EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0737

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/737 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcásanna uamtha T-30/19 agus T-72/19

C/2023/2174

IO L 96, 5.4.2023, p. 9–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 05/04/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/737/oj

5.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/737 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Aibreán 2023

lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcásanna uamtha T-30/19 agus T-72/19

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) agus go háirithe Airteagail 9(4) agus 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 4 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/683 (2) (“an Rialachán sealadach”) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 (“boinn” nó “táirge lena mbaineann”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(2)

An 18 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 (3) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an Rialachán faoi chonspóid”).

(3)

An 9 Samhain 2018, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 (4) lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála cinntitheach agus lena mbailítear go gcinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (“Rialachán (AE) 2018/1690”).

2.   BREITHIÚNAS CHÚIRT GHINEARÁLTA AN AONTAIS EORPAIGH

(4)

Thug Comhlachas Tionscail Rubar na Síne (“CRIA”) agus Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí & Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí & Ceimiceán na Síne (“CCCMC”) (“na hiarratasóirí” le chéile) agóid in aghaidh an Rialacháin faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta thar ceann comhaltaí áirithe dá gcuid a liostaítear in aithrisí (9) agus (10) (“na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann”). An 4 Bealtaine 2022, d’eisigh Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Ghinearálta”) a breithiúnas i gcásanna T-30/19 agus T-72/19 (5) (“an breithiúnas”).

(5)

Ina breithiúnas, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an Rialachán faoi chonspóid, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690.

(6)

Tharraing CRIA agus CCCMC roinnt mhaith maíomh anuas lenar tugadh agóid in aghaidh an Rialacháin faoi chonspóid agus rialaigh an Chúirt Ghinearálta maidir le dhá cheann de na maímh sin: (i) an maíomh lenar líomhnaíodh gur theip ar an gCoimisiún comparáid praghsanna chóir a dhéanamh i ríomh an tsladghearrtha praghais agus na gcorrlach díobhála a mhéid a bhaineann leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin, agus (ii) gearáin áirithe lena líomhnaíodh, go bunúsach, neamhréireachtaí agus sárú ar chearta na cosanta maidir le táscairí díobhála agus le hualú sonraí ó shampla na dtáirgeoirí san Aontas.

(7)

Maidir le ríomh na gcorrlach sladghearrtha, shuigh an Chúirt Ghinearálta nach ndearna an Coimisiún comparáid chóir nuair a rinne sé coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin (mar atá, asbhaint chostais díola, ghinearálta agus riaracháin an allmhaireora chomhlachaithe agus brabús barúlach — nuair a rinneadh díolacháin trí eintiteas díolacháin comhlachaithe san Aontas. Thug an Chúirt dá haire go ndearna táirgeoirí de chuid an Aontais díolacháin áirithe trí eintitis díolacháin chomhlachaithe freisin, agus nár coigeartaíodh a bpraghsanna díola ar an mbealach céanna. Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid maidir le ríomh an tsladghearrtha praghais a rinne an Coimisiún sa Rialachán faoi chonspóid, gur cuireadh ó bhail é mar gheall ar earráid dlí agus ar earráid fhollasach measúnaithe agus, dá bhrí sin, gur sháraigh an ríomh sin Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an bun-Rialachán frithdhumpála” (6)) agus Airteagal 8(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán frith-fhóirdheontais”). Thairis sin, shuigh an Chúirt Ghinearálta go raibh tionchar ag na hearráidí ar na torthaí foriomlána díobhála agus cúisíochta agus ar na corrlaigh dhíobhála chomh maith, agus nárbh fhéidir a chinneadh go beacht a mhéid a bhí bunús i bpáirt fós leis na dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála.

(8)

I ndáil leis an dara pointe, rinne an Chúirt Ghinearálta amach nach ndearna an Coimisiún scrúdú oibiachtúil (mar a cheanglaítear le hAirteagal 3(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus le hAirteagal 8(1) den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais) toisc, ó tharla nach ndearna sé athbhreithniú ar ríomhanna na dtáscairí micreacnamaíocha uile, seachas brabúsacht, agus nár leag sé na figiúirí athbhreithnithe amach sa Rialachán faoi chonspóid, is amhlaidh nár úsáid an Coimisiún na sonraí ábhartha go léir a bhí ar fáil dó. Ina theannta sin, shuigh an Chúirt Ghinearálta gur sáraíodh ceart cosanta na n-iarratasóirí. Go háirithe, d’easaontaigh an Chúirt Ghinearálta go bhféadfaí roinnt faisnéise nár nochtadh do pháirtithe leasmhara a mheas mar fhaisnéis rúnda, agus rinne sí amach go raibh na sonraí go léir atá faoi cheist “nasctha le cinntí fíorais sa Rialachán faoi chonspóid”. Dá bhrí sin, is “fíorais agus breithnithe fíor-riachtanacha” a bhí iontu ba cheart a bheith nochta do pháirtithe.

(9)

I bhfianaise a bhfuil thuas, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an Rialachán a bhí á chonspóid a mhéid a bhain leis na cuideachtaí a raibh ionadaíocht á déanamh ag CRIA agus CCCMC thar a gceann (a liostaítear sa tábla thíos).

AINM NA CUIDEACHTA

CÓD BREISE TARIC

Chaoyang Long March Tyre Co., Ltd

C338

Triangle Tyre Co., Ltd

C375

Shandong Wanda Boto Tyre Co., Ltd

C366

Qingdao Doublestar Tire Industrial Co., Ltd

C347

Ningxia Shenzhou Tire Co., Ltd

C345

Guizhou Tyre Co., Ltd

C340

Aeolus Tyre Co., Ltd

C877 (8)

Shandong Huasheng Rubber Co., Ltd

C360

Chongqing Hankook Tire Co., Ltd

C334

Prinx Chengshan (Shandong) Tire Co., Ltd

C346

Jiangsu Hankook Tire Co., Ltd

C334

Shandong Linglong Tire Co., Ltd

C363

Shandong Jinyu Tire Co., Ltd

C362

Sailun Group Co., Ltd

C351

Shandong Kaixuan Rubber Co., Ltd

C353

Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd

C875 (9)

Weifang Shunfuchang Rubber And Plastic Products Co., Ltd

C377

Shandong Hengyu Science & Technology Co., Ltd

C358

Jiangsu General Science Technology Co., Ltd

C341

Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd

C878 (10)

Hefei Wanli Tire Co., Ltd

C876

GITI Tire (Anhui) Company Ltd

C332

GITI Tire (Fujian) Company Ltd

C332

GITI Tire (Hualin) Company Ltd

C332

GITI Tire (Yinchuan) Company Ltd

C332

Qingdao GRT Rubber Co., Ltd

C350

(10)

Ina theannta sin, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta Rialachán (AE) 2018/1690 a mhéid a bhain leis na cuideachtaí a raibh ionadaíocht á déanamh ag CRIA agus CCCMC thar a gceann (a liostaítear sa tábla thíos), agus a mhéid a bhain le Zhongce Rubber Group Co., Ltd (cód breise TARIC C379).

3.   CUR CHUN FEIDHME BHREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA

(11)

De réir Airteagal 266 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), tá sé de dhualgas ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnais na Cúirte a chomhlíonadh. I gcás ina ndéantar gníomh arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais a neamhniú i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin, amhail an t-imscrúdú frithdhumpála sa chás seo, is éard atá i gceist le comhlíonadh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta gníomh nua a chur in ionad an ghnímh neamhnithe, lena gcuirtear deireadh leis an neamhdhleathacht a shainaithin an Chúirt Ghinearálta (11).

(12)

De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, an nós imeachta um ghníomh a chur in ionad gníomh neamhnithe, féadfar atosú air ag an dearbhphointe mar ar tharla an neamhdhleathacht (12). Tugann sin le tuiscint, go háirithe, i gcás ina ndéantar gníomh lena gcuirtear nós imeachta riaracháin i gcrích a neamhniú, nach gá go ndéanfadh an neamhniú difear do na gníomhartha ullmhúcháin, amhail tionscnamh an nós imeachta frithdhumpála. I gcás ina ndéantar, mar shampla, rialachán lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha a neamhniú, bíonn na himeachtaí fós oscailte, toisc gurb í an gníomh lena dtugtar na himeachtaí frithdhumpála i gcrích amháin a d’imigh ó dhlíchóras an Aontais (13), ach amháin más ag céim an tionscnaimh a tharla an neamhdhleathacht. Leis an nós imeachta a atosú agus na dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí a rinneadh le linn thréimhse chur i bhfeidhm an rialacháin ar neamhní a ath-fhorchur, ní féidir a mheas go bhfuil sé sin contrártha don riail maidir le neamh-aisghníomhaíocht (14).

(13)

Sa chás reatha, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an Rialachán atá faoi chonspóid a mhéid a bhaineann leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann ar an bhforas go ndearna an Coimisiún earráid agus é á chinneadh arbh ann do shladghearradh suntasach, ag a raibh éifeacht ar an anailís chúisíochta. Rinneadh amach go raibh an earráid chéanna ó thaobh na modheolaíochta de ann nuair a bhí corrlaigh dhíobhála na n-onnmhaireoirí lena mbaineann á ríomh. D’aimsigh an Chúirt freisin go raibh earráidí i gceist nuair nár nochtadh faisnéis áirithe: (i) na táscairí mórdhíobhála, sular cuireadh na coigeartuithe maidir le hualú i bhfeidhm, agus na sonraí a bhain le FBManna, ar thaobh amháin, agus le fiontair mhóra, ar an taobh eile; (ii) táscairí díobhála seachas an bhrabúsacht tar éis d’athbhreithniú a bheith déanta ar an ualú; (iii) faisnéis áirithe a bhain le foinsí shonraí na díobhála maicreacnamaíche agus le liosta de FBManna de chuid thionscal an Aontais a scoir den táirgeadh; agus (iv) méid iomlán beacht na ndíolachán ag FBManna de chuid thionscal an Aontais a chomhoibrigh leis na himscrúduithe agus faisnéis a bhain le cion na FBManna i dtionscal an Aontais.

(14)

Torthaí sa Rialachán faoi chonspóid, nár cuireadh ina gcoinne, nó gur cuireadh ina gcoinne ach gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta iad nó nach ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú orthu, agus dá bhrí sin nár neamhníodh an Rialachán faoi chonspóid dá thoradh, tá siad fós go hiomlán bailí agus ní dhéanann an athoscailt seo difear dóibh (15).

(15)

Tar éis bhreithiúnais na Cúirte i gCásanna T-30/19 agus T-72/19 an 4 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún na himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a athoscailt go páirteach, ar imscrúduithe iad a bhain le hallmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus atosú ar an imscrúdú ag an bpointe ag ar tharla an neamhrialtacht. Bhain raon feidhme teoranta leis an athoscailt, trí bhíthin Fógra (16) (“an Fógra um athoscailt”), is é sin, cur chun feidhme bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta maidir leis na cuideachtaí a raibh ionadaíocht á déanamh ag CRIA agus CCCMC thar a gceann agus a liostaíodh san Fhógra um athoscailt.

(16)

An dáta céanna, chinn an Coimisiún allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí sin, a chur faoi réir a gcláraithe agus thug treoir do na húdaráis chustaim náisiúnta fanacht le foilsiú na Rialachán Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena ndéanfar na dleachtanna a ath-fhorchur sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir le haon éileamh ar aisíocaíochtaí agus loghadh na ndleachtanna frithdhumpála a mhéid a bhaineann le hallmhairí a bhain leis na cuideachtaí sin (17) (“an Rialachán maidir le clárú”).

(17)

Chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh na hathoscailte agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

4.   AN TRÉIMHSE IMSCRÚDÚCHÁIN

(18)

Is imscrúdú é seo lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2017 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.   AN NÓS IMEACHTA INA DHIAIDH SIN

(19)

An 10 Eanáir 2023, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn sin a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a ath-fhorchur (“nochtadh”). Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh.

(20)

Chuir Comhlachas Tionscail Rubar na Síne (“CRIA”), GITI Group (18) agus an t-allmhaireoir neamhchomhlachaithe Hämmerling The Tyre Company GmbH (“Hämmerling”) barúlacha isteach. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. D’iarr Hämmerling agus CRIA éisteachtaí agus deonaíodh dóibh iad.

(21)

Arna iarraidh sin ag CRIA ina bharúlacha maidir leis an nochtadh, nocht an Coimisiún na heilimintí breise seo a leanas dá éis sin (“nochtadh breise”):

An 30 Eanáir 2023, trí bhíthin nóta a bhí ag gabháil leis an gcomhad, sholáthair an Coimisiún faisnéis bhreise maidir lena anailís ar phraghsanna arna ngearradh ag tionscal an Aontais agus é ag díol go díreach, go hindíreach agus le cineálacha difriúla custaiméirí.

An 30 agus an 31 Eanáir 2023, sholáthair an Coimisiún do Hankook Group (19) agus do Aeolus/Pirelli (20) idirbhearta díolachán onnmhairiúcháin na gcuideachtaí lena mbaineann freisin, ar idirbhearta iad a úsáideadh chun ríomhanna athbhreithnithe an tsladghearrtha agus an ghearrdhíola a shuí. B’ionann na hidirbhearta díolachán onnmhairiúcháin sin agus na hidirbhearta a nochtadh cheana féin san imscrúdú as ar eascair glacadh an Rialacháin faoi chonspóid.

An 31 Eanáir 2023, trí bhíthin nóta a bhí ag gabháil leis an gcomhad, shoiléirigh agus cheartaigh an Coimisiún na leibhéil dleachta chríochnaitheacha le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile lena mbaineann, tar éis d’earráid a bheith aimsithe maidir leis na ríomhanna díobhála le haghaidh Hankook Group agus Aeolus/Pirelli. Sholáthair an Coimisiún soiléirithe breise freisin maidir le staid dhlíthiúil Zhongce Rubber Group Co., Ltd.

(22)

Is é CRIA amháin a sholáthair barúlacha maidir leis an nochtadh breise, ar barúlacha iad a chuir an Coimisiún san áireamh, i gcás inarb iomchuí.

6.   MAÍMH DE CHUID CRIA MAIDIR LE CEARTA COSANTA

(23)

Tar éis an nochta, mhaígh CRIA gur sáraíodh a chearta cosanta mar gheall ar an méid seo a leanas:

Níor cuireadh ríomhanna an tsladghearrtha agus an ghearrdhíola faoi bhráid CRIA maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuair CRIA litir údarúcháin uathu;

Níor deonaíodh tréimhse leordhóthanach ama do CRIA chun barúlacha a thabhairt faoin nochtadh;

Níor eagraigh an Coimisiún éisteacht sa tráthchlár mar a d’iarr CRIA;

Níor thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh uile nár thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh orthu.

(24)

Mar a luaitear in aithris (160) thíos, d’athríomh an Coimisiún dleachtanna na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile lena mbaineann, go háirithe le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh sa Rialachán faoi chonspóid agus a bhí faoi réir rialú na Cúirte Ginearálta (i.e. GITI Group, Hankook Group agus Aeolus/Pirelli). Ba cheart a mheabhrú maidir le corrlaigh dhíobhála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte lena mbaineann gur suíodh iad ar bhonn sonraí leochaileacha de chuid cuideachtaí. Dá réir sin, níorbh fhéidir na ríomhanna a nochtadh do na páirtithe leasmhara uile, ach do na cuideachtaí lena mbaineann amháin.

(25)

Mhaígh CRIA gur shínigh na cuideachtaí a luaitear in aithris (10) litreacha údarúcháin lenar cuimsíodh rochtain ar shonraí leochaileacha de chuid cuideachtaí, agus dá bhrí sin, gur cheart ríomhanna aonaracha an tsladghearrtha agus an chorrlaigh díobhála le haghaidh na gcuideachtaí sin a bheith nochta ag an gCoimisiún. Thairis sin, b’ionann ábhar na litreacha údarúcháin agus gnáth-Chumhacht Aturnae (“PoA”), lena n-údaraítear do dhlíodóir cáilithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, de réir CRIA.

(26)

Rinne an Coimisiún anailís ar na litreacha údarúcháin a chuir CRIA faoina bhráid. Táirgeoirí áirithe de chuid na Síne a bhí faoi réir rialú na Cúirte Ginearálta, shínigh siad litreacha údarúcháin aonaracha den sórt sin. Bhreathnaigh an Coimisiún go raibh na litreacha údarúcháin bunaithe ar théacs caighdeánach le haghaidh na dtáirgeoirí uile (cibé acu a sampláladh nó nár sampláladh iad) agus nár sonraíodh sna litreacha sin cé acu a d’údaraigh nó nár údaraigh an chuideachta faoi seach do CRIA sonraí rúnda de chuid na cuideachta a fháil. Thairis sin, níor chomhaontaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte uile a bhaineann leis an imscrúdú atá ann faoi láthair le rochtain ar a gcuid sonraí rúnda a sholáthar do CRIA. Thairis sin, maidir leis an maíomh gurbh ionann PoA agus na litreacha údarúcháin atá i gceist, mheas an Coimisiún gurbh é an t-eintiteas atá údaraithe chun na sonraí a fháil an difríocht shubstainteach idir PoA agus litir údarúcháin chuig comhlachas. I gcás PoA, tá an dlíodóir cáilithe faoi cheangal ag rialacha eitice an Bharra Dhlíthiúil faoi seach mar a bhfuil an dlíodóir cláraithe, rud, i measc nithe eile, a cheanglaíonn orthu gan aon sonraí rúnda de chuid cuideachta a nochtadh. Dá bhrí sin, an fíoras go mb’fhéidir nach mbeadh foráil shonrach in PoA maidir le sonraí den sórt sin, ní mhaolaítear leis sin an dualgas a bhíonn ar an dlíodóir (na dlíodóirí) atá i gceist cloí leis na rialacha eitice is airde maidir leis an ábhar agus rúndacht na sonraí a fhaightear a áirithiú. Os a choinne sin, is eisceachtúil an cás go bhfaigheann comhlachais rochtain neamhtheoranta ar shonraí rúnda de chuid cuideachtaí maidir lena comhaltaí, rud a fhéadfaidh, inter alia, na rialacha iomaíochta faoi seach atá i bhfeidhm a shárú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh na litreacha údarúcháin a shínigh na cuideachtaí sonrach ná sainráite go leor maidir le cé acu a d’údaraigh nó nár údaraigh na cuideachtaí atá i gceist don chomhlachas rochtain a fháil ar a gcuid faisnéise rúnda.

(27)

Ar bhonn na hanailíse thuas agus dhícheall cuí an Choimisiúin maidir le bainistíocht na faisnéise rúnda de chuid cuideachtaí a bhíonn ar fáil dó, chinn an Coimisiún sonraí rúnda de chuid cuideachtaí a nochtadh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann go díreach agus dóibh siúd amháin, agus ní do CRIA, chun rúndacht na sonraí sin a chosaint. Dá bhrí sin, seoladh an tacar sonraí chuig ionadaí dlíthiúil GITI Group agus chuig ionadaí cuideachta Hankook an 10 Eanáir 2023. Ós rud é nach raibh Aeolus/Pirelli, ná aon táirgeoir de na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann sa ghrúpa sin, cláraithe mar pháirtithe leasmhara, shainaithin an Coimisiún na teagmhálaithe in Aeolus/Pirelli agus sholáthair sé nochtadh sonrach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin faoi seach dóibh an 17 Eanáir 2023. Tugadh an tréimhse go dtí 31 Eanáir 2023 dóibh chun barúlacha a thabhairt.

(28)

An 16 Eanáir 2023, d’iarr CRIA na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola de chuid na gcuideachtaí lena mbaineann a fháil, ar bhonn na litreacha údarúcháin sínithe. Mar fhreagairt air sin, ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (26) agus (27), d’iarr an Coimisiún ar CRIA dul i dteagmháil leis na cuideachtaí sin agus na sonraí a fháil uathu go díreach.

(29)

An 19 Eanáir 2023, tháinig Aeolus Tyre Co., Ltd chun tosaigh agus d’údaraigh go sainráite gurbh fhéidir leis an gCoimisiún a nochtadh sonrach a sholáthar do CRIA. An lá céanna, nocht an Coimisiún na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola de chuid Aeolus/Pirelli do CRIA. A mhéid a bhain leis na hidirbhearta díolachán mionsonraithe, níor nocht an Coimisiún do Aeolus Tyre Co., Ltd ná do Pirelli Tyre Co., Ltd, ar leithligh, ach a dtacar sonraí féin faoi seach. B’amhlaidh é sin toisc gur chuir CRIA litir údarúcháin isteach nach raibh sínithe ach ag Aeolus Tyre Co., Ltd amháin, gan í a bheith sínithe ag Pirelli Tyre Co., Ltd.

(30)

A mhéid a bhain le Hankook Group, ní bhfuair an Coimisiún údarú sainráite chun a chuid sonraí a chomhroinnt le CRIA. Mar sin féin, mhaígh CRIA ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh gur sholáthair an grúpa a nochtadh sonrach don chomhlachas.

(31)

Ina chuid barúlacha maidir leis an nochtadh, chuir CRIA an Coimisiún ar an eolas gur tharraing GITI Group a litir údarúcháin chuig CRIA siar. Dá éis sin, an 3 Feabhra 2023, sholáthair GITI Group litir údarúcháin nua le haghaidh CRIA lenar údaraíodh don chomhlachas go sainráite nochtadh sonrach na cuideachta a fháil, rud a fuarthas an 10 Eanáir 2023. Tar éis na litreach sin agus arna iarraidh sin do CRIA, chuir an Coimisiún an nochtadh sonrach atá i gceist ar fáil do CRIA an 8 Feabhra 2023.

(32)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, mheas an Coimisiún nár sáraíodh cearta cosanta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ná na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile uile lena mbaineann ná cearta cosanta CRIA ach oiread. Cuireadh nochtadh na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola faoi bhráid na gcuideachtaí lena mbaineann agus tugadh tréimhse leordhóthanach dóibh chun a mbarúlacha a thabhairt faoin nochtadh.

(33)

Mhaígh CRIA nár chuir an Coimisiún imthosca eisceachtúla san áireamh, i.e. Bliain Nua na Síneach a tharla ón 21 go dtí an 29 Eanáir 2023, agus é ag diúltú dá iarraidh ar shíneadh a chur leis an sprioc-am chun barúlacha a chur isteach maidir leis an nochtadh agus ar éisteacht a eagrú tréimhse sách fada tar éis dheireadh Bhliain Nua na Síneach. Mhaígh foireann dhlíthiúil CRIA gur dhodhéanta dóibh, mar gheall ar Bhliain Nua na Síneach, treoracha ná ionchur ceart a fháil ó CRIA le haghaidh na mbarúlacha. Thairis sin, d’ainneoin iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteachta, níor deonaíodh aon síneadh bríoch agus níor eagraigh an tOifigeach Éisteachta éisteacht chun aghaidh a thabhairt ar an iarraidh sin.

(34)

Thug an Coimisiún dá aire gur tréimhse go dtí an 6 Feabhra 2023 a bhí i gceist leis an iarraidh ar shíneadh, ar síneadh iontach fada a bhí ann, is é sin, síneadh 14 lá. Chun nach gcuirfí cosc le cur i gcrích an imscrúdaithe in am trátha, dheonaigh an Coimisiún síneadh 2 lá oibre bhreise, is é sin go dtí 25 Eanáir 2023, cé go raibh 13 lá tugtha aige cheana féin le barúlacha a thabhairt. A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar éisteacht, mhol an Coimisiún ar dtús an éisteacht a eagrú an 18 Eanáir 2023, agus dá bhrí sin, roimh Bhliain Nua na Síneach. Mhol CRIA dá éis sin an éisteacht a chur ar bun tar éis laethanta saoire Bhliain Nua na Síneach, agus i mí Feabhra sa chás ab fhearr. D’aontaigh an Coimisiún agus ghlac leis éisteacht a eagrú an 31 Eanáir 2023, tar éis Bhliain Nua na Síneach dá bhrí sin, agus chuir sé síneadh leis an sprioc-am chun barúlacha a chur isteach.

(35)

Bhreathnaigh an Coimisiún gurb é 10 lá féilire an tréimhse reachtúil le haghaidh barúlacha ó pháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála. An sprioc-am a leagadh síos le haghaidh CRIA agus na bpáirtithe leasmhara eile uile, tar éis síneadh a chur leis an sprioc-am, b’fhaide go maith é ná na 10 lá féilire, agus tugadh 15 lá do CRIA fiú. Thairis sin, tar éis barúlacha a tugadh tar éis an nochta, nocht an Coimisiún faisnéis bhreise agus thug tréimhse bhreise 4 lá do pháirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt faoin nochtadh breise, is é sin, go dtí an 3 Feabhra 2023. Chomh maith leis sin, contrártha don dearbhú ó CRIA, níl aon cheanglas ann maidir le nochtadh sealadach in imscrúduithe athoscailte.

(36)

Ar deireadh, bheadh sé idirdhealaitheach vis-à-vis na páirtithe leasmhara eile uile atá cláraithe san imscrúdú athoscailte seo gan síneadh de bhreis agus 2 sheachtain bhreise a dheonú ach do CRIA amháin.

(37)

Maidir leis an mbarúil nár thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh uile nár thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh orthu, dhéileáil an Coimisiún leis an bpointe sin cheana féin in aithris (65) thíos agus níor soláthraíodh aon argóint nua. Dá bhrí sin, diúltaíodh don bharúil sin.

6.1.   Idirghabháil ón Oifigeach Éisteachta

(38)

D’iarr CRIA idirghabháil ón Oifigeach Éisteachta de bhun Airteagail 12, 13, agus 16 de Théarmaí Tagartha an Oifigigh Éisteachta mar gheall ar an síneadh neamh-leordhóthanach maidir le barúlacha a thabhairt faoin nochtadh, uainiú míréasúnta na héisteachta molta os comhair an Choimisiúin de bhun an nochta, agus toisc nár nochtadh faisnéis áirithe.

(39)

Thug an tOifigeach Éisteachta dá aire go bhfuair CRIA síneadh leis an sprioc-am go dtí an 25 Eanáir 2023. Agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca sonracha a leagtar amach agus ar shrianta ama na n-imeachtaí lena mbaineann, agus tar éis dul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin atá freagrach as an imscrúdú, d’aontaigh an tOifigeach Éisteachta leis an síneadh a cuireadh leis an sprioc-am agus dhiúltaigh do shíntí breise a chur leis. Maidir le substaint an nochta, mhol an tOifigeach Éisteachta gur cheart do CRIA agus do sheirbhísí an Choimisiúin éisteacht a reáchtáil ar dtús sula dtéitear chuig an Oifigeach Éisteachta.

(40)

I bhfianaise a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún go bhféadfadh CRIA a chearta cosanta a fheidhmiú go hiomlán, laistigh de na sprioc-amanna a tugadh agus ar cuireadh síneadh leo, agus substaint an nochta á meas mar aon leis an bhfaisnéis bhreise a cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara, i ndiaidh barúlacha tar éis an nochta. I ndiaidh na héisteachta a reáchtáladh os comhair sheirbhísí an Choimisiúin an 31 Eanáir 2023, níor iarr CRIA éisteacht os comhair na hOifige Éisteachta maidir le haon cheann de na saincheisteanna a tarraingíodh anuas roimhe.

7.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA

(41)

Chuir tionscal an Aontais, CRIA, GITI Group agus Hämmerling agus Opoltrans sp. z o.o. barúlacha faoi bhráid an Choimisiúin. (“Opoltrans”).

(42)

Chuir CRIA litreacha údarúcháin faoi bhráid an Choimisiúin a bhí sínithe ag táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe ar neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an Rialachán faoi chonspóid dóibh, lena n-áirítear na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin lena mbaineann a sampláladh le linn an imscrúduithe as ar eascair glacadh an Rialacháin faoi chonspóid, go háirithe GITI Group, Aeolus Tyre Co., Ltd, Chongqing Hankook Tire Co., Ltd agus Jiangsu Hankook Tire Co., Ltd.

(43)

Chuir CRIA agus GITI Group in aghaidh chinneadh an Choimisiúin maidir le hallmhairí a chlárú, toisc nach n-údaraítear an clárú sin sa chás sonrach sin go sainráite le bun-Rialacháin frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais. D’athdhearbhaigh an dá pháirtí sin a maíomh tar éis an nochta. Mheas tionscal an Aontais go raibh an clárú cuid mhaith faoi dhiscréid an Choimisiúin.

(44)

Maidir leis an maíomh sin, mheas an Coimisiún gur dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil cur i bhfeidhm ginearálta ag an gcumhacht atá ag an gCoimisiún a cheangal ar údaráis náisiúnta bearta iomchuí a dhéanamh chun allmhairí a chlárú, mar a thaispeántar leis an teideal “Forálacha ginearálta” d’Airteagal 14 de bhun-Rialachán frithdhumpála 2016. Thairis sin, níl Airteagal 14(5) den rialachán sin faoi réir aon srian maidir leis na himthosca ina dtugtar de chumhacht don Choimisiún a cheangal ar na húdaráis chustaim náisiúnta earraí (21) a chlárú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(45)

Thairis sin, mhaígh GITI Group go bhféadfaí an breithiúnas a achomharc fós an tráth sin agus níor sholáthair foras dlíthiúil bailí dá bhrí sin chun dul ar aghaidh chuig an gclárú. Mheas an Coimisiún nach ndearnadh achomharc in aghaidh an bhreithiúnais, agus gurbh é an clárú an beart iomchuí a bhí le déanamh chun a áirithiú gur féidir na dleachtanna a ath-fhorchur ar an leibhéal ceart, más ann dó, agus treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim fanacht le foilsiú an Rialacháin reatha (22).

(46)

Mhaígh CRIA, GITI Group, Hämmerling agus Opoltrans nárbh fhéidir leis an gCoimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim náisiúnta, maidir le dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin faoi chonspóid, gan iad sin a aisíoc agus/nó a loghadh. Ní mór an aisíocaíocht sin a dhéanamh láithreach agus an aisíocaíocht iomlán a bheith i gceist. D’áitigh siad freisin go bhfuil an staid sa chás reatha difriúil leis an gcás i mbreithiúnas Deichmann (23) toisc, de réir na bpáirtithe, nach raibh tionchar ag an neamh-mheasúnú ar na maímh sa chás sin, maidir leis an gcóireáil de réir an gheilleagair margaidh agus leis an gcóireáil aonair, ar leibhéal na ndleachtanna. Mhaígh na páirtithe freisin nach féidir na dleachtanna a ath-fhorchur go cúlghabhálach. De réir na bpáirtithe, neamhníodh an Rialachán faoi chonspóid ina iomláine, rud a chiallaíonn gur baineadh de dhlíchóras an Aontais é le héifeacht chúlghabhálach, ach i mbreithiúnas Deichmann, b’amhlaidh nach raibh aon toisc ann “lena bhféadfaí difear a dhéanamh do bhailíocht an rialacháin chinntithigh”. Ina theannta sin, mhaígh na páirtithe maidir leis an neamhdhleathacht a rinneadh amach i leith na hanailíse ar an sladghearradh praghsanna, gurb amhlaidh dá thoradh sin “gur neamhbhailíodh anailís chúisíochta iomlán an Choimisiúin”. Ciallaíonn sé sin, dar leis na páirtithe, nár cheart iomlán na ndleachtanna a bheith forchurtha, ná ath-fhorchurtha, ós rud é go raibh an anailís díobhála agus chúisíochta ar fad lochtach.

(47)

Tar éis an nochta, mhaígh GITI Group maidir le cinneadh an Choimisiúin treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim náisiúnta gan na dleachtanna a aisíoc, gur sáraíodh leis an gcinneadh sin prionsabal na cosanta dlí a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“CFEU”). Ina áit sin, ba cheart don Choimisiún aisíocaíocht na ndleachtanna a cheadú, mar ab amhlaidh an cás nuair a neamhnigh an Chúirt Ghinearálta fíneálacha a bailíodh as Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a shárú (24). Go háirithe, thagair GITI Group do na torthaí ón gCúirt Bhreithiúnais gurb amhlaidh “nuair a dhearbhaíonn an Chúirt go bhfuil rialachán lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála […] neamhbhailí, go bhfuil na dleachtanna sin le meas mar dhleachtanna nach raibh dlite go dleathach riamh de réir bhrí Airteagal 236 den Chód Custaim agus, i bprionsabal, go gceanglaítear ar na húdaráis chustaim náisiúnta iad a aisíoc faoi na coinníollacha chuige sin” (25). Thairis sin, de réir GITI Group, baineann impleachtaí praiticiúla tábhachtacha le moill ar aisíoc dleachtanna lena ndéantar difear diúltach do staid airgeadais na gcuideachtaí lena mbaineann agus dá dtoradh ar infheistíochtaí.

(48)

Mheabhraigh an Coimisiún gur cásdlí socair é go bhféadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt d’údaráis chustaim náisiúnta fanacht go dtí go mbeidh na rátaí ag ar cheart na dleachtanna sin a bheith leagtha síos cinnte ag an gCoimisiún, i gcomhréir le breithiúnas ó Chúirteanna an Aontais, sula ndéanfar cinneadh maidir le hiarratais ar aisíocaíocht arna gcur isteach ag oibreoirí a mbeidh dleachtanna den sórt sin íoctha acu (26). Dhearbhaigh an Chúirt freisin maidir leis an raon feidhme beacht a bhaineann le dearbhú neamhbhailíochta ag an gCúirt i mbreithiúnas agus, dá bhrí sin, maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as, nach mór an raon feidhme agus na hoibleagáidí sin a chinneadh i ngach cás sonrach trí ní hamháin an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas sin a chur san áireamh, ach chomh maith leis sin an foras arb é bunús fíor-riachtanach an bhreithiúnais é (27).

(49)

Sa chás atá idir lámha, chaith an Chúirt Ghinearálta amhras ar an modh lena ríomhtar an sladghearradh agus faoin tionchar a bhaineann leis ar an gcúisíocht chomh maith le tionchar na hearráide céanna ar chorrlach díobhála na gcuideachtaí atá faoi réir bhreithiúnas na Cúirte (28). Cheangail an Chúirt ar an gCoimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis áirithe maidir leis na táscairí díobhála agus an fhaisnéis sin a nochtadh. Mar sin féin, níor tharraing na heilimintí sin amhras ar bhailíocht na dtorthaí eile uile a rinneadh sa Rialachán faoi chonspóid. Thairis sin, dhearbhaigh an Chúirt, tar éis do na himeachtaí a bheith atosaithe, go bhféadfaidh an Coimisiún beart a dhéanamh chun dul in ionad an bhirt a neamhníodh agus dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur dá réir sin trí, sa chomhthéacs sin, na neamhdhleathachtaí ar suíodh go sonrach gur tharla siad a leigheas (29). Sa chomhthéacs sin, ní bhaineann sé le hábhar cé acu a bhaineann na neamhdhleathachtaí le leibhéal na ndleachtanna nó nach mbaineann. In aon chás, fiú dá mba rud é gurb iad torthaí an imscrúdaithe athoscailte nár cheart aon dleacht frithdhumpála a ath-fhorchur, bheadh an fhéidearthacht ag na húdaráis chustaim méid iomlán na ndleachtanna a aisíoc, arb iad na dleachtanna a bailíodh ó glacadh an Rialachán faoi chonspóid, i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim ábhartha. Thairis sin, chuimseofaí ús iomchuí leis an aisíocaíocht sin freisin i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim ábhartha. Dá bhrí sin, d’ainneoin dhearbhú GITI Group, thabharfaí cúiteamh cuí do chuideachtaí as na dleachtanna atá i gceist a íoc.

(50)

Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais go comhsheasmhach nach gcuirtear bac le hAirteagal 10(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála ar ghníomhartha dleachtanna frithdhumpála a ath-fhorchur ar allmhairí a rinneadh le linn thréimhse chur i bhfeidhm na rialachán a dhearbhaítear a bheith neamhbhailí (30).

(51)

Murab ionann agus an clárú a tharlaíonn le linn na tréimhse roimh ghlacadh na mbeart sealadach, níl coinníollacha Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála infheidhme maidir leis an gcás atá idir lámha. Is é cuspóir an chláraithe i gcomhthéacs chur chun feidhme thorthaí na Cúirte nach gceadófar bailiú cúlghabhálach beart cosanta trádála a d’fhéadfadh a bheith ann mar a fhoráiltear sna forálacha sin. Ina áit sin, is é is cuspóir dó éifeachtacht na mbeart atá i bhfeidhm a choimirciú, gan aon bhriseadh míchuí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin faoi chonspóid go dtí go ndéanfar na dleachtanna ceartaithe a ath-fhorchur, más ann dóibh, trí áirithiú go bhféadfar an méid ceart de bhearta a bhailiú amach anseo. Dá bhrí sin, mar a mhínítear in aithris (20) den Rialachán maidir le clárú, má dhéantar an nós imeachta riaracháin a atosú agus na dleachtanna a ath-fhorchur ar deireadh, ní féidir a mheas go bhfuil sé sin contrártha don riail maidir le neamh-aisghníomhaíocht. Thairis sin, mar a admhaíonn páirtithe, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta an cur chuige ceannann céanna sin le déanaí i mbreithiúnas T-440/20 dá cuid (31). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh nach féidir na dleachtanna a ath-fhorchur.

(52)

A mhéid a bhaineann le prionsabal na cosanta dlí a chumhdaítear in Airteagal 47 CFEU, is cásdlí socair é nach féidir le prionsabal na cosanta dlí cosc a chur le hinstitiúid de chuid an Aontais, ar neamhníodh gníomh dá cuid roimhe seo, gníomh nua a ghlacadh lena ndéantar dochar don duine sin, ar bhonn foras difriúil (32). Sa chás reatha, rinneadh na torthaí ar bhonn foras atá difriúil leis an bhforas ar ar a bhonn sin a neamhníodh an Rialachán faoi chonspóid. Dá réir sin, i gcomhréir leis na torthaí a fuair an Chúirt Ghinearálta (33), níor sháraigh an Coimisiún prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí ar an bhforas gurb amhlaidh, leis an Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, gur ath-fhorchuir sé dleacht frithdhumpála chinntitheach tar éis don Chúirt neamhniú a dhéanamh ar an Rialachán faoi chonspóid.

(53)

D’áitigh CRIA toisc “nár tabhaíodh aon fhiachas custaim” gurbh amhlaidh dá n-ath-fhorchuirfí dleachtanna “go mbeifí ag dul thar an tréimhse dhlíthiúil a mbíonn na húdaráis chustaim náisiúnta i dteideal dleachtanna a thobhach lena linn ag féachaint don tréimhse theorann 3 bliana (…)”. Mhaígh GITI Group “leis an ath-fhorchur cúlghabhálach (…) fiú tráth is faide ar aghaidh ná an sprioc-am 3 bliana, is baolach go gcuirfear isteach ar an bpróiseas cinnteoireachta féinrialaitheach sin ag údaráis chustaim náisiúnta (trí thabhairt le tuiscint gur féidir dleachtanna a bhailiú tráth is faide ar aghaidh ná an sprioc-am 3 bliana sin) agus, leis sin, is baolach go gcuirfear as do dheighilt na n-inniúlachtaí idir an Coimisiún agus Ballstáit an Aontais, rud atá calabraithe go cúramach, mar a leagtar amach i gConarthaí an Aontais.” Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh GITI Group a mhaíomh.

(54)

Mheas an Coimisiún gurbh éigean diúltú don dá argóint. Ar dtús, shonraigh an Chúirt maidir leis na teorainneacha ama “nach bhfuil sé ar a gcumas cosc a chur leis an gCoimisiún glacadh le rialachán lena bhforchuirtear nó lena n-ath-fhorchuirtear dleachtanna frithdhumpála nó, a fortiori, na himeachtaí a oscailt nó atosú orthu roimh ghlacadh den sórt sin” (34). Ar an gcaoi chéanna, shonraigh an Chúirt Ghinearálta “nach bhfuil feidhm ag [Airteagal 103(1) de Chód Custaim an Aontais] ach amháin maidir le fógra a thabhairt don fhéichiúnaí faoi mhéid na ndleachtanna custaim agus gur faoi na húdaráis chustaim náisiúnta a bhíonn cur chun feidhme an fhógra sin dá bhrí sin agus fúthu sin amháin, arb iad sin atá inniúil ar fhógra den sórt sin a thabhairt. Dá bhrí sin, ní chuireann sé bac leis an gCoimisiún rialachán a ghlacadh lena bhforchuirtear nó lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach” (35). Maidir leis an maíomh go gcuireann an t-ath-fhorchur isteach ar dheighilt na n-inniúlachtaí idir an Coimisiún agus na Ballstáit, bhreathnaigh an Coimisiún nár shonraigh GITI Group cén fhoráil de na Conarthaí a shárófaí le hath-fhorchur na ndleachtanna. Dhearbhaigh an Chúirt go comhsheasmhach go mbíonn an Coimisiún i dteideal dleachtanna a ath-fhorchur agus earráidí arna suíomh ag an gCúirt á gcur ina gceart (36). Thairis sin, bhí an Rialachán reatha ina iomláine faoi réir an nós imeachta scrúdúcháin dá ndéantar foráil in Airteagal 15(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

(55)

Mhaígh GITI Group maidir le hath-fhorchur cúlghabhálach dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh (athbhreithnithe), go mbeadh sé díréireach agus contrártha do phrionsabal na comhréireachta a leagtar síos in Airteagail 5(1) agus 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach freisin. Chomh maith leis sin, mhaígh GITI Group maidir le hath-fhorchur cúlghabhálach na ndleachtanna, nach ndéantar leis – agus nach féidir leis – aon chosaint “bhreise” a sholáthar do thionscal an Aontais ná tuilleadh allmhairí a chosc. Dá bhrí sin, shárófaí prionsabal na comhréireachta leis sin. Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh GITI Group an maíomh sin.

(56)

Mheabhraigh an Coimisiún gur cásdlí socair é nár sháraigh an Coimisiún prionsabal na comhréireachta nuair, chun breithiúnas a chur i bhfeidhm, a d’ath-fhorchuir sé dleacht chinntitheach ar ráta iomchuí agus ó dháta theacht i bhfeidhm na mbeart cinntitheach amach. Rinne sé amach freisin gur comhréireach go laghdaítear na rátaí dleachta ath-fhorchurtha agus go n-ordaítear an difríocht a aisíoc nó a loghadh (37). Ar deireadh, maidir leis an argóint nár chomhréireach é go bhfaigheann tionscal an Aontais cosaint bhreise le haghaidh na tréimhse atá caite, rinne an Chúirt Ghinearálta amach maidir leis an maíomh sin “nach amhlaidh atá sé chun an caighdeán dlíthiúil riachtanach a shuí, is é sin, gur dhíréireach sa chás reatha dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur, ar dleacht frithdhumpála í a laghdaítear go substaintiúil leis an rialachán faoi chonspóid” (38). Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

(57)

Mhaígh Hämmerling nach mór an staid eacnamaíoch reatha a chur san áireamh. Ón tráth sin, bhí ar an earnáil eacnamaíoch atá i gceist aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19, an borradh faoi phraghsanna ar feadh an domhain lena ndearnadh difear don slabhra soláthair ar fad (lena n-áirítear iompar agus lóistíocht) agus an ghéarchéim eacnamaíoch ábhartha mar aon le saincheisteanna anois amhail an méadú ar chostas an leictreachais, ráta boilscithe ard etc. arb é ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine ba chúis leo freisin. Ba neamhfhónta dá bhrí sin na dleachtanna atá i gceist a ath-fhorchur in earnáil, margadh agus staideanna micreacnamaíocha agus maicreacnamaíocha atá go hiomlán difriúil ón staid a scrúdaíodh san imscrúdú as ar eascair glacadh an Rialacháin faoi chonspóid.

(58)

Mar a mhínítear in aithris (11), an nós imeachta um ghníomh a chur in ionad gníomh neamhnithe, féadfar atosú air ag an dearbhphointe mar ar tharla an neamhdhleathacht (39). Sa chás atá idir lámha, tharla an neamhdhleathacht a shainaithin an Chúirt Ghinearálta sa Rialachán lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún forbairtí a tharla le déanaí agus nach mbaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin ná leis an tréimhse faoi bhreathnú a chur san áireamh agus é ag leigheas na neamhdhleathachtaí a rinne an Chúirt Ghinearálta amach. De réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála, i gcás ina dtaispeánfaidh na fíorais, mar a suíodh ar deireadh iad, go bhfuil dumpáil ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21, “forchuirfear” dleacht frithdhumpála chinntitheach. Dá bhrí sin, rud a d’fhéadfadh eascairt as athoscailt an imscrúdaithe is ea nach n-ath-fhorchuirfí na dleachtanna frithdhumpála ach amháin dá mba rud é go ndearna an Coimisiún amach nach raibh aon bhreithniú, maidir le dumpáil, díobháil mar gheall uirthi ná leas an Aontais, in aghaidh dleachtanna sa tréimhse imscrúdúcháin (40).

(59)

Mhaígh GITI Group gur cheart an athoscailt a theorannú go docht do na saincheisteanna ar thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh orthu. Dá bhrí sin ní cheadaítear don Choimisiún anailís ar shochtadh praghsanna a chur in ionad na hanailíse ar an sladghearradh chun an éifeacht phraghais a fheidhmiú, toisc go bhfuil an mhodheolaíocht a ghlac an Coimisiún bailí fós agus nach bhfuil sí faoi réir na hathoscailte dá bhrí sin. Níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar éifeachtaí na hanailíse ar shochtadh praghsanna agus níl siad faoi réir na hathoscailte reatha dá bhrí sin.

(60)

Bhreathnaigh an Coimisiún gur chaith an Chúirt Ghinearálta amhras ar an anailís ar an sladghearradh a rinne an Coimisiún i dtéarmaí comparáide córa idir na praghsanna onnmhairiúcháin agus praghsanna thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, caitheadh amhras ar mhodheolaíocht an tsladghearrtha mar ab amhlaidh í. Thairis sin, níor chuir aon rud cosc leis an gCoimisiún aon éifeacht eile, a d’fhéadfadh na hallmhairí dumpáilte imirt ar phraghsanna, a chur san áireamh de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála. I gcás Deichmann, dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil discréid leathan ag an gCoimisiún: ní fhéadfaidh cineál na mbeart sin difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na mbeart sin, ach amháin i gcás inar follasach gur míchuí an cineál céanna, ag féachaint don chuspóir atá á shaothrú leo (41). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(61)

Mhaígh GITI Group nach féidir leis an gCoimisiún cur chuige nua a leagan síos agus sladghearradh praghais á shuí. Go háirithe, níor cheart don Choimisiún struchtúr nua uimhreach rialaithe táirge (“PCN”) a thabhairt isteach, i.e. tríd an gcineál custaiméara a chur leis, nuair a bheidh na corrlaigh shladghearrtha agus na corrlaigh dhíobhála á (n-ath)ríomh (42).

(62)

Gan dochar do cé acu a bhíonn nó nach mbíonn an Coimisiún i dteideal eilimintí nua a thabhairt isteach i struchtúr PCN, mheabhraigh an Coimisiún nár tugadh aon eilimint nua isteach i struchtúr PCN le ríomhanna an tsladghearrtha praghais a dtugtar tuairisc orthu i roinn 4.1. thíos. Dá réir sin, maíomh gan bhunús a bhí sa mhaíomh sin.

(63)

Mhaígh CRIA, tráth an tionscnaimh agus tar éis an nochta araon, maidir le héilimh dhlíthiúla atá déanta ach nár rialaigh an Chúirt Ghinearálta ina leith fós, gur gá iad a mheas agus gur cheart don Choimisiún na maímh nár thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh orthu a thabhairt san áireamh go gníomhach.

(64)

Mhaígh Opoltrans nach raibh aon fhianaise ann gur dumpáladh na hallmhairí ón tSín tráth an imscrúdaithe agus, i measc nithe eile, nárbh iomchuí SAM a úsáid mar thír analógach, nach mbaineann díobháil do thionscal an Aontais, nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir staid thionscal an Aontais agus na hallmhairí ón tSín, agus nach bhfuil sé chun leasa na n-úsáideoirí dleachtanna a ath-fhorchur.

(65)

Mar a mhínigh an Coimisiún san Fhógra um athoscailt, maidir le torthaí a cinneadh sa Rialachán faoi chonspóid, nár cuireadh ina gcoinne, nó gur cuireadh ina gcoinne ach gur diúltaíodh dóibh le breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó nach ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú orthu, agus dá bhrí sin nár neamhníodh an Rialachán faoi chonspóid dá thoradh, tá na torthaí sin fós bailí (43). Cuimsíodh leis sin na saincheisteanna a thug CRIA agus Opoltrans le fios. Dá bhrí sin, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún fiosrú a dhéanamh ar líomhaintí maidir le saincheisteanna a bhí lasmuigh díobh siúd a ndearna an Chúirt Ghinearálta amach ina leith go raibh siad neamhdhleathach.

8.   ATHSCRÚDÚ AR ÉIFEACHTAÍ ARNA N-IMIRT AG NA HALLMHAIRÍ ÓN TSÍN AR PHRAGHSANNA AGUS AR AN GCÚISÍOCHT

8.1.   An sladghearradh a chinneadh

(66)

Mar a mhínítear in aithrisí (5) go (7), rinne an Chúirt Ghinearálta amach nach ndearna an Coimisiún comparáid chóir agus corrlaigh shladghearrtha na bpraghsanna á ríomh toisc gur choigeartaigh sé praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin trí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála a chur i bhfeidhm de réir analaí, agus go ndearna tionscal an Aontais díolacháin trí eintitis díolacháin chomhlachaithe freisin agus níor coigeartaíodh a gcuid díolachán úd.

(67)

Chomh maith leis sin, i mír 163 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta, rinneadh amach dá mba rud é nach ndearnadh aon choigeartú faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála, “go bhfágfadh modh den sórt sin go bhféadfaí comparáid chóir a dhéanamh idir na praghsanna i gcás ina ndíolfar idir an táirge lena mbaineann agus an táirge comhchosúil araon trí eintitis díolacháin chomhlachaithe”. I mír 190 den bhreithiúnas, rinne an Chúirt Ghinearálta amach thairis sin gurb amhlaidh mar gheall ar chomparáid den sórt sin “nach bhfágtar gurb indéanta fritháireamh a dhéanamh ar éifeachtaí féideartha na hearráide arb é atá iontu comparáid idir na praghsanna díola iarbhír arna ngearradh ar chustaiméirí an Aontais ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne go díreach, ar thaobh amháin, agus na praghsanna athdhíola arna ngearradh ag eintitis díolacháin a bhaineann le táirgeoirí de chuid an Aontais, ar an taobh eile” (béim curtha isteach). Ar deireadh, i mír 134 den bhreithiúnas, shonraigh an Chúirt Ghinearálta gurb amhlaidh, “gan beann ar dhleathacht ná ar ábharthacht an leibhéil trádála arna roghnú ag an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le táirgeoirí onnmhairiúcháin nó a mhéid a bhaineann le táirgeoirí de chuid an Aontais, nach mór comparáid na bpraghsanna arna déanamh ag an institiúid sin a bheith cóir i gcónaí agus, chun na críche sin, baint a bheith aici le praghsanna a bhfuil siad ar fad ar an leibhéal trádála céanna”.

(68)

Mar a mhínítear i mír 150 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta, maidir le céatadán na ndíolachán ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín trí eintitis díolacháin chomhlachaithe, is é 0 % a bhí i gceist le haghaidh Xingyuan Group, 34 % le haghaidh GITI Group, 19 % le haghaidh Aeolus/Pirelli agus 98,6 % le haghaidh Hankook Group. Ina theannta sin, ina fhreagra ar bheart eagraithe nós imeachta de chuid na Cúirte Ginearálta, shonraigh an Coimisiún maidir le céatadán na ndíolachán a rinneadh trí eintitis díolacháin chomhlachaithe, gurb é 46,9 % a bhí i gceist leis de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte sa tSín agus 87 % de tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Dá bhrí sin, bhí cion na ndíolachán a rinneadh trí eintitis díolacháin chomhlachaithe idir ard agus an-ard a mhéid a bhaineann le gach ceann den dá shampla.

(69)

Mar a mhínítear in aithris (149) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn na tréimhse imscrúdúcháin tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

na meánphraghsanna díolachán ualaithe in aghaidh an chineáil táirge agus in aghaidh an sciar de tháirgeoirí sampláilte an Aontais, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú don leibhéal díreach ón monarcha; agus

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge agus in aghaidh an sciar de na hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna suíomh ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CIF), mar aon le coigeartuithe iomchuí ar dhleachtanna custaim agus ar chostais iar-allmhairiúcháin (“praghas costais, árachais agus last-táille (CIF) agus an táirge tugtha i dtír”).

(70)

Chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh, i gcás ina ndearnadh díolacháin trí thrádálaithe comhlachaithe, níor coigeartaíodh na praghsanna onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán frithdhumpála de réir analaí a thuilleadh. Costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) de chuid an allmhaireora chomhlachaithe agus brabús sampla d’allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, cuireadh ar ais iad leis an bpraghas onnmhairiúcháin dá bhrí sin.

(71)

Thairis sin, rinne an Coimisiún measúnú ar cé acu a raibh nó nach raibh aon saincheist fhéideartha eile ann ó thaobh an leibhéil trádála de ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi chun críche comparáid chóir i gcásanna inar dhíol na táirgeoirí onnmhairiúcháin le custaiméirí an Aontais go díreach agus gur dhíol táirgeoirí sampláilte an Aontais trí eintitis díolacháin chomhlachaithe le custaiméirí an Aontais. Chuige sin, rinne sé anailís mhionsonraithe ar phraghsanna dhíolacháin uile tháirgeoirí sampláilte an Aontais chun patrúin praghsanna na ndíolachán díreach ón monarcha agus na ndíolachán indíreach trí eintitis chomhlachaithe díolacháin a chinneadh. Taispeánadh éagsúlachtaí nár bheag idir praghsanna laistigh de chineál táirge aonair leis an gcomparáid, ach níor fhollasach aon phatrún praghsanna áfach. Cé gurb amhlaidh i bprionsabal go dtabhódh eintitis díolachán chomhlachaithe costais mhargaíochta agus iad ag díol le custaiméirí san Aontas, ba chosúil nár tugadh na costais sin ar aghaidh go comhsheasmhach sna praghsanna críochnaitheacha.

(72)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis na táirgeoirí a bheith ag díol go díreach nó trí eintitis díolacháin chomhlachaithe na dtáirgeoirí, nach raibh aon tionchar inbhraite ag an díol sin ar leibhéal praghais na ndíolachán sin leis an gcustaiméir. Go háirithe, maidir le bheith ag díol trí eintiteas comhlachaithe, ní dhearnadh amach gur eascair praghsanna níos airde as sin ná mar a d’eascair as díolacháin a rinne an táirgeoir go díreach. Dá réir sin, ní bhfuair an Coimisiún aon éifeacht fhéideartha ar na leibhéil praghsanna ar ghá a fhritháireamh, rud a raibh amhras ar an gCúirt Ghinearálta ina leith i mír 190 den bhreithiúnas. Dá bhrí sin, bhí údar le comparáid sa chás sin le praghsanna díolachán iarbhír tháirgeoirí sampláilte an Aontais, a dhíol go díreach nó trí eintitis díolacháin chomhlachaithe le custaiméirí an Aontais, le praghsanna onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(73)

Rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe freisin ar na patrúin praghsanna in aghaidh an bhealaigh díolacháin a d’úsáid tionscal an Aontais. Ina leith sin, dhíol tionscal an Aontais cion éagsúil le húsáideoirí, dáileoirí, miondíoltóirí agus “eintitis nó daoine eile”. Díolacháin ionadaíocha i gcás na gcineálacha táirgí uile ab ea na díolacháin leis na custaiméirí uile, ach amháin i gcás “eintitis nó daoine eile”. Bhreathnaigh an Coimisiún gur minic a bhí praghsanna díolacháin le húsáideoirí a bhain leis an gcineál táirge céanna níos ísle ná praghsanna díolacháin le dáileoirí agus le miondíoltóirí, ach d’fhéadfaí a mhalairt a shonrú freisin. Ní gá gur bhraith na difríochtaí i bpraghsanna leis na custaiméirí éagsúla ar na méideanna iomlána a díoladh le custaiméir áirithe ach oiread. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár léir aon phatrún a bheith i gceist leis na praghsanna a gearradh ar chineálacha difriúla custaiméirí agus nár ghá tuilleadh coigeartuithe a dhéanamh chun comparáid chóir a áirithiú, mar a d’fhorordaigh an Chúirt Ghinearálta.

(74)

Mheabhraigh an Coimisiún, trí bhíthin nóta a bhí ag gabháil leis an gcomhad dar dáta an 30 Eanáir 2023, gur sholáthair sé faisnéis bhreise maidir lena anailís ar phraghsanna arna ngearradh ag tionscal an Aontais agus é ag díol go díreach, go hindíreach agus le cineálacha difriúla custaiméirí.

(75)

Tar éis an nochta breise, d’easaontaigh CRIA le toradh an Choimisiúin nárbh fhéidir aon phatrún praghsanna a shainaithint i leith na ndíolachán ag táirgeoirí an Aontais. Thug an Coimisiún dá aire nár thug CRIA aon bhunús lena mhaíomh agus nár sholáthair aon fhianaise lenar taispeánadh go raibh anailís an Choimisiúin mícheart. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(76)

Meánchorrlach ualaithe athbhreithnithe an tsladghearrtha ar bhonn allmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, is é 14,7 % a suíodh a bheith i gceist leis dá bhrí sin.

8.2.   Sochtadh praghsanna

(77)

In aon chás, fiú dá mba rud é gur measadh go raibh an corrlach sladghearrtha athbhreithnithe imeallach nó míchuí, mheas an Coimisiún go bhfeidhmeodh na hallmhairí a bheadh faoina réir éifeachtaí praghais diúltacha ar dhíolacháin an Aontais fós.

(78)

Is féidir tionchar suntasach a bheith ag allmhairí dumpáilte ar mhargadh ina mbaineann tábhacht le híogaireacht praghsanna. Mar a léirítear in aithris (134) den Rialachán sealadach, margadh an-iomaíoch is ea margadh an Aontais le haghaidh boinn leoraithe agus busanna inar féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i bpraghsanna ar an margadh.

(79)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar is léir ó tháblaí 7 go 10 den Rialachán sealadach, tháinig laghdú 8 % ar mheánphraghas thionscal an Aontais ach tháinig laghdú 6 % ar chostas aonaid an táirgthe. Ba mheasa ar fad an staid ar leibhéal 3, mar ar tháinig laghdú 5 % ar an bpraghas díola ach mar ar tháinig méadú 1 % ar chostas aonaid an táirgthe. Sa deireadh thiar thall, tugadh ar chuideachtaí ar leibhéal 3, mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte, a dtáirgí a dhíol ar phraghas a bhí cothrom lena gcostas táirgthe, rud a d’fhág go raibh siad ag díol gan aon bhrabús i gceist agus dá bhrí sin, gur caillteanas a bhí i gceist dóibh leo. Dá bhrí sin, bhí na hallmhairí ón tSín ina gcúis le sochtadh praghsanna mar gheall ar a méideanna (méadú 32 %) agus ar a bpraghsanna (laghdú 11 %) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág nach raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a oiriúnú aníos chun an méadú ar chostas aonaid an táirgthe a chur san áireamh.

(80)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh amhlaidh, fiú dá mba rud é go gcuirfí ina choinne gurbh ann don sladghearradh, go mbeadh na hallmhairí is ábhar don chás seo ina gcúis le sochtadh praghsanna.

8.3.   Cúisíocht

(81)

Scrúdaigh an Coimisiún cé acu a bheadh nó nach mbeadh nasc cúisíoch fós idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do tháirgeoirí an Aontais, i bhfianaise na gcorrlach sladghearrtha athbhreithnithe le haghaidh allmhairí ó na táirgeoirí sampláilte sa tSín agus na dtorthaí lenar cinneadh gurbh ann do shochtadh praghsanna.

(82)

D’ainneoin an laghdaithe ar an gcorrlach sladghearrtha le haghaidh tháirgeoirí sampláilte uile de chuid na Síne, seachas Xingyuan Group, níor athraíodh leis sin an fíoras go raibh na hallmhairí ó na táirgeoirí sampláilte sa tSín ag gearradh cuid mhaith faoi phraghsanna díola thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, níor athraigh na corrlaigh shladghearrtha athbhreithnithe an toradh bunaidh a fuair an Coimisiún maidir leis an nasc cúisíoch a bheith idir an díobháil a bhain do tháirgeoirí an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ón tSín, i roinn 5.1. den Rialachán sealadach agus a deimhníodh i roinn 5.1. den Rialachán faoi chonspóid. Na corrlaigh shladghearrtha athbhreithnithe, mar aon leis na torthaí breise faoin sochtadh praghsanna a fuarthas sa chás atá idir lámha, níor athraigh siad an anailís ná na torthaí a bhain le cúiseanna eile díobhála mar a chuirtear i láthair i roinn 5.2. den Rialachán sealadach agus i roinn 5.2. den Rialachán faoi chonspóid.

(83)

Dá bhrí sin, sheas an Coimisiún lena chonclúid go ndearnadh an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tSín, agus maidir leis na tosca eile, a breithníodh ar leithligh nó le chéile, nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir an díobháil agus na hallmhairí dumpáilte.

9.   ATHSCRÚDÚ AR CHORRLAIGH DHÍOBHÁLA NA GCUIDEACHTAÍ A BHÍ FAOI RÉIR NA HATHOSCAILTE

(84)

I mír 179 dá breithiúnas, rinne an Chúirt Ghinearálta amach “gurb é atá i ríomh an chorrlaigh díobhála comparáid a dhéanamh idir na praghsanna allmhairiúcháin a úsáidtear i ríomh an tsladghearrtha praghais, ar thaobh amháin, le praghsanna neamhdhíobhála an táirge chomhchosúil lena n-áirítear spriocbhrabús lena léirítear gnáthdhálaí an mhargaidh, ar an taobh eile. Dá réir sin, earráid a bhaineann leis an leibhéal trádála ar a ndéantar an chomparáid idir na praghsanna, is dócha go mbeidh tionchar ag an earráid sin ar ríomh an tsladghearrtha praghais mar aon le ríomh an chorrlaigh díobhála freisin”.

(85)

Chun an breithiúnas a chomhlíonadh, d’athríomh an Coimisiún an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh na gcuideachtaí uile atá faoi réir na hathoscailte.

(86)

San imscrúdú tosaigh, chinn an Coimisiún an leibhéal díothaithe díobhála le linn na tréimhse imscrúdúcháin tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid:

an meánphraghas neamhdhíobhála ualaithe in aghaidh chineál táirge na gceithre tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, rud a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú don leibhéal díreach ón monarcha;

an praghas onnmhairiúcháin céanna a leagtar amach in aithris (69) an dara fleasc thuas.

(87)

Is ar bhonn an chostais táirgthe in aghaidh an chineáil táirge, agus costais SGA san áireamh, móide brabús réasúnta agus é suite ar leibhéal díreach ón monarcha, a bhíonn praghas neamhdhíobhála thionscal an Aontais de ghnáth. Mar sin féin, sa chás áirithe sin, ní raibh faisnéis ag an gCoimisiún a bhí sách mionsonraithe agus fíoraithe maidir leis na costais táirgthe ar bhonn PCN, rud is gá chun an corrlach díobhála a ríomh mar a thuairiscítear thuas. I bhfianaise na n-imthosca áirithe sa chás sin, agus é á thabhairt faoi deara nach raibh aon phatrún soiléir sna difríochtaí i bpraghsanna ag brath ar an mbealach díolacháin a d’úsáid táirgeoirí sampláilte an Aontais, is ar bhonn an phraghais díola deiridh in aghaidh an chineáil táirge a bhí an praghas neamhdhíobhála, arna dhíol go díreach nó trí eintitis díolacháin chomhlachaithe, agus, arna ghearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú don leibhéal díreach ón monarcha mar a thuairiscítear thuas in aithris (86), an chéad fhleasc, praghas as ar baineadh an brabús iarbhír agus lenar cuireadh brabús réasúnta ansin. I bhfianaise na n-imthosca áirithe sin, agus chun an breithiúnas a chomhlíonadh, measadh gurbh iomchuí an praghas sin a chur i gcomparáid le praghas díola deiridh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin go siméadrach, i.e. ar leibhéal na n-allmhaireoirí comhlachaithe, agus gan é a bheith coigeartaithe ach amháin le haghaidh dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin mar a thuairiscítear in aithris (69) an dara fleasc thuas, ach costais SGA agus brabús allmhaireoirí comhlachaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin atá bunaithe san Aontas a bheith san áireamh freisin.

(88)

Thairis sin, i bhfianaise thorthaí na Cúirte Ginearálta i mír 190 dá breithiúnas, mheas an Coimisiún go cúramach cé acu a bhí nó nach raibh aon saincheist eile ann ó thaobh an leibhéil trádála de lena gceanglófaí fritháireamh chun comparáid chóir a dhéanamh, i bhfianaise an fhíorais gur dhíol 87 % den sampla de tháirgeoirí an Aontais trí eintitis díolacháin chomhlachaithe agus go raibh díolacháin dhíreacha ag mórán táirgeoirí onnmhairiúcháin le custaiméirí deiridh freisin. Mheabhraigh an Coimisiún, mar a mhínítear in aithris (87), gurb iad na praghsanna díola deiridh in aghaidh an chineáil táirge de chuid thionscal an Aontais a úsáideadh i ríomhanna an chorrlaigh díobhála. Dá bhrí sin, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 179 dá breithiúnas, bhí na torthaí a fuarthas maidir le ríomhanna an tsladghearrtha go hiomlán bailí i gcás ríomhanna an chorrlaigh díobhála freisin, a mhéid a bhain le comparáid chóir. Mar a mhínítear in aithrisí (71) agus (72) thuas, níor bhraith an Coimisiún aon saincheist eile ó thaobh an leibhéil trádála de lena gceanglófaí coigeartú chun comparáid chóir a dhéanamh.

(89)

Is iad seo a leanas na corrlaigh dhíobhála athbhreithnithe a suíodh:

Cuideachta

Leibhéal díothaithe díobhála %

Xingyuan Group

55,07

GITI Group

28,51

Hankook Group

10,31

Aeolus/Pirelli

27,56

Cuideachtaí atá ag comhoibriú in imscrúduithe frith-fhóirdheontais agus in imscrúduithe frithdhumpála araon

23,15

Zhongce Rubber Group Co., Ltd (44)

55,07

Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd;

Hefei Wanli Tire Co., Ltd (45)

55,07

10.   NA SONRAÍ ARNA SONRÚ AG AN GCÚIRT A NOCHTADH CHUN GO MBEADH NA HIARRATASÓIRÍ IN ANN A GCEARTA COSANTA A FHEIDHMIÚ

(90)

Shonraigh an Chúirt Ghinearálta i mír 33 dá breithiúnas gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta na n-iarratasóirí toisc nár nochtadh dóibh aon chuid de na sonraí dá dtagraítear i mír 244 den bhreithiúnas céanna.

(91)

Liostaigh an Chúirt Ghinearálta na sonraí lena mbaineann (mír 244 den bhreithiúnas):

na táscairí mórdhíobhála, sular cuireadh na coigeartuithe maidir le hualú i bhfeidhm, agus na sonraí a bhain le FBManna, ar thaobh amháin, agus le fiontair mhóra, ar an taobh eile;

táscairí díobhála seachas an bhrabúsacht tar éis d’athbhreithniú a bheith déanta ar an ualú;

faisnéis áirithe a bhain le foinsí shonraí na díobhála maicreacnamaíche agus le liosta de FBManna de chuid thionscal an Aontais a scoir den táirgeadh;

méid iomlán beacht na ndíolachán ag FBManna de chuid thionscal an Aontais a chomhoibrigh sna himscrúduithe agus faisnéis a bhain le cion na FBManna i dtionscal an Aontais.

10.1.   TÁSCAIRÍ DÍOBHÁLA, IN ÉINEACHT LE HUALÚ AGUS GAN É, AGUS I GCÁS FBMANNA AGUS FIONTAIR MHÓRA AR LEITHLIGH

(92)

I míreanna 215 go 235 dá breithiúnas, rinne an Chúirt Ghinearálta amach gurb amhlaidh, tar éis na n-athruithe san ualú a rinneadh tráth na céime cinntithí (féach aithrisí (188) go (195) den Rialachán faoi chonspóid), gur ríomh agus gur thaispeáin an Coimisiún brabúsacht na ndíolachán san Aontas ar leibhéal thionscal an Aontais ina iomláine i gceart (tábla 5 den Rialachán faoi chonspóid) agus ar leibhéal 3 (tábla 6 den Rialachán faoi chonspóid). Mar sin féin, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl i mír 227 dá breithiúnas, ba ghá na táscairí micreacnamaíocha uile a athríomh, seachas an bhrabúsacht, de thoradh an athraithe sa mhodh ualúcháin. Gan déanamh amhlaidh, ní dhearna an Coimisiún scrúdú oibiachtúil ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte i gcomhréir le hAirteagal 3(3) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(93)

Dá bhrí sin, chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh, rinne an Coimisiún anailís sna ranna dá éis sin ar an tionchar a bhain leis an ualú, arna shuí tráth na céime cinntithí, a chur i bhfeidhm maidir le gach táscaire micreacnamaíoch, seachas maidir leis an mbrabúsacht fhoriomlán agus maidir le brabúsacht leibhéal 3 (“an t-ualú athbhreithnithe”). Mar a thaispeántar thíos, le cur i bhfeidhm an ualúcháin sin, níor modhnaíodh go substaintiúil aon cheann de na torthaí a fuair an Coimisiún maidir leis na táscairí micreacnamaíocha. Dá bhrí sin, deimhníodh gur ann do dhíobháil ábhartha le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(94)

Thairis sin, i mír 244 dá breithiúnas, shonraigh an Chúirt Ghinearálta gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta na n-iarratasóirí toisc nár nochtadh dóibh na táscairí mórdhíobhála, sular cuireadh na coigeartuithe ualúcháin i bhfeidhm, ná na sonraí a bhain le FBManna, ar thaobh amháin, agus le fiontair mhóra, ar an taobh eile. Mar sin féin, níor cheangail an Chúirt Ghinearálta ar an gCoimisiún a thorthaí maidir le díobháil a athshuí gan aon choigeartú ualúcháin a chur i bhfeidhm. Ina áit sin, ní dhearna an Chúirt Ghinearálta ach a fhorordú maidir leis na táscairí mórdhíobhála sin, roimh aon choigeartú ualúcháin a chur i bhfeidhm, gur cheart iad a bheith nochta do na páirtithe lena mbaineann.

(95)

I bhfianaise a bhfuil thuas, chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh, thaispeáin an Coimisiún sna ranna seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha a leagadh síos: (1) tráth na céime sealadaí atá sa Rialachán sealadach, (2) tráth na céime cinntithí tar éis an athbhreithnithe ar an ualú (ar a dtugtar “ualú athbhreithnithe” sna táblaí uile thíos), (3) gan aon choigeartú ualúcháin agus (4) laistigh de leibhéal 3: (4a) táscairí i gcás FBManna amháin agus (4b) táscairí i gcás cuideachtaí móra amháin.

10.1.1.   Táscairí micreacnamaíocha

Réamhbharúlacha

(96)

Mar a mhínítear sna haithrisí (185) go (192) den Rialachán faoi chonspóid, mheas an Coimisiún nárbh fhéidir staid iarbhír thionscal an Aontais a léiriú leis na táscairí micreacnamaíocha toisc go raibh tionchar níos mó ag na cuideachtaí sampláilte móra ar na sonraí foriomlána ná mar a bhí ag na FBManna sampláilte, cé gur thart ar 13 % cion na FBManna sin i ndíolacháin iomlána thionscal an Aontais.

(97)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún ualú na FBManna sampláilte a mhéadú. Cuireadh an t-ualú seo a leanas i bhfeidhm sa Rialachán faoi chonspóid tráth na céime cinntithí. Ar dtús, shuigh an Coimisiún céatadán na ndíolachán ag FBManna agus ag cuideachtaí móra i ndíolacháin iomlána an Aontais. Ina dhiaidh sin, shloinn an Coimisiún díolacháin de chuid FBManna sampláilte agus de chuid táirgeoirí sampláilte móra in éineacht le méid na ndíolachán faoi seach dá gcuid i ndíolacháin iomlána an Aontais. Ar deireadh, cuireadh céatadáin i gcomparáid agus méadaíodh sonraí de chuid FBManna chun an céatadán céanna a léiriú agus a léirítear leis na cuideachtaí móra sampláilte. Míníodh é sin thíos in aithris (138) freisin. Tráth na céime sealadaí, d’úsáid an Coimisiún coigeartú breise freisin (i.e. chun cion gach leibhéil i ndíolacháin an Aontais laistigh de na sonraí sampláilte a léiriú). Mar sin féin, mar a mhínítear sa Rialachán faoi chonspóid, tréigeadh an coigeartú sin tráth na céime cinntithí toisc gur chonspóidigh na páirtithe leasmhara úsáid cóimheasa seasta le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(98)

Bhí tionchar ag an gcoigeartú ualúcháin ar thoradh na micreatháscairí foriomlána ach ar leibhéal 3 freisin, toisc go raibh idir chuideachtaí móra agus FBManna gníomhach ar an leibhéal sin. Ní raibh tionchar ag an gcoigeartú ar na treochtaí ar Leibhéal 1 ná ar leibhéal 2 toisc nach raibh ach cuideachtaí móra gníomhach ar na leibhéil sin. Mar a chuirtear in iúl in aithris (93), bhí tionchar teoranta ag an gcoigeartú ualúcháin ar na táscairí micreacnamaíocha foriomlána toisc gur measadh gurbh ionann díolacháin FBManna le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus thart ar 13 % de dhíolacháin iomlána an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

10.1.1.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(99)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid de chuid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

Tábla 1

Praghsanna díola san Aontas agus an costas táirgthe

Bunaithe ar:

De réir EUR/ítim

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 7 den Rialachán sealadach

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

237

225

216

218

 

Innéacs 2014 = 100

100

95

91

92

Ualú athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

239

228

219

220

 

Innéacs 2014 = 100

100

95

92

92

Gan ualú

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

252

238

226

228

 

Innéacs 2014 = 100

100

94

90

90

Tábla 7 den Rialachán sealadach

Meánchostas táirgthe

200

188

183

188

 

Innéacs 2014 = 100

100

94

91

94

Ualú athbhreithnithe

Meánchostas táirgthe

202

189

185

190

 

Innéacs 2014 = 100

100

94

92

94

Gan ualú

Meánchostas táirgthe

209

192

188

192

 

Innéacs 2014 = 100

100

92

90

92

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(100)

D’ainneoin na difríochta ainmniúla idir an meánphraghas díola aonaid a suíodh faoi na roghanna difriúla le haghaidh na tréimhse faoi bhreathnú, a mhéid a bhaineann leis an treocht fhoriomlán, ní dhearnadh aon difríocht amach idir an t-ualú a úsáideadh tráth na céime sealadaí agus tráth na céime cinntithí. Gan aon ualú, tháinig 2 phointe céatadáin bhreise de laghdú ar an meánphraghas díola aonaid ná mar a tháinig ar an meánphraghas sin sa dá staid eile. D’fhéadfaí teacht ar an gconclúid chéanna maidir leis na treochtaí a chonacthas i meánchostais táirgthe.

(101)

Ní raibh aon tionchar ag an ualú, nó ag easpa an ualúcháin sin le fírinne, ar an gconclúid le haghaidh leibhéal 1 ná leibhéal 2. Maidir le leibhéal 3, mar a thaispeántar sna táblaí 2, 3 agus 4 thíos, scrúdaigh an Coimisiún tionchar an ualúcháin agus neamhchur i bhfeidhm an ualúcháin sin maidir le trí thacar sonraí: i gcás leibhéal 3 foriomlán, i gcás na gcuideachtaí móra atá gníomhach ar an leibhéal sin agus na FBManna.

Tábla 2

Praghsanna díola san Aontas agus costas táirgthe — Leibhéal 3

Bunaithe ar:

De réir EUR/ítim

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 10 den Rialachán sealadach

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

181

176

172

172

 

Innéacs 2014 = 100

100

97

95

95

Ualú athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

180

176

172

171

 

Innéacs 2014 = 100

100

98

95

95

Gan ualú

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

201

191

182

180

 

Innéacs 2014 = 100

100

95

90

90

Tábla 10 den Rialachán sealadach

Meánchostas táirgthe

170

175

167

172

 

Innéacs 2014 = 100

100

103

98

101

Ualú athbhreithnithe

Meánchostas táirgthe

170

175

167

172

 

Innéacs 2014 = 100

100

103

99

101

Gan ualú

Meánchostas táirgthe

182

181

170

173

 

Innéacs 2014 = 100

100

99

93

95

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(102)

I gcás leibhéal 3, ní raibh tionchar ag an athbhreithniú ar an ualú tráth na céime cinntithí ar threocht fhoriomlán an phraghais díola aonaid ná ar chostas aonaid an táirgthe. In éagmais aon ualúcháin, bhí laghdú níos suntasaí de 5 phointe céatadáin ar a laghad le feiceáil le linn na tréimhse faoi bhreathnú i dtreochtaí an phraghais díola aonaid agus chostas aonaid an táirgthe i gcás an dá tháscaire. Is iad na treochtaí a chonacthas thíos i gcás cuideachtaí móra atá gníomhach ar leibhéal 3 is mó a léiríodh leis na treochtaí sin.

(103)

Mar is féidir a fheiceáil i dtábla 3 thíos, i gcás cuideachtaí móra atá gníomhach ar leibhéal 3, bhí an treocht cuid mhaith níos measa i gcomparáid leis an treocht fhoriomlán maidir leis an bpraghas díola aonaid agus le costas aonaid an táirgthe.

Tábla 3

Praghsanna díola san Aontas agus costas táirgthe — Leibhéal 3: Cuideachtaí móra amháin

Bunaithe ar EUR/ítim

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

207

195

184

183

Innéacs 2014 = 100

100

94

89

88

Meánchostas táirgthe

186

183

171

174

Innéacs 2014 = 100

100

98

92

93

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(104)

Taispeánadh le Tábla 4 thíos i gcás FBManna nach raibh gníomhach ach amháin ar leibhéal 3, gur tháinig meath ar threocht chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú 7 % ar an gcostas. I gcomhthráth leis sin, tháinig laghdú 2 % ar an bpraghas in aghaidh an aonaid.

Tábla 4

Praghsanna díola san Aontas agus costas táirgthe — Leibhéal 3: FBManna amháin

De réir EUR/ítim

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

164

164

162

161

Innéacs 2014 = 100

100

100

99

98

Meánchostas táirgthe

159

170

164

171

Innéacs 2014 = 100

100

107

103

107

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

10.1.1.2.   Costais saothair

(105)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 5

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 11 den Rialachán sealadach

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

43 875

44 961

46 432

46 785

 

Innéacs 2014 = 100

100

102

105

106

Ualú athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

44 300

45 199

46 605

46 943

 

Innéacs 2014 = 100

100

102

105

106

Gan ualú

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

46 274

47 180

48 390

48 477

 

Innéacs 2014 = 100

100

102

105

105

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(106)

Tháinig méadú 6 % ar an meánchostas saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcás an dá chineál ualúcháin agus méadú 5 % i gcás nár cuireadh aon ualú i bhfeidhm.

10.1.1.3.   Fardail

(107)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 6

Fardail

 

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 12 den Rialachán sealadach

Stoic dheiridh (Innéacs 2014 = 100)

100

81

100

144

 

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

7  %

6  %

7  %

9  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

81

97

134

Ualú athbhreithnithe

Stoic dheiridh (Innéacs 2014 = 100)

100

82

99

146

 

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

7  %

6  %

7  %

9  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

83

97

137

Gan ualú

Stoic dheiridh (Innéacs 2014 = 100)

100

84

100

148

 

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

6  %

5  %

6  %

8  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

84

96

135

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(108)

Tháinig méadú 44 %/46 % ar na stoic le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gcás an dá chineál ualúcháin agus méadú 48 % i gcás nár cuireadh aon ualú i bhfeidhm. Shroich stoic dheiridh thart ar 9 % den táirgeacht bhliantúil i gcás an dá chineál ualúcháin agus 8 % i gcás nár cuireadh aon ualú i bhfeidhm. Bhí tionchar diúltach ag an staid sin ar staid airgeadais tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

10.1.1.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(109)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 7

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 13 Rialachán sealadach

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

15,6  %

16,7  %

15,2  %

13,7  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

106,9

97,7

88,1

Tábla 5 a ghabhann leis an Rialachán faoi chonspóid

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

15,4  %

16,9  %

15,3  %

13,7  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

109,5

99,5

88,6

Gan ualú

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

16,9  %

19,1  %

17,0  %

15,6  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

113

101

92

Tábla 13 Rialachán sealadach

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

309

312

292

272

 

Innéacs 2014 = 100

100

101

94

88

Ualú athbhreithnithe

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

272

281

264

244

 

Innéacs 2014 = 100

100

103

97

90

Gan ualú

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

264

277

255

246

 

Innéacs 2014 = 100

100

105

97

93

Tábla 13 Rialachán sealadach

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

86

63

59

65

 

Innéacs 2014 = 100

100

73

69

76

Ualú athbhreithnithe

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

78

55

53

58

 

Innéacs 2014 = 100

100

71

68

74

Gan ualú

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

72

52

50

56

 

Innéacs 2014 = 100

100

72

69

78

Tábla 13 Rialachán sealadach

Toradh ar infheistíochtaí

21,0  %

21,7  %

19,3  %

17,6  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

103

92

84

Ualú athbhreithnithe

Toradh ar infheistíochtaí

23,4  %

24,6  %

21,7  %

20,3  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

105

92

87

Gan ualú

Toradh ar infheistíochtaí

23,4  %

24,6  %

21,7  %

20,3  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

105

92

86

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(110)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí ón Aontas a sampláladh trí ghlanbhrabús roimh cháin díolacháin an táirge chomhchosúil i gcás custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(111)

Ar bhonn an dá chineál ualúcháin, ba chomhchosúil treocht na brabúsachta foriomláine, agus laghdú ó 15,6 %/15,4 % in 2014 go 13,7 % i gceist sa tréimhse imscrúdúcháin. Ríomhadh é sin ar bhonn an ualúcháin a bhain le gach ceann de na leibhéil sna díolacháin iomlána. Gan aon ualú, tháinig laghdú ó 16,9 % in 2014 go 15,6 % ar an mbrabúsacht fhoriomlán.

(112)

Dul i laghad na brabúsachta i gcás na dtrí mhodheolaíocht, is mar thoradh ar dhifríocht 2 phointe céatadáin idir praghsanna agus costais a tharla sé.

(113)

Mheabhraigh an Coimisiún gurb amhlaidh, mar a mhínítear in aithris (93) thuas, gur nochtadh an bhrabúsacht fhoriomlán sa Rialachán cinntitheach cheana féin agus nach raibh sé faoi réir thorthaí na Cúirte Ginearálta maidir leis na hearráidí a sainaithníodh. Is ar mhaithe leis an iomláine amháin a taispeánadh an bhrabúsacht sa tábla thuas. I gcás inar cuireadh na trí mhodheolaíocht dhifriúla i bhfeidhm, bhí tionchar ag an mbrabúsacht ar leibhéal 1 agus ar leibhéal 2 ar an mbrabúsacht fhoriomlán, ach b’amhlaidh gur tháinig laghdú de thart ar 5 phointe céatadáin ar an mbrabúsacht ar leibhéal 3 gan ualú le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dtábla 9 thíos. Thairis sin, an treocht choibhneasta a bhain leis an mbrabúsacht le haghaidh thionscal iomlán an Aontais, is ag dul i laghad a bhí sí freisin.

(114)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Taispeánann an treocht a bhaineann leis an nglansreabhadh airgid laghdú de 7 - 12 % agus é á shloinneadh gan ualú nó in éineacht leis an ualú sealadach.

(115)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Is forbairt dhiúltach a tháinig air i gcás na dtrí mhodheolaíocht, a raibh thart ar 15 phointe céatadán i gceist leis le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(116)

Maidir le leibhéal 2, bhí tionchar ag an athbhreithniú ar an ualú idir tráth na céime sealadaí agus cinntithí ar na luachanna ach níorbh amhlaidh é sin ar an treocht fhoriomlán a chonacthas. Dá bhrí sin, deimhníodh aithrisí (196) go (197) den Rialachán sealadach.

Tábla 8

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí: Leibhéal 2

Bunaithe ar:

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 15 Rialachán sealadach

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

17,9  %

16,7  %

16,0  %

15,3  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

93

90

86

Ualú athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

17,9  %

16,7  %

16,0  %

15,3  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

93

90

86

Tábla 15 Rialachán sealadach

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

88

76

65

69

 

Innéacs 2014 = 100

100

86

74

78

Ualú athbhreithnithe

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

53

46

39

41

 

Innéacs 2014 = 100

100

86

74

78

Tábla 15 Rialachán sealadach

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

18

16

15

17

 

Innéacs 2014 = 100

100

92

84

97

Ualú athbhreithnithe

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

10

10

9

10

 

Innéacs 2014 = 100

100

92

84

97

Tábla 15 Rialachán sealadach

Toradh ar infheistíochtaí

20,4  %

21,4  %

20,1  %

16,2  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

105

98

79

Ualú athbhreithnithe

Toradh ar infheistíochtaí

20,4  %

21,4  %

20,1  %

16,2  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

105

98

79

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(117)

Rinneadh anailís shonrach ar bhonn na modheolaíochta céanna agus a thuairiscítear i gcás leibhéal 3, FBManna atá gníomhach ar leibhéal 3 agus cuideachtaí móra atá gníomhach ar leibhéal 3.

(118)

Mheabhraigh an Coimisiún gurb amhlaidh, mar a mhínítear in aithris (93), gur nochtadh an bhrabúsacht i gcás leibhéal 3 sa Rialachán faoi chonspóid cheana féin agus nach raibh sí faoi réir thorthaí na Cúirte Ginearálta maidir leis na hearráidí a sainaithníodh. Is ar mhaithe leis an iomláine amháin a taispeánadh an bhrabúsacht sa tábla thuas.

(119)

I gcás leibhéal 3 foriomlán, rinneadh amach gur chomhchosúil treocht na brabúsachta i gcás an dá chineál modheolaíochta ualúcháin. Is amhlaidh sin mar gheall ar an bhfíoras gur mhó ualach sa ríomh foriomlán a bhain leis na caillteanais a thuairiscigh FBManna toisc go raibh na caillteanais i gcás FBManna iontach suntasach (-6.1 % sa tréimhse imscrúdúcháin). Gan ualú, bhí brabúsacht leibhéal 3 gar don bhrabúsacht a thuairiscigh cuideachtaí móra atá gníomhach ar an leibhéal sin. Tháinig laghdú 50 % ar an mbrabúsacht i gcás na gcuideachtaí móra ar leibhéal 3 ó 2014 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, ó 10 % go dtí 4,8 %.

(120)

Maidir le leibhéal 3, tháinig laghdú suntasach thart ar 60 % ar an nglansreabhadh airgid i gcás an dá chineál modheolaíochta ualúcháin agus laghdú thart ar 35 % gan ualú. Tháinig laghdú thart ar 66 phointe céatadáin ar an toradh ar infheistíochtaí i gcás an dá chineál modheolaíochta ualúcháin agus laghdú thart ar 48 bpointe céatadáin gan ualú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Gan ualú, léirigh brabúsacht leibhéal 3 brabúsacht na gcuideachtaí móra ar leibhéal 3, rud lena raibh coinne ar bhonn aithris (198) den Rialachán sealadach.

Tábla 9

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí: Leibhéal 3

Bunaithe ar:

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Tábla 16 Rialachán sealadach

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

6,1  %

0,6  %

2,7  %

-0,4  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

10

45

-7

Tábla 6 a ghabhann leis an Rialachán sealadach

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

5,9  %

0,5  %

2,7  %

-0,7  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

9

45

-12

Gan ualú

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

9,23  %

5,01  %

6,29  %

3,92  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

54

68

42

Tábla 16 Rialachán sealadach

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

28

17

26

11

 

Innéacs 2014 = 100

100

62

93

38

Ualú athbhreithnithe

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

26,7

16,2

24,4

9,6

 

Innéacs 2014 = 100

100

61

91

36

Gan ualú

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

18,7

12,6

16,1

12,1

 

Innéacs 2014 = 100

100

67

86

65

Tábla 16 Rialachán sealadach

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

14

10

10

10

 

Innéacs 2014 = 100

100

69

66

66

Ualú athbhreithnithe

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

13,4

9,0

8,6

8,7

 

Innéacs 2014 = 100

100

68

65

65

Gan ualú

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

8,2

6,0

6,3

7,4

 

Innéacs 2014 = 100

100

73

77

91

Tábla 16 Rialachán sealadach

Toradh ar infheistíochtaí

7,6  %

0,2  %

4,8  %

2,5  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

2

62

33

Ualú athbhreithnithe

Toradh ar infheistíochtaí

11,2  %

0,7  %

7,0  %

5,8  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

6

63

52

Gan ualú

Toradh ar infheistíochtaí

11,2  %

0,7  %

7,0  %

5,8  %

 

Innéacs 2014 = 100

100

6

63

52

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(121)

Maidir leis na cuideachtaí móra ar leibhéal 3, sholáthair an Coimisiún thíos an tacar sonraí iomlán maidir lena mbrabúsacht, a sreabhadh airgid, a n-infheistíochtaí agus a dtoradh ar infheistíochtaí.

Tábla 10

Cuideachtaí móra - Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí – Leibhéal 3

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

9,97  %

6,08  %

7,05  %

4,81  %

Innéacs 2014 = 100

100

61

70

48

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

17,9

12,2

15,3

12,4

Innéacs 2014 = 100

100

68

85

69

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

7,7

5,7

6,1

7,3

Innéacs 2014 = 100

100

74

78

95

Toradh ar infheistíochtaí

12,2  %

0,8  %

7,5  %

6,6  %

Innéacs 2014 = 100

100

6

61

54

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(122)

Maidir leis na FBManna ar leibhéal 3, sholáthair an Coimisiún thíos an tacar sonraí iomlán maidir lena mbrabúsacht, a sreabhadh airgid, a n-infheistíochtaí agus a dtoradh ar infheistíochtaí. Na caillteanais a tuairiscíodh le linn na tréimhse imscrúdúcháin, tuairiscíodh in aithris (198) den Rialachán sealadach iad.

Tábla 11

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí - Leibhéal 3 – FBManna

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán)

2,71  %

-3,55  %

-1,31  %

-6,13  %

Innéacs 2014 = 100

100

- 131

-48

- 226

Sreabhadh airgid (i milliún EUR)

0,8

0,4

0,9

-0,2

Innéacs 2014 = 100

100

48

109

-30

Infheistíochtaí (i milliún EUR)

0,5

0,3

0,2

0,1

Innéacs 2014 = 100

100

61

48

24

Toradh ar infheistíochtaí

5,0  %

-0,3  %

2,2  %

-1,2  %

Innéacs 2014 = 100

100

-6

44

-23

Foinse: Freagraí fíoraithe ar cheistneoirí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais

(123)

Mheas an Coimisiún gur deimhníodh leis na táscairí micreacnamaíocha, ar bhonn an ualúcháin athbhreithnithe, aithris (196) den Rialachán faoi chonspóid, agus, dá réir sin, go bhfuil na conclúidí a bunaíodh ar na treochtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sealadach fós bailí.

(124)

Thairis sin, rinneadh amach go raibh na táscairí micreacnamaíocha, ar bhonn na heaspa ualaithe, i gcomhréir leis na táscairí micreacnamaíocha freisin, ar bhonn an dá chineál modheolaíochta ualúcháin. Is ar leibhéal 3 go príomha a bhí tionchar ag an easpa ualaithe. Go háirithe, léirigh brabúsacht fhoriomlán leibhéal 3 gan ualú brabúsacht na gcuideachtaí móra atá gníomhach ar leibhéal 3. Le haithris (198) den Rialachán sealadach, taispeánadh an corrlach brabúis ag cuideachtaí móra le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

(125)

Bhain laghdú suntasach don chorrlach brabúsach agus don toradh ar infheistíocht a bhí ag cuideachtaí móra ar leibhéal 3, agus laghdaigh siad in éineacht leis an sreabhadh airgid. I gcás FBManna, bhí a gcuid caillteanas iontach suntasach (-6.1 %) sa tréimhse imscrúdúcháin. D’fhéadfaí teacht ar chonclúidí cosúil leis sin i gcás an tsreafa airgid agus an toraidh ar infheistíochtaí a tháinig chun bheith diúltach. Dá bhrí sin, bhí an chonclúid maidir le staid FBManna fós bailí agus deimhníodh treochtaí an Rialacháin shealadaigh agus an Rialacháin faoi chonspóid.

(126)

Cé gurb amhlaidh le haghaidh an cháis sin, go raibh treochtaí na dtáscairí micreacnamaíocha, a suíodh ar bhonn an ualúcháin athbhreithnithe, comhchosúil leis na táscairí micreacnamaíocha gan ualú, mheas an Coimisiún gur chruinn an mhodheolaíocht ualúcháin a cuireadh i bhfeidhm tráth na céime cinntithí i staid mhargaidh ina raibh tionscal an Aontais comhdhéanta de chuideachtaí móra mar aon le FBManna iomadúla. Thug an Coimisiún faoi deara freisin nár chaith an Chúirt Ghinearálta amhras ar an modheolaíocht sin inti féin.

10.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

(127)

Maidir leis na táscairí maicreacnamaíocha, mheas an Chúirt Ghinearálta, mar a mhaígh CRIA agus CCCMC, nár sholáthair an Coimisiún tuilleadh faisnéise maidir le foinsí na sonraí a úsáideadh. Chomh maith leis sin, tráth na céime cinntithí, mhaígh CRIA agus CCCMC go raibh amhras orthu faoi iontaofacht faisnéise áirithe ar ar braitheadh mar a léirítear in aithris (201) den Rialachán faoi chonspóid.

(128)

Chun an breithiúnas a chomhlíonadh, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus cuireadh soiléirithe breise faoina bhráid le linn cruinnithe le hionadaithe ó Chomhlachas Mhonaróirí Bonn & Rubair na hEorpa (“ETRMA”). Sholáthair ETRMA faisnéis mhionsonraithe maidir leis an modheolaíocht a d’úsáid an comhlachas chun sonraí margaí a chomhbhailiú. Cuireadh leagan oscailte de mhiontuairiscí an chruinnithe ar fáil do na páirtithe leasmhara uile in éineacht le roinnt mhaith iarscríbhinní. Tugadh tuairisc mhionsonraithe sna hiarscríbhinní ar an mbealach ar thiomsaigh ETRMA na sonraí, in éineacht le cuidiú an chomhlachais chleamhnaithe dá chuid, mar atá, Europol Governance, a thiomsaigh na sonraí maicreacnamaíocha thar a cheann. D’athdhearbhaigh an Coimisiún nár thug cuid de na táirgeoirí onnmhairiúcháin (amhail Hankook Group agus Aeolus/Pirelli), ar comhaltaí de ETRMA iad, agóid in aghaidh na sonraí maicreacnamaíocha a sholáthair ETRMA iontu féin tráth an nochta chinntithigh.

(129)

Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún gur chomhlíon sé torthaí na Cúirte Ginearálta maidir leis an saincheist a bhaineann le foinsí na sonraí maicreacnamaíocha, mar a leagtar amach i mír 244 dá breithiúnas.

10.3.   FBManna de chuid thionscal an Aontais a scoir den táirgeadh

(130)

Shonraigh an Chúirt Ghinearálta gur áitigh na hiarratasóirí i gceart ag an éisteacht maidir le cur in iúl ainmneacha na 85 FBM a scoir den táirgeadh, mar a sholáthair ocht soláthróir tráchta dhifriúla, nach rabhthas in ann a shainaithint leis an bhfaisnéis sin caidrimh ghnó aonaracha idir soláthróir agus custaiméir agus gurbh amhlaidh, dá bhrí sin, nár bhain na hainmneacha sin le haon sonra ba dhócha é a bheith faoi rún. Sna himthosca sin, níor thaispeáin an Coimisiún gur liosta rúnda é liosta de FBManna de chuid thionscal an Aontais a scoir den táirgeadh (féach mír 253 den bhreithiúnas).

(131)

Mheas an Coimisiún gurbh amhlaidh, i bprionsabal, nár cheart ainm cuideachta a nochtadh do pháirtithe leasmhara eile gan comhaontú sainráite na cuideachta atá i gceist. Thairis sin, b’fhéidir nár leordhóthanach an nasc a bhaint idir an soláthróir tráchta agus a chustaiméir chun go mbeifí in ann an fhaisnéis sin a nochtadh. Ceann de phríomh-shócmhainní cuideachta is ea liosta custaiméirí agus dá bhrí sin, ní bhíonn aon leas ag soláthróir tráchta sa chineál faisnéise sin a nochtadh dá iomaitheoirí. Thairis sin, ní hamháin nach raibh cuid de na FBManna lena mbaineann 100 % dírithe ar an ngnó atráchtaithe ach aon ghníomhaíocht amháin a bhí san atráchtú i measc gníomhaíochtaí eile (mar shampla boinn nua á ndíol nó ceardlann le haghaidh cuideachtaí móra flíteanna trucailí). Ar deireadh, an fíoras go raibh custaiméir tuairiscithe ag cuideachta mar chustaiméir a d’éirigh as ábhair thráchta a cheannach, ní gá gur chiallaigh sé sin go raibh an chuideachta sin ina féimheach nó gur díscaoileadh í. Dá bhrí sin, nochtfaí faisnéis tráchtála leochaileach dá soláthrófaí an fhaisnéis sin.

(132)

Cé go bhféadfar comhbhailiú na sonraí maidir le méideanna nó le luachanna ó roinnt mhaith páirtithe a nochtadh gan saincheisteanna rúndachta a bheith i gceist, go háirithe más rud é go mbíonn na sonraí comhbhailithe laistigh den raon céanna, ní féidir feidhm a bheith ag an gcéanna maidir le hainm cuideachta. Thairis sin, ní féidir le páirtí comhoibríoch faisnéis den sórt sin a nochtadh gan údarú an pháirtí arb é siúd a ainm a sholáthraítear. Dá bhrí sin, chun an liosta sin de chustaiméirí a nochtadh, ba cheart do gach soláthróir tráchta an t-údarú a iarraidh ar gach duine dá chustaiméirí chun a ainm a nochtadh do pháirtithe leasmhara eile.

(133)

Tráth an Rialacháin faoi chonspóid, ní fhéadfaí ach na cuideachtaí a tuairiscíodh mar chuideachtaí a bhí ina bhféimheach nó leachtaithe a nochtadh do pháirtithe leasmhara. Mar sin féin, ní raibh mionsonraí ag an gCoimisiún faoi cén chuideachta a breithníodh ina féimheach nó a leachtaíodh nó nach ndearna ach éirí as an táirgeadh. Ina Nóta le haghaidh an Chomhaid dar dáta an 19 Iúil 2019, sholáthair an Coimisiún mínithe mionsonraithe maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun an liosta atá luaite thuas a bhunú. Tráth an Rialacháin faoi chonspóid, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le 8 soláthróir tráchta chun faisnéis a fháil maidir lena liosta custaiméirí agus leis na díolacháin dá gcuid le linn na tréimhse faoi bhreathnú (1 Eanáir 2014 – 30 Meitheamh 2017). Toisc go bhféadfadh roinnt mhaith soláthróirí a bheith ag na hatráchtóirí, rinneadh na sonraí a sholáthair na soláthróirí a chomhbhailiú in aghaidh an chustaiméara chun na cuideachtaí a d’éirigh as ábhar tráchta a cheannach le linn na tréimhse faoi bhreathnú a shainaithint. Ar bhonn an bhunachair sonraí sin, bhí an Coimisiún i riocht na hatráchtóirí a d’aistrigh ó sholáthróir amháin go soláthróir eile a shainaithint. Shonraigh an Coimisiún freisin in aithris (244) den Rialachán faoi chonspóid gur éirigh 85 FBM ar a laghad as an táirgeadh, agus é ag tagairt d’aithris (202) den Rialachán sealadach.

(134)

Ní raibh faisnéis ag an gCoimisiún maidir le stádas dlíthiúil gach atráchtóra. Go háirithe, ní raibh an Coimisiún i riocht na cuideachtaí a bhí ina bhféimheach nó a díscaoileadh a shainaithint, ná é sin a thuairisciú do pháirtithe leasmhara dá bhrí sin.

(135)

I rith an imscrúdaithe seo, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na soláthróirí tráchta comhoibríocha chun stádas dlíthiúil iarbhír na gcuideachtaí sin a fháil, ar cuideachtaí iad a d’éirigh as ábhair thráchta a cheannach. Ar bhonn na hiarrata sin ón gCoimisiún, sholáthair soláthróirí tráchta a gcomhaontú le nochtadh na n-ainmneacha sin ach ar choinníoll gur cheart ainm a gcuideachta a dhícheangal ó ainmneacha na gcustaiméirí. Rinne an Coimisiún amach go raibh formhór na gcuideachtaí a liostaíodh neamhghníomhach. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún an liosta FBManna a nochtadh ar FBManna iad a d’éirigh as ábhair thráchta a cheannach ó na páirtithe leasmhara. Bhí a n-ainmneacha sa cháschomhad neamhrúnda.

10.4.   Faisnéis a bhaineann le cion FBManna mar chuid de thionscal an Aontais

(136)

Mheas an Chúirt Ghinearálta nár nocht an Coimisiún faisnéis a bhain leis an gcion FBManna i dtionscal an Aontais (féach míreanna 244 go 266 den bhreithiúnas).

(137)

Sholáthair an Coimisiún, áfach, an cion beacht FBManna mar chuid de thionscal an Aontais i dtábla 4 den Rialachán faoi chonspóid.

(138)

Mar a léirítear i dtábla 4 den Rialachán faoi chonspóid, ní raibh an mhodheolaíocht ualúcháin athbhreithnithe bunaithe ar an méid arna thuairisciú ag na cuideachtaí comhoibríocha, ach ar mhéid iomlán na ndíolachán ag FBManna agus ag cuideachtaí móra mar a thaispeántar sa tábla thíos. Soláthraítear i dTábla 12 thíos na sonraí sonracha forluiteacha a úsáidtear.

Tábla 12

Sciar na ndíolachán ag FBManna i ndíolacháin iomlána an Aontais (i %)

 

2014

2015

2016

An tréimhse imscrúdúcháin

Méid na ndíolachán ag an Aontas, a thaispeántar i dTábla 8 den Rialachán faoi chonspóid de réir ítimí

14 834 175

14 738 216

14 532 627

14 584 104

Sciar na ndíolachán ag FBManna i ndíolacháin iomlána an Aontais, a thaispeántar i dTábla 4 den Rialachán faoi chonspóid

16,9  %

15,3  %

13,7  %

13,2  %

Sciar na gcuideachtaí móra i ndíolacháin iomlána an Aontais

83,1  %

84,7  %

86,3  %

86,8  %

méid na ndíolachán ag FBManna sampláilte de réir ítimí

91 700

84 500

79 300

74 600

% de FBManna sampláilte i gcomparáid le méid iomlán na ndíolachán ag FBManna

3,6  %

3,7  %

3,9  %

3,8  %

% de chuideachtaí móra sampláilte i gcomparáid le méid iomlán na ndíolachán ag cuideachtaí móra

[20 - 45 ]

[20 - 45 ]

[20 - 45 ]

[20 - 45 ]

Cóimheas Ualúcháin curtha i bhfeidhm

[4,5 – 11,3 ]

[4,3 – 11,0 ]

[4,0 – 10,3 ]

[4,2 – 10,6 ]

Cóimheas ualúcháin

=(% cuideachtaí móra sampláilte x méid iomlán na ndíolachán ag FBManna)/(méid na ndíolachán ag FBManna sampláilte) - 1

10.5.   Méid na ndíolachán ag FBManna a chomhoibrigh san imscrúdú

(139)

Mheabhraigh an Coimisiún gurbh amhlaidh, toisc gur cuireadh iarrataí a raibh údar cuí leo faoina bhráid, gur dheonaigh sé anaithnideacht ar feadh na n-imscrúduithe do na gearánaithe uile. Ina theannta sin, agus d’fhonn an anaithnideacht sin a chosaint tuilleadh, ní raibh an cóimheas a úsáideadh chun na luachanna ualúcháin athbhreithnithe a shuí bunaithe ach amháin ar dhíolacháin iomlána an Aontais, lena n-áirítear na díolacháin iomlána ag FBManna, agus ní raibh sé bunaithe ar mhéideanna na ndíolachán ag na FBManna comhoibríocha amháin. Dá bhrí sin, ní raibh méideanna beachta na ndíolachán ag FBManna comhoibríocha iontu féin ina bhfíoras ná ina mbreithniú fíor-riachtanach ar ar a bhonn sin a shuigh an Coimisiún táscairí díobhála thionscal an Aontais. Fós, mheas an Chúirt Ghinearálta i mír 256 dá breithiúnas nár mhínigh an Coimisiún i dtéarmaí sonracha an bealach lenar dhócha go nochtfaí aitheantas gearánaithe áirithe ach figiúr comhbhailithe a nochtadh.

(140)

Mheas an Coimisiún gurbh amhlaidh, i gcásanna áirithe, gur deimhin go mb’fhéidir nach nochtfaí aitheantas na ngearánaithe dá nochtfaí na figiúirí comhbhailithe. B’fhéidir gurbh amhlaidh é sin mar shampla, i gcás tionscail ina leathfar méideanna na ndíolachán ag na cuideachtaí go míchothrom, agus sciar beag den mhargadh ag gach oibreoir. Mar sin féin, sa chás atá idir lámha, bhí tionscal an Aontais deighilte idir grúpa beag de chuideachtaí móra, ar thaobh amháin, agus breis agus 380 FBM ar an taobh eile. Bhain thart ar 85 % de dhíolacháin an Aontais leis na grúpaí móra cuideachtaí, mar a mhínítear in aithris (129) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ach méideanna beachta de chuid FBManna a nochtadh (nó raonta fiú), bheadh na páirtithe eile in ann teacht ar an gconclúid faoin sciar a bhain leis na gearánaithe atá ina dtairgeoirí móra de chuid an Aontais agus, sa deireadh thiar thall, d’fhéadfaí a shainaithint, dá thoradh sin, na táirgeoirí móra sin de chuid an Aontais a bhí ag comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an Rialachán faoi chonspóid. Dá bhrí sin, tar éis dó na sonraí atá ar fáil dó a athscrúdú go cúramach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá mba rud é go nochtfaí méideanna beachta (nó fiú raonta) na ndíolachán ag FBManna a chomhoibrigh san imscrúdú, go bhféadfaí stádas anaithnid na ngearánaithe a chur i mbaol.

(141)

Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh CRIA a mhaíomh gur cheart méid beacht na ndíolachán ag FBManna a bheith soláthraithe ag an gCoimisiún, ar iad na FBManna sin a chomhoibrigh san imscrúdú as ar eascair an Rialachán faoi chonspóid.

(142)

Mheas an Coimisiún go raibh méid beacht na ndíolachán ag FBManna a chomhoibrigh san imscrúdú ar fáil le linn an imscrúdaithe as ar eascair an Rialachán faoi chonspóid, trí na foirmeacha samplála a chuir na cuideachtaí comhoibríocha uile isteach agus a cuireadh ar fáil sa chomhad oscailte. Bhí rochtain ag na páirtithe leasmhara uile ar na foirmeacha samplála dá réir sin. Thairis sin, mar a léirítear in aithris (139), níor measadh méid beacht na ndíolachán ag FBManna comhoibríocha agus an cóimheas FBManna á shuí; ina áit sin, chun na luachanna ualúcháin athbhreithnithe a shuí, níor úsáid an Coimisiún ach díolacháin iomlána an Aontais. Dá réir sin, ní raibh an méid beacht FBManna comhoibríocha ina chuid de na fíorais fhíor-riachtanacha a úsáideadh chun na luachanna athbhreithnithe a shuí. Ar deireadh, mar a mhínítear in aithris (140) thuas, chuirfí stádas anaithnid na ngearánaithe i mbaol dá nochtfaí na sonraí sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

11.   BEARTA CINNTITHEACHA

(143)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur ar allmhairí an táirge lena mbaineann ar leibhéal an chorrlaigh is ísle de na corraigh dhumpála agus dhíobhála dá ndéantar amach, i gcomhréir le riail na dleachta is lú. Sa chás seo, le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile lena mbaineann, ba cheart ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí a leagan síos dá réir ar leibhéal na gcorrlach díobhála dá ndéantar amach.

(144)

Tugtar faoi deara go ndearnadh imscrúdú frith-fhóirdheontais i gcomhthráth leis an imscrúdú frithdhumpála. De bhun Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2016/1037, i bhfianaise úsáid riail na dleachta is lú agus an fhíorais go bhfuil na rátaí fóirdheontais cinntitheacha níos ísle ná an leibhéal díothaithe díobhála, is iomchuí dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchur ar leibhéal na rátaí fóirdheontais cinntitheacha a suíodh agus dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ansin suas leis an leibhéal díothaithe díobhála ábhartha.

(145)

Mar a mhínítear in aithrisí ó (335) go (343) den Rialachán faoi chonspóid, chinn an Coimisiún gur dleachtanna seasta foirm iomchuí na mbeart.

(146)

Tar éis an nochta agus nochtadh breise, mhaígh CRIA gur úsáid an Coimisiún luachanna CIF neamhréireacha mar ainmneoir agus na corrlaigh shladghearrtha agus ghearrdhíola á suíomh. Ba cheart an dá chorrlach a bheith suite ar bhonn an ainmneora a úsáideadh chun an corrlach sladghearrtha a ríomh.

(147)

Mar a leagann an Coimisiún amach i roinn 9 thuas, an praghas onnmhairiúcháin a úsáideadh chun an corrlach sladghearrtha a ríomh, suíodh é trí na costais uile a tabhaíodh san Aontas (rud a bhraith ar théarmaí idirnáisiúnta tráchtála gach idirbhirt) a bhaint den phraghas díola leis na chéad chustaiméirí neamhspleácha de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, chun an luach ar theorainn an Aontais a shuí. Mar shampla, asbhaineadh costais iompair san Aontas. Leis an luach sin cuireadh, i gcás inarb iomchuí, dleachtanna custaim agus costais iar-onnmhairiúcháin. Is éard a d’eascair as ná an praghas ar a dtugtar “praghas costais, árachais agus last-táille (CIF) agus an táirge tugtha i dtír”, a cuireadh i gcomparáid le praghas díola tháirgeoirí an Aontais, arna choigeartú ar bhealach comhchosúil, chun an corrlach sladghearrtha a shuí, agus sloinneadh mar chéatadán de phraghas díola an Aontais é.

(148)

Is ar an mbealach seo a leanas in aghaidh an chineáil táirge a suíodh an corrlach gearrdhíola:

Ríomhadh an t-uimhreoir tríd an bpraghas CIF céanna agus an táirge tugtha i dtír (a úsáidtear chun an corrlach sladghearrtha a ríomh), a chur i gcomparáid le spriocphraghas thionscal an Aontais;

Ba é luach custaim CIF an Aontais a bhí san ainmneoir, mar a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(149)

An luach ainmneora a úsáideadh chun an corrlach gearrdhíola agus an corrlach dumpála a shuí, ba cheart gurb é sin an luach céanna chun críocha comparáide chun riail na dleachta is lú a chur i bhfeidhm, de bhun Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Is é is cuspóir don chomparáid sin an céatadán a chinneadh, arb é sin an céatadán is gá méadú a dhéanamh dá réir ar an bpraghas allmhairiúcháin a dhearbhaítear ag custaim trí bhíthin dleachtanna frithdhumpála chun éifeachtaí na méideanna gearrdhíola nó dumpála a ríomhadh roimhe a bhaint. Is léir, ós rud é go mbeidh feidhm ag an dleacht maidir le luach custaim CIF an Aontais a dhearbhófar, nach mór an dleacht sin a shloinneadh ó thaobh na matamaitice de mar chéatadán den phraghas CIF céanna a luaitear thuas arb amhlaidh, mar a míníodh roimhe, gurb é sin an bonn chun an dleacht a chur i bhfeidhm ag custaim. Ní bheadh sé de réir na loighce agus bheadh sé earráideach ó thaobh na matamaitice de céatadán a ríomh ar bhonn aon luach amháin a úsáidtear mar ainmneoir agus an céatadán a eascraíonn as sin a chur i bhfeidhm maidir le luach difriúil.

(150)

Tar éis na mbarúlacha a rinneadh, d’athscrúdaigh an Coimisiún na ríomhanna a nochtadh agus dheimhnigh gur ceart í an mhodheolaíocht a úsáideadh chun na luachanna ainmneora a shuí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go raibh na luachanna CIF a úsáideadh neamhréireach agus gur cheart gur mar an gcéanna iad praghas CIF an táirge agus é tugtha i dtír, a cuireadh i gcomparáid le praghas an Aontais chun críoch na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola, ar thaobh amháin, agus an luach CIF a úsáideadh mar an ainmneoir chun an corrlach gearrdhíola agus an corrlach dumpála araon a shuí, ar an taobh eile.

(151)

Mhaígh CRIA gur úsáid an Coimisiún modheolaíocht earráideach agus an dleacht sheasta á suíomh, toisc gur eachtarshuíodh céatadán an chorrlaigh díobhála i ndleacht in aghaidh an bhoinn bunaithe ar mhéid foriomlán na n-allmhairí in áit gan ach méid na gcineálacha táirgí meaitseála a úsáid, rud a úsáideadh chun an corrlach díobhála bunaidh a ríomhadh a ríomh.

(152)

D’úsáid an Coimisiún an mhodheolaíocht chéanna agus a úsáideadh sa Rialachán faoi chonspóid, rud nár neamhbhailigh an Chúirt Ghinearálta. In aon chás, thug an Coimisiún dá aire nach mór éifeacht cheartaitheach choibhéiseach a bheith ag bearta frithdhumpála gan beann ar an bhfoirm a bhíonn i gceist leo. Ní chonspóidtear, dá mba rud é gur i bhfoirm beart ad valorem a bhí an dleacht, go mbeadh feidhm ag an dleacht ad valorem maidir le gach allmhaire agus le gach cineál den táirge lena mbaineann gan beann ar cé acu a measadh nó nár measadh cineál áirithe agus an méid gearrdhíola nó dumpála á chinneadh. Dá thoradh sin, in imthosca ina ndéantar an cinneadh an dleacht a shloinneadh mar mhéid sonrach, ní mór an dleacht shonrach sin a bheith ar bhonn dhíolacháin allmhairí uile an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin ábhartha, ós rud é go mbeidh feidhm aici maidir le hallmhairí uile na gcineálacha táirgí uile ar an mbealach céanna agus a bheadh ag dleacht ad valorem choibhéiseach. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí méid iomlán na n-allmhairí a chur san áireamh mar a bheadh déanta aige dá mba rud é go gcuirfeadh sé dleacht ad valorem i bhfeidhm. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(153)

Tar éis nochtadh breise, mhaígh CRIA go ndearna an Coimisiún earráid agus leibhéal dleachta Zhongce Rubber Group Co., Ltd á shuí.

(154)

Sa nóta a ghabhann leis an gcomhad dar dáta an 31 Eanáir 2023, shoiléirigh an Coimisiún gur chuir sé san áireamh leibhéal díothaithe díobhála 32,39 % ab infheidhme maidir le Zhongce Rubber Group Co., Ltd le linn na tréimhse sular tháinig an Rialachán lenar forchuireadh dleachtanna frithchúitimh i bhfeidhm (ón 8 Bealtaine 2018 go dtí an 12 Samhain 2018). Ba é EUR/ítim 49,31 an dleacht sheasta chomhfhreagrach le haghaidh na tréimhse sin dá bhrí sin. Mar sin féin, ón 13 Samhain 2018, nuair a tháinig Rialachán (AE) 2018/1690 i bhfeidhm agus lenar leasaíodh an Rialachán faoi chonspóid dá réir, chuir an Choimisiún Zhongce Rubber Group Co., Ltd faoi réir chorrlach díobhála níos airde 55,07 %, a mhéid a bhain leis an imscrúdú fóirdheontais, toisc gur chomhoibrigh sé san imscrúdú frithdhumpála, ach nár chomhoibrigh sé san imscrúdú frith-fhóirdheontais. Corrlach dumpála nialasach agus ráta fóirdheontais 51,8 % a d’eascair as sin, cothrom le EUR/ítim 57,28 de dhleacht frithchúitimh sheasta. Níor cuireadh aon bharúil maidir leis an míniú sin faoi bhráid CRIA. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh ó CRIA go ndearna an Coimisiún earráid maidir le ríomh an leibhéil díothaithe díobhála le haghaidh na cuideachta sin.

(155)

Tar éis an nochta, d’áitigh CRIA gur cheart laghdú a dhéanamh ar an leibhéal dleachta le haghaidh trí chuideachta, mar atá, Zhongce Rubber Grúpa Co., Ltd, Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd, agus Hefei Wanli Tire Co., Ltd, freisin toisc nach ndearna an Coimisiún míreanna 190-192 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta a chur chun feidhme go hoiriúnach.

(156)

Mar a mhínítear in aithris (70) thuas, i dteannta an choigeartaithe a rinneadh ar chostais SGA agus brabús a chur ar ais, i gcás inarb infheidhme, le praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, ar chostais SGA agus brabús é a baineadh amach roimhe trí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm de réir analaí, shuigh an Coimisiún nach raibh gá le haon choigeartú breise. Go deimhin, mar a cuireadh in iúl in aithrisí (72), (73) agus (88) thuas, shuigh an Coimisiún nach raibh aon cheist ann faoi chomparáid chóir idir díolacháin dhíreacha agus indíreacha nó idir cineálacha difriúla custaiméirí. Dá thoradh sin, cosúil leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm sa Rialachán faoi chonspóid, cuireadh díolacháin dhíreacha de chuid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte i gcomparáid, in aghaidh an chineáil táirge, le díolacháin de chuid tháirgeoirí sampláilte an Aontais chun na corrlaigh dhíobhála a shuí. Cuireadh é sin i bhfeidhm maidir le ríomh na dleachta iarmharaí freisin, a bhí ar bonn chorrlach díobhála 55,1 % i gcás Xingyuan Group, nach raibh ach díolacháin dhíreacha aige. Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún gur cheart gan athrú a dhéanamh fós ar na dleachtanna frithchúitimh agus frithdhumpála iarmharacha is infheidhme maidir le Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd agus Hefei Wanli Tire Co., Ltd ná ar an dleacht frithchúitimh iarmharach is infheidhme maidir le Weifang Yueling. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh a chuid torthaí i gcomhréir le míreanna 190-192 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta agus dhiúltaigh sé don mhaíomh.

(157)

Tar éis an nochta, d’aimsigh an Coimisiún earráid sa dleacht sheasta, ar bhonn an chorrlaigh díobhála a suíodh i gcás Aeolus/Pirelli. Ceartaíodh an corrlach díobhála ó 27,56 % go 29,79 % agus cuireadh na páirtithe uile ar an eolas dá réir sin.

(158)

Tar éis nochtadh breise, mhaígh CRIA go ndearna an Coimisiún earráid agus leibhéal dleachta Hankook Group á shuí.

(159)

Tar éis dó anailís a dhéanamh ar an maíomh, d’aimsigh an Coimisiún earráid chléireachais go deimhin agus cheartaigh sé an corrlach díobhála ag Hankook Group ó 11,18 % go 10,31 %.

(160)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí a bheith mar a leanas:

Cuideachta

Corrlach dumpála

Ráta fóirdheontais

Corrlach díobhála

Dleacht frithchúitimh

Dleacht frithdhumpála

Dleacht frithchúitimh sheasta

Dleacht frithdhumpála sheasta (46)

Dleacht Frithdhumpála Sheasta (47)

GITI Group

56,8  %

7,74  %

28,51  %

7,74  %

20,77  %

11,07

35,74

46,81

Hankook Group

60,1  %

2,06  %

10,31  %

2,06  %

8,25  %

3,75

17,37

21,12

Aeolus/Pirelli

85,0  %

32,85  %

27,56  %

27,56  %

0

39,77

0

39,77

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus san imscrúdú frithdhumpála araon atá liostaithe san Iarscríbhinn

71,5  %

18,01  %

23,15  %

18,01  %

5,14  %

27,69

10,29

37,98

Zhongce Rubber Group Co., Ltd (48)

71,5  %

51,08  %

55,07  %

51,08  %

0

57,28

0

49,31

Weifang Yuelong Rubber; Hefei Wanli Tire Co., Ltd (49)

106,7  %

51,08  %

55,07  %

51,08  %

3,99  %

57,28

4,48

61,76

(161)

Tá feidhm ag leibhéal athbhreithnithe na ndleachtanna frithdhumpála gan aon bhriseadh ama ó tháinig an Rialachán sealadach i bhfeidhm (mar atá, ón 8 Bealtaine 2018 ar aghaidh).

(162)

Is gá leibhéal difriúil de na dleachtanna frithdhumpála a chur i bhfeidhm freisin le linn na tréimhse roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin frith-fhóirdheontais chinntithigh (mar atá, sa tréimhse ón 8 Bealtaine 2018 go dtí an 12 Samhain 2018). Is cothrom an dleacht is infheidhme le linn na tréimhse sin agus an corrlach díobhála a suíodh i gcás na gcuideachtaí uile lena mbaineann.

(163)

Cé nach raibh ach Aeolus Tyre Co., Ltd agus Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd ina n-iarratasóirí i gcásanna T-30/19 agus T-72/19, mheas an Coimisiún gurb infheidhme an dleacht cheartaithe maidir leis na grúpaí iomlána faoi seach. I gcás Aeolus Group, is iad seo a leanas na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann: Aeolus Tyre Co., Ltd, Aeolus Tyre (Taiyuan) Co., Ltd,; Qingdao Yellow Sea Rubber Co., Ltd agus Pirelli Tyre Co., Ltd. I gcás Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd, is iad seo a leanas na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann: Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd agus Shanghai Huayi Group Corp. Ltd.

(164)

Tugtar treoir d’údaráis chustaim an méid iomchuí a bhailiú maidir le hallmhairí a bhaineann leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann agus aon mhéid iomarcach a bailíodh a aisíoc i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

(165)

Ní mhodhnaítear leis an Rialachán seo rátaí dleachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin nár bhain an Fógra um athoscailt ná an Rialachán maidir le clárú leo. Dá bhrí sin, d’fhan a ndleachtanna úd gan athrú agus, dá thoradh sin, níor sainaithníodh na cuideachtaí sin sa Rialachán seo.

(166)

Tar éis an nochta, mhaígh Hämmerling, ós rud é go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún na dleachtanna a ath-fhorchur tráth is faide ar aghaidh ná an tréimhse teorann 3 bliana dá ndéantar foráil i gCód Custaim an Aontais, gur cheart don Choimisiún a shonrú freisin gur cheart an difríocht idir na dleachtanna ath-fhorchurtha agus na dleachtanna ab infheidhme roimhe a aisíoc tráth is faide ar aghaidh ná an tréimhse teorann 3 bliana freisin.

(167)

Mheabhraigh an Coimisiún ar dtús gur cásdlí socair é nach gcuirtear bac le Cód Custaim an Aontais ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála nó frithchúitimh chinntitheach ar feadh tréimhse is faide ná 3 bliana (50).

(168)

Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (164), baileoidh na húdaráis chustaim an méid iomchuí maidir le hallmhairí a bhaineann leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin lena mbaineann agus aisíocfaidh siad aon mhéid iomarcach arna bhailiú i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme. Shoiléirigh an Chúirt Ghinearálta in T-440/20 gurb é an reachtaíocht chustaim is infheidhme, inter alia, Airteagal 101(1), an chéad fhomhír d’Airteagal 102(1), Airteagal 103(1) agus Airteagal 104(2) de Chód Custaim an Aontais. Faoi na forálacha sin, is iad na húdaráis chustaim inniúla a chinnfidh an méid dleachta is iníoctha, agus is iad sin a bhíonn freagrach as fógra a thabhairt faoi fhiachais chustaim, ach amháin i gcás ina mbeidh tréimhse 3 bliana imithe in éag ón dáta a tabhaíodh an fiachas sin. Shoiléirigh an Chúirt thairis sin “Go leanann sé as sin gurb amhlaidh gur deimhin go bhfuil sé d’éifeacht ag an riail a leagtar amach in Airteagal 103(1) de Chód Custaim an Aontais ní hamháin cosc a chur le fógra a thabhairt faoi mhéid na ndleachtanna custaim a thabhairt don fhéichiúnaí tar éis dhul in éag thréimhse 3 bliana ón dáta a tabhaíodh an fiachas custaim dá chuid nó dá cuid, ach go bhfuil sé d’éifeacht ag an riail sin freisin gurb í sin is cúis leis an bhfiachas custaim sin é féin a bheith á chur faoi réir tréimhse teorann ar dhul in éag na tréimhse sin. Mar sin féin, níl feidhm ag an riail sin ach amháin maidir le fógra faoi mhéid na ndleachtanna custaim a thabhairt don fhéichiúnaí agus is faoi na húdaráis chustaim náisiúnta cur i bhfeidhm an fhógra sin dá bhrí sin agus fúthu sin amháin, arb iad atá inniúil ar fhógra den sórt sin a dhéanamh.” (51). Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil feidhm ag an tréimhse teorann 3 bliana i dtaca le haisíocaíocht maidir leis an gcás atá idir lámha agus dhiúltaigh sé don iarraidh.

12.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(169)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Eurotrom) 2018/1046 (52), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(170)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear leis seo dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121, atá faoi láthair faoi chóid AC 4011 20 90 agus ex 4012 12 00 (cód TARIC 4012120010) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, a mhéid a bhaineann leis na cuideachtaí a liostaítear i míreanna (2) agus (3).

2.   Na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha atá infheidhme in euro in aghaidh na hítime den táirge a shonraítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a bheidh siad sa tréimhse ón 8 Bealtaine 2018 go dtí an 12 Samhain 2018.

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód Breise TARIC

GITI Tire (Anhui) Company Ltd; GITI Tire (Fujian) Company Ltd; GITI Tire (Hualin) Company Ltd; GITI Tire (Yinchuan) Company Ltd

46,81

C332

Chongqing Hankook Tire Co., Ltd; Jiangsu Hankook Tire Co., Ltd

21,12

C334

Aeolus Tyre Co., Ltd, Aeolus Tyre (Taiyuan) Co., Ltd; Qingdao Yellow Sea Rubber Co., Ltd; Pirelli Tyre Co., Ltd

39,77

C877 (53)

Cuideachtaí eile atá faoi réir an ath-fhorchuir seo agus atá ag comhoibriú san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus san imscrúdú frithdhumpála araon a liostaítear san Iarscríbhinn

37,98

 

Zhongce Rubber Group Co., Ltd

49,31

C379

Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd

61,76

C875

Hefei Wanli Tire Co., Ltd

61,76

C876

3.   Na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha atá infheidhme in euro de réir na hítime den táirge a shonraítear i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a bheidh siad ón 13 Samhain 2018 ar aghaidh.

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála

Cód Breise TARIC

GITI Tire (Anhui) Company Ltd; GITI Tire (Fujian) Company Ltd; GITI Tire (Hualin) Company Ltd; GITI Tire (Yinchuan) Company Ltd

35,74

C332

Chongqing Hankook Tire Co., Ltd; Jiangsu Hankook Tire Co., Ltd

17,37

C334

Aeolus Tyre Co., Ltd, Aeolus Tyre (Taiyuan) Co., Ltd; Qingdao Yellow Sea Rubber Co., Ltd; Pirelli Tyre Co., Ltd

0

C877 (54)

Cuideachtaí eile atá faoi réir an ath-fhorchuir seo agus atá ag comhoibriú san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus san imscrúdú frithdhumpála araon a liostaítear san Iarscríbhinn

10,29

 

Zhongce Rubber Group Co., Ltd

0

C379

Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd

4,48

C875

Hefei Wanli Tire Co., Ltd

4,48

C876

Airteagal 2

Aon dleacht frithdhumpála chinntitheach arna híoc ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus (3) de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 sa bhreis ar an dleacht frithdhumpála chinntitheach a leagtar síos in Airteagal 1, déanfar í a aisíoc nó a loghadh.

Ba cheart an aisíocaíocht nó an loghadh a iarraidh ó na húdaráis chustaim náisiúnta i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme. Aon aisíocaíocht a tharla i ndiaidh an rialaithe ón gCúirt Ghinearálta i gCásanna T-30/19 agus T-72/19 Comhlachas Tionscail Rubar na Síne (CRIA) agus Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí & Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí & Ceimiceán na Síne (CCCMC) v An Coimisiún Eorpach, aisghabhfaidh na húdaráis a rinne an aisíocaíocht í, suas leis an méid a leagtar amach in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 1(3).

Airteagal 3

An dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le hAirteagal 1, baileofar í freisin ar allmhairí arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 1(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1175 lena gcuirtear allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchta, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, faoi réir a chláraithe tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun go gcuirfear chun feidhme breithiúnais an 4 Bealtaine 2022 i gcásanna uamtha T-30/19 agus T-72/19, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690.

Airteagal 4

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1175, ar clárú é a aisghairtear leis seo.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Aibreán 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán (AE) 2018/683 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 116, 7.5.2018, lch. 8).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 263, 22.10.2018, lch. 3).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2018 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe, ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/163 (IO L 283, 12.11.2018, lch. 1).

(5)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) an 4 Bealtaine 2022, Comhlachas Tionscail Rubar na Síne (CRIA) agus Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí & Onnmhaireoirí Miotal, Mionraí & Ceimiceán na Síne (CCCMC) v an Coimisiún Eorpach, T-30/19 agus T-72/19, EU:T:2022:226.

(6)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(7)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(8)  Sa rialachán faoi chonspóid, sainaithnítear le cód breise TARIC C333 na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas:

Aeolus Tyre Co., Ltd;

Aeolus Tyre (Taiyuan) Co., Ltd;

Qingdao Yellow Sea Rubber Co., Ltd;

Pirelli Tyre Co., Ltd.

Sannadh cód breise TARIC nua do Aeolus Tyre Co., Ltd leis an Rialachán maidir le clárú dá dtagraítear in aithris (16) thíos

(9)  Sa rialachán faoi chonspóid, déantar Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd a nascadh le cód breise TARIC C999.

(10)  Sa rialachán faoi chonspóid, sainaithnítear le cód breise TARIC C371 na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas:

Shanghai Huayi Group Corp. Ltd

Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd

Sanntar cód breise TARIC nua do Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co. Ltd leis an Rialachán maidir le clárú dá dtagraítear in aithris (16) thíos.

(11)  Cásanna Uamtha 97, 193, 99 agus 215/86 Asteris AE agus eile agus An Phoblacht Heilléanach v An Coimisiún [1988] ECR 2181, míreanna 27 agus 28 agus Cás T-440/20 Jindal Saw v An Coimisiún Eorpach, EU:T:2022:318, mír 115.

(12)  Cás C-415/96 An Spáinn v An Coimisiún, ECR I-6993, mír 31; Cás C-458/98 P Industrie des Poudres Sphériques v An Chomhairle [2000] ECR I-8147, míreanna 80 go 85; Cás T-301/01 Alitalia v An Coimisiún [2008] ECR II-1753, míreanna 99 agus 142; Cásanna Uamtha T-267/08 agus T-279/08 Région Nord-Pas de Calais v An Coimisiún [2011] ECLI:EU:T:2011:209, mír 83.

(13)  Cás C-415/96 An Spáinn v An Coimisiún, ECR I-6993, mír 31; Cás C-458/98 P Industrie des Poudres Sphériques v An Chomhairle [2000] ECR I-8147, míreanna 80 go 85.

(14)  Cás C-256/16 Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg [2018] ECLI:EU:C:2018:187, mír 79; agus cás C-612/16 C & J Clark International Ltd v Coimisinéirí Ioncaim agus Custam na Banríona, breithiúnas an 19 Meitheamh 2019, mír 58.

(15)  Cás T-650/17, Jinan Meide Casting Co., Ltd, ECLI:EU:T:2019:644, míreanna 333–342.

(16)  IO C 263, 8.7.2022, lch. 15.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1175 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2022 lena ndéantar allmhairí aerbhonn áirithe, iad nua nó atráchtaithe, as rubar, de chineál a úsáidtear ar bhusanna nó ar leoraithe agus ag a bhfuil innéacs ualaigh is mó ná 121 de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a chur faoi réir a gcláraithe tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun go gcuirfear breithiúnais an 4 Bealtaine 2022 chun feidhme i gcásanna uamtha T-30/19 agus T-72/19, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1579 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690 (IO L 183, 8.7.2022, lch. 43).

(18)  Bhí GITI Group comhdhéanta de na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas: GITI Tire (an tSín) Investment Co., (Shang-hai); GITI Tire (Anhui) Co., Ltd; (Hefei); GITI Tire (Hualin) Co., Ltd (Hualin); GITI Tire (Fujian) Co., Ltd; GITI Tire (Yinchuan) Co., Ltd agus onnmhaireoir comhlachaithe i Singeapór.

(19)  Bhí Hankook Group comhdhéanta de na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas: Chongqing Hankook Tire Co., Ltd agus Jiangsu Hankook Tire Co., Ltd.

(20)  Bhí Aeolus/Pirelli comhdhéanta de na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas: Aeolus Tyre Co., Ltd; Aeolus Tyre (Taiyuan) Co., Ltd; Qingdao Yellow Sea Rubber Co., Ltd agus Pirelli Tyre Co., Ltd. I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1690, suíodh go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin uile ina gcuid de China National Tire Group. Ina theannta sin, measadh go raibh Pirelli Tyre Co., Ltd ina chuid de China National Tire Group, toisc go raibh baint aige le China National Tire & Rubber Co. Ltd trí scairsheilbh de bhreis agus 5 % le linn na tréimhse imscrúdúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 127(d) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais.

(21)  Breithiúnais an 1 Meitheamh 2022, Jindal Saw agus Jindal Saw Italia v An Coimisiún, T-440/20 agus T-441/20, mír 156.

(22)  Le haghaidh réasúnaíocht chomhchosúil, féach breithiúnas Jindal Saw atá luaite i bhfonóta 18. thuas, mír 158.

(23)  Féach Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg, Cás C-256/16, Breithiúnas na Cúirte an 15 Márta 2018, agus C & J Clark International Ltd v Coimisinéirí Ioncaim agus Custam na Banríona, Cás-612/16, Breithiúnas na Cúirte (Ochtú Dlísheomra) an 19 Meitheamh 2019.

(24)  Féach Printeous vs An Coimisiún, Cás T-95/15, Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Nollaig 2016.

(25)  Cás C-256/16 Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg, mír 62.

(26)  Cás C-256/16 Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg, mír 59.

(27)  Cás C-256/16 Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg, mír 63 agus an cásdlí a luaitear ann.

(28)  Féach míreanna 176, 192, 201-207 den bhreithiúnas. D’fhan an Rialachán faoi chonspóid i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le táirgeoirí onnmhairiúcháin eile nár thug agóid ina aghaidh.

(29)  Féach breithiúnais an 1 Meitheamh 2022, Jindal Saw agus Jindal Saw Italia v An Coimisiún, T-440/20 agus T-441/20, mír 44; agus an 19 Meitheamh 2019, C & J Clark International, C-612/16, nár foilsíodh, EU:C:2019:508, mír 43; an 3 Nollaig 2020, Changmao Biochemical Engineering v Distillerie Bonollo agus Eile, C-461/18 P, EU:C:2020:979, mír 97; agus 9 Meitheamh 2021, Roland v An Coimisiún, T-132/18, nár foilsíodh, EU:T:2021:329, mír 76.

(30)  C-256/16 Deichmann, EU:C:2018:187, míreanna 77 agus 78 agus C-612/16, C & J Clark International Ltd v Coimisinéirí Ioncaim agus Custam na Banríona, breithiúnas an 19 Meitheamh 2019, mír 57.

(31)  Breithiúnais an 1 Meitheamh 2022, Jindal Saw agus Jindal Saw Italia v An Coimisiún, T-440/20 agus T-441/20.

(32)  Chuige sin, féach breithiúnas an 29 Samhain 2018, Bank Tejarat v An Chomhairle, C-248/17 P, EU:C:2018:967, míreanna 80 agus 81 agus an cásdlí a luaitear.

(33)  Breithiúnas T-441/20 atá luaite i bhfonóta 18, míreanna 118-123.

(34)  Breithiúnas atá luaite i bhfonóta 27 thuas, mír 83.

(35)  Breithiúnas atá luaite i bhfonóta 28 thuas, mír 134.

(36)  Féach maidir leis an bpointe sin na breithiúnais atá luaite i bhfonótaí 27-28.

(37)  Breithiúnas luaite i bhfonóta 28 thuas, míreanna 97-103.

(38)  Breithiúnas luaite i bhfonóta 28 thuas, mír 104.

(39)  Cás C-415/96 An Spáinn v An Coimisiún, ECR I-6993, mír 31; Cás C-458/98 P Industrie des Poudres Sphériques v An Chomhairle [2000] ECR I-8147, míreanna 80 go 85; Cás T-301/01 Alitalia v An Coimisiún [2008] ECR II-1753, míreanna 99 agus 142; Cásanna Uamtha T-267/08 agus T-279/08 Région Nord-Pas de Calais v An Coimisiún [2011] ECLI:EU:T:2011:209, mír 83.

(40)  Cás C-507/21 P, Puma agus eile v An Coimisiún EU:C:2022:649, mír 87.

(41)  Féach Deichmann, mír 88.

(42)  Féach Région Nord-Pas-de-Calais v An Coimisiún Eorpach, Cásanna Uamtha T-267/08 agus T-279/08, Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 12 Bealtaine 2011, mír 83.

(43)  Cás T-650/17, Jinan Meide Casting Co., Ltd, EU:T:2019:644, míreanna 333–342.

(44)  Chomhoibrigh Zhongce Rubber Group Co., Ltd san imscrúdú frithdhumpála ach níor chomhoibrigh an chuideachta san imscrúdú frith-fhóirdheontais. Is í sin an t-aon chuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/1690 dá ndéantar difear le neamhniú Rialachán (AE) 2018/1690, ach nach ndéantar difear di le neamhniú an Rialacháin faoi chonspóid. Dá bhrí sin, níor neamhníodh an Rialachán faoi chonspóid le haghaidh na cuideachta sin ach amháin na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/1690 i Rialachán (AE) 2018/1579. Dá bhrí sin, tá Zhongce Rubber Group Co., Ltd fós faoi réir na ndleachtanna a forchuireadh leis an Rialachán faoi chonspóid

(45)  Níor chomhoibrigh an dá chuideachta sin, san imscrúdú frithdhumpála ná san imscrúdú frith-fhóirdheontais. Dá bhrí sin, tá siad faoi réir na dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(46)  Le haghaidh na tréimhse ón 13 Samhain 2018.

(47)  Le haghaidh na tréimhse ón 8 Bealtaine 2018 go dtí an 12 Samhain 2018.

(48)  Féach críochnóta 1 in Aithris 89 chun mionsonraí a fháil maidir le staid na cuideachta sin.

(49)  Níor chomhoibrigh Weifang Yuelong Rubber Co., Ltd ná Hefei Wanli Tire Co., Ltd san imscrúdú frithdhumpála ná san imscrúdú frith-fhóirdheontais. Dá bhrí sin, tá siad faoi réir na dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. San athoscailt atá ann faoi láthair, is infheidhme an dleacht sin maidir leis an dá chuideachta sin agus leo sin amháin.

(50)  Féach T-440/20 Jindal Saw v An Coimisiún Eorpach, EU:T:2022:318, míreanna 134 agus 135 agus breithiúnas a luaitear ann.

(51)  Breithiúnas atá luaite i bhfonóta 51 thuas, míreanna 133-134.

(52)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(53)  Scoireann cód TARIC C333 de bheith ann agus tá C877 infheidhme maidir leis an ngrúpa ar fad.

(54)  Scoireann cód TARIC C333 de bheith ann agus is infheidhme maidir le C877 maidir leis an ngrúpa ar fad.


IARSCRÍBHINN

Cuideachtaí atá ag comhoibriú sna himscrúduithe frith-fhóirdheontais agus frithdhumpála araon agus atá faoi réir an ath-fhorchuir seo:

AINM NA CUIDEACHTA

CÓD BREISE TARIC

Chaoyang Long March Tyre Co., Ltd

C338

Triangle Tyre Co., Ltd

C375

Shandong Wanda Boto Tyre Co., Ltd

C366

Qingdao Doublestar Tire Industrial Co., Ltd

C347

Ningxia Shenzhou Tire Co., Ltd

C345

Guizhou Tyre Co., Ltd

C340

Shandong Huasheng Rubber Co., Ltd

C360

Prinx Chengshan (Shandong) Tire Co., Ltd

C346

Shandong Linglong Tyre Co., Ltd

C363

Shandong Jinyu Tire Co., Ltd

C362

Sailun Group Co., Ltd

C351

Shandong Kaixuan Rubber Co., Ltd

C353

Weifang Shunfuchang Rubber And Plastic Products Co., Ltd

C377

Shandong Hengyu Science & Technology Co., Ltd

C358

Jiangsu General Science Technology Co., Ltd

C341

Shanghai Huayi Group Corp. Ltd; Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd

C878 (1)

Qingdao GRT Rubber Co., Ltd

C350


(1)  Sa rialachán faoi chonspóid, sainaithnítear le cód breise TARIC C371 na táirgeoirí onnmhairiúcháin seo a leanas:

Shanghai Huayi Group Corp. Ltd agus Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd.

Sannadh cód breise TARIC nua do Double Coin Group (Jiang Su) Tyre Co., Ltd sa rialachán maidir le clárú dá dtagraítear in aithris (16) den rialachán seo


Top