gconradh, aon sreabhadh airgid éadála árachais a aithníodh roimhe sin agus aon sreabhadh airgid a eascraíonn ón gconradh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh san iomlán cothrom le glan-eis-sreabhadh. Agus mír 16(a) á cur i bhfeidhm, cuirfidh eintiteas conarthaí den sórt sin i ngrúpa ar leithligh ó chonarthaí nach bhfuil dochraideach. A mhéid a bhfuil feidhm ag mír 17, féadfaidh eintiteas an grúpa conarthaí dochraideacha a aithint trí thacar conarthaí seachas conarthaí ar leithligh a thomhas. Aithneoidh eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas i ndáil leis an nglan-eis-sreabhadh le haghaidh an ghrúpa conarthaí dochraideacha, a fhágfaidh go mbeidh suim ghlanluacha an dliteanais don ghrúpa cothrom leis an sreabhadh airgid comhlíonta agus gur nialas é corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa.

    48

    Éireoidh grúpa conarthaí árachais dochraideach (nó níos dochraidí) i gcás ina dtomhaistear é dá éis sin más mó na méideanna seo a leanas ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí:

    (a)

    athruithe neamhfhabhracha a bhaineann le seirbhís amach anseo sna sreabha airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a eascraíonn ó athruithe i meastacháin ar shreabha airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (b)

    maidir le grúpa conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, an laghdú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

    Agus mír 44(c)(i), mír 45(b)(ii) agus mír 45(c)(ii), á gcur i bhfeidhm, aithneoidh eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas de réir mhéid an bharrachais sin.

    49

    Suífidh eintiteas comhpháirt caillteanais (nó déanfaidh sé í a mhéadú) maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha i gcomhair grúpa dochraideach lena léirítear na caillteanais arna n-aithint agus míreanna 47–48 á gcur i bhfeidhm. Leis an gcomhpháirt caillteanais, cinntear na méideanna a chuirtear i láthair mar bhrabús nó mar chaillteanas mar fhreaschuir caillteanas ar ghrúpaí dochraideacha agus dá dheasca sin, eisiatar iad agus ioncam árachais á chinneadh.

    50

    Tar éis d’eintiteas caillteanas a aithint maidir le grúpa conarthaí árachais atá dochraideach, déanfaidh sé an méid seo a leanas a leithdháileadh:

    (a)

    na hathruithe dá éis sin i sreabhadh airgid comhlíonta an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a shonraítear i mír 51 ar bhonn córasach idir:

    (i)

    comhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha; agus

    (ii)

    an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha, gan an chomhpháirt caillteanais san áireamh.

    (b)

    ar an gcomhpháirt caillteanais amháin go dtí go laghdófar an chomhpháirt sin go nialas:

    (i)

    aon laghdú dá éis sin a bhaineann le seirbhís sa todhchaí i sreabha airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a eascraíonn ó athruithe i meastacháin ar shreabha airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (ii)

    aon mhéadú dá éis sin ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

    Agus míreanna 44(c)(ii), 45(b)(iii) agus 45(c)(iii), á gcur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú maidir le barrachas an laghdaithe thar an méid arna leithdháileadh ar an gcomhpháirt caillteanais, agus maidir leis an mbarrachas sin amháin.

    51

    Is iad seo a leanas na hathruithe dá éis sin i sreabhadh airgid comhlíonta an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha atá le leithdháileadh agus mír 50(a) á cur i bhfeidhm:

    (a)

    meastacháin ar luach reatha sreabh airgid todhchaí le haghaidh éileamh agus costas a scaoiltear ón dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha mar gheall ar chostais seirbhíse árachais thabhaithe;

    (b)

    athruithe sa choigeartú riosca maidir le riosca neamhairgeadais arna aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar an scaoileadh ó riosca; agus

    (c)

    ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais.

    52

    Mar gheall ar an leithdháileadh córasach a éilítear le mír 50(a) beidh na méideanna iomlána a leithdháilfear ar an gcomhpháirt caillteanais i gcomhréir le míreanna 48–50 cothrom le nialas faoi dheireadh na tréimhse cumhdaigh a bhaineann le grúpa conarthaí.

    An cur chuige leithdháilte préimheanna

    53

    Féadfaidh eintiteas an grúpa a thomhas ar bhealach níos simplí trí leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna a leagtar amach i míreanna 55–59 más amhlaidh, agus sa chás sin amháin, tráth tionscanta an ghrúpa:

    (a)

    go measann an t-eintiteas go réasúnach go nginfeadh simpliú den sórt sin tomhas ar an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha don ghrúpa nach mbeadh difriúil go hábhartha ón toradh a gheofaí trí na ceanglais i míreanna 32–52 a chur i bhfeidhm; nó

    (b)

    gurb ionann tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa (lena n-áirítear seirbhísí conartha árachais a eascraíonn ó na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha arna cinneadh an dáta sin agus mír 34 á cur i bhfeidhm) agus bliain amháin nó níos lú.

    54

    Ní chomhlíontar an critéar i mír 53(a) más rud é, tráth tionscanta an ghrúpa, go measann eintiteas go mbeidh inathraitheacht shuntasach sa sreabhadh airgid comhlíonta a dhéanfadh difear do thomhas an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha le linn na tréimhse sula dtabhófar éileamh. Méadaítear inathraitheacht sa sreabhadh airgid comhlíonta de réir na nithe seo a leanas, mar shampla:

    (a)

    méid na sreabh airgid todhchaí a bhaineann le haon díorthach atá leabaithe sna conarthaí; agus

    (b)

    fad thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí.

    55

    Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á úsáid, is mar a leanas a dhéanfaidh eintiteas an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a thomhas:

    (a)

    tráth a thugtar aitheantas tosaigh, is é seo a leanas suim ghlanluacha an dliteanais:

    (i)

    na préimheanna, más ann dóibh, a fuarthas tráth a tugadh aitheantas tosaigh;

    (ii)

    lúide aon sreabhadh airgid éadála árachais an dáta sin, ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas na híocaíochtaí a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm; agus

    (iii)

    móide nó lúide méid ar bith a eascraíonn ón méid seo a leanas a dhí-aithint an dáta sin:

    1.

    aon sócmhainn le haghaidh sreabhadh airgid éadála árachais lena gcuirtear mír 28C i bhfeidhm; agus

    2.

    aon sócmhainn nó dliteanas eile a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreabhadh airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí mar a shonraítear i mír B66A.

    (b)

    ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe dá éis sin, tá suim ghlanluacha an dliteanais cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe:

    (i)

    móide na préimheanna a fhaightear le linn na tréimhse;

    (ii)

    lúide sreabhadh airgid éadála árachais; ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas na híocaíochtaí a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm;

    (iii)

    móide aon mhéid a bhaineann le hamúchadh sreafa airgid éadála árachais arna n-aithint mar chostas sa tréimhse tuairiscithe; ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas sreafa airgid éadála árachais a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm;

    (iv)

    móide aon choigeartú ar chomhpháirt maoiniúcháin, agus mír 56 á cur i bhfeidhm;

    (v)

    lúide an méid arna aithint mar ioncam árachais maidir le seirbhísí arna soláthar le linn na tréimhse sin (féach mír B126); agus

    (vi)

    lúide aon chomhpháirt infheistíochta arna híoc nó arna haistriú chuig an dliteanas i leith éilimh thabhaithe.

    56

    Má tá comhpháirt maoiniúcháin shuntasach ag na conarthaí árachais sa ghrúpa, déanfaidh eintiteas suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha chun amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú agus na rátaí lascaine a shonraítear i mír 36 á n-úsáid, de réir mar a chinntear tráth a thugtar aitheantas tosaigh. Ní éilítear ar eintiteas suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha chun amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú, más rud é, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, go measann an t-eintiteas nach mbeidh níos mó ná bliain amháin sa tréimhse idir an t-am a sholáthrófar gach cuid de na seirbhísí agus dáta dlite na préimhe gaolmhaire.

    57

    Má léiríonn fíorais agus imthosca, tráth ar bith le linn na tréimhse cumhdaigh, go bhfuil grúpa conarthaí árachais dochraideach, déanfaidh eintiteas an difríocht eatarthu seo a leanas a ríomh:

    (a)

    suim ghlanluacha an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha arna cinneadh agus mír 55 á cur i bhfeidhm; agus

    (b)

    an sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann leis an gcumhdach atá fágtha don ghrúpa agus míreanna 33–37 agus B36–B92 á gcur i bhfeidhm. Más rud é, agus mír 59(b) á cur i bhfeidhm, nach ndéanann an t-eintiteas an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a choigeartú i ndáil leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais áfach, ní chuirfidh sé aon choigeartú den sórt sin san áireamh sa sreabhadh airgid comhlíonta.

    58

    A mhéid a sháraíonn an sreabhadh airgid comhlíonta ar a dtugtar tuairisc i mír 57(b) an tsuim ghlanluacha ar a dtugtar tuairisc i mír 57(a), aithneoidh an t-eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas agus méadóidh sé an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha.

    59

    Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    féadfaidh sé a roghnú aon sreabhadh airgid éadála árachais a aithint mar chostais nuair a thabhaíonn sé na costais sin, ar choinníoll nach bhfuil tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa níos faide ná aon bhliain amháin tráth a thugtar aitheantas tosaigh;

    (b)

    an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a thomhas i ndáil leis an ngrúpa conarthaí árachais ag an sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe, agus míreanna 33–37 agus B36–B92 á gcur i bhfeidhm. Ní éilítear ar an eintiteas sreabha airgid todhchaí a choigeartú maidir leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais áfach, más rud é go meastar go n-íocfar na sreabha airgid sin nó go bhfaighfear iad laistigh de bhliain amháin nó níos lú ó dháta tabhaithe na n-éileamh.

    Conarthaí athárachais arna sealbhú

    60

    Déantar na ceanglais in IFRS 17 a mhodhnú le haghaidh conarthaí athárachais arna sealbhú, mar a leagtar amach i míreanna 61–70A.

    61

    Déanfaidh eintiteas punanna conarthaí athárachais arna sealbhú a roinnt agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm, ach amháin go gcuirfear tagairt do chonarthaí lena mbaineann glanghnóthachan tráth a thugtar aitheantas tosaigh in ionad na dtagairtí do chonarthaí dochraideacha sna míreanna sin. I gcás roinnt conarthaí athárachais arna sealbhú, gheofar grúpa lena gcuimsítear conradh aonair de thoradh míreanna 14–24 a chur i bhfeidhm.

    Aitheantas

    62

    In ionad mír 25 a chur i bhfeidhm, aithneoidh eintiteas grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú ón gceann is luaithe de na dátaí seo a leanas:

    (a)

    tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

    (b)

    an dáta ar a n-aithníonn eintiteas grúpa dochraideach de bhunchonarthaí árachais agus mír 25(c) á cur i bhfeidhm, más rud é go ndearna an t-eintiteas an conradh athárachais gaolmhar arna shealbhú sa ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú an dáta sin nó roimhe sin.

    62A

    D’ainneoin mhír 62(a), cuirfidh eintiteas moill ar ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, lena soláthraítear cumhdach comhréireach, a aithint go dtí an dáta a thugtar aitheantas tosaigh d’aon bhunchonradh árachais, más rud é go bhfuil an dáta sin níos déanaí ná tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    Tomhas

    63

    Agus ceanglais tomhais mhíreanna 32–36 á gcur i bhfeidhm maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú, a mhéid a thomhaistear na bunchonarthaí freisin agus na míreanna sin á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh an t-eintiteas toimhdí comhsheasmhacha chun na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas, mar aon leis na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa/na grúpaí bunchonarthaí árachais. Ina theannta sin, áireoidh an t-eintiteas leis na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú an éifeacht a bheadh ag aon riosca neamhfheidhmíochta ar thaobh eisitheoir an chonartha athárachais, lena n-áirítear éifeachtaí comhthaobhachta agus caillteanais ó dhíospóidí.

    64

    In ionad mír 37 a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas an coigeartú riosca i ndáil le riosca neamhairgeadais ionas go léireofar leis an méid riosca atá á aistriú ag sealbhóir an ghrúpa conarthaí athárachais chuig eisitheoir na gconarthaí sin.

    65

    Déantar modhnú ar na ceanglais i mír 38 a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh, chun a léiriú nach mbaineann aon bhrabús neamhthuillte le grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú ach go mbíonn glanchostas nó glanghnóthachan i gceist nuair atá an t-athárachas á cheannach. Dá bhrí sin, mura bhfuil feidhm ag mír 65A, aithneoidh an t-eintiteas, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, aon ghlanchostas nó glanghnóthachan agus an grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú á cheannach mar chorrlach seirbhíse conarthaí arna thomhas ar mhéid atá cothrom le suim na nithe seo a leanas:

    (a)

    an sreabhadh airgid comhlíonta;

    (b)

    an méid arna dhí-aithint an dáta sin maidir le haon sócmhainn nó dliteanas a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreabhadh airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú;

    (c)

    aon sreabhadh airgid a eascraíonn an dáta sin; agus

    (d)

    aon ioncam a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas agus mír 66A á cur i bhfeidhm.

    65A

    Má bhaineann an glanchostas i ndáil le cumhdach athárachais a cheannach le himeachtaí a tharla sular ceannaíodh an grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú, d’ainneoin cheanglais mhír B5, aithneoidh an t-eintiteas costas den sórt sin láithreach mar bhrabús nó mar chaillteanas mar chostas.

    66

    In ionad mír 44 a chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a thomhas i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe i gcomhair grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú mar an tsuim ghlanluacha arna cinneadh i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (a)

    an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

    (b)

    ús arna fhuilleamh ar shuim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b);

    (ba)

    ioncam arna aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas sa tréimhse tuairiscithe agus mír 66A á cur i bhfeidhm;

    (bb)

    freaschuir comhpháirte aisghabhál-caillteanais arna n-aithint agus mír 66B á cur i bhfeidhm (féach mír B119F) a mhéid nach ionann na freaschuir sin agus athruithe i sreabhadh airgid comhlíonta an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú;

    (c)

    athruithe sna sreabha airgid comhlíonta, arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c), a mhéid a bhaineann an t-athrú le seirbhís amach anseo, ach amháin:

    (i)

    má tharlaíonn an t-athrú de thoradh athraithe i sreabhadh airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar ghrúpa bunchonarthaí árachais nach ndéantar coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí i ndáil leis an ngrúpa bunchonarthaí árachais dá thoradh; nó

    (ii)

    má tharlaíonn an t-athrú de thoradh míreanna 57–58 (maidir le conarthaí dochraideacha) a chur i bhfeidhm, má thomhaiseann an t-eintiteas grúpa bunchonarthaí árachais agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm.

    (d)

    an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra a tharlóidh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

    (e)

    an méid a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar sheirbhísí a fhaightear le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh reatha agus an tréimhse cumhdaigh atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

    66A

    Déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí i ndáil le grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a choigeartú agus, dá thoradh sin, aithneoidh sé ioncam, nuair a aithneoidh an t-eintiteas caillteanas tráth a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa dochraideach bunchonarthaí árachais nó nuair a chuirtear bunchonarthaí dochraideacha le grúpa (féach míreanna B119C– B119E).

    66B

    Suífidh eintiteas comhpháirt aisghabhála-caillteanais (nó déanfaidh sé í a choigeartú) maidir leis an tsócmhainn i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha i gcomhair grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú lena léireofar aisghabháil na gcaillteanas arna n-aithint agus míreanna 66(c)(i)–(ii) agus 66A á gcur i bhfeidhm. Leis an gcomhpháirt aisghabhála-caillteanais, cinntear na méideanna a chuirtear i láthair i mbrabús nó mar chaillteanas mar fhreaschuir ar aisghabhálacha caillteanas ó chonarthaí athárachais arna sealbhú agus dá dheasca sin, eisiatar iad ó leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc leis an athárachóir (féach mír B119F).

    67

    Maidir le hathruithe sna sreabha airgid comhlíonta a eascraíonn ó athruithe sa riosca neamhfheidhmíochta arna ndéanamh ag eisitheoir conartha athárachais arna shealbhú, ní bhaineann siad le seirbhís amach anseo agus ní dhéanfar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú dá dtoradh.

    68

    Ní fhéadfaidh conarthaí athárachais arna sealbhú a bheith dochraideach. Dá réir sin, níl feidhm ag ceanglais mhíreanna 47–52.

    An cur chuige leithdháilte préimheanna maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú

    69

    Féadfaidh eintiteas leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna a leagtar amach i míreanna 55–56 agus 59 (arna oiriúnú chun gnéithe conarthaí athárachais arna sealbhú, atá difriúil ó chonarthaí árachais arna n-eisiúint, a léiriú, mar shampla costais a ghiniúint nó costais a laghdú seachas ioncam) chun grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas ar bhealach níos simplí, más rud é, tráth tionscanta an ghrúpa:

    (a)

    go measann an t-eintiteas go réasúnach nach mbeidh an tomhas dá thoradh difriúil go hábhartha ón toradh a fhaightear trí na ceanglais i míreanna 63–68 a chur i bhfeidhm; nó

    (b)

    gurb ionann tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú (lena n-áirítear cumhdach árachais ó na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha arna cinneadh an dáta sin agus mír 34 á cur i bhfeidhm) agus bliain amháin nó níos lú.

    70

    Ní fhéadfaidh eintiteas an choinníoll i mír 69(a) a chomhlíonadh más rud é, tráth thionscanta an ghrúpa, go measann eintiteas go mbeidh inathraitheacht shuntasach sa sreabhadh airgid comhlíonta a dhéanfadh difear do thomhas na sócmhainne i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha le linn na tréimhse sula dtabhófar éileamh. Méadaítear inathraitheacht sa sreabhadh airgid comhlíonta de réir na nithe seo a leanas, mar shampla:

    (a)

    méid na sreabh airgid todhchaí a bhaineann le haon díorthach atá leabaithe sna conarthaí; agus

    (b)

    fad thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú.

    70A

    Má dhéanann eintiteas grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm, cuirfidh an t-eintiteas mír 66A i bhfeidhm trí shuim ghlanluacha na sócmhainne a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha seachas an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú.

    Conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide

    71

    Ní áirítear aistriú riosca árachais shuntasaigh le conradh infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide. Dá dheasca sin, déantar na ceanglais in IFRS 17 maidir le conarthaí árachais a mhodhnú le haghaidh conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide mar a leanas:

    (a)

    an dáta a thugtar aitheantas tosaigh (féach míreanna 25 agus 28), is é sin an dáta a éiríonn an t-eintiteas ina pháirtí sa chonradh;

    (b)

    déantar teorainn an chonartha (féach mír 34) a mhodhnú ionas go mbeidh sreabha airgid laistigh de theorainn an chonartha má thagann siad ó oibleagáid shubstainteach an eintitis chun airgead tirim a sholáthar ag dáta reatha nó dáta sa todhchaí. Níl aon oibleagáid shubstainteach ar an eintiteas chun airgead tirim a sholáthar má tá sé de chumas praiticiúil aige praghas a shocrú maidir leis an ngealltanas go soláthrófar an t-airgead tirim lena léireofar méid an airgid tirim arna ghealladh agus na rioscaí gaolmhara go hiomlán;

    (c)

    déantar leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí (féach míreanna 44(e) agus 45(e)) a mhodhnú ionas go n-aithneoidh an t-eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí thar shaolré an ghrúpa conarthaí ar bhealach córasach lena léireofar aistriú na seirbhísí infheistíochta faoin gconradh.

    MODHNÚ AGUS DÍ-AITHINT

    Conradh árachais a mhodhnú

    72

    Má dhéantar téarmaí conartha árachais a mhodhnú, mar shampla le comhaontú idir na páirtithe sa chonradh nó le hathrú ar rialachán, dí-aithneoidh eintiteas an conradh bunaidh agus aithneoidh sé an conradh modhnaithe mar chonradh nua, agus IFRS 17 nó Caighdeáin eile is infheidhme á chur nó á gcur i bhfeidhm, ar choinníoll, agus sa chás sin amháin, go sásófar aon cheann de na coinníollacha in (a)–(c). Ní hionann modhnú agus ceart, atá san áireamh le téarmaí conartha, a fheidhmiú. Is iad seo a leanas na coinníollacha:

    (a)

    más rud é gur cuireadh na téarmaí modhnaithe san áireamh tráth tionscanta an chonartha:

    (i)

    bheadh an conradh modhnaithe eisiata ó raon feidhme IFRS 17, agus míreanna 3–8A á gcur i bhfeidhm;

    (ii)

    bheadh eintiteas tar éis na comhpháirteanna difriúla a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh agus míreanna 10–13 á gcur i bhfeidhm, rud lena gcruthófaí conradh árachais difriúil a mbeadh feidhm ag IFRS 17 maidir leis;

    (iii)

    bheadh teorainn conartha difriúil go leor i gceist leis an gconradh modhnaithe, agus mír 34 á cur i bhfeidhm; nó

    (iv)

    chuirfí an conradh modhnaithe san áireamh i ngrúpa conarthaí difriúil agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm.

    (b)

    chomhlíon an conradh bunaidh an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ach ní chomhlíonann an conradh modhnaithe an sainmhíniú sin a thuilleadh, nó a mhalairt; nó

    (c)

    chuir an t-eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i míreanna 53–59 nó míreanna 69–70 i bhfeidhm maidir leis an gconradh bunaidh, ach ciallaíonn na modhnuithe nach gcomhlíonann an conradh na critéir incháilitheachta i gcomhair an chur chuige sin i mír 53 nó i mír 69 a thuilleadh.

    73

    Mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i mír 72 le modhnú ar chonradh, pléifidh an t-eintiteas le hathruithe i sreafaí airgid de dheasca an mhodhnaithe mar athruithe i meastacháin ar shreabhadh airgid comhlíonta trí mhíreanna 40–52 a chur i bhfeidhm.

    Dí-aithint

    74

    Déanfaidh eintiteas conradh árachais a dhí-aithint más rud é, agus sna cásanna seo amháin:

    (a)

    go múchtar é, i.e. nuair a théann an oibleagáid a shonraítear sa chonradh árachais in éag nó nuair a urscaoiltear nó nuair a chuirtear an oibleagáid sin ar ceal; nó

    (b)

    go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i mír 72.

    75

    Nuair a mhúchtar conradh, ní bhíonn riosca i gceist don eintiteas a thuilleadh agus dá bhrí sin, ní éilítear air a thuilleadh aon acmhainn eacnamaíoch a aistriú chun an conradh árachais a chomhlíonadh. Mar shampla, nuair a cheannaíonn eintiteas athárachas, dí-aithneoidh sé an bunchonradh/na bunchonarthaí árachais más rud é, agus sa chás sin amháin, go múchtar an bunchonradh árachais nó na bunchonarthaí árachais.

    76

    Déanann eintiteas conradh árachais a dhí-aithint ó laistigh de ghrúpa conarthaí trí na ceanglais seo a leanas in IFRS 17 a chur i bhfeidhm:

    (a)

    déantar na sreabha airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a choigeartú chun go ndíothófar luach reatha na sreabh airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a bhaineann leis na cearta agus oibleagáidí a dí-aithníodh ón ngrúpa, agus mír 40(a)(i) agus mír 40(b) á gcur i bhfeidhm;

    (b)

    déantar corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa a choigeartú i ndáil leis an athrú i sreabhadh airgid comhlíonta ar a dtugtar tuairisc in (a), a mhéid a éilítear le míreanna 44(c) agus 45(c), mura bhfuil feidhm ag mír 77; agus

    (c)

    déantar líon na n-aonad cumhdaigh le haghaidh na seirbhísí conartha árachais a mheastar atá fágtha a choigeartú chun na haonaid chumhdaigh a dí-aithníodh ón ngrúpa a léiriú, agus tá méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó caillteanas sa tréimhse bunaithe ar an méid coigeartaithe sin agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

    77

    Nuair a dhí-aithníonn eintiteas conradh árachais toisc go n-aistríonn sé an conradh chuig tríú páirtí nó go ndí-aithníonn sé conradh árachais agus go n-aithníonn sé conradh nua agus mír 72 á cur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas in ionad mír 76(b) a chur i bhfeidhm:

    (a)

    corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa ónar dí-aithníodh an conradh a choigeartú, a mhéid a éilítear le mír 44(c) agus mír 45(c), i ndáil leis an difríocht idir (i) agus (ii) maidir le conarthaí arna n-aistriú chuig tríú páirtí nó (iii) maidir le conarthaí arna ndí-aithint agus mír 72 á cur i bhfeidhm:

    (i)

    an t-athrú i suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais mar gheall ar dhí-aithint an chonartha, agus mír 76(a) á cur i bhfeidhm;

    (ii)

    an phréimh a mhuirearaíonn an tríú páirtí;

    (iii)

    an phréimh a mhuirearódh an t-eintiteas dá mbeadh conradh déanta aige le téarmaí comhionanna mar an conradh nua amhail dáta modhnaithe an chonartha, lúide aon phréimh bhreise arna muirearú maidir leis an modhnú.

    (b)

    an conradh nua a thomhas, arna aithint agus mír 72 á cur i bhfeidhm, ag glacadh leis go bhfuair an t-eintiteas an phréimh ar a dtugtar tuairisc in (a)(iii) ag dáta an modhnaithe.

    RÁITEAS STAIDE AIRGEADAIS A CHUR I LÁTHAIR

    78

    Cuirfidh eintiteas suim ghlanluacha na bpunann seo a leanas i láthair ar leithligh sa ráiteas staide airgeadais:

    (a)

    conarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina sócmhainní;

    (b)

    conarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina ndliteanais;

    (c)

    conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina sócmhainní; agus

    (d)

    conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina ndliteanais.

    79

    Áireoidh eintiteas aon sócmhainn le haghaidh sreabhadh airgid éadála árachais arna n-aithint agus mír 28B á cur i bhfeidhm le suim ghlanluacha na bpunann gaolmhar de chonarthaí árachais arna n-eisiúint, agus aon sócmhainn nó dliteanais le haghaidh sreabhadh airgid a bhaineann le punanna conarthaí athárachais arna sealbhú (féach mír 65(b)) i suim ghlanluacha na bpunann de chonarthaí athárachais arna sealbhú.

    AITHINT AGUS CUR I LÁTHAIR SA RÁITEAS/SNA RÁITIS AR FHEIDHMÍOCHT AIRGEADAIS (MÍREANNA B120–B136)

    80

    Agus mír 41 agus mír 42 á gcur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas na méideanna arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar bhrabúis agus ar chaillteanais agus in ioncam cuimsitheach eile (an ráiteas/na ráitis ar fheidhmíocht airgeadais mar a thagraítear anseo feasta dó/dóibh) a dhí-chomhiomlánú mar a leanas:

    (a)

    toradh seirbhíse árachais (míreanna 83–86), lena gcuimsítear ioncam árachais agus costais seirbhíse árachais; agus

    (b)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (míreanna 87–92).

    81

    Ní éilítear ar eintiteas an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais idir an toradh seirbhíse árachais agus ioncam nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú. Mura ndéanann eintiteas dí-chomhiomlánú den sórt sin, áireoidh sé an t-athrú iomlán sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais mar chuid den toradh seirbhíse árachais.

    82

    Déanfaidh eintiteas ioncam nó costais ó chonarthaí athárachais arna sealbhú a chur i láthair ar leithligh ó na costais nó ioncam ó chonarthaí árachais arna n-eisiúint.

    Toradh seirbhíse árachais

    83

    Cuirfidh eintiteas ioncam árachais a eascraíonn ó na grúpaí conarthaí árachais arna n-eisiúint i láthair mar brabús nó mar chaillteanas. Léireoidh ioncam árachais soláthar na seirbhísí a eascraíonn ón ngrúpa conarthaí árachais ag méid lena léireofar an chomaoin a bhfuil coinne ag an eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar na seirbhísí sin. Sonraítear i míreanna B120–B127 conas a thomhaiseann eintiteas ioncam árachais.

    84

    Cuirfidh eintiteas i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas na costais seirbhíse árachais a eascraíonn ó ghrúpaí conarthaí árachais arna n-eisiúint, lena gcuimsítear éilimh thabhaithe (gan aisíocaíochtaí ar chomhpháirteanna infheistíochta san áireamh), costais seirbhíse árachais eile arna dtabhú agus méideanna eile mar a thuairiscítear i mír 103(b).

    85

    Eisiafar aon chomhpháirt infheistíochta ón ioncam árachais agus ó na costais seirbhíse árachais a chuirfear i láthair i mbrabús nó caillteanas. Ní chuirfidh eintiteas faisnéis faoi phréimheanna i láthair i mbrabús nó caillteanas má tá an fhaisnéis sin ar neamhréir le mír 83.

    86

    Féadfaidh eintiteas an t-ioncam nó na costais ó ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú (féach míreanna 60–70A), seachas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais, a chur i láthair mar mhéid aonair; nó féadfaidh an t-eintiteas na méideanna arna ngnóthú ón athárachóir a chur i láthair ar leithligh ó leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc, lena dtabharfar, le chéile, glanmhéid a bheidh cothrom leis an méid aonair sin. I gcás ina ndéanann eintiteas na méideanna arna ngnóthú ón athárachóir agus leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc a chur i láthair ar leithligh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    maidir le sreabhadh airgid athárachais a bhraitheann ar éilimh ar na bunchonarthaí, pléifidh sé leo mar chuid de na héilimh a mheastar go ndéanfar a aisíoc faoin gconradh athárachais arna shealbhú;

    (b)

    maidir le méideanna a mheasann sé go bhfaighidh sé ón athárachóir, nach mbraitheann ar éilimh ar na bunchonarthaí (mar shampla, cineálacha áirithe de choimisiúin ghéillte), pléifidh sé leo mar laghdú sna préimheanna a bheidh le híoc ag an athárachóir;

    (ba)

    maidir le méideanna a aithnítear mar chinn a bhaineann le haisghabháil caillteanas agus míreanna 66(c)(i)‒(ii) agus 66A–66B á gcur i bhfeidhm, pléifidh sé leo mar mhéideanna arna n-aisghabháil ón athárachóir; agus

    (c)

    ní chuirfidh sé leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc i láthair mar laghdú ar ioncam.

    Ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (féach míreanna B128–B136)

    87

    Áirítear le hioncam maoiniúcháin árachais nó le costais maoiniúcháin árachais an t-athrú i suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais a eascraíonn ón méid seo a leanas:

    (a)

    éifeacht an amluacha airgid agus na n-athruithe san amluach airgid; agus

    (b)

    éifeacht an riosca airgeadais agus athruithe i riosca airgeadais; ach

    (c)

    gan aon athrú den sórt sin a chur san áireamh maidir le grúpaí conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí lena ndéanfaí an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú ach nach ndéanann amhlaidh agus míreanna 45(b)(ii), 45(b)(iii), 45(c)(ii) nó 45(c)(iii) á gcur i bhfeidhm. Áirítear iad sin le costais seirbhíse árachais.

    87A

    Cuirfidh eintiteas an méid seo a leanas i bhfeidhm:

    (a)

    mír B117A maidir le hioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a eascraíonn ó mhír B115 (maolú riosca) a chur i bhfeidhm; agus

    (b)

    míreanna 88 agus 89 maidir le gach ioncam maoiniúcháin árachais eile nó gach costas maoiniúcháin árachais eile.

    88

    Agus mír 87A(b) á cur i bhfeidhm, mura bhfuil feidhm ag mír 89, déanfaidh eintiteas rogha ó thaobh an pholasaí cuntasaíochta de idir:

    (a)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas; nó

    (b)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a dhí-chomhiomlánú chun méid a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas a chinnfear le leithdháileadh córasach den ioncam maoiniúcháin árachais iomlán ionchasach nó de na costais maoiniúcháin árachais iomlána ionchasacha thar shaolré an ghrúpa conarthaí árachais, agus míreanna B130–B133 á gcur i bhfeidhm.

    89

    Agus mír 87A(b) á cur i bhfeidhm, maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, dá bhfuil na hítimí forluiteacha i seilbh an eintitis, déanfaidh an t-eintiteas rogha ó thaobh an pholasaí cuntasaíochta de idir an dá cheann seo a leanas:

    (a)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas; nó

    (b)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a dhí-chomhiomlánú chun méid a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas lena gcuirfear deireadh le neamhréireanna cuntasaíochta le hioncam nó costais arna gcur san áireamh i mbrabús nó i gcaillteanas maidir leis na hítimí forluiteacha arna sealbhú, agus míreanna B134–B136 á gcur i bhfeidhm.

    90

    Má roghnaíonn eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 88(b) nó i mír 89(b), áireoidh sé le hioncam cuimsitheach eile an difríocht idir an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais arna dtomhas ar an mbonn a leagtar amach sna míreanna sin agus iomlán an ioncaim maoinithe árachais nó na gcostas maoinithe árachais i gcomhair na tréimhse.

    91

    Má aistríonn eintiteas grúpa conarthaí árachais nó má dhéanann sé conradh árachais a dhí-aithint agus mír 77 á cur i bhfeidhm:

    (a)

    déanfaidh sé athaicmiú go dtí brabús agus caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais) ar aon mhéid atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa (nó conradh) a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile toisc gur roghnaigh an t-eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 88(b);

    (b)

    ní dhéanfaidh sé athaicmiú go dtí brabús agus caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) ar aon mhéid atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa (nó conradh) a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile toisc gur roghnaigh an t-eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 89(b).

    92

    Le mír 30, éilítear ar eintiteas plé le conradh árachais mar ítim airgeadaíochta faoi IAS 21 chun ítimí in airgeadra eachtrach a aistriú go dtí airgeadra feidhmiúil an eintitis. Áiríonn eintiteas difríochtaí malartaithe maidir le hathruithe i suim ghlanluacha ghrúpaí conarthaí árachais sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais, mura mbaineann siad le hathruithe i suim ghlanluacha na ngrúpaí conarthaí árachais arna gcur san áireamh le hioncam cuimsitheach eile agus mír 90 á cur i bhfeidhm, agus sa chás sin cuirfear san áireamh le hioncam cuimsitheach eile iad.

    NOCHTADH

    93

    Is é is cuspóir do na ceanglais maidir le nochtadh go nochtfaidh eintiteas faisnéis sna nótaí, lena ndéanfar in éineacht leis an bhfaisnéis arna soláthar sa ráiteas staide airgeadais, sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais agus sa ráiteas ar shreabhadh airgid, bunús a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreabhadh airgid an eintitis. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na méideanna arna n-aithint ina ráitis airgeadais maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach míreanna 97–116);

    (b)

    na breithiúnais shuntasacha, agus na hathruithe sna breithiúnais sin, arna ndéanamh agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm (féach míreanna 117–120); agus

    (c)

    cineál agus méid na rioscaí ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach míreanna 121–132).

    94

    Déanfaidh eintiteas breithniú ar an méid mionsonraí a bhfuil gá leo chun an cuspóir maidir le nochtadh a chomhlíonadh, mar aon leis an méid béime is gá a chur ar gach ceann de na ceanglais éagsúla. Mura leor é an méid a nochtar, agus míreanna 97–132 á gcur i bhfeidhm, chun an cuspóir a luaitear i mír 93 a chomhlíonadh, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis bhreise is gá chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

    95

    Déanfaidh eintiteas faisnéis a chomhiomlánú nó a dhí-chomhiomlánú ionas nach ndéanfar aon fhaisnéis úsáideach a fholú trí líon mór mionsonraí neamhshuntasacha a chuimsiú nó trí ítimí a chomhiomlánú a bhfuil saintréithe difriúla acu.

    96

    Le míreanna 29–31 de IAS 1 leagtar amach ceanglais a bhaineann le hábharthacht agus le comhiomlánú faisnéise. Is iad seo a leanas roinnt samplaí de bhunúis chomhiomlánaithe a d’fhéadfadh a bheith iomchuí maidir le faisnéis arna nochtadh i ndáil le conarthaí árachais:

    (a)

    an cineál conartha (mar shampla, mórlínte táirgí);

    (b)

    limistéar geografach (mar shampla, tír nó réigiún); nó

    (c)

    deighleog intuairiscithe, mar a shainítear in IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin.

    Míniú ar mhéideanna aitheanta

    97

    As na nochtuithe a éilítear le míreanna 98–109A, níl feidhm ach ag na cinn a luaitear i míreanna 98–100, 102–103, 105–105B agus 109A maidir le conarthaí ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith. Má úsáideann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna, déanfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

    (a)

    cén ceann de na critéir i mír 53 agus mír 69 a chomhlíon sé;

    (b)

    cibé acu an dhéanann nó nach ndéanann sé coigeartú maidir leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais agus míreanna 56, 57(b) agus 59(b) á gcur i bhfeidhm; agus

    (c)

    an modh a roghnaigh sé chun sreabhadh airgid éadála árachais a aithint agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm.

    98

    Nochtfaidh eintiteas réitigh lena léireofar an chaoi ar athraigh suimeanna glanluacha conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 le linn na tréimhse mar gheall ar shreafaí airgid agus ioncam agus costais arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais. Nochtfar réitigh ar leithligh maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint agus maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú. Déanfaidh eintiteas ceanglais mhíreanna 100–109 a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar ghnéithe na gconarthaí athárachais arna sealbhú atá difriúil ó ghnéithe na gconarthaí árachais arna n-eisiúint; mar shampla, costais a ghiniúint nó costais a laghdú seachas ioncam.

    99

    Soláthróidh eintiteas go leor faisnéise sna réitigh chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais athruithe a aithint ó shreafaí airgid agus méideanna arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    na réitigh a leagtar amach i míreanna 100–105B a nochtadh i bhfoirm tábla; agus

    (b)

    maidir le gach réiteach, na suimeanna glanluacha i dtús agus i ndeireadh na tréimhse a chur i láthair, arna ndí-chomhiomlánú mar iomlán le haghaidh na bpunann conarthaí atá ina sócmhainní agus iomlán le haghaidh na bpunann conarthaí atá ina ndliteanais, atá comhionann leis na suimeanna arna gcur i láthair sa ráiteas staide airgeadais agus mír 78 á cur i bhfeidhm.

    100

    % Nochtfaidh eintiteas réitigh ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh ar leithligh maidir le gach ceann díobh seo a leanas:

    (a)

    na glandliteanais (nó na glansócmhainní) i gcomhair na comhpháirte cumhdaigh atá fágtha, gan aon chomhpháirt caillteanais san áireamh;

    (b)

    aon chomhpháirt caillteanais (féach míreanna 47–52 agus 57–58);

    (c)

    na dliteanais i leith éilimh thabhaithe. Maidir le conarthaí árachais ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas réitigh ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí; agus

    (ii)

    an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais.

    101

    Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas réitigh freisin ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí;

    (b)

    an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (c)

    an corrlach seirbhíse conarthaí.

    102

    Is é is cuspóir do na réitigh i míreanna 100–101 cineálacha difriúla faisnéise a sholáthar maidir leis an toradh seirbhíse árachais.

    103

    Déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas a bhaineann le seirbhísí a nochtadh ar leithligh sna réitigh a éilítear i mír 100, más infheidhme:

    (a)

    ioncam árachais;

    (b)

    costais seirbhíse árachais, agus an méid seo a leanas á léiriú ar leithligh:

    (i)

    éilimh thabhaithe (gan comhpháirteanna infheistíochta san áireamh) agus costais seirbhíse árachais eile arna dtabhú;

    (ii)

    sreabhadh airgid éadála árachais a amúchadh;

    (iii)

    athruithe a bhaineann le seirbhís roimhe seo, i.e. athruithe i sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann leis an dliteanas i leith éilimh thabhaithe; agus

    (iv)

    athruithe a bhaineann le seirbhís amach anseo, i.e. caillteanais ar ghrúpa dochraideacha conarthaí agus freaschuir na gcaillteanas sin.

    (c)

    comhpháirteanna infheistíochta arna n-eisiamh ó ioncam árachais agus ó chostais seirbhíse árachais (in éineacht le haisíocaíochtaí ar phréimheanna ach amháin i gcás ina gcuirtear aisíocaíochtaí ar phréimheanna i láthair mar chuid de na sreabhadh airgid sa tréimhse ar a dtugtar tuairisc i mír 105(a)(i)).

    104

    Déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas a bhaineann le seirbhísí a nochtadh ar leithligh sna réitigh a éilítear i mír 101, más infheidhme:

    (a)

    athruithe a bhaineann le seirbhís amach anseo, agus míreanna B96–B118 á gcur i bhfeidhm, lena léirítear an méid seo a leanas ar leithligh:

    (i)

    athruithe i meastacháin lena ndéantar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú;

    (ii)

    athruithe i meastacháin nach ndéantar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú dá dtoradh, i.e. caillteanais ar ghrúpaí de chonarthaí dochraideacha agus freaschuir na gcaillteanas sin; agus

    (iii)

    éifeachtaí conarthaí dá tugadh aitheantas tosaigh sa tréimhse.

    (b)

    athruithe a bhaineann leis an tseirbhís atá i bhfeidhm faoi láthair, ie:

    (i)

    méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas chun an t-aistriú seirbhísí a léiriú;

    (ii)

    an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais nach mbaineann le seirbhís amach anseo nó seirbhís roimhe seo; agus

    (iii)

    coigeartuithe taithí (féach míreanna B97(c) agus B113(a)), gan méideanna a bhaineann le coigeartú an riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chuimsítear i bpointe (ii) san áireamh.

    (c)

    athruithe a bhaineann le seirbhís roimhe seo, i.e. athruithe i sreabhadh airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe (féach mír B97(b) agus mír B113(a)).

    105

    Chun na réitigh i míreanna 100–101 a chur i gcrích, déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas, nach mbaineann le seirbhísí arna soláthar sa tréimhse, a nochtadh ar leithligh freisin, más infheidhme:

    (a)

    sreabhadh airgid sa tréimhse, lena n-áirítear:

    (i)

    préimheanna arna bhfáil maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint (nó arna n-íoc maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú);

    (ii)

    sreabhadh airgid éadála árachais; agus

    (iii)

    éilimh thabhaithe arna n-íoc agus costais seirbhíse árachais eile arna n-íoc maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint (nó arna n-aisghabháil faoi chonarthaí athárachais arna sealbhú), gan sreabhadh airgid éadála árachais san áireamh.

    (b)

    an éifeacht a bheadh ag athruithe sa riosca neamhfheidhmíochta ar thaobh eisitheoir na gconarthaí athárachais arna sealbhú;

    (c)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais; agus

    (d)

    aon ítim líne bhreise a bhféadfadh gá a bheith leo chun tuiscint a fháil ar an athrú i suim ghlanluacha na gconarthaí árachais.

    105A

    Nochtfaidh eintiteas réiteach ón iarmhéid tosaigh go dtí an t-iarmhéid deiridh le haghaidh sócmhainní i ndáil le sreabhadh airgid éadála árachais arna n-aithint agus mír 28B á cur i bhfeidhm. Déanfaidh eintiteas faisnéis a chomhiomlánú ar mhaithe leis an réiteach ar leibhéal atá comhsheasmhach leis an leibhéal a bhíonn i gceist le conarthaí árachais a réiteach, agus mír 98 á cur i bhfeidhm.

    105B

    Déanfaidh eintiteas aon chaillteanas lagaithe agus aon fhreaschur ar chaillteanais lagaithe arna n-aithint agus mír 28E–28F á cur i bhfeidhm a nochtadh ar leithligh sa réiteach a éilítear le mír 105A.

    106

    Maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas anailís ar an ioncam árachais arna aithint sa tréimhse lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

    (a)

    na méideanna a bhaineann leis na hathruithe sa dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha, mar a shonraítear i mír B124, agus an méid seo a leanas á nochtadh ar leithligh:

    (i)

    na costais seirbhíse árachais arna dtabhú le linn na tréimhse mar a shonraítear i mír B124(a);

    (ii)

    an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, mar a shonraítear i mír B124(b);

    (iii)

    méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar aistriú na seirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, mar a shonraítear i mír B124(c); agus

    (iv)

    méideanna eile, más ann dóibh, mar shampla, coigeartuithe taithí le haghaidh fáltais préimhe seachas iad siúd a bhaineann le seirbhís amach anseo mar a shonraítear i mír B124(d).

    (b)

    leithdháileadh na coda de na préimheanna a bhaineann le sreabhadh airgid éadála árachais a aisghabháil (féach mír B125).

    107

    Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas an éifeacht ar an ráiteas staide airgeadais ar leithligh i ndáil le conarthaí árachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú dá dtugtar aitheantas tosaigh sa tréimhse, agus a n-éifeacht tráth a thugtar aitheantas tosaigh á léiriú maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    na meastacháin ar luach reatha eis-sreabhadh airgid todhchaí, lena léirítear, ar leithligh, méid na sreabh airgid éadála árachais;

    (b)

    na meastacháin ar luach reatha na n-insreabh airgid todhchaí;

    (c)

    an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (d)

    an corrlach seirbhíse conarthaí.

    108

    Sna nochtuithe a éilítear le mír 107, déanfaidh eintiteas méideanna a eascraíonn ó na nithe seo a leanas a nochtadh ar leithligh:

    (a)

    conarthaí a fhaightear ó eintitis eile in aistrithe conarthaí árachais nó i gcomhcheangail idir gnólachtaí; agus

    (b)

    grúpaí conarthaí atá dochraideach.

    109

    Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí árachais sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas cathain a measann sé go n-aithneoidh sé an corrlach seirbhíse conarthaí a bheidh fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe mar bhrabús nó mar chaillteanas go cainníochtúil, i dtréimhsí ama iomchuí. Nochtfar an fhaisnéis sin ar leithligh maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú.

    109A

    Nochtfaidh eintiteas go cainníochtúil, i dtréimhsí ama iomchuí, cathain a mheasann sé go ndí-aithneoidh sé sócmhainn le haghaidh sreabhadh airgid éadála árachais agus mír 28C á cur i bhfeidhm.

    Ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais

    110

    Déanfaidh eintiteas méid iomlán an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais sa tréimhse tuairiscithe a nochtadh agus a mhíniú. Go háirithe, míneoidh eintiteas an gaol idir ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais agus an toradh infheistíochta ar a chuid sócmhainní, chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar na foinsí ioncaim maoiniúcháin nó costais maoiniúcháin arna n-aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile.

    111

    Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, tabharfaidh an t-eintitis tuairisc ar chomhdhéanamh na n-ítimí forluiteacha agus nochtfaidh sé a gcóirluach.

    112

    Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, má roghnaíonn eintiteas gan an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú i ndáil le roinnt athruithe sa sreabhadh airgid comhlíonta, agus mír B115 á cur i bhfeidhm, nochtfaidh sé éifeacht na rogha sin ar an gcoigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí sa tréimhse atá ann faoi láthair.

    113

    Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, má athraíonn eintiteas bunús an dí-chomhiomlánaithe i ndáil le hioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais idir brabús agus caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, agus mír B135 á cur i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid seo a leanas, sa tréimhse ina dtarlaíonn an t-athrú sa chur chuige:

    (a)

    an chúis gur éilíodh ar an eintiteas bunús an dí-chomhiomlánaithe a athrú;

    (b)

    méid aon choigeartú le haghaidh gach ítim líne ráitis airgeadais dá ndéantar difear; agus

    (c)

    suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais lenar bhain an t-athrú ar dháta an athraithe.

    Méideanna idirthréimhseacha

    114

    Soláthróidh eintiteas nochtuithe lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais an éifeacht a bhíonn ag grúpaí conarthaí árachais arna dtomhas ag an dáta idirthréimhseach, agus an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe (féach míreanna C6–C19A) nó an cur chuige cóirluacha (féach míreanna C20–C24B) á chur i bhfeidhm, ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí agus ar ioncam árachais i dtréimhsí dá éis sin a aithint. Dá bhrí sin, nochtfaidh eintiteas réiteach an chorrlaigh seirbhíse conarthaí agus mír 101(c) á cur i bhfeidhm, agus méid an ioncaim árachais agus mír 103(a) á cur i bhfeidhm, ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    conarthaí árachais a bhí ann ag an dáta idirthréimhseach ar chuir an t-eintiteas an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i bhfeidhm maidir leo;

    (b)

    conarthaí árachais a bhí ann ag an dáta idirthréimhseach ar chuir an t-eintiteas an cur chuige cóirluacha i bhfeidhm maidir leo; agus

    (c)

    gach conradh árachais eile.

    115

    Maidir leis na tréimhsí uile ina ndéantar nochtuithe agus mír 114(a) nó mír 114(b) á gcur i bhfeidhm, chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar chineál agus ar thábhacht na modhanna arna n-úsáid agus na mbreithiúnas arna gcur i bhfeidhm chun na méideanna idirthréimhseacha a chinneadh, míneoidh an t-eintiteas conas a chinn sé tomhas na gconarthaí árachais ag an dáta idirthréimhseach.

    116

    Má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, cuirfidh sé míreanna C18(b), C19(b), C24(b) agus C24(c) i bhfeidhm chun an difríocht charnach a chinneadh idir an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a d’aithneofaí mar bhrabús nó mar chaillteanas agus an t-ioncam maoiniúcháin árachais iomlán nó costais maoiniúcháin árachais iomlán ag an dáta idirthréimhseach i gcomhair na ngrúpaí conarthaí árachais lena mbaineann an dí-chomhiomlánú. Maidir leis na tréimhsí uile inarb ann do mhéideanna arna gcinneadh agus na míreanna sin á gcur i bhfeidhm, nochtfaidh an t-eintiteas réiteach ó iarmhéid tosaigh go dtí iarmhéid deiridh na méideanna carnacha arna gcuimsiú in ioncam cuimsitheach eile le haghaidh sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile a bhaineann leis na grúpaí conarthaí árachais. Áireofar leis an réiteach sin, mar shampla, gnóthachain nó caillteanais arna n-aithint in ioncam cuimsitheach eile sa tréimhse agus gnóthachain nó caillteanais a aithníodh roimhe seo in ioncam cuimsitheach eile i dtréimhsí roimhe seo arna n-athaicmiú sa tréimhse mar bhrabús nó caillteanas.

    Breithiúnais shuntasacha agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm

    117

    Nochtfaidh eintiteas na breithiúnais shuntasacha agus na hathruithe suntasacha i mbreithiúnais arna ndéanamh agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm. Go sonrach, nochtfaidh eintiteas na hionchuir, na toimhdí agus na teicnící meastacháin a úsáidtear, lena n-áirítear:

    (a)

    na modhanna a úsáidtear chun conarthaí árachais a thomhas a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 agus na próisis chun na hionchuir leis na modhanna sin a mheas. Mura bhfuil sé dodhéanta, soláthróidh eintiteas faisnéis chainníochtúil faoi na hionchuir sin freisin;

    (b)

    aon athrú sna modhanna agus sna próisis chun meastachán a dhéanamh faoi ionchuir a úsáidtear chun conarthaí a thomhas, faoin gcúis le gach athrú, agus faoin gcineál conarthaí a ndéantar difear dóibh;

    (c)

    a mhéid nach gcumhdaítear in (a), an cur chuige a úsáidtear:

    (i)

    chun athruithe i meastacháin ar shreabha airgid todhchaí, a eascraíonn ó fheidhmiú discréide, a idirdhealú ó athruithe eile i meastacháin ar shreabha airgid todhchaí i ndáil le conarthaí gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach mír B98);

    (ii)

    chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, lena n-áirítear a mheas an ndéantar athruithe sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a dhí-chomhiomlánú ina gcomhpháirt seirbhíse árachais agus ina gcomhpháirt maoiniúcháin árachais nó an gcuirtear i láthair iad go hiomlán sa toradh seirbhíse árachais;

    (iii)

    chun rátaí lascaine a chinneadh;

    (iv)

    chun comhpháirteanna infheistíochta a chinneadh; agus

    (v)

    chun ualú coibhneasta na dtairbhí arna soláthar le cumhdach árachais agus le seirbhís toraidh infheistíochta, nó le cumhdach árachais agus le seirbhís a bhaineann le hinfheistíocht, a chinneadh (féach míreanna B119–B119B).

    118

    Má roghnaíonn eintiteas, agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm aige, ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú ina méideanna a chuirfear i láthair i mbrabús nó caillteanas agus ina méideanna a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile, nochtfaidh an t-eintiteas míniú ar na modhanna arna n-úsáid chun an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais, arna n-aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas, a chinneadh.

    119

    Ní mór d’eintiteas an leibhéal muiníne a nochtadh a úsáidtear chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh. Má úsáideann an t-eintiteas teicníc seachas teicníc an leibhéil mhuiníne chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, nochtfaidh sé an teicníc arna húsáid agus an leibhéal muiníne a fhreagraíonn do thorthaí na teicníce sin.

    120

    Nochtfaidh eintiteas an cuar toraidh (nó raon na gcuar toraidh) a úsáidtear chun sreabhadh airgid a lascainiú nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, agus mír 36 á cur i bhfeidhm. Nuair a sholáthraíonn eintiteas an nochtadh sin i bhfoirm chomhiomlán maidir le roinnt grúpaí de chonarthaí árachais, soláthróidh sé nochtuithe den sórt sin i bhfoirm meáin ualaithe, nó raonta sách cúng.

    Cineál agus méid na rioscaí a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17

    121

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí a chuid ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál, méid, uainiú agus neamhchinnteacht na sreabh airgid todhchaí a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17. Tá ceanglais i míreanna 122–132 maidir le nochtuithe a mbeadh gá leo de ghnáth chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.

    122

    Bíonn na nochtuithe sin dírithe ar na rioscaí árachais agus airgeadais a eascraíonn ó chonarthaí árachais agus ar an gcaoi ar bainistíodh iad. Áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca margaidh le rioscaí airgeadais de ghnáth, ach níl siad teoranta dóibh sin amháin.

    123

    Maidir leis an bhfaisnéis a nochtar faoi neamhchosaint an eintitis i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, mura bhfuil sé ionadaíoch ar a neamhchosaint le linn na tréimhse sin, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin, agus an chúis nach bhfuil an neamhchosaint i ndeireadh na tréimhse ionadaíoch, mar aon le faisnéis bhreise atá ionadaíoch ar neamhchosaint an eititis le linn na tréimhse.

    124

    Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    na neamhchosaintí agus conas a tharlaíonn siad;

    (b)

    cuspóirí, polasaithe agus próisis an eintitis i ndáil le bainistíocht na rioscaí agus na modhanna a úsáidtear chun na rioscaí a thomhas; agus

    (c)

    aon athrú ar (a) nó ar (b) ón tréimhse roimhe sin.

    125

    Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    faisnéis chainníochtúil achomair faoin neamhchosaint sin i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe. Beidh an nochtadh sin bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis;

    (b)

    na nochtuithe a éilítear le míreanna 127–132, a mhéid nach soláthraítear iad agus pointe (a) den mhír seo á chur i bhfeidhm.

    126

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi éifeacht na gcreataí rialála ina n-oibríonn sé; mar shampla, íoscheanglais chaipitil nó ráthaíochtaí ráta úis a éilítear. Má chuireann eintiteas mír 20 i bhfeidhm agus na grúpaí de chonarthaí árachais, a gcuireann sé na ceanglais aitheantais agus tomhais in IFRS 17 i bhfeidhm ina leith, á gcinneadh, nochtfaidh sé an fhaisnéis sin.

    Gach cineál riosca—comhchruinnithe riosca

    127

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi chomhchruinnithe riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a gcinneann an t-eintiteas na comhchruinnithe, agus tuairisc ar an tsaintréith choiteann lena n-aithnítear gach comhchruinniú (mar shampla, an cineál imeachta atá faoi árachas, tionscal, limistéar geografach, nó airgeadra). D’fhéadfadh comhchruinnithe de riosca airgeadais tarlú, mar shampla, mar gheall ar ráthaíochtaí ráta úis a thagann i bhfeidhm ar an leibhéal céanna le haghaidh líon mór conarthaí. D’fhéadfadh comhchruinnithe riosca airgeadais eascairt ó chomhchruinnithe de riosca neamhairgeadais freisin; mar shampla, má sholáthraíonn eintiteas cosaint ar dhliteanas i leith táirgí do chuideachtaí cógaisíochta agus infheistíochtaí sna cuideachtaí sin ina seilbh freisin.

    Árachas agus rioscaí margaidh—anailís íogaireachta

    128

    Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi íogaireachtaí i leith athruithe in athróga riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    anailís íogaireachta lena léireofar conas a dhéanfadh athruithe in athróga riosca, a raibh seans réasúnach ann go dtarlóidís i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, difear do bhrabús nó caillteanas agus cothromas:

    (i)

    maidir le riosca árachais—agus an éifeacht ar chonarthaí árachais arna n-eisiúint á léiriú, sula ndéanfar maolú riosca le conarthaí athárachais arna sealbhú agus dá éis sin; agus

    (ii)

    maidir le gach cineál riosca margaidh—ar bhealach lena mínítear an gaol idir na híogaireachtaí i leith athruithe in athróga riosca a eascraíonn ó chonarthaí árachais agus ó na hathruithe sin a eascraíonn ó shócmhainní airgeadais arna sealbhú ag an eintiteas.

    (b)

    na modhanna agus na toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú; agus

    (c)

    athruithe ón tréimhse roimhe seo sna modhanna agus toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin.

    129

    Má ullmhaíonn eintiteas anailís íogaireachta lena léirítear conas a dhéanann athruithe in athróga riosca difear do mhéideanna atá difriúil ó na cinn sin a shonraítear i mír 128(a) agus má úsáideann sé an anailís íogaireachta sin chun rioscaí a bhainistiú a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, féadfaidh sé an anailís íogaireachta sin a úsáid in ionad na hanailíse a shonraítear i mír 128(a). Déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

    (a)

    míniú ar an modh a úsáidtear chun anailís íogaireachta den sórt sin a ullmhú agus ar na príomhpharaiméadair agus ar na príomhthoimhdí is bonn leis an bhfaisnéis arna soláthar; agus

    (b)

    míniú ar chuspóir an mhodha a úsáidtear agus ar aon teorainn a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an bhfaisnéis arna soláthar.

    Riosca árachais—éilimh a fhorbairt

    130

    Nochtfaidh eintiteas éilimh iarbhír i gcomparáid le meastacháin roimhe seo ar mhéid neamhlascainithe na n-éileamh (ie éilimh a fhorbairt). Cuirfear tús leis an nochtadh faoi éilimh a fhorbairt leis an tréimhse inar tháinig an t-éileamh ábhartha is luaithe/na héilimh ábhartha is luaithe chun cinn, dá bhfuil neamhchinnteacht fós ann faoi mhéid agus faoi uainiú íocaíochtaí na n-éileamh i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe; ach ní éilítear go dtosófar am is luaithe ná 10 mbliana roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe leis an nochtadh. Ní éilítear ar an eintiteas faisnéis a nochtadh faoi fhorbairt éileamh dá ndéantar aon neamhchinnteacht faoi mhéid agus faoi uainiú íocaíochtaí na n-éileamh a réiteach laistigh de bhliain amháin de ghnáth. Déanfaidh eintiteas an nochtadh maidir le forbairt éileamh a réiteach le suim ghlanluacha chomhiomlán na ngrúpaí conarthaí árachais, a nochtann an t-eintiteas agus mír 100(c) á cur i bhfeidhm aige.

    Riosca creidmheasa—faisnéis eile

    131

    Maidir le riosca creidmheasa a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    an méid is fearr a sheasann dá neamhchosaint uasta chreidmheasa i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, ar leithligh le haghaidh conarthaí árachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

    (b)

    faisnéis faoi cháilíocht creidmheasa conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina sócmhainní.

    Riosca leachtachta—faisnéis eile

    132

    Maidir le riosca leachtachta a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

    (a)

    tuairisc ar an gcaoi a mbainistíonn sé an riosca leachtachta;

    (b)

    anailísí aibíochta ar leithligh maidir le punanna de chonarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina ndliteanais agus punanna de chonarthaí athárachais arna sealbhú atá ina ndliteanais lena léirítear, ar a laghad, glansreabhadh airgid na bpunann le haghaidh gach ceann de na chéad 5 bliana tar éis an dáta tuairiscithe agus i gcomhiomlán tar éis na chéad 5 bliana. Ní éilítear ar eintiteas dliteanais, i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha, arna dtomhas agus míreanna 55–59 agus míreanna 69–70A á gcur i bhfeidhm, a chuimsiú sna hanailísí sin. Féadfaidh na hanailísí a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

    (i)

    anailís, le huainiú measta, ar na glansreabhadh airgid neamhlascainithe conarthacha atá fágtha; nó

    (ii)

    anailís, le huainiú measta, ar na meastacháin ar luach reatha na sreabh airgid todhchaí.

    (c)

    na méideanna is iníoctha ar éileamh, lena mínítear an gaol idir na méideanna sin agus suim ghlanluacha na bpunann conarthaí lena mbaineann, mura ndéantar a leithéid a nochtadh agus pointe (b) den mhír sin á chur i bhfeidhm.

    Aguisín A

    Téarmaí sainmhínithe

    Tá an t-aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

    an corrlach seirbhíse conarthaí

    Comhpháirt de shuim ghlanluacha na sócmhainne nó an dliteanais i ndáil le grúpa conarthaí árachais lena léirítear an brabús neamhthuillte a aithneoidh an t-eintiteas agus seirbhísí conartha árachais á soláthar aige faoi na conarthaí árachais sa ghrúpa.

    tréimhse cumhdaigh

    An tréimhse ina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí conartha árachais. Áirítear leis an tréimhse sin na seirbhísí conartha árachais a bhaineann leis na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha árachais.

    coigeartú taithí

    Difríocht idir:

    (a)

    le haghaidh fáltais préimhe (agus aon sreabhadh airgid gaolmhara amhail sreabhadh airgid éadála árachais agus cánacha i ndáil le préimheanna árachais)—an meastachán i dtús na tréimhse ar na suimeanna ionchasacha sa tréimhse agus na sreafaí airgid iarmhír sa tréimhse; nó

    (b)

    le haghaidh costais seirbhíse árachais (gan costais éadála árachais san áireamh)—an meastachán i dtús na tréimhse ar na méideanna a mheastar a thabhófar sa tréimhse agus na méideanna iarbhír arna dtabhú sa tréimhse.

    riosca airgeadais

    An riosca go dtiocfadh athrú ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas amach anseo - ráta úis sonraithe, praghas na hionstraime airgeadais, praghas tráchtearra, an ráta malairte eachtraí, an t-innéacs praghsanna nó rátaí, an rátáil chreidmheasa nó innéacs creidmheasa, nó ar athróg eile, ar choinníoll, i gcás athróige neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí leis an gconradh.

    sreabhadh airgid comhlíonta

    Meastachán sainráite, neamhchlaonta agus ualaithe de réir dóchúlachta, (ie luach ionchasach) ar luach reatha na n-eis-sreabhadh airgid todhchaí lúide luach reatha na n-insreabh airgid todhchaí a thiocfaidh chun cinn de réir mar a chomhlíonann an t-eintiteas conarthaí árachais, lena n-áirítear coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais.

    grúpa conarthaí árachais

    Tacar conarthaí árachais a thagann as punann conarthaí árachais a roinnt, ar a laghad, ina gconarthaí arna n-eisiúint laistigh de thréimhse nach faide ná bliain amháin agus lena mbaineann an méid seo a leanas, tráth a thugtar aitheantas tosaigh:

    (a)

    tá siad dochraideach, más ann dóibh;

    (b)

    níl aon fhéidearthacht shuntasach ann go n-éireoidh siad dochraideach, más ann dóibh; nó

    (c)

    ní bhaineann (a) nó (b) thuas leo, más ann dóibh.

    sreabhadh airgid éadála árachais

    Sreabhadh airgid a eascraíonn ó na costais a bhaineann le grúpa conarthaí árachais (a eisíodh nó a bhfuil coinne ann go n-eiseofar iad) a dhíol, a fhrithghealladh agus tús a chur leo, atá inchurtha go díreach i leith na punainne conarthaí árachais lena mbaineann an grúpa. Áirítear le sreabhadh airgid den sórt sin sreabhadh airgid nach bhfuil inchurtha go díreach i leith conarthaí ar leithligh nó grúpaí conarthaí árachais laistigh den phunann.

    conradh árachais

    Conradh faoina nglacann páirtí amháin (an t-eisitheoir) riosca árachais suntasach ó pháirtí eile (an sealbhóir polasaí) trí chomhaontú go dtabharfaidh sé cúiteamh don sealbhóir polasaí má dhéanann teagmhas neamhchinnte sa todhchaí (an t-imeacht árachaithe) díobháil don sealbhóir polasaí.

    seirbhísí conartha árachais

    Na seirbhísí seo a leanas a sholáthraíonn eintiteas do shealbhóir polasaí conartha árachais:

    (a)

    cumhdach maidir le himeacht árachaithe (cumhdach árachais);

    (b)

    maidir le conarthaí árachais gan ghnéithe rannpháirtíochta dírí, toradh ar infheistíocht a ghiniúint don sealbhóir polasaí, más infheidhme (seirbhíse toraidh infheistíochta); agus

    (c)

    maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, ítimí forluiteacha a bhainistiú ar son an tsealbhóra polasaí (seirbhís a bhaineann le hinfheistíocht).

    conradh árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí

    Conradh árachais lena mbaineann an méid seo a leanas, tráth tionscanta an chonartha:

    (a)

    sonraítear sna téarmaí conarthacha go nglacfaidh an sealbhóir polasaí páirt i sciar de chomhthiomsú ítimí forluiteacha arna aithint go soiléir;

    (b)

    measann an t-eintiteas go n-íocfaidh sé suim leis an sealbhóir polasaí a bheidh cothrom le sciar substaintiúil de na fáltais chóirluacha i ndáil leis na bunmhíreanna; agus

    (c)

    measann an t-eintiteas go mbeidh éagsúlacht i gcuid shubstaintiúil d’aon athrú ar na méideanna a bheidh le híoc leis an sealbhóir polasaí de réir an athraithe i gcóirluach na n-ítimí forluiteacha.

    conradh árachais gan ghnéithe rannpháirtíochta dírí

    Conradh árachais nach conradh árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí.

    riosca árachais

    Riosca, seachas riosca airgeadais, arna aistriú ó shealbhóir conartha chuig an eisitheoir.

    imeacht árachaithe

    teagmhas neamhchinnte sa todhchaí arna chumhdach le conradh árachais lena gcruthaítear riosca árachais.

    comhpháirt infheistíochta

    Na méideanna a éilítear le conradh árachais ar an eintiteas a aisíoc le sealbhóir polasaí i ngach cás, gan beann ar cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn imeacht árachaithe.

    conradh infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide

    Ionstraim airgeadais lena dtugtar an ceart conarthach d’infheisteoir áirithe méideanna breise a fháil, mar fhorlíonadh le méid nach bhfuil faoi rogha an eisitheora:

    (a)

    a mheastar a bheidh ina gcuid shuntasach de na tairbhí conarthacha iomlána;

    (b)

    a bhfuil uainiú nó suim na méideanna sin faoi dhiscréid an eisitheora de réir an chonartha; agus

    (c)

    beidh na méideanna bunaithe go conarthach ar:

    (i)

    na fáltais ar chomhthiomsú sonraithe conarthaí nó ar chineál sonraithe conartha;

    (ii)

    torthaí infheistíochta réadaithe agus/nó neamhréadaithe i ndáil le comhthiomsú sonraithe sócmhainní arna sealbhú ag an eisitheoir; nó

    (iii)

    brabús nó caillteanas an eintitis nó an chiste a eisíonn an conradh.

    dliteanas i leith éilimh thabhaithe

    An oibleagáid atá ar eintiteas chun:

    (a)

    imscrúdú a dhéanamh ar éilimh bhailí maidir le himeachtaí faoi árachas a tharla cheana féin, agus na héilimh sin a íoc, lena n-áirítear imeachtaí a tharla cheana féin ach nár tuairiscíodh éilimh ina leith, agus costais árachais eile arna dtabhú; agus

    (b)

    méideanna a íoc nach gcuimsítear i bpointe (a) agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (i)

    seirbhísí conartha árachais a soláthraíodh cheana féin; nó

    (ii)

    aon chomhpháirt infheistíochta nó méideanna eile nach mbaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar agus nach bhfuil sa dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha.

    an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha

    An oibleagáid atá ar eintiteas chun:

    (a)

    imscrúdú a dhéanamh ar éilimh bhailí faoi chonarthaí árachais atá ann cheana le haghaidh imeachtaí faoi árachas nár tharla fós, agus na héilimh sin a íoc, (i.e. an oibleagáid a bhaineann leis an gcuid neamhchaite den chumhdach árachais); agus

    (b)

    méideanna a íoc faoi chonarthaí árachais atá ann cheana nach gcuimsítear i bpointe (a) agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

    (i)

    seirbhísí conartha árachais nár soláthraíodh fós (ie na hoibleagáidí a bhaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar amach anseo); nó

    (ii)

    aon chomhpháirt infheistíochta nó méideanna eile nach mbaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar agus nár aistríodh go dtí an dliteanas i leith éilimh thabhaithe.

    sealbhóir polasaí

    Páirtí a bhfuil ceart chun cúitimh aige/aici faoi chonradh árachais má tharlaíonn imeacht árachaithe.

    punann conarthaí árachais

    Conarthaí árachais atá faoi réir rioscaí comhchosúla agus a bhainistítear le chéile.

    conradh athárachais

    Conradh árachais a eisíonn eintiteas amháin (an t-athárachóir) chun eintiteas eile a chúiteamh maidir le héilimh a eascraíonn ó chonradh árachais amháin nó níos mó, arna eisiúint ag an eintiteas eile sin (bunchonarthaí).

    coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais

    An cúiteamh a éilíonn eintiteas maidir leis an neamhchinnteacht a sheasamh i ndáil le méid agus uainiú an tsreafa airgid a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais de réir mar a chomhlíonann eintiteas conarthaí árachais.

    ítimí forluiteacha

    Ítimí lena gcinntear cuid de na méideanna is iníoctha le sealbhóir polasaí. Féadfaidh aon ítimí a bheith san áireamh le hítimí forluiteacha; mar shampla, punann sócmhainní tagartha, glansócmhainní an eintitis, nó fothacar sonraithe de ghlansócmhainní an eintitis.

    Aguisín B

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Tá an t-aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

    B1

    Soláthraítear treoraíocht san aguisín seo maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    sainmhíniú ar chonradh árachais (féach míreanna B2–B30);

    (b)

    comhpháirteanna a dheighilt ó chonradh árachais (féach míreanna B31–B35);

    (ba)

    sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach míreanna B35A–B35D);

    (c)

    tomhas (féach míreanna B36–B119F);

    (d)

    ioncam árachais (féach míreanna B120–B127);

    (e)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (féach míreanna B128–B136); agus

    (f)

    ráitis airgeadais eatramhacha (féach mír B137).

    SAINMHÍNIÚ AR CHONRADH ÁRACHAIS (FÉACH AGUISÍN A)

    B2

    Tugtar treoraíocht sa roinn seo ar an sainmhíniú ar chonradh árachais mar a shonraítear in Aguisín A. Pléitear an méid seo a leanas inti:

    (a)

    teagmhas neamhchinnte sa todhchaí (féach míreanna B3–B5);

    (b)

    íocaíochtaí comhchineáil (féach mír B6);

    (c)

    an t-idirdhealú idir riosca árachais agus rioscaí eile (féach míreanna B7–B16);

    (d)

    riosca árachais suntasach (féach míreanna B17–B23);

    (e)

    athruithe ar leibhéal an riosca árachais (féach míreanna B24–B25); agus

    (f)

    samplaí de chonarthaí árachais (féach míreanna B26–B30).

    Teagmhas neamhchinnte sa todhchaí

    B3

    Dlúthchuid de chonradh árachais is ea an neamhchinnteacht (nó riosca). Dá réir sin, tá ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas neamhchinnte agus tús á chur le conradh árachais:

    (a)

    an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhas árachaithe;

    (b)

    cathain a tharlóidh an teagmhas árachaithe; nó

    (c)

    an méid a bheidh ar an eintiteas a íoc má tharlaíonn an teagmhas árachaithe.

    B4

    I roinnt conarthaí árachais, is é atá sa teagmhas árachaithe caillteanas a aimsiú le linn théarma an chonartha, fiú amháin má eascraíonn an caillteanas sin as teagmhas a tharla sular cuireadh tús leis an gconradh. I gconarthaí árachais eile, is é an teagmhas árachaithe an teagmhas a tharlaíonn le linn théarma an chonartha, fiú amháin má aimsítear an caillteanas a eascraíonn as tar éis dheireadh théarma an chonartha.

    B5

    Cumhdaítear teagmhais a tharla cheana féin ach nach bhfuil a n-éifeacht airgeadais cinnte fós le roinnt conarthaí árachais. Sampla de sin is ea conradh árachais lena soláthraítear cumhdach árachais in aghaidh forbairt dhíobhálach a bhaineann le teagmhas a tharla cheana féin. Costas foriomlán na n-éileamh sin a chinneadh, sin é an teagmhas árachaithe i gconarthaí den sórt sin.

    Íocaíochtaí comhchineáil

    B6

    Le roinnt conarthaí árachais, ceanglaítear go ndéanfar íocaíochtaí comhchineáil nó ceadaítear amhlaidh. Sna cásanna sin, soláthraíonn an t-eintiteas earraí nó seirbhísí don sealbhóir polasaí chun oibleagáid an eintitis a chomhlíonadh i ndáil leis an sealbhóir polasaí a chúiteamh maidir le teagmhais árachaithe. Mar shampla, nuair a sholáthraíonn an t-eintiteas earra eile in ionad earra a goideadh seachas méid a chaillteanais a aisíoc leis an sealbhóir polasaí. Sampla eile is ea nuair a úsáideann eintiteas a chuid ospidéal agus foirne liachta féin chun seirbhísí liachta a sholáthar a chumhdaítear leis an gconradh árachais. Is conarthaí árachais atá i gceist le conarthaí den sórt sin, cé go socraítear na héilimh le híocaíochtaí comhchineáil. Tá conarthaí seirbhíse le táille seasta lena gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i mír 8 ina gconarthaí árachais freisin, ach nuair a chuirtear mír 8 i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh IFRS 17 nó IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí a chur i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil orthu.

    An t-idirdhealú idir riosca árachais agus rioscaí eile

    B7

    Leis an sainmhíniú ar chonradh árachais, ceanglaítear go nglacann páirtí amháin riosca árachais suntasach ó pháirtí eile. Sainmhínítear riosca árachais in IFRS 17 mar ‘riosca, seachas riosca airgeadais, arna aistriú ó shealbhóir conartha chuig an eisitheoir’. Ní conradh árachais é conradh lena nochtar an t-eisitheoir do riosca airgeadais gan riosca árachais suntasach.

    B8

    Leis an sainmhíniú ar riosca airgeadais in Aguisín A, tagraítear d’athróga airgeadais agus neamhairgeadais. I measc na samplaí d’athróga neamhairgeadais nach mbaineann go sonrach le páirtí sa chonradh, áirítear innéacs de chaillteanais de bharr crith talún i réigiún áirithe nó teochtaí i gcathair áirithe. Ní áirítear le riosca airgeadais aon riosca ó athróga neamhairgeadais a bhaineann go sonrach le páirtí sa chonradh, amhail tarlú nó neamhtharlú tine a dhéanann díobháil do shócmhainn de chuid an pháirtí sin nó a scriosann sócmhainn de chuid an pháirtí sin. Thairis sin, ní hionann riosca airgeadais agus an riosca go dtiocfadh athruithe ar chóirluach sócmhainne neamhairgeadais más rud é go léiríonn an cóirluach athruithe ar phraghsanna margaidh sócmhainní den sórt sin (i.e. athróg airgeadais) agus riocht sócmhainne neamhairgeadais sonraí arna sealbhú ag páirtí sa chonradh (i.e. athróg neamhairgeadais). Mar shampla, i gcás ráthaíocht maidir le luach iarmharach gluaisteáin shonraigh a bhfuil leas inárachais ag an sealbhóir polasaí ann, más rud é go nochtar an ráthóir don riosca maidir le hathruithe ar riocht fisiciúil an chairr de bharr na ráthaíochta sin, is riosca árachais é an riosca sin, seachas riosca airgeadais.

    B9

    Le roinnt conarthaí, nochtar an t-eisitheoir do riosca airgeadais mar aon le riosca árachais suntasach. Mar shampla, ráthaítear le roinnt mhaith conarthaí árachais saoil íosráta toraidh do shealbhóirí polasaí, rud lena gcruthaítear riosca airgeadais, agus an tráth céanna gealltar iontu sochair bháis a d’fhéadfadh a bheith cuid mhaith níos mó ná iarmhéid chuntas an tsealbhóra polasaí, rud lena gcruthaítear riosca árachais i bhfoirm riosca mortlaíochta. Is conarthaí árachais iad conarthaí den sórt sin.

    B10

    Faoi chonarthaí áirithe, spreagann teagmhas árachaithe íocaíocht de mhéid atá nasctha le praghasinnéacs. Conarthaí den sórt sin, is conarthaí árachais iad, ar choinníoll go bhféadfadh íocaíocht shuntasach a bheith i gceist leis an íocaíocht a bhraitheann ar an teagmhas árachaithe. Mar shampla, aistrítear riosca árachais le blianacht saolteagmhasach atá nasctha le hinnéacs costas maireachtála toisc go spreagtar an íocaíocht mar gheall ar theagmhas neamhchinnte sa todhchaí—go mairfidh an duine a gheobhaidh an bhlianacht. Is díorthach atá sa nasc leis an bpraghasinnéacs, ach aistrítear riosca árachais leis freisin toisc go mbraitheann líon na n-íocaíochtaí lena mbaineann an t-innéacs ar mharthanas an bhlianachtóra. Más aistriú suntasach é an t-aistriú riosca árachais a dhéanfar dá thoradh, tá an díorthach i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chonradh árachais, agus sa chás sin ní dhéanfar é a dheighilt ón gconradh óstaigh (féach mír 11(a)).

    B11

    Is é is riosca árachais ann, an riosca a ghlacann an t-eintiteas ón sealbhóir polasaí. Ciallaíonn sé sin nach mór don eintiteas riosca a ghlacadh ón sealbhóir polasaí, riosca dá raibh an sealbhóir polasaí nochta cheana féin. Ní riosca árachais atá i gceist le haon riosca nua arna chruthú leis an gconradh le haghaidh an eintitis nó an tsealbhóra polasaí.

    B12

    Sa sainmhíniú ar chonradh árachais, tagraítear d’éifeacht dhíobhálach ar an sealbhóir polasaí. Leis an sainmhíniú sin, ní dhéantar an íocaíocht ón eintiteas a theorannú do mhéid atá cothrom leis an éifeacht airgeadais a bhaineann leis an teagmhas díobhálach. Mar shampla, áirítear leis an sainmhíniú cumhdach árachais ‘nua in áit sean’ lena n-íoctar méid leis an sealbhóir polasaí lena gcuirfear ar a chumas dó sócmhainn nua a fháil in ionad sócmhainn atá caite nó a ndearnadh damáiste di. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an sainmhíniú sin, ní dhéantar an íocaíocht faoi chonradh árachais saoil a theorannú don chaillteanas airgeadais ar thaobh chleithiúnaithe an duine éagtha, ná ní eisiatar conarthaí leis lena sonraítear go n-íocfaí méideanna réamhchinntithe chun an caillteanas, mar gheall ar bhás nó ar thimpiste, a chainníochtú.

    B13

    Ceanglaítear le roinnt conarthaí go ndéanfaí íocaíocht má tharlaíonn teagmhas neamhchinnte sonraithe sa todhchaí, ach ní cheanglaítear go mbeadh éifeacht dhíobhálach ar an sealbhóir polasaí ina réamhchoinníoll le haghaidh íocaíochta. Ní conradh árachais é an cineál sin conartha fiú amháin má úsáideann an sealbhóir é chun neamhchosaint fholuiteach ar riosca a mhaolú. Mar shampla, má úsáideann an sealbhóir díorthach chun athróg fholuiteach airgeadais nó athróg fholuiteach neamhairgeadais a fhálú, arna comhghaolú leis na sreafaí airgid ó shócmhainn de chuid an eintitis, ní conradh árachais é an díorthach toisc nach mbraitheann an íocaíocht ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar don sealbhóir má thagann laghdú ar na sreafaí airgid ón tsócmhainn. Leis an sainmhíniú ar chonradh árachais, tagraítear do theagmhas neamhchinnte sa todhchaí a bhfuil éifeacht dhíobhálach ar an sealbhóir polasaí ina réamhchoinníoll chonarthach le haghaidh íocaíochta ina leith. Le réamhchoinníoll chonarthach, ní cheanglaítear ar an eintiteas imscrúdú a dhéanamh ar cé acu a bhí nó nach raibh an teagmhas ina chúis le héifeacht dhíobhálach go hiarbhír, ach ceadaítear don eintiteas an íocaíocht a dhiúltú mura bhfuil sé sásta go raibh an teagmhas ina chúis le héifeacht dhíobhálach.

    B14

    Ní riosca árachais é riosca dul i léig ná riosca seasmhachta (an riosca go gcuirfeadh an sealbhóir polasaí an conradh ar ceal níos luaithe nó níos déanaí ná an dáta a raibh coinne ag an eisitheoir leis agus an conradh á phraghsáil aige) toisc nach bhfuil an éagsúlacht san íocaíocht leis an sealbhóir polasaí dá thoradh sin ag brath ar theagmhas neamhchinnte sa todhchaí lena ndéanfar dochar don sealbhóir polasaí. Ar an gcaoi chéanna, ní riosca árachais é riosca costais (i.e. an riosca go dtiocfadh méaduithe gan choinne ar na costais riaracháin a bhaineann le seirbhísiú conartha, seachas ar na costais a bhaineann le teagmhais árachaithe) toisc nach ndéantar dochar don sealbhóir polasaí le méadú gan choinne ar chostais den sórt sin.

    B15

    Dá bhrí sin, ní conradh árachais é conradh lena bhfágtar an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca dul i léig, riosca seasmhachta nó riosca costais, ach amháin i gcás ina bhfágtar an t-eintiteas neamhchosanta ar riosca árachais suntasach freisin. Mar sin féin, má mhaolaíonn an t-eintiteas a riosca trí chonradh eile a úsáid chun cuid den riosca neamhárachais a aistriú chuig páirtí eile, fágtar an páirtí eile neamhchosanta ar riosca árachais leis an dara conradh.

    B16

    Ní féidir le heintiteas glacadh le riosca árachais suntasach ón sealbhóir polasaí, ach amháin i gcás ina bhfuil sé ina eintiteas ar leithligh ón sealbhóir polasaí. I gcás eintiteas frithpháirteach, glacann an t-eintiteas frithpháirteach riosca ó gach sealbhóir polasaí agus déanann sé an riosca sin a chomhthiomsú. Cé go n-iompraíonn sealbhóirí polasaí an riosca comhthiomsaithe sin i dteannta a chéile toisc gur leo an leas iarmharach san eintiteas, is eintiteas ar leithligh atá san eintiteas frithpháirteach a ghlac an riosca.

    Riosca árachais suntasach

    B17

    Ní bhíonn conradh ina chonradh árachais ach amháin i gcás ina n-aistrítear riosca árachais suntasach leis. Pléitear riosca árachais i míreanna B7–B16. Pléitear i míreanna B18–B23 an measúnú ar cé acu atá an riosca árachais suntasach nó nach bhfuil.

    B18

    Tá riosca árachais suntasach más rud é, agus sa chás seo amháin, go bhféadfadh sé go mbeadh ar an eisitheoir méideanna breise suntasacha a íoc in aon chás amháin de dheasca teagmhas árachaithe, gan cásanna nach bhfuil aon substaint tráchtála ag baint leo a chur san áireamh (i.e. gan aon éifeacht inaitheanta ar eacnamaíocht an idirbhirt). Más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh méideanna breise suntasacha iníoctha de dheasca teagmhas árachaithe in aon chás a bhfuil substaint tráchtála ag baint leis, féadfar an choinníoll san abairt roimhe seo a chomhlíonadh, fiú amháin más fíorbheag an seans go dtarlóidh an teagmhas árachaithe, nó fiú amháin más é atá i luach láithreach ionchasach (i.e. arna ualú de réir dóchúlachta) na sreafaí airgid teagmhasacha cuid bheag de luach láithreach ionchasach na sreafaí airgid iarmharacha atá fágtha ón gconradh árachais.

    B19

    Ina theannta sin, ní aistrítear riosca árachais suntasach le conradh ach amháin más rud é go bhfuil cás ann a bhfuil substaint tráchtála ag baint leis ina bhfuil seans ann go mbeidh caillteanas ag an eisitheoir ar bhonn an luacha reatha. Mar sin féin, fiú amháin más rud é nach bhfágtar an t-eisitheoir neamhchosanta le conradh athárachais ar an bhféidearthacht go mbeadh caillteanas suntasach aige, meastar go n-aistrítear leis an gconradh sin riosca árachais suntasach más rud é go n-aistrítear chuig an athárachóir iomlán an riosca árachais nach mór a bhaineann leis na codanna athárachaithe de na conarthaí árachais foluiteacha leis an gconradh sin.

    B20

    Déantar na méideanna breise ar a dtugtar tuairisc i mír B18 a chinneadh ar bhonn an luacha reatha. Má cheanglaítear le conradh árachais go ndéanfar íocaíocht nuair a tharlaíonn teagmhas lena mbaineann uainiú neamhchinnte agus mura ndéantar an íocaíocht a choigeartú i ndáil leis an amluach airgid, d’fhéadfadh sé go mbeadh cásanna ann ina méadófar luach láithreach na híocaíochta, fiú amháin má bhíonn a luach ainmniúil seasta. Sampla is ea árachas lena soláthraítear sochar báis seasta i gcás ina bhfaigheann an sealbhóir polasaí bás, gan aon dáta éaga maidir leis an gcumhdach (dá ngairtear árachas lánsaoil ar mhéid seasta go minic). Is cinnte go bhfaighidh an sealbhóir polasaí bás, ach tá dáta an bháis sin neamhchinnte. Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh nuair a fhaigheann sealbhóir polasaí aonair bás níos luaithe ná a raibh coinne leis. Ós rud é nach ndéantar na híocaíochtaí sin a choigeartú i ndáil leis an amluach airgid, d’fhéadfadh riosca árachais suntasach a bheith ann fiú amháin mura bhfuil aon chaillteanas foriomlán i gceist leis an bpunann conarthaí. Ar an gcaoi chéanna, is féidir deireadh a chur le riosca árachais suntasach le téarmaí conarthacha lena gcuirtear moill ar aisíocaíocht thráthúil leis an sealbhóir polasaí. Úsáidfidh eintiteas na rátaí lascaine a cheanglaítear i mír 36 chun luach láithreach na méideanna breise a chinneadh.

    B21

    Tagraíonn na méideanna breise ar a dtugtar tuairisc i mír B18 do luach láithreach na méideanna a sháraíonn na méideanna sin a bheadh iníoctha murar tharla aon teagmhas árachaithe (seachas cásanna nach mbaineann substaint tráchtála leo). Áirítear sna méideanna breise sin costais maidir le héilimh a láimhseáil agus costais maidir le héilimh a mheasúnú, ach ní áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    an cumas a chailleadh chun muirear a ghearradh ar an sealbhóir polasaí as seirbhís sa todhchaí. Mar shampla, i gconradh árachais saoil atá infheistíocht-nasctha, ciallaíonn bás an tsealbhóra polasaí nach féidir leis an eintiteas seirbhísí bainistíochta infheistíochtaí a fheidhmiú a thuilleadh agus táille a bhailiú as sin. Mar sin féin, ní thagann an caillteanas eacnamaíoch sin don eintiteas as riosca árachais, ar an gcaoi chéanna nach nglacann bainisteoir ciste fhrithpháirtigh riosca árachais i ndáil le bás féideartha cliaint. Dá bhrí sin, ní bhaineann cailliúint fhéideartha na dtáillí bainistíochta infheistíochtaí sa todhchaí le hábhar agus measúnú á dhéanamh ar an méid riosca árachais a aistrítear le conradh;

    (b)

    tarscaoileadh, tráth báis, na muirear a ghearrfaí dá gcuirfí an conradh ar ceal nó dá ndéanfaí é a ghéilleadh. Ós rud é gur cuireadh na muirir sin ar bun leis an gconradh, ní thugtar cúiteamh don sealbhóir polasaí maidir le riosca a bhí ann cheana dá ndéanfaí na muirir sin a tharscaoileadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann siad le hábhar agus measúnú á dhéanamh ar an méid riosca árachais a aistrítear le conradh;

    (c)

    íocaíocht a bhraitheann ar theagmhas nach bhfuil ina chúis le caillteanas suntasach do shealbhóir an chonartha. Mar shampla, cuir i gcás conradh lena gceanglaítear ar an eisitheoir CU1 mhilliún (58) a íoc más rud é go ndéantar damáiste fisiciúil do shócmhainn a chruthaíonn caillteanas eacnamaíoch neamhshuntasach dar luach CU1 don sealbhóir. Sa chonradh seo, aistríonn an sealbhóir an riosca neamhshuntasach go gcaillfí CU1 chuig an eisitheoir. An tráth céanna, cruthaítear leis an gconradh riosca neamhárachais go mbeidh ar an eisitheoir CU 999 999 a íoc má tharlaíonn an teagmhas sonraithe. Ós rud é nach bhfuil aon chás ann ina mbeadh caillteanas suntasach do shealbhóir an chonartha de dheasca teagmhas árachaithe, ní ghlacann an t-eisitheoir le riosca árachais suntasach ón sealbhóir agus ní conradh árachais atá sa chonradh sin;

    (d)

    aisghabhálacha athárachais féideartha. Coinníonn an t-eintiteas cuntas orthu sin ar leithligh.

    B22

    Déanfaidh eintiteas méid an riosca árachais a mheas de réir an chonartha. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an riosca árachais a bheith suntasach fiú amháin mura bhfuil ach seans fíorbheag ann go dtarlódh caillteanais shuntasacha i ndáil le punann nó grúpa conarthaí.

    B23

    Fágann míreanna B18–B22, má íoctar le conradh sochar báis atá níos mó ná an méid a bheadh iníoctha dá mairfeadh an duine, gur conradh árachais é an conradh sin ach amháin i gcás nach suntasach é an sochar breise báis (arna bhreithniú faoi threoir an chonartha féin seachas punann iomlán conarthaí). Mar a thugtar faoi deara i mír B21(b), ní chuirtear tarscaoileadh, tráth báis, na muirear a bhaineann le cealú nó géilleadh san áireamh sa mheasúnú seo mura dtugtar cúiteamh don sealbhóir polasaí leis an tarscaoileadh sin maidir le riosca a bhí ann cheana féin. Ar an gcaoi chéanna, is conradh árachais é conradh blianachta lena n-íoctar suimeanna tráthrialta ar feadh na coda atá fágtha de shaol an tsealbhóra polasaí, ach amháin sa chás gur íocaíochtaí neamhshuntasacha iad na híocaíochtaí saolteagmhasacha comhiomlána.

    Athruithe ar leibhéal an riosca árachais

    B24

    Maidir le roinnt conarthaí, tarlaíonn aistriú an riosca árachais chuig an eisitheoir tar éis tréimhse ama. Mar shampla, cuir i gcás conradh lena soláthraítear toradh infheistíochta sonraithe agus lena n-áirítear rogha don sealbhóir polasaí chun fáltais na hinfheistíochta a úsáid, tráth a haibíochta, chun blianacht shaolteagmhasach a cheannach ar na rátaí céanna a mhuirearaíonn an t-eintiteas ar bhlianachtóirí nua eile tráth a fheidhmíonn an sealbhóir polasaí an rogha sin. Ní aistrítear riosca árachais chuig an eisitheoir le conradh den sórt sin go dtí go bhfeidhmítear an rogha sin, toisc go gceadaítear fós don eintiteas an bhlianacht a phraghsáil ar bhonn lena léireofar an riosca árachais a aistreofar chuig an eintiteas an tráth sin. Dá bhrí sin, fágtar na sreafaí airgid a bheadh ann dá bhfeidhmeofaí an rogha sin lasmuigh de theorainn an chonartha, agus ní bhíonn aon sreabhadh airgid árachais laistigh de theorainn an chonartha sula bhfeidhmítear an rogha sin. Mar sin féin, má shonraítear na rátaí blianachta sa chonradh (nó bunús seachas rátaí margaidh chun na rátaí blianachta a shocrú), aistrítear leis an gconradh riosca árachais chuig an eisitheoir toisc go bhfuil an t-eisitheoir neamhchosanta ar an riosca nach mbainfidh an t-eisitheoir aon tairbhe as na rátaí blianachta nuair a fheidhmeoidh an sealbhóir polasaí an rogha. Sa chás sin, tá na sreafaí airgid a bheadh ann dá bhfeidhmeofaí an rogha laistigh de theorainn an chonartha.

    B25

    I gcás conradh atá i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chonradh árachais, fanfaidh sé ina chonradh árachais go dtí go múchfar na cearta agus na hoibleagáidí uile lena mbaineann (i.e. go dtí go mbeidh an conradh comhlíonta, curtha ar ceal nó imithe in éag), ach amháin i gcás ina ndéanfaí an conradh a dhí-aithint agus míreanna 74–77 á gcur i bhfeidhm, mar gheall ar mhodhnú ar an gconradh.

    Samplaí de chonarthaí árachais

    B26

    Is iad seo a leanas samplaí de chonarthaí atá ina gconarthaí árachais más suntasach an t-aistriú riosca árachais:

    (a)

    árachas in aghaidh na gadaíochta nó damáiste;

    (b)

    árachas in aghaidh dliteanas i leith táirgí, dliteanas gairmiúil, dliteanas sibhialta nó costais dhlíthiúla;

    (c)

    árachas saoil agus pleananna sochraide réamhíoctha (cé gur cinnte go bhfaighidh duine bás, ní féidir a bheith cinnte faoin uair a tharlóidh an bás nó, le haghaidh cineálacha áirithe árachais saoil, an bhfaighidh an duine bás le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an árachas);

    (d)

    blianachtaí agus pinsin saolteagmhasacha, i.e. conarthaí lena soláthraítear cúiteamh maidir leis an teagmhas neamhchinnte sa todhchaí —marthanas an bhlianachtóra nó an phinsinéara—chun leibhéal ioncaim a sholáthar don bhlianachtóir nó don phinsinéir, ar leibhéal ioncaim é a ndéanfadh dochar dó dá mairfeadh sé nó sí. (Maidir le dliteanais fostóirí a eascraíonn as pleananna sochair d’fhostaithe agus as oibleagáidí sochair scoir arna dtuairisciú le pleananna sainithe maidir le sochar scoir, ní áirítear iad faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 7(b) á cur i bhfeidhm);

    (e)

    árachas in aghaidh míchumais agus costais míochaine;

    (f)

    bannaí urra, bannaí dílseachta, bannaí feidhmíochta agus bannaí tairisceana, i.e. conarthaí lena dtugtar cúiteamh don sealbhóir i gcás nach gcomhlíonann páirtí eile oibleagáid chonarthach; mar shampla, oibleagáid chun foirgneamh a thógáil;

    (g)

    barántaí táirge. Barántaí táirge arna n-eisiúint ag páirtí eile i ndáil le hearraí arna ndíol ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir, tagann siad faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, barántaí táirge arna n-eisiúint go díreach ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir, tá siad lasmuigh de raon feidhme IFRS 17, agus mír 7(a) á cur i bhfeidhm, agus, ina ionad sin, tagann siad faoi raon feidhme IFRS 15 nó IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha;

    (h)

    árachas teidil (árachas in aghaidh lochtanna a aimsiú i dteideal chun talún nó foirgneamh nach raibh soiléir tráth a eisíodh an conradh árachais). Sa chás sin, locht a aimsiú sa teideal, is é sin an teagmhas árachaithe, seachas an locht féin;

    (i)

    árachas taistil (cúiteamh in airgead tirim nó cúiteamh comhchineáil do shealbhóirí polasaí i ndáil le caillteanais a thabhaítear roimh thaisteal nó lena linn);

    (j)

    bannaí tubaiste lena ndéantar foráil maidir le híocaíochtaí laghdaithe príomhshuime, íocaíochtaí laghdaithe úis nó iad araon, má dhéantar dochar d’eisitheoir an bhanna mar gheall ar theagmhas sonraithe (ach amháin mura gcruthaítear riosca árachais suntasach mar gheall ar an teagmhas sonraithe; mar shampla, más athrú ar ráta úis nó ar ráta malairte eachtraí atá sa teagmhas);

    (k)

    babhtálacha conarthaí árachais agus conarthaí eile lena n-éilítear íocaíocht ag brath ar athruithe ar athróga aeráide, athróga geolaíocha nó athróga fisiceacha eile a bhaineann go sonrach le páirtí sa chonradh.

    B27

    Is iad seo a leanas samplaí d’ítimí nach bhfuil ina gconarthaí árachais:

    (a)

    conarthaí infheistíochta atá i bhfoirm dhlíthiúil conartha árachais ach nach n-aistrítear leo riosca árachais suntasach chuig an eisitheoir. Mar shampla, ní conarthaí árachais iad conarthaí árachais saoil nach mbaineann aon riosca suntasach mortlaíochta ná riosca suntasach galrachta leis an eintiteas iontu; is ionstraimí airgeadais nó conarthaí seirbhíse iad conarthaí den sórt sin—féach mír B28. Conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta lánroghnacha, níl siad i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chonradh árachais; mar sin féin, tagann siad faoi raon feidhme IFRS 17, ar choinníoll gur eintiteas a eisíonn iad, ar eintiteas é a eisíonn conarthaí árachais freisin, agus mír 3(c) á cur i bhfeidhm;

    (b)

    conarthaí atá i bhfoirm dhlíthiúil árachais, ach lena dtugtar an riosca árachais suntasach uile ar ais don sealbhóir polasaí trí shásraí neamh-inchealaithe agus in-fhorfheidhmithe lena ndéantar íocaíochtaí sa todhchaí ón sealbhóir polasaí leis an eisitheoir a choigeartú mar thoradh díreach ar chaillteanais faoi árachas. Mar shampla, le roinnt conarthaí athárachais airgeadais nó le roinnt grúpchonarthaí, tugtar an riosca árachais suntasach uile ar ais do na sealbhóirí polasaí; is ionstraimí airgeadais nó conarthaí seirbhíse iad conarthaí den sórt sin de ghnáth (féach mír B28);

    (c)

    féin-árachas (i.e. riosca a choinneáil a d’fhéadfaí a chumhdach le hárachas). I gcásanna den sórt sin, ní bhíonn aon chonradh árachais i gceist toisc nach ndéantar aon chomhaontú le páirtí eile. Dá bhrí sin, má eisíonn eintiteas conradh árachais chuig a mháthair-eintiteas, a fhochuideachta nó a chomh-fhochuideachta, ní bhíonn aon chonradh árachais sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i gceist toisc nach bhfuil aon chonradh ann le páirtí eile. Mar sin féin, i gcás ráitis airgeadais aonair nó ráitis airgeadais ar leithligh de chuid an eisitheora nó an tsealbhóra, bíonn conradh árachais i gceist;

    (d)

    conarthaí (amhail conarthaí cearrbhachais) lena n-éilítear íocaíocht má tharlaíonn teagmhas neamhchinnte sonraithe sa todhchaí, ach nach n-éilítear leo, mar réamhchoinníoll chonarthach i ndáil le híocaíocht, nach mór dochar a dhéanamh don sealbhóir polasaí mar gheall ar an teagmhas. Mar sin féin, maidir le conarthaí lena sonraítear íocaíocht réamhchinntithe chun an caillteanas, a tharla mar gheall ar theagmhas sonraithe amhail bás nó timpiste, a chainníochtú, ní eisiatar conarthaí den sórt sin ón sainmhíniú ar chonradh árachais (féach mír B12);

    (e)

    díorthaigh lena bhfágtar páirtí neamhchosanta ar riosca airgeadais ach nach bhfágtar neamhchosanta é ar riosca árachais, toisc go gceanglaítear leis na díorthaigh ar an bpáirtí sin íocaíocht a dhéanamh (nó an ceart a thabhairt dóibh chun íocaíocht a fháil) bunaithe ar na hathruithe ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas agus ar na hathruithe seo amháin: ráta úis sonraithe, praghas ionstraime airgeadais, praghas tráchtearra, ráta malairte eachtraí, innéacs praghsanna nó innéacs rátaí, rátáil chreidmheasa nó innéacs creidmheasa, nó aon athróg eile, ar choinníoll, i gcás athróg neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí sa chonradh;

    (f)

    ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas lena n-éilítear íocaíochtaí fiú murar thabhaigh an sealbhóir caillteanas i gcás nach ndearna an féichiúnaí íocaíochtaí agus iad dlite; cuirtear conarthaí den sórt sin san áireamh agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais á chur i bhfeidhm (féach mír B29);

    (g)

    conarthaí lena n-éilítear íocaíocht a bhraitheann ar athróg aeráide, athróg gheolaíoch nó aon athróg fhisiciúil eile nach mbaineann go sonrach le páirtí sa chonradh (dá ngairtear díorthaigh aimsire go coitianta);

    (h)

    conarthaí lena ndéantar foráil maidir le híocaíochtaí laghdaithe príomhshuime, íocaíochtaí laghdaithe úis nó iad araon, a bhraitheann ar athróg aeráide, athróg gheolaíoch nó aon athróg fhisiciúil eile, nach mbaineann a n-éifeacht go sonrach le páirtí sa chonradh (dá ngairtear bannaí tubaiste go coitianta).

    B28

    Cuirfidh eintiteas Caighdeáin eile is infheidhme i bhfeidhm, amhail IFRS 9 agus IFRS 15, maidir leis na conarthaí ar a dtugtar tuairisc i mír B27.

    B29

    Is féidir na ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas agus na conarthaí árachais creidmheasa a phléitear i mír B27(f) a bheith i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla, cuir i gcás foirm dhlíthiúil ráthaíochta, roinnt cineálacha litreacha creidmheasa, conartha mainneachtana creidmheasa nó conartha árachais. Conarthaí árachais atá sna conarthaí sin má cheanglaítear ar an eisitheoir leo íocaíochtaí sonraithe a dhéanamh chun an sealbhóir a aisíoc i ndáil le caillteanas a thabhaíonn an sealbhóir toisc nach ndéanann féichiúnaí sonraithe íocaíocht leis an sealbhóir polasaí agus í dlite, agus buntéarmaí nó téarmaí modhnaithe ionstraime fiachais á gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, eisiatar conarthaí árachais den sórt sin ó raon feidhme IFRS 17, ach amháin i gcás inar dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais (féach mír 7(e)).

    B30

    Maidir le ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas agus conarthaí árachais creidmheasa lena n-éilítear íocaíocht, fiú amháin murar thabhaigh an sealbhóir polasaí caillteanas i gcás nach ndearna an féichiúnaí íocaíochtaí agus iad dlite, tá na ráthaíochtaí agus na conarthaí sin lasmuigh de raon feidhme IFRS 17 toisc nach n-aistrítear riosca árachais suntasach leo. Áirítear le conarthaí den sórt sin na conarthaí sin lena n-éilítear íocaíocht:

    (a)

    gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an ionstraim fiachais fholuiteach i seilbh an chontrapháirtí; nó

    (b)

    nuair a thagann athrú ar an rátáil chreidmheasa nó ar an innéacs creidmheasa, seachas i gcás nach ndéanann féichiúnaí sonraithe íocaíochtaí agus iad dlite.

    COMHPHÁIRTEANNA A DHEIGHILT Ó CHONRADH ÁRACHAIS (MÍREANNA 10–13)

    Comhpháirteanna infheistíochta (mír 11(b))

    B31

    Le mír 11(b), ceanglaítear ar eintiteas comhpháirt infheistíochta leithleach a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh. Tá comhpháirt infheistíochta leithleach más rud é, agus sa chás seo amháin, go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

    (a)

    níl dlúthbhaint idir an chomhpháirt infheistíochta agus an chomhpháirt árachais;

    (b)

    díolann eintitis, a eisíonn conarthaí árachais, nó páirtithe eile, conradh lena ngabhann téarmaí coibhéiseacha, nó d’fhéadfaidís conradh den sórt sin a dhíol, ar leithligh sa mhargadh céanna nó sa dlínse chéanna. Cuirfidh an t-eintiteas an fhaisnéis uile atá ar fáil go réasúnach san áireamh agus an cinneadh sin á dhéanamh. Ní cheanglaítear ar an eintiteas cuardach uileghabhálach a dhéanamh chun a shainaithint cé acu a dhíoltar nó nach ndíoltar comhpháirt infheistíochta ar leithligh.

    B32

    Níl dlúthbhaint idir comhpháirt infheistíochta agus comhpháirt árachais ach amháin sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    ní féidir leis an eintiteas comhpháirt amháin a thomhas gan breithniú a dhéanamh ar an gceann eile. Dá bhrí sin, má tá luach comhpháirte amháin éagsúil de réir luach na comhpháirte eile, cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt chomhcheangailte infheistíochta agus árachais; nó

    (b)

    ní féidir leis an sealbhóir polasaí tairbhiú de chomhpháirt amháin mura bhfuil an chomhpháirt eile ann freisin. Dá bhrí sin, má théann comhpháirt amháin i léig nó in aibíocht toisc go dtéann an chomhpháirt eile i léig nó in aibíocht, cuirfidh an t-eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt chomhcheangailte infheistíochta agus árachais.

    Gealltanais chun earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais a aistriú (mír 12)

    B33

    Le mír 12, ceanglaítear ar eintiteas conradh árachais a dheighilt ó ghealltanas chun earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais a aistriú chuig sealbhóir polasaí. Chun críche deighilte, ní dhéanfaidh eintiteas breithniú ar ghníomhaíochtaí nach mór d’eintiteas a dhéanamh chun conradh a chomhlíonadh, ach amháin i gcás ina n-aistríonn an t-eintiteas earra nó seirbhís seachas seirbhísí conartha árachais chuig an sealbhóir polasaí de réir mar a dhéantar na gníomhaíochtaí sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar eintiteas roinnt cúraimí éagsúla riaracháin a chur i gcrích chun conradh a bhunú. Ní aistrítear seirbhís chuig an sealbhóir polasaí le cur i gcrích na gcúraimí sin de réir mar a chuirtear na cúraimí sin i gcrích.

    B34

    Tá earra nó seirbhís seachas seirbhís conartha árachais arna gealladh do shealbhóir polasaí leithleach más féidir leis an sealbhóir polasaí tairbhiú den earra leis féin nó den tseirbhís léi féin nó díobh in éineacht le hacmhainní eile atá le fáil go héasca don sealbhóir polasaí. Is é atá i gceist le hacmhainní atá ar fáil go héasca earraí nó seirbhísí a dhíoltar ar leithligh (a dhíolann an t-eintiteas nó eintiteas eile), nó acmhainní a fuair an sealbhóir polasaí cheana féin (ón eintiteas nó ó idirbhearta nó teagmhais eile).

    B35

    Níl earra nó seirbhís, seachas seirbhís conartha árachais arna gealladh do shealbhóir polasaí, leithleach sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    tá dlúthbhaint idir na sreafaí airgid agus na rioscaí a bhaineann leis an earra nó leis an tseirbhís agus na sreafaí airgid agus na rioscaí a bhaineann leis na comhpháirteanna árachais sa chonradh; agus

    (b)

    soláthraíonn an t-eintiteas seirbhís shuntasach tríd an earra nó an tseirbhís á chomhtháthú leis na comhpháirteanna árachais.

    SREAFAÍ AIRGID ÉADÁLA ÁRACHAIS (MÍREANNA 28A–28F)

    B35A

    Chun mír 28A a chur i bhfeidhm, úsáidfidh eintiteas modh córasach agus réasúnach chun an méid seo a leanas a leithdháileadh:

    (a)

    sreafaí airgid éadála árachais is inchurtha go díreach i leith grúpa conarthaí árachais:

    (i)

    i leith an ghrúpa sin; agus

    (ii)

    i leith grúpaí lena n-áireofar conarthaí árachais a mheastar go dtiocfaidh siad as athnuachaintí na gconarthaí árachais sa ghrúpa sin.

    (b)

    sreafaí airgid éadála árachais is inchurtha go díreach i leith punann conarthaí árachais, seachas iad sin in (a), i leith grúpaí conarthaí sa phunann.

    B35B

    Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas athbhreithniú ar na méideanna arna leithdháileadh mar a shonraítear i mír B35A chun aon athrú ar thoimhdí a léiriú lena gcinntear na hionchuir leis an modh leithdháilte arna úsáid. Ní athróidh eintiteas na méideanna arna leithdháileadh ar ghrúpa conarthaí árachais tar éis na conarthaí uile a chur leis an ngrúpa (féach mír B35C).

    B35C

    D’fhéadfadh eintiteas conarthaí árachais a chur le grúpa conarthaí árachais thar níos mó ná tréimhse tuairiscithe amháin (féach mír 28). Sna cásanna sin, déanfaidh eintiteas an chuid den tsócmhainn a dhí-aithint le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a bhaineann le conarthaí árachais a cuireadh leis an ngrúpa sa tréimhse sin agus leanúint de shócmhainn a aithint le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a mhéid a bhaineann an tsócmhainn le conarthaí árachais a mheastar go gcuirfear leis an ngrúpa iad i dtréimhse tuairiscithe sa todhchaí.

    B35D

    Chun mír 28E a chur i bhfeidhm:

    (a)

    aithneoidh eintiteas caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas agus laghdóidh sé méid glanluacha sócmhainne le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ionas nach mó méid glanluacha na sócmhainne ná an glan-insreabhadh ionchasach airgid i gcomhair an ghrúpa ghaolmhair de chonarthaí árachais, arna chinneadh agus mír 32(a) á cur i bhfeidhm;

    (b)

    i gcás ina leithdháileann eintiteas sreafaí airgid éadála árachais ar ghrúpaí conarthaí árachais agus mír B35A(a)(ii) á cur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas agus laghdóidh sé méid glanluacha na sócmhainní gaolmhara le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais:

    (i)

    a mhéid a mheasann an t-eintiteas go mbeidh na sreafaí airgid éadála árachais sin níos mó ná an glan-insreabhadh airgid maidir leis na hathnuachaintí ionchasacha, arna chinneadh agus mír 32(a) á cur i bhfeidhm; agus

    (ii)

    níor aithníodh an barrachas arna chinneadh agus pointe (b)(i) á chur i bhfeidhm cheana féin mar chaillteanas lagaithe agus pointe (a) á chur i bhfeidhm.

    TOMHAS (MÍREANNA 29–71)

    Meastacháin maidir le sreafaí airgid todhchaí (míreanna 33–35)

    B36

    Tugtar aghaidh ar an méid seo a leanas sa roinn seo:

    (a)

    úsáid neamhchlaonta na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí (féach míreanna B37–B41);

    (b)

    athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh (féach míreanna B42–B53);

    (c)

    meastacháin atá ann faoi láthair a úsáid (féach míreanna B54–B60); agus

    (d)

    sreafaí airgid laistigh de theorainn an chonartha (féach míreanna B61–B71).

    Úsáid neamhchlaonta na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí (féach mír 33(a))

    B37

    Is é is cuspóir do mheastachán a dhéanamh ar shreafaí airgid todhchaí an luach ionchasach, nó an meán arna ualú de réir dóchúlachta, a chinneadh i ndáil le raon iomlán na dtorthaí féideartha, agus breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil ar an dáta tuairiscithe gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí. Maidir le faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá ar fáil ar an dáta tuairiscithe gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, áirítear léi faisnéis maidir le teagmhais roimhe seo agus dálaí atá ann faoi láthair, agus réamhaisnéisí i ndáil le dálaí sa todhchaí (féach mír B41). Faisnéis atá ar fáil ó chórais faisnéise an eintitis féin, meastar í a bheith ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí.

    B38

    An pointe tosaigh chun meastachán a dhéanamh ar shreafaí airgid, is raon cásanna é lena léirítear raon iomlán na dtorthaí féideartha. Sonraítear i ngach cás méid agus uainiú na sreafaí airgid le haghaidh toradh ar leith, mar aon le dóchúlacht mheasta an toraidh sin. Déantar na sreafaí airgid ó gach cás a lascainiú agus a ualú de réir dhóchúlacht mheasta an toraidh sin chun luach láithreach ionchasach a chinneadh. Dá bhrí sin, ní hé an cuspóir toradh is dóichí, ná toradh is dóichí ná a mhalairt, a fhorbairt i ndáil le sreafaí airgid todhchaí.

    B39

    Agus breithniú á dhéanamh ar raon iomlán na dtorthaí féideartha, is é an cuspóir an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá ar fáil a chur san áireamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí ar bhealach neamhchlaonta, in ionad gach cás a d’fhéadfadh tarlú a shainaithint. Sa chleachtas, ní gá cásanna sainráite a fhorbairt má tá an meastachán a fhaightear dá bharr comhsheasmhach le cuspóir an tomhais i dtaobh breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, agus an meán á chinneadh. Mar shampla, má mheasann eintiteas go bhfuil dáileadh dóchúlachta na dtorthaí comhsheasmhach tríd is tríd le dáileadh dóchúlachta a bhféadfaí tuairisc iomlán a thabhairt air le líon beag paraiméadar, beidh sé leordhóthanach chun meastachán a dhéanamh ar an líon níos lú de pharaiméadair. Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí freagra atá laistigh de raon beachtais inghlactha a fháil le samhaltú measartha simplí, gan an gá le mórán ionsamhlúchán mionsonraithe. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh na sreafaí airgid faoi thionchar bunfhachtóirí casta, agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh athrú ar na sreafaí airgid sin ar bhealach neamhlíneach de thoradh athruithe ar dhálaí eacnamaíocha. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, má léiríonn na sreafaí airgid sraith roghanna idirghaolmhara atá intuigthe nó sainráite. Sna cásanna sin, is dócha go mbeidh gá le samhaltú stocastach níos sofaisticiúla chun an cuspóir tomhais a chomhlíonadh.

    B40

    Áireofar leis na cásanna a fhorbrófar meastacháin neamhchlaonta ar an dóchúlacht go dtarlódh caillteanais i ngeall ar thubaistí faoi na conarthaí reatha. Ní áirítear leo éilimh a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi chonarthaí féideartha sa todhchaí.

    B41

    Déanfaidh eintiteas meastachán ar dhóchúlachtaí agus ar mhéideanna na n-íocaíochtaí sa todhchaí faoi chonarthaí reatha ar bhonn na faisnéise a fuarthas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    faisnéis maidir le héilimh arna dtuairisciú ag sealbhóirí polasaí cheana;

    (b)

    faisnéis eile maidir le saintréithe aitheanta nó measta na gconarthaí árachais;

    (c)

    sonraí stairiúla faoi eispéireas an eintitis féin, arna bhforlíonadh nuair is gá le sonraí stairiúla ó fhoinsí eile. Déantar sonraí stairiúla a choigeartú chun na dálaí atá ann faoi láthair a léiriú, mar shampla, sna cásanna seo a leanas:

    (i)

    tá éagsúlacht ann idir saintréithe an daonra árachaithe (nó beidh éagsúlacht ann, mar shampla, de bharr roghnú díobhálach) agus saintréithe an daonra a úsáideadh mar bhunús le haghaidh na sonraí stairiúla;

    (ii)

    tá táscairí ann lena léirítear nach leanfaidh treochtaí stairiúla ar aghaidh, go dtiocfaidh treochtaí nua chun cinn nó go bhféadfaidh athruithe eacnamaíocha, déimeagrafacha agus athruithe eile difear a dhéanamh do na sreafaí airgid a eascraíonn as na conarthaí árachais atá ann cheana féin; nó

    (iii)

    tháinig athruithe ar ítimí amhail nósanna imeachta frithgheallta agus nósanna imeachta bainistíochta éileamh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’ábharthacht na sonraí stairiúla i ndáil leis na conarthaí árachais.

    (d)

    faisnéis maidir leis an bpraghas atá i bhfeidhm faoi láthair, má tá sí ar fáil, le haghaidh conarthaí athárachais agus ionstraimí airgeadais eile (más ann dóibh) lena gcumhdaítear rioscaí comhchosúla, amhail bannaí tubaiste agus díorthaigh aimsire, agus praghsanna margaidh atá ann le déanaí ar aistrithe conarthaí árachais. Déanfar an fhaisnéis sin a choigeartú chun na difríochtaí idir na sreafaí airgid a eascraíonn as na conarthaí athárachais sin agus as ionstraimí airgeadais eile a léiriú, mar aon leis na sreafaí airgid a d’eascródh de réir mar a chomhlíonfadh an t-eintiteas na conarthaí foluiteacha leis an sealbhóir polasaí.

    Athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh

    B42

    Sainaithnítear dhá chineál athróg in IFRS 17:

    (a)

    athróga margaidh—athróga is féidir a bhrath i margaí, nó is féidir a dhíorthú go díreach ó mhargaí (mar shampla, praghsanna urrús arna dtrádáil go poiblí agus rátaí úis); agus

    (b)

    athróga neamh-mhargaidh—gach athróg eile (mar shampla, minicíocht agus déine na n-éileamh árachais agus mortlaíocht).

    B43

    De ghnáth, bíonn athróga margaidh ina gcúis le riosca airgeadais (mar shampla, rátaí úis inbhraite) agus bíonn athróga neamh-mhargaidh ina gcúis le riosca neamhairgeadais (mar shampla, rátaí mortlaíochta). Mar sin féin, ní mar sin a bheidh sé i gcónaí. Mar shampla, d’fhéadfadh toimhdí a bheith ann a bhaineann le rioscaí airgeadais nach féidir athróga a bhrath i margaí, nó a dhíorthú go díreach ó mhargaí, ina leith (mar shampla, rátaí úis nach féidir a bhrath i margaí, nó nach féidir iad a dhíorthú go díreach ó mhargaí).

    Athróga margaidh (mír 33(b))

    B44

    Beidh meastacháin ar athróga margaidh comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh inbhraite ar dháta an tomhais. Bainfidh eintiteas an úsáid is mó is féidir as ionchuir inbhraite agus ní úsáidfidh sé a chuid meastachán féin le haghaidh sonraí margaidh inbhraite ina n-ionad, ach amháin mar a thuairiscítear i mír 79 de IFRS 13 Tomhas Cóirluacha. I gcomhréir le IFRS 13, más gá athróga a dhíorthú (mar shampla, toisc nach bhfuil aon athróg margaidh inbhraite ann) beidh siad chomh comhsheasmhach agus is féidir le hathróga margaidh inbhraite.

    B45

    Déantar raon tuairimí faoi thorthaí féideartha sa todhchaí a chumasc le praghsanna margaidh agus léirítear iontu roghanna na rannpháirtithe sa mhargadh i ndáil le riosca freisin. Dá bhrí sin, ní réamhaisnéis aonphointe maidir leis an toradh sa todhchaí atá iontu. Más rud é go bhfuil difríocht idir an toradh iarbhír agus an praghas margaidh a bhí ann roimhe sin, ní chiallaíonn sé sin go raibh an praghas margaidh ‘mícheart’.

    B46

    Rud tábhachtach a bhaineann le hathróga margaidh a chur i bhfeidhm is ea an tuairim maidir le sócmhainn mhacasamhlaithe nó punann mhacasamhlaithe sócmhainní. Is é is sócmhainn mhacasamhlaithe ann, sócmhainn a bhfuil a sreafaí airgid díreach mar an gcéanna, i ngach cás, le sreafaí airgid conarthacha grúpa conarthaí árachais ó thaobh méid, uainithe agus neamhchinnteachta de. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sócmhainn mhacasamhlaithe a bheith ann le haghaidh roinnt de na sreafaí airgid a eascraíonn as grúpa conarthaí árachais. Léirítear i gcóirluach na sócmhainne sin luach láithreach ionchasach na sreafaí airgid ón tsócmhainn mar aon leis an riosca a bhaineann leis na sócmhainní airgid sin. Más ann do phunann mhacasamhlaithe sócmhainní le haghaidh roinnt de na sreafaí airgid a eascraíonn as grúpa conarthaí árachais, féadfaidh an t-eintiteas cóirluach na sócmhainní sin a úsáid chun na sreafaí airgid comhlíonta ábhartha a thomhas in ionad na sreafaí airgid agus an ráta lascaine a mheas go sainráite.

    B47

    Ní cheanglaítear le IFRS 17 ar eintiteas teicníc na punainne macasamhlaithe a úsáid. Mar sin féin, más ann do shócmhainn mhacasamhlaithe nó do phunann mhacasamhlaithe le haghaidh roinnt de na sreafaí airgid a eascraíonn as conarthaí árachais agus má roghnaíonn eintiteas teicníc dhifriúil a úsáid, ní mór don eintiteas deimhniú dó féin nár dhócha go bhfaighfí tomhas ar na sreafaí airgid sin a bheadh difriúil go hábhartha.

    B48

    Maidir le teicnící eile seachas teicníc punainne macasamhlaithe, amhail teicnící samhaltaithe stocastaigh, d’fhéadfadh sé go mbeidís níos láidre nó níos éasca lena gcur chun feidhme má tá idirspleáchais shuntasacha idir sreafaí airgid a bhíonn éagsúil bunaithe ar thorthaí ar shócmhainní agus sreafaí airgid eile. Tá gá le breithiúnas chun an teicníc is fearr a chinneadh lena gcomhlíonfaí cuspóir na comhsheasmhachta le hathróga margaidh inbhraite in imthosca sonracha. Go háirithe, mar thoradh ar an teicníc a úsáidtear, ní mór aon rogha agus ráthaíochtaí arna gcuimsiú sna conarthaí árachais a thomhas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le praghsanna margaidh inbhraite (más ann dóibh) na roghanna agus na ráthaíochtaí sin.

    Athróga neamh-mhargaidh

    B49

    Sna meastacháin ar athróga neamh-mhargaidh, léireofar an fhianaise réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, go seachtrach agus go hinmheánach araon.

    B50

    Féadfaidh ábharthacht níos mó nó níos lú a bheith ag sonraí seachtracha neamh-mhargaidh (mar shampla, staidreamh mortlaíochta náisiúnta) ná sonraí inmheánacha (mar shampla, staidreamh mortlaíochta arna fhorbairt go hinmheánach), ag brath ar na himthosca. Mar shampla, ní bhraithfidh eintiteas a eisíonn conarthaí árachais saoil ar staidreamh mortlaíochta náisiúnta amháin, ach déanfaidh sé breithniú ar gach foinse faisnéise réasúnach eile ar féidir tacú léi, idir fhoinsí inmheánacha agus fhoinsí seachtracha, atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí agus meastacháin neamhchlaonta á bhforbairt aige ar dhóchúlachtaí cásanna mortlaíochta i ndáil lena chuid conarthaí árachais. Agus na dóchúlachtaí sin á bhforbairt ag eintiteas, tabharfaidh sé aird níos mó ar an bhfaisnéis is áitithí. Mar shampla:

    (a)

    d’fhéadfadh sé go mbeadh staidreamh mortlaíochta inmheánach níos áitithí ná sonraí mortlaíochta náisiúnta má chinntear na sonraí náisiúnta ó dhaonra mór nach bhfuil ionadaíoch ar an daonra árachaithe. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, toisc go bhféadfadh difríocht mhór a bheith idir saintréithe déimeagrafacha an daonra árachaithe agus saintréithe an daonra náisiúnta, rud a chiallódh go mbeadh ar eintiteas aird níos mó a thabhairt ar na sonraí inmheánacha agus aird níos lú a thabhairt ar an staidreamh náisiúnta;

    (b)

    os a choinne sin, má chinntear an staidreamh inmheánach ó dhaonra beag a bhfuil saintréithe acu a chreidtear a bheith comhchosúil le saintréithe an daonra náisiúnta, agus gur staidreamh reatha atá sa staidreamh náisiúnta, tabharfaidh eintiteas aird níos mó ar an staidreamh náisiúnta.

    B51

    Ní thiocfaidh dóchúlachtaí measta le haghaidh athróga neamh-mhargaidh salach ar athróga margaidh inbhraite. Mar shampla, beidh na dóchúlachtaí measta le haghaidh cásanna ráta boilscithe sa todhchaí chomh comhsheasmhach agus is féidir leis na dóchúlachtaí atá intuigthe as rátaí úis an mhargaidh.

    B52

    I gcásanna áirithe, féadfaidh eintiteas a mheas go mbíonn athróga margaidh éagsúil go neamhspleách ar athróga neamh-mhargaidh. Más amhlaidh sin, déanfaidh an t-eintiteas breithniú ar chásanna lena léireofar raon na dtorthaí le haghaidh na n-athróg neamh-mhargaidh, agus úsáid á baint as an luach breathnaithe céanna ar an athróg margaidh i ngach cás.

    B53

    I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh comhghaolaithe. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh fianaise ann lena léirítear go bhfuil rátaí dul i léig (athróg neamh-mhargaidh) comhghaolaithe le rátaí úis (athróg margaidh). Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh fianaise ann lena léirítear go bhfuil leibhéil na n-éileamh ar árachas tí nó gluaisteáin comhghaolaithe le timthriallta eacnamaíocha agus, dá bhrí sin, le rátaí úis agus méideanna costais. Maidir leis na dóchúlachtaí le haghaidh na gcásanna agus na coigeartuithe riosca i ndáil leis an riosca neamh-airgeadais a bhaineann leis na hathróga margaidh, áiritheoidh an t-eintiteas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh breathnaithe a bhraitheann ar na hathróga margaidh sin.

    Meastacháin atá ann faoi láthair a úsáid (mír 33(c))

    B54

    Agus gach cás sreafa airgid agus a dhóchúlacht á meas ag eintiteas, úsáidfidh an t-eintiteas an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí. Déanfaidh eintiteas athbhreithniú ar na meastacháin a rinne sé ag deireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad. Agus é sin á dhéanamh ag eintiteas, déanfaidh sé breithniú i dtaobh an mhéid seo a leanas:

    (a)

    an léirítear go dílis na dálaí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe leis na meastacháin a tugadh cothrom le dáta;

    (b)

    an léirítear go dílis na hathruithe ar dhálaí le linn na tréimhse leis na hathruithe ar na meastacháin. Mar shampla, cuir i gcás go raibh meastacháin ar thaobh amháin de raon réasúnach ag tús na tréimhse. Murar tháinig athrú ar na dálaí, dá n-athrófaí na meastacháin chuig an taobh eile den raon ag deireadh na tréimhse, ní léireofaí go dílis an méid a tharla le linn na tréimhse leis sin. Má tá difríocht idir na meastacháin is déanaí de chuid eintitis agus a mheastacháin roimhe sin, ach gan athrú a bheith tagtha ar na dálaí, déanfaidh sé measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil údar maith leis na dóchúlachtaí nua a shanntar do gach cás. Agus a mheastacháin ar na dóchúlachtaí sin á dtabhairt cothrom le dáta ag an eintiteas, déanfaidh sé breithniú ar an bhfianaise a bhí ina tacú lena mheastacháin roimhe sin agus ar an bhfianaise nua uile atá ar fáil, agus aird níos mó á tabhairt don fhianaise níos áitithí.

    B55

    Beidh an dóchúlacht a shannfar do gach cás ag teacht leis na dálaí ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Dá bhrí sin, trí IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe a chur i bhfeidhm, má tharlaíonn teagmhas tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe lena réitítear neamhchinnteacht a bhí ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe, ní sholáthraítear leis sin fianaise ar na dálaí a bhí ann ar an dáta sin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh dóchúlacht 20 faoin gcéad ann ag deireadh na tréimhse tuairiscithe go mbuailfidh stoirm mhór le linn na sé mhí atá fágtha de chonradh árachais. Tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, buaileann stoirm mhór. Leis na sreafaí airgid comhlíonta faoin gconradh sin, ní léireofar an stoirm arb eol, ar bhreathnú siar, gur tharla sí. Ina ionad sin, sna sreafaí airgid a áirítear sa tomhas, áirítear an dóchúlacht 20 faoin gcéad a bhí dealraitheach ag deireadh na tréimhse tuairiscithe (i dteannta le nochtadh, agus IAS 10 á chur i bhfeidhm, ina mínítear gur tharla teagmhas neamhchoigeartúcháin tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe).

    B56

    Ní gá gurb ionann meastacháin reatha ar na sreafaí airgid ionchasacha agus an taithí iarbhír is déanaí. Mar shampla, cuir i gcás go raibh an taithí mhortlaíochta sa tréimhse tuairiscithe 20 faoin gcéad níos measa ná an taithí mhortlaíochta roimhe sin agus níos measa ná ionchais roimhe sin maidir le taithí mhortlaíochta. D’fhéadfadh fachtóirí éagsúla a bheith ina gcúis leis an athrú tobann ar an taithí, lena n-áirítear:

    (a)

    athruithe marthanacha ar an mortlaíocht;

    (b)

    athruithe ar shaintréithe an daonra árachaithe (mar shampla, athruithe ar fhrithghealladh nó ar dháileadh, nó dul i léig roghnaitheach sealbhóirí polasaí a bhfuil an tsláinte níos fearr acu ná is gnách);

    (c)

    luaineachtaí randamacha; nó

    (d)

    cúiseanna neamh-athfhillteacha in-sainaitheanta.

    B57

    Déanfaidh eintiteas imscrúdú ar na cúiseanna atá leis an athrú ar thaithí agus forbróidh sé meastacháin nua ar shreafaí airgid agus ar dhóchúlachtaí i bhfianaise na taithí is déanaí, na taithí roimhe sin agus faisnéis eile. Mar thoradh ar an sampla i mír B56, ba é ba dhóichí go dtiocfadh athrú ar luach láithreach ionchasach na sochar báis, ach gan athrú chomh hard le 20 faoin gcéad a bheith i gceist. Sa sampla i mír B56, má leanann na rátaí mortlaíochta de bheith i bhfad níos airde ná na meastacháin roimhe sin ar chúiseanna a bhfuil coinne ann go leanfar díobh, tiocfaidh méadú ar an dóchúlacht mheasta a shannfar do na cásanna ardmhortlaíochta.

    B58

    Sna meastacháin ar athróga neamh-mhargaidh, áireofar faisnéis maidir le leibhéal reatha na dteagmhas árachaithe agus faisnéis maidir le treochtaí. Mar shampla, tá laghdú comhsheasmhach tagtha ar rátaí mortlaíochta thar thréimhsí fada i roinnt mhaith tíortha. Leis an gcinneadh ar na sreafaí airgid comhlíonta, léirítear na dóchúlachtaí a bheadh sannta do chás gach treochta féideartha, agus an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí á cur san áireamh.

    B59

    Ar an gcaoi chéanna, má tá na sreafaí airgid a leithdháiltear ar ghrúpa conarthaí árachais faoi réir boilsciú, leis an gcinneadh ar na sreafaí airgid comhlíonta, léireofar meastacháin reatha ar rátaí boilscithe a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí. Ós rud é gur dócha go mbeidh rátaí boilscithe comhghaolaithe le rátaí úis, le tomhas na sreafaí airgid comhlíonta léireofar na dóchúlachtaí le haghaidh gach cáis boilscithe ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na dóchúlachtaí atá intuigthe as rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear agus an ráta lascaine á mheas (féach mír B51).

    B60

    Agus meastachán á dhéanamh ag eintiteas ar na sreafaí airgid, cuirfidh sé ionchais reatha san áireamh maidir le teagmhais sa todhchaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na sreafaí airgid sin. Forbróidh an t-eintiteas cásanna sreabhaidh airgid lena léireofar na teagmhais sin sa todhchaí, mar aon le meastacháin neamhchlaonta ar dhóchúlacht gach cáis. Mar sin féin, ní chuirfidh eintiteas ionchais reatha san áireamh maidir le hathruithe ar an reachtaíocht sa todhchaí lena n-athrófaí nó lena n-urscaoilfí an oibleagáid atá ann cheana nó lena gcruthófaí oibleagáidí nua faoin gconradh árachais atá ann cheana go dtí go ndéanfar an t-athrú ar an reachtaíocht a achtú go substainteach.

    Sreafaí airgid laistigh de theorainn an chonartha (mír 34)

    B61

    Sna meastacháin ar shreafaí airgid i gcás éigin, áireofar na sreafaí airgid uile laistigh de theorainn conartha atá ann cheana agus ní áireofar aon sreabhadh airgid eile. Cuirfidh eintiteas mír 2 i bhfeidhm agus teorainn conartha atá ann cheana á cinneadh.

    B62

    Tá gnéithe ag roinnt mhaith conarthaí árachais lena gcuirtear ar a gcumas do shealbhóirí polasaí bearta a dhéanamh lena n-athraítear méid, uainiú, cineál nó neamhchinnteacht na méideanna a gheobhaidh siad. Sna gnéithe sin, áirítear roghanna athnuachana, roghanna géilliúna, roghanna tiontúcháin agus roghanna chun stopadh de bheith ag íoc préimheanna, agus sochair á bhfáil faoi na conarthaí fós. Leis an tomhas a dhéantar ar ghrúpa conarthaí árachais, léireofar, ar bhonn luach ionchasach, meastacháin reatha an eintitis i dtaobh conas a fheidhmeoidh na sealbhóirí polasaí sa ghrúpa na roghanna atá ar fáil, agus leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, léireofar meastacháin reatha an eintitis i dtaobh conas a d’fhéadfadh iompraíocht iarbhír na sealbhóirí polasaí a bheith éagsúil leis an iompraíocht ionchasach. Tá feidhm ag an gceanglas sin chun an luach ionchasach a chinneadh gan beann ar an líon conarthaí i ngrúpa; mar shampla tá feidhm aige fiú amháin i gcás nach bhfuil ach conradh amháin sa ghrúpa. Dá bhrí sin, agus grúpa conarthaí árachais á thomhas, ní thoimhdeofar dóchúlacht 100 faoin gcéad go ndéanfaidh na sealbhóirí polasaí an méid seo a leanas:

    (a)

    a gconarthaí a ghéilleadh, má tá dóchúlacht éigin ann nach ndéanfaidh roinnt de na sealbhóirí polasaí amhlaidh; nó

    (b)

    leanúint dá gconarthaí, má tá dóchúlacht éigin ann nach ndéanfaidh roinnt de na sealbhóirí polasaí amhlaidh.

    B63

    I gcás ina gceanglaítear leis an gconradh ar eisitheoir conartha árachais an conradh a athnuachan nó leanúint de ar bhealach eile, cuirfidh sé mír 34 i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil préimheanna agus sreafaí airgid gaolmhara, a eascraíonn as an gconradh athnuachana, laistigh de theorainn an chonartha bunaidh.

    B64

    I mír 34, tagraítear do chumas praiticiúil eintitis praghas a shocrú ar dháta sa todhchaí (dáta athnuachana) lena léireofar na rioscaí sa chonradh ón dáta sin ina n-iomláine. Tá an cumas praiticiúil sin in eintiteas in éagmais srianta lena gcuirtear cosc ar an eintiteas praghas a shocrú arb é an praghas céanna é a shocródh sé le haghaidh conradh nua agus na saintréithe céanna aige leis an gconradh atá ann cheana agus a eisítear ar an dáta sin, nó más féidir leis na sochair a leasú le bheith comhsheasmhach leis an bpraghas a ghearrfaidh sé. Ar an gcaoi chéanna, tá an cumas praiticiúil sin in eintiteas praghas a shocrú nuair is féidir leis conradh atá ann cheana a athphraghsáil ionas go léireofar leis an bpraghas athruithe foriomlána ar na rioscaí i bpunann conarthaí árachais, fiú más rud é nach léirítear leis an bpraghas a shocraítear do gach sealbhóir polasaí aonair an t-athrú ar an riosca don sealbhóir polasaí sonrach sin. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cumas praiticiúil san eintiteas praghas a shocrú lena léireofar na rioscaí sa chonradh nó sa phunann ina n-iomláine, déanfaidh sé breithniú ar na rioscaí uile ar a ndéanfadh sé breithniú agus conarthaí coibhéiseacha á bhfrithghealladh aige ar an dáta athnuachana le haghaidh na seirbhíse atá fágtha. Agus na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí á gcinneadh ag deireadh tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar theorainn conartha árachais chun an éifeacht atá ag athruithe ar imthosca ar chearta agus ar oibleagáidí substainteacha an eintitis a áireamh.

    B65

    Is é atá i gceist le sreafaí airgid laistigh de theorainn conartha árachais na sreafaí airgid sin a bhaineann go díreach le comhlíonadh an chonartha, lena n-áirítear sreafaí airgid ar ina leith atá discréid ag an eintiteas maidir leis an méid nó leis an uainiú. Sna sreafaí airgid laistigh den teorainn, áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    préimheanna (lena n-áirítear coigeartuithe ar phréimheanna agus préimheanna tráthchoda) ó shealbhóir polasaí agus aon sreabhadh airgid breise a thagann as na préimheanna sin;

    (b)

    íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann), lena n-áirítear éilimh a tuairiscíodh cheana ach nár íocadh go fóill (i.e. éilimh thuairiscithe), éilimh thabhaithe le haghaidh teagmhais a tharla cheana ach nár tuairiscíodh éilimh ina leith agus na héilimh uile sa todhchaí a bhfuil oibleagáid shubstainteach ag an eintiteas ina leith (féach mír 34);

    (c)

    íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann) a athraíonn ag brath ar thorthaí ar ítimí foluiteacha;

    (d)

    íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann) a thagann as díorthaigh, mar shampla, roghanna agus ráthaíochtaí atá leabaithe sa chonradh, a mhéid nach bhfuil na roghanna ná na ráthaíochtaí sin deighilte ón gconradh árachais (féach mír 11(a));

    (e)

    leithdháileadh sreafaí airgid éadála árachais atá inchurtha i leith na punainne lena mbaineann an conradh;

    (f)

    costais láimhseála éileamh (i.e. na costais a thabhóidh an t-eintiteas agus éilimh á n-imscrúdú, á bpróiseáil agus á réiteach aige faoi chonarthaí árachais atá ann cheana, lena n-áirítear táillí dlí agus coigeartóirí caillteanais agus costais inmheánacha a bhaineann le héilimh a imscrúdú agus le híocaíochtaí éilimh a phróiseáil);

    (g)

    na costais a thabhóidh an t-eintiteas agus sochair chonarthacha, ar íocaíochtaí comhchineáil iad, á soláthar;

    (h)

    costais riaracháin agus cothabhála polasaithe, amhail costais a bhaineann le préimheanna a bhilleáil agus le hathruithe ar pholasaí a láimhseáil (mar shampla, tiontuithe agus athshuíomhanna). Áirítear freisin sna costais sin coimisiúin athfhillteacha a bhfuil coinne ann go n-íocfar le hidirghabhálaithe iad má leanann sealbhóir polasaí ar leith de bheith ag íoc na bpréimheanna laistigh de theorainn an chonartha árachais;

    (i)

    cánacha idirbheart-bhunaithe (amhail cánacha préimheanna, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) agus tobhaigh (amhail tobhaigh seirbhíse dóiteáin agus measúnuithe ciste ráthaíochta) a eascraíonn go díreach as conarthaí árachais atá ann cheana, nó is féidir a bheith inchurtha ina leith ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach;

    (j)

    íocaíochtaí ón árachóir i gcáil mhuiníneach chun oibleagáidí cánach arna dtabhú ag an sealbhóir polasaí a chomhlíonadh, agus fáltais ghaolmhara;

    (k)

    insreafaí airgid féideartha ó aisghabhálacha (amhail tarrthálas agus seachaíocht) ar éilimh sa todhchaí a chumhdaítear le conarthaí árachais atá ann cheana agus, a mhéid nach gcáilíonn siad lena n-aithint mar shócmhainní ar leithligh, insreafaí airgid féideartha ó aisghabhálacha ar éilimh a rinneadh roimhe sin;

    (ka)

    na costais a thabhóidh an t-eintiteas:

    (i)

    agus gníomhaíocht infheistíochta á déanamh aige, a mhéid a dhéanann an t-eintiteas an ghníomhaíocht sin chun sochair ó chumhdach árachais a fheabhsú le haghaidh sealbhóirí polasaí. Le gníomhaíochtaí infheistíochta, feabhsaítear sochair ó chumhdach árachais má dhéanann an t-eintiteas na gníomhaíochtaí sin agus coinne aige toradh infheistíochta a ghiniúint dá dtairbheoidh sealbhóirí polasaí má tharlaíonn teagmhas árachaithe;

    (ii)

    seirbhís um thoradh ar infheistíocht a sholáthar do shealbhóirí polasaí conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach mír B119B);

    (iii)

    seirbhís a bhaineann le hinfheistíocht a sholáthar do shealbhóirí polasaí conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí.

    (l)

    leithdháileadh forchostas seasta agus inathraitheach (amhail na costais a bhaineann le cuntasaíocht, le hacmhainní daonna, le teicneolaíocht faisnéise agus le tacaíocht, le dímheas foirgneamh, le cíos agus le cothabháil agus le fóntais) atá inchurtha go díreach i leith conarthaí árachais a chomhlíonadh. Leithdháiltear na forchostais sin ar ghrúpaí conarthaí trí úsáid a bhaint as modhanna atá córasach agus réasúnach, agus cuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad maidir leis na costais uile ag a bhfuil saintréithe comhchosúla;

    (m)

    aon chostas eile atá inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí faoi théarmaí an chonartha.

    B66

    Ní áireofar na sreafaí airgid seo a leanas agus meastachán á dhéanamh ar na sreafaí airgid a eascróidh de réir mar a chomhlíonann an t-eintiteas conradh árachais atá ann cheana:

    (a)

    torthaí ar infheistíocht. Déantar infheistíochtaí a aithint, a thomhas agus a chur i láthair ar leithligh;

    (b)

    sreafaí airgid (íocaíochtaí nó fáltais) a eascraíonn faoi chonarthaí athárachais arna sealbhú. Déantar conarthaí athárachais arna sealbhú a aithint, a thomhas agus a chur i láthair ar leithligh;

    (c)

    sreafaí airgid a d’fhéadfadh eascairt as conarthaí árachais sa todhchaí, i.e. sreafaí airgid lasmuigh de theorainn na gconarthaí atá ann cheana (féach míreanna 34–35);

    (d)

    sreafaí airgid a bhaineann le costais nach féidir a bheith inchurtha go díreach i leith na punainne conarthaí árachais ina bhfuil an conradh, amhail costais áirithe forbartha táirgí agus oiliúna. Aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas nuair a thabhaítear iad;

    (e)

    sreafaí airgid a eascraíonn as méideanna neamhghnácha saothair a cuireadh amú nó as acmhainní eile a úsáidtear chun an conradh a chomhlíonadh. Aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas nuair a thabhaítear iad;

    (f)

    íocaíochtaí cánach ioncaim agus fáltais cánach ioncaim nach n-íocann an t-árachóir ná nach bhfaigheann sé i gcáil mhuiníneach ná nach bhfuil inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí faoi théarmaí an chonartha;

    (g)

    sreafaí airgid idir comhpháirteanna difriúla den eintiteas tuairiscithe, amhail cistí sealbhóirí polasaí agus cistí scairshealbhóirí, mura n-athraítear an méid a íocfar leis na sealbhóirí polasaí mar gheall ar na sreafaí airgid sin;

    (h)

    sreafaí airgid a eascraíonn ó chomhpháirteanna atá deighilte ón gconradh árachais agus ar a gcoinnítear cuntas trí Chaighdeáin infheidhme eile a úsáid (féach míreanna 10–13).

    B66A

    Sula n-aithneofar grúpa conarthaí árachais, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar eintiteas sócmhainn nó dliteanas a aithint le haghaidh sreafaí airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí árachais seachas sreafaí airgid éadála árachais de thoradh na sreafaí airgid a bheith ann nó ceanglais Caighdeáin IFRS eile. Baineann sreafaí airgid leis an ngrúpa conarthaí árachais más rud é go mbeadh na sreafaí airgid sin áirithe sna sreafaí airgid comhlíonta an dáta a thugtar aitheantas tosaigh don ghrúpa dá mba rud é go mbeidís íoctha nó faighte tar éis an dáta sin. Chun mír 38(c)(ii) a chur i bhfeidhm, dí-aithneoidh eintiteas sócmhainn nó dliteanas den sórt sin a mhéid nach mbeadh an tsócmhainn ná an dliteanas aitheanta ar leithligh ón ngrúpa conarthaí árachais dá mba ann don sreabhadh airgid nó do chur i bhfeidhm an Chaighdeáin IFRS an dáta a tugadh aitheantas tosaigh don ghrúpa conarthaí árachais.

    Conarthaí le sreabhadh airgid lena ndéantar difear do shreabhadh airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí eile nó le sreabhadh airgid a ndéanann sreabhadh airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí difear dóibh

    B67

    Déantar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí eile le conarthaí árachais áirithe tríd an méid seo a leanas a cheangal:

    (a)

    a cheangal ar an sealbhóir polasaí na torthaí ar an gcomhthiomsú sonraithe céanna d’ítimí foluiteacha a chomhroinnt le sealbhóirí polasaí conarthaí eile; agus

    (b)

    cibé acu:

    (i)

    a cheangal ar an sealbhóir polasaí laghdú a sheasamh ina scair de na torthaí ar na hítimí foluiteacha de dheasca íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí conarthaí eile ag a bhfuil scaireanna sa chomhthiomsú sin, lena n-áirítear íocaíochtaí a eascraíonn faoi ráthaíochtaí arna dtabhairt do shealbhóirí polasaí na gconarthaí eile sin; nó

    (ii)

    a cheangal ar na sealbhóirí polasaí conarthaí eile laghdú a sheasamh ina scair de thorthaí ar na hítimí foluiteacha de dheasca íocaíochtaí leis an sealbhóir polasaí, lena n-áirítear íocaíochtaí a eascraíonn as ráthaíochtaí arna dtabhairt don sealbhóir polasaí.

    B68

    Uaireanta, leis na conarthaí sin, déanfar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile. Le comhlíonadh shreafaí airgid gach grúpa, léirítear a mhéid a fhágann na conarthaí sa ghrúpa go ndéantar difear don eintiteas le sreafaí airgid ionchasacha, cibé acu chuig sealbhóirí polasaí sa ghrúpa sin nó chuig sealbhóirí polasaí i ngrúpa eile. Dá réir sin, leis na sreafaí airgid comhlíonta le haghaidh grúpa:

    (a)

    áirítear íocaíochtaí a eascraíonn as téarmaí conarthaí atá ann cheana le sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile, gan beann ar cibé acu atá coinne ann go ndéanfar na híocaíochtaí sin le sealbhóirí polasaí reatha nó le sealbhóirí polasaí sa todhchaí; agus

    (b)

    eisiatar íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí sa ghrúpa a áiríodh, agus (a) á chur i bhfeidhm, i sreafaí airgid comhlíonta grúpa eile.

    B69

    Mar shampla, a mhéid atá íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí i ngrúpa amháin laghdaithe ó scair sna torthaí ar ítimí foluiteacha CU350 go CU250 de dheasca íocaíochtaí méid ráthaithe le sealbhóirí polasaí i ngrúpa eile, i sreafaí airgid comhlíonta an chéad ghrúpa d’áireofaí íocaíochtaí CU100 (i.e. CU350 a bheadh ann) agus i sreafaí airgid comhlíonta an dara grúpa d’eisiafaí CU100 den mhéid ráthaithe.

    B70

    Is féidir cuir chuige dhifriúla phraiticiúla a úsáid chun sreafaí airgid comhlíonta grúpaí conarthaí a chinneadh lena ndéantar difear do shreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile nó dá ndéantar difear mar gheall ar shreafaí airgid chuig a sealbhóirí polasaí sin. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh eintiteas in ann an t-athrú ar na hítimí foluiteacha ná an t-athrú a thagann as sin ar na sreafaí airgid a shainaithint ach amháin ar leibhéal comhiomlánaithe atá níos airde ná na grúpaí. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an t-eintiteas éifeacht an athraithe ar na hítimí foluiteacha a leithdháileadh ar gach grúpa ar bhonn córasach agus réasúnach.

    B71

    Tar éis na seirbhísí conartha árachais uile a bheith soláthartha do na conarthaí i ngrúpa, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí íocaíochtaí sna sreafaí airgid comhlíonta fós, ar íocaíochtaí iad a bhfuil coinne ann go ndéanfar le sealbhóirí polasaí reatha i ngrúpaí eile nó le sealbhóirí polasaí sa todhchaí iad. Ní cheanglaítear ar eintiteas leanúint de bheith ag leithdháileadh na sreafaí airgid comhlíonta sin ar ghrúpaí sonracha ach, ina ionad sin, is féidir leis dliteanas a aithint agus a thomhas le haghaidh na sreafaí airgid comhlíonta sin a eascraíonn as na grúpaí uile.

    Rátaí lascaine (mír 36)

    B72

    Úsáidfidh eintiteas na rátaí lascaine seo a leanas agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm:

    (a)

    chun na sreafaí airgid comhlíonta a thomhas—rátaí lascaine reatha agus mír 36 á cur i bhfeidhm;

    (b)

    chun an t-ús atá le fuilleamh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh agus mír 44(b) á cur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí—rátaí lascaine arna gcinneadh an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fholuiteach;

    (c)

    chun na hathruithe ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a thomhas agus míreanna B96(a)–B96(b) agus B96(d) á gcur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí—rátaí lascaine agus mír 36 á cur i bhfeidhm arna gcinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh;

    (d)

    le haghaidh grúpaí conarthaí a chuireann an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ag a bhfuil comhpháirt mhór maoiniúcháin, chun méid glanluacha an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha a choigeartú agus mír 56 á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine agus mír 36 á cur i bhfeidhm arna gcinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh;

    (e)

    má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile (féach mír 88), chun méid an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais a áirítear sa bhrabús nó sa chaillteanas a chinneadh:

    (i)

    le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith nach bhfuil éifeacht shubstaintiúil ag athruithe ar thoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc le sealbhóirí polasaí, agus mír B131 á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine a chinntear tráth a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fholuiteach;

    (ii)

    le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith atá éifeacht shubstaintiúil ag athruithe ar thoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc le sealbhóirí polasaí, agus mír B132(a)(i) á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine lena leithdháiltear an t-ioncam maoiniúcháin ionchasach athbhreithnithe atá fágtha nó na costais maoiniúcháin ionchasacha athbhreithnithe atá fágtha ar feadh an fhaid atá fágtha den ghrúpa conarthaí ag ráta seasta; agus

    (iii)

    le haghaidh grúpaí conarthaí a chuireann an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm agus míreanna 59(b) agus B133 á gcur i bhfeidhm—rátaí lascaine a chinntear dáta an éilimh thabhaithe, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fholuiteach.

    B73

    Chun na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí ar a dtugtar tuairisc i míreanna B72(b)–B72(e), féadfaidh eintiteas meánrátaí ualaithe lascaine a úsáid ar feadh na tréimhse ina n-eisítear conarthaí sa ghrúpa, tréimhse nach féidir a bheith níos faide ná bliain amháin, agus mír 22 á cur i bhfeidhm.

    B74

    Beidh meastacháin ar rátaí lascaine comhsheasmhach le meastacháin eile a úsáidtear chun conarthaí árachais a thomhas chun áireamh dúbailte nó easnaimh a sheachaint; mar shampla:

    (a)

    sreafaí airgid nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fholuiteach, déanfar iad a lascainiú ag rátaí nach léireofar aon inathraitheacht den sórt sin leo;

    (b)

    sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fholuiteach airgeadais:

    (i)

    déanfar iad a lascainiú trí úsáid a bhaint as rátaí lena léireofar an inathraitheacht sin; nó

    (ii)

    déanfar iad a choigeartú le haghaidh éifeacht na hinathraitheachta sin agus a lascainiú ag ráta lena léireofar an coigeartú arna dhéanamh.

    (c)

    déanfar sreafaí airgid ainmniúla (i.e. iad siúd lena n-áirítear éifeacht an bhoilscithe) a lascainiú ag rátaí lena n-áirítear éifeacht an bhoilscithe; agus

    (d)

    déanfar fíorshreafaí airgid (i.e. iad siúd lena n-eisiatar éifeacht an bhoilscithe) a lascainiú ag rátaí lena n-eisiafar éifeacht an bhoilscithe.

    B75

    Le mír B74(b), ceanglaítear go ndéanfar sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha a lascainiú trí úsáid a bhaint as rátaí lena léireofar an inathraitheacht sin, nó iad a choigeartú le haghaidh éifeacht na hinathraitheachta sin agus a lascainiú ag ráta lena léireofar an coigeartú arna dhéanamh. Is toisc ábhartha an inathraitheacht gan beann ar cé acu a eascraíonn sé mar gheall ar théarmaí conarthacha nó toisc go bhfeidhmíonn an t-eintiteas discréid, agus gan beann ar cé acu a shealbhaíonn nó nach sealbhaíonn an t-eintiteas na hítimí foluiteacha.

    B76

    Maidir le sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar thorthaí ar ítimí foluiteacha a bhfuil torthaí inathraitheacha acu, ach atá faoi réir ráthaíocht toraidh íosta, ní athraíonn siad bunaithe ar na torthaí ar na hítimí foluiteacha agus orthu siúd amháin, fiú nuair atá an méid ráthaithe níos ísle ná an toradh ionchasach ar na hítimí foluiteacha. Dá réir sin, coigeartóidh eintiteas an ráta lena léireofar inathraitheacht na dtorthaí ar na hítimí foluiteacha le haghaidh éifeacht na ráthaíochta, fiú nuair atá an méid ráthaithe níos ísle ná an toradh ionchasach ar na hítimí foluiteacha.

    B77

    Le IFRS 17, ní cheanglaítear ar eintiteas sreafaí airgid measta a roinnt ina sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha agus ina sreafaí airgid nach n-athraíonn. Mura roinneann eintiteas na sreafaí airgid measta ar an mbealach sin, cuirfidh an t-eintiteas rátaí lascaine i bhfeidhm is iomchuí le haghaidh na sreafaí airgid measta ina n-iomláine; mar shampla, trí úsáid a bhaint as teicnící samhaltaithe stocastaigh nó teicnící tomhais riosca-neodraigh.

    B78

    Ní áireofar ach tosca ábhartha i rátaí lascaine, i.e. tosca a eascraíonn as an amluach airgid, saintréithe na sreafaí airgid agus saintréithe leachtachta na gconarthaí árachais. D’fhéadfadh sé nach mbeadh na rátaí lascaine sin inbhraite go díreach sa mhargadh. Dá réir sin, nuair nach bhfuil rátaí margaidh inbhraite ar fáil le haghaidh ionstraim ag a bhfuil na sainghnéithe céanna, nó má tá rátaí margaidh inbhraite ar fáil le haghaidh ionstraimí comhchosúla ach nach ndéantar na tosca a shainaithint ar leithligh leo, ar tosca iad lena ndéantar idirdhealú idir an ionstraim agus na conarthaí árachais, déanfaidh eintiteas meastachán ar na rátaí iomchuí. Le IFRS 17, ní cheanglaítear go n-úsáidfear teicníc mheastacháin ar leith chun rátaí lascaine a chinneadh. Agus teicníc mheastacháin á cur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    bainfidh sé a oiread úsáide agus is féidir as ionchuir inbhraite (féach mír B44) agus léireoidh sé an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi maidir le hathróga neamh-mhargaidh atá ar fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, idir fhaisnéis sheachtrach agus fhaisnéis inmheánach (féach mír B49). Go háirithe, ní thiocfaidh na rátaí lascaine a úsáidtear salach ar aon sonraí margaidh ábhartha atá ar fáil, ná ní thiocfaidh aon athróg neamh-mhargaidh a úsáidtear salach ar athróga margaidh inbhraite;

    (b)

    léireoidh sé dálaí reatha an mhargaidh ó pheirspictíocht rannpháirtí sa mhargadh;

    (c)

    tabharfaidh sé breithiúnas chun measúnú a dhéanamh ar an méid cosúlachta atá ann idir gnéithe na gconarthaí árachais atá á dtomhas agus gnéithe na hionstraime a bhfuil praghsanna margaidh inbhraite ar fáil lena haghaidh agus coigeartóidh sé na praghsanna sin chun na difríochtaí eatarthu a léiriú.

    B79

    Maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha, léiríonn an ráta lascaine an cuar toraidh san airgeadra iomchuí le haghaidh ionstraimí nach bhfágtar an sealbhóir neamhchosanta ar aon riosca creidmheasa leo nó ionstraimí lena bhfágtar an sealbhóir neamhchosanta ar riosca creidmheasa diomaibhseach, rud a choigeartaítear chun sainghnéithe leachtachta an ghrúpa conarthaí árachais a léiriú. Leis an gcoigeartú sin, léireofar an difríocht idir sainghnéithe leachtachta an ghrúpa conarthaí árachais agus sainghnéithe leachtachta na sócmhainní a úsáidtear chun an cuar toraidh a chinneadh. Le cuair toraidh, léirítear sócmhainní arna dtrádáil i margaí gníomhacha arb iondúil gur féidir leis an sealbhóir iad a dhíol go héasca tráth ar bith gan costais mhóra a thabhú. I gcodarsnacht leis sin, faoi chonarthaí árachais áirithe ní féidir iallach a chur ar an eintiteas íocaíochtaí a dhéanamh sula dtarlaíonn teagmhais árachaithe, ná dátaí a shonraítear sna conarthaí.

    B80

    Dá réir sin, maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha, féadfaidh eintiteas rátaí lascaine a chinneadh trí chuar toraidh leachtachta atá saor ó riosca a choigeartú chun go léireofar na difríochtaí idir sainghnéithe leachtachta na n-ionstraimí airgeadais is bonn leis na rátaí a breathnaíodh sa mhargadh agus sainghnéithe leachtachta na gconarthaí árachais (cur chuige ó bhun aníos).

    B81

    De rogha air sin, féadfaidh eintiteas na rátaí lascaine iomchuí le haghaidh conarthaí árachais a chinneadh bunaithe ar chuar toraidh lena léireofar rátaí toraidh reatha an mhargaidh atá intuigthe i dtomhas cóirluacha ar phunann tagartha sócmhainní (cur chuige ó bharr anuas). Coigeartóidh eintiteas an cuar toraidh sin chun deireadh a chur le haon toisc nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais, ach ní cheanglaítear air an cuar toraidh a choigeartú le haghaidh difríochtaí i sainghnéithe leachtachta na gconarthaí árachais agus na punainne tagartha.

    B82

    Agus meastachán á dhéanamh ar an gcuar toraidh ar a dtugtar tuairisc i mír B81:

    (a)

    más ann do phraghsanna margaidh inbhraite i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní sa phunann tagartha, úsáidfidh eintiteas na praghsanna sin (comhsheasmhach le mír 69 de IFRS 13);

    (b)

    mura bhfuil margadh gníomhach, coigeartóidh eintiteas praghsanna margaidh inbhraite le haghaidh sócmhainní comhchosúla ionas go mbeidh siad inchomparáide le praghsanna margaidh le haghaidh na sócmhainní atá á dtomhas (comhsheasmhach le mír 83 de IFRS 13);

    (c)

    murab ann d’aon mhargadh le haghaidh sócmhainní sa phunann tagartha, cuirfidh eintiteas teicníc mheastacháin i bhfeidhm. Maidir leis na sócmhainní sin (comhsheasmhach le mír 89 de IFRS 13) déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (i)

    ionchuir dhobhraite a fhorbairt trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil sna himthosca. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sonraí an eintitis féin sna hionchuir sin agus, i gcomhthéacs IFRS 17, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh an t-eintiteas aird níos mó ar mheastacháin fhadtéarmacha ná ar luaineachtaí gearrthéarmacha; agus

    (ii)

    na sonraí sin a choigeartú chun an fhaisnéis uile maidir le toimhdí rannpháirtithe sa mhargadh, atá ar fáil go réasúnach, a léiriú.

    B83

    Agus an cuar toraidh á choigeartú ag eintiteas, coigeartóidh sé na rátaí margaidh a breathnaíodh in idirbhearta arna ndéanamh le déanaí in ionstraimí ag a bhfuil saintréithe comhchosúla le haghaidh gluaiseachtaí i dtosca margaidh ó dháta an idirbhirt, agus coigeartóidh sé rátaí margaidh a breathnaíodh chun an méid neamhchosúlachta idir an ionstraim atá á tomhas agus an ionstraim a bhfuil praghsanna idirbhirt inbhraite lena haghaidh a léiriú. Maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar na sócmhainní sa phunann tagartha, áirítear sna coigeartuithe sin an méid seo a leanas:

    (a)

    coigeartú a dhéanamh le haghaidh difríochtaí idir méid, uainiú agus neamhchinnteacht shreafaí airgid na sócmhainní sa phunann agus méid, uainiú agus neamhchinnteacht shreafaí airgid na gconarthaí árachais; agus

    (b)

    préimheanna riosca margaidh a eisiamh le haghaidh riosca creidmheasa, ar préimheanna iad nach bhfuil ábhartha ach amháin maidir leis na sócmhainní a áirítear sa phunann tagartha.

    B84

    I bprionsabal, maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar thorthaí na sócmhainní sa phunann tagartha, ba cheart cuar toraidh neamhleachtach amháin atá saor ó riosca a bheith ann lena gcuirtear deireadh leis an neamhchinnteacht uile faoi mhéid agus faoi uainiú sreafaí airgid. Mar sin féin, sa chleachtas d’fhéadfadh sé go dtiocfadh cuair toraidh dhifriúla as an gcur chuige ó bharr anuas agus as an gcur chuige ó bhun aníos, fiú amháin san airgeadra céanna. Is é is cúis leis sin na teorainneacha bunúsacha a bhaineann le meastachán a dhéanamh ar na coigeartuithe arna ndéanamh faoi gach cur chuige, agus an fhéidearthacht nach ndéanfaí coigeartú le haghaidh saintréithe leachtachta difriúla sa chur chuige ó bharr anuas. Ní éilítear ar eintiteas réiteach a dhéanamh idir an ráta lascaine a chinntear faoina chur chuige roghnaithe agus an ráta lascaine a bheadh cinntithe faoin gcur chuige eile.

    B85

    Le IFRS 17, ní shonraítear srianta ar phunann tagartha na sócmhainní arna húsáid agus mír B81 á cur i bhfeidhm. Mar sin féin, bheadh gá le níos lú coigeartuithe chun deireadh a chur le tosca nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais i gcás ina bhfuil saintréithe comhchosúla ag punann tagartha na sócmhainní. Mar shampla, mura n-athraíonn na sreafaí airgid ó na conarthaí árachais bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha, bheadh gá le níos lú coigeartuithe dá n-úsáidfeadh eintiteas ionstraimí fiachais mar phointe tosaigh seachas ionstraimí cothromais. Le haghaidh ionstraimí fiachais, ba é an cuspóir a bheadh ann deireadh a chur, sa toradh bannaí iomlán, le héifeacht an riosca creidmheasa agus tosca eile nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais. Ar cheann de na bealaí atá ann chun meastachán a dhéanamh ar éifeacht an riosca creidmheasa áirítear margadhphraghas díorthaigh creidmheasa a úsáid mar phointe tagartha.

    Coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (mír 37)

    B86

    Baineann an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais le riosca a eascraíonn as conarthaí árachais seachas riosca airgeadais. Áirítear riosca airgeadais sna meastacháin ar na sreafaí airgid todhchaí nó sa ráta lascaine a úsáidtear chun na sreafaí airgid a choigeartú. Na rioscaí a chumhdaítear leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, is riosca árachais agus rioscaí neamhairgeadais eile iad amhail riosca dul i léig agus riosca costais (féach mír B14).

    B87

    Leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais i leith conarthaí árachais, tomhaistear an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun go mbeadh an t-eintiteas neafaiseach idir an méid seo a leanas:

    (a)

    dliteanas a chomhlíonadh lena mbaineann raon torthaí féideartha a eascraíonn as riosca neamhairgeadais; agus

    (b)

    dliteanas a chomhlíonadh lena nginfear sreafaí airgid seasta lena mbaineann an luach láithreach ionchasach céanna leis na conarthaí árachais.

    Mar shampla, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, thomhaisfí an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun go mbeadh sé neafaiseach idir dliteanas a chomhlíonadh arb amhlaidh—de dheasca riosca neamhairgeadais—atá dóchúlacht 50 faoin gcéad ann gur CU90 atá ann agus dóchúlacht 50 faoin gcéad ann gur CU110 atá ann, agus dliteanas a chomhlíonadh atá seasta ag CU100. Dá thoradh sin, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, tugtar faisnéis d’úsáideoirí ráiteas airgeadais maidir leis an méid arna mhuirearú ag an eintiteas as an neamhchinnteacht a eascraíonn as riosca neamhairgeadais i ndáil le méid agus uainiú na sreafaí airgid.

    B88

    Toisc gurb amhlaidh a léirítear leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas as an riosca neamhairgeadais a sheasamh, riosca a eascraíonn as méid agus as uainiú neamhchinnte na sreafaí airgid, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, léirítear an méid seo a leanas freisin:

    (a)

    an méid sochair éagsúlaithe a áiríonn an t-eintiteas agus an cúiteamh a éilíonn sé as an riosca sin a sheasamh á chinneadh; agus

    (b)

    torthaí fabhracha agus neamhfhabhracha araon, ar bhealach lena léirítear méid coil riosca an eintitis.

    B89

    Is é is cuspóir don choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais éifeacht na neamhchinnteachta sna sreafaí airgid a eascraíonn as conarthaí árachais a thomhas, seachas neamhchinnteacht a eascraíonn as riosca airgeadais. Dá dheasca sin, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, léireofar na rioscaí neamhairgeadais uile atá bainteach leis na conarthaí árachais. Ní léireofar leis na rioscaí nach n-eascraíonn as na conarthaí árachais, amhail riosca oibriúcháin ginearálta.

    B90

    Áireofar an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais sa tomhas ar bhealach sainráite. Tá an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais deighilte go coincheapúil ó na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí agus ó na rátaí lascaine lena gcoigeartaítear na sreafaí airgid sin. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas áireamh dúbailte ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, mar shampla, tríd an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a áireamh go hintuigthe freisin agus na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí nó na rátaí lascaine á gcinneadh. Sna rátaí lascaine a nochtar chun mír 120 a chomhlíonadh, ní áireofar aon choigeartú intuigthe le haghaidh riosca neamhairgeadais.

    B91

    Le IFRS 17, ní shonraítear an teicníc mheastacháin ná na teicnící meastacháin a úsáidtear chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh. Mar sin féin, chun go léireofar an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun an riosca neamhairgeadais a sheasamh, beidh na saintréithe seo a leanas ag an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais:

    (a)

    tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as rioscaí ísealmhinicíochta agus ard-déine ná mar a thiocfaidh as rioscaí ardmhinicíochta agus ísealdéine;

    (b)

    maidir le rioscaí comhchosúla, tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as conarthaí ag a bhfuil fad níos faide ná mar a thiocfaidh as conarthaí ag a bhfuil fad níos giorra;

    (c)

    tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as rioscaí ag a bhfuil dáileadh dóchúlachta níos leithne ná mar a thiocfaidh as rioscaí ag a bhfuil dáileadh níos cúinge;

    (d)

    dá laghad is eol faoin meastachán reatha agus faoina threocht, is airde an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (e)

    a mhéid a laghdaítear, le taithí atá ag teacht chun cinn, neamhchinnteacht maidir le méid agus uainiú sreafaí airgid, ísleofar coigeartuithe riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais agus a mhalairt.

    B92

    Tabharfaidh eintiteas breithiúnas agus teicníc mheastacháin iomchuí á cinneadh le haghaidh an choigeartaithe riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais. Agus an breithiúnas sin á thabhairt, déanfaidh eintiteas breithniú freisin i dtaobh an soláthraítear nochtadh achomair agus faisnéiseach leis an teicníc chun gur féidir le húsáideoirí ráiteas airgeadais feidhmíocht an eintitis a thagarmharcáil in aghaidh feidhmíocht eintiteas eile. Le mír 119, ceanglaítear ar eintiteas a úsáideann teicníc eile seachas teicníc an leibhéil muiníne chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, an teicníc arna húsáid agus an leibhéal muiníne a chomhfhreagraíonn do thorthaí na teicníce sin a nochtadh.

    Aitheantas tosaigh ar aistrithe conarthaí árachais agus ar chomhcheangail ghnó (mír 39)

    B93

    Nuair a fhaigheann eintiteas conarthaí árachais arna n-eisiúint nó conarthaí athárachais arna sealbhú in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3, cuirfidh an t-eintiteas míreanna 14–24 i bhfeidhm chun na grúpaí conarthaí a fuarthas a shainaithint, amhail agus dá ndéanfadh sé na conarthaí dáta an idirbhirt.

    B94

    Úsáidfidh eintiteas an chomaoin a fuarthas nó a íocadh le haghaidh na gconarthaí mar ionadú le haghaidh na bpréimheanna a fuarthas. Leis an gcomaoin a fuarthas nó a íocadh le haghaidh na gconarthaí, eisiatar an chomaoin a fuarthas nó a íocadh le haghaidh aon sócmhainne agus dliteanais eile a fuarthas san idirbheart céanna. I gcomhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3, is é cóirluach na gconarthaí an chomaoin a fuarthas nó a íocadh ar an dáta sin. Agus an cóirluach sin á chinneadh, ní chuirfidh eintiteas mír 47 de IFRS 13 i bhfeidhm (a bhaineann le gnéithe éilimh).

    B95

    Mura bhfuil feidhm ag an gcur chuige leithdháilte préimheanna le haghaidh an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha i míreanna 55–59 agus 69–70A, ríomhtar an corrlach seirbhíse conarthaí tráth a thugtar aitheantas tosaigh agus mír 38 á cur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais a fuarthas agus a eisíodh agus trí mhír 65 a chur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí athárachais a fuarthas a shealbhaítear trí úsáid a bhaint as an gcomaoin a fuarthas nó a íocadh le haghaidh na gconarthaí mar ionadú le haghaidh na bpréimheanna a fuarthas nó a íocadh tráth a tugadh aitheantas tosaigh.

    B95A

    Má tá conarthaí árachais a fuarthas agus a eisíodh dochraideach, agus mír 47 á cur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas barrachas na sreafaí airgid comhlíonta ar an gcomaoin a íocadh nó a fuarthas mar chuid de cháilmheas nó de ghnóthachan ar cheannach sladmhargaidh le haghaidh conarthaí a fuarthas i gcomhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3, nó mar chaillteanas i mbrabús nó mar chaillteanas le haghaidh conarthaí a fuarthas in aistriú. Suífidh an t-eintiteas comhpháirt chaillteanais den dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh an bharrachais sin, agus cuirfidh sé míreanna 49–52 i bhfeidhm chun athruithe iardain ar shreafaí airgid comhlíonta a leithdháileadh ar an gcomhpháirt chaillteanais sin.

    B95B

    Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a bhfuil feidhm ag míreanna 66A–66B maidir leis, cinnfidh eintiteas an chomhpháirt aisghabhála caillteanais den tsócmhainn le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha dáta an idirbhirt tríd an méid seo a leanas a iolrú:

    (a)

    comhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha de na conarthaí árachais foluiteacha dáta an idirbhirt; agus

    (b)

    céatadán na n-éileamh ar na conarthaí árachais foluiteacha a bhfuil coinne ag an eintiteas lena aisghabháil dáta an idirbhirt ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    B95C

    Aithneoidh an t-eintiteas méid na comhpháirte aisghabhála caillteanais arna chinneadh agus mír B95B á cur i bhfeidhm mar chuid de cháilmheas nó de ghnóthachan ar cheannach sladmhargaidh le haghaidh conarthaí athárachais arna sealbhú i gcomhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3, nó mar ioncam i mbrabús nó i gcaillteanas le haghaidh conarthaí a fuarthas in aistriú.

    B95D

    Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, dáta an idirbhirt, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh eintiteas conarthaí árachais dochraideacha, a chumhdaítear le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, mar aon le conarthaí dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun mír B95B a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun an chuid de chomhpháirt chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a chinneadh.

    Sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais

    B95E

    I gcás ina bhfaigheann eintiteas conarthaí árachais arna n-eisiúint in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht nó i gcás ina bhfaigheann siad iad i gcomhcheangal gnó faoi raon feidhme IFRS 3, aithneoidh an t-eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ar chóirluach dáta an idirbhirt le haghaidh na gceart chun an méid seo a leanas a fháil:

    (a)

    conarthaí árachais todhchaí is athnuachaintí ar chonarthaí árachais a aithnítear dáta an idirbhirt; agus

    (b)

    conarthaí árachais todhchaí, seachas iad siúd in (a), tar éis dháta an idirbhirt gan sreafaí airgid éadála árachais atá íoctha cheana ag an bhfaighteán, agus atá inchurtha go díreach i leith na punainne gaolmhaire de chonarthaí árachais, a íoc arís.

    B95F

    Dáta an idirbhirt, ní áireofar méid aon sócmhainne le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais i dtomhas an ghrúpa conarthaí árachais a fuarthas agus míreanna B93–B95A á gcur i bhfeidhm.

    Athruithe ar mhéid glanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (mír 44)

    B96

    Maidir le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, éilítear coigeartú le mír 44(c) ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de ghrúpa conarthaí árachais le haghaidh athruithe ar shreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís sa todhchaí. Is é atá sna hathruithe sin:

    (a)

    coigeartuithe taithí a eascraíonn as préimheanna a fuarthas sa tréimhse a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, agus sreafaí airgid gaolmhara amhail sreafaí airgid éadála árachais agus cánacha bunaithe ar phréimheanna, arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c);

    (b)

    athruithe ar mheastacháin ar luach láithreach na sreafaí airgid todhchaí sa dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha, seachas iad siúd ar a dtugtar tuairisc i mír B97(a), arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c);

    (c)

    difríochtaí idir aon chomhpháirt infheistíochta a bhfuil coinne ann go mbeidh sí iníoctha sa tréimhse agus an chomhpháirt infheistíochta iarbhír a thagann chun bheith iníoctha sa tréimhse. Cinntear na difríochtaí sin trí chomparáid a dhéanamh idir (i) an chomhpháirt infheistíochta iarbhír a thagann chun bheith iníoctha sa tréimhse agus (ii) an íocaíocht sa tréimhse a raibh coinne léi i dtús na tréimhse móide aon ioncam maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a bhaineann leis an íocaíocht ionchasach sin sula dtagann sí chun bheith iníoctha;

    (ca)

    difríochtaí idir aon iasacht do shealbhóir polasaí a bhfuil coinne ann go dtiocfaidh sí chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse agus an iasacht iarbhír do shealbhóir polasaí a thagann chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse. Cinntear na difríochtaí sin trí chomparáid a dhéanamh idir (i) an iasacht iarbhír do shealbhóir polasaí a thagann chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse agus (ii) an íocaíocht sa tréimhse a raibh coinne léi i dtús na tréimhse móide aon ioncam maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a bhaineann leis an aisíocaíocht ionchasach sin sula dtagann sí chun bheith in-aisíoctha;

    (d)

    athruithe ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a bhaineann le seirbhís sa todhchaí. Ní cheanglaítear ar eintiteas an t-athrú ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a dhí-chomhiomlánú idir (i) athrú a bhaineann le riosca neamhairgeadais agus (ii) éifeacht an amluacha airgid agus athruithe ar an amluach airgid. Má dhéanann eintiteas dí-chomhiomlánú den sórt sin, coigeartóidh sé an corrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh an athraithe a bhaineann le riosca neamhairgeadais, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c).

    B97

    Ní choigeartóidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh grúpa conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí le haghaidh na n-athruithe seo a leanas ar shreafaí airgid comhlíonta toisc nach mbaineann siad le seirbhís sa todhchaí:

    (a)

    éifeacht an amluacha airgid agus athruithe ar amluach airgid agus ar éifeacht an riosca airgeadais agus athruithe ar riosca airgeadais. Is é atá sna héifeachtaí sin:

    (i)

    an éifeacht, más ann di, ar shreafaí airgid todhchaí measta;

    (ii)

    an éifeacht, más dí-chomhiomlánaithe, ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

    (iii)

    éifeacht athraithe ar ráta lascaine.

    (b)

    athruithe ar mheastacháin ar shreafaí airgid comhlíonta sa dliteanas i leith éilimh thabhaithe;

    (c)

    coigeartuithe taithí, seachas iad siúd ar a dtugtar tuairisc i mír B96(a).

    B98

    Le téarmaí conarthaí árachais áirithe gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, tugtar discréid d’eintiteas maidir leis na sreafaí airgid atá le híoc le sealbhóirí polasaí. Meastar go mbaineann athrú ar na sreafaí airgid discréide le seirbhís sa todhchaí agus, dá réir sin, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leis sin. Chun a chinneadh conas is féidir athrú ar shreafaí airgid discréide a shainaithint, sonróidh eintiteas dáta tionscanta an chonartha an bonn ar a bhfuil coinne aige a ghealltanas faoin gconradh a chinneadh; mar shampla, bunaithe ar ráta úis seasta, nó ar thorthaí a athraíonn bunaithe ar thorthaí sócmhainne sonraithe.

    B99

    Úsáidfidh eintiteas an tsonraíocht sin chun idirdhealú a dhéanamh idir éifeacht na n-athruithe ar thoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar an ngealltanas sin (nach gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leo) agus éifeacht na n-athruithe discréide ar an ngealltanas sin (lena gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí).

    B100

    Mura féidir le heintiteas, dáta tionscanta an chonartha, an méid a mheasann sé a bheith ina ghealltanas faoin gconradh agus an méid a mheasann sé a bheith ina dhiscréid a shonrú, measfaidh sé gurb é atá ina ghealltanas an toradh atá intuigthe sa mheastachán ar na sreafaí airgid comhlíonta dáta tionscanta an chonartha, arna thabhairt cothrom le dáta chun toimhdí reatha a bhaineann le riosca airgeadais a léiriú.

    Athruithe ar mhéid glanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le haghaidh conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí (mír 45)

    B101

    Is é atá i gceist le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí conarthaí árachais ar conarthaí seirbhíse iad a bhaineann le hinfheistíocht go substaintiúil faoina ngeallann eintiteas toradh infheistíochta bunaithe ar ítimí foluiteacha. Dá réir sin, sainmhínítear iad mar chonarthaí árachas a bhfuil an méid seo a leanas fíor ina leith:

    (a)

    sonraítear sna téarmaí conarthacha go mbeidh an sealbhóir polasaí rannpháirteach i scair de chomhthiomsú atá sainaitheanta go soiléir, ar comhthiomsú d’ítimí foluiteacha é (féach míreanna B105–B106);

    (b)

    tá coinne ag an eintiteas suim atá cothrom le scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar na hítimí foluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí (féach mír B107); agus

    (c)

    tá coinne ag an eintiteas go n-athróidh cion substaintiúil d’aon athrú ar na méideanna atá le híoc leis an sealbhóir polasaí de réir mar a thagann athrú ar chóirluach na n-ítimí foluiteacha (féach mír B107).

    B102

    Déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha i mír B101 á gcomhlíonadh trí úsáid a bhaint as a ionchais dáta tionscanta an chonartha agus ní dhéanfaidh sé athmheasúnú ar na coinníollacha ina dhiaidh sin, seachas i gcás ina modhnaítear an conradh, agus mír 72 á cur i bhfeidhm.

    B103

    A mhéid a dhéantar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile mar gheall ar chonarthaí árachais i ngrúpa (féach míreanna B67–B71), déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha i mír B101 á gcomhlíonadh trí bhreithniú a dhéanamh ar na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena n-íoc leis na sealbhóirí polasaí arna gcinneadh agus míreanna B68–B70 á gcur i bhfeidhm.

    B104

    Leis na coinníollacha i mír B101, áirithítear gur conarthaí iad na conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí faoinarb é oibleagáid an eintitis i leith an tsealbhóra polasaí glanmhéid an mhéid seo a leanas:

    (a)

    an oibleagáid maidir le méid atá cothrom le cóirluach na n-ítimí foluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí; agus

    (b)

    táille inathraitheach (féach míreanna B110–B118) a bhainfidh an t-eintiteas as (a) mar mhalairt ar an tseirbhís sa todhchaí arna soláthar leis an gconradh árachais, arb é atá inti:

    (i)

    méid scair an eintitis de chóirluach na n-ítimí foluiteacha; lúide

    (ii)

    sreafaí airgid comhlíonta nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha.

    B105

    Le scair dá dtagraítear i mír B101(a), ní chuirtear bac leis an discréid atá ag an eintiteas na méideanna arna n-íoc leis an sealbhóir polasaí a athrú. Mar sin féin, ní mór an nasc leis na hítimí foluiteacha a bheith in-fhorfheidhmithe (féach mír 2).

    B106

    Sa chomhthiomsú d’ítimí foluiteacha dá dtagraítear i mír B101(a), is féidir aon ítim a bheith ann, mar shampla punann tagartha de shócmhainní, glansócmhainní an eintitis, nó fothacar sonraithe de ghlansócmhainní an eintitis, fad is go sainaithnítear an méid sin go soiléir leis an gconradh. Ní gá go sealbhódh eintiteas an comhthiomsú sainaitheanta d’ítimí foluiteacha. Mar sin féin, ní ann do chomhthiomsú, atá sainaitheanta go soiléir, d’ítimí foluiteacha sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    i gcás inar féidir le heintiteas na hítimí foluiteacha lena gcinntear méid oibleagáid an eintitis a athrú le héifeacht chúlghabhálach; nó

    (b)

    i gcás nach sainaithnítear aon ítim fholuiteach, fiú dá bhféadfaí toradh a sholáthar don sealbhóir polasaí lena léireofar go ginearálta feidhmíocht fhoriomlán agus ionchais fhoriomlána an eintitis, nó feidhmíocht agus ionchais a bhaineann le fothacar de shócmhainní arna sealbhú ag an eintiteas. Sampla de thoradh den sórt sin is ea ráta creidiúnúcháin nó íocaíocht díbhinne a shocraítear i ndeireadh na tréimhse lena mbaineann sé. Sa chás sin, leis an oibleagáid i leith an tsealbhóra polasaí, léirítear an ráta creidiúnúcháin nó na méideanna díbhinne a shocraigh an t-eintiteas, agus ní léirítear léi ítimí foluiteacha sainaitheanta.

    B107

    Le mír B101(b), ceanglaítear go mbeidh coinne ag an eintiteas go n-íocfar scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar na hítimí foluiteacha leis an sealbhóir polasaí agus le mír B101(c) ceanglaítear go mbeidh coinne ag an eintiteas go n-athróidh cuid shubstaintiúil d’aon athrú ar na méideanna atá le híoc leis an sealbhóir polasaí de réir an athraithe ar chóirluach na n-ítimí foluiteacha. Déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    léirmhíneoidh sé an téarma ‘substaintiúil’ sa dá mhír i gcomhthéacs chuspóir na gconarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, ar conarthaí iad faoina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí a bhaineann le hinfheistíocht agus faoina gcúitítear é i leith na seirbhísí sin le táille a chinntear faoi threoir na n-ítimí foluiteacha; agus

    (b)

    déanfaidh sé measúnú ar an inathraitheacht sna méideanna i mír B101(b) agus mír B101(c):

    (i)

    thar shaolré an chonartha árachais; agus

    (ii)

    ar bhonn meán ualaithe dóchúlachta de réir luach láithreach, seachas ar bhonn an toraidh is fearr nó is measa (féach míreanna B37–B38).

    B108

    Mar shampla, má tá coinne ag an eintiteas scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar ítimí foluiteacha a íoc, faoi réir ráthaíocht toraidh íosta, beidh cásanna ann inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

    (a)

    athraíonn na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena n-íoc leis an sealbhóir polasaí de réir na n-athruithe ar chóirluach na n-ítimí foluiteacha toisc nach sáraíonn an toradh ráthaithe ná sreafaí airgid eile, nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha, an toradh cóirluacha ar na hítimí foluiteacha; agus

    (b)

    ní athraíonn na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas lena n-íoc leis an sealbhóir polasaí de réir na n-athruithe ar chóirluach na n-ítimí foluiteacha toisc go sáraíonn an toradh ráthaithe agus sreafaí airgid eile, nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha, an toradh cóirluacha ar na hítimí foluiteacha.

    Le measúnú an eintitis ar an inathraitheacht i mír B101(c) le haghaidh an tsampla sin, léireofar meán ualaithe dóchúlachta de réir luach láithreach a bhaineann leis na cásanna sin uile.

    B109

    Ní féidir conarthaí athárachais arna n-eisiúint ná conarthaí athárachais arna sealbhú a bheith ina gconarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí chun críocha IFRS 17.

    B110

    Maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí chun cineál inathraitheach na táille a léiriú. Dá réir sin, láimhseáiltear athruithe ar na méideanna a leagtar amach i mír B104 mar a leagtar amach i míreanna B111–B114.

    B111

    Athruithe ar an oibleagáid a bhaineann le méid atá cothrom le cóirluach na n-ítimí foluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí (mír B104(a)), ní bhaineann siad le seirbhís sa todhchaí agus ní choigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí mar gheall orthu.

    B112

    Athruithe ar mhéid scair an eintitis de chóirluach na n-ítimí foluiteacha (mír B104(b)(i)), baineann siad le seirbhís sa todhchaí agus coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí mar gheall orthu, agus mír 45(b) á cur i bhfeidhm.

    B113

    Is é atá sna hathruithe ar na sreafaí airgid comhlíonta nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí foluiteacha (mír B104(b)(ii)):

    (a)

    athruithe ar na sreafaí airgid comhlíonta seachas iad siúd a shonraítear in (b). Cuirfidh eintiteas míreanna B96–B97 i bhfeidhm, comhsheasmhach le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, chun a mhéid a bhaineann siad le seirbhís sa todhchaí a chinneadh agus, trí mhír 45(c) a chur i bhfeidhm, a mhéid a choigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí mar gheall orthu. Tomhaistear na coigeartuithe uile trí úsáid a bhaint as rátaí lascaine reatha;

    (b)

    an t-athrú ar éifeacht an amluacha airgid agus na rioscaí airgeadais nach n-eascraíonn as na hítimí foluiteacha; mar shampla, éifeacht na ráthaíochtaí airgeadais. Baineann siad sin le seirbhís sa todhchaí agus, trí mhír 45(c) a chur i bhfeidhm, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí mar gheall orthu, seachas a mhéid atá feidhm ag mír B115.

    B114

    Ní cheanglaítear ar eintiteas na coigeartuithe ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a cheanglaítear le míreanna B112 agus B113 a shainaithint ar leithligh. Ina ionad sin, féadfar méid comhcheangailte a chinneadh le haghaidh cuid de na coigeartuithe nó le haghaidh na gcoigeartuithe uile.

    Maolú riosca

    B115

    A mhéid a chomhlíonann eintiteas na coinníollacha i mír B116, féadfaidh sé a roghnú gan athrú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a aithint chun cuid de na hathruithe nó na hathruithe uile a léiriú in éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais ar an méid seo a leanas:

    (a)

    méid scair an eintitis de na hítimí foluiteacha (féach mír B112) má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ar an méid sin trí úsáid a bhaint as díorthaigh nó conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

    (b)

    na sreafaí airgid comhlíonta a leagtar amach i mír B113(b) má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ar na sreafaí airgid comhlíonta sin trí úsáid a bhaint as díorthaigh, ionstraimí airgeadais neamhdhíorthaigh arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conarthaí athárachais arna sealbhú.

    B116

    Chun mír B115 a chur i bhfeidhm, ní mór cuspóir bainistíochta riosca agus straitéis um bainistíocht riosca a doiciméadaíodh roimhe sin a bheith ag eintiteas chun riosca airgeadais a mhaolú mar a thuairiscítear i mír B115. Agus an cuspóir agus an straitéis sin á gcur i bhfeidhm:

    (a)

    is ann do fhritháireamh eacnamaíoch idir na conarthaí árachais agus an díorthach, an ionstraim airgeadais neamhdhíorthaigh arna tomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conradh athárachais arna shealbhú (i.e. is iondúil go ngluaiseann luachanna na gconarthaí árachais agus na hítimí maolúcháin riosca sin i dtreonna contrártha toisc go bhfreagraíonn siad ar bhealach comhchosúil do na hathruithe sa riosca atá á mhaolú). Ní dhéanfaidh eintiteas breithniú ar dhifríochtaí tomhais cuntasaíochta agus measúnú á dhéanamh aige ar an bhfritháireamh eacnamaíoch;

    (b)

    níl an lámh in uachtar ag riosca creidmheasa ar an bhfritháireamh eacnamaíoch.

    B117

    Cinnfidh an t-eintiteas na sreafaí airgid comhlíonta i ngrúpa a bhfuil feidhm ag mír B115 maidir leis ar bhealach comhsheasmhach i ngach tréimhse tuairiscithe.

    B117A

    Má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais trí úsáid a bhaint as díorthaigh nó ionstraimí airgeadais neamhdhíorthaigh arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, áireoidh sé ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais le haghaidh na tréimhse a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír B115 mar bhrabús nó mar chaillteanas. Má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais trí úsáid a bhaint as conarthaí athárachais arna sealbhú, cuirfidh sé i bhfeidhm an beartas cuntasaíochta céanna maidir le cur i láthair ioncaim maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír B115 mar a chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm maidir leis na conarthaí athárachais arna sealbhú agus míreanna 88 agus 90 á gcur i bhfeidhm.

    B118

    Más rud é, agus sa chás sin amháin, go scoirtear d’aon cheann de na coinníollacha i mír B116 a chomhlíonadh, scoirfidh eintiteas de mhír B115 a chur i bhfeidhm ón dáta sin. Ní dhéanfaidh eintiteas aon choigeartú le haghaidh athruithe a aithníodh roimhe sin mar bhrabús nó mar chaillteanas.

    An corrlach seirbhíse conarthaí a aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas

    B119

    Aithnítear méid den chorrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh grúpa conarthaí árachais mar bhrabús nó mar chaillteanas i ngach tréimhse chun na seirbhísí conartha árachais arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí árachais sa tréimhse sin a léiriú (féach mír 44(e), mír 45(e) agus mír 66(e)). Cinntear an méid trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    na haonaid chumhdaigh sa ghrúpa a shainaithint. An líon aonad cumhdaigh i ngrúpa, is é sin an chainníocht de sheirbhísí conartha árachais arna soláthar leis na conarthaí sa ghrúpa, arna cinneadh trí bhreithniú a dhéanamh, i gcás gach conartha, ar chainníocht na sochar arna soláthar faoi chonradh agus ar a thréimhse chumhdaigh a bhfuil coinne léi;

    (b)

    an corrlach seirbhíse conarthaí a leithdháileadh i ndeireadh na tréimhse (roimh aon mhéid a aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas chun na seirbhísí conartha árachais a sholáthraítear sa tréimhse a léiriú) agus go cothrom ar gach aonad cumhdaigh a sholáthraítear sa tréimhse reatha agus a bhfuil coinne ann go soláthrófar é sa todhchaí;

    (c)

    an méid a leithdháiltear ar aonaid chumhdaigh a sholáthraítear sa tréimhse a aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas.

    B119A

    Chun mír B119 a chur i bhfeidhm, tagann deireadh le tréimhse na seirbhíse um thoradh ar infheistíocht nó na seirbhíse a bhaineann le hinfheistíocht an dáta a bheidh na méideanna uile atá dlite do shealbhóirí polasaí reatha agus a bhaineann leis na seirbhísí sin íoctha, nó roimh an dáta sin, gan breithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí sa todhchaí a áirítear sna sreafaí airgid comhlíonta agus mír B68 á cur i bhfeidhm.

    B119B

    Le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, féadfar seirbhís um thoradh ar infheistíocht a sholáthar sna cásanna seo a leanas, agus sna cásanna sin amháin:

    (a)

    i gcás inar ann do chomhpháirt infheistíochta, nó i gcás ina bhfuil ceart ag an sealbhóir polasaí méid a tharraingt siar;

    (b)

    i gcás ina bhfuil coinne ag an eintiteas go n-áireofar sa chomhpháirt infheistíochta, nó sa mhéid a bhfuil ceart ag an sealbhóir polasaí é a tharraingt siar, toradh infheistíochta (d’fhéadfadh toradh infheistíochta a bheith faoi bhun nialas, mar shampla, i dtimpeallacht ráta úis dhiúltaigh); agus

    (c)

    i gcás ina bhfuil coinne ag an eintiteas gníomhaíocht infheistíochta a dhéanamh chun an toradh infheistíochta sin a ghiniúint.

    Conarthaí athárachais arna sealbhú—aisghabháil caillteanais a aithint ar chonarthaí árachais foluiteacha (míreanna 66A – 66B)

    B119C

    Tá feidhm ag mír 66A, i gcás ina ndéantar an conradh athárachais arna shealbhú sula n-aithnítear na conarthaí árachais foluiteacha dochraideacha nó an tráth céanna a aithnítear iad, agus sa chás sin amháin.

    B119D

    Chun mír 66A a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas an coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú agus an t-ioncam a thagann as sin tríd an méid seo a leanas a iolrú:

    (a)

    an caillteanas arna aithint ar na conarthaí árachais foluiteacha; agus

    (b)

    an céatadán d’éilimh ar na conarthaí árachais foluiteacha a bhfuil coinne ag an eintiteas lena aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    B119E

    Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh eintiteas conarthaí árachais dochraideacha, a chumhdaítear le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, mar aon le conarthaí árachais dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun míreanna 66(c)(i)–(ii) agus mír 66A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, cuirfidh an t-eintiteas modh leithdháilte córasach agus réasúnach i bhfeidhm chun an chuid de chaillteanais a aithnítear ar an ngrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a chinneadh.

    B119F

    Tar éis d’eintiteas comhpháirt aisghabhála caillteanais a bhunú agus mír 66B á cur i bhfeidhm, coigeartóidh an t-eintiteas an chomhpháirt aisghabhála caillteanais chun athruithe ar chomhpháirt caillteanais grúpa dhochraidigh de chonarthaí árachais foluiteacha a léiriú (féach míreanna 50–52). Ní sháróidh méid glanluacha na comhpháirte aisghabhála caillteanais an chuid de mhéid glanluacha chomhpháirt chaillteanais an ghrúpa dhochraidigh de chonarthaí árachais foluiteacha a bhfuil coinne ag an eintiteas lena haisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    IONCAM ÁRACHAIS (MÍREANNA 83 AGUS 85)

    B120

    An t-ioncam árachais iomlán le haghaidh grúpa conarthaí árachais, is é sin an chomaoin le haghaidh na gconarthaí, i.e. an méid préimheanna arna íoc leis an eintiteas:

    (a)

    arna choigeartú le haghaidh éifeacht maoiniúcháin; agus

    (b)

    seachas aon chomhpháirt infheistíochta.

    B121

    Ceanglaítear le mír 83 go dtabharfar léiriú sa mhéid ioncaim árachais a aithnítear i dtréimhse ar an aistriú de sheirbhísí geallta ag méid lena léireofar an chomaoin a bhfuil coinne ag an eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar na seirbhísí sin. Leis an gcomaoin iomlán le haghaidh grúpa conarthaí, cumhdaítear na méideanna seo a leanas:

    (a)

    méideanna a bhaineann le soláthar seirbhísí, arb é atá iontu an méid seo a leanas:

    (i)

    costais seirbhíse árachais, seachas aon mhéid a bhaineann leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a áirítear in (ii) agus aon mhéid arna leithdháileadh ar chomhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha;

    (ia)

    méideanna a bhaineann le cáin ioncaim atá inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí;

    (ii)

    an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, seachas aon mhéid arna leithdháileadh ar chomhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha; agus

    (iii)

    an corrlach seirbhíse conarthaí.

    (b)

    méideanna a bhaineann le sreafaí airgid éadála árachais.

    B122

    Ioncam árachais le haghaidh tréimhse a bhaineann leis na méideanna ar a dtugtar tuairisc i mír B121(a), déantar é a chinneadh mar a leagtar amach i míreanna B123–B124. Ioncam árachais le haghaidh tréimhse a bhaineann leis na méideanna ar a dtugtar tuairisc i mír B121(b), déantar é a chinneadh mar a leagtar amach i mír B125.

    B123

    Agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm, nuair a sholáthraíonn eintiteas seirbhísí, dí-aithníonn sé an oibleagáid feidhmíochta le haghaidh na seirbhísí sin agus aithníonn sé ioncam. Agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, nuair a sholáthraíonn eintiteas seirbhísí i dtréimhse, laghdaíonn sé an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na seirbhísí arna soláthar agus aithníonn sé ioncam árachais. Sa laghdú ar an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha as a n-eascraíonn ioncam árachais, eisiatar athruithe ar an dliteanas nach mbaineann le seirbhísí a bhfuil coinne ann go gcumhdófar leis an gcomaoin a fuair an t-eintiteas iad. Seo a leanas na hathruithe sin:

    (a)

    athruithe nach mbaineann le seirbhísí arna soláthar sa tréimhse, mar shampla:

    (i)

    athruithe a thagann as sreafaí airgid ó phréimheanna a fuarthas;

    (ii)

    athruithe a bhaineann le comhpháirteanna infheistíochta sa tréimhse;

    “(iia)

    athruithe a thagann as sreafaí airgid ó iasachtaí do shealbhóirí polasaí;

    (iii)

    athruithe a bhaineann le cánacha idirbheart-bhunaithe arna mbailiú thar ceann tríú páirtithe (amhail cánacha préimhe, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) (féach mír B65(i));

    (iv)

    ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais;

    (v)

    sreafaí airgid éadála árachais (féach mír B125); agus

    (vi)

    dí-aithint dliteanas arna n-aistriú chuig tríú páirtí.

    (b)

    athruithe a bhaineann le seirbhísí, ach nach bhfuil coinne ag an eintiteas go mbeidh comaoin ann lena n-aghaidh, i.e. méaduithe agus laghduithe ar chomhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha (féach míreanna 47–52).

    B123A

    A mhéid a dhí-aithníonn eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid seachas sreafaí airgid éadála árachais an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (féach míreanna 38(c)(ii) agus B66A), aithneoidh sé ioncam árachais agus costais árachais le haghaidh an mhéid arna dhí-aithint an dáta sin.

    B124

    Dá bhrí sin, is féidir ioncam árachais le haghaidh na tréimhse a anailísiú freisin mar iomlán na n-athruithe ar an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha sa tréimhse a bhaineann le seirbhísí a bhfuil coinne ag an eintiteas comaoin a fháil lena n-aghaidh. Seo a leanas na hathruithe sin:

    (a)

    costais seirbhíse árachais arna dtabhú sa tréimhse (arna dtomhas ag na méideanna a bhfuil coinne leo i dtús na tréimhse), seachas an méid seo a leanas:

    (i)

    méideanna arna leithdháileadh ar chomhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha agus mír 51(a) á cur i bhfeidhm;

    (ii)

    íocaíochtaí comhpháirteanna infheistíochta;

    (iii)

    méideanna a bhaineann le cánacha idirbheart-bhunaithe arna mbailiú thar ceann tríú páirtithe (amhail cánacha préimhe, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) (féach mír B65(i));

    (iv)

    costais éadála árachais (féach mír B125); agus

    (v)

    an méid a bhaineann leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (féach (b)).

    (b)

    an t-athrú ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, seachas an méid seo a leanas:

    (i)

    athruithe a áirítear in ioncam maoiniúcháin árachais nó i gcostais maoiniúcháin árachais agus mír 87 á cur i bhfeidhm;

    (ii)

    athruithe lena gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí toisc go mbaineann siad le seirbhís sa todhchaí agus míreanna 44(c) agus 45(c) á gcur i bhfeidhm; agus

    (iii)

    méideanna arna leithdháileadh ar chomhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha agus mír 51(b) á cur i bhfeidhm.

    (c)

    méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas sa tréimhse, agus mír 44(e) agus mír 45(e) á gcur i bhfeidhm;

    (d)

    méideanna eile, más ann dóibh, mar shampla, coigeartuithe taithí le haghaidh fáltais phréimhe seachas iad siúd a bhaineann le seirbhís sa todhchaí (féach mír B96(a)).

    B125

    Cinnfidh eintiteas ioncam árachais a bhaineann le sreafaí airgid éadála árachais tríd an gcuid de na préimheanna a bhaineann le haisghabháil na sreafaí airgid sin a leithdháileadh ar gach tréimhse thuairiscithe ar bhealach córasach ar bhonn imeacht ama. Aithneoidh eintiteas an méid céanna mar chostais seirbhíse árachais.

    B126

    Nuair a chuireann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm i míreanna 55–58, is é méid na bhfáltas préimhe ionchasach (seachas aon chomhpháirt infheistíochta agus arna choigeartú chun an t-amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú, más infheidhme, agus mír 56 á cur i bhfeidhm) arna leithdháileadh ar an tréimhse an t-ioncam árachais le haghaidh na tréimhse. Déanfaidh an t-eintiteas na fáltais phréimhe ionchasacha a leithdháileadh ar gach tréimhse de sheirbhísí conartha árachais:

    (a)

    ar bhonn imeacht ama; ach

    (b)

    más mór an difríocht idir an patrún ionchasach maidir le scaoileadh riosca le linn na tréimhse cumhdaigh agus an t-imeacht ama, ansin ar bhonn an uainithe ionchasaigh a bhaineann le costais seirbhíse árachais arna dtabhú.

    B127

    Athróidh eintiteas bonn an leithdháilte idir míreanna B126(a) agus B126(b) de réir mar is gá má thagann athrú ar na fíorais agus ar na himthosca.

    IONCAM MAOINIÚCHÁIN ÁRACHAIS NÓ COSTAIS MAOINIÚCHÁIN ÁRACHAIS (MÍREANNA 87–92)

    B128

    Le mír 87, ceanglaítear ar eintiteas éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais agus athruithe orthu sin a áireamh in ioncam maoiniúcháin árachais nó i gcostais maoiniúcháin árachais. Chun críocha IFRS 17:

    (a)

    toimhdí maidir le boilsciú bunaithe ar innéacs praghsanna nó rátaí nó ar phraghsanna sócmhainní lena mbaineann torthaí atá nasctha le boilsciú, is toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais iad;

    (b)

    toimhdí maidir le boilsciú bunaithe ar ionchas eintitis i leith athruithe sonracha ar phraghas, ní toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais iad; agus

    (c)

    athruithe ar thomhas grúpa conarthaí árachais arbh athruithe ar luach ítimí foluiteacha (seachas breiseanna agus aistarraingtí) ba chúis leo, is athruithe iad a eascraíonn as éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais agus athruithe orthu sin.

    B129

    Le míreanna 88–89, ceanglaítear ar eintiteas rogha maidir le beartas cuntasaíochta a dhéanamh i dtaobh ar cheart ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú le haghaidh na tréimhse idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile. Cuirfidh eintiteas a rogha beartais cuntasaíochta i bhfeidhm maidir le punanna conarthaí árachais. Agus measúnú á dhéanamh ar an mbeartas cuntasaíochta iomchuí le haghaidh punann conarthaí árachais, agus mír 13 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí á cur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas breithniú, le haghaidh gach punainne, ar na sócmhainní a shealbhaíonn an t-eintiteas agus ar an mbealach a dtugann sé cuntas ar na sócmhainní sin.

    B130

    Má tá feidhm ag mír 88(b), áireoidh eintiteas méid mar bhrabús nó mar chaillteanas arna chinneadh le leithdháileadh córasach den ioncam maoiniúcháin ionchasach iomlán nó de na costais maoiniúcháin ionchasacha iomlána thar shaolré an ghrúpa conarthaí árachais. Sa chomhthéacs sin, is é is leithdháileadh córasach ann leithdháileadh den ioncam maoiniúcháin ionchasach iomlán nó de na costais maoiniúcháin ionchasacha iomlána de chuid grúpa conarthaí árachais thar shaolré an ghrúpa:

    (a)

    atá bunaithe ar shainghnéithe na gconarthaí, gan tagairt do thosca nach ndéantar difear leo do na sreafaí airgid a bhfuil coinne ann go n-eascróidh siad faoi na conarthaí. Mar shampla, ní bheidh leithdháileadh an ioncaim maoiniúcháin ná na gcostas maoiniúcháin bunaithe ar thorthaí aitheanta ionchasacha ar shócmhainní mura ndéantar difear leis na torthaí aitheanta ionchasacha sin do shreafaí airgid na gconarthaí sa ghrúpa;

    (b)

    a mbíonn na méideanna a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile thar shaolré an ghrúpa conarthaí nialasach san iomlán dá bharr. An méid carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile ar aon dáta, sin é an difríocht idir méid glanluacha an ghrúpa conarthaí agus an méid ar a dtomhaisfí an grúpa agus an leithdháileadh córasach á chur i bhfeidhm.

    B131

    Le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith nach bhfuil éifeacht shubstaintiúil ag athruithe ar thoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc leis an sealbhóir polasaí, cinntear an leithdháileadh córasach trí úsáid a bhaint as na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(e)(i).

    B132

    Le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith atá éifeacht shubstaintiúil ag athruithe ar thoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc leis na sealbhóirí polasaí:

    (a)

    is féidir leithdháileadh córasach a chinneadh le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn as na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí ar cheann de na bealaí seo a leanas:

    (i)

    trí úsáid a bhaint as ráta lena leithdháiltear ag ráta seasta an t-ioncam maoiniúcháin ionchasach athbhreithnithe atá fágtha nó na costais maoiniúcháin ionchasacha athbhreithnithe atá fágtha thar an saolré atá fágtha den ghrúpa conarthaí; nó

    (ii)

    le haghaidh conarthaí lena n-úsáidtear ráta creidiúnúcháin chun méideanna atá dlite do na sealbhóirí polasaí a chinneadh—trí úsáid a bhaint as leithdháileadh atá bunaithe ar na méideanna arna gcreidiúnú sa tréimhse agus a bhfuil coinne ann go ndéanfar iad a chreidiúnú i dtréimhsí sa todhchaí.

    (b)

    leithdháileadh córasach le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn as an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, má dhéantar é a dhí-chomhiomlánú ar leithligh ó athruithe eile ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais agus mír 81 á cur i bhfeidhm, cinntear é trí úsáid a bhaint as leithdháileadh atá comhsheasmhach leis an leithdháileadh a úsáidtear chun an t-ioncam maoiniúcháin nó na costais mhaoiniúcháin a eascraíonn as na sreafaí airgid todhchaí a leithdháileadh;

    (c)

    cinntear leithdháileadh córasach le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn as an gcorrlach seirbhíse conarthaí:

    (i)

    le haghaidh conarthaí árachais nach bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí iontu, trí úsáid a bhaint as na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b); agus

    (ii)

    le haghaidh conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, trí úsáid a bhaint as leithdháileadh atá comhsheasmhach leis an leithdháileadh a úsáidtear chun an t-ioncam maoiniúcháin nó na costais mhaoiniúcháin a eascraíonn as na sreafaí airgid todhchaí a leithdháileadh.

    B133

    Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm maidir le conarthaí árachais ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59, féadfar a cheangal ar eintiteas, nó féadfaidh sé a roghnú, an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a lascainiú. Sna cásanna sin, féadfaidh sé a roghnú an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú agus mír 88(b) á cur i bhfeidhm. Má dhéanann an t-eintiteas an rogha sin, cinnfidh sé an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais mar bhrabús nó mar chaillteanas trí úsáid a bhaint as an ráta lascaine a shonraítear i mír B72(e)(iii).

    B134

    Tá feidhm ag mír 89 má shealbhaíonn eintiteas, bíodh sé dá dheoin féin nó toisc go gceanglaítear air é sin a dhéanamh, na hítimí foluiteacha le haghaidh conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí. Má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú agus mír 89(b) á cur i bhfeidhm, áireoidh sé mar bhrabús nó mar chaillteanas costais nó ioncam arb ionann go díreach iad agus an t-ioncam nó na costais a áirítear mar bhrabús nó mar chaillteanas le haghaidh na n-ítimí foluiteacha, arb é a thagann as sin go bhfuil glanmhéid na n-ítimí arna gcur i láthair ar leithligh ina neamhní.

    B135

    Féadfaidh eintiteas cáiliú le haghaidh na rogha maidir le beartas cuntasaíochta i mír 89 i dtréimhsí áirithe ach gan cáiliú lena haghaidh i dtréimhsí eile de dheasca athrú i dtaobh an sealbhaíonn nó nach sealbhaíonn sé na hítimí foluiteacha. Má tharlaíonn athrú den sórt sin, athraíonn an rogha maidir le beartas cuntasaíochta atá ar fáil don eintiteas ón gceann a leagtar amach i mír 88 go dtí an ceann a leagtar amach i mír 89, nó a mhalairt. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go n-athródh eintiteas a bheartas cuntasaíochta idir an ceann a leagtar amach i mír 88(b) agus an ceann a leagtar amach i mír 89(b). Agus athrú den sórt sin á dhéanamh ag eintiteas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    áireoidh sé an méid carntha a áiríodh roimhe sin mar ioncam cuimsitheach eile faoi dháta an athraithe mar choigeartú athaicmithe mar bhrabús nó mar chaillteanas i dtréimhse an athraithe agus i dtréimhsí sa todhchaí, mar a leanas:

    (i)

    má chuir an t-eintiteas mír 88(b) i bhfeidhm roimhe sin—áireoidh an t-eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas an méid carntha a áiríodh mar ioncam cuimsitheach eile roimh an athrú amhail agus dá mbeadh an t-eintiteas ag leanúint den chur chuige i mír 88(b) bunaithe ar na toimhdí ag a raibh feidhm díreach roimh an athrú; agus

    (ii)

    má chuir an t-eintiteas mír 89(b) i bhfeidhm roimhe sin—áireoidh an t-eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas an méid carntha a áiríodh mar ioncam cuimsitheach eile roimh an athrú amhail agus dá mbeadh an t-eintiteas ag leanúint den chur chuige i mír 89(b) bunaithe ar na toimhdí ag a raibh feidhm díreach roimh an athrú.

    (b)

    ní athshonróidh sé faisnéis chomparáideach ó thréimhsí roimhe sin.

    B136

    Agus mír B135(a) á cur i bhfeidhm, ní athríomhfaidh eintiteas an méid carntha a áiríodh roimhe sin mar ioncam cuimsitheach eile amhail agus dá mbeadh feidhm riamh ag an dí-chomhiomlánú nua; agus ní dhéanfar na toimhdí a úsáidtear le haghaidh an athaicmithe i dtréimhsí sa todhchaí a thabhairt cothrom le dáta tar éis dháta an athraithe.

    ÉIFEACHT NA MEASTACHÁN CUNTASAÍOCHTA ARNA nDÉANAMH I RÁITIS AIRGEADAIS EATRAMHACHA

    B137

    Má ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais eatramhacha agus IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach á chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas rogha beartais cuntasaíochta i dtaobh ar cheart an chaoi a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta a rinneadh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin a athrú agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm i ráitis airgeadais eatramhacha dá éis sin agus sa tréimhse thuairiscithe bhliantúil. Cuirfidh eintiteas a rogha beartais cuntasaíochta i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí árachais uile a eisíonn sé agus maidir leis na grúpaí conarthaí athárachais a shealbhaíonn sé.

    Foscríbhinn C

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Tá an t-aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    C1

    Cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm luath i gcás eintitis a chuireann IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais i bhfeidhm dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17 nó ina dhiaidh sin.

    C2

    Chun críocha na gceanglas trasdula i míreanna C1 agus C3–C33:

    (a)

    is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair; agus

    (b)

    is é dáta an trasdula tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    C2A

    Le IFRS 17 agus IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair—Faisnéis Chomparáideach, arna eisiúint i mí na Nollag 2021, cuireadh míreanna C28A–C28E agus C33A leis. Eintiteas a dhéanann rogha mír C28A–C28E agus C33A a chur i bhfeidhm, déanfaidh sé iad a chur i bhfeidhm tráth a dhéantar IFRS 17 a chur i bhfeidhm den chéad uair.

    TRASDUL

    C3

    Mura bhfuil sé dodhéanta déanamh amhlaidh, nó mura bhfuil feidhm ag mír C5A, cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm go cúlghabhálach, ach amháin:

    (a)

    nach n-éilítear ar eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí a chur i láthair; agus

    (b)

    nach gcuirfidh eintiteas an rogha i mír B115 i bhfeidhm maidir le tréimhsí roimh dháta an trasdula. Féadfaidh eintiteas an rogha i mír B115 a chur i bhfeidhm go hionchasach dáta an trasdula nó ina dhiaidh sin más rud é, agus sa chás seo amháin, go n-ainmníonn an t-eintiteas gaolta maolaithe riosca an dáta a chuireann sé an rogha i bhfeidhm nó roimhe sin.

    C4

    Chun IFRS 17 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas dáta an trasdula:

    (a)

    sainaithneoidh, aithneoidh agus tomhaisfidh sé gach grúpa conarthaí árachais amhail agus dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17;

    (aa)

    sainaithneoidh, aithneoidh agus tomhaisfidh sé aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais amhail agus dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17 (ach amháin nach n-éilítear ar eintiteas an measúnú in-aisghabhálachta i mír 28E a chur i bhfeidhm roimh dháta an trasdula);

    (b)

    dí-aithneoidh sé aon iarmhéid atá ann cheana nach mbeadh ann dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17; agus

    (c)

    aithneoidh sé aon ghlandifríocht i gcothromas a thagann as sin.

    C5

    Más rud é, agus sa chás seo amháin, go bhfuil sé dodhéanta d’eintiteas mír C3 a chur i bhfeidhm maidir le grúpa conarthaí árachais, cuirfidh eintiteas na cuir chuige seo a leanas i bhfeidhm seachas mír C4(a) a chur i bhfeidhm:

    (a)

    an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i míreanna C6–C19A, faoi réir mhír C6(a); nó

    (b)

    an cur chuige cóirluacha i míreanna C20–C24B.

    C5A

    D’ainneoin mhír C5, féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh an cur chuige cóirluacha i míreanna C20–C24B a chur i bhfeidhm maidir le grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhféadfadh sé IFRS 17 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir leis sa chás seo a leanas, agus sa chás seo amháin:

    (a)

    más rud go roghnaíonn an t-eintiteas an rogha maolaithe riosca i mír B115 a chur i bhfeidhm go hionchasach maidir leis an ngrúpa conarthaí árachais ó dháta an trasdula; agus

    (b)

    más rud é gur úsáid an t-eintiteas díorthaigh, ionstraimí airgeadais neamhdhíorthacha arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conarthaí athárachais arna sealbhú chun riosca airgeadais a eascraíonn ón ngrúpa conarthaí árachais a mhaolú, mar a shonraítear i mír B115, roimh dháta an trasdula.

    C5B

    Más rud é go bhfuil sé dodhéanta d’eintiteas mír C4(aa) a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais, agus sa chás sin amháin, cuirfidh an t-eintiteas na cuir chuige seo a leanas i bhfeidhm chun an tsócmhainn a thomhas le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais:

    (a)

    an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i míreanna C14B–C14D agus C17A, faoi réir mhír C6(a); nó

    (b)

    an cur chuige cóirluacha i míreanna C24A–C24B.

    An cur chuige cúlghabhálach modhnaithe

    C6

    Is é is cuspóir don chur chuige cúlghabhálach modhnaithe an toradh is gaire is féidir do chur i bhfeidhm cúlghabhálach a bhaint amach agus faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi agus atá ar fáil gan costas ná iarracht mhíchuí á húsáid. Dá réir sin, agus an cur chuige sin á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    úsáidfidh sé faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi. Mura féidir leis an eintiteas faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi a fháil is gá chun an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an cur chuige cóirluacha i bhfeidhm;

    (b)

    bainfidh sé a oiread úsáide agus is féidir as faisnéis a d’úsáidfí chun cur chuige atá go hiomlán cúlghabhálach a chur i bhfeidhm, ach ní gá dó ach úsáid a bhaint as faisnéis atá ar fáil gan costas ná iarracht mhíchuí.

    C7

    Le míreanna C9–C19A leagtar amach modhnuithe ceadaithe ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach sna réimsí seo a leanas:

    (a)

    measúnuithe ar chonarthaí árachais nó ar ghrúpaí conarthaí árachais a dhéanfaí dáta an tionscanta nó an aitheantais tosaigh;

    (b)

    méideanna a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí nó leis an gcomhpháirt chaillteanais le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí;

    (c)

    méideanna a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí nó leis an gcomhpháirt chaillteanais le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí; agus

    (d)

    ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais.

    C8

    Chun cuspóir an chur chuige chúlghabhálaigh mhodhnaithe a bhaint amach, ní cheadaítear d’eintiteas gach modhnú i míreanna C9–C19A a úsáid ach a mhéid nach bhfuil faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi ag eintiteas chun cur chuige cúlghabhálach a chur i bhfeidhm.

    Measúnuithe tráth an tionscanta nó tráth a thugtar aitheantas tosaigh

    C9

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas na hábhair seo a leanas trí úsáid a bhaint as faisnéis atá le fáil dáta an trasdula:

    (a)

    an bealach le grúpaí conarthaí árachais a shainaithint, agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm;

    (b)

    cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh árachais an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B101–B109 á gcur i bhfeidhm;

    (c)

    an bealach chun sreafaí airgid discréide a shainaithint le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B98–B100 á gcur i bhfeidhm; agus

    (d)

    cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh infheistíochta an sainmhíniú ar chonradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 71 á cur i bhfeidhm.

    C9A

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, aicmeoidh eintiteas mar dhliteanas i leith éilimh thabhaithe dliteanas i leith socrú éilimh a tabhaíodh sula bhfuarthas conradh árachais in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3.

    C10

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, ní chuirfidh eintiteas mír 22 i bhfeidhm chun grúpaí a roinnt ina ngrúpaí nach n-áirítear iontu conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile.

    An corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhpháirt chaillteanais a chinneadh le haghaidh grúpaí conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí

    C11

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, maidir le conarthaí gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, cinnfidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhpháirt chaillteanais i leith an dliteanais le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha (féach míreanna 49–52) dáta an trasdula trí mhíreanna C12–C16C a chur i bhfeidhm.

    C12

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, déanfaidh eintiteas meastachán faoi na sreafaí airgid todhchaí an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais mar mhéid na sreafaí airgid todhchaí dáta an trasdula (nó dáta is luaithe, más féidir na sreafaí airgid todhchaí an dáta is luaithe sin a chinneadh go cúlghabhálach, agus mír C4(a) á cur i bhfeidhm), arna choigeartú leis na sreafaí airgid is eol gurbh ann dóibh idir an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais agus dáta an trasdula (nó dáta is luaithe). Sna sreafaí airgid arb eol gurbh ann dóibh áirítear sreafaí airgid atá mar thoradh ar chonarthaí a scoir de bheith ann roimh dháta an trasdula.

    C13

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas na rátaí lascaine ag a raibh feidhm an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (nó ina dhiaidh sin):

    (a)

    trí úsáid a bhaint as cuar toraidh inbhraite lena dtugtar neastachán, ar feadh 3 bliana ar a laghad díreach roimh dháta an trasdula, ar an gcuar toraidh arna mheas agus mír 36 agus míreanna B72–B85 á gcur i bhfeidhm, más ann do chuar toraidh inbhraite den sórt sin;

    (b)

    murab ann don chuar toraidh inbhraite i mír (a), déanfaidh sé meastachán faoi na rátaí lascaine ag a raibh feidhm an dáta a tugadh aitheantas tosaigh (nó ina dhiaidh sin) trí mheánraon difríochta a chinneadh idir cuar toraidh inbhraite agus an cuar toraidh arna mheas agus mír 36 agus míreanna B72–B85 á gcur i bhfeidhm, agus tríd an raon difríochta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuar toraidh inbhraite sin. Meán a bheidh sa raon difríochta sin ar feadh 3 bliana ar a laghad díreach roimh dháta an trasdula.

    C14

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (nó ina dhiaidh sin) tríd an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a choigeartú dáta an trasdula le scaoileadh ionchasach an riosca roimh dháta an trasdula. Cinnfear scaoileadh ionchasach an riosca faoi threoir scaoileadh an riosca le haghaidh conarthaí árachais comhchosúla a eisíonn an t-eintiteas dáta an trasdula.

    C14A

    Agus mír B137 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú gan an bealach a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta arna ndéanamh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin a athrú. A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas den sórt sin an corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhpháirt chaillteanais dáta an trasdula amhail agus dá mba rud é nach raibh ráitis airgeadais eatramhacha ullmhaithe ag an eintiteas roimh dháta an trasdula.

    C14B

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, úsáidfidh eintiteas an modh córasach agus réasúnach céanna a bhfuil coinne ag an eintiteas é a úsáid tar éis dháta an trasdula agus mír 28A á cur i bhfeidhm chun aon sreabhadh airgid éadála árachais arna íoc a leithdháileadh (nó ar ina leith a aithníodh dliteanas agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) roimh dháta an trasdula (seachas aon mhéid a bhaineann le conarthaí árachais a scoir de bheith ann roimh dháta an trasdula) orthu seo a leanas:

    (a)

    grúpaí conarthaí árachais a aithnítear dáta an trasdula; agus

    (b)

    grúpaí conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis dháta an trasdula.

    C14C

    Le sreafaí airgid éadála árachais arna n-íoc roimh dháta an trasdula a leithdháiltear ar ghrúpa conarthaí árachais a aithnítear dáta an trasdula, coigeartaítear corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa sin, a mhéid a aithníodh an dáta sin conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go mbeidh siad sa ghrúpa (féach mír 28C agus mír B35C). Maidir le sreafaí airgid éadála árachais eile arna n-íoc roimh dháta an trasdula, lena n-áirítear iad siúd arna leithdháileadh ar ghrúpa conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis dháta an trasdula, aithnítear mar shócmhainn iad, agus mír 28B á cur i bhfeidhm.

    C14D

    Mura bhfuil faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi ag eintiteas chun mír C14B a chur i bhfeidhm, cinnfidh an t-eintiteas go bhfuil na méideanna seo a leanas ina neamhní dáta an trasdula:

    (a)

    an coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí árachais a aithnítear dáta an trasdula agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a bhaineann leis an ngrúpa sin; agus

    (b)

    an tsócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais le haghaidh grúpaí conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis dháta an trasdula.

    C15

    Más éard a thagann as míreanna C12–C14D a chur i bhfeidhm ná corrlach seirbhíse conarthaí dáta a thugtar aitheantas tosaigh, chun an corrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh dáta an trasdula déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

    (a)

    má chuireann eintiteas C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine ag a bhfuil feidhm tráth a thugtar aitheantas tosaigh, úsáidfidh sé na rátaí sin chun ús a fhuilleamh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

    (b)

    a mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh sé méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear i mbrabús nó caillteanas mar gheall ar an aistriú seirbhísí roimh dháta an trasdula, trí chomparáid a dhéanamh idir na haonaid chumhdaigh atá fágtha an dáta sin agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí roimh dháta an trasdula (féach mír B119).

    C16

    Más éard a thagann as míreanna C12–C14D a chur i bhfeidhm comhpháirt chaillteanais den dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha dáta a thugtar aitheantas tosaigh, cinnfidh eintiteas aon mhéid arna leithdháileadh ar an gcomhpháirt chaillteanais roimh dháta an trasdula agus míreanna C12–C14D á gcur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as bonn leithdháilte córasach.

    C16A

    Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú lena soláthraítear cumhdach le haghaidh grúpa dochraideach conarthaí árachais agus a rinneadh sular eisíodh na conarthaí árachais nó an tráth céanna a eisíodh iad, suífidh eintiteas comhpháirt aisghabhála caillteanais den tsócmhainn le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha dáta an trasdula (féach míreanna 66A–66B). A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas an chomhpháirt aisghabhála caillteanais tríd an méid seo a leanas a iolrú:

    (a)

    comhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na gconarthaí árachais foluiteacha dáta an trasdula (féach míreanna C16 agus C20); agus

    (b)

    céatadán na n-éileamh le haghaidh na gconarthaí árachais foluiteacha a bhfuil coinne ag an eintiteas é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    C16B

    Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, dáta an trasdula is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí árachais dochraideacha nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach conarthaí árachais. Chun mír C16A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun go gcinnfear an chuid de chomhpháirt chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    C16C

    Mura bhfuil faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi ag eintiteas chun mír C16A a chur i bhfeidhm, ní shainaithneoidh an t-eintiteas comhpháirt aisghabhála caillteanais le haghaidh an ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    An corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhpháirt chaillteanais a chinneadh le haghaidh grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí

    C17

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, le haghaidh conarthaí le gnéithe rannpháirtíochta dírí, cinnfidh eintiteas corrlach seirbhíse conarthaí nó comhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha tar éis dháta an trasdula mar a leanas:

    (a)

    cóirluach iomlán na míreanna foluiteacha an dáta sin; lúide

    (b)

    na sreafaí airgid comhlíonta an dáta sin; móide nó lúide

    (c)

    coigeartú le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (i)

    méideanna arna muirearú ag an eintiteas ar na sealbhóirí polasaí (lena n-áirítear méideanna arna mbaint as na míreanna foluiteacha) roimh an dáta sin;

    (ii)

    méideanna arna n-íoc roimh an dáta sin nach n-athródh bunaithe ar na míreanna foluiteacha;

    (iii)

    an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais arbh é an scaoileadh ó riosca roimh an dáta sin ba chúis leis. Déanfaidh an t-eintiteas meastachán faoin méid sin faoi threoir an scaoilte riosca le haghaidh conarthaí árachais comhchosúla a eisíonn an t-eintiteas dáta an trasdula;

    (iv)

    sreafaí airgid éadála árachais arna n-íoc (nó ar ina leith a aithníodh dliteanas agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) roimh dháta an trasdula a leithdháiltear ar an ngrúpa (féach mír C17A).

    (d)

    má thagann corrlach seirbhíse conarthaí as (a)–(c)—lúide méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a bhaineann le seirbhísí arna soláthar roimh an dáta sin. Tá an t-iomlán de (a)–(c) ina athróg ionadach le haghaidh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí iomláin le haghaidh na seirbhísí uile atá le soláthar faoin ngrúpa conarthaí, i.e. roimh aon mhéid a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas le haghaidh seirbhísí arna soláthar. Déanfaidh an t-eintiteas meastachán faoi na méideanna a d’aithneofaí i mbrabús nó caillteanas le haghaidh seirbhísí arna soláthar trí chomparáid a dhéanamh idir na haonaid chumhdaigh atá fágtha dáta an trasdula agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí roimh dháta an trasdula; nó

    (e)

    má thagann comhpháirt chaillteanais as (a)–(c)—coigeartaigh an chomhpháirt chaillteanais go nialas agus méadaigh an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha seachas an chomhpháirt chaillteanais leis an méid céanna.

    C17A

    A mhéid a cheadaítear le mír C8, cuirfidh eintiteas míreanna C14B–C14D i bhfeidhm chun go n-aithneofar sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais, agus aon choigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach mír C17(c)(iv)).

    Ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais

    C18

    Maidir le grúpaí conarthaí árachais lena n-áirítear, agus mír C10 á cur i bhfeidhm, conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile:

    (a)

    ceadaítear d’eintiteas na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e)(ii) mar aon leis na rátaí lascaine dáta an éilimh thabhaithe a shonraítear i mír B72(e)(iii) dáta an trasdula seachas an dáta a thugtar aitheantas tosaigh nó dáta an éilimh thabhaithe

    (b)

    má roghnaíonn eintiteas ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais a dhí-chomhiomlánú idir méideanna a áirítear i mbrabús nó caillteanas agus méideanna a áirítear in ioncam cuimsitheach eile agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm, is gá don eintiteas méid carnach an ioncaim airgeadais árachais nó na gcostas airgeadais árachais a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile dáta an trasdula a chinneadh chun mír 91(a) a chur i bhfeidhm i dtréimhsí sa todhchaí. Ceadaítear don eintiteas an méid carnach sin a chinneadh trí mhír C19(b) a chur i bhfeidhm nó:

    (i)

    mar neamhní, mura bhfuil feidhm ag (ii); agus

    (ii)

    le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag mír B134 maidir leo, mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile maidir leis na míreanna foluiteacha.

    C19

    Maidir le grúpaí conarthaí árachais nach n-áirítear conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile iontu:

    (a)

    má chuireann eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine ag a raibh feidhm tráth a tugadh aitheantas tosaigh (nó ina dhiaidh sin), cinnfidh sé freisin na rátaí lascaine a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e) agus mír C13 á cur i bhfeidhm; agus

    (b)

    má roghnaíonn eintiteas ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais a dhí-chomhiomlánú idir méideanna a áirítear i mbrabús nó caillteanas agus méideanna a áirítear in ioncam cuimsitheach eile, agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm, is gá don eintiteas méid carnach an ioncaim airgeadais árachais nó na gcostas airgeadais árachais a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile dáta an trasdula a chinneadh chun mír 91(a) a chur i bhfeidhm i dtréimhsí sa todhchaí. Cinnfidh an t-eintiteas an méid carnach sin:

    (i)

    le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B131 i bhfeidhm—má chuireann an t-eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar na rátaí lascaine tráth a thugtar aitheantas tosaigh—trí úsáid a bhaint as na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh, agus mír C13 á cur i bhfeidhm freisin;

    (ii)

    le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B132 i bhfeidhm—ar an mbonn gurb iad na toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh na toimhdí ag a bhfuil feidhm dáta an trasdula, i.e. mar neamhní;

    (iii)

    le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B133 i bhfeidhm—má chuireann an t-eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine tráth a thugtar aitheantas tosaigh (nó ina dhiaidh sin)—trí úsáid a bhaint as na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta an éilimh thabhaithe, agus mír C13 á cur i bhfeidhm freisin; agus

    (iv)

    le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag mír B134 maidir leo—mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile maidir leis na míreanna foluiteacha.

    C19A

    Agus mír B137 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú gan an bealach a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta arna ndéanamh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin a athrú. A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas den sórt sin méideanna a bhaineann le hioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais dáta an trasdula amhail agus dá mba rud é nach raibh ráitis airgeadais eatramhacha ullmhaithe aige roimh dháta an trasdula.

    Cur chuige cóirluacha

    C20

    Chun an cur chuige cóirluacha a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas corrlach seirbhíse conarthaí nó comhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha dáta an trasdula mar an difríocht idir cóirluach grúpa conarthaí árachais an dáta sin agus na sreafaí airgid comhlíonta arna dtomhas an dáta sin. Agus an cóirluach sin á chinneadh, ní chuirfidh eintiteas mír 47 de IFRS 13 Tomhas Cóirluacha (a bhaineann le gnéithe éilimh) i bhfeidhm.

    C20A

    Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a bhfuil feidhm ag míreanna 66A–66B maidir leis (gan gá a bheith ann an coinníoll a leagtar amach i mír B119C a chomhlíonadh), cinnfidh eintiteas comhpháirt aisghabhála caillteanais na sócmhainne le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha dáta an trasdula tríd an méid seo a leanas a iolrú:

    (a)

    comhpháirt chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na gconarthaí árachais foluiteacha dáta an trasdula (féach míreanna C16 agus C20); agus

    (b)

    céatadán na n-éileamh le haghaidh na gconarthaí árachais foluiteacha a bhfuil coinne ag an eintiteas é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    C20B

    Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, dáta an trasdula is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí árachais dochraideacha nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach conarthaí árachais. Chun mír C20A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun go gcinnfear an chuid de chomhpháirt chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

    C21

    Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas mír C22 a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a chinneadh:

    (a)

    an bealach le grúpaí conarthaí árachais a shainaithint, agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm;

    (b)

    cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh árachais an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B101–B109 á gcur i bhfeidhm;

    (c)

    an bealach chun sreafaí airgid discréide a shainaithint le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B98–B100 á gcur i bhfeidhm; agus

    (d)

    cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh infheistíochta an sainmhíniú ar chonradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 71 á cur i bhfeidhm.

    C22

    Féadfaidh eintiteas a roghnú na hábhair a chinneadh i mír C21 trí úsáid a bhaint as:

    (a)

    faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi i dtaobh an méid a bheadh cinntithe ag an eintiteas i bhfianaise théarmaí an chonartha agus dhálaí an mhargaidh dáta an tionscanta nó dáta an aitheantais tosaigh, de réir mar is iomchuí; nó

    (b)

    faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi atá ar fáil dáta an trasdula.

    C22A

    Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú dliteanas i leith socrú éilimh a tabhaíodh sula bhfuarthas conradh árachais in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3 a aicmiú mar dhliteanas i leith éilimh thabhaithe.

    C23

    Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, ní éilítear ar eintiteas mír 22 a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh sé conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile a áireamh i ngrúpa. Ní dhéanfaidh eintiteas grúpaí a roinnt sna grúpaí sin nach n-áirítear ach conarthaí arna n-eisiúint laistigh de bhliain (nó tréimhse is gairide ná sin) iontu má tá faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi aige chun an roinnt a dhéanamh. Cibé acu a chuireann nó nach gcuireann eintiteas mír 22 i bhfeidhm, ceadaítear dó na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e)(ii) mar aon leis na rátaí lascaine dáta an éilimh thabhaithe a shonraítear i mír B72(e)(iii) dáta an trasdula seachas an dáta a thugtar aitheantas tosaigh nó dáta an éilimh thabhaithe.

    C24

    Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, má roghnaíonn eintiteas ioncam airgeadais árachais nó costais airgeadais árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, ceadaítear dó méid carnach an ioncaim airgeadais árachais nó na gcostas airgeadais árachais a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile dáta an trasdula a chinneadh:

    (a)

    go cúlghabhálach—i gcás ina bhfuil faisnéis réasúnta ar féidir tacú léi aige chun é sin a dhéanamh agus sa chás sin amháin; nó

    (b)

    mar neamhní—mura bhfuil feidhm ag (c); agus

    (c)

    le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag mír B134 maidir leo—mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile ó na míreanna foluiteacha.

    Sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais

    C24A

    Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm maidir le sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach mír C5B(b)), dáta an trasdula, cinnfidh eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ag méid atá cothrom leis na sreafaí airgid éadála árachais a thabhódh an t-eintiteas dáta an trasdula le haghaidh na gceart chun an méid seo a leanas a fháil:

    (a)

    aisghabhálacha sreafaí airgid éadála árachais ó phréimheanna conarthaí árachais a eisíodh roimh dháta an trasdula ach nach n-aithnítear dáta an trasdula;

    (b)

    conarthaí árachais todhchaí ar athnuachaintí iad ar chonarthaí árachais a aithníodh dáta an trasdula agus conarthaí árachais ar a dtugtar tuairisc in (a); agus

    (c)

    conarthaí árachais todhchaí, seachas iad siúd in (b), tar éis dháta an trasdula gan na sreafaí airgid éadála árachais atá íoctha cheana ag an eintiteas, agus atá inchurtha go díreach i leith na punainne gaolmhaire de chonarthaí árachais, a íoc arís.

    C24B

    Dáta an trasdula, déanfaidh an t-eintiteas méid aon sócmhainne le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a eisiamh ó thomhas aon ghrúpa conarthaí árachais.

    Faisnéis chomparáideach

    C25

    D’ainneoin na tagartha don tréimhse tuairiscithe bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh i mír C2(b), féadfaidh eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach a chur i láthair freisin agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm le haghaidh aon tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh. Más amhlaidh a chuireann eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse is luaithe, léifear an tagairt do ‘tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh’ i mír C2(b) mar ‘tús na tréimhse coigeartaithe comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair’.

    C26

    Ní éilítear ar eintiteas na nochtaí a shonraítear i míreanna 93–132 a sholáthar le haghaidh aon tréimhse a chuirtear i láthair roimh thús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    C27

    Má chuireann eintiteas faisnéis neamhchoigeartaithe chomparáideach agus nochtaí i láthair le haghaidh aon tréimhse is luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir an fhaisnéis nár coigeartaíodh, nochtfaidh sé gur ullmhaíodh í ar bhonn difriúil, agus míneoidh sé an bonn sin.

    C28

    Ní gá d’eintiteas faisnéis nár foilsíodh roimhe sin a nochtadh, ar faisnéis í faoi fhorbairt éileamh a tharla tréimhse is luaithe ná 5 bliana roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair. Mar sin féin, mura nochtann eintiteas an fhaisnéis sin, nochtfaidh sé an fíoras sin.

    Eintitis a dhéanann IFRS 17 agus IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair san am céanna

    C28A

    Eintiteas a dhéanann IFRS 17 agus IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair san am céanna, ceadaítear dó míreanna C28B–C28E (forleagan aicmiúcháin) a chur i bhfeidhm chun faisnéis chomparáideach a chur i láthair maidir le sócmhainn airgeadais i gcás nach mbeadh an fhaisnéis chomparáideach i leith na sócmhainne airgeadais sin athshonraithe le haghaidh IFRS 9. Ní athshonrófar faisnéis chomparáideach maidir le sócmhainn airgeadais le haghaidh IFRS 9 más amhlaidh go roghnaíonn an t-eintiteas gan tréimhsí roimhe sin a athshonrú (féach mír 7.2.15 de IFRS 9), nó go n-athshonraíonn an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin cé gur dí-aithníodh an tsócmhainn airgeadais le linn na dtréimhsí roimhe sin (féach mír 7.2.1 de IFRS 9).

    C28B

    An t-eintiteas a chuireann an forleagan aicmiúcháin i bhfeidhm i leith sócmhainn airgeadais, léireoidh sé an fhaisnéis chomparáideach amhail is go mbeadh ceanglais aicmiúcháin agus tomhais IFRS 9 curtha i bhfeidhm i leith na sócmhainne airgeadais sin. Úsáidfidh an t-eintiteas faisnéis leordhóthanach iontaofa a bheidh ar fáil ar dháta an aistrithe (féach mír C2(b)) chun ionchas an eintitis a chinneadh maidir leis an ndóigh a ndéanfaí an tsócmhainn airgeadais a aicmiú agus a thomhas tráth a dhéantar IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair (mar shampla, d’fhéadfadh eintiteas réamh-mheasúnuithe a úsáid, réamh-mheasúnuithe arna ndéanamh mar ullmhúchán chun IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair).

    C28C

    Agus forleagan aicmiúcháin á chur i bhfeidhm i leith sócmhainn airgeadais, ní cheanglaítear ar eintiteas na ceanglais bhearnúcháin i Roinn 5.5 de IFRS 9 a chur i bhfeidhm. Más amhlaidh, bunaithe ar an aicmiúchán arna chinneadh agus mír C28B á cur i bhfeidhm, go mbeadh an tsócmhainn airgeadais faoi réir na gceanglas bearnúcháin i Roinn 5.5 de IFRS 9 ach nach gcuireann an t-eintiteas na ceanglais sin i bhfeidhm agus an forleagan aicmiúcháin á chur i bhfeidhm aige, leanfaidh an t-eintiteas d'aon mhéid a léiriú, méid arna aithint i ndáil le bearnúchán le linn na tréimhse roimhe sin i gcomhréir le IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas. Ina mhalairt de chás, déanfar aon mhéid den sórt sin a chlárú.

    C28D

    Aon difríocht idir an tsuim ghlanluacha de shócmhainn airgeadais ar dháta an aistrithe agus an tsuim ghlanluacha roimhe sin, difríocht a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh mhíreanna C28B–C28C a chur i bhfeidhm, aithneofar í sa tuilleamh coimeádta tosaigh (nó i gcomhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) ar dháta an aistrithe.

    C28E

    Eintiteas a chuireann míreanna C28B–C28D i bhfeidhm, déanfaidh sé an méid a leanas:

    (a)

    faisnéis cháilíochtúil a nochtadh, faisnéis a chuirfidh ar chumas úsáideoirí ráiteas airgeadais an méid a leanas a thuiscint:

    (i)

    a mhéad is a cuireadh an forleagan aicmiúcháin i bhfeidhm (mar shampla, cé acu a cuireadh nó nár cuireadh i bhfeidhm é i leith na sócmhainní airgeadais go léir a dí-aithníodh le linn na tréimhse comparáidí);

    (ii)

    cé acu a cuireadh nó nár cuireadh na ceanglais bhearnúcháin i Roinn 5.5 de IFRS 9 i bhfeidhm (féach mír C28C), agus i gcás gur cuireadh i bhfeidhm iad; a mhéad agus a cuireadh i bhfeidhm iad;

    (b)

    gan na míreanna sin a chur i bhfeidhm ach i leith na faisnéise comparáidí le haghaidh tréimhsí tuairiscithe idir dáta an aistrithe chuig IFRS 17 agus an dáta ar a ndéantar IFRS 17 a chur i bhfeidhm den chéad uair (féach míreanna C2 agus C25); agus

    (c)

    ar an dáta ar a ndéantar IFRS 9 a chur i bhfeidhm den chéad uair, ceanglais an aistrithe in IFRS 9 a chur i bhfeidhm (féach Roinn 7.2 de IFRS 9).

    Sócmhainní airgeadais a athainmniú

    C29

    Dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17, maidir le heintiteas a chuir IFRS 9 i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla roimh chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17:

    (a)

    féadfaidh sé athmheasúnú a dhéanamh an gcomhlíontar le sócmhainn airgeadais incháilithe an coinníoll i mír 4.1.2(a) nó i mír 4.1.2 A(a) de IFRS 9. Níl sócmhainn airgeadais incháilithe ach amháin mura sealbhaítear an tsócmhainn airgeadais i leith gníomhaíocht nach mbaineann le conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17. Is samplaí de shócmhainní airgeadais nach mbeadh incháilithe le haghaidh athmheasúnú iad sócmhainní airgeadais a shealbhaítear i leith gníomhaíochtaí baincéireachta nó sócmhainní airgeadais a shealbhaítear i gcistí a bhaineann le conarthaí infheistíochta atá lasmuigh de raon feidhme IFRS 17;

    (b)

    cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar shócmhainn airgeadais arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas mura gcomhlíontar an coinníoll i mír 4.1.5 de IFRS 9 a thuilleadh mar gheall ar chur i bhfeidhm IFRS 17;

    (c)

    féadfaidh sé sócmhainn airgeadais a ainmniú arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas má chomhlíontar an coinníoll i mír 4.1.5 de IFRS 9;

    (d)

    féadfaidh sé infheistíocht in ionstraim chothromais a ainmniú mar chóirluach trí ioncam cuimsitheach eile agus mír 5.7.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm;

    (e)

    féadfaidh sé an t-ainmniú a rinne sé roimhe sin ar infheistíocht in ionstraim chothromais mar chóirluach trí ioncam cuimsitheach eile a chúlghairm agus mír 5.7.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm.

    C30

    Cuirfidh eintiteas mír C29 i bhfeidhm ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17. Cuirfidh eintiteas na hainmniúcháin agus na haicmiúcháin sin i bhfeidhm go cúlghabhálach. Ar an mbealach sin, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais trasdula ábhartha in IFRS 9 i bhfeidhm. Measfar gurb é dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17 dáta an chur i bhfeidhm tosaigh chun na críche sin.

    C31

    Eintiteas a chuireann mír C29 i bhfeidhm, ní éilítear air tréimhsí roimhe sin a athshonrú i bhfianaise athruithe den sórt sin in ainmniúcháin nó in aicmiúcháin. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar. Má athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, leis na ráitis airgeadais athshonraithe ní mór ceanglais uile IFRS 9 le haghaidh na sócmhainní airgeadais sin dá ndearnadh difear a léiriú. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas, sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó i gcomhpháirt chothromais eile, de réir mar is iomchuí) dáta an chur i bhfeidhm tosaigh, aon difríocht idir:

    (a)

    méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sin roimhe sin; agus

    (b)

    méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sin dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

    C32

    Nuair a chuireann eintiteas mír C29 i bhfeidhm, sa tréimhse thuairiscithe bhliantúil sin le haghaidh na sócmhainní airgeadais sin déanfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh de réir aicme:

    (a)

    má tá feidhm ag mír C29(a)—an bonn chun sócmhainní airgeadais incháilithe a chinneadh;

    (b)

    má tá feidhm ag aon cheann de na míreanna C29(a)–C29(e):

    (i)

    catagóir thomhais agus méid glanluacha na sócmhainní airgeadais dá ndearnadh difear arna gcinneadh díreach roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17; agus

    (ii)

    catagóir thomhais nua agus méid glanluacha nua na sócmhainní airgeadais dá ndearnadh difear arna gcinneadh tar éis mír C29 a chur i bhfeidhm.

    (c)

    má tá feidhm ag mír C29(b)—méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sa ráiteas staide airgeadais a ainmníodh roimhe sin mar shócmhainní arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas agus mír 4.1.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm nach bhfuil ainmnithe amhlaidh a thuilleadh.

    C33

    Nuair a chuireann eintiteas mír C29 i bhfeidhm, nochtfaidh an t-eintiteas sa tréimhse thuairiscithe bhliantúil sin faisnéis cháilíochtúil lena gcuirfí ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais an méid seo a leanas a thuiscint:

    (a)

    an chaoi ar chuir sé mír C29 i bhfeidhm maidir le sócmhainní airgeadais ar athraíodh a n-aicmiú agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm i dtosach;

    (b)

    na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú ar shócmhainní airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas agus mír 4.1.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm; agus

    (c)

    an chúis ar tháinig an t-eintiteas ar aon chonclúid dhifriúil sa mheasúnú nua agus mír 4.1.2(a) nó mír 4.1.2 A(a) de IFRS 9 á cur i bhfeidhm.

    C33A

    I gcás sócmhainn airgeadais arna dí-aithint idir dáta an aistrithe agus an dáta ar a ndéantar IFRS 17 a chur i bhfeidhm den chéad uair, is féidir leis an eintiteas míreanna C28B–C28E (an forleagan aicmiúcháin) a chur i bhfeidhm chun faisnéis chomparáideach a léiriú amhail is gur cuireadh mír C29 i bhfeidhm i leith na sócmhainne sin. I gcás mar sin ba cheart don eintiteas ceanglais mhíreanna C28B–C28E a choigeartú le go mbeadh an forleagan aicmiúcháin bunaithe ar ionchas an eintitis maidir leis an dóigh a ndéanfaí an tsócmhainn airgeadais a ainmniú tar éis mír C29 a chur i bhfeidhm ar an dáta ar a ndéantar IFRS 17 a chur i bhfeidhm den chéad uair.

    CAIGHDEÁIN IFRS EILE A AISTARRAINGT

    C34

    Cuirtear IFRS 17 in ionad IFRS 4 Conarthaí Árachais, arna leasú in 2020.

    Léirmhíniú IFRIC 1

    Athruithe ar Dhíchoimisiúnú, Athbhunú agus Dliteanais Chomhchosúla atá ann cheana

    TAGAIRTÍ

    IFRS 16 Léasanna

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (arna athbhreithniú in 2003)

    IAS 23 Costais Iasachtaíochta

    IAS 36 Lagú Sócmhainní (arna athbhreithniú in 2004)

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    CÚLRA

    1

    Tá oibleagáidí ar go leor eintiteas earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a dhíchóimeáil, a bhaint agus a athchóiriú. Sa léirmhíniú seo, tagraítear do na hoibleagáidí sin mar ‘díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla’. Faoi IAS 16, áirítear leis an gcostas a bhaineann le hearra réadmhaoine, gléasra agus trealaimh an meastachán tosaigh ar na costais a bhaineann leis an earra a dhíchóimeáil agus a bhaint agus an suíomh ar a bhfuil sé lonnaithe a athchóiriú, rud a dtabhaíonn an t-eintiteas oibleagáid ina leith nuair a fhaightear an t-earra nó mar thoradh ar an earra a bheith úsáidte aige le linn tréimhse áirithe chun críoch eile seachas fardail a tháirgeadh le linn na tréimhse sin. Tá ceanglais in IAS 37 maidir leis an gcaoi chun díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla a thomhas. Cuirtear treoraíocht ar fáil leis an léirmhíniú seo faoin gcaoi chun tionchar athruithe a chur san áireamh, ar athruithe iad a bhaineann le díchoimisiúnú, athchóiriú agus dliteanais chomhchosúla atá ann cheana a thomhas.

    RAON FEIDHME

    2

    Tá feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le hathruithe ar thomhas aon díchoimisiúnaithe, athchóirithe nó dliteanais chomhchosúil atá ann cheana:

    (a)

    a aithnítear mar chuid de chostas earra maoine, gléasra agus trealaimh i gcomhréir le IAS 16 nó mar chuid de chostas sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide i gcomhréir le IFRS 16; agus

    (b)

    a aithnítear mar dhliteanas i gcomhréir le IAS 37.

    Mar shampla, d’fhéadfadh díchoimisiúnú, athchóiriú nó dliteanas comhchosúil a bheith ann maidir le gléasra a dhíchoimisiúnú, damáiste don chomhshaol a athchóiriú i dtionscail eastóscacha, nó trealamh a bhaint.

    SAINCHEIST

    3

    Leis an léirmhíniú seo tugtar aghaidh ar an gcaoi ar cheart éifeacht na dteagmhas seo a leanas a chur san áireamh, ar teagmhais iad lena n-athraítear tomhas díchoimisiúnaithe, athchóirithe nó dliteanais chomhchosúil atá ann cheana:

    (a)

    athrú ar an eis-sreabhadh measta acmhainní a bhfuil tairbhí eacnamaíocha (e.g. sreafaí airgid) ag baint leo is gá chun an oibleagáid a shocrú;

    (b)

    athrú ar an ráta lascaine margadhbhunaithe atá ann faoi láthair mar a shainmhínítear i mír 47 de IAS 37 (áirítear leis sin athruithe ar an amluach airgid agus na rioscaí a bhaineann go sonrach leis an dliteanas); agus

    (c)

    méadú a léiríonn an t-imeacht ama (dá ngairtear leachtú na lascaine freisin).

    COMHDHEARCADH

    4

    Maidir le hathruithe ar thomhas díchoimisiúnaithe, athchóirithe agus dliteanais chomhchosúil atá ann cheana a eascraíonn as athruithe ar uainiú measta nó ar mhéid an eis-sreabhaidh acmhainní ina bhfuil na tairbhí eacnamaíocha is gá chun an oibleagáid a shocrú, nó athrú ar an ráta lascaine, cuirfear san áireamh iad i gcomhréir le míreanna 5-7 thíos.

    5

    Má dhéantar an tsócmhainn ghaolmhar a thomhas trí úsáid a bhaint as an tsamhail chostais:

    (a)

    faoi réir (b), cuirfear athruithe ar an dliteanas le costas na sócmhainne gaolmhaire sa tréimhse reatha nó bainfear as an gcostas sin iad;

    (b)

    ní mó ná a méid glanluacha an méid a bhainfear as costas na sócmhainne. Más mó laghdú ar an dliteanas ná méid glanluacha na sócmhainne, aithneofar an barrachas láithreach i mbrabús nó caillteanas;

    (c)

    má chuirtear le costas sócmhainne mar thoradh ar an gcoigeartú, déanfaidh an t-eintiteas a mheas an dtugann sé sin le fios nach bhféadfadh méid glanluacha nua na sócmhainne a bheith in-aisghabhála go hiomlán. Má thugtar é sin le fios, déanfaidh an t-eintiteas an tsócmhainn a thástáil le haghaidh lagaithe trína méid in-aisghabhála a mheas, agus tabharfaidh sé cuntas ar aon chaillteanas lagaithe, i gcomhréir le IAS 36.

    6

    Má dhéantar an tsócmhainn ghaolmhar a thomhas trí úsáid a bhaint as an tsamhail athluachála:

    (a)

    athraíonn athruithe ar an dliteanas an barrachas nó an t-easnamh athluachála a aithníodh roimhe sin ar an tsócmhainn sin, ionas:

    (i)

    go n-aithneofar (faoi réir (b)) laghdú ar an dliteanas in ioncam cuimsitheach eile agus go méadóidh sé an barrachas athluachála laistigh de chothromas, ach amháin go n-aithneofar é i mbrabús nó caillteanas a mhéid a aisiompaíonn sé easnamh athluachála ar an tsócmhainn a aithníodh roimhe sin i mbrabús nó caillteanas;

    (ii)

    go n-aithneofar méadú ar an dliteanas i mbrabús nó caillteanas, ach amháin go n-aithneofar é in ioncam cuimsitheach eile agus go laghdóidh sé an barrachas athluachála laistigh de chothromas a mhéid arb ann d’aon iarmhéid creidmheasa atá sa bharrachas athluachála i leith na sócmhainne sin;

    (b)

    i gcás gur mó laghdú ar an dliteanas ná an méid glanluacha a d’aithneofaí dá dtabharfaí ar aghaidh an tsócmhainn faoin tsamhail chostais, aithneofar an barrachas láithreach i mbrabús nó caillteanas;

    (c)

    léiríonn athrú ar an dliteanas go bhféadfadh sé go gcaithfí an tsócmhainn a athluacháil chun a áirithiú nach bhfuil difríocht ábhartha idir an méid glanluacha agus an méid a chinnfí trí úsáid a bhaint as cóirluach i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe. Cuirfear aon athluacháil den sórt sin san áireamh agus na méideanna á gcinneadh atá le haithint i mbrabús nó caillteanas nó in ioncam cuimsitheach eile faoi (a). Má tá gá le hathluacháil, déanfar gach sócmhainn den aicme sin a athluacháil;

    (d)

    Le IAS 1 éilítear nochtadh sa ráiteas ar ioncam cuimsitheach maidir le gach comhpháirt d’ioncam cuimsitheach eile nó de chostas. Agus an ceanglas sin á chomhlíonadh, déanfar an t-athrú ar an mbarrachas athluachála a eascraíonn as athrú ar an dliteanas a shainaithint agus a nochtadh ar leithligh mar sin.

    7

    Déantar méid coigeartaithe in-dímheasa na sócmhainne a dhímheas i gcaitheamh a saolré úsáide. Dá bhrí sin, nuair a bheidh deireadh le saolré úsáide na sócmhainne gaolmhaire, aithneofar gach athrú ina dhiaidh sin ar an dliteanas i mbrabús nó caillteanas de réir mar a tharlóidh siad. Tá feidhm aige sin faoin tsamhail chostais agus faoin tsamhail athluachála araon.

    8

    Aithneofar leachtú tréimhsiúil na lascaine i mbrabús nó caillteanas mar chostas airgeadais de réir mar a tharlóidh sé. Ní cheadaítear caipitliú faoi IAS 23.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    9

    Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Meán Fómhair 2004 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an léirmhíniú i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Meán Fómhair 2004, nochtfaidh sé an méid sin.

    9A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 6 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    9B

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 2. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    TRASDUL

    10

    Cuirfear athruithe ar bheartais chuntasaíochta san áireamh i gcomhréir le ceanglais IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta (59).

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 2

    Scaireanna Comhaltaí in Eintitis Chomharchumainn agus Ionstraimí Comhchosúla

    TAGAIRTÍ

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IFRS 13 Tomhas Cóirluacha

    IAS 32 Ionstraimí airgeadais: Nochtadh agus Cur i Láthair (arna athbhreithniú in 2003) (60)

    CÚLRA

    1

    Cruthaíonn grúpaí daoine comharchumainn agus eintitis chomhchosúla eile chun freastal ar riachtanais choiteanna eacnamaíocha nó shóisialta. De ghnáth, sainmhínítear comharchumann i ndlíthe náisiúnta mar shochaí atá ag iarraidh dul chun cinn eacnamaíoch a chomhaltaí a chur chun cinn trí oibríocht ghnó chomhpháirteach (prionsabal an fhéinchuidithe). Is minic gur scaireanna comhaltaí, aonaid comhaltaí nó a leithéid leasanna na gcomhaltaí i gcomharchumann, agus tagraítear dóibh thíos mar ‘scaireanna na gcomhaltaí’.

    2

    Le IAS 32 bunaítear prionsabail maidir le hionstraimí airgeadais a aicmiú mar dhliteanais airgeadais nó mar chothromas. Go háirithe, tá feidhm ag na prionsabail sin maidir le haicmiú ionstraimí indíola a chuireann ar chumas an tsealbhóra na hionstraimí sin a chur chuig an eisitheoir le haghaidh airgead tirim nó ionstraim airgeadais eile. Is deacair na prionsabail sin a chur i bhfeidhm maidir le scaireanna na gcomhaltaí in eintitis chomharchumainn agus ionstraimí comhchosúla. D’iarr cuid de bhaill an Bhoird um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta cuidiú chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil feidhm ag na prionsabail in IAS 32 maidir le scaireanna na gcomhaltaí agus ionstraimí comhchosúla a bhfuil gnéithe áirithe acu, agus na cúinsí ina ndéanann na gnéithe sin difear don aicmiú mar dhliteanais nó mar chothromas.

    RAON FEIDHME

    3

    Tá feidhm ag an léirmhíniú seo maidir le hionstraimí airgeadais laistigh de raon feidhme IAS 32, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint chuig comhaltaí d’eintitis chomharchumainn a léiríonn leas úinéireachta na gcomhaltaí san eintiteas. Níl feidhm ag an léiriú sin maidir le hionstraimí airgeadais a shocrófar nó a fhéadfar a shocrú in ionstraimí cothromais dílse an eintitis.

    SAINCHEIST

    4

    Go leor ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear scaireanna na gcomhaltaí, tá tréithe cothromais acu, lena n-áirítear cearta vótála agus cearta chun páirt a ghlacadh i ndáileacháin díbhinne. Tugann roinnt ionstraimí airgeadais an ceart don sealbhóir fuascailt a iarraidh in airgead tirim nó i sócmhainn airgeadais eile, ach d’fhéadfadh sé go n-áireofaí teorainneacha nó go mbeidís faoi réir teorainneacha maidir le cé acu a fhuasclófar nó nach bhfuasclófar na hionstraimí airgeadais. Conas ba cheart na téarmaí fuascailte sin a mheas agus cinneadh á dhéanamh ar cheart na hionstraimí airgeadais a aicmiú mar dhliteanais nó mar chothromas?

    COMHDHEARCADH

    5

    An ceart conarthach atá ag sealbhóir ionstraime airgeadais (lena n-áirítear scaireanna na gcomhaltaí in eintitis chomharchumainn) fuascailt a iarraidh, ní cheanglaítear ann féin go n-aicmeofaí an ionstraim airgeadais sin mar dhliteanas airgeadais. Ina ionad sin, ní mór don eintiteas téarmaí agus coinníollacha uile na hionstraime airgeadais a mheas agus cinneadh á dhéanamh maidir lena haicmiú mar dhliteanas airgeadais nó mar chothromas. Áirítear ar na téarmaí agus na coinníollacha sin dlíthe áitiúla ábhartha, rialacháin ábhartha agus cairt rialaithe an eintitis a bheidh i bhfeidhm ar dháta an aicmithe, ach ní áirítear leasuithe a bhfuil coinne leo amach anseo ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar an gcairt sin.

    6

    Is cothromas iad scaireanna na gcomhaltaí a dhéanfaí a aicmiú mar chothromas mura raibh sé de cheart ag na comhaltaí fuascailt a iarraidh má tá ceachtar de na coinníollacha a thuairiscítear i míreanna 7 agus 8 i gceist nó má tá na gnéithe uile ag scaireanna na gcomhaltaí agus má chomhlíonann siad na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D de IAS 32. Taiscí prapéilimh, lena n-áirítear cuntais reatha, cuntais taisce agus conarthaí comhchosúla a thagann chun cinn nuair a ghníomhaíonn comhaltaí mar chustaiméirí, is dliteanais airgeadais de chuid an eintitis iad.

    7

    Is cothromas iad scaireanna na gcomhaltaí má tá ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas fuascailt scaireanna na gcomhaltaí a dhiúltú.

    8

    Leis an dlí áitiúil, le rialacháin nó le cairt rialaithe an eintitis, féadfar cineálacha éagsúla toirmeasc a fhorchur ar fhuascailt scaireanna na gcomhaltaí, e.g. toirmisc neamhchoinníollacha nó toirmisc atá bunaithe ar chritéir leachtachta. Má thoirmisctear go neamhchoinníollach fuascailt le dlí áitiúil, le rialachán nó le cairt rialaithe an eintitis, is cothromas iad scaireanna na gcomhaltaí. Forálacha sa dlí áitiúil, i rialachán nó i gcairt rialaithe an eintitis nach dtoirmeascann fuascailt ach amháin má chomhlíontar coinníollacha — amhail srianta leachtachta — (nó mura gcomhlíontar iad), áfach, ní cothromas iad scaireanna na gcomhaltaí mar gheall orthu sin.

    9

    Féadfaidh toirmeasc neamhchoinníollach a bheith iomlán, sa mhéid agus go bhfuil toirmeasc ar gach fuascailt. Féadfaidh toirmeasc neamhchoinníollach a bheith páirteach, sa mhéid agus go dtoirmisctear leis scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt dá bhfágfadh fuascailt go dtitfeadh an líon scaireanna comhaltaí nó an méid caipitil íoctha ó scaireanna na gcomhaltaí faoi bhun leibhéal sonraithe. Is dliteanais iad scaireanna na gcomhaltaí de bhreis ar an toirmeasc ar fhuascailt, ach amháin má tá an ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas fuascailt a dhiúltú mar a thuairiscítear i mír 7 nó má tá na gnéithe uile ag scaireanna na gcomhaltaí agus má chomhlíonann siad na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D de IAS 32. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh athrú teacht ó am go ham ar an líon scaireanna nó ar an méid caipitil íoctha faoi réir toirmeasc fuascailte. Bíonn aistriú idir dliteanais airgeadais agus cothromas mar thoradh ar athrú den sórt sin ar an toirmeasc ar fhuascailt.

    10

    Tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh an t-eintiteas a dhliteanas airgeadais le haghaidh fuascailte ag cóirluach a thomhas. I gcás scaireanna na gcomhaltaí a bhfuil gné fuascailte acu, tomhaiseann an t-eintiteas cóirluach an dliteanais airgeadais le haghaidh fuascailte ag méid nach lú ná an t-uasmhéid is iníoctha faoi fhorálacha fuascailte a chairte rialaithe nó an dlí is infheidhme arna lascainiú ón gcéad dáta a bhféadfaí a cheangal go n-íocfaí an méid (féach sampla 3).

    11

    Mar a cheanglaítear le mír 35 de IAS 32, aithnítear dáileacháin ar shealbhóirí ionstraimí cothromais go díreach i gcothromas. Is costais iad ús, díbhinní agus torthaí eile a bhaineann le hionstraimí airgeadais a aicmítear mar dhliteanais airgeadais, is cuma cé acu a mheastar nó nach meastar de réir dlí na méideanna sin arna n-íoc a bheith ina ndíbhinní, ina n-ús nó eile.

    12

    Leis an Aguisín, ar dlúthchuid den chomhdhearcadh í, tugtar samplaí de chur i bhfeidhm an chomhdhearcaidh sin.

    NOCHTADH

    13

    I gcás ina n-eascraíonn aistriú idir dliteanais airgeadais agus cothromas as athrú ar an toirmeasc ar fhuascailt, nochtfaidh an t-eintiteas méid, uainiú agus cúis an aistrithe ar leithligh.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    14

    Is ionann dáta éifeachtach agus ceanglais trasdula an léirmhínithe seo agus na cinn a bhain le IAS 32 (arna athbhreithniú in 2003). Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2005 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2005, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfear an léirmhíniú seo i bhfeidhm go cúlghabhálach.

    14A

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i míreanna 6, 9, A1 agus A12 i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas Ionstraimí Airgeadais Indíola agus Oibleagáidí a Eascraíonn as Leachtú (Leasuithe ar IAS 32 agus ar IAS 1), arna n-eisiúint i mí Feabhra 2008, i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i míreanna 6, 9, A1 agus A12 i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    15

    [Scriosta]

    16

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír A8. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    17

    Le Timthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012, leasaíodh mír 11. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas an leasú sin ar IAS 32 i bhfeidhm mar chuid de Thimthriall Feabhsuithe Bliantúla 2009–2011 (arna eisiúint i mí na Bealtaine 2012) le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i mír 11 i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    18

    [Scriosta]

    19

    Le IFRS 9, mar a eisíodh i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna A8 agus A10 agus scriosadh míreanna 15 agus 18. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    Aguisín

    Samplaí de chur i bhfeidhm an chomhdhearcaidh

    Is dlúthchuid den léirmhíniú é an t-aguisín seo.

    A1

    Leis an aguisín seo, leagtar amach seacht sampla de chur i bhfeidhm chomhdhearcadh IFRIC. Ní liosta uileghabhálach iad na samplaí; d’fhéadfadh patrúin fíorais eile a bheith ann. Glactar leis i ngach sampla nach bhfuil aon choinníoll ann seachas na coinníollacha sin a leagtar amach i bhfíorais an tsampla lena gceanglófaí go n-aicmeofaí an ionstraim airgeadais mar dhliteanas airgeadais agus nach bhfuil na gnéithe uile ag an ionstraim airgeadais nó nach gcomhlíonann sí na coinníollacha i míreanna 16A agus 16B nó i míreanna 16C agus 16D de IAS 32.

    CEART NEAMHCHOINNÍOLLACH FUASCAILT A DHIÚLTÚ (mír 7)

    Sampla 1

    Fíorais

    A2

    Luaitear i gcairt an eintitis go ndéantar fuascailtí de réir lánrogha aonair an eintitis. Ní sholáthraítear leis an gcairt mionsaothrú breise ná teorannú breise ar an lánrogha sin. Níor dhiúltaigh an t-eintiteas riamh scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt, cé go bhfuil sé de cheart ag an mbord rialaithe é sin a dhéanamh.

    Aicmiú

    A3

    Tá ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas fuascailt a dhiúltú agus is cothromas iad scaireanna na gcomhaltaí. Le IAS 32 suitear prionsabail maidir le haicmiú atá bunaithe ar théarmaí na hionstraime airgeadais agus luaitear nach spreagtar aicmiú dliteanais le stair íocaíochtaí lánroghnacha ná le rún íocaíochtaí lánroghnacha a dhéanamh. Luaitear an méid seo a leanas i mír AG26 de IAS 32:

    Nuair atá scaireanna tosaíochta neamh-infhuascailte, cinntear an t-aicmiú iomchuí de réir na gceart eile a ghabhann leo. Tá an t-aicmiú bunaithe ar mheasúnú ar shubstaint na socruithe conarthacha agus ar na sainmhínithe ar dhliteanas airgeadais agus ar ionstraim chothromais. Nuair atá dáileacháin ar shealbhóirí na scaireanna tosaíochta, bídís carnach nó neamhcharnach, faoi rogha an eisitheora, is ionstraimí cothromais iad na scaireanna. Ní dhéanann na nithe seo a leanas, mar shampla, difear d’aicmiú scaire tosaíochta mar ionstraim chothromais nó mar dhliteanas airgeadais:

    (a)

    dáileacháin a bheith déanta roimhe sin;

    (b)

    rún dáileacháin a dhéanamh amach anseo;

    (c)

    tionchar diúltach féideartha ar phraghas ghnáthscaireanna an eisitheora mura ndéantar dáileacháin (mar gheall ar shrianta ar dhíbhinní a íoc ar na gnáthscaireanna mura n-íoctar díbhinní ar na scaireanna tosaíochta);

    (d)

    méid chúlchistí an eisitheora;

    (e)

    an t-ionchas atá ag eisitheoir le brabús nó caillteanas le haghaidh tréimhse; nó

    (f)

    cumas nó neamhchumas an eisitheora tionchar a imirt ar mhéid a bhrabúis nó a chaillteanais le haghaidh na tréimhse.

    Sampla 2

    Fíorais

    A4

    Luaitear i gcairt an eintitis go ndéantar fuascailtí de réir lánrogha aonair an eintitis. Mar sin féin, luaitear sa chairt freisin go ndéantar formheas uathoibríoch ar iarraidh ar fhuascailt mura rud é nach bhfuil an t-eintiteas in ann íocaíochtaí a dhéanamh gan na rialacháin áitiúla maidir le leachtacht nó cúlchistí a shárú.

    Aicmiú

    A5

    Níl an ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas fuascailt a dhiúltú agus is dliteanas airgeadais iad scaireanna na gcomhaltaí. Tá na srianta a dtugtar tuairisc orthu thuas bunaithe ar chumas an eintitis a dhliteanas a shocrú. Ní chuireann siad srian ar fhuascailtí ach amháin mura gcomhlíontar na ceanglais leachtachta nó chúlchiste agus ní chuirtear srian leo ach amháin go dtí go gcomhlíonfar iad. Dá bhrí sin, faoi na prionsabail a bunaíodh in IAS 32, ní bhíonn aicmiú na hionstraime airgeadais mar chothromas mar thoradh orthu. Luaitear an méid seo a leanas i mír AG25 de IAS 32:

    Féadfar scaireanna tosaíochta a eisiúint le cearta éagsúla. Agus cinneadh á dhéanamh ag eisitheoir an dliteanas airgeadais nó ionstraim chothromais í scair tosaíochta, déanann eisitheoir measúnú ar na cearta ar leith a ghabhann leis an scair chun a chinneadh cé acu a léiríonn nó nach léiríonn sí saintréith bhunúsach dliteanais airgeadais. Mar shampla, tá dliteanas airgeadais i scair thosaíochta lena ndéantar foráil maidir le fuascailt ar dháta sonrach nó de rogha an tsealbhóra toisc go bhfuil oibleagáid ar an eisitheoir sócmhainní airgeadais a aistriú chuig sealbhóir na scaire. Maidir le neamhábaltacht fhéideartha eisitheora oibleagáid a chomhlíonadh scair thosaíochta a fhuascailt nuair a cheanglaítear go conarthach air é sin a dhéanamh, bíodh sin mar gheall ar easpa cistí, srian reachtúil nó brabúis nó cúlchistí neamhleora, ní chealaítear an oibleagáid. [Is linne an treise]

    TOIRMISC AR FHUASCAILT (míreanna 8 agus 9)

    Sampla 3

    Fíorais

    A6

    Tá scaireanna eisithe ag eintiteas comharchumainn dá chomhaltaí ar dhátaí éagsúla agus le haghaidh méideanna éagsúla san am atá thart mar a leanas:

    (a)

    An 1 Eanáir 20X1 100 000 scair ag CU10 an ceann (CU1 000 000);

    (b)

    An 1 Eanáir 20X2 100 000 scair ag CU20 an ceann (CU2 000 000 breise, ionas gurb é CU3 000 000 an t-iomlán le haghaidh scaireanna a eisíodh).

    Tá scaireanna infhuascailte ar éileamh ag an méid ag ar eisíodh iad.

    A7

    Luaitear i gcairt an eintitis nach féidir fuascailtí carnacha a bheith níos mó ná 20 faoin gcéad den líon is airde de scaireanna a chomhaltaí gan íoc riamh. An 31 Nollaig 20X2, tá 200 000 scair gan íoc ag an eintiteas, an líon is airde de scaireanna na gcomhaltaí gan íoc riamh agus níor fuasclaíodh aon scair san am atá caite. An 1 Eanáir 20X3, leasaíonn an t-eintiteas a chairt rialaithe agus méadaíonn sé an leibhéal ceadaithe fuascailtí carnacha go 25 faoin gcéad den líon is airde de scaireanna a chomhaltaí gan íoc riamh.

    Aicmiú

    Sula leasaítear an chairt rialaithe

    A8

    Is dliteanais airgeadais iad scaireanna na gcomhaltaí de bhreis ar an toirmeasc in aghaidh fuascailte. Déanann an t-eintiteas comharchumainn an dliteanas airgeadais sin a thomhas ag cóirluach tráth a thugtar aitheantas tosaigh. Toisc go bhfuil na scaireanna sin infhuascailte ar éileamh, déanann an t-eintiteas comharchumann cóirluach na ndliteanas airgeadais sin a thomhas i gcomhréir le mír 47 de IFRS 13: ‘Ní lú cóirluach dliteanais airgeadais a bhfuil gné éilimh ag baint leis (e.g. taisce phrapéilimh) ná an méid is iníoctha ar éileamh ...’. Dá réir sin, déanann an t-eintiteas comharchumainn an t-uasmhéid is iníoctha ar éileamh faoi na forálacha fuascailte a aicmiú mar dhliteanais airgeadais.

    A9

    An 1 Eanáir 20X1 is é an t-uasmhéid is iníoctha faoi na forálacha fuascailte ná 20 000 scair ag CU10 an ceann agus dá réir sin aicmíonn an t-eintiteas CU200 000 mar dhliteanas airgeadais agus CU800 000 mar chothromas. Mar sin féin, an 1 Eanáir 20X2 mar gheall ar an eisiúint nua scaireanna ag CU20, méadaíonn an t-uasmhéid is iníoctha faoi na forálacha fuascailte go dtí 40000 scair ag CU20 an ceann. Cruthaíonn eisiúint scaireanna breise ag CU20 dliteanas nua a thomhaistear ar aitheantas tosaigh ag cóirluach. Is é an dliteanas tar éis na scaireanna seo a eisiúint ná 20 faoin gcéad d’iomlán na scaireanna atá eisithe (200 000), arna thomhas ag CU20, nó CU800 000. Chuige sin, ní mór dliteanas breise CU600 000 a aithint. Sa sampla sin ní aithnítear aon ghnóthachan ná caillteanas. Dá réir sin aicmíonn an t-eintiteas CU800 000 anois mar dhliteanais airgeadais agus CU2 200 000 200 000 mar chothromas. Leis an sampla sin, glactar leis nach n-athraítear na méideanna sin idir an 1 Eanáir 20X1 agus an 31 Nollaig 20X2.

    Tar éis an chairt rialaithe a leasú

    A10

    Tar éis an athraithe ar chairt rialaithe an eintitis comharchumainn, is féidir a cheangal air 25 faoin gcéad ar a mhéad dá scaireanna gan íoc a fhuascailt nó uasmhéid de 50 000 scair ag CU20 an ceann. Dá réir sin, an 1 Eanáir 20X3, aicmíonn an t-eintiteas comharchumainn mar dhliteanais airgeadais méid CU1 000 000 arb é sin an t-uasmhéid is iníoctha ar éileamh faoi na forálacha fuascailte, arna chinneadh i gcomhréir le mír 47 de IFRS 13. Dá bhrí sin, aistríonn sé méid CU200 000 ó chothromas go dliteanais airgeadais an 1 Eanáir 20X3, rud a fhágann go bhfuil CU2 000 000 aicmithe mar chothromas. Sa sampla sin ní aithníonn an t-eintiteas gnóthachan ná caillteanas ar an aistriú.

    Sampla 4

    Fíorais

    A11

    Leis an dlí áitiúil lena rialaítear oibríochtaí comharchumann, nó le téarmaí chairt rialaithe an eintitis, toirmeasctar ar eintiteas scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt más rud é, trína bhfuascailt, go laghdódh sé an caipiteal íoctha ó scaireanna na gcomhaltaí faoi bhun 75 faoin gcéad den mhéid is airde caipitil íoctha ó scaireanna na gcomhaltaí. Is é an méid is airde le haghaidh comharchumann ar leith CU1 000 000. I ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, is é CU900 000 iarmhéid an chaipitil íoctha.

    Aicmiú

    A12

    Sa chás sin, dhéanfaí CU750 000 a aicmiú mar chothromas agus dhéanfaí CU150000 a aicmiú mar dhliteanais airgeadais. I dteannta na míreanna a luadh cheana, luaitear an méid seo a leanas i mír 18(b) de IAS 32:

    is dliteanas airgeadais í ionstraim airgeadais lena dtugtar an ceart don sealbhóir í a chur ar ais chuig an eisitheoir le haghaidh airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile (‘ionstraim indíola’), cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D. Is dliteanas airgeadais í an ionstraim airgeadais fiú nuair a chinntear méid an airgid thirim nó na sócmhainní airgeadais eile ar bhonn innéacs nó ítim eile a d’fhéadfadh méadú nó laghdú teacht uirthi. Ós rud é gur ann do rogha don sealbhóir an ionstraim a chur ar ais chuig an eisitheoir le haghaidh airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile, ciallaíonn sé sin go gcomhlíonann an ionstraim indíolta an sainmhíniú ar dhliteanas airgeadais, cé is moite de na hionstraimí sin a aicmítear mar ionstraimí cothromais i gcomhréir le míreanna 16A agus 16B nó míreanna 16C agus 16D.

    A13

    Tá an toirmeasc ar fhuascailt a dtugtar tuairisc air sa sampla seo éagsúil leis na srianta a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 19 agus AG25 de IAS 32. Is teorainneacha iad na srianta sin ar chumas an eintitis an méid atá dlite ar dhliteanas airgeadais a íoc, i.e. ní choisceann siad íocaíocht an dliteanais ach amháin má chomhlíontar coinníollacha sonraithe. I gcodarsnacht leis sin, tugtar tuairisc sa sampla seo ar thoirmeasc neamhchoinníollach ar fhuascailtí os cionn méid sonraithe, gan beann ar chumas an eintitis scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt (e.g. i bhfianaise a acmhainní airgid, a bhrabúis nó a chúlchistí indáilte). Go bunúsach, cuireann an toirmeasc in aghaidh fuascailte cosc ar an eintiteas aon dliteanas airgeadais a thabhú chun níos mó ná méid sonraithe caipitil íoctha a fhuascailt. Dá bhrí sin, ní dliteanas airgeadais é an sciar de na scaireanna atá faoi réir an toirmisc ar fhuascailt. Cé go bhféadfadh scaireanna gach comhalta a bheith infhuascailte ina n-aonar, tá sciar ann d’iomlán na scaireanna gan íoc nach bhfuil infhuascailte in imthosca ar bith seachas leachtú an eintitis.

    Sampla 5

    Fíorais

    A14

    Is mar an gcéanna fíricí an tsampla seo agus na fíricí a luaitear i sampla 4. Ina theannta sin, i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, leis na ceanglais leachtachta a fhorchuirtear sa dlínse áitiúil, cuirtear cosc ar an eintiteas aon cheann de scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt ach amháin más mó a shealúchais in airgead tirim agus a infheistíochtaí gearrthéarmacha ná méid sonraithe. Is é éifeacht na gceanglas leachtachta sin i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe nach féidir leis an eintiteas níos mó ná CU50000 a íoc chun scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt.

    Aicmiú

    A15

    Faoi mar atá an scéal i sampla 4, aicmíonn an t-eintiteas CU750000 mar chothromas agus CU150000 mar dhliteanas airgeadais. Is amhlaidh atá an scéal toisc go bhfuil an méid a aicmítear mar dhliteanas bunaithe ar cheart neamhchoinníollach an eintitis fuascailt a dhiúltú seachas ar shrianta coinníollacha nach gcuireann cosc ar fhuascailt ach amháin mura gcomhlíontar coinníollacha leachtachta nó coinníollacha eile agus sa chás sin go dtí go gcomhlíontar iad amháin.Tá feidhm ag forálacha mhíreanna 19 agus AG25 de IAS 32 sa chás sin.

    Sampla 6

    Fíorais

    A16

    Le cairt rialaithe an eintitis cuirtear toirmeasc air scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt, ach amháin a mhéid a bhaineann leis na fáltais a fuarthas ó níos mó scaireanna comhaltaí a eisiúint chuig comhaltaí nua nó chuig comhaltaí atá ann cheana le linn na dtrí bliana roimhe sin. Ní mór fáltais ó scaireanna na gcomhaltaí a eisiúint a chur i bhfeidhm chun scaireanna a fhuascailt a bhfuil fuascailt iarrtha ag comhaltaí ina leith. Le linn na dtrí bliana roimhe sin, CU12000 na fáltais ó scaireanna na gcomhaltaí a eisiúint agus níor fuasclaíodh aon scair comhaltaí.

    Aicmiú

    A17

    Aicmíonn an t-eintiteas CU12000 de scaireanna na gcomhaltaí mar dhliteanais airgeadais. I gcomhréir leis na conclúidí a dtugtar tuairisc orthu i sampla 4, ní dliteanais airgeadais iad scaireanna na gcomhaltaí atá faoi réir toirmeasc neamhchoinníollach in aghaidh fuascailte. Tá feidhm ag toirmeasc neamhchoinníollach den sórt sin maidir le méid atá comhionann leis na fáltais ó scaireanna a eisíodh roimh na trí bliana roimhe sin, agus dá réir sin, aicmítear an méid sin mar chothromas. Mar sin féin, níl méid atá comhionann leis na fáltais ó aon scair a eisíodh sna trí bliana roimhe sin faoi réir toirmeasc neamhchoinníollach ar fhuascailt. Dá réir sin, eascraíonn dliteanais airgeadais as fáltais ó eisiúint scaireanna na gcomhaltaí sna trí bliana roimhe sin go dtí nach mbeidh siad ar fáil a thuilleadh chun scaireanna na gcomhaltaí a fhuascailt. Mar thoradh air sin, tá dliteanas airgeadais ag an eintiteas arb ionann é agus fáltais na scaireanna a eisíodh sna trí bliana roimhe sin, glan ó aon fhuascailt le linn na tréimhse sin.

    Sampla 7

    Fíorais

    A18

    Is comharbhanc é an t-eintiteas. Luaitear sa dlí áitiúil lena rialaítear oibríochtaí na gcomharbhanc go gcaithfidh 50 faoin gcéad ar a laghad de ‘dhliteanais gan íoc’ iomlána an eintitis (téarma a shainmhínítear sna rialacháin chun cuntais scaireanna na gcomhaltaí a chur san áireamh) a bheith i bhfoirm caipitil íoctha na gcomhaltaí. Is é is éifeacht don rialachán, má tá dliteanais uile gan íoc chomharchumainn i bhfoirm scaireanna na gcomhaltaí, tá sé in ann iad go léir a fhuascailt. An 31 Nollaig 20X1, is é CU200000 iomlán na ndliteanas gan íoc atá ag an eintiteas, agus baineann CU125000 díobh sin le cuntais scaireanna na gcomhaltaí. Le téarmaí chuntais scaireanna na gcomhaltaí, ceadaítear don sealbhóir iad a fhuascailt ar éileamh agus níl aon teorainn ar fhuascailt i gcairt an eintitis.

    Aicmiú

    A19

    Sa sampla sin, aicmítear scaireanna na gcomhaltaí mar dhliteanais airgeadais. Tá an toirmeasc ar fhuascailt cosúil leis na srianta a dtugtar tuairisc orthu i míreanna 19 agus AG25 de IAS 32. Is teorainn choinníollach é an srian ar chumas an eintitis an méid atá dlite ar dhliteanas airgeadais a íoc, i.e. ní choisceann siad íocaíocht an dliteanais ach amháin má chomhlíontar coinníollacha sonraithe. Go sonrach, d’fhéadfaí a cheangal ar an eintiteas méid iomlán scaireanna na gcomhaltaí (CU125000) a fhuascailt má d’aisíoc sé a dhliteanais eile go léir (CU75000). Dá réir sin, leis an toirmeasc in aghaidh fuascailte, ní chuirtear cosc ar an eintiteas dliteanas airgeadais a thabhú chun níos mó ná líon sonraithe scaireanna na gcomhaltaí nó níos mó ná méid sonraithe caipitil íoctha a fhuascailt. Ní cheadaítear don eintiteas ach an fhuascailt a chur siar go dtí go gcomhlíonfar coinníoll, i.e. dliteanais eile a aisíoc. Níl scaireanna na gcomhaltaí sa sampla sin faoi réir toirmeasc neamhchoinníollach ar fhuascailt agus dá bhrí sin aicmítear iad mar dhliteanais airgeadais.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 5

    Cearta chun Leasanna a eascraíonn as Cistí a bhaineann le Díchoimisiúnú, le hAthchóiriú agus le hAthshlánú Comhshaoil

    TAGAIRTÍ

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite

    IFRS 11 Comhshocruithe

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    CÚLRA

    1

    Is é is cuspóir do chistí a bhaineann le díchoimisiúnú, le hathchóiriú agus le hathshlánú comhshaoil, dá ngairtear ‘cistí um dhíchoimisiúnú’ nó ‘cistí’ anseo feasta, sócmhainní a leithscaradh chun cuid de na costais nó chun na costais go léir a mhaoiniú a bhaineann le gléasra (amhail gléasra núicléach) nó trealamh áirithe (amhail gluaisteáin) a dhíchoimisiúnú, nó chun athshlánú comhshaoil a dhéanamh (amhail truailliú uisce a cheartú nó talamh a ndearnadh mianadóireacht air a athbhunú), dá ngairtear ‘díchoimisiúnú’ le chéile.

    2

    D’fhéadfadh ranníocaíochtaí leis na cistí sin a bheith deonach nó riachtanach de réir rialacháin nó dlí. Féadfaidh ceann de na struchtúir seo a leanas a bheith ag na cistí:

    (a)

    cistí a bhunaíonn ranníocóir aonair chun a oibleagáidí um dhíchoimisiúnú féin a chistiú, bíodh sé sin le haghaidh láithreán ar leith, nó le haghaidh roinnt láithreán in áiteanna éagsúla;

    (b)

    cistí a bhunaítear le roinnt ranníocóirí chun a n-oibleagáidí um dhíchoimisiúnú aonair nó a n-oibleagáidí um dhíchoimisiúnú comhpháirteacha a chistiú, i gcás ina bhfuil ranníocóirí i dteideal aisíocaíochta ar speansais um dhíchoimisiúnú suas le méid a ranníocaíochtaí móide aon tuilleamh iarbhír ar na ranníocaíochtaí sin lúide a sciar de na costais a bhaineann leis an gciste a riar. D’fhéadfadh sé go mbeadh oibleagáid ar ranníocóirí ranníocaíochtaí breise a dhéanamh, mar shampla, i gcás féimheacht ranníocóra eile;

    (c)

    cistí a bhunaítear le roinnt ranníocóirí chun a n-oibleagáidí um dhíchoimisiúnú aonair nó a n-oibleagáidí um dhíchoimisiúnú comhpháirteacha a chistiú i gcás ina bhfuil an leibhéal ranníocaíochtaí is gá bunaithe ar ghníomhaíocht reatha ranníocóra agus ina bhfuil an sochar a fhaigheann an ranníocóir sin bunaithe ar a ghníomhaíocht roimhe sin. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh neamhréir a bheith ann idir méid na ranníocaíochtaí a dhéanann ranníocóir (bunaithe ar ghníomhaíocht reatha) agus an luach inréadaithe ón gciste (bunaithe ar ghníomhaíocht roimhe sin).

    3

    Is iondúil go mbíonn na gnéithe seo a leanas ag cistí den sórt sin:

    (a)

    déanann iontaobhaithe neamhspleácha an ciste a riar ar leithligh;

    (b)

    déanann eintitis (ranníocóirí) ranníocaíochtaí leis an gciste, a infheistítear i raon sócmhainní a bhféadfadh infheistíochtaí fiachais agus cothromais araon a bheith i gceist leo, agus atá ar fáil chun cuidiú le costais um dhíchoimisiúnú na ranníocóirí a íoc. Cinneann na hiontaobhaithe conas a infheistítear ranníocaíochtaí, laistigh de na srianta a leagtar síos le doiciméid rialaithe an chiste agus le haon reachtaíocht nó rialachán eile is infheidhme;

    (c)

    coinníonn na ranníocóirí an oibleagáid costais um dhíchoimisiúnú a íoc. Mar sin féin, tá ranníocóirí in ann aisíocaíocht a fháil ar chostais um dhíchoimisiúnú ón gciste suas leis an gceann is ísle de na costais um dhíchoimisiúnú arna dtabhú agus sciar an ranníocóra de shócmhainní an chiste;

    (d)

    féadfaidh rochtain theoranta a bheith ag na ranníocóirí ar aon bharrachas de shócmhainní an chiste os cionn na sócmhainní sin a úsáidtear chun costais um dhíchoimisiúnú incháilithe a chomhlíonadh nó féadfaidh siad gan aon rochtain a bheith acu ar aon bharrachas sócmhainní den sórt sin.

    RAON FEIDHME

    4

    Baineann an léirmhíniú seo le cuntas a choinneáil i ráitis airgeadais ranníocóra ar leasanna a eascraíonn as cistí um dhíchoimisiúnú a bhfuil an dá ghné seo a leanas ag baint leo:

    (a)

    déantar na sócmhainní a riar ar leithligh (trína sealbhú in eintiteas dlíthiúil ar leithligh nó mar shócmhainní leithscartha laistigh d’eintiteas eile); agus

    (b)

    tá srian ann ar cheart an ranníocóra rochtain a fháil ar na sócmhainní.

    5

    Maidir le leas iarmharach i gciste a théann thar cheart chun aisíocaíochta, amhail ceart conarthach chun dáileacháin nuair a bheidh an díchoimisiúnú ar fad curtha i gcrích nó nuair a dhéanfar an ciste a fhoirceannadh, féadfaidh sé a bheith ina ionstraim chothromais faoi raon feidhme IFRS 9 agus ní thagann sé faoi raon feidhme an Léirmhínithe seo.

    SAINCHEISTEANNA

    6

    Is iad seo a leanas na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa léirmhíniú seo:

    (a)

    cén chaoi ar cheart do ranníocóir cuntas a choinneáil ar a leas i gciste?

    (b)

    nuair atá oibleagáid ar ranníocóir ranníocaíochtaí breise a dhéanamh, mar shampla, i gcás féimheacht ranníocóra eile, cén chaoi ar cheart cuntas a choinneáil ar an oibleagáid sin?

    COMHDHEARCADH

    Cuntas a choinneáil ar leas i gciste

    7

    Aithneoidh an ranníocóir a oibleagáid costais um dhíchoimisiúnú a íoc mar dhliteanas agus aithneoidh sé a leas sa chiste ar leithligh ach amháin mura bhfuil an ranníocóir faoi dhliteanas costais um dhíchoimisiúnú a íoc fiú má mhainníonn an ciste íoc.

    8

    Cinnfidh an ranníocóir an bhfuil rialú nó comhrialú nó tionchar suntasach aige ar an gciste faoi threoir IFRS 10, IFRS 11 agus IAS 28. Má tá, coinneoidh an ranníocóir cuntas ar a leas sa chiste i gcomhréir leis na Caighdeáin sin.

    9

    Mura bhfuil rialú ná comhrialú ná tionchar suntasach ag ranníocóir ar an gciste, aithneoidh an ranníocóir an ceart aisíocaíocht a fháil ón gciste mar aisíocaíocht i gcomhréir le IAS 37. Déanfar an aisíocaíocht sin a thomhas ag an gceann is ísle díobh seo a leanas:

    (a)

    méid na hoibleagáide um dhíchoimisiúnú a aithnítear; agus

    (b)

    sciar an ranníocóra de chóirluach ghlansócmhainní an chiste is inchurtha i leith ranníocóirí.

    Maidir le hathruithe ar an luach de réir na leabhar an chirt aisíocaíocht a fháil seachas ranníocaíochtaí leis an gciste agus íocaíochtaí ón gciste, aithneofar iad i mbrabús nó caillteanas sa tréimhse ina dtarlaíonn na hathruithe sin.

    Cuntas a choinneáil ar oibleagáidí ranníocaíochtaí breise a dhéanamh

    10

    Nuair atá oibleagáid ar ranníocóir ranníocaíochtaí breise féideartha a dhéanamh, mar shampla, i gcás féimheacht ranníocóra eile nó má laghdaíonn luach na sócmhainní infheistíochta atá i seilbh an chiste a mhéid nach leor iad chun oibleagáidí aisíocaíochta an chiste a chomhlíonadh, is dliteanas teagmhasach í an oibleagáid sin a thagann faoi raon feidhme IAS 37. Ní aithneoidh an ranníocóir dliteanas ach amháin más dócha go ndéanfar ranníocaíochtaí breise.

    Nochtadh

    11

    Nochtfaidh ranníocóir cineál an leasa atá aige i gciste agus aon srian ar rochtain ar na sócmhainní sa chiste.

    12

    I gcás ina bhfuil oibleagáid ar ranníocóir ranníocaíochtaí breise féideartha a dhéanamh nach n-aithnítear mar dhliteanas (féach mír 10), déanfaidh sé na nochtaí a cheanglaítear de réir mhír 86 de IAS 37.

    13

    I gcás ina gcoinníonn ranníocóir cuntas ar a leas sa chiste i gcomhréir le mír 9, déanfaidh sé na nochtaí a cheanglaítear de réir mhír 85(c) de IAS 37.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    14

    Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2006 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2006, nochtfaidh sé an méid sin.

    14A

    [Scriosta]

    14B

    Le IFRS 10 agus IFRS 11, arna n-eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh míreanna 8 agus 9. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 10 agus IFRS 11 i bhfeidhm.

    14C

    [Scriosta]

    14D

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh mír 5 agus scriosadh míreanna 14A agus 14C. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    TRASDUL

    15

    Coinneofar cuntas ar athruithe ar bheartais chuntasaíochta i gcomhréir le ceanglais IAS 8.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 6

    Dliteanais de bharr Rannpháirtíocht i Margadh Sonrach — Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

    TAGAIRTÍ

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    CÚLRA

    1

    Sonraítear i mír 17 de IAS 37 gur teagmhas roimhe seo é an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-eascraíonn oibleagáid reatha nach bhfuil aon rogha réalaíoch eile ag eintiteas ach í a shocrú.

    2

    Luaitear i mír 19 de IAS 37 nach n-aithnítear forálacha ach amháin maidir le ‘oibleagáidí a eascraíonn as teagmhais san am atá caite ar ann dóibh go neamhspleách ar ghníomhaíochtaí eintitis amach anseo’.

    3

    Mar gheall ar Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), lena rialaítear dramhthrealamh a bhailiú, a chóireáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, tá ceisteanna tagtha chun cinn maidir le cathain ba cheart an dliteanas a aithint i leith díchoimisiúnú DTLL. Déantar idirdhealú leis an Treoir idir dramhaíl ‘nua’ agus dramhaíl ‘stairiúil’ agus idir dramhaíl ó theaghlaigh phríobháideacha agus dramhaíl ó fhoinsí seachas teaghlaigh phríobháideacha. Baineann dramhaíl nua le táirgí a díoladh tar éis an 13 Lúnasa 2005. Chun críocha na Treorach, meastar go n-eascraíonn dramhaíl stairiúil as gach trealamh tí a díoladh roimh an dáta sin.

    4

    Luaitear sa Treoir gur cheart do tháirgeoirí trealaimh tí atá sa mhargadh le linn tréimhse atá le sonrú sa reachtaíocht is infheidhme i ngach Ballstáit (an tréimhse thomhais) an costas a bhaineann le bainistiú dramhaíola ar threalamh tí stairiúil a íoc. Luaitear sa Treoir go mbunóidh gach Ballstát sásra chun go ranníocfaidh táirgeoirí leis na costais go comhréireach ‘e.g. i gcomhréir lena sciar faoi seach den mhargadh de réir an chineáil trealaimh.’

    5

    Féadfar roinnt téarmaí a úsáidtear sa léirmhíniú amhail ‘sciar den mhargadh’ agus ‘tréimhse thomhais’ a shainmhíniú ar bhealach an-difriúil sa reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit aonair. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur bliain nó mí amháin a mhairfeadh an tréimhse thomhais. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh difríocht idir tomhas an sciar den mhargadh agus idir na foirmlí chun an oibleagáid a ríomh sa reachtaíocht náisiúnta éagsúil. Mar sin féin, ní dhéanann na samplaí sin go léir difear ach do thomhas an dliteanais, rud nach dtagann faoi raon feidhme an léirmhínithe.

    RAON FEIDHME

    6

    Cuirtear treoraíocht ar fáil leis an léirmhíniú seo maidir le haitheantas a thabhairt, i ráitis airgeadais na dtáirgeoirí, do dhliteanais i leith bainistiú dramhaíola faoi Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le DTLL i ndáil le trealamh tí stairiúil a dhíol.

    7

    Ní thugtar aghaidh sa léirmhíniú ar dhramhaíl nua ná ar dhramhaíl stairiúil ó fhoinsí seachas ó theaghlaigh phríobháideacha. Tá an dliteanas i leith bainistiú dramhaíola den sórt sin cumhdaithe go leormhaith in IAS 37. Mar sin féin, más rud é, sa reachtaíocht náisiúnta, go ndéantar dramhaíl nua ó theaghlaigh phríobháideacha a chóireáil ar bhealach cosúil leis an dóigh a ndéantar cóireáil ar dramhaíl stairiúil ó theaghlaigh phríobháideacha, tá feidhm ag prionsabail an léirmhínithe faoi threoir an ordlathais i míreanna 10–12 de IAS 8. Tá ordlathas IAS 8 ábhartha freisin maidir le rialacháin eile lena bhforchuirtear oibleagáidí ar bhealach atá cosúil leis an tsamhail sannta costais a shonraítear i dTreoir an Aontais Eorpaigh.

    SAINCHEIST

    8

    Iarradh ar IFRIC a chinneadh i gcomhthéacs dhíchoimisiúnú DTLL cad é an teagmhas cruthaithe oibleagáide i gcomhréir le mír 14(a) de IAS 37 chun foráil a aithint maidir le costais bainistithe dramhaíola:

    monarú nó díol an trealaimh tí stairiúil?

    rannpháirtíocht sa mhargadh le linn na tréimhse tomhais?

    tabhú costas agus gníomhaíochtaí bainistithe dramhaíola á ndéanamh?

    COMHDHEARCADH

    9

    Is é rannpháirtíocht sa mhargadh le linn na tréimhse tomhais agus an teagmhas cruthaithe oibleagáide i gcomhréir le mír 14(a) de IAS 37. Mar thoradh air sin, ní thagann dliteanas chun cinn maidir le costais bainistithe dramhaíola le haghaidh trealamh tí stairiúil nuair a dhéantar na táirgí a mhonarú nó a dhíol. Toisc go bhfuil an oibleagáid maidir le trealamh tí stairiúil nasctha le rannpháirtíocht sa mhargadh le linn na tréimhse tomhais, seachas le táirgeadh nó díol na n-ítimí atá le diúscairt, níl aon oibleagáid ann mura mbíonn sciar den mhargadh ann le linn na tréimhse tomhais agus go dtí go mbeidh sciar den mhargadh ann le linn na tréimhse tomhais. Féadfaidh uainiú an teagmhais cruthaithe oibleagáide a bheith neamhspleách freisin ar an tréimhse áirithe ina ndéantar na gníomhaíochtaí chun an bainistiú dramhaíola a dhéanamh agus ar na costais ghaolmhara a thabhaítear.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    10

    Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Nollaig 2005 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an léirmhíniú i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Nollaig 2005, nochtfaidh sé an méid sin.

    TRASDUL

    11

    Cuirfear athruithe ar bheartais chuntasaíochta san áireamh i gcomhréir le ceanglais IAS 8.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 7

    An Cur Chuige Athshonrúcháin a chur i bhfeidhm faoi IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha

    TAGAIRTÍ

    IAS 12 Cánacha Ioncaim

    IAS 29 Tuairisciú Airgeadais i nGeilleagair Hipearbhoilscitheacha

    CÚLRA

    1

    Cuirtear treoraíocht ar fáil leis an léirmhíniú seo maidir le conas ceanglais IAS 29 a chur i bhfeidhm i dtréimhse thuairiscithe ina sainaithníonn eintiteas (61) gur ann do hipearbhoilsciú i ngeilleagar a airgeadra fheidhmiúil, nuair nach raibh an geilleagar sin hipearbhoilscithe sa tréimhse roimhe sin, agus dá bhrí sin athshonraíonn an t-eintiteas a ráitis airgeadais i gcomhréir le IAS 29.

    SAINCHEISTEANNA

    2

    Is iad seo a leanas na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa léirmhíniú seo:

    (a)

    conas ba cheart an ceanglas ‘...a luaitear i dtéarmaí an aonaid tomhais atá ann i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe’ i mír 8 de IAS 29 a léirmhíniú nuair a chuireann eintiteas an caighdeán i bhfeidhm?

    (b)

    conas ba cheart d’eintiteas cuntas a choinneáil ar ítimí cánach iarchurtha a oscailt ina ráitis airgeadais athshonraithe?

    COMHDHEARCADH

    3

    Sa tréimhse thuairiscithe ina n-aithníonn eintiteas gur ann do hipearbhoilsciú i ngeilleagar a airgeadra fheidhmiúil, nuair nach raibh an geilleagar sin hipearbhoilscithe sa tréimhse roimhe sin, cuirfidh an t-eintiteas ceanglais IAS 29 i bhfeidhm amhail agus dá mbeadh an geilleagar hipearbhoilscithe i gcónaí. Dá bhrí sin, maidir le hítimí neamhairgeadaíochta arna dtomhas ar chostas stairiúil, déanfar ráiteas tosaigh an eintitis maidir le riocht airgeadais ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais a athshonrú chun éifeacht an bhoilscithe a léiriú ón dáta a fuarthas na sócmhainní agus a tabhaíodh nó a glacadh na dliteanais go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe. I gcás ítimí neamhairgeadaíochta arna dtabhairt ar aghaidh sa ráiteas tosaigh maidir le riocht airgeadais ag méideanna a bhí ann ar dhátaí seachas iad siúd a bhaineann le héadáil nó tabhú, léireofar leis an athshonrú sin, ina ionad sin, éifeacht an bhoilscithe ó na dátaí a cinneadh na méideanna glanluacha sin go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe.

    4

    I ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, déantar ítimí cánach iarchurtha a aithint agus a thomhas i gcomhréir le IAS 12. Mar sin féin, déanfar na figiúirí cánach iarchurtha sa ráiteas tosaigh maidir le riocht airgeadais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe a chinneadh mar a leanas:

    (a)

    déanann an t-eintiteas na hítimí cánach iarchurtha a atomhas i gcomhréir le IAS 12 tar éis dó méideanna glanluacha ainmniúla a ítimí neamhairgeadaíochta a athshonrú ar dháta an ráitis tosaigh maidir le riocht airgeadais na tréimhse tuairiscithe tríd an aonad tomhais a chur i bhfeidhm ar an dáta sin;

    (b)

    déantar na hítimí cánach iarchurtha a atomhaistear i gcomhréir le (a) a athshonrú le haghaidh an athraithe ar an aonad tomhais ó dháta an ráitis tosaigh maidir le riocht airgeadais na tréimhse tuairiscithe go dtí deireadh na tréimhse tuairiscithe sin.

    Cuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an cur chuige in (a) agus (b) maidir leis na hítimí cánach iarchurtha a athshonrú sa ráiteas tosaigh maidir le riocht airgeadais aon tréimhse comparáidí a chuirtear i láthair sna ráitis airgeadais athshonraithe le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann an t-eintiteas IAS 29 i bhfeidhm.

    5

    Tar éis d’eintiteas a ráitis airgeadais a athshonrú, déantar na figiúirí comhfhreagracha uile sna ráitis airgeadais le haghaidh tréimhse thuairiscithe ina dhiaidh sin, lena n-áirítear ítimí cánach iarchurtha, a athshonrú tríd an athrú san aonad tomhais le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin a chur i bhfeidhm ar na ráitis airgeadais athshonraithe le haghaidh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus orthu sin amháin.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    6

    Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Márta 2006 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm maidir le ráitis airgeadais le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Márta 2006, nochtfaidh sé an méid sin.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 10

    Tuairisciú Airgeadais Eatramhach agus Lagú

    TAGAIRTÍ

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach

    IAS 36 Lagú Sócmhainní

    CÚLRA

    1

    Ceanglaítear ar eintiteas measúnú a dhéanamh ar cháilmheas le haghaidh lagaithe i ndeireadh gach tréimhse tuairiscithe, agus, más gá, caillteanas lagaithe a aithint ar an dáta sin i gcomhréir le IAS 36. Mar sin féin, i ndeireadh tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé gur athraigh na cúinsí sa chaoi agus go laghdófaí an caillteanas lagaithe nó go seachnófaí é dá ndéanfaí an measúnú lagaithe ar an dáta sin amháin. Cuirtear treoir ar fáil leis an Léirmhíniú seo maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart caillteanais lagaithe den sórt sin a fhreaschur riamh.

    2

    Leis an Léirmhíniú tugtar aghaidh ar an idirghníomhaíocht idir ceanglais IAS 34 agus aithint na gcaillteanas lagaithe ar cháilmheas in IAS 36, agus ar éifeacht na hidirghníomhaíochta sin ar ráitis airgeadais eatramhacha agus bhliantúla ina dhiaidh sin.

    SAINCHEIST

    3

    Le IAS 34 mír 28, ceanglaítear ar eintiteas na beartais chuntasaíochta chéanna a chur i bhfeidhm ina ráitis airgeadais eatramhacha agus a chuirtear i bhfeidhm ina ráitis airgeadais bhliantúla. Luaitear ann freisin, ‘ní dhéanfaidh minicíocht tuairiscithe eintitis (bliantúil, leathbhliantúil, nó ráithiúil) difear do thomhas a thorthaí bliantúla. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfar tomhais chun críoch tuairiscithe eatramhaigh ar bhonn bliain go dáta.’

    4

    Luaitear in IAS 36 mír 124, ‘Ní dhéanfar caillteanas lagaithe a aithnítear le haghaidh cáilmheasa a fhreaschur i dtréimhse ina dhiaidh sin.’

    5

    [Scriosta]

    6

    [Scriosta]

    7

    Leis an Léirmhíniú tugtar aghaidh ar an tsaincheist seo a leanas:

    Ar cheart d’eintiteas caillteanais lagaithe a fhreaschur ar caillteanais lagaithe iad a aithnítear i dtréimhse eatramhach ar cháilmheas mura n-aithneofaí caillteanas, nó dá n-aithneofaí caillteanas níos lú, mura ndéanfaí measúnú lagaithe ach i ndeireadh tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin?

    COMHDHEARCADH

    8

    Ní dhéanfaidh eintiteas caillteanas lagaithe a aithnítear i dtréimhse eatramhach roimhe sin i ndáil le cáilmheas a fhreaschur.

    9

    Ní dhéanfaidh eintiteas an comhdhearcadh sin a leathnú de réir analaí chun réimsí eile a chumhdach ina bhféadfadh coinbhleacht a bheith ann idir IAS 34 agus caighdeáin eile.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    10

    Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Samhain 2006 nó ina dhiaidh sin. Moltar cur i bhfeidhm níos luaithe a dhéanamh. Má chuireann eintiteas an léirmhíniú i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Samhain 2006, nochtfaidh sé an méid sin. Cuirfidh eintiteas an léirmhíniú i bhfeidhm maidir le cáilmheas go hionchasach ón dáta a chuir sé IAS 36 i bhfeidhm den chéad uair; cuirfidh sé an léirmhíniú i bhfeidhm maidir le hinfheistíochtaí in ionstraimí cothromais nó i sócmhainní airgeadais arna dtabhairt ar aghaidh ar costas go hionchasach ón dáta a chuir sé critéir tomhais IAS 39 i bhfeidhm den chéad uair.

    11

    [Scriosta]

    12

    [Scriosta]

    13

    [Scriosta]

    14

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 1, 2, 7 agus 8 agus scriosadh míreanna 5, 6, 11–13. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 12

    Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse

    TAGAIRTÍ

    Creat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais  (62)

    IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais

    IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí

    IFRS 16 Léasanna

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

    IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnaimh Rialtais

    IAS 23 Costais Iasachtaíochta

    IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair

    IAS 36 Lagú Sócmhainní

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe

    SIC-29 Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse: Nochtadh  (63)

    CÚLRA

    1

    In an-chuid tíortha, go traidisiúnta, is í an earnáil phoiblí a rinne an bonneagar i gcomhair seirbhísí poiblí — amhail bóithre, droichid, tolláin, príosúin, ospidéil, aerfoirt, saoráidí dáilte uisce, soláthar fuinnimh agus líonraí teileachumarsáide — a thógáil, a oibriú agus a chothabháil agus maoiníodh é trí leithreasú buiséid phoiblí.

    2

    I roinnt tíortha, thug rialtais socruithe seirbhíse conarthacha isteach chun rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a mhealladh i bhforbairt, i maoiniú, in oibriú agus i gcothabháil an bhonneagair sin. Féadfaidh an bonneagar a bheith ann cheana, nó féadfar é a thógáil le linn thréimhse an tsocraithe seirbhíse. Is iondúil gurb é atá i gceist le socrú laistigh de raon feidhme an Léirmhínithe seo ná eintiteas de chuid na hearnála príobháidí (oibreoir) a thógann an bonneagar a úsáidtear chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar nó a dhéanann uasghrádú ar an mbonneagar sin (mar shampla trína acmhainn a mhéadú) agus a oibríonn an bonneagar sin agus a choinníonn ar bun é ar feadh tréimhse shonraithe. Íoctar an t-oibreoir as a chuid seirbhísí i gcaitheamh thréimhse an tsocraithe. Tá an socrú á rialú ag conradh ina leagtar amach caighdeáin feidhmíochta, sásraí chun praghsanna a choigeartú, agus socruithe chun eadránú a dhéanamh ar dhíospóidí. Is minic a thugtar tuairisc ar shocrú den sórt sin mar ‘tógáil-oibriú-aistriú’, mar ‘athshlánú-oibriú-aistriú’ nó mar shocrú maidir le lamháltas seirbhíse ‘ón earnáil phoiblí go dtí an earnáil phríobháideach’.

    3

    Gné a bhaineann leis na socruithe seirbhíse sin ná cineál seirbhíse poiblí na hoibleagáide a dhéanann an t-oibreoir. Is é an beartas poiblí go ndéanfaí na seirbhísí a bhaineann leis an mbonneagar a sholáthar don phobal, gan beann ar chéannacht an pháirtí a oibríonn na seirbhísí. Cuireann an socrú seirbhíse oibleagáid chonarthach ar an oibreoir na seirbhísí a sholáthar don phobal thar ceann eintiteas na hearnála poiblí. Is gnéithe coitianta eile iad na gnéithe seo a leanas:

    (a)

    is eintiteas de chuid na hearnála poiblí é an páirtí a dheonaíonn an socrú seirbhíse (an deontóir), lena n-áirítear comhlacht rialtais, nó eintiteas de chuid na hearnála príobháidí ar cineachadh an fhreagracht as an tseirbhís dó.

    (b)

    tá an t-oibreoir freagrach as cuid de bhainistiú an bhonneagair agus na seirbhísí gaolmhara ar a laghad agus ní mar ghníomhaire amháin a fheidhmíonn sé thar ceann an deontóra.

    (c)

    leis an gconradh socraítear na praghsanna tosaigh atá le gearradh ag an oibreoir agus rialaítear athbhreithnithe ar phraghsanna i gcaitheamh thréimhse an tsocraithe seirbhíse.

    (d)

    tá sé d’oibleagáid ar an oibreoir an bonneagar a thabhairt ar láimh don deontóir i riocht sonraithe i ndeireadh thréimhse an tsocraithe, gan mórán comaoine incrimintí nó gan aon chomaoin incriminteach, gan beann ar cén páirtí a mhaoinigh ar dtús é.

    RAON FEIDHME

    4

    Cuirtear treoir ar fáil leis an Léirmhíniú seo maidir le hoibreoirí cuntas a choinneáil ar shocruithe maidir le lamháltas seirbhíse ón earnáil phoiblí go dtí an earnáil phríobháideach.

    5

    Baineann an Léirmhíniú seo le socruithe maidir le lamháltas seirbhíse ón earnáil phoiblí go dtí an earnáil phríobháideach sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    coinníonn an deontóir smacht ar na seirbhísí nó rialaíonn an deontóir na seirbhísí nach mór don oibreoir a sholáthar leis an mbonneagar, cé dó nach mór dó iad a sholáthar, agus cén praghas ar a gcaithfidh sé iad a sholáthar; agus

    (b)

    rialaíonn an deontóir — trí úinéireacht, trí theidlíocht thairbhiúil nó ar shlí eile — aon leas iarmharach mór sa bhonneagar i ndeireadh théarma an tsocraithe.

    6

    Bonneagar a úsáidtear i socrú maidir le lamháltas seirbhíse ón earnáil phoiblí go dtí an earnáil phríobháideach ar feadh a shaoil úsáidigh ar fad (sócmhainní thar shaolré), tagann sé faoi raon feidhme an Léirmhínithe seo má chomhlíontar na coinníollacha i mír 5(a). Le míreanna AG1–AG8, tugtar treoir maidir lena chinneadh an bhfuil socruithe maidir le lamháltas seirbhíse ón earnáil phoiblí go dtí an earnáil phríobháideach laistigh de raon feidhme an Léirmhínithe seo agus a mhéid atá siad laistigh de raon feidhme an Léirmhínithe seo.

    7

    Baineann an Léirmhíniú seo leis an dá rud seo a leanas:

    (a)

    bonneagar a dhéanann an t-oibreoir a thógáil nó a fháil ó thríú páirtí chun críoch an tsocraithe seirbhíse; agus

    (b)

    bonneagar atá ann cheana a dtugann an deontóir rochtain don oibreoir air chun críoch an tsocraithe seirbhíse.

    8

    Leis an Léirmhíniú seo, ní shonraítear an chuntasaíocht ar bhonneagar a bhí a shealbhaigh agus a d’aithin an t-oibreoir mar réadmhaoin, gléasra agus trealamh sula ndeachaigh sé isteach sa socrú seirbhíse. Tá feidhm ag ceanglais dí-aitheanta IFRSanna (a leagtar amach in IAS 16) maidir le bonneagar den sórt sin.

    9

    Leis an Léirmhíniú seo, ní shonraítear cuntasaíocht na ndeontóirí.

    SAINCHEISTEANNA

    10

    Leis an Léirmhíniú seo leagtar amach prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibleagáidí agus na cearta gaolmhara i socruithe maidir le lamháltas seirbhíse a aithint agus a thomhas. Tá ceanglais in SIC-29 maidir le faisnéis a nochtadh i dtaobh socruithe maidir le lamháltas seirbhíse. Is iad seo a leanas na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa Léirmhíniú seo:

    (a)

    cearta an oibreora i dtaca leis an mbonneagar a láimhseáil;

    (b)

    comaoin maidir leis an socrú a aithint agus a thomhas;

    (c)

    seirbhísí tógála nó uasghrádaithe;

    (d)

    seirbhísí oibriúcháin;

    (e)

    costais iasachtaíochta;

    (f)

    an cur chuige cuntasaíochta ina dhiaidh sin ar shócmhainn airgeadais agus ar shócmhainn dholáimhsithe; agus

    (g)

    ítimí a sholáthraíonn an deontóir don oibreoir.

    COMHDHEARCADH

    Cearta an oibreora i dtaca leis an mbonneagar a láimhseáil

    11

    Ní aithneofar bonneagar a thagann faoi raon feidhme an Léirmhínithe seo mar réadmhaoin, gléasra agus trealamh an oibreora toisc nach dtugann an socrú seirbhíse conarthaí an ceart don oibreoir úsáid an bhonneagair seirbhíse poiblí a rialú. Tá rochtain ag an oibreoir chun an bonneagar a oibriú chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar thar ceann an deontóra i gcomhréir leis na téarmaí a shonraítear sa chonradh.

    Comaoin maidir leis an socrú a aithint agus a thomhas

    12

    Faoi théarmaí na socruithe conarthacha laistigh de raon feidhme an Léirmhínithe seo, gníomhaíonn an t-oibreoir mar sholáthraí seirbhíse. Déanann an t-oibreoir bonneagar (seirbhísí tógála nó uasghrádaithe) a úsáidtear chun seirbhís phoiblí a sholáthar a thógáil nó a uasghrádú agus déanann sé an bonneagar sin (seirbhísí oibriúcháin) a oibriú agus a choinneáil ar bun ar feadh tréimhse shonraithe.

    13

    Déanfaidh an t-oibreoir ioncam a aithint agus a thomhas i gcomhréir le IFRS 15 le haghaidh na seirbhísí a dhéanann sé. Le cineál na comaoine cinntear an cur chuige cuntasaíochta ina dhiaidh sin. Déantar an chuntasaíocht ina dhiaidh sin maidir le comaoin a fuarthas mar shócmhainn airgeadais agus mar shócmhainn dholáimhsithe a mhionsonrú i míreanna 23–26 thíos.

    Seirbhísí tógála nó uasghrádaithe

    14

    Coinneoidh an t-oibreoir cuntas ar sheirbhísí tógála agus uasghrádaithe i gcomhréir le IFRS 15.

    Comaoin a thugann an deontóir don oibreoir

    15

    Má sholáthraíonn an t-oibreoir seirbhísí tógála nó uasghrádaithe, déanfar an chomaoin a fuair an t-oibreoir nó an chomaoin is infhaighte a aithint i gcomhréir le IFRS 15. D’fhéadfadh cearta chun na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an gcomaoin:

    (a)

    sócmhainn airgeadais, nó

    (b)

    sócmhainn dholáimhsithe.

    16

    Aithneoidh an t-oibreoir sócmhainn airgeadais sa mhéid go bhfuil ceart conarthach neamhchoinníollach aige airgead tirim nó sócmhainn airgeadais eile a fháil ón deontóir nó faoi threoir an deontóra le haghaidh na seirbhísí tógála; is beag discréid atá ag an deontóir, má tá aon discréid aige, íocaíocht a sheachaint, de ghnáth toisc go bhfuil an comhaontú infhorfheidhmithe le dlí. Tá ceart neamhchoinníollach ag an oibreoir airgead tirim a fháil má thugann an deontóir ráthaíocht chonarthach go n-íocfaidh sé leis an oibreoir (a) méideanna sonraithe nó inchinntithe nó (b) an t-easnamh, más ann dó, idir méideanna a fhaightear ó úsáideoirí na seirbhíse poiblí agus méideanna sonraithe nó méideanna inchinntithe, fiú má tá an íocaíocht ag brath ar an oibreoir a áirithiú go gcomhlíonann an bonneagar ceanglais shonraithe cháilíochta nó éifeachtúlachta.

    17

    Aithneoidh an t-oibreoir sócmhainn dholáimhsithe a mhéid a fhaigheann sé ceart (ceadúnas) muirear a ghearradh ar úsáideoirí na seirbhíse poiblí. Ní ceart neamhchoinníollach chun airgead tirim a fháil é an ceart chun muirear a ghearradh ar úsáideoirí na seirbhíse poiblí toisc go bhfuil na suimeanna ag brath ar an méid a úsáideann an pobal an tseirbhís.

    18

    Má íoctar an t-oibreoir as na seirbhísí tógála go páirteach le sócmhainn airgeadais agus go páirteach le sócmhainn dholáimhsithe, is gá cuntas a choinneáil ar leithligh ar gach comhpháirt de chomaoin an oibreora. Déanfar an chomaoin a fuarthas nó is infhaighte don dá chomhpháirt a aithint ar dtús i gcomhréir le IFRS 15.

    19

    Déanfar cineál na comaoine a thugann an deontóir don oibreoir a chinneadh faoi threoir théarmaí an chonartha agus, nuair is ann dó, faoi threoir dhlí ábhartha na gconarthaí. Le cineál na comaoine, cinntear an chuntasaíocht ina dhiaidh sin mar a thuairiscítear i míreanna 23–26. Mar sin féin, aicmítear an dá chineál comaoine mar shócmhainn chonarthach le linn na tréimhse tógála nó uasghrádaithe i gcomhréir le IFRS 15.

    Seirbhísí oibriúcháin

    20

    Coinneoidh an t-oibreoir cuntas ar sheirbhísí oibriúcháin i gcomhréir le IFRS 15.

    Oibleagáidí conarthacha chun an bonneagar a athbhunú go leibhéal fóinteachta sonraithe

    21

    Féadfaidh oibleagáidí conarthacha a bheith ar an oibreoir nach mór dó a chomhlíonadh mar choinníoll dá cheadúnas (a) an bonneagar a choinneáil ar bun go leibhéal fóinteachta sonraithe nó (b) an bonneagar a athbhunú go riocht sonraithe sula dtabharfar ar láimh é don deontóir i ndeireadh an tsocraithe seirbhíse. Déanfar na hoibleagáidí conarthacha sin chun bonneagar a chothabháil nó a athbhunú, seachas aon ghné uasghrádaithe (féach mír 14), a aithint agus a thomhas i gcomhréir le IAS 37, i.e. ag an meastachán is fearr ar an gcaiteachas a bheadh ag teastáil chun an oibleagáid reatha a shocrú i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe.

    Costais iasachtaíochta arna dtabhú ag an oibreoir

    22

    I gcomhréir le IAS 23, aithneofar costais iasachtaíochta is inchurtha i leith an tsocraithe mar chostas sa tréimhse ina dtabhaítear iad mura bhfuil ceart conarthach ag an oibreoir sócmhainn dholáimhsithe a fháil (ceart chun muirear a ghearradh ar úsáideoirí na seirbhíse poiblí). Sa chás sin, déanfar na costais iasachtaíochta is inchurtha i leith an tsocraithe a chaipitliú le linn chéim na tógála den socrú i gcomhréir leis an gCaighdeán sin.

    Sócmhainn airgeadais

    23

    Tá feidhm ag IAS 32 agus IFRSanna 7 agus 9 maidir leis an tsócmhainn airgeadais a aithnítear faoi mhíreanna 16 agus 18.

    24

    Coinnítear cuntas ar an méid atá dlite ón deontóir nó faoi threoir an deontóra i gcomhréir le IFRS 9 arna thomhas ag:

    (a)

    costas amúchta;

    (b)

    cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile; nó

    (c)

    cóirluach trí bhrabús nó caillteanas.

    25

    Má dhéantar an méid atá dlite ón deontóir a thomhas ag costas amúchta nó ag cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile, ceanglaítear le IFRS 9 ús arna ríomh ag úsáid mhodh an úis ghlain a aithint mar i mbrabús nó caillteanas.

    Sócmhainn dholáimhsithe

    26

    Tá feidhm ag IAS 38 maidir leis an tsócmhainn dholáimhsithe a aithnítear i gcomhréir le míreanna 17 agus 18. Le míreanna 45–47 de IAS 38 tugtar treoir maidir le sócmhainní doláimhsithe a thomhas ar sócmhainní doláimhsithe iad a fhaightear mar mhalairt ar shócmhainn nó ar shócmhainní neamhairgeadaíochta nó ar mheascán de shócmhainní airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta.

    Ítimí a sholáthraíonn an deontóir don oibreoir

    27

    I gcomhréir le mír 11, maidir le hítimí bonneagair a dtugann an deontóir rochtain don oibreoir orthu chun críocha an tsocraithe seirbhíse, ní aithnítear iad mar réadmhaoin, gléasra agus trealamh an oibreora. Féadfaidh an deontóir ítimí eile a sholáthar don oibreoir freisin ar féidir leis an oibreoir iad a choimeád nó déileáil leo de réir mar is mian leis. Más cuid den chomaoin is iníoctha ag an deontóir i leith na seirbhísí iad na sócmhainní sin, ní deontais rialtais iad mar a shainmhínítear in IAS 20. Ina ionad sin, coinnítear cuntas orthu mar chuid de phraghas an idirbhirt mar a shainmhínítear in IFRS 15.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    28

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2008, nochtfaidh sé an méid sin.

    28D

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh an roinn ‘Tagairtí’ agus míreanna 13–15, 18–20 agus 27. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige.

    28E

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 23–25 agus scriosadh míreanna 28A–28C. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    28F

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír AG8. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    TRASDUL

    29

    Faoi réir mhír 30, coinnítear cuntas ar athruithe ar bheartais chuntasaíochta i gcomhréir le IAS 8, i.e. go cúlghabhálach.

    30

    Más rud é, maidir le haon socrú seirbhíse ar leith, go bhfuil sé dodhéanta don oibreoir an Léirmhíniú seo a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    sócmhainní airgeadais agus sócmhainní doláimhsithe a aithint a bhí ann ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair;

    (b)

    na méideanna glanluacha de na sócmhainní airgeadais agus de na sócmhainní doláimhsithe sin (pé bealach a ndearnadh aicmiú orthu roimhe sin) a úsáid mar a méideanna glanluacha ar an dáta sin; agus

    (c)

    tástáil a dhéanamh ar shócmhainní airgeadais agus ar shócmhainní doláimhsithe atá aitheanta ar an dáta sin le haghaidh lagaithe, ach amháin mura bhfuil sé sin indéanta, agus sa chás sin déanfar na méideanna a thástáil le haghaidh lagaithe amhail ag tús na tréimhse reatha.

    Aguisín A

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den Léirmhíniú é an t-aguisín seo.

    RAON FEIDHME (mír 5)

    AG1

    Sonraítear i mír 5 den Léirmhíniú seo go bhfuil an bonneagar laistigh de raon feidhme an Léirmhínithe nuair a bhíonn feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

    (a)

    coinníonn an deontóir smacht ar na seirbhísí nó rialaíonn an deontóir na seirbhísí nach mór don oibreoir a sholáthar leis an mbonneagar, cé dó nach mór dó iad a sholáthar, agus cén praghas ar a gcaithfidh sé iad a sholáthar; agus

    (b)

    rialaíonn an deontóir — trí úinéireacht, trí theidlíocht thairbhiúil nó ar shlí eile — aon leas iarmharach mór sa bhonneagar i ndeireadh théarma an tsocraithe.

    AG2

    D’fhéadfadh an rialú nó an rialachán dá dtagraítear i gcoinníoll (a) a bheith trí chonradh nó ar shlí eile (amhail trí rialtóir), agus áirítear leis imthosca ina gceannaíonn an deontóir an t-aschur go léir chomh maith leis na cinn ina gceannaíonn úsáideoirí eile cuid den aschur nó an t-aschur go léir. Agus an coinníoll sin á chur i bhfeidhm, déanfar an deontóir agus aon pháirtí gaolmhar a mheas le chéile. Más eintiteas de chuid na hearnála poiblí é an deontóir, measfar go mbaineann an earnáil phoiblí ina hiomláine, mar aon le haon rialtóir a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail, leis an deontóir chun críocha an Léirmhínithe seo.

    AG3

    Chun críoch choinníoll (a), ní gá don deontóir rialú iomlán a bheith aige ar an bpraghas: is leor an praghas a bheith á rialú ag an deontóir, ag an gconradh nó ag an rialtóir, mar shampla trí shásra caidhpeála. Cuirfear an coinníoll i bhfeidhm, áfach, maidir le substaint an chomhaontaithe. Tabharfar neamhaird ar ghnéithe neamhshubstainteacha, amhail caidhp nach mbeidh feidhm aige ach in imthosca eisceachtúla. Os a choinne sin, má airbheartaítear le conradh, mar shampla, saoirse a thabhairt don oibreoir praghsanna a shocrú, ach go dtugtar aon róbhrabús ar ais don deontóir, cuirtear caidhp ar thuairisceán an oibreora agus comhlíontar gné an phraghais den tástáil rialaithe.

    AG4

    Chun críoch choinníoll (b), ba cheart do rialú an deontóra ar aon leas iarmharach mór srian a chur ar chumas praiticiúil an oibreora an bonneagar a dhíol nó a chur i ngeall agus ceart úsáide leanúnach a thabhairt don deontóir i rith thréimhse an tsocraithe. Is éard atá i gceist leis an leas iarmharach sa bhonneagar ná luach measta reatha an bhonneagair amhail agus dá mbeadh an aois chéanna aige agus dá mbeadh sé sa riocht céanna cheana a bhfuil coinne leo i ndeireadh thréimhse an tsocraithe.

    AG5

    Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir rialú agus bainistíocht. Má choinníonn an deontóir méid an rialaithe a dtugtar tuairisc air i mír 5(a) agus aon leas iarmharach mór sa bhonneagar, níl an t-oibreoir ach ag bainistiú an bhonneagair thar ceann an deontóra — cé go bhféadfadh, i gcásanna go leor, discréid leathan bhainistíochta a bheith aige.

    AG6

    Le coinníollacha (a) agus (b) le chéile sainaithnítear cathain a rialaíonn an deontóir an bonneagar, lena n-áirítear aon athsholáthar is gá (féach mír 21), ar feadh a shaoil eacnamaíoch ina iomláine. Mar shampla, má bhíonn ar an oibreoir cuid de mhír bhonneagair a athsholáthar le linn thréimhse an tsocraithe (e.g. sraith uachtair bóthair nó díon foirgnimh), measfar an mhír bhonneagair ina hiomláine. Dá bhrí sin, comhlíontar coinníoll (b) le haghaidh an bhonneagar ina iomláine, lena n-áirítear an chuid a athsholáthraítear, má rialaíonn an deontóir aon leas iarmharach mór in athsholáthar deiridh na coda sin.

    AG7

    Uaireanta bíonn úsáid an bhonneagair rialáilte go páirteach ar an mbealach a dtugtar tuairisc air i mír 5(a) agus neamhrialáilte go páirteach. Tá foirmeacha éagsúla i gceist leis na socruithe sin, áfach:

    (a)

    aon bhonneagar atá indeighilte go fisiceach agus ar féidir é a oibriú go neamhspleách agus a chomhlíonann an sainmhíniú ar aonad giniúna airgid mar a shainmhínítear in IAS 36, déanfar anailís ar leithligh air má úsáidtear é go hiomlán chun críoch neamhrialáilte. Mar shampla, d’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin maidir le sciathán príobháideach ospidéil, i gcás ina n-úsáideann an deontóir an chuid eile den ospidéal chun cóir leighis a chur ar othair phoiblí.

    (b)

    nuair atá gníomhaíochtaí coimhdeacha amháin (amhail siopa ospidéil) neamhrialáilte, cuirfear na tástálacha rialaithe i bhfeidhm amhail agus nárbh ann do na seirbhísí sin, toisc, i gcásanna ina rialaíonn an deontóir na seirbhísí sa chaoi a dtugtar tuairisc uirthi i mír 5, ní bhaineann gníomhaíochtaí coimhdeacha a bheith ann ó rialú an deontóra ar an mbonneagar.

    AG8

    Is féidir go mbeidh sé de cheart ag an oibreoir an bonneagar indeighilte a ndéantar cur síos air i mír AG7(a) a úsáid, nó na saoráidí a úsáidtear chun seirbhísí coimhdeacha neamhrialáilte a thuairiscítear i mír AG7(b) a sholáthar. I gceachtar cás, d’fhéadfadh léas a bheith ann, ó thaobh substainte de, ón deontóir chuig an oibreoir; más amhlaidh atá an scéal, coinneofar cuntas air i gcomhréir le IFRS 16.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 14

    IAS 19 — An Teorainn ar Shócmhainn Sochair Shainithe, na hÍoscheanglais Chistiúcháin agus a nIdirghníomhaíocht

    TAGAIRTÍ

    IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 19 Sochair Fostaithe (arna athbhreithniú in 2011)

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    CÚLRA

    1

    Le mír 64 de IAS 19 déantar tomhas ar ghlansócmhainn sochair shainithe a theorannú don cheann is ísle den bharrachas sa phlean sochair shainithe agus uasteorainn na sócmhainne. Le mír 8 de IAS 19 sainmhínítear uasteorainn na sócmhainne mar ‘luach láithreach aon tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil i bhfoirm aisíocaíochtaí ón bplean nó laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo leis an bplean’. Tá ceisteanna tagtha chun cinn maidir le cathain ba cheart a mheas go bhfuil aisíocaíochtaí nó laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo ar fáil, go háirithe nuair a bhíonn íoscheanglas cistiúcháin ann.

    2

    Tá íoscheanglais chistiúcháin ann in an-chuid tíortha chun feabhas a chur ar shlándáil an ghealltanais sochair iarfhostaíochta a tugadh do bhaill de phlean sochair fostaithe. De ghnáth, leagtar síos leis na ceanglais sin íosmhéid nó íosleibhéal ranníocaíochtaí nach mór a dhéanamh le plean i gcaitheamh tréimhse áirithe. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh íoscheanglas cistiúcháin teorainn a chur le cumas an eintitis ranníocaíochtaí amach anseo a laghdú.

    3

    Thairis sin, d’fhéadfadh an teorainn ar shócmhainn sochair shainithe a thomhas a bheith ina chúis le híoscheanglas cistiúcháin a bheith dochraideach. De ghnáth, ní dhéanfadh ceanglas chun ranníocaíochtaí a dhéanamh le plean difear do thomhas na sócmhainne sochair shainithe nó an dliteanais sochair shainithe. An chúis atá leis sin ná go mbeidh na ranníocaíochtaí, a luaithe a íocfar iad, ina sócmhainní plean agus mar sin is nialas an glandliteanas breise. Mar sin féin, d’fhéadfadh íoscheanglas cistiúcháin a bheith ina chúis le dliteanas mura mbeidh na ranníocaíochtaí riachtanacha ar fáil don eintiteas nuair a íocfar iad.

    3A

    I mí na Samhna 2009 rinne an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta leasú ar IFRIC 14 chun iarmhairt neamhbheartaithe a bhaint a eascraíonn as an gcaoi a gcaitear le réamhíocaíochtaí ranníocaíochtaí amach anseo i gcúinsí áirithe nuair a bhíonn íoscheanglas cistiúcháin ann.

    RAON FEIDHME

    4

    Baineann an Léirmhíniú seo le gach sochar iarfhostaíochta sainithe agus sochar fostaithe fadtéarmach sainithe eile.

    5

    Chun críoch an Léirmhínithe seo, is éard is íoscheanglais chistiúcháin ann aon cheanglas chun plean sochair iarfhostaíochta nó plean sochair fadtéarmach sainithe eile a chistiú.

    SAINCHEISTEANNA

    6

    Is iad seo a leanas na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa Léirmhíniú seo:

    (a)

    cathain ba cheart aisíocaíochtaí nó laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo a mheas a bheith ar fáil i gcomhréir leis an sainmhíniú ar uasteorainn na sócmhainne i mír 8 de IAS 19;

    (b)

    conas a d’fhéadfadh íoscheanglas cistiúcháin difear a dhéanamh d’infhaighteacht laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo;

    (c)

    cathain a d’fhéadfadh dliteanas a bheith mar thoradh ar íoscheanglas cistiúcháin.

    COMHDHEARCADH

    Infhaighteacht aisíocaíochta nó laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo

    7

    Cinnfidh eintiteas infhaighteacht aisíocaíochta nó laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha an phlean agus le haon cheanglas reachtúil i ndlínse an phlean.

    8

    Tá tairbhe eacnamaíoch, i bhfoirm aisíocaíochta nó laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo, ar fáil más féidir leis an eintiteas é a réadú tráth éigin le linn shaolré an phlean nó nuair a shocraítear dliteanais an phlean. Go háirithe, d’fhéadfadh tairbhe eacnamaíoch den sórt sin a bheith ar fáil fiú mura féidir é a réadú láithreach i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe.

    9

    Ní bhraitheann an tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an eintiteas an barrachas a úsáid. Cinnfidh eintiteas an tairbhe eacnamaíoch uasta atá ar fáil ó aisíocaíochtaí, laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo nó meascán den dá rud. Ní aithneoidh eintiteas tairbhí eacnamaíocha ó mheascán d’aisíocaíochtaí agus de laghduithe ar ranníocaíochtaí amach anseo bunaithe ar thoimhdí atá comheisiatach ar a chéile.

    10

    I gcomhréir le IAS 1, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis faoi phríomhfhoinsí na neamhchinnteachta meastacháin i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe lena mbaineann riosca mór go ndéanfaí coigeartú ábhartha ar mhéid glanluacha na glansócmhainne nó an ghlandliteanais a aithnítear sa ráiteas maidir le riocht airgeadais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin nochtadh aon sriain maidir le hinréadaitheacht reatha an bharrachais nó nochtadh an bhoinn a úsáidtear chun méid na tairbhe eacnamaíche atá ar fáil a chinneadh.

    An tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar aisíocaíocht

    An ceart aisíocaíocht a fháil

    11

    Ní bheidh aisíocaíocht ar fáil d’eintiteas ach amháin má tá ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas aisíocaíocht a fháil:

    (a)

    le linn shaolré an phlean, gan glacadh leis nach mór dliteanais an phlean a shocrú chun an aisíocaíocht a fháil (e.g. i ndlínsí áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh ceart ag an eintiteas aisíocaíocht a fháil le linn shaolré an phlean, gan beann ar cé acu atá dliteanais an phlean socraithe nó nach bhfuil); nó

    (b)

    ag glacadh leis go ndéanfar dliteanais an phlean a shocrú de réir a chéile le himeacht ama go dtí go mbeidh na baill uile imithe ón bplean; nó

    (c)

    ag glacadh leis go ndéanfar dliteanais an phlean a shocrú ina n-iomláine in aon teagmhas amháin (i.e. mar fhoirceannadh plean).

    Is féidir ceart neamhchoinníollach a bheith ann aisíocaíocht a fháil is cuma cén leibhéal cistiúcháin a bhaineann le plean i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe.

    12

    Má bhíonn ceart an eintitis chun aisíocaíocht a fháil ar bharrachas ag brath ar theagmhas éiginnte amháin nó níos mó amach seo a bheith ann nó gan a bheith ann ar teagmhas/teagmhais iad nach bhfuil go hiomlán faoi rialú an eintitis, níl ceart neamhchoinníollach ag an eintiteas agus ní aithneoidh sé sócmhainn.

    An tairbhe eacnamaíoch a thomhas

    13

    Déanfaidh eintiteas an tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar aisíocaíocht a thomhas mar mhéid an bharrachais i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (is é sin cóirluach shócmhainní an phlean lúide luach láithreach na hoibleagáide sochair sainithe) a bhfuil sé de cheart ag an eintiteas a fháil mar aisíocaíocht, lúide aon chostas gaolmhar. Mar shampla, dá mbeadh aisíocaíocht faoi réir cánach seachas cáin ioncaim, déanfaidh eintiteas méid na haisíocaíochta glan ón gcáin a thomhas.

    14

    Agus méid na haisíocaíochta atá ar fáil nuair a dhéantar an plean a fhoirceannadh á thomhas (mír 11(c)), cuirfidh eintiteas san áireamh na costais a bhaineann leis an bplean dliteanais an phlean a shocrú agus an aisíocaíocht a dhéanamh. Mar shampla, asbhainfidh eintiteas táillí gairmiúla má íoctar iad leis an bplean seachas an t-eintiteas iad a íoc, agus asbhainfear freisin costais aon phréimh árachais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun an dliteanas a urrú ar fhoirceannadh.

    15

    Má chinntear gurb é méid na haisíocaíochta an méid iomlán nó cion den bharrachas, seachas méid seasta, ní dhéanfaidh eintiteas aon choigeartú ar an amluach airgid, fiú mura mbeidh an aisíocaíocht inréadaithe ach amháin ar dháta sa todhchaí.

    An tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar laghdú ar ranníocaíocht

    16

    Mura bhfuil aon íoscheanglas cistiúcháin ann le haghaidh ranníocaíochtaí a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, is é an tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo an costas seirbhíse don eintiteas amach anseo le haghaidh gach tréimhse i gcaitheamh na tréimhse is giorra de shaolré ionchasach an phlean agus de shaolré ionchasach an eintitis. Ní áirítear leis an gcostas seirbhíse don eintiteas amach anseo méideanna a íocfaidh fostaithe.

    17

    Cinnfidh eintiteas na costais seirbhíse a bheidh ann amach anseo trí úsáid a bhaint as toimhdí atá comhsheasmhach leis na toimhdí sin a úsáidtear chun an oibleagáid sochair shainithe a chinneadh agus as toimhdí atá comhsheasmhach leis an gcás atá ann i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe mar a chinntear le IAS 19. Dá bhrí sin, ní ghlacfaidh eintiteas leis go bhfuil aon athrú ar na tairbhí atá le soláthar le plean amach anseo go dtí go leasófar an plean agus glacfaidh sé leis go bhfuil lucht saothair seasmhach ann sa todhchaí mura laghdóidh an t-eintiteas an líon fostaithe a chumhdaítear leis an bplean. Sa dara cás sin, áireofar an laghdú sa toimhde maidir leis an lucht saothair a bheidh ann amach anseo.

    Éifeacht íoscheanglas cistiúcháin ar an tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo

    18

    Déanfaidh eintiteas anailís ar aon íoscheanglas cistiúcháin ar dháta ar leith ina ranníocaíochtaí is gá chun na nithe seo a leanas a chumhdach: (a) aon easnamh atá ann cheana i gcomhair seirbhís roimhe sin ar bhonn an chistiúcháin íosta agus (b) seirbhís sa todhchaí.

    19

    Ranníocaíochtaí chun aon easnamh atá ann cheana a chumhdach ar bhonn an chistiúcháin íosta i ndáil le seirbhísí a fuarthas cheana, ní dhéanann siad difear do ranníocaíochtaí amach anseo le haghaidh seirbhís sa todhchaí. Féadfaidh dliteanas i gcomhréir le míreanna 23–26 a bheith mar thoradh orthu.

    20

    Má tá íoscheanglas cistiúcháin ann le haghaidh ranníocaíochtaí a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, is é an tairbhe eacnamaíoch atá ar fáil mar laghdú ar ranníocaíochtaí amach anseo suim na nithe seo a leanas:

    (a)

    aon mhéid a laghdaíonn ranníocaíochtaí sa todhchaí maidir le híoscheanglas cistiúcháin le haghaidh seirbhís sa todhchaí toisc go ndearna an t-eintiteas réamhíocaíocht (i.e. gur íoc sé an méid sular ceanglaíodh air é sin a dhéanamh); agus

    (b)

    an costas seirbhíse measta todhchaí i ngach tréimhse i gcomhréir le míreanna 16 agus 17, lúide na ranníocaíochtaí measta maidir leis an íoscheanglas cistiúcháin a bheadh ag teastáil le haghaidh seirbhís sa todhchaí sna tréimhsí sin mura mbeadh aon réamhíocaíocht ann mar a thuairiscítear in (a).

    21

    Déanfaidh eintiteas meastachán ar na ranníocaíochtaí sa todhchaí maidir le híoscheanglas cistiúcháin le haghaidh seirbhís sa todhchaí agus éifeacht aon bharrachais atá ann cheana á cur san áireamh trí úsáid a bhaint as bonn an chistiúcháin íosta ach gan an réamhíocaíocht ar a dtugtar tuairisc i mír 20(a) a chur san áireamh. Bainfidh eintiteas úsáid as toimhdí atá comhsheasmhach le bonn an chisitiúcháin íosta agus, maidir le himthosca nach sonraítear leis an mbonn sin, toimhdí atá comhsheasmhach leis na toimhdí sin a úsáidtear chun an oibleagáid sochair shainithe a chinneadh agus as toimhdí atá comhsheasmhach leis an gcás atá ann i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe mar a chinntear le IAS 19. Áireofar sa mheastachán aon athrú a bhfuil coinne leis mar thoradh ar an eintiteas a bheith ag íoc na ranníocaíochtaí íosta nuair atá siad dlite. Mar sin féin, ní áireofar sa mheastachán an éifeacht a bheidh ag athruithe a bhfuil coinne leo ar théarmaí agus coinníollacha bhonn an chistiúcháin íosta nach n-achtaítear go substainteach nó nach gcomhaontaítear go conarthach i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe.

    22

    Nuair a chinneann eintiteas an méid a dtugtar tuairisc air i mír 20(b), má sháraíonn na ranníocaíochtaí sa todhchaí maidir le híoscheanglas cistiúcháin le haghaidh seirbhís sa todhchaí costas seirbhíse IAS 19 sa todhchaí in aon tréimhse ar leith, laghdaíonn an barrachas sin méid na tairbhe eacnamaíche atá ar fáil mar laghdú ar ranníocaíochtaí sa todhchaí. Mar sin féin, ní fhéadfaidh an méid a dtugtar tuairisc air i mír 20(b) a bheith níos lú ná nialas riamh.

    Cathain a d’fhéadfadh dliteanas a bheith mar thoradh ar íoscheanglas cistiúcháin

    23

    Má tá oibleagáid ar eintiteas faoi íoscheanglas cistiúcháin ranníocaíochtaí a íoc chun easnamh atá ann cheana a chumhdach ar bhonn an chistiúcháin íosta i ndáil le seirbhísí a fuarthas cheana, cinnfidh an t-eintiteas an mbeidh na ranníocaíochtaí is iníoctha ar fáil mar aisíocaíocht nó mar laghdú ar ranníocaíochtaí sa todhchaí tar éis iad a íoc isteach sa phlean.

    24

    A mhéid nach mbeidh na ranníocaíochtaí is iníoctha ar fáil tar éis iad a íoc isteach sa phlean, aithneoidh an t-eintiteas dliteanas nuair a thiocfaidh an oibleagáid chun cinn. Laghdóidh an dliteanas ghlansócmhainn sochair shainithe nó méadóidh sé an glandliteanas sochair shainithe ionas nach mbeidh coinne leis go n-eascróidh aon ghnóthachan nó caillteanas as mír 64 de IAS 19 a chur i bhfeidhm nuair a íocfar na ranníocaíochtaí.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    27

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe.

    27A

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 26 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    27B

    Le Réamhíocaíochtaí ar Íoscheanglas Cistiúcháin, cuireadh isteach mír 3A agus leasaíodh míreanna 16-18 agus míreanna 20-22. Cuirfidh an t-eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh na dtréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Eanáir 2011 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    27C

    Le IAS 19, arna leasú in 2011, leasaíodh míreanna 1, 6, 17 agus 24 agus scriosadh míreanna 25 agus 26. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IAS 19 (arna leasú in 2011) i bhfeidhm.

    TRASDUL

    28

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm ó thús na chéad tréimhse a chuirfear i láthair sna chéad ráitis airgeadais a bhfuil feidhm ag an Léirmhíniú maidir leo. Aithneoidh eintiteas aon choigeartú tosaigh a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Léirmhínithe seo ar thuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse sin.

    29

    Cuirfidh eintiteas na leasuithe i míreanna 3A, 16–18 agus 20–22 i bhfeidhm ó thús na tréimhse comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair sna chéad ráitis airgeadais ina gcuireann an t-eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm. Má chuir an t-eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm roimhe sin sular chuir sé na leasuithe i bhfeidhm, aithneoidh sé an coigeartú a eascraíonn as cur i bhfeidhm na leasuithe ar thuilleamh coimeádta ag tús na tréimhse comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 16

    Fáluithe de Ghlaninfheistíocht in Oibríocht Eachtrach

    TAGAIRTÍ

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí

    CÚLRA

    1

    Tá infheistíochtaí ag go leor eintiteas tuairiscithe in oibríochtaí eachtracha (mar a shainmhínítear in IAS 21 mír 8). Féadfaidh na hoibríochtaí eachtracha sin a bheith ina bhfochuideachtaí, ina gcomhlaigh, ina gcomhfhiontair nó ina mbrainsí. Le IAS 21 ceanglaítear ar eintiteas airgeadra feidhmiúil gach ceann dá oibríochtaí eachtracha a chinneadh mar airgeadra phríomhthimpeallacht eacnamaíoch na hoibríochta sin. Agus torthaí agus riocht airgeadais oibríochta eachtraí á n-aistriú chuig airgeadra cur i láthair, ceanglaítear ar an eintiteas difríochtaí malairte eachtraí in ioncam cuimsitheach eile a aithint go dtí go ndiúscraíonn sé an oibríocht eachtrach.

    2

    Ní bheidh feidhm ag cuntasaíocht fálaithe ar an riosca malairte eachtraí a eascraíonn as glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach ach amháin nuair a bheidh glansócmhainní na hoibríochta eachtraí sin san áireamh sna ráitis airgeadais (64). An mhír atá á fálú i ndáil leis an riosca malairte eachtraí a eascraíonn as an nglaninfheistíocht in oibríocht eachtrach, d’fhéadfadh sé gur méid glansócmhainní í atá cothrom le méid glanluacha ghlansócmhainní na hoibríochta eachtraí nó níos lú ná an méid glanluacha sin.

    3

    Ceanglaítear le IFRS 9 go n-ainmneofaí mír fhálaithe incháilithe agus ionstraimí fálaithe incháilithe i ngaolmhaireacht fálaithe chuntasaíochta. Má tá gaolmhaireacht fálaithe ainmnithe ann, i gcás fálú glaninfheistíochta, an gnóthachan nó an caillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach ar an nglaninfheistíocht, aithnítear in ioncam cuimsitheach eile é agus áirítear é leis na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as torthaí agus riocht airgeadais na hoibríochta eachtraí a aistriú.

    4

    D’fhéadfadh eintiteas a bhfuil go leor oibríochtaí eachtracha aige a bheith neamhchosanta ar roinnt rioscaí malairte eachtraí. Tugann an Léirmhíniú seo treoraíocht maidir le rioscaí malairte eachtraí a shainaithint a cháilíonn mar riosca fálaithe agus glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach á bhfálú.

    5

    Le IFRS 9 ceadaítear d’eintiteas ionstraim airgeadais dhíorthach nó ionstraim airgeadais neamhdhíorthach (nó teaglaim d’ionstraimí airgeadais díorthacha agus neamhdhíorthacha) a ainmniú mar ionstraimí fálaithe le haghaidh riosca malairte eachtraí. Leis an Léirmhíniú seo tugtar treoraíocht maidir leis an áit, laistigh de ghrúpa, ar féidir ionstraimí fálaithe ar fáluithe iad ar ghlaninfheistíocht in oibríocht eachtrach a shealbhú chun cáiliú i gcomhair cuntasaíocht fálaithe.

    6

    Le IAS 21 agus IFRS 9 ceanglaítear méideanna carnacha arna n-aithint in ioncam cuimsitheach eile a bhaineann leis na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as torthaí agus riocht airgeadais na hoibríochta eachtraí a aistriú agus an gnóthachan nó an caillteanas ar an ionstraim fálaithe a chinntear a bheith ina fálú éifeachtach ar an nglaninfheistíocht atá le hathaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe nuair a dhiúscraíonn an máthaireintiteas an oibríocht eachtrach. Leis an Léirmhíniú seo tugtar treoraíocht maidir leis an gcaoi ar cheart d’eintiteas na méideanna atá le hathaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas a chinneadh le haghaidh na hionstraime fálaithe agus na míre fálaithe araon.

    RAON FEIDHME

    7

    Tá feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le heintiteas a fhálaíonn an riosca malairte eachtraí a eascraíonn óna ghlaninfheistíochtaí in oibríochtaí eachtracha agus ar mian leis cáiliú i gcomhair cuntasaíocht fálaithe i gcomhréir le IFRS 9. Ar mhaithe le caoithiúlacht, leis an Léirmhíniú seo tagraítear d’eintiteas den sórt sin mar mháthaireintiteas agus do na ráitis airgeadais ina n-áirítear glansócmhainní oibríochtaí eachtracha mar ráitis airgeadais chomhdhlúite. Tá feidhm chomhionann ag gach tagairt do mháthaireintiteas maidir le heintiteas a bhfuil glaninfheistíocht aige in oibríocht eachtrach ar comhfhiontar, comhlach nó brainse í.

    8

    Ní bhaineann an Léirmhíniú seo ach le fáluithe de ghlaninfheistíochtaí in oibríochtaí eachtracha; níor cheart é a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir le cineálacha eile cuntasaíochta fálaithe.

    SAINCHEISTEANNA

    9

    Féadfaidh máthaireintiteas infheistíochtaí in oibríochtaí eachtracha a shealbhú go díreach nó féadfaidh a fhochuideachta nó a fhochuideachtaí iad a shealbhú go hindíreach. Is iad seo a leanas na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa Léirmhíniú seo:

    (a)

    cineál an riosca fhálaithe agus méid na míre fálaithe a bhféadfar gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú ina leith:

    (i)

    cé acu an féidir leis an máthaireintiteas gan a ainmniú mar riosca fálaithe ach na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as difríocht idir airgeadraí feidhmiúla an mháthaireintitis agus a oibríocht eachtrach, nó an féidir leis freisin a ainmniú mar riosca fálaithe na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as an difríocht idir airgeadra cur i láthair ráitis airgeadais comhdhlúite an mháthaireintitis agus airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí;

    (ii)

    má shealbhaíonn an máthaireintiteas an oibríocht eachtrach go hindíreach, cé acu an féidir nach n-áireofar leis an riosca fálaithe ach na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as difríochtaí in airgeadraí feidhmiúla idir an oibríocht eachtrach agus a neas-mháthaireintiteas, nó an féidir freisin aon difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte idir airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí agus aon mháthaireintiteas idirmheánach nó deiridh a bheith san áireamh leis an bpriacal fálaithe (i.e. an ndéanann sé difear don riosca eacnamaíoch don mháthaireintiteas deiridh go bhfuil an ghlaninfheistíocht san oibríocht eachtrach á sealbhú trí mháthaireintiteas idirmheánach);

    (b)

    an áit i ngrúpa ar féidir an ionstraim fálaithe a shealbhú:

    (i)

    cé acu an féidir gaolmhaireacht cuntasaíochta fálaithe cháilitheach a bhunú más páirtí san ionstraim fálaithe é an t-eintiteas atá ag fálú a ghlaninfheistíochta, agus sa chás sin amháin, nó an féidir le haon eintiteas sa ghrúpa, gan beann ar a airgeadra feidhmiúil, an ionstraim fálaithe a shealbhú;

    (ii)

    an ndéanann cineál na hionstraime fálaithe (díorthach nó neamhdhíorthach) nó an modh comhdhlúthaithe difear don mheasúnú ar éifeachtacht an fhálaithe;

    (c)

    cad iad na méideanna ba cheart a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas mar choigeartuithe athaicmithe ar dhiúscairt na hoibríochta eachtraí:

    (i)

    nuair a dhéantar oibríocht eachtrach a bhí fálaithe a dhiúscairt, cad iad na méideanna ó chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh an mháthaireintitis i leith na hionstraime fálaithe agus i ndáil leis an oibríocht eachtrach sin ba cheart a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis;

    (ii)

    cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an modh comhdhlúthaithe difear do chinneadh na méideanna atá le hathaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas.

    COMHDHEARCADH

    Cineál an riosca fhálaithe agus méid na míre fálaithe a bhféadfar gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú ina leith

    10

    Ní féidir cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm ach amháin maidir leis na difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn idir airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí agus airgeadra feidhmiúil an mháthaireintitis.

    11

    In idirbheart fálúcháin i ndáil leis na rioscaí malairte eachtraí a eascraíonn as glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach, d’fhéadfadh sé gur méid glansócmhainní í an mhír fhálaithe atá cothrom le méid glanluacha ghlansócmhainní na hoibríochta eachtraí i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis nó méid glansócmhainní atá níos lú ná an méid glanluacha sin. Braitheann an méid glanluacha de ghlansócmhainní oibríochta eachtraí is féidir a ainmniú mar mhír fhálaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite mháthaireintitis ar cé acu ar chuir nó nár chuir aon mháthaireintiteas ar leibhéal níos ísle den oibríocht eachtrach cuntasaíocht fálaithe i bhfeidhm maidir le glansócmhainní uile na hoibríochta eachtraí sin nó maidir le cuid acu agus cé acu ar coinníodh nó nár coinníodh an chuntasaíocht ar bun sin i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis.

    12

    Féadfar an riosca fálaithe a ainmniú mar an neamhchosaint ar airgeadra eachtrach a thagann chun cinn idir airgeadra feidhmiúil na hoibríochta eachtraí agus airgeadra feidhmiúil aon mháthaireintitis (an neas-mháthaireintiteas, an máthaireintiteas idirmheánach nó an máthaireintiteas deiridh) a bhaineann leis an oibríocht eachtrach sin. Cé go sealbhaítear an ghlaninfheistíocht trí mháthaireintiteas idirmheánach, ní dhéanann sé sin difear do chineál an riosca eacnamaíoch a eascraíonn as an neamhchosaint ar airgeadra eachtrach don máthaireintiteas deiridh.

    13

    Ní fhéadfaidh neamhchosaint ar riosca airgeadra eachtraigh a eascraíonn as glaninfheistíocht in oibríocht eachtrach a bheith incháilithe i gcomhair cuntasaíocht fálaithe ach aon uair amháin sna ráitis airgeadais chomhdhlúite. Dá bhrí sin, má dhéanann níos mó ná máthaireintiteas amháin laistigh den ghrúpa (mar shampla, máthaireintiteas díreach agus indíreach araon) na glansócmhainní céanna de chuid oibríochta eachtraí a fhálú le haghaidh an riosca chéanna, ní cháileoidh ach gaolmhaireacht fálaithe amháin i gcomhair cuntasaíocht fálaithe i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh. Gaolmhaireacht fálaithe arna hainmniú ag máthaireintiteas amháin ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, ní gá do mháthaireintiteas ardleibhéil eile í a choinneáil ar bun. Mar sin féin, mura bhfuil sí á choinneáil ar bun ag an máthaireintiteas ardleibhéil, ní mór an chuntasaíocht fálaithe a chuireann an mháthairchuideachta ar leibhéal níos ísle i bhfeidhm a fhreaschur sula n-aithnítear cuntasaíocht fálaithe na máthairchuideachta ardleibhéil.

    An áit ar féidir an ionstraim fálaithe a shealbhú

    14

    Féadfar ionstraim dhíorthach nó ionstraim neamhdhíorthach (nó teaglaim d’ionstraimí díorthacha agus neamhdhíorthacha) a ainmniú mar ionstraim fálaithe i bhfálú ar ghlaninfheistíocht in oibríocht eachtrach. Féadfaidh aon eintiteas nó eintitis laistigh den ghrúpa an ionstraim nó na hionstraimí fálaithe a shealbhú, a fhad agus a chomhlíontar ceanglais ainmniúcháin, doiciméadachta agus éifeachtachta IFRS 9 mír 6.4.1 a bhaineann le fálú glaninfheistíochta. Go háirithe, ba cheart straitéis fálaithe an ghrúpa a dhoiciméadú go soiléir toisc go bhféadfaí ainmniúcháin éagsúla a dhéanamh ar leibhéil éagsúla den ghrúpa.

    15

    Chun éifeachtacht a mheasúnú, déantar an t-athrú ar luach na hionstraime fálaithe i ndáil le riosca malairte eachtraí a ríomh faoi threoir airgeadra feidhmiúil an mháthaireintitis a ndéantar an riosca fálaithe a thomhas in aghaidh a airgeadra fheidhmiúil, i gcomhréir leis an doiciméadacht cuntasaíochta fálaithe. De réir na háite a sealbhaítear an ionstraim fálaithe, in éagmais cuntasaíocht fálaithe, d’fhéadfaí an t-athrú iomlán ar luach a aithint i mbrabús nó caillteanas, in ioncam cuimsitheach eile, nó sa dá rud. Mar sin féin, ní dhéantar difear don mheasúnú ar éifeachtacht má aithnítear an t-athrú ar luach na hionstraime fálaithe i mbrabús nó caillteanas nó mar ioncam cuimsitheach eile. Mar chuid de chur i bhfeidhm na cuntasaíochta fálaithe, áirítear an chuid éifeachtach iomlán den athrú in ioncam cuimsitheach eile. Ní dhéantar difear don mheasúnú ar éifeachtacht is cuma cé acu ionstraim dhíorthach nó ionstraim neamhdhíorthach í an ionstraim fálaithe nó is cuma cén modh comhdhlúthaithe atá ann.

    Oibríocht eachtrach fálaithe a dhiúscairt

    16

    Nuair a dhéantar oibríocht eachtrach a bhí fálaithe a dhiúscairt, an méid a athaicmítear go brabús nó caillteanas mar choigeartú athaicmithe ón gcúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis i ndáil leis an ionstraim fálaithe, is é sin an méid a cheanglaítear a shainaithint le IFRS 9 mír 6.5.14. Is éard atá sa mhéid sin an gnóthachan carnach nó an caillteanas carnach ar an ionstraim fálaithe ar cinneadh gur fálú éifeachtach é.

    17

    An méid a athaicmítear go brabús nó caillteanas ón gcúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis i leith na glaninfheistíochta san oibríocht eachtrach sin i gcomhréir le IAS 21 mír 48, is é sin an méid a chuirtear san áireamh i gcúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh an mháthaireintitis sin i ndáil leis an oibríocht eachtrach sin. I ráitis airgeadais chomhdhlúite an mháthaireintitis deiridh, ní dhéanann an modh comhdhlúthaithe difear don ghlanmhéid comhiomlán a aithnítear sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ndáil le gach oibríocht eachtrach. Mar sin féin, má úsáideann an máthaireintiteas deiridh an modh comhdhlúthaithe díreach nó an modh comhdhlúthaithe (65) céim ar chéim, d’fhéadfadh an modh a úsáidtear difear a dhéanamh don mhéid a áirítear ina chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ndáil le hoibríocht eachtrach aonair. Mar thoradh ar úsáid an mhodha chomhdhlúthaithe céim ar chéim, d’fhéadfaí méid difriúil a athaicmiú go brabús nó caillteanas ón méid a úsáidtear chun éifeachtacht fálaithe a chinneadh. Féadfar an difríocht sin a dhíchur tríd an méid a chinneadh a bhaineann leis an oibríocht eachtrach sin a bheadh ann dá n-úsáidfí an modh díreach comhdhlúthaithe. Ní éilítear le IAS 21 an coigeartú sin a dhéanamh. Mar sin féin, is rogha beartais cuntasaíochta é ar cheart cloí léi go comhsheasmhach maidir le gach glaninfheistíocht.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    18

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin. Cuirfidh eintiteas i bhfeidhm mír 14 arna leasú le Feabhsuithe ar IFRSanna a eisíodh i mí Aibreáin 2009 le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear can dá cheann a chur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Deireadh Fómhair 2008, nó má chuireann sé an leasú ar mhír 14 i bhfeidhm roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin.

    18B

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 3, 5–7, 14, 16, AG1 agus AG8 agus scriosadh mír 18A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    TRASDUL

    19

    Sonraítear in IAS 8 an chaoi a gcuireann eintiteas athrú ar an mbeartas cuntasaíochta i bhfeidhm a eascraíonn cur i bhfeidhm tosaigh Léirmhínithe. Ní cheanglaítear ar eintiteas na ceanglais sin a chomhlíonadh agus an Léirmhíniú á chur i bhfeidhm aige ar dtús. Má bhí ionstraim fálaithe ainmnithe ag eintiteas mar fhálú ar ghlaninfheistíocht ach nach gcomhlíontar leis an bhfálú na coinníollacha maidir le cuntasaíocht fálaithe sa Léirmhíniú seo, cuirfidh an t-eintiteas IAS 39 i bhfeidhm chun scor den chuntasaíocht fálaithe sin go hionchasach.

    Aguisín

    Treoir maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid den Léirmhíniú é an t-aguisín seo.

    AG1

    Leis an aguisín seo léirítear cur i bhfeidhm an Léirmhínithe trí úsáid a bhaint as an struchtúr corparáideach a léirítear thíos. I ngach cás, dhéanfaí tástáil éifeachtachta ar na gaolmhaireachtaí fálaithe a dtugtar tuairisc orthu i gcomhréir le IFRS 9, cé nach bpléitear an tástáil sin san aguisín seo. Déanann an Máthaireintiteas, arb é an máthaireintiteas deiridh é, a ráitis airgeadais chomhdhlúite a chur i láthair ina airgeadra feidhmiúil euro (EUR). Tá gach ceann de na fochuideachtaí faoi lánúinéireacht. Áirítear le glaninfheistíocht £500 milliún an Mháthaireintitis i bhFochuideachta B (airgeadra feidhmiúil puint steirling (GBP)) coibhéis £159 milliún de ghlaninfheistíocht 300 milliún USD Fhochuideachta B i bhFochuideachta C (airgeadra feidhmiúil dollar na Stát Aontaithe (USD)). Is é sin le rá, £341 mhilliún glansócmhainní Fhochuideachta B seachas a infheistíocht i bhFochuideachta C.

    Cineál an riosca fhálaithe a bhféadfar gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú ina leith (míreanna 10-13)

    AG2

    Féadfaidh an Máthaireintiteas a ghlaninfheistíocht a fhálú i ngach ceann de Fhochuideachtaí A, B agus C le haghaidh an riosca malairte eachtraí idir a n-airgeadraí feidhmiúla faoi seach (yen na Seapáine (JPY), puint steirling agus dollar na Stát Aontaithe) agus euro. Ina theannta sin, féadfaidh an Máthaireintiteas an riosca malairte eachtraí USD/GBP a fhálú idir airgeadraí feidhmiúla Fhochuideachta B agus Fhochuideachta C. Sna ráitis airgeadais chomhdhlúite, féadfaidh Fochuideachta B a ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C a fhálú maidir leis an riosca malairte eachtraí idir a n-airgeadraí feidhmiúla dollar na Stát Aontaithe agus puint steirling. Sna samplaí seo a leanas is é an riosca ainmnithe an spotriosca malairte eachtraí toisc nach díorthaigh iad na hionstraimí fálaithe. Dá mba chonarthaí réamhcheaptha iad na hionstraimí fálaithe, d’fhéadfadh an Máthaireintiteas an réamhriosca malairte eachtraí a ainmniú.
    Image 7

    Méid na míre fálaithe a bhféadfar gaolmhaireacht fálaithe a ainmniú ina leith (míreanna 10-13)

    AG3

    Is mian leis an Máthaireintiteas an riosca malairte eachtraí a fhálú óna ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C. Glac leis go bhfuil iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún ag Fochuideachta A. JPY 400 000 milliún glansócmhainní Fhochuideachta A ag tús na tréimhse tuairiscithe, lena n-áirítear na fáltais ó iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún.

    AG4

    Is féidir gur méid glansócmhainní atá cothrom le méid glanluacha ghlaninfheistíocht an Mháthaireintitis i bhFochuideachta C (USD 300 milliún) ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, nó méid atá níos lú ná an méid glanluacha sin, atá i gceist leis an mír fhálaithe. Ina ráitis airgeadais chomhdhlúite féadfaidh an Máthaireintiteas an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A a ainmniú mar fhálú den spotriosca malairte eachtraí EUR/USD a bhaineann lena ghlaninfheistíocht i nglansócmhainní USD 300 milliún Fhochuideachta C. Sa chás sin, áirítear an difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte EUR/USD ar an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A agus an difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte EUR/USD ar an nglaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C araon sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis tar éis cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm.

    AG5

    In éagmais cuntasaíocht fálaithe, d’aithneofaí an difríocht iomlán luacha de bharr athrú sa ráta malairte USD/EUR ar an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis mar seo a leanas:

    spotathrú ar an ráta malairte eachtraí USD/JPY, aistrithe go euro, i mbrabús nó caillteanas, agus

    spotathrú ar an ráta malairte eachtraí JPY/EUR in ioncam cuimsitheach eile.

    In ionad an ainmnithe i mír AG4, ina ráitis airgeadais chomhdhlúite, féadfaidh an Máthaireintiteas an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A a ainmniú mar fhálú ar spotriosca malairte eachtraí GBP/USD idir Fochuideachta C agus Fochuideachta B. Sa chás sin, d’aithneofaí an difríocht iomlán luacha de bharr athrú sa ráta malairte USD/EUR ar an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis mar a leanas:

    an spotathrú ar an ráta malairte eachtraí GBP/USD sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh a bhaineann le Fochuideachta C,

    spotathrú ar an ráta malairte eachtraí GBP/JPY, aistrithe go euro, i mbrabús nó caillteanas, agus

    spotathrú ar an ráta malairte eachtraí JPY/EUR in ioncam cuimsitheach eile.

    AG6

    Ní féidir leis an Máthaireintiteas an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún i bhFochuideachta A a ainmniú mar fhálú den spotriosca malairte eachtraí EUR/USD agus den spotriosca malairte eachtraí GBP/USD araon ina ráitis airgeadais chomhdhlúite. Ní féidir le hionstraim fálaithe amháin an riosca ainmnithe céanna a fhálú ach aon uair amháin. Ní féidir le Fochuideachta B cuntasaíocht fálaithe a chur i bhfeidhm ina ráitis airgeadais chomhdhlúite toisc go sealbhaítear an ionstraim fálaithe lasmuigh den ghrúpa ina bhfuil Fochuideachta B agus Fochuideachta C.

    Cén áit i ngrúpa ar féidir an ionstraim fálaithe a shealbhú (míreanna 14 agus 15)?

    AG7

    Mar a thugtar faoi deara i mír AG5, dhéanfaí an t-athrú iomlán ar luach i ndáil le riosca malairte eachtraí na hiasachtaíochta seachtraí USD 300 milliún i bhFochuideachta A a thaifeadadh i mbrabús nó caillteanas (spotriosca USD/JPY) agus in ioncam cuimsitheach eile (spotriosca EUR/JPY) araon i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis in éagmais cuntasaíocht fálaithe. Áirítear an dá mhéid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an fhálaithe a ainmnítear i mír AG4 toisc go ndéantar an t-athrú ar luach na hionstraime fálaithe agus an t-athrú ar luach na míre fálaithe araon a ríomh faoi threoir airgeadra feidhmiúil euro an Mháthaireintitis in aghaidh airgeadra feidhmiúil USD Fhochuideachta C, i gcomhréir leis an doiciméadacht fálaithe. Ní dhéanann an modh comhdhlúthaithe (i.e. modh díreach nó modh céim ar chéim) difear don mheasúnú ar éifeachtacht an fhálaithe.

    Méideanna arna n-athaicmiú go brabús nó caillteanas ar oibríocht eachtrach a dhiúscairt (míreanna 16 agus 17)

    AG8

    Nuair a dhéantar Fochuideachta C a dhiúscairt, is iad seo a leanas na méideanna arna n-athaicmiú go brabús nó caillteanas i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis óna chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh (FCTR):

    (a)

    i ndáil le hiasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún Fhochuideachta A, an méid a cheanglaítear le IFRS 9 a shainaithint, i.e. an t-athrú iomlán ar luach i ndáil le riosca malairte eachtraí a aithníodh in ioncam cuimsitheach eile mar an chuid éifeachtach den fhálú; agus

    (b)

    i ndáil leis an nglaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C, an méid a chinntear le modh comhdhlúthaithe an eintitis. Má úsáideann an Máthaireintiteas an modh díreach, déanfar a FCTR i ndáil le Fochuideachta C a chinneadh go díreach leis an ráta malairte eachtraí EUR/USD. Má úsáideann an Máthaireintiteas an modh céim ar chéim, cinnfear a FCTR i leith Fhochuideachta C de réir an FCTR a aithníonn Fochuideachta B a léiríonn an ráta malairte eachtraí GBP/USD, arna aistriú go hairgeadra feidhmiúil an Mháthaireintitis trí úsáid a bhaint as an ráta malairte eachtraí EUR/GBP. Ní éilítear ar an Máthaireintiteas ná ní choisctear air leis an úsáid a bhain an sé as an modh comhdhlúthaithe céim ar chéim i dtréimhsí roimhe sin a chinneadh gurb é an méid FCTR atá le hathaicmiú nuair a dhiúscraíonn sé Fochuideachta C an méid a bheadh aitheanta aige dá mba rud é gur úsáid sé an modh díreach i gcónaí, ag brath ar a bheartas cuntasaíochta.

    Níos mó ná oibríocht eachtrach amháin a fhálú (míreanna 11, 13 agus 15)

    AG9

    Léirítear sna samplaí seo a leanas gurb é an riosca is féidir a fhálú i gcónaí, i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis, an riosca idir a airgeadra feidhmiúil (euro) agus airgeadraí feidhmiúla Fhochuideachtaí B agus C. Is cuma cén chaoi a n-ainmnítear na fáluithe, is iad USD 300 milliún le haghaidh riosca EUR/USD agus £ 341 mhilliún le haghaidh riosca EUR/GBP na huasmhéideanna is féidir a bheith ina bhfáluithe éifeachtacha le háireamh sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ráitis airgeadais chomhdhlúite N Mháthaireintitis nuair atá an dá oibríocht eachtracha fálaithe. Athruithe eile ar luach i ngeall ar athruithe ar rátaí malairte eachtraí áirítear iad i mbrabús nó caillteanas comhdhlúite an Mháthaireintitis. Ar ndóigh, bheadh sé indéanta don Mháthaireintiteas USD 300 milliún a ainmniú le haghaidh athruithe ar an spotráta malairte eachtraí USD/GBP amháin nó £ 500 milliún a ainmniú le haghaidh athruithe ar spotráta malairte eachtraí GBP/EUR amháin.

    Tá ionstraimí fálaithe USD agus GBP araon ag an Máthaireintiteas

    AG10

    D’fhéadfadh sé gur mian leis an Máthaireintiteas an riosca malairte eachtraí a fhálú i ndáil lena ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B chomh maith lena ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C. Glac leis go sealbhaíonn an Máthaireintiteas ionstraimí fálaithe oiriúnacha atá ainmnithe i ndollair na Stát Aontaithe agus i bpuint steirling a d’fhéadfadh sé a ainmniú mar fháluithe dá ghlaninfheistíochtaí i bhFochuideachta B agus i bhFochuideachta C. Áirítear ar na hainmniúcháin is féidir leis an Máthaireintiteas a dhéanamh ina ráitis airgeadais chomhdhlúite na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    Ionstraim fálaithe USD 300 milliún a ainmnítear mar fhálú den ghlaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C agus is é an riosca an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (EUR/USD) idir an Máthaireintiteas agus Fochuideachta C agus ionstraim fálaithe suas le £ 341 mhilliún a ainmnítear mar fhálú £ 341 mhilliún den ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B agus is é an riosca an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (EUR/GBP) idir an Máthaireintiteas agus Fochuideachta B.

    (b)

    Ionstraim fálaithe USD 300 milliún a ainmnítear mar fhálú den ghlaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C agus is é an riosca an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (GBP/USD) idir Fochuideachta B agus Fochuideachta C agus ionstraim fálaithe suas le £ 500 milliún a ainmnítear mar fhálú £ 500 milliún den ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B agus is é an riosca an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (EUR/GBP) idir an Máthaireintiteas agus Fochuideachta B.

    AG11

    Is rioscaí difriúla iad an riosca EUR/USD ó ghlaninfheistíocht an Mháthaireintitis i bhFochuideachta C agus an riosca EUR/GBP ó ghlaninfheistíocht an Mháthaireintitis i bhFochuideachta B. Mar sin féin, sa chás a thuairiscítear i mír AG10(a), tríd an ionstraim fálaithe USD atá ina sheilbh aige a ainmniú, tá an riosca EUR/USD fálaithe go hiomlán ag an Máthaireintiteas cheana féin óna ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C. Dá ndéanfadh an Máthaireintiteas ionstraim GBP atá ina sheilbh aige a ainmniú freisin mar fhálú dá ghlaninfheistíocht £ 500 milliún i bhFochuideachta B, bheadh £ 159 milliún den ghlaninfheistíocht sin, arb ionann é agus coibhéis GBP dá ghlaninfheistíocht USD i bhFochuideachta C, fálaithe faoi dhó le haghaidh riosca GBP/EUR i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis.

    AG12

    Sa chás a dtugtar tuairisc air i mír AG10(b), má ainmníonn an Máthaireintiteas an riosca fálaithe mar an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (GBP/USD) idir Fochuideachta B agus Fochuideachta C, ní áirítear ach an chuid GBP/USD den athrú ar luach a ionstraime fálaithe USD 300 milliún i gcúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh an Mháthaireintitis a bhaineann le Fochuideachta C. Áirítear an chuid eile den athrú (comhionann leis an athrú GBP/EUR ar £ 159 milliún) i mbrabús nó caillteanas comhdhlúite an Mháthaireintitis, mar atá i mír AG5. Ós rud é nach n-áirítear riosca GBP/EUR le hainmniú an riosca USD/GBP idir Fochuideachta B agus Fochuideachta C, tá an Máthaireintiteas in ann suas le £ 500 milliún dá ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B a ainmniú freisin agus is é an riosca an spot-neamhchosaint ar mhalairt eachtrach (GBP/EUR) idir an Máthaireintiteas agus Fochuideachta B.

    Tá an ionstraim fálaithe USD i seilbh fhochuideachta B

    AG13

    Glac leis go sealbhaíonn Fochuideachta B USD 300 milliún d’fhiachas seachtrach ar aistríodh na fáltais uaidh chuig an Máthaireintiteas le hiasacht idir-chuideachta a ainmnítear i bpuint steirling. Toisc gur tháinig méadú £ 159 milliún ar a shócmhainní agus ar a dhliteanais araon, níl aon athrú ar ghlansócmhainní Fhochuideachta B. D’fhéadfadh Fochuideachta B an fiachas seachtrach a ainmniú mar fhálú ar an riosca GBP/USD dá ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C ina ráitis airgeadais chomhdhlúite. D’fhéadfadh an Máthaireintiteas ainmniú Fhochuideachta B den ionstraim fálaithe sin a choinneáil mar fhálú ar a ghlaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C don riosca GBP/USD (féach mír 13) agus d’fhéadfadh an Máthaireintiteas an ionstraim fálaithe GBP atá ina seilbh aige a ainmniú mar fhálú ar a ghlaninfheistíocht iomlán £ 500 milliún i bhFochuideachta B. Dhéanfaí an chéad idirbheart fálúcháin, arna ainmniú ag Fochuideachta B, a mheasúnú faoi threoir airgeadra feidhmiúil Fhochuideachta B (puint steirling) agus dhéanfaí an dara hidirbheart fálúcháin, arna ainmniú ag an Máthaireintiteas, a mheasúnú faoi threoir airgeadra feidhmiúil an Mháthaireintitis (euro). Sa chás sin, ní dhearna ionstraim fálaithe USD ach an riosca GBP/USD ó ghlaninfheistíocht an Mháthaireintitis i bhFochuideachta C a fhálú i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis, seachas an riosca iomlán EUR/USD. Dá bhrí sin, is féidir an riosca EUR/GBP iomlán ó ghlaninfheistíocht £ 500 milliún an Mháthaireintitis i bhFochuideachta B a fhálú i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis.

    AG14

    Mar sin féin, ní mór an chuntasaíocht ar iasacht £ 159 milliún an Mháthaireintitis atá iníoctha le Fochuideachta B a chur san áireamh freisin. Mura meastar iasacht iníoctha an Mháthaireintitis a bheith mar chuid dá ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B toisc nach gcomhlíonann sí na coinníollacha in IAS 21 mír 15, chuirfí san áireamh i mbrabús nó caillteanas comhdhlúite an Mháthaireintitis an difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte GBP/EUR a eascraíonn as aistriú na hiasachta. Má mheastar gur cuid de ghlaninfheistíocht an Mháthaireintitis an iasacht £ 159 milliún is iníoctha le Fochuideachta B, ní bheadh sa ghlaninfheistíocht sin ach £ 341 mhilliún agus dá réir sin laghdófaí an méid a d’fhéadfadh an Máthaireintiteas a ainmniú mar mhír fhálaithe le haghaidh riosca GBP/EUR ó £ 500 milliún go £ 341 mhilliún dá réir sin.

    AG15

    Má d’fhreaschuir an Máthaireintiteas an ghaolmhaireacht fálaithe atá ainmnithe ag Fochuideachta B, d’fhéadfadh an Máthaireintiteas an iasachtaíocht sheachtrach USD 300 milliún arna sealbhú ag Fochuideachta B a ainmniú mar fhálú dá ghlaninfheistíocht USD 300 milliún i bhFochuideachta C don riosca EUR/USD agus an ionstraim fálaithe GBP atá ina sheilbh aige féin a ainmniú mar fhálú de suas le £ 341 mhilliún den ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B, agus suas leis an méid sin amháin. Sa chás sin dhéanfaí éifeachtacht an dá fhálú a ríomh faoi threoir airgeadra feidhmiúil an Mháthaireintitis (euro). Dá réir sin, chuirfí an t-athrú USD/GBP ar luach na hiasachtaíochta seachtraí atá i seilbh Fhochuideachta B agus an t-athrú GBP/EUR ar luach iasachta an Mháthaireintitis is iníoctha le Fochuideachta B (comhionann le USD/EUR san iomlán) san áireamh sa chúlchiste um aistriú airgeadra eachtraigh i ráitis airgeadais chomhdhlúite an Mháthaireintitis. Ós rud é go bhfuil an riosca EUR/USD óna ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta C fálaithe go hiomlán ag an Máthaireintiteas cheana féin, ní féidir leis ach suas le £ 341 milliún a fhálú don riosca EUR/GBP dá ghlaninfheistíocht i bhFochuideachta B.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 17

    Dáiltí Sócmhainní Neamhairgid ar Úinéirí

    TAGAIRTÍ

    IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí (arna athbhreithniú in 2008)

    IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha

    IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtaí

    IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite

    IFRS 13 Tomhas Cóirluacha

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe

    CÚLRA

    1

    Uaireanta, dáileann eintiteas sócmhainní seachas airgead tirim (sócmhainní neamhairgid) mar dhíbhinní ar a úinéirí (66) agus ag gníomhú ina gcáil mar úinéirí. Sna cásanna sin, féadfaidh eintiteas rogha a thabhairt dá úinéirí freisin sócmhainní neamhairgid nó coibhéis airgid a fháil. Fuair IFRIC iarrataí ar threoir maidir le conas ba cheart d’eintiteas cuntas a choinneáil ar dháileacháin den sórt sin.

    2

    Ní thugtar treoraíocht leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna) maidir leis an gcaoi ar cheart d’eintiteas dáileacháin ar a úinéirí (dá ngairtear díbhinní go coitianta) a thomhas. Le IAS 1 ceanglaítear ar eintiteas sonraí díbhinní a aithnítear mar dháileacháin ar úinéirí a chur i láthair sa ráiteas ar athruithe sa chothromas nó sna nótaí a ghabhann leis na ráitis airgeadais.

    RAON FEIDHME

    3

    Baineann an Léirmhíniú seo leis na cineálacha seo a leanas de dháileacháin neamh-chómhalartacha sócmhainní a dhéanann eintiteas ar a úinéirí agus iad ag gníomhú ina gcáil mar úinéirí:

    (a)

    dáileacháin sócmhainní neamhairgid (e.g. earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, gnólachtaí mar a shainmhínítear in IFRS 3, leasanna úinéireachta in eintiteas eile nó grúpaí diúscartha mar a shainmhínítear in IFRS 5); agus

    (b)

    dáileacháin lena dtugtar rogha a thabhairt d’úinéirí sócmhainní neamhairgid nó coibhéis airgid a fháil.

    4

    Níl feidhm ag an Léirmhíniú seo ach amháin maidir le dáileacháin ina gcaitear go cothrom le húinéirí uile na haicme céanna ionstraimí cothromais.

    5

    Níl feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le dáileadh sócmhainne neamhairgid atá á rialú ar deireadh ag an bpáirtí céanna nó ag na páirtithe céanna roimh an dáileadh agus ina dhiaidh. Tá feidhm ag an eisiamh sin maidir leis na ráitis airgeadais ar leithligh, aonair agus chomhdhlúite d’eintiteas a dhéanann an dáileadh.

    6

    I gcomhréir le mír 5, níl feidhm ag an Léirmhíniú seo i gcás ina bhfuil an tsócmhainn neamhairgid á rialú ar deireadh ag na páirtithe céanna roimh an dáileadh agus ina dhiaidh. Luaitear an méid seo a leanas i mír B2 de IFRS 3, ‘Breathnófar ar ghrúpa daoine aonair mar ghrúpa a rialaíonn eintiteas i gcás ina mbeidh an chumhacht chomhpháirteach acu, de thoradh socruithe conarthacha, a bheartais airgeadais agus oibríochta a rialú ionas go mbainfidh siad tairbhí as a chuid gníomhaíochtaí.’ Dá bhrí sin, chun go mbeidh dáileadh lasmuigh de raon feidhme an Léirmhínithe seo ar an mbonn go rialaíonn na páirtithe céanna an tsócmhainn roimh an dáileadh agus ina dhiaidh, ní mór do ghrúpa scairshealbhóirí aonair a fhaigheann an dáileadh an chumhacht chomhpháirteach deiridh sin a bheith acu ar an eintiteas a dhéanann an dáileadh, mar thoradh ar shocruithe conarthacha.

    7

    I gcomhréir le mír 5, ní bheidh feidhm ag an Léirmhíniú seo i gcás ina ndáileann eintiteas cuid dá leasanna úinéireachta i bhfochuideachta ach ina gcoinníonn sé rialú ar an bhfochuideachta. An t-eintiteas a dhéanann dáileadh a fhágann go n-aithníonn an t-eintiteas leas neamh-urlámhais ina fhochuideachta, coinníonn sé cuntas ar an dáileadh i gcomhréir le IFRS 10.

    8

    Ní thugtar aghaidh sa Léirmhíniú seo ach ar an gcuntasaíocht a dhéanann eintiteas a dhéanann dáileadh sócmhainní neamhairgid. Ní thugtar aghaidh ann ar chuntasaíocht na scairshealbhóirí a fhaigheann dáileadh den sórt sin.

    SAINCHEISTEANNA

    9

    Nuair a dhearbhaíonn eintiteas dáileadh agus nuair atá oibleagáid air na sócmhainní lena mbaineann a dháileadh ar a úinéirí, ní mór dó dliteanas a aithint i leith na díbhinne is iníoctha. Dá réir sin, leis an Léirmhíniú seo tugtar aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    Cathain ba cheart don eintiteas an díbhinn is iníoctha a aithint?

    (b)

    Cén chaoi ar cheart d’eintiteas an díbhinn is iníoctha a thomhas?

    (c)

    Nuair a shocraíonn eintiteas an díbhinn is iníoctha, conas ba cheart dó cuntas a choinneáil ar aon difríocht idir méid glanluacha na sócmhainní a dáileadh agus méid glanluacha na díbhinne is iníoctha?

    COMHDHEARCADH

    Cathain an díbhinn is iníoctha a aithint

    10

    Aithneofar an dliteanas díbhinn a íoc nuair a údarófar an díbhinn go hiomchuí agus nuair nach bhfuil sí faoi rogha an eintitis a thuilleadh, arb é sin an dáta:

    (a)

    nuair a bheidh dearbhú na díbhinne, e.g. ag an mbainistíocht nó ag an mbord stiúrthóirí, ceadaithe ag an údarás iomchuí, e.g. na scairshealbhóirí, má éilíonn an dlínse ceadú den sórt sin, nó

    (b)

    nuair a dhearbhaítear an díbhinn, e.g. ag an mbainistíocht nó ag an mbord stiúrthóirí, mura n-éilíonn an dlínse formheas breise.

    Díbhinn is iníoctha a thomhas

    11

    Déanfaidh eintiteas tomhas ar dhliteanas sócmhainní neamhairgid a dháileadh mar dhíbhinn ar a úinéirí ar chóirluach na sócmhainní atá le dáileadh.

    12

    Má thugann eintiteas rogha dá úinéirí sócmhainn neamhairgid nó coibhéis airgid a fháil, déanfaidh an t-eintiteas meastachán ar an díbhinn is iníoctha trí chóirluach gach rogha agus an dóchúlacht ghaolmhar go roghnóidh úinéirí gach rogha a mheas.

    13

    I ndeireadh gach tréimhse tuairiscithe agus ar dháta na socraíochta, déanfaidh an t-eintiteas méid glanluacha na díbhinne is iníoctha a athbhreithniú agus a choigeartú, agus aithneofar aon athrú ar mhéid glanluacha na díbhinne is iníoctha i gcothromas mar choigeartuithe ar mhéid an dáilte.

    Cuntas a choinneáil ar aon difríocht idir méid glanluacha na sócmhainní a dáileadh agus méid glanluacha na díbhinne is iníoctha nuair a shocraíonn eintiteas an díbhinn is iníoctha

    14

    Nuair a shocraíonn eintiteas an díbhinn is iníoctha, aithneoidh sé an difríocht, más ann di, idir méid glanluacha na sócmhainní a dáileadh agus méid glanluacha na díbhinne is iníoctha i mbrabús nó caillteanas.

    Cur i láthair agus nochtaí

    15

    Cuirfidh eintiteas an difríocht a dtugtar tuairisc uirthi i mír 14 i láthair mar mhír líne ar leithligh i mbrabús nó caillteanas.

    16

    Nochtfaidh eintiteas an fhaisnéis seo a leanas, más infheidhme:

    (a)

    méid glanluacha na díbhinne is iníoctha i dtosach agus i ndeireadh na tréimhse; agus

    (b)

    an méadú nó an laghdú ar an méid glanluacha a aithnítear sa tréimhse i gcomhréir le mír 13 mar thoradh ar athrú ar chóirluach na sócmhainní atá le dáileadh.

    17

    Más rud é, tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais a eisiúint, go ndearbhaíonn eintiteas díbhinn chun sócmhainn neamhairgid a dháileadh, nochtfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    cineál na sócmhainne atá le dáileadh;

    (b)

    méid glanluacha na sócmhainne atá le dáileadh ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe; agus

    (c)

    cóirluach na sócmhainne atá le dáileadh ó dheireadh na tréimhse tuairiscithe, murab ionann é agus méid glanluacha na sócmhainne sin, agus an fhaisnéis faoin modh/faoi na modhanna a úsáidtear chun an cóirluach sin a thomhas a cheanglaítear le míreanna 93(b), (d), (g) agus (i) agus mír 99 de IFRS 13.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    18

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm go hionchasach le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Ní cheadaítear cur i bhfeidhm cúlghabhálach a dhéanamh. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Iúil 2009, nochtfaidh sé an méid sin agus cuirfidh sé IFRS 3 (arna athbhreithniú in 2008), IAS 27 (arna leasú i mí na Bealtaine 2008) agus IFRS 5 (arna leasú leis an Léirmhíniú seo) i bhfeidhm freisin.

    19

    Le IFRS 10, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 7. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 10 á chur i bhfeidhm aige.

    20

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 17. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 19

    Dliteanais Airgeadais a Mhúchadh le hIonstraimí Cothromais

    TAGAIRTÍ

    Creat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais  (67)

    IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe

    IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí

    IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

    IFRS 13 Tomhas Cóirluacha

    IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair

    CÚLRA

    1

    D’fhéadfadh féichiúnaí agus creidiúnaí téarmaí dliteanais airgeadais a athchaibidliú agus é mar thoradh air sin go múchfaidh an féichiúnaí an dliteanas go hiomlán nó go páirteach trí ionstraimí cothromais a eisiúint chuig an gcreidiúnaí. Tagraítear do na hidirbhearta sin uaireanta mar ‘bhabhtálacha fiachais ar chothromas’. Fuair IFRIC iarrataí ar threoraíocht maidir le conas ba cheart cuntas a choinneáil ar idirbhearta den sórt sin.

    RAON FEIDHME

    2

    Tugtar aghaidh leis an Léirmhíniú seo ar chuntasaíocht eintitis nuair a dhéantar téarmaí dliteanais airgeadais a athchaibidliú agus é mar thoradh air sin go n-eisíonn an t-eintiteas ionstraimí cothromais chuig creidiúnaí de chuid an eintitis chun an dliteanas airgeadais ar fad nó cuid den dliteanas airgeadais a mhúchadh. Ní thugtar aghaidh ann ar chuntasaíocht an chreidiúnaí.

    3

    Ní chuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm maidir le hidirbhearta sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    nuair is scairshealbhóir díreach nó indíreach é an creidiúnaí freisin agus nuair atá sé ag gníomhú ina cháil mar scairshealbhóir díreach nó indíreach atá ann cheana.

    (b)

    tá an creidiúnaí agus an t-eintiteas á rialú ag an bpáirtí céanna nó ag na páirtithe céanna roimh an idirbheart agus ina dhiaidh agus áirítear le substaint an idirbhirt dáileadh cothromais a dhéanann an t-eintiteas, nó ranníocaíocht chothromais leis an eintiteas.

    (c)

    tá múchadh an dliteanais airgeadais trí scaireanna cothromais a eisiúint i gcomhréir le téarmaí bunaidh an dliteanais airgeadais.

    SAINCHEISTEANNA

    4

    Leis an Léirmhíniú seo tugtar aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    An eisítear ionstraimí cothromais eintitis chun dliteanas airgeadais ‘comaoin íoctha’ iomlán nó cuid de dhliteanas airgeadais ‘comaoin íoctha’ a mhúchadh i gcomhréir le mír 3.3.3 de IFRS 9?

    (b)

    Na hionstraimí cothromais sin a eisíodh chun dliteanas airgeadais den sórt sin a mhúchadh, conas ba cheart d’eintiteas iad a thomhas i dtosach?

    (c)

    Conas ba cheart d’eintiteas cuntas a choinneáil ar aon difríocht idir méid glanluacha an dliteanais airgeadais a múchadh agus tomhas tosaigh na n-ionstraimí cothromais a eisíodh?

    COMHDHEARCADH

    5

    Is éard atá i gceist le heisiúint ionstraimí cothromais eintitis chuig creidiúnaí chun dliteanas airgeadais iomlán nó cuid de dhliteanas airgeadais a mhúchadh comaoin a íoctar i gcomhréir le mír 3.3.3 de IFRS 9. Déanfaidh eintiteas dliteanas airgeadais (nó cuid de dhliteanas airgeadais) a bhaint dá ráiteas maidir le riocht airgeadais nuair a mhúchtar é i gcomhréir le mír 3.3.1 de IFRS 9 agus sa chás sin amháin.

    6

    Nuair a aithnítear i dtosach ionstraimí cothromais arna n-eisiúint chuig creidiúnaí chun dliteanas airgeadais iomlán nó cuid de dhliteanas airgeadais a mhúchadh, déanfaidh eintiteas iad a thomhas ar chóirluach na n-ionstraimí cothromais arna n-eisiúint, ach amháin mura féidir an cóirluach sin a thomhas go hiontaofa.

    7

    Mura féidir cóirluach na n-ionstraimí cothromais arna n-eisiúint a thomhas go hiontaofa, déanfar na hionstraimí cothromais a thomhas chun cóirluach an dliteanais airgeadais arna mhúchadh a léiriú. Agus cóirluach dliteanais airgeadais arna mhúchadh lena n-áirítear gné éilimh (e.g. taisce phrapéilimh) á thomhas, ní chuirtear mír 47 de IFRS 13 i bhfeidhm.

    8

    Mura múchtar ach cuid den dliteanas airgeadais, déanfaidh an t-eintiteas measúnú féachaint an mbaineann cuid den chomaoin a íocadh le modhnú ar théarmaí an dliteanais atá fós gan íoc. Má bhaineann cuid den chomaoin a íocadh le modhnú ar théarmaí na coda atá fágtha den dliteanas, leithdháilfidh an t-eintiteas an chomaoin a íocadh idir an chuid den dliteanas a múchadh agus an chuid den dliteanas atá fós gan íoc. Cuirfidh an t-eintiteas san áireamh na fíorais agus na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an idirbheart agus an leithdháileadh sin á dhéanamh.

    9

    An difríocht idir méid glanluacha an dliteanais airgeadais (nó cuid de dhliteanas airgeadais) a múchadh, agus an chomaoin a íocadh, aithneofar í i mbrabús nó caillteanas, i gcomhréir le mír 3.3.3 de IFRS 9. Déanfar na hionstraimí cothromais arna n-eisiúint a aithint i dtosach agus a thomhas ar an dáta a múchfar an dliteanas airgeadais (nó cuid den dliteanas sin).

    10

    Nuair nach múchtar ach cuid den dliteanas airgeadais, leithdháilfear comaoin i gcomhréir le mír 8. Beidh an chomaoin a leithdháilfear ar an dliteanas atá fágtha mar chuid den mheasúnú ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh téarmaí an dliteanais sin atá fágtha a mhodhnú go substaintiúil. Má rinneadh an dliteanas atá fágtha a mhodhnú go substaintiúil, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar an modhnú mar mhúchadh ar an dliteanas bunaidh agus mar aitheantas ar dhliteanas nua mar a cheanglaítear le mír 3.3.2 de IFRS 9.

    11

    Nochtfaidh eintiteas gnóthachan nó caillteanas a aithnítear i gcomhréir le míreanna 9 agus 10 mar mhír líne ar leithligh i mbrabús nó caillteanas nó sna nótaí.

    DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

    12

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2010 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Iúil 2010, nochtfaidh sé an méid sin.

    13

    Cuirfidh eintiteas athrú ar an mbeartas cuntasaíochta i bhfeidhm i gcomhréir le IAS 8 ó thús na tréimhse comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair.

    14

    [Scriosta]

    15

    Le IFRS 13, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2011, leasaíodh mír 7. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm agus IFRS 13 á chur i bhfeidhm aige.

    16

    [Scriosta]

    17

    Le IFRS 9, arna eisiúint i mí Iúil 2014, leasaíodh míreanna 4, 5, 7, 9 agus 10 agus scriosadh míreanna 14 agus 16. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm agus IFRS 9 á chur i bhfeidhm aige.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 20

    Costais Scafa i gCéim Táirgthe Mianaigh Dromchla

    TAGAIRTÍ

    Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais  (68)

    IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 2 Fardail

    IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh

    IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe

    CÚLRA

    1

    In oibríochtaí mianadóireachta dromchla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé riachtanach d’eintitis ábhair dramhaíola mianach (‘ró-ualach’) a bhaint chun rochtain a fháil ar fhosuithe méine mianraí. Tugtar ‘scrathadh’ ar an ngníomhaíocht sin chun dramhaíl a bhaint.

    2

    Le linn chéim forbartha an mhianaigh (sula dtosaíonn an táirgeadh), déantar costais scraite a chaipitliú de ghnáth mar chuid den chostas dímheasa a bhaineann leis an mianach a thógáil, a fhorbairt agus a fhoirgniú. Déantar na costais chaipitlithe sin a dhímheas nó a amúchadh ar bhonn córasach, de ghnáth trí úsáid a bhaint as modh na n-aonad táirgthe, nuair a chuirtear tús leis an táirgeadh.

    3

    Féadfaidh eintiteas mianadóireachta leanúint de ró-ualach a bhaint agus costais scraite a thabhú le linn chéim tháirgthe an mhianaigh.

    4

    Ní gá gur dramhaíl 100 faoin gcéad a bheidh san ábhar a bhaintear agus scrathadh ar siúl le linn chéim an táirgthe; is minic gur meascán de mhian agus de dhramhaíl a bheidh ann. Is féidir raon ó ghrád íseal neamheacnamaíoch go grád ard brabúsach a bheith i gceist leis an cóimheas idir mian agus dramhaíl. Má bhaintear ábhar a bhfuil cóimheas íseal aige idir mian agus dramhaíl, d’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar inúsáidte ann, ar féidir é a úsáid chun fardal a tháirgeadh. D’fhéadfadh an bhaint sin rochtain a thabhairt ar leibhéil níos doimhne ábhair a bhfuil cóimheas níos airde acu idir mian agus dramhaíl. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh dhá thairbhe a bheith ann don eintiteas ón ngníomhaíocht scraite: mian inúsáidte is féidir a úsáid chun fardal a tháirgeadh agus rochtain níos fearr ar chainníochtaí breise ábhair a dhéanfar mianadóireacht air amach anseo.

    5

    Leis an Léirmhíniú seo, déantar breithniú ar cathain agus conas cuntas a choinneáil ar leithligh ar an dá thairbhe sin a eascraíonn as an ngníomhaíocht scraite, chomh maith le conas na tairbhí sin a thomhas i dtosach agus ina dhiaidh sin.

    RAON FEIDHME

    6

    Tá feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le costais bainte dramhaíola a thabhaítear i ngníomhaíocht mianadóireachta dromchla le linn chéim tháirgthe an mhianaigh (‘costais scraite táirgeachta’).

    SAINCHEISTEANNA

    7

    Leis an Léirmhíniú seo tugtar aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    costais scraite táirgeachta a aithint mar shócmhainn;

    (b)

    tomhas tosaigh a dhéanamh ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite; agus

    (c)

    tomhas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite.

    COMHDHEARCADH

    Costais scraite táirgeachta a aithint mar shócmhainn

    8

    A mhéid a dhéantar an tairbhe a bhaintear as an ngníomhaíocht scraite a réadú i bhfoirm fardail arna tháirgeadh, coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar chostais na gníomhaíochta scraite sin i gcomhréir le prionsabail IAS 2 Fardail. A mhéid gurb é an tairbhe ná rochtain fheabhsaithe ar mhian, aithneoidh an t-eintiteas na costais sin mar shócmhainn neamhreatha, má chomhlíontar na critéir i mír 9 thíos. Tagraíonn an Leis an Léirmhíniú seo, tagraítear don tsócmhainn neamhreatha mar ‘shócmhainn na gníomhaíochta scraite’.

    9

    Aithneoidh eintiteas sócmhainn gníomhaíochta scraite má chomhlíontar gach ceann de na nithe seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

    (a)

    is dócha gur chuig an eintiteas a rachaidh an leas eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo (rochtain fheabhsaithe ar an meall méine) a bhaineann leis an ngníomhaíocht scraite;

    (b)

    is féidir leis an eintiteas comhpháirt an mhill méine ar feabhsaíodh rochtain air a shainaithint; agus

    (c)

    is féidir na costais a bhaineann leis an ngníomhaíocht scraite a bhaineann leis an gcomhpháirt sin a thomhas go hiontaofa.

    10

    Coinneofar cuntas ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite mar rud sa bhreis ar shócmhainn atá ann cheana nó mar fheabhsú uirthi. Is é sin le rá, coinneofar cuntas ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite mar chuid de shócmhainn atá ann cheana.

    11

    Is ionann an t-aicmiú a dhéantar ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite mar shócmhainn inláimhsithe nó mar shócmhainn dholáimhsithe agus an t-aicmiú a dhéantar ar an tsócmhainn atá ann cheana. Is é sin le rá, cinnfidh cineál na sócmhainne atá ann cheana cé acu a dhéanfaidh an t-eintiteas an tsócmhainn gníomhaíochta scraite a aicmiú mar shócmhainn inláimhsithe nó mar shócmhainn dholáimhsithe.

    Tomhas tosaigh a dhéanamh ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite

    12

    Déanfaidh an t-eintiteas sócmhainn na gníomhaíochta scraite a thomhas ar costas i dtosach, is é sin carnadh na gcostas arna dtabhú go díreach chun an ghníomhaíocht scraite a dhéanamh lena bhfeabhsaítear rochtain ar an gcomhpháirt shainaitheanta den mhian, móide leithdháileadh forchostas atá inchurtha go díreach. D’fhéadfadh roinnt oibríochtaí teagmhasacha tarlú an tráth céanna leis an ngníomhaíocht scraite táirgeachta, ach nach bhfuil gá leo chun go leanfadh an ghníomhaíocht scraite táirgeachta ar aghaidh mar a bhí beartaithe. Ní áireofar na costais a bhaineann leis na hoibríochtaí teagmhasacha sin sa chostas a bhaineann leis sócmhainn na gníomhaíochta scraite.

    13

    I gcás nach bhfuil na costais a bhaineann le sócmhainn na gníomhaíochta scraite agus na costais a bhaineann leis an bhfardal a tháirgtear inaitheanta ar leithligh, leithdháilfidh an t-eintiteas na costais scraite táirgeachta idir an fardal a tháirgtear agus sócmhainn na gníomhaíochta scraite trí bhonn leithdháilte a úsáid atá bunaithe ar thomhas ábhartha táirgeachta. Ríomhfar an tomhas táirgeachta sin i gcomhair na comhpháirte sainaitheanta den mheall méine, agus úsáidfear é mar thagarmharc chun a shainaithint a mhéid a tharla an ghníomhaíocht bhreise a bhaineann le leas a bheidh ann amach anseo a chruthú. I measc na dtomhas sin tá na nithe seo a leanas:

    (a)

    costas an fhardail a táirgeadh i gcomparáid leis an gcostas a raibh coinne leis;

    (b)

    méid na dramhaíola a eastósctar i gcomparáid leis an méid a raibh coinne leis, i gcás méid áirithe táirgthe méine; agus

    (c)

    cion mianrach na méine a eastóscadh i gcomparáid leis an gcion mianrach a raibh coinne lena eastóscadh, le haghaidh cainníocht áirithe méine a táirgeadh.

    Tomhas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar shócmhainn na gníomhaíochta scraite

    14

    Tar éis an aitheantais tosaigh, déanfar sócmhainn na gníomhaíochta scraite a thabhairt ar aghaidh ar a costas nó ar a méid athluacháilte lúide dímheas nó amúchadh agus lúide caillteanais lagaithe, ar an gcaoi chéanna leis an tsócmhainn atá ann cheana ar cuid di í.

    15

    Déanfar sócmhainn na gníomhaíochta scraite a dhímheas nó a amúchadh ar bhonn córasach, i gcaitheamh shaolré úsáide ionchasach na comhpháirte sainaitheanta den mheall méine a éiríonn níos inrochtana mar thoradh ar an ngníomhaíocht scraite. Cuirfear modh na n-aonad táirgthe i bhfeidhm mura mbeidh modh eile níos iomchuí.

    16

    Saolré úsáide ionchasach na comhpháirte sainaitheanta den mheall méine a úsáidtear chun sócmhainn na gníomhaíochta scraite a dhímheas nó a amúchadh, beidh sí sin an difriúil leis an saolré úsáide ionchasach a úsáidtear chun an mianach féin agus sócmhainní gaolmhara shaolré an mhianaigh a dhímheas nó a amúchadh. Is eisceacht air sin na cúinsí teoranta sin ina dtugtar rochtain níos fearr ar an meall méine atá fágtha ina iomláine leis an ngníomhaíocht scraite. Mar shampla, d’fhéadfadh sé sin tarlú i dtreo dheireadh shaolré úsáide mhianaigh nuair a léirítear leis an gcomhpháirt shainaitheanta an chuid dheireanach den mheall méine atá le heastóscadh.

    Aguisín A

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid den Léirmhíniú é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile den Léirmhíniú.

    A1

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2013 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    A2

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm maidir le costais scraite táirgeachta arna dtabhú ag tús na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair nó ina dhiaidh sin.

    A3

    Amhail i dtosach na tréimhse is luaithe a cuireadh i láthair, déanfar aon iarmhéid sócmhainní a aithníodh roimhe sin agus a d’eascair as gníomhaíocht scraite a rinneadh le linn chéim an táirgthe (‘sócmhainn scraite réamhtheachtach’) a athaicmiú mar chuid de shócmhainn atá ann cheana lena mbaineann an ghníomhaíocht scraite, a mhéid atá comhpháirt inaitheanta fós ann den mheall méine lenar féidir an tsócmhainn scraite réamhtheachtach a chomhcheangal. Déanfar na hiarmhéideanna sin a dhímheas nó a amúchadh i gcaitheamh an saolré úsáideach a mheastar a bheidh fágtha den chomhpháirt shainaitheanta den mheall méine lena mbaineann gach iarmhéid sócmhainne scraite réamhtheachtaí.

    A4

    Murab ann d’aon chomhpháirt inaitheanta den mheall méine lena mbaineann an tsócmhainn scraite réamhtheachtach sin, aithneofar i dtuilleamh coimeádta tosaigh i dtosach na tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 21

    Tobhaigh

    TAGAIRTÍ

    IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 12 Cánacha Ioncaim

    IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnaimh Rialtais

    IAS 24 Faisnéis a Nochtadh maidir le Páirtithe Gaolmhara

    IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    IFRIC 6 Dliteanais de bharr Rannpháirtíocht i Margadh Sonrach—Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

    CÚLRA

    1.

    Féadfaidh rialtas tobhach a fhorchur ar eintiteas. Fuair Coiste Léirmhíniúcháin IFRS iarrataí ar threoraíocht maidir le cuntas a choinneáil ar thobhaigh i ráitis airgeadais an eintitis atá ag íoc an tobhaigh. Baineann an cheist le cathain ba cheart dliteanas a aithint tobhach a íoc a gcoinnítear cuntas air de réir IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha.

    RAON FEIDHME

    2.

    Leis an Léirmhíniú seo tugtar aghaidh ar chuntas a choinneáil ar dhliteanas tobhach a íoc má tá an dliteanas sin laistigh de raon feidhme IAS 37. Tugtar aghaidh ann freisin ar chuntas a choinneáil ar dhliteanas tobhach a íoc a bhfuil uainiú cinnte agus méid cinnte ag baint leis.

    3.

    Ní thugtar aghaidh leis an Léirmhíniú seo ar chuntas a choinneáil ar na costais a eascraíonn as dliteanas a aithint tobhach a íoc. Ba cheart d’eintitis Caighdeáin eile a chur i bhfeidhm chun a chinneadh cé acu a bheidh nó nach mbeidh sócmhainn nó costas mar thoradh ar dhliteanais a aithint tobhach a íoc.

    4.

    Chun críocha an Léirmhínithe seo, is éard atá i gceist le tobhach eis-sreabhadh acmhainní ina bhfuil tairbhí eacnamaíocha a fhorchuireann rialtais ar eintitis i gcomhréir leis an reachtaíocht (i.e. dlíthe agus/nó rialacháin), seachas:

    (a)

    na heis-sreafaí acmhainní sin a thagann faoi raon feidhme Caighdeán eile (amhail cánacha ioncaim a thagann faoi raon feidhme IAS 12 Cánacha Ioncaim); agus

    (b)

    fíneálacha nó pionóis eile a fhorchuirtear i leith sáruithe ar an reachtaíocht.

    Tagraíonn ‘rialtas’ do rialtas, do ghníomhaireachtaí rialtais agus do chomhlachtaí comhchosúla cibé acu atá siad áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

    5.

    Íocaíocht a dhéanann eintiteas as sócmhainn a fháil, nó as seirbhísí a thabhairt faoi chomhaontú conarthach le rialtas, ní chomhlíonann sí sin an sainmhíniú ar thobhach.

    6.

    Ní cheanglaítear ar eintiteas an Léirmhíniú seo a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais a eascraíonn as scéimeanna trádála astaíochtaí.

    SAINCHEISTEANNA

    7.

    Chun soiléiriú a thabhairt ar chuntas a choinneáil ar dhliteanas tobhach a íoc, tugtar aghaidh leis an Léirmhíniú seo ar na saincheisteanna seo a leanas:

    (a)

    cad é an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-eascraíonn an dliteanas a aithint tobhach a íoc?

    (b)

    le héigeantas eacnamaíoch leanúint de bheith ag oibriú i dtréimhse sa todhchaí, an gcruthaítear oibleagáid inchiallaithe tobhach a íoc a chuirfear i ngníomh trí oibriú sa tréimhse sin sa todhchaí?

    (c)

    an dtugtar le tuiscint leis an toimhde gnóthais leantaigh go bhfuil oibleagáid ar eintiteas san am i láthair tobhach a íoc a chuirfear i ngníomh trí oibriú i dtréimhse sa todhchaí?

    (d)

    dliteanas a aithint tobhach a íoc, an rud é sin a thagann chun cinn tráth ar leith éigin nó an dtagann sé chun cinn de réir a chéile, in imthosca áirithe, le himeacht ama?

    (e)

    cad é an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-eascraíonn an dliteanas a aithint tobhach a íoc a chuirtear i ngníomh má bhaintear íostairseach amach?

    (f)

    an ionann na prionsabail lena n-aithnítear sna ráitis airgeadais bhliantúla agus sa tuarascáil airgeadais eatramhach dliteanas tobhach a íoc?

    COMHDHEARCADH

    8.

    Is é an teagmhas cruthaithe oibleagáide as a n-eascraíonn dliteanas tobhach a íoc ná an ghníomhaíocht lena spreagtar an tobhach a íoc, mar a shainaithnítear sa reachtaíocht. Mar shampla, más í an ghníomhaíocht lena spreagtar an tobhach a íoc giniúint ioncaim sa tréimhse reatha agus má tá ríomh an tobhaigh sin bunaithe ar an ioncam a gineadh i réamhthréimhse, ansin is é giniúint ioncaim sa tréimhse reatha an teagmhas cruthaithe oibleagáide don tobhach sin. Is gá ioncam a ghiniúint sa réamhthréimhse sin, ach ní leor é, chun oibleagáid san am i láthair a chruthú.

    9.

    Níl oibleagáid inchiallaithe ar eintiteas tobhach a íoc a spreagfar trí oibriú i dtréimhse sa todhchaí mar thoradh ar éigeantas eacnamaíoch a bheith ar an eintiteas leanúint de bheith ag oibriú sa tréimhse sin sa todhchaí.

    10.

    Ní thugtar le tuiscint le hullmhú na ráiteas airgeadais faoin toimhde gnóthais leantaigh go bhfuil oibleagáid ar eintiteas san am i láthair tobhach a íoc a chuirfear i ngníomh trí oibriú i dtréimhse sa todhchaí.

    11.

    Aithnítear an dliteanas tobhach a íoc de réir a chéile má tharlaíonn an teagmhas cruthaithe oibleagáide i gcaitheamh tréimhse ama (i.e. má tharlaíonn an ghníomhaíocht lena spreagtar an tobhach a íoc, mar a shainaithnítear sa reachtaíocht í, i gcaitheamh tréimhse ama). Mar shampla, más é an teagmhas cruthaithe oibleagáide ioncam a ghiniúint i gcaitheamh tréimhse ama, aithnítear an dliteanas comhfhreagrach de réir mar a ghineann an t-eintiteas an t-ioncam sin.

    12.

    Má spreagtar oibleagáid tobhach a íoc nuair a bhaintear íostairseach amach, beidh an chuntasaíocht ar an dliteanas a eascraíonn as an oibleagáid sin comhsheasmhach leis na prionsabail a bhunaítear i míreanna 8-14 den Léirmhíniú seo (go háirithe, míreanna 8 agus 11). Mar shampla, más é an teagmhas cruthaithe oibleagáide íostairseach ghníomhaíochta a bhaint amach (amhail íosmhéid ioncaim nó díolacháin arna nginiúint nó aschuir arna dtáirgeadh), aithnítear an dliteanas comhfhreagrach nuair a bhaintear amach an íostairseach ghníomhaíochta sin.

    13.

    Cuirfidh eintiteas na prionsabail aitheantais chéanna i bhfeidhm sa tuarascáil airgeadais eatramhach agus a chuireann sé i bhfeidhm sna cuntais bhliantúla. Mar thoradh air sin, sa tuarascáil airgeadais eatramhach:

    (a)

    ní aithneofar dliteanas tobhach a íoc mura bhfuil aon oibleagáid láithreach ann an tobhach a íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe eatramhaí; agus

    (b)

    aithneofar dliteanas tobhach a íoc más ann d’oibleagáid láithreach an tobhach a íoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe eatramhaí.

    14.

    Aithneoidh eintiteas sócmhainn má tá tobhach réamhíoctha aige ach mura bhfuil oibleagáid láithreach ann fós an tobhach sin a íoc.

    Aguisín A

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid den Léirmhíniú é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile den Léirmhíniú.

    A1

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2014 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    A2

    Cuirfear athruithe ar bheartais chuntasaíochta a eascraíonn as cur i bhfeidhm tosaigh an Léirmhínithe seo i gcuntas go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 22

    Idirbheart in Airgeadra Eachtrach agus Comaoin Réamhíocaíochta

    TAGAIRTÍ

    An Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais  (69)

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí

    CÚLRA

    1.

    Le mír 21 de IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí ceanglaítear ar eintiteas idirbheart in airgeadra eachtrach a thaifeadadh, ar aitheantas tosaigh ina airgeadra feidhmiúil, tríd an spotráta malairte idir an t-airgeadra feidhmiúil agus an t-airgeadra eachtrach (an ráta malairte) a chur i bhfeidhm maidir leis an méid airgeadra eachtraigh ar dháta an idirbhirt. Luaitear i mír 22 de IAS 21 gurb é dáta an idirbhirt an dáta a cháilíonn an t-idirbheart den chéad uair le haghaidh aitheantais i gcomhréir le Caighdeáin IFRS (Caighdeáin).

    2.

    Nuair a íocann nó nuair a fhaigheann eintiteas comaoin roimh ré in airgeadra eachtrach, aithníonn sé go ginearálta sócmhainn neamhairgeadaíochta nó dliteanas neamhairgeadaíochta (70) sula n-aithnítear an tsócmhainn, an costas nó an t-ioncam gaolmhar. Is éard atá sa tsócmhainn, costas nó ioncam gaolmhar (nó cuid de) an méid a aithnítear agus Caighdeáin ábhartha á gcur i bhfeidhm, rud a bhfuil mar thoradh air dí-aithint na sócmhainne neamhairgeadaíochta nó an dliteanais neamhairgeadaíochta a eascraíonn as an réamhchomaoin.

    3.

    Fuair Coiste Léirmhíniúcháin IFRS (an Coiste Léirmhíniúcháin) ceist i dtosach inar iarradh conas ‘dáta an idirbhirt’ a chinneadh agus míreanna 21–22 de IAS 21 á gcur i bhfeidhm agus ioncam á aithint. Tugadh aghaidh go sonrach sa cheist ar imthosca ina n-aithníonn eintiteas dliteanas neamhairgeadaíochta a eascraíonn as réamhchomaoin a fháil sula n-aithníonn sé an t-ioncam gaolmhar. Agus an tsaincheist á plé aige, thug an Coiste Léirmhíniúcháin dá aire nach bhfuil fáil ná íocaíocht réamhchomaoine in airgeadra eachtrach teoranta d’idirbhearta ioncaim. Dá réir sin, chinn an Coiste Léirmhíniúcháin dáta an idirbhirt a shoiléiriú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an ráta malairte a úsáidfear ar aitheantas tosaigh na sócmhainne, an chostais nó an ioncaim ghaolmhar i gcás ina mbeidh réamhchomaoin faighte nó íoctha ag eintiteas in airgeadra eachtrach.

    RAON FEIDHME

    4.

    Tá feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le hidirbheart in airgeadra eachtrach (nó cuid de) nuair a aithníonn eintiteas sócmhainn neamhairgeadaíochta nó dliteanas neamhairgeadaíochta a eascraíonn as réamhchomaoin a íoc nó a fháil sula n-aithníonn an t-eintiteas an tsócmhainn, an costas nó an t-ioncam gaolmhar (nó cuid de).

    5.

    Níl feidhm ag an Léirmhíniú seo nuair a thomhaiseann eintiteas an tsócmhainn, an costas nó an t-ioncam gaolmhar ar aitheantas tosaigh:

    (a)

    ag cóirluach; nó

    (b)

    ag cóirluach na comaoine a íocadh nó a fuarthas ar dháta seachas an dáta a thugtar aitheantas tosaigh don tsócmhainn neamhairgeadaíochta nó don dliteanas neamhairgeadaíochta a eascraíonn as réamhchomaoin (mar shampla, cáilmheas a thomhas agus IFRS 3 Comhcheangail Ghnó á chur i bhfeidhm).

    6.

    Ní cheanglaítear ar eintiteas an Léirmhíniú seo a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

    (a)

    cánacha ioncaim; nó

    (b)

    conarthaí árachais (lena n-áirítear conarthaí athárachais) a eisíonn sé nó conarthaí athárachais atá ina sheilbh aige.

    SAINCHEIST

    7.

    Tugtar aghaidh sa Léirmhíniú seo ar conas dáta an idirbhirt a chinneadh chun an ráta malairte a chinneadh ba cheart a úsáid ar aitheantas tosaigh na sócmhainne, an chostais nó an ioncaim ghaolmhair (nó cuid de) ar dhí-aithint sócmhainne neamhairgeadaíochta nó dliteanais neamhairgeadaíochta a eascraíonn as réamhchomaoin a íoc nó a fháil in airgeadra eachtrach.

    COMHDHEARCADH

    8.

    Agus míreanna 21–22 de IAS 21 á gcur i bhfeidhm, is é dáta an idirbhirt chun an ráta malairte a chinneadh atá le húsáid ar aitheantas tosaigh na sócmhainne, an chostais nó an ioncaim ghaolmhair (nó cuid de) an dáta ar a n-aithníonn eintiteas i dtosach an tsócmhainn neamhairgeadaíochta nó an dliteanas neamhairgeadaíochta a eascraíonn as réamhchomaoin a íoc nó a fháil.

    9.

    Má bhíonn íocaíochtaí éagsúla nó fáltas éagsúla ann roimh ré, cinnfidh an t-eintiteas dáta an idirbhirt maidir le gach réamhchomaoin a íocadh nó a fuarthas.

    Aguisín A

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid de IFRIC 22 é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile de IFRIC 22.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    A1

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    TRASDUL

    A2

    Ar chur i bhfeidhm tosaigh, cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm ar bhealach amháin nó ar an mbealach eile de na bealaí seo:

    (a)

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach; nó

    (b)

    go hionchasach maidir leis na sócmhainní, na costais agus an t-ioncam go léir faoi raon feidhme an Léirmhínithe ar tugadh aitheantas dóibh i dtosach ar na hamanna seo a leanas nó ina ndiaidh:

    (i)

    tús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann an t-eintiteas an Léirmhíniú i bhfeidhm den chéad uair; nó

    (ii)

    tús tréimhse tuairiscithe roimhe sin a chuirtear i láthair mar fhaisnéis chomparáideach i ráitis airgeadais na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann an t-eintiteas an Léirmhíniú i bhfeidhm den chéad uair.

    A3

    Eintiteas a chuireann mír A2(b) i bhfeidhm, ar chur i bhfeidhm tosaigh, déanfaidh sé an Léirmhíniú a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainní, costais agus ioncam a aithníodh i dtosach ag tús na tréimhse tuairiscithe i mír A2(b)(i) nó (ii) nó ina dhiaidh sin, a bhfuil sócmhainní neamhairgeadaíochta nó dliteanais neamhairgeadaíochta aitheanta ag an eintiteas ina leith a eascraíonn as réamhchomaoin roimh an dáta sin.

    Aguisín B

    Cuirfear an leasú san Aguisín seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2018 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasú seo i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    LÉIRMHÍNIÚ IFRIC 23

    Éiginnteacht maidir le Láimhseálacha Cánach Ioncaim

    TAGAIRTÍ

    IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe

    IAS 12 Cánacha Ioncaim

    CÚLRA

    1.

    Le IAS 12 Cánacha Ioncaim sonraítear ceanglais maidir le sócmhainní agus dliteanais chánach atá ann faoi láthair agus sócmhainní agus dliteanais chánach iarchurtha. Cuireann eintiteas na ceanglais in IAS 12 i bhfeidhm bunaithe ar na dlíthe cánach is infheidhme.

    2.

    D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé soiléir cén chaoi a bhfuil feidhm ag an dlí cánach maidir le hidirbheart nó le himthoisc ar leith. D’fhéadfadh sé nach mbeadh inghlacthacht cóireála cánach ar leith faoin dlí cánach ar eolas go dtí go ndéanfaidh an t-údarás fioscach ábhartha nó cúirt cinneadh amach anseo. Dá réir sin, d’fhéadfadh díospóid nó scrúdú ar chóireáil cánach ar leith ag an údarás fioscach difear a dhéanamh do chuntasaíocht eintitis maidir le sócmhainn chánach reatha nó iarchurtha nó dliteanas cánach reatha nó iarchurtha.

    3.

    Sa Léirmhíniú seo:

    (a)

    tagraíonn ‘cóireálacha cánach’ do na cóireálacha a úsáideann eintiteas nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a úsáid ina chomhdú cánach ioncaim.

    (b)

    tagraíonn ‘údarás fioscach’ don chomhlacht nó do na comhlachtaí a chinneann cé acu atá nó nach bhfuil cóireálacha cánach inghlactha faoin dlí cánach. D’fhéadfadh cúirt a bheith i gceist leis sin.

    (c)

    is éard is ‘cóireáil cánach neamhchinnte’ ann cóireáil cánach a bhfuil neamhchinnteacht ann ina leith maidir le cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh an t-údarás fioscach ábhartha leis an gcóireáil cánach faoin dlí cánach. Mar shampla, cinneadh eintitis gan aon chomhdú cánach ioncaim a chur isteach i ndlínse chánach, nó gan ioncam ar leith a chur san áireamh i mbrabús incháinithe, is cóireáil cánach neamhchinnte é sin má tá a inghlacthacht neamhchinnte faoin dlí cánach.

    RAON FEIDHME

    4.

    Leis an Léirmhíniú seo, soiléirítear conas na ceanglais aitheantais agus tomhais in IAS 12 a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn neamhchinnteacht ann maidir le cóireálacha cánach ioncaim. In imthosca den sórt sin, aithneoidh agus tomhaisfidh eintiteas a shócmhainn chánach reatha nó iarchurtha nó a dhliteanas cánach reatha nó iarchurtha agus na ceanglais in IAS 12 á gcur i bhfeidhm bunaithe ar bhrabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach arna gcinneadh agus an Léirmhíniú seo á gcur i bhfeidhm.

    SAINCHEISTEANNA

    5.

    Nuair a bhíonn neamhchinnteacht ann maidir le cóireálacha cánach ioncaim, tugtar aghaidh sa Léirmhíniú seo ar na nithe seo a leanas:

    (a)

    cé acu a dhéanann nó nach ndéanann eintiteas cóireálacha cánach neamhchinnte a mheas ar leithligh;

    (b)

    na toimhdí a dhéanann eintiteas maidir leis an scrúdú a dhéanann údaráis fhioscacha ar chóireálacha cánach;

    (c)

    an chaoi a gcinneann eintiteas brabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach; agus

    (d)

    an chaoi a ndéanann eintiteas athruithe ar fhíorais agus ar imthosca a mheas.

    COMHDHEARCADH

    Cé acu a dhéanann nó nach ndéanann eintiteas cóireálacha cánach neamhchinnte a mheas ar leithligh

    6.

    Cinnfidh eintiteas ar cheart gach cóireáil cánach neamhchinnte a mheas ar leithligh nó in éineacht le cóireáil cánach neamhchinnte amháin eile nó níos mó bunaithe ar cé acu cur chuige lena dtuartar réiteach na neamhchinnteachta ar bhealach níos fearr. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an gcur chuige lena dtuartar réiteach na neamhchinnteachta ar bhealach níos fearr, d’fhéadfadh eintiteas breithniú a dhéanamh, mar shampla, (a) ar an gcaoi a n-ullmhaíonn sé a chomhduithe cánach ioncaim agus ar an gcaoi a dtacaíonn sé le cóireálacha cánach; nó (b) ar an gcaoi a measann an t-eintiteas go ndéanfaidh an t-údarás fioscach a scrúdú agus go réiteoidh sé saincheisteanna a d’fhéadfadh eascairt as an scrúdú sin.

    7.

    Má mheasann eintiteas, agus mír 6 á cur i bhfeidhm aige, níos mó ná cóireáil cánach neamhchinnte amháin ann le chéile, léifidh an t-eintiteas tagairtí do ‘chóireáil cánach neamhchinnte’ sa Léirmhíniú seo mar thagairtí don ghrúpa cóireálacha cánach neamhchinnte a mheastar le chéile.

    Scrúdú na n-údarás fioscach

    8.

    Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann cóireáil cánach neamhchinnte difear do bhrabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach a chinneadh, agus conas a dhéanann sé amhlaidh, glacfaidh eintiteas leis go ndéanfaidh údarás fioscach scrúdú ar mhéideanna a bhfuil sé de cheart aige scrúdú a dhéanamh orthu agus go mbeidh eolas iomlán aige ar an bhfaisnéis ghaolmhar uile agus na scrúduithe sin á ndéanamh aige.

    Brabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach a chinneadh

    9.

    Measfaidh eintiteas cé acu an dócha nó nach dócha go nglacfaidh údarás fioscach le cóireáil cánach neamhchinnte.

    10.

    Má chinneann eintiteas gur dócha go nglacfaidh an t-údarás fioscach le cóireáil cánach neamhchinnte, cinnfidh an t-eintiteas an brabús incháinithe (caillteanas cánach), na boinn chánach, na caillteanais chánach neamhúsáidte, na creidmheasanna cánach neamhúsáidte nó na rátaí cánach go comhsheasmhach leis an gcóireáil cánach a úsáideadh nó a bheartaítear a úsáid ina chomhduithe cánach ioncaim.

    11.

    Má chinneann eintiteas nach dócha go nglacfaidh an t-údarás fioscach le cóireáil cánach neamhchinnte, léireoidh an t-eintiteas éifeacht na neamhchinnteachta agus an brabús incháinithe gaolmhar (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte nó rátaí cánach á gcinneadh. Léireoidh eintiteas éifeacht na neamhchinnteachta i gcás gach cóireála cánach neamhchinnte trí úsáid a bhaint as ceachtar de na modhanna seo a leanas, ag brath ar an modh a shíleann an t-eintiteas go dtuarfaidh sé réiteach na neamhchinnteachta ar bhealach níos fearr:

    (a)

    an méid is dóichí — an méid aonair is dóichí as raon torthaí féideartha. D’fhéadfadh an méid is dóichí réiteach na neamhchinnteachta a thuar níos fearr más torthaí dénártha iad na torthaí féideartha nó má tá siad dírithe ar luach amháin.

    (b)

    an luach ionchais—suim na méideanna arna n-ualú de réir dóchúlachta as raon torthaí féideartha. D’fhéadfadh an luach ionchais réiteach na neamhchinnteachta a thuar níos fearr má tá raon torthaí féideartha ann nach torthaí dénártha iad ná torthaí atá dírithe ar luach amháin.

    12.

    Má dhéanann cóireáil cánach neamhchinnte difear do cháin reatha agus do cháin iarchurtha (mar shampla, má dhéanann sé difear do bhrabús incháinithe a úsáidtear chun cáin reatha a chinneadh agus má dhéanann sé difear do bhoinn chánach a úsáidtear chun cáin iarchurtha a chinneadh), tabharfaidh eintiteas breithiúnais agus meastacháin chomhsheasmhacha maidir le cáin reatha agus le cáin iarchurtha araon.

    Athruithe ar fhíorais agus ar imthosca

    13.

    Déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar bhreithiúnas nó ar mheastachán a éilítear leis an Léiriú seo má thagann athrú ar na fíorais agus ar na himthosca ar a raibh an breithiúnas nó an meastachán bunaithe nó mar thoradh ar fhaisnéis nua lena ndéantar difear don bhreithiúnas nó don mheastachán. Mar shampla, d’fhéadfadh athrú ar fhíorais agus ar imthosca conclúidí eintitis a athrú maidir le hinghlacthacht cóireála cánach nó maidir le meastachán an eintitis ar éifeacht na neamhchinnteachta, nó maidir leis an dá rud. Leagtar amach le míreanna A1–A3 treoraíocht maidir le hathruithe ar fhíorais agus ar imthosca.

    14.

    Léireoidh eintiteas éifeacht athrú ar fhíorais agus ar imthosca nó éifeacht faisnéise nua mar athrú ar mheastachán cuntasaíochta trí IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta a chur i bhfeidhm. Cuirfidh eintiteas IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe i bhfeidhm chun a chinneadh an teagmhas coigeartaithe nó teagmhas neamhchoigeartaithe é athrú a tharlaíonn tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    Aguisín A

    Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

    Is dlúthchuid de IFRIC 23 é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile de IFRIC 23.

    ATHRUITHE AR FHÍORAIS AGUS AR IMTHOSCA (MÍR 13)

    A1

    Agus mír 13 den Léirmhíniú seo á cur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas measúnú ar ábharthacht agus ar éifeacht athrú ar fhíorais agus imthosca nó ar fhaisnéis nua i gcomhthéacs na ndlíthe cánach is infheidhme. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar theagmhas ar leith go ndéanfaí athmheasúnú ar bhreithiúnas nó ar mheastachán a rinneadh le haghaidh cóireáil cánach amháin ach nach ndearnadh le haghaidh cóireáil cánach eile, má tá na cóireálacha cánach sin faoi réir dlíthe cánach éagsúla.

    A2

    I measc na samplaí d’athruithe ar fhíorais agus ar imthosca nó d’fhaisnéis nua a d’fhéadfadh, ag brath ar na himthosca, athmheasúnú ar bhreithiúnas nó ar mheastachán a éilítear leis an Léiriú seo a bheith mar thoradh orthu, áirítear na nithe seo a leanas, gan bheith teoranta dóibh:

    (a)

    scrúduithe nó gníomhaíochtaí a dhéanann ag údarás fioscach. Mar shampla:

    (i)

    comhaontú nó easaontas an údaráis fhioscaigh leis an gcóireáil cánach nó le cóireáil cánach chomhchosúil a úsáideann an t-eintiteas;

    (ii)

    faisnéis gur aontaigh nó nár aontaigh an t-údarás fioscach le cóireáil cánach chomhchosúil a d’úsáid eintiteas eile; agus

    (iii)

    faisnéis faoin méid a fuarthas nó a íocadh chun cóireáil cánach chomhchosúil a shocrú.

    (b)

    athruithe ar rialacha a bhunaigh údarás fioscach.

    (c)

    dul in éag ceart údaráis fhioscaigh chun cóireáil cánach a scrúdú nó a athscrúdú.

    A3

    Easpa comhaontaithe nó easaontas údaráis fhioscaigh le cóireáil cánach, ina n-aonar, ní dócha gur leor iad le bheith ina n-athrú ar fhíorais agus ar imthosca nó le bheith ina bhfaisnéis nua a dhéanann difear do na breithiúnais agus do na meastacháin a éilítear leis an Léirmhíniú seo.

    NOCHTADH

    A4

    I gcás ina mbeidh neamhchinnteacht ann maidir le cóireálacha cánach ioncaim, cinnfidh eintiteas cé acu a nochtfar nó nach nochtfar an méid seo a leanas:

    (a)

    breithiúnais a dhéantar agus na nithe seo a leanas á gcinneadh: brabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach agus mír 122 de IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais á cur i bhfeidhm; agus

    (b)

    faisnéis faoi na toimhdí agus na meastacháin a rinneadh agus na nithe seo a leanas á gcinneadh: brabús incháinithe (caillteanas cánach), boinn chánach, caillteanais chánach neamhúsáidte, creidmheasanna cánach neamhúsáidte agus rátaí cánach agus míreanna 125–129 de IAS 1 á gcur i bhfeidhm.

    A5

    Má chinneann eintiteas gur dócha go nglacfaidh údarás fioscach le cóireáil cánach neamhchinnte, cinnfidh an t eintiteas cé acu a nochtfaidh nó nach nochtfaidh sé éifeacht fhéideartha na neamhchinnteachta mar theagmhas a bhaineann le cáin agus mír 88 de IAS 12 á cur i bhfeidhm.

    Aguisín B

    Dáta éifeachtach agus aistriú

    Is dlúthchuid de IFRIC 23 é an t-aguisín seo agus tá an t-údarás céanna aige agus atá ag codanna eile de IFRIC 23.

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    B1

    Cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2019 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe. Má chuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, nochtfaidh sé an méid sin.

    TRASDUL

    B2

    Ar chur i bhfeidhm tosaigh, cuirfidh eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm ar bhealach amháin nó ar an mbealach eile de na bealaí seo:

    (a)

    IAS 8 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, más féidir é sin a dhéanamh gan breathnú siar; nó

    (b)

    go cúlghabhálach leis an éifeacht charnach den Léirmhíniú a aithníodh ar dháta an chur i bhfeidhm tosaigh a chur i bhfeidhm i dtosach. Má roghnaíonn eintiteas an cur chuige trasdula sin, ní dhéanfaidh sé faisnéis chomparáideach a athshonrú. Ina ionad sin, aithneoidh an t-eintiteas an éifeacht charnach a bhaineann leis an Léirmhíniú a chur i bhfeidhm i dtosach mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó gné eile den chaipiteal gnáthscaireanna, de réir mar is iomchuí). Is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas an Léirmhíniú seo i bhfeidhm den chéad uair.

    LÉIRMHÍNIÚ SIC 7

    An Euro a thabhairt isteach

    TAGAIRTÍ

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 10 Teagmhais tar éis na Tréimhse Tuairiscithe

    IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí (arna athbhreithniú in 2003)

    IAS 27 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite agus Ar Leith (arna athbhreithniú in 2008)

    SAINCHEIST

    1

    Ón 1 Eanáir 1999, tús éifeachtach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), beidh an euro ina airgeadra ann féin agus socrófar na rátaí comhshó idir an euro agus na hairgeadraí náisiúnta rannpháirteacha go neamh-inchúlghairthe, i.e. díchuirfear ón dáta sin an riosca go mbeidh difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte ann ina dhiaidh sin maidir leis na hairgeadraí sin.

    2

    An tsaincheist atá ann ná IAS 21 a chur i bhfeidhm ar an athrú ó airgeadraí náisiúnta Bhallstáit rannpháirteacha an Aontais Eorpaigh go dtí an euro (an t-athrú).

    COMHDHEARCADH

    3

    Ba cheart ceanglais IAS 21 maidir le haistriúchán ar idirbhearta airgeadra eachtraigh agus ar ráitis airgeadais oibríochtaí eachtracha a chur i bhfeidhm go docht maidir leis an athrú. Tá feidhm ag an réasúnaíocht chéanna maidir le rátaí malairte a shocrú nuair a thagann tíortha isteach san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta ag céimeanna níos déanaí.

    4

    Is éard is brí leis sin, go háirithe:

    (a)

    leanfar de shócmhainní airgeadaíochta agus dliteanais airgeadaíochta airgeadra eachtraigh a eascraíonn as idirbhearta a aistriú go dtí an t-airgeadra feidhmiúil ag an ráta reatha. Aithneofar aon difríocht luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as sin mar ioncam nó mar chostas láithreach, ach amháin go leanfaidh eintiteas dá bheartas cuntasaíochta reatha a chur i bhfeidhm maidir le gnóthachain agus caillteanais mhalairte a bhaineann le fáluithe ar riosca airgeadra idirbhirt réamhaisnéise;

    (b)

    déanfar difríochtaí carnacha luacha de bharr athrú sa ráta malairte a bhaineann le haistriú ráiteas airgeadais oibríochtaí eachtracha, arna n-aithint in ioncam cuimsitheach eile, a charnadh i gcothromas agus ní dhéanfar iad a athaicmiú ó chothromas go brabús nó caillteanas ach amháin ar dhiúscairt nó ar pháirtdiúscairt na glaninfheistíochta san oibríocht eachtrach; agus

    (c)

    ní áireofar difríochtaí luacha de bharr athrú sa ráta malairte a eascraíonn as aistriú dliteanas arna n-ainmniú in airgeadraí rannpháirteacha i méid glanluacha na sócmhainní gaolmhara.

    DÁTA AN CHOMHDHEARCAIDH

    Mí Dheireadh Fómhair 1997

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    Tagann an léirmhíniú seo in éifeacht an 1 Meitheamh 1998. Coinneofar cuntas ar athruithe ar bheartais chuntasaíochta i gcomhréir le ceanglais IAS 8.

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 4 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    Le IAS 27 (arna leasú in 2008), leasaíodh mír 4(b). Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Iúil 2009 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IAS 27 (arna leasú in 2008) i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    LÉIRMHÍNIÚ SIC 10

    Cúnamh Rialtais—Gan Aon Choibhneas Sonrach aige le Gníomhaíochtaí Oibriúcháin

    TAGAIRTÍ

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 20 Cuntasaíocht um Dheontais Rialtais agus um Nochtadh Cúnaimh Rialtais

    SAINCHEIST

    1

    I dtíortha áirithe, d’fhéadfadh cúnamh rialtais d’eintitis a bheith dírithe ar ghníomhaíochtaí gnó a spreagadh nó tacaíocht fhadtéarmach a thabhairt dóibh i réigiúin áirithe nó in earnálacha tionscail áirithe. D’fhéadfadh sé nach mbeadh baint shonrach ag coinníollacha faoina bhfaightear cúnamh den sórt sin le gníomhaíochtaí oibriúcháin an eintitis. Samplaí de chúnamh den sórt sin ná aistriú acmhainní a dhéanann rialtais chuig eintitis:

    (a)

    a oibríonn i dtionscal áirithe;

    (b)

    a leanann de bheith ag oibriú i dtionscail a ndearnadh príobháidiú orthu le déanaí; nó

    (c)

    a chuir tús lena ngnólacht nó a leanann de bheith ag reáchtáil a ngnólachta i limistéir thearcfhorbartha.

    2

    An tsaincheist atá ann ná an ‘deontas rialtais’ laistigh de raon feidhme IAS 20 é cúnamh rialtais den sórt sin agus, dá bhrí sin, ar cheart cuntas a choinneáil air i gcomhréir leis an gcaighdeán sin.

    COMHDHEARCADH

    3

    Comhlíonann cúnamh rialtais d’eintitis an sainmhíniú ar dheontais rialtais in IAS 20, fiú mura bhfuil aon choinníoll ann a bhaineann go sonrach le gníomhaíochtaí oibriúcháin an eintitis seachas an ceanglas oibriú i réigiúin áirithe nó in earnálacha tionscail áirithe. Dá bhrí sin, ní dhéanfar deontais den sórt sin a chreidiúnú go díreach do leasanna scairshealbhóirí.

    DÁTA AN CHOMHDHEARCAIDH

    Mí Eanáir 1998

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    Tagann an léirmhíniú seo in éifeacht an 1 Lúnasa 1998. Cuirfear athruithe ar bheartais chuntasaíochta san áireamh i gcomhréir le ceanglais IAS 8.

    LÉIRMHÍNIÚ SIC 25

    Cánacha Ioncaim — Athruithe ar Stádas Cánach Eintitis nó a Scairshealbhóirí

    TAGAIRTÍ

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta

    IAS 12 Cánacha Ioncaim

    SAINCHEIST

    1

    D’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ag athrú ar stádas cánach eintitis nó a scairshealbhóirí ar eintiteas trína dhliteanais chánach nó a shócmhainní cánach a mhéadú nó a laghdú. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, ar liostú poiblí ionstraimí cothromais eintitis nó ar athstruchtúrú cothromais eintitis. D’fhéadfadh sé tarlú freisin nuair a aistríonn scairshealbhóir rialaithe chuig tír eachtrach. Mar thoradh ar theagmhas den sórt sin, féadfar cáin éagsúil a ghearradh ar eintiteas; d’fhéadfadh sé, mar shampla, dreasachtaí cánach a fháil nó a chailleadh nó a bheith faoi réir ráta éagsúil cánach amach anseo.

    2

    D’fhéadfadh éifeacht láithreach a bheith ag athrú ar stádas cánach eintitis nó a scairshealbhóirí ar dhliteanais chánach nó ar shócmhainní cánach reatha an eintitis. Féadfaidh an t-athrú freisin na dliteanais chánach iarchurtha agus na sócmhainní cánach iarchurtha atá aitheanta ag an eintiteas a mhéadú nó a laghdú, ag brath ar an éifeacht atá ag an athrú ar stádas cánach ar na hiarmhairtí cánach a eascróidh as méid glanluacha shócmhainní agus dhliteanais an eintitis a aisghabháil nó a shocrú.

    3

    An tsaincheist atá ann ná cén chaoi ar cheart d’eintiteas cuntas a choinneáil ar iarmhairtí cánach athrú ar a stádas cánach nó ar stádas cánach a scairshealbhóirí.

    COMHDHEARCADH

    4

    Ní bheidh méaduithe nó laghduithe ar mhéideanna a aithnítear lasmuigh de bhrabús nó caillteanas mar thoradh ar athrú ar stádas cánach eintitis nó a scairshealbhóirí. Áireofar na hiarmhairtí cánach reatha agus iarchurtha a bhaineann le hathrú ar stádas cánach i mbrabús nó caillteanas don tréimhse, ach amháin má bhaineann na hiarmhairtí sin le hidirbhearta agus le teagmhais a mbíonn, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse dhifriúil, creidmheas díreach nó muirear díreach mar thoradh orthu ar an méid aitheanta cothromais nó i méideanna a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile. Déanfar na hiarmhairtí cánach sin a bhaineann le hathruithe ar an méid aitheanta cothromais, sa tréimhse chéanna nó i dtréimhse eile (nach n-áirítear i mbrabús ná caillteanas), a mhuirearú nó a chur chun sochair go díreach do chothromas. Na hiarmhairtí cánach sin a bhaineann le méideanna a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile, aithneofar iad in ioncam cuimsitheach eile.

    DÁTA AN CHOMHDHEARCAIDH

    Mí Lúnasa 1999

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    Tagann an comhdhearcadh seo in éifeacht an 15 Iúil 2000. Cuirfear athruithe ar bheartais chuntasaíochta san áireamh i gcomhréir le ceanglais IAS 8.

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 4 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    LÉIRMHÍNIÚ SIC 29

    Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse: Nochtaí

    TAGAIRTÍ

    IFRS 16 Léasanna

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (arna athbhreithniú in 2003)

    IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

    IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe (arna athbhreithniú in 2004)

    IFRIC 12 Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse

    SAINCHEIST

    1

    Féadfaidh eintiteas (an t-oibreoir) socrú a dhéanamh le heintiteas eile (an deontóir) chun seirbhísí a sholáthar lena dtugtar rochtain don phobal ar mhórshaoráidí eacnamaíocha agus sóisialta. Féadfaidh an deontóir a bheith ina eintiteas earnála poiblí nó ina eintiteas earnála príobháidí, lena n-áirítear gcomhlacht rialtais. I measc samplaí de shocruithe maidir le lamháltas seirbhíse tá saoráidí cóireála agus soláthair uisce, mótarbhealaí, carrchlóis, tolláin, droichid, aerfoirt agus líonraí teileachumarsáide. I measc samplaí de shocruithe nach socruithe maidir le lamháltas seirbhíse iad tá an seachfhoinsiú a dhéanann eintiteas chun a sheirbhísí inmheánacha a fheidhmiú (e.g. caifitéire d’fhostaithe, cothabháil foirgnimh agus feidhmeanna cuntasaíochta nó teicneolaíochta faisnéise).

    2

    Le socrú maidir le lamháltas seirbhíse, is iondúil go mbronnann an deontóir na cearta seo a leanas ar an oibreoir le haghaidh thréimhse an lamháltais:

    (a)

    an ceart chun seirbhísí a sholáthar lena dtugtar rochtain don phobal ar mhórshaoráidí eacnamaíocha agus sóisialta; agus

    (b)

    i gcásanna áirithe, an ceart chun sócmhainní inláimhsithe sonraithe, sócmhainní doláimhsithe, nó sócmhainní airgeadais a úsáid;

    mar mhalairt ar an oibreoir na gealltanais seo a leanas a thabhairt:

    (c)

    gealltanas a thabhairt na seirbhísí a sholáthar de réir téarmaí agus coinníollacha áirithe le linn na tréimhse lamháltais; agus

    (d)

    nuair is infheidhme, gealltanas a thabhairt na cearta a fuarthas ag tús na tréimhse lamháltais agus/nó a fuarthas le linn na tréimhse lamháltais a thabhairt ar ais ag deireadh na tréimhse lamháltais.

    3

    Is é saintréith choiteann na socruithe uile maidir le lamháltas seirbhíse go bhfaigheann an t-oibreoir ceart agus go dtabhaíonn sé oibleagáid chun seirbhísí poiblí a sholáthar.

    4

    An tsaincheist atá ann ná cén fhaisnéis ba cheart a nochtadh sna nótaí i ráitis airgeadais oibreora agus deontóra.

    5

    Tugtar aghaidh cheana féin ar ghnéithe agus nochtaí áirithe a bhaineann le roinnt socruithe maidir le lamháltas seirbhíse leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais atá ann cheana (e.g. tá feidhm ag IAS 16 maidir le héadálacha earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh, tá feidhm ag IFRS 16 maidir le léasanna sócmhainní, agus tá feidhm ag IAS 38 maidir le héadálacha sócmhainní doláimhsithe). Mar sin féin, d’fhéadfadh conarthaí le comhlíonadh nach dtugtar aghaidh orthu sna Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a bheith i gceist le socrú maidir le lamháltas seirbhíse, ach amháin má tá na conarthaí dochraideach, agus sa chás sin tá feidhm ag IAS 37. Dá bhrí sin, tugann an Léirmhíniú seo aghaidh ar nochtaí breise ar shocruithe maidir le lamháltas seirbhíse.

    COMHDHEARCADH

    6

    Déanfar gach gné de shocrú maidir le lamháltas seirbhíse a mheas agus na nochtaí iomchuí sna nótaí á gcinneadh. Nochtfaidh oibreoir agus deontóir an méid seo a leanas i ngach tréimhse:

    (a)

    tuairisc ar an socrú;

    (b)

    téarmaí suntasacha an tsocraithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhéid, d’uainiú agus do chinnteacht na sreafaí airgid sa todhchaí (e.g. tréimhse an lamháltais, dátaí athphraghsála agus an bonn ar a gcinntear athphraghsáil nó athchaibidlíocht);

    (c)

    cineál agus fairsinge (e.g. cainníocht, tréimhse ama nó méid de réir mar is iomchuí) na nithe seo a leanas:

    (i)

    cearta chun sócmhainní sonraithe a úsáid;

    (ii)

    oibleagáidí seirbhísí a sholáthar nó cearta chun bheith ag súil lena soláthar;

    (iii)

    oibleagáidí earraí réadmhaoine, gléasra agus trealaimh a fháil nó a thógáil;

    (iv)

    oibleagáidí sócmhainní sonraithe a sheachadadh nó cearta sócmhainní sonraithe a fháil ag deireadh na tréimhse lamháltais;

    (v)

    roghanna athnuachana agus foirceanta; agus

    (vi)

    cearta agus oibleagáidí eile (e.g. ollchóirithe móra); agus

    (d)

    athruithe ar an socrú a tharlaíonn le linn na tréimhse; agus

    (e)

    an chaoi ar aicmíodh an socrú seirbhíse.

    6A

    Nochtfaidh an t-oibreoir méid an ioncaim agus na mbrabús nó na gcaillteanas a aithníodh sa tréimhse maidir le seirbhísí foirgníochta a mhalartú le haghaidh sócmhainn airgeadais nó sócmhainn dholáimhsithe.

    7

    Déanfar na nochtaí a cheanglaítear i gcomhréir le mír 6 den léirmhíniú seo a sholáthar ar bhonn aonair le haghaidh gach socrú maidir le lamháltas seirbhíse nó i bhfoirm chomhiomlán le haghaidh gach aicme socruithe maidir le lamháltas seirbhíse. Is éard is aicme ann grúpáil de shocruithe maidir le lamháltas seirbhíse lena mbaineann seirbhísí den chineál céanna (e.g. bailiúcháin dolaí, seirbhísí teileachumarsáide agus seirbhísí cóireála uisce).

    DÁTA AN CHOMHDHEARCAIDH

    Mí na Bealtaine 2001

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    Tagann an léirmhíniú seo in éifeacht an 31 Nollaig 2001.

    Cuirfidh eintiteas an leasú i míreanna 6(e) agus 6A i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin. Má chuireann eintiteas IFRIC 12 i bhfeidhm le haghaidh tréimhse níos luaithe, cuirfear an leasú i bhfeidhm le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    LÉIRMHÍNIÚ SIC 32

    Sócmhainní Doláimhsithe — Costais Láithreáin Gréasáin

    TAGAIRTÍ

    IFRS 3 Comhcheangail idir gnólachtaí

    IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí

    IFRS 16 Léasanna

    IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais (arna athbhreithniú in 2007)

    IAS 2 Fardail (arna athbhreithniú in 2003)

    IAS 16 Réadmhaoin, Gléasra agus Trealamh (arna athbhreithniú in 2003)

    IAS 36 Lagú Sócmhainní (arna athbhreithniú in 2004)

    IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe (arna athbhreithniú in 2004)

    SAINCHEIST

    1

    Féadfaidh eintiteas caiteachas inmheánach a thabhú ar fhorbairt agus ar oibriú a shuímh gréasáin féin le haghaidh rochtain inmheánach nó sheachtrach. Is féidir suíomh gréasáin atá deartha le haghaidh rochtain sheachtrach a úsáid chun críoch éagsúil, mar shampla chun táirgí agus seirbhísí an eintitis féin a chur chun cinn agus a fhógairt, chun seirbhísí leictreonacha a sholáthar, agus chun táirgí agus seirbhísí a dhíol. Is féidir suíomh gréasáin atá deartha le haghaidh rochtain inmheánach a úsáid chun polasaithe cuideachta agus sonraí custaiméirí a stóráil, agus chun faisnéis ábhartha a chuardach.

    2

    Is féidir tuairisc a thabhairt ar chéimeanna forbartha suímh gréasáin mar a leanas:

    (a)

    Pleanáil — lena n-áirítear staidéir indéantachta a dhéanamh, cuspóirí agus sonraíochtaí a shainiú, meastóireacht a dhéanamh ar roghanna malartacha agus tosaíochtaí a roghnú.

    (b)

    Forbairt feidhmchláir agus bonneagair — lena n-áirítear ainm fearainn a fháil, crua-earraí agus bogearraí oibriúcháin a cheannach agus a fhorbairt, feidhmchláir forbartha a shuiteáil agus tástáil struis a dhéanamh.

    (c)

    Forbairt dearaidh ghrafaigh — lena n-áirítear an chuma a bheidh ar leathanaigh ghréasáin a dhearadh.

    (d)

    Forbairt ábhair — lena n-áirítear faisnéis a chruthú, a cheannach, a ullmhú agus a uaslódáil, bíodh sé téacsúil nó grafach, ar an suíomh gréasáin sula gcríochnófar forbairt an tsuímh gréasáin. Is féidir an fhaisnéis sin a stóráil i mbunachair shonraí ar leith a chomhtháthaítear sa suíomh gréasáin (nó a mbíonn rochtain orthu ón suíomh gréasáin) nó a chódaítear go díreach isteach sna leathanaigh ghréasáin.

    3

    Nuair a bheidh forbairt ar shuíomh gréasáin críochnaithe, cuirtear tús leis an gcéim oibriúcháin. Le linn na céime sin, déanann eintiteas cothabháil agus feabhsú ar fheidhmchláir, ar bhonneagar, ar dhearadh grafach agus ar ábhar an tsuímh gréasáin.

    4

    Agus cuntas á choinneáil ar chaiteachas inmheánach ar fhorbairt agus ar oibriú shuíomh gréasáin an eintitis féin le haghaidh rochtain inmheánach nó sheachtrach, is iad seo a leanas na saincheisteanna:

    (a)

    cé acu an sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach é an suíomh gréasáin atá faoi réir cheanglais IAS 38 nó nach ea; agus

    (b)

    an cur chuige cuntasaíochta cuí le haghaidh caiteachas den sórt sin.

    5

    Níl feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le caiteachas ar chrua-earraí suímh gréasáin a cheannach, a fhorbairt agus a oibriú (e.g. freastalaithe gréasáin, freastalaithe tástála, freastalaithe táirgeachta agus naisc idirlín). Coinnítear cuntas ar chaiteachas den sórt sin faoi IAS 16. Ina theannta sin, nuair a thabhaíonn eintiteas caiteachas ar sholáthraí seirbhísí idirlín a dhéanann óstáil ar shuíomh gréasáin an eintitis, aithnítear an caiteachas mar chostas faoi IAS 1.88 agus an Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais nuair a fhaightear na seirbhísí.

    6

    Níl feidhm ag IAS 38 maidir le sócmhainní doláimhsithe arna sealbhú ag eintiteas lena ndíol i ngnáthchúrsa gnó (féach IAS 2 agus IFRS 15) ná maidir le léasanna ar shócmhainní doláimhsithe a gcoinnítear cuntas orthu i gcomhréir le IFRS 16. Dá réir sin, níl feidhm ag an Léirmhíniú seo maidir le caiteachas ar fhorbairt nó ar oibriú suímh gréasáin (nó bogearraí suímh gréasáin) lena ndíol le heintiteas eile nó a gcoinnítear cuntas air i gcomhréir le IFRS 16.

    COMHDHEARCADH

    7

    Is sócmhainn dholáimhsithe a ghintear go hinmheánach agus atá faoi réir cheanglais IAS 38 é suíomh gréasáin an eintitis féin a eascraíonn as forbairt agus atá ann ar mhaithe le rochtain inmheánach nó sheachtrach.

    8

    Aithneofar suíomh gréasáin a eascraíonn as forbairt mar shócmhainn dholáimhsithe más féidir le heintiteas na ceanglais in IAS 38.57 a chomhlíonadh, chomh maith leis na ceanglais ghinearálta a dtugtar tuairisc orthu in IAS 38.21 a chomhlíonadh le haghaidh aitheantais agus tomhais tosaigh, agus sa chás sin amháin. Go háirithe, d’fhéadfadh eintiteas a bheith in ann an ceanglas a chomhlíonadh chun a léiriú conas a ghinfidh a shuíomh gréasáin tairbhí eacnamaíocha dhóchúla amach anseo i gcomhréir le IAS 38.57(d) nuair atá an suíomh gréasáin in ann, mar shampla, ioncam a ghiniúint, lena n-áirítear ioncam díreach óna chinntiú gur féidir orduithe a dhéanamh. Níl eintiteas in ann a léiriú conas a ghinfidh suíomh gréasáin a forbraíodh go heisiach nó go príomha chun a tháirgí agus a sheirbhísí féin a chur chun cinn agus a fhógairt tairbhí eacnamaíocha dóchúla amach anseo, agus dá réir sin aithneofar gach caiteachas ar fhorbairt an tsuímh gréasáin sin mar chostas nuair a thabhaítear é.

    9

    Coinneofar cuntas ar aon chaiteachas inmheánach ar fhorbairt agus ar oibriú shuíomh gréasáin an eintitis féin i gcomhréir le IAS 38. Déanfar meastóireacht ar chineál gach gníomhaíochta a dtabhaítear caiteachas ina leith (e.g. oiliúint a chur ar fhostaithe agus an suíomh gréasáin a choinneáil ar bun) agus ar chéim forbartha nó iarfhorbartha an tsuímh gréasáin chun an cur chuige cuntasaíochta iomchuí a chinneadh (cuirtear treoraíocht bhreise ar fáil sa sampla léiritheach a ghabhann leis an Léirmhíniú seo). Mar shampla:

    (a)

    tá céim na pleanála cosúil leis céim an taighde in IAS 38.54-.56. Déanfar caiteachas arna thabhú ag an gcéim sin a aithint mar chostas nuair a thabhaítear é;

    (b)

    tá céim forbartha an fheidhmchláir agus an bhonneagair, céim an deartha ghrafaigh agus céim forbartha an ábhair, a mhéid a fhorbraítear ábhar chun críoch seachas táirgí agus seirbhísí an eintitis féin a fhógairt agus a chur chun cinn, cosúil leis an gcéim forbartha in IAS 38.57-.64. Áireofar caiteachas arna thabhú ag na céimeanna sin i gcostas suímh gréasáin a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe i gcomhréir le mír 8 den léirmhíniú seo nuair is féidir an caiteachas a shannadh go díreach agus nuair atá gá leis chun an suíomh gréasáin a chruthú, a tháirgeadh nó a ullmhú ionas go mbeidh sé in ann feidhmiú ar an mbealach atá beartaithe ag an mbainistíocht. Mar shampla, caiteachas ar ábhar a cheannach nó a chruthú (seachas ábhar lena bhfógraítear agus lena gcuirtear chun cinn táirgí agus seirbhísí an eintitis féin) le haghaidh suíomh gréasáin go sonrach, nó caiteachas chun úsáid an ábhair a chumasú (e.g. táille ar cheadúnas a fháil chun atáirgeadh a dhéanamh) ar an suíomh gréasáin, áireofar é sa chostas forbartha nuair a chomhlíontar an coinníoll sin. Mar sin féin, i gcomhréir le IAS 38.71, ní aithneofar caiteachas ar mhír dholáimhsithe a aithníodh ar i dtosach mar chostas i ráitis airgeadais roimhe seo mar chuid de chostas sócmhainne doláimhsithe ar dháta níos déanaí (e.g. má rinneadh costais cóipchirt a amúchadh go hiomlán, agus má chuirtear an t-ábhar ar fáil ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin);

    (c)

    caiteachas arna thabhú ag céim forbartha an ábhair, a mhéid a fhorbraítear an t-ábhar sin chun táirgí agus seirbhísí an eintitis féin a fhógairt agus a chur chun cinn (e.g. grianghraif dhigiteacha de tháirgí), déanfar é a aithint mar chostas nuair a thabhaítear é de réir IAS 38.69(c). Mar shampla, agus cuntas á choinneáil ar chaiteachas ar sheirbhísí gairmiúla chun grianghraif dhigiteacha de tháirgí an eintitis féin a thógáil agus chun feabhas a chur ar a dtaispeáint, aithneofar caiteachas mar chostas toisc go bhfaightear na seirbhísí gairmiúla le linn an phróisis, seachas nuair a thaispeántar na grianghraif dhigiteacha ar an suíomh gréasáin;

    (d)

    cuirtear tús leis an gcéim oibriúcháin nuair a bhíonn forbairt suímh gréasáin críochnaithe. Déanfar caiteachas arna thabhú ag an gcéim sin a aithint mar chostas nuair a thabhaítear é, ach amháin má chomhlíonann sé na critéir aitheantais in IAS 38.18.

    10

    Suíomh gréasáin a aithnítear mar shócmhainn dholáimhsithe faoi mhír 8 den léirmhíniú seo, déanfar é a thomhas tar éis aitheantas tosaigh trí cheanglais IAS 38.72-.87 a chur i bhfeidhm. Ba chóir don mheastachán is fearr ar shaolré úsáide suímh gréasáin a bheith gearr.

    DÁTA AN CHOMHDHEARCAIDH

    Mí na Bealtaine 2001

    DÁTA ÉIFEACHTACH

    Tagann an léirmhíniú seo in éifeacht an 25 Márta 2002. Coinneofar cuntas ar na héifeachtaí a bhaineann leis an léirmhíniú seo a ghlacadh trí úsáid a bhaint as na ceanglais trasdula sa leagan de IAS 38 a eisíodh in 1998. Dá bhrí sin, nuair nach gcomhlíontar le suíomh gréasáin na critéir maidir le haithint mar shócmhainn dholáimhsithe, ach nuair a aithníodh mar shócmhainn roimhe sin é, déanfar an mhír a dhí-aithint an dáta a thiocfaidh an léirmhíniú seo in éifeacht. Nuair is ann do shuíomh gréasáin agus nuair a chomhlíontar leis an gcaiteachas chun é a fhorbairt na critéir maidir le haithint mar shócmhainn dholáimhsithe, ach nuair nár aithníodh mar shócmhainn roimhe sin é, ní aithneofar an tsócmhainn dholáimhsithe an dáta a thiocfaidh an léirmhíniú seo in éifeacht. Nuair is ann do shuíomh gréasáin agus nuair a chomhlíontar leis an gcaiteachas chun é a fhorbairt na critéir maidir le haithint mar shócmhainn dholáimhsithe, nuair a aithníodh mar shócmhainn roimhe sin é agus nuair a rinneadh é a thomhas ar costas i dtosach, meastar go ndearnadh an méid a aithníodh i dtosach a chinneadh i gceart.

    Le IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) leasaíodh an téarmaíocht a úsáideadh ar fud IFRSanna. Ina theannta sin, leasaíodh mír 5 leis. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dár tús an 1 Eanáir 2009 nó dá éis sin. Má chuireann eintiteas IAS 1 (arna athbhreithniú in 2007) i bhfeidhm maidir le tréimhse níos luaithe, cuirfear na leasuithe i bhfeidhm maidir leis an tréimhse níos luaithe sin.

    Le IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2014, leasaíodh an roinn ‘Tagairtí’ agus mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 15 i bhfeidhm.

    Le IFRS 16, arna eisiúint i mí Eanáir 2016, leasaíodh mír 6. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 16 i bhfeidhm.

    Le Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS, a eisíodh in 2018, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm níos luaithe má chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm an tráth céanna nó níos luaithe na leasuithe uile a rinneadh i Leasuithe ar Thagairtí don Chreat Coincheapúil i gCaighdeáin IFRS. Cuirfidh eintiteas an leasú ar SIC-32 i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí Cuntasaíochta. Mar sin féin, má chinneann eintiteas go mbeadh cur i bhfeidhm cúlghabhálach dodhéanta nó go mbainfeadh costas míchuí nó iarracht mhíchuí leis, cuirfidh sé an leasú i bhfeidhm ar SIC-32 trí threoir mhíreanna 23–28, 50–53 agus 54F de IAS 8.


    (1)  Sainmhíniú ar IFRSanna arna leasú tar éis athruithe ar an ainm a tugadh isteach in 2010 le Bunreacht Fhondúireacht IFRS a ndearnadh athbhreithniú uirthi.

    (2)  I mí Mheán Fómhair 2007 leasaigh IASB teideal IAS 7 ó Ráitis faoi Shreabhadh Airgid go dtí Ráiteas ar Shreafaí Airgid de thoradh an athbhreithnithe ar IAS 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais in 2007.

    (3)  Sainmhíniú ar IFRSanna arna leasú tar éis athruithe ar an ainm a tugadh isteach in 2010 le Bunreacht Fhondúireacht IFRS a ndearnadh athbhreithniú uirthi.

    (4)  Mínítear i mír 54G an chaoi a leasaítear an ceanglas sin le haghaidh iarmhéideanna cuntais rialála.

    (5)  Is tagairt í don Chreat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais de chuid IASC, a ghlac an Bord in 2001.

    [Nóta ón eagarthóir: Tá sliocht as an gCreat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais de chuid IASC, a ghlac an Bord in 2001, le fáil ar leathanach IAS 8 den réimse dar teideal ‘Tacú le Cur Chun Feidhme’ ar shuíomh gréasáin na Fondúireachta, faoi ‘Tacú le Cur Chun Feidhme trí Chaighdeán IFRS’.]

    (1)  Faoin anailís seo, níl aon difríocht shealadach inchánach ann. Anailís mhalartach is ea go bhfuil bonn cánach nialasach ag na díbhinní infhaighte fabhraithe agus go gcuirtear ráta cánach nialasach i bhfeidhm maidir leis an difríocht shealadach inchánach dar luach 100 a eascraíonn as sin. Faoin dá anailís, níl aon dliteanas cánach iarchurtha ann.

    (2)  Faoin anailís seo, níl aon difríocht shealadach in asbhainte ann. Anailís mhalartach is ea go bhfuil bonn cánach nialasach ag na fíneálacha fabhraithe agus ag na pionóis fhabhraithe agus go gcuirtear ráta cánach nialasach i bhfeidhm maidir leis an difríocht shealadach in asbhainte dar luach 100 a eascraíonn as sin. Faoin dá anailís, níl aon sócmhainn cánach iarchurtha ann.

    (6)  Tagraítear i mír 91 do ‘ráitis airgeadais bhliantúla’ i gcomhréir le teanga níos follasaí maidir le dátaí éifeachtacha a glacadh in 1998 a scríobh. Tagraítear i mír 89 do ‘ráitis airgeadais’.

    (7)  Ní gá gur conradh árachais é polasaí árachais cáilitheach, mar a shainmhínítear in IFRS 17 Conarthaí Árachais.

    (8)  Sa Chaighdeán seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra (AA)’.

    (9)  Mar chuid de Feabhsuithe maidir le IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaigh an Bord téarmeolaíocht a úsáidtear sa Chaighdeán seo le bheith comhsheasmhach le IFRSanna eile mar a leanas:

    (a)

    leasaíodh ‘ioncam inchánach’ go ‘brabús incháinithe nó caillteanas cánach’;

    (b)

    leasaíodh ‘a aithnítear mar ioncam/speansas’ go ‘a aithnítear i mbrabús nó caillteanas’;

    (c)

    leasaíodh ‘a chuirtear chun sochair leasanna/cothromas scairshealbhóirí go díreach’ go ‘a aithnítear lasmuigh de bhrabús nó caillteanas’; agus

    (d)

    leasaíodh ‘athbhreithniú ar mheastachán cuntasaíochta’ go ‘athrú ar mheastachán cuntasaíochta’.

    (10)  Féach freisin an Buanchoiste Léirmhíniúcháin-10 Cúnamh rialtais — nach mbaineann go sonrach le gníomhaíochtaí oibriúcháin.

    (11)  Féach freisin Buanchoiste Léirmhíniúcháin-7 Tabhairt isteach an Euro.

    (12)  Le IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, sainmhínítear conarthaí le comhlíonadh mar chonarthaí nach ndearna ceachtar páirtí aon cheann dá n-oibleagáidí fúthu, nó faoina ndearna an dá pháirtí a n-oibleagáidí i bpáirt ar bhonn cothrom.

    (13)  Mar chuid de Feabhsuithe ar IFRSanna, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2008, leasaigh an Bord téarmaí a úsáidtear in IAS 29 le bheith comhsheasmhach le IFRSanna eile mar seo a leanas: (a) leasaíodh ‘luach margaidh’ go ‘luach cóir’, agus (b) leasaíodh ‘torthaí oibríochtaí’ agus ‘glanioncam’ go ‘brabús nó caillteanas’.

    (14)  Sa Chaighdeán seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra (AA)’.

    (15)  I mí Lúnasa 2005 d’athlonnaigh IASB na nochtaí uile a bhaineann le hionstraimí airgeadais go IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe.

    (16)  Sa treoraíocht seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra’ (AA).

    (17)  Is fíor sin i gcás na coda is mó d’ionstraimí díorthacha ach ní i gcás gach cinn, e.g. malartaítear príomhshuim i roinnt babhtálacha ráta úis trasairgeadra ar a dtionscnamh (agus athmhalartaítear ar aibíocht iad).

    (18)  Sa treoraíocht seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra’ (AA).

    (19)  Tháinig an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, a chuaigh i mbun oibríochtaí in 2001, in áit an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta.

    (20)  Leasaíodh an mhír seo le Feabhsuithe ar IFRSanna a eisíodh i mí na Bealtaine 2008 chun raon feidhme IAS 34 a shoiléiriú.

    (21)  I gcás sócmhainne doláimhsithe, úsáidtear an téarma ‘amúchadh’ seachas ‘dímheas’ de ghnáth. Tá an chiall chéanna leis an dá théarma.

    (22)  Chomh luath agus a chomhlíonann sócmhainn na critéir lena haicmiú mar shócmhainn arna sealbhú lena díol (nó chomh luath agus a áirítear sócmhainn i ngrúpa diúscartha a aicmítear mar ghrúpa arna shealbhú lena dhíol), eisiatar í ó raon feidhme an chaighdeáin seo agus coinnítear cuntas uirthi i gcomhréir le IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha.

    (3)  Sa Chaighdeán seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra (AA)’

    (23)  Níor athbhreithníodh an sainmhíniú ar dhliteanas sa Chaighdeán seo i ndiaidh athbhreithniú an tsainmhínithe ar dhliteanas in Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais arna eisiúint in 2018.

    (24)  Maidir leis an léirmhíniú ar ‘dóchúil’ sa chaighdeán seo mar ‘is dóichí ná a mhalairt’, ní gá go mbeidh feidhm aige i gcaighdeáin eile.

    (25)  Níor athbhreithníodh an sainmhíniú ar shócmhainn sa Chaighdeán seo i ndiaidh athbhreithniú an tsainmhínithe ar shócmhainn in Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais arna eisiúint in 2018.

    (4)  Sa Chaighdeán seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra (AA)’.

    (26)  Tá an tuarascáil Reforming Major Interest Rate Benchmarks [Mór-thagarmharcanna Ráta Úis a Athchóriú] ar fáil ag http://www.fsb.org/wp-content/uploads/r_140722.pdf.

    (27)  Tá feidhm leis na comaoineacha ábharthachta céanna sa chomhthéacs seo is atá feidhm leo ar fud IFRSanna.

    (28)  Féach míreanna 77 agus AG94.

    (29)  Féach mír 75.

    (30)  Tá feidhm leis na comaoineacha ábharthachta céanna sa chomhthéacs seo is atá feidhm leo ar fud IFRSanna.

    (31)  Sainmhíniú ar IFRSanna arna leasú tar éis athruithe ar an ainm a tugadh isteach in 2010 le Bunreacht Fhondúireacht IFRS a ndearnadh athbhreithniú uirthi.

    (32)  Áirítear ar athruithe den sórt sin athaicmithe ó nó chuig sócmhainní doláimhsithe murar aithníodh cáilmheas i gcomhréir le GAAP roimhe seo mar shócmhainn. Eascraíonn sé sin más rud é, i gcomhréir le GAAP roimhe seo (a) gur asbhain an t-eintiteas cáilmheas go díreach ó chothromas nó (b) nár chaith sé leis an gcomhcheangal gnó mar éadáil.

    (33)  Leasaíodh teideal IAS 32 in 2005.

    (34)  Úsáidtear san IFRS seo an frása ‘faoi threoir’ in ionad ‘ar an’, toisc go ndéantar an t-idirbheart a thomhas nuair a iolraítear cóirluach na n-ionstraimí cothromais arna ndeonú, arna dtomhas ar an dáta a shonraítear i mír 11 nó 13 (cé acu atá infheidhme), faoi líon na n-ionstraimí cothromais a dhílsíonn, mar a mhínítear i mír 19.

    (35)  Sa chuid eile den IFRS seo, áirítear le gach tagairt d’fhostaithe daoine eile a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla freisin.

    (36)  I míreanna 35-43, áirítear le gach tagairt d’airgead tirim sócmhainní eile an eintitis.

    (37)  Leis an gCreat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais, arna eisiúint in 2018, sainmhínítear dliteanas mar oibleagáid láithreach ar an eintiteas chun acmhainn eacnamaíoch a aistriú de thoradh teagmhas roimhe seo.

    (38)  San fhoscríbhinn seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra’ (AA).

    (39)  I bhFoscríbhinn A de IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite sainmhínítear ‘grúpa’ mar ‘mháthairchuideachta agus a fochuideachtaí uile’ ó dhearcadh mháthairchuideachta deiridh an eintitis tuairiscithe.

    (40)  I míreanna B56–B62, tagraíonn an téarma ‘dámhachtainí íocaíochta scairbhunaithe’ d’idirbhearta íocaíochta scairbhunaithe dílsithe nó neamhdhílsithe.

    (41)  I gcás sócmhainní a aicmítear de réir cur i láthair leachtachta, is éard is sócmhainní neamhreatha ann sócmhainní a n-áirítear iontu méideanna a bhfuil coinne lena n-aisghabháil níos mó ná 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe. Tá feidhm ag mír 3 maidir le haicmiú sócmhainní den sórt sin.

    (42)  An sreabhadh airgid as sócmhainn nó grúpa sócmhainní, a luaithe a bhfuil coinne leis go n-eascróidh sé go príomha as díol seachas as úsáid leanúnach, tagann sé chun bheith níos neamhspleáiche ar shreabhadh airgid a eascraíonn as sócmhainní eile, agus tagann grúpa diúscartha a bhí mar chuid d’aonad giniúna airgid chun bheith ina aonad giniúna airgid ar leithligh.

    (43)  Seachas míreanna 18 agus 19, lena n-éilítear go dtomhaisfear na sócmhainní i gceist i gcomhréir le IFRSanna eile is infheidhme.

    (44)  Is éard is costais a bhaineann le dáileadh ann na costais incriminteacha atá inchurtha go díreach i leith dáilte, gan costais maoiniúcháin agus speansas cáin ioncaim san áireamh.

    (45)  Más cuid d’aonad giniúna airgid í an tsócmhainn neamhreatha, is ionann a mhéid-aisghabhála agus an tsuim ghlanluacha a d’aithneofaí tar éis aon chaillteanas lagaithe a eascraíonn as an aonad giniúna airgid sin i gcomhréir le IAS 36 a leithdháileadh.

    (46)  Caithfear leis an gcoigeartú mar mhéadú nó laghdú athluachála mura réadmhaoin, gléasra agus trealamh nó sócmhainn dholáimhsithe í an tsócmhainn a rinneadh a athluacháil i gcomhréir le IAS 16 nó IAS 38 sular aicmíodh í mar shócmhainn arna sealbhú lena díol.

    (47)  Leasaíodh mír 44G mar iarmhairt den Díolúine Teoranta ó Nochtuithe Comparáideacha IFRS 7 le haghaidh Glacadóirí Aonuaire (Leasú ar IFRS 1) arna eisiúint i mí Eanáir 2010. Leasaigh an Bord mír 44G chun a chonclúidí agus a aistriú beartaithe maidir le Feabhsuithe ar Nochtuithe maidir le hIonstraimí Airgeadais (Leasuithe ar IFRS 7) a shoiléiriú.

    (48)  I gcás sócmhainní a aicmítear de réir cur i láthair leachtachta, is éard is sócmhainní neamhreatha ann sócmhainní a n-áirítear iontu méideanna a bhfuil coinne lena n-aisghabháil níos mó ná 12 mhí tar éis na tréimhse tuairiscithe.

    (49)  I gcás sócmhainní a aicmítear de réir cur i láthair leachtachta, is éard is sócmhainní neamhreatha ann sócmhainní a n-áirítear iontu méideanna a bhfuil coinne lena n-aisghabháil níos mó ná 12 mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

    (50)  I gcomhréir le mír 7.2.21, féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh, mar bheartas cuntasaíochta aige, leanúint de na ceanglais chuntasaíochta fálaithe in IAS 39 seo a chur i bhfeidhm, in áit na gceanglas i gCaibidil 6 den Chaighdeán seo. Má dhéanann eintiteas an rogha seo, níl na tagairtí sa Chaighdeán seo maidir le ceanglais áirithe faoi chuntasaíocht fálaithe i gCaibidil 6 ábhartha. Ina ionad sin, cuireann an t-eintiteas na ceanglais ábhartha maidir le cuntasaíocht fálaithe in IAS 39 i bhfeidhm.

    (51)  Tá an tuarascáil Reforming Major Interest Rate Benchmarks [Mór-thagarmharcanna Ráta Úis a Athchóriú] ar fáil ag http://www.fsb.org/wp-content/uploads/r_140722.pdf.

    (52)  Úsáidtear an téarma seo (mar a shainmhínítear in IFRS 7) sna ceanglais chun iarmhairtí athruithe ar riosca creidmheasa maidir le dliteanais arna n-ainmniú mar dhliteanais ar luach cóir trí bhrabús nó trí chaillteanas a chur i láthair (féach mír 5.7.7).

    (53)  Tugtar aghaidh in IFRS 3 ar éadáil conarthaí a bhfuil díorthaigh leabaithe acu i gcomhcheangal gnó.

    (54)  Sa Chaighdeán seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra’ (AA) agus ‘aonaid airgeadra eachtraigh’ (FC).

    (55)  Luaitear i mír C7 de IFRS 10 Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite., ‘má chuireann eintiteas IFRS i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, is mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aithint agus Tomhas.’

    (56)  Má chuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm ach nach gcuireann sé IFRS 9 i bhfeidhm go fóill, tuigfear an tagairt do IFRS 9 sna leasuithe sin mar thagairt do IAS 39 Ionstraimí Airgeadais: Aitheantas agus Tomhas.

    (57)  San IFRS seo, ainmnítear méideanna airgeadaíochta in ‘aonaid airgeadra’ (AA).

    (58)  Seasann CU d’aonad airgeadra.

    (59)  Má chuireann eintiteas an léirmhíniú seo i bhfeidhm le haghaidh tréimhse a thosaigh roimh an 1 Eanáir 2005, leanfaidh an t-eintiteas ceanglais an leagain roimhe sin de IAS 8, dar teideal Glanbhrabús nó Glanchaillteanas don Tréimhse, Bunearráidí agus Athruithe i mBeartais Chuntasaíochta, ach amháin i gcás ina bhfuil an leagan athbhreithnithe den chaighdeán sin á chur i bhfeidhm ag an eintiteas le haghaidh na tréimhse níos luaithe sin.

    (60)  I mí Lúnasa 2005, leasaíodh IAS 32 mar IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair. I mí Feabhra 2008, leasaigh IASB IAS 32 trína cheangal go n-aicmeofaí ionstraimí mar chothromas má tá na gnéithe uile ag na hionstraimí sin agus má chomhlíonann siad na coinníollacha i mír 16A agus i mír 16B nó i mír 16C agus i mír 16D de IAS 32.

    (61)  Tá sainaithint an hipearbhoilscithe bunaithe ar bhreithiúnas an eintitis ar na critéir i mír 3 de IAS 29.

    (62)  Baineann an tagairt le Creat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais CCIC, a ghlac an Bord in 2001 agus a bhí i bhfeidhm nuair a forbraíodh an Léirmhíniú.

    (63)  Teideal SIC-29, roimhe seo Nochtadh—Socruithe maidir le Lamháltas Seirbhíse, leasaíodh le IFRIC 12 é.

    (64)  Is amhlaidh a bheidh i gcás ráitis airgeadais comhdhlúite, ráitis airgeadais ina gcoinnítear cuntas ar infheistíochtaí amhail comhlaigh nó comhfhiontair agus úsáid á baint as modh an chothromais agus as ráitis airgeadais lena n-áirítear brainse nó oibríocht chomhpháirteach mar a shainmhínítear in IFRS 11 Comhshocruithe.

    (65)  Is é an modh díreach an modh comhdhlúthaithe ina ndéantar ráitis airgeadais na hoibríochta eachtraí a aistriú go díreach isteach in airgeadra feidhmiúil an mháthaireintitis deiridh. Is é an modh céim ar chéim an modh comhdhlúthaithe ina ndéantar ráitis airgeadais na hoibríochta eachtraí a aistriú ar dtús go dtí airgeadra feidhmiúil aon mháthaireintitis idirmheánaigh/aon mháthaireintiteas idirmheánach agus ina ndéantar iad a aistriú ansin go hairgeadra feidhmeach an mháthaireintitis deiridh (nó an t-airgeadra cur i láthair murab ionann é).

    (66)  Le mír 7 de IAS 1 sainmhínítear úinéirí mar shealbhóirí ionstraimí a aicmítear mar chothromas.

    (67)  Baineann an tagairt le Creat i gcomhair Ullmhú agus Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais CCIC, a ghlac an Bord in 2001 agus a bhí i bhfeidhm nuair a forbraíodh an Léirmhíniú.

    (68)  Baineann an tagairt le Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais, a eisíodh in 2010 agus a bhí i bhfeidhm nuair a forbraíodh an Léirmhíniú.

    (69)  Baineann an tagairt le Creat Coincheapúil le haghaidh Tuairisciú Airgeadais, a eisíodh in 2010 agus a bhí i bhfeidhm nuair a forbraíodh an Léirmhíniú.

    (70)  Mar shampla, le mír 106 de IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, má íocann custaiméir comaoin, nó má tá ceart ag eintiteas ar mhéid comaoine atá neamhchoinníollach (i.e. infháltas), sula n-aistríonn an t-eintiteas earra nó seirbhís chuig an gcustaiméir, ceanglaítear go gcuirfidh an t-eintiteas an conradh i láthair mar dhliteanas conartha nuair a dhéantar an íocaíocht nó nuair atá an íocaíocht dlite (cibé acu is luaithe).


    Top