This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R1045
Council Implementing Regulation (EU) 2023/1045 of 30 May 2023 implementing Regulation (EU) 2023/888 concerning restrictive measures in view of actions destabilising the Republic of Moldova
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1045 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1045 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
ST/6516/2023/INIT
IO L 140I, 30.5.2023, p. 1–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 140/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1045 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/888. |
(2) |
Tá an tAontas meáite ar thacú le Poblacht na Moldóive i gcónaí, agus le hathléimneacht, slándáil, cobhsaíocht, geilleagar agus le soláthar fuinnimh na tíre sin i bhfianaise gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá á ndéanamh ag gníomhaithe seachtracha. |
(3) |
I bhfianaise na staide i bPoblacht na Moldóive, measann an Chomhairle gur cheart cúigear a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/888 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888:
‘IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA NDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS AGUS NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2
A. Daoine nádúrtha
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
1. |
Ilan Mironovich SHOR ar a dtugtar freisin Ilan Mironovici ȘOR |
Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”) Dáta breithe: 6.3.1987 Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael Inscne: fireann Náisiúntacht: Moldóvach, Iosraelach Uimh. Pas: 0971007884125 (Poblacht na Moldóive) |
Is polaiteoir é Ilan Shor (ceannaire an Pháirtí Pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Tá baint ag an bPáirtí ŞOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive. Faoi chinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chisinau pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír. Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Chisinau, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhíonn á n-íoc ag an Páirtí ŞOR, le linn 2022 agus 2023. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive agus atá ina mbagairt ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil i bPoblacht na Moldóive. |
30.5.2023 |
2. |
Gheorghe Petru CAVCALIUC |
Feidhm: polaiteoir, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “An Eoraip a Thógáil sa Bhaile” iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní Dáta breithe: 25.10.1982 Áit bhreithe: sráidbhaile Micăuți, contae Strășeni, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Moldóvach Uimhir aitheantais 2000033042660 (Poblacht na Moldóive) |
Is é Gheorghe Petru Cavcaliuc an t-iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní de Phoblacht na Moldóive. Is eol gur eagraigh sé agóidí foréigneacha mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus gur ghlac sé páirt iontu, in éineacht le Ilan Shor. D’úsáid sé a naisc laistigh de Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní chun iar-phóilíní a earcú agus grúpa paraimíleata a chruthú chun na léirsitheoirí foréigneacha a “chosaint” i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive. Sa chomhthéacs seo, bhunaigh sé “scáthrialtas” mar a thugtar air agus é d’aidhm aige áit rialtas Phoblacht na Moldóive, a toghadh go daonlathach, a ghlacadh. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil, tá Gheorghe Cavcaliuc freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
3. |
Marina TAUBER |
Feidhm: Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive (ó mhí an Mhárta 2019) Dáta breithe: 1.5.1986 Áit bhreithe: Áit bhreithe: Poblacht na Moldóive Inscne: baineann Náisiúntacht: Moldóvach |
Is leas-cheannaire Pháirtí ŞOR agus Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive í Marina Tauber. Cúisíodh í sa chás “Calaois Bhainc” agus tá sí faoi réir imscrúdaithe in dhá chás coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le maoiniú neamhdhleathach ó ghrúpa coiriúil eagraithe agus le falsú na tuarascála ar bhainistíocht airgeadais an Pháirtí ŞOR. An 20 Nollaig 2022, rinne ionchúisitheoirí roinnt cuardach éagsúil i ndáil leis an gcás faoi mhaoiniú neamhdhleathach a bheith á dhéanamh ar pháirtí Ilan Shor. D’aithin údaráis Phoblacht na Moldóive ansin airgead a bhí le húsáid, dar leis na hionchúisitheoirí, chun agóidí frithrialtais a eagrú agus chun luach saothair a thabhairt do na rannpháirtithe sna léirsithe sin. In 2023, gabhadh seilbh ar sceana, ar shubstaintí inadhainte agus ar mhiodóga tar éis agóidí a d’eagraigh Gluaiseacht an Phobail, a bhfuil an Páirtí ŞOR ina chuid de. Cláraíodh foréigean agus coimhlintí idir na póilíní agus léirsitheoirí, inar coinníodh 54 duine, lena n-áirítear mionaoisigh. De réir Chigireacht Ghinearálta Phóilíní Phoblacht na Moldóive, bhí Marina Tauber i measc phríomheagraithe agóidí Pháirtí ŞOR agus Ghluaiseacht an Phobail. De réir Oifig Ionchúisitheora Phoblacht na Moldóive in aghaidh Éilliú, d’úsáid sí ionstraimí cumarsáide speisialta chun treoracha díreacha a thabhairt d’uachtaráin agus do leas-uachtaráin oifigí críochacha Pháirtí ȘOR sa tír maidir le conas daoine a thabhairt chuig na léirsithe, iompar a eagrú agus conas an t-airgead a fháil chun luach saothair a íoc leis na daoine. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus trí onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Marina Tauber freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
4. |
Igor Yuryevich CHAIKA dá ngairtear freisin Igor Yuryevich CHAYKA (Игорь Юрьевич ЧАЙКА) |
Feidhm: fear gnó Rúiseach Dáta breithe: 13.12.1988 Áit bhreithe: Irkutsk nó Moscó, iar-USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Rúiseach |
Is fear gnó Rúiseach é Igor Chaika atá freagrach as airgead a chasadh chun tacú le tionscadail Sheirbhís Slándála Chónaidhme na Rúise (FSB) atá dírithe ar Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú. D’imir sé an ról “sparán” na Rúise, agus airgead á chur aige le sócmhainní FSB i bPoblacht na Moldóive chun an tír a thabhairt faoi smacht na Creimile. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, tá Igor Chaika freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
5. |
Vladimir Gheorghe PLAHOTNIUC dá ngairtear freisin Vladimir ULINICI dá ngairtear freisin Vladimir PLAKHOTNYUK dá ngairtear freisin Vladislav Vladimir NOVAK (Владимир (Влад) Георгиевич ПЛАХОТНЮК) |
Feidhm: fear gnó, polaiteoir Dáta breithe: 1.1.1966 nó 25.12.1965 Áit bhreithe: Pitușca, Călărași, iar-USSR (Poblacht na Moldóive anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Moldóvach, Rómánach, Rúiseach Uimh. Pas: 0960304018797 (Poblacht na Moldóive) |
Tá Vladimir Plahotniuc faoi réir go leor imeachtaí coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le coireanna i ndáil le chistí Stáit Phoblacht na Moldóive a chúigleáil agus na cistí sin a aistriú go neamhdhleathach lasmuigh de Phoblacht na Moldóive. Cúisíodh é i bPoblacht na Moldóive sa chás “Calaois Bhainc”, cás a bhfuil a éifeachtaí eacnamaíocha fós ag cur isteach ar an tír. Tá sé á imscrúdú freisin as iar-uachtarán Phoblacht na Moldóive a bhreabadh le mála airgid mar mhalairt ar fhabhair pholaitiúla. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Vladimir Plahotniuc freagrach as gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus atá ina mbagairt ar an méid sin, tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive agus as mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí. |
30.5.2023 |