This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1649
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1649 of 21 August 2023 initiating an investigation concerning possible circumvention of the anti-dumping measures imposed by Implementing Regulation (EU) 2021/1930 on imports of birch plywood originating in Russia, by imports of birch plywood consigned from Türkiye and Kazakhstan, whether or not declared as originating in Türkiye and Kazakhstan, and making imports of birch plywood consigned from Türkiye and Kazakhstan subject to registration
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, trí allmhairí sraithadhmaid beithe a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí sraithadhmaid beithe ón Tuirc agus ón gCasacstáin faoi réir a gcláraithe.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1649 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2023 lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, trí allmhairí sraithadhmaid beithe a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí sraithadhmaid beithe ón Tuirc agus ón gCasacstáin faoi réir a gcláraithe.
C/2023/5564
IO L 207, 22.8.2023, pp. 77–82
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
22.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 207/77 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1649 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Lúnasa 2023
lena dtionscnaítear imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún maidir le hallmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise, trí allmhairí sraithadhmaid beithe a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, agus lena gcuirtear allmhairí sraithadhmaid beithe ón Tuirc agus ón gCasacstáin faoi réir a gcláraithe.
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 (‘an bun-Rialachán) maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) agus 14(5) de,
Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
A. IARRAIDH
|
(1) |
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) (‘an bun-Rialachán’), chun imscrúdú a dhéanamh ar imchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise agus lena gcuirtear allmhairí sraithadhmaid beithe a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, faoi réir a gcláraithe. |
|
(2) |
Chuir Woodstock Consortium (‘an t-iarratasóir’) an iarraidh isteach an 10 Iúil 2023. |
B. AN TÁIRGE
|
(3) |
Is éard atá sa táirge a mbaineann an t-imchéimniú féideartha leis sraithadhmad arb é atá ann leatháin adhmaid, nach bhfuil níos mó ná 6 mm ar tiús i ngach sraith díobh, a bhfuil sraitheanna seachtracha adhmaid iontu atá sonraithe faoi fho-cheannteideal 4412 33, ag a bhfuil sraith sheachtrach adhmaid beithe amháin ar a laghad, bídís brataithe nó ná bíodh, a bhí aicmithe dáta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún (2) faoi chód ex 4412 33 00 (cód TARIC 4412330010) agus de thionscnamh na Rúise (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ina leith. Is ionann an táirge atá faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, atá faoi láthair faoi chód CN 4412 33 10 (3) ach a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh (cóid TARIC 4412331010 agus 4412331020 (‘an táirge atá faoi imscrúdú’). |
C. BEARTA ATÁ ANN CHEANA
|
(4) |
Is iad na bearta atá i bhfeidhm agus a d’fhéadfadh a bheith á n-imchéimniú faoi láthair, bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún (‘na bearta atá ann cheana’). |
D. FORAS
|
(5) |
Is leor an fhianaise san iarraidh lena léiriú go bhfuil na bearta frithchúitimh atá ann cheana ar allmhairí an táirge lena mbaineann á n-imchéimniú trí allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú. Léiríonn an fhianaise san iarraidh an méid seo a leanas: |
|
(6) |
Tháinig athrú ar phatrún trádála na n-onnmhairí ón Rúis, agus onnmhairí ón Tuirc agus ón gCasacstáin freisin chuig an Aontas tar éis fhorchur na mbeart frithdhumpála atá ann cheana. |
|
(7) |
Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta, is é sin cur chun bealaigh an táirge lena mbaineann tríd an Tuirc agus tríd an gCasacstáin chuig an Aontas. |
|
(8) |
Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise, mar gheall ar na cleachtais thuasluaite, go bhfuil an bonn á bhaint ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá ann cheana ar an táirge lena mbaineann ó thaobh cainníochta agus praghsanna de. Is cosúil gur tháinig méideanna suntasacha d’allmhairí an táirge faoi imscrúdú isteach i margadh an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, is leor an fhianaise lena léiriú gur ar phraghsanna díobhálacha a dhéantar allmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(9) |
Ar deireadh, léiríonn an fhianaise gur praghsanna dumpáilte iad praghsanna an táirge faoi imscrúdú i ndáil leis an ngnáthluach a suíodh roimhe seo don táirge lena mbaineann, arna choigeartú mar gheall ar bhoilsciú praghsanna agus méaduithe ar costais a tharla ón tréimhse imscrúdúcháin a úsáideadh nuair a forchuireadh na bearta atá ann cheana. |
|
(10) |
Le linn an imscrúdaithe, má aithnítear cleachtais imchéimniúcháin a chumhdaítear le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán, seachas an ceann thuasluaite, féadfaidh an t-imscrúdú na cleachtais sin a chumhdach freisin. |
E. AN NÓS IMEACHTA
|
(11) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leor an fhianaise atá ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán agus chun allmhairí an táirge faoi imscrúdú a chur faoi réir a gcláraithe, i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
|
(12) |
Chun an fhaisnéis is gá a fháil don imscrúdú sin, ba cheart do gach páirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach, ach tráth nach déanaí ná an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. Tá feidhm ag an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán seo maidir leis na páirtithe leasmhara uile. Féadfar faisnéis a lorg freisin ar thionscal an Aontais de réir mar is iomchuí. |
|
(13) |
Cuirfear údaráis na Tuirce, na Casacstáine agus na Rúise ar an eolas faoi thionscnamh an imscrúdaithe. |
(a) Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
|
(14) |
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críche an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú. |
|
(15) |
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfear leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair (4)’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear i modh rún leo. |
|
(16) |
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Lena hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara’ . Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar substaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta. |
|
(17) |
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thaispeáint le hiarraidh gur i modh rúin leis a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a léiriú go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart. |
|
(18) |
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. |
|
(19) |
Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. |
|
(20) |
Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil agus go seiceáiltear é ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás ina n-iarrfaidh siad go soiléir na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do na páirtithe leasmhara na treoracha cumarsáide a cheadú leis na páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas. |
|
(21) |
Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi Ríomhphost: TRADE-TRADE-R799-BIRCH-PLYWOOD-AC-TURKEY@ec.europa.eu TRADE-TRADE-R799-BIRCH-PLYWOOD-AC-KAZAKHSTAN@ec.europa.eu |
(b) Faisnéis a bhailiú agus éisteachtaí a thionól
|
(22) |
Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus aon chomhlachas ábhartha a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil ar choinníoll go ndéanfar na haighneachtaí sin faoin sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 3(2). Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh. |
(c) Iarrataí ar dhíolúintí
|
(23) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge faoi imscrúdú a dhíolmhú ó bhearta mura bhfuil imchéimniú i gceist leis an allmhairiú. |
|
(24) |
Ós rud é gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an t-imchéimniú féideartha, féadfar díolúintí a dheonú, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán, do tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sa Tuirc agus sa Chasacstáin más féidir leo a léiriú nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimniúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán. Táirgeoirí ar mian leo díolúine a fháil, más ann dá leithéid, ba cheart dóibh teacht chun cinn laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo. Cóipeanna den cheistneoir a bhaineann leis an bhfoirm iarrtha díolúine, ar foirm í le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Tuirc agus sa Chasacstáin agus na ceistneoirí le haghaidh allmhaireoirí san Aontas, tá siad ar fáil sa chomhad lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2677. Ní mór na ceistneoirí a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 3(2) den Rialachán seo. |
F. CLÁRÚCHÁN
|
(25) |
De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, má léiríonn toradh an imscrúdaithe go raibh imchéimniú á dhéanamh, cuirfear allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe d’fhonn a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála de mhéid iomchuí a ghearradh, méid nach mó ná an dleacht iarmharach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún, ón dáta a forchuireadh clárú na n-allmhairí sin. |
G. TEORAINNEACHA AMA
|
(26) |
Ar mhaithe le dea-riarachán, ba cheart teorainneacha ama a shonrú:
|
|
(27) |
Tugtar chun suntais go bhfuil feidhmiú na gceart nós imeachta a leagtar amach sa bhun-Rialachán ag brath ar pháirtithe a chuirfidh iad féin in iúl laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán seo. |
H. NEAMH-CHOMHOIBRIÚ
|
(28) |
Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí dearfacha nó diúltacha a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(29) |
I gcás ina ndéanfar amach gur chuir páirtí leasmhar faisnéis ar fáil a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus féadfar na fíorais atá ar fáil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(30) |
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, más ar na fíorais atá ar fáil a bhunófar na torthaí i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige. |
I. SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE
|
(31) |
Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
J. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(32) |
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, tugtar faoi deara go gcaithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(33) |
Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine aonair ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W |
K. An tOIFIGEACH ÉISTEACHTA
|
(34) |
Féadfaidh na páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta. |
|
(35) |
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha. |
|
(36) |
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I bprionsabal, na tréimhsí ama a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Rialachán seo chun éisteachtaí os comhair sheirbhísí an Choimisiúin a iarraidh, tá feidhm mutatis mutandis acu maidir le hiarrataí ar éisteachtaí os comhair an Oifigigh Éisteachta. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú freisin ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe. |
|
(37) |
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tionscnaítear imscrúdú de bhun Airteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2016/1036 chun a chinneadh an bhfuil na hallmhairí seo a thagann isteach san Aontas ag imchéimniú na mbeart arna bhforchur ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún, is iad sin allmhairí sraithadhmaid arb é atá ann leatháin adhmaid, nach bhfuil níos mó ná 6 mm ar tiús i ngach sraith díobh, a bhfuil sraitheanna seachtracha adhmaid iontu atá sonraithe faoi fho-cheannteideal 4412 33, ag a bhfuil sraith sheachtrach adhmaid beithe amháin ar a laghad, bídís brataithe nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chód CN 4412 33 10, a chuirtear chun bealaigh ón Tuirc agus ón gCasacstáin, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce agus na Casacstáine iad nó ná bíodh, (cóid TARIC 4412331010 agus 4412331020).
Airteagal 2
1. De bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, glacfaidh údaráis chustaim na mBallstát na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí isteach san Aontas a shainmhínítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
1. Ní mór do pháirtithe leasmhara iad féin a chur in iúl trí teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
2. Chun go gcuirfear a n-aighneachtaí a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus freagraí ar an gceistneoir, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta a fhoilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ach amháin má shonraítear a mhalairt.
3. Féadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Maidir le hiarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (IO L 394, 9.11.2021, lch. 7).
(3) Go dtí an 31 Nollaig 2021, ba é 4412330010 an cód TARIC ab infheidhme. Ón 1 Eanáir 2022, cuireadh cód TARIC 4412331010 ina ionad. Ón 1 Meán Fómhair 2022, cuireadh cód CN 4412 33 10 ina ionad sin.
(4) ‘Is doiciméad ‘ Íogair ’ doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).