Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0981

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/981 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte prasacuainteil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/3205

    IO L 134, 22.5.2023, p. 36–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/981/oj

    22.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 134/36


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/981 ÓN gCOIMISIÚN

    an 17 Bealtaine 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte prasacuainteil i ndáil lena huasteorainn iarmhar in mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe.

    (2)

    Le Tábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar aon le haicmiú na substaintí sin maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch.

    (3)

    Áirítear prasacuainteil cheana féin sa tábla sin mar shubstaint cheadaithe i gcás na gcaorach agus na n-each-ainmhithe. Tá aicmiú ‘nach bhfuil gá le huasteorainn iarmhar’ ag an iontráil atá ann cheana.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, an 27 Iúil 2021, chuir VETHELLAS AEBE iarraidh faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) maidir leis an iontráil atá ann cheana maidir le prasacuainteil a leathnú chun iasc eite a chumhdach.

    (5)

    An 8 Meán Fómhair 2022, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid, trí thuairim an Choiste um Tháirgí Íocshláinte d’Úsáid Tréidliachta, gurbh iomchuí MRL a bhunú le haghaidh prasacuainteil in iasc eite, i ndáil le matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha.

    (6)

    I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Ghníomhaireacht chun breithniú a dhéanamh maidir le MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de in mbia-ábhar áirithe a úsáid le haghaidh bia-ábhar eile a dhíorthaítear ón speiceas céanna, nó MRLanna a bunaíodh i leith substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i speiceas amháin nó i níos mó ná speiceas amháin a úsáid le haghaidh speicis eile.

    (7)

    Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gurb iomchuí an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ le haghaidh prasacuainteile sna caoirigh a eachtarshuíomh chuig athchogantaigh eile, cé is moite d’eallach.

    (8)

    I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí MRL a bhunú le haghaidh prasacuainteile in iasc eite, i ndáil le matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha agus an t-aicmiú ‘níl gá le huasteorainn iarmhar’ a bhunú le haghaidh prasacuainteile i ngach athchogantach seachas na bó-ainmhithe.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 152, 16.6.2009, lch. 11.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘prasacuainteil’:

    Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de

    Iarmhar marcála

    Speiceas Ainmhíoch

    MRL

    Spriocfhíocháin

    Forálacha Eile

    (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009)

    Aicme Theiripeach

    ‘Prasacuainteil

    NEAMHBHAINTEACH

    Gach athchogantach seachas bó-ainmhithe, each-ainmhithe

    Níl gá le huasteorainn iarmhar

    NEAMHBHAINTEACH

    GAN IONTRÁIL

    GAN IONTRÁIL

    Prasacuainteil (suim na n-isiméirí)

    Iasc Eite

    20 μg/kg

    Matáin agus craiceann i gcoibhneasa nádúrtha

    GAN IONTRÁIL

    GAN IONTRÁIL’


    Top