This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1678
Regulation (EU) 2023/1678 of the European Central Bank of 17 August 2023 amending Regulation (EU) 2015/534 on reporting of supervisory financial information (ECB/2015/13) (ECB/2023/20)
Rialachán (AE) 2023/1678 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 maidir le tuairisciú faisnéise airgeadais maoirseacht (ECB/2015/13) (BCE/2023/20)
Rialachán (AE) 2023/1678 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 maidir le tuairisciú faisnéise airgeadais maoirseacht (ECB/2015/13) (BCE/2023/20)
ECB/2023/20
IO L 216, 1.9.2023, p. 93–95
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 216/93 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1678 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 17 Lúnasa 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 maidir le tuairisciú faisnéise airgeadais maoirseacht (ECB/2015/13)
(BCE/2023/20)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagail 4(1) agus (3), Airteagal 6(2), Airteagal 6(5)(d) agus Airteagal (10) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat um chomhar laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus le húdaráis ainmnithe náisiúnta (Creat-Rialachán an tSásra Aonair Maoirseachta) (BCE/2014/17) (2), agus go háirithe Airteagal 21(1), Airteagal 140 agus Airteagal 141(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun cúraimí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a fheidhmiú i ndáil le tuairisciú maoirseachta, sonraítear i gCinneadh BCE/2014/29 ón mBanc Ceannais Eorpach (3) an chaoi a gcuireann údaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna) faisnéis áirithe a fhaigheann siad ó eintitis faoi mhaoirseacht faoi bhráid BCE agus an t-am a chuirtear an tíolacadh sin isteach. |
(2) |
Déantar Cinneadh BCE/2014/29 a aisghairm agus cuirtear Cinneadh (AE) 2023/1681 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/18) ina ionad (4). |
(3) |
Chun cur isteach faisnéise airgeadais maoirseachta ag ÚINanna chuig BCE a ailíniú le forálacha Chinneadh (AE) 2023/1681 (BCE/2023/18), ba cheart Rialachán (AE) 2015/534 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2015/13) (5) a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Rialachán (AE) 2015/534 (BCE/2015/13) mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5: ‘4. Déanfaidh ÚINanna, tar éis dóibh an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 a fháil ó institiúidí creidmheasa suntasacha agus ó bhrainsí suntasacha agus tar éis dóibh a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis san fhormáid cheart chomhaid i gcomhréir le hAirteagal 17, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid BCE gan moill mhíchuí. 5. Tuairisceoidh institiúidí creidmheasa suntasacha agus brainsí suntasacha faisnéis airgeadais mhaoirseachta do ÚINanna faoi na dátaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 nó faoi sprioc-am níos luaithe arna chinneadh ag ÚIN.’ |
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Déanfaidh ÚINanna, tar éis dóibh faisnéis a fháil ó institiúidí creidmheasa suntasacha maidir le fochuideachtaí atá bunaithe i mBallstát neamh-rannpháirteach nó i dtríú tír mar a shonraítear in Airteagal 9 agus tar éis a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis san fhormáid cheart chomhaid i gcomhréir le hAirteagal 17, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid BCE gan moill mhíchuí. 3. Cinnfidh ÚINanna an dáta faoina gcaithfidh institiúidí creidmheasa faisnéis airgeadais mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a thuairisciú. Ní bheidh an dáta sin níos déanaí ná an 25ú lá oibre tar éis na ndátaí íocaíochta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451.’ |
(3) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Déanfaidh ÚINanna an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 11 a chur faoi bhráid BCE faoi dheireadh gnó ar an 25ú lá oibre tar éis na ndátaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 le haghaidh na n-institiúidí seo a leanas:
|
(4) |
in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Déanfaidh ÚINanna an fhaisnéis airgeadais mhaoirseachta a shonraítear in Airteagail 13 agus 14 maidir le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil chomh suntasach agus brainsí nach bhfuil chomh suntasach a chur faoi bhráid BCE faoi dheireadh an 25ú lá oibre tar éis na ndátaí íocaíochta ábhartha a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451:
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16: ‘Airteagal 16 Seiceálacha cáilíochta sonraí Déanfaidh ÚINanna faireachán agus measúnú ar cháilíocht agus iontaofacht na faisnéise arna cur faoi bhráid BCE. Chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh ÚINanna na sonraíochtaí maidir le seiceálacha cáilíochta sonraí agus faisnéis cháilíochtúil a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 de Chinneadh (AE) 2023/1681 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2023/18) (*1). (*1) Cinneadh (AE) 2023/1681 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Lúnasa 2023 maidir le soláthar sonraí maoirseachta don Bhanc Ceannais Eorpach arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla náisiúnta ag na heintitis faoi mhaoirseacht (BCE/2023/18) (IO J L 216, 1.9.2023, lch. 105)’;" |
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: ‘Airteagal 17 Teanga TF chun faisnéis a tharchur ó údaráis inniúla náisiúnta chuig BCE Déanfaidh ÚINanna an fhaisnéis a shonraítear sa Rialachán seo a tharchur i gcomhréir leis an tacsanomaíocht eXtensible Business Reporting Language chun formáid theicniúil aonfhoirmeach a sholáthar le haghaidh malartú sonraí. Chun na gcríoch sin, comhlíonfaidh ÚINanna na sonraíochtaí a leagtar amach in Airteagal 6 de Chinneadh (AE) 2023/1681 (BCE/2023/18). ’. |
Airteagal 2
Forálacha críochnaitheacha
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 17 Lúnasa 2023.
Do Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
Christine LAGARDE
(1) IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.
(2) IO L 141, 14.5.2014, lch. 1.
(3) Cinneadh BCE/2014/29 ón mBanc Ceannais Eorpach an 2 Iúil 2014 maidir le sonraí maoirseachta a sholáthar don Bhanc Ceannais Eorpach arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla náisiúnta ag na heintitis faoi mhaoirseacht (IO L 214 19.7.2014, lch. 34).
(4) Cinneadh (AE) 2023/1681 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Lúnasa 2023 maidir le soláthar sonraí maoirseachta don Bhanc Ceannais Eorpach arna dtuairisciú do na húdaráis inniúla náisiúnta ag na heintitis faoi mhaoirseacht (BCE/2023/18) (Féach leathanach 105 den Iris Oifigiúil seo).
(5) Rialachán (AE). 2015/534 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Márta 2015 maidir le tuairisciú faisnéise airgeadais maoirseacht (BCE/2015/13) (IO L 86, 31.3.2015, lch. 13).