This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1490
Commission Regulation (EU) 2023/1490 of 19 July 2023 amending Regulation (EC) No 1223/2009 of the European Parliament and of the Council as regards the use in cosmetic products of certain substances classified as carcinogenic, mutagenic or toxic for reproduction (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2023/1490 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh a úsáid i dtáirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2023/1490 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh a úsáid i dtáirgí cosmaideacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/4766
IO L 183, 20.7.2023, p. 7–10
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.7.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 183/7 |
RIALACHÁN (AE) 2023/1490 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Iúil 2023
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh a úsáid i dtáirgí cosmaideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) agus Airteagal 15(2), an ceathrú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar foráil maidir le haicmiú comhchuibhithe substaintí mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó atá tocsaineach don atáirgeadh (CMR) bunaithe ar mheasúnú eolaíoch arna dhéanamh ag an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Déantar na substaintí a aicmiú mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, mar shubstaintí CMR de chatagóir 1B nó mar shubstaintí CMR de chatagóir 2 ag brath ar an leibhéal fianaise i dtaca lena n-airíonna CMR. |
(2) |
Le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, foráiltear maidir le toirmeasc a chur ar shubstaintí atá aicmithe mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, de chatagóir 1B nó de chatagóir 2 faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (substaintí CMR) a úsáid i dtáirgí cosmaideacha. Féadfar substaint CMR a úsáid i dtáirgí cosmaideacha, áfach, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír den Rialachán sin. |
(3) |
Chun an toirmeasc ar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den mhargadh inmheánach, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go háirithe le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis inniúla náisiúnta, agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, ba cheart gach substaint CMR a áireamh i liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc orthu in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, i gcás inarb ábhartha, é a scriosadh ó na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15(1), an dara habairt, de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 nó in Airteagal 15(2), an dara fomhír den Rialachán sin, ba cheart na liostaí de shubstaintí srianta nó ceadaithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú dá réir. |
(4) |
Cumhdaítear leis an Rialachán seo na substaintí a aicmítear mar shubstaintí CMR de réir Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gCoimisiún (3) (‘na substaintí ábhartha’). Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón 1 Nollaig 2023. |
(5) |
Níor cuireadh isteach aon iarraidh maidir le húsáid na substaintí ábhartha i dtáirgí cosmaideacha mar eisceacht air sin. |
(6) |
Níl na substaintí ábhartha srianta faoi láthair in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ná ceadaithe in Iarscríbhinní IV, V nó VI a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(7) |
Tá an tsubstaint aigéad 2-eitilheacsánóch (CAS Uimh. 149-57-5) liostaithe faoi láthair in iontráil 1024 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. Ní áirítear san iontráil sin, áfach, salainn na substainte sin, salainn atá aicmithe mar shubstaintí CMR [de chatagóir 1B] le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692. Ní liostaítear aon cheann de na substaintí ábhartha eile faoi láthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí sin a chur le liosta na substaintí a bhfuil toirmeasc orthu i dtáirgí cosmaideacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus ba cheart na salainn den tsubstaint aigéad 2-eitilheacsánóch a chur le hiontráil 1024 den Iarscríbhinn sin. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú dá réir. |
(9) |
Tá na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 bunaithe ar aicmithe na substaintí ábhartha mar shubstaintí CMR agus dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta céanna a bheidh feidhm ag na haicmithe sin. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Iúil 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 129, 3.5.2022, lch. 1–17).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1024:
|
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|