This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0582
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/582 of 9 March 2023 entering a name in the register of traditional specialities guaranteed (‘Суджук Търновски / Sudzhuk Tarnovski’ / ‘Търновски Суджук / Tarnovski Sudzhuk’ (TSG))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/582 ón gCoimisiún an 9 Márta 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (“Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski”/“Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” (STR))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/582 ón gCoimisiún an 9 Márta 2023 lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (“Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski”/“Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” (STR))
C/2023/1722
IO L 77, 16.3.2023, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 77/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/582 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Márta 2023
lena gcláraítear ainm i gclár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (“Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski”/“Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” (STR))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Bhulgáir ar chlárú an ainm “Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski/Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski/Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Суджук Търновски/Sudzhuk Tarnovski/Търновски Суджук/Tarnovski Sudzhuk” cláraithe.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.2. atá faoi Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Márta 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 458, 1.12.2022, lch. 27.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).