EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1668

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1668 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tomhas rioscaí nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha do mhéideanna cistí dílse breise (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

C/2023/3282

IO L 214, 31.8.2023, p. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1668/oj

31.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 214/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1668 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Bealtaine 2023

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tomhas rioscaí nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha do mhéideanna cistí dílse breise

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 40(6), an cearthrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun cur i bhfeidhm comhchuibhithe an cheanglais cistí dílse breise ar fud an Aontais a áirithiú, is gá cur chuige aonfhoirmeach a leagan amach i dtreo rioscaí agus eilimintí rioscaí a thomhas a thacódh le cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an chaipitil atá leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ábhartha uile a bhféadfadh gnólachtaí infheistíochta a bheith neamhchosanta orthu. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil cistí dílse breise leordhóthanacha ag gnólachtaí infheistíochta chun gach catagóir riosca a chumhdach (Riosca-do-Chliant, Riosca-do-Ghnólacht agus Riosca-do-Mhargadh), chomh maith le haon riosca ábhartha eile.

(2)

Ionas go mbeidh na húdaráis inniúla in ann monatóireacht iomchuí a dhéanamh ar phróifíl riosca na ngnólachtaí infheistíochta agus rioscaí ábhartha a shainaithint, a mheasúnú agus a chainníochtú, is gá modheolaíocht mhionsonraithe chuimsitheach a leagan amach atá comhréireach le cineál, raon feidhme agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta bunaithe ar na foinsí faisnéise go léir atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú chun críche Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034.

(3)

Meastar leibhéal an cheanglais cistí dílse breise a bheith leordhóthanach nuair a laghdaíonn sé an dóchúlacht go gclisfeadh ar ghnólacht infheistíochta agus nuair a chuireann sé teorainn leis an riosca go ndéanfaí foirceannadh mí-ordúil lena gcuirfí bagairtí ar chliaint an ghnólachta infheistíochta agus ar an margadh níos leithne, institiúidí airgeadais eile, bonneagair mhargaidh, nó an margadh ina iomláine san áireamh. I ngeall ar an déchuspóir seo atá ag an gceanglas cistí dílse breise agus i gcomhréir le struchtúr na gceanglas cistí dílse mar a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú ar leithligh a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí leanúnacha gnólachtaí infheistíochta agus ar an riosca go ndéanfaí gnó an ghnólachta infheistíochta a fhoirceannadh go mí-ordúil.

(4)

Chun a áirithiú go gcumhdófar go cuí gach riosca nó na heilimintí rioscaí ar fad a bhfuil gnólacht infheistíochta neamhchosanta orthu nó a bhfágann sí daoine eile gan chosaint orthu, ba cheart do ghnólacht infheistíochta cistí dílse leordhóthanacha a shealbhú, agus samhail ghnó, scála agus castacht gníomhaíochtaí a dhéanann an gnólacht infheistíochta á gcur san áireamh, chun speansais oibríochtúla bhreise a bhaineann le próiseas ordúil foirceanta a sheasamh. Chun a áirithiú go mbeadh cistí dílse den sórt sin iomchuí in imthosca eacnamaíocha ar leith, ba cheart d’údaráis inniúla cásanna sochreidte eacnamaíocha éagsúla a mheas le linn an phróisis athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034. Go háirithe, ní chuirfear leanúnachas gnó, cosaint infheisteoirí agus sláine an mhargaidh i mbaol le linn an phróisis foirceanta. Chuige sin, ba cheart don ghnólacht infheistíochta a bheith in ann costais agus caillteanais nach bhfuil comhoiriúnach le méid leordhóthanach brabús a iompar, le linn an phróisis sin freisin. Ós rud é go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith ann idir fad próiseas foirceanta ag brath ar imthosca ar leith, ba cheart do na húdaráis inniúla é sin a chur san áireamh agus an ceanglas cistí dílse breise á shocrú acu. Ina theannta sin, i bhfianaise na bhfoirmeacha dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ag gnólachtaí infheistíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla na dlíthe dócmhainneachta, corparáide agus trádála náisiúnta is infheidhme a chur san áireamh, dlíthe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fhad na bpróiseas foirceanta, chomh maith leis na costais agus na rioscaí a ghabhann leo.

(5)

Chun comhréireacht a áirithiú agus an ceanglas cistí dílse breise á chinneadh, níor cheart rioscaí agus eilimintí riosca nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach leis an gceanglas de réir K - fhachtóir dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/2033 a thomhas ach amháin i gcás na ngnólachtaí infheistíochta sin atá faoi réir an cheanglais de réir K - fhachtóir dá dtagraítear san Airteagal sin, agus níor cheart iad a thomhas i gcás gnólachtaí beaga nach bhfuil idirnasctha agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) den Rialachán sin. Is ann do rioscaí eile nach gcumhdaítear ar chor ar bith leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, lena n-áirítear rioscaí atá eisiata go sainráite ó na ceanglais cistí dílse sin, i gcás ghnólachtaí infheistíochta. Dá bhrí sin, is gá a shonrú go ndéanann na húdaráis inniúla na rioscaí sin a mheasúnú agus a thomhas ar bhonn mhéid agus shamhail ghnó an ghnólachta infheistíochta agus ar bhonn raon feidhme, chineál agus chastacht a chuid gníomhaíochtaí.

(6)

Chun tomhas ceart agus cumhdach ceart na rioscaí uile dá dtagraítear i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 ach nach gcumhdaítear go hiomlán nó go leordhóthanach leis na ceanglais sin a áirithiú, ba cheart rioscaí den sórt sin a thomhas ar leithligh do gach catagóir riosca (Riosca-do-Chliant, Riosca-do-Mhargadh agus Riosca-do-Ghnólacht). Ar an gcúis chéanna, ba cheart na rioscaí nach gcumhdaítear i gCuid a Trí agus i gCuid a Ceathair den Rialachán sin, lena n-áirítear na rioscaí sin atá eisiata go sainráite ó na ceanglais sin, a thomhas ar bhonn riosca ar riosca. Mar sin féin, má tá ualach an tomhais de réir catagóire riosca nó ar bhonn riosca-ar-riosca róthrom nó mura féidir é a dhéanamh i gcásanna gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir ceanglas caipitil tosaigh atá níos ísle ná an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034, ba cheart an tomhas rioscaí a dhéanamh sna cásanna sin ar leibhéal comhiomlán, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh.

(7)

Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cúinsí stuamachta agus cur i bhfeidhm comhréireach, níor cheart feidhm a bheith ag an tomhas rioscaí ar leibhéal comhiomlán maidir le gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir an cheanglais chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034. Ba cheart gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir cheanglais chaipitil tosaigh níos airde a mheasúnú i ndáil le rioscaí le tomhas de réir catagóire riosca agus ar bhonn riosca-ar-riosca.

(8)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtomhas rioscaí ábhartha a d’fhéadfadh gnólachtaí infheistíochta a chruthú do dhaoine eile nó a bhféadfaidís féin aghaidh a thabhairt orthu, ba cheart do na húdaráis inniúla brath ar shraith chomhchuibhithe meadrachtaí cáilíochtúla táscacha íosta. Ós rud é go dtagann rioscaí chun cinn le linn timthriall gnólachta, ba cheart do na húdaráis inniúla ní hamháin measúnú statach a dhéanamh ach anailís ar threochtaí stairiúla méadrachtaí den sórt sin a dhéanamh freisin. Chun na rioscaí ábhartha uile a chumhdach i gceart, ba cheart méadrachtaí éagsúla a úsáid le haghaidh gnólachtaí infheistíochta a bhfuil samhlacha agus gníomhaíochtaí gnó éagsúla acu. Chun rioscaí ábhartha uile an ghnólachta infheistíochta a chumhdach go cuí, agus an múnla gnó ar leith nó an ghníomhaíocht gnó ar leith, an fhoirm dhlíthiúil agus infhaighteacht sonraí iontaofa á gcur san áireamh, ba cheart d’údaráis inniúla, faoi choinníollacha áirithe a bhaineann go háirithe le sainiúlachtaí shamhail ghnó nó le cáilíocht sonraí gnólachta, na méadrachtaí a choigeartú agus na méadrachtaí coigeartaithe sin a úsáid nó, mura féidir sin, méadrachtaí malartacha a úsáid atá i gcomhréir le méid, castacht, samhail ghnó agus samhail oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta agus lena n-áiritheofaí measúnú iomchuí ar na rioscaí.

(9)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(10)

Thionóil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Baol foirceanta ar bhealach mí-ordúil

1.   Déanfaidh údaráis inniúla, ag féachaint don fhoirm dhlíthiúil, don tsamhail ghnó, don straitéis ghnó agus riosca, agus do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí gnólachta infheistíochta, le linn a bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034, an riosca go ndéanfaí gnó an ghnólachta infheistíochta a fhoirceannadh go mí-ordúil a thomhas trí mhéid an chaipitil a chinneadh a mheasfaí a bheith leordhóthanach chun an gnólacht sin a fhoirceannadh ar bhealach ordúil faoi chásanna sochreidte.

2.   Beidh an tomhas dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le castacht, próifíl riosca, agus raon feidhme oibríochta an ghnólachta infheistíochta, agus le tionchar féideartha a fhoirceanta ar chliaint agus ar mhargaí, agus áireofar ann an méid seo a leanas:

(a)

meastachán ar an achar ama réalaíoch chun an gnólacht infheistíochta a fhoirceannadh;

(b)

measúnú ar chúraimí oibríochtúla agus dlíthiúla an ghnólachta infheistíochta le linn an phróisis foirceanta thar thréimhse ama réalaíoch;

(c)

costais shocraithe ábhartha agus costais athraitheacha a shainaithint agus a mheasúnú;

(d)

rioscaí ábhartha nó eilimintí rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an phróisis fhoirceanta a shainaithint agus a mheasúnú;

(e)

aon ghné eile a bhaineann leis an bpróiseas foirceanta.

3.   I gcás ina bhfuil feidhm ag Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis atá ar fáil maidir le gníomhaíochtaí téarnaimh agus socruithe rialachais i bplean téarnaimh an ghnólachta infheistíochta nó ina phlean téarnaimh ghrúpa a chur san áireamh chun críche mhír 2, phointe (b) agus phointe (c), má mheasann na húdaráis inniúla go bhfuil an fhaisnéis sin inchreidte agus iontaofa go leor.

4.   I gcás gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir an cheanglais chaipitil tosaigh a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034, áireoidh na húdaráis inniúla ina dtomhas an méid seo a leanas:

(a)

na costais dúnta, lena n-áirítear costais dlíthíochta chun críche mhír 2, pointe (c), den Airteagal seo;

(b)

an caillteanas ioncaim agus an caillteanas i nglanluach inréadaithe sócmhainní a mheastar a thabhófar mar gheall ar an bpróiseas foirceanta chun críche mhír 2, pointe (d), den Airteagal seo.

5.   Déanfaidh na húdaráis inniúla costais ábhartha, rioscaí ábhartha nó eilimintí ábhartha rioscaí a shainaithint agus a chainníochtú agus cinnfidh siad an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach chun iad a iompar i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Úsáidfidh na húdaráis inniúla na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus comhcheanglóidh siad iad le hanailís statach agus stairiúil ar threochtaí, agus tabharfaidh siad a mbreithiúnas saineolach de réir mar is iomchuí.

6.   Maidir leis an gcaipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach chun an riosca a bhaineann le foirceannadh mí-ordúil gnó gnólachta infheistíochta a rinneadh a thomhas i gcomhréir leis an Airteagal seo a chumhdach, beidh sé comhionann ar a laghad le ceanglas forchostais sheasta an ghnólachta infheistíochta sin, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/2033.

Airteagal 2

Rioscaí ábhartha nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go hiomlán leis an gceanglas de réir K - fhachtóirí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, de Rialachán (AE) 2019/2033

1.   I gcás nach gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag nach bhfuil idirnasctha mar a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh na húdaráis inniúla, ag féachaint don tsamhail ghnó, don fhoirm dhlíthiúil, don straitéis ghnó agus riosca, agus do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, le linn a n-athbhreithnithe a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36 agus le hAirteagal 37 de Threoir (AE) 2019/2034, aon riosca ábhartha nó eilimint ábhartha riosca a eascraíonn as gníomhaíochtaí leanúnacha an ghnólachta infheistíochta a thomhas, ar riosca é lena bhfágtar an gnólacht féin, a chuid cliant agus an margadh gan chosaint, agus nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go hiomlán leis an gceanglas de réir K - fhachtóir a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, de Rialachán (AE) 2019/2033.

Cinnfidh na húdaráis inniúla an caipiteal a mheasfaí a bheith leordhóthanach chun na rioscaí ábhartha a bhaineann leis an gceanglas de reir K - fhachtóir a chumhdach.

2.   Déanfar an tomhas dá dtagraítear i mír 1 ar leithligh maidir le gach catagóir riosca a leagtar amach mar ‘Riosca-do-Chliant’ (RtC), ‘Riosca-do-Mhargadh’ (RtM) agus ‘Riosca-do-Ghnólacht’ (RtF) in Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/2033.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir ceanglas caipitil tosaigh atá níos ísle ná an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034, i gcás ina measann na húdaráis inniúla nach féidir cainníochtú gráinneach a dhéanamh nó go bhfuil sé ródhian, déanfar an tomhas ar leibhéal comhiomlán.

3.   Sa tomhas dá dtagraítear i mír 2, déanfar rioscaí ábhartha nó eilimintí ábhartha rioscaí do gach catagóir riosca a shainaithint agus a chainníochtú, lena n-áirítear rioscaí mar thoradh ar chur chuige na samhla inmheánaí malartaí a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 22, pointe (c) de Rialachán (AE) 2019/2033, bunaithe ar na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha a leagtar amach in Airteagal 6(2), (3) agus (4) den Rialachán seo agus ar bhreithiúnas saineolaithe atá le tabhairt ag údaráis inniúla.

4.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla nach mbeidh an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach chun rioscaí ábhartha a bhaineann leis an gceanglas de réir K - fhachtóir a chumhdach níos ísle ná an ceanglas de réir K - fhachtóir iomlán.

Airteagal 3

Rioscaí ábhartha nó eilimintí rioscaí nach gcumhdaítear leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033

1.   I gcás nach gcomhlíonann an gnólacht infheistíochta na coinníollacha maidir le cáiliú mar ghnólacht infheistíochta beag nach bhfuil idirnasctha mar a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh na húdaráis inniúla, ag féachaint don tsamhail ghnó, don fhoirm dhlíthiúil, don straitéis ghnó agus riosca, agus do scála agus do chastacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, le linn a bpróisis maoirseachta athbhreithnithe agus meastóireachta a leagtar amach in Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034, aon riosca ábhartha nó eilimint ábhartha den riosca a thagann as aon cheann de ghníomhaíochtaí leanúnacha an ghnólachta infheistíochta a thomhas, seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo agus nach bhfuil cumhdaithe cheana ag ceanglais cistí dílse an ghnólachta sin a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, tríd an caipiteal breise a mheastar a bheith leordhóthanach chun rioscaí ábhartha nó eilimintí de rioscaí ábhartha a chumhdach a chinneadh ar bhonn riosca-ar-riosca.

2.   Cuimseofar sa tomhas dá dtagraítear i mír 1 sainaithint, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, cainníochtú na réimsí riosca seo a leanas:

(a)

na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise an ghnólachta infheistíochta chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht a chuid phróiseas, a chuid sonraí agus a chuid shócmhainní a áirithiú;

(b)

an riosca ráta úis agus an riosca creidmheasa a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála.

I gcás gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir ceanglas caipitil tosaigh atá níos ísle ná an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/2034, i gcás ina measann údaráis inniúla nach féidir cainníochtú níos gráinní a dhéanamh nó go bhfuil sé ródhian, déanfar an tomhas ar leibhéal comhiomlán.

3.   Agus an tomhas dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á dhéanamh acu, úsáidfidh na húdaráis inniúla na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(5) agus cuirfidh siad le chéile iad le hanailís statach agus le hanailís ar threochtaí stairiúla, agus tabharfaidh siad a mbreithiúnas saineolaithe de réir mar is iomchuí.

Airteagal 4

Riosca ábhartha iomlán nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go hiomlán leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033

1.   Ríomhfaidh na húdaráis inniúla méid iomlán an chaipitil bhreise a mheastar a bheith leordhóthanach chun rioscaí ábhartha nó eilimintí ábhartha de rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí leanúnacha an ghnólachta infheistíochta a chumhdach mar shuim an chaipitil a mheastar a bheith leordhóthanach, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 3.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla tomhas ar an riosca ábhartha iomlán nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go hiomlán leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 trí leibhéal na gcistí dílse breise a cheanglaítear a chinneadh mar an difríocht idir an méid is airde de na méideanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1 nó le mír 1 den Airteagal seo agus na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó i gCuid a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033.

Airteagal 5

Méadrachtaí cáilíochtúla ginearálta chun an ceanglas cistí dílse breise a chinneadh

1.   Agus méid na gceanglas cistí dílse breise á chinneadh chun críocha Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3, cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

torthaí an phróisis measúnaithe inmheánaigh ar leordhóthanacht caipitil agus an phróisis measúnaithe riosca inmheánaigh ag an ngnólacht infheistíochta a leagtar amach in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/2034;

(b)

sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 54 agus Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/2033;

(c)

toradh na n-athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir (AE) 2019/2034;

(d)

torthaí aon ghníomhaíochtaí maoirseachta eile;

(e)

ionchuir ábhartha eile, lena n-áirítear breithiúnas maoirseachta.

2.   Áiritheoidh na húdaráis inniúla inchomparáideacht maidir le cainníochtú an cheanglais cistí dílse breise a forchuireadh ar fud na ngnólachtaí infheistíochta go léir faoina sainchúram maoirseachta.

Airteagal 6

Méadrachtaí cáilíochtúla táscacha

1.   Chun críocha Airteagal 1(5), an dara fomhír, is iad seo a leanas na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha:

(a)

líon na ngníomhairí ceangailte i gcomparáid leis an bhfoireann iomlán;

(b)

an mheántréimhse a thógann foirceannadh sa dlínse, agus castacht ghnó an ghnólachta infheistíochta á cur san áireamh;

(c)

sciar na gconarthaí nach féidir a chur ar ceal agus a dtréimhse iarmharach;

(d)

sainaithint na margaí inarb é an gnólacht infheistíochta an príomhsholáthraí seirbhíse;

(e)

luach agus leachtacht sócmhainní dochta a bheadh le diúscairt ag an ngnólacht infheistíochta le linn foirceanta;

(f)

na meáníocaíochtaí téarfa atá le híoc i gcás foirceanta, agus reachtaíocht fostaíochta agus conarthaí le fostaithe á gcur san áireamh.

2.   Chun críocha Airteagal 2, maidir le tomhas an RtC, is iad seo a leanas na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha:

(a)

méid an airgid chliaint a bhí ar seilbh le linn na 5 bliana roimhe sin;

(b)

méid na sócmhainní atá faoi bhainistíocht le 5 bliana anuas;

(c)

méid na sócmhainní arna gcosaint agus arna riaradh do chliaint le 5 bliana anuas;

(d)

méid na gcaillteanas nó na ndamáistí arna dtabhú ag an ngnólacht infheistíochta mar gheall ar sháruithe ar a oibleagáidí dlíthiúla nó conarthacha le 5 bliana anuas ar a laghad, lena n-áirítear caillteanais a eascraíonn as an méid seo a leanas:

(i)

comhairle mhí-oiriúnach tugtha d’infheisteoirí agus cúiteamh d’infheisteoirí a bhaineann leis seo;

(ii)

mainneachtain nósanna imeachta iomchuí a bhunú, a chur chun feidhme agus a chothabháil chun sáruithe a chosc;

(iii)

earráidí trádála nó luachála;

(iv)

cur isteach ar ghnó, teipeanna córais, cliseadh i bpróiseáil idirbheart nó i mbainistiú próisis;

(v)

gníomh a rinne gníomhairí ceangailte an ghnólachta infheistíochta nó ionadaithe ceaptha an ghnólachta infheistíochta a bhfuil an gnólacht infheistíochta faoi dhliteanas ina leith.

(e)

go sonrach do ghnólachtaí infheistíochta a shealbhaíonn airgead cliant, aon neamhábaltacht de chuid an ghnólachta infheistíochta airgead cliant a thabhairt ar ais go tráthúil nuair is gá sin agus iarmhairtí airgeadais a bhaineann leis sin le 5 bliana anuas.

3.   Chun críocha Airteagal 2, maidir le tomhas an RtM, is iad seo a leanas na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha:

(a)

inathraitheacht luach na suíomhanna, lena n-áirítear mar thoradh ar dhálaí athraitheacha sa mhargadh;

(b)

sciar na dtáirgí casta neamhleachtacha i leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta, ó thaobh toirte agus glanioncaim de;

(c)

go sonrach i gcás gnólachtaí infheistíochta a úsáideann samhlacha inmheánacha, cúltástáil rialta ar shamhlacha a úsáidtear chun críocha rialála a bheith ar fáil.

4.   Chun críocha Airteagal 2, maidir le tomhas an RtF, is iad seo a leanas na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha:

(a)

an sreabhadh trádála laethúil agus an meánsreabhadh trádála laethúil le 5 bliana anuas;

(b)

aon imeachtaí suntasacha oibríochtúla a bhaineann le sreabhadh trádála laethúil agus caillteanais airgeadais ghaolmhara le 5 bliana anuas, lena n-áirítear earráidí próiseála;

(c)

inathraitheacht ioncam agus lánioncam an ghnólachta infheistíochta le 5 bliana anuas;

(d)

aon chaillteanais a tabhaíodh de bharr athruithe ar shuíomhanna in ionstraimí airgeadais, in airgeadraí coigríche agus i dtráchtearraí le 5 bliana anuas;

(e)

ráta mainneachtana na gcliant nó na gcontrapháirtithe, agus na caillteanais a ghabh leo le linn 5 bliana anuas;

(f)

aon chaillteanais de bharr athruithe ábhartha ar luach leabhair na sócmhainní, lena n-áirítear mar thoradh ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh agus ar acmhainneacht creidmheasa na gcontrapháirtithe;

(g)

méideanna agus inathraitheacht na n-íocaíochtaí nó na ranníocaíochtaí faoi scéim pinsin le sochar sainithe le 5 bliana anuas;

(h)

aon chomhchruinniú shócmhainní an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear comhchruinniú cliant agus contrapháirtithe, chomh maith le comhchruinniú earnála agus geografach;

(i)

an sciar de cheangaltas lasmuigh den chlár comhardaithe i gcomparáid leis na sócmhainní iomlána infheistíochta agus an riosca creidmheasa a ghabhann leis.

5.   Chun críocha Airteagal 3, is iad seo a leanas na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha:

(a)

aon chosúlacht go bhfuil rioscaí suntasacha airgeadais ann nach dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais cistí dílse a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2033, go háirithe:

(i)

meán na gcaillteanas rioscaí oibriúcháin iomlán thar ollioncam le 5 bliana anuas;

(ii)

aon teagmhais oibríochtúla shuntasacha agus caillteanais airgeadais a ghabhann leo le 5 bliana anuas;

(iii)

an sciar de ghlanioncam an ghnólachta infheistíochta a thagann ó sheirbhísí nó ó ghníomhaíochtaí nach liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(b)

aon chosúlacht go bhfuil riosca suntasach ann maidir le teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), go háirithe:

(i)

castacht na hailtireachta TFC ar an iomlán, lena n-áirítear an sciar de sheirbhísí TFC seachfhoinsithe;

(ii)

líon na n-athruithe ábhartha sa timpeallacht TFC le 5 bliana anuas;

(iii)

aon chaillteanais mar thoradh ar theagmhais a raibh tionchar acu ar sheirbhísí criticiúla TFC le 5 bliana anuas;

(iv)

líon na gcibear-ionsaithe agus na gcaillteanas a bhain leo le 5 bliana anuas.

(c)

aon chosúlacht go bhfuil riosca suntasach ann maidir le ráta úis a thagann as gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála, go háirithe:

(i)

méid na n-idirbheart bunaithe ar rátaí úis nó ag brath ar rátaí úis ar bhealach eile, lasmuigh de leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta;

(ii)

beartas fálaithe an ghnólachta infheistíochta agus mí-ailíniú a d’fhéadfadh a bheith ann idir an suíomh agus an fál, lasmuigh de leabhar trádála an ghnólachta infheistíochta.

6.   Féadfaidh na húdaráis inniúla liosta na méadrachtaí cáilíochtúla táscacha a leagtar amach i mír 1 go mír 5 a fhairsingiú agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil méadrachtaí breise den sórt sin comhréireach le méid, castacht, samhail ghnó agus samhail oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta.

7.   Déanfaidh na húdaráis inniúla na méadrachtaí a leagtar amach i mír 1 go mír 5 a choigeartú agus bainfidh siad úsáid as na méadrachtaí coigeartaithe sin i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an mhéadracht iomchuí i bhfianaise shainfhoirm dhlíthiúil, athruithe struchtúracha, samhail ghnó agus oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta;

(b)

tá meastachán na méadrachta ródhian i bhfianaise mhéid agus chastacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta;

(c)

nach féidir an mhéadracht a mheas de bharr easpa sonraí iontaofa, i gcás nach dtagann sonraí den sórt sin faoi Airteagail 54 agus 55 de Rialachán (AE) 2019/2033 nó faoi Airteagal 39(2), pointe (j), de Threoir (AE) 2019/2034;

(d)

ní féidir meastachán na meadarachta a dhéanamh mar gheall ar easpa sonraí stairiúla iontaofa, rud a fhágann nach mbaineann an tréimhse anailíse stairiúil le hábhar. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh na húdaráis inniúla tréimhse na hanailíse stairiúla a theorannú go dtí an t-am atá caite ón bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta deireanach a leagtar amach in Airteagal 36 de Threoir (AE) 2019/2034.

I gcás nach féidir le húdaráis inniúla na méadrachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choigeartú, úsáidfidh údaráis inniúla méadrachtaí malartacha de réir mar is iomchuí, agus iad ag áirithiú go bhfuil méadrachtaí malartacha den sórt sin comhréireach le méid, castacht, samhail ghnó agus samhail oibriúcháin an ghnólachta infheistíochta.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 64.

(2)  Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1)

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún,)IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.


Top