EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0932
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/932 of 8 May 2023 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the approval period of the active substance pyridalyl (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/932 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí pireadailil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/932 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí pireadailil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/2969
IO L 124, 10.5.2023, p. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
10.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 124/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/932 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Bealtaine 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí pireadailil
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí gníomhacha a fhormheastar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(2) |
Cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí pireadailil ón 30 Meitheamh 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (3), chun dáileadh cothrom freagairtí agus oibre a áirithiú idir na Ballstáit a bheadh ag gníomhú mar Bhallstáit is rapóirtéirí agus comhrapóirtéirí, agus na hacmhainní a mbeadh gá leo chun measúnú a dhéanamh ar an athnuachan agus le haghaidh cinnteoireachta á gcur san áireamh. |
(3) |
Níor cuireadh isteach aon iarratas chun formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
An síneadh ar thréimhse formheasa na substainte gníomhaí pireadailil dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007, níl údar a thuilleadh leis. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go rachaidh formheas na substainte sin in éag ar an dáta a rachadh sé in éag gan an síneadh a chur leis. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear “30 Meitheamh 2024” in ionad an dáta sa séú cholún “Dul in éag an fhormheasa” d’iontráil 64, pireadailil.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).