Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0865

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/865 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 a mhéid a bhaineann leis na deimhnithe inniúlachta agus na cáilíochtaí gairmiúla i mBallstáit áirithe

    C/2023/1079

    IO L 113, 28.4.2023, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/865/oj

    28.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 113/1


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/865 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Feabhra 2023

    lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 a mhéid a bhaineann leis na deimhnithe inniúlachta agus na cáilíochtaí gairmiúla i mBallstáit áirithe

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla (1), agus go háirithe Airteagal 49b(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Bunaíodh Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar uirlis leictreonach arna soláthar ag an gCoimisiún chun comhar riaracháin a éascú i measc ghníomhaithe IMI.

    (2)

    I réimse an aitheantais do cháilíochtaí gairmiúla, ceanglaítear le hAirteagal 56 de Threoir 2005/36/CE ar údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh agus an Bhallstáit baile úsáid a bhaint as IMI chun críocha comhair riaracháin.

    (3)

    Rinneadh tuilleadh forbartha ar IMI chun go mbeidh na húdaráis náisiúnta in ann deimhnithe inniúlachta teagascóirí sciála a tugadh isteach le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 ón gCoimisiún (3) a eisiúint. Dá bhrí sin, an ceanglas faoi Airteagal 8(3) den Rialachán Tarmligthe sin go mbeadh ag gabháil leis an deimhniú inniúlachta greamán a bheadh le greamú de chárta náisiúnta an teagascóra sciála, tá an ceanglas sin imithe i léig. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 a leasú chun ceanglas a dhéanamh d’úsáid IMI chun deimhnithe inniúlachta a eisiúint do theagascóirí sciála agus chun an tagairt do ghreamán a scriosadh.

    (4)

    De bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (4), ní féidir aon fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (c), de Threoir 2005/36/CE, a eisiúint sa Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, tá fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a bronnadh roimh an 1 Eanáir 2021 fós bailí.

    (5)

    Saoránaigh den Aontas a bhfuil cáilíochtaí acu a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2021 sa Ríocht Aontaithe, tá siad incháilithe an triail chomhchoiteann oiliúna a shuí.

    (6)

    Chun go mbeidh níos mó solúbthachta ann, ba cheart aon eintiteas inniúil i mBallstát, ar eintiteas é a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith in ann faisnéis a chlárú in IMI. De ghnáth, ba cheart gurb é sin an t-eintiteas inniúil atá freagrach as an triail chomhchoiteann oiliúna, lena n-áirítear cásanna ina bhfaighfear iarraidh ó shaoránach den Aontas a bhfuil cáilíochtaí aige a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2021 sa Ríocht Aontaithe, ach féadfaidh aon eintiteas inniúil eile a bheith ann, mar shampla i gcás cearta faighte, lena n-áirítear cásanna ina bhfaighfear iarraidh ó shaoránach den Aontas a bhfuil cáilíochtaí aige a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2021 sa Ríocht Aontaithe.

    (7)

    D’iarr an Fhionlainn “Institiúid Spóirt Vuokatti” a bhaint d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907, ós rud é nach mbronnann an t-eintiteas sin an cháilíocht Leibhéal 3 don Fhionlainn a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

    (8)

    Tá inniúlacht eisiach ag Réigiúin agus Cúigí Féinrialaitheacha Trento agus Bolzano an cháilíocht “Maestro di Sci” a dhámhachtain agus féadfaidh siad í a tharmligean chuig na heintitis Iodálacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907.

    (9)

    Bunaíodh an “Lithuanian Snowsports Instructors Association” in 2018. Bronnann sé an cháilíocht “Ski instructor Level 4”. Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 a leasú chun an cháilíocht sin a léiriú agus, dá bhrí sin, a áirithiú gur féidir le teagascóirí sciála a bhfuil an oiliúint chomhfhreagrach curtha i gcrích go rathúil acu tairbhe a bhaint as an Triail Chomhchoiteann Oiliúna. Ar an taobh eile, d’iarr an Liotuáin go mbainfí an National Russian League of Instructors (NRLI) den Iarscríbhinn sin.

    (10)

    Ós rud é nach bhfuil an British Association of Snow sport Instructors (BASI), a liostaítear mar eintiteas inniúil don Ríocht Aontaithe, inniúil a thuilleadh chun an triail chomhchoiteann oiliúna a eagrú, ba cheart é a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907.

    (11)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 mar a leanas:

    (1)

    Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Teagascóirí sciála a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ar éirigh leo sa triail chomhchoiteann oiliúna nó a bhfuil cearta faighte acu de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, eiseofar deimhniú inniúlachta dóibh trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012. Beidh an deimhniú i bhfoirm cruthúnas ar thriail chomhchoiteann oiliúna agus is eintiteas inniúil i mBallstát a eiseoidh é.”

    ;

    (b)

    scriostar mír 3;

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 255, 30.9.2005, Lch. 22.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”)(IO L 316, 14.11.2012, Lch. 1).

    (3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena mbunaítear an Triail Chomhchoiteann Oiliúna do theagascóirí sciála faoi Airteagal 49b de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haitheantas a thabhairt do na cáilíochtaí gairmiúla (IO L 145, 4.6.2019, Lch. 7).

    (4)  IO C 384 I, 12.11.2019, Lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/907, leasaítear an tábla mar a leanas:

    (1)

    san iontráil a bhaineann leis an bhFionlainn, scriostar an dara fleasc sa tríú colún;

    (2)

    san iontráil a bhaineann leis an Iodáil, cuirtear isteach an fhleasc seo a leanas sa tríú colún:

    “—

    Regioni e le Province autonome di Trento e Bolzano”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Liotuáin:

    “An Liotuáin

    Ski instructor Level 4

    Lithuanian Snowsports Instructors Association (LSIA)”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil na Ríochta Aontaithe:

    “An Ríocht Aontaithe

    Alpine Level 4 — International Ski Teacher Diploma*

    BASI — British Association of Snowsport Instructors**”

    (5)

    cuirtear na nótaí seo a leanas isteach:

    “Nótaí:

    *

    Arna eisiúint roimh an 1 Eanáir 2021.

    **

    Ón 1 Eanáir 2021, níl BASI inniúil a thuilleadh an triail chomhchoiteann oiliúna a eagrú.”.


    Top