EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0840

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/840 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9(14) den Rialachán sin a ríomh agus a chothabháil (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8434

IO L 107, 21.4.2023, p. 29–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/840/oj

21.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/29


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/840 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an mhodheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 9(14) den Rialachán sin a ríomh agus a chothabháil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh 600/2014, (AE) Uimh 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (1), agus go háirithe Airteagal 9(15), an ceathrú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le húsáid ag CPLanna i gcásanna anacra a chinneadh agus saintréithe aonair gach CPL á gcur san áireamh.

(2)

Leis an modheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe atá le húsáid ag CPL tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana a ríomh, ba cheart a cheadú, dá bhrí sin, go bhféadfaí CPLanna a bhfuil próifíl riosca chasta acu ar cheart méid na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a bheith níos airde ina leith a dhealú le CPLanna a bhfuil próifílí riosca nach bhfuil chomh casta céanna acu nó a dhéanann bainistíocht níos coimeádaí ar rioscaí ar cheart méid na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a bheith níos ísle ina leith.

(3)

Maidir leis an modheolaíocht chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe atá le húsáid ag contrapháirtí lárnach tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana a ríomh, ba cheart paraiméadair atá sách soiléir agus oibiachtúil a bheith inti chun deacrachtaí measúnaithe a sheachaint agus ba cheart di foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm comhsheasmhach thar CPLanna. Leis na paraiméadair sin, ba cheart é a bheith indéanta freisin an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a oiriúnú do struchtúr agus d’eagrú inmheánach an CPL, do chineál, do raon feidhme agus do chastacht a ghníomhaíochtaí, agus do struchtúr dhreasachtaí a scairshealbhóirí, a lucht bainistíochta agus a chomhaltaí imréitigh, agus chliaint na gcomhaltaí imréitigh sin. Ba cheart luach arna shloinneadh i bpointí céatadáin a shannadh do gach paraiméadar. Leibhéal de réir céatadáin chaipiteal rioscabhunaithe an CPL a úsáidtear mar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe atá le húsáid ag contrapháirtithe lárnacha tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana, ba cheart é a bheith mar thoradh ar shuim na bparaiméadar uile.

(4)

Chun struchtúr agus eagrúchán inmheánach an CPL agus cineál, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí a chur san áireamh, ba cheart do CPL measúnú a dhéanamh ar chineál agus ar chastacht na n-aicmí sócmhainní a imréitítear, ar líon agus ar chastacht a idirthuilleamaíochtaí le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais agus le hinstitiúidí airgeadais, ar éifeachtúlacht a eagrúcháin inmheánaigh, ar stóinseacht a chreata bainistíochta riosca, agus ar líon na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha ábhartha ar feitheamh tar éis torthaí a fháil ó údarás inniúil an CPL.

(5)

Chun struchtúr na ndreasachtaí atá ag scairshealbhóirí, lucht bainistíochta agus comhaltaí imréitigh na CPLanna agus ag cliaint na gcomhaltaí imréitigh a chur san áireamh, ba cheart do CPL measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann lena úinéireacht dhíreach nó indíreach agus lena struchtúr caipitil agus ar na dreasachtaí airgeadais atá leabaithe i luach saothair bhainistíocht shinsearach an CPL, agus ar cé chomh rannpháirteach atá na comhaltaí imréitigh agus na cliaint i rialachas riosca an CPL chomh maith.

(6)

Ba cheart do CPLanna athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe chun a áirithiú go bhfanann an méid sin ar leibhéal leordhóthanach, lena n-áirítear é sin a dhéanamh tar éis athrú ábhartha ar cheanglais chaipitil rioscabhunaithe de chuid CPL arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Chun ualaí nach bhfuil gá leo a sheachaint, níor cheart ceangal a chur ar CPL an ríomh a dhéanamh bunaithe ar pharaiméadair shonracha na modheolaíochta i gcás ina gcinneann sé uasmhéid na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a chur i bhfeidhm go deonach ag 25 %.

(8)

Tá sé tábhachtach i gcás mainneachtana go ndéanfaí an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a leithdháileadh go cothrom. Dá bhrí sin, ba cheart do CPLanna a bhfuil níos mó ná ciste mainneachtana amháin bunaithe acu le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais a imréitíonn siad an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a leithdháileadh ar gach ciste mainneachtana i gcomhréir lena mhéid. I gcás neamh-mhainneachtana, ba cheart méid iomlán na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a bheith ar fáil chun caillteanais a chumhdach.

(9)

Tábhacht choibhneasta na bparaiméadar éagsúil lena léirítear eagrúchán inmheánach an CPL, cineál, raon feidhme agus castacht a ghníomhaíochtaí, agus struchtúr dhreasachtaí a pháirtithe leasmhara agus dreasachtaí le haghaidh bainistíocht riosca chuí á dtreisiú acu, ba cheart iad a léiriú sa mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe atá le húsáid ag contrapháirtithe lárnacha tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana. Dá bhrí sin, gan dochar do na céatadáin íosta agus uasta atá le cur i bhfeidhm chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a chinneadh, ba cheart ríomh an chéatadáin atá le cur i bhfeidhm chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a chinneadh a bheith ina shuim charnach de na pointí céatadáin uile a shanntar do gach paraiméadar. Ba cheart suim na dtáscairí cainníochtúla ábhartha a bheith mar chéatadán atá le cur i bhfeidhm le haghaidh gach paraiméadair. Ba cheart raon leathan le haghaidh na dtáscairí cainníochtúla a shannadh do na paraiméadair is suntasaí sa mheasúnú ar rioscaí agus ar chastacht CPL, agus ba cheart raon níos cúinge a shannadh do pharaiméadair a thagraíonn do ghné shonrach riosca de chuid an CPL.

(10)

Leis an modheolaíocht chun acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a chothabháil, ba cheart cead a thabhairt do CPLanna tionchar an cheanglais maidir leis na hacmhainní breise sin a mhaolú trína chur ar a gcumas na hacmhainní breise sin a infheistiú i sócmhainní seachas na sócmhainní sin a mheastar i mbeartas infheistíochta na CPLanna dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar choinníoll go gcuirfidh na CPLanna sin na nósanna imeachta iomchuí chun feidhme chun bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm chun an riosca nach mbeidh fáil láithreach ar shócmhainní den sórt sin a mhaolú.

(11)

Is gá tionchar na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise ar CPLanna a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart féidearthachtaí infheistíochta CPLanna maidir le hacmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a chothabháil a ailíniú i bpáirt le liosta na sócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht lena nglacann CPLanna ó chomhaltaí imréitigh. Ráthófaí leis an gcur chuige sin fós go mbeadh an creat agus na nósanna imeachta iomchuí ag CPLanna chun bainistíocht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na sócmhainní sin agus a leachtú tráth struis. Mar sin féin, ba cheart roinnt sócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht a eisiamh ó liosta na n-infheistíochtaí incháilithe toisc nach féidir a mheas go bhfuil siad leachtach a ndóthain, nó go ndéanfadh siad acmhainní dílse an CPL a nochtadh ar riosca iomarcach creidmheasa agus margaidh, agus dá bhrí sin ní féidir a mheas go bhfuil siad oiriúnach d’infheistíocht CPL.

(12)

Nuair nach mbeidh fáil láithreach ar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a infheistítear i sócmhainní seachas na sócmhainní sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ba cheart do CPLanna, tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana, a n-údarás inniúil agus a gcomhaltaí imréitigh a chur ar an eolas faoi. I gcás mar sin, ba cheart CPLanna a bheith i dteideal an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe nach bhfuil ar fáil a chumhdach trí ranníocaíochtaí airgeadais a iarraidh ar a gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana. Ba cheart ranníocaíochtaí den sórt sin a leithdháileadh ar bhealach cothrom comhréireach.

(13)

Ba cheart do CPLanna comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a aisíoc as an ranníocaíocht airgeadais a sholáthair na comhaltaí imréitigh sin chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe nach bhfuil ar fáil a chumhdach. Chun neamhchosaint chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana na CPLanna a theorannú, agus chun a áirithiú go mbeidh siad in ann aon ranníocaíocht airgid amach anseo a sheasamh, ba cheart an aisíocaíocht sin a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnta, in airgead tirim agus san airgeadra céanna inar soláthraíodh an ranníocaíocht airgeadais. Níor cheart an aisíocaíocht a íoc go dtí go mbeidh a n-oibleagáidí íocaíochta eile comhlíonta ag na CPLanna. I gcás nach ndéanfar an aisíocaíocht laistigh de thréimhse réasúnta, ba cheart a cheangal ar CPLanna, mar dhreasacht chun na méideanna atá dlite a fhorchúiteamh, ús bliantúil a íoc ar na méideanna sin.

(14)

Chun iomaíochas idirnáisiúnta CPLanna an Aontais a chaomhnú, rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, anailís ar na rialacha is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír agus ar a gcleachtais, mar aon le hanailís ar fhorbairtí idirnáisiúnta maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna. Is ar bhonn na n-anailísí sin a tháinig ESMA ar an gconclúid nár cheart don mhodheolaíocht atá beartaithe chun méideanna breise na n-acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a ríomh le haghaidh CPLanna de chuid an Aontais dochar a dhéanamh d’iomaíochas CPLanna de chuid an Aontais atá gníomhach go hidirnáisiúnta.

(15)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA a bhunaítear an Rialachán seo.

(16)

D’fhorbair ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla i gcomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe an CPL a ríomh agus a leithdháileadh

1.   Ríomhfaidh CPLanna an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23 trí na ceanglais chaipitil rioscabhunaithe a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 152/2013 ón gCoimisiún (4) a iolrú faoi leibhéal ‘P’ de réir céatadáin den mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe na CPLanna arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2.

2.   Déanfaidh CPLanna athbhreithniú ar chinneadh an leibhéil de réir céatadáin agus ar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le mír 1 tar éis gach athrú ábhartha ar a gceanglais chaipitil rioscabhunaithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus uair amháin sa bhliain ar a laghad.

3.   CPLanna a chinneann an céatadán uasta de 25 % a chur i bhfeidhm go deonach chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23 a ríomh, ní cheanglófar orthu an leibhéal de réir céatadáin dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a chinneadh.

4.   Déanfaidh CPLanna a bhfuil níos mó ná ciste mainneachtana amháin bunaithe acu le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais a imréitíonn siad an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le mír 1 a leithdháileadh ar gach ceann de na cistí mainneachtana i gcomhréir le méid gach ciste mainneachtana. Léireoidh CPLanna an leithdháileadh ar leithligh ina gcláir chomhardaithe. Úsáidfidh CPLanna na méideanna breise arna leithdháileadh ar chiste mainneachtana le haghaidh mainneachtain a thagann chun cinn i ndeighleoga an mhargaidh dá dtagraíonn an ciste mainneachtana. I gcás teagmhas neamh-mhainneachtana, déanfaidh CPLanna méid iomlán an mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le mír 1 a leithdháileadh in aghaidh na gcaillteanas arna dtabhú mar thoradh ar an teagmhas neamh-mhainneachtana.

Airteagal 2

Leibhéal de réir céatadáin an mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe an CPL a chinneadh

Déanfaidh CPLanna leibhéal de réir céatadáin an mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe an CPL dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a ríomh i gcomhréir leis na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn.

Airteagal 3

An méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe na CPLanna a chothabháil

1.   Tabharfaidh na CPLanna fógra i scríbhinn láithreach dá n-údarás inniúil i gcás ina dtitfidh an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe faoi bhun an mhéid breise a cheanglaítear arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1(1), agus i gcás aon laghdú ina dhiaidh sin ar an méid breise sin. Leagfar amach go mionsonraithe san fhógra sin i scríbhinn an méid breise atá fágtha d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe agus cuirfear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi cibé an bhfuiltear ag súil le haon laghdú breise ar an méid sin sna 5 lá gnó tar éis an fhógra sin nó nach bhfuiltear. Leagfar amach freisin san fhógra i scríbhinn cén fáth ar thit an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe faoi bhun an mhéid breise is gá agus beidh tuairisc chuimsitheach ann ar na bearta agus ar an tráthchlár chun an méid sin a athshlánú.

2.   I gcás ina dtarlaíonn mainneachtain comhalta imréitigh amháin nó níos mó ina dhiaidh sin nó ina dtarlaíonn teagmhas neamh-mhainneachtana sula ndéanfaidh an CPL lena mbaineann an méid breise iomlán dá acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) a athshlánú, ní úsáidfidh CPLanna ach an méid iarmharach den mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe chun críocha Airteagal 9(14) de Rialachán (AE) 2021/23.

3.   Déanfaidh CPLanna an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe a athshlánú laistigh de 20 lá oibre ar a dhéanaí ón gcéad fhógra i scríbhinn dá dtagraítear i mír 1.

4.   I gcás ina bhfuil an leibhéal de réir céatadáin a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 2 níos airde ná 10 %, féadfaidh CPLanna barrachas an mhéid a iarradh d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe breise a infheistiú in ór agus in ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith ina gcomhthaobhacht an-leachtach i gcomhréir le hAirteagal 46(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go gcuimsítear na sócmhainní sin i mbeartas comhthaobhach na CPLanna;

(b)

nach ráthaíochtaí bainc, díorthaigh ná cothromais iad na sócmhainní sin;

(c)

go bhfuil na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán seo i bhfeidhm ag na CPLanna lena mbaineann.

Airteagal 4

An nós imeachta chun bearta téarnaimh a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil an méid breise ar fáil láithreach

1.   Cuirfidh CPLanna a n-údarás inniúil agus a gcomhaltaí imréitigh ar an eolas láithreach, tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana, nach bhfuil fáil láithreach ar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1. Tabharfaidh siad freisin dá n-údarás inniúil agus dá gcomhaltaí imréitigh tuairisc mhionsonraithe ar an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe nach bhfuil ar fáil, agus ar an gcúis nach bhfuil sé ar fáil.

2.   I gcás ina mbailíonn CPLanna, tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana, acmhainní airgeadais ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana, beidh an méid a bhaileofar comhionann leis an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe nach bhfuil ar fáil agus déanfaidh na CPLanna lena mbaineann an méid sin a dháileadh i measc na gcomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana i gcomhréir lena ranníocaíochtaí leis an gciste mainneachtana.

Airteagal 5

Nós imeachta maidir le cúiteamh a thabhairt do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a sholáthair ranníocaíocht airgeadais i gcás nach bhfuil an méid breise ar fáil láithreach

1.   Déanfaidh CPLanna gach beart réasúnta chun comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a rinne ranníocaíocht airgeadais leis an CPL a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 4(2). Déanfaidh siad amhlaidh trí luach airgid a chur ar na sócmhainní a úsáidtear chun an méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) a infheistiú laistigh de 20 lá oibre ar a dhéanaí tar éis fógra a thabhairt nach bhfuil na cistí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) ar fáil.

2.   Faoi réir mhír 4, aisíocfaidh CPLanna na comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana laistigh de thréimhse réasúnta agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí go ndéanfar na méideanna uile a fhorchúiteamh.

3.   Déanfar na méideanna uile atá dlite do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a aisíoc in airgead tirim, san airgeadra céanna ina ndearna an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ranníocaíocht airgeadais leis an CPL.

4.   Íocfaidh CPLanna na méideanna atá dlite dóibh do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tar éis do gach ceann de na rudaí seo a leanas tarlú:

(a)

costais oibríochtúla a sheirbhísiú;

(b)

aon oibleagáid fiachais atá dlite agus iníoctha a íoc;

(c)

aon chúiteamh atá le híoc laistigh den tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún (5) a íoc.

5.   Íocfaidh CPLanna ús bliantúil ar na méideanna atá dlite i gcás ina dtógann an aisíocaíocht iomlán breis agus 120 lá oibre ó dháta an bhirt téarnaimh tosaigh lenar ceanglaíodh an ranníocaíocht airgeadais ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana. Socrófar an ráta úis ag an ráta úis mainneachtana a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 22, 22.1.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 152/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na ceanglais chaipitil ar chontrapháirtithe lárnacha (IO L 52, 23.2.2013, lch. 37).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/450 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ord ar dá réir atá CPLanna leis an gcúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2021/23 a íoc, an líon uasta blianta ar lena linn atá na CPLanna sin le sciar dá mbrabúis bhliantúla a úsáid le haghaidh íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí lena n-aithnítear éileamh ar a mbrabúis amach anseo agus an sciar uasta de na brabúis sin atá le húsáid le haghaidh na n-íocaíochtaí sin (IO L 67, 3.3.2023, lch. 5).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

1.   Treoracha ginearálta

Déanfaidh an CPL leibhéal de réir céatadáin an mhéid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe réamh-mhaoinithe an CPL dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula
)

mar a gciallaíonn:

“A” = na paraiméadair A1 go A5 a ríomhfaidh an CPL i gcomhréir le ranna 2 go 6 den Iarscríbhinn seo;

“B” = na paraiméadair B1 go B3 a ríomhfaidh an CPL i gcomhréir le ranna 7 go 9 den Iarscríbhinn seo.

Léiríonn na paraiméadair A 1 go A 5 struchtúr agus eagrúchán inmheánach, chomh maith le cineál, raon feidhme agus castacht, ghníomhaíochtaí an CPL, agus léiríonn na paraiméadair B 1 go B 3 struchtúr dhreasachtaí scairshealbhóirí, lucht bainistíochta agus chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear cliaint na gcomhaltaí imréitigh sin.

Slánófar an leibhéal críochnaitheach de réir céatadáin (P) go dtí an tslánuimhir is gaire.

2.   Cineál agus castacht na n-aicmí sócmhainní a imréitítear

Tagraíonn an paraiméadarA 1 do chineál agus do chastacht na n-aicmí sócmhainní a imréitítear. Beidh an paraiméadarA 1 i raon idir 1 % agus 7 %. Ríomhfar an paraiméadar A 1 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás:

I assets lena léirítear an líon aicmí sócmhainní éagsúla arna n-imréiteach ag an CPL. Ríomhfar luachI assets i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula
,

i gcás inarb ionannN assets agus líon na n-aicmí sócmhainní éagsúla arna n-imréiteach ag an CPL. 1 % a bheidh i luach

I FX i gcás ina n-imréitíonn an CPL sócmhainní a lipéadaítear i níos mó ná airgeadra amháin nó ina dtairgeann sé socraíocht i níos mó ná airgeadra amháin, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile;

I settl , léiríonn sé modh socraíochta na ndíorthach. 1 % a bheidh i luach I settl i gcás ina dtairgeann an CPL socraíocht fhisiceach na gconarthaí díorthach, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile.

3.   Caidreamh agus idirthuilleamaíochtaí an CPL le bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais agus le hinstitiúidí airgeadais eile

Tagraíonn an paraiméadar A 2 do chaidreamh agus d’idirthuilleamaíochtaí an CPL le bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais agus le hinstitiúidí airgeadais eile. Beidh an paraiméadar A 2i raon idir 0 % agus 2 %. Ríomhfar an paraiméadar A 2 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léirítear san fhoirmle:

I FMI líon na n-idirthuilleamaíochtaí. 1 % a bheidh i luach I FMI i gcás ina bhfuil níos mó ná cúig idirthuilleamaíocht le hionaid trádála, córais íocaíochta agus córais socraíochta ag an CPL, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile;

I CMs , léiríonn sé comhchruinniú chomhaltas imréitigh an CPL. 1 % a bheidh i luach I CMs i gcás inarb éard atá sna cúig chomhalta imréitigh is mó de chuid an CPL níos mó ná 40 % d’acmhainní réamh-mhaoinithe iomlána an CPL, arna gcomhiomlánú i measc na seirbhísí uile agus na gcistí mainneachtana uile, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile. Déanfaidh an CPL sciar acmhainní na gcúig chomhalta imréitigh is mó a chinneadh ar bhonn meán bliantúil.

4.   Eagrúchán inmheánach an CPL

Tagraíonn an paraiméadar A 3 d’éifeachtúlacht eagrúchán inmheánach an CPL. Beidh luach A 3 i raon idir 0 % agus 5 %. Ríomhfar an paraiméadar A 3 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léirítear san fhoirmle:

I Riskco an idirghníomhaíocht idir an bord agus an coiste riosca arna bhunú de bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 648/2012. 2 % a bheidh i luach I RiskCo i gcás ina ndearna Bord an CPL níos mó ná 3 chinneadh le 3 bliana anuas i gcás nár leanadh moladh nó seasamh comhairlithe an choiste riosca, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile;

I reporting , léiríonn sé an leibhéal tuairiscithe le haghaidh bailíochtú samhla. 0 % a bheidh i luach I reporting i gcás ina bhfuil an bailíochtú samhla neamhspleách go struchtúrtha ar an bhforbairt samhla, agus 1 % a bheidh ann i gcásanna eile;

I Riskstaff , léiríonn sé cion na mball foirne a leithdháiltear ar an bhfeidhm bainistíochta riosca. Beidh luach I Riskstaff i raon idir 0 % agus 2 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar arb ionann P risk agus cion choibhéisí lánaimseartha na bainistíochta riosca mar chuid de choibhéisí lánaimseartha iomlána an CPL, lena n-áirítear feidhmeanna seachfhoinsithe. 2 % a bheidh i luach I Riskstaff i gcás inarb ionann P risk agus 0 %, agus 0 % a bheidh ann i gcás inarb ionann P risk agus 20 %.

5.   Stóinseacht chreat bainistíochta riosca an CPL

Tagraíonn an paraiméadar A 4 do stóinseacht chreat bainistíochta riosca an CPL. Beidh luach A 4 i raon idir 0 % agus 8 %. Ríomhfar an paraiméadar A 4 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léirítear san fhoirmle:

I BT leordhóthanacht chorrlaigh an CPL arna measúnú trí bhíthin a chúltástálacha. Beidh luach I BT i raon idir 0 % agus 4 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar arb ionann P BT agus an céatadán de chuntais imréitigh an CPL, arna ríomh mar líon na gcuntas imréitigh a chomhlíonann an critéar i gcomparáid le líon iomlán chuntais imréitigh an CPL, a bhfuil feidhmíocht na gcúltástálacha ar na corrlaigh ina leith faoi bhun íoscheanglas EMIR mar a shonraítear faoi Airteagal 24 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiun (1) le 12 mhí anuas. 4 % a bheidh i luach I BT i gcás ina bhfuil P BT ag 100 %;

I incident lena léirítear stóinseacht oibríochtúil an CPL, bunaithe ar líon na dteagmhas trádála. Beidh luachI incident i raon idir 0 % agus 2 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb ionannN days agus líon na laethanta nach raibh an CPL in ann trádálacha nua a phróiseáil ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó le 12 mhí anuas. 2 % a bheidh i luachI incident i gcás inarb ionannN days agus 10 lá;

I payments lena léirítear stóinseacht oibríochtúil an CPL, bunaithe ar líon na dteagmhas íocaíochta. Beidh luachI payments i raon idir 0 % agus 2 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb ionannN days agus líon na laethanta nach raibh an CPL in ann íocaíochtaí a phróiseáil nó a ghlacadh ar feadh 2 uair an chloig nó níos mó le 12 mhí anuas. 2 % a bheidh i luachI payments i gcás inarb ionannN days agus 10 lá.

6.   Gníomhaíochtaí ceartaitheacha ar feitheamh tar éis torthaí a fháil ó údarás inniúil an CPL

Tagraíonn an paraiméadar A 5 do líon na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha ábhartha ar feitheamh tar éis torthaí a fháil ó údarás inniúil an CPL. Beidh luach A 5 i raon idir 0 % agus 2 %. Ríomhfar luach A 5 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léiríonn:

I reco na gníomhaíochtaí atá ar feitheamh a bhaineann le hábhair stuamachta. 2 % a bheidh i luach I reco i gcás ina mbeidh gníomhaíocht cheartaitheach ábhartha amháin ar a laghad ar feitheamh ag an CPL tar éis torthaí a fháil óna údarás inniúil ar sháraigh an CPL an sprioc-am a leag an t-údarás inniúil síos ina leith sa phlean ceartaitheach, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile;

Chun críocha na foirmle seo, measfar go bhfuil gníomhaíocht cheartaitheach ábhartha i gcás inar leithdháil an CPL nó an t-údarás inniúil lena mbaineann an tosaíocht is airde ar an ngníomhaíocht cheartaitheach sin bunaithe ar mhaitrís inmheánach ábharthachta an CPL nó ar aicmiú an údaráis inniúil féin.

7.   Úinéireacht, struchtúr caipitil agus brabúsacht an CPL

Tagraíonn an paraiméadar B 1 d’úinéireacht agus do struchtúr caipitil an CPL. Beidh luach B 1 i raon idir 0 % agus 4 %. Ríomhfar luach B 1 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léiríonn:

I majority cineál mháthairghnóthas an CPL. 2 % a bheidh i luach I majority i gcás ina bhfuil máthairghnóthas ag an CPL, seachas grúpaí atá faoi úinéireacht phoiblí, gan rátáil nó le rátáil faoi bhun an ghráid infheistíochta, agus 0 % a bheidh ann i gcásanna eile. Is é a bheidh sa rátáil an rátáil is measa de chuid an eintitis arna soláthar ag gníomhaireacht rátála creidmheasa údaraithe;

I support léiríonn an tacaíocht a fuarthas ó mháthairghnóthas an CPL. 0 % a bheidh i luach I support i gcás ina mbainfidh an CPL tairbhe as tacaíocht airgeadais ábhartha óna mháthairghnóthas arna comhaontú go conarthach i gcás teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana, lena n-áirítear línte geallta nó conarthaí árachais, agus 2 % a bheidh ann i gcásanna eile.

8.   Luach saothair na bainistíochta sinsearaí

Tagraíonn an paraiméadar B 2 don mhéid is féidir tionchar conarthach a imirt ar luach saothair na bainistíochta sinsearaí tar éis teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana. Beidh luach B 2 i raon idir 0 % agus 2 %. Ríomhfar luach B 2 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léiríonn:

I %amount lena léirítear sciar luach saothair inathraithe iomlán na bainistíochta sinsearaí faoi réir clásail aisghlámtha. Beidh luachI %amount i raon idir 0 % agus 1 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb ionannP amount agus an céatadán de luach saothair inathraithe iomlán bliantúil bhainistíocht shinsearach an CPL faoi réir clásail aisghlámtha i gcás teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana. 1 % a bheidh i luach I %amount i gcás inarb ionannP amount agus 0 %;

Léiríonn I %staff an céatadán den fhoireann bainistíochta sinsearaí atá faoi réir clásail aisghlámtha i gcás caillteanais mhainneachtana nó neamh-mhainneachtana. Beidh luach I %staff i raon idir 0 % agus 1 %, agus ríomhfar é i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar arb ionann P %staff agus an céatadán de bhainistíocht shinsearach an CPL, arna shloinneadh mar % de FTEnna bliantúla meánacha na bainistíochta sinsearaí, atá faoi réir ag clásal chun an luach saothair inathraithe a aisghlámadh.

9.   Rannpháirtíocht na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant i rialachas riosca an CPL

Tagraíonn an paraiméadar B 3 do rannpháirtíocht na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant i rialachas riosca an CPL. Beidh luach B 3 i raon idir 0 % agus 2 %. Ríomhfar luach B 3 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

mar a léiríonn:

I investment rannpháirtíocht na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant i bpróiseas an chinnidh infheistíochta. 0 % a bheidh i luach I investment i gcás ina bhfuil baint ag comhaltaí imréitigh leis an gcinneadh infheistíochta agus ina seasann siad cuid de na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann, agus 1 % a bheidh ann i gcásanna eile. Chun luach an táscaire I investment a chinneadh, measfaidh CPLanna go bhfuil baint ag comhaltaí imréitigh leis an gcinneadh infheistíochta i gcás ina rachfar i gcomhairle leo i bpróiseas formheasa bheartas infheistíochta an CPL, nó i ngach cinneadh infheistíochta ar leith;

Léiríonn I incentives na dreasachtaí do chomhaltaí imréitigh sa phróiseas bainistíochta mainneachtana. 0 % a bheidh i luach I incentives i gcás ina mbeidh dreasachtaí ann do chomhaltaí imréitigh a bheith rannpháirteach sa phróiseas bainistíochta mainneachtana, agus 1 % a bheidh ann i gcásanna eile.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála a bhaineann leis na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha (IO L 52, 23.2.2013, lch. 41).


Top