Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1104

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1104 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 a mhéid a bhaineann leis na táillí is iníoctha leis an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí

    C/2023/3546

    IO L 147, 7.6.2023, p. 65–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1104/oj

    7.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 147/65


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1104 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Meitheamh 2023

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 a mhéid a bhaineann leis na táillí is iníoctha leis an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 i dtaca le Cearta Comhphobail maidir le Cineálacha Plandaí (1), agus go háirithe Airteagal 107(113) de,

    Tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Riaracháin na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar amach in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 ón gCoimisiún (2) leibhéal na táille is iníoctha leis an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (‘an Oifig’), le haghaidh gach bliana den fhad a mhaireann ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí dá bhforáiltear in Airteagal 113(2), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94.

    (2)

    Chun an boilsciú féideartha ar na línte buiséid go léir a léiriú agus chun leanúint ag méadú an chúlchiste shaoir go dtí an t-íosleibhéal lena bhféadfaí oibriú na hoifige a áirithiú, ba cheart an táille bhliantúil a íocann sealbhóir cirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a ardú go dtí EUR 380.

    (3)

    Tá castacht na gcásanna achomhairc ag ardú agus ní chumhdaítear na fíorchostais leis an táille achomhairc reatha a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1238/95. Dá bhrí sin, ba cheart an táille achomhairc sin a ardú go dtí EUR 2 100.

    (4)

    Is léir ón taithí a fuarthas gur gá na costais riaracháin a chumhdach a bhaineann le dearbhú an chirt Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí a bheith ar neamhní go hiomlán, dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, agus an táille riaracháin a bhaineann le hagóid i scríbhinn i gcoinne ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a dheonú, dá dtagraítear in Airteagal 59 den Rialachán sin.

    (5)

    Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 leibhéal na dtáillí chun scrúdú teicniúil a shocrú agus a dhéanamh ar chineál is ábhar d’iarratas ar cheart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí, táillí is iníoctha leis an Oifig.

    (6)

    Ar bhonn suirbhé ar chostais na n-oifigí Scrúduithe a dhéanann an Oifig, ba cheart na táillí a ghearrann an Oifig a thabhairt cothrom le dáta, agus an ráta boilscithe á chur san áireamh.. Ba cheart ola ráibe a áireamh sa ghrúpa de speicis talmhaíochta eile agus sútha talún sa ghrúpa de speicis torthaí eile toisc go bhfuil leibhéal na dtáillí sna grúpaí sin níos oiriúnaí do na speicis sin. Dá bhrí sin, ba cheart na táillí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 a mhodhnú le haghaidh na ngrúpaí costas uile lena mbaineann.

    (7)

    De réir Airteagal 83 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 gearrfaidh an Oifig táillí as a gníomhartha oifigiúla dá bhforáiltear faoin Rialachán. Dá bhrí sin, ba cheart táillí a leagan síos le haghaidh dhearbhú an chirt Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí a bheith ar neamhní go hiomlán agus le haghaidh agóid i scríbhinn i gcoinne ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a dheonú chun costais na ngníomhaíochtaí méadaithe sin a chumhdach.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 a leasú dá réir sin.

    (9)

    Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2023 chun am leordhóthanach a thabhairt don Oifig agus do na páirtithe leasmhara a oiriúnú do na leasuithe sin.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Chearta Comhphobail maidir le Cineálacha Plandaí,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1238/95 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Gearrfaidh an Oifig táille EUR 380 ar shealbhóir cirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (‘an sealbhóir’) le haghaidh gach bliana den fhad a mhaireann ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (‘táille bhliantúil’), dá dtagraítear in Airteagal 113(2), pointe (d), den bhun-Rialachán.’

    ;

    (2)

    in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Íocfaidh an t-achomharcóir táille achomhairc EUR 2 100 as achomharc a phróiseáil, dá bhforáiltear in Airteagal 113 (2), pointe (c), den bhun-Rialachán.’

    ;

    (3)

    in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    ‘1.   Socróidh Uachtarán na hOifige na táillí le haghaidh na nithe seo a leanas:

    (a)

    an táille riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 8(5);

    (b)

    táillí chun cóipeanna deimhnithe de dhoiciméid a eisiúint;

    (c)

    an táille riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 82(2) den Rialachán Nós Imeachta;

    (d)

    an táille riaracháin a bhaineann le dearbhú an chirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí a bheith ar neamhní go hiomlán, dá dtagraítear in Airteagal 20 den bhun-Rialachán;

    (e)

    an táille riaracháin a bhaineann le hagóid i scríbhinn i gcoinne ceart Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí a dheonú, dá dtagraítear in Airteagal 59 den bhun-Rialachán.’

    (4)

    in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    ‘2.   Féadfaidh Uachtarán na hOifige cinneadh a dhéanamh go mbraithfeadh na seirbhísí a luaitear faoi mhír (1(a) go (e) ar réamhíocaíocht.’

    (5)

    Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meitheamh 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 227, 1.9.1994, lch. 1.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 1238/2009 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 1995 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na táillí is iníoctha leis an Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (IO L 121, 1.6.1995, lch. 31).


    IARSCRÍBHINN

    ‘IARSCRÍBHINN I

    Táillí a bhaineann le scrúdú teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8

    Cinnfear an táille atá le híoc as scrúdú teicniúil ar chineál i gcomhréir leis an tábla:

    (in EUR)

     

    Grúpa costais

    Táille

    Grúpa talmhaíochta

    1

    Práta

    2 580

    2

    Féara

    3 650

    3

    Speicis talmhaíochta eile

    1 980

    Grúpa torthaí

    4

    Úll

    4 130

    5

    Speicis eile torthaí

    4 130

    Grúpa ornáideach

    6

    Speicis ornáideacha, ar bailiúchán cineáil iad ina bhfuil ábhar plandaí beo, iad i dteach gloine

    2 390

    7

    Speicis ornáideacha, ar bailiúchán cineáil iad ina bhfuil ábhar plandaí beo, iad amuigh faoin aer

    3 070

    8

    Speicis ornáideacha, ar bailiúchán cineáil iad ina bhfuil ábhar plandaí neamhbheo, iad i dteach gloine

    2 760

    9

    Speicis ornáideacha, ar bailiúchán cineáil iad ina bhfuil ábhar plandaí neamhbheo, iad amuigh faoin aer

    2 890

    10

    Speicis ornáideacha a bhfuil coinníollacha fíteashláintíocha speisialta acu

    3 550

    Grúpa glasraí

    11

    Teach gloine glasraí

    3 570

    12

    Glasraí, amuigh faoin aer

    3 280


    Top