Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0507

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/507 ón gCoimisiún an 7 Márta 2023 lena socraítear na dleachtanna allmhairiúcháin le haghaidh cineálacha áirithe ríse scilligthe ón 8 Márta 2023

    C/2023/1658

    IO L 70, 8.3.2023, p. 47–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 06/09/2023; Arna aisghairm le 32023R1701

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/507/oj

    8.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 70/47


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/507 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Márta 2023

    lena socraítear na dleachtanna allmhairiúcháin le haghaidh cineálacha áirithe ríse scilligthe ón 8 Márta 2023

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus, go háirithe Airteagal 183, an chéad fhomhír, pointe (a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leis an gcomhaontú i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a mhéid a bhaineann le modh ríofa na ndleachtanna a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an rís scilligthe, arna fhormheas le Cinneadh 2005/476/CE ón gComhairle (2), leagtar síos modh ríomha le haghaidh na ndleachtanna a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí ríse scilligthe.

    (2)

    Ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis inniúla isteach, tugann an Coimisiún dá aire gur eisíodh ceadúnais allmhairiúcháin le haghaidh rís scilligthe atá faoin gcód NC 1006 20, cé is moite de cheadúnais allmhairiúcháin le haghaidh na ríse Basmati, maidir leis an gcainníocht 188 232 tona i gcomhair na tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 28 Feabhra 2023. Dá bhrí sin, ba cheart coigeartú a dhéanamh ar an dleacht allmhairiúcháin le haghaidh na ríse scilligthe atá faoin gcód NC 1006 20, cé is moite den rís Basmati, ar dleacht í a shocraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1481 ón gCoimisiún (3).

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1481 a aisghairm.

    (4)

    Ní mór an dleacht is infheidhme a shocrú laistigh de dheich lá tar éis dheireadh na tréimhse thuasluaite. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm gan mhoill,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é EUR 30 in aghaidh an tona an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir leis an rís scilligthe atá faoin gcód NC 1006 20, cé is moite de na cineálacha ríse scilligthe Basmati a luaitear sa chéad Airteagal de Rialachán (CE) Uimh. 972/2006 ón gCoimisiún (4).

    Airteagal 2

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1481.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2023.

    Thar ceann an Choimisiún,

    Ar son an Uachtaráin,

    Wolfgang BURTSCHER

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Cinneadh 2005/476/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2005 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe i bhfoirm Malartaithe Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a mhéid a bhaineann le modh ríofa na ndleachtanna a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an rís scilligthe, agus lena leasaítear Cinntí 2004/617/CE, 2004/618/CE agus 2004/619/CE (IO L 170, 1.7.2005, lch. 67).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1481 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena socraítear na dleachtanna allmhairiúcháin le haghaidh cineálacha áirithe ríse scilligthe ón 8 Meán Fómhair 2022 (IO L 233, 8.9.2022, lch. 48).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 972/2006 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2006 lena leagtar síos na rialacha speisialta is infheidhme maidir le hallmhairiú rís Basmati agus córas rialaithe idirthréimhseach chun tionscnamh na ríse a shocrú (IO L 176, 30.6.2006, lch. 53).


    Top