EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0720

Rialachán (AE) 2023/720 ón gComhairle an 31 Márta 2023 lena leasaítear Rialacháin áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach

ST/6835/2023/INIT

IO L 94, 3.4.2023, p. 1–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/720/oj

3.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 94/1


RIALACHÁN (AE) 2023/720 ÓN gCOMHAIRLE

an 31 Márta 2023

lena leasaítear Rialacháin áirithe ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha chun forálacha maidir le díolúine dhaonnúil a chur isteach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is féidir leis an Aontas Eorpach bearta sriantacha a fhorchur, lena n-áirítear reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha, in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí ainmnithe. Le Rialacháin ón gComhairle, tugtar éifeacht do na bearta sin.

(2)

An 9 Nollaig 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2664 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”) (2022). Le mír 1 den Rún sin, tugtar isteach díolúine ó na smachtbhannaí i bhfoirm reo sócmhainní arna fhorchur ag an gComhairle Slándála nó ag a Coistí Smachtbhannaí le haghaidh cúnaimh dhaonnúil agus gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine, díolúine is infheidhme maidir le gníomhaithe áirithe. Chun críocha an Rialacháin seo, tugtar an “díolúine dhaonnúil” ar mhír 1 de UNSCR 2664 (2022).

(3)

An 31 Márta 2023, glacadh Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle (1) chun éifeacht a thabhairt do UNSCR 2664 (2022) i ndlí an Aontais.

(4)

Cuirtear i dtábhacht le UNSCR 2664 (2022), i gcás ina bhfuil an díolúine dhaonnúil ag teacht salach ar rúin a bhí ann roimhe sin, go ndéanfaidh an díolúine dhaonnúil na rúin a bhí ann roimhe sin a fhorsuíomh mhéid a bhaineann leis an gcoinbhleacht sin. Mar sin féin, soiléirítear le Rún 2664 (2022) go bhfuil mír 1 de UNSCR 2615 (2021) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe fós i bhfeidhm.

(5)

Iarrtar le UNSCR 2664 (2022) go ndéanfaidh soláthraithe a bhíonn ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnta chun fabhrú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí a íoslaghdú, bíodh sé sin mar thoradh ar sholáthar nó atreorú díreach nó indíreach, chuig daoine aonair nó eintitis a liostaítear faoin Rialachán ábhartha, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí straitéisí agus próisis bainistithe riosca agus díchill chuí na soláthraithe a neartú.

(6)

Ceanglaítear le UNSCR 2664 (2022) go mbeidh feidhm ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní maidir le córas smachtbhannaí 1267/1989/2253 ISIL (Da’esh) agus Al-Qaida ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta glactha UNSCR 2664 (2022), agus luaitear ann go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur le cur i bhfeidhm UNSCR 2664 (2022) roimh an dáta a rachadh cur i bhfeidhm na díolúine sin in éag murach sin.

(7)

Measann an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine dhaonnúil ó na bearta reoite sócmhainní de bhun UNSCR 2664 (2022), freisin i gcásanna ina gcinneann an tAontas bearta comhlántacha a ghlacadh maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo sa bhreis ar na bearta sin arna gcinneadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó a Choistí Smachtbhannaí.

(8)

Tagann na leasuithe faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (CE) Uimh. 881/2002 (2), (CE) Uimh. 1183/2005 (3), (AE) Uimh. 267/2012 (4), (AE) Uimh. 747/2014 (5), (AE) 2015/735 (6), (AE) Uimh. 2016/1686 (7), (AE) Uimh. 2016/44 (8), (AE) Uimh. 2017/1509 ón gComhairle (9) agus Uimh. 2017/1770 (10), agus a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 34, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“10.   ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó go dtacófar le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní XIII, XVI agus XVII, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XV.”

;

(2)

in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 34(10), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt d’aon ghníomhaíocht a thoirmisctear ar shlí eile le Rúin 1718 (2006), 1874 (2009), 2087 (2013), 2094 (2013), 2270 (2016), 2321 (2016), 2356 (2017), 2371 (2017), 2375 (2017) nó 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe má chinneann an Coiste Smachtbhannaí, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil gá leo chun obair eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha a dhéanann gníomhaíochtaí cúnaimh agus fóirithinte in DPDC a éascú chun tairbhe an phobail shibhialtaigh in DPDC nó chun aon chríche eile atá comhsheasmhach le cuspóirí na Rún sin.”

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37:

“Airteagal 37

Gan dochar d’Airteagal 34(10), ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 34(1) agus (3) maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar le ‘Foreign Trade Bank’ nó le ‘Korean National Insurance Company (KNIC)’ iad nó cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chuirtear ar fáil dóibh a mhéid atá na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha sin ceaptha go heisiach chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh in DPDC, nó le haghaidh gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla a dhéanann na Náisiúin Aontaithe, nó a dhéantar i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe.”.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn Ia.”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4b:

“Airteagal 4b

1.   Gan dochar d’Airteagal 2(3), de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, mar shampla, cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis agus bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnuithe as PDC.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi údaruithe a thugtar faoin Airteagal seo laistigh de 4 seachtaine ón údarú.”

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7b:

“Airteagal 7b

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1a, Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2).”.

Airteagal 3

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 23, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn VIII, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn IX.”

(2)

in Airteagal 23a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníómhaithe seo a leanas a thugann an chabhair nó a dhéanann na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XIII, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XIV.”

.

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagail 2a, 2b, 2c, 2d, 3a, 3b, 3c, 3d, 4a, 4b, 5, 10d agus 15a, Airteagal 23(1), Airteagal 23(2), Airteagal 23(3), Airteagal 23(4), Airteagal 23a(1), Airteagal 23a(2), Airteagal 23a(3) agus Airteagal 23a(4).”.

Airteagal 4

In Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1686, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“3.   ‘Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le Iarscríbhinn I”.

Airteagal 5

In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní I agus Ia.”.

Airteagal 6

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/44 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinní II agus VI, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn III.”

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Gan dochar d’Airteagal 5(5), de mhaolú ar Airteagal 5(1) agus (2), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV, údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite ar le daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III iad a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, i gcás ina measann siad gur gá sin chun críoch daonnúil, mar shampla cabhair dhaonnúil a sheachadadh agus an seachadadh sin a éascú, ábhair agus soláthairtí is gá le haghaidh riachtanais bhunúsacha shibhialtacha a sheachadadh, lena n-áirítear bia agus ábhair thalmhaíochta lena tháirgeadh, táirgí leighis agus leictreachas a sholáthar, nó le haghaidh aslonnuithe as an Libia. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi údaruithe a thugtar faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11, mír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 5(5), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát, mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn IV, údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar an gcoinníoll:

(a)

go n-úsáidtear na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha chun críche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:

(i)

riachtanais dhaonnúla;

(ii)

breosla, leictreachas agus uisce le haghaidh úsáidí sibhialtacha amháin;

(iii)

táirgeadh agus díol hidreacarbón sa Libia a atosú;

(iv)

institiúidí um rialtas sibhialtach nó institiúidí um bonneagar poiblí sibhialtach a bhunú, a oibriú nó a neartú; nó,

(v)

atosú oibríochtaí na hearnála baincéireachta a éascú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun tacú le trádáil idirnáisiúnta leis an Libia nó chun í a éascú;

(b)

gur thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choiste Smachtbhannaí go bhfuil sé beartaithe aige rochtain ar chistí nó ar acmhainní eacnamaíocha a údarú, agus nach ndearna an Coiste Smachtbhannaí agóid laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra den sórt sin a fháil;

(c)

gur thug an Ballstát lena mbaineann fógra don Choiste Smachtbhannaí lena chur in iúl nach gcuirfear na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha sin ar fáil d’aon duine, eintiteas ná comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III ná chun tairbhe aon duine, eintitis nó comhlachta den sórt sin;

(d)

go ndeachaigh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle roimh ré le húdaráis na Libia maidir le húsáid na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin; agus

(e)

go ndearna an Ballstát lena mbaineann na fógraí a cuireadh isteach de bhun phointí (b) agus (c) den mhír seo a roinnt le húdaráis na Libia agus ní dhearna údaráis na Libia agóid laistigh de 5 lá oibre in aghaidh scaoileadh na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha sin.”.

Airteagal 7

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/1770 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn Ia.”

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a, mír 1:

“1.   Gan dochar d’Airteagal 2, mír 3, de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2) agus, maidir le duine, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnuithe as Mailí.’

;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

“Airteagal 8

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal (2).”.

Airteagal 8

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2015/735 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I, agus ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn II.”

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 5(1), (2) agus (3).”.

Airteagal 9

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, mar aon lena ngníomhaireachtaí speisialaithe agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA);

(e)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas a luaitear i bpointí (a) go (d) fad agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid atá siad ag gníomhú sna cáileanna sin; nó,

(f)

gníomhaithe iomchuí eile arna gcinneadh ag an gCoiste Smachtbhannaí a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn I.”

;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2, Airteagal 5(1), (2) agus (3).”.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 31 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (IO L 139, 29.5.2002, lch. 9).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (IO L 88, 24.3.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 an 10 Iúil 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 (IO L 203, 11.7.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (IO L 117, 8.5.2015, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (OJ L 255, 21.9.2016, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (IO L 12, 19.1.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (IO L 224, 31.8.2017, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 1).


Top