This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32023R0467
Commission Implementing Regulation (EU) 2023/467 of 3 March 2023 approving non-minor amendments to the specification for a name entered in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Prosciutto di San Daniele’ (PDO))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/467 ón gCoimisiún an 3 Márta 2023 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Prosciutto di San Daniele” (STFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/467 ón gCoimisiún an 3 Márta 2023 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Prosciutto di San Daniele” (STFC))
C/2023/1400
IO L 68, 6.3.2023, p. 94–95
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 68/94 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/467 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Márta 2023
lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht le haghaidh ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Prosciutto di San Daniele” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasuithe ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Prosciutto di San Danielle” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2). |
(2) |
Ós rud é gur leasuithe nach mion atá sna leasuithe i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin. |
(3) |
An 21 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra freasúra agus an ráiteas freasúra réasúnaithe lena mbaineann ó dhuine dlítheanach atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. |
(4) |
Líomhain an freasúróir go raibh na leasuithe contrártha d’Airteagal 5(1) agus d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é gur thug siad srianta iomarcacha gan údar ar amhábhair isteach agus go gcaithfí go míchothrom leis na hoibreoirí chun tairbhe tháirgeoirí na hIodáile dá ndéanfaí iad a fhormheas. Measadh go raibh an freasúra inghlactha. Dá bhrí sin, i litir dar dáta an 24 Lúnasa 2022, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil agus ar an bhfreasúróir dul i mbun comhairliúcháin iomchuí chun comhaontú a lorg. |
(5) |
Tar éis na gcomhairliúchán, thángthas ar chomhaontú idir an Iodáil agus an freasúróir, rud a cuireadh in iúl don Choimisiún i litir dar dáta an 21 Samhain 2022. Dá thoradh sin, tharraing an freasúróir a fhreasúra siar agus d’aontaigh sé nach raibh gá le haon athrú ar na leasuithe a beartaíodh ar shonraíocht táirge an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Prosciutto di San Daniele”. |
(6) |
An 23 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra freasúra ón Ísiltír, ar leanadh é le ráiteas freasúra réasúnaithe a seoladh an 25 Lúnasa 2022. I gcomhréir le hAirteagal 51(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ní mór fógra freasúra a leanúint laistigh de 2 mhí le ráiteas freasúra réasúnaithe. Sa chás seo, níor seoladh an ráiteas freasúra réasúnaithe ón Ísiltír laistigh den sprioc-am a leagadh síos. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil an freasúra ón Ísiltír do-ghlactha. |
(7) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún gur cheart na leasuithe ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ‘Prosciutto di San Daniele’ a fhormheas, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm ‘Prosciutto di San Daniele’ (STFC), is leasuithe iad atá formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2023
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.