Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1679

    Rialachán (AE) 2023/1679 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le ceanglais cúlchiste íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1) (BCE/2023/21)

    ECB/2023/21

    IO L 216, 1.9.2023, p. 96–97 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1679/oj

    1.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 216/96


    RIALACHÁN (AE) 2023/1679 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

    an 25 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le ceanglais cúlchiste íosta a chur i bhfeidhm (BCE/2021/1)

    (BCE/2023/21)

    TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal (19)1 de,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2531/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta ag an mBanc Ceannais Eorpach (1),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sealúchais institiúidí creidmheasa cúlchiste íosta, a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2021/1) (2), agus cúlchistí arna sealbhú sa tsaoráid taisce, íoctar iad faoi láthair ag ráta saoráide taisce an Eurochórais (deposit facility rate, DFR). Faoi choinníollacha reatha na leachtachta cuimsithí, is é an t-ús a íoctar ar na cúlchistí atá i seilbh na mbanc sa tsaoráid taisce an phríomhionstraim chun rátaí gearrthéarmacha margaidh airgid a stiúradh i gcomhréir leis an seasamh beartais airgeadaíochta inmhianaithe.

    (2)

    An 27 Iúil 2023, chinn Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) luach saothair na gcúlchistí íosta a shocrú ag 0 %. Leis an gcinneadh ón gComhairle Rialaithe an luach saothair ar chúlchistí íosta a laghdú, áirithítear éifeachtacht leanúnach an bheartais airgeadaíochta trí fheidhm dhaingniúcháin DFR do rátaí margaidh airgid a chaomhnú agus ar an gcaoi sin coimeádtar an smacht atá ann faoi láthair ar sheasamh an bheartais airgeadaíochta. Ag an am céanna, feabhsaíonn an cinneadh éifeachtúlacht an bheartais airgeadaíochta sa chomhthéacs eacnamaíoch reatha. trí laghdú a dhéanamh ar an méid foriomlán úis is gá a íoc ar chúlchistí chun an seasamh iomchuí maidir le beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme. Tá an chomaoin éifeachtach sin níos ábhartha anois de bharr na méaduithe ar eochair-rátaí úis BCE.

    (3)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 20 Meán Fómhair 2023, arb é an chéad lá den séú tréimhse chothabhála in 2023 é.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe

    Leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 (BCE/2021/1) mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):

    ciallaíonn ‘lá gnó TARGET’‘lá gnó’ nó ‘lá gnó TARGET’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(13) de Threoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/8) (*1), i gcomhar le pointe (13) d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoirlíne sin;

    (*1)  Treoirlíne (AE) 2022/912 ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Feabhra 2022 maidir le glúin nua d'Uathchóras Mearaistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET) agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27 (BCE/2022/8) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 84).';"

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

    ‘Airteagal 9

    Luach saothair

    1.   Íocfaidh an BCN ábhartha luach saothair as sealúchais cúlchistí íosta sna cuntais chúlchiste ag 0.

    2.   Íocfaidh an BCN ábhartha an luach saothair ar shéalúchais na gcúlchistí íosta ar an dara lá gnó TARGET2 tar éis dheireadh na tréimhse cothabhála ar gnóthaíodh an luach saothair ina leith.

    3.   Cistí a áirítear i sealúchais cúlchistí íosta a eisiatar ina dhiaidh sin ó na cúlchistí íosta sin de bhun Airteagal 3(1)(d), íocfaidh an BCN ábhartha iad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le taiscí beartais neamhairgeadaíochta i dTreoirlíne (AE) 2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2019/7) (*2), le héifeacht ón dáta a mbeidh feidhm ag an gcoinníoll sonrach d’Airteagal 3(1)(d), arna chinneadh ag an BCN ábhartha.

    (*2)  Treoirlíne BCE/2019/671 ón mBanc Ceannais Eorpach an 9 Aibreán 2019 maidir le hoibríochtaí i dtaca le bainistíocht dliteanais agus sócmhainní intíre ag na bainc cheannais náisiúnta (BCE/2019/7) (IO L 113, 29.4.2019, lch. 11).’."

    Airteagal 2

    Forálacha críochnaitheacha

    1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an cúigiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    2.   Beidh feidhm aige ón 20 Meán Fómhair 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

    Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 25 Lúnasa 2023.

    Do Chomhairle Rialaithe an BCE

    Uachtarán an BCE

    Christine LAGARDE


    (1)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/378 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le cúlchistí íosta (BCE/2021/1) (IO L 73, 3.3.2021, lch. 1).


    Top