EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1321

Rialachán (AE) 2023/1321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann

PE/18/2023/REV/1

IO L 166, 30.6.2023, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1321/oj

30.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 166/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1321 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), foráiltear nach bhfuiltear le caitheamh le hearraí a allmhairítear ó lasmuigh den Aontas de bhun chuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí nó de bhun cuótaí eile ar allmhairí ach amháin má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht sna críocha a liostaítear ann. Leis an bhforáil sin, tugtar aghaidh ar na rioscaí d’fheidhmiú cuí mhargadh inmheánach an Aontais agus do shláine an Chomhbheartais Tráchtála a d’eascródh as an bhféidearthacht go ndéanfaí inchéimniú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais nó ar chuótaí eile ar allmhairí. Ní áirítear Tuaisceart Éireann ar na críocha a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán sin.

(2)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (3) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), déantar foráil gur féidir leis an Aontas cuótaí a oscailt maidir le táirgí áirithe de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a allmhairiú isteach san Aontas. Ina theannta sin, leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, tugtar an ceart don Aontas taraif-chuótaí nó cuótaí eile ar allmhairí a thabhairt isteach maidir le hallmhairí earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe faoi imthosca áirithe, lena n-áirítear mar chuid de chur i bhfeidhm beart coimirce iltaobhach i gcomhréir le Comhaontú EDT. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú an bhfuiltear in ann caitheamh le hearraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann faoi na taraif-chuótaí sin nó cuótaí eile ar allmhairí.

(3)

Tá an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag na socruithe a leagtar síos sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (‘an Prótacal’) a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’). Dá bhrí sin, tá difríocht bhunúsach idir an caidreamh dlíthiúil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le hearraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann agus an caidreamh dlíthiúil idir an tAontas agus aon tríú tír eile i leith earraí de thionscnamh tríú tír den sórt sin agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann.

(4)

Chuir an Ríocht Aontaithe fianaise ar fáil lena léirítear, maidir le táirgí áirithe cruach de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi láthair faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (5) (‘na táirgí lena mbaineann’), gur aistríodh méideanna suntasacha de na hearraí sin chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe sin a áirithiú agus i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, is iomchuí foráil a dhéanamh go mbainfidh na táirgí lena mbaineann tairbhe as cuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht iad i dTuaisceart Éireann.

(5)

Chun teorainn a chur leis an riosca go ndéanfaí inchéimniú ar chuótaí rátaí taraife an Aontais is infheidhme maidir leis na táirgí a mbaineann allmhairí na dtáirgí céanna de thionscnamh tíortha eile leo, nuair a scaoiltear táirgí den sórt sin i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann, ba cheart na táirgí lena mbaineann a choinsíniú go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe.

(6)

Thairis sin, gheall an Ríocht Aontaithe na bearta is gá a dhéanamh, i gcomhréir leis an bPrótacal, chun a áirithiú go ndéantar aistrithe na dtáirgí lena mbaineann ina n-úsáidtear cuótaí rátaí taraife an Aontais a áireamh de réir na gcuótaí sin, a luaithe a scaoiltear táirgí den sórt sin i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann, ar an mbealach céanna amhail is dá ndéanfaí na táirgí sin a allmhairiú isteach san Aontas.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh an gá atá leis na táirgí lena mbaineann a allmhairiú isteach i dTuaisceart Éireann a bheith éagsúil le himeacht ama, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun coigeartú a dhéanamh ar liosta na dtáirgí lena mbaineann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2020/2170 a leasú dá réir sin.

(9)

De bhua Airteagal 5(3) agus (4) den Phrótacal, i gcomhar le hAirteagal 13(3) de, bheadh feidhm freisin ag an Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

(10)

Chun aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ar aistrithe na dtáirgí lena mbaineann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2020/2170

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an dara mír seo a leanas isteach:

‘Earraí a liostaítear san Iarscríbhinn ar de thionscnamh na Ríochta Aontaithe iad agus atá faoi réir bearta coimirce faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (*1) a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann le hiompar díreach as codanna eile den Ríocht Aontaithe, beifear in ann freisin caitheamh leo de bhun chuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí má scaoiltear na hearraí sin i saorchúrsaíocht i gcríoch Thuaisceart Éireann.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).’;"

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 1b, lena leasaítear an Rialachán seo chun catagóirí áirithe earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159, earraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann le hiompar díreach as codanna eile den Ríocht Aontaithe, a chur leis an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar choinníoll gur léirigh an Ríocht Aontaithe chun sástacht an Aontais gur gá na hearraí sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht i dTuaisceart Éireann.

Airteagal 1b

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 1a a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 1 Iúil 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 1a a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*2).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 1a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.’;"

(3)

cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Meitheamh 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023.

(2)  Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm (IO L 432, 21.12.2020, lch. 1).

(3)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(4)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar Chuótaí Rátaí Taraife (TRQ)

Cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) (1)

Cruach – Catagóir 7

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

Cruach – Catagóir 17

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

’.

(1)  Mar a shainítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


Top