EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0850

Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv (Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.))

PE/13/2023/INIT

IO L 110, 25.4.2023, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/850/oj

25.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 110/1


RIALACHÁN (AE) 2023/850 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Aibreán 2023

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv (*1))

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh agus liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin. Ba cheart inneachar liostaí na dtríú tíortha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán sin a bheith i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Rialachán sin, agus ba cheart dó leanúint de bheith amhlaidh. Maidir le tagairtí do thríú tíortha a bhfuil athrú tagtha ar an staid ina bhfuil siad i ndáil leis na critéir sin, ba cheart na tagairtí sin a aistriú ó Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile, de réir mar is iomchuí.

(2)

Na critéir ba cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh, ar bhonn measúnú de réir gach cáis ar leith, cé na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe uaidh, leagtar síos iad in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806. Áirítear ar na critéir sin inimirce neamhdhleathach, beartas poiblí agus slándáil, tairbhe eacnamaíoch, go háirithe i dtéarmaí turasóireachta agus trádáil coigríche, agus caidreamh seachtrach an Aontais leis na tríú tíortha ábhartha, lena n-áirítear, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le comhleanúnachas agus cómhalartacht réigiúnach.

(3)

Tá ceanglais a treochláir i dtreo córas gan víosa comhlíonta ag an gCosaiv. Ar bhonn measúnú ar roinnt critéar mar a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806, is iomchuí sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag an gCosaiv a dhíolmhú ón gceanglas víosa agus iad ag taisteal chuig críoch na mBallstát. Áiritheofar leis an díolúine ón gceanglas víosa go bhfuil réigiún iomlán na mBalcán Thiar faoi réir an chórais víosa chéanna.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an Chosaiv a aistriú ó Chuid 2 d’Iarscríbhinn I go dtí Cuid 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806. Níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón gceanglas víosa ach amháin maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an gCosaiv i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). Níor cheart feidhm a bheith an díolúine sin go dtí an dáta a rachaidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i mbun oibríochtaí nó go dtí an 1 Eanáir 2024, cibé dáta is túisce.

(5)

Gan dochar do sheasamh na mBallstát maidir le stádas na Cosaive, sa tréimhse roimh an dáta a mbeidh feidhm éifeachtach ag an díolúine ón gceanglas víosa, tá sé tábhachtach comhaontuithe nó socruithe um athligean isteach, de réir mar is infheidhme, a thabhairt i gcrích leis na Ballstáit nach bhfuil comhaontú ná socrú den sórt sin acu go fóill. A luaithe a thabharfar i gcrích iad, tá an Chosaiv leis na comhaontuithe nó na socruithe sin a chur chun feidhme go hiomlán, agus prionsabal an non-refoulement a chumhdaítear sa Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, á urramú aici.

(6)

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gCosaiv i ngach bloc de Chaibidil II dá treochláir i dtreo córas gan víosa. Chun a áirithiú go ndéantar an imirce a bhainistiú go maith agus chun timpeallacht shlán a áirithiú, ba cheart don Chosaiv féachaint lena beartas víosaí a ailíniú tuilleadh le beartas víosaí an Aontais.

(7)

Tá an díolúine ón gceanglas víosa ag brath ar chur chun feidhme leanúnach cheanglais an treochláir i dtreo córas gan víosa leis an gCosaiv. Tá an Coimisiún le faireachán gníomhach a dhéanamh ar chur chun feidhme na gceanglas sin agus ar ailíniú beartais víosaí tríd an sásra fionraíochta faoi Rialachán (AE) 2018/1806. Féadfaidh an tAontas an díolúine ón gceanglas víosa a fhionraí i gcomhréir leis an sásra sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ann.

(8)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(9)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (5), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6).

(10)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (7), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8).

(11)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen, de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (9), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10).

(12)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, agus leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:

(1)

i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I, scriostar an téacs seo a leanas:

“—

An Chosaiv mar atá sainmhínithe le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999";

(2)

i gCuid 4 d’Iarscríbhinn II, cuirtear an téacs seo a leanas leis:

“An Chosaiv (*2)  (*3)  (*4)

(*2)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive."

(*3)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha arna n-eisiúint ag an gCosaiv i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus maidir leo sin amháin."

(*4)  Beidh feidhm ag an díolúine ón gceanglas víosa ón dáta a rachaidh an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1), i mbun oibríochtaí nó ón 1 Eanáir 2024, cibé dáta is túisce.”."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Aibreán 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(*1)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 (IO C 108, 26.3.2021, lch. 877) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 9 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(5)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(6)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(7)  IO L 53, 27.2.2008, p. 52.

(8)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(9)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(10)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


Top