EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1453

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1453 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/4621

IO L 179, 14.7.2023, p. 90–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 03/08/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1453/oj

14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 179/90


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1453 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2023

lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 53(1)(b)(ii) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 54(4), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagal 90, an chéad mhír, pointí (a), (c), agus (f), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis na timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima an 11 Márta 2011, cuireadh an Coimisiún ar an eolas maidir le leibhéil na radanúiclídí i dtáirgí bia áirithe de thionscnamh na Seapáine go mba airde na leibhéil sin ná na leibhéil gníomhaíochta i mbia is infheidhme sa tSeapáin. Ós rud é go bhféadfadh éilliú den sórt sin a bheith ina bhagairt don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe san Aontas, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 ón gCoimisiún (3) forchuireadh coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú bia agus beatha de thionscnamh na Seapáine nó bia agus beatha a choinsínítear ón tSeapáin. Rinneadh an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a aisghairm, agus cuireadh Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 (4), (AE) Uimh. 284/2012 (5), (AE) Uimh. 996/2012 (6), (AE) Uimh. 322/2014 (7), (AE) Uimh. 2016/6 (8) agus (AE) 2021/1533 ón gCoimisiún (9) ina ionad i ndiaidh a chéile.

(2)

Leis na hathbhreithnithe leanúnacha sin laghdaíodh de réir a chéile na coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann. Leis na coinníollacha speisialta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 leagtar amach uasleibhéil dhochta radanúiclídí sna tráchtearraí liostaithe ó na maorachtaí a bualadh agus ceanglaítear tástáil le haghaidh radaighníomhaíochta a dhéanamh ar na tráchtearraí sin sula n-allmhairítear chuig an Aontas iad agus ceanglaítear ar na húdaráis a dheimhniú go gcomhlíontar na huasleibhéil dhochta radanúiclídí.

(3)

Ní fhacthas aon neamhchomhlíonadh maidir leis na huasleibhéil radanúiclídí sin ar theacht isteach san Aontas ó bhí mí an Mheithimh 2011 ann, rud a thugann fianaise gurb éifeachtach an córas rialaithe a cuireadh ar bun agus na rialuithe arna ndéanamh ag údaráis na Seapáine. Thairis sin, na táirgí a thagann ó mhaorachtaí sonracha ar ina leith a leagtar síos na coinníollacha speisialta maidir le hallmhairiú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533, ní dhéantar ach mionchainníochtaí díobh a thrádáil leis an Aontas, agus is diomaibhseach an méid a chuireann na táirgí sin le teagmháil phobal an Aontais le radanúiclídí.

(4)

Tá gealltanas tugtha ag údaráis na Seapáine go gcoinneoidh siad córas rialaithe iomchuí agus forleathan ar bun chun láithreacht radanúiclídí i mbeatha agus i mbia a bhrath agus go gcuirfidh siad torthaí an fhaireachais ar fáil go poiblí trí na torthaí faireachais a fhoilsiú go tráthrialta ar shuíomh gréasáin Aireacht Sláinte, Saothair agus Leasa na Seapáine.

(5)

Dá bhrí sin, fiú má leanann an Coimisiún den obair leantach maidir leis na leibhéil radanúiclídí i mbia agus i mbeatha de thionscnamh na Seapáine chun ardleibhéil cosanta a áirithiú maidir le sábháilteacht an tomhaltóra, ní gá na bearta dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 a choinneáil ar bun a thuilleadh chun ardleibhéal cosanta a áirithiú maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí.

(6)

Dá bhrí sin, is iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 a aisghairm.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairm

Leis seo, aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Iúil 2023

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 ón gCoimisiún an 25 Márta 2011 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann (IO L 80, 26.3.2011, lch. 5).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2011 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 297/2011 IO L 252, 28.9.2011, lch. 10.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 284/2012 ón gCoimisiún an 29 Márta 2012 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 961/2011 (IO L 92, 30.3.2012, lch. 16).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 996/2012 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2012 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 284/2012 (IO L 299, 27.10.2012, lch. 31).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 322/2014 ón gCoimisiún an 28 Márta 2014 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann (IO L 95, 29.3.2014, lch. 1).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/6 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2016 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a choinsínítear ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 322/2014 (IO L 3, 6.1.2016, lch. 5).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1533 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena bhforchuirtear coinníollacha speisialta lena rialaítear allmhairiú beatha agus bia de thionscnamh na Seapáine nó a sheoltar ón tSeapáin ó bhí an timpiste i stáisiún cumhachta núicléiche Fukushima ann agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/6 (IO L 330, 20.9.2021, lch. 72).


Top