EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1478

Rialachán (AE) 2023/1478 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (2023–2027)

ST/9812/2023/INIT

IO L 182, 19.7.2023, p. 84–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1478/oj

19.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 182/84


RIALACHÁN (AE) 2023/1478 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2023

maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Mhadagascar (2023–2027)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, mír 3, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht Mhadagascar (dá ngairtear ‘Madagascar’ anseo feasta) agus an Comhphobal Eorpach (1) (dá ngairtear ‘Comhaontú 2007’ anseo feasta), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 31/2008 ón gComhairle (2), tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2007 i leith. Rinneadh an Prótacal a ghabhann leis agus lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear i gComhaontú 2007, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna, a ionadú roinnt uaireanta.

(2)

Chuaigh an Prótacal deireanach a ghabhann le Comhaontú 2007 in éag an 31 Nollaig 2018.

(3)

An 4 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht le Madagascar chun Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) agus Prótacal nua lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme (dá ngairtear ‘an Prótacal’ anseo feasta) a thabhairt i gcrích.

(4)

Idir mí Iúil 2018 agus mí Dheireadh Fómhair 2022, bhí ocht mbabhta caibidlíochta ann le Madagascar maidir leis an gComhaontú agus an Prótacal. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú agus leis an bPrótacal an 28 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/1476 ón gComhairle (3), síníodh an Comhaontú agus an Prótacal an 30 Meitheamh 2023.

(6)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal maidir le stoic éisc mhórimirceacha, arna mbunú i gcomhréir leis na moltaí agus na rúin a ghlac an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, a chionroinnt ar na Ballstáit ar feadh thréimhse iomlán chur i bhfeidhm an Phrótacail.

(7)

Tá práinn leis na bearta sin mar gheall ar thábhacht eacnamaíoch ghníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Mhadagascar agus an gá atá ann an cur isteach ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir. Dá bhrí sin, beidh feidhm shealadach ag an bPrótacal ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, chun gníomhaíochtaí iascaireachta shoithí an Aontais a cheadú a luaithe is féidir. Ar chúiseanna práinne, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar na deiseanna iascaireachta arna mbunú leis an bPrótacal a chionroinnt mar a leanas ar na Ballstáit ar feadh thréimhse iomlán chur i bhfeidhm an Phrótacail:

a)

báid saighneoireachta tuinníní:

An Spáinn:

16

shoitheach

An Fhrainc:

15

shoitheach

An Iodáil:

1

soitheach

Iomlán

32

shoitheach;

b)

báid spiléireachta ar mó ná 100 a n-olltonnáiste;

An Spáinn:

7

soitheach

An Fhrainc:

5

shoitheach

An Phortaingéil:

1

soitheach

Iomlán

13

shoitheach;

c)

báid spiléireachta nach mó ná 100 a n-olltonnáiste;

An Fhrainc:

20

soitheach

Iomlán

20

soitheach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 30 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 26 Meitheamh 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. KULLGREN


(1)  IO L 331, 17.12.2007, lch. 7.

(2)  Rialachán (CE) Uimh.°31/2008 ón gComhairle an 15 Samhain 2007 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Mhadagascar a thabhairt i gcrích (IO L 15, 18.1.2008, lch. 1).

(3)  Féach leathanach 23 den Iris Oifigiúil seo.


Top