EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0823

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/823 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis faisnéise a mheasúnú agus a chinneadh i gcomhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í

C/2023/2352

IO L 103, 18.4.2023, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/823/oj

18.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 103/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/823 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Aibreán 2023

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis faisnéise a mheasúnú agus a chinneadh i gcomhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 8ac(7), an chéad fhomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Treoir 2011/16/AE le Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle (2) chun feabhas a chur ar na forálacha a bhaineann le gach cineál malartuithe faisnéise agus comhair riaracháin trí fhoráil a dhéanamh maidir le malartú faisnéise uathoibríoch sainordaitheach a thuairiscíonn oibreoirí ardán.

(2)

I bhfianaise nádúr agus solúbthacht na n-ardán digiteach, leis an oibleagáid tuairiscithe cumhdaítear na hoibreoirí ardán sin mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V, Roinn IA, pointe 4(b) de Threoir 2011/16/AE, ar oibreoirí ardán iad a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach bhfuil cónaí orthu san Aontas chun críoch cánach, nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe, agus nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát (“oibreoirí ardán eachtrach”). Áirithítear leis sin cothrom iomaíochta do gach oibreoir ardán digiteach gan beann ar a n-áit bhunaíochta agus cuireann sé cosc ar an iomaíocht éagórach laistigh den Aontas.

(3)

Le Treoir 2011/16/AE, leagtar síos bearta lena bhfuil sé beartaithe an t-ualach riaracháin ar oibreoirí ardán eachtrach agus ar údaráis chánach na mBallstát a laghdú, i gcásanna ina bhfuil socruithe leordhóthanacha ann chun a áirithiú go malartófar faisnéis choibhéiseach idir dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus Ballstát.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 8ac(7), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/16/AE go bhfuil an Coimisiún le cinneadh, tar éis iarraidh réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cibé an bhfuil an fhaisnéis, is faisnéis atá le fáil ag Ballstát go huathoibríoch, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i Roinn III, mír B d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Foráiltear le hAirteagal 8ac(7) freisin gur cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta céanna sin i gcás inar gá a chinneadh nach bhfuil an fhaisnéis coibhéiseach a thuilleadh.

(5)

Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir chun measúnú agus cinneadh a dhéanamh ar a mhéid a áirithítear le dlí náisiúnta dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus le comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í go mbaineann an fhaisnéis, atá le fáil go huathoibríoch, a fhaigheann an Ballstát sin leis na gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme Threoir 2011/16/AE agus go bhfuil sí coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na rialacha tuairiscithe a leagtar amach sa Treoir sin.

(6)

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, an 3 Iúil 2020 d’fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) Rialacha Samhla maidir le Tuairisciú ag Oibreoirí Ardán i leith Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta (3) (“Rialacha Samhla”) agus an 22 Meitheamh 2021, d’fhoilsigh sí Modúl Roghnach lena leathnaítear na Rialacha Samhla go hearraí a dhíol agus modhanna iompair a ligean ar cíos (4) (“Modúl Roghnach”). Ní íoschaighdeán atá sna Rialacha Samhla ná sa Mhodúl Roghnach agus, mar thoradh air sin, féadfaidh dlínsí iad a chur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Rialacha Samhla agus Modúl Roghnach na dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, ar bhonn cás ar chás, chun a mhéid atá na gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme an dlí náisiúnta sin agus an fhaisnéis a cheanglaítear fúthu coibhéiseach leis na gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme Threoir 2011/16/AE agus leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Treoir sin. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith fós indéanta coibhéis a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, i ndáil le hionstraim dhéthaobhach nó leis an gcaidreamh malartaithe le dlínse aonair nach dlínse de chuid an Aontais í agus leis an dlí náisiúnta sa dlínse sin.

(7)

Agus measúnú agus cinneadh á ndéanamh ar choibhéis den sórt sin, ba cheart cur chuige a ghlacadh lena n-áiritheofar go bhfaighidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá agus lena gcuirfear cosc ar ualach iomarcach a bheith ar na hoibreoirí ardán a thuairiscigh an fhaisnéis ábhartha cheana féin i ndlínse nach dlínse de chuid an Aontais í. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún an measúnú a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir chomhfhreagracha, mar a shainmhínítear in Airteagal 8ac(7) agus aird chuí á tabhairt ar na heisiaimh roghnacha a thairgtear faoi na Rialacha Samhla agus faoin Modúl Roghnach.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (5)

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomhar Riaracháin maidir le Cánachas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir chun coibhéis a mheasúnú agus a chinneadh

Cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach in Airteagail 2 go 7 den Rialachán seo i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le cibé an bhfuil an fhaisnéis is gá a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, de réir bhrí fhomhír A(7) de Roinn I d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, coibhéiseach leis an bhfaisnéis a shonraítear i mír B de Roinn III d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin.

Airteagal 2

Oibreoir Ardán Tuairiscithe

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sainmhínithe maidir le hoibreoir ardán tuairiscithe a leagtar amach i ndlí náisiúnta dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, chun a gcoibhéis leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(1) go A(4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh.

2.   I gcás nach measann dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í gur oibreoir ardán tuairiscithe í Oibreoir Ardán a éascaíonn soláthar gníomhaíochtaí ábhartha ar lú ná EUR 1 mhilliún nó ar lú ná méid arb ionann é agus thart ar EUR 1 mhilliún in airgeadra áitiúil na dlínse sin an chomaoin chomhiomlán ar leibhéal an ardáin le linn na bliana féilire roimhe sin, ní bheidh feidhm ag cinneadh coibhéise ach amháin maidir le hoibreoirí ardán tuairiscithe mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta na dlínse ábhartha nach dlínse de chuid an Aontais í.

Airteagal 3

Díoltóirí Intuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sainmhínithe maidir le díoltóirí intuairiscithe a leagtar amach i ndlí náisiúnta dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, chun a gcoibhéis leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna B(1) go B(4), agus C(1) agus C(2) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh.

Airteagal 4

Gníomhaíocht Ábhartha

1.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na sainmhínithe maidir le gníomhaíocht ábhartha a leagtar amach sa dlí náisiúnta maidir le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í, chun a gcoibhéis leis na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna A(8), A(10), A(11), agus C(9) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh.

2.   I gcás nach ndéanann dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí ábhartha mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír A(8) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a áireamh ina dhlí náisiúnta mar ghníomhaíocht ábhartha, ní bheidh feidhm ag cinneadh coibhéise ach amháin maidir le faisnéis i ndáil le gníomhaíocht ábhartha mar a shainmhínítear i ndlí náisiúnta na dlínse sin nach dlínse de chuid an Aontais í.

Airteagal 5

Nósanna imeachta maidir le dícheall cuí

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar síos i ndlí náisiúnta dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í chun a gcoibhéis leis na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí a leagtar amach i Roinn II d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE agus na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhír C(3) go fomhír C(7), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh.

Airteagal 6

Ceanglais tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i ndlí náisiúnta dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í chun a gcoibhéis leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach i Roinn III, fomhíreanna A(1), A(2), A(5), A(6) agus A(7), agus mír B d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh, agus na sainmhínithe a leagtar amach i Roinn I, fomhíreanna C(3) go C(8), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

Airteagal 7

Cur i bhfeidhm éifeachtach

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na rialacha agus na nósanna imeachta riaracháin a leagtar síos sa dlí náisiúnta maidir le dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í agus de bhun comhaontú idir údaráis inniúla Ballstáit agus dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í chun a áirithiú go ndéanfar na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí agus na ceanglais tuairiscithe a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach, agus chun a gcoibhéis leis na forálacha a leagtar amach i Roinn IV, míreanna A go D d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE a chinneadh.

Airteagal 8

Coibhéis a chinneadh

I gcás ina gcomhlíonfar na critéir dá dtagraítear in Airteagal 1 agus a measúnaíodh i gcomhréir le hAirteagail 2 go 7, measfar an fhaisnéis a cheanglaítear a mhalartú go huathoibríoch de bhun comhaontú idir údaráis inniúla an Bhallstáit agus an dlínse nach dlínse de chuid an Aontais í lena mbaineann a bheith coibhéiseach. Beidh feidhm ag an gcinneadh coibhéise sin maidir leis an gcomhaontú céanna idir údaráis inniúla aon Bhallstáit eile agus an dlínse lena mbaineann nach dlínse de chuid an Aontais í.

Gan dochar d’Airteagal 2(2), maidir le hOibreoir Ardán Tuairiscithe mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír A(4), pointe (b), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE nach meastar a bheith ina oibreoir ardán tuairiscithe faoi dhlí náisiúnta na dlínse ábhartha nach dlínse de chuid an Aontais í, beidh oibleagáid air faisnéis a chlárú agus a thuairisciú do Bhallstát aonair i gcomhréir le hAirteagal 8ac(4) agus le Roinn IV, fomhír F(1) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

Gan dochar d’Airteagal 4(2), maidir le hoibreoir ardán tuairiscithe mar a shainmhínítear i Roinn I, fomhír A(4), pointe (b), d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE, a éascaíonn aon ghníomhaíocht nach meastar a bheith ina gníomhaíocht ábhartha faoi dhlí náisiúnta na dlínse ábhartha nach dlínse de chuid an Aontais í, beidh oibleagáid air faisnéis ar Dhíoltóirí Intuairiscithe i ndáil leis an ngníomhaíocht ábhartha sin a chlárú agus a thuairisciú do Bhallstát aonair i gcomhréir le hAirteagal 8ac(4) agus le Roinn IV, fomhír F(1) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/16/AE.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.

(2)  IO L 104, 25.3.2021, lch. 1.

(3)  ECFE (3 Iúil 2020). Rialacha Samhlacha Tuairiscithe ag Oibreoirí Ardán i ndáil le Díoltóirí sa Gheilleagar Comhroinnte agus Poistíneachta

(4)  ECFE (22 Meitheamh 2021). Rialacha Samhla Tuairiscithe le haghaidh Ardáin Dhigiteacha: Creat an Mhalartaithe Idirnáisiúnta agus Modúl Roghnach um Dhíol Earraí

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Top