Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0814

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/814 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2023 ar socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí áirithe a sheoladh ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2023/2530

    IO L 102, 17.4.2023, p. 6–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/814/oj

    17.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 102/6


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/814 ÓN gCOIMISIÚN

    an 14 Aibreán 2023

    ar socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí áirithe a sheoladh ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (1) agus go háirithe Airteagal 46(1) pointí (a), (d), (e), (f), (h), (i), (j), (k) agus (m) de,

    Tar éis cuireadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile a mbarúlacha a chur isteach,

    Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Comhairleach na Margaí Digiteacha,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tugtar de chumhacht don Choimisiún le Rialachán (AE) 2022/1925 gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm de ghnéithe áirithe den Rialachán sin. I gcomhréir leis an bprionsabal a bhaineann le dea-riarachán agus leis an bprionsabal a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, ní mór na rialacha go háirithe maidir le fógraí, iarrataí, tuarascálacha agus aighneachtaí faisnéisí eile, lena n-áirítear dátaí éifeachtacha maidir le fógraí agus aighneachtaí faisnéise a roghnú, chomh maith le tráth tionscnaimh imeachtaí faoi Rialachán (AE) 2022/1925. Chomh maith leis sin, is gá na rialacha a leagan síos maidir le feidhmiú an chirt chun éisteacht a fháil agus an chirt chun rochtain a fháil ar chomhad ag seolaithe de réamhthorthaí an Choimisiúin.

    (2)

    Chun nós imeachta cothrom agus éifeachtúil, chomh maith le forfheidhmiú éifeachtach agus iomlán de Rialachán (AE) 2022/1925, a áirithiú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do gach duine nádúrtha agus dlítheanach lena mbaineann, tá sé tábhachtach an creat a leagan síos, inter alia, maidir le doiciméid a sholáthar faoi Rialachán (AE) 2022/1925. Go háirithe, is gá rialacha a leagan amach a mhéid a bhaineann le formáid agus uasfhad na ndoiciméad, le húsáid teangacha agus leis an nós imeachta maidir le doiciméid a tharchur agus a fháil. Ina theannta sin, is gá rialacha a leagan amach maidir leis an bhfaisnéis atá le háireamh ag gnóthais a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar acu sna fógraí a cuireadh isteach isteach de bhun Airteagal 3(3), an chéad fomhír, nó faisnéis a cuireadh isteach tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/1925. Agus fógra á ullmhú aige de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2022/1925 agus Airteagal 2 den Rialachán seo agus laistigh de thréimhse réasúnach roimh an bhfógra sin, ba cheart an deis a bheith ag gnóthas ag a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige dul i mbun teagmhálacha réamhfhógra leis an gCoimisiún chun a áirithiú go dtabharfar an fógra go héifeachtach de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2022/1925. Le linn a chuid cúraimí a chomhall faoin Rialachán (AE) 2022/1925, is ar an bhfaisnéis a thug na gnóthais lena mbaineann a bheidh an Coimisiún ag brath den chuid is mó. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go háirithe go mbeidh an fhaisnéis ceart, iomlán agus nach mbeidh sí míthreorach laistigh de na teorainneacha ama, i gcás inarb infheidhme.

    (3)

    Le Rialachán (AE) 2022/1925, cuirtear faoi cheangal go mbeidh ann creat nós imeachta ina mbeidh sainiúlachtaí an Rialacháin sin san áireamh. Ba cheart gurb é is aidhm don chreat sin próiseas imscrúdaithe agus forfheidhmithe atá gasta agus éifeachtach a leagan amach, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil cosaint éifeachtach ag an gceart chun éisteacht a fháil ag na páirtithe sna himeachtaí. Dá réir sin, ba cheart rialacha soiléire agus comhréireacha a leagan síos maidir le feidhmiú an chirt chun éisteacht a fháil, lena n-áirítear rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin. Ba cheart an ceart a bheith ag an ngnóthas nó ag an gcomhlachas gnóthas a bhfuil fógra tugtha ag an gCoimisiún dóibh faoina chuid réamhthorthaí a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn laistigh de thréimhse ama nach mór don Choimisiún a leagan síos d’fhonn cothromaíocht a fháil idir, ar thaobh amháin, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an nós imeachta, agus ar an taobh eile, an deis chun an ceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú. Ba cheart an ceart a bheith ag seolaí na réamhthorthaí chun fíoras ábhartha a leagan amach go gonta agus doiciméid tacaíochta a sholáthar. Cé gur cheart i gcónaí an ceart a bheith ag seolaí na réamhthorthaí leaganacha neamhrúnda na ndoiciméad uile a fháil atá luaite sna réamhthorthaí, ba cheart rochtain a thabhairt dó, de bhreis air sin, ar na doiciméid uile i gcomhad an Choimisiúin, gan aon fholú, de réir téarmaí atá le leagan amach i gCinneadh ón gCoimisiún. Ba cheart teorainn a chur leis an rochtain sin i gcásanna áirithe, lena n-áirítear i gcás ina ndéanfadh nochtadh doiciméad áirithe dochar don pháirtí a chuir isteach iad nó má bhíonn tús áite ag leasanna eile.

    (4)

    Agus é ag deonú rochtana ar an gcomhad do ghnóthais nó comhlachais gnóthas, ba cheart don Choimisiún cosaint rún gnó nó faisnéise rúnda eile a áirithiú ar bhealach comhréireach. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas a chuireann nó a chuir doiciméid isteach, lena n-áirítear ráitis, chun rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile a shainaithint. D’fhonn éifeachtacht an mheasúnaithe ar thuairimí ó thríú páirtithe chuig foilseacháin nó comhchomhairlí de bhun Airteagal 8(6), Airteagal 18(5) Airteagal agus (6), agus Airteagail 19(2) agus 29(4) de Rialachán (AE) 2022/1925, ba cheart na nótaí tráchta sin a láimhseáil chun críche rochtain ar chomhad a dheonú agus cinntí ón gCoimisiún a ullmhú, agus ag an am céanna an ceart a sholáthar do thríú páirtithe chun folú a dhéanamh ar ainm an údair nó ar ainm an tseoltóra nó ar aon faisnéis aitheantais eile sula roinntear na nótaí tráchta leis an seolaí na réamhthorthaí nó le haon thríú páirtí eile.

    (5)

    Ní mór don Choimisiún, sula gcuireann sé doiciméid ar fáil do sheolaí a réamhthorthaí, measúnú, d’fhonn feidhmiú éifeachtach den cheart chun éisteacht a fháil, a dhéanamh cibé acu is mó an gá chun nochtadh ná an díobháil don tríú páirtí a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an nochtadh.

    (6)

    Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart na teorainneacha ama faoi Rialachán (AE) 2022/1925 agus faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na teorainneacha ama arna socrú ag an gCoimisiún de bhun na Rialachán sin, a rialú le Rialachán (CEE, Euratom) 1182/71 ón gComhairle (2). Mar sin féin, ba cheart rialacha sonracha maidir le teorainneacha ama a leagan síos a mhéid is gá.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    RAON FEIDHME

    Airteagal 1

    Ábhar agus raon feidhme

    Leagtar síos leis an Rialachán seo socruithe mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:

    1.

    foirm, inneachar agus mionsonraí eile i ndáil le fógraí agus aighneachtaí de bhun Airteagail 3, a bhaineann le hiarrataí réasúnaithe de bhun Airteagal (8)3, Airteagal 9, agus Airteagal 10, de thuarascálacha rialála de bhun Airteagal 11, agus le fógraí agus aighneachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2022/1925;

    2.

    imeachtaí de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/1925;

    3.

    feidhmiú an chirt chun éisteacht agus le haghaidh na dtéarmaí nochta dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2022/1925;

    4.

    teorainneacha ama.

    CAIBIDIL II

    FÓGRAÍ, IARRATAÍ, AGUS AIGHNEACHTAÍ EILE

    Airteagal 2

    Fógraí agus aighneachtaí faisnéise i ndiaidh iarrataí ón gCoimisiún

    1.   Beidh an fhaisnéis uile sna Fógraí de bhun Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/1925, lena n-áirítear doiciméid, a luaitear san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Beidh an fhaisnéis uile in aighneachtaí faisnéise tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/1925, lena n-áirítear doiciméid, a leagtar amach san iarraidh ón gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún a shonrú, ina iarraidh ar fhaisnéis, na ranna den fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a bheidh líonta isteach.

    3.   I gcás, i gcomhréir hAirteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2022/1925, gur mian leis an ngnóthas a thugann fógra, in éineacht lena fhógra, argóintí atá cuí-réasúnaithe go leormhaith chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go gcomhlíonann sé na tairseacha go léir in Airteagal 3(2) den Rialachán sin, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach gcomhlíonann sé na ceanglais in Airteagal 3(1) den Rialachán sin, soláthróidh sé argóintí den sórt sin in iarscríbhinn a ghabhann lena fhógra. Cuirfear iarscríbhinn ar leithligh isteach le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin ar mian leis an ngnóthas a thugann fógra argóintí atá cuí-réasúnaithe a sholáthar. Déanfaidh an gnóthas a thugann fógra a shainaithint go soiléir cé acu de na trí cheanglas charnacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2022/1925 a bhaineann a argóintí agus, le haghaidh gach argóinte, míneoidh sé an fáth nach gcomhlíonann an chroísheirbhís ardáin ábhartha an ceanglas sin go heisceachtúil, cé go gcomhlíonann sé an tairseach chomhfhreagrach a leagtar síos in Airteagal 3(2) den Rialachán sin.

    4.   Beidh an fhaisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 ceart, iomlán agus ní bheidh sé míthreorach. Cuirfear i láthair í ar bhealach atá soiléir, dea-struchtúrtha agus intuigthe.

    5.   I gcás ina n-iarrfaidh an gnóthas a thugann fógra nach bhfoilseofar nó nach nochtfar ar bhealach eile do pháirtithe eile aon phíosa faisnéise, cuirfidh sé an píosa faisnéise sin i ndoiciméad ar leithligh, ina mbeidh gach leathanach marcáilte go soiléir le “Rúin Ghnó”, agus cúiseanna a sholáthar.

    6.   Déanfar na fógraí agus na haighneachtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a tharraingt suas i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh teanga an nós imeachta sa teanga chéanna den fhógra dá dtagraítear i mír 1, nó ina éagmais sin, sa teanga den chur isteach faisnéise dá dtagraítear i mír 2, mura gcomhaontaíonn an Coimisiún agus an gnóthas lena mbaineann a mhalairt. Cuirfear aon iarscríbhinn a bheidh i gceangal de bhun mhír 1 isteach sa bhunteanga agus, i gcás nach teanga oifigiúil de chuid an Aontais bunteanga an doiciméid, beidh aistriúchán dílis go teanga an nós imeachta a ghabhann leis.

    7.   Beidh cruthúnas i scríbhinn ag gabháil leis na fógraí agus na haighneachtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 a léireoidh go bhfuil na daoine atá á gcur isteach údaraithe le gníomhú thar ceann an ghnóthais lena mbaineann.

    8.   Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe, eisceacht a thabhairt do ghnóthas ón oibleagáid chun doiciméid sonracha a sholáthar nó píosaí faisnéise is gá le haghaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil gá le comhlíontacht leis na hoibleagáidí dá mheasúnú ar an bhfógra de bhun Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2022/1925.

    9.   Admhóidh an Coimisiún, gan mhoill, i scríbhinn chuig an ngnóthas lena mbaineann nó chuig a ionadaithe go bhfuarthas fógraí nó aighneachtaí dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3.

    Airteagal 3

    Dáta éifeachtach maidir le fógraí agus aighneachtaí faisnéise

    1.   I gcás ina mbeidh an fhaisnéis atá i bhfógra nó in aighneacht faisnéise nó maidir le hargóintí cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), (2) agus (3) den Rialachán seo neamhiomlán in aon ghné ábhartha, cuirfidh an Coimisiún an gnóthas lena mbaineann, nó a ionadaithe, ar an eolas i scríbhinn ina thaobh gan moill mhíchuí. I gcás den sórt sin, gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra nó an aighneacht an dáta a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis iomlán nó an dáta a chuireann an Coimisiún an gnóthas lena mbaineann ar an eolas, mar gheall ar imthosca ábhartha, nach bhfuil gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis a iarrtar.

    2.   Má chumhdaíonn fógra, nó aighneacht faisnéise nó argóint chuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), (2) agus (3) croísheirbhís ardáin amháin nó níos mó, féadfaidh an Coimisiún a shonrú go bhfuil an fhaisnéis atá san fhógra, nó san aighneacht, neamhiomlán i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na croísheirbhísí ardáin sin amháin. I gcás den sórt sin, i ndáil leis na croísheirbhísí ardáin sin amháin, gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra nó an aighneacht an dáta a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis iomlán nó an dáta a chuireann an Coimisiún an gnóthas lena mbaineann ar an eolas, mar gheall ar imthosca ábhartha, nach bhfuil gá a thuilleadh leis an bhfaisnéis a iarrtar.

    3.   Agus fógra faoi athbhreithniú, cuirfidh an gnóthas a thugann fógra an Coimisiún ar an eolas, gan moill mhíchuí, maidir leis an méid a leanas:

    (a)

    aon athrú ábhartha ar na fíorais a chuirfear i láthair san fhógra nó san fhaisnéis a cuireadh isteach nó sna hargóintí cuí-réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), (2) nó (3) a thiocfaidh chun solais ar éis an fhógra áirithe ar an aighneacht faisnéise ábhartha, a mbeidh an gnóthas ar an eolas faoi nó ar cheart dó a bheith ar an eolas faoi;

    (b)

    aon fhaisnéis nua a thiocfaidh chun solais tar éis an fhógra nó an aighneacht faisnéise agus is eol a mbeidh an gnóthas ar an eolas faoi nó ar cheart dó a bheith ar an eolas faoi agus arbh éigean í a chur isteach dá mbeadh sé ar an eolas nuair a tugadh fógra fúithi nó a cuireadh isteach í.

    4.   Cuirfidh an Coimisiún an gnóthas lena mbaineann ar an eolas go bhfuarthas an cumarsáid maidir leis na hathruithe ábhartha nó maidir le faisnéis nua de bhun mhír 3 i scríbhinn agus gan moill mhíchuí. I gcás ina bhféadfadh éifeacht shuntasach a bheith ag na hathruithe ábhartha sin nó ag an bhfaisnéis nua sin ar mheasúnú an Choimisiúin ar an bhfógra, ar an aighneacht faisnéise ná ar argóintí cuí-réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), (2) nó (3), measfar go mbeidh éifeacht ag an bhfógra nó ag an aighneacht faisnéise ar an dáta a fhaigheann an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha. Cuirfidh an Coimisiún an gnóthas ar an eolas faoi sin.

    5.   Chun críocha an Airteagail seo, breithneofar faisnéis atá go páirteach nó go hiomlán mícheart nó faisnéis mhíthreorach ina faisnéis neamhiomlán.

    Airteagal 4

    Formáid agus fad na ndoiciméad

    1.   Doiciméid a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) 2022/1925, comhlíonfaidh siad an fhormáid agus teorainneacha leathanach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    2.   Féadfaidh an Coimisiún a údarú, ar iarraidh réasúnaithe, do ghnóthas nó comhlachas gnóthas na teorannacha leathanach seo a shárú i gcás ina dtugann agus a mhéid a thabharfaidh an gnóthas nó comhlachas gnóthas bunús go bhfuil sé go hoibiachtúil dodhéanta nó thar a bheith deacair chun déileáil le saincheisteanna dlíthiúla nó fíorasacha atá an-chasta laistigh de na teorainneacha leathanach ábhartha.

    3.   I gcás nach gcomhlíonfaidh doiciméad, a chuir gnóthas nó comhlachas gnóthas isteach de bhun an Rialacháin seo nó de bhun Rialachán (AE) 2022/1925, míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an ngnóthas nó ar an gcomhlachas an doiciméad a thabhairt chun rialtachta.

    CAIBIDIL III

    TIONSCNAMH IMEACHTAÍ

    Airteagal 5

    Tionscnamh imeachtaí

    1.   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh imeachtaí a thionscnamh d’fhonn cinneadh de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/1925 a ghlacadh ag aon tráth, ach tráth nach déanaí ná an dáta a eisíonn sé na réamhthorthaí de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin.

    2.   Cuirfidh an Coimisiún tionscnamh imeachtaí ar fáil go poiblí.

    CAIBIDIL IV

    AN CEART ÉISTEACHT A FHÁIL AGUS ROCHTAIN A FHÁIL AR AN GCOMHAD

    Airteagal 6

    Barúlacha ar réamhthorthaí

    Féadfaidh seolaí na réamhthorthaí de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/1925, laistigh den teorainn ama a shocraigh an Coimisiún de bhun Airteagal 34(2) den Rialachán, an Coimisiún a chur ar an eolas go gonta agus i gcomhréir leis na ceangais formáid agus faid maidir le doiciméid atá leagtha amach Iarscríbhinn II a bhabhann leis an Rialachán seo maidir lena chuid tuairimí i scríbhinn agus cruthúnas a chur isteach a thacaíonn leis sin. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún aon aighneacht i scríbhinn a fhaightear tar éis dháta éaga na teorann ama sin a chur san áireamh.

    Airteagal 7

    Faisnéis rúnda a shainaithint agus a chosaint

    1.   Mura ndéantar foráil dá mhalairt i Rialachán (AE) 2022/1925 nó Airteagal 8 den Rialachán seo agus gan dochar do mhír 6 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ná doiciméad a bhailigh ná a fuair an Coimisiún a nochtadh ná a chur ar fáil go poiblí a mhéid atá rúin ghnó iontu nó aon fhaisnéis rúnda eile a bhaineann le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach.

    2.   Nuair a bheidh faisnéis á hiarraidh de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2022/1925 nó nuair a bheidh agallaimh á ndéanamh de bhun Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2022/1925, cuirfidh an Coimisiún in iúl na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha gurb amhlaidh atá siad, trí fhaisnéis a chur ar fáil don Choimisiún, ag toiliú go bhféadfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a cheadú de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo. Ar aon slí, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 8 maidir le haon doiciméad a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin go spontáineach faoi Rialachán (AE) 2022/1925 nó faoin Rialachán seo.

    3.   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh an Coimisiún ceangal a chur ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha, arb iad a thionscain na doiciméid ina chomhad, na doiciméid, na ráitis nó codanna díobh a shainaithint, a measann sé go bhfuil rúin ghnó nó faisnéise rúnda eile iontu. Féadfaidh an Coimisiún, chomh maith leis sin, teorainn ama a leagan síos le haghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha maidir le haon chuid de chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún a shainaithint i gcás ina measann siad go bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile iontu.

    4.   Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú le haghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha maidir leis na nithe a leanas a dhéanamh:

    (a)

    bunús a thabhairt ar bhealach sonrach lena maíomh maidir le rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile le haghaidh gach doiciméid, ráitis aonair nó cuid de;

    (b)

    leagan neamhrúnda de na doiciméid nó de na ráitis ina bhfuil na rúin ghnó agus an fhaisnéis rúnda eile folaithe ar bhealach soiléir agus intuigthe a sholáthar don Choimisiún;

    (c)

    tuairisc ghonta, neamhrúnda agus shoiléir a thabhairt ar gach píosa faisnéise folaithe.

    5.   I gcás nach gcomhlíonfaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha iarraidh ón gCoimisiún de bhun mhíreanna 3 nó 4, féadfaidh an Coimisiún a mheas nach bhfuil rúin ghnó nó aon fhaisnéis rúnda eile sna doiciméid nó sna ráitis lena mbaineann.

    6.   Má chinneann an Coimisiún go bhféadfar faisnéis áirithe a maíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach go bhfuil sí rúnda a nochtadh, toisc nach rún gnó ná faisnéis rúnda eile í an fhaisnéis sin, nó toisc go mbaineann leas sáraitheach ilenochtadh na faisnéise sin, cuirfidh sé in iúl don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aige an fhaisnéis sin a nochtadh mura bhfaighidh sé agóidí ina choinne sin laistigh de sheachtain amháin. Má dhéanann an duine nádúrtha nó dlítheanach agóid ina choinne sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena sonrófar an dáta ar dá éis a nochtfar an fhaisnéis sin. Ní bheidh an dáta sin níos lú ná seachtain amháin ó dháta an fhógra. Tabharfar fógra faoin gcinneadh don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach lena mbaineann.

    7.   Measfar gur neamhrúnda aon bharúil ó thríú páirtithe faoi foilseacháin nó comhairliúchán de bhun Airteagal 8(6), Airteagal 18(5) agus (6), Airteagal 19(2) agus Airteagal 29(4) de Rialachán (AE) 2022/1925, ach amháin i gcás ina léiríonn an Coimisiún a mhalairt. Beidh se de cheart ag tríú páirtithe leasmhara a chuireann barúlacha isteach folú a dhéanamh ar ainm an údair nó ar ainm an tseoltóra nó ar aon faisnéis aitheantais eile sula roinntear na nótaí tráchta leis an seolaí na réamhthorthaí nó le haon thríú páirtí eile. Féadfaidh an Coimisiún na nótaí tráchta sin, nó aon leagan neamhrúnda de sin, a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll gur léirigh sé an fhéidearthacht sin i gcomhthéacs an fhoilsithe nó an chomhairliúcháin.

    Airteagal 8

    Rochtain ar an gcomhad

    1.   Arna iarraidh sin, déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an gcomhad a dheonú don ghnóthas don chomhlachas gnóthas ag a bhfuil a réamhthorthaí dírithe de bhun Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2022/1925 (an “seolaí”). Ní dhéanfar rochtain ar an gcomhad a dheonú roimh fhógra na réamhthorthaí.

    2.   Agus é ag cur rochtain ar an gcomhad ar fáil, soláthróidh an Coimisiún na doiciméid uile a luaitear sna réamhthorthaí don seolaí, faoi réir foluithe a rinneadh de bhun Airteagal 7(3) chun rúin ghnó a nó faisnéise rúnda eile a chosaint.

    3.   Gan dochar do mhír 4, soláthróidh an Coimisiún freisin rochtain ar na doiciméid uile ina chomhad, gan aon fholú a dhéanamh, faoi na téarmaí nochta a leagfar amach i gcinneadh ón gCoimisiún. Cinnfear na téarmaí nochta i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    Ní dheonófar rochtain ar dhoiciméid ach amháin do líon teoranta comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe faoi chonradh ag an seolaí agus a mbeidh a n-ainmneacha curtha in iúl don Choimisiún roimh ré.

    (b)

    Beidh na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe ina ngnóthais, ina bhfostaithe gnóthais nó i bpost is inchomparáide le post fostaithe gnóthais. Beidh siad ar fad faoi cheangal na dtéarmaí nochta.

    (c)

    Na daoine a liostaítear mar chomhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe ná saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe ar dháta an chinnidh ón gCoimisiún lena leagfar amach na téamaí nochta, ní fhéadfaidh siad a bheith i gcaidreamh fostaíochta leis an seolaí nó i bpost is inchomparáide le post fostaí de chuid an tseolaí. Má théann na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe i gcaidreamh den sórt sin dá éis sin leis an seolaí nó le gnóthais eile atá gníomhach ar na margaí céanna agus atá an seolaí le linn an imscrúdaithe nó le linn na dtrí bliana tar éis dheireadh imscrúdú an Choimisiúin, cuirfidh comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe nó saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe an Coimisiún ar an eolas go pras faoi théarmaí an chaidrimh sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dearbhú don Choimisiún nach bhfuil rochtain acu a thuilleadh ar an bhfaisnéis ná ar na doiciméid sa chomhad ar tugadh rochtain dóibh air i gcomhréir le pointe (a) agus nár chuir an Coimisiún ar fáil don seolaí iad. Tabharfaidh siad dearbhuithe don Choimisiún freisin go leanfaidh siad ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo.

    (d)

    Ní nochtfaidh comhairleoir dlí agus eacnamaíoch seachtrach sonraithe ná saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe aon cheann de na doiciméid arna soláthar ná an t-ábhar iontu d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil faoi cheangal ag na téarmaí nochta, ná ní bhainfidh siad úsáid as aon cheann de na doiciméad arna soláthar ach amháin chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 8(8) thíos.

    (e)

    Sonróidh an Coimisiún, sna téarmaí nochta, na modhanna teicniúla maidir leis an nochtadh agus fad an nochta. Féadfar nochtadh a dhéanamh trí mheán leictreonach nó (maidir leis na doiciméid uile nó cuid acu) go fisiciúil ar áitreabh an Choimisiúin.

    4.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gan rochtain a cheadú ar dhoiciméid áirithe nó ar dhoiciméid atá páirtfholaithe faoi na téarmaí nochta dá dtagraítear i mír (3), má chinneann an Coimisiún gur mó, ar an iomlán, an tábhacht atá leis an dochar is dócha a dhéanfadh nochtadh faoi na téarmaí sin don pháirtí a chuir isteach na doiciméid ná tábhacht nochtadh an doiciméid iomláin maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil. Gan dochar d’Airteagal 34(4), an ceathrú habairt agus an cúigiú habairt, de Rialachán (AE) 2022/1925, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcúis chéanna gan comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis phoiblí na mBallstát nó údaráis phoiblí tríú tíortha agus cineálacha eile doiciméad íogair a nochtadh nó gan an comhfhreagras sin a nochtadh i bpáirt.

    5.   Na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe dá dtagraítear i mír 3, laistigh d’1 seachtain amháin ó fuair siad rochtain ar an gcomhad faoi na téarma nochta, féádfaidh siad iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún ar rochtain a fháil ar leagan neamhrúnda d’aon doiciméad i gcomhad an Choimisiúin nach bhfuil curtha ar fáil cheana don seolaí faoi mhír 2, d’fhonn leagan neamhrúnda den sórt sin a chur ar fáil don seolaí, nó le haghaidh leathnú ar na téarmaí nochta chun go n-áireofar na comhairleoirí dlí agus eacnamaíocha seachtracha sonraithe agus na saineolaithe teicniúla seachtracha sonraithe. Ní fhéadfar rochtain nó leathnú breise den sórt sin a dheonú ach amháin go heisceachtúil agus ar choinníoll gur léiríodh go bhfuil se fíor-riachtanach maidir le feidhmiú cuí de cheart an tseolaí chun éisteacht a fháil.

    6.   Chun mír 4 nó mír 5 a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an bpáirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist leagan neamhrúnda díobh a sholáthar de bhun Airteagal 7(3) agus (4).

    7.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil bunús maith leis an iarraidh faoi mhír 5 ós rud é gur gá a áirithiú go mbeidh an seolaí in ann a cheart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú go héifeachtach, déanfaidh an Coimisiún rogha idir a iarraidh ar sholáthraí na faisnéise toiliú le leagan neamhrúnda a chur ar fáil don seolaí agus a iarraidh air toiliú le leathnú a dhéanamh ar na téarmaí nochta chun daoine nó gnóthais shonraithe a áireamh i gcás na ndoiciméad i gceist amháin. I gcás nach dtoileoidh an páirtí a chuir isteach na doiciméid i gceist, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena leagfar síos na téarmaí nochta maidir leis na doiciméid atá i gceist.

    8.   Doiciméid a gheofar trí rochtain ar an gcomhad bhun an Airteagail seo, ní bhainfear úsáid astu ach amháin chun críocha na n-imeachtaí ábhartha inar cuireadh rochtain ar fáil ar na doiciméid sin nó chun críocha na n-imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin sin i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/1925 a bhaineann leis na himeachtaí sin.

    9.   Tráth ar bith le linn an nós imeachta, féadfaidh an Coimisiún, in ionad an modh maidir le rochtain ar chomhad a dheonú de bhun mhír 3 thuas nó i gcomhcheangal leis sin, rochtain ar na doiciméid folaithe uile, nó cuid acu, a dheonú de bhun Airteagal 7(3) chun moill dhíréireach nó ualach riaracháin a sheachaint.

    CAIBIDIL V

    TEORAINNEACHA AMA

    Airteagal 9

    Tús na dtréimhsí ama

    1.   Gan dochar do mhír 2, déanfar na teorainneacha ama faoi Rialachán (AE) 2022/1925 nó faoin Rialachán seo a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71.

    2.   De mhaolú ar mhír 1, cuirfear tús le tréimhsí ar an lá oibre tar éis an teagmhais dá dtagraíonn an fhoráil ábhartha de Rialachán (AE) 2022/1925 nó den Rialachán seo.

    3.   I gcás nach gcomhlíonfaidh doiciméad na ceanglais maidir le formáid agus fad a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ní chuirfear tús le tréimhsí go dtí go gcuirfear an doiciméad in ord i gcomhréir le hiarraidh ón gCoimisiún de bhun Airteagal 4(3).

    Airteagal 10

    Teorainneacha ama a shocrú

    1.   I gcás ina socróidh an Coimisiún teorainn ama faoi Rialachán (AE) 2022/1925 nó faoin Rialachán seo, tabharfaidh sé aird chuí ar na heilimintí ábhartha do na sonraí fhíorais agus dlí agus do na leasanna uile lena mbaineann, go háirithe an fhéidearthacht do dhaoine chun a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú agus seiftiúlacht na n-imeachtaí.

    2.   I gcás inarb iomchuí agus ar iarraidh réasúnaithe ó na gnóthais nó comhlachais gnóthas lena mbaineann arna déanamh roimh éag na teorann ama arna socrú ag an gCoimisiún de bhun Rialachán (AE) 2022/1925 nó an Rialacháin seo, féadfar síneadh a chur le teorainn ama. Maidir le cinneadh a dhéanamh ar shíneadh den sórt sin a dheonú, déanfaidh an Coimisiún measúnú cíbe atá an iarraidh réasúnaithe cuí-réasúnaithe go leormhaith agus atá an baol ann go ndéanfaidh an iarraidh ar shíneadh dochar don chomhlíontacht leis an nós imeachta ábhartha maidir le teorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1925.

    CAIBIDIL VI

    FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS DEIRIDH

    Airteagal 11

    Tarchur agus fáil na ndoiciméad

    1.   Tarlóidh tarchur doiciméad chuig an gCoimisiún agus uaidh de bhun Rialachán (AE) 2022/1925 agus an Rialacháin seo trí mhodhanna digiteacha. Féadfaidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla maidir le modhanna tarchurtha agus sínithe a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta.

    2.   I dtaca le doiciméid a tharchuirtear trí mhodhanna digiteacha, síneofar iad agus úsáid á baint as Ríomhshíniú Cáilithe amháin ar a laghad ar ríomhshíniú é a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    3.   I dtaca le doiciméid a tarchuireadh chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar go mbeidh siad faighte ar an lá a seoladh a sheol an Coimisiún admháil fála.

    4.   I gcás doiciméad a tharchuirtear chuig an gCoimisiún trí mhodhanna digiteacha, measfar nach mbeidh sé faighte ag an gCoimisiún má tharlaíonn ceann amháin de na himthosca a leanas:

    (a)

    go bhfuil an doiciméad, nó codanna de, curtha as feidhm nó neamh-inúsáidte;

    (b)

    go bhfuil víris, bogearraí mailíseacha nó bagairtí eile sa doiciméad;

    (c)

    go bhfuil ríomhshíniú sa doiciméad nach féidir leis an gCoimisiún a bhailíocht a fhíorú.

    5.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl don seoltóir gan moill mhíchuí má tharlaíonn aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i mír 4, agus tabharfaidh an deis dó a thuairimí a chur in iúl agus an cás a leigheas laistigh de theorainn ama réasúnta.

    6.   De mhaolú ar mhír 1, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí phostas cláraithe. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ag an gCoimisiún ar an lá a thagann siad isteach ag seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin.

    7.   De mhaolú ar mhír 1, faoi imthosca eisceachtúla ina bhfuil sé dodhéanta nó thar a bheith deacair tarchur a dhéanamh trí mhodhanna digiteacha agus trí phost cláraithe, féadfar doiciméid a tharchur chuig an gCoimisiún trí sheachadadh de láimh. Measfar go mbeidh na doiciméid sin faighte ar an lá a tháinig siad isteach chuig seoladh na seirbhíse freagraí de chuid an Choimisiúin, mar atá foilsithe ag an gCoimisiún ar a shuíomh gréasáin féin. Deimhneofar an seachadadh le hadmháil fála ón gCoimisiún.

    Airteagal 12

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 2 Bealtaine 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 265, 12.10.2022, lgh. 1-66.

    (2)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


    IARSCRÍBHINN I

    FOIRM A BHAINEANN LEIS AN bhFAISNÉIS A BHAINEANN LE hAIRTEAGAL 3(3) DE RIALACHÁN (AE) 2022/1925 CHUN CRÍOCHA AINMNIÚ AN GHEATÓRA (“Foirm GD”)

    ROINN 1

    Faisnéis maidir leis an ngnóthas a thugann fógra

    1.1.

    An fhaisnéis a leanas a chur ar fáil maidir leis an ngnóthas a thugann fógra:

    1.1.1.

    ainm an ghnóthais;

    1.1.2.

    tuairisc ar an struchtúr corparáideach lena dtugtar fógra, lena n-áirítear céannacht na nithe seo a leanas: (i) na heintitis a oibríonn gach ceann de na croísheirbhísí ardáin a shainaithnítear faoi Roinn 2.1.1 thíos agus (ii) na heintitis a dhéanann na heintitis a bhí ann roimhe seo a rialú ina n-aonar nó go comhpháirteach, go díreach nó go hindíreach (1); agus

    1.1.3.

    sonraí teagmhála, lena n-áirítear:

    1.1.3.1.

    ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí iomchuí, agus an post atá aige; is gá gur seoladh le haghaidh seirbhíse atá sa seoladh a thugtar chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí an Choimisiúin agus doiciméid nós imeachta eile, agus measfar go mbeidh an teagmhálaí a thugtar údaraithe chun glacadh le seirbhís;

    1.1.3.2.

    má cheaptar ionadaí seachtrach údaraithe amháin nó níos mó de chuid an ghnóthais, chuig ar féidir fógra a thabhairt maidir le doiciméid agus, go háirithe, cinntí an Choimisiúin agus doiciméid nós imeachta eile; ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist gach ionadaí, agus an post atá aige; agus an cruthúnas bunaidh i scríbhinn go bhfuil gach ionadaí údaraithe le gníomhú (bunaithe ar shamhail Chumhacht Aturnae atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin).

    1.2.

    An gnóthas a thugann fógra, cuir in iúl ar roghnaíodh é roimhe seo mar gheatóir faoi Rialachán (AE) 2022/1925. Má roghnaíodh, sonraigh na croísheirbhísí ardáin lena mbaineann an t-ainmniú agus uimhir agus dáta an chinnidh ainmniúcháin ón gCoimisiún.

    ROINN II

    Faisnéis maidir leis na croísheirbhísí ardáin

    Chun críocha na Foirme GD seo, is teorainn mhalartach inchreidte de chroísheirbhís ardáin í teorainn den chroísheirbhís ardáin atá difriúil ó thaobh raon feidhme de ná an teorainn a mheasann an gnóthas a thugann fógra a bheith ábhartha agus atá inchreidte i bhfianaise gach foráil ábhartha de Rialachán (AE) 2022/1925, go háirithe Roinn D, mír 2, agus Roinn E den Iarscríbhinn agus aithris 14 den Rialachán sin.

    Ar na teorainneacha malartacha inchreidte i gcroísheirbhís ardáin, is féidir go mbeidh: (i) teorainneacha ar leithne a raon ná mar a mheasann an gnóthas a thugann fógra a bheith ábhartha (mar shampla, i gcás ina measann an gnóthas a thugann fógra go bhfuil seirbhísí áirithe ina gcroísheirbhísí ardáin leithleacha ar bhonn go bhfuil siad le fáil ar chineálacha difriúla gaireas), nó (ii) teorainneacha atá ar cúinge a raon ná mar a mheasann an gnóthas a thugann fógra a bheith ábhartha (mar shampla, i gcás ina measann an gnóthas a thugann fógra go bhfeidhmíonn agus go margaíonn seirbhísí áirithe chun cuid de croísheirbhís ardáin amháin a chruthú).

    2.1.

    Le haghaidh gach catagóire de croísheirbhísí ardáin a liostaítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2022/1925, soláthair an méid a leanas:

    2.1.1.

    liosta cuimsitheach de gach croísheirbhís ardáin a chuireann an gnóthas a thugann fógra ar fáil lena n-áirítear aon teorainn mhalartach inchreidte de gach ceann de na croísheirbhísí ardáin; agus

    2.1.2.

    tá míniú mionsonraithe ar na teorainneacha idir na croísheirbhísí ardáin leithleacha, lena n-áirítear an bealach lena leagtar amach an mhodheolaíocht i Roinn D, mír 2 agus Roinn E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1925, ag féachaint do gach foráil ábhartha den Rialachán sin, go háirithe d’aithris 14, a cuireadh i bhfeidhm chun críocha croísheirbhísí ardáin ar leithligh agus teorainneacha malartacha inchreidte de na croísheirbhísí ardáin sin a shainaithint.

    2.2.

    Le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a chuireann an gnóthas a thugann fógra ar fáil, léirigh ar bhonn na faisnéise a chuirtear ar fáil i Ranna 4.1 agus 4.2 den Fhoirm seo:

    2.2.1.

    na croísheirbhísí ardáin, de réir aon teorann malartaí inchreidte, a chomhlíonann na tairseacha in Airteagal 3(2), pointí (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2022/1925; agus

    2.2.2.

    na croísheirbhísí ardáin, de réir aon teorann malartaí inchreidte, a chomhlíonann na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b), ach ní hé pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/1925.

    2.3.

    Le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a chuireann an gnóthas a thugann fógra ar fáil a chomhlíonann na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/1925, de réir aon teorann malartaí inchreidte, soláthair tuairisc ghonta ar ghníomhaíochtaí an ghnóthais a thugann fógra ina leith sin, lena n-áirítear cineál gnó an ghnóthais agus na príomh-fhochuideachtaí, brandaí, ainmneacha táirgí agus trádmharcanna atá aige.

    2.4.

    Cuir in iúl cé acu, i gcomhréir hAirteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2022/1925, a chuireann nó nach gcuireann an gnóthas a thugann fógra i láthair, in éineacht lena fhógra, argóintí atá cuí-réasúnaithe go leor chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go gcomhlíonann sé na tairseacha go léir in Airteagal 3(2) den Rialachán sin, de bharr na n-imthosca ina n-oibríonn an chroísheirbhís ardáin ábhartha, nach gcomhlíonann sé na ceanglais in Airteagal 3(1) den Rialachán sin. Má chuireann, sonraigh na croísheirbhísí ardáin ábhartha agus déan tagairt do na hiarscríbhinní faoi seach.

    ROINN 3

    Faisnéis a bhaineann leis na tairseacha cainníochtúla in Airteagal 3(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/1925

    An fhaisnéis a leanas a chur ar fáil maidir leis an ngnóthas a thugann fógra:

    3.1.

    an láimhdeachas bliantúil san Aontas atá aige i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha (2);

    3.2.

    a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cóirluacha coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin;

    3.3.

    le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a chuireann an gnóthas a thugann fógra ar fáil, de réir aon teorann malartaí inchreidte, liosta de gach Ballstát ina soláthraíonn sé an tseirbhís sin;

    3.4.

    míniúcháin bheachta agus ghonta faoin modheolaíocht a úsáideadh chun teacht ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil i Ranna 3.1 go 3.3 den Fhoirm seo.

    ROINN 4

    Faisnéis a bhaineann le tairseacha cainníochtúla in Airteagal 3(2), pointe (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2022/1925

    Le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin a chuireann an gnóthas a thugann fógra ar fáil, de réir aon teorann malartaí inchreidte, a chomhlíonann na tairseacha in Airteagal 3(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2022/1925, soláthair an fhaisnéis seo a leanas ar leithligh, i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach i Ranna A, B, C agus D, agus E, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1925:

    4.1.

    líon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla (3) atá bunaithe nó suite san Aontas i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha;

    4.2.

    líon na n-úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla atá bunaithe san Aontas i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha;

    4.3.

    míniúcháin bheachta agus ghonta faoin modheolaíocht a úsáideadh chun an fhaisnéis atá curtha ar fáil i Ranna 4.1 go 4.2 den Fhoirm seo a chinneadh;

    4.4.

    aon tuarascáil sheachtrach agus aon doiciméad inmheánach a úsáidtear chun an fhaisnéis atá curtha fáil faoi Ranna 4.1 agus 4.2 den fhoirm seo a chinneadh.

    ROINN 5

    Dearbhú

    Ní mór an dearbhú seo a leanas a chur ag deireadh an fhógra agus é sínithe ag an ngnóthas a thugann fógra, nó thar a cheann siúd:

    “Dearbhaíonn an gnóthas a thugann fógra, a mhéid is eol dó, go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha san fhógra seo, lena n-áirítear a iarscríbhinní, ceart, iomlán agus nach bhfuil sé míthreorach, gur cuireadh ar fáil fíorchóipeanna iomlána de dhoiciméid a cheanglaítear leis an bhFoirm, go bhfuil na meastacháin uile atá ann sainaitheanta mar mheastacháin agus gurb iad na meastacháin is fearr aige iad bunaithe ar na fíorais bhunúsacha atá ann, agus gur tuairimí dílse iad na tuairimí uile atá tugtha ann. Is feasach dó na forálacha d’Airteagal 30(3)(a) de Rialachán (AE) 2022/1925.”

    I gcás foirmeacha a bhfuil síniú digiteach curtha leo, is chun críoch faisnéise amháin é an réimse a leanas. Ba cheart go gcomhfhreagródh sé do mheiteashonraí an ríomhshínithe chomhfhreagraigh.

    Dáta:

    [sínitheoir]

    Ainm:

    Eagraíocht:

    Post:

    Seoladh:

    Uimhir theileafóin:

    Ríomhphost:

    [“ríomhshínithe”/síniú]


    (1)  Maidir le sainmhíniú ar ‘gnóthas’ agus ‘rialú’ féach Airteagal 2, pointí (27) agus (28), de Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1 ).

    (2)  Maidir leis an láimhdeachas a ríomh féach Fógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO C 95, 16.4.2008, lch. 1).

    (3)  Mar a fhoráiltear i Roinn B, mír 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1925, déanfaidh an líon ‘úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla’ tagairt do mheánlíon na n-úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla sa chuid is mó den bhliain airgeadais.


    IARSCRÍBHINN […]

    FORMÁID AGUS FAD NA nDOICIMÉAD ATÁ LE CUR ISTEACH FAOI RIALACHÁN (AE) 2022/1925

    FORMÁID NA nDOICIMÉAD ATÁ LE CUR ISTEACH FAOI RIALACHÁN (AE) 2022/1925

    Doiciméid a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 3, Airteagal 8(3), agus Aireagail 9, 10, 11, 14, 15, 17, 18, 19, 24, 25, 29 agus 34 de Rialachán (AE) 2022/1925 cuirfear isteach iad i bhformáid a ligeann don Choimisiún iad a phróiseáil go leictreonach agus, go háirithe, ionas go bhféadfaidh siad iad a dhigitiú agus na carachtair iontu a aithint.

    Chun na críche sin, ní mór na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

    (a)

    beidh an téacs, i bhformáid A4, soléite agus ní bheidh sé ach ar thaobh amháin den leathanach;

    (b)

    déanfar doiciméid a thairgtear i bhformáid páipéir a chur le chéile sa chaoi go mbeidh sé éasca iad a scaradh ó chéile (gan bheith ceangailte le chéile nó curtha le chéile go buan trí mhodhanna eile, amhail gliú nó stáplaí);

    (c)

    is i gcló a úsáidtear go forleathan a bheidh an téacs (amhail Times New Roman, CourierArial), cló nach lú ná 12 phointe i gcorp an téacs agus nach lú ná 10 bpointe sna fonótaí, le spásáil aon líne amháin, agus le himill nach lú ná 2.5 cm ar gach imeall (barr, bun, deas agus clé) den leathanach (uaslíon 4 700 carachtar in aghaidh an leathanaigh);

    (d)

    déanfar na leathanaigh agus na míreanna de gach doiciméad a uimhriú go comhleanúnach.

    FAD NA nDOICIMÉAD ATÁ LE CUR ISTEACH FAOI RIALACHÁN (AE) 2022/1925

    Na na rialacha seo a leanas maidir le teorainneacha ar líon na leathanach, tá feidh leo maidir leis na cineálacha doiciméad lena mbaineann a leagtar amach thíos. Go heisceachtúil, aon iarscríbhinn a ghabhann leis na doiciméid sin, ní chuirfear san áireamh iad i dteorainneacha ar líon na leathanach is infheidhme, ar choinníoll gur feidhm fianaise agus ionstraime amháin atá ag na hiarscríbhinní sin agus go bhfuil siad comhréireach ó thaobh lín agus faid de.

    (a)   Fógraí faoi Airteagal 3(3), an chéad fhomhír, agus aighneachtaí faisnéise tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún faoi Airteagal 3(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2022/1925

    Cuirfear an fhaisnéis uile faoi na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/1925 i láthair i gcorp na foirme GD datá le fáil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

    Beidh uaslíon na leathanach san fhógra lena mbaineann nach mó ná 50, le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin ar leith, lena n-áirítear na teorainneacha malartacha inchreidte uile díobh, lena mbaineann an gnóthas a thugann fógra a chomhlíonann na tairseacha uile a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2022/1925 ina leith. Tá feidhm ag an teorainn leathanach seo leis an bhfaisnéis atá curtha ar fáil maidir le croísheirbhísí ardáin i Roinn 2 agus Roinn 4 den fhoirm GD. Agus Ranna 2, 3, agus 4 den Fhoirm sin á líonadh isteach acu, iarrtar ar an ngnóthas a bhfuil fógra á thabhairt acu a machnamh a dhéanamh an fearr, de ghrá na soiléireachta, na ranna sin a chur i láthair in ord uimhriúil, nó an féidir iad a ghrúpáil le chéile do gach croísheirbhís ardáin ar leith.

    (b)   Argóintí cuí-réasúnaithe faoi Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2022/1925

    Beidh uaslíon na leathanach san fhógra lena mbaineann nach mó ná 30, le haghaidh gach croísheirbhíse ardáin ar leith a chinneann an gnóthas a bhfuil fógra a thabhairt aige argóintí cuí-réasúnaithe a chur in iúl ina leith faoi Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) 2022/1925.

    (c)   Iarrataí réasúnaithe faoi Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2022/1925

    Beidh uaslíon na leathanach san fhógra lena mbaineann nach mó ná 30, le haghaidh iarrataí réasúnaithe de bhun Airteagail 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2022/1925.

    (d)   Freagraí ar réamhchinntí faoi Rialachán (AE) 2022/1925

    I gcás ina gcuireann an Coimisiún in iúl i scríbhinn don ghnóthas nó comhlachas gnóthas maidir lena réamhchinntí i ndáil le cinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 8, nó Airtagail 9(1) agus 10(1), Airteagail 17, 18, 24, 25, 29, 30 nó Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/1925, beidh uaslíon na leathanach san fhreagra i scríbhinn nach mó ná 50 leathanach nó líon na leathanach san réamhchinntí, cibé acu is airde.


    Top