Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0971

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/971 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ (STFC))

    C/2023/3249

    IO L 132, 17.5.2023, p. 45–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/971/oj

    17.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 132/45


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/971 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Bealtaine 2023

    lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ (STFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50, mír 2, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an iarraidh ar an ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’, a thíolaic an Iodáil, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide réasúnaithe faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ a chlárú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Tá an t-ainm ‘Cedro di Santa Maria del Cedro’ (STFC) cláraithe anois.

    Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Thar ceann an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)  IO C 25, 24.1.2023, lch. 12

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top