This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0890
Council Implementing Regulation (EU) 2023/890 of 28 April 2023 implementing Regulation (EU) No 36/2012 concerning restrictive measures in view of the situation in Syria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/890 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/890 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
ST/8178/2023/INIT
IO L 114, 2.5.2023, p. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 114/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/890 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2023
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(2) |
Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-426/21, ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
“36. |
Nizar AL-ASSAD”. |