This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1641
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1641 of 11 August 2023 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Vaca de Extremadura’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1641 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Vaca de Extremadura’ (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1641 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Vaca de Extremadura’ (TGFC))
C/2023/5603
IO L 205, 18.8.2023, p. 7–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
18.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 205/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1641 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2023
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Vaca de Extremadura’ (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm ‘Vaca de Extremadura’ a in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Vaca de Extremadura’ a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ba cheart an t-ainm ‘Vaca de Extremadura’ (TGFC) a chlárú.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.1. Feoil (agus scairteach) úr atá faoi Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Lúnasa 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 130, 14.4.2023, lch. 20.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).