Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1644

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1644 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/5685

    IO L 206, 21.8.2023, p. 64–68 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1644/oj

    21.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 206/64


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1644 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Lúnasa 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

    (2)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

    (4)

    Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

    (5)

    Tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún faoi thrí ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis in Albain, i limistéir chomhairle Aberdeenshire (1) agus Highland (1), agus in Oileán Lewis (1), ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 8 Lúnasa 2023 agus an 9 Lúnasa 2023.

    (6)

    Thairis sin, tá fógra tugtha ag na Stáit Aontaithe don Choimisiún faoi dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i stát Nua Eabhrac, ráigeanna a deimhníodh le hanailís saotharlainne (RT-PCR) an 29 Iúil 2023 agus 3 Lúnasa 2023.

    (7)

    Tar éis na ráigeanna sin le déanaí den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

    (8)

    Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc.

    (9)

    Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint.

    (10)

    Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe ar fáil maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

    (11)

    Go háirithe, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis i gcontae Cumbria, i Sasana, ráig a deimhníodh an 2 Iúil 2023.

    (12)

    Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinneadh chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a críoch.

    (13)

    Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach. Measann an Coimisiún go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha ag an Ríocht Aontaithe nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas í an staid sláinte ainmhithe ba chúis leis an bhfionraí, agus, dá bhrí sin, gur cheart teacht isteach san Aontas tráchtearraí éanlaithe clóis ón gcrios lena mbaineann sa Ríocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas curtha ar fionraí a athúdarú.

    (14)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

    (15)

    Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach á cur san áireamh, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

    (16)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Lúnasa 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

    (a)

    i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios GB-2.306:

    RA

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.306

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    2.7.2023

    4.8.2023’

    (ii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.309, GB-2.310 agus GB-2.311 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.308:

    RA

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.309

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    8.8.2023

     

    GB-2.310

    N, P1

     

    8.8.2023

     

    GB-2.311

    N, P1

     

    9.8.2023’

     

    (iii)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.457 agus US-2.458 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.456:

    SA

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.457

    BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

    N, P1

     

    29.7.2023

     

    US-2.458

    N, P1

     

    3.8.2023’

     

    (b)

    Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna GB-2.309, GB-2.310 agus GB-2.311 tar éis na tuairisce ar chrios GB-2.308:

    ‘An Ríocht Aontaithe

    GB-2.309

    in aice le Stornoway, Oileán Lewis, Albain, RA

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: N58.22 agus Domhanfhad: W6.25

    GB-2.310

    in aice le Portsoy, Aberdeenshire, Albain, RA

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: N57.67 agus Domhanfhad: W2.80

    GB-2.311

    i Lochcarron, Highland, Albain, GB

    An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas, Domhanleithead: N57.40 agus Domhanfhad: W5.50’

    (ii)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar chriosanna US-2.457 agus US-2.458 tar éis na tuairisce ar chrios US-2.456:

    ‘Na Stáit Aontaithe

    US-2.457

    Stát Nua Eabhrac

    Kings 04

    Kings County: Crios ciorclach dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 73.9673514°W 40.7336098°N)

    US-2.458

    Stát Nua Eabhrac

    Kings 05

    Kings County: Crios ciorclach dar ga 10 km dar tús pointe Thuaidh (comhordanáidí GPS: 73.9869471°W 40.7240856°N)’

    (2)

    in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

    (i)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chrios GB-2.306:

    RA

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.306

    POU, RAT

    N, P1

     

    2.7.2023

    4.8.2023

    GBM

    P1

     

    2.7.2023

    4.8.2023’

    (ii)

    san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna GB-2.309, GB-2.310 agus GB-2.311 tar éis an ró le haghaidh chrios GB-2.308:

    RA

    An Ríocht Aontaithe

    GB-2.309

    POU, RAT

    N, P1

     

    8.8.2023

     

    GBM

    P1

     

    8.8.2023

     

    GB-2.310

    POU, RAT

    N, P1

     

    8.8.2023

     

    GBM

    P1

     

    8.8.2023

     

    GB-2.311

    POU, RAT

    N, P1

     

    9.8.2023

     

    GBM

    P1

     

    9.8.2023’

     

    (iii)

    san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.457 agus US-2.458 tar éis na rónna le haghaidh chrios US-2.456:

    SA

    Na Stáit Aontaithe

    US-2.457

    POU, RAT

    N, P1

     

    29.7.2023

     

    GBM

    P1

     

    29.7.2023

     

    US-2.458

    POU, RAT

    N, P1

     

    3.8.2023

     

    GBM

    P1

     

    3.8.2023’

     


    Top