Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0980

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/980 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann le tacagraf cliste idirthréimhseach agus le Fíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo a bheith á úsáid ag an tacagraf sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/3185

    IO L 134, 22.5.2023, p. 28–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/980/oj

    22.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 134/28


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/980 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Bealtaine 2023

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann le tacagraf cliste idirthréimhseach agus le Fíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo a bheith á úsáid ag an tacagraf sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh„

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 tugadh isteach tacagraif chliste, a bhfuil nasc leis an gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte (‘GNSS’) ina chuid díobh.

    (2)

    Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún (2) na ceanglais theicniúla maidir le tacagraif chliste agus comhpháirteanna tacagraf cliste a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú.

    (3)

    Le Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh isteach ceanglais nua maidir leis an tacagraf cliste, lenar ceanglaíodh leasú a dhéanamh ar a shonraíochtaí teicniúla. Dá bhrí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún (4) leasaíodh Rialachán (AE) 2016/799 chun an dara leagan den tacagraf cliste a thabhairt isteach.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 tugadh isteach éigeantas maidir le tacagraif chliste Fíordheimhniú Teachtaireachta Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte (‘OSNMA’) Galileo a úsáid, chun go bhféadfaí suíomhanna arna dtaifeadadh leis an tacagraf a fhíordheimhniú trí bhíthin Chóras Domhanda Loingseoireachta Satailíte (GNSS) Galileo.

    (5)

    Tá OSNMA á chur trí chéim tástála poiblí faoi láthair, agus ní mheastar go n-eiseofar dearbhú seirbhíse go dtí i ndiaidh an dáta a thabharfar isteach tacagraf cliste den dara leagan i bhfeithiclí nuachláraithe. Fágann sé sin éiginnteacht maidir le cineálcheadú na n-aonad feithicle, agus fágann sé éiginnteacht freisin maidir le hiompraíocht tacagraf cliste den dara leagan ón uair a athróidh an comhartha-sa-spás in OSNMA amach anseo.

    (6)

    Chun coinníollacha comhchuibhithe tástála agus cineálcheadaithe a áirithiú, chomh maith le hiompraíocht chomhchuibhithe na n-aonad feithicle, is gá feidhmiú coiteann na dtacagraf cliste den dara leagan a áirithiú, roimh an dearbhú seirbhíse OSNMA agus ina dhiaidh.

    (7)

    Ba cheart na tacagraif chliste tosaigh den dara leagan a chineálcheadú ar bhonn an chomhartha-sa-spás OSNMA agus an ábhair chripteagrafaigh OSNMA a bheidh ar fáil le haghaidh chéim tástála poiblí na seirbhíse. Chun a áirithiú nach gcuirfear isteach ar an tiománaí tar éis an athraithe ar an gcomhartha-sa-spás oibríochtúil, ba cheart na tacagraif sin a bheith ag déanamh neamhaird de OSNMA go dtí go bhféadfar iad a nuashonrú chun úsáid iomlán a bhaint as an tseirbhís OSNMA. Fágann sé sin go mbeidh idirthréimhse ann i gcás tacagraif chliste den dara leagan maidir le húsáid OSNMA.

    (8)

    Ba cheart a áirithiú go mbeidh ag na tacagraif idirthréimhseacha sin na feidhmiúlachtaí uile a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014.

    (9)

    Meastar nach mbeidh sé riachtanach aon athrú a dhéanamh ar an gcrua-earra ón uair a dhéanfar an dearbhú seirbhíse OSNMA i leith fheidhmiú an tacagraif leis an tseirbhís OSNMA oibríochtúil. Ba cheart é a bheith indéanta nuashonrú a dhéanamh ar na bogearraí i dtacagraf idirthréimhseach chun úsáid iomlán a bhaint as OSNMA a luaithe a bheidh fáil air.

    (10)

    I bhfianaise forbairtí amach anseo maidir le hinfhaighteacht agus feidhmiú OSNMA, maidir leis an bhféidearthacht nuashonrú a dhéanamh ar an tacagraf i gceardlann, nó maidir le teicnící cúblála i gcoinne an tacagraif ab fhéidir a bhraithfí le linn úsáid allamuigh, féadfaidh an Coimisiún athmheastóireacht a dhéanamh féachaint ar cheart na sonraíochtaí teicniúla a athbhreithniú agus, mar chuid de sin, féadfaidh sé a mheas an bhfuil gá lena cheangal go mbeidh an tacagraf cliste idirthréimhseach in ann úsáid iomlán a bhaint as an gcumas OSNMA.

    (11)

    Ba cheart tréimhse leordhóthanach a thabhairt don tionscal na bearta idirthréimhseacha a chur chun feidhme. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith in ann an iarraidh ar chineálcheadú tacagraf idirthréimhseach a dhéanamh go dtí an 31 Nollaig 2023 ar a laghad. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann freisin leanúint de thacagraif idirthréimhseacha a shuiteáil ar feadh tréimhse theoranta tar éis an Dearbhaithe Seirbhíse OSNMA.

    (12)

    Ba cheart é a bheith ar chumas na n-údarás forfheidhmithe a aithint, a luaithe a bheidh deireadh leis an idirthréimhse, an bhfuil leagan bogearraí sa tacagraf cliste ar leagan é a fhágann gur féidir leis an tacagraf úsáid a bhaint as OSNMA Galileo.

    (13)

    An dáta cur i bhfeidhm atá ann faoi láthair agus a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228, fágann sé nach féidir leis na húdaráis chineálcheadúnacháin cineálcheadú a dheonú do threalamh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 i gcomhréir leis na leasuithe a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 roimh an 21 Lúnasa 2023. Ón dáta sin amach, áfach, de bhun Airteagail 8(1) agus 11 de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014, i gcás feithiclí a bheidh á gclárú den chéad uair i mBallstát, ní mór tacagraf cliste den leagan nua a bheith feistithe ar na feithiclí sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 a leasú chun go bhféadfar cineálcheadú a dheonú a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

    (14)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228:

    ‘Ón 25 Bealtaine 2023, áfach, ní dhiúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú AE a dheonú le haghaidh cineál nua tacagraif, comhpháirte tacagraif nó cárta tacagraif, ná ní dhiúltóidh siad síneadh a dheonú le haghaidh cineál tacagraif, comhpháirte tacagraif nó cárta tacagraif atá ann cheana, ná ní thoirmeascfaidh siad tacagraf nua, comhpháirt tacagraif nua nó cárta tacagraif nua a chlárú, a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse i gcás ina gcomhlíonfaidh an trealamh lena mbaineann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 arna leasú leis an Rialachán seo, má iarrann monaróir amhlaidh.’

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 21 Lúnasa 2023.

    Ón 25 Bealtaine 2023, áfach, ní dhiúltóidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú AE a dheonú le haghaidh cineál nua tacagraif, comhpháirte tacagraif nó cárta tacagraif, ná ní dhiúltóidh siad síneadh a dheonú le haghaidh cineál tacagraif, comhpháirte tacagraif nó cárta tacagraif atá ann cheana, ná ní thoirmeascfaidh siad tacagraf nua, comhpháirt tacagraif nua nó cárta tacagraif nua a chlárú, a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse i gcás ina gcomhlíonfaidh an trealamh lena mbaineann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 agus leis an Rialachán seo, má iarrann monaróir amhlaidh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 60, 28.2.2014, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais maidir le tacagraif agus comhpháirteanna tacagraf a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2020/1054 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a mhéid a bhaineann le riachtanais íosta maidir le huastréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, íos-sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla, agus Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a mhéid a bhaineann le suíomh le tacagraif (IO L 249, 31.7.2020, lch. 1).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1228 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun tacagraif chliste agus comhpháirteanna tacagraf cliste a dhéanamh, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 273, 30.7.2021, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an Fhoscríbhinn 17 seo a leanas le hIarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799:

    ‘Foscríbhinn 17

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA A BHAINEANN LE hÚSÁID OSNMA I dTACAGRAIF

    1.   SAINMHINITHE AGUS ACRAINMNEACHA

    1.1.   Sainmhínithe

    Ciallaíonn Dearbhú Seirbhíse i leith Fhíordheimhniú Teachtaireachta Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte (OSNMA) Galileo an dearbhú ón gCoimisiún Eorpach go bhfuil OSNMA Galileo gafa chun na céime oibríochtúla.

    Aonad feithicle idirthréimhseach: Aonad feithicle a chomhlíonann forálacha na Foscríbhinne seo.

    Déantar na haonaid feithicle idirthréimhseacha i gcomhréir le doiciméad rialaithe comhéadain na gcomharthaí-sa-spás (SIS ICD) agus le treoirlínte glacadóra OSNMA is infheidhme maidir le céim tástála poiblí OSNMA. Tá glacadóir GNSS iontu atá in ann úsáid a bhaint as an OSNMA a bheidh ar fáil le linn chéim tástála poiblí OSNMA.

    Níl aonaid feithicle idirthréimhseacha in ann na teachtaireachtaí loingseoireachta a bheidh ar fáil tar éis Dhearbhú Seirbhíse OSNMA a fhíordheimhniú, áfach, mar gur gá nuashonrú a dhéanamh ar an ábhar cripteagrafach atá san aonad feithicle. Ní mór nuashonrú bogearraí iomchuí a chur i bhfeidhm, ionas gur féidir leo tosú ag baint úsáid as OSNMA, agus ceanglais uile Iarscríbhinn IC agus Fhoscríbhinní 1 go 16 a ghabhann léi a chomhlíonadh. Go dtí go ndéantar an nuashonrú orthu, cuireann na haonaid feithicle idirthréimhseacha na feidhmiúlachtaí a bhaineann le OSNMA chun feidhme de réir mar a shonraítear san Fhoscríbhinn seo. Níl aon athrú ar fheidhmiúlachtaí nach mbaineann le OSNMA.

    Má chuirtear an nuashonrú bogearraí iomchuí i bhfeidhm, cuireann aonaid feithicle idirthréimhseacha SIS ICD agus na treoirlínte glacadóra OSNMA is infheidhme maidir le céim oibríochtúil OSNMA chun feidhme, agus comhlíonann siad ceanglais uile Iarscríbhinn IC agus Fhoscríbhinní 1 go 16 a ghabhann léi, agus úsáid á baint acu as an OSNMA atá ar fáil le linn na céime oibríochtúla.

    Tacagraf idirthréimhseach: tacagraf, ar a n-áirítear aonad feithicle idirthréimhseach.

    1.2.   Acrainmneacha

    ICD

    Doiciméad Rialaithe Comhéadain (‘Interface Control Document’)

    OSNMA

    Fíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo (‘Galileo Open Service Navigation Message Authentication’)

    SIS

    Comhartha-sa-spás (‘Signal-in-space’)

    VU

    Aonad feithicle (‘Vehicle Unit’)

    2.   NITHE GINEARALTA LE CUR SAN AIREAMH MAIDIR LE OSNMA

    Chun go bhféadfar, ón dáta tabhairt isteach a iarradh mar a shainítear i bpointe (ccc) de Roinn 1 d’Iarscríbhinn IC a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799, leagan 2 de thacagraif den dara glúin a shuiteáil i bhfeithiclí a bheidh á gclárú den chéad uair, is gá aonaid feithicle a chineálcheadú, a tháirgeadh agus a thráchtálú sula n-eisítear Dearbhú Seirbhíse OSNMA. I gcás na n-aonad feithicle sin, dá ngairtear aonaid feithicle idirthréimhseacha, is gá na ceanglais sin in Iarscríbhinn IC agus i bhFoscríbhinní 1 go 16 ghabhann léi, agus a bhaineann le OSNMA, a oiriúnú, ionas gur féidir na haonaid a chineálcheadú agus a úsáid sa réimse allamuigh.

    Sna forálacha a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo, sainítear na ceanglais shonracha is infheidhme maidir le haonaid feithicle idirthréimhseacha. Níl feidhm acu ach amháin maidir le haonaid feithicle ina bhfuil glacadóir GNSS inmheánach.

    3.   CEANGLAIS IS INFHEIDHME MAIDIR LE GLACADOIR GNSS NA DTACAGRAF IDIRTHREIMHSEACH

    TRA_001

    Beidh glacadóir GNSS sna haonaid feithicle idirthréimhseacha, glacadóir GNSS a bheidh in ann úsáid a bhaint as an OSNMA a bheidh ar fáil le linn chéim tástála poiblí OSNMA.

    TRA_002

    Tá feidhm ag ceanglais Fhoscríbhinn 12 maidir leis ann glacadóir GNSS a bheidh sna haonaid feithicle idirthréimhseacha, agus gabhann na léirmhínithe seo a leanas leis sin:

    SIS ICD agus na Treoirlínte um an nGlacadóir OSNMA dá dtagraítear, is éard atá iontu na doiciméid atá ar fáil le haghaidh na céime tástála poiblí:

    ICD Úsáideora Fhíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo (OSNMA) le haghaidh Chéim na Tástála, Eisiúint 1.0, Samhain 2021,

    Treoirlínte Glacadóra Fhíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo (OSNMA) le haghaidh Chéim na Tástála, Eisiúint 1.0, Samhain 2021,

    Is éard atá in OSNMA an tseirbhís a bheidh ar fáil le linn na céime tástála poiblí,

    Is éard atá in SIS an comhartha-sa-spás a bheidh ar fáil le linn na céime tástála poiblí.

    TRA_003

    An glacadóir GNSS a bheidh sna haonaid feithicle idirthréimhseacha, beidh siad deartha ar chaoi go mbeidh siad – ón uair a dhéanfar nuashonrú ar na bogearraí ann trí bhíthin nuashonrú bogearraí aonaid feithicle – i lán-chomhlíontacht le ceanglais Iarscríbhinn 12, agus é ag baint úsáid as OSNMA le linn chéim oibríochtúil OSNMA.

    4.   CEANGLAIS IS INFHEIDHME MAIDIR LE HAONAID FEITHICLE IDIRTHREIMHSEACHA

    Is féidir go bpróiseálfadh na haonaid feithicle idirthréimhseacha an comhartha OSNMA a bheidh ar fáil le linn chéim tástála poiblí OSNMA, ach i dtaca le Stádas an Fhíordheimhnithe Teachtaireachtaí Loingseoireachta ón SIS a bheidh ar fáil le linn chéim oibríochtúil OSNMA, ní bheidh siad in ann an Stádas sin a thuairisciú nó go gcuirfear i bhfeidhm nuashonrú bogearraí iomchuí. Dá bhrí sin, glacann siad leis go bhfuiltear i gcónaí ag fíordheimhniú na suíomhanna caighdeánacha a thugann an glacadóir GNSS.

    Tá feidhm ag ceanglais Iarscríbhinn IC agus Fhoscríbhinní 1 go 16 a ghabhann léi, agus gabhann na léirmhínithe seo a leanas leis sin:

    TRA_004

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.9.15 Imeacht ‘coinbhleachta ama’, ceanglas 86:

    Déanfar an t-imeacht sin a thruicearú, le linn an modh calabrúcháin gan bheith i bhfeidhm, aon uair a bhraithfidh VU neamhréireacht idir an t-am de réir feidhm tomhais ama an aonaid feithicle agus an t-am de réir na suíomhanna caighdeánacha arna dtarchur ag an nglacadóir GNSS nó ag an tsaoráid GNSS sheachtrach. Is éard a chiallaítear le ‘neamhréireacht ama’ go mbraitear neamhréireacht ama aon uair a sháraíonn an difríocht ama ± 3 shoicind de réir comhfhreagairt leis an mbeachtas ama a leagtar amach i gceanglas 41a, agus an ní deireanach sin a luaitear arna mhéadú tríd an uasfhéithiú ama in aghaidh an lae a chur leis. Déantar an t-imeacht sin a thaifeadadh i dteannta luach chlog inmheánach an trealaimh taifeadta. Déanfaidh an VU an tseiceáil i leith thruicearú an imeachta ‘coinbhleacht ama’ go díreach sula ndéanfaidh an VU clog inmheánach an VU a athchoigeartú go huathoibríoch, i gcomhréir le ceanglas 211.

    TRA_005

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.9.18 Imeacht ‘Aimhrialtacht GNSS’, ceanglas 88a:

    Déanfar an t-imeacht sin a thruicearú, le linn an modh calabrúcháin gan bheith i bhfeidhm, aon uair a bhraithfidh an glacadóir GNSS ionsaí , mar a shonraítear i bhFoscríbhinn 12. Tar éis truicearú imeachta aimhrialtachta GNSS, ní ghinfidh VU aon teagmhas aimhrialtachta GNSS eile go ceann na chéad 10 nóiméad eile.

    TRA_006

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.12.5 Taifead agus stóráil sa chuimhne sonraí, Na háiteanna agus na suíomhanna mar a dtosaíonn nó mar a gcríochnaíonn tréimhsí oibre laethúla, agus/nó mar a sroichtear 3 uair an chloig d’am tiomána carntha, ceanglas 110:

    I dteannta gach tíre nó gach suímh, taifeadfaidh agus stórálfaidh an trealamh taifeadta an méid seo a leanas ina chuimhne sonraí:

    uimhir chárta an tiománaí agus/nó an chomhthiománaí agus Ballstát eisiúna an chárta,

    glúin an chárta,

    dáta agus am na hiontrála,

    an cineál iontrála (tús, deireadh nó 3 uair an chloig d’am tiomána carntha),

    cruinneas, dáta agus am gaolmhar GNSS, más infheidhme,

    luach odaiméadair na feithicle,

    bratach lena léirítear gur measadh an suíomh a bheith fíordheimhnithe.

    TRA_007

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.12.17 Taifeadadh agus stóráil sa chuimhne sonraí, Trasnuithe teorann, ceanglas 133b:

    I dteannta tíortha agus an tsuímh, taifeadfaidh agus stórálfaidh an trealamh taifeadta an méid seo a leanas ina chuimhne sonraí:

    uimhir chárta an tiománaí agus/nó an chomhthiománaí agus Ballstát eisiúna an chárta,

    glúin an chárta,

    cruinneas, dáta agus am gaolmhar GNSS,

    bratach lena léirítear gur measadh an suíomh a bheith fíordheimhnithe,

    luach odaiméadair na feithicle tráth brathadóireachta an trasnaithe teorann.

    TRA_008

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.12.18 Taifeadadh agus stóráil sa chuimhne sonraí, Oibríochtaí luchtaithe/díluchtaithe, ceanglas 133g:

    I dteannta an chineáil oibríochta agus an tsuímh, taifeadfaidh agus stórálfaidh an trealamh taifeadta an méid seo a leanas ina chuimhne sonraí:

    uimhir chárta an tiománaí agus/nó an chomhthiománaí agus Ballstát eisiúna an chárta,

    glúin an chárta,

    dáta agus am na hoibríochta luchtaithe/díluchtaithe,

    cruinneas, dáta agus am gaolmhar GNSS, más infheidhme,

    bratach lena léirítear gur measadh an suíomh a bheith fíordheimhnithe,

    luach odaiméadair na feithicle.

    TRA_009

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.23 Coigeartú ama, ceanglas 211:

    Déanfar socrú ama chlog inmheánach an VU a athchoigeartú go huathoibríoch ag eatraimh ama athraitheacha. Déanfar an chéad athchoigeartú ama uathoibríoch eile a thruicearú idir 72u agus 168u tar éis an chinn roimhe sin, agus tar éis an VU a bheith in ann rochtain a fháil ar an am GNSS trí theachtaireacht suímh caighdeánach bhailí i gcomhréir le Foscríbhinn 12. Mar sin féin, ní bheidh an coigeartú ama, i gcas ar bith, níos faide ná an t-uasfhéithiú ama carntha in aghaidh an lae, mar a bheidh arna ríomh ag an monaróir VU i gcomhréir le ceanglas 41b. Má bhíonn an difríocht idir am chlog inmheánach VU agus am an ghlacadóra GNSS níos mó ná an t-uasfhéithiú ama carntha in aghaidh an lae, is éard a dhéanfar sa chás sin go dtabharfaidh an coigeartú ama clog inmheánach an VU chomh gar agus is féidir d’am an glacadóra GNSS. Ní fhéadfar an socrú ama a dhéanamh ach amháin más trí bhíthin teachtaireachtaí suímh caighdeánacha mar a leagtar amach i bhFoscríbhinn 12 a fhaightear an t-am arna sholáthar ag an nglacadóir GNSS. Maidir leis an tagairt ama le haghaidh shocrú ama uathoibríoch chlog inmheánach an VU, is éard a bheidh inti an t-am arna sholáthar sa teachtaireacht suímh chaighdeánach.

    TRA_010

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Iarscríbhinn IC, 3.23 Coigeartú ama, ceanglas 212:

    Le feidhm an choigeartaithe ama beifear in ann coigeartú truicearaithe a dhéanamh ar an am reatha freisin, sa mhodh calabrúcháin.

    Féadfaidh ceardlanna am a choigeartú:

    trí amluach a scríobh san VU, agus úsáid á baint as an tseirbhís WriteDataByIdentifier i gcomhréir le roinn 6.2 d’Fhoscríbhinn 8,

    nó trína iarraidh go ndéanfaí ailíniú ar chlog an VU leis an am arna sholáthar ag an nglacadóir GNSS. Ní fhéadfar é sin a dhéanamh ach amháin más trí bhíthin teachtaireachtaí suímh caighdeánacha a fhaightear an t-am arna sholáthar ag an nglacadóir GNSS. Sa chás deireanach sin a luaitear, úsáidfear an tseirbhís RoutineControl i gcomhréir le roinn 8 d’Fhoscríbhinn 8.

    TRA_011

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 4, 2. Sonraíocht na mbloc sonraí, an chéad mhír, an seachtú fleasc:

    Nuair a dhéantar an picteagram

    Image 1
    a phriontáil ar lorg domhanfhad agus domhanleithead suímh thaifeadta, nó ar lorg an stampa ama ón am ar cinneadh an suíomh, is éard a léirítear leis an bpicteagram sin gur measadh an suíomh sin a bheith fíordheimhnithe.

    TRA_012

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 8, 8.1 Seirbhís RoutineControl (Coigeartú ama), Tuairisc teachtaireachta, ceanglas CPR_065a:

    Leis an tseirbhís RoutineControl (TimeAdjustment) soláthraítear an cumas ailíniú chlog an VU leis an am arna sholáthar ag an nglacadóir GNSS a thruicearú.

    Maidir leis an tseirbhís RoutineControl (TimeAdjustment) a fhorghníomhú, ní mór an modh CALABRÚCHÁIN a bheith i bhfeidhm san VU.

    Réamhchoinníoll: ní mór a áirithiú gur féidir leis an VU teachtaireachtaí suímh caighdeánacha a fháil ón nglacadóir GNSS.

    Fad a leanann an coigeartú ama ar aghaidh, tabharfaidh an VU freagairt ar an iarraidh RoutineControl, fofheidhm requestRoutineResults, le routineInfo = 0x78.

    Nóta: is féidir go dtógfadh an coigeartú ama tamall. Iarrfaidh an tástálaí diagnóiseach an stádas coigeartaithe ama trí úsáid a bhaint as an bhfofheidhm requestRoutineResults.

    TRA_013

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 12, 3 Abairtí arna soláthar ag an nglacadóir GNSS, ceanglas GNS_4a:

    Sonraí sna habairtí AMC arna soláthar ag an nglacadóir GNSS, más ann dá leithéidí, ní úsáidfear na sonraí sin san aonad feithicle, cé is moite de na luachanna seo a leanas de Status:

    J = trasnaíocht nó O = ionsaí GNSS de chineál eile (trí sheiceálacha comhsheasmhachta arna gcur chun feidhme de réir GNS_3a),

    V = Ar neamhní (ar chúis éigin eile, ní féidir an suíomh fíordheimhnithe a fháil).

    TRA_014

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 12, 3 Abairtí arna soláthar ag an nglacadóir GNSS, ceanglas GNS_5:

    Sonraí sna habairtí ASA arna soláthar ag an nglacadóir GNSS, más ann dá leithéidí, ní úsáidfear na sonraí sin san aonad feithicle.

    TRA_015

    I bhFoscríbhinn 12, 5.2 Aonad Feithicle gan saoráid GNSS sheachtrach, Aistriú faisnéise ón nglacadóir GNSS go dtí an VU, ceanglais GNS_34 agus 36:

    Ní úsáidfear , i bpróiseálaí an VU, faisnéis arna asbhaint as an abairt AMC, cé is moite de na luachanna stádais seo a leanas:

    J = trasnaíocht nó O = ionsaí GNSS de chineál eile (trí sheiceálacha comhsheasmhachta arna gcur chun feidhme de réir GNS_3a),

    V = Ar neamhní (ar chúis éigin eile, ní féidir an suíomh fíordheimhnithe a fháil).

    Ní úsáidfear , i bpróiseálaí an VU, faisnéis arna asbhaint as an abairt ASA.

    TRA_016

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 12, 6 Próiseáil agus taifeadadh sonraí suímh sa VU, ceanglas GNS_39:

    Stórálfar sonraí suímh in VU, i dteannta bratach lena léirítear an measadh an suíomh a bheith fíordheimhnithe. Nuair is gá sonraí suímh a thaifeadadh in VU, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

    (a)

    Más bailí an suíomh caighdeánach, déanfar an suíomh caighdeánach agus a chruinneas a thaifeadadh sa VU agus cuirfear an socrú ‘fíordheimhnithe’ i bhfeidhm ar an mbratach.

    TRA_017

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 12, 6 Próiseáil agus taifeadadh sonraí suímh sa VU, ceanglas GNS_40:

    Nuair atá luach an stádais in abairt AMC a fuarthas socraithe chuig ‘J’ nó ‘O’ i gcomhréir le ceanglas GNS_4a, déanfaidh VU imeacht aimhrialtachta GNSS a ghiniúint agus a thaifeadadh, mar a shainmhínítear i gceanglas 88a d’Iarscríbhinn IC agus Fhoscríbhinn 1 (EventFaultType), Féadfaidh an t-aonad feithicle seiceálacha breise a dhéanamh sula stórálfaidh sé imeacht aimhrialtachta GNSS tar éis é socraithe ‘J’ nó ‘O’ a fháil.

    TRA_018

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 12. 8 Coinbhleacht gluaisne feithicle, ceanglas GNS_42, Coinníoll truicearaithe 2, an chéad agus an dara fleasc i ndiaidh na foirmle:

    Is éard atá in GnssDistance an fad idir suíomh reatha na feithicle agus an ceann roimhe sin, arna bhfáil, an dá cheann acu, ó theachtaireachtaí suímh caighdeánacha bailí, gan an airde a chur san áireamh,

    Is éard atá in OdometerDifference an difríocht idir an luach odaiméadair reatha agus an luach odaiméadair a chomhfhreagraíonn don teachtaireacht suímh caighdeánach bhailí roimhe sin.

    TRA_019

    Is é seo a leanas a thuigfear ó Fhoscríbhinn 14, 5.4.5 Ceanglais Phrótacal DSRC le haghaidh RTM, Eilimintí de RtmData, gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme agus sainmhínithe, ceanglas DSC_41, Tábla 14.3, an dara cill i ró RTM20:

    Ginfidh an VU luach slánuimhreach (timeReal ó Fhoscríbhinn 1) le haghaidh eilimint sonraí RTM20.

    Socróidh an VU luach RTM20 chuig an am a bhí an suíomh feithicle caighdeánacha is déanaí ar fáil ón nglacadóir GNSS.

    Más rud é nach raibh aon suíomh feithicle caighdeánach riamh ar fáil ón glacadóir GNSS, socróidh VU luach RTM20 chuig 0.

    TRA_020

    Cuirfidh monaróir aonaid feithicle idirthréimhsigh chineálcheadaithe an Coimisiún ar an eolas faoina chuid leaganacha bogearraí. Foilseoidh an Coimisiún na leaganacha bogearraí sin ar shuíomh gréasáin a bheidh ar fáil go poiblí.

    5.   Forálacha sonracha maidir le cineálcheadú agus úsáid tacagraf idirthréimhseach

    TRA_021

    Déanfar aonaid feithicle idirthréimhseacha a chineálcheadú i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn IC agus Fhoscríbhinní 1 go 16 a ghabhann léi, arna bhforlíonadh le forálacha na Foscríbhinne seo.

    TRA_022

    Ní fhéadfar deimhnithe cineálcheadaithe d’aonaid feithicle idirthréimhseacha agus tacagraif idirthréimhseacha a iarraidh ach go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí dáta Dearbhaithe Seirbhíse OSNMA, cibé acu is déanaí.

    TRA_023

    Ní fhéadfar aonaid feithicle idirthréimhseacha a fheistiú i bhfeithiclí a bheidh á gclárú den chéad uair ach amháin go dtí an 31 Bealtaine 2024 nó go dtí 5 mhí tar éis dháta Dearbhaithe Seirbhíse OSNMA, cibé acu is déanaí.

    Top