EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0986

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/986 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

ST/9050/2023/INIT

IO L 134I, 22.5.2023, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/986/oj

22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 134/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/986 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2023

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle an 12 Aibreán 2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Aibreán 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(2)

An 25 Meán Fómhair 2022, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go géar úsáid fhorleathan agus dhíréireach fornirt ag fórsaí slándála na hIaráine ina gcoinne siúd a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach, ag tabhairt dá aire go raibh básanna mar aon le líon mór gortuithe mar thoradh air. Sonraíodh freisin sa dearbhú nach mór iad siúd atá freagrach as Mahsa Amini a mharú a thabhairt chun cuntais, agus iarradh ar údaráis na hIaráine imscrúduithe trédhearcacha inchreidte a áirithiú chun líon na ndaoine a fuair bás agus a gabhadh a shoiléiriú, gach duine a bhí páirteach san agóidíocht neamhfhoréigneach a scaoileadh saor agus próis chuí a chur ar fáil do gach duine atá á choinneáil. Ina theannta sin, cuirtear i bhfios go láidir sa dearbhú, i ndáil leis an gcinneadh a rinne an Iaráin srian mór a chur ar rochtain ar an idirlíon agus ardáin teachtaireachtaí meandracha a bhlocáil, gur sárú follasach atá ann ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Ar deireadh, luaitear sa dearbhú go ndéanfaidh an tAontas machnamh ar na roghanna uile atá ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar mharú Mahsa Amini, agus ar an gcaoi ar fhreagair fórsaí slándála na hIaráine ar na léirsithe ina dhiaidh sin.

(3)

Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhréir le gealltanas an Aontais aghaidh a thabhairt ar gach saincheist imní a bhaineann leis an Iaráin, lena n-áirítear staid chearta an duine, mar a dearbhaíodh sna conclúidí ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 é, ba cheart cúigear agus dhá eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na n-eintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘222.

ADINEHVAND Salman

سلمان آدینه وند

Feidhm: Ceannasaí reatha Aonad Fóirithinte Phóilíní Tehran i bhFórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine (LEF)

Náisiúntacht: Iaránach

Dáta breithe: an 20 Bealtaine 1980

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Inscne: fireann

Ó mhí Eanáir 2021, Is é Ceannasaí Aonad Fóirithinte Phóilíní Tehran i bhFórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine é Salman Adinehvand, an phríomheagraíocht slándála atá i gceannas ar shlua-rialú agus ar chur faoi chois agóide. Bhí aonad Adinehvand freagrach go díreach as agóidí a chur faoi chois go foréigneach in Tehran i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2022, agóidí inar mharaigh fórsaí slándála a raibh armlón beo á úsáid acu an iliomad agóideoirí lena linn.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023

223.

AGHAMIRI Seyyed Mohammad Amin

سید محمد امین آقامیری

Feidhm: rúnaí Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine

Náisiúntacht: Iaránach

Dáta breithe: an 21 Meán Fómhair 1986

Áit bhreithe: an Iaráin

Inscne: fireann

Is é rúnaí Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine é Seyyed Mohammad Amin Aghamiri, an t-údarás láraithe do cheapadh beartas i réimse an chibearspáis. Tá Ard-Chomhairle Chibearspáis na hIaráine freagrach as an mbac a chuir an Iaráin ar ardáin nuachta agus chumarsáide ar líne, ardáin a bhfuil an-tóir orthu, agus bhain sí úsáid freisin as teicneolaíocht dhigiteach chun spiaireacht a dhéanamh ar iriseoirí agus ar easaontóirí réimis agus chun ciapadh a dhéanamh orthu.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023

224.

NIKVARZ Mohsen

Feidhm: Ionchúisitheoir poiblí Sirjan.

Náisiúntacht: Iaránach

Áit bhreithe: an Iaráin

Inscne: fireann

Ina fheidhm mar ionchúisitheoir poiblí Sirjan, bhí Mohsen Nikvarz freagrach as roinnt gabhálacha treallacha dlíodóirí agus pionóis báis in Sirjan le linn agóidí 2019.

I gcomhthéacs na n-agóidí a bhris amach i mí Mheán Fómhair 2022, bhí Nikvarz páirteach freisin sa chás ‘Maryam Arvin’, ina ndearna sé í a ionchúiseamh as a cuid gníomhaíochtaí mar dhlíodóir cosanta d’agóideoirí. Tar éis ghabháil di, agus freagracht phearsanta ar Nikvarz i leith na gabhála sin, rinneadh céastóireacht bhrúidiúil uirthi sa phríosún.

Tá Nikvarz freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023

225.

MORADI Nader

نادر مرادی

Feidhm: Leas-Mhaoirseoir Spásanna Poiblí na bPóilíní Slándála Poiblí

Grád míleata: Coirnéal

Náisiúntacht: Iaránach

Áit bhreithe: an Iaráin

Inscne: fireann

Ina fheidhm reatha mar Leas-Mhaoirseoir Spásanna Poiblí na bPóilíní Slándála Poiblí, tá an Coirnéal Nadar Moradi freagrach as dlíthe maidir leis an hidseab a fhorfheidhmiú., ar dlíthe iad ar Bhain údaráis na hIaráine feidhm as na dlíthe sin chun agóideoirí síochánta a chur faoi choi.

Tá Moradi freagrach as géarleanúint agus gabháil na mban as neamhchomhlíonadh rialacha an hidseab. Tá sé freagrach freisin as gnólachtaí, bialanna agus spásanna poiblí eile a dhúnadh i ndáil le neamh-fhorfheidhmiú na rialacha maidir leis an hidseab, agus na litreacha a fhaigheann na gnólachtaí sin le cur in iúl dóibh go bhfuil siad le dúnadh a shíniú.

Le linn na n-agóidí a thosaigh i mí Mheán Fómhair 2022 agus a mhair roinnt míonna,, bhí Moradi freagrach freisin as géarleanúint agus gabháil úinéirí siopa a dhún a ngnólachtaí agus a raibh sé i gceist acu dul ar stailc chun agóid a dhéanamh i gcoinne bhás Mahsa Amini.

Tá Moradi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023

226.

MONTAZER AL-MAHDI Saeed

(ar a dtugtar freisin MONTAZER AL-MAHDI Said)

Feidhm: Urlabhraí na bPóilíní

Céim Mhíleata Briogáidireghinearál

Náisiúntacht: Iaránach

Dáta breithe: an 8 Samhain 1971

Áit bhreithe: Tehran, an Iaráin

Inscne: fireann

Is urlabhraí phóilíní na hIaráine (Fórsaí Forfheidhmithe Dlí na hIaráine atá ar liostú an Aontais) é Saeed Montazer Al-Mahdi.

I mí Aibreán 2023, is é a d'fhógair forfheidhmiú dian na ndlíthe maidir leis an hidseab, mar atá faoi láthair, ar dlíthe iad a d’úsáid údaráis na hIaráine chun agóideoirí síochánta a chur faoi chois. Ag gníomhú dó ina cháil mar urlabhraí, cosnaíonn sé gníomhaíochtaí diansmachtúla na bpóilíní agus cuireann sé chun cinn iad.

Tá tionchar sriantach an-suntasach ag na ráitis bhagracha uaidh maidir le faireachán, ag dúnadh gnólachtaí agus spásanna poiblí eile agus ag na téacsanna rabhaidh atá á seoladh ag na húdaráis. Ina theannta sin, ina ról mar urlabhraí na bpóilíní, rinne sé beag arís agus arís eile de nimhiú na gcailíní scoile a thuairiscítear go forleathan, trína mhaíomh nach raibh ‘tromlach na gcásanna’ sin ‘fíor’, rud a cheileann ar na híospartaigh cosaint a fháil ó na póilíní agus rud a bhaineann an bonn dá gceart chun sábháilteachta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.’

22.5.2023’.

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘36.

Student Basij Organization (SBO)

Image 1

(ar a dtugtar freisin Student and Talabeh Basij)

Cineál eintitis: brainse d’Eagraíocht Basij Chór Garda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: Samhain 1989

Daoine aonair comhlachaithe: Issa Zarepour

Eintitis chomhlachaithe eile: IRGC; Eagraíocht IRGC Basij

Is brainse é Student Basij Organization (SBO) (Eagraíocht Mac Léinn Basiji) laistigh d’Eagraíocht Basij a fheidhmíonn mar fhorfheidhmitheoir foréigneach IRGC ar champais ollscoile. Tá Eagraíocht Mac Léinn Basij comhdhéanta de na baill is óige agus is radacaí de mhílíste Basiji, a bhí gníomhach go háirithe maidir le campais ollscoile - campais ina ndearnadh mic léinn agóidí — a dhéanamh ina bpríomhláithreacha coise ar bolg i bhfómhar 2022. Le linn na ruathar ar roinnt campais ollscoile – lena n-áirítear in Ollscoil Sharif, Ollscoil Shahid Beheshti agus Ollscoil Amirkabir – d’úsáid na fórsaí slándála, lena n-áirítear Eagraíocht Mac Léinn Basiji, armlóin bheo agus scaoil siad urchar leis na mic léinn.

Dearbhaítear leis an méid sin, in éineacht leis na tuairiscí iomadúla ar fhuadach mac léinn agus ar chéastóireacht a bhaineann leis na ruathair sin, go bhfuil Eagraíocht Mac Léinn Basiji freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023

37.

IRGC Cooperative Foundation

Image 2

(ar a dtugtar freisin IRGC Cooperation Bonyad; Bonyad Taavon Sepah; Bonyad-e Ta'avon-e; Sepah Cooperative Foundation)

Seoladh: Mórbhealach Niayes, Sráid Seoul, Tehran, an Iaráin

Cineál eintitis: fondúireacht

Áit chláraithe: an Iaráin

Dáta clárúcháin: 1989

Daoine aonair comhlachaithe: Ali Asghar Nourouzi;

Seyyed Amin Ala; Emami Tabatabai;

Ahmad Hasan Karimi;

Yahya Alaoddini

Eintitis chomhlachaithe eile: Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (IRGC)

Ba é IRGC ba mhó a chuir na hagóidí san Iaráin ó mhí Mheán Fómhair 2022, faoi chois, rud a d’fhág, de réir foinsí neamhspleácha, go bhfuair os cionn 520 duine bás, lena n-áirítear bás os cionn 70 díobh ar mionaoisigh iad, agus gabhadh nó cuireadh i bpríosún níos mó ná 22 000 duine.

Is é IRGC Cooperative Foundation (Fondúireacht Chomharchumann IRGC) an comhlacht atá freagrach as infheistíochtaí IRGC a bhainistiú agus mar sin tá sé freagrach as an gcos ar bolg bhrúidiúil atá ar siúl ag an réimeas a mhaoiniú. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.

22.5.2023’.


Top