Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1412

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1412 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2023 lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint (‘Colli Asolani — Prosecco / Asolo — Prosecco’ (STFC))

C/2023/4574

IO L 171, 6.7.2023, pp. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1412/oj

6.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 171/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1412 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2023

lena bhformheastar leasuithe ar shonraíocht sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó táisc gheografaigh faoi chosaint (‘Colli Asolani — Prosecco / Asolo — Prosecco’ (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint, ‘Colli Bolognesi Classico Pignoletto’, a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Áirítear sna hathruithe athrú ainm ó ‘Colli Asolani — Prosecco / Asolo — Prosecco’ go ‘Asolo Prosecco / Asolo’.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (2).

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Colli Asolani — Prosecco / Asolo — Prosecco’ (STFC), is leasuithe iad atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2023.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 87, 9.3.2023, lch. 47.


Top