Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1098

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1098 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023... lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    ST/8573/2023/INIT

    IO L 145, 5.6.2023, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1098/oj

    5.6.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 145/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1098 ÓN gCOMHAIRLE

    an 5 Meitheamh 2023...

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1998 ón gComhairle an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (1), agus go háirithe Airteagal 14(4) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 8 Nollaig 2020, i nDearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit gurb é a dtiomantas láidir cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Le Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le Cearta an Duine, cuirtear i bhfios go láidir a mheáite atá an tAontas feabhas a chur ar a ról maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe agus mí-úsáidí chearta an duine ar fud an domhain. Is sprioc straitéiseach de chuid an Aontais é teachtadh éifeachtach chearta an duine ag an uile dhuine a ghnóthú. Is bunluachanna de chuid an Aontais agus de chuid Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais iad meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine.

    (2)

    Is ábhar imní don Aontas staid chearta an duine atá fós ag dul in olcas sa Rúis. De dheasca an chogaidh gan chúis gan údar atá á chur ag an Rúis ar an Úcráin, tá géarú tagtha ar an gcos ar bolg inmheánach sa Rúis, rud a chuir teorainn mhór leis an tsaoirse tuairimíochta agus leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus le saoirse na meán agus a thug isteach cinsireacht chogaidh.

    (3)

    Cáineann an tAontas go láidir leanúnach mórmhéadú na reachtaíochta sriantaí agus chur faoi chois córasach na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine, chomh maith leis an gcniogbheartaíocht gan staonadh ar na meáin neamhspleácha, ar iriseoirí aonair, ar chomhaltaí an fhreasúra pholaitiúil agus ar ghuthanna criticiúla eile.

    (4)

    Cáineann an tAontas go láidir an rialú a thug cúirt i Moscó, ar chúiseanna polaitiúla, príosúnacht 25 bliana a ghearradh ar Vladimir Kara-Murza, polaiteoir ón bhfreasúra, gníomhaí daonlathais agus fear cáinte na Creimile. Iarrann an tAontas ar an Rúis iad siúd go léir atá i bpríosún mar gheall ar chúiseanna polaitiúla a scaoileadh láithreach go neamhchoinníollach.

    (5)

    Sa chomhthéacs sin, ba cheart naonúr a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998.

    (6)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Meitheamh 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO L 410 I, 7.12.2020, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta de dhaoine nádúrtha a leagtar amach i Roinn A (‘Daoine Nádúrtha’) san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1998:

    A.   Daoine nádúrtha

     

    Ainmneacha (Traslitrithe i script na Laidine)

    Ainmneacha

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna lena liostú

    Dáta an liostaithe

    ‘36.

    Oleg Mikhailovich SVIRIDENKO

    Олег Михайлович СВИРИДЕНКО

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise

    Dáta breithe: 29.7.1962

    Áit bhreithe: Potapovka, Buda-Koshelyovsky district, réigiún Gomel , an Bhealarúis

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 772704610955

    Ina cháil mar Leas-Aire Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise, déanann Oleg Sviridenko maoirseacht dhíreach ar an Roinn Reachtaíochta agus Forfheidhmithe Dlí i réimse na nEagraíochtaí Neamhthráchtála chomh maith leis an Roinn Leasa Náisiúnta um Chosaint ar Thionchar Seachtrach, atá freagrach as an reachtaíocht “gníomhairí eachtracha” a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear údarás chun cinneadh a dhéanamh maidir le hainmniúcháin sa “Liosta de Ghníomhairí Coigríche”.

    Tá an reachtaíocht maidir le gníomhairí eachtracha i gcroílár rabharta dlíthe diansmachta lena ndéantar cniogbheartaíocht ar an tsochaí shibhialta neamhspleách, ar na meáin agus ar dhaoine easaontacha, rud a sháraíonn a saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar thoradh air sin, cuireadh na céadta eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine aonair, go leor daoine mór le rá de chuid shochaí shibhialta na Rúise agus de lucht freasúra polaitiúil na Creimile, Vladimir Kara-Murza san áireamh, ar an liosta de ghníomhairí eachtracha, rud athagann go díreach faoi fhreagracht Sviridenko in Aireacht Dlí agus Cirt Chónaidhm na Rúise.

    Dá bhrí sin, tá Sviridenko freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

    5.6.2023

    37.

    Andrei Andreevich ZADACHIN

    Андрей Андреевич ЗАДАЧИН

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise; Maor

    Dáta breithe: 22.8.1990

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 771577190559

    Ina phost mar Imscrúdaitheoir i MórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’eisigh Zadachin, ar chúiseanna polaitiúla, cúiseamh coiriúil in aghaidh Vladimir Kara-Murza. Ba é Zadachin, freisin, a d’iarr ar an gcúirt go gcoinneofaí Kara Murza agus chuir sé fianaise tacaíochta ar fáil sa chúirt.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    38.

    Danila Yurievich MIKHEEV

    Данила Юрьевич МИХЕЕВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Stiúrthóir na heagraíochta neamhbhrabúis “Saineolaí neamhspleách”

    Dáta breithe: 1.3.1999

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Uimhir Chánach Aonair: 771577190559

    Feidhmíonn Mikheev mar “fhinné shaineolach” do rialtas na Rúise i gcásanna cúirte a ritear ar chúiseanna polaitiúla. D’fheidhmigh sé mar shaineolaí sna himeachtaí cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach, trí na gníomhaíochtaí a rinne sé, as tacú le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    39.

    Denis Vladimirovich KOLESNIKOV

    Денис Владимирович

    КОЛЕСНИКОВ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Ceannaire ar MhórAonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise. Céim an Leifteanant-Ghinearál

    Dáta breithe: 29.6.1976

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Cheannaire ar Mhór-Aonad Imscrúdaitheach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, d’údaraigh Kolesnikov eisiúint an chúisimh choiriúil, ar chúiseanna polaitiúla, in aghaidh Vladimir Kara-Murza.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, ina phost, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    40.

    Diana Igorevna MISHCHENKO

    (Sloinne roimh phósadh: GARIPOVA)

    Диана Игоревнa МИЩЕНКО

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó

    Dáta breithe: 12.5.1977

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Baineann

    Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Khamovniki, Moscó, tá baint ag Mishchenko leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí pianbhreith chun gabháil riaracháin Kara-Murza a fhormheas ar feadh 15 lá.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    41.

    Elena Anatolievna LENSKAYA

    Елена Анатольевна ЛЕНСКАЯ

    (Litriú Rúisise)

    Post/poist: Breitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó

    Dáta breithe: 22.1.1979

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: Baineann

    Uimhir Chánach Aonair: 770905658030

    Ina post mar Bhreitheamh sa Chúirt Dúiche in Basmaniy, Moscó, tá baint ag Lenskaya leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. D’eisigh sí an rialú chun gabháil Kara-Murza a fhormheas ar feadh 2 mhí.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023

    42.

    Ilya Pavlovich KOZLOV

    Илья Павлович КОЗЛОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó

    Dáta breithe: 17.10.1973

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Kozlov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Shéan sé iarratas ar achomharc Kara-Murza ar a ghabháil riaracháin.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh

    5.6.2023

    43.

    Sergei Gennadievich PODOPRIGOROV

    Сергей Геннадьевич ПОДОПРИГОРОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Breitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó

    Dáta breithe: 8.1.1974

    Áit bhreithe: Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Seoladh

    Shmitovskiy Proyezd, 16c2, Moscó, an Rúis, 123100. Árasán 52.

    (Шмитовский пр-д, 16с2, Москва, Россия, 123100. Квартира 52)

    Ina phost mar Bhreitheamh i gCúirt Cathrach Mhoscó, tá baint ag Podoprigorov leis an gcás cúirte a ritheadh ar chúiseanna polaitiúla i gcoinne Vladimir Kara-Murza. Bhí sé ina chathaoirleach ar collegium na mBreithiúna i gCúirt Chathair Mhoscó, agus an 17 Aibreán 2023 gearradh 25 bliana ar ghníomhaí freasúra, Kara-Murza, i bpríosún/campa saothair ardslándála.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Roimhe seo, thug Podoprigorov, mar Bhreitheamh sa chúirt dúiche in Tverskoi, Moscó, dhá rialú i ndáil le Sergei Magnitsky, a nocht éilliú agus mí-iompar a rinne oifigigh rialtais na Rúise, agus rinneadh géarleanúint air ina dhiaidh sin agus fuair sé bás i bpríosún Rúiseach.

    Dá bhrí sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh..

    5.6.2023

    44.

    Dmitriy Viktorovich KOMNOV

    Дмитрий Викторович КОМНОВ

    (Litriú Rúisise)

    Feidhm: Leifteanant-Choirnéal, Ceann ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó, SIZO-5 “Vodnik”.

    Dáta breithe: 17.5.1977

    Áit bhreithe: Réigiún Kashira, Moscó, Cónaidhm na Rúise

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Is oifigeach sinsearach é Komnov i gcóras peannaideach na Rúise. Tá sé ina Cheann ar ionad coinneála réamhthrialach Mhoscó SIZO-5 “Vodnik,” áit a bhfuil Vladimir Kara-Murza á choinneáil.

    Is gníomhaí freasúra mór le rá é Kara-Murza sa Rúis. Imeachtaí cúirte a raibh údar polaitiúil leo bunaithe ar líomhaintí bréagacha a tosaíodh ina choinne in 2022 tar éis dó a chur i leith na Creimile go ndearna sí coireanna cogaidh san Úcráin agus gur cháin sé go poiblí fogha na Rúise. I mí Aibreáin 2023, gearradh 25 bliana air i bpríosún/campa saothair ardslándála. Dhírigh na himeachtaí cúirte ina choinne ar a ghníomhaíochas agus d’fhóin siad mar thriail taispeána sa Rúis chun guthanna criticiúla an réimis rialaithe a chur faoi chois agus iad ag cur i gcoinne an chogaidh fhoghaigh ar an Úcráin. Tá córas na Rúise ag baint úsáide as breithiúna na tíre mar uirlis fhorleathan i roinnt sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine. Níl an córas ceartais neamhspleách agus úsáidtear é chun cearta daonna daoine aonair atá i gcoinne an réimis rialaithe a shárú go córasach agus go mór, trína saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh a shárú.

    Tá meath suntasach tagtha ar riocht sláinte Kara-Murza ó cuireadh tús lena choinneáil i mí Aibreáin 2022. Tá Komnov freagrach as cóireáil tháireach Kara-Murza mar gur cuireadh chuig cill phionóis é in ainneoin neamhord néaróg tromchúiseach de bharr dhá nimhiú níos luaithe.

    Deimhníonn drochíde Kara-Murza san ionad coinneála réamhthrialach arna bhainistiú ag Komnov patrún an chleachtais sheanbhunaithe maidir le cóir mhídhaonna a chur ar lucht freasúra atá faoi choinneáil sa réimeas. Bhí sé ina mhaor ar ionad coinneála réamhthrialach “Butyrka” ag am nuair a bhásaigh an gníomhaí frith-éillithe Sergei Magnitsky mar thoradh ar choinníollacha dofhulaingthe.

    Dá bhrí sin, tá Komnov freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gCónaidhm sa Rúis, lena n-áirítear íde tháireach agus sáruithe ar an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

    5.6.2023’


    Top