This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0918
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/918 of 4 May 2023 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the extension of the approval periods of the active substances aclonifen, ametoctradin, beflubutamid, benthiavalicarb, boscalid, captan, clethodim, cycloxydim, cyflumetofen, dazomet, diclofop, dimethomorph, ethephon, fenazaquin, fluopicolide, fluoxastrobin, flurochloridone, folpet, formetanate, Helicoverpa armigera nucleopolyhedrovirus, hymexazol, indolylbutyric acid, mandipropamid, metalaxyl, metaldehyde, metam, metazachlor, metribuzin, milbemectin, paclobutrazol, penoxsulam, phenmedipham, pirimiphos-methyl, propamocarb, proquinazid, prothioconazole, S-metolachlor, Spodoptera littoralis nucleopolyhedrovirus, Trichoderma asperellum strain T34 and Trichoderma atroviride strain I-1237 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/918 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2023/2843
IO L 119, 5.5.2023, p. 160–165
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 119/160 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/918 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, démheatomorf, eiteafón, feanasacuin, fluaipicilíd, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, S-meitileaclór, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 78(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (2), meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3). Liostaítear substaintí gníomhacha atá formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gCuid B den Iarscríbhinn sin. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún (4) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluraclóradón go dtí an 31 Bealtaine 2023. Leis an Rialachán sin, cuirtear síneadh freisin le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí meatam go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha aclóinífein, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, captan, démheatomorf, eiteafón, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meatasaclór, meitríbhúisin, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól agus S-meitileaclór go dtí an 31 Iúil 2023. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 ón gCoimisiún (5) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha cleataidim, cioglocsaidim, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, meataildéad, agus paclabútrasól go dtí an 31 Bealtaine 2023. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1527 ón gCoimisiún (6) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí fluaipicilíd go dtí an 31 Bealtaine 2023. |
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún (7) cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí meatalacsail go dtí an 30 Meitheamh 2023, agus cuirtear síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí peanocsulam go dtí an 31 Iúil 2023. |
(6) |
Tá formheas na substainte gníomhaí aimeatochtraidin le dul in éag an 31 Iúil 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 200/2013 ón gCoimisiún (8). |
(7) |
Tá formheas na substainte gníomhaí ciafluaimeitifein le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 22/2013 ón gCoimisiún (9). |
(8) |
Tá formheas na substainte gníomhaí víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 368/2013 ón gCoimisiún (10). |
(9) |
Tá formheas na substainte gníomhaí mandaprópaimid le dul in éag an 31 Iúil 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 188/2013 ón gCoimisiún (11). |
(10) |
Tá formheas na substainte gníomhaí víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 367/2013 ón gCoimisiún (12). |
(11) |
Tá formheas na substainte gníomhaí Trichoderma asperellum tréithchineál T34 le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1238/2012 ón gCoimisiún (13). |
(12) |
Tá formheas na substainte gníomhaí Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 le dul in éag an 31 Bealtaine 2023 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 17/2013 ón gCoimisiún (14). |
(13) |
Cuireadh isteach iarratais agus sainchomhaid fhorlíontacha chun formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (15), Rialachán a bhfuil feidhm go fóill aige maidir leis na substaintí gníomhacha sin de bhun Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (16). Dhearbhaigh na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann iad a bheith inghlactha. |
(14) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha aclóinífein, aimeatochtraidin, beaflubútaimid, cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, fluaipicilíd, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, mandaprópaimid, meatalacsail, meataildéad, meatam, meatasaclór, paclabútrasól, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, níl an measúnú riosca a rinne na Ballstáit is rapóirtéirí lena mbaineann de bhun Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 tugtha chun críche go fóill. |
(15) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha boscailid, fluraclóradón, aigéad iondóiliolbútarach, peanocsulam agus prócuineaisid, beidh am breise ag teastáil ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) chun conclúid a ghlacadh agus, i gcás inarb iomchuí, chun comhairliúchán le saineolaithe a eagrú, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Thairis sin, tá am breise ag teastáil chun an cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
(16) |
Maidir leis an tsubstaint ghníomhach próitiaconasól, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus an 15 Aibreán 2023 mar spriocdháta aige. Maidir leis na substaintí gníomhacha démheatomorf, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meitríbhúisin, milbimeictin, paclabútrasól, peanocsulam, feinmeideafam, pirimeafos-meitil agus própamacarb, d’iarr an tÚdarás faisnéis bhreise de bhun Airteagal 13(3a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 chun measúnú a dhéanamh ar na critéir formheasa a leagtar amach i bpointe 3.6.5 agus i bpointe 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus chuir na hiarratasóirí isteach í laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, tá am breise ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus chun teacht ar an gconclúid ábhartha mar aon leis an gcinneadh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
(17) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha beintiavalacarb agus captan, chuir an tÚdarás isteach a chonclúid i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Thionscain an Coimisiún pléití ar na substaintí gníomhacha sin ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha de bhun Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 agus maidir le captan, chuir sé an tuarascáil athnuachana i láthair mar aon leis an dréacht-Rialachán i ndáil lena fhormheas. Go dtí go bhfaighfear tuairim ón gCoiste sin maidir leis an dréacht-Rialachán, tá am breise ag teastáil chun an cinneadh a dhéanamh maidir le bainistiú riosca ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
(18) |
Maidir leis an tsubstaint gníomhach S-meitileaclór, an 3 Feabhra 2023 chuir an tÚdarás a chonclúid faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, cé is moite den mheasúnú ar na hairíonna suaite inchrínigh. Mar sin féin, tá am breise ag teastáil chun cinneadh a ghlacadh maidir le bainistiú riosca i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. |
(19) |
Dá bhrí sin, is dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag an 31 Bealtaine 2023, an 30 Meitheamh 2023 agus an 31 Iúil 2023 faoi seach. Níl neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana ach oiread. |
(20) |
Ós rud é gur dócha nach bhféadfar aon chinneadh a dhéanamh maidir le formheas na substaintí gníomhacha sin a athnuachan sula rachaidh a dtréimhsí formheasa in éag agus nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí lena mbaineann ar na cúiseanna atá leis na moilleanna ar na nósanna imeachta athnuachana, ba cheart síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha chun gur féidir na measúnuithe a cheanglaítear a chur i gcrích agus chun bailchríoch a chur ar na nósanna imeachta cinnteoireachta rialála maidir leis na hiarratais faoi seach ar fhormheas a athnuachan. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún a leasú dá réir sin. |
(21) |
I gcás ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le leagan síos ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. Maidir le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a leagan síos, de réir mar is iomchuí sna himthosca. |
(22) |
Ós rud é go rachaidh an formheas reatha maidir le cleataidim, cioglocsaidim, ciafluaimeitifein, dasaimeit, déchlófop, feanasacuin, fluaipicilíd, fluraclóradón, víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, himeacsasól, aigéad iondóiliolbútarach, meataildéad, paclabútrasól, víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, Trichoderma asperellum tréithchineál T34 agus Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237 in éag an 31 Bealtaine 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(23) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/708 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha eistear meitile 2,5-aigéid dhéchlóraibeansóch, aigéad aicéiteach, aclóinífein, sulfáit amóiniam alúmanaim, foisfíd alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimid, beintiavalacarb, boscailid, cairbíd chailciam, captan, ciamocsainil, démheatomorf, dódamorf, eiteafón, eitiléin, úsc as crann tae, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, foisfíd maignéisiam, meatam, meitimíotrón meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, feinmeideafam, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola clóibh, olaí planda/ola ráibe, olaí planda/ola cartlainne garraí, própamacarb, prócuineaisid, próitiaconasól, comhdhúile pireatraim, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, Fearamóin Léipidipteire Slabhra Dhírigh, sulcaitrí-ón, teabúconasól agus úiré (IO L 133, 10.5.2022, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1266 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, asadaraictin, búipireamáit, carbocsain, cleataidim, cioglocsaidim, dasaimeit, déchlófop, déthianón, dóidín, feanasacuin, fluaimeatúrón, flutríafól, heicsitiasocs, himeacsasól, aigéad iondoiliolbútarach, iosocsaibein, sulfar aoil, meataildéad, paclabútrasól, peinciocúrón, sintifein, tó-fluvailionáit agus teabúifeanóisíd (IO L 238, 21.9.2018, lch. 81).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1527 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha ciofluifeanaimid, fluaipicilíd, heipteamalocsalaglúcan, agus malaitian (IO L 231, 7.9.2017, lch. 3).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2069 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha floiniocaimíd (IKI-220), meatalacsail, peanocsulam agus prócuineaisid (IO L 295, 14.11.2017, lch. 51).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 200/2013 ón gCoimisiún an 8 Márta 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach aimeatochtraidin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 67, 9.3.2013, lch. 1).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 22/2013 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ciafluaimeitifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 11, 16.1.2013, lch. 8).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 368/2013 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach Helicoverpa armigera, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 111, 23.4.2013, lch. 36).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 188/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach mandaprópaimid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 62, 6.3.2013, lch. 13).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 367/2013 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera littoralis, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 111, 23.4.2013, lch. 33).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1238/2012 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma asperellum tréithchineál T34, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 350, 20.12.2012, lch. 59).
(14) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 17/2013 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Trichoderma atroviride tréithchineál I-1237, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (IO L 9, 15.1.2013, lch. 5).
(15) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(16) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 mar a leanas:
1. |
Leasaítear Cuid A mar a leanas:
|
2. |
Leasaítear Cuid B mar a leanas:
|