Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1489

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1489 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Edremit Zeytinyağı’ (ATFC))

C/2023/4857

IO L 183, 20.7.2023, p. 6–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1489/oj

20.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 183/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1489 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2023

lena gcláraítear ainm sa chlár um ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Edremit Zeytinyağı’ (ATFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun mhír 2(a) d’Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Tuirc ar chlárú an ainm ‘Edremit Zeytinyağı’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Toisc nár cuireadh aon ráiteas agóide de réir bhrí Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi bhráid an Choimisiúin, tá an t-ainm, ‘Edremit Zeytinyağı’ foilsithe anois,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm ‘Edremit Zeytinyağı’ (ATFC) cláraithe leis seo.

An t-ainm a luaitear sa chéad mhír, is é is ainm sainiúil ar tháirgí in Aicme 1.5. Olaí, saill agus geir (im, margairín, olaí, etc.) d’Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 106, 22.3.2023, lch. 9.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


Top