EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0593

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/593 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré a mhéid a bhaineann le Grúpa Hansol agus lena leasaítear an dleacht iarmharach

C/2023/1682

IO L 79, 17.3.2023, p. 54–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/593/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/54


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/593 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2023

lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré a mhéid a bhaineann le Grúpa Hansol agus lena leasaítear an dleacht iarmharach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) agus Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Tar éis imscrúdú frithdhumpála i gcomhréir le hAirteagal 5 (an “bun-Rialachán”), an 2 Bealtaine 2017 ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme Rialachán (AE) 2017/763 (2) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe (“LWTP”) de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (“an tír lena mbaineann”) isteach san Aontas (“an Rialachán i gceist”). Bhí na bearta i bhfoirm rátaí dleachta seasta: EUR 104,46 in aghaidh an ghlantona do ghrúpa Hansol agus do gach cuideachta eile.

1.1.   Na breithiúnais i gcásanna T-383/17 (3) agus C-260/20 P (4)

(2)

Chuir grúpa Hansol (Hansol Paper Co. Ltd. agus Hansol Artone Paper Co. Ltd.) (“Hansol”) agóid in aghaidh an Rialacháin i gceist os comhair na Cúirte Ginearálta. D’eisigh an Chúirt Ghinearálta breithiúnas uaithi an 2 Aibreán 2020, i gCás T-383/17, lenar neamhníodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 a mhéid a bhain sé le Hansol. An 11 Meitheamh 2020, rinne an Coimisiún achomharc ar an mbreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (Cás C-260/20 P). An 12 Bealtaine 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais don achomharc.

(3)

Chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna an Coimisiún earráid agus an gnáthluach á shuí aige do, ar a laghad, cineál táirge amháin a dhíolann Hansol Artone Paper Co. Ltd. (“Artone”). In éagmais dhíolacháin intíre an chineáil táirge sin, bhí an gnáthluach ríofa ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, le haghaidh Artone ar bhonn chostas táirgthe Artone. Toisc go raibh díolacháin intíre ionadaíocha ag Hansol Paper Co. Ltd. (“Hansol Paper”) sa ghnáthchúrsa trádála i gcás an chineáil táirge sin, chinn an Chúirt Ghinearálta gur cheart don Choimisiún praghas díolacháin intíre an pháirtí sin a úsáid mar ghnáthluach de bhun Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán.

(4)

Chinn an Chúirt Ghinearálta freisin go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach mheasúnúcháin maidir le hualú díolachán ollrollaí san Aontas Eorpach le custaiméirí neamhspleácha i gcomparáid le díolacháin le tiontairí gaolmhara lena dtiontú ina rollaí beaga. Chuir an Coimisiún a leithéid d’ualú i bhfeidhm chun iompar dumpála foriomlán Hansol a léiriú i gceart cé gur deonaíodh do Hansol, arna iarraidh sin dó, díolúine le haghaidh trí chinn dá thiontairí gaolmhara maidir le ceistneoir a chomhlánú. Chinn an Chúirt Ghinearálta, toisc nár chuir an Coimisiún méid áirithe athdhíolachán san áireamh i gcás Schades Nordic, ceann de na trí thiontaire ghaolmhara sin san Aontas, go ndearna an Coimisiún gannmheastachán ar ualú díolacháin ollrollaí Hansol le custaiméirí neamhspleácha, a raibh corrlach dumpála i bhfad níos ísle i gceist leo ná mar a bhí ag a chuid díolachán le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin i bhfoirm rollaí beaga le trádálaithe neamhspleácha. Dá bhrí sin, sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(11) den bhun-Rialachán toisc nár léirigh na ríomhanna a rinne an Coimisiún méid iomlán na dumpála a bhí á chleachtadh ag Hansol.

(5)

Chinn an Chúirt Ghinearálta faoi dheireadh go raibh tionchar ag an earráid ualúcháin sin a shonraítear in aithris (4) ar ríomh an chorrlaigh sladghearrtha agus díobhála, ós rud é gur úsáid an Coimisiún an t-ualú céanna le haghaidh na ríomhanna sin. Chinn sí dá bhrí sin gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 3(2) agus 3(3) den bhun-Rialachán.

(6)

Sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis na torthaí sin (5).

1.2.   Na breithiúnais a chur chun feidhme

(7)

De réir Airteagal 266 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), tá sé de dhualgas ar institiúidí an Aontais na céimeanna is gá a thabhairt chun na breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais a chomhlíonadh. I gcás ina ndéantar gníomh arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais a neamhniú i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin, amhail an t-imscrúdú frithdhumpála sa chás seo, is éard atá i gceist le comhlíonadh an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta gníomh nua a chur in ionad an ghnímh neamhnithe, lena gcuirtear deireadh leis an neamhdhleathacht a shainaithin an Chúirt Ghinearálta (6).

(8)

De réir chásdlí na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais, an nós imeachta maidir le gníomh a chur in ionad gníomh neamhnithe, féadfar atosú air ag an dearbhphointe ar tharla an neamhdhleathacht (7). Tugann sin le tuiscint, go háirithe, i gcás ina ndéantar gníomh lena gcuirtear nós imeachta riaracháin i gcrích a neamhniú, nach gá go ndéanfadh an neamhniú difear do na gníomhartha ullmhúcháin, amhail tionscnamh an nós imeachta frithdhumpála. I gcás ina ndéantar, mar shampla, rialachán lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála cinntitheacha a neamhniú, bíonn an t-imeacht fós oscailte, toisc gurb é an gníomh lena dtugtar an t-imeacht frithdhumpála i gcrích amháin a d’imigh ó dhlíchóras an Aontais (8), ach amháin más ag céim an tionscnaimh a tharla an neamhdhleathacht. Leis an nós imeachta a atosú agus na dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí a rinneadh le linn thréimhse chur i bhfeidhm an rialacháin ar neamhní a ath-fhorchur, ní féidir a mheas go bhfuil sé sin contrártha don riail maidir le neamh-aisghníomhaíocht (9).

(9)

Sa chás seo, chuir an Chúirt Ghinearálta an Rialachán i gceist ar neamhní a mhéid a bhaineann le Hansol ar na forais a luaitear faoi aithrisí (3) go (5).

(10)

Torthaí sa Rialachán i gceist, nár cuireadh ina gcoinne, nó gur cuireadh ina gcoinne ach gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta iad nó nach ndearna an Chúirt Ghinearálta scrúdú orthu, agus dá bhrí sin nár eascair neamhniú an Rialacháin i gceist as, beidh na torthaí sin fós bailí (10).

(11)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-260/20 P, chinn an Coimisiún an t-imscrúdú frithdhumpála a athoscailt go páirteach maidir le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe as ar tháinig glacadh an Rialacháin i gceist agus an t-imscrúdú a atosú ag an bpointe ag ar tharla na neamhrialtachtaí. Foilsíodh Fógra (“an Fógra athoscailte”) an 30 Meitheamh 2022 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (11). Bhí an athoscailt teoranta ina raon feidhme do chur chun feidhme bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i ndáil le Hansol.

(12)

An tráth céanna, chinn an Coimisiún allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Chóiré agus a tháirg Hansol a chur faoi réir a gcláraithe agus d’iarr go bhfanfadh na húdaráis náisiúnta chustaim le foilsiú an Rialacháin Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena ndéanfar na dleachtanna a ath-fhorchur sula ndéanfaidís cinneadh maidir le haon éileamh ar aisíocaíochtaí agus loghadh na ndleachtanna frithdhumpála a mhéid a bhaineann le hallmhairí i ndáil le táirgí Hansol (12) (“an Rialachán maidir le clárú”).

(13)

Chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas i dtaobh na hathoscailte agus d’iarr sé orthu a mbarúil a thabhairt.

2.   BARÚLACHA Ó PHÁIRTITHE LEASMHARA AR AN ATHOSCAILT

(14)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó Hansol agus ón gComhlachas Eorpach um Páipéar Teirmeach (“ETPA”) agus a chomhaltaí.

(15)

Thug Hansol dá aire gur bhraith an Coimisiún sa Rialachán maidir le clárú ar na breithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCásanna T-440/20 agus T-441/20 (“Jindal Saw”) (13) chun a chinneadh gur uirlis é an clárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin in aghaidh allmhairí ó dháta an chláraithe. D’áitigh Hansol nár chríochnaitheach na breithiúnais sin fós agus nach raibh feidhm leo, maidir leis an staid reatha, toisc gur luaigh an Chúirt Ghinearálta i gCás T-383/17 go raibh an rialachán neamhdhleathach cé nár luaigh sí amhlaidh i gCásanna T-440/20 agus T-441/20. D’áitigh sé freisin, in Jindal Saw, go raibh an chuideachta lena mbaineann, Jindal Saw, ar cheann de roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin agus go raibh roinnt tíortha lena mbaineann, ach gurb é Hansol an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa chás faoi chaibidil a bhaineann leis an gCóiré amháin. Ar an mbonn sin, d’áitigh Hansol nach féidir leis an gCoimisiún dá bhrí sin, brath ar bhreithiúnais Jindal Saw chun an dliteanas deiridh maidir le híoc na ndleachtanna frithdhumpála ar allmhairí an táirge lena mbaineann a mhonaraíonn Hansol a bhailiú go cúlghabhálach.

(16)

Maidir leis an bhfíoras go bhféadfaí breithiúnas Jindal Saw a achomharc fós, d’áitigh ETPA go ndéantar leis na breithiúnais seo cásdlí seanbhunaithe a mhacasamhlú. Chuir ETPA i gcoinne freisin na ndifríochtaí a líomhain Hansol idir na breithiúnais in Jindal Saw agus an breithiúnas in T-383/17, mar sa chuid oibríochtúil de na breithiúnais in T- 300/16 agus T-301/16 (na cásanna roimh T-440/20 agus T-441/20 lena gcuirtear na rialacháin bhunaidh in Jindal Saw ar neamhní) mar a tharla in T-383/17, chuir an Chúirt Ghinearálta an rialachán ar cuireadh ina gcoinne ar neamhní ina iomláine, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir. De réir EPTA, ar an bhfíoras gur chuir an breithiúnas an Rialachán i gceist ar neamhní do Hansol amháin ciallaíonn sé freisin, in ainneoin éileamh Hansol, go bhfuil sé fós mar chuid de dhlíchóras an Aontais.

(17)

Ina leith sin, thug an Coimisiún dá aire maidir leis an bhfíoras nach raibh an breithiúnas i gCás T-440/20 críochnaitheach fós nuair a foilsíodh an rialachán maidir le clárú nach gcuirtear in iúl nach féidir clárú sa chás seo. Sa chás sin d’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta cleachtas an Choimisiúin allmhairí a chlárú le linn breithiúnais a chur chun feidhme, ag tacú leis an bhfíoras gur féidir go deimhin leis an gCoimisiún allmhairí a chlárú i gcásanna den sórt sin. Shonraigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil feidhm ghinearálta ag Airteagal 14 den bhun-Rialachán, lena gcumhachtaítear don Choimisiún a cheangal ar údaráis náisiúnta bearta iomchuí a dhéanamh chun allmhairí a chlárú. Go háirithe, luaigh an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil “Airteagal 14(5) den rialachán sin faoi réir aon srianadh maidir leis na himthosca faoina gcumhachtaítear an Coimisiún a cheangal ar na húdaráis náisiúnta chustaim earraí a chlárú”. Luaigh an Chúirt Ghinearálta freisin gur dócha go mbainfí “ceart an Choimisiúin dul i muinín clárúcháin mar pháirt d’imeachtaí le dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur i bhfeidhm an bonn d’éifeachtacht na rialachán as a bhféadfadh ath-fhorchur den sórt sin a eascairt”. Ar aon chuma d’éirigh an breithiúnas chun bheith críochnaitheach idir an dá linn. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(18)

Maidir le héileamh Hansol nach seasann an Rialachán i gceist níos mó toisc gurb é Hansol, ar ina leith ar cuireadh ar neamhní é, an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin lena mbaineann an Rialachán sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an t-éileamh, gan staidéar a dhéanamh ar ábharthacht dlíthiúil an éilimh, mícheart go fíorasach. Go deimhin, ní chiallaíonn an fíoras nár sainaithníodh táirgeoirí eile ó Phoblacht na Cóiré a bhí ag onnmhairiú chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe, go mbaineann Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 le Hansol amháin. Go deimhin, sa Rialachán atá i gceist, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin eile tríd an dleacht iarmharach (14). Thairis sin, an Rialachán ar cuireadh ina choinne, níor chuir an Chúirt Ghinearálta ar neamhní é ach amháin “a mhéid a bhaineann sé le Hansol Paper Co. Ltd.”. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(19)

Thug Hansol imní le fios freisin gur féidir nach dtuigfidh an Coimisiún i gceart conas ceist an ualaithe a cheartú. An céatadán a léirigh athdhíolacháin ollrollaí ag Schades Ltd. sa mhéid díolachán iomlán d’ollrollaí ag Hansol Paper, Artone, agus ag a thrádálaí gaolmhar Hansol Europe lena thrádálaí gaolmhar Schades Ltd., mhaígh Hansol gur cheart, de réir an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta, an céatadán sin a chur i bhfeidhm maidir leis an méid díolachán ollrollaí lena thiontairí gaolmhara (Schades Nordic, Heipa agus R+S) le haghaidh athdhíolachán. Ba cheart an méid dá thoradh sin a chur leis an méid díolachán d’ollrollaí (díreach agus indíreach) a úsáideadh do ríomh an chorrlaigh dumpála agus a asbhaint ón méid díolachán d’ollrollaí le Schades Nordic, Heipa agus R+S do thiontú. Ar an mbonn sin, sholáthraigh Hansol athríomh an ualúcháin idir na díolacháin dhíreacha agus indíreacha d’ollrollaí le custaiméirí neamhspleácha in aghaidh díolachán le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolachán i bhfoirm rollaí beaga le custaiméirí neamhspleácha. Chuir EPTA i dtábhacht le linn an imscrúdaithe, chomh maith le Schades Ltd., gurb é Schades Nordic an t-aon tiontaire atá bainteach le Hansol a d’athdhíol ollrollaí freisin agus nach mbeadh cur chuige den sórt sin ar an gcúis sin amháin dá bhrí sin i gcomhréir leis an bhfianaise a bhí ar fáil don Choimisiún. Chuir sé i dtábhacht freisin, cé gur shainaithin an Chúirt Ghinearálta earráidí áirithe sa chur chuige a ghlac an Coimisiún san imscrúdú bunaidh, nár fhorchuir sé cur chuige le haghaidh ríomh ualúcháin athbhreithnithe agus shoiléirigh sé gur faoin gCoimisiún cinneadh a dhéanamh ar na bearta iomchuí chun comhlíontacht leis an mbreithiúnas a áirithiú.

(20)

Maidir leis an gceist seo, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an modh beartaithe ag Hansol éagsúil go bunúsach leis an modh a d’úsáid an Coimisiún ina ríomh dumpála le haghaidh an Rialacháin i gceist. Sa ríomh sin lena mbunaítear corrlaigh Hansol, rinne an Coimisiún na díolacháin dhíreacha agus indíreacha d’ollrollaí le custaiméirí neamhghaolmhara ina n-iomláine ag grúpa Hansol ina iomláine a chainníochtú, mar a thuairiscítear sna freagraí ceistneora de na heintitis ghrúpa éagsúla ina dtáblaí díolachán. Ar an mbonn sin, bhunaigh an Coimisiún ualach díolachán den sórt sin i gcomparáid le hualach ollrollaí chun iad a thiontú ina rollaí beaga. Tá togra Hansol an sciar ríofa d’athdhíolacháin ollrollaí ag Schades Ltd. i gcomparáid le méideanna díolachán iomlán Schades Ltd a chur i bhfeidhm ar na trí thiontaire ghaolmhara ina modh difriúil go bunúsach agus modh nach bhfuil chomh cruinn céanna, i bhfianaise na méideanna athdhíolachán ollrollaí de na trí thiontaire ghaolmhara nár fhreagair an ceistneoir mar a thuairiscigh Hansol le linn an imeachta.

(21)

Shoiléirigh an Coimisiún a thuilleadh, cé gur chinn an Chúirt Ghinearálta go ndearna an Coimisiún earráid mar nár áirigh sé na méideanna athdhíolachán d’ollrollaí sa ríomh a thuairiscigh Schades Nordic san imeacht (15), ní dhearna sí modh an Choimisiúin a dhícháiliú dá réir sin. Chloígh an Coimisiún go docht, dá bhrí sin, le rialú na Cúirte Ginearálta tríd an modh leis an ualach faoi seach a bhunú a choinneáil gan athrú, seachas gur chuir sé anois na méideanna ollrollaí a díoladh ag Schades Nordic, Heipa agus R+S leis, mar a cheangail an Chúirt Ghinearálta. Rinneadh an ríomh sin a mhíniú a thuilleadh sa nochtadh a bhaineann go sonrach le cuideachta theoranta.

3.   ATHSCRÚDÚ AR NA SAINCHEISTEANNA A SHAINAITHIN AN CHÚIRT GHINEARÁLTA AGUS AR SHEAS AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS LEO.

3.1.   Corrlach dumpála

3.1.1.   Gnáthluach

(22)

Maidir le dhá chineál táirgí a onnmhairíonn Artone chuig an Aontas, rinne an Coimisiún, ina ríomh ar dhumpáil, gnáthluach ríofa in éagmais díolachán intíre ionadaíoch an pháirtí sin. I mír 148 agus míreanna 152-158 den bhreithiúnas i gCás T-383/17 agus míreanna 79 agus 85 den bhreithiúnas i gCás C-260/20 P, chinn Cúirteanna an Aontais, de réir na foclaíochta agus an struchtúir den chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán araon, gurbh é an praghas iarbhír a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála nach mór, mar thosaíocht, a chur san áireamh, chun an gnáthluach a shuí. Mar sin féin, i gcás nach ndíolann an t-onnmhaireoir an táirge comhchosúil intíre, beidh an gnáthluach le suí ar bhonn praghsanna díoltóirí nó táirgeoirí eile mar thosaíocht, agus ní ar bhonn chostais táirgthe na cuideachta lena mbaineann.

(23)

Dhíol an chuideachta ghaolmhar Hansol Paper, go deimhin, ceann den dá chineál táirge dá dtagraítear in aithris (22) ar an margadh intíre i gcainníochtaí ionadaíocha agus i ngnáthchúrsa trádála agus, dá bhrí sin, chinn an Chúirt Ghinearálta gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán i gcomhthéacs ríomh ghnáthluach Artone.

(24)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar ríomh an ghnáthluacha le haghaidh an chineáil táirge sin trí ghnáthluach Hansol Paper le haghaidh an táirge sin a chur in áit ghnáthluach ríofa Artone.

(25)

Ní raibh díolacháin intíre ionadaíocha ach oiread ag Hansol Paper don chineál táirge eile arna onnmhairiú ag Artone a ndearnadh a ghnáthluach a ríomh lena aghaidh. Go deimhin, thit méideanna díolachán intíre Hansol Paper i bhfad faoi bhun na tairsí 5 % d’Airteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, agus de bhun Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, rinneadh gnáthluach an chineáil táirge sin a ríomh freisin le haghaidh Hansol Paper. In éagmais praghsanna díolachán ionadaíoch i ngnáthchúrsa trádála díoltóirí nó táirgeoirí eile sa tír is onnmhaireoir, coinníodh ar bun dá bhrí sin ríomh ghnáthluach Artone don chineál táirge seo.

3.1.2.   Ualú

(26)

San imscrúdú as ar eascair an Rialachán i gceist, bhí freagraí ceistneora faighte ag an gCoimisiún ó Hansol, Artone, Hansol Europe (trádálaí gaolmhar san Aontas) agus Schades UK Ltd., trádálaí/tiontaire gaolmhar lonnaithe san Aontas. D’iarr trí thiontaire lonnaithe san Aontas agus bainteach le Grúpa Hansol, i.e. Schades Nordic, Heipa agus R+S, díolúine i leith na ceistneoirí le haghaidh cuideachtaí bainteach leis an táirgeoir onnmhairiúcháin a chomhlíonadh (Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir). Thiontaigh na páirtithe sin an táirge lena mbaineann chun é a athdhíol, ina rollaí beaga, le custaiméirí neamhspleácha. Ghlac an Coimisiún lena n-iarraidh ar dhíolúine a bhí bunaithe ar éagmais nó ar mhéid teoranta díolachán den táirge lena mbaineann ag na páirtithe sin.

(27)

De réir Airteagal 2(11) den bhun-Rialachán, tá oibleagáid ar an gCoimisiún na hidirbhearta onnmhairiúcháin uile chuig an Aontas a chur san áireamh agus an corrlach dumpála á ríomh. Chun méid suntasach díolachán Ghrúpa Hansol leis na tiontairí gaolmhara a fuair díolúine maidir le ceistneoir a chomhlíonadh a áireamh ina ríomh dumpála, bhí síneadh curtha ag an gCoimisiún le torthaí an ríofa dumpála trí ualú na gcorrlach dumpála arna ríomh ar bhonn na bhfreagraí fíoraithe ceistneora ó Hansol Paper, Artone, Hansol Europe agus Schades UK Ltd. a chur chun feidhme. Chun na críche sin, shann an Coimisiún ualú idir 15 % agus 25 % ar an gcorrlach dumpála a suíodh maidir le díolacháin dhíreacha agus dhíolacháin an táirge lena mbaineann trí chuideachtaí gaolmhara agus ualú idir 75 % agus 85 % ar an gcorrlach dumpála a suíodh maidir le díolacháin le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin mar rollaí beaga le páirtithe neamhghaolmhara (16).

(28)

Chinn an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(11) agus Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Chinn siad go raibh an t-ualú a úsáideadh curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach mar go ndearnadh faillí do mhéid áirithe táirge lena mbaineann a d’athdhíol Schades Nordic. Measadh, dá réir sin, an méid díolachán díreach agus indíreach den táirge lena mbaineann faoina bhun sa ríomh ualúcháin agus dá dhroim sin níor léiríodh méid iomlán na dumpála sna ríomhanna (17).

(29)

I bhfianaise thorthaí chúirteanna an Aontais mar a achoimrítear in aithris (28), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an ríomh ualúcháin. Rinne sé amhlaidh tríd an méid athdhíolachán ollrollaí trí Schades Nordic mar a thuairiscigh Hansol le linn an imscrúdaithe a chur leis an méid díolachán díreach agus indíreach den táirge lena mbaineann a úsáideadh don ríomh sin. Tháinig méadú 0,7 pointe céatadáin dá dhroim sin ar ualach dhíolachán dhíreacha agus indíreacha an táirge lena mbaineann de chuid Hansol i gcomparáid lena dhíolacháin iomlána leis an Aontas, ach tháinig laghdú den chéatadán céanna ar ualach a dhíolachán le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin mar rollaí beaga le páirtithe neamhghaolmhara.

3.1.3.   Corrlach dumpála

(30)

D’athríomh an Coimisiún an corrlach dumpála do Hansol, trí ghnáthluach atá bunaithe ar phraghas díolachán intíre de chineál táirge arna bhaint amach ag Hansol Paper a chur in áit an ghnáthluacha ríofa den chineál táirge sin a dhíol Artone, mar a mhínítear in aithris (24), agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar ualú na gcorrlach dumpála seanbhunaithe don dá chineál díolacháin, mar a mhínítear in aithris (29).

(31)

Ar an mbonn sin, laghdaíodh an meánchorrlach dumpála ualaithe cinntitheach athbhreithnithe de chuid Ghrúpa Hansol, arna shloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ó 10,3 % go 10,2 %.

3.2.   Corrlach sladghearrtha agus measúnú tionchair

(32)

Sa Rialachán atá i gceist, cuireadh an t-ualú céanna i bhfeidhm chomh maith chun corrlach sladghearrtha Hansol a ríomh, ar cuireadh i bhfeidhm é ar na corrlaigh dhumpála do dhíolacháin dhíreacha agus indíreacha an táirge lena mbaineann, ar lámh amháin, agus do dhíolacháin le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin mar rollaí beaga le páirtithe neamhghaolmhara, ar an lámh eile.

(33)

Shuigh Cúirteanna an Aontais go ndearna an earráid, a raibh difear á dhéanamh aici d’ualú na ndíolachán, difear freisin don ríomh maidir le sladghearradh praghsanna agus do mheasúnú tionchair na n-allmhairí dumpáilte ar tháirgí comhchosúla thionscal an Aontais (18).

(34)

I ndáil leis an sladghearradh a ríomh, chuir an Coimisiún breithiúnas na Cúirte Breithiúnais chun feidhme trí na rátaí ualaithe athbhreithnithe a chur i bhfeidhm chomh maith, mar a mhínítear in aithris (29), ar na corrlaigh shladghearrtha do dhíolacháin dhíreacha agus indíreacha an táirge lena mbaineann, ar lámh amháin, agus ar dhíolacháin le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin mar rollaí beaga le páirtithe neamhghaolmhara, ar an lámh eile.

(35)

Bhí meánchorrlach sladghearrtha ualaithe 9,3 %, arna shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar thoradh ar an gcomparáid.

(36)

Bhí 9,4 % mar an corrlach sladghearrtha a suíodh le linn an imscrúdúcháin agus a raibh an rialachán atá i gceist mar thoradh air. I bhfianaise na difríochta neamhábhartha idir an corrlach sin agus an corrlach sladghearrtha athbhreithnithe, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh gá leis an athmheasúnú ar an díobháil nó anailís chúisíochta maidir leis an athrú sin. Dá bhrí sin, dheimhnigh sé na torthaí ina leith mar a achoimrítear i ranna 4 agus 5 den Rialachán lena bhforchuirtear bearta sealadacha (19) agus in aithris (102) den Rialachán atá i gceist.

4.   NOCHTADH

(37)

An 14 Samhain 2022, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na torthaí thuas ar an mbonn go raibh sé beartaithe aige moladh a dhéanamh an dleacht frithdhumpála a ath-fhorchur ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré agus a mhonaraigh Hansol agus an dleacht iarmharach a choigeartú, ar bhonn na bhfíoras arna mbailiú agus arna gcur isteach maidir leis an imscrúdú bunaidh. Tar éis an nochta deiridh, fuarthas barúlacha ó Hansol, ETPA agus Rialtas Phoblacht na Cóiré (“GOK”).

(38)

Chuir GOK a imní in iúl i ndáil leis an mbealach ar chuir an Coimisiún na breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais chun feidhme toisc gur thuig sé nár cheartaigh na ríomhanna dumpála athbhreithnithe na hearráidí a shainaithin an Chúirt ina n-iomláine. Níor shonraigh GOK a thuilleadh, áfach, faoin gcaoi a ndéanfadh an Coimisiún botún.

(39)

Thacaigh ETPA go láidir leis an bplean gníomhaíochta a bhí beartaithe ag an gCoimisiún.

(40)

Mar chuid dá bharúlacha ar an nochtadh, d’áitigh Hansol nár cheartaigh an Coimisiún an botún i ndáil le ríomh an ghnáthluacha. D’áitigh Hansol chomh maith nár cheartaigh an Coimisiún an earráid ualaithe a shainaithin an Chúirt Ghinearálta agus a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais.

4.1.   Gnáthluach

(41)

D’áitigh Hansol gur aontaigh sé leis an bhfíoras gur chuir an Coimisiún na breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais chun feidhme trí úsáid a bhaint as praghas díolachán intíre Hansol Paper do chineál táirge a dhíol an páirtí sin ar an margadh baile i gcainníochtaí ionadaíocha agus sa ghnáthchúrsa trádála (féach aithrisí (23) agus (24)) don chomparáid le praghas onnmhairiúcháin Artone. D’easaontaigh Hansol, áfach, leis an bhfíoras nach ndearna an Coimisiún é sin, mar a mhínítear in aithris (25), do chineál táirge eile nár dhíol Artone ar an margadh baile.

(42)

Mhaígh Hansol gur cheart don Choimisiún, mar sin féin, úsáid a bhaint as praghsanna díolachán Hansol Paper ar an gcineál táirge sin dá dtagraítear anseo feasta mar “cineál táirge X” (tá uimhir iarbhír an chineáil táirge faoi rún). D’áitigh sé gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as praghsanna díolachán páirtithe eile, más infhaighte, “mar thosaíocht”. Ina leith sin, mhaígh sé go raibh díolacháin intíre uile Hansol de chineál táirge X brabúsach agus, mar thoradh air sin, gurbh ionann gnáthluach ríofa Hansol Paper don chineál táirge sin agus gnáthluach atá bunaithe ar phraghsanna díolachán. Nuair is ionann an gnáthluach ríofa agus an praghas díolachán, mhaígh Hansol go raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as praghas díolachán Hansol Paper.

(43)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Ar an gcéad dul síos, shoiléirigh sé gur dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta, de bhun Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán, an chéad fhomhír, i gcás nach ann do dhíolacháin an táirge chomhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, nó i gcás nach leor na díolacháin atá ann, go ndéanfaidh an Coimisiún maolú ar an bprionsabal maidir le praghsanna díolachán a úsáid chun an gnáthluach a shuí agus bunóidh sé an gnáthluach ar bhonn praghsanna díoltóirí nó táirgeoirí eile nó, mura mbeidh siad sin ar fáil, déanfaidh sé an gnáthluach a ríomh ar bhonn an chostais táirgthe. Shonraigh sé, i mír 150 den bhreithiúnas i gCás T-383/17, go gcumhdaíonn easpa díolachán an cás ina bhfuil díolacháin an táirge chomhchosúil sa tír is onnmhaireoir níos lú ná 5 % de mhéid díolachán an táirge lena mbaineann leis an Aontas. Dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta, dá bhrí sin, nach mbainfidh an Coimisiún úsáid as praghsanna díolachán intíre (20) sa chás sin. Sa chás seo, b’ionann méideanna dhíolacháin intíre Hansol Paper de chineál táirge X agus níos lú na 1 % de dhíolacháin an chineáil táirge sin leis an Aontas, a bhí go mór faoi bhun na tairsí 5 % a luaitear in Airteagal 2(2) den bhun-Rialachán, agus, dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún gnáthluach an chineáil táirge sin. Mheabhraigh sé chomh maith nár mhaígh Hansol riamh, le linn an imscrúdúcháin, nár cheart don Choimisiún gnáthluach an chineáil táirge sin a ríomh do Hansol Paper. In éagmais aon táirgeoir comhoibríoch eile, toisc gur ríomh an Coimisiún an gnáthluach de chineál táirge X do Hansol Paper, mar a mhínítear thuas, agus de bharr nach raibh aon phraghas díolachán intíre malartach don chineál táirge sin ar fáil, ríomh an Coimisiún gnáthluach chineál táirge X do Artone.

(44)

Ar an dara dul síos, ní gnáthluach atá bunaithe ar phraghsanna díolachán atá ann díreach toisc gurb ionann an gnáthluach ríofa de chineál táirge áirithe agus an praghas díolachán de. Is gnáthluach ríofa é gnáthluach a bhunaítear faoi Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, chun críche an dumpáil a ríomh, ní féidir an gnáthluach ríofa sin a úsáid do chomparáid le praghsanna onnmhairiúcháin páirtithe eile toisc nach bhfuil aon fhoráil sa bhun-Rialachán leis an méid sin a dhéanamh. Diúltóidh, dá bhrí sin, do mhaíomh Hansol go raibh sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, de bharr na mbreithiúnas ó Chúirteanna an Aontais, praghas díolachán intíre Hansol Paper a úsáid i ríomh dumpála Artone don chineál táirge áirithe sin.

4.2.   Ualú

(45)

D’áitigh Hansol chomh maith nár thuig an Coimisiún i gceart an modh gur cheart dó a ghlacadh chun an earráid ualaithe a cheartú. Rinne sé mír 86 den bhreithiúnas i gCás T-383/17 agus mír 64 den bhreithiúnas i gCás C-260/20 P a agairt chun a mhaíomh gur cheart don Choimisiún cion dhíolacháin Schades UK Ltd. a léiriú gan tiontú i ndíolacháin Hansol lena thrádálaithe gaolmhara eile seachas díreach méid dhíolacháin Schades Nordic a chur go simplí gan tiontú le díolacháin dhíreacha agus indíreacha Hansol le custaiméirí neamhspleácha. Mhaígh Hansol chomh maith dá measfadh an Chúirt Ghinearálta go gceartódh an Coimisiún an earráid ualaithe mar a mhínítear in aithris (29), nach mbeadh sé mar chonclúid, i bhfianaise an tionchair theoranta, go d’fhéadfadh an earráid ualaithe difear a dhéanamh don ríomh maidir le sladghearradh praghsanna agus do mheasúnú tionchair na n-allmhairí dumpáilte ar tháirgí comhchosúla thionscal an Aontais.

(46)

Mar réamhbharúil, tugann maíomh Hansol le fios gur bhain an Coimisiún úsáid as sampláil, i.e. gur chuir sé Airteagal 17(1) den bhun-Rialachán i bhfeidhm nuair a chinn sé ar shonraí Schades UK Ltd. a úsáid chun an corrlach dumpála a ríomh maidir le díolacháin an táirge lena mbaineann le tiontairí gaolmhara. Thug an Coimisiún dá aire gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don mhaíomh céanna i míreanna 63 go 69 den bhreithiúnas i gCás T-383/17. Go deimhin, chinn an Coimisiún ar an gcorrlach dumpála a ríomh ar dhíolacháin Hansol chuig na trí thiontaire ghaolmhara eile ar shonraí an phraghais onnmhairiúcháin ó Schades UK Ltd, toisc gur measadh gurb é sin is fearr chun na figiúirí is cruinne a sholáthar i ndáil le formhór dhíolacháin Ghrúpa Hansol le tiontairí gaolmhara san Aontas le haghaidh athdhíolacháin ina dhiaidh mar rolla beag le custaiméirí neamhghaolmhara (21). Chun críche an ríofa maidir le corrlach dumpála Ghrúpa Hansol, ba é tuairim an Choimisiúin gurb é Schades UK Ltd. an t-aon tiontaire atá gaolmhar le Grúpa Hansol a d’athdhíol an táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha. Mheas Cúirteanna an Aontais go raibh an chonclúid sin mícheart de bharr na fianaise atá ar fáil ar comhad a mhéid a bhaineann le Schades Nordic.

(47)

Go deimhin, thug an Coimisiún dá aire gur thuairiscigh Hansol chuig an gCoimisiún, san imscrúdú bunaidh, gur athdhíol Schades Nordic [170 – 190] tona gan tiontú le custaiméirí neamhspleácha. Thuairiscigh sé chomh maith nach raibh aon athdhíolachán gan tiontú ag an dá thiontaire ghaolmhara eile ar díolmhaíodh iad, Heipa agus R+S (22). Níor sholáthraigh Hansol aon fhianaise maidir le díolacháin rollaí ollmhóra ag Heipa ná R+S. Bhí maíomh Hansol, dá bhrí sin, ag teacht salach ar an bhfaisnéis a sholáthair sé le linn an imscrúdaithe.

(48)

Sa bhreithiúnas i gCás C-260/20 P, luaigh an Chúirt Bhreithiúnais go soiléir nach féidir leis an gCoimisiún faisnéis a sholáthraigh páirtithe leasmhara a eisiamh ar na bhforas amháin gur soláthraíodh í seachas mar fhreagairt ar an gceistneoir frithdhumpála (23). Chomhlíon an Coimisiún an toradh sin, tar éis dó an t-imscrúdú a athoscailt, toisc gur chuir sé san áireamh an fhaisnéis a sholáthraigh Hansol, san imscrúdú, ar dhíolacháin rollaí ollmhóra Schades Nordic, Heipa agus R+S. Toisc gur thuairiscigh Hansol nach raibh aon athdhíolachán ag Heipa ná R+S den táirge lena mbaineann, ní raibh gá le ceartúchán ar bith i ndáil leis na méideanna arna mbunú do na páirtithe sin

(49)

Thairis sin, bhunaigh Hansol a mhaíomh gur cheart don Choimisiún cion dhíolacháin Schades UK Ltd. gan tiontú a chur i bhfeidhm, go háirithe na cinn le trí thrádálaí ghaolmhara eile Hansol, ar an téacs i mír 86 den bhreithiúnas i gCás T-383/17 atá mar seo a leanas: “(…) ba cheart a thabhairt faoi deara gur chinn an Coimisiún ar shonraí Schades (UK Ltd.) a úsáid chun an corrlach dumpála ar na díolacháin a rinne an t-iarratasóir le trí thiontaire ghaolmhara eile a ríomh.(…)”. Chuige sin, rinne sé tagairt chomh maith do ráiteas na Cúirte Breithiúnais i mír 64 den bhreithiúnas i gCás C-260/20 P, mar a leanas: “mar a dhealraítear ó mhíreanna 85 agus 86 den bhreithiúnas faoi achomharc, chinn an Coimisiún ar shonraí Schades (UK Ltd.) a úsáid chun an corrlach dumpála ar dhíolacháin Hansol le trí thiontaire ghaolmhara eile a ríomh. (…) I bhfianaise an fhíorais go raibh a fhios ag an gCoimisiún gur athdhíol Schades (Nordic) méideanna áirithe den táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha gan tiontú, chinn an Chúirt Ghinearálta gur cheart don institiúid é sin a léiriú i ndíolacháin an táirge lena mbaineann le tiontairí gaolmhara eile. (…)”.

(50)

Mheas an Coimisiún go ndearna Hansol míléamh ar na ráitis a rinne Cúirteanna an Aontais. Go deimhin, úsáideadh sonraí Schades UK Ltd. chun an corrlach dumpála ar dhíolacháin Hansol leis na trí thiontaire ghaolmhara eile a ríomh toisc gur cuireadh an corrlach dumpála bunaithe do dhíolacháin Schades UK Ltd. de rollaí ollmhóra arna dtiontú ina rollaí beaga i bhfeidhm ar na méideanna is infheidhme le haghaidh tiontú de thionscnamh Chóiré arna ndíol leis na trí thiontaire ghaolmhara eile sin. Luaigh an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, i mír 64, nach ndearnadh, leis an gcineál ionadaíoch de shonraí Schades UK Ltd., “an ríomh arna bhunú ar na sonraí sin a eisiamh ar bhealach ar bith ó bheith curtha ó bhail ag earráidí, i bhfianaise an chaoi ar teipeadh ar na sonraí ábhartha go léir a chur san áireamh ina leith sin”. I bhfocail eile, shuigh an Chúirt Bhreithiúnais nár thug an úsáid de Schades UK Ltd. mar ionadaí do dhíolacháin Hansol le tiontairí gaolmhara eile le tuiscint gur féidir leis an gCoimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfianaise ar comhad a mhéid a bhaineann le díolacháin rollaí ollmhóra le custaiméirí neamhspleácha a thuairiscigh Schades Nordic. Níor chuir sé de cheangal ar an gCoimisiún an cion céanna de dhíolacháin Schades Ltd gan tiontú a léiriú ná a leathnú i ndíolacháin Hansol lena thiontairí gaolmhara eile. Rachadh sé sin salach ar an bhfianaise iarbhír atá ar comhad, nár chuir Hansol ina haghaidh. Tríd an imscrúdú a athoscailt, agus ní mar a rinneadh roimhe, d’áirigh an Coimisiún go hiomlán méideanna na rollaí ollmhóra arna ndíol le tiontairí gaolmhara Hansol san Aontas a d’athdhíol rollaí ollmhóra gan tiontú.

(51)

Ba i ndáil leis an [170 - 190] tona athdhíolachán den táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha ag Schades Nordic a bhunaigh an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais earráid toisc nár áirigh an Coimisiún na hathdhíolacháin sin, ar thuairiscigh Hansol iad mar chuid den nós imeachta ar mhodhanna eile seachas ceistneoir a fhreagairt. Ceartaíodh sé sin, mar a mhínítear in aithris (29), tríd an méid athdhíolachán rollaí ollmhóra trí Schades Nordic mar a thuairiscigh Hansol le linn an imscrúdaithe a chur leis an méid díolachán díreach agus indíreach den táirge lena mbaineann. Ní raibh gá le haon leasú eile, toisc gur thuairiscigh Hansol nach ndearna na tiontairí Heipa agus R+S aon athdhíolachán den táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha.

(52)

Ar deireadh, dhiúltaigh an Coimisiún don fhíoras go léireofaí nár thuig an Coimisiún na breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais toisc go raibh tionchar beag ag an gceartúchán a rinne an Coimisiún ar an gcorrlach sladghearrtha amháin agus nach raibh aon tionchar aige ar an anailís díobhála agus chúisíochta. Dar leis an mbreithiúnas ón gCúirt Ghinearálta ‘ní féidir é a eisiamh’go bhféadfadh tionchar a bheith ag earráid an Choimisiúin agus ní go raibh tionchar aici ar an anailís díobhála agus chúisíochta (24). Ar an gcaoi chéanna, luaigh an Chúirt Breithiúnais go háirithe i mír 62: “An fíoras go raibh seans ann ar a laghad, i bhfianaise na sonraí sin, gur thug an Coimisiún an-iomarca ualaithe do dhíolacháin arna ndéanamh le tiontairí gaolmhara chun críche tiontú chuig rollaí beaga, agus méadú á chur, dá bharr, ar an dumpáil iarbhír a chleachtaigh Hansol, bhí sé sin leordhóthanach go leor chun iontaofacht agus cineál oibiachtúil mheasúnú an Choimisiúin ar an dumpáil a chleachtaigh Hansol a thabhairt faoi cheist”. Dá bhrí sin, ní léiríonn an fíoras go raibh tionchar beag ag ceartúchán an ualaithe ar an sladghearradh athbhreithnithe aon rud seachas go raibh an earráid ar shainaithin an Chúirt Ghinearálta í neamhábhartha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

5.   LEIBHÉAL NA MBEART

(53)

An earráid a shainaithin an Chúirt Ghinearálta agus ar sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis, earráid maidir le hualú na ndíolachán, rinneadh sí difear chomh maith do ríomh an chorrlaigh díobhála. Chuir an Coimisiún na breithiúnais ó Chúirteanna an Aontais chun feidhme trí na rátaí ualaithe athbhreithnithe a chur i bhfeidhm, mar a mhínítear in aithris (29), ar na corrlaigh díobhála do dhíolacháin dhíreacha agus indíreacha an táirge lena mbaineann chomh maith, ar lámh amháin, agus ar dhíolacháin le tiontairí gaolmhara le haghaidh athdhíolacháin mar rollaí beaga le pháirtithe neamhghaolmhara, ar an lámh eile.

(54)

Bhí corrlach díobhála 36,9 % do Hansol mar thoradh ar an gcomparáid, cé go raibh 37 % mar an corrlach díobhála arna bhunú le linn an imscrúdaithe a chuir tús leis an rialachán atá i gceist (25). Toisc go bhfuil an corrlach dumpála athbhunaithe níos ísle ná an corrlach díobhála, i gcomhréir leis na rialacha infheidhme, ba cheart an ráta dleachta frithdhumpála a shocrú ag leibhéal an ráta dumpála. Is é 10,2 % an ráta dleachta frithdhumpála ar forchuireadh í do Hansol dá réir sin.

(55)

Mheabhraigh an Coimisiún gur forchuireadh an dleacht frithdhumpála mar mhéid seasta in euro in aghaidh an ghlantona. Léiríonn an ráta dleachta cinntithí athbhreithnithe de 10,2 % ráta dleachta seasta de EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona.

(56)

Mheabhraigh an Coimisiún chomh maith go raibh an leibhéal comhair ard sa chás sin toisc gurbh ionann allmhairí Hansol agus na honnmhairí iomlána chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, socraíodh an dleacht frithdhumpála iarmharach ar leibhéal na cuideachta comhoibrithí. Dá dhroim sin, rinneadh athbhreithniú ar an ráta dleachta cinntithí iarmharaí, atá infheidhme maidir leis na cuideachtaí eile go léir, go ráta dleachta seasta de EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona.

(57)

Tá leibhéal athbhreithnithe na dleachta frithdhumpála infheidhme gan aon bhriseadh ama ó tháinig an Rialachán atá i gceist i bhfeidhm (is é sin ón 4 Bealtaine 2017 ar aghaidh). Tugtar treoir d’údaráis chustaim an méid iomchuí a bhailiú maidir le hallmhairí a bhaineann le táirgí Hansol agus aon mhéid iomarcach a bailíodh go dtí seo a aisíoc i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

(58)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é ba cheart a bheith san ús atá le híoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna fhoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

6.   CONCLÚID

(59)

Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an dleacht frithdhumpála chinntitheach a ath-fhorchur ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe a bhfuil meáchan 65 g/m2 nó níos lú iontu; i rollaí atá 20 cm ar leithead nó níos mó, nuair is 50 kg nó níos mó an meáchan (lena n-áirítear an páipéar) atá sa rolla agus nuair is 40 cm nó níos mó an trastomhas (lena n-áirítear an páipéar) atá aige (“ollrollaí”); bíodh bonnbhrat ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh nó ná bíodh; iad brataithe le substaint atá teirmíogair ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; bíodh barrbhrat orthu nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 4809 90 00, ex 4811 90 00, ex 4816 90 00 agus ex 4823 90 85 (cóid TARIC: 4809900010, 4811900010, 4816900010, 4823908520), de thionscnamh Phoblacht na Cóiré ag ráta dleachta seasta EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona.

(60)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe a bhfuil meáchan 65 g/m2 nó níos lú iontu; i rollaí atá 20 cm ar leithead nó níos mó, nuair is 50 kg nó níos mó an meáchan (lena n-áirítear an páipéar) atá sa rolla agus nuair is 40 cm nó níos mó an trastomhas (lena n-áirítear an páipéar) atá aige (“ollrollaí”); bíodh bonnbhrat ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh nó ná bíodh; iad brataithe le substaint atá teirmíogair ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh; bíodh barrbhrat orthu nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 4809 90 00, ex 4811 90 00, ex 4816 90 00 agus ex 4823 90 85 (cóid TARIC: 4809900010, 4811900010, 4816900010, 4823908520), de thionscnamh Phoblacht na Cóiré, ón 4 Bealtaine 2017 ar aghaidh.

2.   Méid seasta EUR 103,16 in aghaidh an ghlantona a bheidh i ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1.

3.   Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 2

1.   Aon dleacht frithdhumpála chinntitheach, a mhéid a bhaineann le táirgí Hansol, arna n-íoc de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 sa bhreis ar an dleacht frithdhumpála chinntitheach a leagtar síos in Airteagal 1, déanfar í a aisíoc nó a loghadh.

2.   Ba cheart an aisíocaíocht nó an loghadh a iarraidh ó na húdaráis náisiúnta chustaim i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme. Aon aisíocaíocht a rinneadh tar éis rialú na Cúirte Breithiúnais i gCás C-260/20 P Hansol Paper, na húdaráis a rinne an aisíocaíocht, déanfaidh siad í a aisghabháil, suas leis an méid a leagtar amach in Airteagal 1(2).

Airteagal 3

An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1, déanfar í a bhailiú freisin ar allmhairí a chláraítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1041 maidir le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Chóiré a chur faoi réir a gcláraithe tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun go gcuirfear chun feidhme breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 02 Aibreán 2020 i gCás T-383/17, mar a sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis i gcás C-260/20 P, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763.

Airteagal 4

Ordaítear do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí, rud a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1041, a aisghairtear leis seo.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/763 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré (IO L 114, 3.5.2017, lch. 3).

(3)  ECLI:EU:T:2020:139.

(4)  ECLI:EU:C:2022:370.

(5)  Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid faoin dlí agus í ag meas gur chinn an Coimisiún go mícheart costais díola, riaracháin agus ghinearálta agus corrlach brabúis a asbhaint le haghaidh athdhíolacháin an táirge lena mbaineann ag Schades le custaiméirí neamhspleácha, chun críche praghas onnmhairiúcháin an táirge sin a shuí i gcomhthéacs chinneadh na díobhála.

(6)  Cásanna Uamtha 97, 193, 99 agus 215/86 Asteris AE agus eile agus an Phoblacht Heilléanach v an Coimisiún [1988] ECR 2181, míreanna 27 agus 28; Cás T-440/20, Jindal Saw v an Coimisiún Eorpach [2022] EU:T:2022:318, míreanna 77-81.

(7)  Cás C-415/96 An Spáinn v an Coimisiún, ECR I-6993, mír 31; Cás C-458/98 P Industrie des Poudres Sphériques v an Chomhairle [2000] ECR I-8147, míreanna 80 go 85; Cás T-301/01 Alitalia v an Coimisiún [2008] ECR II-1753, míreanna 99 agus 142; Cásanna Uamtha T-267/08 agus T-279/08 Région Nord-Pas de Calais v an Coimisiún [2011] ECLI:EU:T:2011:209, mír 83.

(8)  Cás C-415/96 An Spáinn v an Coimisiún, ECR I-6993, mír 31; Cás C-458/98 P Industrie des Poudres Sphériques v an Chomhairle [2000] ECR I-8147, míreanna 80 go 85.

(9)  Cásanna C-256/16 Deichmann SE v Hauptzollamt Duisburg [2018] ECLI:EU:C:2018:187, mír 79; C-612/16, C & J Clark International Ltd v Commissioners for Her Majesty’s Revenue & Customs [2019] ECLI:EU:C:2019:508, mír 58; agus cás T-440/20 Jindal Saw v an Coimisiún Eorpach [2022] EU:T:2022:318, mír 59.

(10)  Cás T-650/17, Jinan Meide Casting Co. Ltd [2019] ECLI:EU:T:2019:644, míreanna. 333–342.

(11)  Fógra maidir le hathoscailt an imscrúdaithe frithdhumpála i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear ar bhealach cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Cóiré tar éis bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Aibreán 2020 i gCás T-383/17, mar a sheas an Chúirt Bhreithiúnais i gcás C-260/20 P (IO C 248, 30.6.2022, lch. 152).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1041 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2022 maidir le hallmhairí páipéir theirmigh éadroim áirithe de thionscnamh Phoblacht na Chóiré a chur faoi réir a gcláraithe tar éis athoscailt an imscrúdaithe chun go gcuirfear chun feidhme breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 2 Aibreán 2020 i gCás T-383/17, mar a sheas an Chúirt Bhreithiúnais leis i gcás C-260/20 P, maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 ón gCoimisiún (IO L 173, 30.6.2022, lch. 64).

(13)  Cás T-440/20, Jindal Saw v an Coimisiún Eorpach [2022] EU:T:2022:318, míreanna 154 – 159.

(14)  Rialachán 2017/763, aithrisí (129) agus (133).

(15)  Míreanna 86 agus 87 de bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcás T-383/17, míreanna 62 - 64 de bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-260/20 P.

(16)  (IO L 310, 17.11.2016 lch. 1, aithrisí (45) agus (46).

(17)  Cás T-383/17, míreanna 83 go 87 agus 92; agus Cás C-260/20 P, mír 63.

(18)  Cás T-383/17, míreanna 211 agus 212; agus Cás C-260/20 P, mír 112.

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2005.

(20)  Cás T-383/17, míreanna 150 agus 152.

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763 aithris (32).

(22)  Ríomhphost Hansol arna chur isteach an 19 Feabhra 2016, uimhir Sherlock t16.002026.

(23)  Cás C-260/20 P, míreanna 50 go 53.

(24)  Cás T-383/17, mír 212.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/763, aithris (126)

(26)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Top