Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1488

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1488 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2023 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca gaineamh grianchloiche a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/4468

IO L 183, 20.7.2023, pp. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1488/oj

20.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 183/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1488 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2023

lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí ísealriosca gaineamh grianchloiche a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh gaineamh grianchloiche mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

Formheas na substainte gníomhaí gaineamh grianchloiche mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Lúnasa 2023 (5).

(4)

Cuireadh iarratas faoi bhráid na Laitvia, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Rómáine, an Ballstát is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí gaineamh grianchloiche a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (6) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin.

(5)

Chomh maith leis sin, chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’). Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(6)

D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 2 Márta 2021. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí an formheas ar ghaineamh grianchloiche a athnuachan.

(7)

Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(8)

An 16 Lúnasa 2022, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (7) go bhféadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh gaineamh grianchloiche na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(9)

Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le gaineamh grianchloiche agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 8 Nollaig 2022 agus an 25 Bealtaine 2023 faoi seach.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(11)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach gaineamh grianchloiche, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(12)

Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca atá in gaineamh grianchloiche de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní substaint ar údar imní í gaineamh grianchloiche agus comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(13)

Dá bhrí sin, is iomchuí formheas gaineamh grianchloiche mar shubstaint ghníomhach ísealriosca a athnuachan.

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha agus thoradh an mheasúnaithe riosca, is gá a leagan síos íonacht íosta i leith gaineamh grianchloiche agus uasmhéid i leith silice chriostalta inanálaithe (SiO2) le trastomhas ≤ 10 μm mar a mhonaraítear chun tacú le sábháilteacht na substainte gníomhaí atá le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(16)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis dháta éaga an fhormheasa ar ghaineamh grianchloiche.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan

An formheas ar an tsubstaint ghníomhach gaineamh grianchloiche, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/127/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt substaintí gníomhacha a áireamh (IO L 344, 20.12.2008, lch. 89).

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captan, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meitimíotrón meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 133, 10.5.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(7)  EFSA (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí gaineamh grianchloiche. Iris EFSA 2022;20(9):7552, 37 lch. doi:10.2903/j.efsa.2022.7552.


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Gaineamh grianchloiche (ní ann do ghnáthainm ISO)

(1)

7631-86-9 (CAS)

(2)

14808-60-7 (CAS)

855 (CIPAC)

[Léirítear iad mar a leanas go dtí seo:

 

Uimh. CAS: 14808-60-7 Uimh. CIPAC: gan uimhir]

(1)

Dé-ocsaíd sileacain

(2)

Grianchloch

915 g/kg

Tá íonacht i leith silice chriostalta a bhfuil trastomhas cáithníní ≤ 10 μm aici údar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de agus ní rachaidh sí thar leibhéal 0,1 % de cháithníní san ábhar teicniúil.

1 Meán Fómhair 2023

31 Lúnasa 2038

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le gaineamh grianchloiche, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

i gCuid A, scriostar iontráil 247 maidir le gaineamh grianchloiche;

(2)

i gCuid D, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Líon

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht  (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

‘44

Gaineamh grianchloiche (ní ann do ghnáthainm ISO)

(1)

7631-86-9 (CAS)

(2)

14808-60-7 (CAS)

855 (CIPAC)

[Léirítear iad mar a leanas go dtí seo: Uimh. CAS: 14808-60-7 Uimh. CIPAC: gan uimhir]

(1)

Dé-ocsaíd sileacain

(2)

Grianchloch

915 g/kg

Tá íonacht i leith silice chriostalta a bhfuil trastomhas cáithníní ≤ 10 μm aici ina údar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de agus ní rachaidh sí thar leibhéal 0,1 % de cháithníní san ábhar teicniúil.

1 Meán Fómhair 2023

31 Lúnasa 2038

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le gaineamh grianchloiche, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.’


(1)  Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.


Top