Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1792

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1792 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena bhformheastar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (‘Ribera del Guadiana’ (ATFC))

    C/2023/6287

    IO L 231, 20.9.2023, p. 112–113 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1792/oj

    20.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 231/112


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1792 ÓN gCOIMISIÚN

    an 13 Meán Fómhair 2023

    lena bhformheastar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint nó Táisc Gheografaigh faoi Chosaint (‘Ribera del Guadiana’ (ATFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint ainmniúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirgí, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge an Ainmniúcháin Tionscnaimh faoi Chosaint, ‘Ribera del Guadiana’, a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33.

    (2)

    Tá an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge foilsithe ag an gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (3)

    Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, an leasú ar leibhéal an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Ribera del Guadiana’ (ATFC), is leasú é atá formheasta anois.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

    (3)   IO C 215, 19.6.2023, lch. 25


    Top