Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1201

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1201 ón gCoimisiún an 21Meitheamh 2023 maidir le socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí áirithe a sheoladh ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha’)

    C/2023/3946

    IO L 159, 22.6.2023, p. 51–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1201/oj

    22.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 159/51


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1201 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21Meitheamh 2023

    maidir le socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí áirithe a sheoladh ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha’)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (1), agus go háirithe Airteagal 83, an chéad mhír, pointí (a), (b) agus (c) de,

    Tar éis cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a chur isteach,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Seirbhísí Digiteacha,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2022/2065 cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na socruithe praiticiúla i ndáil le gnéithe áirithe d’imeachtaí faoin Rialachán sin. I gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin agus prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, is gá rialacha a leagan síos a bhaineann le cumhachtaí an Choimisiúin cigireachtaí a dhéanamh de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus na bearta faireacháin is gá a dhéanamh de bhun Airteagal 72 den Rialachán sin. Is gá freisin rialacha a leagan síos maidir le feidhmiú an chirt chun éisteacht a fháil ó sheolaithe réamhthorthaí an Choimisiúin agus an chirt chun rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin dá bhforáiltear faoi Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2022/2065.

    (2)

    I gcomhthéacs na gcigireachtaí, le hAirteagal 69(2)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2022/2065 cumhachtaítear oifigigh den Choimisiún agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh, ceist a chur ar aon ionadaí nó ar aon bhall foirne de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, na ndaoine eile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 67(1) den Rialachán sin chun mínithe a fháil maidir le fíricí nó doiciméid a bhaineann leis an ábhar agus le cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh. I gcomhthéacs céanna na gcigireachtaí, le hAirteagal 69(2)(g) de Rialachán (AE) 2022/2065 cumhachtaítear oifigigh den Choimisiún agus daoine tionlacain eile atá údaraithe ag an gCoimisiún cigireacht a dhéanamh, ceisteanna a chur faoi bhráid aon ionadaí nó aon bhall foirne den sórt sin a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta agus na freagraí a thaifeadadh. De bhun Airteagal 74(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 2022/2065 féadfar fíneálacha a ghearradh ar sholáthraithe den sórt sin nó ar dhaoine den sórt sin i gcás nár ceartaíodh freagra mícheart, neamh-iomlán nó míthreorach arna thabhairt ag ionadaí nó ag ball foirne le linn cigireachta laistigh de theorainn ama arna leagan síos ag an gCoimisiún. Is gá, dá bhrí sin, taifead a sholáthar do sholáthraithe agus do dhaoine den sórt sin ar aon mhíniú a tugadh agus nós imeachta a bhunú a chuirfidh ar a gcumas dóibh na mínithe a thugtar a cheartú, a leasú nó a fhorlíonadh, lena n-áirítear ag ionadaí nó ball foirne a thug mínithe den sórt sin ach nach raibh údaraithe sin a dhéanamh. Ba cheart mínithe a thugann ionadaí nó ball foirne fanacht i gcomhad an Choimisiúin mar a taifeadadh iad le linn na cigireachta.

    (3)

    De bhun Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chun feidhme agus comhlíonadh an Rialacháin sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann ordú a thabhairt do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne rochtain a thabhairt ar a mbunachair sonraí agus ar a n-algartam agus mínithe orthu a sholáthar, i gcás inar gá sin chun comhlíonadh éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a áirithiú. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist le rochtain ar bhunachair sonraí den sórt sin é a chur ar a chumas don Choimisiún bunachair sonraí den sórt sin a chuardach trí iarratais a úsáid, de réir mar is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an téarma bunachar sonraí a léirmhíniú mar thagairt d’aon sócmhainní sonraí ábhartha atá ar fáil do sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, gan beann ar na sócmhainní sin a bheith inrochtana in aon bhunachar sonraí amháin. Agus rochtain den sórt sin á hordú chun críocha faireacháin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann comhéadain theicniúla a shonrú freisin lena bhféadfar rochtain ar bhunachair sonraí agus algartaim a éascú, amhail Comhéadain Feidhmchláir (APInna) nó modhanna eile rochtana teicniúla, lena n-áirítear rochtain fíor-ama agus/nó modhanna chun rochtain a fháil ar mhéideanna móra sonraí. Sa chomhthéacs seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a chur de cheangal ar sholáthraithe den sórt sin na doiciméid riachtanacha a choinneáil freisin, faoi na téarmaí a chinnfidh an Coimisiún. Chun a áirithiú go mbeidh an t-eolas agus an saineolas is gá ag an gCoimisiún agus na cúraimí á gcur de faoi Rialachán (AE) 2022/2065, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann saineolaithe agus iniúchóirí seachtracha a cheapadh chun cabhrú leis a chúraimí maoirseachta a fheidhmiú. Saineolaithe agus iniúchóirí den sórt sin, ba cheart dóibh a bheith neamhspleách ar an soláthraí lena mbaineann agus an saineolas agus an t-eolas is gá a bheith acu chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Chuige sin, is gá ceanglais a leagan síos maidir le neamhspleáchas agus saineolas saineolaithe agus iniúchóirí den sórt sin.

    (4)

    Faoi Airteagal 79(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ceanglaítear ar an gCoimisiún, sula nglacfaidh sé cinneadh de bhun Airteagail 73(1), 74 nó 76 den Rialachán sin, an deis a thabhairt do sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne nó do dhuine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán 2022/2065 ar chuir sé fógra faoi réamhthorthaí chucu an deis chun éisteacht a fháil maidir leis na torthaí sin agus maidir le bearta a d’fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh i bhfianaise na dtorthaí sin. Ba cheart do sholáthraithe agus daoine den sórt sin a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn, laistigh de theorainn ama arna leagan síos ag an gCoimisiún, d’fhonn éifeachtúlacht agus éifeachtacht na n-imeachtaí, ar lámh amháin, agus an deis chun an ceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, ar an lámh eile, a thabhairt le chéile. Ba cheart an ceart a bheith ag seolaí na réamhthorthaí chun fíoras ábhartha a leagan amach go gonta agus fianaise tacaíochta a sholáthar. Chun imeachtaí cothroma agus éifeachtúla, cur chun feidhme éifeachtach iomlán Rialachán (AE) 2022/2065, agus deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh gach duine lena mbaineann a áirithiú, is gá rialacha a leagan amach a mhéid a bhaineann le formáid agus fad uasta na mbarúlacha i scríbhinn agus maidir le húsáid teangacha.

    (5)

    Faoi Airteagal 79(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ceanglaítear ar an gCoimisiún rochtain ar a chomhad a dheonú do na páirtithe lena mbaineann imeachtaí an Choimisiúin. Cé gur cheart go bhfaigheadh seolaí na réamhchinntí leaganacha neamhrúnda de na doiciméid uile a luaitear sna réamhchinntí ón gCoimisiún i gcónaí, ba cheart go bhféadfaidh an Coimisiún rogha a dhéanamh ar bhonn cás ar chás faoin nós imeachta iomchuí i dtaca le rochtain ar fhaisnéis bhreise sa chomhad. Agus é ag deonú rochtana ar an gcomhad, ba cheart don Choimisiún cosaint rúin ghnó nó faisnéise rúnda eile a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh go ndéanfadh daoine a dhéanfaidh faisnéis nó doiciméid a thíolacadh, nó a ndearnadh iad a thíolacadh, le linn imeachtaí, rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a shainaithint. Ba cheart don Choimisiún, sula gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil do sheolaí a réamhthorthaí, measúnú a dhéanamh i gcás gach doiciméid aonair, d’fhonn feidhmiú éifeachtach den cheart chun éisteacht a fháil, cibé acu is mó an gá chun nochtadh ná an díobháil don duine a rinne an fhaisnéis nó na doiciméid a thíolacadh a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an nochtadh.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    RAON FEIDHME

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha a bhaineann leis na socruithe praiticiúla le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    cigireachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2022/2065 agus gníomhaíochtaí faireacháin arna nglacadh de bhun Airteagal 72 den Rialachán sin;

    (b)

    feidhmiú an chirt chun éisteacht agus le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2022/2065.

    CAIBIDIL II

    CIGIREACHTAÍ AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAIREACHÁIN ARNA NDÉANAMH AG AN GCOIMISIÚN

    Airteagal 2

    Mínithe arna soláthar le linn cigireachtaí

    1.   Mínithe arna n-iarraidh ag an gCoimisiún nó ag daoine tionlacain de bhun Airteagal 69(2), pointí (f) agus (g), de Rialachán (AE) 2022/2065, is ionadaithe údaraithe nó baill foirne soláthraí ardán an-mhór ar líne, soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne nó, nuair is infheidhme, daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) den Rialachán sin, agus iadsan amháin, a thabharfaidh iad. Féadfaidh oifigigh den Choimisiún nó daoine tionlacain na mínithe a thugtar a thaifeadadh i bhfoirm ar bith.

    2.   Tar éis na cigireachta, cuirfear cóip d’aon taifeadadh a rinneadh de bhun mhír 1 ar fáil don soláthraí ardán an-mhór ar líne, don soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne nó don duine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 lena mbaineann an chigireacht sin.

    (3)   I gcásanna inar iarraidh ar ionadaí nó ar bhall foirne dá dtagraítear i mír 1 mínithe a thabhairt agus gur tugadh iad, ach nach raibh an t-ionadaí sin nó an ball foirne sin údaraithe chun mínithe a thabhairt thar ceann an tsoláthraí nó an duine lena mbaineann, socróidh an Coimisiún teorainn ama ar teorainn ama faoina bhféadfaidh an soláthraí nó an duine lena mbaineann aon cheartú, leasú nó forlíonadh ar na mínithe a thug an t-ionadaí nó an ball foirne sin a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfear an ceartú, an leasú nó an forlíonadh leis na mínithe mar a taifeadadh iad de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

    (4)   An fhéidearthacht don soláthraí ardán an-mhór ar líne, don soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne, nó, nuair is infheidhme, do na daoine eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 ceartuithe, leasuithe nó faisnéis fhorlíontach a chur in iúl don Choimisiún maidir le mínithe a thugtar de bhun mhír 3, beidh an fhéidearthacht sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh i gcomhréir le hAirteagail 74 agus 76 de Rialachán (AE) 2022/2065 faoi seach.

    Airteagal 3

    Gníomhaíochtaí faireacháin

    (1)   I gcás ina n-ordóidh an Coimisiún do sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne rochtain ar bhunachair sonraí nó ar chórais algartamacha an tsoláthraí sin a dheonú de bhun Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, féadfaidh an Coimisiún na modhanna teicniúla nó na comhéadain a shonrú faoina ndéanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne rochtain den sórt sin a dheonú.

    (2)   Soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a n-ordaítear dóibh rochtain a dheonú de bhun Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, déanfaidh siad sin ar mhodh tráthúil éifeachtach, a chuirfidh ar a chumas don Choimisiún an fhaisnéis uile sna bunachair sonraí lena mbaineann agus an fhaisnéis maidir leis an algartam lena mbaineann atá riachtanach don mheasúnú ar chur chun feidhme an tsoláthraí lena mbaineann ar Rialachán (AE) 2022/2065 agus comhlíonadh leis.

    (3)   Soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne a n-ordaítear dóibh rochtain a dheonú de bhun Airteagal 72(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo.

    (4)   I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún oibleagáid a fhorchur ar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó ar sholáthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne na doiciméid uile a choinneáil a bhfuil gá leo chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh Rialachán (AE) 2022/2065 de bhun Airteagal 72(1) den Rialachán sin, saineoidh an Coimisiún na téarmaí coinneála, lena n-áirítear tréimhse agus raon na ndoiciméad atá le coinneáil a bhfuil feidhm ag an oibleagáid ina leith. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin, i gcás inar gá, chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh Rialachán (AE) 2022/2065.

    (5)   I gcás ina gceapfaidh an Coimisiún saineolaithe nó iniúchóirí seachtracha chun cúnamh a thabhairt dó faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2065 ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, agus comhlíonadh an Rialacháin, de bhun Airteagal 72(2) den Rialachán sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na saineolaithe agus iniúchóirí sin neamhspleách ar an soláthraí lena mbaineann agus go mbeidh saineolas agus eolas a bhfuil teist air san ábhar lena dtabharfaidh siad cúnamh don Choimisiún.

    (6)   Chun an neamhspleáchas a áirithiú i gcomhréir le mír 5, déanfaidh an Coimisiún, agus saineolaithe nó iniúchóirí arna gceapadh de bhun na míre sin, úinéireacht, rialachas, bainistíocht, pearsanra nó acmhainní comhroinnte a bheidh ann i gcás na saineolaithe nó iniúchóirí seachtracha lena mbaineann a chur san áireamh chomh maith le caidreamh conarthach a bheith ann leis an soláthraí ardán an-mhór ar líne nó an soláthraí inneall cuardaigh an-mhór ar líne thar na tréimhse 24 mhí roimh an nós imeachta arna dhéanamh ag an gCoimisiún. Fanfaidh an saineolaí nó an t-iniúchóir a cheapfar neamhspleách feadh thréimhse an cheapacháin.

    (7)   Chun a áirithiú go mbeidh an saineolas agus an t-eolas is gá ag na saineolaithe agus iniúchóirí i gcomhréir le mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, agus saineolaí nó iniúchóir á cheapadh de bhun na míre sin, saineolas an tsaineolaí san ábhar lena dtabharfaidh siad cúnamh don Choimisiún a bhfuil teist air nó inniúlacht theicniúil an iniúchóra chun iniúchtaí a dhéanamh faoin ábhar lena dtabharfaidh siad cúnamh don Choimisiún a bhfuil teist air.

    CAIBIDIL III

    AN CEART ÉISTEACHT A FHÁIL AGUS ROCHTAIN A FHÁIL AR AN GCOMHAD

    Airteagal 4

    Barúlacha i scríbhinn maidir le réamhthorthaí

    (1)   Féadfaidh seolaí na réamhthorthaí arna gcur in iúl de bhun Airteagail 73(2), 74(3) agus 76 de Rialachán (AE) 2022/2065, laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas go gonta agus i gcomhréir leis na ceanglais i dtaca le formáid agus fad na ndoiciméad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, maidir lena chuid tuairimí i scríbhinn faoi na torthaí sin agus faoi bhearta a d’fhéadfadh sé a bheith i gceist ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na dtorthaí sin, agus cruthúnas a chur isteach a thacaíonn leis sin. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún aon bharúil i scríbhinn a fhaightear tar éis dháta éaga na teorann ama sin a chur san áireamh.

    (2)   Beidh an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun mhír 1 ceart, iomlán agus ní bheidh sé míthreorach. Cuirfear i láthair í ar bhealach atá soiléir, dea-struchtúrtha agus intuigthe.

    (3)   Beidh na barúlacha i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1 i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. Cuirfear doiciméid tacaíochta isteach sa bhunteanga agus, i gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais bunteanga an doiciméid, beidh aistriúchán dílis go teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

    (4)   Na barúlacha i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1, comhlíonfaidh siad an fhormáid agus na teorainneacha leathanach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún a údarú, ar iarraidh réasúnaithe, do sheolaí na réamhthorthaí na teorannacha leathanach seo a shárú i gcás ina dtugann agus a mhéid a thabharfaidh an seolaí bunús go bhfuil sé go hoibiachtúil dodhéanta nó thar a bheith deacair chun déileáil le saincheisteanna dlíthiúla nó fíorasacha atá an-chasta laistigh d’uasteorainneacha na leathanach.

    (5)   Déanfar doiciméid, bunachair sonraí nó faisnéis eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo.

    (6)   An fhaisnéis arna tíolacadh don Choimisiún de bhun mhír 1, beidh cruthúnas i scríbhinn ag gabháil léi go bhfuil údarú ag na daoine a chuirfidh an fhaisnéis sin isteach gníomhú thar ceann sheolaí na réamhthorthaí lena mbaineann.

    (7)   Admhóidh an Coimisiún, gan mhoill agus i scríbhinn, le seolaí na réamhthorthaí lena mbaineann nó lena ionadaithe, go bhfuarthas faisnéis arna tíolacadh de bhun mhír 1.

    Airteagal 5

    Rochtain ar an gcomhad

    (1)   Arna iarraidh sin, déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad a dheonú do sheolaí na réamhthorthaí arna gcur in iúl de bhun Airteagail 73(2), 74(3) agus 76 de Rialachán (AE) 2022/2065 (‘an seolaí’). Ní dhéanfar rochtain ar an gcomhad a dheonú roimh fhógra na réamhthorthaí.

    (2)   Agus é ag cur rochtain ar an gcomhad ar fáil, soláthróidh an Coimisiún na doiciméid uile a luaitear sna réamhthorthaí don seolaí, faoi réir foluithe a rinneadh de bhun Airteagal 6 chun rúin ghnó nó faisnéise rúnda eile a chosaint.

    (3)   Gan dochar do mhír 4, soláthróidh an Coimisiún freisin rochtain ar na doiciméid uile ina chomhad, gan aon fholú a dhéanamh, faoi na téarmaí nochta a leagfar amach i gcinneadh ón gCoimisiún. Cinnfear na téarmaí nochta i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    Ní dheonófar rochtain ar dhoiciméid ach amháin do líon teoranta comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe faoi chonradh ag an seolaí agus a mbeidh a n-ainmneacha curtha in iúl don Choimisiún roimh ré.

    (b)

    Ní mór do na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe a bheith ina ngnóthais, ina bhfostaithe gnóthais nó i bpost is inchomparáide le post fostaithe gnóthais. Beidh siad ar fad faoi cheangal na dtéarmaí nochta.

    (c)

    Na daoine a liostaítear mar chomhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe ná saineolaithe teicniúla sonraithe ar dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena leagfar amach na téamaí nochta, ní fhéadfaidh siad a bheith i gcaidreamh fostaíochta leis an seolaí nó i bpost is inchomparáide le post fostaí de chuid an tseolaí. Má théann na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe i gcaidreamh den sórt sin dá éis sin leis an seolaí nó le gnóthais eile atá gníomhach ar na margaí céanna agus atá an seolaí le linn an imscrúdaithe nó le linn na dtrí bliana tar éis dheireadh imscrúdú an Choimisiúin, cuirfidh comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe an Coimisiún ar an eolas go pras faoi théarmaí an chaidrimh sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dearbhú don Choimisiún nach bhfuil rochtain acu a thuilleadh ar an bhfaisnéis ná ar na doiciméid sa chomhad ar tugadh rochtain dóibh air i gcomhréir le pointe (a) agus nár chuir an Coimisiún ar fáil don seolaí iad. Tabharfaidh siad dearbhuithe don Choimisiún freisin go leanfaidh siad ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo.

    (d)

    Ní nochtfaidh comhairleoir dlí agus eacnamaíoch seachtrach sonraithe ná saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe aon cheann de na doiciméid arna soláthar ná an t-ábhar iontu d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nár shínigh na téarmaí nochta, ná ní bhainfidh siad úsáid as aon cheann de na doiciméad arna soláthar ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 5(9) thíos.

    (e)

    Sonróidh an Coimisiún, sna téarmaí nochta, na modhanna teicniúla maidir leis an nochtadh agus fad an nochta. Féadfar nochtadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó (maidir leis na doiciméid uile nó cuid acu) ar áitreabh an Choimisiúin.

    (4)   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gan rochtain a cheadú ar dhoiciméid áirithe nó ar dhoiciméid atá páirtfholaithe faoi na téarmaí nochta dá dtagraítear i mír (3), má chinneann an Coimisiún gur mó, ar an iomlán, an tábhacht atá leis an dochar is dócha a dhéanfadh nochtadh faoi na téarmaí sin don pháirtí a chuir isteach na doiciméid ná tábhacht nochtadh an doiciméid iomláin maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil.

    (5)   De bhun Airteagal 79(4) de Rialachán (AE) 2022/2065, ní leathnófar an ceart rochtana ar chomhad an Choimisiúin go doiciméid inmheánach de chuid an Choimisiúin ná de chuid údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh an comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis phoiblí eile, lena n-áirítear institiúidí eile an Aontais Eorpaigh nó údaráis tíortha nach Ballstáit iad, agus doiciméid íogaire de chineálacha eile, féadfaidh siad a bheith faoi réir cosaintí comhchosúla.

    (6)   Na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dá dtagraítear i mír 3, laistigh d’aon seachtain amháin ó fuair siad rochtain faoi na téarma nochta, féadfaidh siad iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún ar rochtain a fháil ar leagan neamhrúnda d’aon doiciméad i gcomhad an Choimisiúin nach bhfuil curtha ar fáil cheana don seolaí faoi mhír 2, d’fhonn leagan neamhrúnda den sórt sin a chur ar fáil don seolaí, nó le haghaidh leathnú ar na téarmaí nochta chun go n-áireofar na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe. Ní fhéadfar rochtain bhreise den sórt sin a dheonú ach amháin go heisceachtúil agus ar choinníoll go bhfuil sé fíor-riachtanach maidir le feidhmiú cuí de cheart an tseolaí chun éisteacht a fháil.

    (7)   Chun míreanna 4 go 6 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún a chur de cheangal ar an bpáirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist leagan neamhrúnda díobh a sholáthar de bhun Airteagal 6.

    (8)   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil bunús maith leis an iarraidh faoi mhír 6 d’fhonn a áirithiú go mbeidh an seolaí in ann a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún rogha idir a iarraidh ar sholáthraí na faisnéise toiliú le leagan neamhrúnda a chur ar fáil don seolaí agus a iarraidh air toiliú le leathnú a dhéanamh ar na téarmaí nochta chun daoine nó gnóthais shonraithe a áireamh i gcás na ndoiciméad i gceist amháin.

    (9)   I gcás nach dtoileoidh an páirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena leagfar síos na téarmaí nochta maidir leis na doiciméid atá i gceist.

    (10)   Doiciméid a gheofar trí rochtain ar an gcomhad arna sholáthar de bhun an Airteagail seo, ní bhainfear úsáid astu ach amháin chun críocha na n-imeachtaí ábhartha inar cuireadh rochtain ar fáil ar na doiciméid sin nó chun críocha na n-imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin sin i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2065 a bhaineann leis na himeachtaí sin.

    (11)   Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh an Coimisiún, in ionad an modh maidir le rochtain ar chomhad a dheonú de bhun mhír 3 thuas nó i gcomhcheangal leis sin, rochtain ar na doiciméid folaithe uile, nó cuid acu, a dheonú de bhun Airteagal 6(3) chun moill dhíréireach nó ualach riaracháin a sheachaint.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS DEIRIDH

    Airteagal 6

    Faisnéis rúnda a shainaithint agus a chosaint

    (1)   Mura ndéantar foráil dá mhalairt i Rialachán (AE) 2022/2065 nó Airteagal 5 den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ná doiciméad a bhailigh ná a fuair an Coimisiún a nochtadh ná a chur ar fáil go poiblí a mhéid atá rúin ghnó iontu nó aon fhaisnéis rúnda eile a bhaineann le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach.

    (2)   Agus doiciméid á n-urghabháil nó rochtain dheonach á fáil ar dhoiciméid le linn cigireachtaí de bhun Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2022/2065, nó doiciméid á bhfáil nó rochtain ar fhaisnéis á fáil ar bhealach eile de bhun Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2022/2065, cuirfidh an Coimisiún na hardáin an-mhór ar líne nó na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne nó, i gcás inarb infheidhme, duine nádúrtha nó dlítheanach eile lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, ar an eolas go bhféadfaidh rochtain ar an bhfaisnéis sin a dheonú de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo. I gcás ar bith, má sholáthraíonn ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne nó, i gcás inarb infheidhme, duine nádúrtha nó dlítheanach eile lena mbaineann faisnéis go deonach don Choimisiún faoi Rialachán (AE) 2022/2065 nó faoin Rialachán seo, aontaíonn siad go bhféadfaidh rochtain ar an bhfaisnéis sin a dheonú de bhun Airteagal 5 den Rialachán seo.

    (3)   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar ardáin an-mhór ar líne nó ar innill chuardaigh an-mhór ar líne nó, i gcás inarb infheidhme, ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha eile lena mbaineann, arb iad a thionscain na doiciméid ina chomhad, na doiciméid, na ráitis nó codanna díobh a shainaithint, a measann sé go bhfuil rúin ghnó nó faisnéise rúnda eile iontu agus na daoine nádúrtha agus dlítheanacha a meastar an fhaisnéis sin a bheith rúnda ina leith. Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú freisin le haghaidh na n-ardán an-mhór ar líne nó na n-inneall cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó, i gcás inarb infheidhme, duine nádúrtha nó dlítheanach eile dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 aon chuid de chinneadh ón gCoimisiún a bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile ann dar leor a shainaithint.

    (4)   Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú le haghaidh sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne agus an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó, i gcás inarb infheidhme, an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bunús a thabhairt lena maíomh maidir le rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile le haghaidh gach doiciméid aonair agus bunachar sonraí aonair nó cuid de dhoiciméad nó de bhunachar sonraí;

    (b)

    leagan neamhrúnda de na doiciméid agus an bunachar sonraí ina bhfuil na rúin ghnó agus an fhaisnéis rúnda eile folaithe ar bhealach soiléir agus intuigthe a sholáthar don Choimisiún;

    (c)

    tuairisc ghonta, neamhrúnda a thabhairt ar gach píosa faisnéise folaithe.

    (5)   Mura gcomhlíonfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne, nó, i gcás inarb infheidhme, an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065 míreanna 2 agus 3, féadfaidh an Coimisiún a mheas nach bhfuil rúin ghnó ná faisnéis rúnda eile san fhaisnéis lena mbaineann.

    (6)   Má chinneann an Coimisiún go bhféadfar faisnéis áirithe a maíonn soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne nó, i gcás inarb infheidhme, duine nádúrtha nó duine dlítheanach lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2022/2065, a nochtadh, toisc nach rún gnó ná faisnéis rúnda eile í an fhaisnéis sin, nó toisc go mbaineann leas sáraitheach le nochtadh na faisnéise sin, cuirfidh sé in iúl do na soláthraithe lena mbaineann nó don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige an fhaisnéis sin a nochtadh mura bhfaighidh sé agóidí ina choinne sin laistigh d’aon seachtain amháin. Má dhéanann na soláthraithe nó an duine nádúrtha nó dlítheanach i dtrácht agóid ina choinne sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena sonrófar an dáta ar dá éis a nochtfar an fhaisnéis sin. Ní bheidh an dáta sin níos lú ná seachtain amháin ó dháta an fhógra. Tabharfar fógra faoin gcinneadh do na soláthraithe lena mbaineann nó don duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann.

    Airteagal 7

    Tarchur agus fáil na ndoiciméad

    (1)   Tarlóidh tarchur doiciméad, bunachair sonraí nó aon fhaisnéise eile chuig an gCoimisiún agus uaidh de bhun Airteagail 2, 3 agus 4 den Rialachán seo trí mhodhanna digiteacha. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla maidir le modhanna tarchurtha agus sínithe a eisiúint nó a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta.

    (2)   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear trí mhodhanna digiteacha, síneofar iad agus úsáid á baint as Ríomhshíniú Cáilithe amháin ar a laghad ar ríomhshíniú é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

    (3)   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar go mbeidh siad faighte ar an lá a sheolann an Coimisiún admháil fála.

    (4)   I gcás faisnéise fíor-ama nó gar d’fhíor-am a chomhroinntear trí chomhéadain feidhmchláir, mar shampla, nó trí aon mhodh coibhéiseach eile, saineoidh an Coimisiún an modh agus an fad amach chun faisnéis den sórt sin a chomhroinnt.

    (5)   I gcás doiciméad, bunachair sonraí nó aon fhaisnéise eile a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar nach mbeidh sé faighte ag an gCoimisiún má tharlaíonn ceann amháin de na himthosca a leanas:

    (a)

    go bhfuil an doiciméad, nó codanna de, curtha as feidhm nó neamh-inúsáidte;

    (b)

    go bhfuil víris, bogearraí mailíseacha nó bagairtí eile sa doiciméad;

    (c)

    go bhfuil ríomhshíniú sa doiciméad nach féidir leis an gCoimisiún a bhailíocht a fhíorú.

    (6)   Cuirfidh an Coimisiún in iúl don seoltóir gan mhoill má tharlaíonn aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 5, agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl agus an cás a leigheas laistigh de theorainn ama réasúnta.

    (7)   De mhaolú ar mhír 1, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí phostas cláraithe. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ag an gCoimisiún ar an lá a thagann siad isteach ag seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin.

    (8)   De mhaolú ar mhír 1, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha agus trí phost cláraithe, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí sheachadadh de láimh. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ar an lá a tháinig siad isteach chuig seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin. Deimhneofar an seachadadh le hadmháil fála ón gCoimisiún.

    Airteagal 8

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 277, 27.10.2022, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


    IARSCRÍBHINN

    FORMÁID AGUS FAD NA mBARÚLACHA ARNA gCUR ISTEACH DE BHUN AIRTEAGAL 4

    Barúlacha i scríbhinn a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, cuirfear faoina bhráid iad i bhformáid a ligeann don Choimisiún iad a phróiseáil go leictreonach agus, go háirithe, ionas go bhféadfaidh sé iad a dhigitiú agus na carachtair iontu a aithint.

    Chun na críche sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

    (a)

    beidh an téacs, i bhformáid A4, soléite agus ní bheidh sé ach ar thaobh amháin den leathanach;

    (b)

    déanfar doiciméid a thairgtear i bhformáid páipéir a chur le chéile sa chaoi go mbeidh sé éasca iad a scaradh ó chéile (gan bheith ceangailte le chéile nó curtha le chéile go buan trí mhodhanna eile, amhail gliú nó stáplaí);

    (c)

    is i gcló a úsáidtear go forleathan a bheidh an téacs (amhail Times New Roman, Courier nó Arial), cló nach lú ná 12 phointe i gcorp an téacs agus nach lú ná 10 bpointe sna fonótaí, le spásáil aon líne amháin, agus le himill nach lú ná 2,5 cm ar gach imeall (barr, bun, deas agus clé) den leathanach (uaslíon 4 700 carachtar in aghaidh an leathanaigh);

    (d)

    déanfar na leathanaigh agus na míreanna de gach doiciméad a uimhriú go comhleanúnach.

    Barúlacha i scríbhinn a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo, ní rachaidh siad thar 50 leathanach ar fad. Aon iarscríbhinn a ghabhann leis na barúlacha sin, ní chuirfear san áireamh iad i dteorainneacha ar líon na leathanach is infheidhme, ar choinníoll gur feidhm fianaise agus ionstraime amháin atá ag na hiarscríbhinní sin agus go bhfuil siad comhréireach ó thaobh lín agus faid de.


    Top