EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1634

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1634 ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/3501

IO L 203, 16.8.2023, p. 1–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1634/oj

16.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 203/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1634 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 7(8), Airteagal 10(8), an dara fomhír, agus Airteagal 15(8) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, soláthraítear modhanna mionsonraithe chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha a ríomh do mhonaróirí gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma.

(2)

Ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, tá na caighdeáin maidir le hastaíochtaí CO2 bunaithe ar shonraí astaíochtaí CO2 a chinntear i gcomhréir leis an Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma (WLTP) mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún (2). Leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2173 ón gCoimisiún (3) chun tabhairt isteach WLTP a chur san áireamh, trí shoiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le cinneadh i dtaca le cineálacha áirithe monaróirí. Mar sin féin, tá gá le soiléiriú breise do mhonaróirí atá ina gcomhaltaí de dhíorma chun foráil a dhéanamh maidir leis an modh ríofa le haghaidh na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh na mblianta féilire 2021 go 2024.

(3)

I gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, sonraítear an modh ríofa le haghaidh na spriocanna maolaithe is infheidhme sna blianta féilire 2021 go 2024. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is gá an modh ríofa a shonrú freisin le haghaidh na spriocanna maolaithe is infheidhme sna blianta féilire 2025 go 2028, dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (c), d’Airteagal 10(4) den Rialachán sin.

(4)

Chun idirdhealú a dhéanamh idir cás na mbonnfheithiclí iomlána agus neamhiomlána, ba cheart an sainmhíniú ar mhais tástála (‘TM’) a oiriúnú i dtaca le meánmhais tástála i gcileagraim gach feithicle tráchtála éadroime nua a leagtar amach i gCuid B, pointe 6.2.1., d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631.

(5)

In Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, sonraítear cineál agus formáid na sonraí maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua, sonraí atá le bailiú ag na Ballstáit, nó ag monaróirí, agus atá le tarchur chuig an gCoimisiún go bliantúil. Ar bhonn na taithí a fuarthas, is léir anois go bhféadfaí paraiméadair faireacháin áirithe a bhaint chun an próiseas faireacháin a éascú, ós rud é nach n-úsáidtear na paraiméadair sin chun na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha nó na meánastaíochtaí sonracha a ríomh, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bhaint gan cur isteach ar an measúnú láidir ar chomhlíonadh na monaróirí i ndáil lena spriocanna i leith astaíochtaí sonracha. Ina theannta sin, is gá paraiméadair nua áirithe a chur leis, go háirithe chun astaíochtaí CO2 na bhfeithiclí inseirbhíse a fhíorú. Is gá na hathruithe sin ar na paraiméadair a léiriú le haghaidh an chineáil sonraí atá le bailiú i gCuid A d’Iarscríbhinn II agus i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 agus freisin le haghaidh na bhformáidí don bhailiú sonraí i gCuid B d’Iarscríbhinn II agus i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(6)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, sonraítear nós imeachta do mhonaróirí chun astaíochtaí CO2 agus luachanna maise a ríomh i gcás feithiclí tráchtála éadroma ar ina leith a dhéantar cineálcheadú i gcéimeanna éagsúla. I gcás bonnfheithicil neamhiomlán aonair, tá mais na feithicle le ríomh i gcomhréir le Cuid A, pointe 1.2.4, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, agus an luach corpmhaise (B0) á chur san áireamh, luach a socraíodh ag 1,375 le haghaidh na ríomhanna a bhaineann leis an mbliain féilire 2021. I gcás na mblianta féilire ó 2022 go 2024, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an luach sin bunaithe ar mheánmhais i riocht feidhmithe na mbonnfheithiclí neamhiomlána nua a cláraíodh san Aontas sna blianta féilire 2018, 2019 agus 2020.

(7)

In éagmais na sonraí deiridh faireacháin CO2 le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma i gcás na bliana féilire 2020, ní fhéadfaí an t-athbhreithniú ar an luach B0 a thabhairt chun críche faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 mar a fhoráiltear i gCuid A, pointe 1.2.4, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631. Ós rud é gurbh é ba thoradh ar athbhreithniú a dhéanamh ar an luach B0, agus úsáid á baint as na sonraí le haghaidh na mblianta féilire 2018 agus 2019 amháin, luach a bhí an-ghar don luach B0 atá ann faoi láthair agus chun an cur chun feidhme a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do na monaróirí lena mbaineann, is iomchuí an luach B0 is infheidhme faoi láthair a choinneáil le haghaidh na bliana féilire 2022. I gcás na mblianta féilire 2023 agus 2024, ríomhadh an luach athbhreithnithe B0 bunaithe ar na sonraí deiridh faireacháin le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma i gcás na mblianta féilire 2018, 2019 agus 2020. Thairis sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do mhonaróirí tar éis 2024, is gá a shoiléiriú go bhfuil an luach athbhreithnithe B0 fós infheidhme freisin sna blianta tar éis 2024.

(8)

I dtaca leis na bealaí éagsúla chun an tionchar aeraidinimiciúil a chinneadh i gcás bhonnfheithiclí neamhiomlána N1, tá gá le soiléiriú chun iad a chur san áireamh ar bhealach níos fearr mar chuid den ríomh chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2.

(9)

Tá faisnéis áirithe a bhaineann go háirithe le nós imeachta tástála rialála NEDC atá imithe i léig i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631, agus, dá bhrí sin, ba cheart í a scriosadh.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/631 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag na pointí seo a leanas ón 1 Eanáir 2024:

(a)

pointe (1)(a)(ii) agus (iii) agus pointe (2)(b) agus (c) d’Iarscríbhinn II;

(b)

pointe (1)(a)(iii) agus (v) agus pointe (3)(c) agus (e) d’Iarscríbhinn III.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)  Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2173 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun na paraiméadair faireacháin a thabhairt cothrom le dáta agus gnéithe áirithe a bhaineann leis an athrú ar an nós imeachta tástála rialála a shoiléiriú (IO L 433, 22.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe 3d seo a leanas isteach:

‘3d.

I gcás díorma a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 6, cinnfear sprioc thagartha WLTP i leith astaíochtaí sonracha ar bhonn luachanna WLTPCO2, NEDCCO2 agus NEDCsprioc2020 arna ríomh le haghaidh an díorma sin ina n-iomláine.

I gcás díorma a dhéantar as an nua sna blianta 2021 go 2024 nó i gcás athrú ar chomhaltas díorma a bhí ann in 2020, ríomhfar sprioc thagartha WLTP i leith astaíochtaí sonracha ar bhonn luachanna WLTPCO2, NEDCCO2 agus NEDCsprioc2020 le haghaidh an díorma nua ina n-iomláine.’;

(b)

i bpointe 5, cuirtear isteach an pointe (c) seo a leanas:

‘(c)

Maidir le monaróir ar deonaíodh maolú dó i gcomhréir i gcomhréir le hAirteagal 10(4) le haghaidh aon cheann de na blianta féilire ó 2025 go 2028, ríomhfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha (Sprioc maolaithe 2025-2028) mar a leanas:

Sprioc maolaithe 2025-2028 =

Formula
·
Formula
·Sprioc2021·(1 – fachtóir laghdaithe2025)

Maidir le monaróir den sórt sin nach raibh freagrach as gluaisteáin nua paisinéirí a chlárú in 2020 nó ar ina leith atá WLTPCO2, mar a shainmhínítear i bpointe 3, nó NEDCCO2, mar a shainmhínítear i bpointe 3, nialasach, ríomhfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha (sprioc maolaithe2025-2028) mar seo a leanas:

Sprioc maolaithe 2025-2028 =

Formula
· Sprioc2021 · (1 – fachtóir laghdaithe2025)

I gcás inarb é:

WLTPCO2, tomhaiste

meánluach WLTPCO2,tomhaiste, mar a shainmhínítear i bpointe 6.0, i gcás na monaróirí aonair uile a bhfuil feidhm ag sprioc i leith astaíochtaí sonracha maidir leo i gcomhréir le pointe 4, arna ualú de réir líon na ngluaisteán paisinéirí nua a chláraítear in 2020;

WLTPCO2

meánluach WLTPCO2, mar a shainmhínítear i bpointe 3, i gcás na monaróirí aonair uile a bhfuil feidhm ag sprioc i leith astaíochtaí sonracha maidir leo i gcomhréir le pointe 4, arna ualú de réir líon na ngluaisteán paisinéirí nua a chláraítear in 2020;

NEDCCO2

meánluach NEDCCO2, mar a shainmhínítear i bpointe 3, i gcás na monaróirí aonair uile a bhfuil feidhm ag sprioc i leith astaíochtaí sonracha maidir leo i gcomhréir le pointe 4, arna ualú de réir líon na ngluaisteán paisinéirí nua a chláraítear in 2020;

WLTPCO2, ind

cothrom le WLTPCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3;

NEDCCO2, ind

cothrom le NEDCCO2 mar a shainmhínítear i bpointe 3;

fachtóir laghdaithe2025

an laghdú dá tagraítear in Airteagal 1(4), pointe (a);

Sprioc2021

laghdú 45 % ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra sin in 2007.’;

(2)

leasaítear Cuid B mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe 3d seo a leanas isteach:

‘3d.

I gcás díorma a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 6, cinnfear sprioc thagartha WLTP i leith astaíochtaí sonracha ar bhonn luachanna WLTPCO2, NEDCCO2 agus NEDCsprioc2020 arna ríomh le haghaidh an díorma sin ina n-iomláine.

I gcás díorma a dhéantar as an nua sna blianta 2021 go 2024 nó i gcás athrú ar chomhaltas díorma a bhí ann in 2020, ríomhfar sprioc thagartha WLTP i leith astaíochtaí sonracha ar bhonn luachanna WLTPCO2, NEDCCO2 agus NEDCsprioc2020 le haghaidh an díorma nua ina n-iomláine.’;

(b)

i bpointe 6.2.1., in ionad na foclaíochta:

‘TM

meánmhais tástála i gcileagraim (kg) gach feithicle tráchtála éadrom nua de chuid an mhonaróra cláraithe sa bhliain féilire ábhartha;’

cuirtear an méid seo a leanas:

‘TM

meánmhais tástála i gcileagraim (kg) gach feithicle tráchtála éadrom nua de chuid an mhonaróra cláraithe sa bhliain féilire ábhartha.

I gcás bonnfheithicil iomlán a bhaineann le feithicil chríochnaithe, is í mais tástála na bonnfheithicle sin an mhais tástála atá le breithniú.

I gcás bonnfheithicil neamhiomlán a bhaineann le feithicil chríochnaithe, is é an luach DMbonn arna chinneadh i gcomhréir le pointe 1.2.4.(a) de Chuid A d’Iarscríbhinn III an luach maise tástála atá le breithniú;’.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe 1a mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Déanfaidh na Ballstáit, i gcás gach bliana féilire, na sonraí mionsonraithe seo a leanas a thaifeadadh i leith gach gluaisteáin nua paisinéirí a chlárófar mar fheithicil M1 ar a gcríoch agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 7(2) san fhormáid a leagtar amach i gCuid B, Roinn 2A:’;

(ii)

cuirtear an pointe (5a) seo a leanas isteach:

‘(5a)

Aitheantóir aicme an ualaigh friotaíochta bóthair nó aitheantóir aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair;’;

(iii)

cuirtear an pointe (9 a) seo a leanas isteach:

‘(9a)

Saintréith a chomhfhreagraíonn do na forálacha a úsáidtear maidir le cineálcheadú;’;

(iv)

scriostar pointí (19), (22), (23) agus (24);

(v)

scriostar an dara mír;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Maidir leis na sonraí mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1a., gheofar iad ó dheimhniú comhréireachta an ghluaisteáin ábhartha paisinéirí mura léirítear a mhalairt i gCuid B, Roinn 2A den Iarscríbhinn seo.’;

(2)

i gCuid B, Roinn 2A, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

sa chéad cholún, sa chéad iontráil, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil ‘Tagairt do phointe 1 agus 1a de Chuid A’:

‘Tagairt do phointe 1a de Chuid A’;

(b)

cuirtear isteach an iontráil (5a) seo a leanas:

‘(5a)

Aitheantóir aicme an ualaigh friotaíochta bóthair nó aitheantóir aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair

0.2.3.4.

0.2.3.5’

(c)

cuirtear isteach an iontráil (9 a) seo a leanas:

‘(9 a)

Saintréith a chomhfhreagraíonn do na forálacha a úsáidtear maidir le cineálcheadú

47’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil (14):

‘(14)

Cineál breosla

26

Modh breosla

26.1

23 (i gcás feithiclí ceallra-leictreacha)

23.1 (i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh)’

(e)

scriostar na hiontrálacha (19)((19), (22), (23) agus (24);

(f)

scriostar nóta 4


IARSCRÍBHINN III

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/631 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Cuid A mar a leanas:

(a)

leasaítear pointe 1.1a. mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil agus na foclaíochta tosaigh:

‘1.1a.

Tuairisciú na mBallstát maidir le feithiclí a chláraítear mar fheithiclí N1

Déanfaidh na Ballstáit, i gcás gach bliana féilire, na sonraí mionsonraithe seo a leanas a thaifeadadh i leith gach feithicle tráchtála éadroime nua a chlárófar mar fheithicil N1 ar a gcríoch agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 7(2) san fhormáid a leagtar amach i gCuid C, Roinn 2a:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

an monaróir (i gcás feithiclí críochnaithe: monaróir na bonnfheithicle);’;

(iii)

cuirtear isteach an pointe (5a) seo a leanas:

‘(5a)

Aitheantóir aicme an ualaigh friotaíochta bóthair nó aitheantóir aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair;’;

(iv)

cuirtear isteach an pointe (7a) seo a leanas:

‘(7a)

Feithicil iomlán nó chríochnaithe;’;

(v)

cuirtear isteach an pointe (9a) seo a leanas:

‘(9a)

Saintréith a chomhfhreagraíonn do na forálacha a úsáidtear maidir le cineálcheadú;’;

(vi)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

‘(12)

Mais i riocht feidhmithe na feithicle iomláine nó críochnaithe;’;

(vii)

cuirtear isteach an pointe (12a) seo a leanas:

‘(12a)

I gcás feithiclí críochnaithe, mais i riocht feidhmithe na bonnfheithicle;’;

(viii)

scriostar pointí (19), (23), (24) agus (25);

(ix)

scriostar an dara mír;

(b)

scriostar pointí 1.2.1. agus 1.2.1.2a;

(c)

leasaítear pointe 1.2.2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘Maidir le gach feithicil chríochnaithe nua a thuairiscíonn na Ballstáit i gcomhréir le pointe 1.1a., déanfaidh monaróir na bonnfheithicle na sonraí a shonraítear i bpointe (a) agus (b) den phointe seo a thuairisciú don Choimisiún le haghaidh gach bonnfheithicle a bhfuil an uimhir aitheantais feithicle céanna aici agus atá ag an bhfeithicil chríochnaithe. Déanfar na sonraí a thuairisciú laistigh de 3 mhí ón dáta a dtugtar fógra don mhonaróir maidir leis na sonraí sealadacha i gcomhréir le hAirteagal 7(4), an dara fomhír.’;

(ii)

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘aitheantóir aicme idirshuímh feithiclí dá dtagraítear i mír 6.2.6 de Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe’;

scriostar pointí (iv), (v) agus (viii);

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (vii):

‘(vii)

mais i riocht feidhmithe na bonnfheithicle neamhiomláine.’;

(iii)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

‘(iv)

mais i riocht feidhmithe na bonnfheithicle iomláine.’;

(d)

i bpointe 1.2.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘I gcás nach dtuairiscíonn monaróir na bonnfheithicle na sonraí dá dtagraítear i bpointe 1.2.2, úsáidfear na hastaíochtaí sonracha CO2 agus an mhais i riocht feidhmithe a thuairiscíonn na Ballstáit don fheithicil chríochnaithe ghaolmhar, i gcomhréir le pointe 1.1a., chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu a thagann nó nach dtagann an fheithicil faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus chun meánastaíochtaí sonracha CO2 agus an sprioc i leith astaíochtaí sonracha de chuid mhonaróir na bonnfheithicle lena mbaineann a ríomh.’;

(e)

leasaítear pointe 1.2.4 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

‘I gcás monaróra, ag tosú ón mbliain féilire 2020, ríomhfaidh sé an faireachán ar astaíochtaí CO2 le haghaidh gach ceann dá bhunfheithiclí neamhiomlána aonair i gcomhréir leis an modh idirshuímh dá dtagraítear i mír 3.2.3.2. nó i mír 3.2.4. d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe, agus úsáid á baint as an modh céanna a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh chineálcheadú CE na bonnfheithicle maidir lena hastaíochtaí, i gcás ina sainmhíneofar na téarmaí sna pointí sin, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas:’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Mais na feithicle aonair

Cuirfear mais réamhshocraithe na bonnfheithicle, DMbonn, in ionad an téarma ‘TMind’ dá dtagraítear i mír 3.2.3.2.2.1 nó i mír 3.2.4.1.1.1 d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe. I gcás ina bhfuil DMbase níos ísle ná mais tástála íosphointe feithicle na haicme idirshuímh (TML), cuirfear TML in ionad TMind. I gcás ina bhfuil DMbonn níos airde ná mais tástála uasphointe feithicle na haicme idirshuímh (TMH), cuirfear TMH in ionad TMind.

Cinnfear DMbonn i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

DMbonn = MRObonn × B0 + 25 kg + 0,28 × (TPMLM – MRObonn × B0 – 25 kg)

I gcás inarb é:

MRObonn

mais i riocht feidhmithe na bonnfheithicle mar a shainmhínítear i mír 3.2.5 de Rialachán Uimh. 154 na Náisiún Aontaithe;

B0

luach corpmhaise 1,375 go dtí an bhliain féilire 2022 agus 1,351 le haghaidh na mblianta féilire 2023 go dtí 2034;

TPMLM

an mhais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 3.2.23 de Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Friotaíocht rollta na feithicle aonair

Úsáidfear friotaíocht rollta na bonnfheithicle chun críocha mhír 3.2.3.2.2.2 nó mhír 3.2.4.1.1.2 d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe.’

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Tionchar aeraidinimiciúil na feithicle aonair

I gcás bonnfheithicil neamhiomlán a bhaineann le haicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair, cinnfidh an monaróir an téarma ‘Af,ind’ dá dtagraítear i mír 3.2.4.1.1.3 d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe i gcomhréir le ceann de na roghanna seo a leanas:

(i)

limistéar tosaigh feithicle ionadaíche aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair, in m2;

(ii)

meánluach limistéir tosaigh uasphointe agus íosphointe feithicle na haicme idirshuímh, in m2;

(iii)

limistéar tosaigh uasphointe feithicle na haicme idirshuímh, i gcás nach n-úsáidtear an modh idirshuímh, in m2.

I gcás bonnfheithicil neamhiomlán nach mbaineann le haicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair, déanfar an téarma ‘f2,ind’ dá dtagraítear i mír 3.2.3.2.2.4 d’Iarscríbhinn B7 a ghabhann le Rialachán 154 na Náisiún Aontaithe a shocrú cothrom le ceann amháin díobh seo leanas:

(i)

meánluach na dtéarmaí ‘f2,L agus ‘f2,H’ dá dtagraítear sa phointe sin;

(ii)

an téarma ‘f2,H’ dá dtagraítear sa phointe sin.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

‘2.

Maidir leis na sonraí mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe 1.1.a., gheofar iad ó dheimhniú comhréireachta na feithicle tráchtála éadroime ábhartha mura léirítear a mhalairt i gCuid C, Roinn 2a.’;

(2)

Scriostar Cuid B;

(3)

I gCuid B, leasaítear Roinn 2a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal an chéad cholúin “Tagairt do phointe 1 agus 1a de Chuid A”:

‘Tagairt do Chuid A, pointe 1.1a’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil (1):

‘(1)

Ainm an mhonaróra (aicmiú caighdeánach AE) (1)

An t-ainm arna shannadh ag an gCoimisiún

Ainm an mhonaróra (2)

0.5, nó i gcás feithiclí atá faoi réir cineálcheadú ilchéime, 0.5.1 (ainm mhonaróir na bonnfheithicle)’

(c)

cuirtear isteach an iontráil (5a) seo a leanas:

‘(5a)

Aitheantóir aicme an ualaigh friotaíochta bóthair nó aitheantóir aicme maitríse an ualaigh friotaíochta bóthair

0.2.3.4.

0.2.3.5.’

(d)

cuirtear isteach an iontráil (7 a) seo a leanas:

‘(7 a)

Feithicil iomlán nó chríochnaithe

0.4’

(e)

cuirtear isteach an iontráil (9 a) seo a leanas:

‘(9 a)

Saintréith a chomhfhreagraíonn do na forálacha a úsáidtear maidir le cineálcheadú

47’

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil (12):

‘(12)

Mais i riocht feidhmithe na feithicle iomláine nó críochnaithe

13’

(g)

cuirtear isteach an iontráil (12 a) seo a leanas:

‘(12 a)

Mais i riocht feidhmithe na bonnfheithicle (i gcás feithicil chríochnaithe)

14’

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil (14):

‘(14)

Cineál breosla

26

Modh breosla

26.1

23 (i gcás feithiclí ceallra-leictreacha)

23.1 (i gcás feithiclí leictreacha hibrideacha luchtaithe sheachtraigh)’

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil (22):

‘(22)

Mais uasta ualaithe atá incheadaithe go teicniúil (TPMLM)

16.1’

(j)

scriostar na hiontrálacha (19), (23), (24) agus (25);

(k)

scriostar nóta 4.


Top