EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1619

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1619 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2023 maidir le bearta éigeandála sealadacha lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar fhorálacha áirithe de Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun fadhbanna sonracha a réiteach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona a raibh teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha ina gcúis leo

C/2023/5341

IO L 199, 9.8.2023, p. 96–100 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1619/oj

9.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 199/96


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1619 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2023

maidir le bearta éigeandála sealadacha lena maolaítear i leith na bliana 2023 ar fhorálacha áirithe de Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun fadhbanna sonracha a réiteach in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus in earnáil an fhíona a raibh teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha ina gcúis leo

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 221(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha thromchúiseacha i roinnt réigiún Ballstát in earrach na bliana 2023, rinneadh damáiste mór do tháirgeadh torthaí agus glasraí. Sa Spáinn, tá an táirgeadh atá beartaithe i réigiún na Catalóine laghdaithe 50 % ar a laghad de bharr triomaigh, agus an tráth céanna scriosadh táirgeadh sa réigiún Emilia-Romagna san Iodáil de bharr tuile. D’imir an triomach tionchar tromchúiseach freisin ar an leibhéal táirgthe agus ar a cháilíocht i roinnt réigiún sa Fhrainc agus sa Phortaingéil.

(2)

I bhfianaise theagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha thromchúiseacha earrach 2023, tá deacrachtaí ag go leor eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a gcláir oibríochtúil fhormheasta a chur chun feidhme. Ní chuirfear roinnt gníomhaíochtaí agus bearta formheasta chun feidhme in 2023 agus, dá bhrí sin, ní chaithfear cuid de na cistí oibriúcháin. Tá eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta eile agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta eile ag leasú a gcláir oibríochtúil d’fhonn gníomhaíochtaí agus bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na dteagmhas díobhálach meitéareolaíoch in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, amhail bearta bainistithe géarchéime.

(3)

Féadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta bearta géarchéime agus coisctheacha a chur chun feidhme in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, mar chuid dá gclár oibríochtúil formheasta, ar bearta iad atá ceaptha a n-athléimneacht in aghaidh suaitheadh sa mhargadh a mhéadú. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 33(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní chuimseoidh na bearta sin chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú níos mó ná aon trian den chaiteachas faoin gclár oibríochtúil. Chun níos mó solúbthachta a sholáthar do na heagraíochtaí táirgeoirí sin agus chun a chur ar a gcumas dóibh na hacmhainní faoi chláir oibríochtúla a dhíriú ar aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa mhargadh de bharr bearta a bhaineann leis na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin sa bhliain 2023. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sealadach sin maidir le cláir oibríochtúla a leanann de bheith ag oibriú faoi na coinníollacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhréir le hAirteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(4)

Ina theannta sin, ní mór d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta a bheith in ann cistí a atreorú, lena n-áirítear cúnamh airgeadais ón Aontas laistigh dá gciste oibriúcháin comhfhreagrach, chuig na gníomhaíochtaí agus na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí theagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023. Chun a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in ann déanamh amhlaidh, is gá an teorainn ar chúnamh airgeadais ón Aontas a leagtar síos in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéadú sa bhliain 2023 ó 50 % go 60 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú sealadach sin maidir le cláir oibríochtúla a leanann de bheith ag oibriú faoi na coinníollacha is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhréir leis an bhforáil idirthréimhseach a leagtar síos in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2117.

(5)

Rinneadh difear mór d’earnáil fíona an Aontais freisin de dheasca theagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023, earnáil ina raibh deacrachtaí eisceachtúla ann do shaothraithe fíniúna atá lonnaithe i réigiúin na mBallstát lena mbaineann. Go háirithe, de bharr na ndálaí aimsire eisceachtúla cuireadh cosc ar shaothraithe fíniúna oibreacha a dhéanamh ar a bhfíonghoirt, ar oibreacha iad a dhéantar san earrach de ghnáth, amhail glanadh agus ullmhú na hithreach, plandú fíniúnacha nua nó beangú. Sna réigiúin atá buailte ag an triomach eisceachtúil, ní féidir gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh de dheasca thriomacht na hithreach agus na ndálaí thar a bheith neamhfhabhrach chun planduithe nua a fhás, sna réigiúin atá buailte ag tuilte, ní féidir gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh mar nach bhfuil na fíonghoirt inrochtana nó go bhfuil siad scriosta de bharr maiseanna uisce.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 62(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go mbeidh údaruithe um plandú, lena n-áirítear údaruithe um plandú nua agus údaruithe um athphlandú, bailí go ceann 3 bliana ón dáta a deonaíodh iad. Leagtar síos in Airteagal 68(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin go bhfuil an tréimhse bhailíochta chéanna ag údaruithe a dheonaítear tar éis cearta um plandú a thiontú agus atá ag na bunchearta um plandú. Laistigh de thréimhse bhailíochta gach údaraithe ar leith, de ghnáth ullmhaíonn saothraithe fíniúna an ithir san fhómhar agus faigheann siad na fíniúnacha nua, a chuirtear ansin le linn an earraigh mar gurb é an t-earrach an tréimhse is oiriúnaí den bhliain le haghaidh plandú.

(7)

De dheasca na dteagmhas díobhálach meitéareolaíoch, cuireadh cosc ar shaothraithe fíniúna a bhfuil údarú um plandú acu atá le húsáid sna réigiúin a ndearnadh difear dóibh agus a rachaidh in éag in 2023 úsáid a bhaint as údarú le linn an earraigh sa bhliain dheireanach dá bhailíocht mar a bhí beartaithe. Ós rud é nach féidir a thuar cá fhad a mhairfidh teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha den sórt sin agus a n-iarmhairtí, ní cinnte go mbeidh an deis ag na saothraithe fíniúna sin a n-údarú um plandú a úsáid laistigh de na tréimhsí bailíochta atá ag gach ceann acu ar leith. Bheadh ar shaothraithe fíona na fíniúnacha a phlandú le linn an tséasúir the agus dá bhrí sin ag tráth den timthriall fáis nach bhfuil chomh hoiriúnach céanna, faoi dhálaí deacra agus ar chostas breise, tráth atá earnáil an fhíona thíos le dálaí margaidh neamhfhabhracha cheana féin.

(8)

Dá bhrí sin, agus chun cailliúint an údaraithe i gcomhair planduithe nó meath tapa ar na coinníollacha faoinar gá an plandú a dhéanamh a sheachaint, is gá cead a thabhairt gan mhoill síneadh a chur le bailíocht na n-údaruithe um plandú a rachaidh in éag sa bhliain 2023 i réigiúin a ndearna na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha difear dóibh. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 12 mhí breise a chur le bailíocht na n-údaruithe uile a rachaidh in éag in 2023, ar údaruithe iad a bheidh le húsáid sna réigiúin a ndearnadh difear dóibh, ón dáta a rachaidh siad in éag in 2023 atá ann faoi láthair ar aghaidh, chun ligean do shaothraithe fíniúna na fíniúnacha a phlandú in 2024.

(9)

I bhfianaise na ndeacrachtaí gan choinne atá ag saothraithe fíniúna i réigiúin a ndearnadh difear dóibh de bharr teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha, ba cheart cead a bheith ag na saothraithe fíniúna sin a n-údarú um plandú a rachaidh in éag sa bhliain 2023 a tharscaoileadh gan an pionós riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 62(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a thabhú mura mian leo a limistéar fíonghort a leathnú a thuilleadh.

(10)

Maidir le saothraithe fíniúna ag a bhfuil fíonghoirt a plandaíodh as an nua sna limistéir a ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear tromchúiseach dóibh sna réigiúin ghaolmhara agus a plandaíodh, in oirchill ar ghrafadh limistéir choibhéisigh, trí úsáid údaruithe um athphlandú a dheonaigh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 66(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is iomchuí síneadh bliana a chur leis an sprioc-am 4 bliana chun an limistéar a plandaíodh roimhe sin a ghrafadh. Tabharfaidh sé sin deis do shaothraithe fíniúna tairbhiú den limistéar a plandaíodh roimhe sin ar feadh bliain bhuaine bhreise mar chúiteamh ar an damáiste a rinneadh don fhíonghort a plandaíodh as an nua, ós rud é go bhféadfadh damáistí den sórt sin moill a chur ar thús úsáid a bhaint as limistéar a plandaíodh as an nua nó d’fhéadfadh sé nár mhór an limistéar a plandaíodh as an nua a phlandú arís. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 5, an dara mír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (3) freisin.

(11)

Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm le haghaidh an chaiteachais a tabhaíodh tar éis mhí na Nollag 2022 faoi na cláir náisiúnta thacaíochta in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Go háirithe, leagtar síos le hAirteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2117 go leanfaidh na cláir thacaíochta in earnáil an fhíona d’fheidhm a bheith acu go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023. Chun na críche sin, leanfaidh Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann le caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí a cuireadh chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2023. Ina theannta sin, leanfaidh Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu freisin maidir le caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí a chuirtear chun feidhme de bhun Airteagail 46 agus 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll go gcuirfear na hoibríochtaí sin chun feidhme i bpáirt faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 agus gur 30 % ar a laghad den chaiteachas iomlán a beartaíodh a bheidh sa chaiteachas.

(12)

Mar sin féin, de dheasca na ndeacrachtaí gan choinne a bhí ag saothraithe fíniúna tar éis iarmhairtí tromchúiseacha theagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023, tá sé dodhéanta do roinnt saothraithe fíniúna na hoibríochtaí faoi Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur chun feidhme chun an tairseach 30 % den chaiteachas nach mór a thabhú faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 a chomhlíonadh. Meastar, dá bhrí sin, gur gá an tairseach 30 % a laghdú go dtí tairseach 3 %, chun a áirithiú nach ngearrfar pionós gan ghá ar shaothraithe fíniúna a thosaigh ag cur an bhirt chun feidhme ach a bhfuil cosc orthu dul chun cinn a dhéanamh mar gheall ar na dálaí aimsire gan choinne agus gur féidir leo leanúint den bheart a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Níor cheart feidhm a bheith ag an tsolúbthacht sin ach amháin maidir le saothraithe fíniúna ag a bhfuil údarú um athphlandú atá le húsáid sna réigiúin a raibh tionchar ag teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 orthu.

(13)

Is fadhb shonrach í an staid fhoriomlán de réir bhrí Airteagal 221 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nach féidir aghaidh a thabhairt uirthi go héasca le bearta a dhéantar de bhun Airteagail 219 nó 220 den Rialachán sin. Níl baint shonrach ag an staid le suaitheadh uathúil sa mhargadh a sainaithníodh atá ann cheana nó le bagairt shonrach suaite. Níl baint aici le bearta a rachadh i ngleic le leathadh galar ainmhithe a chomhrac ná le laghdú ar mhuinín tomhaltóirí i ngeall ar bhaol sláinte don phobal, d’ainmhithe nó do phlandaí.

(14)

I bhfianaise chineál gan fasach theagmhais díobhálacha mheitéareolaíocha thromchúiseacha earrach 2023, is gá na deacrachtaí sin a laghdú trí mhaolú a dhéanamh ar fhorálacha áirithe de Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) 2021/2117 a mhéid a bhfuil fíorghá leis.

(15)

I bhfianaise an ghá atá ann gníomhú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe sealadacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le torthaí agus glasraí

1.   De mhaolú ar Airteagal 33(3), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní bheidh feidhm ag an teorainn aon trian den chaiteachas le haghaidh bearta chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú i bhfeidhm faoin gclár oibríochtúil dá dtagraítear san fhoráil sin in 2023 i leith na limistéar a ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear dóibh atá le sainaithint ag na Ballstáit.

2.   De mhaolú ar Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, an cúnamh airgeadais ón Aontas don chiste oibriúcháin dá dtagraítear san fhoráil sin a deonaíodh sa bhliain 2023 d’eagraíochtaí táirgeoirí nó do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear dóibh atá le sainaithint ag na Ballstáit, ní bheidh an cúnamh sin níos mó ná méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas le cistí oibriúcháin arna bhformheas ag na Ballstáit le haghaidh na bliana 2023 agus beidh sé teoranta do 60 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.

Airteagal 2

Maoluithe sealadacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le fíon

1.   De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an chéad abairt, agus Airteagal 68(2), an chéad fhomhír, an chéad abairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, maidir le húdaruithe um plandú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagail 62, 64, 66 agus 68 den Rialachán sin a rachaidh in éag sa bhliain 2023 agus atá le húsáid i réigiúin a ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear dóibh, ní rachaidh siad in éag ach 12 mhí tar éis a ndáta éaga tosaigh.

2.   De mhaolú ar Airteagal 62(3), an chéad fhomhír, an dara habairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, saothraithe fíniúna ag a bhfuil údarú um plandú a rachaidh in éag sa bhliain 2023 agus atá le húsáid i réigiúin a ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear dóibh, ní bheidh siad faoi réir pionóis riaracháin, ar choinníoll go gcuirfidh siad na húdaráis inniúla ar an eolas faoin 31 Nollaig 2023 nach bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as a n-údarú agus nach mian leo leas a bhaint as an síneadh bailíochta dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur leis an sprioc-am chun grafadh a dhéanamh suas go dtí deireadh an 5ú bliain ón dáta a plandaíodh na fíniúnacha nua i gcásanna ina ndearna teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha earrach 2023 difear tromchúiseach don limistéar nua-phlandaithe sa mhéid go gcuirtear moill ar thús úsáid a bhaint as an limistéar nua-phlandaithe nó gur gá an limistéar nua-phlandaithe a phlandú arís.

Laistigh de 2 mhí ón dáta a chuirfear an t-iarratas isteach ar shíneadh a chur leis an sprioc-am chun grafadh a dhéanamh, cuirfidh na Ballstáit an t-iarratasóir ar an eolas maidir lena iarratas a fhormheas nó a dhiúltú. I gcás ina ndiúltófar an t-iarratas, cuirfidh na Ballstáit na cúiseanna leis sin in iúl don iarratasóir.

Beidh feidhm ag Airteagal 5, an dara mír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 mura ndéanann an saothraí fíniúna an grafadh faoi dheireadh an sprioc-ama ar cuireadh síneadh leis.

Ní bheidh saothraithe fíniúna a bhaineann tairbhe as an síneadh sin incháilithe do thacaíocht don ghlasbhuaint dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 go dtí deireadh an sprioc-ama ar cuireadh síneadh leis, maidir leis an limistéar nua-phlandaithe nó maidir leis an limistéar atá le grafadh.

Airteagal 3

Maoluithe sealadacha ar na forálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 5(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2117 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Airteagail 39 go 52 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013

De mhaolú ar Airteagal 5(7), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2117, leanfaidh Airteagail 39 go 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 d’fheidhm a bheith acu tar éis an 31 Nollaig 2022 a mhéid a bhaineann le caiteachas a thabhaítear agus íocaíochtaí arna ndéanamh i leith oibríochtaí a cuireadh chun feidhme de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 roimh an 16 Deireadh Fómhair 2025, ar choinníoll:

(a)

faoin 15 Deireadh Fómhair 2023, go bhfuil na hoibríochtaí sin curtha chun feidhme i bpáirt ar a laghad agus gur 3 % ar a laghad den chaiteachas iomlán atá beartaithe an caiteachas a thabhaítear; agus

(b)

go ndéanfar na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme go hiomlán faoin 15 Deireadh Fómhair 2025.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an maolú seo ach amháin maidir le saothraithe fíniúna a bhfuil údarú um athphlandú acu atá le húsáid i réigiúin a bhfuil tionchar ag na teagmhais dhíobhálacha mheitéareolaíocha a tharla in earrach 2023 orthu.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 9 Lúnasa 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe um plandú, clár na bhfíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniú, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus na pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1).


Top