This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1071
Commission Implementing Regulationz (EU) 2023/1071 of 1 June 2023 amending certain Annexes to Implementing Regulation (EU) 2021/620 as regards the approval or withdrawal of the disease-free status of certain Member States or zones or compartments thereof as regards certain listed diseases and the approval of eradication programmes for certain listed diseases (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1071 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1071 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/3446
IO L 143, 2.6.2023, p. 105–115
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 143/105 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1071 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Meitheamh 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 maidir le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe agus formheas clár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3) agus 36(4) agus Airteagal 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos freisin an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin maidir leis an bhformheas nó an aistarraingt a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalair Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a aistarraingt i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh. |
(3) |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalair acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha atá ann cheana. De thoradh na staide eipidéimeolaíche maidir le galair áirithe a bheith ag athrú, is gá Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun Ballstáit nua nó criosanna díobh atá saor ó ghalair a liostú agus chun criosanna ina ndeimhnítear ráigeanna galair nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun á gcomhlíonadh iontu a thuilleadh a scriosadh ó na liostaí, agus cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas. |
(4) |
Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), ionfhabhtú le víreas an chonfaidh (RABV), liúcóis bhuaibheach eansótach (LBE), rineatraicéíteas tógálach buaibheach/bált-fhaighníteas puchóideach ionfhabhtaíoch (IBR/IPV), ionfhabhtú le víreas ghalar Aujeszky (ADV), buinneach víreasach bhuaibheach (BVB) agus ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), tá iarratas curtha isteach ag roinnt Ballstát chuig an gCoimisiún le déanaí maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú orthu nó cláir dhíothaithe éigeantacha nó roghnacha a fhormheas le haghaidh criosanna áirithe dá gcríoch. Thug roinnt Ballstát fógra freisin faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le RABV agus BTV, ráigeanna nach mór a chur in iúl in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(5) |
Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, chuir an Iodáil agus an Phortaingéil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i gCúige Matera i Réigiún Basilicata, agus i réigiúin Santarem agus Setubali, faoi seach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chriosanna saor ó Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe i gCuid I, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(6) |
Maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, chuir an Fhrainc agus an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i réigiúin thar lear Guyane, Guadeloupe, Martinique, Mayotte agus Réunion, agus i gCúigí Napoli agus Salerno i réigiúin Campania, faoi seach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chrios saor ó Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gCuid I, Caibidil 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
(7) |
Maidir le hionfhabhtú le MTBC, chuir an Iodáil agus an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i leith ionfhabhtú le MTBC, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i gcúige Catanzaro i réigiún Calabria, i gcúige Napoli i réigiún Campania, i gcúigí Barletta-Andria-Trani, Brindisi agus Lecce i réigiún Puglia, i gcúige Nord Est Sardegna i réigiún Sardinia, agus i gcúigí Burgos, León agus Valladolid i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla y León, faoi seach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith ionfhabhtú le MTBC. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu i leith ionfhabhtú le MTBC. |
(8) |
Maidir le LBE, chuir an Phortaingéil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i leith LBE i gceantar Porto, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith LBE. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil stádas saor ó ghalair aige i leith LBE. |
(9) |
Maidir le IBR/IPV, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tSlóvaic chun clár díothaithe roghnach a fhormheas le haghaidh crios a chuimsíonn réigiúin na Bratasláive, Košice, Prešov, Trnava agus Žilina. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh IBR/IPV a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh IBR/IPV. |
(10) |
Maidir le hionfhabhtú le ADV, chuir an Pholainn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i leith ionfhabhtú le ADV a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 le haghaidh na réigiún uile a liostaítear faoi láthair i gCuid II d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar réigiúin a bhfuil cláir dhíothaithe fhormheasta acu. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith ionfhabhtú le ADV. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu i leith ionfhabhtú le ADV. |
(11) |
Maidir le BVD, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i leith BVD, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i réigiúin Augsburg agus Ostallgäu in Regierungsbezirk Schwaben, i stát na Baváire. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith BVD. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalair i leith BVD. |
(12) |
Maidir le BVD, chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas freisin gur cheart criosanna Regierungbezirk Oberfranken, Regierungsbezirk Oberpfalz, Regierungsbezirk Mittelfranken agus Regierungsbezirk Unterfranken i stát na Baváire a liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu i leith BVD a thabhairt cothrom le dáta. Tá críoch iomlán na gcriosanna sin saor ó BVD, seachas Regierungsbezirk Niederbayern, áit a bhfuil BVD fós i gcodanna áirithe de na críocha sin. Dá bhrí sin, ní gá trácht ar na heintitis níos lú amhail cathracha agus ‘Landkreise’ a liostaítear faoi Regierungsbezirk Oberfranken, Regierungsbezirk Oberpfalz, Regierungsbezirk Mittelfranken agus Regierungsbezirk Unterfranken, ar cheart iad a scriosadh. Ba cheart Iarscríbhinn VII, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
(13) |
Thug an tSlóvaic fógra don Choimisiún faoi ráigeanna éagsúla d’ionfhabhtú le RABV a dhéanann difear do réigiúin Humenné, Medzilaborce, Snina, Stropkov, Svidnik agus Vranov nad Topl’ou in kraj Prešovský agus réigiúin Michalovce, Sobrance agus Trebišov in kraj Košický. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalair i leith ionfhabhtú le RABV ag críoch iomlán na Slóvaice, agus go liostaítear í i gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalair maidir leis na réigiúin sin a aistarraingt, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an tSlóvaic sa liosta sin a leasú dá réir. |
(14) |
Maidir le hionfhabhtú le RABV, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an tSlóvaic freisin chun clár díothaithe éigeantach a fhormheas le haghaidh crios a chuimsíonn réigiúin Humenné, Medzilaborce, Snina, Stropkov, Svidnik agus Vranov nad Topl’ou in kraj Prešovskýý agus réigiúin Michalovce, Sobrance agus Trebišov in kraj Košický. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le RABV a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh ionfhabhtú le RABV. |
(15) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Bheilg agus an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a aithint i leith ionfhabhtú le BTV i gcríoch iomlán na Beilge agus i gceantair Bernkastel-Wittlich, Eifelkreis Bitburg-Prüm, Trier, Trier-Saarburg agus Vulkaneifel i stát Rhineland-Palatinate laistigh den stát cónaidhme sin, faoi seach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i leith ionfhabhtú le BTV. Dá bhrí sin, ba cheart an Bheilg a liostú, agus ba cheart an crios sin i stát Rhineland-Palatinate a chur le críoch na Gearmáine, críoch a liostaítear cheana mar chrios atá saor ó ionfhabhtú le BTV, i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chrios a bhfuil stádas saor ó ghalair aige i leith ionfhabhtú BTV aige. |
(16) |
Thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le BTV séiritíopa 4 i gcúigí Ourense agus Pontevedra i bPobal Féinrialaitheach na Gailíse, rud a dhéanann difear freisin do na ceantair máguaird Sarria, Chantada agus Terra de Lemos-Quiroga i gcúige Lugo, chomh maith le ceantair Alcañices agus Puebla de Sanabria i gcúige Zamora i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla y León. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalair ag na limistéir sin, agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalair i leith ionfhabhtú le BTV a aistarraingt, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn sa liosta sin a leasú dá réir. |
(17) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas freisin gur chuir sí le raon feidhme críochach an chláir díothaithe roghnaigh a formheasadh cheana féin le haghaidh an chreasa a liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 trí chrios a chur leis a chuimsíonn cúigí Ourense agus Pontevedra, roinnt ceantar i gcúige Lugo i gComhphobal Féinrialaitheach na Gailíse, roinnt ceantar i gcúige Toledo i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla-La Mancha, cúige Salamanca, roinnt ceantar i gcúigí Avila agus Zamora i gComhphobal Féinrialaitheach Castilla y Leon agus roinnt ceantar i gComhphobal Féinrialaitheach Mhaidrid. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a chur leis an iontráil a bhaineann leis an Spáinn i gCuid II d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh ionfhabhtú le BTV. |
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I go VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I go VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 1 Meitheamh 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I go VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
in Iarscríbhinn IV, i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bPortaingéil:
|
(5) |
in Iarscríbhinn V, i gCuid II, cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an tSlóvaic isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Lucsamburg:
|
(6) |
leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
(8) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|